EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0114

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n-aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandálaí sláinte poiblí

COM/2020/114 final

An Bhruiséil,13.3.2020

COM(2020) 114 final

2020/0044(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n
x001e
aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór
x001e
éigeandálaí sláinte poiblí


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ó bhí na chéad chásanna de thógáil COVID‑19 ann tá an tAontas Eorpach ag obair gan staonadh chun cuidiú leis na Ballstáit agus lena saoránaigh aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim.

Tá córas comhordaithe géarchéime an Choimisiúin, ARGUS, curtha ar siúl agus tagann sé le chéile go tráthrialta chun gníomhaíocht ranna agus sheirbhísí uile an Choimisiúin agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a thabhairt chun sineirge le chéile. Lena chois sin, tá foireann freagartha chomhordúcháin bunaithe ag an gCoimisiún ar leibhéal na polaitíochta, foireann atá comhdhéanta de chúigear coimisinéirí le haghaidh na mbeartas is mó a ndearnadh difear dóibh.

Tar éis fhíschomhdháil cheannairí an Aontais maidir leis an bhfreagairt ar ráig COVID‑19 an 10 Márta 2020, cuirfidh an Coimisiún dlús breise lena fhreagairt ar an gcoróinvíreas, nó ráig COVID‑19, ar gach taobh agus comhordóidh sé gníomhaíochtaí na mBallstát. Baineann gné dhaonna thábhachtach leis an ngéarchéim atá os ár gcomhair de thoradh an choróinvíris agus is féidir go mbeidh tionchar mór eacnamaíoch aici freisin. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go ngníomhóidh an tAontas agus na Ballstáit go cinntitheach i gcomhar le chéile chun leathadh an víris a shrianadh agus chun cur in aghaidh na ndrochthorthaí eacnamaíocha a thiocfaidh as.

Mar chuid den chomhfhreagairt chomhordaithe sin, is féidir ról tábhachtach a bheith ag Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) i dtaca le dlúthpháirtíocht an Aontais leis na Ballstáit a léiriú nuair a bheifear ag plé leis an éigeandáil.

I láthair huaire ní féidir freagairt iomchuí a thabhairt ar mhór‑éigeandálaí sláinte poiblí ar nós COVID‑19 ar leibhéal an Aontais Eorpaigh leis an ionstraim atá ann faoi láthair.

Dá bhrí sin, is é is cuspóir don Rialachán seo, raon feidhme CDAE a leathnú chun mór‑éigeandálaí sláinte poiblí a chumhdach agus oibríochtaí sonracha is incháilithe do mhaoiniú a shainiú.

Cruthaíodh CDAE in 2002 chun tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit an Aontais agus do thíortha aontachais i gcás mórthubaistí ar nós tuilte, stoirmeacha, creathanna talún, brúchtanna bolcánacha, dóiteáin foraoise agus triomaigh. Is féidir an Ciste a shlógadh nuair a bheidh iarratas déanta ag an tír lena mbaineann más údar le hidirghabháil ar an leibhéal Eorpach gné den teagmhas tubaiste. Tá feidhmiú an Chiste ina léiriú nithiúil ar fhíor‑dhlúthpháirtíocht an Aontais lena dtoilíonn Ballstáit tacaíocht a thabhairt dá chéile trí acmhainní airgeadais breise a chur ar fáil trí bhuiséad an Aontais. Os a choinne sin, tá CDAE teoranta go docht do thubaistí nádúrtha a dhéanann dochar fisiceach ar nós tuilte, stoirmeacha, creathanna talún agus tubaistí eile den chineál sin. Féadfar cúnamh airgeadais suas go EUR 500 milliún de réir phraghsanna 2011 in aghaidh na bliana a dheonú trí bhíthin CDAE ar Stáit incháilithe.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá sé d’aidhm ag an togra seo modhnú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear “Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002” feasta) chun raon feidhme an Rialacháin sin a leathnú chun mór‑éigeandálaí sláinte poiblí a chumhdach.

