Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52019PC0206

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Rómáin, don Iodáil agus don Ostair

COM/2019/206 final

An Bhruiséil,22.5.2019

COM(2019) 206 final

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Rómáin, don Iodáil agus don Ostair


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Comhthéacs an togra

Cumhdaítear leis an gcinneadh seo méid EUR 293 551 794 as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Rómáin, don Iodáil agus don Ostair tar éis tubaistí a tharla sna tíortha sin le linn 2018. Tá ag gabháil leis an bhforscaoileadh sin Dréachtbhuiséad Leasaitheach (DBL) Uimh. 3/2019 1 lena moltar go gcuirfí na leithreasuithe is gá isteach i mbuiséad ginearálta 2019, idir ghealltanais agus íocaíochtaí.

2.Faisnéis agus coinníollacha

2.1An Rómáin – tuilte i réigiún an Oirthuaiscirt le linn shamhradh 2018

Idir lár an Mheithimh agus tús mhí Lúnasa, 2018, buaileadh réigiún Oirthuaisceart na Rómáine le treallanna leanúnacha d’fhearthainn throm agus le tuilte móra dá éis sin, rud ba chúis le damáiste suntasach don bhonneagar agus do thithe cónaithe, agus ba chúis le caillteanais in earnáil na talmhaíochta.

(1)An 7 Meán Fómhair 2018, chuir an Ghréig iarratas isteach le haghaidh ranníocaíocht ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, laistigh den teorainn ama atá ann, mar atá 12 sheachtain tar éis an chéad tarlú damáiste. Ba le réigiún an Oirthuaiscirt amháin a bhain an tiarratas, an réigiún ba mhó i bhfad a buaileadh leis na tuilte, agus an réigiún ina ndearnadh taifead den chéad damáiste an 16 Meitheamh. Sa litir iarratais a chuir údaráis na Rómáine isteach, d’fhógair siad go gcuirfeadh siad tuairisc nuashonraithe gan mhoill óir nach raibh an measúnú ar an damáiste críochnaithe go fóill de dheasca gur mhair na tuilte chomh fada agus a mhair.

(2)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste.

(3)Cuireadh an tiarratas isteach ar bhonn na gcritéar le haghaidh 'tubaiste nádúrtha réigiúnach' mar a leagtar síos in Airteagal 2(3) den Rialachán. Sa chéad iarratas acu, an 7 Meán Fómhair, ba é EUR 196,8 milliún meastachán údaráis na Rómáine ar chostas iomlán an damáiste dhírigh a rinneadh. Ó tharla nach bhfuil sa mhéid sin ach 1,24 % d’OTI réigiún sin an Oirthuaiscirt, réigiún ar leibhéal NUTS 2, níor chomhlíon an chéad iarratas sin an coinníoll bunriachtanach a leagtar síos sa Rialachán maidir le forscaoileadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, agus dá bhrí sin ní bheadh sé incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ón Chiste Dlúthpháirtíochta.

(4)An 9 Deireadh Fómhair 2018, chuir údaráis na Rómáine isteach, mar a d’fógair siad a dhéanfaidís, meastachán leasaithe a thug costas iomlán an damáiste dhírigh suas go dtí EUR 327,7 milliún. Is é atá sa mhéid sin 2,07 % d’OTI an réigiúin, agus dá réir sin is mó é ná an tairseach is gá, is é sin 1,5 % den OTI réigiúnach (i.e. EUR 238 milliún i gcás réigiún an Oirthuaiscirt).

(5)Go fóill féin, aimsíodh líon áirithe neamhréireachtaí le linn anailís an Choimisiúin ar iarratas leasaithe na Rómáine. Dá bhrí sin, d’iarr an Coimisiún soiléiriú ar údaráis na Rómáine, agus fuair sé sin an 14 Nollaig 2018.



