Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021AB0040

Tuairim ón mBanc ceannais eorpach an 29 Nollaig 2021 maidir le togra le haghaidh rialacháin lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hintleacht shaorga (CON/2021/40) 2022/C 115/05

CON/2021/40

IO C 115, 11.3.2022, pp. 5–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/5


TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 29 Nollaig 2021

maidir le togra le haghaidh rialacháin lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hintleacht shaorga

(CON/2021/40)

(2022/C 115/05)

Réamhrá agus bunús dlí

An 3 Samhain 2021 fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarraidh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar thuairim maidir le togra (1) le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hintleacht shaorga (an Gníomh maidir le hIntleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha reachtacha áirithe de chuid an Aontais (dá ngairtear an “rialachán beartaithe” anseo feasta).

Is ar Airteagail 127(4) agus 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá inniúlacht BCE chun tuairim a thabhairt bunaithe, ós rud é go bhfuil forálacha sa rialachán beartaithe a thagann faoi réimsí inniúlachta BCE, go háirithe maidir le cúraimí BCE a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa de bhun Airteagal 127(6) den Chonradh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim sin.

1.   Barúlacha ginearálta

1.1.

Is mór ag BCE cuspóir an rialacháin bheartaithe feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos chun intleacht shaorga (artificial intelligence, AI) iontaofa a fhorbairt, a mhargú agus a úsáid i gcomhréir le luachanna an Aontais. Aithníonn BCE a thábhachtaí atá sé ceanglais chomhchuibhithe a leagan síos a bhaineann go sonrach le córais AI chun a áirithiú go ndéantar cúiseanna sáraitheacha leasa phoiblí amhail sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha a chosaint ar bhonn comhsheasmhach ardleibhéil.

1.2.

Admhaíonn BCE freisin a thábhachtaí atá nuálaíocht atá cumasaithe ag AI in earnáil na baincéireachta agus an tábhacht sin ag dul i méid. Agus an nádúr bunúsach trasteorann agus na deiseanna bunúsacha trasteorann a ghabhann le nuálaíocht AI i ngníomhaíochtaí baincéireachta á gcur san áireamh, tacaíonn BCE, mar an t-údarás maoirseachta stuamachta ar leibhéal an Aontais, go láidir leis an riachtanas cur chun feidhme comhchuibhithe an rialacháin bheartaithe ag institiúidí creidmheasa a áirithiú ó thaobh rioscaí agus ceanglais stuamachta. Ar an gcaoi chéanna, agus i bhfianaise thábhacht na hintleachta saorga agus an tábhacht sin atá ag dul i méid, iarrtar ar reachtóir an Aontais a mhachnamh a dhéanamh amach anseo ar an bhféidearthacht údarás neamhspleách AI a bhunú ar leibhéal an Aontais a bheidh freagrach as an rialachán beartaithe a chur i bhfeidhm go comhchuibhithe ar fud an mhargaidh aonair maidir le nithe a bhaineann go sonrach le sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha.

1.3.

Maidir le córais ardriosca AI arna soláthar nó arna n-úsáid ag institiúidí creidmheasa, tuigtear do BCE go ndéantar leis an rialachán beartaithe oibleagáidí áirithe a chomhtháthú leis na nósanna imeachta a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (dá ngairtear “CRD” anseo feasta). Is é is aidhm don rialachán beartaithe, go háirithe, comhsheasmhacht le CRD a fheabhsú trí chuid de bhainistiú riosca agus d’oibleagáidí rialachais na soláthraithe agus na n-úsáideoirí a chomhtháthú i gcóras rialachais inmheánaigh na n-institiúidí creidmheasa (3). Mar gheall ar úrnuacht agus coimpléascacht AI, agus ar chaighdeáin ardleibhéil an rialacháin bheartaithe, tá gá le tuilleadh treorach chun ionchais mhaoirseachta a shoiléiriú maidir leis na hoibleagáidí i ndáil le rialachas inmheánach.

1.4.

Is mór ag BCE go bhfuil ar intinn leis an rialachán beartaithe forluí leis an gcreat reachtach atá ann cheana a sheachaint trí roinnt dá fhorálacha a chuimsiú i bhforálacha ábhartha CRD (4). I ndáil leis an méid sin, is geal le BCE go measfar, maidir leis an oibleagáid atá ar sholáthraithe institiúidí creidmheasa a bhfuil córais ardriosca AI acu córas bainistithe cáilíochta a chur i bhfeidhm agus maidir leis an oibleagáid atá ar úsáideoirí institiúidí creidmheasa na gcóras ardriosca AI faireachán a dhéanamh ar oibriú an chórais, go bhfuil na hoibleagáidí sin á gcomhall trí na rialacha maidir le socruithe, próisis agus sásraí rialachais inmheánaigh a leagtar amach i bhforálacha ábhartha CRD a chomhlíonadh (5).

