This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52014PC0043
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on structural measures improving the resilience of EU credit institutions
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLEmaidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht bhainc an AE a fheabhsú
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLEmaidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht bhainc an AE a fheabhsú
/* COM/2014/043 final - 2014/0020 (COD) */
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLEmaidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht bhainc an AE a fheabhsú /* COM/2014/043 final - 2014/0020 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁN 1. COMHTHÉACS
AN TOGRA Ó thús na géarchéime airgeadais, tá an tAontas
Eorpach ("Aontas") agus a Bhallstáit ag gabháil d'ollchóiriú bunúsach
rialála agus maoirseachta airgeadais. I réimse na baincéireachta, chuir an tAontas
tús le roinnt leasuithe le córas airgeadais níos freagraí, níos trédhearcaí,
níos folláine, níos sábháilte a chruthú, a oibríonn don gheilleagar agus don
tsochaí ina hiomláine. Mar sin féin, tá earnáil baincéireachta an Aontais mór
mar iomlán (EUR 42.9 trilliún) agus go coibhneasta (beagnach 350 faoin
gcéad de OTI an Aontais). Tá méid aonair na mbanc is mó san Aontas, ó thaobh
sócmhainní, cosúil le OTI a dtíre dúchais, nó gar dó, a bheag nó a mhór. Tá na
bainc sin fós rómhór le teip, rómhór le sábháil agus róchasta chun iad a
réiteach. Sa chomhthéacs sin, d'fhógair an Coimisinéir
Barnier i mí na Samhna 2011 go mbunófaí Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil agus
sainordú acu measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hathchóiriú struchtúrach ar
earnáil baincéireachta an AE, faoi chathaoirleacht Erkki Liikanen, Gobharnóir
Bhanc na Fionlainne[1].
Cuireadh an tuarascáil i láthair i nDeireadh Fómhair 2012 á rá gur gá athstruchtúrú
banc chun na hathchóirithe atá ann cheana féin a chomhlánú agus á mholadh go
ndeighlfí go héigeantach an trádáil dílseánaigh agus gníomhaíochtaí eile
trádála ard‑riosca ina eintiteas dlíthiúil ar leith laistigh den ghrúpa
baincéireachta. Ní bheadh an deighilt éigeantach ach amháin do bhainc i gcás
inar sciar suntasach de ghnó an bhainc iad na gníomhaíochtaí atá le deighilt[2]. An 3 Iúil 2013,
ghlac Parlaimint na hEorpa le tromlach mór tuarascáil féintionscnamh ar a
dtugtar "Struchtúr earnáil baincéireachta an AE a athchóiriú"[3], tuarascáil a
fháiltíonn roimh bhearta athchóirithe struchtúracha ag leibhéal an Aontais chun
dul i ngleic le himní na mbanc atá rómhór le teip" [4]. Cuid ríthábhachtach de fhreagairt an Aontais
chun dul i ngleic leis an aincheist TBTF is ea an togra seo. Tá sé mar aidhm
aige cosc a chur leis na rioscaí iarmharacha neamhbhainistithe i gcóras baincéireachta
an Aontais ó theacht ann. Cuirfidh sé srian le leathnú saorga bhileoga
comhardaithe na mbanc, go háirithe na gníomhaíochtaí de chineál amhantrach
amháin, rud a laghdódh an baol go mbeidh ar cháiníocóirí bainc a bhfuil ag teip
orthu a shábháil, agus a laghdóidh costas agus castacht aon réitigh nuair is gá
sin. Tá sé freisin ina chomhlánú tábhachtach leis an Treoir lena mbunaítear
creat do théarnamh agus do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí
infheistíochta ("BRRD")[5]. Go dtí seo ní bhíodh athchóiriú struchtúrach
mar chuid den chlár oibre athchóirithe idirnáisiúnta a d'aontaigh an G20. Mar
sin féin, tá roinnt dlínsí ar fud an domhain a d'achtaigh nó a mhol bearta chun
aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní thuas. Le blianta beaga anuas tá roinnt
Ballstát ag gabháil do thionscnaimh athchóirithe (an Ghearmáin, an Fhrainc, an
Ríocht Aontaithe agus an Bheilg). Ghlac na Stáit Aontaithe le déanaí leis an
rud ar a dtugtar "riail Volcker" a thoirmisceann trádáil dílseánaigh
ag bainc. Ina theannta sin, d'iarr eagraíochtaí idirnáisiúnta díospóireacht
dhomhanda ar struchtúir banc agus samhlacha gnó. I bhfianaise an iomadú na
dtionscnaimh athchóirithe sa chomhthéacs seo, agus d'fhonn bearta forluí nó
nach luíonn le chéile a chosc ó dhifear a dhéanamh do bhainc atá gníomhach go
hidirnáisiúnta, d'iarr ceannairí an G20 ag an gcruinniú mullaigh deireanach i
gCathair Pheadair ar an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais measúnú a dhéanamh ar
chomhsheasmhachtaí trasteorann agus impleachtaí do chobhsaíocht airgeadais
dhomhanda na n‑athchóirithe baincéireachta struchtúracha. Tugann an togra
seo dá aire go cúramach na hiarrachtaí comhordaithe idirnáisiúnta atá ag teacht
agus aithníonn sé an gá atá le deiseanna arbatráiste rialála a chosc. Tá ag gabháil leis an togra seo togra a
bhaineann go díreach le dul i ngleic le seoladán eile aicídithe airgeadais –
eadhon, idirnascthacht idir rannpháirtithe sa mhargadh lena n‑áirítear
bainc shistéamacha trí naisc trádála theimhneacha in idirbhearta um maoiniú
urrús. Go comhuaineach, aithníonn an Páipéar Uaine ar scáthbhaincéireacht, a
thíolaic an Coimisiún an 19 Márta 2012[6]
go bhféadfadh aon rialachán baincéireachta treisithe cuid mhór gníomhaíochtaí
baincéireachta a thiomáint thar theorainneacha na baincéireachta traidisiúnta
agus i dtreo na "scáthbhaincéireachta" a shainmhínítear mar
"córas na hidirghabhála creidmheasa a mbíonn aonáin agus gníomhaíochtaí
atá taobh amuigh den chóras baincéireachta rialta gafa leis"[7]. An 20 Samhain 2012,
ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le scáthbhaincéireacht[8], mar ar leag sí béim ar
an ngá le breis trédhearcachta a chinntiú i struchtúr agus gníomhaíochtaí na n‑institiúidí
airgeadais chomh maith leis an ngá do mhaoirseoirí bheith ar an eolas faoi
leibhéal na ngníomhaíochtaí scáthbhaincéireachta amhail comhaontuithe
athcheannaigh agus iasachtaí urrús. An 4 Meán Fómhair 2013, tharraing
an Coimisiún aird air sa Teachtaireacht uaidh maidir le scáthbhaincéireacht[9] go mbeidh gá
trédhearcacht na n‑idirbheart um maoiniú urrús, amhail comhaontuithe
athcheannaigh agus iasachtaí urrús, idirbhearta comhionanna eile agus ath‑fhiachurrú,
a neartú chun breathnú ar na rioscaí a bhaineann le hidirnascthacht, giaráil
iomarcach agus iompraíochtaí comhthimthriallacha. Níl sa chuid eile den mheabhrán míniúcháin seo
ach cur i láthair ar an togra seo a bhaineann le deighilt struchtúrach na n‑institiúidí
creidmheasa. 2. TORTHAÍ
AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Chuathas i gcomhairle leis na páirtithe
leasmhara ar roinnt ócáidí. Bhuail an Grúpa Sainneolaithe Ardleibhéil le
páirtithe leasmhara éagsúla i rith théarma a shainordaithe agus reáchtáil sé
comhairliúchán poiblí a dhírigh ar bhainc, custaiméirí corparáideacha agus
cliaint miondíola agus a gcuid cumann[10].
Reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán poiblí freisin le páirtithe leasmhara i
mí Dheireadh Fómhair 2012[11].
Pléadh Athchóiriú struchtúrach banc agus an gá atá le gníomhaíocht
chomhordaithe ar leibhéal an Aontais leis na Ballstáit. Agus an Measúnú Tionchar ("IA") á
ullmhú, thionóil an Coimisiún comhairliúchán poiblí le páirtithe leasmhara
breise san earrach 2013, agus tugadh cuireadh do na bainc tionchar cineálacha
éagsúla roghanna um athchóiriú struchtúrach a shamhaltú[12]. Leag an 500
freagairt comhairliúcháin béim ar an roinnt idir na bainc, ar thaobh amháin,
agus tomhaltóirí agus lucht airgeadais neamhbhainc os a choinne sin. Bhí
tromlach treascrach na mbanc i gcoinne deighilte struchtúraí; Bhí an dara grúpa
ina fhabhar, don chuid is mó. Bhí tuairimí na gcatagóirí eile níos cothroime. Bunaíodh Grúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse ar
athchóiriú struchtúrach banc i Márta 2013 agus ionadaithe air ó na hArd‑Stiúrthóireachtaí
COMP, ECFIN, EMPL, ENTR, JUST, MARKT, SG, SJ, TAXUD agus an JRC. Tháinig an
Grúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse le chéile i Márta, Aibreán agus Meán Fómhair 2013
agus thacaigh sé leis an obair ar an IA. Cuireadh an dréacht‑IA faoi bhráid Bhord
um Measúnú Tionchair an Choimisiúin an 19 Meán Fómhair 2013 agus
pléadh leis an IAB an 16 Deireadh Fómhair 2013 é. Chuir an Bord um
Measúnú Tionchair a moltaí maidir le feabhsúchán ar fáil an18 Deireadh
Fómhair 2013. Ba iad seo na príomh‑mholtaí : (i) feabhas a chur ar
thuairisc na faidhbe agus an cás bunlíne; (ii) cur síos agus míniú níos fearr
ar na roghanna um athchóiriú; (iii) measúnú níos fearr ar thionchair agus
léiriú níos fearr ar éifeachtacht na roghanna um athchóiriú a roghnaíodh; (iv)
tuairimí na bpáirtithe leasmhara a chur i láthair níos fearr; agus (v) gluais a
chur leis. Chuir seirbhísí an Choimisiúin 1A athbhreithnithe isteach athuair an
18 Nollaig 2013, fara doiciméad ar leith lena mhíniú don Bhord um
Measúnú Tionchair conas a ionchorpraíodh moltaí an Bhoird. D'eisigh an Bord um
Measúnú tionchair tuairim dhearfach an 15 Eanáir 2014, agus chuir sé moltaí
le haghaidh feabhsúcháin bhreise ar fáil san aon am, ag iarraidh go háirithe
neartú na hanailíse ar bhonn cirt na mbeart atá beartaithe, roghanna eile um
athchóiriú, tionchar, agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara maidir leis na
bearta trédhearcachta a tugadh isteach nuair a cuireadh an 1A deiridh isteach.
Mhol an Bord freisin go neartófaí a thuilleadh ar na roghanna um athchóiriú
struchtúrach a cuireadh i láthair agus ar mheasúnú tionchair agus éifeachtachta
na roghanna um athchóiriú a roghnaíodh. D'fhairsingigh leagan deiridh an IA
anailís na mbeart um athchóiriú trédhearcachta agus thug sé mionléiriú breise
ar an dá mholadh eile ón mBord um Measúnú Tionchair. Maidir le costais agus buntáistí foriomlána an
togra seo, rinneadh an measúnú tionchair a cuireadh i gcrích i gcomhthéacs an
togra seo a chur faoi shamhaltú cainníochtúla agus faoi anailís cháilíochtúil.
Mheas an measúnú tionchair go bhfuil fóirdheontais intuigthe suntasach, cé go
mbraitheann siad ar mhéid an bhainc agus ar leibhéal idirnascthachta an bhainc.
Agus aird chuí á tabhairt ar na sochair a thagann ó éagsúlacht na samhlacha
baincéireachta san Eoraip, áiritheoidh an togra seo an chothromaíocht íogair
idir rioscaí sistéamacha a chosc agus maoiniú ar fhás eacnamaíoch inbhuanaithe
a chothabháil. 3. EILIMINTÍ
DLÍTHIÚLA AN TOGRA 3.1. Bunús
dlí agus coimhdeacht Is
é is bunús dlí don togra seo Airteagal 114 (1) den Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh (an "CFAE"), lenar féidir bearta a ghlacadh chun
forálacha náisiúnta atá dírithe ar bhunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh
a chomhfhogasú. Feabhsóidh
rialacha aonfhoirmeacha maidir le struchtúir na mbanc cobhsaíocht airgeadais
laistigh den AE, comhtháthóidh siad margaí airgeadais, éascóidh siad réiteach
ar shlí ordúil agus téarnamh an ghrúpa, feabhsóidh siad soláthar trasteorann
seirbhísí agus bunú i mBallstáit eile, laghdóidh siad saobhadh na hiomaíochta
agus coiscfidh siad arbatráiste rialála. Tá
roinnt Ballstáit san AE a mhol nó a ghlac bearta athchóirithe struchtúracha dá
gcórais baincéireachta náisiúnta. Reachtaíocht náisiúnta neamhréireach nach
saothraíonn na spriocanna beartais céanna ar bhealach atá comhoiriúnach agus a
bheadh comhionann leis na sásraí atá beartaithe sa Rialachán seo,
méadóidh sí an baol go mbeidh saobhadh ar ghluaiseachtaí caipitil agus cinntí
infheistíochta. Gan cur chuige uile-Aontais, beidh ar na bainc a gcuid struchtúr
agus oibriúchán a chur in oiriúint laistigh de theorainneacha náisiúnta, rud a
fhágfaidh níos casta fós iad, agus a mhéadóidh an ilroinnt. Bhainfeadh
reachtaíocht náisiúnta neamhréireach chomh maith an bonn d'iarrachtaí chun
córas amháin rialacha a bheidh infheidhmithe ar fud an Mhargaidh Inmheánaigh a
bhaint amach agus aontas baincéireachta éifeachtach a chruthú, mar theorannódh
sé éifeachtacht an tSásra Maoirseachta Aonair[13] agus aon Sásra Singil Réitigh amach
anseo[14].
Fágann reachtaíocht neamhréireach bainistiú na n‑institiúidí trasteorann
níos deacra agus níos costasaí freisin. Is féidir leis an gcomhchuibhiú ar
leibhéal an Aontais a shamhlaítear sa Rialachán seo a áirithiú go mbeidh grúpaí
baincéireachta an Aontais, a bhfuil go leor acu ag feidhmiú i roinnt Ballstát,
á rialú ag creat coiteann ceanglas struchtúrach, rud a áiritheoidh páirc
imeartha chothrom, a laghdóidh castacht rialála, a sheachnóidh costais
chomhlíonta gan údar do ghníomhaíochtaí trasteorann, a chuirfidh le comhtháthú
ar mhargadh an Aontais agus a chuideoidh le deireadh a chur le deiseanna
arbatráiste rialála. I gcomhréir leis na spriocanna cur le
feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, Ballstát a ghlac reachtaíocht lena
dtoirmisctear ar institiúidí creidmheasa taiscí a ghlacadh ó dhaoine aonair
agus ar FBManna bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht déileáil le
hinfheistíochtaí mar phríomhghnó agus a bhfuil sócmhainní trádála ina seilbh
acu, is féidir leo iarraidh ar an gCoimisiún maolú ar na forálacha atá leagtha
síos i gCaibidil III ("gníomhaíochtaí trádála áirithe a
dheighilt") a cheadú d'institiúid chreidmheasa atá faoi réir an dlí
náisiúnta a luíonn leis na forálacha sin. Chuirfeadh sé sin ar chumas na
mBallstát a bhfuil bearta "sár‑choibhéiseacha"curtha i bhfeidhm
cheana féin, ailíniú costasach ar fhorálacha éifeachtacha atá ann cheana féin
leis na forálacha sin a sheachaint. Chun a áirithiú nach gcuirfidh tionchar na
reachtaíochta náisiúnta aidhm nó feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i mbaol, ní
mór do spriocanna na reachtaíochta náisiúnta a bheith mar an gcéanna leis na
cinn atá leagtha amach sa togra seo; agus ní mór do na socruithe dlíthiúla,
maoirseachta agus forfheidhmithe náisiúnta a áirithiú go gcomhlíonann an
institiúid chreidmheasa ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá ag
luí leis an togra seo. Tugann an togra seo aird chuí ar na
margaí airgeadais atá ag athrú go tapa agus ar nuáil airgeadais, chomh maith le
héabhlóid chreataí rialála agus maoirseachta an Aontais. D'fhonn maoirsiú
éifeachtach, comhsheasmhach agus forbairt an leabhair aonair rialacha i
mbaincéireacht a áirithiú, samhlaíonn an togra seo ról tábhachtach don Údarás
Baincéireachta Eorpach ("ÚBE"). Beidh na húdaráis inniúla i
gcomhairle leis an ÚBE agus cinntí áirithe á nglacadh mar atá leagtha amach sa
togra seo agus ullmhóidh sé dréacht‑chaighdeáin theicniúla rialála agus
cur chun feidhme, agus cuirfidh sé tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin. Tá
tábhacht leis sin go háirithe sna staideanna a shainítear in Airteagail 9,
10, 13 agus 21. 3.2. Comhréireacht Faoi phrionsabal na comhréireachta atá leagtha
amach in Airteagal 5 den CAE, níl cead ábhar agus foirm ghníomhaíocht an
Aontais a bheith os cionn an méid is gá chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint
amach. Toirmisceann an Rialachán atá beartaithe
institiúidí creidmheasa mhóra an Aontais agus grúpaí baincéireachta ó thrádáil
dílseánaigh agus gníomhaíochtaí gaolmhara eile a chur i gcrích. Tá an cumas ag deighilt úinéireachta a bheith
ar an uirlis um athchóiriú struchtúrach is éifeachtaí maidir leis na cuspóirí
sonracha a bhaint amach, i.e. réiteach a éascú agus guais mhorálta,
coinbhleachtaí leasa agus caipitil agus mí-leithdháileadh acmhainní a
theorannú. Bheadh buntáistí féideartha an toirmisc ar thrádáil dílseánaigh
láidir go háirithe maidir le maolú rioscaí, castacht, idirnascthacht agus
coinbhleachtaí leasa. Ach i bhfianaise na ndúshlán a dhíorthaítear ón
idirdhealú deacair idir trádáil dílseánaigh agus gníomhaíochtaí trádála eile
den chineál céanna, go háirithe cruthú margaí, tá sainmhíniú cúng ar
ghníomhaíochtaí atá faoi réir an toirmisc mar bhonn le comhréireacht an bhirt
seo. Tá bonn cirt le bainc bheaga a eisiamh ó raon feidhme an toirmisc mar
gheall ar na héifeachtaí díréireacha a d'fhéadfadh a leithéid de thoirmeasc a
imirt ar na bainc sin más éigean dóibh cuid dá bpunanna a dhífheistiú. Éilíonn an Rialachán atá beartaithe freisin ar
an údarás inniúil athbhreithniú córasach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí áirithe
eile– eadhon, cruthú margaí, infheistíocht in/urraíochta ar urrúsú agus trádáil
ar dhíorthaigh áirithe. Aithníodh iad sin mar na gníomhaíochtaí ina bhfuil an
baol is mó go bhféadfaí trádáil dílsithe a dhéanamh mar shárú ar an toirmeasc,
agus d'fhéadfadh a bheith ina chúis le rioscaí do chobhsaíocht na n‑institiúidí
chreidmheasa lárnacha agus chóras airgeadais an Aontais. Deonaítear don údarás
inniúil an chumhacht an deighilt a éileamh. Ní fhorchuirtear an chumhacht chun
deighilt a éileamh mar ilbheart: ina ionad sin, ceadaítear don údarás inniúil
breithiúnas a fheidhmiú, agus úsáid a bhaint as sraith méadrachtaí
comhchuibhithe. Faoi chúinsí áirithe amháin, nuair a théann rioscaí thar
leibhéil a shainítear le méadracht comhchuibhithe, a bhíonn ceangal ar an
údarás inniúil deighilt a chur i bhfeidhm. Meastar an cur chuige seo a bheith
comhréireach, toisc nach bhforchuirtear deighilt ach amháin faoi chúinsí
áirithe, agus tar éis athbhreithniú domhain a dhéanamh ar thionchar na
ngníomhaíochtaí sin ar phóifíl riosca agus ar iompraíocht na croí-institiúide
creidmheasa. Díríonn an Rialachán atá beartaithe ar
institiúidí creidmheasa móra agus grúpaí baincéireachta móra. Ós rud é gurb é
príomhchuspóir an togra déileáil le rioscaí sistéamacha iarmharacha i gcóras
airgeadais an Aontais, bheadh leathnú bhearta an togra chuig gach institiúid
chreidmheasa díréireach agus d'fhéadfadh costais gan údar a bheith mar thoradh
air, go háirithe le haghaidh institiúidí creidmheasa beaga. Institiúidí creidmheasa atá faoi bhun
thairseacha an Rialacháin atá beartaithe, níl siad faoi réir na mbeart
struchtúrach dá bhforáiltear. Tá le tuiscint uaidh sin go bhféadfaidh na
Ballstáit nó an t‑údarás inniúil a chinneadh bearta den chineál céanna a
fhorchur ar institiúidí creidmheasa beaga freisin. Urramaíonn an Rialachán atá beartaithe na
cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail atá aitheanta i gCairt um
Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, eadhon an ceart sonraí pearsanta a
bheith cosanta, an ceart gnóthas a chur ar bun, an ceart leigheas éifeachtach
agus triail chóir a fháil, agus ní mór é a chur chun feidhme i gcomhréir leis
na cearta agus na prionsabail sin. 3.3. Míniú
mionsonraithe ar an togra Déanann an chuid seo príomh‑chomhpháirteanna
an rialacháin seo a leagan amach go hachomair. 3.3.1. Cuspóirí
agus ábhar deighilte struchtúrtha Tá an Rialachán atá beartaithe dírithe ar chobhsaíocht
airgeadais san Aontas a fheabhsú trí athchóiriú struchtúrach na mbanc mór, a
chomhlánaíonn leasuithe airgeadais rialála a rinneadh cheana ar leibhéal an
Aontais sa tslí sin. Leagtar amach in Airteagal 1 na haidhmeanna agus na
cuspóirí atá mar thaca leis an athchóiriú. Leagann Airteagal 2 amach an t‑ábhar,
is é sin rialacha maidir le hathruithe struchtúracha ar bhainc atá rómhór le
teip a leagan síos trí thoirmeasc trádála dílseánaigh agus deighilt fhéideartha
gníomhaíochtaí trádála áirithe a fhorchur. 3.3.2. Raon
Feidhme Sonraítear in Airteagal 3 go bhfuil
feidhm ag an Rialachán atá beartaithe maidir le bainc a chomhlíonann critéir
áirithe agus atá níos mó ná tairseacha áirithe. (1)
Tá feidhm leis na ceanglais maidir leis na bainc
Eorpacha a bheidh aitheanta mar bhainc a bhfuil tábhacht chórasach dhomhanda
leo. (2)
Baineann na ceanglais le bainc a bhíonn níos mó ná
na tairseacha seo a leanas ar feadh trí bliana as a chéile: (a) tá sócmhainní
iomlána an bhainc thar €30 billiún[15];
agus (b) sócmhainní iomlán trádála an bhainc agus na dliteanais níos mó ná €70
billiún nó 10 faoin gcéad dá gcuid sócmhainní iomlána. Cuireann Airteagail 22 agus 23 tuilleadh
sonraí ar fáil faoin tslí le "gníomhaíochtaí trádála" (chun críocha
athbhreithniú an údaráis inniúil as a bhféadfadh deighilt ón institiúid
chreidmheasa teacht) a ríomh. Ós rud é go bhfuil fócas an athchóirithe
struchtúraigh banc ar ghníomhaíochtaí baincéireachta, deir Airteagal 23(2)
le haghaidh ilchuideachtaí airgeadais, nach ceart gníomhaíochtaí ghnóthais
árachais agus neamhairgeadais a chur san áireamh sa ríomh. Beidh feidhm ag an Rialachán atá beartaithe
maidir le hinstitiúidí creidmheasa de chuid an Aontais agus lena gcuid
tuismitheoirí Aontais, a bhfochuideachtaí agus brainsí, lena n‑áirítear
iadsan atá i dtríú tíortha. Beidh feidhm aige freisin maidir le brainsí agus
fochuideachtaí san Aontas na mbanc atá bunaithe i dtríú tíortha. Tá bonn cirt lena
leithéid de raon feidhme críochach leathan chun páirc imeartha chothrom a
áirithiú agus aistriú gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas le teacht timpeall ar
na riachtanais sin a sheachaint. Mar sin féin, d'fhéadfaí fochuideachtaí
eachtracha na mbanc Aontais agus brainsí Aontais na mbanc coigríche a dhíolmhú
má tá siad faoi réir rialacha coibhéiseacha deighilte (Airteagail 4 agus 27).
