AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.10.2020
COM(2020) 960 final
2020/0299(BUD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Chróit agus don Pholainn i ndáil le tubaiste nádúrtha agus chun foráil a dhéanamh maidir le hairleacain a íoc leis an gCróit, le hÉirinn, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an bPortaingéil, leis an Spáinn agus leis an Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Comhthéacs an togra
Cumhdaítear leis an gcinneadh seo slógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CDAE’ anseo feasta) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle (dá ngairtear ‘an Rialachán’ anseo feasta) le haghaidh méid EUR 823 548 633 chun cúnamh a thabhairt don Chróit agus don Pholainn de thoradh tubaistí nádúrtha a tharla sna tíortha sin le linn 2020, agus le haghaidh airleacain do 7 mBallstát (an Chróit, Éire, an Ghearmáin, an Ghréig, an Phortaingéil, an Spáinn, an Ungáir) chomh maith mar fhreagairt ar an mór-éigeandáil sláinte poiblí a bhí ann de dheasca phaindéim COVID‑19 go luath in 2020. Tá ag gabháil leis an slógadh sin Dréachtbhuiséad Leasaitheach (DBL) Uimh. 9/2020 lena moltar na leithreasuithe is gá a chur isteach i mbuiséad ginearálta 2020, idir ghealltanais agus íocaíochtaí.
2.Faisnéis agus coinníollacha
2.1An Chróit - crith talún a d’fhág a lorg ar chathair Shágrab agus contaetha Shágrab agus Krapina-Zagorje i mí an Mhárta 2020
(1)An 10 Meitheamh 2020 chuir Poblacht na Cróite (dá ngairtear ‘an Chróit’ anseo feasta) iarratas isteach ar ranníocaíocht ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis chrith talún an 22 Márta 2020, crith talún a d’fhág a lorg ar chathair Shágrab agus ar chontaetha Shágrab agus Krapina-Zagorje.
(2)Cuireadh an t‑iarratas isteach laistigh den tréimhse dhá sheachtain déag tar éis an chéad damáiste a rinne an tubaiste agus tá an fhaisnéis go léir ann a cheanglaítear faoi Airteagal 4 den Rialachán.
(3)Is de bhunús nádúrtha an crith talún, agus dá bhrí sin tagann sé faoi raon feidhme CDAE.
(4)De réir mheastachán údaráis na Cróite, is é EUR 11 572 586 387 méid iomlán an damáiste dhírigh a rinneadh. 22.9 % d’Ollioncam Náisiúnta (OIN) na Cróite atá sa mhéid sin, agus sáraíonn sé an tairseach i gcás mórthubaistí lena slógtar EUR 303.3 mhilliún (0.6 % d’OIN na Cróite in 2020) chun CDAE. Dá bhrí sin, is ‘mórthubaiste nádúrtha’ í an tubaiste agus tagann sé mar sin faoi raon feidhme an Rialacháin.
(5)Is é an damáiste díreach iomlán a rinneadh is bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála mar a shainítear in Airteagal 3 den Rialachán.
(6)Rinne seirbhísí an Choimisiúin mionscrúdú ar an iarratas i gcomhréir leis an Rialachán, go háirithe le hAirteagail 2, 3 agus 4 de. An 17 Iúil 2020, d’iarr an Coimisiún ar an gCróit faisnéis chomhlántach maidir leis an modheolaíocht a úsáideadh chun meastachán a thabhairt ar an gcostas a bhainfeadh le foirgnimh chónaithe agus saoráidí oideachais a dheisiú. Chuir an Chróit an fhaisnéis sin ar fáil go cuí an 28 agus an 31 Iúil 2020, rud a d’fhág go raibh an Coimisiún in ann a mheasúnú a thabhairt chun críche.
(7)San iarratas, rinne údaráis na Cróite cur síos mionsonraithe ar an méid a tharla agus ar an damáiste a rinneadh. I measc na limistéar is mó a bualadh, tá Cathair Shágrab agus na contaetha Shágrab agus Krapina-Zagorje, a bhfuil 1.23 milliún áitritheoir ann, agus tá 1.18 milliún acu ina gcónaí sna bardais agus sna cathracha inar fógraíodh staid na tubaiste nádúrtha. Shroich an crith talún 5.5 ar scála Richter, rud a d’fhág go raibh sé ar an gcrith talún is láidre a bhuail Ságreb ó bhí 1880 ann. Gortaíodh 27 nduine agus fuair duine amháin bás mar gheall ar na gortuithe.