1.5.

Leagann BCE béim ar an bhfíoras gur cheart don rialachán beartaithe a bheith gan dochar do na hoibleagáidí stuamachta níos sonraí nó níos déine atá ar institiúidí creidmheasa agus a leagtar amach i rialáil earnála agus a fhorlíontar le treoraíocht mhaoirseachta. Mar shampla, cumhdaítear leis na hoibleagáidí rialachais inmheánaigh atá ar úsáideoirí institiúidí creidmheasa na gcóras AI faoi CRD (6) rialú éifeachtach ar shocruithe seachfhoinsithe, lena n-áirítear na rioscaí gaolmhara go léir a shainaithint, a mheasúnú agus a mhaolú, faoi threoir freisin a bhfuil sna Treoirlínte ó ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe (7). Cé go sanntar oibleagáidí difriúla do sholáthraithe agus d’úsáideoirí córais ardriosca AI leis an rialachán beartaithe, ní dhéantar idirdhealú den sórt sin sna Treoirlínte ó ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe i gcomhthéacs seachfhoinsiú a dhéantar idir soláthraithe tríú páirtí ar réitigh theicneolaíocha agus institiúidí creidmheasa. I ndáil leis sin, ní laghdaítear le seachfhoinsiú an oibleagáid atá ar na hinstitiúidí creidmheasa na ceanglais rialála a chomhlíonadh, agus tá an maoirseoir stuamachta fós inniúil ó thaobh maoirseacht a dhéanamh ar na rioscaí stuamachta a bhaineann le feidhmeanna seachfhoinsithe. I bhfianaise an mhéid sin, ba gheal le BCE tuilleadh soiléirithe a fháil maidir leis na ceanglais is infheidhme agus leis na húdaráis inniúla ó thaobh seachfhoinsiú córas ardriosca AI ag úsáideoirí institiúide creidmheasa.

1.6.

Ba cheart ról BCE faoin rialachán beartaithe a shoiléiriú, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas: (1) inniúlachtaí maoirseachta stuamachta BCE i gcoitinne, agus i ndáil le faireachas margaidh agus measúnú comhréireachta; agus (2) cur i bhfeidhm an rialacháin bheartaithe maidir le comhlíonadh chúraimí BCE faoin gConradh.

1.7.

Tá BCE tiomanta i gcónaí do chur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de i dtaca le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa. Is é an ról atá aige sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa a áirithiú, agus ardchaighdeán maoirseachta stuamachta a choimeád, beag beann ar aon réiteach teicneolaíoch ar leith a chur i bhfeidhm. Tá sé mar aidhm ag BCE cothrom iomaíochta a choimeád le haghaidh maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, ag cloí leis an treoirphrionsabal “an ghníomhaíochta chéanna, na rioscaí céanna, an mhaoirseacht chéanna” (8).

2.   Ról BCE faoin rialachán beartaithe

2.1.   Soiléiriú ar inniúlachtaí maoirseachta stuamachta BCE maidir le faireachas margaidh

2.1.1.

Foráiltear leis an rialachán beartaithe go mbeidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le córais AI a chumhdaítear leis an rialachán beartaithe (10), agus go dtuigfear go n-áirítear gach córas AI a thagann faoi raon feidhme an rialacháin bheartaithe le haon tagairt do tháirge faoi Rialachán (AE) 2019/1020 (11). Maidir leis sin, tugann BCE dá aire gurb é cuspóir Rialachán (AE) 2019/2020 feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh tríd an bhfaireachas margaidh ar tháirgí atá cumhdaithe ag reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a neartú chun a áirithiú nach gcuirfear ar mhargadh an Aontais ach táirgí comhlíontacha lena gcomhalltar ceanglais lena dtugtar ardleibhéal cosanta do leasanna an phobail, amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht i gcoitinne, an tsláinte agus an tsábháilteacht san ionad oibre, cosaint tomhaltóirí, cosaint an chomhshaoil agus an tslándáil phoiblí agus aon leas poiblí eile atá cosanta ag reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú (12).