Seo iad na príomhthréithe agus na difríochtaí substainte:

Níor athraíodh an raon feidhme geografach: tá sé teoranta do na Ballstáit agus do na tíortha a bhfuil a n‑aontachas leis an Aontas á chaibidliú acu. Os a choinne sin, tá an raon feidhme téamach méadaithe chun mór‑ghéarchéimeanna a chumhdach a thiocfaidh as mórbhaol sláinte poiblí.

Tugadh isteach réamhíocaíochtaí leis an athbhreithniú ar Rialachán CDAE in 2014 agus tháinig siad i bhfeidhm in 2015. Is é an t‑údar príomha a bhí lena dtabhairt isteach go maireann an nós imeachta is gá a leanúint chun CDAE a shlógadh agus chun an cúnamh iomlán a íoc rófhada (suas go bliain amháin de ghnáth) agus gur theastaigh freagairt ní ba thapa ar an ngéarchéim thromchúiseach atá ann faoi láthair. Lena chois sin, bhíothas den tuairim go raibh na moilleanna fada le cúnamh a thabhairt ag cur droch‑chuma ar an Aontas.

Socraíodh leibhéal na réamhíocaíochtaí ag 10 % den ranníocaíocht CDAE a rabhthas ag súil leis, agus iad teoranta d’uasmhéid EUR 30 milliún. Tharla sé nach raibh an leibhéal sin sásúil. I gcás tubaistí beaga nuair a thugtar roinnt bheag milliún euro mar ranníocaíocht CDAE, ní bhíonn an réamhíocaíocht mórán níos mó ná tuairim agus céad míle euro, méid ar beag ar fad an difear a dhéanfar leis. I gcás tubaistí an‑mhór ar nós chrith talún Abruzzo nuair a rinneadh EUR 22  bhilliún de dhamáiste agus gur tugadh ranníocaíocht CDAE EUR 1.2 billiún, ní leor in aon chor réamhíocaíocht uasta EUR 30 milliún.

Sa dá chás sin tá díréir idir an réamhíocaíocht agus na héifeachtaí atá aige ar an talamh. Tá an anailís sin deimhnithe ag an measúnú ex post a rinneadh le déanaí ar CDAE (2002‑2017).

Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leibhéal na réamhíocaíochtaí i gcás tubaistí aonair i ngach catagóir a ardú go 25 % den ranníocaíocht CDAE a mbeifear ag súil leis, méid a bheidh teoranta d’uasmhéid EUR 100 milliún.

Ar a bharr sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leibhéal iomlán na leithreasuithe le haghaidh réamhíocaíochtaí CDAE sa bhuiséad bliantúil a mhéadú ó EUR 50 milliún go EUR 100 milliún.

Ní fhéadfaí an Ciste a shlógadh ach amháin nuair a d’iarrfadh Stát incháilithe sin, díreach mar atá de réir an nós imeachta atá ann faoi láthair. Tar éis an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún agus an mholta a rinne sé leis an údarás buiséadach méid áirithe cúnaimh airgeadais a thabhairt, tá an t‑údarás sin ag glacadh buiséad forlíontach comhfhreagrach. Dá éis sin, glacfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme as a dtiocfaidh an íocaíocht le haghaidh na ranníocaíochta CDAE.

Tá na hoibríochtaí incháilithe teoranta fós d’oibríochtaí poiblí. Tá siad leathnaithe chun cúnamh don phobal a chumhdach i gcás géarchéimeanna sláinte, lena n‑áirítear cúnamh leighis agus bearta chun leathadh breise galair thógálaigh a shrianadh.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra ina chuid de na bearta lena bhfuiltear ag tabhairt freagra ar phaindéim COVID‑19 atá ann faoi láthair. Tá sé bunaithe ar ionstraim bheartais atá ann cheana. Trí raon feidhme CDAE mar atá faoi láthair a mhéadú, líonann sé an bhearna sa reachtaíocht atá ann faoi láthair agus féadfaidh an tAontas gníomhaíocht chuimsitheach a dhéanamh mar fhreagairt ar mhór‑éigeandálaí sláinte poiblí. An chomhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais, na beartais chomhtháthúcháin go háirithe, tá an chomhsheasmhacht sin áirithithe le roinnt bearta reachtacha lena gcoisctear, mar a dhéanann bearta eile, maoiniú dúbailte agus lena gceanglaítear go n‑urramófar na rialacha maidir le soláthar poiblí agus prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Ós modhnú é seo ar an Rialachán atá ann cheana, tá sé i gcomhréir leis na forálacha arb iad an bunús dlí iad ag Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002, i.e. Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Airteagal 212 CFAE i ndáil le tíortha a bhfuil a n‑aontachas leis an Aontas á gcaibidliú acu faoi láthair.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Is é is aidhm don togra seo raon feidhme CDAE a leathnú chun dlúthpháirtíocht na hEorpa leis na Ballstáit a léiriú trí chúnamh a thabhairt as an gCiste chun cabhrú leis an bpobal atá thíos leis, cuidiú a thabhairt gnáthdhálaí maireachtála a athbhunú sna réigiúin atá buailte agus chun leathadh galar tógálach a shrianadh.