(6)San iarratas a chuir údaráis na Rómáine isteach, tugann siad cur síos mionsonraithe ar thionchar na tubaiste. De dheasca treallanna leanúnacha d’fhearthainn throm idir lár an Mheithimh agus tús mhí Lúnasa, d’éirigh tuilte agus rinneadh damáiste dá ndeasca don bhonneagar, don talmhaíocht agus do thithe cónaithe príobháideacha i ngach ceann de shé chontae réigiún an Oirthuaiscirt, agus go háirithe in Neamt, Bacau agus Suceava. Rinneadh damáiste do leibhéanna agus do dhambaí sruthchúrsaí, do os cionn 4 000 km de bhóithre nó de shráideanna (idir chinn náisiúnta agus áitiúla), do dhroichid, do chórais cóireála uisce agus séarachais, do dháileadh leictreachais agus gáis, don soláthar uisce agus do chórais uisciúcháin, do 32 scoil agus d’fhoirgnimh phoiblí eile.

(7)Ba é EUR 294 mhilliún meastachán údaráis na Rómáine ar chostas na noibríochtaí éigeandála agus téarnaimh is incháilithe faoi Airteagal 3(2) den Rialachán, agus chuir siad i láthair é agus é arna mhiondealú de réir chineál na noibríochtaí. Baineann an sciar is mó (os cionn EUR 154 mhilliún) leis an gcostas a ghabhann le bonneagar cosanta (leibhéanna) a dhéanamh slán, agus baineann an dara sciar is mó, EUR 127 milliún, leis an gcostas a ghabhann leis an mbonneagar iompair a athchóiriú.

(8)Níor iarr an Rómáin go níocfaí airleacan.

(9)Dhearbhaigh údaráis na Rómáine nach bhfuil aon árachas ann a chumhdódh na costais incháilithe.

(10)An réigiún a buaileadh, is ‘réigiún lagfhorbartha’ é faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE), 2014-2020. San iarratas a rinne siad, níor chuir údaráis na Rómáine in iúl don Choimisiún go raibh sé de rún acu an cistiú ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a ath-leithdháileadh ionsar na bearta téarnaimh.

(11)Níor ghníomhachtaigh an Rómáin an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta.

(12)Maidir le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú, níl aon nós imeachta um shárú ar siúl faoi láthair.

2.2An Iodáil – teagmhais aimsire fhoircneacha le linn fhómhar 2018

I mí Dheireadh Fómhair agus i dtús mhí na Samhna 2018, sa chuid is mó de réigiúin na hIodáile, ó cheantar na nAlp sa tuaisceart go dtí an tSicil níos faide ó dheas, tuargnaíodh na réigiúin le treallanna leanúnacha d’fhearthainn throm agus de roisteacha gaoithe móire ba chúis le tuilte agus sciorrthaí talún, rud a d’fhág gurbh é an séasúr fómhair é ba mhilltí sna blianta déanacha seo, agus gur fhág an millteanas sin a lán taismeach ina dhiaidh maille lena lán damáiste fhisiciúil a dhéanamh go forleathan.

(1)An 20 Nollaig 2018, rinne an Iodáil iarratas ar ranníocaíocht ón gCiste Dlúthpháirtíochta, agus rinneadh an tiarratas laistigh den sprioc-am 12 sheachtain ó rinneadh taifead a chéaduair den damáiste an 2 Deireadh Fómhair. An 27 Márta 2019, chuir an Iodáil isteach, as a conlán féin, faisnéis nuashonraithe ina raibh meastacháin níos airde ar an damáiste i dtrí cinn de na réigiúin.

(2)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste.

(3)Cuireadh an tiarratas isteach ar bhonn na gcritéar le haghaidh 'mórthubaiste nádúrtha' mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) den Rialachán. Is é EUR 6,6 milliún (an méid nuashonraithe) meastachán údaráis na hIodáile ar chostas iomlán an damáiste dhírigh a tháinig den tubaiste. Is é atá sa mhéid sin os cionn 192 % den tairseach EUR 3,4 billiún is infheidhme maidir leis an Iodáil.