(8)Rinne an crith talún damáiste mór struchtúrtha don stoc foirgneamh, go háirithe d’fhoirgnimh chónaithe agus phoiblí (i.e. saoráidí oideachais, ospidéil, foirgnimh institiúidí). Mheas údaráis na Cróite go ndearnadh damáiste do 26 000 foirgneamh (thart ar 5 % díobh a ndearnadh damáiste mór orthu, 20 % a ndearnadh damáiste measartha orthu agus 74 % a ndearnadh miondamáiste orthu). Meastar go bhfuil 30 000 duine easáitithe; chuir rialtas na Cróite fóirdheontais ar fáil dóibh chun cóiríocht shealadach a fháil ar cíos.
(9)Tá damáiste mór déanta ag an gcrith talún d’fhormhór na bhfoirgneamh laistigh de choimpléasc uirbeach stairiúil Chathair Shágrab agus do réadmhaoin indibhidiúil dhochorraithe chultúrtha, eaglaisí den chuid is mó, atá suite i gceantar na cathrach ar fad agus sna contaetha comharsanachta. Thit ceann de dhá spuaic na hardeaglaise, an suíomh cultúrtha is mó aithne i Ságreb. Bhí tionchar díreach ag an gcrith talún ar níos mó ná 80 % d’fhoirgnimh ospidéil agus measadh 17 % acu a bheith as feidhm go sealadach nó go buan. Rinne an crith talún damáiste do go leor saoráidí oideachais. De réir an chéad mheasúnaithe, rinneadh damáiste do 106 fhoirgneamh a bhí beartaithe don réamhscolaíocht, 214 fhoirgneamh scoile agus lárionad oideachais agus 12 shuanlios daltaí. Ina theannta sin, thuairiscigh 36 chomhaonad de chuid Ollscoil Shágrab go ndearnadh damáiste do 142 fhoirgneamh. Rinneadh dochar freisin do na foirgnimh ina raibh 29 n‑institiúid eolaíocha. Tá faisnéis mhionsonraithe maidir leis an damáiste foriomlán, an costas a bhaineann leis, chomh maith le tionchar socheacnamaíoch na tubaiste ar fáil sa Tuarascáil “Croatia Earthquake. Rapid Damage and Needs Assessment 2020”, a d’ullmhaigh Rialtas na Cróite, le tacaíocht ón mBanc Domhanda.
(10)Leis an measúnú neamhspleách a rinne seirbhísí an Choimisiúin deimhníodh an limistéar a bualadh chomh maith le líon foriomlán an daonra neamhchosanta a dearbhaíodh san iarratas. In anailís thiomnaithe ar na damáistí i sócmhainní poiblí agus i bhfoirgnimh chónaithe dearbhaíodh dáileadh spásúil na ndamáistí agus na figiúirí sonracha a bhaineann leis an damáiste a rinneadh do shaoráidí oideachais. Arna iarraidh sin do sheirbhísí an Choimisiúin, fuarthas tuiscint níos fearr ar thionscnamh na gcostas foriomlán a soláthraíodh san iarraidh de bharr na faisnéise comhlántaí a chuir an Chróit ar fáil. Tríd an gcostas sin a úsáid i modheolaíocht mheastachán chostais an Choimisiúin, modheolaíocht a d’fhorbair an Comhionad Taighde, tá an damáiste díreach iomlán a tháinig dá bharr laistigh d’ord méide an damáiste a mheas údaráis na Cróite.
(11)Ba é EUR 2 270.1 milliún meastachán na Cróite ar chostas na n‑oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh is incháilithe faoi Airteagal 3(2) den Rialachán agus cuireadh i láthair é agus é miondealaithe de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann an sciar is mó leis na costais a bhaineann leis an mbonneagar a athbhunú, go háirithe an bonneagar oideachais agus sláinte agus an chóiríocht shealadach.
