This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52014PC0382
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Regulation (EU) No 604/2013 as regards determining the Member State responsible for examining the application for international protection of unaccompanied minors with no family member, sibling or relative legally present in a Member State
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ó mhionaoiseach neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall teaghlaigh, siblín ná gaol aige i láthair go dleathach i mBallstát
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ó mhionaoiseach neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall teaghlaigh, siblín ná gaol aige i láthair go dleathach i mBallstát
/* COM/2014/0382 final - 2014/0202 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ó mhionaoiseach neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall teaghlaigh, siblín ná gaol aige i láthair go dleathach i mBallstát /* COM/2014/0382 final - 2014/0202 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA ·
An foras leis an togra Leasú is ea an togra seo ar mhír 4 d'Airteagal 8
de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu
Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint
idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír
nó ag duine gan stát[1]
(dá ngairfear 'Rialachán Bhaile Átha Cliath III' anseo feasta). Le linn na caibidlíochta maidir le Rialachán
Bhaile Átha Cliath III, d'aontaigh na comhreachtóirí go bhfágfaí ar oscailt
ceist na mionaoiseach neamhthionlactha ar iarratasóirí ar chosaint
idirnáisiúnta san Aontas Eorpach iad agus nach bhfuil aon bhall teaghlaigh,
siblín ná gaol acu ar chríoch na mBallstát, agus go bhfágfaí an fhoráil
ghaolmhar - Airteagal 8(4) - go bunúsach gan athrú (i.e. an tAirteagal ina
léirítear téacs an dara mír d'Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003/CE
an 18 Feabhra 2003 maidir leis na critéir agus na sásraí lena
gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar
thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír) (dá
ngairfear Rialachán Bhaile Átha Cliath anseo feasta)[2] agus Dearbhú a
dhéanamh, a bheidh ag gabháil leis an Rialachán, ina mbeidh an t‑ábhar
seo a leanas: "Iarrann an Chomhairle agus Parlaimint na
hEorpa ar an gCoimisiún smaoineamh ar Airteagal 8(4) den
Athmhúnlú ar Rialachán Bhaile Átha Cliath a athbhreithniú, gan dochar dá cheart
tionscnaimh, nuair a rialóidh an Chúirt Bhreithiúnais ar chás C‑648/
11, MA agus Grúpaí Eile vs. Státrúnaí na Roinne Baile agus ar a dhéanaí
faoi na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 46 de Rialachán
Bhaile Átha Cliath. Feidhmeoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon a
n‑inniúlachtaí reachtacha ansin, agus leas an linbh á chur san áireamh
acu." D'aontaigh an Coimisiún, tríd an Dearbhú
céanna, leis an gcur chuige atá á mholadh: "Toilíonn an Coimisiún, de mheon an
chomhréitigh, agus lena áirithiú go nglacfar an togra láithreach, smaoineamh ar
an iarraidh sin, agus tuigeann sé go bhfuil sé sin teoranta do na cúinsí
sonracha sin agus nach gcruthaítear fasach leis an méid sin." An 6 Meitheamh 2013, thug Cúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh a breithiúnas i gcás C‑648/11 agus rialaigh sí an
méid seo a leanas: "Ní mór an dara mír d'Airteagal 6 de
Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003
lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá
freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh i
gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn
go n‑ainmneofar, in imthosca amhail imthosca na bpríomhimeachtaí inar