Forálann Airteagal 4(2) do dhíolmhú féideartha eile: deonaíodh an
chumhacht do mhaoirseoirí fochuideachtaí eachtracha grúpaí a bhfuil struchtúr
díláraithe geografach uathrialach acu agus a leanann straitéis réitigh
"Ilphointí Iontrála" a dhíolmhú ó dheighilt. Má chuirtear an ceangal deighilte i bhfeidhm
ar fud an ollghrúpa chorparáidigh beag beann ar shuíomh geografach, cuirtear
deireadh leis an mbaol go dtiocfadh bainc timpeall ar an deighilt trí
ghíomhaíochtaí áirithe a lonnú lasmuigh den Eoraip a dhíchur. Thairis sin,
toisc go gcuirtear córas coibhéise tríú tíre leis an gclúdach leathan
críochach, maolaítear imní fhéideartha allchríche na ndlínsí tríú tíre. Trína
cheangal ar bhainc coigríche a n‑oibríochtaí a dheighilt san Aontas,
áirithítear páirc imeartha chothrom sa mhargadh inmheánach freisin agus mar sin
íoslaghdaítear baol na hiomaíochta éagóraí. 3.3.3. Toirmeasc
ar thrádáil dilseánaigh (Caibidil II) Foráiltear le hAirteagal 6(1) an
Rialacháin atá beartaithe nár cheart d'institiúid chreidmheasa ná d'eintitis
laistigh de ghrúpa céanna dul i mbun trádála dílseánaigh in ionstraimí
airgeadais agus tráchtearraí. Cé go bhfuil sonraí gann ar leibhéal an Aontais
maidir le gníomhaíocht baincéireachta ar leith, léiríonn an fhianaise atá ar
fáil nach bhfuil sa trádáil dílseánaigh ach cuid theoranta de chláir
chomhardaithe na mbanc[16].
Mar sin féin, aibhsíonn an fhianaise chéanna freisin go raibh trádáil den sórt
sin suntasach roimh an ngéarchéim agus, mura mbíonn idirghabháil rialála ann,
níl aon ráthaíocht nach méadóidh sé arís amach anseo. Is deacair trádáil dílseánaigh a shainmhíniú
agus í a idirdhealú ó chruthú margaí. De réir Airteagal 5(4), lena
shainmhínítear trádáil dílseánaigh go cúng, thoirmeascfaí gníomhaíochtaí deasc,
aonad, rann nó trádálaithe aonair atá tiomnaithe go sonrach do sheasaimh a
ghlacadh chun brabús a dhéanamh dá gcuntas féin, gan aon cheangal le
gníomhaíocht cliaint nó le fálú ar riosca an eintitis. Soiléirítear le hAirteagal 6(2) i gcás
ina bhfuil institiúidí creidmheasa faoi raon feidhme an Rialacháin atá
beartaithe mar atá sainmhínithe in Airteagal 3 agus Airteagal 4 a
oibríonn struchtúir aonfheidhme do cheannach agus do dhíol ionstraimí margaidh
airgid chun críocha bainistíochta airgid, nach bhfuil siad gafa ag an toirmeasc
seo. Tá trádáil i mbannaí rialtais an Aontais díolmhaithe freisin ón toirmeasc
(Airteagal 6(2)(a)) chun cosc a chur le hiarmhairtí diúltacha féideartha
sna margaí ríthábhachtacha seo. Is ionann an díolúine seo agus an ceann dá
bhforáiltear do thrádáil i mbannaí rialtais i ndáil le measúnú na
ngníomhaíochtaí (Airteagal 8 (2)). Cé go bhféadfaí toirmeasc trádála dílseánaigh
a leathnú i bprionsabal go dtí gach banc, tá sé beartaithe gan an toirmeasc a
chur i bhfeidhm ach amháin do na bainc dá dtagraítear in Airteagal 3. Chun
bainc a chosc ó dhul timpeall ar an toirmeasc trí, e.g. trí infheistiú i gcistí
fálaithe nó iad a shealbhú, deir Airteagal 6(1)(b) go dtoirmeasctar na
bainc atá faoi réir an toirmisc trádála dílseánaigh freisin ó infheistiú i
scaireanna cistí fálaithe nó iad a shealbhú (nó deimhnithe/díorthaigh atá
nasctha leosan), nó in eintitis a bhíonn ag gabháil do thrádáil dílseánaigh nó
a urraíonn cistí fálaithe. Tugadh díolúine do chistí neamhghiaráilte agus do
chistí iata –go príomha cistí cothromais príobháideacha, caipitil fiontair agus
fiontraíochta sóisialta – i ngeall ar a ról mar thaca le maoiniú an
fhíorgheilleagair (Airteagal 6(3)). Beidh institiúidí creidmheasa atá
clúdaithe ag na toirmisc seo in ann leanúint ar aghaidh ag soláthar baincéireachta/seirbhísí
cumhdaigh do chistí fálaithe. 3.3.4. Deighilt
fhéideartha gníomhaíochtaí trádála áirithe (Caibidil III) Bíonn bainc ag gabháil de roinnt
gníomhaíochtaí eile trádála agus infheistíochta baincéireachta, lena n‑áirítear
cruthú margaidh, iasachtaí do chaipiteal fiontair agus do chistí cothromais
phríobháidigh, infheistíocht agus urrúsaithe a bhfuil riosca ag baint leo a
urru, díolacháin agus trádáil díorthach etc. Beidh cead ag grúpaí
baincéireachta leanúint ar aghaidh ag dul i mbun na ngníomhaíochtaí eile sin
faoi réir rogha an údaráis inniúil a mbeidh d'oibleagáid air athbhreithniú a
dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trádála agus beidh an chumhacht aige (chomh maith
leis an oibleagáid faoi imthosca áirithe) fo-thacar gníomhaíochtaí (cruthú
margaidh, urrúsaithe a bhfuil riosca ag baint leo, díorthaigh chasta) a
dheighilt má sháraítear méadracht áirithe. Tá de chuspóir leis sin an riosca go
mbeadh bainc ag dul timpeall ar an gcosc in Airteagal 6 a sheachaint, agus
iad ag dul i mbun gníomhaíochtaí trádála dílseánaigh ceilte agus go n‑éiríonn
na gníomhaíochtaí trádála neamhthoirmiscthe róshuntasach nó an‑ghiaráilte.
Is é is bunphrionsabal don Rialachán atá beartaithe nach féidir le heintitis a
ghlacann éarlaisí laistigh de ghrúpaí baincéireachta páirt a ghlacadh sna
gníomhaíochtaí sin ach amháin chomh fada is nach gcinneann an t‑údarás
inniúil gur gá iad a dhéanamh laistigh d'eintiteas trádála ar leith. 3.3.4.1. Raon
feidhme na ngníomhaíochtaí atá faoi réir deighilte Sainmhíníonn Airteagal 8 gníomhaíochtaí
trádála go leathan, á rá dó go gciallaíonn sé gníomhaíochtaí seachas e.g.
taiscí atá cáilithe le haghaidh árachais taisce a ghlacadh, iasachtaí,
seirbhísí íocaíochta miondíola agus roinnt gníomhaíochtaí eile Thairis sin in Airteagal 8
(2) díolmhaítear bannaí ceannasacha an Aontais ón oibleagáid chun athbhreithniú
a dhéanamh agus an chumhacht le deighilt. Tá a leithéid de dhíolúine i
gcomhréir leis an gcleachtas reatha maidir le hualaí riosca náid sa Rialachán
agus sa Treoir um Riachtanas Caipitil[17].
Mar sin féin, deir Airteagal 8(3) go bhféadfaidh an Coimisiún trí
ghníomharttarmligthe raon feidhme na díolúine a leathnú go dtí bannaí
ceannasacha neamh‑Aontais má chomhlíonann siad coinníollacha áirithe. 3.3.4.2. An dualgas
gníomhachtaí a athbhreithniú Cuirfidh an Rialachán atá beartaithe iallach
ar údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trádála na mbanc
a mbíonn breis is na tairseacha acu, lena n‑áirítear go háirithe trí
ghníomhaíocht atá go háirithe gar do thrádáil dilseánaigh, agus dá bhrí sin a
bhféadfadh gné na trádála dílseánaigh ceilte (cruthú margaidh) a bheith acu nó
a raibh ról lárnach acu i rith na géarchéime airgeadais (e.g. infheistiú agus
gníomhaíochtaí i urrúsú a raibh riosca ag baint leis agus trádáil i ndíorthaigh
seachas iad siúd a cheadaítear go sonrach chun críche na bainistíochta riosca
críonna). Déanfaidh údaráis inniúla measúnú ar na gníomhaíochtaí sin i
bhfianaise méadrachta áirithe atá le coigeartú le sonraí maoirseachta. Léiríonn
an mhéadracht méid choibhneasta, giaráil, castacht, brabúsacht, riosca a
bhaineann leis an margadh, chomh maith le hidirnascthacht (Airteagal 9(2)).
Lena áirithiú go ndéantar an mhéadracht sin a thomhas agus a chur i bhfeidhm go
comhsheasmhach, cuireann Airteagal 9(4) de chúram ar an ÚBE caighdeán
teicniúil ceangailteach cur chun feidhme a fhorbairt a bheidh le glacadh ag an
gCoimisiún. 3.3.4.3. Cumhacht
le deighilt a dhéanamh Deir Airteagal 10(1) go gcaithfidh na
húdaráis inniúla deighilt i ngníomhaíochtaí trádála na mbanc (cruthú margaidh,
infheistiú in urrúsú a bhfuil baint leis agus a urrú agus trádáil i ndíorthaigh
áirithe) a éileamh má bhíonn na rioscaí a bhaineann leo níos mó ná tairseacha
áirithe agus coinníollacha áirithe a chomhall atá nasctha leis an méadracht. Má
léiríonn an banc chun sástachta an údaráis inniúil nach gcuireann na
gníomhaíochtaí cobhsaíocht airgeadais an Aontais i mbaol, agus cuspóirí an
Rialacháin atá beartaithe á gcur san áireamh, féadfaidh an t‑údarás
inniúil cinneadh a dhéanamh gan deighilt a éileamh. Sonraíonn Airteagal 10(2) go bhféadfaidh
údarás inniúil deighilt gníomhaíochta trádála áirithe a éileamh má mheasann sé
gur bagairt í an ghníomhaíocht ar chobhsaíocht airgeadais an bhainc nó an
Aontais, agus cuspóirí an Rialacháin atá beartaithe á gcur san áireamh. Ba cheart don údarás inniúil dul i gcomhairle
leis an ÚBE sula ndéanfaidh sé cinntí dá dtagraítear in Airteagal 10 agus
ba cheart dó fógra a thabhairt don ÚBE maidir lena chinneadh deiridh. Tugann Airteagal 10(5) cumhacht don
Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena sonrófar an leibhéal nach féidir a
shárú do gach méadracht chomh maith leis na coinníollacha lena n‑áirítear
líon na méadrachta a chaithfear a shárú le go rachaidh an deighilt i bhfeidhm.
Ina theannta sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún a shonrú cén cineál
urrúsaithe nach meastar a bheith ina bhagairt do chobhsaíocht airgeadais de
réir liosta critéar agus dá bhrí sin a d'fhéadfadh croí-institiúid creidmheasa a
chur i gcrích. 3.3.4.4. Bainistiú
rioscaí na mbanc féin ("bainistiú cisteáin") Má thagann ann do bhreis deighilte,
soiléiríonn Airteagal 11(1) go gceadaítear fós don bhanc a ghlacann taiscí
a riosca féin a bhainistiú. Mar sin féin, toisc gur féidir le bainistiú
cisteáin bheith ina chúis le trádáil dílseánaigh agus toisc go dtéann seasaimh
áirithe amhantracha a ghlacadh le bainistiú leachtachta, ba cheart é sin a
nascadh le cosaintí áirithe. 3.3.4.5. Seirbhísí
bainistithe riosca a chur ar fáil do chliaint In Airteagal 12 soiléirítear go bhféadfaidh
an institiúid chreidmheasa lárnach fós táirgí áirithe bainistithe riosca (i.e.
díorthaigh) a dhíol le cliaint neamh‑airgeadais, neamh‑bhaincéireachta.
Mar sin féin, nochtann díol díorthach le cliaint an banc do bhreis rioscaí, rud
a d'fhéadfadh a réiteach a dhéanamh níos casta agus dá bhrí sin a bheidh faoi
réir ag céimeanna éagsúla cosaintí agus rialúcháin. Chun aghaidh a thabhairt ar
na rioscaí, tá sé ráite nach féidir leis an croí-institiúid chreidmheasa díorthaigh
ráta úis, malairte eachtraí, creidmheasa, lamháltas astaíochtaí agus tráchtearraí
atá incháilithe le haghaidh imréitigh trí chontrapháirtí lárnach a dhíol lena
cuid cliant neamh‑airgeadais, gnóthais árachais agus institiúidí le
haghaidh sochair scoir ghairme, ach amháin chun ráta úis, malairt eachtrach,
agus riosca creidmheasa, riosca tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí a fhálú
agus faoi réir uasteorainneacha ar riosca an tsuímh atá mar thoradh air sin.
Díorthaigh áirithe a aithint, tugann sé spreagadh breise do bhainc na
díorthaigh sin a chaighdeánú agus mar sin tá sé ag teacht le cuspóirí beartais
Rialachán maidir le Bonneagar Margaidhm Eorpach[18]. 3.3.4.6. Rialacha
maidir le gníomhaíochtaí trádála a dheighilt Má éilíonn údaráis inniúla deighilt na
ngníomhaíochtaí trádála thuas agus go bhfanfaidh na gníomhaíochtaí sin laistigh
den ghrúpa baincéireachta, ansin níor mhór iad sin a aistriú chuig eintiteas
dlíthiúil ar leith ("eintiteas trádála"). Níor mhór naisc dhlíthiúla,
eacnamaíochta, rialachais agus oibríocháin an eintitis leis an gcuid eile den
ghrúpa a chiorrú chun deighilt éifeachtach a áirithiú. Deir Airteagal 13(3)
más rud é go dtarlaíonn deighilt, go gcaithfear an grúpa a eagrú ina fhoghrúpaí
feidhme aonchineálacha arna gcomhdhéanamh ar thaobh amháin ag institiúidí
creidmheasa lárnacha agus ag eintitis trádála ar an taobh eile. Tugann Airteagal 13(5)
go (13) an Rialacháin bheartaithe cuntas ar na coinníollacha a bheidh i
bhfeidhm chun deighilt láidir dlí, eacnamaíochta, rialachais agus oibríochta a
áirithiú. Tar éis deighilte, ba cheart go mbeadh feidhm ag na ceanglais stuamachta
atá leagtha amach sna hAirteagail sin ar bhonn aonair nó fo-chomhdhlúite leis
na foghrúpaí faoi seach. Ina theannta sin, forálann Airteagal 13
(11) do mhaoluithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil maidir le
tarscaoileadh ar riachtanais áirithe chun a áirithiú go gcuirfear riachtanais
stuamachta (a gcistí féin, leachtacht agus nochtadh) i bhfeidhm ar bhonn
fo-chomhdhlúite ar na foghrúpaí faoi seach. Grúpaí a cháilíonn mar chumainn
fhrithpháirteacha, comharchumainn, institiúidí coigiltis nó a leithéidí, bíonn
siad i mbun gníomhaíochtaí trádála a bhfuil riosca ag baint leo agus dá bhrí
sin tá siad faoi réir na gceanglas atá sa togra seo. Mar sin féin, tá
úinéireacht agus struchtúr eacnamaíoch an‑sonrach ag na hinstitiúidí sin
agus tá ról tábhachtach i maoiniú an gheilleagair áitiúil agus réigiúnaigh acu.
Dá bhforchuirfí cuid de na rialacha a bhaineann le deighilt orthu, d'fhéadfadh
sé athruithe forleathana ar eagrú struchtúrach eintiteas den sórt sin a
éileamh. D'fhéadfadh sé sin a bheith díréireach leis na sochair dá gceanglódh
sé ar na heintitis a bhféiniúlacht chorparáideach a athrú go hiomlán. Dá bhrí
sin, féadfaidh an t‑údarás inniúil a chinneadh go gceadófar do
chroí-institiúidí creidmheasa a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 49(3)(a)
nó (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 bheith i seilbh ionstraimí
chaipitil nó cearta vótála in eintiteas trádála i gcás ina measann an t‑údarás
inniúil go bhfuil seilbh ionstraimí caipitil nó cearta vótála den sórt sin
fíor-riachtanach d'fheidhmiú an ghrúpa agus go bhfuil bearta leordhóthanacha
glactha aici chun na rioscaí ábhartha a mhaolú go cuí. Cuid bhunúsach eile den deighilt eacnamaíoch
idir an chroí-institiúid chreidmheasa agus an t‑eintiteas trádála, sin na
srianta móra ar nochtadh. Dá réir sin, leagann Airteagail 14 go 17 síos
rialacha chun na críche sin. Tagraíonn na rialacha sin do theorainneacha ar
nochtadh laistigh agus lasmuigh de ghrúpaí, d'idirbhearta aonair agus
d'idirbhearta comhiomlána. 3.3.4.7. Plean
deighilte Roimh dheighilt iarbhír na gníomhaíochtaí
trádála beidh iallach ar bhainc "plean deighilte" a chur faoi bhráid
na n‑údarás inniúil. Forálann Airteagal 18 gur cheart an plean sin a
bheith ceadaithe ag an údarás inniúil, agus an deis aige sin athruithe ar an bplean
a éileamh mar is cuí, nó a phlean féin don deighilt a leagan amach i gcás easpa
gnímh ón mbanc ábhartha. 3.3.4.8. Comhoibriú
idir údaráis inniúla agus údaráis réitigh Foráiltear leis an Treoir maidir le Téarnamh
agus Réiteach na mBancgo bhféadfaidh údaráis réitigh, mar chuid dá bpleanáil
réiteach, a éileamh ar bhainc athruithe struchtúracha (e.g. ar a struchtúr dlí
agus eagrúcháin) a dhéanamh má chreideann an t‑údarás réitigh gur gá
aghaidh a thabhairt ar bhaic ar réiteach éifeachtach. Cé go dtugann an
rialachán atá beartaithe aghaidh ar raon leathan cuspóirí a théann níos sia ná
réiteach, ní mór idirchaidreamh na n‑údarás faoi seach lena chéile a
áirithiú. Dá réir sin deir Airteagal 19 má chinneann údarás inniúil
deighilt a éileamh, ní mór dó fógra a thabhairt d'údaráis réitigh (Airteagal 19(1))
agus aon mheasúnú inréiteachta atá leanúnach nó bhí ann cheana féin a chur san
áireamh ag údaráis réitigh de réir Airteagal 13 agus 13a den Treoir maidir
le Téarnamh agus Réiteach na mBanc. Mar an gcéanna, ní mór don údarás réitigh
an fógra faoi chinneadh deighilte ó údarás inniúil a chur san áireamh agus
measúnú á dhéanamh ar inréititheacht institiúide. 3.3.4.9. Gníomhaíochtaí
toirmiscthe don eintiteas trádála Foráiltear le hAirteagal 20 go bhfuil
gníomhaíochtaí áirithe nach féidir leis an eintiteas trádála a chur i gcrích.
Orthusan tá glacadh le taiscí atá cáilithe le haghaidh cosanta faoi scéimeanna
ráthaíochta taiscí agus seirbhísí íocaíochta miondíola mar atá sainithe sa Treoir
um Sheirbhísí Íocaíochta[19]
a chur ar fáil. 3.3.4.10.