(12)Dhearbhaigh údaráis na Cróite nach ann d’aon chumhdach árachais ar na costais incháilithe.
(13)San iarratas a rinne an Chróit an 10 Meitheamh 2020, d’iarr sí go n‑íocfaí airleacan mar a leagtar síos in Airteagal 4a den Rialachán. An 10 Lúnasa 2020, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 5575 chun airleacan EUR 88 951 877 a dhámhachtain ó CDAE agus d’íoc sé sin leis an gCróit ina dhiaidh sin.
(14)I dtaca le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú, níl aon nós imeachta um shárú ar siúl faoi láthair.
(15)Leagtar amach le hAirteagal 47a de na Leasuithe ar Acht Foirgníochta na Cróite, a tháinig i bhfeidhm an 28 Nollaig 2019, an oibleagáid chun straitéis fhadtéarmach a ghlacadh chun athchóiriú a dhéanamh ar an gciste náisiúnta foirgneamh, lena n‑áirítear beartais agus bearta a rannchuidíonn le cosaint a mhéadú i gcoinne rioscaí a bhaineann le creathanna talún a mbíonn tionchar acu ar shaolré foirgneamh.
2.2An Pholainn‑ tuilte i gCúige Podkarpackie i mí an Mheithimh 2020
(1)An 24 Lúnasa 2020 chuir Poblacht na Polainne (dá ngairtear ‘an Pholainn’ anseo feasta) iarratas isteach ar ranníocaíocht ó CDAE maidir leis na tuilte i gCúige Podkarpackie i mí an Mheithimh 2020.
(2)Cuireadh an t‑iarratas isteach laistigh den tréimhse dhá sheachtain déag tar éis an chéad damáiste a rinne an tubaiste agus tá an fhaisnéis go léir ann a cheanglaítear faoi Airteagal 4 den Rialachán.
(3)Is de bhunús nádúrtha iad na tuilte báistiúla, agus dá bhrí sin tagann siad faoi raon feidhme CDAE.
(4)Leis an iarratas, léiríodh an tubaiste mar ‘thubaiste nádúrtha réigiúnach’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(3) den Rialachán, is é sin aon tubaiste nádúrtha i réigiún ar leibhéal NUTS 2 de Stát incháilithe as a n‑eascraíonn damáiste díreach atá os cionn 1.5 % de OTI an réigiúin sin. De réir mheastacháin údaráis na Polainne, is é EUR 282 851 202 mhilliún méid an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh. An damáiste a rinneadh, is 1.56 % de OTI Podkarpackie é, an réigiún ar leibhéal NUTS 2 lena mbaineann, agus dá bhrí sin sáraíonn sé an tairseach EUR 270 961 950 (1.5 % de OTI réigiúnach). Dá bhrí sin, tá an t‑iarratas ón bPolainn incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó CDAE.
(5)Is é an damáiste díreach iomlán a rinneadh is bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála mar a shainítear in Airteagal 3 den Rialachán.
(6)Níor iarr an Pholainn go n‑íocfaí airleacan.
(7)Rinne seirbhísí an Choimisiúin mionscrúdú ar an iarratas i gcomhréir leis an Rialachán, go háirithe le hAirteagail 2, 3 agus 4 de. An 3 Meán Fómhair 2020, d’iarr an Coimisiún ar an bPolainn faisnéis fhorlíontach a chur ar fáil maidir le briseadh síos níos mionsonraithe i ndáil leis na cineálacha damáiste (fo-ítimí) a áirítear faoi dhamáistí do ghnólachtaí, don talmhaíocht agus don fhoraoiseacht. Chuir an Pholainn an fhaisnéis sin ar fáil go cuí an 7 Meán Fómhair 2020, ionas go raibh ar chumas an Choimisiúin a mheasúnú a thabhairt chun críche.
