AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.12.2021
COM(2021) 777 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Eoraip níos uilechuimsithí agus níos cosantaí: liosta choireanna an Aontais Eorpaigh a leathnú chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chur san áireamh ann
‘Fuath is ea fuath - agus níor cheart d’aon duine cur suas leis’
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Aitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh, Meán Fómhair 2020
1.Réamhrá
San aitheasc a thug Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen ar Staid an Aontais Eorpaigh in 2020, leag sí béim ar leochaileacht an dul chun cinn sa chomhrac in aghaidh an chiníochais agus an fhuatha, agus dúirt gur anois an uair chun athrú a dhéanamh agus Aontas a chruthú nach ndéanann cáineadh amháin, ach a dhéanann bearta freisin. D’fhógair sí go molfadh an Coimisiún ‘go leathnófar liosta choireanna an Aontais Eorpaigh chuig gach cineál coire fuatha agus fuathchainte – bíodh sin mar gheall ar chine, reiligiún, inscne nó gnéasacht.’
An comhrac in aghaidh na fuathchainte agus na coireachta fuatha, is cuid é de ghníomhaíocht an Choimisiúin chun croíluachanna an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn agus chun a áirithiú go n‑urramófar Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Tá gach foirm agus gach nochtadh den fhuath agus den éadulaingt ar neamhréir le luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n‑áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, luachanna a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe orthu. Na luachanna sin, a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’), is comhluachanna ag Ballstáit iad i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t‑iolrachas, an neamh‑idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.
Go deimhin, toirmisctear aon fhoirm idirdhealaithe, bíodh sí sin bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, mar a leagtar síos le hAirteagal 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’). San am céanna, tá an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh ar cholúin na sochaí daonlathaí iolraíche agus ní mór í a chosaint go tréan. Thairis sin, mar a leagtar amach le hAirteagal 67 CFAE, ní mór don Aontas Eorpach a bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina n‑urramófar ceart bunúsach. Ní mór dó ardleibhéal slándála a áirithiú, trí bhearta, chun an choireacht, an ciníochas agus an tseineafóibe a chosc agus a chomhrac.
Is cúis fulaingthe iad an fhuathchaint agus an choireacht fuatha dá n‑íospartaigh aonair agus dá bpobail siúd, é sin agus srianadh ar a gcearta agus ar a saoirsí bunúsacha, agus ní hiadsan amháin a bhíonn thíos leo ach an tsochaí trí chéile freisin. Baineann an fhuath an dúshraith féin dár sochaí. Lagaíonn sé an chomhthuiscint agus an meas ar an éagsúlacht is bunús do shochaithe iolraíocha daonlathacha.
Le blianta anuas, tá ardú géar tagtha ar mhéid na fuathchainte agus na coireachta fuatha san Eoraip. Táthar ag déanamh gnáthrud den fhuath, agus is spriocanna iad daoine aonair agus grúpaí daoine a bhfuil - nó a bhfeictear go bhfuil - ‘saintréith choiteann’ acu, amhail an cine, an eitneacht, an teanga, an náisiúntacht, an aois, an gnéas, an claonadh gnéasach, an fhéiniúlacht inscne, léiriú na hinscne, na saintréithe gnéis, nó aon saintréith bhunúsach eile, nó comhcheangal de na saintréithe sin. Is iondúil go mbíonn na saintréithe sin inairithe ag daoine eile, agus is fusa mar sin do chiontóirí spriocanna a dhéanamh díobh; baineann siad le gné d’fhéiniúlacht an duine atá do-athraithe nó atá bunúsach dá thuiscint ar a nádúr féin; agus san am céanna is comhartha féiniúlachta grúpa iad.
De réir mar atá méadú tagtha ar úsáid an idirlín agus na meán sóisialta le blianta anuas, tá tuilleadh fuathchainte á cur ar líne freisin. Éascaítear scaipeadh gasta na fuathchainte tríd an bhfriotal digiteach de thairbhe na héifeachta dí‑urchoillte ar líne, nó laghdaíonn toimhde na hanaithnideachta ar líne, agus mothúchán na saoirse ó phionós, an leisce a bheadh ar dhaoine cionta den chineál sin a dhéanamh. Ag an am céanna, tá tuilleadh úsáide á baint as na mothúcháin agus na leochaileachtaí chun ráitis agus ionsaithe ciníocha agus seineafóibeacha a scaipeadh, é sin sa díospóireacht phoiblí agus ar mhaithe le brabús polaitiúil freisin, agus tugtar poiblíocht bhreise don mhéid sin, ina lán cásanna, trí na meáin shóisialta. Scaipeadh an fhuatha i measc pobal a d’fhéadfadh a bheith leochaileach, tá sé le tabhairt faoi deara ar fud raon leathan den antoisceachas foréigneach, idir jiohádaigh, an eite dheis, agus an eite chlé. Tá sé seo ag cur le polarú sa tsochaí agus, dá réir sin, le méadú ar líon na fuathchainte, go háirithe in aghaidh na ngrúpaí imeallaithe.
Chuir an ghéarchéim sláinte poiblí de dheasca COVID-19 le mothúcháin na neamhshábháilteachta, na scoiteachta agus na heagla, rud a chruthaigh atmaisféar ina bhfuil an fhuathchaint faoi rath. Bhain gluaiseachtaí idé-eolaíocha antoisceacha éagsúla feidhm as an bpaindéim féin chun díriú ar phobail áirithe (ar fhorais éagsúla, lena n‑áirítear an náisiúntacht, an reiligiún, an cine, an gnéas, an claonadh gnéasach, an dath agus fiú an aois), rud ba chúis le coireanna fuatha freisin.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leathnú a mholadh ar liosta choireanna an Aontais Eorpach chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chuimsiú. Níl áit ann don fhuath san Aontas Eorpach. Ba cheart dul i ngleic leis ar gach bealach is féidir, agus dá réir sin leis an dlí coiriúil.
2.Comhthéacs an tionscnaimh
Leagtar síos le hAirteagal 83(1) CFAE liosta uileghabhálach de réimsí na coireachta dá bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rialacha íosta a bhunú maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú a bheidh infheidhme i mBallstáit uile an Aontais Eorpaigh. Foráiltear leis fós go bhféadfaidh an Chomhairle, de réir mar a tharlaíonn forbairtí sa choireacht, cinneadh a ghlacadh lena sainaithneofar réimsí eile coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo mar gheall ar nádúr na gcionta sin nó mar gheall ar an tionchar a bhíonn acu nó toisc go bhfuil gá faoi leith ann iad a chomhrac ar bhonn comhchoiteann.
Má ghlacann an Chomhairle cinneadh den chineál sin, is é a bheadh ann an chéad chéim ionsar cruthú an bhoinn dlí is gá le haghaidh creat dlí coiteann a ghlacadh, i gcéim eile tar éis sin, chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac ar fud an Aontais Eorpaigh. Chomhlánódh reachtaíocht den chineál sin amach anseo an dlí AE atá i bhfeidhm faoi láthair, lena gceanglaítear coireanna a dhéanamh den fhuathchaint agus den choireacht fuatha atá bunaithe ar an gcine, ar an dath, ar an reiligiún, ar an sliocht nó ar an tionscnamh náisiúnta nó eitneach (féach Roinn 2.2), agus chuimseodh sí forais shonracha eile.
Rinneadh obair ullmhúcháin láidir i dtaca leis an tionscnamh seo, lena n‑áirítear staidéar seachtrach, comhairliúchán fairsing ón gCoimisiún, maille le líon mór tuarascálacha agus staidéar a bhí ar fáil.
2.1.An comhthéacs institiúideach
Tá an Coimisiún ag cur an tionscnaimh seo i láthair ar bhonn Airteagal 17(1) CAE agus de réir an nós imeachta dhá chéim dá bhforáiltear le hAirteagal 83(1) CFAE:
Is é atá sa chéad chéim go nglacfaidh an Chomhairle, d’aon toil, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, cinneadh lena sainaithneofar an fhuathchaint agus an choireacht fuatha mar réimse eile coireachta a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 83(1) CFAE. Lena leithéid de chinneadh leathnófar liosta na réimsí coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chuimsiú mar choir AE. Dá bhrí sin, soláthrófar leis sin bunús dlí ar a bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rialacha íosta a bhunú, trí bhíthin treoracha, maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú sa réimse coireachta seo.
Mar dhara céim, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go nglacfaí treoracha lena leagfaí síos rialacha íosta maidir le sainmhínithe na fuathchainte agus na coireachta fuatha agus maidir leis na pionóis a ghearrfaí i ngeall orthu, treoracha a ghlacfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.