thaisc mionaoiseach neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall teaghlaigh aige i
láthair go dleathach ar chríoch Ballstáit ,iarratais ar thearmann i mbreis is
Ballstát amháin, go n‑ainmneofar an Ballstát ina bhfuil an mionaoiseach
sin i láthair tar éis dó iarratas ar thearmann a thaisceadh ann mar an 'Ballstát
atá freagrach." ·
Cuspóirí an togra Cuireann an togra seo rialú na Cúirte
Breithiúnais i gcás C‑648/11 san áireamh go hiomlán. Tá sé dírithe ar
aghaidh a thabhairt ar éiginnteacht na forála atá ann faoi láthair maidir le
mionaoisigh neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall teaghlaigh, siblín ná gaol
acu ar chríoch na mBallstát, trí dheimhneacht dhlíthiúil i ndáil le freagracht
as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcásanna den sórt
sin a sholáthar. 2. TORADH NA gCOMHAIRLIÚCHÁN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Níor ghá comhairliúcháin shonracha ná
measúnuithe tionchair sonracha chun an togra seo a ullmhú toisc nach bhfuil sa
togra cúngdhírithe seo ach obair leantach ar an gcomhairliúchán cuimsitheach
agus na measúnuithe tionchair cuimsitheacha a rinne an Coimisiún cheana féin
agus a thogra COM(2008)820 final á ullmhú aige chun Rialachán (CE) Uimh. 343/2003/CE
ón gComhairle a athmhúnlú. Dá bhrí sin, na comhairliúcháin a rinne an Coimisiún
chun an togra sin a ullmhú, baineann siad leis an togra seo. Measann an Coimisiún gur cheart an togra chun Airteagal 8(4)
a leasú a chur ar aghaidh a luaithe is féidir, d'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a
áirithiú maidir leis na forálacha faoi mhionaoisigh neamhthionlactha i 'nós
imeachta Bhaile Átha Cliath'. Thairis sin, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh
leagan deiridh den Airteagal seo ann roimh dhul ar aghaidh chun rialacha
forlíontacha maidir le mionaoisigh neamhthionlactha a chur ar fáil ar bhonn Airteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 3. GNÉITHE DLÍ AN TOGRA ·
Achoimre ar an mbeart atá beartaithe. Dírítear sa togra seo ar cheist na freagrachta
as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann ó mhionaoiseach neamhthionlactha
nach bhfuil aon bhall teaghlaigh, siblín ná gaol aige ar chríoch an AE.
Cumhdaíonn an fhoráil atá beartaithe dhá chás fhéideartha na mionaoiseach
neamhthionlactha a bhíonn le fáil i gcás den sórt sin: Cumhdaíonn mír 4a cás atá cosúil leis an gcás
a bhfuil cur síos air i gcás C‑648/11, i.e. mionaoiseach
neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall teaghlaigh, siblín nó gaol aige ar
chríoch an AE agus arbh iomaí iarratas ar thearmann a thaisc sé, lena n‑áirítear
sa Bhallstát ina bhfuil sé faoi láthair. Sa chás sin, cinntear an Ballstát atá
freagrach de réir bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais, i.e. baineann freagracht
leis an mBallstát inar thaisc an mionaoiseach iarratas agus ina bhfuil sé faoi
láthair. Is é is aidhm don riail seo a áirithiú nach gcuirfear fad gan ghá leis
an nós imeachta lena gcinntear cé an Ballstát atá freagrach, agus go mbeidh
rochtain phras ag mionaoisigh neamhthionlactha ar na nósanna imeachta chun
stádas cosanta idirnáisiúnta a chinneadh. Tugtar isteach an tagairt do leas an
mhionaoisigh chun eisceachtaí ón riail sin a cheadú i gcásanna ina bhféadfaía
léiriú go mbeadh baol ann do leas an mhionaoisigh dá bhfanfadh sé i gcríoch an
Bhallstáit ina bhfuil sé Tugann mír 4b aghaidh ar an gcás ina bhfuil
mionaoiseach is iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i láthair ar chríoch
Ballstáit gan iarratas a thaisceadh ann. Moltar gur cheart don Bhallstát deis a
thabhairt don mhionaoiseach iarratas a thaisceadh ann, tar éis dó é a chur ar
an eolas faoina cheart an méid sin a dhéanamh agus na himpleachtaí a bhaineann