Tá CDAE bunaithe ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta. Is ionann sin agus a rá nár cheart don Aontas idirghabháil a dhéanamh ach amháin i gcásanna ina meastar nach féidir leis an mBallstát géarchéim a láimhseáil ina aonar a thuilleadh agus go dteastaíonn cúnamh uaidh. Mheas an reachtóir gurb amhlaidh atá, i gcás tubaistí nádúrtha, nuair atá an damáiste díreach iomlán os cionn tairseach áirithe. Níl an damáiste eacnamaíoch a leanann sin san áireamh ó mheastar go bhfuil sé róchasta lena dhéanamh amach ar bhealach tapa iontaofa inchomparáide. Dá bhrí sin, socraíodh an tairseach le haghaidh tubaistí nádúrtha ag damáiste os cionn 0.6 % den ollioncam náisiúnta (OIN) nó EUR 3 bhilliún (de réir phraghsanna 2011), agus tá feidhm ag an méid is ísle sa chás sin. Roghnaíodh an critéar dúbailte sin mar nach léireodh aon mhéid seasta amháin na difríochtaí móra i láidreacht eacnamaíoch (agus, dá bhrí sin, acmhainní freagartha buiséadaí) na mBallstát, go dtiocfadh cásanna éagóra móire as sin agus go gcaithfí go neamh‑chomhionann leis na Ballstáit dá bharr. Dá mbeadh aon ráta céatadáin amháin i bhfeidhm thabharfaí méideanna an‑bheag ar fad do na Ballstáit is lú nó bheadh tairseacha doshroichte ann do na geilleagair is mó.

I gcás mór‑éigeandálaí sláinte, is ar éigean is féidir meastachán a dhéanamh ar an damáiste díreach. Dá bhrí sin, ní féidir an cur chuige a bhíonn in úsáid i gcás tubaistí nádúrtha a úsáid sa chás sin. Ina ionad sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an t‑ualach atá ar bhuiséad na mBallstát a ghlacadh chuige féin chun na riachtanais bhreise a láimhseáil. Comhfhreagraíonn sin, den chuid is mó, don sciar poiblí den damáiste díreach is incháilithe do mhaoiniú (ar nós an chostais ar dheisiú an bhonneagair phoiblí, cúnamh don phobal, seirbhísí tarrthála) i gcás tubaistí nádúrtha. An sciar poiblí incháilithe sin den damáiste iomlán, bíonn sé an‑éagsúil de réir na tubaiste agus na tíre atá buailte. Ar an meán, tuairim agus 50 % den damáiste iomlán a bhíonn ann.

Dá bhrí sin, na prionsabail a bhfuil an rochtain ar CDAE bunaithe, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún iad a choinneáil ar bun. Dá réir sin, is é an ceann is ísle idir 0.3 % den OIN agus EUR 1.5 billiún de réir phraghsanna 2011, i.e. leath den mhéid is infheidhme maidir le tubaistí nádúrtha, atá sainithe mar an t‑íosleibhéal caiteachais phoiblí de réir an ualaigh airgeadais phoiblí atá ar an Stát is incháilithe do bhearta freagartha éigeandála.