2.1.2.

Sainmhínítear sa rialachán beartaithe an t-údarás um fhaireachas margaidh a dhéanann na gníomhaíochtaí agus na bearta de bhun Rialachán (AE) 2019/1020 (13). Le Rialachán (AE) 2019/1020, sainmhínítear, dá réir sin, an t-údarás um fhaireachas margaidh mar údarás arna ainmniú ag Ballstát faoi Rialachán (AE) 2019/1020 mar údarás atá freagrach as faireachas margaidh a dhéanamh ar chríoch an Bhallstáit sin (14). Ina theannta sin, soiléirítear in aithris 9 de Rialachán (AE) 2019/1020 gur cheart gurb iad na Ballstáit a bheadh freagrach as reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a fhorfheidhmiú, agus gur cheart ceangal a chur ar a n-údaráis um fhaireachas margaidh a áirithiú go gcomhlíonfar an reachtaíocht go hiomlán (15). Ar an mbonn sin, tuigtear do BCE nach údarás um fhaireachas margaidh é BCE faoin rialachán beartaithe.

2.1.3.

Foráiltear leis an rialachán beartaithe freisin, áfach, maidir le córais AI arna gcur ar an margadh, arna gcur i seirbhís nó arna n-úsáid ag institiúidí airgeadais arna rialú le reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, gurb é an t-údarás um fhaireachas margaidh, chun críche an rialacháin bheartaithe, an t-údarás ábhartha a bheidh freagrach as mhaoirseacht airgeadais a dhéanamh ar na hinstitiúidí sin faoin reachtaíocht sin (16). Ina theannta sin, soiléirítear in aithris 80 den rialachán beartaithe go n-áirítear i reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais rialacha agus ceanglais inmheánacha rialachais agus bainistithe riosca is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais rialáilte le linn na seirbhísí sin a sholáthar, lena n-áirítear nuair a bhaineann siad úsáid as córais AI. Soiléirítear ann freisin, chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhleanúnach na n-oibleagáidí faoin rialachán beartaithe agus na rialacha agus na gceanglas ábhartha de chuid reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais a áirithiú, gur cheart na húdaráis atá freagrach as maoirseacht agus forfheidhmiú na reachtaíochta seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear BCE i gcás inarb infheidhme, a ainmniú mar údaráis inniúla chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an rialacháin bheartaithe, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí faireachais margaidh, i ndáil le córais AI arna soláthar nó arna n-úsáid ag institiúidí airgeadais atá faoi rialáil agus faoi mhaoirseacht. I ndáil leis sin, déantar tagairt freisin don ghá le tuilleadh feabhais a chur ar an gcomhsheasmhacht idir an rialachán beartaithe agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa a rialáiltear faoi CRD.

2.1.4.

Faoi Airteagal 127(6) den Chonradh, féadfaidh an Chomhairle cúraimí sonracha a chur d’aon toil ar BCE maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar institiúidí airgeadais eile seachas gnóthais árachais. Ar an mbonn sin, le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (17) ón gComhairle (dá ngairtear “Rialachán SAM” anseo feasta) tugtar cúraimí sonracha do BCE i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, d’fhonn rannchuidiú le sábháilteacht agus fóntacht na n-institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais laistigh den Aontas agus de gach Ballstát, agus lánaird á tabhairt ar aontacht agus sláine an mhargaidh inmheánaigh agus dualgas cúraim á chomhlíonadh i leith an chéanna, bunaithe ar chóir chomhionann a chur ar institiúidí creidmheasa d’fhonn arbatráiste rialála a chosc (18). I ndáil leis an méid sin, is é BCE amháin atá inniúil, chun críocha maoirseachta stuamachta, chun a áirithiú go gcomhlíontar gach gníomh ábhartha de chuid an Aontais, lena bhforchuirtear ceanglais ar institiúidí creidmheasa próisis láidre bainistithe riosca agus sásraí láidre rialaithe inmheánaigh, inter alia, a bheith i bhfeidhm acu (19). Tá ról maoirseachta stuamachta BCE maidir leis sin teoranta dá áirithiú go gcuireann institiúidí creidmheasa beartais agus próisis chun feidhme chun a neamhchosaint ar riosca stuamachta a mheas agus a bhainistiú, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le gnéithe éagsúla de shamhlacha gnó, rialachas agus riosca oibríochtúil na mbanc, agus a eascraíonn as an úsáid a bhaintear as réitigh theicneolaíocha chun sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa agus cobhsaíocht an chórais airgeadais a áirithiú (20).