leis. Dhá rogha atá ag an mionaoiseach dá bhrí sin: iarratas a chur isteach ar
chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát sin nó gan cur isteach uirthi. I gcás ina
dtaisctear iarratas le húdaráis an Bhallstáit sin, beidh feidhm le himthosca de
mhír 4a, i.e. is é an Ballstát sin a bheidh freagrach as an iarratas sin a
scrúdú. Dá bhrí sin, fanfaidh an mionaoiseach sa Bhallstát ina bhfuil sé faoi
láthair agus scrúdófar a iarratas ann, ar choinníoll gur chun leasa an
mhionaoisigh an méid sin. Is í an rogha eile gur cheart an mionaoiseach a aistriú
chuig an mBallstát a meastar gurb é an Ballstát is oiriúnaí chun leasa an
mhionaoisigh (ina bhféadfar a chur san áireamh, cé nach féidir é a bheith
teoranta dó sin, go bhféadfadh nós imeachta chun scrúdú a dhéanamh ar iarratas
ar chosaint idirnáisiúnta a bheith ar siúl go leanúnach nó dúnta agus cinneadh
críochnaitheach air, etc). Ní thugann cás C‑648/11 aghaidh ar chás
an mhionaoisigh a chinneann gan iarratas nua a thaisceadh sa Bhallstát ina
bhfuil séi láthair. Ní foláir an cás sin a chumhdach sa Rialachán, ámh, d'fhonn
easnaimh sna critéir freagrachta a sheachaint. Is é an réiteach a mholtar gur
cheart gurbh é an Ballstát atá freagrach an Ballstát inar thaisc an
mionaoiseach an t‑iarratas is déanaí uaidh. Is é is aidhm don riail sin a
áirithiú go bhfuil cinnteacht chun teacht ar an mBallstát atá freagrach, trí
riail atá cinnte intuartha a thabhairt isteach. Cuirtear isteach na tagairtí do
leas an mhionaoisigh d'fhonn a áirithiú, mar atá i mír 4a, go seachnófar
aistrithe atá ag teacht salach ar a leas. Is aidhm do mhír 4c a áirithiú go ndéanfar an
measúnú ar leas an mhionaoisigh i gcomhar idir an Ballstát a dhéanann an t‑iarratas
agus an Ballstát a fhaigheann an t‑iarratas, d'fhonn cé an Ballstát atá
freagrach as an mionaoiseach a chinntiú i gcomhpháirt, agus coinbhleachtaí
leasa a sheachaint. Na ráthaíochtaí le haghaidh mionaoiseach dá
bhforáiltear in Airteagal 6 de Rialachán 604/2013, tá siad i bhfeidhm ar
gach mionaoiseach atá faoi réir nósanna imeachta an Rialacháin seo. Dá bhrí
sin, níor measadh gur ghá saintagairt d'fhorálacha Airteagal 6 i ndáil le
mionaoisigh neamhthionlactha a fhaighter i gceann de na cásanna a shainítear in
Airteagal 8(4). I mír 4d níl critéar chun freagracht a
áirithiú, ach cuirtear riail ar fáil a údaróidh do na Ballstáit a chéile a chur
ar an eolas faoi fhreagracht nua a glacadh. Ceadaíonn sé sin don Bhallstát a
bhí freagrach roimhe sin as 'nós imeachta Bhaile Átha Cliath' a chur i gcrích
an cás a dhúnadh go hinmheánach. Tá sé seo ábhartha go háirithe d'fhonn
mí-úsáid an chórais a sheachaint, i gcás ina mbogann an mionaoseach ar aghaidh
go dtí Ballstát eile agus gan aon chúis eile aige seachas fad a chur lena
fhanacht ar chríoch an AE. Tá an fhoráil sin cosúil leis an bhforáil atá in Airteagal 17(1)(2)
de Rialachán 604/2013, ina dtugtar isteach an riail faisnéise chéanna a tugadh
isteach i leith an chlásail cheannasachta. ·
Geoiméadracht athraitheach Leasaítear leis an togra seo Rialachán (AE)
Uimh. 604/2013 agus úsáidtear an bunús dlí céanna leis an ngníomh sin, mar
atá pointe (e) den dara mír d'Airteagal 78 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh. Níl Teideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe ná maidir le
hÉirinn, mura gcinneann an dá thír sin a mhalairt, i gcomhréir leis na
forálacha atá leagtha amach sa Phrótacal ar sheasamh na Ríochta Aontaithe agus
na hÉireann atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus
leis an CFAE. Tá an Ríocht Aontaithe agus Éire faoi cheangal
Rialachán 604/2013 tar éis dóibh fógra a thabhairt gur mhian leo bheith
páirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin sin, bunaithe ar an
bPrótacal thuasluaite. Níl éifeacht ag seasamh na mBallstát sin maidir le
Rialachán 604/2013 ar a rannpháirtíocht fhéideartha i ndáil leis an Rialachán
leasaithe. Faoin bPrótacal ar sheasamh na Danmhairge, atá
i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an CFAE, níl an
Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na mbeart de bhun Theideal V den CFAE ag an
gComhairle (cé is moite de "bearta ag cinneadh na dtríú tíortha
a mbeidh ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu agus
teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu, ná ar bhearta maidir le
formáid chomhionann do víosaí"). Mar sin féin, ós rud é go
gcuireann an Danmhairg Rialachán reatha Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm, ar
bhonn comhaontaithe idirnáisiúnta a chuir sí i gcrích leis an CE in 2006[3], tabharfaidh sí, i
gcomhréir le hAirteagal 3 den chomhaontú sin, fógra don Choimisiún faoina
cinneadh cibé acu a chuirfidh sí ábhar an Rialacháin leasaithe i bhfeidhm nó
nach gcuirfidh. ·
Tionchar an togra ar Bhallstáit nach bhfuil san AE
ach a bhfuil ceangal acu le córas Bhaile Átha Cliath I gcomhthreo le comhlachas roinnt Ballstát
nach bhfuil san AE le acquis Schengen, thug an Comhphobal roinnt comhaontuithe
i gcrích, comhaontuithe lena ndéantar na tíortha sin a chomhlachú freisin le
acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac: –
an comhaontú lena ndearnadh an Íoslainn agus an
Iorua a chomhlachú agus a tugadh i gcrích in 2001[4]; –
an comhaontú lena ndearnadh an Eilvéis a chomhlachú
agus a tugadh i gcrích an 28 Feabhra 2008[5]; –
an prótacal lena ndearnadh Lichtinstéin a
chomhlachú agus a síníodh an 28 Feabhra 2008[6]. D'fhonn cearta agus oibleagáidí a chruthú idir
an Danmhairg– atá comhlachaithe le acquis Bhaile Átha Cliath/EURODAC trí
chomhaontú idirnáisiúnta–, mar a míníodh thuas, agus na tíortha comhlachaithe
atá luaite thuas, tugadh dhá ionstraim eile chun críche idir an Comhphobal agus
na tíortha comhlachaithe[7]. I gcomhréir leis na trí chomhaontú a luaitear
thuas, glacfaidh na tíortha comhlachaithe le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac
agus le forbairt an acquis gan eisceacht. Níl siad páirteach i nglacadh aon
ghníomhartha a leasaíonn ná a chuireann le acquis Bhaile Átha Cliath (lena n‑áirítear,
mar sin, an togra seo) ach caithfidh siad fógra a thabhairt don Choimisiún
laistigh de thréimhse shonrach maidir lena gcinneadh ábhar an ghnímh sin a
ghlacadh nó gan é a ghlacadh, a luaithe a fhormheasfaidh an Chomhairle agus
Parlaimint na hEorpa é. Mura nglacann an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis ná
Lichtinstéin le gníomh lena leasaítear nó lena gcuirtear le acquis Bhaile Átha
Cliath/Eurodac, cuirfear an clásal 'gilitín' i bhfeidhm agus cuirfear deireadh
leis na comhaontuithe sin, ach amháin má chinneann an Comhchoiste nó an Coiste
Measctha arna bhunú ag na comhaontuithe a mhalairt d'aontoil. 2014/0202 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013
lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas
ar chosaint idirnáisiúnta ó mhionaoiseach neamhthionlactha nach bhfuil aon
bhall teaghlaigh, siblín ná gaol aige i láthair go dleathach i mBallstát TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2)(e) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[8],
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[9], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Cinneann Rialachán (AE) Uimh. 604/2013
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[10]
gurb é an Ballstát inar thaisc mionaoiseach neamhthionlactha iarratas ar