Maolú Cé go leagann an Rialachán atá beartaithe
amach rialacha aonfhoirmeacha maidir le cuspóirí agus ionstraimí um athchóiriú
struchtúrach na mbanc sa mhargadh inmheánach, ceadaíonn Airteagal 21 maolú
féideartha ó na ceanglais deighilte i gCaibidil III d'institiúidí
creidmheasa atá cumhdaithe ag reachtaíocht náisiúnta a bhfuil éifeacht acu atá
comhionann le forálacha Chaibidil III an togra. Deonóidh an Coimisiún an maolú
arna iarraidh sin don Bhallstát atá i dtrácht tar éis don Bhallstát tuairim
dhearfach an údaráis inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na
bainc a n‑iarrtar maolú dóibh á cur san áireamh aige. Chun cáiliú don
mhaolú, ní mór don reachtaíocht phríomha náisiúnta a bheith glactha faoin 29 Eanáir 2014
agus na critéir a leagtar síos in Airteagal 21 (1) a chomhall. Ciallaíonn
sé sin go gcaithfidh aidhm an dlí náisiúnta, a raon feidhme ábhartha agus
forálacha a thagraíonn do dheighilt dhlíthiúil, eacnamaíoch agus rialachais an
eintitis a ghlacann éarlaisí a bheith cosúil leis na cinn sa Rialachán atá
beartaithe. 3.3.5. Comhlíonadh:
eintitis agus údaráis inniúla (Caibidil V) Formhór na mbanc a chumhdaítear le hAirteagal 3,
tá siad ag oibriú i roinnt tíortha, trí bhrainsí agus fochuideachtaí araon. Tá
siad faoi mhaoirseacht roinnt údarás éagsúil, idir údaráis baile (tuismitheoir,
fochuideachtaí i mBallstáit éagsúla) agus óstaigh (craobhacha). D'fhonn
athchóiriú struchtúrach éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú ag leibhéal an
ghrúpa, tugann Airteagal 26 an focal deiridh maidir le cinntí deighilte
struchtúraí don phríomh‑mhaoirseoir a bhfhuil freagracht aige as an
ngrúpa comhdhlúite. Is é sin an cur chuige atá roghnaithe ag roinnt moltaí
athchóirithe náisiúnta. Ba cheart don phríomh‑mhaoirseoir, sula ndéanfar
aon chinntí, dul i gcomhairle le maoirseoir baile na bhfochuideachtaí
suntasacha grúpa. 3.3.6. Caidreamh
le tríú tíortha (Caibidil VI) Déantar foráil in Airteagal 27
maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh le hathchóirithe struchtúracha tríú
tíre a aithint a bheith coibhéiseach nuair a chomhlíonann siad coinníollacha
áirithe. 3.3.7. Smachtbhannaí
agus bearta riaracháin (Caibidil VII) Léiríonn Caibidil VII na
beartais chothrománacha reatha in earnáil na seirbhísí airgeadais a bhaineann
le smachtbhannaí agus bearta. Sainíonn sí cur chuige coiteann ar sháruithe
phríomhchuspóir an Rialacháin atá beartaithe agus leagann sí síos na
smachtbhannaí riaracháin agus na bearta ar cheart go mbeadh de chumhacht ag na
húdaráis inniúla chun iad a chur i bhfeidhm i gcás na bpríomh‑sháruithe. 3.3.8. Tuairisciú
agus Athbhreithniú (Caibidil VIII) B'ionann glacadh an togra seo agus an chéad
sraith rialacha maidir le deighilt struchtúrach a mbeadh feidhm acu maidir le
bainc ag leibhéal an Aontais. Is tábhachtach, dá bhrí sin, a mheas cé acu a bhí
nó nach raibh na rialacha a bhfuil cur síos orthu thuas ina mbealach
éifeachtach agus éifeachtúil chun an aidhm agus na cuspóirí um athchóiriú
struchtúrach a bhaint amach. Chun na críche sin leagann an Chaibidil dheiridh
amach roinnt réimsí ina n‑athbhreithneoidh an Coimisiún an creat go
ginearálta agus go sonrach araon (Airteagal 34). Mar shampla, díreoidh
athbhreithnithe ar chur i bhfeidhm na dtairseacha, ar chur i bhfeidhm agus ar
éifeachtacht an toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 6, raon feidhme na
ngníomhaíochtaí atá faoi réir an athbhreithnithe, agus ar oiriúnacht agus cur i
bhfeidhm na méadrachta. 3.3.9. Amchlár Léiríonn an méid seo a leanas na príomhdhátaí
a bhaineann le glacadh agus le cur i bhfeidhm phríomhfhorálacha an togra seo, ar
an mbonn go nglacfaidh an PE agus an Chomhairle téacs deiridh an Rialacháin
faoi Mheitheamh 2015: ·
Glacann an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe is
gá do chur chun feidhme forálacha tábhachtacha faoin 1 Eanáir 2016 ·
foilsítear liosta na mbanc a mhaolaítear agus a
dhíolmhaítear an 1 Iúil 2016, agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin ·
tagann an toirmeasc ar thrádáil dílseánaigh i
bhfeidhm an 1 Eanáir 2017; ·
beidh na forálacha maidir le deighilt na
ngníomhaíochtaí trádála ó institiúidí creidmheasa i bhfeidhm an 1 Iúil 2018. 4. Impleachtaí
buiséadacha Léirítear tionchar airgeadais agus buiséadach
an togra sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis seo. 2014/0020 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta struchtúracha chun
athléimneacht bhainc an AE a fheabhsú (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[20],
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach[21], Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí[22], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Tá i
gcóras airgeadais an Aontais breis is 8 000 banc de mhéideanna éagsúla a
bhfuil strúchtúir chorparáideacha agus samhlacha gnó éagsúla acu; roinnt acu is
i bhfoirm grúpaí móra baincéireachta a dhéanann sraith uilechuimsitheach
gníomhaíochtaí atá siad. Gréasán casta d'eintitis dhlíthiúla agus de ghaolta
laistigh de ghrúpaí is ea na grúpaí sin. Tá siad nasctha go dlúth le chéile de
thoradh iasachtaí idir bhainc agus de thoradh mhargaí na ndíorthach. Is féidir
tionchar rífhairsing agus ollmhór a bheith ann i gcás ina dteipeanna ar na
bainc mhóra seo. (2) Tá
léirithe ag an ngéarchéim airgeadais go bhfuil bainc an Aontais idirnasctha
agus go bhfuil riosca ann don chóras airgeadais dá dhroim sin. Dá thoradh sin,
ba dhúshlánach réiteach a dhéanamh go dtí seo; bhí grúpaí baincéireachta ina n‑iomláine
bainteach leis, seachas na codanna neamh‑inmharthana díobh amháin; agus
bhí sé ag brath go mór ar thacaíocht phoiblí. (3) Ó thús
na géarchéime airgeadais, tá an tAontas agus a Bhallstáit ag gabháil
d'ollchóiriú bunúsach ar rialáil agus ar mhaoirseacht banc, lena n‑áirítear
na chéad bhearta a dhéanamh i dtreo aontais bhaincéireachta. I bhfianaise a
dhonacht a bhí an ghéarchéim airgeadais agus an gá a áirithiú gur féidir gach
banc a réiteach, ba ghá a mheas an raibh gá le tuilleadh beart chun an
dóchúlacht go dteipfeadh ar na bainc is mó agus is casta, agus an tionchar a
bhainfeadh leis sin, a laghdú tuilleadh. Ceapadh Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil
chuige sin, a raibh Erkki Liikanen ina chathaoirleach air. Mhol an grúpa sin go
ndéanfaí trádáil dílseánaigh agus gníomhaíochtaí trádála ardriosca eile a chur
go héigeantach in eintiteas dlíthiúil ar leith laistigh den ghrúpa
baincéireachta i gcás na mbanc is mó agus is casta. (4) Cuirfidh
an clár athchóirithe rialála baincéireachta atá ar siúl faoi láthair go mór le
hathléimneacht banc aonair agus na hearnála baincéireachta ina hiomláine. Tá
foghrúpa teoranta de na grúpaí baincéireachta is mó agus is casta san Aontas,
áfach, atá fós rómhór le teip, rómhór le sábháil agus róchasta le bainistiú, le
maoirsiú agus le réiteach. Dá bhrí sin, comhlánú tábhachtach ar thionscnaimh
agus ar bhearta rialála eile is ea an t‑athchóiriú struchtúrach, mar gur
bealach amháin a bheadh ann le dul i ngleic go díreach le castacht laistigh de
ghrúpaí, le fóirdheontais laistigh de ghrúpaí, agus le dreasachtaí chun rioscaí
iomarcacha a thógáil. Tá bearta glactha ag roinnt Ballstát, nó tá siad ag
cuimhneamh ar iad a ghlacadh, chun athchóiriú struchtúrach a dhéanamh ina
gcórais bhaincéireachta féin. (5) An 3 Iúil 2013,
d'iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún foráil a dhéanamh maidir le cur
chuige, a bheadh bunaithe ar phrionsabail i ndáil le hathchóiriú struchtúrach a
dhéanamh ar earnáil bhaincéireachta na hEorpa. (6) Is é is
bunús dlí don togra seo Airteagal 114 (1) den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh (CFAE), lenar féidir bearta a ghlacadh chun forálacha
náisiúnta atá dírithe ar bhunú agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a
chomhfhogasú. (7) De
dheasca neamhréire i reachtaíocht náisiúnta nach saothraíonn na spriocanna
beartais céanna ar bhealach atá comhoiriúnach agus a bheadh comhionann leis na
sásraí atá beartaithe sa Rialachán seo, méadaítear an seans go n‑imreofar
tionchar diúltach ar chinntí rannpháirithe sa mhargadh maidir le gluaiseacht
caipitil toisc go bhféadfadh rialacha agus cleachtais atá éagsúil agus neamhréireach
méadú suntasach a dhéanamh ar chostais oibriúcháin institiúidí creidmheasa atá
ag oibriú thar theorainneacha agus dá dhroim sin d'fhéadfadh sé nach mbeadh
leithdháileadh acmhainní agus caipitil chomh héifeachtúil agus a bheadh sé dá
mbeadh gluaiseacht caipitil faoi réir rialacha comhchosúla agus comhréireacha.
Ar na cúiseanna céanna, imreoidh rialacha atá éagsúil agus neamhréireach
tionchar diúltach ar chinntí rannpháirtithe margaidh maidir le cá háit agus
conas seirbhísí airgeadais trasteorann a sholáthar. D'fhéadfadh rialacha atá
éagsúil agus neamhréireach arbatráiste geografach a spreagadh go
neamhbheartaithe. Tá gluaiseacht caipitil agus soláthar seirbhísí trasteorann
bunriachtanach le haghaidh dea-fheidhmiú mhargadh inmheánach an Aontais. Gan cur
chuige ar fud an Aontais, beidh ar institiúidí creidmheasa a gcuid struchtúr
agus oibriúchán a chur in oiriúint laistigh de theorainneacha náisiúnta, rud a
fhágfaidh níos casta fós iad, agus a fhágfaidh an margadh inmheánach níos
ilroinnte. (8) De
dheasca neamhréire i reachtaíocht náisiúnta, baintear an bonn d'iarrachtaí
leabhar rialacha aonair a chruthú a bheadh infheidhme sa mhargadh inmheánach
ina iomláine. Dá dtarlódh amhlaidh bheadh sé mar éifeacht aige freisin go
laghdófaí éifeachtacht an tSásra Aonair Maoirseachta[23], toisc go mbeadh ar an
mBanc Ceannais Eorpach sraith reachtaíochta éagsúil agus neamhréireach a chur i
bhfeidhm ar institiúidí creidmheasa atá faoina mhaoirsiú, rud a chuirfeadh le
costais maoirseachta agus le castacht. De dheasca neamhréire i reachtaíocht
náisiúnta, is deacra agus is costasaí institiúidí creidmheasa trasteorann a
bhainistiú, go háirithe ó thaobh comhlíonadh a áirithiú i leith rialacha atá
éagsúil agus a d'fhéadfadh a bheith neamhréireach. Ar an gcuma chéanna, bheadh
ar an Sásra Aonair Réitigh[24]
institiúidí creidmheasa a réiteach a bheadh faoi réir ceanglas náisiúnta i
dtaobh a struchtúir eagraíochtúil agus oibriúcháin a d'fhéadfadh a bheith
éagsúil ó chéile. (9) De bharr
comhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, is féidir a áirithiú go mbeidh grúpaí
baincéireachta an Aontais, a bhfuil go leor acu ag feidhmiú i roinnt Ballstát,
á rialú ag creat coiteann de cheanglais struchtúracha, rud a sheachnóidh
saobhadh iomaíochta, a laghdóidh castacht rialála, a sheachnóidh costais
chomhlíonta gan údar do ghníomhaíochtaí trasteorann, a chuirfidh le comhtháthú
ar mhargadh an AE agus a chuideoidh le deireadh a chur le deiseanna arbatráiste
rialála. (10) I
gcomhréir leis an sprioc cuidiú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart
a bheith in ann maolú a dheonú d'institiúid chreidmheasa ar na forálacha maidir
le deighilt gníomhaíochtaí trádála áirithe i gcás ina bhfuil reachtaíocht
phríomha náisiúnta glactha ag Ballstát roimh an 29 Eanáir 2014 (lena n‑áirítear
reachtaíocht thánaisteach arna glacadh ina dhiaidh sin) lena gcuirtear
toirmeasc ar institiúidí creidmheasa, a ghlacann taiscí ó dhaoine aonair agus ó
fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), déileáil in infheistíochtaí mar
phríomhghnó agus sócmhainní trádála a bheith ina seilbh. Ba cheart, dá bhrí
sin, an Ballstát a bheith i dteideal iarraidh ar an gCoimisiún maolú a dheonú
ar an forálacha maidir le deighilt gníomhaíochta trádála áirithe i gcás
institiúide creidmheasa atá faoi réir na reachtaíochta náisiúnta atá
comhoiriúnach do na forálacha sin. Ligfeadh sé sin do Bhallstáit a bhfuil
reachtaíocht phríomha i bhfeidhm acu cheana, ar reachtaíocht í a bhfuil a
héifeachtaí coibhéiseach agus comhréireach leis an Rialachán seo, gan forálacha
éifeachtacha atá ann cheana a ailíniú. Lena áirithiú nach baol tionchar na
reachtaíochta náisiúnta sin, ná na bearta cur chun feidhme a leanfaidh í,
d'aidhm ná d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ní mór an reachtaíocht
náisiúnta agus na socruithe gaolmhara maoirseachta agus forfheidhmithe a bheith
in ann a áirithiú go gcomhlíonann institiúidí creidmheasa a ghlacann taiscí
incháilithe ó dhaoine aonair agus ó FBManna ceanglais atá ceangailteach ó
thaobh dlí de atá coibhéiseach agus comhoiriúnach do na forálacha dá
bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart an cúram a bheith ar an údarás inniúl
a dhéanann maoirsiú ar an institiúid chreidmheasa atá faoi réir na
reachtaíochta náisiúnta i gceist tuairim a thabhairt agus ba cheart í a bheith
ag gabháil leis an iarraidh le haghaidh maolú. (11) De réir Airteagal 4(1)(i)
de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013[25]
ón gComhairle tá an chumhacht ag an BCE cúraimí maoirseachta a dhéanamh i ndáil
le hathruithe struchtúracha a éilítear ar institiúidí creidmheasa chun cosc a
chur ar strus airgeadais nó ar theip airgeadais má ordaítear amhlaidh go
sainráiteach d'údaráis inniúla i ndlí an Aontais.. (12) Tá sé
beartaithe leis an Rialachán seo laghdú a dhéanamh ar thógáil rioscaí
iomarcacha agus ar fhás mear sa chlár comhardaithe, ar dheacrachtaí réitigh
agus faireacháin, ar choinbhleachtaí leasa, ar shaobhadh iomaíochta, agus ar
mhí-leithdháileadh caipitil. Tá sé beartaithe leis freisin institiúidí a
dhéanann gníomhaíochtaí a bhfuil líontán sábhála poiblí tuillte dóibh a
chosaint ó chaillteanais arna dtabhú de dheasca gníomhaíochtaí eile. Dá bhrí
sin, ba cheart do na rialacha riachtanacha cuidiú chun bainc a dhíriú arís ar a
gcroí-ról atá dírithe ar chaidreamh, mar atá freastal ar an bhfíorgheilleagar,
agus chun a sheachaint go leithdháilfí an iomarca caipitil bainc ar thrádáil,
rud a bhíonn iasachtú chuig an ngeilleagar neamhairgeadais thíos leis. (13) Ní bheidh
feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus grúpaí a
bhfuil gníomhaíochtaí trádála acu a shásaíonn tairseacha atá leagtha amach sa
Rialachán. Tá sé sin i gcomhréir le bheith ag díriú go sainráite ar an
bhfoghrúpa teoranta de na hinstitiúidí creidmheasa agus grúpaí is mó agus is
casta atá, in ainneoin gníomhartha reachtacha eile, fós rómhór le teip, rómhór
le sábháil agus róchasta le bainistiú, le maoirsiú agus le réiteach. Dá réir
sin, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo ach maidir leis
na hinstitiúidí creidmheasa sin agus na grúpaí de chuid an Aontais a mheastar
tábhacht chórasach dhomhanda a bheith leo nó a sháraíonn tairseacha coibhneasta
áirithe agus dearbhthairseacha áirithe atá bunaithe ar cuntasaíocht ó thaobh a
ngníomhaíochtaí trádála agus a ndearbhmhéide de. Féadfaidh na Ballstáit nó na
húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh bearta comhchosúla a fhorchur ar
institiúidí creidmheasa beaga. (14) Ba cheart
raon feidhme críochach an Rialacháin seo a bheith leathan chun a áirithiú nach
ndéanfar iomaíocht a shaobhadh agus nach mbeifear in ann teacht timpeall air.
Mar sin féin, fochuideachtaí i dtríú tíortha ar le máthairchuideachtaí AE iad
nó brainsí AE d'institiúidí creidmheasa atá bunaithe i dtríú tíortha a thagann
faoi raon feidhme an Rialacháin seo, má tá siad faoi réir beart a bhfuil, i
dtuairim an Choimisiúin, éifeacht acu atá coibhéiseach leis na bearta sa
Rialachán seo, ba cheart iad a bheith díolmhaithe. Ba cheart údaráis inniúla a
bheith in ann freisin fochuideachtaí eachtracha grúpaí a bhfuil
máthairchuideachta AE acu a dhíolmhú má tá siad uathrialach agus mura mbeadh
ach tionchar teoranta ag a dteip ar an ngrúpa ina iomláine. (15) Ba cheart
toirmeasc a bheith ar institiúidí creidmheasa agus eintitis ar leis an ngrúpa
céanna iad ionstraimí airgeadais agus tráchtearraí a cheannach agus a dhíol dá
gcuntas féin, mar gur teoranta an luach breise atá ag an ngníomhaíocht sin do
leas an phobail, má tá luach breise ar bith aici, agus mar go mbaineann riosca
go dlúth léi. (16) Is
deacair idirdhealú a dhéanamh idir trádáil dílseánaigh agus cruthú margaidh.
Chun an deacracht sin a shárú, ba cheart an toirmeasc ar thrádáil dílseánaigh a
bheith teoranta do dheasca, d'aonaid, do rannáin nó do thrádálaithe aonair atá
dírithe go sonrach ar thrádáil dílseánaigh. Níor cheart bainc a bheith in ann
teacht timpeall ar an toirmeasc trí infheistithe a reáchtáil in eintitis
neamhbhainc atá i mbun trádála dílseánaigh, ná trí thairbhiú díobh. (17) Lena
áirithiú go bhféadfaidh eintitis atá faoi réir an toirmisc ar thrádáil
dílseánaigh leanúint de cuidiú le maoiniú an gheilleagair, ba cheart ligean
dóibh infheistiú i liosta iata de chistí. Ba cheart cistí infheistíochta
malartacha (CIManna) iata agus neamhghiaráilte, cistí caipitil fiontair
Eorpacha, cistí fontraíochta sóisialta Eorpacha agus cistí infheistíochta
fadtéarmaí Eorpacha a bheith ar an liosta cuimsitheach sin. Lena áirithiú nach
gcuirfidh na cistí sin inmharthanacht agus fóntacht airgeadais na n‑institiúidí
creidmheasa a infheistíonn iontu i mbaol, tá sé bunriachtanach, maidir leis na
CIManna iata agus neamhghiaráilte inar féidir le hinstitiúidí creidmheasa
infheistiú fós, gurb iad bainisteoirí CIManna atá údaraithe agus maoirsithe i
gcomhréir leis na forálacha ábhartha i dTreoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle[26]
a bhainisteoidh iad, agus go bhfuil na CIManna sin bunaithe san Aontas nó, más
rud é nach bhfuil siad bunaithe san Aontas, go margaítear san Aontas iad i
gcomhréir le rialacha na Treorach sin. (18) Ba cheart
a ligean do na heintitis atá faoi réir an toirmisc ar thrádáil dílseánaigh a
gcaipiteal dílis a úsáid le hinfheistíochtaí a dhéanamh faoi chuimsiú a
mbainistíochta airgid. Ba cheart an bhainistíocht airgid a bheith ina
gníomhaíocht a bhfuil sé mar aidhm aici luach an chaipitil dhílis a chaomhnú
agus san am céanna riosca creidmheasa a scaipeadh thar roinnt contrapháirtithe
agus leachtacht an chaipitil dhílis a uasmhéadú. Agus a mbainistíocht airgid á
déanamh ag eintitis atá faoi réir an toirmisc ar thrádáil dílseánaigh, níor
cheart é a bheith mar chuspóir acu torthaí a fháil atá níos mó ná na rátaí
margaidh airgid, agus ba cheart dóibh an ráta toraidh ó bhanna rialtais
archáilíocht de thrí mhí a úsáid mar thagarmharc. (19) Is éard
atá i sócmhainní coibhéiseacha airgid ionstraimí a ndéileáiltear go hiondúil
leo ar an margadh airgid, amhail billí státchiste agus údaráis áitiúil,
deimhnithe taisce, páipéar tráchtála, deimhniúcháin baincéirí, nótaí
gearrthéarmacha nó aonaid nó scaireanna de chistí margaidh airgid rialaithe.