2.1.5.

Níl sé mar aidhm ag faireachas margaidh sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa a áirithiú, ach ina ionad sin dírítear ar leasanna daoine aonair a chosaint a bhféadfadh córais mhí-úsáideacha AI difear a dhéanamh dóibh trína áirithiú go gcomhlíonann na córais sin na ceanglais is gá chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do leasanna an phobail, amhail sláinte agus sábháilteacht daoine. Dá bhrí sin, tuigtear do BCE nach bhfuil sé i gceist ag reachtóir an Aontais go ngníomhóidh BCE mar údarás um fhaireachas margaidh i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa atá faoina mhaoirseacht faoin rialachán beartaithe. Tá an chonclúid sin i gcomhréir le haithrisí Rialachán SAM, lena soiléirítear go bhfuil na húdaráis náisiúnta inniúil chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú (21).

2.1.6.

Ar an mbonn sin, molann BCE gur cheart, chun bheith comhsheasmhach le hinniúlachtaí maoirseachta stuamachta BCE faoi Airteagal 127(6) den Chonradh agus de Rialachán SAM, a shoiléiriú gan aon débhrí i dtéacs an rialacháin bheartaithe nach bhfuil BCE á ainmniú mar údarás um fhaireachas margaidh agus nach bhfuil aon chúraimí faireachais margaidh á gcur ar a iontaoibh.

2.1.7.

Cé nach bhfuil cúraimí faireachais margaidh tugtha do BCE, b’fhéidir go ndéanfadh Ballstáit áirithe a machnamh ar údaráis inniúla náisiúnta a bhfuil baint acu le maoirseacht ar institiúidí creidmheasa a ainmniú mar údaráis atá freagrach as faireachas margaidh i gcomhthéacs an rialacháin bheartaithe, a mhéid a cheadaítear é sin lena sainordú agus ar a laghad a mhéid atá feidhm ag cúraimí faireachais margaidh maidir le cásanna ina gcuirtear córas AI i seirbhís chun a úsáide dílse. Maidir le húdaráis inniúla náisiúnta a bhfuil baint acu faoi láthair le maoirseacht ar institiúidí creidmheasa a ainmniú mar údaráis atá freagrach as faireachas margaidh den sórt sin, d’fhéadfaí a mheas go ndéanfaí comhleanúnachas agus cost-éifeachtúlacht na bhforthorthaí maoirseachta a choimirciú agus leas á bhaint fosta as an saineolas a bhaineann na húdaráis sin as a gcumhachtaí imscrúdaitheacha agus maoirseachta i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa.

2.1.8.

Ar deireadh, tugann BCE dá aire nach dtugtar aghaidh go leormhaith leis na forálacha maidir le faireachas margaidh sa rialachán beartaithe ar chásanna ina gcuirtear córas AI i seirbhís chun a úsáide dílse. Mar shampla, maidir le cumhacht na n-údarás um fhaireachas margaidh faoin rialachán beartaithe córas AI a athghairm nó a tharraingt siar, d’fhéadfadh sé nach n-éireodh leis an gcumhacht sin scor an chórais sin a thabhairt i gcrích i gcásanna úsáide dílse (22). Dá bhrí sin, iarrtar ar reachtóir an Aontais a shoiléiriú cé acu bearta sriantacha agus cumhachtaí gaolmhara de chuid na n-údarás inniúil ar cheart feidhm a bheith acu maidir le cásanna úsáide dílse.

2.2.   Soiléiriú ar inniúlachtaí maoirseachta stuamachta BCE i réimse an mheasúnaithe comhréireachta

2.2.1.

Foráiltear leis an rialachán beartaithe (23) gurb amhlaidh, maidir le córais ardriosca AI a bheartaítear a úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a shuíomh (24), agus a chuireann institiúidí creidmheasa ar an margadh nó i seirbhís, a dhéanfar measúnú comhréireachta mar chuid den phróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta (SREP) (25). Sainmhínítear sa rialachán beartaithe (26) gurb é atá sa mheasúnú comhréireachta an próiseas chun comhall na gceanglas éigeantach maidir le córais ardriosca AI a leagtar amach sa rialachán beartaithe (27) a fhíorú.

2.2.2.