(8)Déantar cur síos mionsonraithe san iarratas ar an an méid a tharla agus ar an damáiste a rinneadh. Is i bhfoirm frontaí stoirme foréigneacha le siotaí gaoithe agus báisteach throm, idir an 7 Meitheamh 2020 agus an 29 Meitheamh 2020, a tharla an tsraith teagmhas meitéareolaíochta ar fud i gCúige Podkarpackie ar fad. Is é an deisceart, an t‑iardheisceart, an t‑oirdheisceart agus an chuid lárnach den Chúige, den chuid is mó, a bhí buailte ag na maidhmeanna tuile báistiúla a tháinig as sin. De dheasca na báistí troime, ardaíodh leibhéal an uisce go tapa i srutháin bheaga agus i gcraobh‑aibhneacha na bpríomhaibhneacha agus chuaigh siad thar bruach, agus dá bharr sin bhuail maidhmeanna tuile níos mó ná 2 000 foirgneamh cónaithe, foirgneamh feirmeoireachta agus foirgneamh fóntais phoiblí. Le linn na tréimhse sin d’fhreagair aonaid na Seirbhíse Dóiteáin Stáit agus na Seirbhíse Dóiteáin Deonaí 4 569 gcás san iomlán, cásanna a bhain le coróin na gclaífort tuilte abhann a threisiú agus a ardú, daoine agus réadmhaoin a aslonnú (aslonnaíodh níos mó ná 400 duine), uisce a chaidéalú amach ó fhoirgnimh, tóchair a leathnú chun bóithre a dhraenáil, crainn agus craobhacha leagtha a bhaint. San iomlán, chaill thart ar 4 300 duine rochtain ar leictreachas go sealadach.
(9)De dheasca na dtuilte, scriosadh nó rinneadh damáiste do thart ar 251 km de sruthchúrsaí rialáilte nó neamhrialáilte. Ba iad na tuilte ba chúis le damáiste a rinneadh do bhonneagar líonra agus do ghnólachtaí a oibríonn sa limistéar a bhí buailte; scriosadh nó tugadh ar shiúl a lán láithreáin táirgthe, hallaí stórála, innealraí agus trealaimh. Bhain damáiste suntasach do níos mó ná 2 000 feirmeoir, damáiste a chuimsigh limistéar barr thart ar 9 000 heicteár agus rinneadh damáiste do go leor foirgnimh feirme agus innealra.
(10)Ba é EUR 216 180 849 meastachán na Polainne ar chostas na n‑oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh is incháilithe faoi Airteagal 3(2) den Rialachán agus cuireadh i láthair é agus é miondealaithe de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann an sciar is mó de leis na costais maidir le bonneagar taistil a thabhairt ar ais chun feidhme, bonneagar coisctheach a dhaingniú agus criosanna nádúrtha atá buailte a athbhunú láithreach chun éifeachtaí láithreacha chreimeadh na hithreach a sheachaint.
(11)Dhearbhaigh údaráis na Polainne nach bhfuil aon chumhdach árachais ann ar na costais incháilithe.
(12)I dtaca le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú, níl aon nós imeachta um shárú ar siúl faoi láthair.
2.3An Chróit, Éire, an Ghearmáin, an Ghréig, an Phortaingéil, an Spáinn, an Ungáir – mór-éigeandáil sláinte poiblí a tharla de dheasca phaindéim COVID‑19 go luath in 2020
I mí na Nollag 2019, tuairiscíodh eipidéim niúmóine de bhunús anaithnid do EDS ó Wuhan na Síne. Níos déanaí sainaithníodh é mar thréithchineál nua de choróinvíreas nach bhfacthas roimhe sin sa duine daonna – galar Coróinvíreas 2019 (COVID‑19) – galar tógálach arb é coróinvíreas géarshiondróm trom riospráide 2 (SARS‑CoV-2) is cúis leis. Níl aon imdhíonacht ar fáil don phobal i gcoinne an víris nua atá tagtha chun cinn. Scaiptear an víreas ó dhuine go duine trí ionfhabhtú braoiníneach, agus tagann líon mór cásanna chun cinn sách tapa a mbaineann, go príomha, comharthaí riospráide leo dá bharr. An 30 Eanáir 2020, dhearbhaigh EDS éigeandáil eipidéime ar scála idirnáisiúnta de dheasca eipidéim nua an choróinvíris.
