Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0894

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta ó thaobh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas

COM/2018/894 final

An Bhruiséil,19.12.2018

COM(2018) 894 final

2018/0434(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta ó thaobh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, mura ndaingneofar an comhaontú um tharraingt siar 1 , scoirfidh dlí príomhúil agus dlí tánaisteach an Aontais d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019 ("dáta an tarraingt siar"). As sin amach, beidh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír.

Má tharraingíonn an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas gan chomhaontú, déanfaidh sin difear go háirithe do bhailíocht deimhnithe agus ceadúnas de thionscnamh na Ríochta Aontaithe arna neisiúint faoi Rialachán (AE) 2018/1139 2 agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhua an Rialacháin sin nó de bhua Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 3 .

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún darb ainm Preparing for the withdrawal of the United Kingdom from the European Union on 30 March 2019: a Contingency Action Plan [Ullmhúchán do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach an 30 Márta 2019: Plean Gníomhaíochta Teagmhais] 4 leagtar amach na bearta teagmhais a bhfuil sé de rún ag an gCoimisiún iad a dhéanamh i gcás nach dtiocfaidh aon chomhaontú um tharraingt siar i bhfeidhm ar dháta an tarraingt siar. Sa Teachtaireacht sin, dhearbhaigh an Coimisiún nach leigheasfadh sin easpa na mbeart ullmhachta ó pháirtithe leasmhara ná na moilleanna ar a gcur chun feidhme.

I réimse na sábháilteachta eitlíochta, is féidir le páirtithe leasmhara, sa chuid is mó de na cásanna, an éifeacht a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ar dheimhnithe agus formheasanna a leigheas le bearta éagsúla, lena náirítear "aistriú" chuig údarás eitlíochta sibhialta de chuid na 27 mBallstát nó trí iarratas a dhéanamh, cas seo amach, ar dheimhniú tríú tír arna eisiúint ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh ("an Ghníomhaireacht") le héifeacht ó dháta an tarraingt siar ("iarratas luath").

Mar sin féin, murab ionann agus réimsí eile de chuid dhlí an Aontais, i gcásanna áirithe ní féidir le daoine nádúrtha ná daoine dlítheanacha bristeacha sna 27 mBallstát a mhaolú. Dá bhrí sin, fógraíodh sa Teachtaireacht thuasluaite ón gCoimisiún go mbeartódh an Coimisiún bearta lena náireofaí go leanfadh deimhnithe le haghaidh táirgí, comhpháirteanna, fearais agus cuideachtaí aerloingseoireachta áirithe de bheith bailí.

Maidir le táirgí aerloingseoireachta áirithe ("deimhnithe cineáil") agus cuideachtaí áirithe ("formheasanna eagraíochta"), glacfaidh an Ríocht Aontaithe, i gcás a dlínse féin ó dháta an tarraingt siar ar aghaidh, a ról mar "an stát inar dearadh" faoin gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta. Chun go bhféadfaidh sí deimhnithe a eisiúint sa ról nua sin, ní mór don Ríocht Aontaithe na ceanglais a leagtar amach sa Choinbhinsiún a chomhlíonadh. I láthair na huaire is é an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta a dhéanann na cúraimí sin, údarás ina nglacann an Ríocht Aontaithe páirt de bhua a ballraíochta san Aontas.

Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go mbeidh sásra athrúcháin rialaithe ann sa chaoi go mbeidh go leor ama ag an nGníomhaireacht agus ag na hoibreoirí lena mbaineann chun go neiseofar na deimhnithe riachtanacha faoi Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2018/1139, ag féachaint do stádas tríú tír na Ríochta Aontaithe.

Ba cheart an síneadh sin ar an mbailíocht a theorannú don mhéid is fíorghá chun déileáil le himeacht na Ríochta Aontaithe as córas sábháilteachta eitlíochta an Aontais.