(4)San iarratas a chuir siad isteach, déanann údaráis na hIodáile cur síos mionsonraithe ar chineál agus ar scála an scriosta a tháinig den teagmhas aimsire foircneach seo ba mheasa dár tháinig le linn shéasúr an fhómhair sna blianta déanacha seo. Tuairiscíodh gur bhásaigh 34 dhuine agus go bhfuil duine amháin ar iarraidh. Is beag nach raibh gach réigiún de chuid na hIodáile, ón Tuaisceart go dtí an Deisceart, thíos leis an tubaiste, réigiún Friuli Venezia Giulia san áireamh, maille le cúigí féinrialaithe Trento agus Bolzano, Liguria, an Lombaird, an Tuscáin, Emilia Romagna, Lazio, Campania, Calabria, an tSicil, agus an tSairdín, maille le réigiún Veneto, an ceann is measa a buaileadh. Tuairiscíodh gur lú damáiste a rinneadh in Valle d’Aosta agus in Abbruzzo.

(5)Chuir an tubaiste isteach go mór ar an ngréasán bóithre go háirithe, idir bhóithre stáit agus bhóithre réigiúnacha, cúigeacha agus bardasacha, trí sciorrthaí talún agus thitim crann lenar cuireadh ó rochtain roinnt ceantar scoite sna sléibhte agus roinnt ceantar bardasach ar an gcósta. I mbeagnach gach réigiún, cuireadh isteach ar na gréasáin aibhneacha agus tharla sleamhnuithe fána, sciorrthaí talún agus tuilte. Cuireadh isteach ar oibriú scoileanna agus seirbhísí poiblí eile. Bhí séideáin ghaoithe ar mhó a luas ná 200 km/u ina gcúis le caillteanais shuntasacha i bhforaoisí (isteach agus amach le 8,5 milliún méadar ciúbach adhmaid) agus, dá réir sin, le drochiarmhairtí do gheilleagar an adhmaid agus na turasóireachta (an scrios ar ardaitheoirí, ar bhotháin etc.) In Veneto go háirithe, bhain damáiste do isteach agus amach le 130 láithreán atá faoi chosaint Natura 2000, ar feadh 414 000 heicteár talún. Tuairiscíodh gur éirigh an tuile isteach i bhfoirgnimh phoiblí agus phríobháideacha sna réigiúin uile, beagnach. Tachtadh gléasra cóireála córas séarachais. Cuireadh isteach ar an gcóras cumhachta leictrí agus ar na líonraí gáis.

(6)De réir anailís an Choimisiúin, is féidir dearcadh ar na teagmhais aimsire, a thit amach le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an iarratas, mar theagmhas aonair ó thaobh na meitéareolaíochta agus na hidreolaíochta. Thairis sin, nuair a thugtar san áireamh na tionchair a thuairiscigh gníomhachtuithe Chóras Mearmhapála Copernicus agus bunachar sonraí na Saotharlainne Eorpaí um Dhrochstoirmeacha, is inchreidte an cur síos a rinne údaráis na hIodáile ar an damáiste, i dtaca lena fhairsinge gheografach agus lena ord méadaíochta.

(7)Ba é EUR 1 700 milliún meastachán na hIodáile ar chostas na noibríochtaí éigeandála agus téarnaimh is incháilithe faoi Airteagal 3(2) den Rialachán, agus chuir sí i láthair é agus é arna mhiondealú de réir chineál na noibríochtaí. Baineann an sciar is mó de na costais incháilithe (níos mó ná EUR 810 milliún) le caiteachas chun bonneagar cosanta a dhéanamh slán. Baineann an dara sciar is mó le costas athchóiriú an bhonneagair, sciar is mó ná EUR 478 milliún.

(8)Níor iarr an Iodáil go níocfaí airleacan.

(9)Dhearbhaigh údaráis na hIodáile nach bhfuil aon árachas ann a chumhdódh na costais incháilithe.

(10)Is mar “réigiúin lagfhorbartha” faoi Chistí SIE, 2014-2020, a cháilíonn trí cinn de na réigiúin (Calabria, Campanis agus an tSicil), is mar “réigiúin trasdula” a cháilíonn dhá cheann eile (Abruzzo agus an tSairdín), agus is “réigiúin níos forbartha” iad na 9 gcinn eile. Níor chuir údaráis na hIodáile in iúl don Choimisiún go raibh sé de rún acu maoiniú ó chláir Chistí SEI a ath-leithdháileadh ionsar na bearta téarnaimh.