In 2020 mar chuid den Tionscnamh Infheistíochta Freagartha don Choróinvíreas (CRII), leasaíodh an Rialachán chun go bhféadfadh an tAontas gníomhaíocht chuimsitheach a dhéanamh mar fhreagairt ar mhór-éigeandálaí sláinte poiblí trí éigeandálaí sláinte poiblí a chur san áireamh faoi raon feidhme phrionsabal dlúthpháirtíochta an Aontais.
Dá éis sin, faoi spriocdháta an 24 Meitheamh 2020 fuair an Coimisiún 22 iarratas le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ón gCiste, iarratais a bhain leis an mór-éigeandáil sláinte poiblí a tharla de dheasca phaindéim COVID‑19 go luath in 2020.
(1)Ar an iomlán, tá cúnamh iarrtha ag 19 mBallstát (an Bheilg, an Chróit, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóivéin, an Spáinn agus an Ungáir) agus trí thír aontachais (an Albáin, Montainéagró agus an tSeirbia).
(2)D’iarr 7 mBallstát ina n‑iarratais go n‑íocfaí airleacan maidir leis an ranníocaíocht a raibh siad ag súil léi ó CDAE (an Chróit, Éire, an Ghearmáin, an Ghréig, an Phortaingéil, an Spáinn agus an Ungáir). Beartaítear sa Rialachán nach féidir ach na Ballstáit réamhíocaíochtaí a iarraidh faoi CDAE.
(3)Is mór-éigeandáil sláinte poiblí í paindéim COVID‑19 agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(4)Tá réamh‑mheasúnú déanta ag seirbhísí an Choimisiúin ar na hiarratais a fuair siad ó na 7 mBallstát thuasluaite agus tháinig siad ar an gconclúid go gcomhlíonann na 7 n‑iarratas na coinníollacha maidir le hairleacan a íoc ó CDAE.
(5)Bunaítear le hAirteagal 4a, mír 4 den Rialachán gur féidir airleacan nach mó ná 25 % de mhéid na ranníocaíochta airgeadais lena bhfuiltear ag súil, agus nach mó ná EUR 100 milliún in aon chás, a íoc. Ó tharla gur ídíodh cheana féin na leithreasuithe le haghaidh réamhíocaíochtaí CDAE a bhí ar fáil i dtús báire i mbuiséad 2020, molann an Coimisiún na hacmhainní breise is gá a shlógadh, faoi réir uasteorainn bhliantúil a leagtar síos do CDAE.
(6)Ar bhonn an réamh‑mheasúnaithe, bhunaigh seirbhísí an Choimisiúin an caiteachas iomlán, ar glacadh leis go sealadach, i gcás na Cróite, na hÉireann, na Gearmáine, na Gréige, na Portaingéile, na Spáinne agus na hUngáire chun an réamhíocaíocht a chinneadh agus chun na críche sin amháin. I gcás inar aithníodh go raibh cuid den chaiteachas neamh‑incháilithe, baineadh an méid ón iomlán. Le híocaíocht an airleacain, ní dhéantar réamhbhreith ar thorthaí an mheasúnaithe iomláin a dhéanfaidh seirbhísí an Choimisiúin.
(7)Ba cheart méid an airleacain a chur san áireamh sula n‑íocfar iarmhéid na ranníocaíochta leis an Stát is tairbhí.
(8)Airleacain a íocadh go míchuí, ba cheart don Choimisiún iad a aisghabháil.
(9)Is é an Stát is tairbhí atá freagrach as oibríochtaí aonair a roghnú agus as an airleacan ar an ranníocaíocht ó CDAE a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 3, Airteagal 5(3) agus Airteagal 6 den Rialachán.
Mar chríoch, i dtaca leis na coinníollacha maidir le réamhíocaíocht a íoc leis an gCróit, le hÉirinn, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an bPortaingéil, leis an Spáinn agus leis an Ungáir tá na coinníollacha sin á gcomhlíonadh ag gach ceann de na 7 n‑iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE i ndáil leis an mór-éigeandáil sláinte poiblí a bhí ann de dheasca phaindéim COVID‑19 go luath in 2020.