·Prionsabal na comhréireachta

Urramaítear leis an togra seo prionsabal na comhréireachta. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar síos cheana san ionstraim atá ann faoi láthair a bhaint amach.

·An rogha ionstraimí

Moltar Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 mar atá faoi láthair a mhodhnú chun úsáid a bhaint as na nósanna imeachta agus as na cleachtais atá bunaithe cheana chun na hiarratais ar chúnamh a ullmhú agus a mheasúnú agus an chabhair a chur chun feidhme agus a thuairisciú.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Is é an chonclúid atá i Meastóireacht Ex Post 2002‑2017 gur ionstraim luachmhar i sraith straitéisí an Aontais Eorpaigh é an Ciste le haghaidh idirghabhálacha i gcásanna tubaistí, agus go gcuireann sé breisluach an Aontais Eorpaigh leis an bhfreagairt iarthubaiste sna Ballstáit agus sna tíortha aontachais. Iarradh sa mheastóireacht freisin go ndéanfaí tuilleadh machnaimh ar ghníomhaíochtaí beartais lena gcuirtear le hacmhainneacht an Chiste idirghabháil a dhéanamh.

·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar gheall ar a phráinní a bhí sé an togra a ullmhú ionas go bhféadfadh na comhreachtóirí é a ghlacadh in am, níorbh fhéidir comhairliúchán le páirtithe leasmhara a dhéanamh.

·Measúnú tionchair

Ós togra práinneach é an togra, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Coinnítear an togra comhsheasmhach leis an gCiste Dlúthpháirtíochta atá ann cheana trí chúnamh airgeadais a thabhairt le haghaidh cúnamh láithreach nuair a gheofar iarraidh ó Bhallstát nó ó thír is iarrthóir.

Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leibhéal na réamhíocaíochtaí i gcás tubaistí aonair i ngach catagóir a ardú go 25 % den ranníocaíocht CDAE lena mbeifear ag súil, réamhíocaíocht a bheidh teoranta d’uasmhéid EUR 100 milliún.

Ar a bharr sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leibhéal iomlán na leithreasuithe le haghaidh réamhíocaíochtaí CDAE sa bhuiséad bliantúil a mhéadú ó EUR 50 milliún go EUR 100 milliún. Chun a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil go tráthúil i gcás inar gá, beartóidh an Coimisiún leithreasuithe breise go huasmhéid EUR 50 milliún a chur isteach i mbuiséad 2020.

Chomh maith leis sin, tá an clúdach airgeadais atá beartaithe don Chiste de réir an Chiste Dlúthpháirtíochta atá ann cheana, agus méid bliantúil EUR 500 milliún (praghsanna 2011) beartaithe dó. I ngach cás, slógfar an méid cúnaimh a mheastar is gá trí bhuiséad leasaitheach. Díreach mar atá faoi láthair, ar an 1 Deireadh Fómhair gach bliain, beidh an ceathrú cuid, ar a laghad, d’uasmhéid bliantúil an Chiste fós ar fáil chun na riachtanais a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir seo agus deireadh na bliana a chumhdach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní mór an trédhearcacht is mó is féidir a bheith ann agus ní mór faireachán iomchuí a dhéanamh ar úsáid acmhainní airgeadais an Aontais freisin. Na hoibleagáidí tuairiscithe a bheidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, beidh siad i bhfeidhm de réir mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

2020/0044 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n‑aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór‑éigeandálaí sláinte poiblí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175 agus d’Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 2 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Bunaíodh Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ciste”) le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle 3 . Bunaíodh an Ciste chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit tar éis tubaistí móra mar chomhartha nithiúil ar dhlúthpháirtíocht na hEorpa a thabhairt i gcásanna éigeantais.

(2)I gcás móréigeandálaí sláinte poiblí, ba cheart don Aontas a dhlúthpháirtíocht leis na Ballstáit agus leis an bpobal lena mbaineann a léiriú trí chúnamh airgeadais a sholáthar chun cúnamh a thabhairt don phobal atá buailte, trí rannchuidiú na gnáthdhálaí maireachtála a athbhunú go tapa sna réigiúin atá buailte agus chun cosc a chur ar scaipeadh galar tógálach.