Lena chois sin, murab ionann agus an chuid is mó de réimsí eile dhlí an Aontais maidir le hearraí, ní ar chur ar an margadh a bhíonn tionchar ag neamhbhailíocht deimhnithe ach ar fhíorúsáid táirgí, comhpháirteanna agus fearas eitlíochta san Aontas, nuair a bhítear ag suiteáil comhpháirteanna agus fearas ar aerárthach na 27 mBallstát a bhíonn ag oibriú san Aontas, mar shampla. Go deimhin, maidir le táirgí, comhpháirteanna agus fearais, ní hionann an rialú a dhéantar ar an gcreat eitlíochta agus an rialú atá i réimsí eile de acquis an Aontais, áit a bhfuil coincheap an chur ar an margadh lárnach. Sa chreat sábháilteachta eitlíochta is de réir an rialaithe a shocraítear an féidir comhpháirt, táirge nó fearas a úsáid, cibé acu ar cuireadh ar an margadh é/í nó nár cuireadh. Le córas sábháilteachta eitlíochta an Aontais is féidir maoirseacht a dhéanamh ar na táirgí, na comhpháirteanna agus na fearais sin go hiontaofa gan aon éideimhne. Dá bhrí sin, meastar go mbaineann tairbhe leis an gcreat atá ann cheana chomh maith mar bhonn ag an Rialachán atá beartaithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail na sábháilteachta eitlíochta.

Ní bhaineann an méid sin ach le líon fíorbheag deimhnithe, i.e.

·deimhnithe a d'eisigh monaróirí ("eagraíochtaí táirgthe") roimh dháta an tarraingt siar lenar creidiúnaíodh comhlíontacht táirgí (cé is moite d'aerárthaí), comhpháirteanna agus fearais nua-mhonaraithe sa chaoi gur féidir leanúint dá núsáid in aerárthaí agus orthu (pointe 21.A.163(c) d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 748/2012)

·deimhnithe a d'eisigh cuideachtaí cothabhála ("eagraíochtaí cothabhála") roimh dháta an tarraingt siar lenar creidiúnaíodh comhlíontacht táirgí (lena náirítear aerárthaí), comhpháirteanna agus fearais ar a ndearna siad cothabháil (pointe 145.A.75(e) d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán 1321/2014)

·Idem i gcás aerárthaí cé is moite d'aerárthaí atá á gcumhachtú le mótair choimpléascacha (pointe M.A.615(d) d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 1321/2014) 

·Idem i gcás comhpháirteanna agus fearais a suiteáladh ar aerárthaí cé is moite d'aerárthaí atá á gcumhachtú le mótair choimpléascacha (pointe M.A.615(d) d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 1321/2014)

·deimhnithe a d'eisigh cuideachtaí cothabhála ("eagraíochtaí cothabhála") roimh dháta an tarraingt siar lenar creidiúnaíodh gur críochnaíodh an tathbhreithniú aeracmhainneachta le haghaidh aerárthaí éadroma sa chatagóir ar a dtugtar catagóir 1 na nAerárthaí Éadroma Eorpacha ("ELA 1", seoleitleáin áirithe agus aerárthaí cumhachta éadroma, mar shampla) (pointe 145.A.75(f) d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán 1321/2014)

·deimhnithe a d'eisigh cuideachtaí a dhéanann maoirseacht ar chomhlíontacht aerárthaigh("eagraíochtaí bainistíochta aeracmhainneachta leantaí") roimh dháta an tarraingt siar lenar deimhníodh "aeracmhainneacht" aerárthaigh (pointe M.A.711(a).4 agus pointe M.A.711(b).1 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán 1321/2014)

Ar deireadh, i gcás ábhar agus scrúduithe cúrsaí oiliúna áirithe ar pléadh leo sa togra, rialaítear iad go mion faoi dhlí an Aontais agus tá siad comhdhéanta de mhodúil chaighdeánaithe ar cheart, de ghnáth, iad a chríochnú in aon Bhallstát amháin, sular féidir iad a aistriú go dlínse Ballstáit eile.