Chun toirmeasc a chur ar dhíol folamh, ba cheart sócmhainní coibhéiseacha
airgid a bheith i seilbh institiúide creidmheasa sula mbíonn sí in ann na sócmhainní
sin a dhíol. (20) Le
beartais luacha saothair a spreagann tógáil rioscaí iomarcacha is féidir an
bonn a bhaint de bhainistiú riosca fónta agus éifeachtach banc. Tríd an dlí
ábhartha de chuid an Aontais atá ann cheana a chomhlánú, ba cheart d'fhorálacha
luacha saothair cuidiú cosc a chur ar theacht timpeall ar an toirmeasc ar
thrádáil dílseánaigh. Ar an gcuma chéanna, ba cheart dóibh deireadh a chur le
haon trádáil dílseánaigh iarmhartach nó folaigh atá á déanamh ag
croí-institiúidí creidmheasa, agus bainstíocht riosca stuama á déanamh. (21) Ba cheart
do chomhlacht bainistíochta an eintitis atá faoi réir an toirmisc ar thrádáil
dílseánaigh comhlíonadh an toirmisc sin a áirithiú. (22) Sa bhreis
ar thrádáil dílseánaigh, déanann institiúidí creidmheasa móra a lán
gníomhaíochtaí trádála eile, amhail gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh,
eisiúna, infheistíochta agus urraíochta a bhaineann le hurrúsú a bhfuil riosca
ag baint leis, nó struchtúrú, eagrú, nó cur i gcrích idirbheart díorthacha
casta. Is minic a bhaineann na gníomhaíochtaí trádála sin le gníomhaíochtaí
cliant, ach mar sin féin, d'fhéadfaí cúis imní a bheith iontu. I bhfianaise,
áfach, go bhféadfadh na gníomhaíochtaí sin a bheith úsáideach níor cheart iad a
bheith faoi réir toirmisc dhírigh. Seachas sin, ba cheart go bhfanfadh na
gníomhaíochtaí sin faoi réir measúnú ex post a dhéanfaidh an t‑údarás
inniúil, agus d'fhéadfaidís a bheith faoi réir ceanglais go ndeighlfí ón gcuid
eile de ghníomhaíochtaí an ghrúpa iad. (23) Más rud
é, agus na gníomhaíochtaí trádála á meas aige, go gcinneann an t‑údarás
inniúil go sáraíonn siad méadraigh áirithe ó thaobh méide coibhneasta, giarála,
castachta, brabúsachta agus riosca mhargaidh bhaintigh de, chomh maith le
hidirnascthacht, ba cheart dó deighilt na ngníomhaíochtaí sin ón
gcroí-institiúid chreidmheasa a cheangal ach amháin más féidir leis an
gcroí-institiúid chreidmheasa a léiriú ar bhealach a shásóidh an t‑údarás
inniúil nach baol na gníomhaíochtaí trádála sin do chobhsaíocht airgid na
croí-institiúide creidmheasa ná do chóras airgeadais an Aontais ina iomláine,
ag cur san áireamh na gcuspóirí atá leagtha amach sa Rialachán seo. (24) Is ann do
chúiseanna imní ar leith i ndáil le cruthú margaidh. D'fhéadfaí bac a bheith ar
inréiteacht bainc de dheasca trádála agus fardail laistigh de ghrúpa mór
baincéireachta, toisc go ndéileáiltear le suímh trádála aonair ar an mbealach
céanna le linn próisis réitigh, bíodh siad ann de thoradh cruthú margaidh faoi
bhrí gníomhaíochtaí cliant nó de thoradh amhantraíochta. Thairis sin, bíonn
cruthaitheoirí margaidh idirnasctha le grúpaí móra baincéireachta eile. Ina
theannta sin, is féidir le cruthaitheoirí margaidh a bheith neamhchosanta ar
riosca contrapháirtí suntasach agus is féidir leis an mbealach nithiúil ina
bhfeidhmíonn cruthú margaidh a bheith éagsúil i ndáil leis na hionstraimí
airgeadais agus na samhlacha margaidh éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart aird ar
leith a thabhairt ar na gníomhaíochtaí sin le linn mheasúnú an údaráis inniúil. (25) De
thoradh gníomhaíochtaí áirithe a bhaineann le hurrúsú, bhí institiúidí
creidmheasa in ann rioscaí a charnadh go tapa, rioscaí a comhchruinniú laistigh
den earnáil arna giaráil, spleáchas idir idirghabhálaithe airgeadais ar
fhiachas gearrthéarmach a fhás go suntasach, agus idirghabhálaithe airgeadais a
dhéanamh i bhfad níos idirnasctha. Mura gcomhlíonann urrúsú critéir íosta
áirithe le go measfar go bhfuil sé d'ardcháilíocht, beidh riosca leachtachta
suntasach ag institiúidí creidmheasa fós. Thairis sin, d'fhéadfaí idirnascadh
institiúidí creidmheasa a theacht as infheistiú i dtáirgí urrúsaithe a bhfuil
riosca ag baint leo agus bac is ea é sin ar réiteach ordúil mear. Dá dhroim
sin, tá aird ar leith ar na gníomhaíochtaí sin de dhíth le linn mheasúnú an
údaráis inniúil. (26) Chun
deighilt éifeachtach a áirithiú ó thaobh dlí, eacnamaíochta, rialachais agus
oibriúcháin de, ba cheart do chroí-institiúidí creidmheasa rialacha maidir le
caipiteal, leachtacht agus neamhchosaint mhór a chomhlíonadh ar bhonn foghrúpa
fheidhmiúil. Ba cheart rialachas neamhspleách láidir agus comhlachtaí
bainistíochta ar leith a bheith acu. (27) Tá
struchtúr sonrach úinéireachta agus eacnamaíoch ag grúpaí atá cáilithe mar
chumainn fhrithpháirteacha, comharchumainn, institiúidí coigiltis nó
institiúidí cosúil leo. Le cuid de na rialacha a bhaineann le deighilt a chur i
bhfeidhm d'fhéadfadh athruithe forleathana ar eagrúchán struchtúrach na n‑eintiteas
sin a bheith de dhíth agus d'fhéadfadh na costais a bheith díréireach leis na
sochair . A mhéid a thagann na grúpaí sin faoi raon feidhme an Rialacháin,
féadfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh a dhéanamh ligean do
chroí-institiúidí creidmheasa a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 49(3)(a)
nó (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ionstraimí caipitil nó cearta vótála
a bheith acu in eintiteas trádála i gcás ina measfaidh an t‑údarás
inniúil gur fíor-riachtanach na hionstraimí caipitil nó na cearta vótála sin a
bheith acu ar mhaithe le feidhmiú an ghrúpa agus go bhfuil bearta
leordhóthanacha déanta ag an gcroí-institiúid chun na rioscaí ábhartha a mhaolú
mar is iomchuí. (28) Is é is
aidhm le teorainneacha ar neamhchosaint mhór, institiúidí creidmheasa a
chosaint ar an riosca go dtabhóidh siad caillteanais de thoradh a bheith
dírithe an iomarca ar chliant amháin nó ar ghrúpa cliant nascatha. Dlúthchuid
den Rialachán seo is ea na srianta sin a chur i bhfeidhm idir na codanna
deighilte laistigh den institiúid chreidmheasa nó grúpa, agus idir an
chroí-institiúid chreidmheasa agus eintitis sheachtracha a dhéanann gníomhaíochtaí
trádála. D'ainneoin na dteorainneacha aonair sin ar neamhchosaint, áfach, is
féidir leis an neamhchosaint mhór chomhiomlán a bheith suntasach i gcónaí. Ba
cheart, dá bhrí sin, teorainn ar neamhchosaint mhór chomhiomlán a bheith mar
chomhlánú ar na teorainneacha aonair. Chun teorainn a chur ar úsáid an líontáin
sábháilte phoiblí ar ghníomhaíochtaí atá faoi réir a ndeighitle agus chun dealú
soiléir a dhéanamh idir ghníomhaíochtaí eintitis trádála agus an
chroí-institiúid chreidmheasa, ba cheart toirmeasc a bheith ar na heintitis
trádála taiscí a ghlacadh atá incháilithe le haghaidh árachais taiscí. Níor
cheart don toirmeasc sin cosc a chur ar mhalartú comhthaobhachta a bhaineann
lena ngníomhaíochtaí trádála agus leo sin amháin. Ionas nach ndúnfar foinse
bhreise creidmheasa, áfach, ba cheart ligean don eintiteas trádála creidmheas a
thabhairt dá chliaint uile. Thairis sin, cé go bhféadfadh sé go mbeadh ar an
eintiteas trádála seirbhísí íocaíochta mórdhíola, imréitigh agus socraíochta a
sholáthar, níor cheart é a bheith bainteach le seirbhísí íocaíochta miondíola. (29) Gan beann
ar dheighilt, ba cheart an chroí-institiúid chreidmheasa a bheith in ann a
riosca féin a bhainistiú. Ba cheart gníomhaíochtaí trádála áirithe a cheadú dá
bhrí sin, sa mhéid gur dírithe ar bhainistíocht stuama chaipiteal, leachtacht
agus chistiú na croí-institiúide atá siad agus nach cúis imní maidir lena
cobhsaíocht airgeadais iad. Ar an gcuma chéanna, caithfidh na croí-institiúidí
creidmheasa a bheith in ann seirbhísí riachtanacha áirithe bainistithe riosca a
sholáthar dá gcliaint. Ba cheart é sin a dhéanamh, áfach, gan an
chroí-institiúid chreidmheasa a bheith neamhchosanta ar riosca nach gá agus gan
imní a chruthú i leith a cobhsaíochta airgeadais. Gníomhaíochtaí fálaithe atá
incháilithe chun críche bainistiú stuama a dhéanamh ar riosca dílis agus chun
seirbhísí bainistithe riosca a sholáthar do chliaint, is féidir leo cáiliú mar
chuntasaíocht fálaithe de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú
Airgeadais. (30) Le cur le
héifeacht an phróisis cinnteoireachta atá beartaithe sa Rialachán seo agus chun
a áirithiú a oiread is féidir go bhfuil comhsheasmhact idir bearta arna
bhforchur faoin Rialachán seo, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi Threoir [Treoir maidir le
Téarnamh agus Réiteach na mBanc] agus faoi Threoir 2013/36/AE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[27],
ba cheart d'údaráis inniúla agus d'údaráis réitigh ábhartha oibriú i
ndlúthchomhar le chéile i ngach uile chás agus na cumhachtaí uile arna
dtabhairt dóibh i ndlí ábhartha an Aontais. Ba cheart go gcumhdódh an dualgas
oibriú i gcomhar le chéile gach céim den nós imeachta a leanann údarás inniúil
chun cinneadh deiridh a dhéanamh maidir le bearta struchtúracha a fhorchur. (31) Bíonn
tionchar suntasach ag deighilt ar struchtúr dlíthiúil, eagraíochtúil agus
oibriúcháin grupaí baincéireachta. Lena áirithiú go gcuirfear an deighilt i
bhfeidhm go héifeachtach agus go héifeachtúil agus le cosc a chur ar dheighilt
grúpaí de réir tíreolaíochta, ba cheart cinntí maidir le deighilt a dhéanamh ar
leibhéal an ghrúpa agus ba cheart don mhaoirseoir comhdhlúthaithe iad a
dhéanamh tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla atá ag
fochuideachtaí tábhachtacha an ghrúpa baincéireachta de réir mar is iomchuí. (32) Chun
trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a chur chun cinn ar mhaithe leis na
geallsealbhóirí uile sa mhargadh, ba cheart don Údarás Baincéireachta Eorpach
(ÚBE) liosta d'institiúidí creidmheasa agus de ghrúpaí, atá faoi réir na
gceanglas maidir le toirmeasc trádála dílseánaigh agus deighilt gníomhaíochtaí
trádála áirithe, a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta ar a shuíomh
gréasáin. (33) Sa mhéid
go mbaineann próiseáil sonraí pearsanta le nochtadh faisnéise i ndáil le
maoirseacht stuamachta agus chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart
na sonraí sin a bheith faoi chosaint ina n‑iomláine ag creat dlíthiúil an
Aontais. Go háirithe, ní choinneoidh an t‑údarás inniúil sonraí pearsanta
ach ar feadh na tréimhse is gá, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme
maidir le cosaint sonraí[28]. (34) Tarraingíonn
deighilt athruithe ar struchúr dlíthiúil, eagraíochtúil agus oibriúcháin na
ngrúpaí baincéireachta lena mbaineann, agus bíonn costais i gceist leis sin ar
fad. Chun teorainn a chur ar an riosca go gcuirfear costais ar aghaidh chuig na
cliaint agus chun an t‑am is gá a thabhairt do na hinstitiúidí
creidmheasa leis an gcinneadh maidir le deighilt a chur i gcrích go hordúil,
níor cheart deighilt a bheith infheidhme a luaithe a thiocfaidh an Rialachán i
bhfeidhm, seachas sin ba cheart feidhm a bheith léi ón [Oifig na
bhFoilseachán, cuir isteach an dáta beacht 18 mí ó dháta foilsithe an
Rialacháin seo]. (35) Soláthar
na seirbhísí nó na ngníomhaíochta infheistíochta uile, nó cuid díobh, mar
ghairm nó mar ghnó rialta ar bhonn gairmiúil ag eintitis éagsúla faoin
Rialachán seo de thoradh athruithe struchtúracha arna bhforchur ar institiúidí
creidmheasa móra, casta agus idirnasctha, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir le
forálacha Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[29]. I gcás ina
bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le tuilleadh srianta ar chumas na n‑eintiteas
sin seirbhísí infheistíochta a dhéanamh sa bhreis ar na cinn atá sainithe i dTreoir 2004/39/CE,
ba cheart forlámhas a bheith ag forálacha an Rialacháin seo. Leis na seirbhísí
nó gníomhaíochtaí infheistíochta sin a dhéanamh, ní mór údarú a fháil roimh ré
i gcomhréir le forálacha Threoir 2004/39/CE cé is moite d'institiúidí
creidmheasa atá údaraithe faoi Threoir 2013/36/AE. (36) Ba cheart
don Choimisiún oibriú i gcomhar le húdaráis tríú tíortha chun féachaint an
bhféadfaí teacht ar réitigh lena soláthrófaí tacaíocht fhrithpháirteach chun
comhsheasmhacht a áirithiú idir forálacha an Rialacháin seo agus na forálacha a
cheanglaíonn tríú tíortha. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann
a chinneadh go bhfuil creat dlíthiúil tríú tír coibhéiseach leis an Rialachán
seo, maidir lena shocruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe freisin. (37) Chun a
áirithiú go gcomhlíonfaidh eintitis atá faoi réir an Rialacháin seo na
hoibleagáidí a eascraíonn uaidh agus lena áirithiú go mbeidh siad faoi réir
cóireála comhchosúla ar fud an Aontais, ba cheart smachtbhannaí agus bearta
riaracháin atá éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach a áirithiú. Dá
bhrí sin, ba cheart na smachtbhannaí agus na bearta riaracháin atá leagtha síos
sa Rialachán seo ceanglais bhunriachtanacha áirithe a shásamh i ndáil le
seolaithe, na critéir atá le cur san áireamh agus smachtbhanna nó beart á chur
i bhfeidhm, foilsiú smachtbhannaí nó beart, príomhchumhachtaí smachtbhannaí
agus leibhéil na smachtbhannaí riaracháin airgid. (38) Chun na
ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo a shonrú, ba cheart an chumhacht chun
gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na
heilimintí neamhriachtanacha seo a leanas: leathnú an chineáil bannaí rialtais
nár cheart a bheith faoi thoirmeasc de réir Airteagal 6 agus nach bhfuil
ar údaráis inniúla iad a athbhreithniú ná a mheas lena ndeighilt; socrú na
dteorainneacha agus na gcoinníollacha ábhartha a úsáidfidh údarás inniúil lena
thoimhdiú nach mór gníomhaíochtaí áirithe a dheighilt; leathnú liosta na n‑ionstraimí
atá ceadaithe chun riosca dílis institiúide creidmheasa a bhainistiú; leathnú
liosta na n‑ionstraimí is féidir le hinstitiúid chreidmheasa a úsáid chun
rioscaí cliant a bhainistiú; ríomh na teorann nach féidir díorthaigh a dhíol ná
a thaifead ar chlár comhardaithe croí-institiúide creidmheasa os a cionn;
neamhchosaintí móra agus an méid aitheantais do theicnící maolaithe riosca
chreidmheasa; leasú na gcodanna a chomhdhéanann an coincheap
"gníomhaíochtaí trádála" a úsáidtear le haghaidh bhunú na
gcoinníollacha faoina gcuirfear i bhfeidhm Caibidil II agus Caibidil III
den Rialachán seo; sonrú na gcineálacha urrúsuithe nach baol iad do
chobhsaíocht airgeadais croí-institiúide creidmheasa ná do chóras airgeadais an
Aontais; na critéir chun coibhéis creata dlíthiúla agus maoirseachta tríú
tíortha a mheasúnú. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún
comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear
comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó
gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar
doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. (39) Chun
coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an
Rialacháin seo, go háirithe maidir leis na forálacha atá leagtha amach in Airteagal 21
agus in Airteagal 27, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt
don Choimisiún. (40) Leis na
caighdeáin theicniúla i seirbhísí airgeadais ba cheart go n‑áiritheofaí
comhchuibhiú comhsheasmhach agus cosaint leordhóthanach taisceoirí,
infheisteoirí agus tomhaltóirí ar fud an Aontais. Ós rud é gur comhlachtaí iad
a bhfuil saineolas atá thar a bheith speisialaithe acu, is éifeachtúil agus is
iomchuí forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála agus cur chun feidhme,
nach bhfuil baint acu le roghanna beartais, a chur mar chúram ar an ÚBE. Ba
cheart don ÚBE próisis riaracháin agus tuairiscithe éifeachtúla a áirithiú agus
caighdeáin theicniúla á ndréachtú aige. (41) Ba cheart
don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag an ÚBE a
ghlacadh maidir leis an modheolaíocht chun tomhas agus cur i bhfeidhm
comhsheasmhach a dhéanamh ar mhéadraigh i ndáil le ríomh na dtairseacha ar
cheart gníomhaíochtaí trádála a dheighilt os a coinn trí bhíthin gníomhartha
tarmligthe de bhun Airteagal 290 den CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10
go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle[30].
Ba cheart don Choimisiún agus don ÚBE a áirithiú go bhféadfaidh na hinstitiúidí
go léir lena mbaineann na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm ar bhealach atá
comhréireach le cineál, scála agus castacht na n‑institiúidí sin agus a
ngníomhaíochtaí. (42) Ba cheart
a chumhachtú don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna
bhforbairt ag an ÚBE a ghlacadh maidir leis an modheolaíocht chun an líon
gníomhaíochtaí trádála a dhéanann institiúidí creidmheasa agus grúpaí a ríomh,
an teimpléad aonfhoirmeach chun méid iomlán agus comhchodanna na
ngníomhaíochtaí trádála atá ag institiúidí creidmheasa agus ag
máthairchuideachtaí a nochtadh agus na nósanna imeachta agus na foirmeacha a
chinneadh chun faisnéis a mhalartú leis an ÚBE maidir le smachtbhannaí trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den CFAE agus i
gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. (43) I
gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí chun cosc a
chur le riosca sistéamach, strus airgeadais nó teip institiúidí creidmheasa atá
mór, casta agus idirnasctha rialacha a leagan síos maidir le toirmeasc trádála
dílseánaigh agus deighilt gníomhaíochtaí trádála áirithe. Ní théann an
Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá beartaithe a
bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas
Eorpach. (44) An
tsaoirse gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus dlíthe agus
cleachtais náisiúnta, tá sí aitheanta faoi Airteagal 16 de Chairt um
Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt). Tá sé de cheart ag gach
duine san Aontas gnólacht a thionscnamh nó leanúint de ghnólacht gan idirdhealú
ná srian neamhriachtanach a bheith air. Thairis sin, tá scairúinéireacht faoi
chosaint mar mhaoin faoi Airteagal 17 den Chairt. Tá sé de cheart ag
scairshealbhóirí a maoin a theachtadh, a úsáid agus a dhiúscairt, agus gan a
maoin a bheith bainte díobh in aghaidh a dtola. De thoradh an toirmisc ar
thrádáil dílseánaigh agus deighilt gníomhaíochtaí trádála áirithe, dá bhforáiltear
sa Rialachán seo, d'fhéadfaí difear a dhéanamh don tsaoirse gnó a sheoladh agus
do cheart maoine scairshealbhóirí nach mbeadh in ann, i gcás dá shórt, a maoin
a dhiúscairt gan srian. (45) Ba cheart
na srianta ar an tsaoirse gnó a sheoladh agus ar chearta scarshealbhóirí a
bheith i gcomhréir le hAirteagal 52 den Chairt. Níor cheart an cur isteach
ar na cearta sin a bheith díréireach. Dá réir sin, níor cheart toirmeasc ná
deighilt gníomhaíochtaí trádála a cheangal ach i gcás ina bhfuil sé ar mhaithe
le leas an phobail agus ina gcothaíonn sé dea-fheidhmiú mhargadh baincéireachta
an Aontais agus cobhsaíocht airgeadais. Níor cheart cosc a chur ar na
scairshealbhóirí lena mbaineann a gcearta dlíthiúla eile a úsáid, amhail an
ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil. (46) Urramaíonn
an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail atá
aitheanta sa Chairt, go háirithe an ceart ómóis don saol príobháideach agus
teaghlaigh, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart gnó a
sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir
a fháil, chomh maith le ceart na cosanta agus urramú an phrionsabail ne bis
in idem. Ní foláir an Rialachán seo a chur i bhfeidhm de réir na gceart
agus na bprionsabal sin. (47) Ós rud é
go dteastóidh a ndóthain ama ó eintitis a mbaineann an toirmeasc ar thrádáil
dílseánaigh leo chun an toirmeasc a chur chun feidhme, foráiltear sa Rialachán
seo maidir le feidhm a bheith ag an toirmeasc an [Oifig na bhFoilseachán,
cuir isteach an dáta beacht 18 mí tar éis dháta foilsithe an Rialacháin
seo]. Ar an gcuma chéanna, na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo
maidir leis na forálacha as a n‑eascraíonn cinneadh de chuid an údaráis
inniúil gur gá gníomhaíochtaí trádála a dheighilt ón gcroí-institiúid
chreidmheasa, agus na nósanna imeachta a bhfuil feidhm acu maidir le grúpaí de
thoradh an cinneadh sin a bheith glactha, tá siad casta agus teastaíonn am ní
hamháin chun iad a dhéanamh ach chun na bearta sin a chur chun feidhme ar
bhealach freagrach agus inmharthana. Dá bhrí sin is iomchuí feidhm a bheith ag
na forálacha sin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta beacht 36
mí tar éis dháta foilsithe an Rialacháin seo]. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Caibidil I Forálacha ginearálta Airteagal 1 Cuspóirí Féachtar leis an Rialachán seo le cosc a chur
le riosca sistéamach, anás airgeadais nó cliseadh eintiteas mór, casta agus
nasctha sa chóras airgeadais, go háirithe institiúidí creidmheasa agus, na
cuspóirí seo a leanas a chur i gcrích: (a)
tógáil riosca iomarcach san institiúid chreidmheasa
a laghdú; (b)
deireadh a chur leis na coinbhleachtaí leasa
ábhartha idir na codanna éagsúla san institiúid chreidmheasa; (c)
mí-leithdháileadh acmhainní a sheachaint agus
iasachtú don fíorgheilleagar a spreagadh; (d)
cur le dálaí iomaíochta neamhshaofa do gach
institiúid chreidmheasa laistigh den mhargadh inmheánach; (e)
idirnascthacht laistigh den earnáil airgeadais as a
dtagann riosca sistéamach a laghdú; (f)
bainistiú, faireachán agus maoirseacht na hinstitiúide
creidmheasa ar bhonn éifeachtach a éascú; (g)
réiteach ordúil agus téarnamh an ghrúpa a éascú; Airteagal 2 An t‑ábhar Leis an Rialachán seo, leagtar síos na
rialacha maidir le: (a)
trádáil dílseánaigh a thoirmeasc; (b)
gníomhaíochtaí áirithe trádála a dheighilt; Airteagal 3 Raon Feidhme 1. Beidh
feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na heintitis a leanas: (a)
aon institiúid chreidmheasa nó máthairchuideachta,
lena n‑áirítear gach brainse nó fochuideachta, is cuma cá bhfuil siad
suite, nuair a shainaithnítear í mar institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht
shistéamach léi (IDTSanna) agus Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE á
cur i bhfeidhm; (b)
aon cheann de na heintitis seo a leanas a bhfuil
sócmhainní iomlána acu, ar feadh trí bliana as a chéile, nach lú ná EUR 30 billiún
a luach ar a laghad agus gníomhaíochtaí trádála nach lú ná EUR 70 billiún a
luach ar a laghad nó deich faoin gcéad dá sócmhainní iomlána: (i) aon institiúid chreidmheasa atá bunaithe
san Aontas nach máthairchuideachta ná fhochuideachta í, lena n‑áirítear
gach brainse is cuma cá bhfuil siad suite; (ii) máthairchuideachta AE, lena n‑áirítear
gach brainse agus fochuideachta is cuma cá bhfuil siad suite, i gcás ina bhfuil
institiúid chreidmheasa atá bunaithe san Aontas ar cheann de na grúpeintitis; (iii) brainsí AE de hinstitiúidí creidmheasa
atá bunaithe i dtríú tíortha. Airteagal 4 Raon feidhme diúltach 1. Ní bheidh feidhm ag an
Rialachán seo maidir le: (a)
brainsí AE d'institiúidí creidmheasa atá bunaithe i
dtríú tíortha má tá siad faoi réir creata dhlíthiúil a mheastar a bheith
coibhéiseach i gcomhréir le hAirteagal 27(1); (b)
brainsí AE d'fhochuideachtaí atá bunaithe i dtríú
tíortha má tá siad faoi réir creata dhlíthiúil a mheastar a bheith coibhéiseach
i gcomhréir le hAirteagal 27(1); (c)
eintitis dá dtagraítear i bpointí (2) go dtí
(23) d'Airteagal 2(5) de Threoir 2013/36/AE. 2. I
dteannta pointe (b) de mhír 1, féadfaidh údarás inniúil fochuideachtaí de
mháthairchuideachtaí AE atá suite i dtríú tíortha a dhíolmhú ó na ceanglais i gCaibidil III
i gcás nach bhfuil aon rialacha ann a mheastar iad a bheith coibhéiseach le hAirteagail 10
go 16, agus Airteagal 20 má tá an t‑údarás inniúil sin sásta: (a)
go bhfuil straitéis réitigh chomhaontaithe ann idir
an t‑údarás réitigh ar leibhéal grúpa san Aontas agus an t‑údarás
óstach sa tríú tír; (b)
nach bhfuil aon éifeacht dhíobhálach ag an
straitéis réitigh ar chobhsaíocht airgeadais an Bhallstáit/na mBallstát ina
bhfuil an mháthairchuideachta AE nó grúpeintitis eile bunaithe. Airteagal 5 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
ag na sainmhínithe seo a leanas: 1. ciallaíonn