Mar a tugadh faoi deara roimhe seo, thug an Chomhairle, faoi Airteagal 127(6) den Chonradh, cúraimí sonracha do BCE i ndáil le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, d’fhonn rannchuidiú, inter alia, le sábháilteacht agus fóntacht na n-institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais laistigh den Aontas agus de gach Ballstát (28). Chun nach rachaidh sé thar na cúraimí a thugtar dó leis an gConradh, cuireann BCE i bhfios go láidir go bhféadfadh sé a bheith in ann maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gceanglas ábhartha i gcomhthéacs SREP agus é ag díriú ar na rioscaí stuamachta a bhféadfadh institiúidí creidmheasa a bheith neamhchosanta orthu. I ndáil leis an méid sin, iarrtar ar reachtóir an Aontais a mheas a mhéid a d’fhéadfadh sé nach de chineál stuamachta roinnt gnéithe den mheasúnú comhréireachta a mhéid a bhaineann siad den chuid is mó le measúnú teicniúil ar chórais AI chun sláinte agus sábháilteacht daoine a choimirciú agus chun a áirithiú go n-urramaítear cearta bunúsacha tríd an riosca a bhaineann le próisis earráideacha nó chlaonta AI-chuidithe a íoslaghdú. Go háirithe, ceanglaítear le forálacha ábhartha an rialacháin bheartaithe go ndearfar nó go ndearfar agus go bhforbrófar córais ardriosca AI (1) ar bhonn tacair sonraí oiliúna, bhailíochtaithe agus thástála lena gcomhlíontar critéir cháilíochta áirithe i gcás ina mbaintear úsáid iontu as teicnící lena ngabhann oiliúint ar shamhlacha le sonraí; (2) a bhfuil cumais iontu lenar féidir teagmhais a thaifeadadh go huathoibríoch (“logaí”) chun go n-áirithítear leibhéal inrianaitheachta ar fheidhmiú an chórais ó thús deireadh a shaolré, ar leibhéal é atá oiriúnach don chríoch atá beartaithe dó; (3) ar bhealach lena n-áirithítear go ndéanfaidh daoine nádúrtha maoirseacht éifeachtach orthu, lena n-áirítear uirlisí comhéadain idir duine agus meaisín, chun na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair a úsáidtear córas ardriosca AI a chosc nó a íoslaghdú; agus (4) chun leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a bhaint amach (29). Mar a soiléiríodh in aithrisí an rialacháin bheartaithe, tá gá leis na ceanglais sin maidir le cáilíocht na dtacar sonraí a úsáidtear, le doiciméadacht theicniúil agus coimeád taifead, le trédhearcacht agus soláthar faisnéise d’úsáideoirí, le maoirseacht dhaonna, agus le stóinseacht, cruinneas agus cibearshlándáil chun rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha a mhaolú go héifeachtach (30).

2.2.3.

I bhfianaise an mhéid sin, iarrtar ar reachtóir an Aontais tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an ngá le húdaráis inniúla ábhartha a ainmniú mar údaráis inniúla ábhartha atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an measúnú comhréireachta arna dhéanamh ag institiúidí creidmheasa i gcásanna ina mbíonn nithe a bhaineann go sonrach le sláinte, le sábháilteacht agus le cearta bunúsacha i gceist, agus machnamh a dhéanamh ar an ngá atá le cur i bhfeidhm comhchuibhithe an rialacháin bheartaithe a áirithiú ar fud an mhargaidh aonair trí údarás AI a bhunú amach anseo ar leibhéal an Aontais.

2.2.4.

Ina theannta sin, tá ceanglais áirithe le haghaidh córais ardriosca AI nach bhfuil soiléir go hiomlán nó sonrach go leor chun tuiscint leordhóthanach a thabhairt ionas gur féidir bonn eolais a chur faoi na hionchais mhaoirseachta. Mar shampla, d’fhéadfadh sé gur gá tuilleadh soiléirithe a dhéanamh ar an gceanglas go gcaithfidh tacair sonraí oiliúna, bhailíochtaithe agus thástála a bheith ábhartha, ionadaíoch agus saor ó earráidí agus iomlán (31). I bhfianaise raon feidhme leathan an tsainordaithe a thugtar d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú (32) agus dá bhrí sin go bhféadfadh an baol a bheith ann go ndéanfaí na noirm a leagtar síos leis an rialachán beartaithe a lagú, ba cheart na ceanglais a bhaineann le córais ardriosca AI a leagtar amach sa rialachán beartaithe a bheith sách sonrach.

2.2.5.