Ní ísleofar na ceanglais maidir le sábháilteacht ná feidhmíocht chomhshaoil na heitlíochta san Aontas de dheasca na bhforálacha atá beartaithe. De bharr an togra beidh monaróirí na 27 mBallstát in ann leanúint de bheith ag táirgeadh a dtáirgí agus beidh oibreoirí in ann leanúint de bheith ag oibriú na dtáirgí sin, i gcomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme de chuid an Aontais. Ar an taobh eile, thiocfadh fadhbanna móra, idir shóisialta agus eacnamaíoch, as briseadh sna gníomhaíochtaí sin. Trína áirithiú go gcomhlíonfaidh eagraíochtaí dlí an Aontais, áiritheoidh an togra freisin go gcosnófar tomhaltóirí agus saoránaigh.

D'iarr an Chomhairle Eorpach arís (Airteagal 50) an 13 Nollaig 2018 go gcuirfí dlús leis an obair ar ullmhacht ar gach leibhéal i dtaca le hiarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe agus go gcuirfí san áireamh na torthaí uile is féidir a bheith ar an tarraingt siar sin. Tá an gníomh seo ina chuid de phacáiste beart atá an Coimisiún a ghlacadh mar fhreagra ar an iarraidh sin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an Rialachán seo atá beartaithe ceaptha feidhmiú mar lex specialis lena rachfar i ngleic le cuid de na hiarmhairtí a bheidh ann toisc nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139 ná ag na gníomhartha cur chun feidhme ná na gníomhartha tarmligthe a glacadh dá bhun ná de bhun rialacha Rialachán (AE) Uimh. 216/2008, nach mbeidh feidhm ag an Rialachán seo a thuilleadh maidir leis an Ríocht Aontaithe agus ní bheidh feidhm aige ach sa mhéid is gá chun an taistriú rialaithe chuig margadh eitlíochta na 27 mBallstát a áirithiú. Tá na téarmaí atá beartaithe teoranta don mhéid is gá chuige sin, chun nach mbeidh bristeacha díréireacha ann. Chomh maith leis sin, tá sé beartaithe nach mbeidh feidhm acu ach ar feadh achar gairid. Beidh feidhm fós ag forálacha ginearálta na ngníomhartha sin cé is moite de sin. Tá an togra seo iomlán comhsheasmhach leis an reachtaíocht atá ann cheana, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Baineann an togra seo le sábháilteacht eitlíochta agus is comhlánú é ar Rialachán (CE) 2018/1139 de chuid an Aontais chun déileáil go sonrach le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas in éagmais comhaontú um tharraingt siar.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é an bunús dlí atá leis Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Ós comhlánú é an togra ar an reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana agus go bhfuil forálacha ann lenar fusa iad a chur i bhfeidhm go hordúil tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas, is le gníomh ar leibhéal an Aontais amháin is féidir cuspóir an togra a ghnóthú.

Comhréireacht

Meastar go bhfuil an Rialachán atá beartaithe comhréireach mar gur féidir bristeacha díréireacha a sheachaint leis trí fhoráil a dhéanamh maidir le hathrú dlí teoranta riachtanach lena gcumhdófar an gá atá le haistriú rialaithe chuig margadh eitlíochta na 27 mBallstát. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú agus ní dhéantar leis aon athrú níos leithne ná aon bheart buan.

An rogha ionstraime

Sa togra tá sraith bheag forálacha chun dul i ngleic le cás an-sonrach uathúil. Dá bhrí sin, meastar gur fearr gan modhnú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2018/1139 ná ar na gníomhartha cur chun feidhme nó na gníomhartha tarmligthe a glacadh dá bhun ná de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, ach gníomh aonair a chur ar bun nach mairfidh ach tréimhse ghairid. Tá na gnáthfhorálacha maidir leis na deimhnithe agus na ceadúnais lena mbaineann cumhdaithe ag Rialachán (AE) 2018/1139 agus ag a rialacha cur chun feidhme araon. I bhfianaise an méid sin agus phráinn an cháis, is cosúil gurb é Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle taon chineál gnímh dlí a bheadh fónta.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní infheidhme iad ós cás uathúil eisceachtúil é an cás arb éigean an togra seo a bheartú dá bharr.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

De dheasca na gcúinsí sonracha a bhaineann leis an gcaibidlíocht faoi tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus an tsíorathraithe ar an gcás, cuireadh mórshrianta leis an deis dul i mbun comhairliúchán leis an bpobal faoin togra. Mar sin féin, tá na dúshláin a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus roinnt réitigh fhéideartha luaite ag páirtithe leasmhara éagsúla san eitlíocht agus ionadaithe áirithe ó na Ballstáit.