"institiúid chreidmheasa" institiúid chreidmheasa mar a
shainmhínítear í i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE)
Uimh.575/2013 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[31]; 2. ciallaíonn
''grúpa'' máthairghnóthas agus a fhothghnóthais; 3. ciallaíonn
''réiteach'' réiteach mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(1) den Treoir
maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc [TTRB]; 4. ciallaíonn
''trádáil dílseánaigh '' úsáid a bhaint as caipiteal dílis nó airgead a
fuarthas ar iasacht chun suíomhanna a ghlacadh in aon chineál idirbhirt chun
aon ionstraim airgeadais nó tráchtearraí a cheannach, a dhíol nó a fháil nó a
dhiúscairt, chun brábús a dhéanamh don chuntas dílis agus don chuntas dílis sin
amháin, agus é sin a dhéanamh gan aon bhaint le gníomhaíocht cliaint atá ann nó
a d'fhéadfadh a bheith ann, nó chun riosca an eintitis a fhálú mar gheall ar
ghníomhaíocht cliaint atá ann nó a d'fhéadfadh a bheith ann, trí úsáid a bhaint
as deasca, aonaid, rannáin nó trádálaithe aonair atá dírithe go sonrach ar
shuíomh mar sin a ghlacadh agus brábús a dhéanamh, agus úsáid clár trádála
dílseánaigh bunaithe ar an ngréasán san áireamh; 5. ciallaíonn
''máthairghnóthas AE'' máthairghnóthas i mBallstát nach bhfuil ina
fhochuideachta ag aon fhoghnóthais eile laistigh d'aon Bhallstát; 6. ciallaíonn
"fochuideachta" gnóthas fochuideachta mar a shainmhínítear í i bpointe (10)
d'Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle[32];
7. ciallaíonn
"údarás inniúil" údarás inniúil mar a shainmhínítear é i bpointe (40)
d'Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 575/2013, lena n‑áirítear
an BCE i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle; 8. ciallaíonn
"institiúid'' institiúid mar a shainmhínítear í i bpointe (3) d'Airteagal 4(1)
de Rialachán Uimh. 575/2013; 9. ciallaíonn
'máthairghnóthas' máthairghnóthas mar a shainmhínítear é i bpointe (9) d'Airteagal 2
de Threoir 2013/34/AE, lena n‑áirítear institiúid, cuideachta
shealbhaíochta airgeadais, cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha agus
cuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha; 10. ciallaíonn
''ionstraimí airgeadais'' ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear iad i
gCuid C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE; 11. ciallaíonn
''comhlacht bainistíochta'' mar a shainmhínítear é i bpointe (7) d'Airteagal 3
(1) de Threoir 2013/36/AE nó an comhlacht coibhéiseach nuair nach
institiúid é an t‑eintiteas i dtrácht; 12. ciallaíonn
''cruthú margaidh'' gealltanas institiúide airgeadais leachtacht mhargaidh a
sholáthar ar bhonn rialta leanúnach, trí phraghas dhá threo maidir le
hionstraim airgeadais áirithe a bhreacadh, nó mar chuid dá ghnó laethúil, trí
orduithe arna dtionscnamh ag na cliaint a chomhall nó mar fhreagairt ar
iarrataí na gcliant ar thrádáil, ach gan a bheith neamhchosanta ar riosca
margaidh san dá chás; 13. ciallaíonn
''urraitheoir'' urraitheoir mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d'Airteagal 4(1)
de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; 14. ciallaíonn
''urrúsú'' urrúsú mar a shainmhínítear é i bpointe (61) d'Airteagal 4(1)
de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; 15. ciallaíonn
''trádáil díorthach'' díorthaigh a cheannach nó a dhíol; 16. ciallaíonn
''croí-institiúid chreidmheasa'' institiúid chreidmheasa a ghlacann, ar a
laghad, taiscí atá incháilithe faoin Scéim Ráthaithe Taiscí i gcomhréir le
Treoir 94/19/CE[33]; 17. ciallaíonn
''tráchtearra'' tráchtearra mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 2
de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún[34]; 18. ciallaíonn
''grúpeintiteas'' eintiteas dlíthiúil ar cuid de ghrúpa é; 19. ciallaíonn
''eintiteas airgeadais'' eintiteas a thagann faoi cheann de na sainmhínithe seo
a leanas; –
eintiteas earnála airgeadais mar a shainmhínítear é
i bpointe (27) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; –
cistí infheistíochta malartacha iata agus
neamhghiaráilte (''CIM'') mar a shainmhínítear i dTreoir 2011/61/AE, nuair
atá na CIManna sin suite san Aontas nó, mura bhfuil siad suite san Aontas,
cuirtear ar an margadh iad san Aontas i gcomhréir le hAirteagail 35 nó 40
de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[35], cistí caipitil
fiontair cáilitheacha mar a shainmhínitear iad in Airteagal 3(b) de
Rialachán (AE) Uimh. 345/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[36], cistí fiontraíochta
sóisialta cáilitheacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(b) de
Rialachán (AE) Uimh. 346/2013[37]
agus CIManna atá údaraithe mar chistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha
(CIFTEnna) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [XXX/XXXX][38]; –
Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochtaí in Urrúis
Inaistrithe (GCUI) mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE[39]; –
eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin mar a
shainmhínítear é i bpointe (66) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; 20. ciallaíonn
''FBM'' gnóthas ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine agus a bhfuil
láimhdeachas bliantúil EUR 50 milliún nó faoina bhun ann, agus/nó iomlán a
chláir chomhardaithe bhliantúil EUR 43 milliún nó faoina bhun; 21. ciallaíonn
''déileáil in infheistíochtaí mar phriomhghnó'' urrúis a cheannach nó a dhíol,
suibscríobh d'urrúis nó infheistíochtaí bunaithe ar chonradh nó iad a
fhrithghealladh mar phríomhghnó; 22. ciallaíonn
''maoirseoir comhdhlúthaithe'' údarás inniúil atá freagrach as feidhmiú na
maoirseachta, ar bhonn comhdhlúite, ar mháthairchuideachta AE agus ar a
fochuideachtaí mar a shainmhínítear é i bpointe (48) d'Airteagal 4(1)
de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Caibidil II Gníomhaíochtaí toirmiscthe Airteagal 6 Toirmeasc ar ghníomhaíochtaí trádála
áirithe 1. Ní
dhéanfaidh eintitis dá dtagraítear in Airteagal 3: (a)
tabhairt faoi thrádáil dílseánaigh; (b)
lena caipiteal dílis nó le hairgead a fuarthas ar
iasacht chun brábús a dhéanamh don chuntas dílis agus chun na críche sin
amháin: (i) aonaid nó scaireanna CIManna a fháil nó
a choimeád mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE;
(ii) infheistiú a dhéanamh i ndíorthaigh,
deimhnithe, innéacsanna nó in aon ionstraim airgeadais eile a bhfuil an
fheidhmíocht ceangailte le scaireanna nó aonaid CIManna; (iii) aon aonad nó scair a bheith ina sheilbh
a bhaineann le heintiteas a bhíonn i mbun trádála dílseánaigh nó a fhaigheann
aonaid nó scaireanna i CIManna. 2. Ní
bheidh feidhm ag an toirmeasc i bpointe (a) de mhír 1 maidir le: (a)
ionstraimí airgeadais arna n‑eisiúint ag
rialtais láir na mBallstát nó ag eintitis atá liostaithe i bpointe (2) d'Airteagal 117
agus in Airteagal 118 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; (b)
i gcás ina gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear in
Airteagal 3 na coinníollacha seo go léir: (i) úsáideann sé a chaipiteal dílis mar
chuid dá phróisis bhainistithe airgid; (ii) go heisiach, bíonn ina sheilbh aige,
ceannaíonn nó díolann nó faigheann nó diúscraíonn ar shlí eile airgead tirim nó
sócmhainní coibhéiseacha airgid. Ní foláir na sócmhainní coibhéiseacha airgid a
bheith ina n‑infheistíochtaí fíorleachtacha arna sealbhú san airgeadra
dílis, a bheith inchomhshóite go héasca go méid cinnte airgid, a bheith faoi
réir riosca neamhshuntasaigh athraithe sa luach, aibíocht a bheith leis nach
ngabhann thar 397 lá agus toradh nach mó é ná an ráta toraidh ó bhanna rialtais
archáilíochta trí mhí. 3. Ní
bheidh feidhm ag na srianta a leagtar síos i bpointe (b) de mhír 1 maidir
le CIManna iata nó neamhghiaráilte mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2011/61/AE
nuair atá na CIManna sin suite san Aontas nó, mura bhfuil siad suite san
Aontas, cuirtear ar an margadh iad san Aontas i gcomhreir le hAirteagail 35
nó 40 de Threoir 2011/61/AE, cistí caipitil fiontair cáilitheacha mar a shainmhínítear
iad in Airteagal 3(b) de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013/AE agus
CIManna atá údaraithe mar chistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha
(CIFTEnna) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [XXX/XXXX]. 4. Áiritheoidh
comhlacht bainistíochta gach eintitis dá dtagraítear in Airteagal 3 go
gcomhlíonfar na ceanglais arna leagan amach i mír 1. 5. Beidh
feidhm ag na ceanglais i mír 1 go mír 4 [OP please introduce exact date, 18
mí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo]. 6. Tabharfar
de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 36,
chun na hionstraimí seo a dhíolmhú ón toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (a)
de mhír 1: (a)
ionstraimí airgeadais seachas iadsan dá dtagraítear
i bpointe (a) de mhír 2 arna n‑eisiúint ag rialtais tríú tíortha, a
chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a
laghad leosan laistigh den Aontas, neamhchosaintí a gcuirfear ualú riosca 0
faoin gcéad i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagal 115 de
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; (b)
ionstraimí airgeadais arna n‑eisiúint ag
rialtais réigiúnacha na mBallstát, neamhchosaintí a gcuirfear ualú riosca 0
faoin gcéad i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagal 115 de
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Airteagal 7 Rialacha maidir le luach saothair Gan dochar do na rialacha maidir le luach
saothair mar atá leagtha síos i dTreoir 2013/36/AE, ceapfar agus cuirfear
chun feidhme beartas luacha saothair na n‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 3ar
shlí nach ndéanfar, go díreach nó go indíreach, aon bhall den fhoireann a
spreagadh nó a chúiteamh as tabhairt faoi ghníomhaíochtaí atá toirmiscthe faoi Airteagal 6(1). Caibidil III Gníomhaíochtaí trádála áirithe a dheighilt Airteagal 8 Raon feidhme na ngníomhaíochtaí 1. Chun
críocha na Caibidle seo, le gníomhachtaí trádála cuirfear gníomhachtaí eile san
áireamh seachas na cinn seo a leanas: (a)
glacadh le taiscí atá incháilithe faoin Scéim
Ráthaithe Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle[40]; (b)
iasachtú lena n‑áirítear, creidmheas
tomhaltóirí, comhaontuithe creidmheasa maidir le maoin dhochorraithe,
fachtóireacht bíodh iontaoibh i gceist nó ná bíodh, maoiniú idirbheart
tráchtála (lena n‑áirítear forghéilleadh); (c)
léasú airgeadais; (d)
seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(3)
de Threoir 2007/64/CE, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[41]; (e)
modhanna eile íocaíochta a eisiúint agus a riar
amhail seiceanna taistil agus dréachtaí baincéireachta sa mhéid nach dtagann
gníomhaíocht den sórt sin faoi phointe (d); (f)
bróicéireacht airgid, cumhdach agus riar urrús; (g)
seirbhísí teistiméireachta creidmheasa; (h)
seirbhísí slánchumhdaigh; (i)
eisiúint airgid leictreonaigh. 2. Ní
bheidh feidhm ag ceanglais Caibidle seo maidir le ceannach nó díol ionstraimí
airgeadais arna n‑eisiúint ag rialtais láir na mBallstát nó ag eintitis
atá liostaithe i bpointe (2) d'Airteagal 117 agus in Airteagal 118
de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. 3. Tabharfar
de chumhacht don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35
chun ionstraimí airgeadais a dhíolmhú: (a)
ionstraimí airgeadais seachas iadsan dá dtagraítear
i mír 2 arna n‑eisiúint ag rialtais i dtríú tíortha a chuireann socruithe
maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leosan laistigh
den Aontas, neamhchosaintí a gcuirfear ualú riosca 0 faoin gcéad i bhfeidhm ina
leith i gcomhréir le hAirteagal 115 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; (b)
ionstraimí airgeadais arna n‑eisiúint ag
rialtais réigiúnacha na mBallstát, neamhchosaintí a gcuirfear ualú riosca 0 faoin
gcéad i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagal 115 de Rialachán (AE)
Uimh. 575/2013. Airteagal 9 An dualgas gníomhachtaí a athbhreithniú 1. Déanfaidh
an t‑údarás inniúil measúnú ar ghníomhaíochtaí trádála agus aird á
tabhairt go háirithe ar: chruthú margaidh, infheistíochtaí in urrúsú agus
gníomhú mar urraitheoir ann, agus trádáil i ndíorthaigh seachas sna díorthaigh
sin a cheadaítear faoi Airteagail 11 agus 12 na n‑eintiteas seo a
leanas: (a)
aon chroí-institiúid chreidmheasa atá bunaithe san
Aontas, nach máthairchuideachta ná fochuideachta í, lena n‑áirítear gach
brainse is cuma cá bhfuil siad suite; (b)
aon ghrúpa le mháthairchuideachta AE, lena n‑áirítear
gach brainse agus fochuideachtaí is cuma cá bhfuil siad suite, i gcás ina
bhfuil ceann de na grúpeintitis ina chroí-institiúid chreidmheasa atá bunaithe
san Aontas; (c)
brainsí AE de hinstitiúidí creidmheasa atá bunaithe
i dtríú tíortha. 2. Agus an
measúnú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh, bainfidh an t‑údarás inniúil
úsáid as an méadracht seo a leanas: (a)
méid choibhneasta na sócmhainní trádála, mar a
thomhasfar í leis na sócmhainní trádála arna roinnt ar na sócmhainní iomlána; (b)
giaráil na sócmhainní trádála mar a thomhasfar é
leis na sócmhainní trádála arna roinnt ar chroíchaipiteal Leibhéal 1. (c)
tábhacht choibhneasta riosca creidmheasa
contrapháirtí, mar a thomhasfar í le luach cóir na ndíorthach arna roinnt ar na
sócmhainní trádála; (d)
castacht choibhneasta na ndíorthach trádála, mar a
thomhasfar í le sócmhainní díorthach trádála leibhéal 2 agus 3 arna roinnt ar
na díorthaigh trádála agus na sócmhainní trádála; (e)
brabúsacht choibhneasta an ioncaim thrádála mar a
thomhasfar í leis an ioncam trádála arna roinnt ar ioncam glan iomlán; (f)
tábhacht choibhneasta riosca margaidh, mar a
thomhasfar é tríd an difear mar luach absalóideach idir sócmhainní trádála agus
dliteanais a ríomh agus é a roinnt ar an meán simplí idir sócmhainní trádála
agus dliteanais trádála; (g)
an idirnascthacht, mar a thomhasfar í leis an
modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 131 (18) de Threoir 2013/36/AE; (h)
an riosca creidmheasa agus leachtachta a eascraíonn
as tráchtearraí arna dtabhairt ag an gcroí‑institiúid chreidmheasa. 3. Beidh an
measúnú uaidh tugtha chun críche ag an údarás inniúil faoin [OP – please
introduce 18 mí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo], agus déanfaidh sé
measúnaithe go rialta, uair sa bhliain ar a laghad, as sin amach. 4. Forbróidh
an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena shonrú conas a thomhasfar an
mhéadracht agus, más iomchuí, sonrófar mionsonraí na méadrachta dá dtagraítear
i mír 2 agus le sonraí maoirseachta a dtomhas. Leis na dréachtchaighdeáin
theicniúla rialála tabharfar mhodheolaíocht don údarás inniúil freisin i
gcomhair tomhais chomhsheasmhaigh agus cur i bhfeidhm na méadrachta. Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála sin faoi bhráid an Choimisiún [OP – an dáta beacht le cur isteach, mí
amháin tar éis fhoilsiú an Rialacháin.] Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an
gCoimisiún na dreachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad
fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de
Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Airteagal 10 An chumhacht ag údaráis inniúil lena
cheangal ar chroí-institiúid chreidmheasa nach gcuirfear gníomhaíochtaí áirithe
i gcrích 1. De bharr
an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), má mheasann an t‑údarás
inniúil go gcomhlíontar na teorainneacha agus na coinníollacha atá nasctha leis
an méadracht dá dtagraítear i bpointí (a) go (h) d'Airteagal 9(2) agus atá
mionsonraithe sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 5, agus má mheasann sé
dá bhrí sin go bhfuil bagairt ann do chobhsaíocht airgeadais na
croí-institiúide creidmheasa nó don chóras airgeadais Eorpach i gcoitinne, agus
aird á tabhairt ar na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1, ar dháta
nach déanaí ná dhá mhí tar éis do chríochnú an mheasúnaithe sin, cuirfidh sé
tús leis an nós imeachta dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 as a
dtiocfaidh cinneadh. 2. Sa chás
nach gcomhlíontar na teorainneacha agus na coinníollacha dá dtagraítear i
mír 1, féadfaidh an t‑údarás inniúil tús a chur fós leis an nós
imeachta dá dtagraítear sa tríú fomhír den tríú mír as a n‑eascrófar
cinneadh, má mheasann sé, de bharr an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1),
go bhfuil aon ghníomhaíocht trádála, cé is moite de thrádáil i ndíorthaigh
seachas iadsan atá ceadaithe faoi Airteagail 11 agus 12, arna dhéanamh ag
croí-institiúid chreidmheasa ina bhagairt do chobhsaíocht airgeadais na
croí-institiúide creidmheasa nó don chóras airgeadais Eorpach ina iomláine,
agus aird á tabhairt ar na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1. 3. Cuirfidh
an t‑údarás inniúil a chonclúidí, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, in
iúl don chroí-institiúid chreidmheasa agus tabharfaidh sé deis don
chroí-institiúid chreidmheasa na barúlacha uaithi a chur i scríbhinn faoina
bhráid laistigh de dhá mhí ó dháta an fhógra. Mura léiríonn an
chroí-institiúid chreidmheasa, laistigh den teorainn ama dá dtagraítear sa
chéad fho-mhír, chun sástacht an údaráis inniúil nach bhfuil aon bhonn cirt
lena chonclúidí, glacfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh i leith na
croí-institiúide creidmheasa a ceangal gan na gníomhaíochtaí trádála dá
sonraítear sna conclúidí sin a dhéanamh. Léireoidh an t‑údarás inniúil na
cúiseanna lena cinneadh agus léireofar go poiblí iad. Chun críche mhír 1,
sa chás ina gceadaíonn an t‑údarás inniúil don chroí-institiúid
chreidmheasa na gníomhaíochtaí trádála sin a dhéanamh, léireoidh an t‑údarás
inniúil na cúiseanna leis an gcinneadh sin freisin agus léireofar go poiblí
iad. Chun críche mhír 2,
sa chás ina gceadaíonn an t‑údarás inniúil don chroí-institiúid
chreidmheasa gníomhaíochtaí trádála a dhéanamh, cuirfidh an t‑údarás
inniúil an cinneadh sin in iúl don chroí-institiúid chreidmheasa. Sula nglacfar aon
chinneadh dá dtagraítear sa mhír seo, rachaidh an t‑údarás inniúil i
gcomhairle leis an ÚBE maidir leis na cúiseanna atá aige don chinneadh atá
beartaithe agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheidh ag cinneadh den sórt sin ar
chobhsaíocht airgeadais an Aontais agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Cuirfidh an t‑údarás inniúil an cinneadh deiridh uaidh in iúl do ÚBE. Glacfaidh an t‑údarás
inniúil a chinneadh deiridh laistigh de dhá mhí tar éis dóibh na barúlacha i
scríbhinn, dá dtagraítear sa chéad fho-mhír, a fháil. 4. Beidh na
cinntí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 faoi réir athbhreithnithe ón
údaráis inniúil gach cúig bliana. 5. Glacfaidh
an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35 [OP
insert the correct date faoi sé mhí ó fhoilsiú an Rialacháin seo]: (a)
lena shonrú, maidir leis an méadracht: (a)
an teorainn ábhartha a bhaineann le gach méadracht
atá luaite i bpointí (a) go (h) d'Airteagal 9(1), thar a mheastar an
leibhéal riosca na gníomhaíochta trádála i dtrácht a bheith suntasach i leith
gach ceann acu; (ii)
na coinníollacha, lena n‑áireofar an mó ceann
den mhéadracht chun an teorainn ábhartha a shárú a chaithfidh a bheith ann,
agus cén meascán díobh, chun go gcuirfidh an t‑údarás inniúil an nós
imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1) i bhfeidhm. (iii)
Áireofar i mionsonrúchán na gcoinníollacha i bpointe (ii)
táscaire de leibhéal riosca shuntasaigh chomhiomláin na gníomhaíochta trádála i
dtrácht atá mar thoradh ar na teorainneacha ábhartha dá dtagraítear i bpointe (i)
a bheith sáraithe ag roinnt mhaith méadarachta; (b)
sonrófar cén cineál urrúsúcháin a cheaptar gan a
bheith ina bhagairt do chobhsaíocht airgeadais na croí-institiúide creidmheasa
nó don chóras airgeadais Eorpach i gcoitinne maidir le gach ceann de na gnéithe
seo a leanas: (i) na gnéithe struchtúracha, amhail tiontú
aibíochta leabaithe agus simplíocht an struchtúir; (ii) cáilíocht na sócmhainní foluiteacha agus
na tréithe comhthaobhacha a bhaineann leo; (iii) liostú agus gnéithe trédhearcachta an
urrúsúcháin agus na sócmhainní foluiteacha a bhaineann leis; (iv) stóinseacht agus cáilíocht na bpróiseas
frithgheallta. Airteagal 11 Bainistiú stuama ar riosca dílis 1. Féadfaidh
croí-institiúid a cuireadh faoi réir cinnidh dá dtagraítear in Airteagal 10(3)
gníomhaíochtaí trádála a dhéanamh sa mhéid is nach ndéantar aon rud seachas
bainistiú stuama ar a chuid caipitil, leachtachta agus cistithe. Mar chuid dá
bainistiú stuama ar a chuid caipitil, leachtachta agus cistithe, ní fhéadfaidh
croí-institiúid chreidmheasa ach úsáid a bhaint as díorthaigh ráta úis,
díorthaigh malairte eachtraí agus díorthaigh chreidmheasa atá cáilithe i
gcomhair imréitigh chontrapháirtí lárnaigh chun a rioscaí foriomlána sa chlár
comhardaithe a fhálú. Léireoidh an croí-institiúid chreidmheasa don mhaoirseoir
inniúil go bhfuil an ghníomhaíocht fhálaithe ceaptha chun rioscaí sonracha
inaitheanta suíomhanna aonair nó suíomhanna comhiomlánaithe na croí-institiúide
a laghdú, agus gur léir go laghdaítear iad nó go maolaítear iad go mór. 2. Gan
dochar do na rialacha maidir le luach saothair atá leagtha síos i dTreoir 2013/36/AE,
sa bheartas luacha saothair is infheidhme maidir le foireann na
croí-institiúide creidmheasa a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí fálaithe: (a)
féachfar le haon ghníomhaíochtaí dílseánaigh
trádála iarmhartacha nó folaigh a chosc, bídís ceilte mar bhainistiú riosca nó
mar rud éigin eile; (b)
léireofar cuspóirí fálaithe dlisteanacha na
croí-institiúide creidmheasa ina hiomláine agus a áiritheofar nach gcinnfear an
luach saothair a thabharfar faoi threoir na mbrabús a ghinfidh na
gníomhaíochtaí sin ach go dtabharfar aird ar éifeachtacht foriomlán na
ngníomhaíochtaí d'fhonn rioscaí a laghdú nó a mhaolú. Áiritheoidh an
comhlacht bainistíochta go mbeidh beartas luacha saothair na croí-institiúide
creidmheasa ina hiomláine ag teacht leis na forálacha atá leagtha amach sa
chéad fhomhír, ag gníomhú dó ar chomhairle ón gcoiste riosca, i gcás ina
mbunófar coiste den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 76(3) de Threoir 2013/36/AE. 3. Beidh sé
de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 35 den Rialachán seo chun cur leis na h‑ionstraimí
airgeadais dá dtagraítear i mír 1 trí ionstraimí airgeadais eile a chur san
áireamh lena n‑áirítear cineálacha eile díorthach, go háirithe iadsan atá
faoi réir na n‑oibleagáidí atá leagtha amach in Airteagal 11 de Rialachán
(AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[42], chun aird a thabhairt
ar ionstraimí airgeadais, a bhfuil an tionchar céanna acu ar an gcobhsaíocht
airgeadais chun críocha bainistithe stuama ar chaipiteal, leachtacht agus ar
chistiú. Airteagal 12 Seirbhísí bainistithe riosca a chur ar
fáil do chliaint 1. Féadfaidh
croí-institiúid a cuireadh faoi réir cinnidh dá dtagraítear in Airteagal 10(3)
díorthaigh ráta úis, díorthaigh malairte eachtraí, díorthaigh chreidmheasa,
díorthaigh lamháltas astaíochtaí agus díorthaigh tráchtearraí atá cáilithe i
gcomhair imréitigh contrapháirtí lárnaigh agus lamháltais astaíochtaí a dhíol
lena cuid cliant neamh‑airgeadais, le heintitis airgeadais dá dtagraítear
sa dara agus sa tríú fleasc de phointe (19) d'Airteagal 5, le
gnóthais árachais agus le hinstitiúidí i gcomhair sochair scoir ghairme ach na
coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh: (a)
is í an t‑aon chríoch leis an díol, riosca an
ráta úis, rosca malairte eachtraí, riosca creidmheasa, riosca tráchtearraí nó
riosca lamháltais astaíochtaí a fhálú; (b)
ní sháraíonn ceanglais cistí dílse le haghaidh
riosca an tsuímh de chuid na croí-institiúide creidmheasa a leanann na
lamháltais díorthach agus na lamháltaí astaíochtaí cionroinn dá ceanglas