Ar deireadh, tuigtear do BCE gur cuid de rialú inmheánach ex ante arna dhéanamh ag an institiúid creidmheasa é an measúnú comhréireachta le haghaidh córais AI arna soláthar ag institiúidí creidmheasa chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a shuíomh (33). I ndáil leis sin, ba cheart an rialachán beartaithe (34) a leasú chun cineál ex post an mheasúnaithe shonraigh a bheidh le déanamh ag an maoirseoir stuamachta mar chuid den SREP a léiriú.

2.3.   Soiléiriú ar inniúlachtaí maoirseachta stuamachta BCE, i gcoitinne

Ní fhéadfar a mheas gur údarás inniúil é BCE ach a mhéid is gá chun na cúraimí a thugtar dó faoi Rialachán SAM a chur i gcrích. Chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint i dtaobh an dtugann an rialachán beartaithe cúraimí nua do BCE, molann BCE, seachas tagairt a dhéanamh go díreach do BCE mar údarás inniúil, gur cheart tagairt a dhéanamh sa rialachán beartaithe d’údaráis inniúla mar a shainítear sna gníomhartha ábhartha de dhlí an Aontais, amhail CRD. De dhroim Rialachán SAM ansin mheasfaí gur údarás inniúil é BCE chun a chúraimí maoirseachta stuamachta a chomhlíonadh agus chuige sin amháin (35).

2.4.   Soiléiriú ar neamhspleáchas BCE i gcomhlíonadh a chúraimí faoin gConradh

Tuigtear do BCE go bhféadfadh sé féin, agus é ag gníomhú mar sholáthraí a chuireann córais AI ar an margadh nó a chuireann córais AI i seirbhís san Aontas, nó mar úsáideoir córas AI atá lonnaithe laistigh den Aontas, a bheith faoi réir an rialacháin bheartaithe (36). Is amhlaidh atá i gcás na mbanc ceannais náisiúnta (BCNanna). Foráiltear leis an rialachán beartaithe gurb amhlaidh, nuair a thagann institiúidí an Aontais faoina raon feidhme, atá an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) le gníomhú mar an t-údarás inniúil le haghaidh a maoirseachta agus mar a n-údarás um fhaireachas margaidh (37). D’fhéadfadh na BCNanna a bheith faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil náisiúnta (38). I ndáil leis sin, is den tábhacht é a chur i dtreis gur cheart do BCE agus do na BCNanna a bheith in ann na cúraimí a thugtar dóibh leis an gConradh a chur i gcrích go neamhspleách (39), mar shampla nuair a bhíonn úsáid á baint acu as aon feidhm intleachta saorga chun beartas airgeadaíochta a shainiú agus a chur chun feidhme agus chun oibriú rianúil córas íocaíochta a chur chun cinn (40). Ní mór a aithint, áfach, nach bhfágann neamhspleáchas CEBC i gcomhlíonadh a chúraimí go bhfuil sé díolmhaithe ó gach riail de dhlí an Aontais (41). Tuigtear do BCE go mbeadh aon mhaoirseacht a d’fhéadfaí a dhéanamh ar BCE ag MECS ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar na BCNanna ag na húdaráis inniúla náisiúnta teoranta do rialuithe cuí ar chóras AI do rialachas cuí an chórais sin, agus nach mbeadh sé i gceist ar bhealach ar bith cur isteach ar chumas BCE agus na BCNanna na cúraimí a thugtar dóibh leis an gConradh a chur i gcrích go neamhspleách.

3.   Aicmiú na gcóras AI

3.1.

Tá sé i gceist leis an rialachán beartaithe creat rialála comhréireach a áirithiú i ndáil lena chuspóirí trí chur chuige rioscabhunaithe a ghlacadh lena bhforchuirtear ualaí rialála ach amháin nuair is dócha go mbeidh rioscaí móra ag baint le córas AI do chearta bunúsacha agus don tsábháilteacht. Mar sin féin, leis an rialachán beartaithe, agus forbairtí amach anseo i dteicneolaíocht AI á dtuar, sainmhínítear ar bhealach leathan na bogearraí a cháilíonn mar chóras AI. Dá thoradh sin, córas AI is ea bogearraí arna bhforbairt chun aschuir amhail inneachar, tuartha, moltaí nó cinntí a ghiniúint, trí úsáid a bhaint as cineálacha cur chuige staitistiúla agus meaisínfhoghlama, chomh maith le modhanna cuardaigh agus optamaithe (42). Faoin sainmhíniú leathan sin cumhdaítear gníomhaíochtaí éagsúla arna ndéanamh ag institiúidí creidmheasa, go háirithe maidir le córais atá ceaptha chun scór creidmheasa daoine nádúrtha a shuíomh.