(3)Chomh maith leis sin, ba cheart don Aontas, i gcás móréigeandálaí sláinte poiblí, dlúthpháirtíocht a léiriú do na tíortha a bhfuil a naontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu.

(4)D’fhéadfadh géarchéim mhór eascairt ó mhóréigeandálaí sláinte poiblí, go háirithe víreas a dearbhaíodh go hoifigiúil ina víreas paindéime. Leis an gCiste cuirtear ar a chumas don Aontas cuidiú a thabhairt seirbhísí éigeandála a chur á núsáid chun riar ar riachtanais phráinneacha daoine agus chun cuidiú a thabhairt príomhbhonneagair dá ndearnadh damáiste a athbhunú sa ghearrthéarma chun gur féidir gabháil don ghníomhaíocht eacnamaíoch arís sna réigiúin atá buailte ag tubaiste. Is do thubaistí nádúrtha a dhéanann damáiste fisiceach atá an Ciste teoranta faoi láthair agus níl san áireamh ann tubaistí móra a bhíonn ann de dheasca bithghuaiseacha. Ba cheart foráil a dhéanamh chun go bhféadfadh an tAontas idirghabháil i gcás móréigeandálaí sláinte poiblí.

(5)Is é is cuspóir don ghníomhaíocht atá le glacadh, go mbeidh sí ina comhlánú ar iarrachtaí na mBallstát lena mbaineann i gcásanna nach féidir leis na Stáit sin, lena gcuid acmhainní féin amháin, dul i ngleic leis an gcás, ar a thromchúisí atá iarmhairtí na géarchéime. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(6)I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ba cheart gníomhaíocht faoin Rialachán seo a theorannú do mhóréigeandálaí sláinte poiblí. Ba cheart iad a shainiú de réir an chaiteachais phoiblí is gá chun aghaidh a thabhairt orthu.

(7)An cúnamh a thabharfaidh an tAontas, ba cheart é a bheith ina chomhlánú ar iarrachtaí na Stát lena mbaineann, agus is leis ba cheart sciar den chaiteachas poiblí a chumhdach a bheidh geallta chun déileáil leis na hoibríochtaí éigeandála is fíorriachtanaí a eascraíonn ón ngéarchéim.

(8)I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, níor cheart cúnamh an Aontais a dheonú ach amháin ar iarratas an Stáit atá buailte. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go láimhseálfar iarrataí ó na Stáit go cothromasach.

(9)Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh go tapa chun acmhainní airgeadais sonracha a ghealladh agus iad a shlógadh a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, na forálacha atá ann faoi láthair maidir le réamhíocaíochtaí a dhéanamh, ba cheart iad a threisiú trína méadú.

(10)Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(11)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 mar a leanas:

1.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

1.Arna iarraidh sin do Bhallstát nó do thír atá i mbun caibidlíocht aontachais leis an Aontas, dá ngairtear ‘Stát incháilithe’ anseo feasta, féadfaidh cúnamh as an gCiste a shlógadh i gcás ina mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ar dhálaí maireachtála, ar an timpeallacht nádúrtha nó ar an ngeilleagar i gceann amháin nó níos mó de réigiúin an Stáit incháilithe sin ag mórthubaiste nádúrtha nó ag tubaiste nádúrtha réigiúnach a tharla i gcríocha an Stáit incháilithe chéanna nó ag móréigeandáil sláinte poiblí a tharla i gcríoch an Stáit incháilithe.

Measfar damáiste díreach arna dhéanamh ag tubaiste nádúrtha a bheith ina chuid den damáiste a rinne an tubaiste nádúrtha sin.

2.Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “mórthubaiste nádúrtha” aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach i Stát incháilithe a meastar a chostas a bheith os cionn EUR 3 000 000 000 de réir phraghsanna 2011, nó os cionn 0.6 % dá OIN.