Téama coitianta sna barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara i láthair is ea go bhfuil gá le hidirghabháil rialála i réimsí sonracha nach féidir le páirtithe leasmhara a mbearta teagmhais féin a dhéanamh iontu chun an tionchar díobhálach a mhaolú a bheidh ann in éagmais comhaontú um tharraingt siar. Go háirithe, dhearbhaigh cuideachtaí a mhonaraíonn, a chothabhálann nó a oibríonn aerárthaí go bhféadfadh go gcuirfí stop lena noibríochtaí sna 27 mBallstát dá nimeodh an Ríocht Aontaithe as an Aontas gan aon socrú a bheith ar bun. Go deimhin, is cosúil gurb é an phríomhfhadhb atá ann gur dhócha go mbeadh achar ama idir an tarraingt siar a dhéanfaí gan aon chomhaontú agus normalú an cháis faoi dhlí an Aontais trí dheimhnithe tríú tír a thabhairt do chuideachtaí na Ríochta Aontaithe nó tríd an táirgeadh a athlonnú i ndlínsí na 27 mBallstát. Le linn an achair ama sin d'éireodh beagnach gach deimhniú neamhbhailí. Chuir cuid mhór páirtithe leasmhara béim ar an bpointe nach bhfuil sa domhan ach beagán monaróirí i gcás cuid mhór de na comhpháirteanna a úsáidtear sna haerárthaí (e.g. boinn nó innill le haghaidh na gcineálacha aerárthaí móra a úsáideann na haerlínte). Ós rud é go mbíonn anphráinn le hoibríochtaí agus monarú sa lá atá inniu ann, ní féidir leanúint de na hoibríochtaí má thagann deireadh le bailíocht na ndeimhnithe sábháilteachta lena mbaineann.

Bailiú agus úsáid saineolais

Le cois an anailísithe dhlíthiúil agus theicniúil inmheánaigh, rinneadh anailísiú agus fíorú breise ar an bhfaisnéis seo i gcomhar le saineolaithe teicniúla Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) chun a áirithiú go ngnóthófar leis an togra atá beartaithe an cuspóir atá leis, ach tá sé srianta san am céanna don mhéid a bhfuil fíorghá leis.

Measúnú tionchair

Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh, ós rud é gur cás eisceachtúil atá i gceist agus nach bhfuil ach beagán riachtanas ag baint leis an tréimhse ina gcuirfear chun feidhme athrú stádais na Ríochta Aontaithe. Níl aon rogha bheartais ar fáil atá éagsúil ó thaobh ábhair de, ach amháin an rogha atá beartaithe.

Cearta bunúsacha

Níl aon tionchar ag an togra ar fheidhmiú ná cosaint ceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní infheidhme.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní infheidhme mar nach mairfidh an beart atá beartaithe ach achar gairid.

2018/0434 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta ó thaobh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 5 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 6 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, i.e. ón 30 Márta 2019, mura rud é go gcinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)Is é príomhchuspóir Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 ardleibhéal aonfhoirmeach sábháilteachta eitlíochta a chur ar bun agus a choinneáil ar bun san Aontas. Chuige sin, bunaíodh córas deimhnithe le haghaidh gníomhaíochtaí eitlíochta éagsúla chun na leibhéil sábháilteachta riachtanacha a bhaint amach agus chun gur féidir na fíoraithe riachtanacha a dhéanamh agus na deimhnithe arna neisiúint a ghlacadh go frithpháirteach.