3.2.

Faoin rialachán beartaithe (43), bheadh formhór mór na ngníomhaíochtaí scórála creidmheasa ina mbaintear úsáid as córais AI faoi réir na n-íoscheanglas cothrománach a fhorchuirtear go huathoibríoch ar chórais ardriosca AI. Dá bhrí sin, ba ghá do roinnt gníomhaíochtaí, lena n-áirítear spriocaimsiú éadála le haghaidh margaíochta, samhaltú bailiúchán agus samhlacha scórála creidmheasa caighdeánacha (e.g. scórchárta ina mbaintear úsáid as cúlchéimniú loighisticiúil), na ceanglais chéanna a chomhlíonadh. Chun soiléireacht a fheabhsú in ionchais mhaoirseachta agus i gcomhréir le cur chuige BCE i dtaobh a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, moltar, i dtaca le córais AI a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha a mheas nó a scór creidmheasa a shuíomh agus ina ndéantar giaráil ar an úsáid neamhspleách a bhaintear as cúlchéimniú líneach nó loighisticiúil nó as crainn chinnteoireachta faoi mhaoirseacht dhaonna, nár cheart na córais aI sin a aicmiú mar chórais ardriosca AI, ar choinníoll gur miontionchar é an tionchar a bhíonn ag na cineálacha cur chuige sin ar mheasúnú ar acmhainneacht creidmheasa nó scór creidmheasa daoine nádúrtha.

3.3.

Ós rud é go ndéanann institiúidí creidmheasa gníomhaíochtaí scórála creidmheasa go rialta sa chleachtas ó lá go lá, molann BCE gur cheart moill a chur ar theacht i bhfeidhm ceanglas a bhaineann le cáiliú na gcóras AI a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha a mheas nó chun a scór creidmheasa a shuíomh mar “chórais ardriosca AI” go dtí go nglacfaidh an Coimisiún sonraíochtaí coiteanna (44) ar an ábhar. Ba cheart, go háirithe, go leagfaí amach go soiléir sna sonraíochtaí coiteanna sin na coinníollacha faoina measfar go bhfuil córais ardriosca AI sa réimse seo i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme, agus cathain ba cheart a mheas gur córais AI “arna gcur i seirbhís ag soláthraithe mionscála le haghaidh a n-úsáide féin” iad córais AI, agus iad a bheith, dá bhrí sin, faoi raon feidhme na heisceachta ón gcáiliú mar chóras ardriosca AI (45). I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart BCE a áireamh ar liosta na gcomhlachtaí a rachfar i gcomhairle leo sula nglacfar sonraíochtaí coiteanna den sórt sin, i gcás ina mbaineann siad le córais AI a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a shuíomh (46).

3.4.

Ar deireadh, is geal le BCE go bhféadfaí an liosta de chórais ardriosca AI a áirítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an rialachán beartaithe a thabhairt cothrom le dáta (47), agus tá sé réidh chun comhoibriú leis an gCoimisiún, agus dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, maidir le rioscaí breise féideartha ó chórais AI a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith ina riosca dochair don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó a d’fhéadfadh a bheith ina riosca drochthionchair ar chearta bunúsacha. Cé is moite de chórais AI a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar scór creidmheasa nó ar acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha, ní ainmnítear mar chórais ardriosca sa rialachán beartaithe córais eile a d’fhéadfadh institiúidí creidmheasa a chur i seirbhís. Mar sin féin, tá institiúidí creidmheasa ag forbairt nó ag cuimhneamh ar shamhaltú sonraí AI lena nasctar díolacháin, idirbhearta, agus sonraí feidhmíochta a fhorbairt agus a úsáid chun a áirithiú go mbeidh forléargas soiléir ann ar riosca iompair i réimse áirithe. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfaí córais AI a úsáid chun faireachán fíor-ama a dhéanamh ar íocaíochtaí, nó chun próifíliú a dhéanamh ar chliaint nó ar idirbhearta, chun críche frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta.

I gcás ina molann BCE go ndéanfaí an rialachán beartaithe a leasú, leagtar amach togra sonrach maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leithligh a mbeidh téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil le fáil i mBéarla ar EUR-Lex.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 29 Nollaig 2021.