2.4Conclúid
Na tubaistí dá dtagraítear sna hiarratais a chuir an Chróit agus an Pholainn isteach agus na 7 n‑iarratas a bhain le paindéim COVID‑19, comhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán mar gheall ar na cúiseanna a leagtar amach thuas.
3.Maoiniú ó leithdháiltí CDAE 2020
Le Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (dá ngairtear ‘Rialachán CAI’ anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 10 de, féadfar CDAE a shlógadh, faoi réir uasteorainn bhliantúil EUR 500 000 000 (de réir phraghsanna 2011). Le pointe 11 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (IIA) leagtar síos na módúlachtaí le haghaidh CDAE a shlógadh.
Ós rud é gurbh í an dlúthpháirtíocht, den chuid is mó, ba bhonn dlisteanachta do bhunú CDAE, tá an Coimisiún den tuairim gur cheart an chabhair a bheith ina cabhair fhorásach. Is éard a chiallaíonn sé sin, de réir an chleachtais go nuige seo, gur cheart gur dhlúithe an chabhair a thabharfaí mar fhreagairt ar an gcion sin den damáiste is mó ná tairseach ‘an mhór-thubaiste nádúrtha’ le haghaidh CDAE a shlógadh (i.e. 0.6 % den OIN nó EUR 3 bhilliún i bpraghsanna 2011, cibé acu méid is lú), ná an chabhair a thabharfaí mar fhreagairt ar dhamáiste a bheadh ar an tairseach sin nó faoin tairseach sin. Is é an ráta a cuireadh i bhfeidhm roimhe seo chun leithdháiltí a shainiú do mhórthubaistí 2.5 % den damáiste díreach iomlán, faoin tairseach, agus 6 % don chuid den damáiste atá os cionn na tairsí. I gcás tubaistí réigiúnacha agus tubaistí a nglactar leo faoin bhforáil maidir le ‘tír chomharsanachta’, is é 2.5 % an ráta.
Ní fhéadfaidh an ranníocaíocht a bheith níos mó ná costas iomlán measta na n‑oibríochtaí incháilithe. Leagadh amach an mhodheolaíocht chun an chabhair a ríomh i dTuarascáil Bhliantúil CDAE 2002-2003, agus ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa léi.
Ar bhonn na n‑iarratas ón gCróit agus ón bPolainn, is mar seo a leanas atá ríomh na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE, bunaithe ar an meastachán ar chostas iomlán an damáiste dhírigh a rinneadh:
|
Na Ballstáit
|
Cáiliú na tubaiste
|
Damáiste díreach iomlán
(EUR milliún)
|
Tairseach atá curtha i bhfeidhm i gcás tubaiste réigiúnach
[1.5 % de OTI/
1 % de OTI le haghaidh na réigiún is forimeallaí]
(EUR milliún)
|
Tairseach i gcás mórthubaistí
(EUR milliún)
|
2.5 % den damáiste díreach suas go dtí an tairseach
(EUR)
|
6 % den damáiste díreach os cionn na tairsí
(EUR)
|
Méid iomlán na cabhrach atá beartaithe
(EUR)
|
Airleacain arna n‑íoc
(EUR)
|
|
AN CHRÓIT
|
Mór
(Airt. 2(2))
|
11 572,586
|
-
|
303,276
|
7 581 900
|
676 158 623
|
683 740 523
|
88 951 877
|
|
AN PHOLAINN
|
Réigiúnach
(Airt. 2(3))
|
282,851
|
270,962
|
-
|
7 071 280
|
-
|
7 071 280
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
690 811 803
|
|
I gcás mór-éigeandálaí sláinte poiblí, cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm an modh céanna a úsáidtear i gcás tubaistí nádúrtha chun méideanna cabhrach a chinneadh. Dá réir sin, faigheann tír 2.5 % de mhéid iomlán an chaiteachais incháilithe freagartha poiblí nach mó ná méid na tairsí tír-shonraí le haghaidh mór-éigeandálaí sláinte, móide 6 % den chuid den chaiteachas poiblí a sháraíonn an tairseach. I gcás ina dtiocfaidh den ríomh sin méid iomlán le haghaidh na dtíortha uile a sháraíonn na leithreasuithe buiséid atá ar fáil, laghdófar na méideanna in aghaidh gach tíre ar bhonn pro rata.