caipitil iomlána i leith riosca a shonrófar i ngníomh tarmligthe ón gCoimisiún
i gcomhréir le mír 2. Nuair nach
gcomhlíonfar an ceanglas i bpointe (b), ní féidir leis an gcroí-institiúid
chreidmheasa na lamháltais díorthach ná na lamháltais astaíochtaí a dhíol nó a
chur ar an gclár comhardaithe. 2. Beidh de
chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35: (a)
an cead a thabhairt ionstraimí airgeadais eile a
dhíol, seachas iadsan a luaitear i mír 1, go háirithe iadsan atá faoi réir na n‑oibleagáidí
atá leagtha amach in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012,
chun an riosca atá le díol leis an gcineál cliaint atá liostaithe i mír 1 den Airteagal
seo a fhálú; (b)
cionroinn na gceanglas cistí dílse de chuid na
croí-institiúide creidmheasa a shonrú nach féidir dul thairis i ndáil le
lamháltais díorthach agus lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal
seo a dhíol nó a chur ar chlár comhardaithe na croí-institiúide creidmheasa. Airteagal 13 Rialacha maidir le grúpeintitis ar leith
1. Nuair a
chineann údaráis inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 10(3) nach féidir le
croí-institiúid chreidmheasa gníomhaíochtaí trádála áirithe a dhéanamh, agus,
más cuid de ghrúpa í an croí-institiúid chreidmheasa, ansin ní fhéadfaidh ach
grúpeintiteas atá deighilte ón gcroí-institiúid chreidmheasa go dlíthiúil, go
heacnamaíoch agus go hoibríochtúil (''eintiteas trádála'') na gníomhaíochtaí
trádála atá le deighilt a dhéanamh. 2. Nuair a
chineann eintiteas dá dtagraítear in Airteagail 9(1) as a stuaim féin
gníomhaíochtaí trádála atá faoi réir Airteagail 9 a dheighilt ón
gcroí-institiúid agus nuair atá an plean deighilte sin faofa i gcomhréir leis
an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 18, ansin beidh feidhm ag na
ceanglais a leagtar amach i míreanna 3 go 13 den Rialachán seo agus in Airteagail 14
go 17, agus in Airteagal 20 maidir leis na heintitis deighilte. 3. Áiritheoidh
an mháthairchuideachta AE i gcás grúpa ina bhfuil croí-institiúidí creidmheasa
agus eintitis trádála araon ann go ndéanfar an grúpa a struchtúrú ionas go
gcruthófar dhá fho-ghrúpa ar bhonn fo-chomhdhlúite agus nach mbeidh na
croí-institiúidí creidmheasa ach i gceann amháin acu. 4. Áiritheoidh
máthairchuideachta AE na croí-institiúide creidmheasa, a mhéid agus is gá, go
mbeidh an croí-institiúid chreidmheasa in ann leanúint lena gníomhaíochtaí i
gcás dhóchmhainneacht an eintitis trádála. 5. Ní
bheidh ionstraimí caipitil ná cearta vótála in eintiteas trádála i seilbh
croí-institiúide creidmheasa. In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh an t‑údarás
inniúil cinneadh a dhéanamh ligean do chroí-institiúidí creidmheasa a
chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 49(3)(a) nó (b)
de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ionstraimí caipitil nó cearta vótála a
bheith acu in eintiteas trádála i gcás ina measfaidh an t‑údarás inniúil
gur fíor-riachtanach na hionstraimí caipitil nó na cearta vótála sin a bheith
acu ar mhaithe le feidhmiú an ghrúpa agus go bhfuil bearta leordhóthanacha
déanta ag an gcroí-institiúid chun na rioscaí ábhartha a mhaolú mar is iomchuí. Ar aon nós, ní bheidh cead ag croí-institiúid
chreidmheasa, nach institiúid chreidmheasa lárnach nó réigiúnach í, ionstraimí
caipitil ná cearta vótála in aon eintiteas trádála a bheith ina seilbh go
díreach aici. Sula nglacfar aon chinneadh i gcomhréir leis an
mír seo, rachaidh an t‑údarás inniúil i gcomhairle leis an ÚBE. Cuirfidh an t‑údarás inniúil a chinneadh in
iúl don ÚBE. Foilseoidh an ÚBE liosta de na hinstitiúidí sin ar cuireadh an
fomhír seo i bhfeidhm orthu. 6. Eiseoidh
an croí-institiúid chreidmheasa agus an t‑eintiteas trádála a bhfiachas
dílis ar bhonn aonair nó fo-chomhdhlúite ar choinníoll nach bhfuil sé sin
neamhsheasmhach leis an bplean réitigh arna chomhaontú ag na húdaráis réitigh
ábhartha i gcomhréir leis an Treoir [Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na
mBanc]. 7. Beidh
gach conradh agus gach idirbheart eile a rinneadh idir an croí-institiúid
chreidmheasa agus an t‑eintiteas trádála chomh fabhrach céanna don
chroí-institiúid chreidmheasa agus atá conarthaí nó idirbhearta inchomparáide
le heintitis nach bhfuil san fhoghrúpa céanna. 8. Daoine
nach baill iad den chomhlacht bainistíochta ná den eintiteas eile a bheidh i
dtromlach na mball ar chomhlacht bainistíochta na croí-institiúide creidmheasa
agus an eintitis trádála faoi seach. Cé is moite d'oifigeach bainistithe riosca
na máthairchuideachta, ní dhéanfaidh aon bhall eile de chomhlacht bainistíochta
ceachtar den dá eintiteas aon fheidhm fheidhmiúcháin. 9. Beidh sé
de dhualgas ar chomhlacht bainistíochta na croí-institiúide creidmheasa, an
eintitis trádála agus a máthairchuideachtaí seasamh le cuspóirí na deighilte. 10. I
gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, cinnteofar le hainm nó le
hainmniú an eintitis trádála agus na croí-institiúide creidmheasa go mbeidh sé
furasta don phobal i ndáil le heintitis eintiteas trádála a aithint ó
chroí-institiúid chreidmheasa. 11. Comhlíonfaidh
na hinstitiúidí atá deighilte go struchtúrach na hoibleagáidí atá leagtha síos
i gCodanna a Dó, a Trí agus a Ceathair agus i gCodanna a Sé, a Seacht agus a
hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTeideal VII de Threoir 2013/36/AE
ar bhonn fo-chomhdhlúite i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. 12. De mhaolú
ar Airteagal 6(1) agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013,
beidh feidhm ag na hoibleagáidí atá leagtha síos in i gCodanna a Dó go dtí a
Ceathair agus i gCuid a hocht den Rialachán sin ar bhonn fo-chomhdhlúite i
gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. 13. De mhaolú
ar Airteagal 6(4) agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013,
beidh feidhm ag na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Sé den Rialachán sin
ar bhonn fo-chomhdhlúite i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Airteagal 14 Teorainneacha maidir le neamhchosaint
mhór laistigh de ghrupaí 1. Chun
teorainn na neamhchosanta móire laistigh den ghrúpa a ríomh de réir mír 2,
meastar gach eintiteas ar leis an bhfoghrúpa céanna iad de bhun Airteagail 13(3)
mar aon chliant amháin nó aon ghrúpa cliant nasctha de réir bhrí phointe (39)
d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. 2. Nuair
atá bearta forchurtha i gcomhréir leis an gCaibidil seo ní thabhóidh
croí-institiúid chreidmheasa neamhchosaint laistigh den ghrúpa a sháraíonn 25
faoin gcéad de chaipiteal cáilithe na croí-institiúide creidmheasa ar eintiteas
nach leis an bhfoghrúpa céanna agus an croí-institiúid chreidmheasa. Beidh
feidhm ag an teorainn neamhchosanta laistigh de ghrúpa ar bhonn
fo-chomhdhlúite, agus tar éis an tionchar atá ag maolú riosca creidmheasa agus
ag maoluithe, i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
agus Airteagal 16 den Rialachán seo a chur san áireamh. Airteagal 15 Teorainneacha i ndáil le neamhchosaint
mhór lasmuigh de ghrupa 1. I
dteannta na bhforálacha ó phointe 1 d'Airteagal 395 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
nuair atá bearta forchurtha i gcomhréir leis an gCaibidil seo den Rialachán
seo, ní thabhóidh an croí-institiúid chreidmheasa na neamhchosaintí seo a
leanas: (a)
neamhchosaint a sháraíonn 25 faoin gcéad de
chaipiteal cáilithe na croí-institiúide creidmheasa ar eintiteas airgeadais.
Beidh feidhm ag an teorainn sin ar neamhchosaint ar bhonn aonair agus ar bhonn
fo-chomhdhlúite, agus tar éis an tionchar atá ag maolú riosca creidmheasa agus
ag maoluithe i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
agus Airteagal 16 den Rialachán seo a chur san áireamh; (b)
neamhchosaintí a sháraíonn 200 faoin gcéad de
chaipiteal cáilithe na croí-institiúide creidmheasa ar eintiteas airgeadais.
Beidh feidhm ag an teorainn ar neamhchosaint ar bhonn aonair agus
fo-chomhdhlúite, agus tar éis an tionchar atá ag maolú riosca creidmheasa agus
ag maoluithe i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
agus Airteagal 16 den Rialachán seo a chur san áireamh. 2. Tabharfar
de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35
chun leibhéal na teorann neamhchosanta móire comhiomláine lasmuigh de ghrúpa
mar atá leagtha amach i bpointe (b) de mhír 1 a choigeartú, i gcomhréir
lena mhéid agus a aithníodh maolú riosca creidmheasa. Airteagal 16 Teicnící maolaithe rioscaí creidmheasa I dteannta na bhforálacha d'Airteagal 399
go 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nuair atá bearta forchurtha i
gcomhréir leis an gCaibidil seo den Rialachán seo, beidh feidhm ag srianta
maidir le haithint téicnící maolaithe rioscaí creidmheasa i ndáil le luachanna
na neamhchosanta ar mhaithe leis na teorainneacha ar neamhchosaintí móra dá
dtagraítear in Airteagail 14 agus 15 den Rialachán seo a chomhlíonadh. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena sonrú
an méid aitheantais a thabharfar do theicnící maolaithe riosca creidmheasa lena
n‑áireofar na cineálacha cosanta creidmheasa incháilithe agus a
dteorainneacha chun críocha na chéad fhomhíre lena áirithiú nach dteipeann ar
theicnící maolaithe riosca creidmheasa nuair a thagann rioscaí chun cinn ionas
gur féidir téarnamh éifeachtach de chosaint creidmheasa a bheith ann. Airteagal 17 Maolú ó fhorálacha idirthréimhseacha
maidir le neamhchosaintí móra Mar eisceacht do mhír 3 d'Airteagal 493 de
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní bheidh feidhm ag na forálacha dá
bhforáiltear sa mhír sin maidir le neamhchosaintí arna dtabhú ag
croí-institiúidí creidmheasa a bhí faoi réir beart struchtúrach i gcomhréir
leis an Rialachán seo. Airteagal 18 Plean deighilte 1. Nuair a
bhíonn cinneadh déanta ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 10(3)
nach féidir le croí-institiúid chreidmheasa gníomhaíochtaí trádála áirithe a
dhéanamh, cuirfidh an croí-institiúid chreidmheasa, nó más iomchuí é, a
máthairchuideachta plean deighilte faoi bhráid an údaráis inniúil laistigh de
sé mhí ó dháta an chinnidh dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(3). Ar an gcuma chéanna, nuair a dhéanann eintiteas dá
dtagraítear in Airteagal 9(1) cinneadh na gníomhaíochtaí trádála atá
cumhdaithe ag an dualgas chun athbhreithnithe in Airteagal 9 ón
gcroí-institiúid chreidmheasa, tíolacfaidh sé plean ag tús na tréimhse
measúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 9 ina sonrófar an deighilt. Beidh
an fhaisnéis a éilítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2 an Airteagail seo sa
phlean ar a laghad. 2. Mionsonrófar
sa phlean deighilte conas a chuirfear an deighilt i gcrích. Cumhdófar an méid
seo a leanas ar a laghad sa phlean: (a)
sonrú ar na sócmhainní agus na gníomhaíochtaí a
dheilfear ón gcroí-institiúid chreidmheasa; (b)
sonraí faoi mar a chuirfear na rialacha dá
dtagraítear in Airteagal 13 i bhfeidhm; (c)
amlíne don deighilt. 3. Déanfaidh
an t‑údarás inniúil measúnú ar na pleananna dá dtagraítear i míreanna 1
agus 2 agus, laistigh de shé mhí tar éis a thíolctha, glacfaidh sé cinneadh ag
formheas an phlean nó ag éileamh athruithe sa phlean deighilte. 4. I gcás
ina n‑éilíonn údarás inniúil athruithe sa phlean deighilte,
aththíolacfaidh an croí-institiúid chreidmheasa, nó más iomchuí é, a
máthairchuideachta AE an plean deighilte leis na hathruithe is gá laistigh de
thrí mhí ó dháta na hiarrata ón údarás inniúil. 5. Glacfaidh
an t‑údarás inniúil cinneadh ag formheas an phlean nó ag diúltú dó
laistigh de mhí amháin ón aththíolacadh. I gcás ina ndiúltaíonn an t‑údarás
inniúil don phlean, glacfaidh sé cinneadh, laistigh de mhí amháin ón diúltú, ag
leagan amach plean i gcomhair deighilte ina dtabharfar isteach aon
choigeartuithe riachtanacha. 6. I gcás
nach dtíolacann an croí-institiúid chreidmheasa nó, más iomchuí é, a
máthairchuideachta AE plean deighilte mar a cheanglaítear i mír 1, glacfaidh an
t‑údarás inniúil cinneadh, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don
spriocdháta dá dtagraítear i mír 1 a dhul in éag, ina leagfar amach plean i
gcomhair deighilte. 7. I gcás
nach n‑aththíolacann an croí-institiúid chreidmheasa nó, más iomchuí é, a
máthairchuideachta AE plean deighilte leis na hathruithe arna gceangal ag an
údarás inniúil, glacfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh, tráth nach déanaí
ná mí amháin tar éis don spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 4
a dhul in éag, ina leagfar amach plean i gcomhair deighilte. 8. Léireoidh
an chroí-institiúid chreidmheasa nó, más iomchuí é, a máthairchuideachta AE don
údarás inniúil go bhfuil an plean formheasta curtha chun feidhme aici. 9. Áiritheoidh
comhlacht bainistíochta institiúide creidmheasa nó máthairchuideachta AE gur
cuireadh an plean deighilte chun feidhme i gcomhréir le formheas an údaráis
inniúil. Airteagal 19 Comhar idir údaráis inniúla agus údaráis
réitigh ábhartha 1. Sula
nglacfar an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 10(3), tabharfaidh an t‑údarás
inniúil fógra ina leith don údarás réitigh ábhartha ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 3
den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc. 2. Nuair a
dhéanann an t‑údarás inniúil an measúnú i gcomhréir le hAirteagal 9
agus nuair a cheanglaítear ar an gcroí-institiúid chreidmheasa gan
gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10, cuirfidh
an t‑údarás inniúil aon mheasúnú inréititheachta atá leanúnach nó a bhí
ann cheana féin a chur san áireamh de bhun Airteagal 13 agus 13(a) den
Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc. 3. Comhoibreoidh
an t‑údarás inniúil leis an údarás réitigh ábhartha agus malartóidh sé
aon fhaisnéis ábhartha is gá agus é i mbun a dhualgais. 4. Áiritheoidh
an t‑údarás inniúil go bhfuil bearta arna bhforchur de bhun na Caibidle
seo, ag teacht leis na bearta arna bhforchur de bhun Airteagal 13(b) de
Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, Airteagal 8(9) de Rialachán (AE)
Uimh.[SRM], Airteagail 13 agus 13(a), Airteagail 14 agus 15 den
Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE. Airteagal 20 Gníomhaíochtaí toirmiscthe i gcás an
eintitis trádála Ní dhéanfaidh an t‑eintiteas trádála: (a)
taiscí a ghlacadh atá incháilithe faoin Scéim
Ráthaithe Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE ach amháin sa chás go mbaineann
an taisce le malartú comhthaobhachta a bhaineann lena ngníomhaíochtaí trádála; (b)
seirbhísí íocaíochta a sholáthar, mar a
shainmhínítear iad in Airteagal 4(3) de Threoir 2007/64/CE, a
bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) ach amháin
sa chás ina bhfuil na seirbhísí íocaíochta sin coimhdeach agus géarghá leo don
mhalartú comhthaobhachta maidir le gníomhaíochtaí trádála. Airteagal 21 Maolú ó na ceanglais i gCaibidil III 1. Arna
iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún maolú a dheonú ó cheanglais
na Caibidle seo d'institiúid chreidmheasa a ghlacann taiscí ó dhaoine aonair
agus ó FBManna atá faoi réir reachtaíochta príomha náisiúnta a glacadh roimh 29 Eanáir 2014
nuair a chomhlíonann an reachtaíocht náisiúnta na ceanglais seo a leanas: (a)
féachtar leis le cosc a chur le hanás airgeadais nó
cliseadh agus riosca sistéamach dá dtagraítear in Airteagal 1; (b)
cuireann sé cosc ar institiúidí creidmheasa taiscí
incháilithe a ghlacadh ó dhaoine aonair agus cosc ar FBManna ó bheith ag
déileáil le hinfheistíochtaí mar phríomhghnó, ar gníomhaíocht rialáilte é, agus
ó shócmhainní trádála a bheith ina seilbh acu; féadfar leis an reachtaíocht náisiúnta foráil a dhéanamh d'eisceachtaí
teoranta, áfach, le go dtabharfaí cead d'institiúid chreidmheasa a ghlacann
taiscí ó dhaoine aonair agus do FBManna tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a
mhaolódh riosca chun bainistiú stuama a dhéanamh ar a chaipiteal, leachtacht
agus cistiú agus chun seirbhísí bainistithe riosca teoranta a sholáthar dá
gcuid custaiméirí; (c)
má bhaineann an institiúid chreidmheasa atá ag
glacadh taiscí incháilithe ó dhaoine aonair agus ó FBManna le grúpa,
áirithítear go bhfuil an institiúid chreidmheasa deighilte go dlíthiúil ó
ghrúpeintitis a bhíonn ag déileáil le hinfheistíochtaí mar phríomhghnó, ar
gníomhaíocht rialáilte é, agus sócmhainní trádála a bheith ina seilbh acu, agus
leagtar an méid seo a leanas amach go sonrach sa reachtaíocht náisiúnta: (i) gur féidir leis an institiúid
chreidmheasa a ghlacann taiscí ó dhaoine aonair agus ó FBManna cinntí a
dhéanamh neamhspleách ar ghrúpéintitis eile; (ii) go bhfuil comhlacht bainistíochta atá
neamhspleách ar ghrúpéintitis eile agus neamhspleách ar an institiúid
chreidmheasa féin ag an institiúid chreidmheasa a ghlacann taiscí ó dhaoine
aonair agus ó FBManna; (iii) go bhfuil an institiúid chreidmheasa
féin a ghlacann taiscí ó dhaoine aonair agus ó FBManna faoi réir ceanglas
caipitil agus leachtachta; (iv) nach bhféadfaidh an institiúid
chreidmheasa a ghlacann taiscí ó dhaoine aonair agus ó FBManna aon chonradh ná
aon idirbheart a dhéanamh le grúpeintitis eile ach amháin faoi théarmaí amhail
iadsan dá dtagraítear in Airteagal 13(7). 2. Ballstát
ar mian leis maolú a fháil d'institiúid chreidmheasa faoi réir na reachtaíochta
náisiúnta i dtrácht, seolfar iarraidh ar mhaolú, agus tuairim dhearfach léi
arna heisiúint ag an údarás inniúil ag maoirsiú na hinstitiúide creidmheasa arb
í ábhar na hiarrata i gcomhair maolaithe, chuig an gCoimisiún. Beidh gach
faisnéis is gá san iarraidh don bhreithmheas ón reachtaíocht náisiúnta agus
sonrófar na hinstitiúidí creidmheasa ar lorgaíodh an maolú ina leith. Má
mheasann an Coimisiún nach bhfuil an fhaisnéis ar fad is gá aige, rachaidh sé i
dteagmháil leis an mBallstát i dtrácht laistigh de dhá mhí ón iarratas a fháil
agus sonróidh sé cén fhaisnéis bhreise atá de dhíth air. A luaithe is a
bheidh an fhaisnéis ar fad is gá dár leis chun breithmheas a thabhairt ar an
iarraidh ar mhaolú, cuirfidh sé fógra chuig an mBallstát iarrtha go bhfuil sé
sásta leis an bhfaisnéis. Laistigh de chúig
mhí ón bhfógra dá dtagraítear sa dara fomhír a eisiúint, tar éis dó dul i
gcomhairle leis an ÚBE maidir leis na cúiseanna leis an
gcinneadh atá beartaithe agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cinneadh
den sórt sin ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais agus ar fheidhmiú an
mhargaidh inmheánaigh, glacfaidh an Coimisiún cinneadh cur
chun feidhme ina sonrófar nach bhfuil an reachtaíocht náisiúnta neamh‑chomhoiriúnach
leis an gCaibidil seo agus an maolú á dheonú aige ar na hinstitiúidí creidmheasa
a sonraíodh san iarraidh dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina bhfuil sé i gceist
ag an gCoimisiún a shonrú go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta neamh‑chomhleanúnach
agus gan an maolú a dheonú, leagfaidh sé amach a chuid agóidí go mion agus
tabharfar deis don Bhallstát iarrtha tuairimí i scríbhinn a thíolaic laistigh
de mhí amháin ó dháta fhógra agóidí an Choimisiúin. Laistigh de thrí mhí ó
dheireadh na teorann ama i gcomhair tíolactha glacfaidh an Coimisiún cinneadh
cur chun feidhme an maolú a dheonú nó diúltú dó. I gcás ina
leasaítear an reachtaíocht náisiúnta, tabharfaidh an Ballstát fógra i ndáil
leis na leasuithe don Choimisiún. Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a
dhéanamh ar an gcinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú mír. I gcás nach bhfuil
feidhm a thuilleadh ag an reachtaíocht náisiúnta a sonraíodh gan a bheith neamh‑chomhoiriúnach
leis an gCaibidil seo maidir le hinstitiúid chreidmheasa ar deonaíodh maolú di
ar cheanglais na Caibidle seo, tarraingeofar siar an maolú maidir leis an institiúid
chreidmheasa sin. Cuirfidh an
Coimisiún a chuid cinntí in iúl don ÚBE. Foilseoidh an ÚBE liosta na n‑institiúidí
creidmheasa ar deonaíodh maolú dóibh i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar
an liosta a choinneáil cothrom le dáta go leanúnach. Caibidil IV Eintitis faoi réir cheanglais Chaibidil II
agus Chaibidil III Airteagal 22 Na rialacha lena rialaítear ríomh
tairseach 1. Chun críche Airteagal 3(b)(ii),
is ar chuntais chomhdhlúite na máthairchuideachta san AE a bhunófar ríomh na
dtairseach. 2. Chun críche Airteagal 3(b)(iii),
is ar na gníomhaíochtaí a dhéantar san Aontas a bhunófar ríomh na dtairseach. 3. Ní áireofar sa ríomh sócmhainní
agus dliteanais de chuid gnóthas árachais agus ath‑árachais ná sócmhainní
agus dliteanais de chuid gnóthais neamhairgeadais eile. 4. Faoin [Oifig na
bhFoilseachán, cuir isteach dáta faoi 12 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin
seo], sainaithneoidh an t‑údarás inniúil institiúidí creidmheasa agus
grúpaí atá faoi réir an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 3 agus
tabharfaidh sé fógra ina leith don ÚBE. Tar éis dó fógra a
fháil ón údarás inniúil, foilseoidh an ÚBE an liosta dá dtagraítear sa chéad
fhomhír láithreach. Déanfar an liosta a choinneáil cothrom le dáta i dtólamh. Airteagal 23 Gníomhaíochtaí trádála a ríomh 1. Chun críocha Airteagal 3,
déanfar gníomhaíochtaí trádála a ríomh mar a leanas i gcomhréir leis an gcóras
cuntasaíochta is infheidhme. Gníomhaíochtaí Trádála
= (SUT + DUT + SD + DD)/2 i gcás: (a)
gurb éard is Sócmhainní Urrús Trádála (SUT) ann
sócmhainní ar cuid iad de phunann a bhainistítear mar aonán iomlán agus a
bhfuil fianaise ann ar fhíorphatrún deireanach de bhrabúis a dhéanamh sa
ghearrthéarma, gan sócmhainní díorthach a áireamh; (b)
gurb éard is Dliteanais Urrús Trádála (DUT) ann
dliteanais a tógadh le hintinn iad a athcheannach sa ghearrthéarma, ar cuid de
phunann a bhainistítear mar aonán iomlán, agus a bhfuil fianaise ann ar
fhíorphatrún deireanach de bhrabúis a dhéanamh sa ghearrthéarma, gan dliteanais
dhíorthach a áireamh; (c)
gurb éard is Sócmhainní Díorthacha (SD) ann
díorthaigh ag a bhfuil luachanna ath‑sholáthair deimhneacha nach n‑aithnítear
mar dhíorthaigh fálaithe ná leabaithe; (d)
gurb éard is Dliteanais Dhíorthacha (DD) ann
díorthaigh ag a bhfuil luachanna ath‑sholáthair diúltacha nach n‑aithnítear
mar ionstraimí fálaithe. 2. Ní áireofar i ríomh
gníomhaíochtaí trádála sócmhainní agus dliteanais de chuid gnóthas árachais
agus ath‑árachais ná sócmhainní agus dliteanais de chuid gnóthas
neamhairgeadais. 3. Dréachtóidh an ÚBE
dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an mhodheolaíocht a leagan
sios maidir leis na gníomhaíochtaí trádála dá dtagraítear i mír 1 a ríomh, agus
na difríochtaí sna córais cuntasaíochta is infheidhme á gcur san áireamh. Cuirfidh an ÚBE na
dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiún
faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta 1 mhí amháin ó lá
foilsithe an Rialacháin]. Tugtar an chumhacht
don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa
chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán
(AE) Uimh. 1093/2010. 4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún na codanna de ghníomhaíochtaí trádála dá dtagraítear i bpointe (a)
go (d) de mhír 1 den Airteagal seo a leasú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe
i gcomhréir le hAirteagal 35, chun athruithe sna córais cuntasaíochta is
infheidhme a chur san áireamh. Airteagal 24 Faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí
trádála a chur faoi bhráid an údaráis inniúil 1. Cuirfidh eintitis dá
dtagraítear in Airteagal 3 an fhaisnéis ábhartha maidir le méid iomlán a
ngníomhaíochtaí trádála agus maidir le comhchodanna na ngníomhaíochtaí sin faoi
bhráid an údaráis inniúil den chéad uair [Oifig na bhFoilseachán, cuir
isteach dáta 9 mí tar éis lá fhoilsithe an Rialacháin seo le cur isteach]
agus gach bliain ina dhiadh sin, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 23(1).