(11)Níor iarr an Iodáil an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a ghníomhachtú. Mar sin féin, cuireadh nóta faisnéise chuig an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha, tríd an gComhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála.

(12)Maidir le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú, níl aon nós imeachta um shárú ar siúl faoi láthair.



2.3An Ostair – teagmhais aimsire fhoircneacha le linn fhómhar 2018

I ndeireadh mhí Dheireadh Fómhair 2018, d’imir na feiniméin mheitéareolaíocha san Iodáil tionchar ar líon áirithe de réigiúin Alpacha nó dheisceartacha na hOstaire, go háirithe Land Kärnten agus an Tioról Thoir.

(1)An 14 Eanáir 2019, laistigh den sprioc-am 12 sheachtain ó rinneadh taifead a chéaduair den damáiste an 28 Deireadh Fómhair 2018, rinne an Ostair iarratas ar ranníocaíocht ón gCiste Dlúthpháirtíochta. An 20 Feabhra 2019, chuir an Ostair isteach, ar a thionscnamh féin, faisnéis nuashonraithe ina raibh meastacháin beagán níos airde ar chostas an damáiste sna réigiúin a buaileadh.

(2)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste.

(3)Is é EUR 326,2 milliún meastachán údaráis na hOstaire ar chostas iomlán an damáiste dhírigh a tháinig den tubaiste. Is lú i bhfad an méid sin ná an tairseach i gcás mórthubaistí is infheidhme maidir leis an Ostair in 2018, is é sin EUR 2,1 billiún. Is lú é freisin ná an tairseach i gcás an ruda ar a dtugtar tubaiste réigiúnach, i.e. 1,5 % den olltáirgeacht intíre arna ualú de réir an sciar den damáiste a rinneadh sna réigiúin a buaileadh. Dá bhrí sin, ní cháilíonn an tubaiste mar “mhórthubaiste nádúrtha” ná mar “thubaiste nádúrtha réigiúnach” faoi théarmaí an Rialacháin seo. Mar sin féin, ó tharla gurbh iad na feiniméin mheitéareolaíocha ba chúis leis an tubaiste san Ostair na cinn chéanna ba chúis leis an mórthubaiste san Iodáil, chuir údaráis na hOstaire a niarratas isteach faoin fhoráil ar a dtugtar “foráil na tíre comharsanaí” agus a leagtar síos in Airteagal 2(4) den Rialachán, foráil a fhágann go bhféadfaidh tír incháilithe, a bhuailtear le tubaiste a cháilíonn mar mhórthubaiste i dtír chomharsanach incháilithe, cabhair a fháil ón gCiste Dlúthpháirtíochta.

(4)Chuir údaráis na hOstaire cur síos mionsonraithe ar fáil ar thionchar na tubaiste. Is sa cheann is faide ó dheas den Ostair, in Land Kärnten, ba mhó i bhfad a rinneadh damáiste, ansin agus sa chúige taobh leis, sa Tioról Thoir, dhá limistéar sna hAlpa atá ag críochantacht leis an Iodáil. Trí chóras luathrabhaidh tuile, trí fholáirimh a eisíodh don phobal agus trí idirghabháil mhear na bhfórsaí cosanta sibhialta, seachnaíodh bás agus gortuithe do dhaoine. Aslonnaíodh an pobal as roinnt áitreabh mar bheart réamhchúraim. Mar sin féin, de dheasca na fearthainne déine agus na stoirme ina raibh gaotha ar luas beagnach 130 km/u, d’éirigh an tuile isteach i bhfoirgnimh, rinne an stoirm damáiste mór trí threascairt crann sna foraoisí, cuireadh bóithre ó rochtain trí sciorrthaí talún agus chlis an chumhacht leictreach. Chaith 7 000 ball de na seirbhísí éigeandála, ar a náirítear an tarm, agus 5 héileacaptar roinnt laethanta i mbun gníomhaíochta.