Baineann an tionscnamh seo leis an gcéad chéim agus tá sé gan dochar do na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh in aon dara céim. Go háirithe, ní thagann sé roimh raon feidhme ná roimh ábhar na reachtaíochta tánaistí a bheadh le moladh tar éis sin agus ní tuar orthu é. Ar an gcaoi chéanna, déanann glacadh na dtreoracha de réir mar a luaitear thuas difear do na cearta bunúsacha atá cosanta leis an gCairt, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh go háirithe, lena n‑áirítear saoirse an phreasa agus saoirse na meán.
Nuair a bheidh cinneadh glactha ag an gComhairle, bainfidh an Coimisiún feidhm as a cheart tionscnaimh i gcomhréir leis na ceanglais maidir le Rialáil Níos Fearr. Déanfaidh an Coimisiún measúnú tionchair chun measúnú mionchúiseach a dhéanamh ar na roghanna éagsúla maidir le sainmhíniú na gcionta coiriúla agus na bpionós, maille leis an tionchar a bheadh acu ar chearta bunúsacha, agus go háirithe ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar shaoirse an phreasa agus ar shaoirse na meán, ar bunús tréan iad do shochaí dhaonlathach.
Chun sainiú beacht a dhéanamh ar raon feidhme agus ábhar na rialacha a d’fhéadfaí a mholadh, tabharfaidh an Coimisiún aird faoi leith do na forbairtí maidir leis an bhfuathchaint agus leis an gcoireacht fuatha, i bhfianaise na sonraí agus na dtreochtaí is deireanaí. Beidh feidhm faoi leith ag an measúnú mionchúiseach sin ar na forbairtí agus na treochtaí sa tsochaí chun na heilimintí a chinneadh a chomhdhéanfaidh na cionta coiriúla a bheidh ann. Áireofar ar an méid sin sainmhíniú a thabhairt ar na cineálacha sonracha fuathchainte agus coireachta fuatha a ndéanfar coir díobh, trí thagairt a dhéanamh do na saintréithe cosanta a bhaineann leis na daoine nó leis na grúpaí a ndírítear orthu mar sprioc.
Agus an reachtaíocht thánaisteach sin á hullmhú ag an gCoimisiún, rachaidh sé i mbun comhairliúchán leis na Ballstáit agus le Parlaimint na hEorpa agus ar ábhair an chomhairliúcháin sin beidh gnéithe sonracha na gcreataí reachtacha náisiúnta a bhaineann leis an dlí coiriúil agus leis na cearta bunúsacha. Rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán leathan freisin le gach páirtí leasmhar ábhartha agus beidh dlúthbhaint ag Parlaimint na hEorpa leis an bpróiseas sin.
2.2.An comhrac in aghaidh na fuathchainte agus na coireachta fuatha ina thosaíocht ag an Aontas Eorpach
Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, tá creat ann cheana féin le haghaidh freagairt choiteann láidir ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha chiníoch agus sheineafóbach de thairbhe Chinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil (‘an Cinneadh Réime’). Is é is aidhm don Chinneadh Réime a áirithiú go mbeidh léirithe tromchúiseacha ciníochais agus seineafóibe inphionóis ar fud an Aontais Eorpaigh le pionóis choiriúla a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuireann sé de cheangal ar na Ballstáit an fhuathchaint, i.e. gríosú poiblí chun foréigin nó chun fuatha ar fhorais an chine, an datha, an reiligiúin, an tsleachta nó an tionscnaimh náisiúnta nó eitnigh, a choiriúlú. Cuireann sé de cheangal freisin ar na Ballstáit a áirithiú, i gcás cionta nach fuathchaint iad, go measfar gur imthoisc ghéaraitheach tucaid chiníoch agus seineafóibeach den chineál sin, nó mar mhalairt air sin go bhféadfar tucaid den chineál sin a chur san áireamh agus na pionóis á gcinneadh.
Tacaíonn an Coimisiún le hiarrachtaí na mBallstát an Cinneadh Réime a chur chun feidhm go héifeachtach trí obair an Ghrúpa Ardleibhéil um chiníochas, seineafóibe agus cineálacha eile éadulaingthe a chomhrac, obair a bhfuil d’aidhm aici oiliúint agus fothú acmhainneachta a fhorbairt le haghaidh na n‑údarás forfheidhmithe dlí, feabhas a chur ar thaifeadadh na coireachta fuatha agus ar bhailiú na sonraí fúithi, agus na híospartaigh a spreagadh chun coireanna fuatha a thuairisciú.
Tá an tionscnamh seo ina chuid de shraith fhairsing de bhearta ón Aontas Eorpach chun an fhuathchaint neamhdhleathach agus na hidé-eolaíochtaí antoisceacha foréigneacha agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac ar líne, lena n‑airítear an Cód Iompair AE maidir le fuathchaint neamhdhleathach ar líne a chomhrac, an Rialachán maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, agus Fóram Idirlín an Aontais Eorpaigh.
Ceanglaítear ar na Ballstáit leis an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc
a áirithiú go ndéanann na hardáin chomhroinnte físeán bearta éifeachtacha ní hamháin in aghaidh scaipeadh aon ábhair a sháraíonn an Cinneadh Réime, ach freisin in aghaidh fuathchaint atá bunaithe ar aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt. Thairis sin, leagtar amach le tionscnamh an Choimisiúin maidir le hIonstraim um Sheirbhísí Digiteacha athchóiriú cuimsitheach chun sábháilteacht na n‑úsáideoirí ar líne a áirithiú trí oibleagáidí aghaidh a thabhairt ar an ábhar neamhdhleathach agus ar na rioscaí sistéamacha. Maille leis sin, is é is aidhm don straitéis Eorpach um Idirlín níos fearr do leanaí a thabhairt cothrom le dáta, rud a dhéanfar in 2022 , na leanaí a chosaint ar bhagairtí ar líne, lena n‑áirítear an chibearbhulaíocht agus an fhuathchaint.
Tacóidh an tionscnamh seo le plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025 agus leis an straitéis maidir le frithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú san Aontas Eorpach. Comhlánóidh an tionscnamh, freisin, tionscnaimh eile a raibh sé d’aidhm acu le deireanas an comhionannas agus an meas ar an éagsúlacht a chur chun cinn, mar shampla an straitéis um chomhionannas LGBTIQ 2020-2025. Chuir na tionscnaimh dheireanacha sin i dtábhacht gur gá freagairt láidir a áirithiú sa dlí coiriúil ar leibhéal an Aontais ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha ar fhorais seachas an ciníochas agus an tseineafóibe, agus go háirithe ar fhorais an ghnéis, an chlaonta ghnéasaigh, na haoise agus an mhíchumais.
Leagtar amach leis an straitéis nua maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025 gníomhaíochtaí maidir leis an gcomhrac in aghaidh an fhoréigin inscne ar mhná agus ar chailíní, lena n‑áirítear an gá le cineálacha sonracha foréigin inscne a choiriúlú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Comhlánóidh an tionscnamh seo an togra atá beartaithe maidir le treoir chun an foréigean ar mhná agus an foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac. Cé gur saintréith den fhuathchaint agus den choireacht fuatha é fuath foluiteach ar ghrúpa daoine, lena n‑áirítear laofacht inscne shuntasach agus fuath ar na mná, coiriúlófar leis an treoir atá beartaithe, agus laistigh de theorainneacha inniúlacht an Aontais, cineálacha sonracha foréigin faoi leith nach gá eilimint fuatha, ná go háirithe fuath ar dhuine aonair mar bhall de ghrúpa daoine, a bheith i gceist leo. Dá bhrí sin, an tionscnamh seo maidir le liosta choireanna an Aontais Eorpaigh a leathnú, cruthaíonn sé bunús dlí breise chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha sonracha foréigin thromchúisigh ar mhná agus ar chailíní ar féidir iad a shainmhíniú freisin mar fhuathchaint ar mhná nó mar choireacht fuatha a bhfuil tucaid laofachta inscne léi ar féidir í a shainaithint go hoibiachtúil.
Comhlánóidh an tionscnamh seo, freisin, an straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030, an straitéis maidir le Cearta Íospartach 2020-2025 agus an Treoir maidir le Cearta Íospartach. Beidh sé ailínithe freisin leis na Conclúidí ón gComhairle i mí an Mhárta 2021maidir leis an Aosú a Phríomhshruthú i mBeartais Phoiblí ina meabhraítear gur feiniméan comónta é an t‑idirdhealú ar bhonn na haoise, agus go bhfuil an foréigean ar dhaoine scothaosta ag teacht chun cinn mar údar imní.