Agus é bunaithe ar réamh‑mheasúnú ar na hiarratais ó na 7 dtír a d’iarr réamhíocaíocht, bhunaigh an Coimisiún an caiteachas iomlán ar glacadh leis go sealadach don Chróit, d’Éirinn, don Ghearmáin, don Ghréig, don Phortaingéil, don Spáinn agus don Ungáir maidir le héigeandáil sláinte COVID‑19 chun an réamhíocaíocht a chinneadh agus chun na críche sin amháin, mar a leanas:
|
Stát iarrthach
|
Caiteachas díreach poiblí iomlán a éilíodh
(EUR)
|
Caiteachas iomlán ar ghlac an CE leis go sealadach
(EUR)
|
Tairseach mór-éigeandálaí sláinte curtha i bhfeidhm
(EUR milliún)
|
2.5 % den damáiste díreach iomlán go dtí tairseach mór-éigeandáil sláinte poiblí
(EUR)
|
6% de dhamáiste dhíreach atá os cionn thairseach na mór-éigeandála sláinte poiblí
(EUR)
|
Méid an chúnaimh a d’fhéadfaí a thabhairt
(EUR)
|
Réamhíocaíocht 25 %
(EUR)
|
|
An Chróit
|
658 771 839
|
652 607 470
|
151,638
|
3 790 950
|
30 058 168
|
33 849 118
|
8 462 280
|
|
An Ghearmáin
|
2 079 000 000
|
2 079 000 000
|
1 792,639
|
44 815 975
|
17 181 660
|
61 997 635
|
15 499 409
|
|
An Ghréig
|
623 925 000
|
623 925 000
|
551,220
|
13 780 500
|
4 362 300
|
18 142 800
|
4 535 700
|
|
An Ungáir
|
1 997 208 000
|
1 997 208 000
|
385,263
|
9 631 575
|
93 944 140
|
106 348 275
|
26 587 069
|
|
Éire
|
1 997 000 000
|
1 997 000 000
|
762,921
|
19 073 025
|
74 044 740
|
93 117 765
|
23 279 441
|
|
An Phortaingéil
|
3 470 870 000
|
2 850 870 000
|
598,233
|
14 955 825
|
103 198 020
|
150 114 045
|
37 528 511
|
|
An Spáinn
|
15 750 543 061
|
2 168 667 388
|
1 792,639
|
44 815 975
|
22 561 703
|
67 377 678
|
16 844 420
|
|
IOMLÁN
|
132 736 830
|
Is é EUR 597 546 284 (i.e. EUR 500 milliún de réir phraghsanna 2011) an leathdháileadh bliantúil atá ar fáil do CDAE in 2020. Ina theannta sin, níor úsáideadh méid EUR 552 977 761 de leithdháileadh 2019 faoi dheireadh na bliana sin agus tugadh anonn go dtí 2020 é.
I gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán CAI, ní mór 25 % de leithdháileadh bunaidh 2020 (EUR 149 386 571) a choinneáil go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2020, ach beidh sé ar fáil ón dáta sin. Dá bhrí sin, is é EUR 1 150 524 045 an t‑uasmhéid a bheidh ar fáil faoin gCiste Dlúthpháirtíochta do bhliain iomlán 2020.