(5)Ba é EUR 214,5 milliún meastachán na hOstaire ar chostas na noibríochtaí éigeandála agus téarnaimh is incháilithe faoi Airteagal 3(2) den Rialachán, agus chuir sí i láthair é agus é arna mhiondealú de réir chineál na noibríochtaí. Baineann an sciar is mó (os cionn EUR 85 mhilliún) de na costais incháilithe le caiteachas chun bonneagar cosanta (leibhéanna abhann) a dhéanamh slán. Baineann an dara sciar is mó, méid os cionn EUR 72 mhilliún, le costas na mbeart chun creimeadh ithreach a chosc.

(6)Níor iarr an Ostair go níocfaí airleacan.

(7)Dhearbhaigh údaráis na hOstaire nach bhfuil aon árachas ann a chumhdódh na costais incháilithe.

(8)Is ‘réigiúin níos forbartha’ faoi Chistí SIE (2014-2020) na réigiúin a buaileadh. San iarratas a chuir údaráis na hOstaire isteach, thug siad le fios go bhfuil rún acu leas a bhaint as airgead ó Chlár um Fhorbairt Tuaithe na hOstaire, clár a dhéantar cistiú air leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, chun foraoisí cosantacha a athchruthú.

(9)Níor iarr an Ostair an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a ghníomhachtú.

(10)Maidir le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú, níl aon nós imeachta um shárú ar siúl faoi láthair.

2.5Conclúid

Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, tá na tubaistí dá dtagraítear sna hiarratais ón Rómáin, ón Iodáil agus ón Ostair ag teacht leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán maidir le CDAE a fhorscaoileadh.

3.Maoiniú ó leithdháiltí CDAE 2019

Le Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 2 (“Rialachán CAI” anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 10 de, féadtar CDAE a fhorscaoileadh, faoi réir uasteorainn bhliantúil EUR 500 000 000 (praghsanna 2011). Le pointe 11 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais 3 (IIa), leagtar síos na modúlachtaí le haghaidh fhorscaoileadh CDAE.

Ós rud é gurbh í an dlúthpháirtíocht, den chuid is mó, ba bhonn dlisteanachta do bhunú CDAE, tá an Coimisiún den tuairim gur cheart an chabhair a bheith ina cabhair fhorásach. Is éard a thagann de sin, de réir an chleachtais go nuige seo, gur cheart gur dhlúithe an chabhair a thabharfaí mar fhreagairt ar an gcion sin den damáiste is mó ná an “tairseach mórthubaistí nádúrtha” le haghaidh fhorscaoileadh CDAE (i.e. 0.6 % den ollioncam náisiúnta nó EUR 3 bhilliún i bpraghsanna 2011, cibé acu méid is lú), ná an chabhair a thabharfaí mar fhreagairt ar dhamáiste a bheadh ar an tairseach sin nó faoin tairseach sin. Is é an ráta a cuireadh i bhfeidhm roimhe seo chun leithdháiltí a shainiú do mhórthubaistí ná 2,5 % den damáiste díreach iomlán faoin tairseach, agus 6 % don chuid den damáiste os cionn na tairsí. I gcás tubaistí réigiúnacha agus tubaistí a gcaitear leo faoin bhforáil maidir le “tír chomharsanach”, is é 2,5 % an ráta.

Ní fhéadfaidh an ranníocaíocht a bheith níos mó ná costas iomlán measta na noibríochtaí incháilithe. Leagadh amach an mhodheolaíocht chun an chabhair a ríomh i dTuarascáil Bhliantúil 2002-2003 maidir le CDAE, agus ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa léi.

Ar bhonn na niarratas ón Rómáin, ón Iodáil agus ón Ostair, is mar seo a leanas ríomh na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE, bunaithe ar an meastachán ar chostas iomlán an damáiste dhírigh a rinneadh:

Na Ballstáit

Cáiliú na tubaiste

Damáiste díreach iomlán

(EUR milliún)

Tairseach i gcás mórthubaistí

(EUR milliún)

2,5 % den damáiste díreach suas go dtí an tairseach

(EUR)

6 % den damáiste díreach os cionn na tairsí

(EUR)

Méid iomlán cabhrach a mholtar

(EUR)

Airleacain arna níoc

(EUR)

AN RÓMÁIN

Réigiúnach

(Airt. 2(3))