(3)I réimse na sábháilteachta eitlíochta, is féidir le cuid mhór páirtithe leasmhara an tionchar a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar dheimhnithe agus ar fhormheasanna a leigheas le bearta éagsúla. Ar na bearta sin tá aistriú chuig údarás eitlíochta sibhialta de chuid na 27 mBallstát, nó iarratas a dhéanamh roimh dháta an tarraingt siar ar dheimhniú a eiseoidh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh ("an Ghníomhaireacht"), a thiocfaidh i bhfeidhm ar an dáta sin amháin agus, dá bhrí sin, ar choinníoll go mbeidh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír as sin amach.

(4)Mar sin féin, murab ionann agus réimsí eile de chuid dhlí an Aontais, i gcásanna sonracha ní féidir deimhniú a fháil ó Bhallstát eile ná ón nGníomhaireacht ós rud é, ó dháta an tarraingt siar ar aghaidh, go nglacfaidh an Ríocht Aontaithe, i gcás a dlínse féin, a ról mar "an stát inar dearadh" faoin gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta. Maidir leis an Ríocht Aontaithe féin, ní féidir léi deimhnithe a eisiúint sa ról nua sin go dtí go mbeidh an ról sin glactha aici, mar atá nuair a dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe tar éis di tarraingt siar as an Aontas.

(5)Is gá, mar sin, sásra sealadach a chur ar bun, chun síneadh a chur le bailíocht deimhnithe sábháilteachta eitlíochta áirithe, chun go mbeidh go leor ama ag na hoibreoirí lena mbaineann agus ag an nGníomhaireacht chun na deimhnithe riachtanacha a eisiúint faoi Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2018/1139, agus stádas tríú tír na Ríochta Aontaithe á chur san áireamh.

(6)Ba cheart fad an tsínidh sin le bailíocht deimhnithe a theorannú don mhéid is fíorghá chun déileáil le himeacht na Ríochta Aontaithe as córas sábháilteachta eitlíochta an Aontais.

(7)Chun gur féidir am breise a thabhairt, nuair is gá, deimhnithe faoi Airteagal 68 de Rialachán (AE) 1139/2018 a eisiúint do na hoibreoirí lena mbaineann, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún, chun síneadh breise a chur le tréimhse bhailíochta na ndeimhnithe dá dtagraítear i Roinn I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(8)Lena chois sin, murab ionann agus an chuid is mó de réimsí eile dhlí an Aontais maidir le hearraí, ní ar chur ar an margadh a bhíonn tionchar ag neamhbhailíocht deimhnithe ach ar fhíorúsáid táirgí, comhpháirteanna agus fearas eitlíochta san Aontas, nuair a bhítear ag suiteáil comhpháirteanna agus fearas ar aerárthaí de chuid an Aontais a bhíonn ag oibriú san Aontas, mar shampla. Níor cheart tionchar a bheith ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ar úsáid sin na dtáirgí eitlíochta.

(9)Déantar rialú docht ar oiliúint píolótaí agus meicneoirí i leith córais sábháilteachta eitlíochta san Aontas agus tá na modúil oiliúna comhchuibhithe. Na daoine a ghlacann páirt i modúl oiliúna i mBallstát amháin, ní i gcónaí a bhíonn siad in ann aistriú go Ballstát eile. Ba cheart an cás áirithe sin a chur san áireamh i mbearta teagmhais an Aontais.

(10)Ba cheart forálacha an Rialacháin seo a theacht i bhfeidhm chomh luath géar agus is féidir agus ba cheart feidhm a bheith acu, i bprionsabal, ón lá tar éis an lae a soirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe murar tháinig comhaontú tarraingt siar a tugadh chun críche leis an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm faoin dáta sin. Mar sin féin, chun gur féidir na nósanna imeachta riaracháin riachtanacha a dhéanamh a luaithe is féidir, ba cheart forálacha áirithe a bheith i bhfeidhm ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha sonracha le haghaidh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ("an Ríocht Aontaithe") as an Aontas Eorpach, maidir le deimhnithe sábháilteachta eitlíochta áirithe a eisítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 nó faoi Rialachán (AE) 2018/1139 do dhaoine nádúrtha agus do dhaoine dlítheanacha a bhfuil a bpríomhionad gnó sa Ríocht Aontaithe agus i gcásanna áirithe a bhaineann le hoiliúint eitlíochta.