3.Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “móréigeandáil sláinte poiblí” aon ghuais thromchúiseach ar baol don bheatha nó baol eile don tsláinte de thionscnamh bitheolaíoch i Stát incháilithe í, ar guais í a dhéanann dochar tromchúiseach do shláinte an duine agus ar gá gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh ina leith chun cosc a chur ar aon scaipeadh breise a fhágfaidh ualach airgeadais phoiblí ar an Stát atá incháilithe do bhearta práinnfhreagartha a meastar a gcostas a bheith os cionn EUR 1 500 000 000 de réir phraghsanna 2011, nó breis agus 0.3 % dá OIN.

4.Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “tubaiste nádúrtha réigiúnach” aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach, i réigiún atá ar leibhéal NUTS 2 de chuid Stát incháilithe, os cionn 1.5 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an réigiúin sin. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, nuair is réigiún forimeallach é an réigiún lena mbaineann, inar tharla tubaiste nádúrtha, de réir bhrí Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ciallaíonn “tubaiste nádúrtha réigiúnach” aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach os cionn 1 % d’OTI an réigiúin sin. I gcás ina mbaineann an tubaiste nádúrtha le roinnt réigiún ar leibhéal NUTS 2, cuirfear an tairseach i bhfeidhm maidir le meánolltáirgeacht intíre na réigiún sin, ualaithe de réir sciar an damáiste iomláin i ngach réigiún.

5.Féadfar cúnamh as an gCiste a shlógadh freisin i gcás aon tubaiste nádúrtha i Stát incháilithe más mórthubaiste nádúrtha í i Stát incháilithe comharsanachta freisin.

6.Chun críoch an Airteagail seo, úsáidfear staitisticí comhchuibhithe arna soláthar ag Eurostat.’.

2.In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.Is i bhfoirm ranníocaíocht as an gCiste a bheidh an cúnamh. Aon ranníocaíocht amháin a dheonófar ar Stát incháilithe in aghaidh gach tubaiste nádúrtha.

2.Is é is aidhm don Chiste comhlánú a dhéanamh ar iarrachtaí na Stát lena mbaineann agus cuid dá gcaiteachas poiblí a chumhdach chun cuidiú leis an Stát incháilithe, de réir chineál na tubaiste nádúrtha, na hoibríochtaí éigeandála agus aisghabhála fíorriachtanacha seo a leanas a dhéanamh:

(a)an bonneagar agus na gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais a thabhairt ar ais chun feidhme;

(b)cóiríocht shealadach a sholáthar agus seirbhísí tarrthála a chistiú chun riar ar riachtanais an phobail lena mbaineann;

(c)bonneagar coisctheach agus bearta cosanta na hoidhreachta cultúrtha a dhaingniú;

(d)limistéir faoi thubaiste a ghlanadh, lena náirítear criosanna nádúrtha, i gcomhréir, i gcás inarb iomchuí, le cineálacha cur chuige a bheidh bunaithe ar éiceachórais chomh maith leis na criosanna nádúrtha atá buailte a athchóiriú láithreach chun éifeachtaí láithreacha chreimeadh na hithreach a sheachaint;

(e)bearta arb é is aidhm dóibh cúnamh a sholáthar go tapa, lena náirítear cúnamh leighis, don phobal atá buailte ag móréigeandáil sláinte poiblí agus chun an pobal a chosaint ar bhaol a nionfhabhtaithe, lena náirítear scaipeadh galar a chosc, a rialú nó faireachán a dhéanamh air, rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí a chomhrac nó an tionchar a bheidh acu ar an tsláinte phoiblí a mhaolú.

Chun críocha phointe (a), is éard a chiallaíonn “tabhairt ar ais chun feidhme” an bonneagar agus na gléasraí a athbhunú sa riocht ina raibh siad roimh an tubaiste nádúrtha. I gcás nach féidir an riocht a bhí ann roimh an tubaiste nádúrtha a athbhunú ar bhonn dlíthiúil nó nach bhfuil údar cuí eacnamaíoch leis sin, nó i gcás ina gcinnfidh an Stát is tairbhí an bonneagar nó an gléasra atá i gceist a athlonnú nó feabhas a chur ar fheidhmiúlacht an bhonneagair nó an ghléasra sin chun gur fearr is féidir tubaistí nádúrtha a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí a sheasamh leis nó léi, ní fhéadfaidh an Ciste ranníocaíocht a dhéanamh leis an gcostas athchóirithe ach suas go dtí an gcostas measta a bhaineann leis an mbonneagar nó leis an ngléasra a athbhunú sa riocht ina raibh sé roimhe sin.