327,692

986,378

8 192 300

-

8 192 300

0

AN IODÁIL

Náisiúnta

(Airt. 2(2))

6 630,276

3 446,057

86 151 425

191 053 170

277 204 595

0

AN OSTAIR

Tír chomharsanach

(Airt. 2(4))

326,196

2 118,701

8 154 899

-

8 154 899

0

IOMLÁN

293 551 794

0

I gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán CAI, ba é EUR 851 082 072 an méid iomlán a bhí ar fáil le haghaidh fhorscaoileadh CDAE i dtús 2019, óir is é sin suim an leithdháilte le haghaidh 2019, EUR 585 829 691, móide a raibh fágtha den leithdháileadh le haghaidh 2018, is é sin EUR 265 252 381 nár caitheadh an bhliain sin agus a tugadh anall go 2019.

Is é EUR 704 624 649 an méid a fhéadfar a fhorscaoileadh ag an tráth seo den bhliain 2019. Tá sin cothrom leis an méid iomlán a bhí ar fáil ag tús 2019 lena úsáid le haghaidh fhorscaoileadh CDAE (EUR 851 082 072), lúide EUR 146 457 423, an méid a coinníodh chun an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le 25 % de leithdháileadh bliantúil 2019 a choinneáil i leataobh go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2019, mar a leagtar síos in Airteagal 10(1) de Rialachán CAI.

Tábla achoimre ar mhaoiniú CDAE

Méid

EUR

Leithdháileadh 2018 arna thabhairt ar aghaidh go 2019

265 252 381

Leithdháileadh 2019

585 829 691

---------------

Méid iomlán ar fáil ag tús 2019

851 082 072

Lúide 25 % de leithdháileadh 2019 arna choimeád

-146 457 423

----------------

Méid uasta atá ar fáil faoi láthair (leithdháiltí 2018+2019)

704 624 649

Méid iomlán na cabhrach a moltar í a fhorscaoileadh don Rómáin, don Iodáil agus don Ostair

- 293 551 794

----------------

Infhaighteachtaí atá fágtha go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2019

411 072 855

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Rómáin, don Iodáil agus don Ostair

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh 4 , agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus le bainistiú fónta airgeadais 5 , agus go háirithe Pointe 11 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ciste”) cur ar chumas an Aontais freagairt ar staideanna éigeandála, ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha, chun dlúthpháirtíocht le pobail na réigiún a léiriú nuair a bhuaileann tubaiste nádúrtha iad.

(2)Ní fhéadfaidh an Ciste a bheith níos mó ná méid uasta bhliantúil EUR 500 000 000 (praghsanna 2011), de réir mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle 6 .

(3)An 7 Meán Fómhair 2018, tar éis teagmhais aimsire fhoircneacha a bhí ina gcúis le tuilte forleathana, chuir an Rómáin isteach iarratas go bhforscaoilfí an Ciste.

(4)An 20 Nollaig 2018, tar éis teagmhais aimsire fhoircneacha, chuir an Iodáil isteach iarratas go bhforscaoilfí an Ciste.

(5)An 14 Eanáir 2019, tar éis teagmhais aimsire fhoircneacha, chuir an Ostair isteach iarratas go bhforscaoilfí an Ciste.

(6)Comhlíonann na hiarratais ón Rómáin, ón Iodáil agus ón Ostair na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a thabhairt ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

(7)Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a fhorscaoileadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Rómáin, don Iodáil agus don Ostair.

(8)Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a fhorscaoileadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2019, déanfar Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh mar a leanas faoi chomhair leithreasuithe, idir ghealltanais agus íocaíochtaí:

(a) tabharfar an méid EUR 8 192 300 don Rómáin;

(b) tabharfar an méid EUR 277 204 595 don Iodáil;

(c) tabharfar an méid EUR 8 154 899 don Ostair.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó … [dáta a ghlactha] 7**.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

(1)    COM(2019) 205, 22.5.2019.
(2)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
(3)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(4)    IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
(5)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(6)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014–2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
(7)

** Dáta le cur isteach ag an bParlaimint roimh fhoilsiú in IO.

Top