chosaint idirnáisiúnta an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an
iarratas sin. (2) Tar éis ghlacadh Rialachán
(AE) Uimh. 604/2013, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais i gcás C‑648/11,
i gcás ina dtaisceann mionaoiseach neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall
teaghlaigh aige i láthair go dleathach ar chríoch Ballstáit iarratais ar
thearmann i mbreis is Ballstát amháin, gurb é an Ballstát ina bhfuil an
mionaoiseach i láthair tar éis iarratas ar thearmann a thaisceadh ann atá le
hainmniú mar an Ballstát atá freagrach. (3) Níor thug an breithiúnas
aghaidh ar staid an mhionaoisigh neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall
teaghlaigh aige i láthair go dleathach ar chríoch Ballstáit, a thaisc iarratais
ar thearmann i mBallstát amháin nó níos mó, agus atá i láthair ar chríoch
Ballstáit gan iarratas a thaisceadh ann. D'fhonn foráil chomhtháite maidir le
mionaoisigh neamhthionlactha a áirithiú sa Rialachán seo agus éiginnteacht
dhlíthiúil a sheachaint, ba cheart foráil freisin don chritéar lena chinneadh
cé an Ballstát atá freagrach i gcás den sórt sin. (4) De réir an bhreithiúnais, ba
cheart don Bhallstát atá freagrach an Ballstát inar taisceadh an chéad iarratas
a chur ar an eolas dá réir sin. Ós rud é nach gceanglaítear ach ar Bhallstát
amháin an t‑iarratas ar thearmann a scrúdú, ba cheart don Bhallstát atá
freagrach a chinneadh a chur in iúl don Bhallstáit a bhí freagrach roimhe sin,
don Bhallstát a bhfuil nós imeachta á chur i bhfeidhm aige chun a chinneadh cé
an Ballstát atá freagrach nó an Ballstát ar iarradh air an mionaoiseach a
ghabháil ar láimh nó a thógáil ar ais, de réir mar a bheidh. (5) [I gcomhréir le hAirteagal 3
agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na
Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála
agus Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis
an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh thug na Ballstáit sin fógra gur
mian leo a bheith rannpháirteach agus an Rialachán seo á ghlacadh agus á chur i
bhfeidhm.] (6) I gcomhréir le hAirteagal 1
agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na
Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an
gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i
nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an
Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. (7) Ba cheart, dá bhrí sin,
Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a leasú dá réir, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 I Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, cuirtear
an méid seo a leanas in ionad mhír 4 d’Airteagal 8: "4a. I gcás nach mbeidh aon
bhall teaghlaigh, gaol nó siblín ag mionaoiseach neamhthionlactha i láthair go
dleathach i mBallstát, dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, is é an Ballstát
lenar thaisc an mionaoiseach neamhthionlactha a iarratas ar chosaint
idirnáisiúnta a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar
chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chun leasa an mhionaoisigh é sin. 4b. I gcás ina bhfuil iarratasóir
dá dtagraítear i mír 4a i láthair ar chríoch Ballstáit gan iarratas a
thaisceadh ann, cuirfidh an Ballstát an mionaoiseach neamhthionlactha ar an
eolas faoina cheart chun iarratas a dhéanamh agus tabharfaidh sé deis
éifeachtach dó iarratas a thaisceadh sa Bhallstát sin. I gcás ina dtaisceann an mionaoiseach
neamhthionlactha dá dtagraítear sa chéad fhomhír iarratas sa Bhallstát ina
bhfuil sé i láthair, is é an Ballstát sin a bheidh freagrach as an iarratas sin
a scrúdú, ar choinníoll gur chun leasa an mhionaoisigh é sin. I gcás nach dtaisceann an mionaoiseach
neamhthionlactha dá dtagraítear sa chéad fhomhír iarratas sa Bhallstát ina
bhfuil sé i láthair, is é an Ballstát atá freagrach an Ballstát inar thaisc an
mionaoiseach neamhthionlactha a iarratas is déanaí, ach amháin más rud é nach
chun leasa an mhionaoisigh é sin. 4c. An Ballstát a n‑iarrtar
air mionaoiseach neamhthionlactha a thógáil ar ais, comhoibreoidh sé leis an
mBallstát ina bhfuil an mionaoiseach neamhthionlactha i láthair d'fhonn leas an
mhionaoisigh a mheasúnú. 4d. An Ballstát atá freagrach, de
bhun mhír 4a, cuirfidh sé na Ballstáit seo a leanas, de réir mar is gá, ar an
eolas faoi: (a)
an Ballstát a bhí freagrach roimhe sin; (b)
an Ballstát atá i mbun an nós imeachta chun a
chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach; (c)
an Ballstát ar iarradh air bheith i bhfeighil ar an
mionaoiseach neamhthionlactha a ghabháil ar láimh; (d)
an Ballstát ar iarradh air an mionaoiseach
neamhthionlactha a thógáil ar ais. Seolfar an fhaisnéis sin tríd an ngréasán
cumarsáide leictreonaí 'DubliNet' a cuireadh ar bun faoi Airteagal 18 de
Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003." Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i
gcomhréir leis na Conarthaí. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] IO L 180/31, 29.6.2013, lch. 31. [2] IO L 50, 25.2.2003, lch. 1 [3] An comhaontú idir an Comhphobal
Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir leis na critéir agus na sásraí lena
gcinntear cé an stát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar
thearmann arna thaisceadh sa Danmhairg nó i mBallstát ar bith eile de chuid an
Aontais Eorpaigh agus Eurodac chun méarloirg a chur i gcomparáid d'fhonn
Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachteach, (IO L 66,
8.3.2006, lch 38). [4] Comhaontú idir
an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir
leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé an stát atá freagrach as
iarraidh ar thearmann a scrúdú arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó
san Iorua, (IO L 93, 3.4.2001, lch. 40). [5] Comhaontú idir
an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na
sásraí lena gcinntear cé an Stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann a
scrúdú arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis, (IO L 53, 27.2.2008, lch
.5). [6] Prótacal idir
an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin
maidir le comhlachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an
Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i ndáil leis na critéir agus na
sásraí lena gcinntear cé an stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann arna
thaisceadh i mBallstát nó san Eilvéis a scrúdú, (IO L 160 18.6.2011 p. 39) [7] Prótacal idir
an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin a
ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na
hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé an stát atá
freagrach as iarraidh ar thearmann a scrúdú arna taisceadh i mBallstát nó san
Eilvéis (arna thabhairt i gcrích an 24.10.2008, IO L 161, 24.06.2009,
lch. 8) agus Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal,
Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na
sásraí lena gcinntear cé acu an stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann a
scrúdú arna taisceadh i mBallstát, san Íoslainn nó san Iorua (IO L 93,
3.4.2001). [8] IO C , , lch. . [9] IO C , , lch. . [10] Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir
agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a
dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na
Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180,
29.6.2013, lch. 31).