Ghlac Parlaimint na hEorpa rún reachtach freisin i mí Mheán Fómhair 2021 lenar iarr sí ar an gCoimisiún tionscnamh reachtach a chur isteach chun an foréigean inscne a áireamh mar réimse nua coireachta i gcomhréir le hAirteagal 83(1) CFAE. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo, agus ag an togra reachtach atá beartaithe chun an foréigean ar mhná agus an foréigean teaghlaigh a chomhrac, aghaidh a thabhairt ar an iarratas sin ó Pharlaimint na hEorpa.
3.An gá le liosta choireanna an Aontais Eorpaigh a leathnú chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chumhdach
I gcomhréir le hAirteagal 83(1) CFAE, féadfaidh an Chomhairle, de réir mar a tharlaíonn forbairtí sa choireacht, réimsí breise coireachta a shainaithint ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh siad critéir shonracha. Go háirithe, ní mór don réimse nua a bheith ag baint le coireacht atá fíorthromchúiseach, agus gné trasteorann a bheith ag baint leis mar gheall ar nádúr na gcionta nó mar gheall ar an tionchar a bhíonn acu nó toisc go bhfuil gá faoi leith ann iad a chomhrac ar bhonn comhchoiteann.
Leagtar amach sna ranna seo a leanas measúnú an Choimisiúin ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha i bhfianaise chritéir Airteagal 83(1) CFAE.
3.1.An fhuathchaint agus an choireacht fuatha mar réimse choireachta
Aithnítear go forleathan ar an leibhéal idirnáisiúnta gur réimse choireachta iad an fhuathchaint agus an choireacht fuatha.
Chomh luath agus a Mholadh in 1997, ghlac Comhairle na hEorpa leis gurb é is fuathchaint ann gríosú chun fuatha ar sprioc dó daoine aonair nó grúpaí a shainmhínítear le tréithe cosanta áirithe. In 2015, is mar a leanas a sainmhíníodh an fhuathchaint sa Mholadh ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (‘ECRI’) de chuid Chomhairle na hEorpa: ‘an díspeagadh, an fuath, nó an t‑aithisiú i leith duine nó grúpa daoine a mholadh, a chur chun cinn nó a ghríosú i bhfoirm ar bith, chomh maith le haon chiapadh, masla, steiréitíopáil dhiúltach, stiogmatú nó bagairt i leith a leithéid de dhuine nó de ghrúpa daoine, agus údar a thabhairt do gach ceann de na cineáil léirithe réamhluaite sin, ar fhoras an chine, an datha, an tsleachta, an tionscnaimh náisiúnta nó eitnigh, na haoise, an mhíchumais, na teanga, an reiligiúin nó an chreidimh, an ghnéis, na hinscne, na féiniúlachta inscne, an chlaonta ghnéasaigh agus saintréithe nó stádas pearsanta eile’. Déanann an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (‘ESCE’) tagairt do choireanna fuatha mar ‘cionta coiriúla a dhéantar le tucaid na laofachta in aghaidh grúpa áirithe sa tsochaí’.
Cé nach bhforáiltear le dlí an Aontais Eorpaigh maidir leis an bhfuathchaint agus leis an gcoireacht fuatha a shainmhíniú go dlíthiúil, leagtar amach sainmhínithe dlí choiriúil ar na cineálacha ciníochais agus seineafóibe is tromchúisí leis an gCinneadh Réime. Is é atá sa bhfuathchaint, de réir mar a shainmhínítear leis an gCinneadh Réime í, an gríosú poiblí chun foréigin nó chun fuatha atá dírithe ar ghrúpa, nó ar bhall den ghrúpa sin, a bhfuil saintréith chosanta i bpáirt acu. Tagraítear don choireacht fuatha, de réir bhrí an Chinnidh Réime, mar aon chion coiriúil (an bunchion) nach fuathchaint é agus a rinneadh le tucaid chiníoch nó seineafóibeach (tucaid laofachta).
I gcás na fuathchainte agus na coireachta fuatha araon, is í an tucaid laofachta a spreagann gníomh an chiontóra. Roghnaítear daoine mar spriocanna ar bhonn gaol nó ceangal a bheith acu le pobal nó le grúpa a bhfuil saintréith cosanta i bpáirt acu, nó iad a bheith ag tacú leis an bpobal sin nó leis an ngrúpa sin, nó iad a bheith ina mbaill den phobal sin nó den ghrúpa sin, bíodh an gaol nó an ceangal nó an tacaíocht nó an bhallraíocht sin fíor nó braite. Is gníomhartha ‘féiniúlachta’ nó ‘teachtaireachta’ iad sin, toisc nach ar an íospartach amháin a ndírítear na teachtaireachtaí - go háirithe, an teachtaireacht nach mbaineann na híospartaigh a roghnaíodh mar spriocanna leis an tsochaí sin - ach ar a bpobal nó ar a ngrúpa freisin. Dá bhrí sin, is ceist lárnach í tucaid an chiontóra chun na cionta sin a idirdhealú ó chionta eile agus chun a dtromchúis bhreise a chinneadh, ag féachaint don tionchar faoi leith a imríonn na cionta sin ar an íospartach aonair, ar phobail, agus ar an tsochaí trí chéile.
Is eilimint intreach é an fuath sa bhfuathchaint agus sa choireacht fuatha araon. Bíonn bagairt ar dhínit dhaonnúil duine nó grúpa, agus ísliú stádas na dínite sin, mar thoradh ar an bhfuath. Díothaíonn sé a mballraíocht ar comhchéim sa tsochaí, lena n‑áirítear a gceart páirt a ghlacadh sa saol polaitiúil agus sóisialta, ar prionsabail bhunúsacha iad a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe orthu. Tá sé bunúsach ról an fhuatha ar dhaoine a bhfuil saintréithe cosanta acu a thuiscint chun é a aithint agus a chúiseamh trínár gcórais dlí choiriúil agus pionóis a ghearradh i ngeall air.
Ag féachaint don tréith speisialta is saintréith den fhuathchaint agus den choireacht fuatha í, i.e. an fuath arb iad a spriocanna daoine nó grúpaí a bhfuil, nó a mbraitear go bhfuil, saintréithe cosanta i bpáirt acu, is féidir a mheas gur ‘réimse coireachta’ iad an fhuathchaint agus an choireacht fuatha, de réir bhrí Airteagal 83(1) CFAE.
Ar aon dul le coireanna Aontais Eorpaigh eile a bhfuil saintréith choiteann acu, amhail an choireacht eagraithe nó an sceimhlitheoireacht, is nasc idir ghrúpa coireanna fairsing é an fuath ar dhaoine a bhfuil saintréithe cosanta acu. Is é an chuspóir choiteann lárnach maidir le coiriúlú na fuathchainte agus na gcoireanna fuatha, an fuath sin a chomhrac, agus is é an fuath sin a cheanglaíonn an dá chatagóir cionta sin i ‘réimse coireachta’ amháin. Má chuirtear an fhuathchaint agus an choireacht fuatha le réimsí na coireachta, chuirfeadh sé sin ar chumas an Choimisiúin reachtaíocht thánaisteach a mholadh, i ndara céim, a thabharfadh aghaidh go sonrach ar fhorbairtí agus ar dhúshláin ábhartha sa tsochaí de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn agus mar a athróidh siad as seo amach.
3.2.An fhuathchaint agus an choireacht fuatha ina réimse coireachta fíorthromchúisí
Is coireanna fíorthromchúiseacha iad an fhuathchaint agus an choireacht fuatha mar gheall ar an dtionchar dochrach a imríonn siad ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí trí chéile, rud a bhaineann an dúshraith den Aontas Eorpach.
3.2.1.An tionchar ar na comhluachanna
Tá an fhuathchaint agus an choireacht fuatha ar neamhréir le comhluachanna agus cearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh, de réir mar a chumhdaítear iad in Airteagail 2 agus 6 CAE agus sa Chairt.
Tá aitheantas comhsheasmhach tugtha ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECtHR) ina cásdlí don tromchúis shonrach a bhaineann leis an iompar sin, ag féachaint don tionchar a imríonn sé ar na luachanna agus ar na cearta bunúsacha. Tá sé dearbhaithe ag ECtHR nach féidir, i gcás gníomhartha ar cionta tromchúiseacha iad a dhírítear ar shláine fhisiceach nó mheabhrach an duine, cosaint leordhóthanach a áirithiú ach amháin le sásraí éifeachtúla um dhlí coiriúil agus nach mbeidh éifeacht dhíspreagthach ach ag na sásraí sin. Go háirithe, mheas ECtHR go bhfuil gá le bearta dlí choiriúil maidir le hionsaithe briathartha díreacha agus bagairtí fisiceacha a bhfuil dearcthaí idirdhealaitheacha mar thucaid leo.