Tar éis Cinneadh maidir le Slógadh a dhéanamh in 2020, cuireadh CDAE á shlógadh cheana féin le haghaidh na 4 iarratas seo a leanas, rud a laghdaigh na hinfhaighteachtaí foriomlána don bhliain atá fágtha:
|
Tubaiste
|
Méid iomlán na cabhrach atá beartaithe
(EUR)
|
|
AN PHORTAINGÉIL – hairicín Lorenzo 2019 (tubaiste réigiúnach)
|
8 212 697
|
|
AN SPÁINN – adhaimsir DANA 2019 (tubaiste réigiúnach)
|
56 743 358
|
|
AN IODÁIL – crua-aimsir 2019 (mórthubaiste)
|
211 707 982
|
|
AN OSTAIR – crua-aimsir 2019 (tubaiste chomharsanachta)
|
2 329 777
|
|
IOMLÁN
|
278 993 814
|
Dá bhrí sin, is é EUR 871 530 231 an t‑uasmhéid atá ar fáil faoi CDAE ag an bpointe seo in 2020 agus is leor an méid sin chun na riachtanais faoin gCinneadh seo um Shlógadh a chumhdach mar a luaitear thuas (EUR 823 548 633, ar bhain EUR 683 740 523 de leis an gcrith talún sa Chróit, EUR 7 071 280 leis na tuilte sa Pholainn agus EUR 132 736 830 le haghaidh réamhíocaíochtaí i leith iarratais a bhaineann le COVID‑19).
|
An méid atá ar fáil faoi láthair faoin gCiste Dlúthpháirtíochta:
|
|
|
Leithdháileadh bliantúil 2020
|
EUR 597 546 284
|
|
Móide an sciar sin den leithdháileadh le haghaidh 2019 nár caitheadh agus a tugadh anonn go 2020
|
+EUR 552 977 761
|
|
[25% de leithdháileadh 2020 le coinneáil go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2020]
|
[EUR 149 386 571]
|
|
Lúide méid iomlán na cabhrach atá beartaithe do PT (Hairicín Lorenzo), ES (adhaimsir DANA 2019), IT (crua-aimsir 2019) agus AT (drochaimsir 2019)
|
-EUR 278 993 814
|
|
An méid atá ar fáil ó mhí Eanáir go mí Mheán Fómhair 2020
|
EUR 722 143 660
|
|
An t‑uasmhéid atá ar fáil faoi láthair
|
EUR 871 530 231
|
|
An méid iomlán a bheartaítear a shlógadh don Chróit, don Pholainn agus do na hairleacain i gcás COVID‑19
|
-EUR 823 548 633
|
|
Infhaighteachtaí atá fágtha go dtí an 31/12/2020
|
EUR 47 981 598
|
2020/0299 (BUD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Chróit agus don Pholainn i ndáil le tubaiste nádúrtha agus chun foráil a dhéanamh maidir le hairleacain a íoc leis an gCróit, le hÉirinn, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an bPortaingéil, leis an Spáinn agus leis an Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus go háirithe pointe 11 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) cur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a mbuaileann tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha iad nó mór-éigeandáil sláinte poiblí.
(2)Ní fhéadfaidh an Ciste dul thar uasmhéid bliantúil EUR 500 000 000 (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle.
(3)An 10 Meitheamh 2020, chuir an Chróit iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis an chreatha talún i mí an Mhárta 2020 a bhuail cathair Shágrab agus contaetha Shágrab agus Krapina-Zagorje.
(4)An 24 Lúnasa 2020, chuir an Pholainn iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na dtuilte i mí an Mheithimh 2020 i gCúige Podkarpackie.
(5)Faoin 24 Meitheamh 2020, chuir an Chróit, Éire, an Ghearmáin, an Ghréig, an Phortaingéil, an Spáinn, agus an Ungáir iarratais isteach chun an Ciste a shlógadh i ndáil leis an mór-éigeandáil sláinte poiblí a bhí ann de dheasca phaindéim COVID‑19 go luath in 2020. Ina n‑iarratais, d’iarr gach ceann de na 7 mBallstát go n‑íocfaí airleacan ar an ranníocaíocht a raibh siad ag coinne léi as an gCiste.
(6)Comhlíonann na hiarratais ón gCróit agus ón bPortaingéil na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.
(7)Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Chróit agus don Pholainn.
(8)Chun acmhainní buiséadacha leordhóthanacha a áirithiú i mbuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh 2020, ní mór an Ciste a shlógadh chun airleacain a íoc leis an gCróit, le hÉirinn, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an bPortaingéil, leis an Spáinn agus leis an Ungáir, i ndáil leis an mór-éigeandáil sláinte poiblí.
(9)Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Airteagal 2
I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2020, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí i ndáil le mór-éigeandáil sláinte poiblí a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón … [dáta a ghlactha].
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle