AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg,13.3.2018
COM(2018) 131 final
2018/0064(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair
(téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis)
{SWD(2018) 68 final}
{SWD(2018) 69 final}
{SWD(2018) 80 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Ar cheann de thosaíochtaí shainordú Choimisiún Juncker tá cothroime an mhargaidh inmheánaigh a láidriú. An 17 Samhain 2017, ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Gothenburg, d'fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún le chéile Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Leagtar amach sa Cholún roinnt príomhphrionsabal agus príomhcheart chun margaí saothair agus córais slándála sóisialta atá cothrom agus atá ag feidhmiú mar is ceart a chur chun cinn. Ceapadh é mar shlat tomhais ar phróiseas athnuaite cóineasaithe d'fhonn dálaí oibre agus maireachtála níos fearr a bhaint amach ar fud an Aontais, deiseanna comhionanna a áirithiú do na saoránaigh mar aon le rochtain ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma agus cosaint agus cuimsiú sóisialta. I gcroílár an chuspóra sin tá soghluaisteacht chothrom an lucht saothair a áirithiú.
Is chun sochair daoine aonair, geilleagar agus sochaithe ina niomláine a bhíonn soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair. As measc bheartais agus thosaíochtaí uile an Aontais Eorpaigh, is leis an tsaorghluaiseacht is mó a thacaíonn na saoránaigh. Áirítear sa tsaorghluaiseacht an deis a bheith ag saoránaigh dul a chónaí nó i mbun oibre, staidéir nó gnó áit ar bith san Aontas Eorpach. Bíonn saorghluaiseacht oibrithe agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar laistigh den Aontas ag brath ar rialacha soiléire cothroma éifeachtacha a bheith á gcur i bhfeidhm maidir le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta san Aontas. Chuige sin, tá corpas suntasach reachtaíochta forbartha ag an Aontas lena rialaítear saorghluaiseacht oibrithe, postú oibrithe agus comhordú na slándála sóisialta. Tá roinnt tograí tíolactha ag Coimisiún Juncker d'fhonn an creat rialála sin a fheabhsú.
Mar sin féin, is ann d'ábhair imní go fóill maidir le comhlíonadh éifeachtach éifeachtúil rialacha an Aontais, agus forfheidhmiú na rialacha sin, rud is baolach don mhuinín atá ag daoine sa mhargadh inmheánach, agus cothroime an mhargaidh sin. Go háirithe, cuireadh roinnt ábhair imní in iúl maidir le hoibrithe taistil a bheith neamhchosanta ar mhíúsáid agus cearta a bheith á ndiúltú dóibh, agus maidir le gnólachtaí atá ag feidhmiú i dtimpeallacht ghnó éiginnte nó dhoiléir agus in éagmais cothrom iomaíochta. Tá méadú suntasach tagtha ar shoghluaisteacht trasteorann an lucht saothair le blianta beaga anuas. In 2017 bhí 17 milliún saoránach ina gcónaí nó ag obair i mBallstát seachas an Ballstát ar náisiúnach de iad. Is méadú faoi dhó an figiúr sin i gcomparáid le deich mbliana ó shin. Tháinig méadú 68 % (go dtí 2.3 milliún) ar líon na ndaoine ar postú idir 2010 agus 2016. Tá 1.4 milliún saoránach de chuid an Aontais a thaistealaíonn chuig an obair i mBallstát eile. Tá os cionn 2 mhilliún oibrí in earnáil an iompair de bhóthar a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha an Aontais gach lá chun earraí nó paisinéirí a iompar. Is gá do na húdaráis náisiúnta comhoibriú le chéile go héifeachtach agus bearta riaracháin comhbheartaithe a dhéanamh chun an margadh saothair, atá ag éirí níos "Eorpaí" de réir a chéile, a bhainistiú.
Tharla sé cúpla babhta gur tharraing Parlaimint na hEorpa aird ar an ngá leis na rialuithe agus an comhordú a dhéanann na Ballstáit, agus atá idir na Ballstáit, a neartú, lena náirítear tríd an malartú faisnéise idir cigireachtaí saothair a láidriú, agus trí thacú go gníomhach le feidhmiú na gceart saorghluaiseachta. Luaigh an Chomhairle freisin gur gá an comhar riaracháin a fheabhsú agus cúnamh agus malartú faisnéise a fhorbairt i gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne calaois a bhaineann le postú oibrithe, agus béim a leagan, san am céanna, ar fhaisnéis shoiléir thrédhearcach a chur ar fáil do sholáthraithe seirbhísí agus oibrithe.
Sa chomhthéacs sin, san aitheasc ar Staid an Aontais a thug sé in 2017, mhol an tUachtarán Juncker "Údarás Eorpach Saothair" a bhunú chun a áirithiú go bhforfheidhmeofar rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair ar bhealach cothrom simplí éifeachtach. Tá an togra seo dírithe ar Údarás Eorpach Saothair den chineál sin – dá ngairtear "an tÚdarás" anseo feasta – a bhunú i bhfoirm gníomhaireacht dhíláraithe AE chun dul i ngleic leis na príomhdhúshláin seo a leanas:
·An easpa tacaíochta agus treorach atá ar fáil le haghaidh daoine aonair agus gnólachtaí i gcásanna trasteorann, lena náirítear an fhaisnéis atá ar fáil don phobal maidir lena gcearta agus a noibleagáidí a bheith neamhiomlán nó gann;
·Rochtain theoranta ar fhaisnéis agus easnaimh i roinnt na faisnéise sin idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as réimsí éagsúla i dtaca le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta;
·Easpa acmhainne ag na húdaráis náisiúnta comhar a eagrú le húdaráis i mBallstáit eile;
·Sásraí laga nó easpa sásraí i dtaca le gníomhaíochtaí comhpháirteacha forfheidhmiúcháin trasteorann;
·Easpa sásra idirghabhála trasteorann ar leith idir na Ballstáit sna réimsí uile a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta;
·Easpa struchtúir i dtaca leis an gcomhar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh sa réimse seo.
Is é móraidhm don tionscnamh cuidiú chun soghluaisteacht chothrom an lucht saothair sa mhargadh inmheánach a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, tá sé mar aidhm ag an togra seo:
·Rochtain daoine aonair agus fostóirí ar fhaisnéis faoina gcearta agus a noibleagáidí a fheabhsú maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta, mar aon le rochtain ar na seirbhísí ábhartha a fheabhsú;
·Comhar oibríochtúil idir na húdaráis a neartú i gcás fhorfheidhmiú trasteorann dhlí ábhartha an Aontais, lena náirítear trí chigireachtaí comhpháirteacha a éascú;
·Seirbhísí idirghabhála a chur ar fáil agus réitigh a éascú i gcás díospóidí idir na húdaráis náisiúnta agus i gcás míshocrachtaí i margadh an tsaothair trasteorann, amhail athstruchtúrú cuideachtaí, a dhéanfadh difear do roinnt Ballstát.
Go sonrach, cuirfear de chúram ar an Údarás roinnt tascanna oibríochtúla a dhéanamh, is é sin faisnéis agus seirbhísí ábhartha a chur ar fáil do dhaoine aonair agus d'fhostóirí, agus tacú leis na Ballstáit i dtaobh comhair, malartú faisnéise, cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha, measúnú riosca, idirghabhála, forbairt acmhainne, agus comhar i gcás míshocrachtaí i margadh an tsaothair trasteorann. Déanfar struchtúir agus uirlisí atá ann cheana maidir le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta san Aontas a chomhtháthú nó cuirfidh an tÚdarás leis na réimsí sin, agus cuirfear tacaíocht oibríochtúil agus theicniúil ar fáil do na Ballstáit ar scála níos mó ná riamh roimhe a bhuí leis sin.
Daoine aonair atá faoi réir rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta san Aontas, is é sin oibrithe, daoine féinfhostaithe nó daoine ar saoránaigh den Aontas iad nó ar náisiúnaigh tríú tír iad atá ina gcónaí go dleathach san Aontas a mbaineann cás trasteorann leo, beidh an tÚdarás in ann a bheith ag obair ar a son. Orthu sin tá oibrithe ar postú, sealbhóirí chárta gorm an Aontais Eorpaigh, aistrithe ionchorparáideacha agus cónaitheoirí fadtéarmacha fad agus atá siad faoi réir na rialacha thuasluaite. Oibreoidh an tÚdarás freisin chun tairbhe cuideachtaí atá i mbun gníomhaíochtaí trasteorann, lena náirítear chun críocha earcaíochta.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tabharfaidh an tÚdarás cuidiú chun a áirithiú go ndéanfar cearta oibrithe agus saoránach a ráthú i gcásanna trasteorann i dtaca le cóir chomhionann agus an rochtain ar dheiseanna fostaíochta agus ar an tslándáil shóisialta. Áiritheoidh sé freisin trédhearcacht gnólachtaí maidir le caighdeáin áitiúla saothair sa mhargadh inmheánach. Lena chois sin, tacóidh sé leis an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta chun a áirithiú go nurramaítear cearta sóisialta oibrithe agus saoránach, agus chun calaois agus míúsáid a chosc.
Ghlac an Coimisiún líon áirithe tionscnamh agus tograí chun soghluaisteacht chothrom an lucht saothair a chur chun cinn, go háirithe athbhreithnithe ar an Treoir maidir le hOibrithe a Phostú agus ar na Rialacháin maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta mar aon leis an bpacáiste "An Eoraip ag Gluaiseacht", lena náirítear lex specialis ar phostú oibrithe in earnáil an iompair idirnáisiúnta de bhóthar agus athbhreithniú ar na rialacha sóisialta agus ar rialacha an mhargaidh i dtaca leis an iompar de bhóthar. Na tionscnaimh sin a glacadh le déanaí, is dul chun cinn iad ar thograí reachtacha a glacadh roimhe seo, amhail na Treoracha maidir le postú oibrithe a fhorfheidhmiú agus saorghluaiseacht oibrithe, an Rialachán maidir le EURES (líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta) agus tionscnaimh amhail Ardán Eorpach a bhunú chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe.
Le linn an ullmhúcháin le haghaidh na dtograí sin agus na bpléití a bhí ar siúl le linn an nós imeachta reachtaigh, ba léir go raibh gá le creat neartaithe chun na rialacha a bhí ann cheana a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Tá an togra le haghaidh Údarás Eorpach Saothair ceaptha an bhearna sin a líonadh.
Dá mbunófaí an tÚdarás seo atá beartaithe a bhunú, bheifí in ann tascanna atá á ndéanamh faoi láthair ag coistí agus comhlachtaí éagsúla a thabhairt le chéile agus tacaíocht oibríochtúil a thabhairt isteach maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta, agus ar an gcaoi sin comhleanúnachas i mbeartas an Aontais maidir le saincheisteanna na soghluaisteachta trasteorann a mhéadú (chun tuilleadh sonraí a fháil, féach an roinn thíos "Oiriúnacht rialála agus simpliú").
Bheadh an tÚdarás atá beartaithe ag obair i gcomhar le ceithre cinn de ghníomhaireachtaí i réimse na fostaíochta agus an bheartais shóisialta agus d'áiritheodh sé comhleanúnachas a bheith ann le gníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí sin: an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA).
Bheadh an Rialachán atá beartaithe ina chuidiú chun na prionsabail agus na cearta arna sainiú i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, go háirithe trí fheasacht a ardú maidir leis na deiseanna oiliúna agus na deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil atá ann do shaoránaigh taistil, agus chun tacú go gníomhach le cruthú fostaíochta agus, go ginearálta, trí dhlí an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta, mar aon le comhaontuithe comhpháirteacha lena gcuirtear chun feidhme dlí sin an Aontais, a fhorfheidhmiú ar bhealach éifeachtach éifeachtúil.
•
Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Chuirfeadh an tionscnamh leis an obair atá ar siúl cheana chun na spriocanna a leagtar amach sna Treoirlínte Polaitiúla a bhaint amach: Tús nua don Eoraip i ndáil le "Tosaíocht 4: margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime, agusbonn tionsclaíoch níos láidre faoi", agus go háirithe straitéis an mhargaidh inmheánaigh. I ndáiríre, is éard atá i soghluaisteacht an lucht saothair bealach chun leithdháileadh níos éifeachtúla acmhainní a áirithiú idir earnálacha agus laistigh d'earnálacha agus chun an dífhostaíocht agus neamhréir scileanna a laghdú. Bheadh an tionscnamh seo ag teacht freisin le Tosaíocht 1 de na Treoracha Polaitiúla ("Borradh nua a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht") trí thimpeallacht rialála níos fabhraí a chruthú chun tacú le timpeallacht fiontraíochta agus cruthaithe post.
Ina theannta sin, bheadh obair an Údaráis ag teacht leis an gcuspóir straitéiseach a leagtar síos sa straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach, is é sin an riarachán poiblí a nuachóiriú, idir-inoibritheacht trasteorann a bhaint amach agus idirghníomhaíocht éasca a chumasú le daoine aonair. Sa chomhthéacs sin, chomhlánódh sé an togra ón gCoimisiún maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú trí dhíriú ar inneachar agus seirbhísí ar ardcháilíocht a sholáthar don phobal tríd an tairseach sin, atá bunaithe ar an tairseach An Eoraip Agatsa atá ann cheana. Chuirfeadh an tionscnamh seo freisin leis an taithí atá faighte ag an líonra neamhfhoirmiúil réitigh fadhbanna SOLVIT. Go háirithe, chuirfeadh an tionscnamh, nuair is ábhartha, leis an bhfaisnéis agus na seirbhísí a sholáthraítear tríd an tairseach aonair dhigiteach agus chomhlánódh sé an fhaisnéis agus na seirbhísí sin. Chuirfeadh sé chun cinn freisin an rochtain ar SOLVIT do dhaoine aonair agus d'fhostóirí chun na difríochtaí eatarthu a réiteach agus chun cur leis an bhfianaise a fhaightear ón bhfoinse sin chun fadhbanna a thagann chun cinn go minic sna réimsí faoina raon feidhme a shainaithint.
Ina theannta sin, bhainfeadh an tionscnamh seo leas as dea-chleachtais i réimse an chomhair trasteorann, dea-chleachtais a shainaithin an "Pointe Fócais Teorann" chun cuidiú a thabhairt poitéinseal iomlán eacnamaíoch réigiúin teorann an Aontais a bhaint amach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagail 46, 48, 53(1), 62 agus 91(1) CFAE. Tá sé dírithe ar shaorghluaiseacht oibrithe, comhordú na gcóras slándála sóisialta, daoine a chur i mbun gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar dhaoine féinfhostaithe, an tsaoirse seirbhísí a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna atá infheidhme maidir leis an iompar idirnáisiúnta.
•Coimhdeacht
Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta mar nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a ghnóthú go leordhóthanach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach ná áitiúil, agus is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais ar na cúiseanna seo a leanas:
·Faisnéis agus seirbhísí ardcháilíochta atá cothrom le dáta a chur ar fáil don phobal faoina gcearta agus a noibleagáidí i gcás riachtanais a bhaineann le cásanna trasteorann is gá a chomhordú ar leibhéal an Aontais d’fhonn cur chuige comhsheasmhach, soiléir agus éifeachtúil a áirithiú.
·I gcás dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, ar bhonn trasteorann, maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na gcóras slándála sóisialta, táthar ag brath ar an gcomhar idir na Ballstáit, rud a chiallaíonn nach féidir le Ballstát ar bith gníomhú as féin.
·Seachas a bheith ag brath ar ghréasán casta de chomhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha, is gá cur chuige comhordaithe comhpháirteach a fhorbairt ar leibhéal an Aontais d’fhonn cur le sineirgíochtaí agus tacú leis an gcomhar idir na Ballstáit maidir le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh na núdarás riaracháin agus daoine aonair, agus chun teacht ar chomhthuiscint i dtaca leis na riachtanais forfheidhmiúcháin.
•Comhréireacht
Freagairt chomhréireach ar an ngá le tacaíocht oibríochtúil an tionscnamh seo agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an sprioc sin a bhaint amach. Ní chuireann sé aon oibleagáidí nua ar na Ballstáit, ar dhaoine aonair ná ar fhostóirí; ina ionad sin, díríonn sé ar thacú le soghluaisteacht trasteorann agus ar dheiseanna nua a chruthú. Ní chuireann an togra isteach ar dhéanamh cinntí, ar an reachtaíocht ná ar ghníomhaíochtaí forfeidhmiúcháin ar an leibhéal náisiúnta, rudaí a fhanann faoi inniúlacht na mBallstát. Ina theannta sin, fágann sé, den chuid is mó, faoi na Ballstáit é na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an tionscnamh seo a thapú pé bealach is mian leo.
Leagtar amach sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an Rialachán beartaithe seo an chaoi a néiríonn leis an togra an chothromaíocht is fearr a bhaint amach maidir leis na cuspóirí a leagtar amach sa tionscnamh a ghnóthú, rud a áirithíonn sochair (tionchar dearfach) do na húdaráis náisiúnta, do dhaoine aonair agus d'fhostóirí gan méadú suntasach a theacht ar na costais. Tugtar inti freisin tuairisc ar thacaíocht iomlán na bpáirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo agus an togra seo á ullmhú.
•An rogha ionstraime
Is é an ionstraim atá beartaithe rialachán maidir le hÚdarás Eorpach Saothair a bhunú agus a fheidhmiú. Cuirfidh an rialachán leis an gcur chuige coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais Eorpaigh, cur chuige ar thacaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún leis in 2012. Le rialachán tugtar an deimhneacht dhlíthiúil is gá chun an tÚdarás a bhunú, rud nach bhféadfaí a bhaint amach trí bhíthin ionstraimí dlíthiúla eile.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Rinneadh an togra maidir le hÚdarás Eorpach Saothair a cheapadh i sineirgíocht le tograí reachtacha eile atá idir lámha i réimsí gaolmhara amhail oibrithe a phostú, comhordú na slándála sóisialta agus tairseach aonair dhigiteach a bhunú. Chuige sin, cuireann an togra leis an bhfianaise a bailíodh le linn phróiseas ullmhúcháin na dtograí sin, lena náirítear measúnuithe tionchair, agus le linn pléití a bhí ar bun i gcaitheamh an nós imeachta reachtaigh. Pointe tábhachtach a tháinig chun cinn ó na próisis sin ná an gá le tacaíocht oibríochtúil, maidir le comhar trasteorann níos fearr agus trédhearcacht agus feasacht níos mó, d’fhonn cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú na rialacha sin a fheabhsú i réimse shoghluaisteacht an lucht saothair.
Ar an gcaoi chéanna, cuireadh san áireamh sa togra an mheastóireacht leanúnach atá á déanamh ar na ceithre ghníomhaireacht thuasluaite de chuid an Aontais Eorpaigh i réimse an bheartais fostaíochta. Sa mheastóireacht sin tá measúnú aonair ar gach gníomhaireacht, dearcadh comparáideach, agus measúnú fadbhreathnaitheach ar an gcaoi a bhfeidhmeoidh na ceithre ghníomhaireacht sin sna blianta amach romhainn. Tá feidhmeanna na gceithre ghníomhaireacht sin difriúil ó fheidhmeanna an Údaráis atá beartaithe ós rud é gur taighde, den chuid is mó, atá in obair na ngníomhaireachtaí agus nach gcuireann siad béim ar chúrsaí trasteorann. Tá réamheilimintí áirithe sa mheastóireacht, áfach, a chabhraigh leis an togra, go mór mór maidir le heagrú thascanna agus rialachas an Údaráis. Sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo, déantar an caidreamh idir an tÚdarás atá beartaithe agus na cheithre ghníomhaireacht atá ann cheana a chíoradh. Chuideodh meastóireacht thráthrialta ar an Údarás chun tuilleadh sineirgíochtaí agus cuíchóiriú a dhéanamh le Gníomhaireachtaí atá gníomhach i réimse na fostaíochta agus an bheartais shóisialta.
Sa Tuarascáil Speisialta uaithi ar shaorghluaiseacht oibrithe, luaigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa moltaí chun feasacht a ardú maidir leis na huirlisí de chuid an Choimisiúin atá ceaptha tacú le daoine atá ag obair thar lear, chun tairseach EURES a fheabhsú agus chun úsáid níos fearr sonraí a chur chun cinn i gceapadh agus maoiniú tionscnamh sa réimse seo. Cuireadh na gnéithe sin san áireamh agus an togra seo á ullmhú.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chun tuairimí páirtithe leasmhara a fháil (lena náirítear saoránaigh, údaráis náisiúnta, páirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta) maidir le hÚdarás Eorpach Saothair a bhunú, d'eagraigh an Coimisiún comhairliúchán oscailte ar líne faoina phríomhpharaiméadair an 27 Samhain 2017 go dtí an 7 Eanáir 2018. Bailíodh 8,809 freagra le linn an chomhairliúcháin phoiblí sin, agus bhí 8,420 acu go díreach mar an gcéanna – is é sin le lá rá gur thoradh ar fheachtas de chuid Chónaidhm Eorpach na gCeardchumann iad – agus freagraí uathúla a bhí i 389 gcinn acu.
Ar an iomlán, ba léir gur thacaigh freagróirí an chomhairliúcháin phoiblí go láidir le bunú Údaráis nua, lena náirítear nuair a cuireadh na freagraí uathúla sa mheá. Ar an iomlán, bhí na torthaí ag teacht leis an anailís a bhí déanta ag an gCoimisiún ar na príomhdhúshláin. Ba é tuairim fhormhór mór na bhfreagróirí (níos mó ná 70 %) nach leor an comhar atá ann faoi láthair idir na húdaráis náisiúnta chun a áirithiú go ndéantar rialacha an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtúil i réimse na soghluaisteachta trasteorann. Mheas céatadán eile beagnach chomh mór céanna gur fadhb é do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí an easpa rochtana atá acu ar fhaisnéis faoi rialacha maidir le soghluaisteacht trasteorann agus an easpa trédhearcachta atá ann. Tacaíodh ar an iomlán leis na feidhmeanna féideartha atá á moladh don Údarás nua, go háirithe tacaíocht don chomhar córasach agus malartú faisnéise idir na húdaráis náisiúnta.
D'eagraigh an Coimisiún freisin sraith de chomhairliúcháin spriocdhírithe le comhlachtaí AE maidir le hoghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta. Eagraíodh éisteacht speisialta le comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh an 11 Nollaig 2017 agus cruinniú straitéiseach comhphlé le heagraíochtaí na sochaí sibhialta san Aontas an 15 Nollaig 2017. Sa bhreis ar thuairimí ó bhéal a tugadh le linn na gcruinnithe tiomnaithe, rinne eagraíochtaí agus ionadaithe a bhí ag glacadh páirt sna comhairliúcháin thiomnaithe sin páipéir seasaimh i scríbhinn a thíolacadh freisin.
Bhí torthaí éagsúla ar na comhairliúcháin spriocdhírithe. Ar an iomlán, bhí na freagróirí sásta go gcruthófaí údarás nua a dhíreodh ar chomhar a fheabhsú idir na húdaráis náisiúnta trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtais a éascú. San am céanna, leag na freagróirí béim air gur cheart don Údarás nua inniúlachtaí na mBallstát atá conradhbhunaithe a urramú ina niomláine, nár cheart dó ceanglais bhreise tuairiscithe a fhorchur ar na Ballstáit agus nár cheart dó na struchtúir riaracháin atá ann cheana a dhéanamh níos casta nó dúbláil gan ghá a dhéanamh ar na struchtúir sin. Chreid go leor de na páirtithe leasmhara a ghlac páirt sa chomhairliúchán spriocdhírithe gur ghá sainordú agus cuspóirí an Údaráis a bheidh ann amach anseo a shonrú mar aon leis an nasc a bheadh aige le struchtúir agus ionstraimí atá ann cheana.
Tá eolas faoi thuairimí na bpáirtithe leasmhara in Iarscríbhinn 2 den Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair. Cuireadh torthaí na gcomhairliúchán sin, lena náirítear pléití leis an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta, an tArdán Eorpach chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe, Coiste na Saineolaithe ar Oibrithe a phostú, an Coiste Teicniúil um Shaorghluaiseacht Oibrithe, Líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta poiblí, agus malartuithe neamhfhoirmiúla le hAirí le linn dhíospóireacht lóin na Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO) i nDeireadh Fómhair 2017, cuireadh torthaí na gcomhairliúchán sin san áireamh go cuí agus an togra seo á ullmhú.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Agus an tionscnamh seo agus an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an Rialachán atá beartaithe á nullmhú, bhain an Coimisiún úsáid as réimse leathan sonraí tánaisteacha arna bhfoilsiú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh (Parlaimint na hEorpa, an Coimisiúin agus an Chúirt Iniúchóirí), seirbhísí tiomnaithe de chuid an Choimisiúin (An Eoraip Agatsa – Comhairle, SOLVIT), agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile (OECD), taighde ábhartha acadúil agus as staidéir ag meithleacha machnaimh. Cuireadh san áireamh freisin saineolas i réimse an bheartais inmheánaigh agus na hinniúlachtaí anailíseacha, lena náirítear chun an tionchar buiséadach a mheas.
Bhí an Coimisiún ag brath freisin ar na príomhshonraí a bailíodh chun críche an tionscnaimh seo. Baineadh leas as na creatchonarthaí a bhí i bhfeidhm cheana chun fianaise a bhailiú. Áiríodh sa mhéid sin iarraidh ad hoc ar ghréasán na saineolaithe dlíthiúla maidir le soghluaisteacht laistigh den Aontas (FreSsco) maidir le cumas na gcigirí saothair déileáil le cásanna trasteorann. Áiríodh sa mhéid sin freisin iarraidh ar sheirbhís chomhairliúcháin chun cás-staidéir a fhorbairt ar bhonn agallaimh cháilíochtúla maidir le foinsí le haghaidh comhar trasteorann i réimse an fhorfheidhmiúcháin.
•Measúnú tionchair
I gcomhréir lena bheartas maidir le Rialáil Níos Fearr, nuair a bhí an tionscnamh seo á ullmhú ag an gCoimisiún rinne sé measúnú tionchair ar na roghanna beartais agus seachadta a d'fhéadfaí a ghlacadh. Chun tacú leis an obair sin rinneadh comhairliúchán struchtúrtha laistigh den Choimisiún trí Ghrúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse.
Cuireadh an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB), agus pléadh leis an mBord é. Tugadh aghaidh ar na moltaí a rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála sa tuairim dhiúltach a tháinig uaidh an 9 Feabhra 2018 trí raon feidhme agus réasúnaíocht an tionscnaimh agus dearcadh na bpáirtithe leasmhara a fhorbairt tuilleadh, agus rinneadh forbairt freisin ar an anailís a bhí á déanamh ar na roghanna a bhí á meas agus ar an gcaoi a bhféadfadh an tionscnamh feidhmiú laistigh den struchtúr rialachais atá ann cheana maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta, agus sinéirgíochtaí agus simpliú a chothú san am céanna. Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a luaigh an Bord sa tuairim (dhearfach) uaidh an 21 Feabhra 2018, rinneadh breis soiléirithe sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair ar an gcaoi a ndéanfaí atheagrú ar leagan amach na gcoistí agus na struchtúr atá ann cheana ach Údarás nua a bheith curtha ar bun, d'fhonn rudaí a shimpliú agus dúbailt na hoibre a sheachaint, tugadh aghaidh ar an nasc a d'fhéadfadh a bheith ag an Údarás nua le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá ann cheana i réimse na fostaíochta, agus neartaíodh an míniú a bhí tugtha ar na meastacháin bhuiséid a bhaineann leis an rogha thosaíochta.
Rinneadh trí rogha beartais a mheas i dtaca leis an Údarás atá beartaithe, is é sin (1) rogha thacaíochta, (2) rogha oibríochtúil, agus (3) rogha mhaoirseachta. Na tascanna céanna a bheadh ar an Údarás faoi aon cheann de na trí rogha ach bheadh siad éagsúil ó thaobh an méid cumhachtaí a thabharfaí dó. Is iad na tascanna atá beartaithe don Údarás: (i) seirbhísí soghluaisteachta an lucht saothair le haghaidh daoine aonair agus gnólachtaí; (ii) comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis náisiúnta, (iii) tacaíocht a thabhairt do chigireachtaí comhpháirteacha; (iv) anailísí agus measúnú riosca ar an margadh saothair; (v) tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt acmhainní; (vi) idirghabháil idir na húdaráis náisiúnta; (vii) éascú an chomhair idir na páirtithe leasmhara ábhartha i gcás míshocrachtaí i margadh an tsaothair. Ar an mbealach céanna, rinneadh trí rogha seachadta a mheas: (1) dhéanfadh an Coimisiún roinnt tascanna oibríochtúla agus bhunófaí Líonra Eorpach chun comhordú a dhéanamh ar na comhlachtaí atá ann cheana i réimse shoghluaisteacht an lucht saothair san Aontas Eorpach; (2) bhunófaí Údarás nua a chomhlánfadh obair na gcomhlachtaí soghluaisteachta lucht saothair atá ann cheana san Aontas Eorpach, (3) bhunófaí Údarás nua a chomhlánfadh obair na Gníomhaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh atá ann cheana i réimse na fostaíochta agus an bheartais shóisialta.
Mar chuid den mheasúnú tionchair, rinneadh na roghanna beartais agus seachadta a mheas i dtaca le critéir na héifeachtúlachta, na héifeachtachta agus an chomhleanúnachais. Ba é toradh na hanailíse sin gurbh é an bealach b'éifeachtúla agus b'éifeachtaí chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach an rogha oibríochtúil (rogha beartais 2) arna cur i bhfeidhm trí bhíthin Údarás nua a bheadh ina chomhlánú ar na comhlachtaí soghluaisteachta lucht saothair atá ann cheana san Aontas Eorpach (rogha seachadta 2). D'fhágfadh sé sin go mbeadh tionchar dearfach ar na húdaráis náisiúnta, ar dhaoine aonair agus ar fhostaithe gan méadú suntasach a theacht ar na costais agus, san am céanna, rachfaí i ngleic leis an easpa tacaíocht oibríochtúil faoin gcreat comhair atá san Aontas Eorpach faoi láthair, dhá ábhar imní thábhachtacha a luaigh na páirtithe leasmhara.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Chuirfeadh an togra maidir le hÚdarás nua a bhunú feabhas ar thírdhreach institiúideach an Aontais Eorpaigh i réimse na soghluaisteachta trasteorann, ar mhaithe leis na cineálacha comhair atá ann faoi láthair a fheabhsú agus a shimpliú agus, i ndeireadh thiar, chun obair na mBallstát agus an Choimisiúin a éascú.
Sa lá atá inniu ann, áirítear sa tírdhreach institiúideach seo roinnt struchtúr de chuid an Aontais ("comhlachtaí an Aontais Eorpaigh") ina mbíonn na húdaráis riaracháin ag comhoibriú agus ag malartú dea-chleachtas. Ar na comhlachtaí sin de chuid an Aontais tá: Oifig Eorpach Comhordúcháin EURES, an Coiste Teicniúil agus an Coiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe, Coiste na Saineolaithe um Phostú Oibrithe, an tArdán Eorpach a théann i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe, an Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta agus a fhochoistí uile (lena náirítear an Coimisiún Teicniúil agus an Bord Iniúchóireachta arna bhunú le gníomhartha reachtacha, agus Bord Idir-réitigh arna bhunú ag an gCoimisiún Riaracháin féin), agus an Coiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta.
Thiomsódh an tÚdarás nua tascanna teicniúla agus oibríochtúla na gcomhlachtaí thuasluaite chun aon struchtúr buan amháin a leagan síos d'fhonn aschur feabhsaithe agus níos éifeachtúla a bhaint amach ar bhonn fóram neartaithe maidir le comhar agus gníomhaíochtaí imscrúdúcháin comhpháirteacha. Sa chomhthéacs sin, dhéanfadh an tÚdarás an méid seo a leanas:
–cúram bainistíochta Oifig Eorpach Comhordúcháin EURES a ghlacadh air féin, rud atá faoi chúram an Choimisiúin faoi láthair;
–teacht in áit an Choiste Theicniúil um Shaorghluaiseacht Oibrithe;
–teacht in áit Choiste na Saineolaithe um Postú Oibrithe;
–teacht in áit an Choimisiúin Theicniúil, an Bhoird Iniúchóireachta, agus an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta;
–teacht in áit an Ardáin Eorpaigh chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe.
I réimse chomhordú na slándála sóisialta, d'oibreodh an tÚdarás i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta maidir leis an gcúram rialála atá ar an gcoiste sin go fóill. Ina theannta sin, aon ionchur a thabharfadh comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na rialtas ar an leibhéal náisiúnta don Choiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta agus don Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe, is chun tairbhe an Údaráis a bheadh sé.
Dhéanfadh an socrú nua sin an tírdhreach institiúideach a shimpliú agus chothódh sé sinéirgíochtaí sna gnéithe éagsúla den tsoghluaisteacht trasteorann a thagann faoi raon feidhme an Údaráis. Thacódh sé sin le cur i bhfeidhm comhsheasmhach éifeachtach dhlí an Aontais, d'fheabhsófaí an éifeachtúlacht agus bheadh tuilleadh torthaí, agus torthaí ar chaighdeáin níos fearr, mar thoradh air i gcomparáid leis an tírdhreach institiúideach atá ann faoi láthair, áit a mbíonn comhlachtaí an Aontais ag obair den chuid is mó go neamhspleách ar a chéile, ina ndíríonn siad ar ghníomh dlí nó réimse atá faoina gcúram, ina mbíonn gné oibríochtúil ar lár, nach dtagann siad le chéile ach cúpla uair sa bhliain agus ina ndéanann cuid acu gníomhaíochtaí áirithe atá forluiteach.
Tá sé d'aidhm leis an tionscnamh seo freisin cuíchóiriú a dhéanamh ar an mbealach a dhéantar faisnéis agus seirbhísí a sholáthar don phobal maidir le cearta, oibleagáidí agus deiseanna a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair, rud a éascaíonn rochtain ar an bhfaisnéis agus ar na seirbhísí sin le haghaidh daoine aonair agus fostóirí.
Tá sé d'aidhm leis an togra digitiú na nósanna imeachta a fheabhsú tuilleadh agus comhlánaíonn sé na tionscnaimh atá ann cheana sa réimse seo, nó na tionscnaimh atá beartaithe, amhail an malartú sonraí leictreonacha idir údaráis náisiúnta i réimse chomhordú na slándála sóisialta atá á chur chun feidhme ag an gCóras um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) agus ag Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), mar aon leis an tairseach "An Eoraip Agatsa" agus an tairseach aonair dhigiteach arna beartú ag an gCoimisiún.
•Cearta bunúsacha
Ós rud é gur cheart don Údarás cuidiú a thabhairt rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair agus comhordú na gcóras slándála sóisialta san Aontas a fhorfheidhmiú ar bhealach soiléir cothrom éifeachtach, thacódh sé le cosaint agus le comhall na gceart bunúsach arna gcumhdach ag na rialacha sin, amhail saorghluaiseacht daoine agus oibrithe (Airteagal 15 agus Airteagal 45 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dá ngairtear "an Chairt" anseo feasta), an ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhís socrúcháin (Airteagal 29 den Chairt), agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16 den Chairt). Thacódh sé freisin le cearta a fheidhmiú thar theorainneacha i réimsí na ndálaí oibre cothroma agus córa, na slándála sóisialta agus an chúraim sláinte (Airteagal 31, Airteagal 34 agus Airteagal 35 den Chairt) agus i réimse an neamh-idirdhealaithe (Airteagal 21 den Chairt).
Maidir le sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt), beidh feidhm le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 679/2016 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta faoin togra seo. I gcomhréir leis na rialacha sin, aon phróiseáil a dhéanfar ar shonraí pearsanta, beidh sé teoranta don mhéid is gá agus is comhréireach. Déanfar sonraí a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin.
I dteannta na dtionscnamh eile arna mbeartú ag an gCoimisiún faoin sainordú seo, beidh an togra seo ina chuidiú freisin don Choimisiún agus do na Ballstáit na prionsabail agus na cearta sin arna sainiú i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme chun margaí saothair agus córais slándála sóisialta atá cothrom agus atá ag feidhmiú mar is ceart a chur chun cinn.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Faoin rogha thosaíochta a sainíodh sa mheasúnú tionchair, ar meascán de roinnt roghanna í, meastar gur EUR 50.9 milliún ar an iomlán in aghaidh na bliana costais an Údaráis agus an córas faoi lán seoil, rud a bhfuiltear ag súil a bhaint amach faoi 2023. Chumhdófaí na costais a bheadh ann faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (2019-2020) seo trí airgead a athshannadh ó ghníomhaíochtaí atá á gcur chun feidhme faoi láthair faoi Chlár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) agus línte neamhspleácha faoi shainchúram na Fostaíochta agus an Iompair (70 %), agus chumhdófaí costais eile tríd an gcorrlach atá i gCeannteideal 1a (30 %) a úsáid. Ní chuirfí deireadh le gníomhaíochtaí atá ar bun cheana agus a chuirfí faoi chúram an Údaráis. Is é an tÚdarás seachas an Coimisiún a chuirfeadh chun feidhme iad a luaithe agus a bheadh an tÚdarás i mbun oibre. Maidir le cúrsaí foirne, bheadh 69 bpost don phlean bunaíochta, 60 saineolaí ar iasacht agus 15 ghníomhaire ar conradh ag teastáil ón Údarás. Tá sonraí na riachtanas airgeadais agus foirne tugtha sna ráitis airgeadais reachtacha atá i gceangal leis seo. Bheadh íoscheanglais i gceist maidir le buiséid na mBallstát i ngeall ar thionchar an togra ar bhuiséad an Aontais. Níl sé indéanta an tionchar a bheadh ar na húdaráis riaracháin a mheas, ach is cosúil ó na cás-staidéir a rinneadh gur thionchar dearfach an tionchar a bheadh ann ós rud é, a bhuí le forfheidhmiú níos fearr na rialacha, go mbeadh comhlachtaí forfheidhmiúcháin náisiúnta in ann ranníocaíochtaí sóisialta nach raibh á níoc roimhe sin a fháil, agus tacaíocht oibríochtúil a fháil ón Údarás.
San áireamh sa togra tá clásal meastóireachta chun sainordú agus tascanna an Údaráis a mheas gach 5 bliana, rud lena ndéanfaí foráil maidir le raon feidhme na ngníomhaíochtaí a leathnú amach de réir a chéile agus maidir leis an Údarás a mhéadú de réir a chéile.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra déantar cur síos ar chreat faireacháin ar leith lena gcuirfí eolas ar fáil, ar bhonn táscairí éagsúla, maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cuspóirí an Rialacháin a bhaint amach. Bheadh ceanglais agus amlíne an chreata faireacháin faoi réir coigeartú breise le linn an phróisis reachtaigh agus cur chun feidhme.
Dhéanfadh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán cúig bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Airgeadais agus na dTreoirlínte um Rialáil níos Fearr. Dhíreofaí sa mheastóireacht go háirithe ar na critéir a leagtar amach sna Treoirlínte um Rialáil níos Fearr, i.e. éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, breisluach AE agus ábharthacht, i bhfianaise aon athbhreithniú nó nuashonrú ar an Rialachán.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Caibidil I: cuirtear in iúl na príomhphrionsabail a rialódh bunú agus feidhmiú an Údaráis a bheidh ann amach anseo.
Airteagal 1: leagtar amach an tábhar agus na réimsí beartais a thiocfadh faoina raon feidhme.
Airteagal 2: anseo atá príomhchuspóirí an Údaráis agus mínítear i bpointe a) na cuspóirí i leith an phobail, lena náirítear daoine aonair agus fostóirí, i bpointe b) ról an Údaráis i leith na mBallstát agus i bpointe c) an ról a bheadh aige idirghabháil a dhéanamh i gcás díospóidí trasteorann idir údaráis náisiúnta nó míshocrachtaí i margadh an tsaothair agus réiteach na ndíospóidí nó na míshocrachtaí sin a éascú.
Airteagal 3: déantar foráil maidir le stádas dlí an Údaráis.
Airteagal 4: déantar tagairt ann do shuíochán an Údaráis a bheidh ann amach anseo, nuair a bheadh cinneadh déanta ag na Ballstáit ina leith sin faoi dheireadh an nós imeachta reachtaigh a mbeadh glacadh an togra seo mar thoradh air.
Caibidil II: leagtar amach ann tascanna an Údaráis a bheidh ann amach anseo, a liostaítear in Airteagal 5, ach tugtar tuilleadh mionsonraí faoi gach tasc in Airteagail ar leith.
Airteagal 6: tugtar mionsonraí ann faoin gcaoi a gcuirfeadh an tÚdarás feabhas ar cháilíocht sonraí agus an rochtain ar shonraí faoi chearta agus oibleagáidí i réimse shoghluaisteacht an lucht saothair a bhaineann le daoine aonair agus le fostóirí.
Airteagal 7: leagtar amach ann an chaoi a d'éascódh an tÚdarás rochtain daoine aonair agus fostóirí ar thionscnaimh agus seirbhísí um shoghluaisteacht an lucht saothair, agus sainmhínítear ann tascanna an Údaráis ina thaobh sin. Leagtar amach ann freisin ról an Údaráis i mbainistiú Oifig Eorpach Comhordúcháin EURES.
Airteagal 8: baineann an tAirteagal seo le comhar agus malartú faisnéise idir na Ballstáit agus déantar foráil ann maidir le comhar a éascú agus dlús a chur le malartuithe faisnéise idir na húdaráis náisiúnta i dtaca le cásanna trasteorann (a bhfuil cur síos orthu i mír 1), tugtar tuairisc ar an bhfeidhm a bheadh ag an Údarás maidir le tacú leis an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le cúrsaí airgeadais a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin sin (mír 2), agus leagtar béim ann ar an ról a bheadh ag an Údarás in úsáid uirlisí leictreonacha agus nósanna imeachta digitithe a chur chun cinn (mír 3 agus mír 4).
Airteagal 9 agus Airteagal 10: mínítear iontu an chaoi a ndéanfadh an tÚdarás cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha a chomhordú trasna teorainneacha. Sainítear in Airteagal 9 na mionsonraí maidir le cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha a bhunú, mínítear ann nach dtarlódh na gníomhaíochtaí sin ach le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, arna iarraidh sin ag na húdaráis náisiúnta, nó ar thionscnamh an Údaráis (mír 1), agus cuirtear de cheangal ar na Ballstáit a roghnódh gan cigireacht chomhbheartaithe nó cigireacht chomhpháirteach a dhéanamh na cúiseanna lena gcinneadh a mhíniú (mír 2), agus faoin Airteagal seo d'fhéadfadh na Ballstáit cigireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh fiú amháin mura gcinnfeadh na Ballstáit ar fad lena mbaineann a bheith rannpháirteach sa chigireacht chomhbheartaithe nó sa chigireacht chomhpháirteach (mír 3). Leagtar amach in Airteagal 10 na socruithe praiticiúla maidir le cigireacht chomhbheartaithe nó cigireacht chomhpháirteach a dhéanamh faoi chomhordú an Údaráis.
Airteagal 11: tugtar achoimre ann ar an bhfeidhm atá leis an Údarás ó thaobh anailíse agus measúnú riosca de i dtaca le gnéithe trasteorann de shoghluaisteacht an lucht saothair, agus leagtar amach ann mionsonraí na ngníomhaíochtaí agus an comhthéacs ina mbeadh an obair sin á déanamh.
Airteagal 12: tugtar leis seo an sainordú don Údarás tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit a nacmhainneacht a neartú chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhsheasmhach cothrom éifeachtach a chur chun cinn maidir le dlí ábhartha an Aontais, agus sainítear ann gníomhaíochtaí ar leith a dhéanfaidh an tÚdarás chun an tasc sin a chur i gcrích.
Airteagal 13: baineann an tAirteagal seo le hidirghabháil agus tugtar cur síos ann ar thasc an Údaráis maidir le díospóidí idir na Ballstáit a réiteach.
Airteagal 14: sainítear ann ról an Údaráis maidir le comhar a chothú i gcás míshocrachtaí i margadh an tsaothair.
Airteagal 15: déantar foráil ann maidir le comhar an Údaráis le gníomhaireachtaí díláraithe eile de chuid an Aontais.
Airteagal 16: áirithítear leis go leanfadh obair uile an Údaráis atá dírithe ar na nósanna imeachta a úsáidtear le linn malartú faisnéise idir na Ballstáit a dhigitiú, go leanfadh an obair sin prionsabail an chreata ábhartha idir-inoibritheachta agus na hailtireachta tagartha.
Caibidil III: tugtar tuairisc ar an gcaoi a mbeadh an tÚdarás eagraithe agus déantar mionsonraí an struchtúir a shainiú.
Airteagal 17: déantar foráil ann maidir le struchtúr riaracháin agus bainistíochta an Údaráis ina mbeadh Bord Bainistíochta, Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus grúpa páirtithe leasmhara. Bunaítear leis freisin an deis don Údarás grúpaí oibre agus painéil shonracha a cheapadh chun dul i ngleic le tascanna áirithe.
Airteagal 18 go 22: leagtar amach na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú an Bhoird Bainistíochta. Déantar foráil sa roinn seo maidir le comhdhéanamh, feidhmeanna, cruinnithe agus rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta mar aon le rialacha a bhaineann leis an gCathaoirleach.
Airteagal 23: tugtar ann achoimre ar fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.
Airteagal 24: déantar foráil ann maidir le grúpa páirtithe leasmhara a chruthú a bheadh nasctha leis an Údarás, d'fhonn foráil a dhéanamh maidir le fóram le haghaidh comhairliúchán le páirtithe leasmhara ar ábhair a bhaineann le tascanna an Údaráis.
Caibidil IV: áirítear ann forálacha maidir le bunú agus struchtúr bhuiséad an Údaráis.
Caibidil V: sainítear ann na forálacha a rialódh cúrsaí foirne san Údarás, lena náirítear rialacha ginearálta maidir le baill foirne, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, oifigigh náisiúnta idirghabhála, saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus foireann eile.
Caibidil VI: tugtar achoimre ann ar na forálacha ginearálta agus críochnaitheacha, lena náirítear pribhléidí agus díolúintí is infheidhme maidir le foireann an Údaráis, socruithe teanga, rialacha maidir le trédhearcacht agus cumarsáid agus maidir le calaois a chomhrac, lena náirithítear cosaint agus slándáil faisnéise mar aon le dliteanas. Déantar foráil ann don Choimisiún measúnú tréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmíocht an Údaráis. Áirítear sa chaibidil seo freisin forálacha maidir le fiosrúcháin riaracháin an Ombudsman Eorpaigh, mar aon le comhar le tríú tíortha. Sainítear sa Chaibidil seo comhaontuithe na gceanncheathrúna agus dálaí oibre, mar aon leis an uair a chuirfí tús le gníomhaíochtaí an Aontais.
Airteagal 46: déantar foráil ann maidir le leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.
Airteagal 47: déantar foráil ann maidir le leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.
Airteagal 48: déantar foráil ann maidir le leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 492/2011.
Airteagal 49: déantar foráil ann maidir le leasuithe ar Rialachán (CE) 2016/589.
Airteagal 50: déantar foráil ann maidir le Cinneadh 2009/17/CE agus Cinneadh (AE) 2016/344 a aisghairm.
Airteagal 51: pléitear ann le teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2018/0064 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair
(téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 46, Airteagal 48, Airteagal 53(1), Airteagal 62 agus Airteagal 91(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Is prionsabail bhunúsacha den mhargadh inmheánach san Aontas iad saorghluaiseacht oibrithe, saoirse bhunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus cumhdaítear iad sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
(2)De bhun Airteagal 3 CAE, is é a bheidh an tAontas Eorpach ag feidhmiú chun geilleagar sóisialta margaidh, ina bhfuil iomaíocht ghéar, a bhaint amach arb é is aidhm dó an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta a chur chun cinn. I gcomhréir le hAirteagal 9 CFAE, nuair a bhíonn a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme ag an Aontas, bíonn air aird a thabhairt ar na ceanglais atá nasctha, inter alia, le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac agus le hardleibhéal oideachais agus oiliúna a chur chun cinn agus sláinte an duine a chosaint.
(3)Ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Göteborg an 17 Samhain 2017, d'fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta go comhpháirteach. Meabhraíodh sa Chruinniú Mullaigh gur ghá tús áite a thabhairt do dhaoine chun gné shóisialta an Aontais a fhorbairt a thuilleadh, agus an cóineasú a chur chun cinn trí iarrachtaí ar gach leibhéal, mar a dearbhaíodh le linn na gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 14 Nollaig 2017.
(4)Mar a leagadh amach sa Dearbhú Comhpháirteach uathu maidir le tosaíochtaí reachtacha do 2018-2019, tá Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún tiomanta gníomhú chun gné shóisialta an Aontais a neartú, trí obair a dhéanamh d’fhonn comhordú na gcóras slándála sóisialta a fheabhsú, trí oibrithe a chosaint ó bhaol don tsláinte san ionad oibre, trí chóir chomhionann a áirithiú do gach duine i margadh saothair an Aontais inarb ann do rialacha nuachóirithe maidir le hoibrithe a phostú, agus trí fheabhas a chur ar fhorfheidhmiú dhlí an Aontais ar bhonn trasteorann.
(5)Ba cheart Údarás Saothair Eorpach (an ‘tÚdarás’) a bhunú chun cothroime an Mhargaidh Aonair, agus iontaoibh as an Margadh Aonair, a neartú. Chun na críche sin, ba cheart don Údarás tacú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún rochtain a neartú do dhaoine aonair agus d’fhostóirí ar fhaisnéis faoina gcearta agus faoina noibleagáidí i gcásanna a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair mar aon le rochtain ar sheirbhísí ábhartha, tacú le comhlíonadh na noibleagáidí agus comhar idir na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go héifeachtach sna réimsí sin, agus idirghabháil a dhéanamh i gcás díospóidí trasteorann nó i gcás míshocrachtaí i margadh an tsaothair agus réiteach a éascú.
(6)Ba cheart don Údarás a chuid gníomhaíochtaí a dhéanamh sna réimsí a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta, lena náirítear saorghluaiseacht oibrithe, postú oibrithe agus seirbhísí an-soghluaiste. Ba cheart dó an comhordú a fheabhsú idir na Ballstáit chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe. I gcás ina dtiocfaidh an tÚdarás, le linn a chuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích, ar an eolas faoi neamhrialtachtaí amhrasta, lena náirítear faoi nithe sna réimsí sin i ndlí an Aontais atá thar raon feidhme an Údaráis, amhail sáruithe ar choinníollacha oibre, rialacha sláinte agus sábháilteachta, nó náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht san Aontas go neamhdhleathach a fhostú, ba cheart go mbeadh an tÚdarás in ann iad a thuairisciú agus dul i gcomhar leis an gCoimisiún, le comhlachtaí inniúla an Aontais, agus leis na húdaráis náisiúnta i gcás inarb iomchuí i dtaca leis na hábhair sin.
(7)Ba cheart don Údarás rannchuidiú le saorghluaiseacht oibrithe a éascú, rud a rialaítear le Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart dó postú oibrithe a éascú, rud a rialaítear le Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena náirítear tacú le forfheidhmiú na bhforálacha sin, forálacha a chuirtear chun feidhme trí chomhaontuithe comhchoiteanna atá infheidhme go huilíoch i gcomhréir leis na cleachtais sna Ballstáit. Ba cheart dó cuidiú le comhordú na gcóras slándála sóisialta, rud a rialaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 574/72 ón gComhairle.
(8)I gcásanna áirithe, glacadh dlí an Aontais a bhaineann go sonrach le hearnáil áirithe chun freagairt do riachtanais shonracha na hearnála sin, amhail réimse an iompair idirnáisiúnta. Ba cheart don Údarás déileáil leis na gnéithe trasteorann de chur i bhfeidhm dhlí den sórt sin a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (lena leasaítear Treoir 2006/22/CE – COM(2017)278).
(9)Is daoine aonair a chumhdaítear le gníomhaíochtaí an Údaráis ba cheart a bheith sna daoine atá faoi réir dhlí an Aontais faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin seo, lena náirítear oibrithe, daoine féinfhostaithe, lucht cuardaigh post agus daoine nach bhfuil gníomhach sa gheilleagar; ba cheart a chur san áireamh leis sin saoránaigh an Aontais agus náisiúnaigh tríú tír araon atá ina gcónaí go dleathach san Aontas, amhail oibrithe ar postú, sealbhóirí Chárta Gorm an Aontais, aistrithe ionchorparáideacha nó cónaitheoirí fadtéarmacha, mar aon le baill dá dteaghlach.
(10)Níor cheart, i ngeall ar bhunú an Údaráis, cearta ná oibleagáidí nua a chruthú do dhaoine aonair ná d’fhostóirí, lena náirítear oibreoirí eacnamaíocha nó eagraíochtaí neamhbhrabúis, mar gur cheart go gcumhdófaí iad le gníomhaíochtaí an Údaráis a mhéid is a chumhdaítear iad le dlí an Aontais faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin seo.
(11)Chun a áirithiú go bhféadfaidh siad tairbhe a bhaint as margadh inmheánach atá cothrom agus éifeachtach, ba cheart don Údarás deiseanna a chur chun cinn do dhaoine aonair agus d'fhostóirí le go bhféadfaidh siad a bheith soghluaiste nó seirbhísí a sholáthar agus daoine a earcú áit ar bith laistigh den Aontas. Cuirfear san áireamh leis sin tacaíocht a thabhairt do shoghluaisteacht trasteorann daoine aonair tríd an rochtain ar sheirbhísí trasteorann a éascú maidir le soghluaisteacht an lucht saothair, amhail meaitseáil trasteorann a dhéanamh idir folúntais, tréimhsí oiliúna agus printíseachtaí agus trí bhíthin scéimeanna soghluaisteachta amhail 'Do chéad phost EURES' nó 'ErasmusPRO’ a chur chun cinn. Ba cheart don Údarás rannchuidiú le feabhas a chur ar thrédhearcacht na faisnéise, lena náirítear an fhaisnéis sin ar chearta agus oibleagáidí a eascraíonn as dlí na Aontais, agus feabhas a chur ar an rochtain ar sheirbhísí do dhaoine aonair agus d’fhostóirí i gcomhar le seirbhísí eile faisnéise atá ag an Aontas, amhail An Eoraip Agatsa – Comhairle, agus lántairbhe a bhaint as an tairseach An Eoraip Agatsa agus comhsheasmhacht leis an tairseach sin a áirithiú, tairseach a bheidh ina chloch choirnéil ag an tairseach aonair dhigiteach a chruthófar.
(12)Chun na gcríoch sin, ba cheart don Údarás a bheith ag obair freisin i gcomhar le tionscnaimh agus líonraí ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe Líonra Eorpach na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí (líonra SFP), an Líonra Fiontar Eorpach, an Pointe Fócais Teorann agus SOLVIT, mar aon le seirbhísí náisiúnta ábhartha ar nós na gcomhlachtaí a chuireann an chóir chomhionann chun cinn agus a thugann tacaíocht d’oibrithe san Aontas agus do bhaill dá dteaghlach, arna nainmniú ag na Ballstáit faoi Threoir 2014/54/AE, agus do phointí teagmhála náisiúnta a ainmníodh faoi Threoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun faisnéis faoi chúram sláinte a chur ar fáil. Ba cheart don Údarás sineirgíochtaí a dhéanamh freisin leis an ríomhchárta Eorpach seirbhísí atá beartaithe, go mór mór maidir leis na cásanna sin ina roghnóidh na Ballstáit go ndéanfar dearbhuithe maidir le hoibrithe ar postú a thíolacadh trí ardán an ríomhchárta. Ba cheart an tÚdarás a chur in ionad an Choimisiúin chun an líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (‘EURES’) de chuid na hOifige Eorpaí Comhordúcháin a bhainistiú, ar oifig í a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2016/589, lena náirítear an sainmhíniú ar riachtanais úsáideoirí agus ar cheanglais ghnó ar mhaithe le héifeacht na tairsí EURES agus seirbhísí TF gaolmhara, ach lena neisiatar soláthar TF, agus an bonneagar TF a fhorbairt agus a oibriú, ar seirbhísí iad a leanfaidh an Coimisiún de bheith á náirithiú.
(13)D’fhonn dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar dhóigh chóir shimplí éifeachtach, ba cheart don Údarás tacú leis an gcomhar agus an malartú tráthúil faisnéise idir na Ballstáit. I gcomhar le baill foirne eile, ba cheart do na hoifigigh náisiúnta idirchaidrimh atá ag obair san Údarás tacú leis na Ballstáit a gcuid oibleagáidí comhair a chomhlíonadh, dlús a chur le malartuithe faisnéise eatarthu trí nósanna imeachta chun moilleanna a laghdú, agus naisc le comhlachtaí oifigeach náisiúnta idirchaidrimh eile a áirithiú, agus trí phointí teagmhála a bhunófar faoi dhlí an Aontais. Ba cheart don Údarás cineálacha cur chuige nuálacha maidir le comhar trasteorann éifeachtach agus éifeachtúil a spreagadh, lena náirítear uirlisí malartaithe sonraí leictreonacha amhail an Córas um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESI) agus Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), agus ba cheart dó digitiú a dhéanamh a thuilleadh ar nósanna imeachta agus feabhas a chur ar uirlisí TF le haghaidh malartú teachtaireachtaí idir na húdaráis náisiúnta.
(14)Chun cur le hinniúlachtaí na mBallstát dul i ngleic le neamhrialtachtaí ina bhfuil gné thrasteorann maidir le dlí an Aontais faoi chuimsiú a raoin feidhme, ba cheart don Údarás tacú leis na húdaráis náisiúnta cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha a chur i gcrích trí chur chun feidhme na gcigireachtaí a éascú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2014/67/AE. Ba cheart iad sin a chur i gcrích arna niarraidh sin do na Ballstáit nó tar éis dóibh comhaontú leis an moladh ón Údarás. Ba cheart don Údarás tacaíocht theicniúil, lóistíochtúil agus straitéiseach a thabhairt do na Ballstáit atá rannpháirteach sna cigireachtaí comhpháirteacha agus sna cigireachtaí comhbheartaithe agus lánurraim á tabhairt do cheanglais rúndachta. Ba cheart cigireachtaí a chur i gcrích i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann agus a dhéanamh go hiomlán faoi chuimsiú chreat dlíthiúil dhlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann, agus ba cheart a chur san áireamh sna cigireachtaí sin na torthaí a fuarthas ó na cigireachtaí comhpháirteacha agus na cigireachtaí comhbheartaithe a rinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
(15)Chun súil a choinneáil ar na treochtaí, na dúshláin agus na heasnaimh a bheidh ag teacht chun cinn sna réimsí a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta, ba cheart don Údarás inniúlacht anailíseach agus inniúlacht measúnaithe riosca a fhorbairt. Ba cheart anailísí agus staidéir ar mhargadh an lucht saothair a chur san áireamh, mar aon le hathbhreithniú piaraí. Ba cheart don Údarás faireachán a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí ó thaobh scileanna de agus ar shreabha trasteorann an lucht saothair, lena náirítear an tionchar a d'fhéadfadh siad imirt ar an gcomhtháthú críochach. Ba cheart don Údarás tacú leis an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir 2014/67/AE. Ba cheart don Údarás sineirgíochtaí agus comhlántacht le gníomhaireachtaí nó seirbhísí nó líonraí eile de chuid an Aontais a áirithiú. Ba cheart go gcuirfí san áireamh go ndéanfaí ionchur a lorg ó SOLVIT agus ó sheirbhísí comhionanna i dtaobh fadhbanna a bhíonn ag daoine aonair agus ag gnólachtaí arís agus arís eile le linn a gcearta a chleachtadh sna réimsí sin a thagann faoi raon feidhme an Údaráis. Ba cheart don Údarás freisin éascú agus cuíchóiriú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí bailithe sonraí dá bhforáiltear i ndlíthe ábhartha an Aontais a thagann faoi chuimsiú raon feidhme an Údaráis. Ní bheidh i gceist leis sin oibleagáidí nua maidir le tuairisciú a chruthú do na Ballstáit.
(16)D’fhonn inniúlacht na núdarás náisiúnta a neartú agus an chomhsheasmhacht a fheabhsú maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais faoi chuimsiú raon feidhme an Údaráis, ba cheart dó cúnamh oibríochtúil a thabhairt do na húdaráis náisiúnta, lena náirítear treoirlínte praiticiúla a fhorbairt, lena mbunófar cláir oiliúna agus foghlama piaraí, tionscadail cúnaimh fhrithpháirtigh a chur chun cinn, malartuithe foirne a éascú amhail na malartuithe sin dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir 2014/67/AE, agus tacú leis na Ballstáit chun feachtais ardaithe feasachta a eagrú agus daoine aonair agus fostóirí a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina noibleagáidí. Ba cheart don Údarás malartú, scaipeadh agus feidhmiú dea-chleachtas a chur chun cinn.
(17)Ba cheart don Údarás ardán a chur ar fáil chun díospóidí a réiteach idir na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Údaráis. Ba cheart dó cur leis na sásraí idirphlé agus idir-réitigh atá i bhfeidhm cheana sa réimse a bhaineann le comhordú na slándála sóisialta, agus is mór ag na Ballstáit iad agus aithníonn an Chúirt Bhreithiúnais an tábhacht atá leo. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cásanna a tharchur chuig an Údarás le haghaidh idirghabháil de réir na nósanna imeachta caighdeánacha a cuireadh i bhfeidhm chun na críche sin. Níor cheart don Údarás ach déileáil leis na díospóidí sin idir na Ballstáit amháin, agus ba cheart na seirbhísí náisiúnta agus na seirbhísí de chuid an Aontais, arb é is aidhm dóibh déileáil leis na cásanna sin, a bheith ar fáil do dhaoine aonair agus d’fhostóirí a bhfuil deacrachtaí acu lena gcearta faoi dhlí an Aontais a fheidhmiú, seirbhísí amhail an gréasán SOLVIT ar cheart don Údarás na cásanna sin a tharchur chuige. I gcásanna nach féidir an fhadhb iontu a réiteach i ngeall ar dhifríochtaí idir na córais riaracháin náisiúnta, ba cheart don ghréasán SOLVIT a bheith in ann iad a tharchur chuig an Údarás freisin lena thuairim a fháil ina dtaobh.
(18)Chun gur éasca a bhainisteofar coigeartuithe ar mhargadh an lucht saothair, ba cheart don Údarás an comhar a éascú idir na páirtithe leasmhara ábhartha chun dul i ngleic le míshocrachtaí i margadh an tsaothair a chuirfeadh as do níos mó ná Ballstát amháin, amhail cásanna athstruchtúraithe nó mórthionscadail a mbeidh tionchar acu ar an bhfostaíocht sna réigiúin trasteorann.
(19)Tá prionsabail agus moltaí sa Chreat Eorpach Idir-inoibritheachta maidir le cén chaoi ar féidir feabhas a chur ar rialachas gníomhaíochtaí idir-inoibritheachta agus soláthar seirbhísí poiblí, caidrimh idir eagraíochtaí agus caidrimh trasteorann a bhunú, cuíchóiriú a dhéanamh ar phróisis a thacaíonn le malartuithe digiteacha ó cheann go ceann, agus a áirithiú go dtugann an reachtaíocht atá ann cheana agus an reachtaíocht nua araon tacaíocht do phrionsabail na hidir-inoibritheachta. Is struchtúr cineálach í an Ailtireacht Tagartha Eorpach Idir-Inoibritheachta (EIRA), ina gcuimsítear prionsabail agus treoirlínte chun réitigh idir-inoibritheachta a chur i bhfeidhm. Ba cheart do EIF agus EIRA an tÚdarás a threorú agus tacú leis nuair a dhéanann siad ábhair idir-inoibritheachta a bhreithniú.
(20) Ba cheart an tÚdarás a rialú agus a oibriú i gcomhréir le prionsabail an Ráitis Chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012.
(21)Ba cheart ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na mBallstát agus thar ceann an Choimisiúin ar Bhord Bainistíochta chun feidhmiú éifeachtach an Údaráis a áirithiú. Ba cheart urraim a léiriú do phrionsabail na cothromaíochta inscne, na taithí agus na gcáilíochtaí i gcomhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta, lena náirítear an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach a roghnú. D’fhonn feidhmiú éifeachtach éifeachtúil an Údaráis a áirithiú, ba cheart don Bhord Bainistíochta, go háirithe, clár oibre bliantúil a ghlacadh, a fheidhmeanna maidir le buiséad an Údaráis a chomhlíonadh, na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Údarás a ghlacadh, Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus nósanna imeachta a bhunú maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinntí a ghlacadh a bhaineann le cúraimí oibríochtúla an Údaráis. Féadfaidh ionadaithe ó thíortha eile, nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad agus atá ag cur i bhfeidhm rialacha an Aontais faoi chuimsiú raon feidhme an Údaráis, a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcáil breathnóirí.
(22)Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, ba cheart don Bhord Bainistíochta agus don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith neamhspleách i bhfeidhmiú a ndualgas agus ba cheart dóibh gníomhú ar mhaithe le leas an phobail.
(23)Ba cheart don Údarás a bheith ag brath go díreach ar shaineolas na bpáirtithe leasmhara ábhartha sna réimsí faoi raon feidhme an Údaráis trí ghrúpa páirtithe leasmhara. Ba cheart gur ionadaithe ó chomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais iad na baill den ghrúpa páirtithe leasmhara. I gcur i gcrích a ghníomhaíochtaí, tabharfaidh an grúpa páirtithe leasmhara aird iomchuí ar na tuairimí agus bainfidh sé leas as saineolas an Choiste Chomhairligh um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus as saineolas an Choiste Chomhairligh um Shaorghluaiseacht Oibrithe a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 492/2011.
(24)Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán an Údaráis a áirithiú, ba cheart buiséad neamhspleách a thabhairt dó agus tiocfaidh a chuid ioncaim as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit agus aon ranníocaíocht ó thríú tíortha atá rannpháirteach in obair an Údaráis. I gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a bhfuil údar iomchuí leo, ba cheart dó a bheith in ann glacadh le comhaontuithe tarmligin nó le deontais ad hoc agus muirear a ghearradh ar fhoilseacháin agus ar aon seirbhís a sholáthróidh an tÚdarás.
(25)I gcás ina mbeidh próiseáil á déanamh ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cibé acu atá infheidhme. Áireofar leis sin bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur i bhfeidhm chun na hoibleagáidí a leagtar síos sna Rialacháin sin a chomhlíonadh, go háirithe na bearta a bhaineann le dlíthiúlacht na próiseála sonraí, le slándáil na ngníomhaíochtaí próiseála, le soláthar faisnéise agus leis na cearta atá ag ábhair sonraí.
(26)Chun oibriú trédhearcach an Údaráis a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Údarás. Ba cheart gníomhaíochtaí an Údaráis a bheith faoi réir ghrinnscrúdú an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.
(27)Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Údarás, agus ba cheart don Údarás aontú do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).
(28)Ba cheart go ndéanfadh Ballstáit aíochta an Údaráis na dálaí is fearr is féidir a sholáthar chun feidhmiú cuí an Údaráis a áirithiú.
(29)Chun coinníollacha fostaíochta oscailte, trédhearcacha a áirithiú agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis an bhfoireann, ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“Rialacháin Foirne Oifigeach”) agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (“Coinníollacha Fostaíochta”) a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (dá ngairtear le chéile “na Rialacháin Foirne”), i leith na foirne agus i leith Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis, lena náirítear na rialacha rúndachta gairmiúla nó dualgais choibhéiseacha eile rúndachta.
(30)Laistigh de chreat a ninniúlachtaí faoi seach, ba cheart don Údarás comhoibriú le gníomhaireachtaí eile an Aontais Eorpaigh, go háirithe leo sin a bunaíodh i réimse na fostaíochta agus an bheartais shóisialta, agus é ag cur le saineolas na ngníomhaíochtaí sin agus an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgíochtaí: an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF), mar aon leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na gáinneála ar dhaoine, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust).
(31)Chun go mbeidh gné oibríochtúil i ngníomhaíochtaí na gcomhlachtaí atá ann cheana sna réimsí a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair san Aontas, ba cheart feidhmiú na gcúraimí arna gcur i gcrích ag an gCoiste Teicniúil um Shaorghluaiseacht Oibrithe a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 492/2011, ag Coiste na Saineolaithe maidir le hOibrithe a Phostú a bunaíodh le Cinneadh 2009/17/CE ón gCoimisiún agus ag an Ardán Eorpach chun comhar a fheabhsú chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2016/344 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart na cúraimí sin a chur ar an Údarás. Tar éis an tÚdarás a bhunú, ba cheart na comhlachtaí sin a scor.
(32)Ba cheart don Údarás tacú le gníomhaíochtaí an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (‘An Coimisiún Riaracháin’) sa mhéid go bhfeidhmíonn sé cúraimí rialála a bhaineann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus le Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a chur i bhfeidhm. Ba cheart cúraimí oibríochtúla atáthar a chur i gcrích faoi láthair faoi chreat an Choimisiúin Riaracháin a chur de chúram ar an Údarás, cúraimí amhail feidhm idirghabhála a chur ar fáil idir na Ballstáit, lena náirithítear fóram chun déileáil le hábhair airgeadais maidir le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a chur i bhfeidhm, rud a ghabhfaidh ionad an Bhoird Iniúchóireachta a bunaíodh leis na Rialacháin sin, mar aon le hábhair a bhaineann le malartú sonraí leictreonacha agus le huirlisí TF chun cur i bhfeidhm na Rialachán sin a éascú, rud a ghabhfaidh feidhm an Choimisiúin Theicniúil maidir le Próiseáil Sonraí a bunaíodh leis na Rialacháin sin.
(33)Leis an gCoiste Comhairleach um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus an Coiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 492/2011, cuirtear fóram comhairliúcháin ar fáil do chomhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na rialtas ar bhonn náisiúnta. Ba cheart don Údarás rannchuidiú lena gcuid oibre agus féadfaidh sé a bheith rannpháirteach ina gcruinnithe.
(34)Chun an leagan amach institiúideach nua sin a léiriú, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (CE) Uimh. 987/2009, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 a leasú, agus ba cheart Cinneadh 2009/17/CE agus Cinneadh (AE) 2016/344 a aisghairm.
(35)Tá an urraim don éagsúlacht sna córais náisiúnta maidir le caidreamh tionsclaíoch agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta aitheanta go sainráite sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Má ghlactar páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis, tá sin gan dochar d'inniúlachtaí, oibleagáidí agus freagrachtaí na mBallstát faoi, inter alia, na gcoinbhinsiún sin de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO) atá ábhartha agus infheidhme, amhail Coinbhinsiún Uimh. 81 maidir le hIniúchadh Saothair i dTionscal agus i dTráchtáil, agus gan dochar do chumhachtaí na mBallstát chun an caidreamh tionsclaíoch náisiúnta a rialáil, idirghabháil a dhéanamh ann agus faireachán a dhéanamh air, go háirithe i bhfeidhmiú an chirt chun cómhargántaíochta agus chun gníomhaíochta comhchoitinne.
(36)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach chun tacú le saorghluaiseacht oibrithe agus seirbhísí agus chun rannchuidiú le cothroime a neartú sa mhargadh inmheánach agus iad ag gníomhú ar shlí neamh-chomhordaithe, ach de bharr ghné thrasteorann na ngníomhaíochtaí sin agus an riachtanais le comhoibriú méadaithe idir na Ballstáit, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis d'fhonn an cuspóir sin a bhaint amach.
(37)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Caibidil I
Na prionsabail
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1.Leis an Rialachán seo, bunaítear an tÚdarás Eorpach Saothair (“an tÚdarás”).
2.Tabharfaidh an tÚdarás cúnamh do na Ballstáit agus don Choimisiún in ábhair a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair agus le comhordú na gcóras slándála sóisialta laistigh den Aontas.
Airteagal 2
Cuspóirí
Beidh sé de chuspóir ag an Údarás rannchuidiú le soghluaisteacht chothrom an lucht saothair sa mhargadh inmheánach a áirithiú. Chuige sin, déanfaidh an tÚdarás na nithe seo a leanas:
(a)rochtain a éascú do dhaoine aonair agus d’fhostóirí ar fhaisnéis faoina gcearta agus faoina noibleagáidí agus, chomh maith leis sin, ar sheirbhísí ábhartha;
(b)tacú le comhar idir na Ballstáit i bhforfheidhmiú trasteorann dhlí ábhartha an Aontais, lena náirítear cigireachtaí comhpháirteacha a éascú;
(c)idirghabháil a dhéanamh i gcás díospóidí trasteorann idir údaráis náisiúnta nó i gcás míshocrachtaí i margadh an tsaothair agus réiteach a éascú.
Airteagal 3
Stádas dlíthiúil
1.Comhlacht de chuid an Aontais, a mbeidh pearsantacht dhlítheanach aige, a bheidh san Údarás.
2.I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an Údarás an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe an Bhallstáit sin. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.
Airteagal 4
Suíomh
Is in [x] a bheidh an tÚdarás suite.
Caibidil II
Cúraimí an Údaráis
Airteagal 5
Cúraimí an Údaráis
Chun a chuspóirí a bhaint amach, déanfaidh an tÚdarás na cúraimí seo a leanas:
(a)rochtain ar fhaisnéis faoi chearta agus faoi oibleagáidí i gcásanna trasteorann a éascú do dhaoine aonair agus d’fhostóirí mar aon le rochtain ar sheirbhísí trasteorann maidir le soghluaisteacht an lucht saothair a éascú, i gcomhréir le hAirteagal 6 agus Airteagal 7;
(b)comhar agus malartú faisnéise a éascú idir údaráis náisiúnta d’fhonn dlí ábhartha an Aontais a fhorfheidhmiú ar dhóigh éifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 8;
(c)cigireachtaí comhpháirteacha comhbheartaithe a chomhordú agus tacú leo, i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Airteagal 10;
(d)anailísí agus measúnaithe riosca a dhéanamh maidir le saincheisteanna a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair, i gcomhréir le hAirteagal 11;
(e)tacú leis na Ballstáit ó thaobh forbairt acmhainní de maidir le dlí ábhartha an Aontais a fhorfheidhmiú ar dhóigh éifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 12;
(f)idirghabháil a dhéanamh i ndíospóidí idir údaráis na mBallstát maidir le dlí ábhartha an Aontais a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 13;
(g)comhar idir na páirtithe leasmhara ábhartha a éascú i gcás míshocrachtaí i margadh an tsaothair, i gcomhréir le hAirteagal 14.
Airteagal 6
Faisnéis maidir le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair
Feabhsóidh an tÚdarás infhaighteacht, cáilíocht agus inrochtaineacht na faisnéise a chuirtear ar fáil do dhaoine aonair agus d’fhostóirí chun soghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais a éascú, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 589/2016 maidir le EURES agus Rialachán [Tairseach Aonair Dhigiteach – COM(2017)256]. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:
(a)faisnéis ábhartha a sholáthar faoi chearta agus oibleagáidí daoine aonair i gcásanna a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair;
(b)deiseanna a chur chun cinn chun tacú le soghluaisteacht an lucht saothair i gcás daoine aonair, lena náirítear trí threoir a chur ar fáil maidir le foghlaim agus oiliúint teanga;
(c)faisnéis ábhartha a sholáthar d’fhostóirí i dtaobh rialacha saothair, agus i dtaobh dálaí maireachtála agus oibre is infheidhme maidir le hoibrithe i gcásanna a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair, lena náirítear oibrithe ar postú;
(d)tacú leis na Ballstáit na hoibleagáidí a chomhlíonadh a leagtar síos in Airteagal 6 de Threoir 2014/54/AE maidir le scaipeadh faisnéise i dtaobh saorghluaiseacht oibrithe, agus rochtain ar an bhfaisnéis sin, agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5 de Threoir 2014/67/AE maidir le postú oibrithe;
(e)tacú leis na Ballstáit cruinneas, iomláine agus soláimhsitheacht na seirbhísí ábhartha náisiúnta faisnéise a fheabhsú, i gcomhréir leis na critéir cháilíochta a leagtar síos i Rialachán [Tairseach Aonair Dhigiteach – COM(2017)256];
(f)tacú leis na Ballstáit cuíchóiriú a dhéanamh ar an soláthar faisnéise agus seirbhísí do dhaoine aonair agus d’fhostóirí i dtaobh soghluaisteacht trasteorann ar bhonn deonach agus, ag an am céanna, inniúlachtaí na mBallstát a urramú.
Airteagal 7
Rochtain ar sheirbhísí maidir le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair
1.Soláthróidh an tÚdarás seirbhísí do dhaoine aonair agus d’fhostóirí chun soghluaisteacht an lucht saothair a éascú ar fud an Aontais. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:
(a)tionscnaimh a chur chun cinn lena dtugtar tacaíocht do shoghluaisteacht trasteorann daoine aonair, lena náirítear scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe;
(b)deis a thabhairt, go háirithe trí bhíthin EURES, meaitseáil trasteorann a dhéanamh idir folúntais, tréimhsí oiliúna agus printíseachtaí, ar thaobh amháin, agus CVanna agus iarratais, ar an taobh eile, rud a rachadh chun tairbhe daoine aonair agus fostóirí;
(c)comhoibriú le tionscnaimh agus líonraí eile de chuid an Aontais, amhail Líonra Eorpach na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí, an Líonra Fiontar Eorpach agus an Pointe Fócais Teorann, go háirithe chun bacainní ar shoghluaisteacht an lucht saothair a shainaithint agus a shárú;
(d)an comhar a éascú idir seirbhísí inniúla ar an leibhéal náisiúnta, arna nainmniú i gcomhréir le Treoir 2014/54/AE chun faisnéis, treoir agus cúnamh a sholáthar do dhaoine aonair agus d’fhostóirí i dtaobh soghluaisteacht trasteorann, agus na pointí teagmhála náisiúnta arna nainmniú i gcomhréir le Treoir 2011/24/AE chun faisnéis maidir le cúram sláinte a sholáthar.
2.Is é an tÚdarás a dhéanfaidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin de chuid EURES a bhainistiú agus áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an oifig sin na freagrachtaí atá uirthi i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2016/589, cé is moite de thairseach EURES agus seirbhísí gaolmhara teicneolaíochta faisnéise a fhorbairt agus a oibriú, ar seirbhísí iad a leanfaidh an Coimisiún de bheith á mbainistiú. Áiritheoidh an tÚdarás, faoi fhreagracht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin mar a leagtar amach in Airteagal 23(4)(k), go gcomhlíonfaidh an ghníomhaíocht seo ina hiomláine ceanglais na reachtaíochta maidir le cosaint sonraí, lena náirítear an ceanglas maidir le hOifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh, i gcomhréir le hAirteagal 37.
Airteagal 8
Comhar agus malartú faisnéise idir na Ballstáit
1.Éascóidh an tÚdarás an comhar idir na Ballstáit agus tabharfaidh sé tacaíocht dóibh oibleagáidí comhair a chomhlíonadh go héifeachtach, lena náirítear maidir le malartú faisnéise, mar a shainítear i ndlí an Aontais é, laistigh de raon feidhme inniúlachtaí an Údaráis.
Chuige sin, déanfaidh an tÚdarás go háirithe, arna iarraidh sin do na húdaráis náisiúnta, agus chun dlús a chur le malartuithe eatarthu, na nithe seo a leanas:
(a)tacaíocht a thabhairt d’údaráis náisiúnta pointí teagmhála ábhartha na núdarás náisiúnta sna Ballstáit eile a shainaithint;
(b)an obair leantach i dtaca le hiarrataí agus malartuithe faisnéise idir údaráis náisiúnta a éascú trí bhíthin tacaíocht lóistíochtúil agus tacaíocht theicniúil a sholáthar, lena náirítear seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta, agus trí mhalartuithe faisnéise maidir le stádas na gcásanna;
(c)dea-chleachtais a chur chun cinn agus a chomhroinnt;
(d)nósanna imeachta a bhaineann le forfheidhmiú trasteorann pionós agus fíneálacha a éascú;
(e)tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin uair sa ráithe faoi iarrataí gan réiteach idir na Ballstáit agus, má mheastar gur gá sin, na hiarrataí sin a chur ar aghaidh le haghaidh idirghabháil i gcomhréir le hAirteagal 13.
2.Tacóidh an tÚdarás le hobair an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú Córas Slándála Sóisialta chun cúrsaí airgeadais a bhaineann le comhordú na slándála sóisialta a láimhseáil, i gcomhréir le hAirteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus le hAirteagal 65, Airteagal 67 agus Airteagal 69 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.
3.Cuirfidh an tÚdarás úsáid uirlisí agus nósanna imeachta leictreonacha chun cinn chun teachtaireachtaí a mhalartú idir údaráis náisiúnta, lena náirítear Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) agus an Córas um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI).
4.Spreagfaidh an tÚdarás cineálacha cur chuige nuálacha maidir le comhar trasteorann éifeachtach agus éifeachtúil, agus fiosróidh sé an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as sásraí leictreonacha malartaithe faisnéise idir na Ballstáit chun brath calaoise a éascú, ag cur tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin d’fhonn tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu.
Airteagal 9
Cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha a chomhordú
1.Arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó do roinnt Ballstát, comhordóidh an tÚdarás cigireachtaí comhbheartaithe nó cigireachtaí comhpháirteacha sna réimsí atá faoi raon feidhme inniúlachtaí an Údaráis. Féadfaidh Ballstát amháin nó roinnt Ballstát an iarraidh a chur isteach. Ina theannta sin, féadfaidh an tÚdarás a mholadh d’údaráis na mBallstát lena mbaineann go ndéanfaidh siad cigireacht chomhbheartaithe nó cigireacht chomhpháirteach.
2.I gcás ina gcinnfidh údarás Ballstáit gan a bheith rannpháirteach i gcigireacht chomhbheartaithe nó cigireacht chomhpháirteach dá dtagraítear i mír 1, nó gan na cigireachtaí sin a dhéanamh, cuirfidh sé in iúl don Údarás roimh ré mar is cuí i scríbhinn na cúiseanna lena chinneadh. Sna cásanna sin, cuirfidh an tÚdarás an méid sin in iúl do na húdaráis náisiúnta eile lena mbaineann.
3.Beidh eagrú cigireachta comhbheartaithe nó cigireachta comhpháirtí faoi réir chomhaontú roimh ré na mBallstát rannpháirteach uile trína noifigigh náisiúnta idirchaidrimh. I gcás ina ndiúltóidh Ballstát amháin nó níos mó a bheith rannpháirteach i gcigireacht chomhbheartaithe nó cigireacht chomhpháirteach, ní fhéadfaidh na húdaráis náisiúnta eile an chigireacht chomhbheartaithe nó an chigireacht chomhpháirteach atá beartaithe a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ach sna Ballstáit rannpháirteacha amháin. Na Ballstáit a dhiúltaigh a bheith rannpháirteach sa chigireacht, coinneoidh siad an fhaisnéis faoin gcigireacht atá beartaithe faoi rún.
Airteagal 10
Socruithe maidir le cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha
1.I gcás comhaontú maidir le cigireacht chomhpháirteach (“an comhaontú maidir le cigireacht chomhpháirteach”) a chur ar bun idir na Ballstáit rannpháirteacha agus an tÚdarás, beidh na coinníollacha a bhaineann le beart den sórt sin leagtha amach sa chomhaontú féin. Féadfar a áireamh sa chomhaontú maidir le cigireacht chomhpháirteach forálacha lenar féidir cigireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh faoi ghearrfhógra, tráth a bheidh na cigireachtaí sin comhaontaithe agus pleanáilte. Bunóidh an tÚdarás samhail-chomhaontú.
2.Is i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann a dhéanfar cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha, agus an obair leantach maidir leo.
3.Déanfaidh an tÚdarás tacaíocht lóistíochtúil agus tacaíocht theicniúil, lena bhféadfaidh seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta a bheith san áireamh, a sholáthar do na Ballstáit a mbeidh cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha á ndéanamh acu.
4.Féadfaidh baill foirne an Údaráis a bheith rannpháirteach i gcigireacht chomhbheartaithe nó cigireacht chomhpháirteach le comhaontú roimh ré an Bhallstáit sin ar ar a chríoch a mbeidh cúnamh á sholáthar ag na baill foirne sin don chigireacht.
5.Cuirfidh údaráis náisiúnta a bhfuil cigireacht chomhbheartaithe nó cigireacht chomhpháirteach á déanamh acu tuarascáil faoi bháid an Údaráis ar thorthaí na cigireachta sin laistigh dá mBallstáit féin agus ar reáchtáil oibríochtúil na cigireachta comhbheartaithe nó na cigireachta comhpháirtí ina hiomláine.
6.Beidh faisnéis maidir le cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha ar áireamh sna tuarascálacha ráithiúla a chuirfear faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta. Beidh tuarascáil bhliantúil maidir leis na cigireachtaí ar thug an tÚdarás tacaíocht dóibh ar áireamh sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis.
7.I gcás ina gcuirfear an tÚdarás ar an eolas, le linn cigireachtaí comhbheartaithe nó cigireachtaí comhpháirteacha, nó le linn aon ghníomhaíochtaí dá chuid, faoi neamhrialtachtaí amhrasta maidir le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, lena náirítear neamhrialtachtaí a théann thar raon feidhme a chuid inniúlachtaí, cuirfidh sé, i gcás inarb iomchuí, tuarascáil faoi na neamhrialtachtaí amhrasta sin faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid na núdarás sa Bhallstát lena mbaineann.
Airteagal 11
Anailísí agus measúnaithe riosca maidir le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair
1.Measúnóidh an tÚdarás rioscaí agus déanfaidh sé anailísí maidir le sreabha trasteorann an lucht saothair, amhail míchothromaíochtaí sa mhargadh saothair, bagairtí earnáilsonracha agus fadhbanna athfhillteacha a bhíonn ag daoine aonair agus ag fostóirí i dtaca le soghluaisteacht trasteorann. Chuige sin, áiritheoidh an tÚdarás an chomhlántacht le gníomhaireachtaí agus seirbhísí eile de chuid an Aontais, agus úsáidfidh sé an saineolas atá acu, lena náirítear sna réimsí maidir le réamhaisnéis scileanna agus maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair. Arna iarraidh sin don Choimisiún, féadfaidh an tÚdarás grinnanailísí agus staidéir a dhéanamh chun saincheisteanna sonracha a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair a imscrúdú.
2.Eagróidh an tÚdarás piarmheasúnuithe idir údaráis agus seirbhísí náisiúnta chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)iniúchadh a dhéanamh ar aon cheisteanna, deacrachtaí agus saincheisteanna sonracha a d’fhéadfadh teacht chun cinn i dtaca le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm praiticiúil dhlí an Aontais faoi chuimsiú raon feidhme inniúlachtaí an Údaráis, chomh maith le forfheidhmiú praiticiúil dhlí an Aontais;
(b)an chomhsheasmhacht a neartú i dtaca le seirbhísí a sholáthar do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí;
(c)an fhaisnéis agus an tuiscint fhrithpháirteach maidir le córais agus cleachtais dhifriúla a fheabhsú, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht beart difriúil beartais, lena náirítear bearta maidir le cosc agus díspreagadh.
3.Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin go tráthrialta ar thorthaí na measúnuithe agus na nanailísí, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na mBallstát lena mbaineann, ina leagfar amach bearta a d’fhéadfaí a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar laigí a shainaithneofar.
4.Baileoidh an tÚdarás sonraí staidrimh arna dtiomsú agus arna soláthar ag na Ballstáit sna réimsí sin de dhlí an Aontais atá faoi chuimsiú raon feidhme inniúlachtaí an Údaráis. Agus é sin á dhéanamh aige, féachfaidh an tÚdarás leis na gníomhaíochtaí bailithe sonraí atá in úsáid faoi láthair sna réimsí sin a chuíchóiriú. I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm ag Airteagal 16. Déanfaidh an tÚdarás idirchaidreamh leis an gCoimisiún (Eurostat) agus comhroinnfidh sé, i gcás inarb iomchuí, na torthaí a thiocfaidh as a ghníomhaíochtaí bailithe sonraí.
Airteagal 12
Tacú le forbairt acmhainní
Tabharfaidh an tÚdarás tacaíocht do na Ballstáit chun acmhainní a fhorbairt arb é is aidhm dóibh dlí an Aontais a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach sna réimsí uile a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Déanfaidh an tÚdarás, go háirithe, na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)treoracha comhchoiteanna a cheapadh lena núsáid ag na Ballstáit, lena náirítear treoir le haghaidh cigireachtaí i gcásanna ina mbainfidh gné thrasteorann leo, mar aon le sainmhínithe comhroinnte agus coincheapa comhchoiteanna, lena gcuirtear leis an obair ábhartha ar leibhéal an Aontais;
(b)tacú le cúnamh frithpháirteach agus é a chur chun cinn, bíodh sé i bhfoirm gníomhaíochtaí idir piaraí nó gníomhaíochtaí grúpa, chomh maith le malartuithe foirne agus scéimeanna iasachta foirne idir údaráis náisiúnta;
(c)malartú agus scaipeadh taithí agus dea-chleachtas a chur chun cinn, lena náirítear samplaí den chomhar idir na húdaráis náisiúnta ábhartha;
(d)cláir oiliúna earnála agus thrasearnála agus ábhar oiliúna spriocdhírithe a cheapadh;
(e)feachtais ardaithe feasachta a chur chun cinn, lena náirítear feachtais chun daoine aonair agus fostóirí, chomh maith le fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”) go háirithe, a chur ar an eolas maidir lena gcearta agus a noibleagáidí agus maidir leis na deiseanna atá ann dóibh.
Airteagal 13
Idirghabháil idir na Ballstáit
1.I gcás díospóidí idir na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú dhlí an Aontais sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás ról idirghabhála a ghlacadh air féin.
2.Arna iarraidh sin do cheann amháin de na Ballstáit a mbaineann díospóid leo, tionscnóidh an tÚdarás nós imeachta idirghabhála os comhair an bhoird idirghabhála arna chur ar bun chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagal 17(2). Féadfaidh an tÚdarás nós imeachta idirghabhála a thionscnamh é féin os comhair an bhoird idirghabhála, lena náirítear ar bhonn tarchuir ó SOLVIT, faoi réir chomhaontú na mBallstát uile a mbaineann an díospóid sin leo.
3.Le linn do na Ballstáit cás a chur faoi bhráid an Údaráis le haghaidh a idirghabhála, déanfaidh siad deimhin de na sonraí pearsanta uile a bhaineann leis an gcás sin a anaithnidiú agus ní dhéanfaidh an tÚdarás próiseáil ar shonraí pearsanta na ndaoine aonair a mbaineann an cás leo ag tráth ar bith le linn an nós imeachta idirghabhála.
4.Ní bheidh cásanna a bhfuil imeachtaí cúirte ar siúl maidir leo ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais inghlactha le haghaidh idirghabhála ag an Údarás.
5.Laistigh de thrí mhí tar éis don Údarás deireadh a chur leis an idirghabháil, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann tuarascáil faoi bhráid an Údaráis faoi na bearta a rinne siad chun obair leantach a dhéanamh maidir leis an idirghabháil nó faoi na fáthanna nach ndearna siad aon ní sa chás nach ndearna siad aon obair leantach.
6.Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin uair sa ráithe maidir le torthaí na gcásanna idirghabhála a láimhseáil sé.
Airteagal 14
Comhar i gcás míshocrachtaí i margadh an tsaothair trasteorann
Arna iarraidh sin do na húdaráis náisiúnta, féadfaidh an tÚdarás an comhar a éascú idir na páirtithe leasmhara ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar mhíshocrachtaí i margadh an tsaothair a dhéanann difear do níos mó ná Ballstát amháin, amhail imeachtaí athstruchtúraithe mórscála nó mórthionscadail a mbeidh tionchar acu ar an bhfostaíocht sna réigiúin trasteorann.
Airteagal 15
Comhar le gníomhaireachtaí eile
Bunóidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, socruithe comhair le gníomhaireachtaí díláraithe eile de chuid an Aontais.
Airteagal 16
Idir-inoibritheacht agus malartú faisnéise
Déanfaidh an tÚdarás creata idir-inoibritheachta a chomhordú, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun an malartú faisnéise idir na Ballstáit, agus leis an Údarás freisin, a dheimhniú. Beidh na creata idir-inoibritheachta sin bunaithe ar an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta agus tabharfaidh sé sin agus Ailtireacht Tagartha Eorpach maidir le hIdir-inoibritheacht dá dtagraítear i gCinneadh (AE) 2015/2240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tacaíocht do na creata idir-inoibritheachta sin.
Caibidil III
Eagrú an Údaráis
Airteagal 17
Struchtúr riaracháin agus bainistíochta
1.Is mar seo a leanas a bheidh struchtúr riaracháin agus bainistíochta an Údaráis:
(a)Bord Bainistíochta a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 19;
(b)Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na freagrachtaí a leagtar amach in Airteagal 23;
(c)sainghrúpa páirtithe leasmhara a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 24;
2.Féadfaidh an tÚdarás meithleacha agus painéil saineolaithe a chur ar bun ar a bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit agus/nó ón gCoimisiún, nó saineolaithe seachtracha de thoradh nósanna imeachta roghnúcháin, chun na cúraimí sonracha atá ar an Údarás nó chun réimsí sonracha beartais a chomhlíonadh, lena náirítear Bord Idirghabhála chun a chúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo, agus grúpa spriocdhírithe chun déileáil le hábhair airgeadais maidir le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, dá dtagraítear in Airteagal 8(2) den Rialachán seo, a chur i bhfeidhm.
Leagfaidh an tÚdarás amach rialacha nós imeachta na meithleacha agus na bpainéal sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. In ábhair a bhaineann le comhordú na slándála sóisialta, rachfar i gcomhairle freisin leis an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú Córas Slándála Sóisialta.
Roinn 1
An bord bainistíochta
Airteagal 18
Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta
1.Ar an mBord Bainistíochta beidh ionadaí sinsearach amháin ó gach Ballstát agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún, agus cearta vótála acu go léir.
2.Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den bhord bainistíochta. Déanfaidh an comhalta malartach ionadaíocht don chomhalta agus an comhalta sin as láthair.
3.I dtaca le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta a dhéanann ionadaíocht ar a mBallstáit féin agus a gcomhaltaí malartacha, déanfaidh a mBallstáit féin iad a cheapadh i bhfianaise a gcuid eolais sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), ag cur san áireamh scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha.
Is é an Coimisiún a cheapfaidh na comhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht air.
Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún iarrachtaí ráta athraithe a gcuid ionadaithe ar an mBord Bainistíochta a theorannú chun leanúnachas in obair an bhoird a áirithiú. Féachfaidh na páirtithe uile le hionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.
4.Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha. Féadfar an tréimhse sin a fhadú.
5.Ionadaithe ó thríú tíortha atá ag cur dlí an Aontais i bhfeidhm i réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, féadfaidh siad a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcáil breathnóirí.
Airteagal 19
Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta
1.Go háirithe, déanfaidh an Bord Bainistíochta na nithe seo a leanas:
(a)maoirseacht ar ghníomhaíochtaí an Údaráis;
(b)buiséad bliantúil an Údaráis a ghlacadh, le tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí atá i dteideal vóta a chaitheamh, agus feidhmeanna eile a dhéanamh i leith bhuiséad an Údaráis de bhun Chaibidil IV;
(c)an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí maidir le gníomhaíochtaí an Údaráis a mheas agus a ghlacadh, lena náirítear forléargas ar a chuid cúraimí, agus í a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí ar fáil don phobal;
(d)na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Údarás i gcomhréir le hAirteagal 30 a ghlacadh;
(e)straitéis frithchalaoise a ghlacadh a bheidh comhréireach leis an riosca calaoise, agus costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;
(f)rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i ndáil lena chomhaltaí, chomh maith le comhaltaí an tsainghrúpa páirtithe leasmhara agus comhaltaí ghrúpaí oibre agus phainéil an Údaráis a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 17(2), agus poibleoidh sé go bliantúil ar a shuíomh gréasáin dearbhú leasanna chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta;
(g)na pleananna maidir le cumarsáid agus scaipeadh dá dtagraítear in Airteagal 37(3) a ghlacadh agus a nuashonrú ar bhonn rialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais;
(h)a rialacha nós imeachta a ghlacadh;
(i)rialacha nós imeachta ghrúpaí oibre agus phainéil an Údaráis arna gcur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 17(2) a ghlacadh;
(j)i gcomhréir le mír 2, maidir le foireann an Údaráis, na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar sna Rialacháin Foirne don Údarás Ceapacháin agus i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile don Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”);
(k)rialacha cur chun feidhme a ghlacadh chun feidhm a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;
(l)acmhainn iniúchóireachta inmheánaí a bhunú, i gcás inarb iomchuí;
(m)an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, i gcás inar gá, síneadh a chur lena théarma oifige nó é a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 32;
(n)Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh a bheidh faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus a bheidh go hiomlán neamhspleách le linn dó a chuid dualgas a fheidhmiú;
(o)an nós imeachta a shocrú maidir le comhaltaí agus comhaltaí malartacha an tsainghrúpa páirtithe leasmhara a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 24 a roghnú, agus na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha sin a cheapadh;
(p)a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar thorthaí agus ar mholtaí a eascróidh as na tuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF);
(q)gach cinneadh a dhéanamh maidir le coistí inmheánacha nó comhlachtaí eile an Údaráis a chur ar bun agus, i gcás inar gá, maidir le modhnú na gcoistí nó na gcomhlachtaí sin, ag cur san áireamh riachtanais ghníomhaíochtaí an Údaráis chomh maith le féachaint do bhainistiú fónta airgeadais;
(r)dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 25 a fhormheas sula gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é chun a thuairim a fháil ina leith;
(s)tar éis tuairim an Choimisiúin a fháil, dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair an Údaráis a ghlacadh, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí atá i dteideal vóta a chaitheamh agus i gcomhréir le hAirteagal 25.
2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh atá bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile chun cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus chun na coinníollacha a shainiú faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.
3.I gcás inar gá sin in imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chur ar fionraí go sealadach, chomh maith leis na cumhachtaí arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Airteagal 20
Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta
1.Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, agus déanfaidh sé a dhícheall go mbeidh cothromaíocht inscne ann. Toghfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu.
I gcás nach mbainfear amach tromlach dhá thrian ar an gcéad vóta, eagrófar vóta eile lena dtoghfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach le tromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu.
Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh i gcás ina gcuirfear bac air a dhualgais a chomhlíonadh.
2.Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan aon uair amháin. Mar sin féin, i gcás ina dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.
Airteagal 21
Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta
1.Is é an Cathaoirleach a dhéanfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a thionól.
2.Glacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis páirt sa phlé ach ní bheidh ceart vótála aige.
3.Beidh ar a laghad dhá ghnáthchruinniú in aghaidh na bliana ag an mBord Bainistíochta. Ina theannta sin, tionólfar cruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do thrian dá chomhaltaí ar a laghad.
4.Beidh cruinnithe ag an mBord Bainistíochta leis an sainghrúpa páirtithe leasmhara ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana.
5.Féadfaidh an Bord Bainistíochta iarraidh ar aon duine a bhféadfaidh a thuairimí a bheith ina nábhar spéise freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnóir.
6.Faoi réir rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe a bheith de chúnamh ag comhaltaí an Bhoird Bainistíochta nó ag a gcomhaltaí malartacha ag na cruinnithe.
7.Is é an tÚdarás a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don bhord bainistíochta.
Airteagal 22
Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta
1.Gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 19(1) agus d’Airteagal 32(8), déanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí le tromlach na gcomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu.
2.Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. I gcás nach mbeidh comhalta áirithe a bhfuil ceart vótála aige i láthair, beidh a chomhalta malartach i dteideal a cheart vótála a fheidhmiú.
3.Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil.
4.Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa vótáil.
5.Bunófar socruithe vótála níos mionsonraithe le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, go háirithe na himthosca ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile, agus na himthosca ina bhfuil nósanna imeachta i scríbhinn le húsáid le haghaidh vóta a chaitheamh.
Roinn 2
An stiúrthóir feidhmiúcháin
Airteagal 23
Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin
1.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanfaidh an tÚdarás a bhainistiú. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don bhord bainistíochta.
2.Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a dhualgas nuair a iarrtar sin air. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le comhlíonadh a dhualgas.
3.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh mar ionadaí dlíthiúil ag an Údarás.
4.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí a shanntar don Údarás leis an Rialachán seo. Go háirithe, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:
(a)riaradh laethúil an Údaráis;
(b)cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;
(c)an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;
(d)an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don bhord bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;
(e)an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí an Údaráis a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;
(f)plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, mar aon le himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF, agus tuairisciú ar an dul chun cinn dhá uair sa bhliain don Choimisiún agus go tráthrialta don bhord bainistíochta;
(g)leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile, gan dochar don inniúlacht imscrúdaitheach atá ag OLAF, trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, más rud é go mbraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;
(h)straitéis frith-chalaoise don Údarás a ullmhú agus an straitéis sin a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;
(i)na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Údarás a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta;
(j)dréachtráiteas an Údaráis ar mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú agus a bhuiséad a chur chun feidhme;
(k)bearta arna mbunú ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme chun oibleagáidí maidir le cosaint sonraí arna bhforchur le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chomhlíonadh.
5.Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an gá ball foirne amháin nó níos mó a bheith lonnaithe i mBallstát amháin nó níos mó. Sula gcinnfidh sé oifig áitiúil a chur ar bun, gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin toiliú roimh ré ón gCoimisiún, ón mBord Bainistíochta agus ón mBallstát nó ó na Ballstáit lena mbaineann. Déanfar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bheidh le déanamh san oifig áitiúil a shonrú sa chinneadh ar bhealach a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus feidhmeanna riaracháin an Údaráis a dhéanamh faoi dhó. Is féidir gur gá comhaontú ceanncheathrún a dhéanamh leis an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann.
Roinn 3
An sainghrúpa páirtithe leasmhara
Airteagal 24
An sainghrúpa páirtithe leasmhara a chruthú agus comhdhéanamh an tsainghrúpa sin
1.Chun comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ábhartha a éascú agus chun gur féidir tairbhe a bhaint as a gcuid saineolais i réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, bunófar sainghrúpa páirtithe leasmhara ag a mbeidh feidhmeanna maidir le comhairle a chur ar an Údarás.
2.Féadfaidh an sainghrúpa páirtithe leasmhara, go háirithe, tuairimí agus comhairle a chur faoi bhráid an Údaráis maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú dhlí an Aontais sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
3.Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina chathaoirleach ar an sainghrúpa páirtithe leasmhara agus tiocfaidh an grúpa le chéile faoi dhó sa bhliain ar thionscnamh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin nó arna iarraidh sin don Choimisiún.
4.Beidh an sainghrúpa páirtithe leasmhara comhdhéanta go cothrom de sheisear ionadaithe ó chomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais a dhéanann ionadaíocht ar cheardchumainn agus ar eagraíochtaí fostóirí, agus de bheirt ionadaithe ón gCoimisiún.
5.Maidir le comhaltaí an tsainghrúpa páirtithe leasmhara, ainmneoidh a gcuid eagraíochtaí féin iad agus ceapfaidh an Bord Bainistíochta iad. Chomh maith leis sin, ceapfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí malartacha, i gcomhréir leis na coinníollacha céanna a úsáidtear chun comhaltaí a cheapadh, agus glacfaidh siad go huathoibríoch ionad aon chomhaltaí atá as láthair nó nach bhfuil ar fáil. Tabharfar urraim don chothromaíocht iomchuí inscne, a mhéid is féidir, agus d’ionadaíocht leordhóthanach FBManna.
6.Is é an tÚdarás a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don sainghrúpa páirtithe leasmhara. Glacfaidh an sainghrúpa páirtithe leasmhara a rialacha nós imeachta le tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí atá i dteideal vóta a chaitheamh. Beidh na rialacha nós imeachta faoi réir a bhformheasta ag an mBord Bainistíochta.
7.Cuirfidh an tÚdarás tuairimí agus comhairle an tsainghrúpa páirtithe leasmhara agus torthaí a gcuid comhairliúchán ar fáil don phobal, ach amháin i gcás ceanglais rúndachta.
Caibidil IV
Bunú agus struchtúr bhuiséad an Údaráis
Roinn 1
Doiciméad clársceidealaithe aonair an Údaráis
Airteagal 25
Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil
1.Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a tharraingt suas ina mbeidh, go háirithe, clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún agus treoirlínte a shocróidh an Coimisiún á gcur san áireamh.
2.Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Bord ar aghaidh é chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir an bhliain dár gcionn, chomh maith le haon leagan nuashonraithe den doiciméad sin.
Beidh sé ina dhoiciméad clársceidealaithe cinntitheach nuair a bheidh glactha go críochnaitheach le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, agus déanfar coigeartú air dá réir, más gá sin.
3.Leagfar amach sa chlár oibre bliantúil cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena náirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht. Beidh an clár oibre bliantúil comhsheasmhach leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 4. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil atá glactha a leasú nuair a thabharfar cúram nua don Údarás.
Déanfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil a ghlacadh leis an nós imeachta céanna lenar glacadh an clár oibre bliantúil tosaigh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
4.Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena náirítear cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta. Maidir leis na cuspóirí a leagtar síos, léireofar sa chlár oibre ilbhliantúil freisin, i gcás gach gníomhaíochta, na hacmhainní táscacha airgeadais agus daonna a mheastar is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
Déanfar nuashonrú ar an gclársceidealú straitéiseach i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar thoradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 41.
Airteagal 26
An buiséad a bhunú
1.Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtmheastachán sealadach a tharraingt suas gach bliain ar ioncam agus ar chaiteachas an Údaráis don bhliain airgeadais dár gcionn, lena náirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.
2.Ar bhonn an dréachtmheastacháin shealadaigh dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas an Údaráis don bhliain airgeadais dár gcionn.
3.Cuirfear an dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas an Údaráis chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain.
4.Cuirfidh an Coimisiún an dréachtmheastachán mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais chuig an údarás buiséadach.
5.Ar bhonn an dréachtmheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na meastacháin sin a mheasann sé is gá don phlean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh iad i gcomhréir le hAirteagal 313 agus le hAirteagal 314 CFAE.
6.Is é an túdarás buiséadach a údaróidh na leithreasuithe i gcomhair na ranníocaíochta leis an Údarás.
7.Is é an túdarás buiséadach a ghlacfaidh plean bunaíochta an Údaráis.
8.Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh buiséad an Údaráis. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach nuair a bheidh glactha go críochnaitheach le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir.
9.I dtaca le haon tionscadal tógála ar dócha go mbeidh impleachtaí móra aige do bhuiséad an Údaráis, beidh feidhm ag forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 maidir leis.
Roinn 2
Buiséad an Údaráis a thíolacadh, a chur chun feidhme agus a rialú
Airteagal 27
Struchtúr an bhuiséid
1.Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile an Údaráis gach bliain airgeadais, de réir na bliana féilire, agus léireofar i mbuiséad an Údaráis iad.
2.Beidh buiséad an Údaráis comhardaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.
3.Gan dochar d'acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam an Údaráis:
(a)ranníocaíocht ón Aontas;
(b)aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit;
(c)aon ranníocaíocht ó thríú tíortha atá rannpháirteach in obair an Údaráis, de bhun Airteagal 43;
(d)cistiú féideartha ón Aontas i bhfoirm comhaontuithe tarmligin nó deontais ad hoc i gcomhréir le rialacha airgeadais an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 30 agus le forálacha na nionstraimí ábhartha lena dtacaítear le beartais an Aontais;
(e) táillí ar fhoilseacháin agus aon seirbhís eile a sholáthróidh an tÚdarás.
4.Cuirfear luach saothair foirne, costais riaracháin agus bonneagair agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas an Údaráis.
Airteagal 28
An buiséad a chur chun feidhme
1.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad an Údaráis chun feidhme.
2.Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach.
Airteagal 29
Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh
1.Faoin 1 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn, cuirfidh Oifigeach Cuntasaíochta an Údaráis na cuntais shealadacha chuig Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.
2.Chomh maith leis sin, faoin 1 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn, soláthróidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an fhaisnéis chuntasaíochta is gá d'Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin chun críocha comhdhlúthúcháin sa mhodh agus san fhormáid is gá don oifigeach sin.
3.Faoin 31 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn, cuirfidh an tÚdarás an tuarascáil faoin mbainistiú buiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.
4.Nuair a gheobhaidh sé barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha an Údaráis, tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis suas cuntais chríochnaitheacha an Údaráis as a mbeidh an toifigeach sin freagrach. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha faoi bhráid an bhoird bainistíochta chun tuairim a fháil.
5.Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha an Údaráis.
6.Faoin 1 Iúil tar éis gach bliana airgeadais, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí in éineacht leis an tuairim ón mBord Bainistíochta.
7.Faoin 15 Samhain den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, foilseofar nasc in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chuig leathanaigh an tsuímh gréasáin ina bhfuil cuntais chríochnaitheacha an Údaráis.
8.Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena barúlacha faoin 30 Meán Fómhair. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an gCoimisiún freisin.
9.Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin di, chun an nós imeachta um urscaoileadh a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i gceist, i gcomhréir le hAirteagal 165(3) den Rialachán Airgeadais.
10.Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh a fháil ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.
Airteagal 30
Rialacha airgeadais
Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 mura mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach d'oibriú an Údaráis agus mura mbeidh an Coimisiún tar éis toiliú don imeacht sin roimh ré.
Caibidil V
Foireann
Airteagal 31
Foráil ghinearálta
Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir le foireann an Údaráis.
Airteagal 32
An Stiúrthóir Feidhmiúcháin
1.Ceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ghníomhaire sealadach de chuid an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 2(a) de na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.
2.Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann.
3.Chun an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, is é Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a dhéanfaidh ionadaíocht ar an Údarás.
4.Mairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin cúig bliana. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus ar dhúshláin an Údaráis amach anseo.
5.Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún ina gcuirtear an measúnú dá dtagraítear i mír 4 san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, ar feadh cúig bliana ar a mhéad.
6.Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar cuireadh síneadh lena théarma oifige páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna i ndeireadh na tréimhse carnaí.
7.Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.
8.Is ar bhonn tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí atá i dteideal vótála a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoi cheapachán an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, faoi shíneadh a chur lena théarma oifige nó faoina chur as oifig.
Airteagal 33
Oifigigh idirchaidrimh náisiúnta
1.Ceapfaidh gach Ballstát oifigeach idirchaidrimh náisiúnta amháin lena thabhairt ar iasacht don Údarás agus a oibreoidh ag a shuíomh, de bhun Airteagal 34.
2.Rannchuideoidh oifigigh náisiúnta idirchaidrimh le cúraimí an Údaráis a dhéanamh, go háirithe tríd an gcomhar agus an malartú faisnéise a leagtar amach in Airteagal 8(1) a éascú agus trí ghníomhnú ina gcáil mar phointí teagmhála an Údaráis le haghaidh ceisteanna óna mBallstáit féin agus i ndáil lena mBallstáit féin, trí na ceisteanna sin a fhreagairt go díreach nó trí idirchaidreamh a dhéanamh lena riaracháin náisiúnta.
3.Beidh inniúlacht ag oifigigh idirchaidrimh náisiúnta faoi dhlí náisiúnta a mBallstát faisnéis a iarraidh ó na húdaráis lena mbaineann.
Airteagal 34
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile
1.I dteannta na noifigeach náisiúnta idirchaidrimh, féadfaidh an tÚdarás i ngach réimse dá chuid oibre dul i muinín saineolaithe náisiúnta eile ar iasacht nó ball foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an Údarás.
2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta na socruithe cur chun feidhme is gá le haghaidh saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus oifigigh náisiúnta idirchaidrimh san áireamh.
Caibidil VI
Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha
Airteagal 35
Pribhléidí agus díolúintí
Beidh feidhm ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an Údarás agus maidir lena fhoireann.
Airteagal 36
Socruithe teanga
1.Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle maidir leis an Údarás.
2.Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh an tÚdarás.
Airteagal 37
Trédhearcacht, cosaint sonraí pearsanta agus cumarsáid
1.Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh an Údaráis. Laistigh de shé mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.
2.Bunóidh an Bord Bainistíochta bearta chun na hoibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chomhlíonadh, go háirithe na bearta a bhaineann le hOifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh ar an Údarás agus na bearta sin a bhaineann le dlíthiúlacht na próiseála sonraí, le slándáil na ngníomhaíochtaí próiseála, le soláthar faisnéise agus leis na cearta atá ag ábhair sonraí.
3.Féadfaidh an tÚdarás tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cumarsáide as a stuaim féin laistigh dá réimse inniúlachta féin. Ní dhéanfaidh leithdháileadh acmhainní chuig gníomhaíochtaí cumarsáide dochar d'fheidhmiú éifeachtach na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5. Déanfar gníomhaíochtaí cumarsáide i gcomhréir leis na pleananna ábhartha maidir le cumarsáid agus le scaipeadh arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta.
Airteagal 38
Calaois a chomhrac
1.Chun an comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 883/2013, laistigh de thréimhse sé mhí ón lá a thiocfaidh an tÚdarás chun bheith oibríochtúil, aontóidh sé do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile an Údaráis ag úsáid an teimpléid a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.
2.Beidh cumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, gach conraitheoir agus gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ón Údaráis.
3.Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a fháil amach ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a mbeadh tionchar aige ar leas airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna chistiú ag an Údarás, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96.
4.Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, cuimseofar i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais de chuid an Údaráis, forálacha lena dtugtar cumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, de réir a gcuid inniúlachtaí féin.
Airteagal 39
Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint
Glacfaidh an tÚdarás a rialacha slándála féin a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, inter alia, forálacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil, i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún.
Airteagal 40
Dliteanas
1.Beidh dliteanas conarthach an Údaráis faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i gceist.
2.Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an Údarás.
3.I gcás dliteanas neamhchonarthach, slánóidh an tÚdarás, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arbh iad a ranna nó a fhoireann ba chúis leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu.
4.Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh i leith damáiste dá dtagraítear i mír 3.
5.Beidh dliteanas pearsanta a fhoirne i leith an Údaráis rialaithe ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.
Airteagal 41
Meastóireacht
1.Déanfaidh an Coimisiún feidhmíocht an Údaráis a mheasúnú ó thaobh a chuid cuspóirí, a shainordaithe agus a chúraimí de, tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 51, agus gach cúig bliana tar éis sin. Rachfar i ngleic go háirithe sa mheastóireacht leis an riachtanas a d'fhéadfadh a bheith ann sainordú an Údaráis a athrú, agus leis na himpleachtaí airgeadais a bheadh le haon mhodhnú den sórt sin, lena náirítear trí thuilleadh sineirgíochtaí agus cuíchóirithe a dhéanamh le gníomhaireachtaí atá gníomhach i réimse na fostaíochta agus an bheartais shóisialta.
2.I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil údar a thuilleadh ag an Údarás leanúint leis na cuspóirí, an sainordú agus na cúraimí atá sannta do, féadfaidh sé a mholadh an Rialachán seo a leasú dá réir nó a aisghairm.
3.Ní mór don Choimisiún torthaí na meastóireachta a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta. Cuirfear torthaí na meastóireachta ar fáil don phobal.
Airteagal 42
Fiosrúcháin riaracháin
Beidh gníomhaíochtaí an Údaráis faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.
Airteagal 43
Comhar le tríú tíortha
1.A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d'inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhar le húdaráis inniúla tríú tíortha ar ina leith atá feidhm ag an dlí ábhartha de chuid an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta.
Chuige sin, féadfaidh an tÚdarás, faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún, socruithe oibre a bhunú le húdaráis tríú tíortha. Ní chuirfear oibleagáidí dlíthiúla ar an Aontas ná ar a Bhallstáit de dheasca na socruithe sin.
2.Beidh an tÚdarás oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an Aontas chun na críche sin.
Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, forbrófar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíochta na dtríú tíortha lena mbaineann in obair an Údaráis, lena náirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht sna tionscnaimh a dtabharfaidh an tÚdarás fúthu, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne. I dtaca le cúrsaí foirne, beidh na socruithe sin de réir na Rialachán Foirne i gcás ar bith.
3.Áiritheoidh an Coimisiún go bhfeidhmeoidh an tÚdarás laistigh dá shainordú agus laistigh den chreat idirinstitiúideach atá ann cheana trí shocrú oibre oiriúnach a thabhairt i gcrích le Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis.
Airteagal 44
Comhaontú ceanncheathrún agus coinníollacha oibriúcháin
1.Na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát óstach mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát óstach maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlaigh, leagfar síos iad i gcomhaontú ceanncheathrún idir an tÚdarás agus an Ballstát ina mbeidh an suíomh, comhaontú a thabharfar i gcrích tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta agus tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2.Déanfaidh Ballstát óstach an Údaráis na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun go bhfeidhmeoidh an tÚdarás go rianúil agus go héifeachtúil, lena náirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil béim ar an ngné Eorpach inti, agus naisc iomchuí iompair.
Airteagal 45
Tús a chur le gníomhaíochtaí an Údaráis
1.Tiocfaidh an tÚdarás chun bheith oibríochtúil laistigh de bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2.Beidh an Coimisiún freagrach as bunú agus as oibriú tosaigh an Údaráis go dtí go mbeidh an acmhainn oibríochtúil ag an Údarás a bhuiséad féin a chur chun feidhme. Chun na críche sin:
(a)go dtí go rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun dualgas tar éis don Bhord Bainistíochta é a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 32, féadfaidh an Coimisiún oifigeach ón gCoimisiún a ainmniú le gníomhú mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach agus na dualgais a shanntar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmiú;
(b)de mhaolú ó phointe (j) d'Airteagal 19(1) agus go dtí go nglacfar cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 19(2), feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach cumhacht an údaráis ceapacháin;
(c)féadfaidh an Coimisiún cúnamh a thairiscint don Údarás, go háirithe trí oifigigh ón gCoimisiún a thabhairt ar iasacht chun gníomhaíochtaí an Údaráis a chur i gcrích faoi fhreagracht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin eatramhaigh nó an Stiúrthóra Feidhmiúcháin;
(d)féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach na híocaíochtaí go léir a chumhdófar le leithreasuithe a iontráladh i mbuiséad an Údaráis a údarú tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta agus féadfaidh an duine sin conarthaí a thabhairt i gcrích, lena náirítear conarthaí foirne, tar éis ghlacadh phlean bunaíochta an Údaráis.
Airteagal 46
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 [maidir le forálacha atá á nathbhreithniú, déanfaidh an Coimisiún a thogra a ailíniú tar éis ghlacadh an rialacháin athbhreithnithe]
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 mar a leanas:
(1)in Airteagal 1, cuirtear an pointe (na) seo a leanas isteach:
“(na) ciallaíonn "an tÚdarás Eorpach Saothair" an comhlacht arna bhunú leis an [Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás] agus dá dtagraítear in Airteagal 74;”;
(2)in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):
“(g)
bunóidh sé na fachtóirí a bheidh le cur san áireamh chun cuntais a tharraingt suas i ndáil leis na costais a bheidh le seasamh ag institiúidí na mBallstát faoin Rialachán seo agus chun na cuntais bhliantúla a ghlacadh idir na hinstitiúidí sin, bunaithe ar thuarascáil an Údaráis Eorpaigh Saothair dá dtagraítear in Airteagal 74.”;
(3)scriostar Airteagal 73;
(4)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 74:
“Airteagal 74
An tÚdarás Eorpach Saothair
1. Tacóidh an tÚdarás Eorpach Saothair le cur chun feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir lena chúraimí a leagtar amach sa [Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás].
2. Déanfaidh an tÚdarás Eorpach Saothair an méid seo a leanas chun tacú le hobair an Choimisiúin Riaracháin le cúrsaí airgeadais:
(a)fíoróidh sé an modh chun na meánchostais bhliantúla a chuireann na Ballstáit in iúl a chinneadh agus a ríomh;
(b)baileoidh sé na sonraí riachtanacha agus déanfaidh sé na ríomhanna is gá chun an ráiteas bliantúil éileamh atá ag gach Ballstát a bhunú;
(c)tabharfaidh sé cuntais thréimhsiúla ar thorthaí chur chun feidhme an Rialacháin seo agus an Rialacháin Cur Chun Feidhme don Choimisiún Riaracháin, go háirithe maidir leis an ngné airgeadais;
(d)soláthróidh sé na sonraí agus na tuarascálacha is gá chun go ndéanfaidh an Coimisiún Riaracháin na cinntí de bhun phointe (g) d'Airteagal 72;
(e)tabharfaidh sé aon mholtaí ábhartha a d'fhéadfadh a bheith aige don Choimisiún Riaracháin, lena náirítear na moltaí a bhaineann leis an Rialachán seo, i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c);
(f)déanfaidh sé an obair, an staidéar nó na tascanna uile i dtaca le nithe a tharchuirfidh an Coimisiún Riaracháin chuige.
3. Molfaidh an tÚdarás Eorpach Saothair rialacha comhchoiteanna ailtireachta don Choimisiún Riaracháin chun seirbhísí próiseála sonraí a oibriú, go háirithe maidir le cúrsaí slándála agus le húsáid caighdeán agus déanfar amhlaidh chun tacú le hobair an Choimisiúin Riaracháin i dtaca le hábhair theicniúla. Tabharfaidh an tÚdarás Eorpach Saothair tuarascálacha ar aird agus tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe sula ndéanfaidh an Coimisiún Riaracháin cinntí de bhun phointe (d) d'Airteagal 72.
4. I gcás díospóidí idir institiúidí nó údaráis maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus an Rialacháin Cur Chun Feidhme, déanfaidh an tÚdarás Eorpach Saothair idirghabháil i gcomhréir le [hAirteagal 13 faoi idirghabháil i leith an Rialacháin lena mbunaítear an tÚdarás].”;
(5)in Airteagal 76(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
"Mura féidir réiteach a fháil laistigh de thréimhse réasúnta, féadfaidh na húdaráis lena mbaineann a iarraidh ar an Údarás Eorpach Saothair idirghabháil a dhéanamh.”.
Airteagal 47
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 [maidir le forálacha atá á nathbhreithniú, déanfaidh an Coimisiún a thogra a ailíniú tar éis an rialachán athbhreithnithe a ghlacadh]
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 mar a leanas:
(1)in Airteagal 1(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
"(f) ciallaíonn "an tÚdarás Eorpach Saothair" an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 74 den bhun-Rialachán.”;
(2)in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4. I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú idir na hinstitiúidí lena mbaineann, féadfaidh na húdaráis inniúla an tábhar a thabhairt os comhair an Údaráis Eorpaigh Saothair tráth nach luaithe ná aon mhí amháin tar éis an dáta ar chuir an institiúid a fuair an doiciméad a hiarraidh isteach. Féachfaidh an tÚdarás Eorpach Saothair le teacht ar réiteach idir na dearcthaí i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa [Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás – Airteagal 13 maidir le hidirghabháil].”;
(3)in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3. I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú idir na hinstitiúidí ná na húdaráis lena mbaineann, féadfaidh na húdaráis inniúla an tábhar a thabhairt os comhair an Údaráis Eorpaigh Saothair tráth nach luaithe ná aon mhí tar éis an dáta ar tháinig na dearcthaí éagsúla dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2 chun cinn. Féachfaidh an tÚdarás Eorpach Saothair le teacht ar réiteach idir na dearcthaí i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa [Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás – Airteagal 13 maidir le hidirghabháil].”;
(4)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65:
“Airteagal 65
Fógra a thabhairt faoi mheánchostais bhliantúla
1. Tabharfar fógra faoin meánchostas bliantúil in aghaidh an duine i ngach aoisghrúpa do bhliain shonrach don Údarás Eorpach Saothair tráth nach déanaí ná deireadh an dara bliain tar éis na bliana a bheidh i gceist.
2. Na meánchostais bhliantúla a dtabharfar fógra fúthu i gcomhréir le mír 1, foilseofar gach bliain in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad tar éis a bhformheasta ag an gCoimisiún Riaracháin.
3. I gcás nach bhfuil Ballstát in ann fógra a thabhairt faoi na meánchostais a bhaineann le bliain shonrach faoin spriocdháta dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh sé, faoin spriocdháta céanna, cead ar an gCoimisiún Riaracháin agus ar an Údarás Eorpach Saothair úsáid a bhaint as meánchostais bhliantúla an Bhallstáit sin arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i leith na bliana roimh an mbliain shonrach nár tugadh fógra faoi na meánchostais go fóill. Agus an cead sin á iarraidh aige, beidh sé de cheangal ar an mBallstát míniú a thabhairt i dtaobh na gcúiseanna nach bhfuil sé in ann fógra a thabhairt faoi mheánchostais bhliantúla na bliana i gceist. Má dhéanann an Coimisiún Riaracháin, tar éis dó tuairim an Údaráis Eorpaigh Saothair a bhreithniú, iarraidh an Bhallstáit a fhormheas, foilseofar arís in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh na meánchostais bhliantúla sin.
4. Ní dhéanfar an maolú dá dtagraítear in mír 3 a dheonú le haghaidh blianta as a chéile.”;
(5)in Airteagal 67, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
“7. I gcásanna nach féidir teacht ar shocrú laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 6, éascóidh an tÚdarás Eorpach Saothair dúnadh críochnaitheach na gcuntas, agus ar iarraidh réasúnaithe ó pháirtí de na páirtithe, tabharfaidh sé a thuairim uaidh maidir le díospóid laistigh de shé mhí tar éis na míosa ar tarchuireadh an tábhar chuige.”;
(6) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 69:
“Airteagal 69
Ráiteas cuntas bliantúil
1. Socróidh an Coimisiún Riaracháin staid na néileamh do gach bliain féilire i gcomhréir le pointe (g) d'Airteagal 72 den bhun-Rialachán, ar bhonn thuarascáil an Údaráis Eorpaigh Saothair. Chuige sin, déanfaidh na comhlachtaí idirchaidrimh, faoi na spriocdhátaí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagann an tÚdarás Eorpach Saothair síos, fógra a thabhairt don Údarás sin faoi mhéid na néileamh a dhéantar, a shocraítear nó a dhéantar a chonspóid (seasamh creidmheasach) agus faoi mhéid na néileamh a fhaightear, a shocraítear nó a dhéantar a chonspóid (seasamh fiachach).
2. Féadfaidh an Coimisiún Riaracháin aon seiceálacha iomchuí a dhéanamh ar na sonraí staidrimh agus cuntasaíochta a úsáidtear mar bhonn chun ráiteas bliantúil na néileamh dá bhforáiltear i mír 1 a dhréachtú, d’fhonn, go háirithe, a áirithiú go bhfuil siad de réir na rialacha a leagtar síos faoin Teideal seo.".
Airteagal 48
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 492/2011
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 mar seo a leanas:
(1)in Airteagal 26 cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
"Beidh an tÚdarás Eorpach Saothair, arna bhunú leis an [Rialachán lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair] rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste Chomhairligh i gcáil breathnóra agus soláthróidh sé ionchur teicniúil agus saineolas mar is ábhartha.";
(2)scriostar Airteagal 29 go hAirteagal 34;
(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35:
"Airteagal 35
Leanfaidh feidhm de bheith ag rialacha nós imeachta an Choiste Chomhairligh a tháinig i bhfeidhm an 8 Samhain 1968.";
(4) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:
"Airteagal 39
Taispeánfar caiteachas riaracháin an Choiste Chomhairligh i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh sa roinn a bhaineann leis an gCoimisiún.".
Airteagal 49
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/589
Leasaítear Rialachán (AE) 2016/589 mar a leanas:
(1)leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
"(a) eagrú líonra EURES idir an Coimisiún, an tÚdarás Eorpach Saothair agus na Ballstáit;";
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
"(b) comhar idir an Coimisiún, an tÚdarás Eorpach Saothair agus na Ballstáit faoi na sonraí ábhartha atá ar fáil maidir le folúntais, le hiarratais ar phoist agus le CVanna a roinnt;";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
"(f) cur chun cinn líonra EURES ar leibhéal an Aontais trí bhearta éifeachtacha cumarsáide arna ndéanamh ag an gCoimisiún, ag an Údarás Eorpach Saothair agus ag na Ballstáit.";
(2)in Airteagal 3, cuirtear an pointe (8) seo a leanas isteach:
"(8) ciallaíonn "Údarás Eorpach Saothair" an comhlacht arna bhunú de bhun an [Rialacháin lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair]";
(3)in Airteagal 4(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
"Cinnfidh an Coimisiún, an tÚdarás Eorpach Saothair agus Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES na modhanna chun é sin a áirithiú maidir lena noibleagáidí faoi seach.";
(4)leasaítear Airteagal 7(1) mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
"(a) Oifig Eorpach Comhordúcháin a bhunófar laistigh den Údarás Eorpach Saothair agus a bheidh freagrach as cúnamh a thabhairt do líonra EURES a ghníomhaíochtaí a chomhlíonadh;";
(b)cuirtear an pointe (e) seo a leanas isteach:
"(e) an Coimisiún.";
(5)leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:
"Tabharfaidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin cúnamh do líonra EURES agus a ghníomhaíochtaí á gcomhlíonadh aige, go háirithe, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas a fhorbairt agus a sheoladh, i ndlúthchomhar leis na hoifigí náisiúnta comhordúcháin (ONCanna) agus leis an gCoimisiún:";
(ii)i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
"(i) mar úinéir an chórais i gcás thairseach EURES agus seirbhísí TF gaolmhara, riachtanais úsáideoirí agus ceanglais ghnó a shainiú a bheidh le tarchur chuig an gCoimisiún chun an tairseach a oibriú agus a fhorbairt, lena náirítear a chórais agus a nósanna imeachta chun malartú a dhéanamh ar fholúntais, ar iarratais ar phoist, ar CVanna agus ar dhoiciméid tacaíochta agus ar fhaisnéis eile, i gcomhar le seirbhísí nó líonraí faisnéise agus comhairleacha agus tionscnaimh ábhartha eile de chuid an Aontais;";
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
"2. Is é an tÚdarás Eorpach Saothair a dhéanfaidh bainistiú ar an Oifig Eorpach Comhordúcháin. Beidh idirphlé rialta ag an Oifig Eorpach Comhordúcháin le hionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais.";
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
"3. Dréachtóidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin, i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14 agus leis an gCoimisiún, a cláir ilbhliantúla oibre.";
(6)in Airteagal 9(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
"(b) comhar leis an gCoimisiún, leis an Údarás Eorpach Saothair agus leis na Ballstáit maidir leis an imréiteach laistigh den chreat a leagtar amach i gCaibidil III;";
(7)in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. Beidh an Grúpa Comhordúcháin comhdhéanta d'ionadaithe ar an leibhéal iomchuí ón Oifig Eorpach Comhordúcháin, ón gCoimisiún agus ó na ONCanna.";
(8)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:
"Airteagal 29
Faisnéis a mhalartú maidir le sreabhadh agus le patrúin
Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faireachán ar shreabhadh agus patrúin soghluaisteachta an lucht saothair san Aontas agus poibleoidh siad an sreabhadh agus na patrúin sin ar bhonn tuarascálacha ón Údarás Eorpach Saothair, ag úsáid staidreamh Eurostat agus na sonraí náisiúnta atá ar fáil.".
Airteagal 50
Aisghairm
Aisghairtear Treoir 2009/17/CE agus Treoir (AE) 2016/344.
Déanfar tagairtí do Chinneadh 2009/17/CE agus do Chinneadh (AE) 2016/344 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 51
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
Iarscríbhinn – Ráiteas Airgeadais Reachtach “Gníomhaireachtaí”
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
1.4.Cuspóirí
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna [an chomhlachta]
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
04: Fostaíocht, gnóthaí sóisialta agus cuimsiú
04 03: Fostaíocht, gnóthaí sóisialta agus cuimsiú
04 03 15: An tÚdarás Eorpach Saothair
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
⌧ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
◻ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Is é is cuspóir don Údarás Eorpach Saothair cabhrú le soghluaisteacht chothrom an lucht saothair a áirithiú sa mhargadh inmheánach, díriú ar rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair agus le comhordú na gcóras slándála sóisialta san Aontas.
Rannchuidíonn an cuspóir sin le tosaíocht pholaitiúil an Choimisiúin “Margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime, agus bonn tionsclaíoch níos láidre faoi” (Tosaíocht 4 de na Treoirlínte Polaitiúla Tús Nua don Eoraip), agus comhlánaíonn sé an tosaíocht “Borradh nua a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht” (Tosaíocht 4) trí thimpeallacht rialála níos fabhraí a chruthú chun tacú le timpeallacht fiontraíochta agus cruthaithe post.
Trí mhargadh inmheánach atá ag feidhmiú níos fearr a chur chun cinn éascóidh sé, freisin, deiseanna a thapú maidir le fostaíocht agus soláthar seirbhísí ar bhonn trasteorann, i gcomhréir leis an straitéis Eoraip 2020 ina bhfuil béim ar fhás cliste, inbhuanaithe agus ionchuimsitheach ar mhaithe leis na laigí struchtúracha i ngeilleagar na hEorpa a shárú, an tiomaíochas agus an táirgiúlacht a fheabhsú agus geillegar margaidh sóisialta inbhuanaithe a dhaingniú.
1.4.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóir Sonrach Uimh. 1
(a)
Rochtain a éascú do dhaoine aonair agus d’fhostóirí ar fhaisnéis faoina gcearta agus faoina noibleagáidí agus ar sheirbhísí ábhartha.
Cuspóir Sonrach Uimh. 2
(b)
Tacú le comhar idir na Ballstáit maidir le forfheidhmiú trasteorann dhlí ábhartha an Aontais, lena náirítear cigireachtaí comhpháirteacha a éascú.
Cuspóir Sonrach Uimh. 3
(c)
Idirghabháil a dhéanamh i gcás díospóidí trasteorann idir údaráis náisiúnta nó i gcás míshocrachtaí i margadh an tsaothair agus réiteach a éascú.
1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis
Ba cheart do dhaoine aonair agus d’fhostóirí a bheith in ann leas a bhaint as an rochtain bhreise ar fhaisnéis faoina gcearta agus faoina noibleagáidí agus as trédhearcacht bhreise na faisnéise sin, feasacht níos mó ar na deiseanna atá ar fáil dóibh, soláthar seirbhísí níos comhsheasmhaí ar fud an Aontais agus forfheidhmiú níos fearr ar a gcearta.
Tá súil leis go mbainfidh na húdaráis náisiúnta leas, go háirithe, as comhar níos rianúla agus malartú faisnéise níos fearr, sineirgíochtaí in obair na gcoistí agus bailiú cuíchóirithe sonraí, tacaíocht anailíseach agus theicniúil, agus rochtain ar nós imeachta idirghabhála sna réimsí a thagann faoi raon feidhme an Údaráis.
1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar
Sa chlár oibre bliantúil leagfar síos cuspóirí mionsonraithe agus na torthaí a bhfuil súil leo, lena náirítear táscairí feidhmíochta, agus sa chlár oibre ilbhliantúil leagfar amach na cuspóirí straitéiseacha ginearálta, na torthaí a bhfuil súil leo agus táscairí feidhmíochta. Na príomhtháscairí feidhmíochta a cheap an Coimisiún maidir leis na Gníomhaireachtaí, ba cheart iad sin a urramú.
Lena chois sin, sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra déantar cur síos ar chreat faireacháin ar leith, agus táscairí éagsúla san áireamh. Déanfar coigeartú breise ar an gcreat bunaithe ar na ceanglais deiridh a bheidh ann ó thaobh dlí agus cur chun feidhme de agus ar an sceideal a bheidh leagtha amach.
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma
Tá an togra bunaithe ar Airteagail 46, 48, 53(1), 62 agus 91(1) CFAE. Tá sé dírithe ar shaorghluaiseacht oibrithe, comhordú na gcóras slándála sóisialta, daoine a chur i mbun gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar dhaoine féinfhostaithe, an tsaoirse seirbhísí a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna atá infheidhme maidir leis an iompar idirnáisiúnta.
Léiríonn an bunús dlí atá roghnaithe príomhchuspóirí agus raon feidhme an tionscnaimh, is é sin soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na gcóras slándála sóisialta ar bhonn trasteorann, lena náirítear oibrithe a phostú. Tá an bunús dlí leis an togra seo i gcomhréir freisin le gníomhartha sin an Aontais a thiocfaidh faoi raon feidhme ghníomhaíochtaí an Údaráis. Is é an toradh a bheidh ar an togra láithreach go mbunófar Údarás Eorpach Saothair, údarás a chabhróidh chun faisnéis agus seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine aonair agus d’fhostóirí, agus a thabharfaidh tacaíocht do na Ballstáit maidir leis an méid seo a leanas: comhar, malartú faisnéise, cigireachtaí comhpháirteacha, measúnuithe riosca, forbairt acmhainne, idirghabháil idir údaráis náisiúnta, agus comhar i gcás míshocrachtaí i margadh an tsaothair. San fhadtéarma, féadfar raon feidhme an Údaráis a mhodhnú faoi réir meastóireacht a dhéanfar tráth nach déanaí ná cúig bliana ó theacht i bhfeidhm an rialacháin lena mbunaítear an tÚdarás.
1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh sé sin bheith ag éirí as fachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain ó chomhordú, deimhneacht dhlíthiúil, níos mó éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chuige sin is é is ciall le “luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais, is é sin luach sa bhreis ar an luach a bheadh cruthaithe ag na Ballstáit féin.
Cúiseanna leis an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (ex ante)
Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach ná áitiúil, agus is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais ar na cúiseanna seo a leanas:
(a) faisnéis agus seirbhísí ardcháilíochta atá cothrom le dáta a chur ar fáil don phobal faoina gcearta agus a noibleagáidí i gcás riachtanais a bhaineann le cásanna trasteorann is gá a chomhordú ar leibhéal an Aontais d’fhonn cur chuige comhsheasmhach, soiléir agus éifeachtúil a áirithiú,
(b) i gcás dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, ar bhonn trasteorann, maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na gcóras slándála sóisialta, táthar ag brath ar an gcomhar idir na Ballstáit, rud a chiallaíonn nach féidir le Ballstát ar bith gníomhú as féin,
(c) seachas a bheith ag brath ar ghréasán casta de chomhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha is gá cur chuige comhordaithe agus comhpháirteach a fhorbairt ar leibhéal an Aontais d’fhonn cur le sineirgíochtaí agus tacú leis an gcomhar idir na Ballstáit maidir le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh údaráis riaracháin agus daoine aonair, agus chun teacht ar chomhthuiscint i dtaca leis na riachtanais forfheidhmiúcháin.
Luach breise de chuid an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post)
Le bunú an Údaráis éascófar dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go cothrom, go simplí agus go héifeachtach ar fud an Aontais. Feabhsófar an comhar agus an malartú tráthúil faisnéise idir na Ballstáit, agus cuirfear leis an trédhearcacht agus an rochtain ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí ag daoine aonair agus ag fostóirí. Tacóidh an tÚdarás le cigireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh a mbeidh údaráis inniúla as Ballstáit éagsúla páirteach iontu. Cuirfidh sé anailísí ar leith ar an margadh saothair agus seirbhísí forbartha acmhainne ar fáil do na Ballstáit.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Cuirtear san áireamh sa tionscnamh na tograí reachtacha is déanaí agus na tograí sin atá idir lámha sna réimsí lena mbaineann: soghluaisteacht an lucht saothair, oibrithe a phostú, comhordú na slándála sóisialta agus tairseach aonair dhigiteach a bhunú. Tá an Measúnú Tionchair agus an togra ag tógáil ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na tionscnaimh atá ar siúl agus na ceachtanna a foghlaimíodh astu, rud a léirigh an gá le tacaíocht oibríochtúil, maidir le comhar trasteorann níos fearr agus trédhearcacht agus feasacht níos fearr, d’fhonn cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú dhlí ábhartha an Aontais a fheabhsú.
Tá sé curtha san áireamh sa togra, freisin, an mheastóireacht leanúnach atá á déanamh ar cheithre Ghníomhaireacht AE i réimse an bheartais fostaíochta. Sa mheastóireacht sin tá measúnú aonair ar gach gníomhaireacht, dearcadh comparáideach, agus measúnú fadbhreathnaitheach ar an gcaoi a bhfeidhmeoidh na ceithre ghníomhaireacht sin sna blianta amach romhainn. Beidh na ceithre ghníomhaireacht féin an-difriúil ón Údarás atá beartaithe ós rud é gur taighde, den chuid is mó, atá in obair na ngníomhaireachtaí agus nach bhfuil béim acu ar chúrsaí trasteorann. Tá réamheilimintí ábhartha áirithe sa mheastóireacht, áfach, a chabhraigh leis an togra, go mór mór maidir le heagrú tascanna agus rialachais. Sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo, déantar an caidreamh a d'fhéadfadh a bheith ann idir Údarás Eorpach Saothair nua agus na ceithre ghníomhaireacht atá ann cheana a chíoradh.
1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann
Ba cheart don Údarás a bheith ag obair i gcomhar le seirbhísí eile faisnéise atá ag an Aontas, e.g. An Eoraip Agatsa – Comhairle, agus sineirgíochtaí leo a chur chun cinn, agus lántairbhe a bhaint as an tairseach An Eoraip Agatsa agus comhsheasmhacht leis an tairseach sin a áirithiú, tairseach a bheidh ina cloch choirnéil ag an tairseach aonair dhigiteach a chruthófar. Ba cheart don Údarás a bheith ag obair freisin i gcomhar le tionscnaimh agus líonraí ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe Líonra Eorpach na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí (líonra SFP), an Líonra Fiontar Eorpach, an Pointe Fócais Teorann agus SOLVIT, mar aon le seirbhísí náisiúnta ábhartha ar nós na gcomhlachtaí a chuireann an chóir chomhionann chun cinn agus a thugann tacaíocht d’oibrithe san Aontas agus baill dá dteaghlaigh, arna nainmniú ag na Ballstáit faoi Threoir 2014/54/AE, agus do phointí teagmhála náisiúnta arna nainmniú faoi Threoir 2011/24/AE chun faisnéis faoi chúram sláinte a chur ar fáil.
Glacfaidh an tÚdarás roinnt cúraimí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair faoi chlár EaSI, go háirithe cúraimí teicniúla agus oibríochtúla, chuige féin. Déanfar deimhin de i gclár oibre EaSI agus i gclár oibre an Údaráis go gcomhlánaíonn siad a chéile agus nach bhfuil aon fhorluí eatarthu.
Oibreoidh an tÚdarás i gcomhar le gníomhaireachtaí eile Eorpacha atá ag obair i réimsí gaolmhara, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU OSHA), an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (CEDEFOP) agus an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (EUROFOUND).
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta
–◻
Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB
⌧ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2019 go 2023,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán in 2023 é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
◻ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
⌧ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
⌧ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209;
◻ comhlachtaí dlí poiblí;
◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
Nótaí
D’fhonn an tionscnamh nua seo a mhaoiniú, beidh gá cistí áirithe a athshannadh agus cistí nua a bhunú. Na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoi láthair faoi Rialachán EaSI, agus faoi chuspóir an Choimisiúin maidir le “Saorghluaiseacht Oibrithe”, déanfar na gníomhaíochtaí sin agus na hacmhainní airgeadais a bhaineann leo a chur faoi chúram an Údaráis. Ranníocaíochtaí a dhéanfar faoi na cuspóirí “Gníomhaíochtaí tacaíochta leis an mbeartas iompair Eorpach agus cearta paisinéirí, lena náirítear gníomhaíochtaí cumarsáide” agus “Slándáil an iompair”, comhlánóidh siad iarrachtaí athshannta an Choimisiúin maidir leis an tionscnamh nua seo a mhaoiniú. An méid a bheidh fágtha, cuirfear ar fáil é tríd an gcorrlach a bheidh ar fáil faoi Cheannteideal 1A.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Tá gníomhaireachtaí uile an Aontais ag obair faoi dhianchóras faireacháin lena mbaineann comhordaitheoir um rialú inmheánach, Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin, an Bord Bainistíochta, an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus an tÚdarás Buiséadach. Tá an córas sin leagtha síos sa rialachán lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach Saothair.
I gcomhréir leis an Ráiteas Comhpháirteach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais Eorpaigh, is é a bheidh i gclár oibre bliantúil an Údaráis cuspóirí mionsonraithe agus na torthaí a bhfuil súil leo, táscairí feidhmíochta san áireamh. Gabhfaidh príomhtháscairí feidhmíochta leis na gníomhaíochtaí a áirítear i gclár oibre an Údaráis. Déanfar gníomhaíochtaí an Údaráis a thomhas de réir na dtáscairí sin sa Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil ag teacht leis an gclár oibre ilbhliantúil agus beidh an dá chlár oibre san áireamh i ndoiciméad clársceidealaithe bliantúil amháin, doiciméad a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.
Beidh Bord Bainistíochta an Údaráis freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht éifeachtúil an Údaráis maidir le scileanna riaracháin, oibriúcháin agus buiséadacha.
Tráth nach déanaí ná cúig bliana ó theacht i bhfeidhm an rialacháin lena mbunaítear an tÚdarás, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún feidhmíocht an Údaráis a mheas maidir leis na cuspóirí agus an sainordú atá aige agus na cúraimí atá air. Sa mheastóireacht, féachfar, go háirithe, air ar gá sainordú an Údaráis a mhodhnú, agus féachfar ar na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag aon mhodhnú den sórt sin. Ní mór don Choimisiún torthaí na meastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Bhoird Bainistíochta. Cuirfear torthaí na meastóireachta ar fáil don phobal.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.
Ós rud é gur gníomhaireacht úrnua an tÚdarás, d’fhágadh aon mhoill ar an bpróiseas earcaíochta go bhféadfaí cur isteach ar chumas oibre an Údaráis. Beidh an tacaíocht a fhaightear ón máthair-Ard-Stiúrthóireacht ríthábhachtach ina ról mar Oifigeach Údarúcháin agus Údarás Ceapacháin (AIPN) go dtí go mbeidh an tÚdarás féin neamhspleách ó thaobh cúrsaí riaracháin de.
Beidh gá le cruinnithe agus teagmháil rialta idir an mháthair-Ard-Stiúrthóireacht agus an tÚdarás le linn na tréimhse tosaigh, lena áirithiú go bhféadfaidh an tÚdarás a bheith neamhspleách agus i mbun oibre a luaithe is féidir.
2.2.2.Modhanna rialaithe atá beartaithe
Beidh an tÚdarás faoi réir rialuithe riaracháin, lena náirítear rialú buiséid, iniúchadh inmheánach, tuarascálacha bliantúla ón gCúirt Iniúchóirí, urscaoileadh bliantúil d’fheidhmiú bhuiséad an Aontais agus na himscrúduithe a d’fhéadfadh a bheith á ndéanamh ag OLAF lena áirithiú, go háirithe, go mbainfear an úsáid chuí as na hacmhainní a leithroinntear ar na gníomhaireachtaí. Beidh gníomhaíochtaí an Údaráis faoi réir mhaoirseacht an Ombudsman freisin i gcomhréir le hAirteagal 228 den Chonradh. De bharr na rialuithe riaracháin seo, is ann do roinnt coimircí nós imeachta chun a áirithiú go bhféachfar do leasanna na bpáirtithe leasmhara.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Déantar foráil maidir le bearta frithchalaoise in Airteagal 38 den togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair agus déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Bord Bainistíochta na bearta iomchuí i gcomhréir leis na Caighdeáin Rialaithe Inmheánaigh a chuirtear i bhfeidhm ar fud institiúidí uile an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir leis an gcur chuige comhchoiteann, forbróidh an tÚdarás straitéis frithchalaoise.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
Is chun críocha léirithe amháin a thugtar, sa Ráiteas Airgeadais Reachtach seo, an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas agus ar an líon foirne don bhliain 2021 agus ina dhiaidh sin, agus níl sé ina réamhbhreith ar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
·Línte nua buiséid atá á niarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Ceannteideal 1A – Iomaíochas ar mhaithe le fás agus poist
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
1a
|
04 03 15
|
LD/LN
|
TÁ
|
NÍL
|
TÁ
|
NÍL
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
1 A
|
An tÚdarás Eorpach Saothair (an tÚdarás)
|
An tÚdarás Eorpach Saothair (an tÚdarás)
|
|
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Etc.
|
Teideal 1:- Costais foirne
|
Gealltanais
|
(1)
|
2.416
|
6.658
|
11.071
|
15.125
|
17.349
|
17.696
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
2.416
|
6.658
|
11.071
|
15.125
|
17.349
|
17.696
|
|
Teideal 2:- Costais riaracháin
|
Gealltanais
|
(1a)
|
0.568
|
1.115
|
6.470
|
5.160
|
5.650
|
5.763
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
0.568
|
1.115
|
6.470
|
5.160
|
5.650
|
5.763
|
|
Teideal 3:- Costais oibríochtúla
|
Gealltanais
|
(3a)
|
8.088
|
14.172
|
21.390
|
24.695
|
28.000
|
28.560
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(3b)
|
8.088
|
14.172
|
21.390
|
24.695
|
28.000
|
28.560
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
an Údaráis
|
Gealltanais
|
=1+1a +3a
|
11.072
|
21.945
|
38.930
|
44.980
|
50.999
|
52.019
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+2a
+3b
|
11.072
|
21.945
|
38.930
|
44.980
|
50.999
|
52.019
|
|
Rinneadh na suimeanna go léir a ríomh ar nós dá mba rud é go raibh an tÚdarás suite sa Bhruiséil, óir níl suíomh an Údaráis cinntithe go fóill. Measadh gur cúig bliana a bheadh sa tréimhse thosaigh agus go mbeadh an tÚdarás faoi lán seoil in 2023. Ón tráth sin ar aghaidh, ardóidh buiséad iomlán an Údaráis 2 % gach bliain chun boilsciú a chur san áireamh. Ag an gcéim seo den phróiseas, tá na híocaíochtaí ag brath ar ghealltanais mar nár cinneadh go fóill an leithreasuithe difreáilte nó leithreasuithe neamhdhifreáilte a bheidh i dTeideal 3.
In 2019 agus 2020, déanfar na gníomhaíochtaí a bhíonn á gcur chun feidhme ag an gCoimisiún faoi láthair faoi chlár EaSI a chur de chúram ar an Údarás. Ní chuirfear tairseach EURES faoi chúram an Údaráis go dtí 2020. Is iad na méideanna comhfhreagracha a chuirfear ar fáil don Údarás as clár EaSI EUR 6.300 milliún in 2019 agus EUR 10.187 milliún in 2020, nó méid iomlán EUR 16.487 milliún go dtí deireadh chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2014-2020. Is iad na méideanna a chuirfear ar fáil don Údarás as Saorghluaiseacht Oibrithe EUR 1.287 milliún in 2019 agus arís in 2020, nó méid iomlán EUR 2.574 milliún go dtí deireadh CAI 2014-2020.
Le cois na méideanna sin, d’fhonn an tiompar a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a chuirfidh an tÚdarás chun feidhme a mhaoiniú, is iad na méideanna a chuirfidh DG MOVE ar fáil don Údarás EUR 1.360 milliún in 2019 agus EUR 2.720 milliún in 2020, nó méid iomlán EUR 4.080 milliún go dtí deireadh CAI 2014-2020.
Mionsonraí a bhaineann le foinsí an athshannta
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI)
|
|
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
Iomlán CAI 2014-2020
|
04.010402 – Caiteachas tacaíochta don chlár um Fhostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
(1)
|
0,450
|
0,450
|
0,900
|
04.030201 – Dul chun cinn – Tacaíocht maidir le reachtaíocht an Aontais maidir le fostaíocht agus an beartas sóisialta agus coinníollacha oibre a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh uirthi
|
Gealltanais
|
(2)
|
1,500
|
1,500
|
3,000
|
04.030202 – EURES – Soghluaisteacht gheografach dheonach oibrithe a chur chun cinn agus borradh a chur faoi dheiseanna fostaíochta
|
Gealltanais
|
(3)
|
4,350
|
8,237
|
12,587
|
IOMLÁN EaSI
|
Gealltanais
|
(1) + (2) + (3)
|
6,300
|
10,187
|
16,487
|
DG EMPL - Línte buiséid neamhspleácha
|
|
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
Iomlán CAI 2014-2020
|
04.030103 – Saorghluaiseacht oibrithe, comhordú scéimeanna slándála sóisialta agus bearta d’imircigh, lena náirítear imircigh as tríú tíortha
|
Gealltanais
|
(1)
|
1,287
|
1,287
|
2,574
|
DG MOVE - Línte buiséid neamhspleácha
|
|
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
Iomlán CAI 2014-2020
|
06 02 05 – Gníomhaíochtaí tacaíochta leis an mbeartas iompair Eorpach agus cearta paisinéirí, lena náirítear gníomhaíochtaí cumarsáide
|
Gealltanais
|
(1)
|
1,360
|
2,576
|
3,936
|
06 02 06 – Slándáil an iompair
|
Gealltanais
|
(2)
|
-
|
0,144
|
0,144
|
IOMLÁN línte neamhspleácha i réimse an iompair
|
Gealltanais
|
(1) + (2)
|
1,360
|
2,720
|
4,080
|
Corrlach Cheannteideal 1a
|
|
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
Iomlán CAI 2014-2020
|
|
Gealltanais
|
(1)
|
2,125
|
7,750
|
9,875
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
5
|
"Caiteachas riaracháin"
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Etc.
|
Ard-Stiúrthóireacht: EMPL
|
• Acmhainní daonna
|
3.289
|
2.860
|
2.860
|
2.860
|
2.860
|
2.860
|
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
0.400
|
0.400
|
1.420
|
1.420
|
1.420
|
1.420
|
|
IOMLÁN DG EMPL
|
Leithreasuithe
|
3.689
|
3.260
|
4.280
|
4.280
|
4.280
|
4.280
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
3.689
|
3.260
|
4.280
|
4.280
|
4.280
|
4.280
|
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Etc.
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
14.761
|
25.205
|
43.210
|
49.260
|
55.279
|
56.299
|
|
|
Íocaíochtaí
|
14.761
|
25.205
|
43.210
|
49.260
|
55.279
|
56.299
|
|
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe an Údaráis
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
ò
|
Saghas[1]
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Cuspóir sonrach Uimh. 1 – Rochtain a éascú do dhaoine aonair agus d’fhostóirí ar fhaisnéis faoina gcearta agus faoina noibleagáidí agus ar sheirbhísí ábhartha
|
- Aschur
|
Seirbhísí do dhaoine aonair agus d’fhostóirí
|
|
|
1.267
|
|
2.220
|
|
3.351
|
|
3.869
|
|
4.387
|
- Aschur
|
Gníomhaíochtaí cumarsáide
|
|
|
0.679
|
|
1.189
|
|
1.795
|
|
2.073
|
|
2.350
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
1.946
|
|
3.410
|
|
5.146
|
|
5.942
|
|
6.737
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Cuspóirí sonracha Uimh. 2 agus Uimh. 3 – Tacú leis an gcomhar idir na Ballstáit maidir le forfheidhmiú trasteorann dhlí ábhartha an Aontais, lena náirítear cigireachtaí comhpháirteacha a éascú, agus Idirghabháil a dhéanamh i gcás díospóidí trasteorann idir údaráis náisiúnta nó i gcás míshocrachtaí i margadh an tsaothair agus réiteach a éascú.
|
- Aschur
|
Creat le haghaidh malartú faisnéise idir na Ballstáit
|
|
|
0.404
|
|
0.709
|
|
1.069
|
|
1.235
|
|
1.400
|
- Aschur
|
Cruinnithe praiticiúla (comhair)
|
|
|
1.357
|
|
2.378
|
|
3.589
|
|
4.144
|
|
4.699
|
- Aschur
|
Tacaíocht anailíseach/soláthar saineolais do na Ballstáit agus don Choimisiún
|
|
|
1.026
|
|
1.798
|
|
2.714
|
|
3.134
|
|
3.553
|
- Aschur
|
Oiliúint agus malartú foirne
|
|
|
1.733
|
|
3.037
|
|
4.583
|
|
5.292
|
|
6.000
|
- Aschur
|
Tacaíocht theicniúil agus lóistíochta don chomhar, comhairle san áireamh
|
|
|
1.621
|
|
2.840
|
|
4.287
|
|
4.949
|
|
5.612
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
6.142
|
|
10.762
|
|
16.243
|
|
18.753
|
|
21.263
|
Iomlán
|
|
|
8.088
|
|
14.172
|
|
21.390
|
|
24.695
|
|
28.000
|
Tá trí phríomhchuspóir leis an Údarás atá beartaithe: (a) rochtain a éascú do dhaoine aonair agus d’fhostóirí ar fhaisnéis faoina gcearta agus faoina noibleagáidí agus ar sheirbhísí ábhartha, (b) tacú leis an gcomhar idir na Ballstáit maidir le forfheidhmiú trasteorann dhlí ábhartha an Aontais, lena náirítear cigireachtaí comhpháirteacha a éascú, agus (c) idirghabháil a dhéanamh i gcás díospóidí trasteorann idir údaráis náisiúnta nó i gcás míshocrachtaí i margadh an tsaothair agus réiteach a éascú.
Ar chúiseanna oibríochtúla agus airgeadais, tá na cuspóirí sin miondealaithe in dhá chatagóir:
·Cuspóir sonrach Uimh. 1 – Rochtain a éascú do dhaoine aonair agus d’fhostóirí ar fhaisnéis faoina gcearta agus faoina noibleagáidí agus ar sheirbhísí ábhartha,
·Cuspóirí sonracha Uimh. 2 agus Uimh. 3: Tacú leis an gcomhar idir na Ballstáit maidir le forfheidhmiú trasteorann dhlí ábhartha an Aontais, lena náirítear cigireachtaí comhpháirteacha a éascú, agus idirghabháil a dhéanamh i gcás díospóidí trasteorann idir údaráis náisiúnta nó i gcás míshocrachtaí i margadh an tsaothair agus réiteach a éascú.
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna an Údaráis
3.2.3.1.Achoimre
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Etc.
|
Oifigigh (Gráid AD)
|
|
|
|
|
|
|
|
Oifigigh (Gráid AST)
|
|
|
|
|
|
|
|
Baill foirne ar conradh
|
0.259
|
0.814
|
1.110
|
1.110
|
1.110
|
1.138
|
|
Pearsanra sealadach
|
1.144
|
3.504
|
5.935
|
8.509
|
9.867
|
10.114
|
|
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht
|
0.615
|
1.845
|
3.075
|
4.305
|
4.920
|
5.043
|
|
IOMLÁN
|
2.018
|
6.1625
|
10.1195
|
13.9235
|
15.897
|
16.294
|
|
Poist
Oifigigh (Gráid AD)
|
|
|
|
|
|
|
|
Oifigigh (Gráid AST)
|
|
|
|
|
|
|
|
Baill foirne ar conradh
|
7
|
15
|
15
|
15
|
15
|
15
|
|
Pearsanra sealadach
|
16
|
33
|
50
|
69
|
69
|
69
|
|
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht
|
15
|
30
|
45
|
60
|
60
|
60
|
|
IOMLÁN
|
38
|
78
|
110
|
144
|
144
|
144
|
|
Is tábhachtach a lua go gciallódh sé gníomhaíochtaí atá á gcur chun feidhme ag an gCoimisiún faoi láthair a chur faoi chúram an Údaráis gur dócha go mbogfaí 10 bpost, nó mar sin, ón gCoimisiún go dtí an tÚdarás. Mar sin féin, ní féidir aon tuairim a thabhairt faoi láthair faoin dáta a dtarlódh an bogadh sin. Dhéanfaí líon na foirne a laghdú dá réir, i gcomhréir leis an gcatagóir foirne.
An tionchar a mheastar a bheidh ar an bhfoireann (FTE breise) – an plean bunaíochta
Grúpa feidhme agus grád
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
AD16
|
|
|
|
|
|
AD15
|
|
|
|
|
|
AD14
|
|
|
|
|
|
AD13
|
|
|
|
|
|
AD12
|
|
|
|
|
|
AD11
|
|
|
|
|
|
AD10
|
|
|
|
|
|
AD9
|
|
|
|
|
|
AD8
|
|
|
|
|
|
AD7
|
|
|
|
|
|
AD6
|
|
|
|
|
|
AD5
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Iomlán AD
|
12
|
24
|
36
|
52
|
52
|
AST11
|
|
|
|
|
|
AST10
|
|
|
|
|
|
AST9
|
|
|
|
|
|
AST8
|
|
|
|
|
|
AST7
|
|
|
|
|
|
AST6
|
|
|
|
|
|
AST5
|
|
|
|
|
|
AST4
|
|
|
|
|
|
AST3
|
|
|
|
|
|
AST2
|
|
|
|
|
|
AST1
|
|
|
|
|
|
Iomlán AST
|
4
|
9
|
14
|
17
|
17
|
AST/SC 6
|
|
|
|
|
|
AST/SC 5
|
|
|
|
|
|
AST/SC 4
|
|
|
|
|
|
AST/SC 3
|
|
|
|
|
|
AST/SC 2
|
|
|
|
|
|
AST/SC 1
|
|
|
|
|
|
Iomlán AST/SC
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
MÓRIOMLÁN
|
16
|
33
|
50
|
69
|
69
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar an bhfoireann (sa bhreis) – pearsanra seachtrach
Gníomhairí ar conradh
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
Grúpa feidhme IV
|
|
|
|
|
|
Grúpa feidhme III
|
|
|
|
|
|
Grúpa feidhme II
|
|
|
|
|
|
Grúpa feidhme I
|
|
|
|
|
|
Iomlán
|
7
|
15
|
15
|
15
|
15
|
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
Iomlán
|
15
|
30
|
45
|
60
|
60
|
Rinneadh na costais foirne a choigeartú sa chaoi agus go náireofar na baill foirne nua-earcaithe feadh sé mhí le linn bhliain a nearcaithe. Tá súil go mbeidh an tÚdarás faoi lán seoil in 2023 agus go mbeidh an fhoireann iomlán earcaithe faoin 1 Eanáir 2023.
Déanfar an earcaíocht a phleanáil de réir catagóir foirne:
·I gcás gníomhairí sealadacha, meastar go nearcófar 69 mball foirne i dtréimhse ceithre bliana dar tús 2019;
·I gcás gníomhairí ar conradh, meastar go nearcófar 15 bhall foirne i dtréimhse dhá bhliain dar tús 2019;
·I gcás saineolaithe náisiúnta ar iasacht, meastar go nearcófar 60 saineolaí i dtréimhse ceithre bliana dar tús 2019.
3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach don mháthair-Ard-Stiúrthóireacht
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.
–⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an chéad deachúil ar a mhéad)
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
|
|
|
|
04 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
23
|
20
|
20
|
20
|
20
|
XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)
|
n/b
|
n/b
|
|
n/b
|
|
XX 01 05 01 (Taighde indíreach)
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
10 01 05 01 (Taighde díreach)
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
XX 01 04 bb
|
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
n/b
|
IOMLÁN
|
23
|
20
|
20
|
20
|
20
|
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún ar Bhord Bainistíochta an Údaráis. Tuairim an Choimisiúin ar an gclár oibre bliantúil a ullmhú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir oibre sin. Maoirseacht a dhéanamh ar ullmhú bhuiséad an Údaráis agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid. Cabhrú leis an Údarás a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt i gcomhréir le beartais an Aontais Eorpaigh, lena náirítear trí bheith rannpháirteach i gcruinnithe le saineolaithe.
|
Pearsanra seachtrach
|
Neamhbhainteach
|
Ba cheart tuairisc ar ríomh an chostais i gcomhair aonaid FTE (coibhéis lánaimseartha) a bheith ar áireamh i Roinn 3 d'Iarscríbhinn V.
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
–⌧
Tá an togra comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha agus d’fhéadfadh sé go mbeadh úsáid ionstraimí speisialta mar a shainmhínítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle i gceist.
–◻
Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.
Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
[…]
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
[…]
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
Etc.
|
Tíortha LEE CSTE (NO, LI, IC)
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
An Eilvéis
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–⌧
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
ar acmhainní dílse
ar ioncam ilghnéitheach
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.
Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.