Na costais sa bhreis ar leibhéal na gcostas dá dtagraítear sa dara fomhír, is é an Stát is tairbhí a mhaoineoidh iad as a chistí féin nó, i gcás inar féidir, as cistí eile de chuid an Aontais.

Chun críocha phointe (b), ciallaíonn ‘cóiríocht shealadach’ cóiríocht a bheidh ann go dtí gur féidir leis an bpobal lena mbaineann filleadh ar a n‑áitreabh bunaidh tar éis a dheisithe nó a atógála.’.

3.In Airteagal 4a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.Ní bheidh luach na réamhíocaíochta os cionn 25 % de mhéid na ranníocaíochta lena bhfuiltear ag súil, agus i gcás ar bith ní bheidh sí os cionn EUR 100 000 000. A luaithe a chinnfear méid cinntitheach na ranníocaíochta, cuirfidh an Coimisiún méid na réamhíocaíochta san áireamh sula níocfar iarmhéid na ranníocaíochta. Aon réamhíocaíocht a rinneadh go míchuí, aisghabhfaidh an Coimisiún é.’.

4.In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dul in éag don tréimhse ocht mí dhéag dá dtagraítear i mír 1, tíolacfaidh an Stát is tairbhí tuarascáil maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochta as an gCiste mar aon le ráiteas lena dtabharfar údar leis an gcaiteachas, ina léireofar aon fhoinse mhaoiniúcháin eile le haghaidh na noibríochtaí lena mbaineann, lena náirítear socraíochtaí árachais agus cúiteamh ó thríú páirtithe.

De réir chineál na tubaiste incháilithe beidh na sonraí seo a leanas sa tuarascáil cur chun feidhme:

(a)na bearta coisctheacha, a rinne an Stát is tairbhí nó atá beartaithe aige chun damáiste amach anseo a shrianadh agus chun nach dtarlóidh, a mhéid is féidir, tubaistí nádúrtha ná móréigeandálaí sláinte poiblí den chineál sin arís, lena náirítear úsáid cistí struchtúrtha agus infheistíochta na hEorpa chun na críche sin;

(b)an staid atá ann maidir le cur chun feidhme reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le riosca tubaiste nádúrtha a chosc agus a bhainistiú;

(c)an taithí a fuarthas ón tubaiste agus na bearta a rinneadh nó atá beartaithe chun cosaint agus athléimneacht an chomhshaoil a áirithiú i ndáil leis an athrú aeráide, le tubaistí nádúrtha agus le móréigeandálaí sláinte poiblí; agus

(d)aon fhaisnéis ábhartha eile faoi bhearta coisctheacha agus maolaithe a rinneadh agus a bhaineann le cineál na tubaiste nádúrtha.

Beidh tuairim ó chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách ag gabháil leis an tuarascáil cur chun feidhme, tuairim a tharraingeofar suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta agus a léireoidh gur léargas fírinneach cothrom é an ráiteas lena dtugtar údar don chaiteachas, agus gur rud dlíthiúil rialta í an ranníocaíocht as an gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 59(5) agus le hAirteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Ag deireadh an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an gcúnamh as an gCiste.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.    LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n‑aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu atá buailte go trom ag mór‑éigeandáil sláinte poiblí orthu

1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann 

13. Beartas réigiúnach; 13 06 01. Cúnamh do na Ballstáit i gcás mórthubaiste nádúrtha a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha aici ar dhálaí maireachtála, ar an timpeallacht nádúrtha nó ar an ngeilleagar

1.3.    Forais an togra/tionscnaimh

1.3.1.    Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

1.3.2.    Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Is é an chúis ar bunaíodh Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) dlúthpháirtíocht a léiriú leis na Ballstáit atá buailte ag géarchéim thromchúiseach a bhí ann de bharr mórthubaiste nádúrtha a meastar nach mbeadh acmhainn freagartha bhuiséadach an Bhallstáit in ann déileáil léi. Leis an togra seo leathnaítear feidhm na loighce sin don ualach airgeadais a thagann as mór‑éigeandáil sláinte poiblí.