Ag aithint di gurb iad an chaoinfhulaingt agus dínit chomhionann atá ag gach duine daonna bunús na sochaí daonlathaí iolraíche, mheas ECtHR gur féidir gur gá, i sochaithe daonlathacha, ‘pionóis a ghearradh i ngeall ar gach cineál léirithe a scaipeann nó a spreagann an fuath ar bhonn na héadulaingthe nó a chuireann chun cinn é nó a thugann údar dó, nó fiú na cineálacha léirithe sin a chosc’. Chuir ECtHR in iúl freisin go bhféadfaí pionóis choiriúla a agairt mar rogha dheireanach ar dhaoine a bheadh freagrach as na léirithe fuatha is tromchúisí, iad siúd lena spreagtar daoine eile chun foréigin. Ar na cúiseanna sin, d’aithin ECtHR go comhsheasmhach ina cásdlí nach gcuireann an ceart ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh cosc ar fhreagartha de réir an dlí choiriúil ar chineálacha áirithe coireachta fuatha.
3.2.2.Tionchair dhochracha ar íospartaigh aonair agus ar a bpobail
Is léir, ón dochar a dhéanann an fhuathchaint agus an choireacht fuatha do na híospartaigh aonair, do na pobail timpeall orthu, agus don tsochaí trí chéile, go bhfuil tromchúis faoi leith ag baint leo.
Sáraíonn an fhuathchaint agus an choireacht fuatha ceart bunúsach na n‑íospartach ar an dínit agus ar an gcomhionannas. Is minic dóibh ina gcúis le hiarmhairtí tromchúiseacha marthanacha ar shláinte agus ar fholláine fhisiceach agus mheabhrach na n‑íospartach.
Roghnaítear íospartaigh na fuathchainte agus na coireachta fuatha mar gheall ar a gcuid saintréithe buana do-athraithe, nó mar gheall ar shaintréith atá lárnach ina bhféiniúlacht
. Dá dheasca sin, braitheann siad ísliú stádais, drochmheas, easpa fáilte agus gráin sa tsochaí mar gheall ar a bhféiniúlacht. Maille leis na héifeachtaí dochracha ar an tsláinte fhisiceach, is minic gur géire an dochar meabhrach (e.g. mothúchán an tsáraithe agus an uiríslithe) a eascraíonn ó ghníomhartha fuatha ná an dochar fisiceach ón bhforéigean féin
. Tarlaíonn go mbraitheann íospartaigh na coireachta fuatha airíonna tráma ghéir, amhail an dúlagar, an drochamhras ar dhaoine eile, an féinlochtú, agus mothúchán scoiteachta domhain. Is mar gheall ar na heispéiris sin atá na coireanna fuatha éagsúil le cineáil choireachta eile. Maille leis sin, is minic a chuireann íospartaigh na gcoireanna fuatha an milleán orthu féin agus a bhraitheann siad easpa muiníne.
Ar bhealach níos ginearálta, níl an dara rogha ag íospartaigh na gcoireanna fuatha ach maireachtáil faoin eagla go ndéanfar íospartaigh díobh athuair, agus bíonn leochaileacht bhreise mar spriocanna don fhuathchaint ar na grúpaí is leochailí - amhail daoine scothaosta, leanaí agus daoine a bhfuil míchumas fisiceach agus meabhrach orthu - nuair is gá dóibh dul i muinín na cumarsáide ar líne mar chuid dá saol laethúil. Bíonn íospartaigh na fuathchainte i mbaol eisiaimh pholaitiúil agus shóisialta freisin, rud a chuireann bac orthu rochtain a fháil ar chúram leighis agus ar sheirbhísí bunriachtanacha eile. Thairis sin, is minic a bhíonn na híospartaigh siúd a thuairiscíonn eachtraí fuatha i mbaol íospartha tánaistí, rud is féidir dochar breise a dhéanamh don íospartach. I gcás na n‑íospartach linbh, is féidir leis an bhfuathchaint dochar tromchúiseach a dhéanamh dá bhforbairt phearsanta fhadtéarmach.
Seolann na coireanna a bhfuil an fuath mar spreagadh leo teachtaireachtaí diúltaithe agus íslithe stádais chuig grúpaí agus pobail iomlána, agus bíonn eagla ar na daoine ar baill de na grúpaí agus de na pobail sin iad agus braitheann siad go bhfuil siad i mbaol ionsaithe eile. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara cumas na fuathchainte agus na coireachta fuatha macalla a fháil i measc lucht leanúna an chiontóra, rud a scaipeann an eagla agus an t‑imeaglú a thuilleadh. Agus, dá bhrí sin, athchruthaíonn siad patrún fuathchainte agus coireachta fuatha a mbíonn mar spriocanna acu daoine eile a bhfeictear go bhfuil saintréithe cosanta cosúla i bpáirt acu nó go bhfuil gaol acu leis an íospartach.
3.2.3.Tionchair dhochracha ar an tsochaí trí chéile
Tá gné thréan shóisialta freisin ag an bhfuathchaint agus ag an gcoireacht fuatha. Is bagairt iad ar na luachanna daonlathacha, ar an gcobhsaíocht shóisialta agus ar an tsíocháin, cuireann siad leis na deighiltí sóisialta, creimeann siad an comhtháthú sóisialta, agus spreagann siad frithbhearta, dar toradh foréigean agus frithfhoréigean. Dhearbhaigh na freagróirí ar chomhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin freisin go mbíonn atmaisféar coinbhleachta, eagla, polaraithe agus radacaithe mar thoradh ar ghníomhartha ar tucaid dóibh an fuath.
Imríonn an fhuathchaint agus an choireacht fuatha tionchar dochrach ar na cearta bunúsacha, go háirithe ar dhínit an duine, ar an gcomhionannas agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Mar thoradh ar a n‑éifeacht athchomhairleach ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, tarlaíonn go staonann úsáideoirí na meán sóisialta ó pháirt a ghlacadh sna díospóireachtaí poiblí mar gheall ar an ábhar fuafar a fheiceann siad. Truaillíonn an fuath an t‑idirphlé polaitiúil freisin agus tá tionchar aige ar ullmhacht na saoránach páirt a ghlacadh sa pholaitíocht agus dul i mbun feidhmeanna oifigiúla a bhíonn infheicthe don phobal, mar shampla feidhmeanna na bhfeisirí, na méaraí agus na bpolaiteoirí. Maidir leis na mná sa saol poiblí, léirigh
suirbhé
ar 123 feisirí mná Eorpacha gur thuairiscigh 46.9 % de na freagróirí go raibh bagairtí báis, éignithe nó greadta faighte acu, agus go raibh 58.2 % acu ina spriocanna d’ionsaithe gnéasaíocha ar líne ar ghréasáin shóisialta.
Is minic is íospartaigh fuathchainte ar na meáin shóisialta iad na hiriseoirí, agus mar gheall ar sin tarlaíonn go mbíonn leisce orthu páirt a ghlacadh sa díospóireacht phoiblí nó dul i ngleic le hábhair áirithe. Cé go ndírítear fuathchaint agus bagairtí ar na hiriseoirí uile, léiríonn an staidreamh go bhfulaingíonn na hiriseoirí mná níos mó bagairtí ná a gcomhghleacaithe fir, go háirithe i bhfoirm an chiaptha ar líne, na mbagairtí éignithe agus dúnmharaithe, agus an ghríosaithe chun fuatha ar fhoras na hinscne
. Uaireanta bíonn na hionsaithe sin mar thoradh ar fheachtais réamhbheartaithe chun míchlú a tharraingt ar iriseoirí mná nó chun iad a chur ina dtost.
Bíonn an fhuathchaint ina cúis ní leis an gcoinbhleacht amháin, ach leis na coireanna fuatha freisin. Tá fianaise ann le ‘pirimid fuatha’ nó ‘dréimire fuatha’, a thosaíonn le gníomhartha laofachta (e.g. an bhulaíocht, an fhonóid, an dídhaonnú) agus idirdhealaithe (e.g. idirdhealú eacnamaíoch nó polaitiúil), agus a ghéaraíonn i dtreo an fhoréigin a bhfuil tucaid laofachta leis, amhail an dúnmharú, an t‑éigniú, an t‑ionsaí, an sceimhlitheoireacht, an t‑antoisceachas foréigneach, agus fiú an cinedhíothú. Léiríonn taighde an gaol atá ann idir tvuíteanna spriocdhírithe idirdhealaitheacha a phostáiltear i gcathair agus líon ard na gcoireanna fuatha sa chathair chéanna. Cuireann na Náisiúin Aontaithe an méid seo in iúl: ‘an gríosú chun foréigin a spriocdhírítear ar phobail nó ar dhaoine aonair ar bhonn a bhféiniúlacht, is féidir leis sin cur le héascú nó le hullmhú coireanna ainghnímh, [...] agus is comhartha rabhaidh agus táscaire luath araon é ar riosca na gcoireanna sin’.
Léiríonn taighde freisin go mbíonn an fhuathchaint ar na meáin shóisialta ina cúis le méadú ar na coireanna in aghaidh na mionlach sa domhan fisiceach. De dheasca na fuathchainte ar líne tá méadú tagtha ar an bhforéigean, in aghaidh na ndídeanaithe agus na n‑imirceach, na mionlach reiligiúnach agus eitneach, agus na ndaoine LGBTIQ. An té a bhfuil taithí aige ar an bhfuathchaint nó a bhíonn ina sprioc don fhuathchaint, is féidir páirt a bheith ag an taithí sin sa phróiseas radacaithe agus san antoisceachas foréigneach. Is rud é sin is féidir a léiriú ar líne agus as líne tríd an bhfriotal agus tríd an mbolscaireacht, ach tarlaíonn go mbíonn ionsaithe antoisceacha foréigneacha nó ionsaithe sceimhlitheoireachta mar thoradh orthu freisin. Féadfaidh a leithéidí iarmhairtí suaiteacha agus marfacha a bheith acu ar an tsochaí.
Ag meabhrú dó gur sholáthair an t‑idirlíon toise nua inar féidir an fhuathchaint ghnéasaíoch a léiriú, tá sé aibhsithe ag Comhairle na hEorpa go bhféadfaidh an fhuathchaint ghnéasaíoch ‘géarú chomh fada le gníomhartha ionsaitheacha nó bagracha follasacha, nó le hiad a spreagadh, agus áirítear leis na gníomhartha sin an mhí‑úsáid ghnéasach nó an foréigean, gníomh a d’fhéadfadh a bheith marfach, nó an féindochar’
. Is údar imní faoi leith é i dtaca leis seo teacht chun cinn grúpaí agus pobail ar líne amhail Manosphere agus Incel, a sholáthraíonn fóraim bhreise idirnáisiúnta inar féidir an fuath ar mhná agus an naimhdeas leo a chur chun cinn agus a scaipeadh.
3.2.4.Scála na fuathchainte agus na coireachta fuatha
De réir duine amháin as gach deichniúr freagróirí LADTIA (11 %) ar shuirbhé de chuid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (‘FRA’), rinneadh ionsaí fisiceach nó gnéasach orthu mar gur duine LADTIA iad (agus rinneadh ionsaí fisiceach nó gnéasach ar chéatadáin níos airde de fhreagróirí trasinscneacha agus idirghnéasacha le linn na tréimhse sin: 17 % agus 22 %, faoi seach), agus thuairiscigh 51 % de fhreagróirí idir 15 agus 17 mbliana d’aois go ndearnadh ciapadh orthu ar scoil.
Daoine de bhunadh na hÁise, go háirithe na Sínigh, nó daoine a mheastar gur de bhunadh na hÁise iad, tá méadú tagtha ar fhuathchaint agus ar choireacht fuatha ina gcoinne le linn phaindéim COVID-19, ionsaithe agus léastaí ciníocha, bulaíocht fhoréigneach, bagairtí agus drochíde chiníoch san áireamh. Léiríonn suirbhé a rinne FRA gurb airde na rátaí idirdhealaithe, ciaptha agus foréigin, arb é fuath atá taobh thiar díobh, a dhéantar ar fhreagróirí Romacha agus ar fhreagróirí de chúlra an fho-Shahára nó na hAfraice Thuaidh.
De réir suirbhé maidir le frith‑sheimíteachas a rinne FRA in 2018, tá eagla ar 40 % de na Giúdaigh san Aontas go ndéanfar ionsaí fisiceach orthu. De réir torthaí suirbhé a rinne FRA in 2017 ar Mhionlaigh agus ar an Idirdhealú san Aontas, rinneadh ciapadh arbh é fuath ba spreagadh dó ar 27 % de Mhoslamaigh sa 12 mhí roimhe sin, agus go raibh an céatadán sin ní b’airde (31 %) i measc mná Moslamacha a chaith caifirín go poiblí.
Is ar mhná, agus ar mhná óga go háirithe, a dhírítear fuathchaint inscnebhunaithe, ar líne nó as líne. De réir suirbhé domhanda a rinneadh in 2020, rinneadh foréigean ar líne ar 52 % de mhná óga agus cailíní, bagairtí san áireamh.
Anuas air sin, i gcás daoine a mbaineann dhá shaintréith chosanta nó níos mó leo, cosúil le mná de chine daite, is mó an seans (84 % níos airde) go luafaí iad i dtvuíteanna maslacha nó ‘fadhbacha’
.
Léirigh na Náisiúin Aontaithe gur ábhar imní dóibh an fhuathchaint a dhírítear ar dhaoine scothaosta, rud ‘a tháinig chun cinn i ndíospóireacht phoiblí agus ar na meáin shóisialta i bhfoirm ráiteas lenar cuireadh olc ar ghlúnta eile in iúl’. Is mó an riosca go mbeidh daoine faoi mhíchumas ina n‑íospartaigh coireanna foréigneacha, coireanna fuatha san áireamh, nó go ndíreofar an fhuathchaint ina dtreo, ná aon ghrúpa daoine eile. Léirigh an t‑aiseolas a tugadh mar chuid de chomhairliúchán an Choimisiúin gurb ar dhaoine faoi mhíchumas a dhéantar 21 % de choireanna fuatha i roinnt tíortha. De ghnáth, dírítear ar íospartaigh toisc go bhfuil siad faoi mhíchumas, go meastar go bhfuil siad faoi mhíchumas, nó go bhfuil baint acu le duine faoi mhíchumas. Thairis sin, measann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur dócha go dtiocfaidh méadú ar dhrochíde daoine scothaosta mar gheall ar dhaonra atá ag dul in aois.
Níl ach an chuid is lú den scéal sna figiúirí sin mar gheall ar thearc-thuairisciú agus tearc-thaifeadadh na n‑eachtraí agus ar mhodhanna bailithe sonraí nach bhfuil inchomparáide. Mar shampla, léiríonn foinsí nár tuairiscíodh 88 % de na hionsaithe fisiciúla i gcoinne na Romach arbh é fuath ba spreagadh dóibh agus nár thuairiscigh 79 % de na daoine Giúdacha a ndearnadh ciapadh frith‑sheimíteach orthu an t‑eachtra ba thromchúisí do na póilíní ná d’aon eagraíocht eile. Agus níor tuairiscíodh ach ceann amháin as gach cúig (21 %) eachtra foréigin fhisicigh nó ghnéasaigh a rinneadh ar dhaoine LADTIA. Is sampla í an aois d’fhoras a mbíonn leibhéal níos ísle tuairiscithe agus easpa faisnéise ann ina leith maidir le méid na fuathchainte agus na coireachta fuatha i gcoinne daoine scothaosta, toisc nach n‑aithnítear an aois mar fhoras a ghríosaíonn an fhuathchaint agus an choireacht fuatha agus go bhfuil easpa smachtbhannaí ann as cionta gaolmhara. Go háirithe, ceapann AGE Platform go bhfuil sé náireach ‘go bhfuil an fhírinne sin ceilte d’ainneoin na leibhéal leitheadúlachta ar fud na hEorpa ar cúis imní iad’, agus luann sé gur measa dofheictheacht na n‑íospartach scothaosta agus gur measa an easpa chosanta atá acu toisc nach dtuigtear gur foras í an aois a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le coireanna fuatha.
3.2.5.Freagairt dlí chóiriúil sna Ballstáit
Mar gheall ar a thromchúisí atá na tionchair a thuairiscítear thuas rinne Ballstáit cineálacha áirithe den fhuathchaint agus den choireacht fuatha a choiriúlú. Trí na cineálacha iompair sin a choiriúlú cuirtear in iúl míshástacht shóisialta ar leith. Léiríonn sé an tromchúis shonrach agus an chontúirt atá ann de bharr na gcineálacha iompair sin, go háirithe ós rud é go sáraíonn siad cearta bunúsacha.
Mar gheall go ndearnadh an Cinneadh Réime a thrasuí sa dlí náisiúnta, tá an fhuathchaint ina coir i ngach Ballstát ar fhorais maidir le cine, dath, reiligiún, sliocht, nó bunadh náisiúnta nó eitneach. Thairis sin, rinne Ballstáit an fhuathchaint a choiriúlú go sainráite i gcás saintréithe cosanta eile freisin: Déanann 20 Ballstát an fhuathchaint ar fhoras an chlaonta ghnéasaigh a choiriúlú agus 17 Ballstát an fhuathchaint ar fhoras an ghnéis/na hinscne a choiriúlú. Ina theannta sin, déanann 14 Bhallstát an fhuathchaint ar fhoras an mhíchumais a choiriúlú agus 6 Bhallstát an fhuathchaint ar fhoras na haoise a choiriúlú. Thairis sin, rinne 8 mBallstát an fhuathchaint a choiriúlú (de rogha air sin, nó sa bhreis air) gan saintréithe cosanta na ngrúpaí a shainiú, agus d’fhág siad coiriúlú na fuathchainte mar cheist oscailte agus é mar aidhm aige sin aon ghrúpa mionlaigh nó aon chuid den daonra a chosaint.
Tá an choireacht fuatha ina coir go forleathan ar fud na mBallstát freisin, mar chion ann féin i gcás coireanna sonracha nó mar imthoisc ghéaraitheach ghinearálta i gcás gach coire arb í tucaid laofachta is cúis léi. Sa bhreis ar choiriúlú coireanna fuatha ar fhorais maidir le cine, dath, reiligiún, sliocht, nó bunadh náisiúnta nó eitneach mar thoradh ar an gCinneadh Réime a thrasuí sa dlí náisiúnta, déanann 19 mBallstát an choireacht fuatha a choiriúlú ar fhoras an chlaonta ghnéasaigh agus 17 mBallstát ar fhoras an ghnéis/na hinscne. Ina theannta sin, déanann 13 Bhallstát coireanna fuatha ar fhoras an mhíchumais a choiriúlú agus 10 mBallstát coireanna fuatha ar fhoras na haoise a choiriúlú. Thairis sin, ligeann 15 Bhallstát do chúirteanna náisiúnta tucaid dhéantóir na coire a chur san áireamh i gcás aon choire nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh acu faoin bpionós coiriúil, de rogha ar chion aonair maidir leis an gcoireacht fuatha a bheith ann, sin nó sa bhreis air sin. Níor shainigh roinnt Ballstát na saintréithe cosanta chun gur féidir coireanna fuatha bunaithe ar aon chineál éadulaingthe a chumhdach.
3.3.Gné thrasteorann na fuathchainte agus na coireachta fuatha
Nádúr agus tionchar na fuathchainte agus na coireachta fuatha, mar aon leis an ngá ar leith le cur ina n‑aghaidh ar bhonn coiteann, is fianaise é sin ar ghné thrasteorann na bhfeiniméan sin.
Tá sé sin soiléir i gcás na fuathchainte ar líne. Mar gheall ar nádúr trasteorann an idirlín, scaipeann an fhuathchaint ar líne go tapa agus is féidir le gach duine teacht uirthi ó aon áit. Dá bharr sin tá sé níos éasca do ghrúpaí fuatha díriú ar spriocphobal níos fairsinge i dtíortha eile ina bhfuil cúrsaí polaitíochta nó sóisialta den chineál céanna. An chuid is mó de gheallsealbhóirí a d’fhreagair comhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin, tharraing siad aird ar an ngné thrasteorann freisin, trí shamplaí sonracha a chur ar fáil chomh maith. Mar shampla, an fhuathchaint ar fhoras na saintréithe gnéis, agus i gcoinne daoine idirghnéasacha go háirithe, tá níos mó agus níos mó d’fhuathchaint den chineál sin á déanamh ag grúpaí a oibríonn ar bhonn trasteorann. Tharraing Comhairle na hEorpa aird freisin ar uileláithreacht na fuathchainte inscnebhunaithe, agus d’éiligh siad bearta níos láidre chun troid ina coinne.
Ach tá gné thrasteorann ag baint leis na teachtaireachtaí fuatha nach bhfuil ar líne (e.g. sna meáin chlóite, i gcraolacháin teilifíse, in óráidí polaitiúla nó ag imeachtaí spóirt) mar is féidir iad a atáirgeadh go héasca agus a scaipeadh go forleathan thar theorainneacha, agus is fianaise air sin é an tionchar a bhíonn acu. Mheas os cionn 80 % de na freagróirí ar an gcomhairliúchán spriocdhírithe go mbíonn éifeacht iarmhartach thar theorainneacha ag an bhfuathchaint as líne. Tagraíonn siad d’fhorbairt agus scaipeadh na dteachtaireachtaí fuatha i measc líonraí ag a bhfuil baill i dtíortha éagsúla. Luann siad freisin go bhforbraítear na hidé-eolaíochtaí atá taobh thiar de theachtaireachtaí fuatha go hidirnáisiúnta, agus mar sin is feiniméin trasteorann iad.
Tá baint dhíreach idir gné thrasteorann na coireachta fuatha agus gné thrasteorann na fuathchainte. Scaipeann an fuath thar theorainneacha náisiúnta agus bíonn fáinne fí foréigin ann dá bharr. Mar an gcéanna leis an bhfuathchaint, d’fhéadfaí na híde-eolaíochtaí atá taobh thiar de choireanna fuatha a fhorbairt go hidirnáisiúnta agus a scaipeadh ar líne go tapa. Is féidir le líonraí ag a bhfuil baill i roinnt tíortha (laistigh de nó lasmuigh den Aontas Eorpach) coireanna fuatha a dhéanamh, ar líonraí iad a spreagann, a eagraíonn nó a dhéanann ionsaithe fisiciúla. Cuireann an Counter Extremism Project
, an Soufan Center
, agus an Anti-Defamation League
samplaí ar fáil de ghníomhaíocht thrasnáisiúnta a dhéanann grúpaí éagsúla a imríonn tionchar agus a thugann spreagadh thar theorainneacha. D’fhéadfadh coireanna fuatha a bheith ina gcúis le timpeallacht eagla nó le coinbhleachtaí sóisialta, rudaí a d’fhéadfadh leathadh ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. D’fhéadfadh an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a bheith ina gcúis le radacú agus le cruthú grúpaí antoisceacha foréigneacha freisin, grúpaí a thrasnaíonn teorainneacha agus a bhíonn aontaithe ó thaobh a n‑íde-eolaíochta de.
Ar an mbealach céanna, d’fhéadfadh an feiniméan céanna a bheith ina chúis le haithris a dhéanamh ar choireanna fuatha i dtír eile nó d’fhéadfadh pátrúin iarmhartacha a bheith ann mar thoradh air, agus aithris á déanamh ar an gcoir a rinneadh sa tír inar tharla sí den chéad uair. D’fhéadfadh sé sin tarlú freisin nuair atá leibhéal ard poiblíochta ann maidir le coireanna fuatha sonracha, rud a spreagann daoine eile chun coireanna den chineál céanna a dhéanamh (an ‘éifeacht aithrise’). Sa bhreise ar thionchar díreach na gcoireanna fuatha féin, d’fhéadfadh tionchar síceolaíoch na gcoireanna ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí leathadh go héasca thar theorainneacha trí thimpeallacht eagla agus coinbhleachtaí sóisialta a chruthú. Bhí tionchar ag coireanna agus imeachtaí i bpáirteanna éagsúla den domhan ar roinnt tíortha, an ghluaiseacht Black Lives Matter san áireamh. D’aithin formhór na bhfreagróirí ar chomhairliúchán an Choimisiúin éifeacht iarmhartach na gcoireanna fuatha thar theorainneacha.
Is próiseas domhanda é seo agus bíonn tionchar aige, gan beann ar a bhunús geografach. Féadfaidh an tAontas a bheith ina eiseamláir ar fud an domhain agus is féidir le smaointe agus tionscnaimh a sheoltar in áiteanna eile cur le gníomhaíocht níos éifeachtaí san Eoraip.
Leagann an cúlra sin béim ar an ngá ar leith atá ann leis an bhfuathchaint agus an choireacht fuatha a chomhrac ar bhonn coiteann.
An gá ar leith atá ann leis na feiniméin sin a chomhrac ar bhonn coiteann, eascraíonn sé as tionchair thromchúiseacha na fuathchainte agus na coireachta fuatha ar phríomhluachanna an Aontais mar a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE. Bíonn gá le gníomhaíocht chomhpháirteach chun ár luachanna coiteanna a chosaint.
Iarmhairtí diúltacha na fuathchainte agus na coireachta fuatha, téann siad níos faide ná an tionchar ar íospartaigh aonair agus is féidir leo tionchar a imirt ar ghrúpaí nó ar phobail daoine atá ina gcónaí i dtíortha éagsúla. Mura ndéantar an fhuathchaint ná an choireacht fuatha a choiriúlú i roinnt Ballstát, d’fhéadfadh sé sin baint d’iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na feiniméin agus éifeachtaí iarmhartacha a mhaolú. Mura soláthraítear cur chuige coiteann i leith an choiriúlaithe beidh bearnaí ann agus ní chosnófar íospartaigh na gcoireanna den chineál sin ar fud an Aontais ar an mbealach céanna, mar ní bhíonn rochtain ar shásamh agus ar bhearta tacaíochtaí dá bhforáiltear le dlí an Aontais ach acu siúd a aithnítear mar íospartaigh coireachta. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go seolfaí teachtaireachtaí a thagann salach ar a chéile don phobal mar thoradh ar chur chuige neamhleanúnach, teachtaireachtaí a chuireann in iúl nach bhfuiltear dáiríre faoi ghníomhartha den chineál sin agus gur féidir coir a dhéanamh gan baol pionóis, go meastar gur ‘gnáthrud’ iad nó go meastar i roinnt tíortha fiú go ndlisteanaíonn an Stát iad agus/nó go gcuireann sé suas le hiompar den chineál sin.
Ina theannta sin, an gá ar leith atá ann leis na feiniméin sin a chomhrac ar bhonn coiteann, eascraíonn sé as iarrachtaí na mBallstát aonair chun cineálacha éagsúla den fhuathchaint agus den choireacht fuatha a choiriúlú astu féin. Bíonn ilroinnt ann de bharr cur chuige den chineál sin, mar aon le heaspa chothrom na Féinne do dhaoine a d’fhéadfadh a bheith thíos leis an bhfuathchaint agus leis an gcoireacht fuatha.
3.4.Forbairtí maidir le coireacht
Dar leis na Náisiúin Aontaithe, tháinig méadú tobann ar an bhfuathchaint agus ar ghríosú ar líne agus as líne le blianta beaga anuas. Go deimhin, ó bhí 2007 ann, nuair a mhol an Coimisiún cionta inphionóis a dhéanamh de ghníomhartha ciníocha agus seineafóibeacha i ngach Ballstát, tá méadú seasta tagtha ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha. Tá an méadú sin nasctha le hathruithe ar an timpeallacht shóisialta, eacnamaíoch agus theicneolaíoch. Formhór na bhfreagróirí (níos mó ná 60 %) ar chomhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin, d’aithin siad freisin gur tháinig méadú ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha idir 2018 agus 2020, i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin idir 2015 agus 2017. I measc na dtosca a bhí taobh thiar de sin bhí sreafaí imirce méadaithe, géarchéimeanna eacnamaíocha agus sóisialta (paindéim Covid‑19 san áireamh) agus rochtain fheabhsaithe ar fhaisnéis ar líne, lena n‑áirítear úsáid líonraí sóisialta, agus dá bharr sin uile scaiptear ábhair go tapa.
Cuireann an t‑idirlíon bealach ar fáil chun an fhuathchaint a mhéadú agus a roinnt gan stró ar líne. Daoine a dhéanann fuathchaint ar líne, is í braistint na hanaithnideachta agus na saoirse ó phionós ar an idirlíon a thugann orthu fuathchaint a dhéanamh agus a fhágann nach láir leo í a dhéanamh, rud a mhéadaíonn an baol go leanfaidh siad de chionta den chineál sin a dhéanamh.
An borradh atá tagtha ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí antoisceacha foréigneacha ar fud na hEorpa, bhí sé sin ar cheann de na tosca a chuir le polarú agus le radacú sa tsochaí. Bhí sé sin, dá réir sin, ina chúis le leibhéal méadaithe fuathchainte i gcoinne grúpaí imeallaithe agus i gcoinne na mban. In 2019 d’aithin Parlaimint na hEorpa é sin i rún maidir le ‘méadú an fhoréigin nuafhaisistigh san Eoraip’, agus d’iarr sí ar na Ballstáit ‘an choireacht fuatha, an fhuathchaint agus ceap milleán a bheith á dhéanamh ag polaiteoirí agus ag oifigigh phoiblí a cháineadh go láidir agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith [...] ós rud é go ndéanann siad an fuath agus an foréigean a normalú agus a threisiú go díreach sa tsochaí’
.
Tharraing ECRI aird ar an méadú ar fhuathchaint shár-náisiúnach, sheineafóibeach, chiníoch agus homafóbach/thrasfóbach sna feachtais toghcháin éagsúla in 2019, fuathchaint a scaip chomh fada le líonraí meán sóisialta agus a d’fhág a lorg orthu go minic. Dar le ECRI, ráitis dhímheasúla agus mhaslacha faoi bhaill de ghrúpaí mionlaigh, glactar leo níos fonnmhaire anois ná mar a ghlactaí leo roimhe seo. Go deimhin tá rabhadh tugtha ag Comhairle na hEorpa maidir leis an staid san Eoraip agus deir sí go bhfuil uafás roimh an Eoraip: ‘tá coireanna fuatha frith‑sheimíteacha, frith‑Mhoslamacha agus ciníocha eile ag méadú ar luas lasrach’.
Chruthaigh paindéim COVID-19 atmaisféar inar tháinig borradh faoin bhfuathchaint, agus tháinig ‘rabharta fuatha agus seineafóibe’ as sin. Paindéim Covid‑19 agus na géarchéimeanna eacnamaíocha agus sóisialta atá ann dá barr, chuir Europol in iúl go bhfuil dearcthaí níos doichte ann agus go nglactar níos mó le himeaglú mar thoradh orthu sin, lena n‑áirítear éilimh chun gníomhartha foréigneacha a dhéanamh. Ina Thuarascáil Bhliantúil do 2020, chuir ECRI in iúl go bhfuil níos mó fuathchainte agus foréigin á dhéanamh ar ghrúpaí áirithe ar cuireadh an milleán orthu as an víreas a scaipeadh go mór. Áirítear orthu sin na Romaigh agus na himircigh a raibh sé níos deacra fós orthu rochtain a fháil ar chúram sláinte agus ar bhearta tacaíochta poiblí, mar aon le daoine de bhunadh na hÁise nó daoine a mheastar gur de bhunadh na hÁise iad
. Tá méadú tagtha freisin ar theoiricí comhcheilge maidir le grúpaí áirithe, agus tá an fhuathchaint agus coireanna fuatha ann dá bharr. Mar shampla léiríonn taighde a dhéanann comparáid idir an chéad dá mhí de 2021 (le linn na paindéime) agus an tréimhse chéanna in 2020 (roimh an bpaindéim), gur tháinig méadú faoi sheacht ar phostálacha frith‑sheimíteacha ar chuntais/ar chainéil na Fraince a ndearnadh measúnú orthu, agus gur tháinig méadú faoi 13 ar phostálacha den chineál sin i gcás na gcuntas/na gcainéal Gearmánach.
Thug an phaindéim chun suntais freisin an teannas atá ann idir na glúnta agus tháinig borradh arís faoi theachtaireachtaí naimhdeacha ar na meáin shóisialta dá barr, ar teachtaireachtaí iad a bhféadfadh breathnú orthu mar fhuathchaint i gcoinne daoine scothaosta, daoine a dtugtar drochíde dóibh níos mó le linn na paindéime agus ar mó an seans go mbeidís ina n‑íospartaigh fuathchainte agus coireachta fuatha.
Daoine a shainaithníonn iad féin mar dhaoine LADTIA, tháinig méadú ar an bhforéigean a dhéantar orthu ó thús na paindéime
. Ba é ‘an claonadh gnéasach nó an fhéiniúlacht inscne’ an tríú fhoras ba mhó a luadh i measc coireanna fuatha a tuairiscíodh (18.35 %) sa Tuarascáil maidir le Fuathchaint do 2019 ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR), ar méadú 14.61 % é sin i gcomparáid le 2018. Tá fuathchaint inscnebhunaithe ag méadú san Eoraip freisin, agus bíonn sí ar siúl ar líne, as líne agus i ngach cineál idirghníomhaíochta sóisialta (e.g. ar scoil, ag an obair, i spásanna poiblí). Bhí gach cineál cibearfhoréigin inscnebhunaithe i gcoinne na mban, fuathchaint fhrithbhanda san áireamh, ag éirí níos coitianta roimh COVID-19, agus bhí foréigean in aghaidh na mban á normalú mar thoradh air sin. I dtuarascáil maidir le ciapadh ar líne i gcoinne airí ban, fuair Ionad Barr Feabhais ECAT don Chumarsáid Straitéiseach amach gurb iad na hábhair is mó is cúis le teachtaireachtaí maslacha ar líne ná paindéim COVID-19, an inimirce, caidreamh an Aontais, agus polaitíocht atá liobrálach go sóisialta.
Trí scrúdú a dhéanamh ar fhorbairtí reachtacha a rinneadh le déanaí, is léir go bhfuil méadú taghta de réir a chéile le blianta beaga anuas ar an gcoiriúlú ar fhorais nach iad na forais a leagtar síos sa Chinneadh Réime iad. Faoi láthair tá tús curtha le tograí nó próisis reachtacha ag 11 Bhallstát chun an fhuathchaint agus/nó an choireacht fuatha a choiriúlú a thuilleadh. Astu sin, mhol naoi mBallstát go gcuirfí forais áirithe lena reachtaíocht maidir leis an bhfuathchaint agus/nó an choireacht fuatha.
4.An luach breise a bhaineann le liosta choireanna an Aontais a leathnú
4.1.Freagairt éifeachtach ar leibhéal an Aontais
Bunaithe ar an measúnú atá leagtha amach thuas, measann an Coimisiún gurb é an tionscnamh seo an fhreagairt is éifeachtaí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh do na dúshláin a sainaithníodh. Go háirithe, ní féidir ach le comhthionscnamh ar leibhéal an Aontais na comhluachanna mar a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chosaint go héifeachtach, comhluachanna a mbaintear díobh ag gach cineál fuathchainte agus coireachta fuatha, gan beann ar na daoine agus ar na grúpaí ar a ndírítear.
Is féidir le hiarracht chomhpháirteach freagairt go héifeachtach agus go comhsheasmhach do na dúshláin a eascraíonn as nádúr trasteorann an dá fheiniméan, agus a eascraíonn as scála agus méadú na bhfeiniméan freisin. I bhfianaise na gcur chuige coiriúil éagsúil agus ilroinnte atá ag na Ballstáit faoi láthair, agus an tionchar teoranta atá acu ar leibhéal an Aontais, tugann an tionscnamh seo aghaidh ar an bhfadhb thrasteorann ar bhealach cuimsitheach.
Ní féidir ach le cur chuige coiteann i leith choiriúlú na fuathchainte agus na coireachta fuatha ar leibhéal an Aontais a áirithiú go mbeidh cosaint chomhsheasmhach ag íospartaigh gníomhartha den chineál sin ar fud an Aontais. Áirítear leis sin rochtain ag na híospartaigh ar na bearta cosanta speisialta a dheonaítear do na híospartaigh coireachta is leochailí faoin Treoir maidir le Cearta Íospartach. I bhfianaise ghné thrasteorann na fuathchainte agus na coireachta fuatha, agus an gá atá ann le réiteach dlí choiriúil, beidh comhar idir na húdaráis bhreithiúnacha ríthábhachtach. D’fhéadfadh freagairt choiteann maidir le ceartas dlíthiúil feabhas a chur ar iontaoibh fhrithpháirteach agus ar chomhar breithiúnach, ar bunphrionsabail iad i dtaca le réimse saoirse, slándála agus ceartais an Aontais ina bhfuil urraim do chearta bunúsacha.
4.2.Easpa roghanna malartacha ar liosta choireanna an Aontais a leathnú
Cé go bhféadfadh sé go mbeadh roinnt forluí ann idir réimsí áirithe coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE, níorbh fhéidir rialacha íosta a ghlacadh ar leibhéal an Aontais i láthair na huaire maidir le sainiú na gcionta coiriúla agus na smachtbhannaí i réimse na fuathchainte agus na coireachta fuatha.
Go háirithe, mar gheall ar an bhforluí páirteach idir ‘cibearchoireacht’ agus an choireacht fuatha agus an fhuathchaint, ní bheifí in ann rialacha íosta i ndlí coiriúil a ghlacadh a chumhdódh gach cineál fuathchainte, gan beann ar na modhanna a úsáidtear. D’fhéadfadh sé go bhféadfaí rialacha íosta maidir leis an bhfuathchaint a scaiptear ar an idirlíon a ghlacadh dá bharr, ach ní bheifí in ann rialacha íosta a ghlacadh maidir le fuathchaint a dhéantar agus a scaiptear ar mhodhanna eile. Mar shampla, trí phíosaí scríbhneoireachta nó pictiúir a scaipeadh nó a dháileadh go poiblí, i gcruinnithe poiblí (e.g. imeachtaí spóirt), i gcraolacháin teilifíse nó i gcaint pholaitiúil. D’fhágfadh sé sin go mbeadh creat aonair dlí coiriúil comhchuibhithe san Aontas maidir le fuathchaint a dhéantar trí mhodhanna digiteacha, seachas cur chuige éagsúil agus ilroinnte ar fud an Aontais i dtaca le fuathchaint a dhéantar ar mhodhanna eile. Thiocfadh deighilt gan údar den chineál céanna chun cinn idir coiriúlú na fuathchainte agus coiriúlú na coireachta fuatha, mar ní chumhdófaí coireacht fuatha le bunús dlí na ‘cibearchoireachta’. Le coiriúlú ilroinnte den chineál sin ní féidir aghaidh éifeachtach chuimsitheach a thabhairt ar na feiniméin seo atá nasctha go dlúth le chéile.
D’fhéadfaí a mheas go dtagann gníomhartha áirithe coireachta fuatha, faoi imthosca sonracha, faoi ‘sceimhlitheoireacht’, agus go gcáilíonn siad mar chion sceimhlitheoireachta, is é sin i gcás inar féidir rún sceimhlitheoireachta a shuí. Mar shampla, rún chun daonra a imeaglú go tromchúiseach. D’ainneoin aon fhorluí den chineál sin a d’fhéadfadh a bheith ann, ní bheidh feidhm ag ‘sceimhlitheoireacht’ agus ag an sainmhíniú ar chionta sceimhlitheoireachta maidir le gach cás coireachta fuatha, agus mar sin ní féidir é a úsáid chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a choiriúlú go cuimsitheach.
I bhfianaise an mhéid sin, is cosúil nach féidir cur chuige dlí coiriúil éifeachtach agus cuimsitheach i leith na bhfeiniméan sin a chumasú ar leibhéal an Aontais ach tríd an bhfuathchaint agus an choireacht fuatha a shainaithint mar réimse coireachta ar leith nua.
Ar an gcúis sin, is féidir a mheas go gcomhlíonann an tionscnamh seo ón gCoimisiún prionsabal na coimhdeachta, rud a dhealraíonn a bheith bunriachtanach maidir le comhlíonadh na gcritéar in Airteagal 83(1) CFAE. Thairis sin, tá an tionscnamh seo i gcomhréir leis an gcuspóir atá á iarraidh. Go háirithe, ní chruthaíonn sé féin aon ualach airgeadais nó riaracháin don Aontas, do rialtais náisiúnta, d’údaráis réigiúnacha nó áitiúla, d’oibreoirí eacnamaíocha ná do shaoránaigh.
5.Conclúid
Mar gheall ar a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha ar fud an Aontais, tá iarrachtaí agus tiomantas comhpháirteach ag teastáil.
Tríd an Teachtaireacht seo, iarrann an Coimisiún ar an gComhairle, le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, an tionscnamh seo a chur ar aghaidh agus cinneadh a dhéanamh maidir le liosta choireanna an Aontais a leathnú chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a chur san áireamh. Chuige sin, ag gabháil leis an Teachtaireacht tá tionscnamh ón gCoimisiún maidir le cinneadh ón gComhairle a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 83(1) CFAE.
Tar éis an cinneadh ón gComhairle a ghlacadh, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh chun an fhuathchaint agus an choireacht fuatha a choiriúlú ar leibhéal an Aontais. Agus aird ar leith á tabhairt ar na creataí reachtacha náisiúnta agus obair á déanamh i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le Parlaimint na hEorpa, molfaidh an Coimisiún freagairt láidir do na dúshláin atá ann de dheasca fuathchainte agus coireachta fuatha ar fud an Aontais sa lá atá inniu ann agus amach anseo.