2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na deimhnithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a bheidh bailí ar an lá roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a d'eisigh aon cheann díobh seo:

(a)Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh ("an Ghníomhaireacht") do dhaoine nádúrtha nó do dhaoine dlítheanacha a bhfuil a bpríomhionad gnó sa Ríocht Aontaithe de réir mar a leagtar amach i Roinn 1 den Iarscríbhinn;

(b)daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha arna gcreidiúnú ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar a leagtar amach i Roinn 2 den Iarscríbhinn.

3.Le cois na ndeimhnithe a liostaítear i mír 2, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na modúil oiliúna theoiriciúla dá dtagraítear in Airteagal 5.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag sainmhínithe comhfhreagracha Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139 agus ag na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhua agus de bhua Rialachán (AE) Uimh. 216/2008.

Airteagal 3

Na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a)

Na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a), beidh siad bailí fós go ceann 9 mí tar éis dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

I gcás inar gá am breise chun na deimhnithe faoi Airteagal 68 de Rialachán (AE) 1139/2018 a eisiúint do na hoibreoirí lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an tréimhse bhailíochta dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

Airteagal 4

Na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(b)

Na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(b) maidir le húsáid táirgí, comhpháirteanna agus fearas, beidh siad bailí fós chun gur féidir leanúint dá núsáid mar aerárthaí nó in aerárthaí.

Airteagal 5

Modúil oiliúna theoiriciúla a aistriú

De mhaolú ar Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 9 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 10 ón gCoimisiún, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát nó an Ghníomhaireacht, de réir an cháis, san áireamh na scrúduithe a rinneadh in eagraíochtaí oiliúna faoi mhaoirseacht údarás inniúil na Ríochta Aontaithe roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(2) an Rialacháin seo, mar a dhéanfaí iad le heagraíocht oiliúna faoi mhaoirseacht údarás inniúil Ballstáit.

Airteagal 6

Rialacha agus oibleagáidí maidir le deimhnithe atá faoi réir Airteagal 3 agus Airteagal 4

1.Deimhnithe atá faoi réir Airteagal 3 nó Airteagal 4, beidh siad faoi réir na rialacha is infheidhme maidir leo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 agus na ngníomhartha cur chun feidhme agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhua nó de bhua Rialachán (AE) Uimh. 216/2008. Beidh ag an nGníomhaireacht na cumhachtaí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1139 agus sna gníomhartha cur chun feidhme agus sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhua agus de bhua Rialachán (AE) Uimh. 216/2008 maidir le heintitis a bhfuil a bpríomhionad gnó i dtríú tír.

2.Ar iarraidh ón nGníomhaireacht, tabharfaidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4, tabharfaidh siad di cóipeanna de na tuarascálacha iniúchóireachta uile, de na torthaí iniúchóireachta uile agus de na pleananna beart ceartaitheach uile a bhaineann leis an deimhniú agus a eisíodh le trí bliana roimh an iarraidh. I gcás nár seachadadh na doiciméid sin roimh na sprioc-amanna a leag an Ghníomhaireacht síos ina hiarraidh, féadfaidh an Ghníomhaireacht an sochar a fuarthas de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 4 a aistarraingt, de réir an cháis.

3.Cuirfidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 nó Airteagal 4 den Rialachán seo an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis na Ríochta Aontaithe ar féidir go mbeidh siad ag teacht salach ar a noibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) 2018/1139.

Airteagal 7

Údarás inniúil

Chun críocha an Rialacháin seo agus chun maoirseacht a dhéanamh ar na sealbhóirí deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, gníomhóidh an Ghníomhaireacht i gcáil an údaráis inniúil dá bhforáiltear le haghaidh eintitis tríú tír faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhua nó de bhua Rialachán (AE) Uimh. 216/2008.