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  COM(2021) 206 final.

(2)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(3)  Féach Airteagail 9(9), 18(2), 20(2) agus 29(5) den rialachán beartaithe agus Airteagal 74 de CRD.

(4)  Féach Airteagal 74 de CRD.

(5)  Féach Airteagal 17(3) agus Airteagal 29(4) den rialachán atá beartaithe.

(6)  Féach Airteagal 74 de CRD.

(7)  Féach Treoirlínte ÚBE maidir le Socruithe Forfhoinsithe (https://www.eba.europa.eu/regulation-and-policy/internal-governance/guidelines-on-outsourcing-arrangements).

(8)  Féach Andrea Enria, Cathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE, “A binary future? How digitalisation might change banking”, De Nederlandsche Bank, Amsterdam, 11 Márta 2019, le fáil ar shuíomh gréasáin BCE maidir le Maoirseacht ar Bhaincéireacht ag www.bankingsupervision.europa.eu.

(9)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus maidir le comhlíonadh ag táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42 (CE) agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(10)  Féach Airteagal 63(1) den rialachán beartaithe.

(11)  Féach Airteagal 63(1)(b) den rialachán beartaithe.

(12)  Féach Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2019/1020.

(13)  Féach Airteagal 3(26) den rialachán beartaithe.

(14)  Féach Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) 2019/1020.

(15)  Féach aithris 9 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(16)  Féach Airteagal 63(4) den rialachán beartaithe.

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(18)  Féach an chéad mhír d’Airteagal 1 de Rialachán SAM.

(19)  Féach Airteagal 4(1)(e) den Rialachán SAM.

(20)  Féach aithris 30 de Rialachán SAM, chomh maith le leathanaigh 53 agus 54 de “ESCB/European banking supervision response to the European Commission’s public consultation on a new digital finance strategy for Europe/FinTech action Plan” (Lúnasa 2020), atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE um Maoirseacht ar Bhaincéireacht.

(21)  Féach aithrisí 28 agus 29 de Rialachán SAM.

(22)  Féach Airteagal 3, pointí (16) agus (17), Airteagal 65(2), an dara fomhír, agus Airteagail 65(5) agus 67(1) den rialachán beartaithe.

(23)  Féach Airteagal 19(2) agus Airteagal 43(2) den rialachán beartaithe.

(24)  Féach pointe 5(b) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an rialachán atá beartaithe.

(25)  Déileáiltear le SREP in Airteagail 97 go 101 de CRD.

(26)  Féach Airteagal 3(20) den rialachán beartaithe.

(27)  Féach Airteagail 8 go 15 de Caibidil 2 de Theideal III den rialachán beartaithe.

(28)  Féach an chéad mhír d’Airteagal 1 de Rialachán SAM.

(29)  Féach Airteagail 10, 12, 14 agus 15 den rialachán beartaithe.

(30)  Féach aithris 43 den rialachán beartaithe.

(31)  Féach Airteagal 10(3) den rialachán beartaithe.

(32)  Féach Airteagal 40 agus aithris 61 den rialachán atá beartaithe.

(33)  Féach an chéad abairt d’Airteagal 43(2) agus Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an rialachán beartaithe.

(34)  Féach Airteagal 19(2) agus go háirithe an dara habairt d’Airteagal 43(2) den rialachán beartaithe.

(35)  Féach Airteagal 6 den Rialachán SAM.

(36)  Féach Airteagal 2 den rialachán beartaithe.

(37)  Féach Airteagal 59(8) agus Airteagal 63(6) den rialachán atá beartaithe.

(38)  Féach Airteagal 59(2) den rialachán beartaithe.

(39)  Féach Airteagal 130 den Chonradh.

(40)  Féach an chéad fhleasc agus an ceathrú fleasc d’Airteagal 127(2) den Chonradh.

(41)  Féach an breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Iúil 2003, C-11/00 Coimisiún na gComhphobal Eorpach v An Banc Ceannais Eorpach, ECLI:EU:C:2003:3, míreanna 130 go 135.

(42)  Féach Airteagal 3(1) agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán beartaithe.

(43)  Féach pointe 5(b) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an rialachán beartaithe.

(44)  Féach Airteagal 41(1) den rialachán beartaithe.

(45)  De bhun pointe 5(b) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an rialachán beartaithe.

(46)  Féach Airteagal 41(2) den rialachán beartaithe.

(47)  Féach Airteagal 7(1) den rialachán beartaithe.


Top