1.3.3.    Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Is léir gur ionstraim an‑éifeachtach é CDAE chun cúnamh a sholáthar do Bhallstáit tar éis tubaistí nádúrtha mar a leagtar amach i mórmheastóireacht ar an gCiste 4 .

1.3.4.    Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá an Rialachán fós laistigh de na leithdháiltí uasta a sholáthraítear do CDAE in CAI agus dá bhrí sin tá sé i gcomhréir le CAI.

1.3.5.    Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Ní mhéadófar leis an Rialachán seo an leithdháileadh uasta do CDAE. Maoineofar ranníocaíocht an Aontais i leith na n‑idirghabhálacha trí bhuiséad ginearálta an Aontais.

1.4.    Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

Togra a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta.

Urramaítear uasteorainn leithdháilte uasta CDAE le haghaidh 2020 (EUR 597.546 milliún móide EUR 552.978 milliún arna thabhairt ar aghaidh ó 2019).

1.5.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe 5  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

X Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí atá faoi réir an dlí phríobháidigh agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí atá faoi réir dhlí príobháideach Ballstáit, a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn «Nótaí» le do thoil.

Nótaí

Neamhbhainteach

2.    BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

An méid a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle (maidir le tubaistí nádúrtha)

2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.    An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

An méid a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle

2.2.2.    Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

An méid a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle

2.2.3.    Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

An méid a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle

2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

An méid a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle

3.    AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar

‑ Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Type of
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 6 .

ó thíortha de chuid CSTE 7

ó thíortha is iarrthóirí 8

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

Ceannteideal 9: Ionstraimí Speisialta

13 06 01 ‑ Cúnamh do na Ballstáit i gcás mórthubaiste nádúrtha a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha aici ar dhálaí maireachtála, ar an timpeallacht nádúrtha nó ar an ngeilleagar

Difreáilte

Níl

Níl

Níl

Níl

3.2.    An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.    Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Níl aon tionchar airgeadais ag an Rialachán seo.

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, gan dul thar na leithdháiltí uasta dá bhforáiltear maidir le CDAE in CAI.

EUR



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

9

Ionstraimí Speisialta

2019

2020

2021

2022

2023

Blianta ina dhiaidh sin

IOMLÁN

Leithreasú faoi chomhair oibríochtaí

13 06 01 ‑ Cúnamh do na Ballstáit i gcás mórthubaiste nádúrtha a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha aici ar dhálaí maireachtála, ar an timpeallacht nádúrtha nó ar an ngeilleagar

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2a)

IOMLÁN leithreasuithe

Gealltanais

=1a+1b +3

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3





IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 9
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” a iontráladh ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard‑Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 9

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

Íocaíochtaí

3.2.2.    An t‑aschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
2020

Bliain

Bliain

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 10

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 11 ...

‑ Aschur

‑ Aschur

‑ Aschur

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

‑ Aschur

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁN

3.2.3.    Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

‑ Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 12

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo iomlán CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 13
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Other expenditure
de chineál riaracháin

Fo iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

3.2.3.1.    Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01/11/21 (Taighde indíreach)

10 01 05 01/11 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 14  

XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)

XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 04 bb  15

‑ sa cheanncheathrú

‑ i dtoscaireachtaí

XX 01 05 02/12/22 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

10 01 05 02/12 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.4.    Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

     is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athbhreithniú ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.    Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

le X ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR




3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais X, sonraigh sin    

EUR



I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Neamhbhainteach

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    IO C , , lch. .
(2)    IO C , , lch. .
(3)    IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
(4)    Doiciméad inmheánach oibre (2019)187.
(5)    Is féidir mionsonraí na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx
(6)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(7)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(8)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(9)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad “N” (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(10)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(11)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha.
(12)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad “N” (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(13)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte «BA») a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(14)    AC = Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(15)    Fo‑uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte «BA»).
Top