Airteagal 8

Rialachán (AE) Uimh. 319/2012 a chur i bhfeidhm

Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 11 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta, beidh feidhm aige maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a mbeidh deimhnithe ina seilbh acu dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le sealbhóirí deimhnithe comhfhreagracha arna neisiúint do dhaoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha as tríú tír.

Airteagal 9

Modhanna comhlíontachta inghlactha agus ábhar treorach

Féadfaidh an Ghníomhaireacht modhanna comhlíontachta inghlactha agus ábhar treorach a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 76(3) de Rialachán (AE) 2018/1139.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a bheidh deireadh le feidhm na gConarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 5 ó dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tháinig comhaontú um tharraingt siar i bhfeidhm a tugadh chun críche leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach faoin dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)     https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/draft_withdrawal_agreement_0.pdf .
(2)    Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle, IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(3)    Rialachán (AE) 3697/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena naisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE IO L 79, 19.3.2008, lch. 1
(4)    COM(2018)880 final, 13.11.2018.
(5)    IO C […], […], lch. […].
(6)    IO C […], […], lch. […].
(7)    Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018), lch. 1.
(8)    Rialachán (AE) 3697/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena naisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE IO L 79, 19.3.2008, lch. 1
(9)    Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. IO L 311, 25.11.2011, lch. 1.
(10)    Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, comhpháirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na neagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin. IO L 362, 17.12.2014, lch. 1.
(11)    Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 an 27 Márta 2014 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 593/2007. IO L95, 28.3.2014, lch. 58
Top

An Bhruiséil,19.12.2018

COM(2018) 894 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta ó thaobh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas


IARSCRÍBHINN

Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 1.

Roinn 1: Deimhnithe a eisíonn Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh ("an Ghníomhaireacht") do dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a bhfuil a bpríomhionad gnó sa Ríocht Aontaithe agus le haghaidh aerárthaí dá dtagraítear sna Rialacháin seo a leanas:

1.1. Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Cuid 21, Fochuid B (deimhnithe cineáil agus deimhnithe cineáil shrianta)

1.2. Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Cuid 21, Fochuid D (formheas athruithe ar dheimhnithe cineáil agus deimhnithe cineáil shrianta)

1.3. Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Cuid 21, Fochuid E (deimhnithe cineáil forlíontacha)

1.4. Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Cuid 21, Fochuid M (formheas maidir le deisiú)

1.5. Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Cuid 21, Fochuid O (údaruithe de réir Ord Teicniúil Caighdeánach na hEorpa)

1.6. Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Cuid 21, Fochuid J (formheasanna eagraíochtaí dearaidh)

Roinn 2: Deimhnithe a eisíonn daoine dlítheanacha nó daoine nádúrtha arna gcreidiúnú ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe do dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha agus le haghaidh aerárthaí, dá dtagraítear sna Rialacháin seo a leanas:

2.1. Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Fochuid G, pointe 21.A.163(c) (deimhnithe um scaoileadh le haghaidh táirgí, comhpháirteanna agus fearas)

2.2. Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Cuid 145, pointe 145.A.75(e) (deimhnithe um scaoileadh chun seirbhíse maidir le críochnú cothabhála)

2.3. Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Cuid 145, pointe 145.A.75(f) (deimhnithe um athbhreithniú aeracmhainneachta le haghaidh aerárthaí ELA 1)

2.4. Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Cuid M, Fochuid F, pointe M.A.615(d) (deimhnithe um scaoileadh chun seirbhíse ar chríochnú na cothabhála)

2.5. Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Cuid M, Fochuid F, pointe M.A.615(e) (deimhnithe um athbhreithniú aeracmhainneachta le haghaidh aerárthaí ELA 1)

2.6 Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Cuid M, Fochuid G Pointe M.A.711(a)(4) nó (b)(1) (deimhnithe athbhreithnithe aeracmhainneachta agus síntí orthu).

Top