2. Ullmhóidh an ÚBE
dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an teimpléad aonfhoirmeach
don tuairisciú dá dtagraítear i mír 1, mar aon leis na treoracha maidir le
conas an teimpléad sin a úsáid, a chinneadh. Cuirfidh an ÚBE na
dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiún
faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta, 1 mhí amháin ó lá
fhoilsithe an Rialacháin]. Tugtar an chumhacht
don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa
chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán
(AE) Uimh. 1093/2010. Caibidil V Comhlíonadh cuid 1 Eintitis Airteagal 25 Dualgais na n‑eintiteas atá faoi
réir an Rialacháin seo 1. Déanfaidh na heintitis atá
faoi réir an Rialacháin seo bearta iomchuí a chur i bhfeidhm le go mbeidh sé ar
chumas na n‑údarás inniúil an fhaisnéis is gá a fháil chun measúnú a
dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo. 2. Cuirfidh na heintitis atá
faoi réir an Rialacháin seo an fhaisnéis go léir is gá ar fáil don údarás
inniúil, lena n‑áirítear an fhaisnéis is gá don mheasúnú atá bunaithe ar
na méadraigh dá dtagraítear in Airteagal 9(2), chun measúnú a dhéanamh ar a
mhéad atá siad ag comhlíonadh an Rialacháin seo. Ina theannta sin, áiritheoidh
na heintitis sin go mbeidh a gcuid sásraí rialaithe inmheánacha agus a gcuid
nósanna imeachta cuntasaíochta agus riaracháin ceaptha sa chaoi is go bhféadfar
faireachán a dhéanamh i gcónaí ar chomhlíonadh an Rialacháin seo. 3. Cláróidh na heintitis atá
faoi réir an Rialacháin seo gach idirbheart dá gcuid agus gach corás doiciméad
agus próiseas a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo sa chaoi is go mbeidh
an t‑údarás inniúil in ann faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an
Rialacháin seo i gcónaí. cuid 2 Údaráis inniúla Airteagal 26 Cumhachtaí
agus dualgais údarás inniúil 1. Agus iad i mbun na ndualgas a
sannadh dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo, feidhmeoidh na húdaráis inniúla
na cumhachtaí a sannadh dóibh i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais. 2. Déanfaidh an t‑údarás
inniúil faireachán ar ghníomhaíochtaí na n‑eintiteas atá faoi réir an
Rialacháin seo, agus déanfaidh siad comhlíonadh an Rialacháin seo a mheasúnú
agus a áirithiú ar bhonn leanúnach. 3. Beidh sé de chumhacht ag
údaráis inniúla iarraidh ar mháthairchuideachta AE, nach eintiteas rialaithe é,
ach a bhfuil fochuideachta amháin ar a laghad aige ar eintiteas rialaithe í, a
áirithiú go bhfuil a fochuideachtaí rialaithe ag comhlíonadh an Rialacháin seo. 4. Chun críocha an Rialacháin
seo, measfar gurb é an maoirseoir comhdhlúthaithe an t‑údarás inniúil
maidir le gach eintiteas grúpa atá sa ghrúpa céanna leis an máthairchuideachta
AE agus atá faoi réir an Rialacháin seo. Nuair is i
mBallstát eile atá fochuideachta de mháthairchuideachta AE bunaithe agus nuair
is maoirseoir nach é an maoirseoir atá ag an máthairchuideachta AE a dhéanann
maoirsiú uirthi, agus nuair is fochuideachta shuntasach an fhochuideachta i
gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013,
rachaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle le húdarás inniúil
Bhallstát baile na fochuideachta suntasaí maidir le haon cinneadh atá le
déanamh ag an maoirseoir comhdhlúthaithe de bhua an Rialacháin seo. Caibidil VI Caidreamh le tríú tíortha Airteagal 27 Coibhéis creat dhlithiúill tríú tíre 1. Ar iarratas ó údarás inniúil Ballstáit
nó tríú tír, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur
chun feidhme a ghlacadh lena gcinnfear: (a)
go n‑áireoidh socruithe dlíthiúla,
maoirseachta agus forfheidmithe tríú tír go gcomhlíonann institiúidí
creidmheasa agus máthairchuideachtaí sa tríú tír sin ceanglais cheangailteacha
atá coibhéiseach leis na ceanglais atá leagtha síos in Airteagail 6, 10 go
16 agus 20; (b)
go ndéanann creat dlíthiúil an tríú tír foráil
maidir le córas éifeachtach coibhéiseach chun bearta struchtúracha dá
bhforáiltear faoi chórais dlí náisiúnta na dtríú tíortha a aithint. 2. Féadfaidh an Coimisiún a
chinneadh a leasú nó a tharraingt siar mura bhfuil an foras ar a ndearnadh an
cinneadh sin fós á gcomhlíonadh. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35
den Rialachán seo chun critéir a leagan síos i leith measúnú a dhéanamh
féachaint an bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír coibhéiseach
leis an Rialachán seo nó nach bhfuil. Glacfaidh an
Coimisiún an gníomh tarmligthe faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach
dáta, laistigh de 24 mí ó lá fhoilsithe an Rialacháin]. 4. Bunóidh an ÚBE socruithe
comhair leis na húdaráis inniúla iomchuí tríú tíortha a mheastar a gcreata
dlíthiúla agus maoirseachta a bheith coibhéiseach leis an Rialachán seo i
gcomhréir le mír 1 go mír 3. Sna socruithe sin, sonrófar, ar a laghad, córas
maidir le húdaráis inniúla ábhartha an dá dlínse íosmhéid faisnéise a roinnt ar
a chéile. Caibidil VII Smachtbhannaí agus bearta riaracháin Airteagal 28 Smachtbhannaí agus bearta riaracháin 1. Gan dochar do chumhachtaí
maoirseachta údarás inniúil faoi Airteagal 26 ná do cheart na mBallstát
foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla forchur na smachtbhannaí sin,
déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil maidir le
cumhacht a thabhairt d'údaráis inniúla chun smachtbhannaí agus bearta
riaracháin eile a fhorchur maidir leis na sáruithe a leanas ar a laghad: (a)
sárú ar an toirmeasc atá leagtha síos in Airteagal 6;
(b)
mí-ionramháil d'aon chineál ar fhaisnéis atá le cur
isteach i gcomhréir le hAirteagal 24(1). Déanfaidh na Ballstáit
foráil maidir leis an gcumhacht a thabhairt d'údaráis inniúla chun
smachtbhannaí agus bearta riaracháin a fhorchur ar institiúid creidmheasa nó ar
aon eintiteas grúpa, lena n‑áirítear cuideachta shealbhaíochta gníomhaíochtaí
measctha, gnóthas árachais nó gnóthas ath‑árachais. I gcás ina bhfuil
feidhm maidir le daoine dlítheanacha ag na forálacha dá dtagraítear sa chéad
fhomhír, tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht d'údaráis inniúla chun
smachtbhannaí a chur i bhfeidhm, i gcás sáruithe, faoi réir na gcoinníollacha
atá leagtha síos sa dlí náisiúnta, ar bhaill an chomhlachta bainistíochta, agus
ar dhaoine aonaracha eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta. 2. Beidh na smachtbhannaí agus
bearta riaracháin a fhorchuirtear chun críche mhír 1 éifeachtach, comhréireach
agus athchomhairleach. 3. I gcás ina dtograíonn
Ballstáit smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i dtaca le sárú ar na forálacha
dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí ar bun sa
chaoi is go bhfuil na cumhachtaí ar fad is gá ag údarás inniúil chun idirchaidreamh
a dhéanamh le húdaráis breithiúnacha ina ndlínse féin ar mhaithe le faisnéis
shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla a cuireadh ar
bun I dtaca le sáruithe a d'fhéadfadh a bheith ann ar Airteagal 6, agus
maidir le mí-ionramháil faisnéis atá le cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 24(1),
agus i dtaca leis an ábhar céanna a chur ar fáil d'údaráis inniúla eile agus
d'ÚBE chun a n‑oibleagáid maidir le comhoibriú le chéile a chomhlíonadh,
agus, nuair is iomchuí, leis an ÚBE chun críocha mhír 1. Féadfaidh údaráis
inniúla comhoibriú le húdaráis inniúla Ballstát eile chun feidhmiú a
gcumhachtaí forchurtha smachtbhannaí a éascú . 4. Déanfaidh na Ballstáit , i
gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an chumhacht a thabhairt d'údaráis inniúla na
smachtbhannaí agus bearta riaracháin agus bearta eile a leanas ar a laghad a
chur i bhfeidhm i gcás na sáruithe dá dtagraítear i mír 1: (a)
ordú á cheangal ar an duine atá freagrach as an
sárú scor den iompraíocht atá i gceist agus gan gabháil di arís; (b)
forghéilleadh na mbrabús a gnóthaíodh nó na
gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, a mhéid is féidir iad a
chinneadh; (c)
rabhadh poiblí ina luaitear an té atá freagrach as
an sárú, agus cineál an tsáraithe; (d)
tarraingt siar nó cur ar fionraí an údaraithe; (e)
toirmeasc sealadach a chur ar aon duine nádúrtha a
mheastar a bheith freagrach as sárú, feidhmeanna bainistíochta de chuid
eintitis dá dtagraítear in Airteagal 3 a dhéanamh; (f)
i gcás sárú a dhéanamh arís is arís eile, toirmeasc
buan ar aon duine nádúrtha a mheastar atá freagrach, feidhmeanna bainistíochta
a chur i bhfeidhm in eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 3; (g)
uas‑smachtbhannaí riaracháin airgid dar luach
ar a laghad trí oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a
seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás inar féidir iad sin a chinneadh; (h)
maidir le duine nádúrtha, uas‑smachtbhanna
riaracháin airgid EUR 5,000,000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil
an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar
dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; (i)
maidir le daoine dlítheanacha, uas‑smachtbhannaí
riaracháin airgid dar luach 10% ar a laghad de láimhdeachas iomlán bliantúil an
duine dhlítheanaigh de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil agus atá faofa ag
an gcomhlacht bainistíochta; i gcás gur máthairghnóthas nó fochuideachta de
chuid an mháthairghnóthais an duine dlítheanach nach mór dó cuntais airgeadais
chomhdhlúite a ullmhú de réir Threoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa
láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an
cineál ioncaim comhfhreagrach de réir na dtreoracha cuntasaíochta ábhartha de
réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá faofa ag comhlacht
bainistíochta an mháthairghnóthais bhunaidh. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le
cumhachtaí de bhreis orthu siúd dá dtagraítear sa mhír seo a thabhairt
d'údaráis inniúla agus maidir le raon níos leithne smachtbhannaí agus leibhéil
níos airde smachtbhannaí ná mar atá leagtha síos sa mhír seo. 5. Faoin [Oifig na
bhFoilseachán, cuir isteach dáta, 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin
seo] déanfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na rialacha maidir le mír 1 a
thabhairt don Choimisiún agus don ÚBE. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún
agus do ÚBE gan mhoill maidir le haon leasú a dhéanfar orthu. Airteagal 29 Cumhachtaí maoirseachta agus
smachtbhannaí a fheidhmiú 1. Áiritheoidh na Ballstáit,
agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí agus na mbeart riaracháin á gcinneadh
acu, go gcuirfidh údaráis inniúla san áireamh na cúinsí ábhartha go léir, lena n‑áirítear,
nuair is iomchuí, iad seo a leanas: (a)
a thromchúisí atá an sárú, agus fad an tsáraithe; (b)
méid freagrachta an duine atá freagrach as an sárú; (c)
láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an
sárú, trí fachtóirí éagsúla a chur san áireamh, e.g. láimhdeachas iomlán i gcás
duine dhlítheanaigh, nó ioncam bliantúil i gcás duine nádúrtha; (d)
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá
freagrach as an sárú, nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a
mhéid is féidir iad a dhéanamh amach; (e)
a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag
comhoibriú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá féachaint chuig aisíoc na
mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó na gcaillteanas a sheachain sé; (f)
sáruithe roimhe sin ag an duine atá freagrach as an
sárú; (g)
bearta arna ndéanamh ag an duine atá freagrach as
an sárú ionas nach dtarlóidh an sárú arís; (h)
aon iarmhairtí sistéamacha a d'fhéadfadh a theacht
mar thoradh ar an sárú. Airteagal 30 Sáruithe a thuairisciú 1. Cuirfidh na húdaráis inniúla
sásra éifeachtach ar bun chun go bhféadfar sáruithe iarbhír nó ionchais ar Airteagal 4
agus Airteagal 15 a thuairisciú do na húdaráis inniúla. 2. Beidh an méid a leanas ar a
laghad ina chuid den sásra dá dtagraítear i mír 1: (a)
nósanna imeachta sonracha maidir le tuairiscí ar
sháruithe agus ar a ndearnadh ina leith a glacadh, lena n‑áirítear bealaí
cumarsáide slán a bhunú le haghaidh tuairiscí den chineál sin; (b)
cosaint iomchuí do dhaoine atá ag obair ar conradh
agus a thuairiscíonn sáruithe nó a gcuirtear sáruithe ina leith, cosaint ar an
bhfrithbheartaíocht, ar an idirdhealú nó ar chineálacha eile de chóir
neamhchothrom. (c)
cosaint sonraí pearsanta an duine a thuairiscíonn
an sárú agus an duine nádúrtha a rinne an sárú líomhnaithe, lena n‑áirítear
cosaint maidir le haitheantas an duine sin a choimeád faoi rún, ag gach céim
den nós imeachta gan dochar do nochtadh faisnéise a bheith ina cheangal faoin
dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe nó nósanna imeachta breithiúnacha ina
dhiaidh sin. 3. Ceanglóidh na Ballstáit ar
fhostóirí nósanna imeachta inmheánacha iomchuí a chur ar bun le gur féidir lena
bhfostaithe sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) a thuairisciú. 4. Féadfaidh na Ballstáit foráil
a dhéanamh maidir le dreasachtaí airgeadais a thabhairt do dhaoine a thugann
faisnéis iomchuí maidir le sáruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán
seo, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás nach ann d’aon dualgas dlíthiúil
ná conarthach ar na daoine sin cheana féin an fhaisnéis sin a thuairisciú, agus
ar an gcoinníoll gur faisnéis nua atá i gceist, agus go bhfuil forchur
smachtbhanna nó beart riaracháin eile as sárú ar an Rialachán seo mar thoradh
air. Airteagal 31 Malartú faisnéise le ÚBE 1. Gach bliain soláthróidh
údaráis inniúla faisnéis chomhiomlánaithe do ÚBE maidir leis na bearta agus na smachtbhannaí
riaracháin, agus na fíneálacha go léir atá forchurtha acu i gcomhréir le hAirteagal 28.
Foilseoidh ÚBE an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil. 2. I gcás ina dtograíonn
Ballstáit smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i dtaobh sáruithe ar na
forálacha dá dtagraítear in Airteagal 28(1), déanfaidh a n‑údaráis
inniúla sonraí comhiomlánaithe agus gan ainmneacha luaite leo maidir le gach
imscrúdú coiriúil a rinneadh agus gach smachtbhanna coiriúil a fhorchuireadh a
sholáthar do ÚBE. Foilseoidh ÚBE an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil. 3. I gcás inar ndearna an t‑údarás
inniúil bearta agus smachtbhannaí riaracháin, fíneálacha agus bearta eile,
chomh maith le smachtbhannaí coiriúla a nochtadh don phobal, tabharfaidh sé
fógra ina dtaobh do ÚBE an tráth céanna. 4. Ullmhóidh ÚBE
dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nósanna imeachta agus
foirmeacha maidir le malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a
chinneadh. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur
chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin [Oifig na bhFoilseachán, cuir
isteach dáta, 12 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin]. Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na dréachtchaighdeáin
theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 32 Cinntí a fhoilsiú 1. Faoi réir fhomhír 3,
déanfaidh údarás inniúil aon chinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin
nó beart eile maidir le sárú ar Airteagal 6 agus maidir le tuairisciú
airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 28(1) a mhí-ionramháil, déanfaidh
sé é a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin go díreach tar éis an duine atá faoi réir
an chinnidh sin a chur ar an eolas faoin gcinneadh. San fhaisnéis a
fhoilseofar de bhun na chéad fhomhíreanna sonrófar cineál agus nádúr an
tsáraithe ar a laghad, agus aitheantas an duine atá faoi réir an chinnidh. Ní bheidh feidhm ag
an gcéad ná ag an dara fomhír maidir le cinntí lena bhforchuirtear bearta de
chineál imscrúdaithe. I gcás ina measann
údarás inniúil, tar éis dó measúnú a dhéanamh ar gach cás ar leith, go mbeadh
sé díréireach aitheantas an duine dhlítheanaigh atá faoi réir an chinnidh, nó
sonraí pearsanta duine nádúrtha a fhoilsiú, nó i gcás ina ndéanfadh an foilsiú
sin imscrúdú atá ar bun nó cobhsaíocht na margaí airgeadais a chur i gcontúirt,
déanfaidh sé ceann amháin de na nithe a leanas: (a)
foilsiú an chinnidh a chur siar go dtí nach ann a
thuilleadh do chúiseanna an iarchurtha sin; (b)
an cinneadh a fhoilsiú ar bhonn anaithnid i
gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás ina n‑áirithíonn foilsiú den sórt
sin cosaint éifeachtach do na sonraí pearsanta lena mbaineann agus, más
iomchuí, foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnta i
gcás ina bhfuil sé intuartha go scoirfidh cúiseanna an fhoilsithe anaithnid de
bheith ann le linn na tréimhse sin; (c)
ní fhoilseoidh siad an cinneadh i cás ina bhfuil an
t‑údarás inniúil faoin tuairim go mbeadh foilsiú i gcomhréir le pointe (a)
nó pointe (b) neamhleor leis na nithe seo a áirithiú: (i) nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí
airgeadais i gcontúirt; nó (ii) comhréireacht foilsiú na gcinntí sin
maidir le bearta a mheastar a bheith gan mórán tábhachta. 2. I gcás ina bhfuil an cinneadh
faoi réir achomhairc os comhair údarás breithiúnach, riarachán náisiúnta nó
údarás náisiúnta eile, foilseoidh údaráis inniúla faisnéis den sórt sin ar a
suíomh gréasáin láithreach comh maith le haon fhaisnéis a gheobhaidh siad ina
dhiaidh sin maidir le toradh an achomhairc. Fairis sin, foilseofar aon
chinneadh lena gcuirfear cinneadh faoi réir achomhairc ar neamhní. 3. Áiritheoidh údarás inniúil go
mbeidh rochtain ar aon chinneadh a fhoilsítear i gcomhréir leis an Airteagal seo
ar a shuíomh gréasáin go ceann tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis a
fhoilsithe. Coimeádfar na sonraí pearsanta sna cinntí sin ar shuíomh gréasáin
an údaráis inniúil go ceann na tréimhse is gá i gcomhréir leis na rialacha is
infheidhme maidir le cosaint sonraí. Caibidil VIII Tuarascálacha agus Athbhreithniú Airteagal 33 Tuarascálacha ón UBE Ullmhóidh
ÚBE, i gcomhair le ESMA, na tuarascálacha a leanas agus cuirfear faoi bhráid an
Choimisiúin iad laistigh de [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta, 12
mhí ó fhoilsiú an Rialacháin.]: (a)
tuarascáil maidir leis an teorainn a d'fhéadfadh a
bheith leis na méadraigh i bpointe (a) go (h) in Airteagal 9(2) agus
ar na cineálacha urrúsúcháin nach baol iad, dar leis an ÚBE, do chobhsaíocht
airgeadais na croí-institiúide creidmheasa ná do chóras airgeadais an Aontais; (b)
tuarascáil maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart
cineálacha eile de dhíorthaigh agus d'ionstraimí airgeadais eile, seachas na
cinn atá liostaithe in Airteagal 11(1), a chur san áireamh chun críche a
phriacal féin a bhainistiú go stuama i gcás croí-institiúide creidmheasa. (c)
tuarascáil maidir leis an bhféidearthacht cead a
thabhairt ionstraimí airgeadais eile a úsáidtear chun críocha fálú, seachas na
cinn atá liostaithe in Airteagal 12(1), a dhíol le cliaint agus maidir
leis an gcuid de chistí dílse nach féidir díorthaigh a dhíol os a cionn dá
dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 12(2). Airteagal 34 Athbhreithniú Déanfaidh
an Coimisiún faireachán, ar bhonn rialta, ar éifeacht na rialacha atá leagtha
síos sa Rialachán seo maidir le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1
agus maidir le cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais ina iomláine, agus
cuirfidh sé san áireamh forbairtí maidir le struchtúr an mhargaidh chomh maith
le forbairtí agus gníomhaíochtaí na n‑eintiteas atá á rialú ag an
Rialachán seo, agus chomh maith leis sin déanfaidh sé aon mholtaí is iomchuí
ina leith. Díreoidh an t‑athbhreithniú go háirithe ar chur i bhfeidhm na
dtairseacha dá dtagraítear in Airteagal 3, ar chur i bhfeidhm agus
éifeachtacht an toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 6, ar raon feidhme
na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 agus ar oiriúnacht na
méadrach atá leagtha amach in Airteagal 9. Faoin 1 Eanáir 2020, agus ar bhonn rialta ina dhiaidh
sin, tar éis dóibh tuairimí na n‑údarás inniúil a chur san áireamh, na
saincheisteanna thuasluaite san áireamh, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi
bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, tuarascáil a mbeidh togra
reachtach ag gabháil leis, más iomchuí. Caibidil IX: Forálacha críochnaitheacha Airteagal 35 Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú 1. Is faoi réir na
gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don
Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar tarmligean na
cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6(6), 8(3), 10(5), 11(3), 12(2),
15(2), sa dara fomhír d'Airteagal 16, in Airteagail 23(4) agus 27(3)
a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón dáta dá
dtagraítear in Airteagal 38. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6(6),
8(3), 10(5), 11(3), 12(2), 15(2), sa dara fomhír d'Airteagal 16, in Airteagail 23(4)
agus 27(3) a chúlghairm aon tráth. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh,
cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin.
Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé
difear do bhailíocht aon cheann de ghníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm
cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na
hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 6(6), 8(3), 10(5), 11(3), 12(2),
15(2), an dara fhomhír d'Airteagal 16, Airteagail 23(4) agus 27(3) i
bhfeidhm ach amháin mura bhfuil aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa
nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ón tráth a dtugtar fógra i
dtaobh an ghnímh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é,
sula dtéann an tréimhse sin in éag, gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar
an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na
Comhairle. Airteagal 36 Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i
bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón dáta a thagann sé i
bhfeidhm, seachas Airteagal 6, a mbeidh feidhm aige ó [Oifig na
bhFoilseachán, cuir isteach dáta, 18 mí tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo]
agus Airteagail 13 go 18 agus Airteagal 20, a mbeidh feidhm acu ó [Oifig
na bhFoilseachán, cuir isteach dáta, 36 mí tar éis fhoilsiú an Rialacháin
seo]. Beidh an Rialachán
seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i
ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN
TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí 1.5. Foras
an togra/tionscnaimh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A
MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.2. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí 3.2.3. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál
riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht don
chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó
thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN
AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal
an togra/tionscnaimh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle maidir le bearta struchtúracha chun
athléimneacht bhainc an AE a fheabhsú 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[43]
Margadh Inmheánach – Margaí airgeadais 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh ý Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí
straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh
dírithe Cuidiú leis na rioscaí maidir le cobhsaíocht
airgeadais a laghdú agus muinín infheisteoirí agus rannpháirtithe eile sna
margaí airgeadais a spreagadh arís. 1.4.2. Cuspóirí
sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann I bhfianaise na gcuspóirí ginearálta thuas, is
éard is aidhm leis an rialachán riosca sistéamach, strus airgeadais nó teip a
chosc i measc banc mór, casta agus idirnasctha, agus roinnt cuspóirí a bhaint
amach: ·
Tógáil riosca iomarcach a laghdú san institiúid
chreidmheasa; ·
Deireadh a chur leis na coinbhleachta leasa
ábhartha idir na codanna éagsúla san institiúid chreidmheasa; ·
Mí-leithdháileadh acmhainní a sheachaint agus
iasachtú don fhíorgheilleagar a spreagadh; ·
Dálaí iomaíochta neamhshaofa a áirithiú do gach
institiúid laistigh den mhargadh inmheánach; ·
Idirnascthacht laistigh den earnáil airgeadais as a
dtagann riosca sistéamach a laghdú; ·
Bainistiú éifeachtach, faireachán agus maoirseacht
institiúide creidmheasa a éascú; agus ·
Réiteach ordúil agus téarnamh an ghrúpa a éascú. 1.4.3. An toradh
agus an tionchar a bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Tógáil riosca a laghdú san institiúid
chreidmheasa; Deireadh a chur leis na coinbhleachta leasa
ábhartha idir na codanna éagsúla san institiúid chreidmheasa; Mí-leithdháileadh acmhainní a sheachaint agus
iasachtú don fhíorgheilleagar a spreagadh; Níos lú saofa iomaíochta laistigh den mhargadh
inmheánach; Idirnascthacht laistigh den earnáil airgeadais
a laghdú; Bainistiú, faireachán agus maoirseacht níos
éifeachtúla institiúide creidmheasa a éascú; Réiteach agus téarnamh níos ordúla i gcás na
ngrúpaí baincéireachta is mó agus is casta. 1.4.4. Táscairí
lena léirítear toradh agus tionchar Sonraigh na táscairí
lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Ar na táscairí atá ábhartha chun meastóireacht
a dhéanamh ar an togra d'fheadfaí a áireamh: ·
Líon agus an mhéid atá sna bainc atá faoi réir
ceanglas deighilte struchtúraí; ·
Leithdháileadh gníomhaíochtaí d'eintiteas glactha
taiscí nó trádála; ·
Líon na n‑idirbheart, raonta difríochta nó
leachtacht i margaí ábhartha; ·
Treochtaí sna sciartha den mhargadh atá ag bainc
atá faoi réir deighilte struchtúraí; ·
Comhchruinniú margaidh i ngníomhaíochtaí atá faoi
réir deighilte struchtúraí; ·
Iontrálaithe nua i ngníomhaíochtaí faoi réir
deighilte struchtúraí; ·
Treochtaí i mbrabúsacht na mbanc atá faoi réir
deighilte struchtúraí; ·
Tomhais maidir leis an méid atá i bhfóirdheontais
phoiblí intuigthe; ·
Tomhais buntáiste na mbanc atá rómhór le teip ó
thaobh costas maoiniúcháin; ·
Tomhais gníomhaíochta trádála agus iasachtaithe ag
bainc atá rómhór le teip. 1.5. Foras an
togra/tionscnaimh 1.5.1. Na
ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Ó thús na géarchéime airgeadais, tá an tAontas
Eorpach (an AE) agus a Bhallstáit ag gabháil d'ollchóiriú bunúsach ar rialáil
agus ar mhaoirseacht na mbanc. I réimse na baincéireachta, chuir an AE tús le
roinnt athchóirithe le hathléimneacht na mbanc a mhéadú agus le hiarmhairt
teipeanna ionchasacha na mbanc a laghdú, leis an gcuspóir córas níos sábháilte,
níos fónta, níos trédhearcaí agus ní freagraí a chruthú, córas a oibreoidh ar
son an gheilleagair agus na sochaí ina n‑iomláine (féach go háirithe an
Rialachán nua agus an Treoir nua maidir le Ceanglais Chaipitil chomh maith leis
an Treoir atá molta maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc). Tá earnáil bhaincéireachta an AE agus bainc
aonair fós mór i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, áfach. Is iad na
bainc is mó freisin is gníomhaí i ngníomhaíochtaí trádála casta agus i
ngníomhaíochtaí trasteorann trí líon mór eintiteas dlíthiúil. Chuaigh roinnt tíortha san AE chomh maith le
tríú tíortha céim níos faide agus ghníomhaigh siad, nó tá siad i mbun gníomhú athchóirithe
struchtúracha ar a n‑earnálacha baincéireachta faoi seach chun díriú ar
ábhair imní a bhaineann leis na hinstítiúidí airgeadais is mó agus is casta.
Chomh maith leis sin tá béim leagtha ag institiúidí idirnáisiúnta, amhail an
G20, an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, an Banc um Shocraíochtaí
Idirnáisiúnta, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, agus an Eagraíocht um
Chomhar agus Forbairt Eacnamaíoch, ar ról na n‑athchóirithe sin i dtaca
le hinréiteacht, mar shampla, agus d'iarr siad díospóireacht leathan agus
domhanda ar shamhlacha gnó banc. 1.5.2. Luach
breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE: I bhfianaise na bhforbairtí seo, tá bonn cirt
láidir le gníomhú ar leibhéal an AE. Cé go bhfuil an cuspóir céanna ag na
hathchóirithe náisiúnta tríd is tríd, tá difríochtaí eatarthu sna
mionsonraithe. Déanfaidh an méid sin cinntí bunaíochta a shaobhadh, mar
féadfaidh bainc atá rómhór le teip a ngníomhaíochtaí a aistriú go Ballstát
eile, nó lonnú ansin. Bheadh freagairt choiteann ón AE níos éifeachtaí dá bhrí
sin. Tá an gá le rialacha aonfhoirmeacha ríthábhachtach don aontas
baincéireachta chun cúraimí maoirseachta an tSásra Maoirseachta Aonair agus
gníomhaíochtaí réitigh an tSásra Réitigh Aonair a éascú. 1.5.3. Ceachtanna
a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart n.b. 1.5.4. Comhoiriúnacht
d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann: Tá roinnt athchóirithe curtha ar bun cheana
féin ag an AE chun athléimneacht na mbanc a mhéadú agus chun an dóchúlacht go
dteipfeadh ar an mbanc agus an tionchar a bhainfeadh leis sin a laghdú. Ar na
hathchóirithe sin áirítear bearta chun sócmhainneacht na mbanc a neartú (an
chuid sin de phacáiste an Rialacháin agus na Treorach maidir Ceanglais
Chaipitil ina bhfuil ceanglais chaipitil agus leachtachta); bearta chun
inréiteacht na mbanc a neartú (Treoir atá beartaithe maidir le Téarnamh agus
Réiteach na mBanc) bearta chun taiscí a ráthú níos fearr (athbhreithniú na
Treorach maidir le Scéimeanna Ráthaíochta Taiscí); bearta le trédhearcacht a
fheabhsú agus le díriú ar rioscaí na ndíorthach agus le bonneagair margaidh a
fheabhsú (Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach agus athbhreithnithe
gaolmhara ar an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais). Sa bhreis
air sin, le stop a chur leis an timthriall aischothaithe dhiúltaigh idir an
stát agus rioscaí baincéireachta agus le muinín san euro agus sa chóras
baincéireachta a thabhairt ar ais, d'iarr an Coimisiún Eorpach go ndéanfaí
tuilleadh forbartha ar Aontas Baincéireachta, ag cur leis an leabhar rialacha
aonair a bheidh infheidhme maidir le gach banc san AE ina iomláine. Áireofar
leis seo Sásra Maoirseachta Aonair agus Sásra Réitigh Aonair a bheidh
éigeantach do bhaill an limistéir euro ach oscailte do rannpháirteachas Ballstát
eile. In ainneoin an chláir oibre leathain seo um
athchóiriú tá gá le bearta breise chun an fhéidearthacht go dteipfeadh bainc
atá rómhór le teip chomh maith leis an iarmhairt a laghdú. Tá tacaíocht ar
leibhéal domhanda ann do na bearta sin, mar atá léirithe i ráitis ó cheannairí
agus ó airí an G20 le déanaí. Maidir le hiarmhairt teipe, réiteoidh an
Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc an bealach chuig réiteach
ordúil ghnáthbhainc an AE agus ar an gcaoi sin laghdófar go mór iarmhairt theip
na mbanc sin don airgeadas poiblí. Beidh sé dúshlánach do na bainc atá rómhór
le teip na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú, toisc a gcláir chomhardaithe agus a
struchtúir chorparáideacha a bheith an‑mhór, casta agus comhdhlúite. Dá
thoradh sin, cé go laghdaítear an seans go mbeadh gá le tacaíocht phoiblí,
b'fhéidir nach mbeidh deireadh ar fad leis mura gcuirfear na cumhachtaí uile i
bhfeidhm i ngach cás. D'fhéadfadh iarmhairt sách mór teacht as teip bainc mhóir
chasta fós dá bhrí sin. B'fhéidir go míníonn an méid sin uile léargas na margaí
ar na fóirdheontais intuigthe atá fágtha agus go bhfuil gá le soiléiriú breise
i dtaca leis na bearta struchtúracha breise a d'fhéadfaí a dhéanamh. Trí
athchóiriú struchtúrach a dhéanamh, méadófar na roghanna atá ar fáil d'údaráis
agus iad ag déileáil le grúpaí baincéireachta a bhfuil ag teip orthu. Trí
chreidiúnacht réitigh ordúil a mhéadú, cuirfear feabhas ex ante ar rialú an
mhargaidh agus ar dhinimic na gclár comhardaithe banc. Le hathchóirithe
struchtúracha d'fhéadfadh na cumhachtaí nua-bhronnta sa Treoir maidir le
Téarnamh agus Réiteach na mBanc bheith níos éifeachtaí do na bainc atá rómhór
le teip, mar go ndéileáilfeadh údaráis réitigh le cláir chomhardaithe ar leith,
a bheadh leithscartha agus níos simplí. D'fhágfadh sin go mbeadh sé níos éasca
faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na heintitis éagsúla i ngrúpa
baincéireachta agus cuireann sé leis an raon roghanna atá ag na húdaráis
réitigh. Bheadh bearta breise do na bainc atá rómhór le teip i gcomhréir le
prionsabal na comhréireachta sa Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na
mBanc. 1.6. Fad agus
tionchar airgeadais ý Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse
neamhtheoranta Foráiltear go dtiocfaidh sé i bhfeidhm agus go
gcuirfear i bhfeidhm é in 2015/2017 agus go gcomhlíonfar an cosc ar thrádáil ó
Eanáir 2017 agus na ceanglais deighilte ionchasacha ó Iúil 2018. 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe[44] Ó bhuiséad 2014 ¨ Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún –
¨
ag a ranna, lena n‑áirítear an fhoireann atá i dtoscaireachtaí an
Aontais; –
¨ ag
na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin; ¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit ý Bainistíocht indíreach trí na cúraimí cur
chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨
tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad; –
¨
eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí); –
¨an
Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta; –
¨
comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den
Rialachán Airgeadais; –
¨
comhlachtaí dlí poiblí; –
¨
comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse
poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais
ar fáil; –
¨
comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram
orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a
sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais; –
¨
daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme sa CBES
de bhun Theideal V den CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha. – I gcás ina sonraítear níos mó ná modh
bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil. Nótaí Is gníomhaireacht rialála í an tÚdarás
Baincéireachta Eorpach (ÚBE) a ghníomhaíonn faoi mhaoirseacht an Choimisiúin. 2. BEARTA
BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe Foráiltear sa togra go n‑athbhreithneoidh
an Coimisiún éifeachtacht na mbeart atá beartaithe ar bhonn tréimhsiúil. 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.2.1. Na
rioscaí a aithníodh. I ndáil le húsáid dhlíthiúil, eacnamaíoch,
éifeachtach agus éifeachtúil na leithreasuithe a thagann as an togra, táthar ag
súil nach dtiocfadh rioscaí nua as an togra nach mbeadh cumhdhaithe faoin
gcreat rialaithe inmheánach atá ag an ÚBE cheana. 2.2.2. Faisnéis
maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm. n.b. 2.2.3. Meastachán
ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca
earráide a bhfuiltear ag súil leis. n.b. 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc Chun críocha calaois, éilliú agus aon
ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian maidir leis
an mBord ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le
himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF). Aontóidh ÚBE do Chomhaontú Idirinstitiúideach
an 25 Bealtaine 1999 idir Pharlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais
Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach, maidir le himscrúduithe
inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus
glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach bonn maidir le foireann uile ÚBE. Leagfar amach go sainráite sna cinntí maidir
le maoiniú agus sna comhaontuithe agus sna hionstraimí cur chun feidhme a dtig
astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a
chur i gcrích, más gá, ar thairbhithe airgid atá íoctha amach ag ÚBE agus
ar chomhaltaí foirne atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh. Is in Airteagal 64 agus Airteagal 65
den Rialachán lena mbunaítear ÚBE a leagtar amach na forálacha maidir le cur
chun feidhme agus rialú bhuiséad ÚBE agus na rialacha airgeadais is infheidhme. 3. AN
TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar · Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht || LD/LN ([45]) || ó thíortha CSTE[46] || ó thíortha is iarrthóirí[47] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais 1.a || 12.0302 Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) || Difreáilte || TÁ || TÁ || NÍL || NÍL · Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas Beidh na tionchair seo a leanas ag an
tionscnamh reachtach seo ar chaiteachas: ·
Earcú beirt gníomhairí sealadacha nua ag ÚBE (beirt
ó Eanáir 2016) - Féach an Iarscríbhinn le haghaidh tuilleadh eolais faoina ról
agus conas mar a ríomhadh a chostas (maoineoidh an AE 40% díobh agus na
Ballstáit 60% díobh). ·
Déanfar na cúraimí nua leis na hacmhainní daonna
atá ar fáil laistigh den nós imeachta um leithdháileadh buiséid, i bhfianaise
srianta ar an mbuiséad is infheidhme maidir le gach comhlacht den AE agus atá i
gcomhréir leis an gclárú airgeadais do na gníomhaireachtaí. Go háirithe, beidh
na hacmhainní a bheidh de dhíth ar an ngníomhaireacht le haghaidh na gcúraimí
nua comhsheasmhach agus comhoiriúnach leis an gcláreagrú daonna agus airgeadais
le haghaidh ÚBE a socraíodh sa Teachtaireacht le déanaí chuig Parlaimint na
hEorpa agus chuig an gComhairle - Cláreagrú acmhainní daonna agus airgeadais le
haghaidh gníomhaireachtaí díláraithe 2014-2020' (COM(2013)519). 3.2.1. Achoimre
ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais || Uimhir || 1a Fás Cliste agus Cuimsitheach Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach DG: MARKT || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || 12.0302 Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) || Gealltanais || (1) || 0,00 || 0,00 || 0,16 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,76 Íocaíochtaí || (2) || 0,00 || 0,00 || 0,16 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,76 Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach[48] || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe do MARKT || Gealltanais || =1+1a +3 || 0,00 || 0,00 || 0,16 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,76 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 0,00 || 0,00 || 0,16 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,76 IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 1.a den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 0,00 || 0,00 || 0,16 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,76 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0,00 || 0,00 || 0,16 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,15 || 0,76 Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || || Ceannteideal an chreata airgeadais || 5 || "Caiteachas riaracháin" EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN DG: || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || IOMLÁN DG <…….> || Leithreasuithe || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || || || || || || || || EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) || || || Bliain N[49] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || || || || || || || || Íocaíochtaí || || || || || || || || 3.2.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí –
¨ Ní
éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí –
ý Éilíonn
an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR
milliúin (go dtí an tríú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN ASCHUIR Saghas[50] || Meánchostas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon iomlán || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[51]... || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || || CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || || 3.2.3. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de
chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre
–
ý Ní
éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál
riaracháin –
¨ Éilíonn
an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
mar a mhínítear thíos: EUR milliúin (go dtí
an tríú deachúil) || Bliain N[52] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[53] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || || Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || IOMLÁN || || || || || || || || Soláthrófar na
hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil
bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe
taobh istigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh
breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun
bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil
i bhfianaise na srianta buiséadacha. 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach –
ý Ní
éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna. –
¨ Éilíonn
an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear
thíos: Sloinnfear an meastachán in aonaid de
choibhéis lánaimseartha || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) || || || XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || || || || || || || || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[54] || || XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || || || || XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí) || || || || || || || || XX 01 04 yy[55] || - sa Cheanncheathrú || || || || || || || || - Toscaireachtaí || || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || || IOMLÁN || || || || || || || Is é XX an réimse
beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann. Soláthrófar na hacmhainní
daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht
an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh
den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a
d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta
faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise
na srianta buiséadacha. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus foireann shealadach || Foireann sheachtrach || 3.2.4. Comhoiriúnacht
don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha –
ý Tá
an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha. –
Beidh na hacmhainní a bheidh de dhíth ar ÚBE le
haghaidh na gcúraimí nua comhsheasmhach agus comhoiriúnach le Creat Airgeadais
Ilbhliantúil 2014-2020 agus leis an gcláreagrú daonna agus airgeadais le
haghaidh ÚBE a socraíodh sa Teachtaireacht le déanaí chuig Parlaimint na hEorpa
agus chuig an gComhairle - Cláreagrú acmhainní daonna agus airgeadais le
haghaidh gníomhaireachtaí díláraithe 2014-2020' (COM(2013)519)." –
¨ Beidh
athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil
leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. –
¨ Éilíonn
an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go
ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[56]. Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na
ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna
comhfhreagracha. 3.2.5. Ranníocaíochtaí
ó thríú páirtithe –
Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú
atá réamh‑mheasta thíos: Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Iomlán Ballstáit || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 || 0,00 3.3. An
tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam –
¨
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam. –
¨ Beidh
an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: ¨ ar acmhainní dílse ¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[57] 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 Airteagal …………. || || 0.00 || 0.00 || 0.00 || 0.00 || 0.00 || 0.00 || 0.00 I gcás ioncaim ilghnéithigh
atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu. Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. Iarscríbhinn maidir le bearta struchtúracha
chun athléimneacht institiúidí creidmheasa an AE a fheabhsú Meastachán do ÚBE Cuimsítear
i dtogra an Choimisiúin forálacha do ÚBE chun ceithre gníomh tarmligthe agus sé
chaighdeán theicniúla a fhorbairt lena áirithiú go bhfuil forálacha de chineál
ardteicniúil curtha chun feidhme go comhsheasmhach ar fud an AE. Ba
cheart don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh arna bhforbairt
ag ÚBE i dtaca leis an modheolaíocht le haghaidh thomhas agus chur i bhfeidhm
comhsheasmhach na méadrach a bhaineann le ríomh na tairsí ar cheart deighilt
gníomhaíochtaí trádála a bheith ar siúl os a chionn. Ba cheart don Choimisiún
agus do ÚBE a áirithiú go bhféadfaidh na hinstitiúidí go léir lena mbaineann na
caighdeáin sin a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach le cineál, scála
agus castacht na n‑institiúidí sin agus a ngníomhaíochtaí. Sa bhreis air
sin, ba cheart don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna
bhforbairt ag ÚBE a ghlacadh i dtaca le modheolaíocht chun an méid
gníomhaíochtaí trádála a mbíonn institiúidí creidmheasa agus
máthairchuideachtaí ag gabháil dóibh a ríomh agus i dtaca leis an teimpléad
aonfhoirmeach le haghaidh nochtadh méid iomláin agus comhpháirteanna
gníomhaíochtaí trádála na n‑institiúidí creidmheasa agus na
máthairchuideachtaí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Chun an obair dá
bhforáiltear a chur i gcrích, beidh gá le cruinnithe déthaobhacha agus
iltaobhacha leis an geallsealbhóirí, anailís agus measúnú ar roghanna agus
dréachtú doiciméad comhairleach, comhairliúcháin phoiblí le geallsealbhóirí,
bunú agus bainistiú buanghrúpaí saineolaithe ina mbeidh maoirseoirí ó
Bhallstáit, bunú agus bainistiú grúpaí saineolaithe ad hoc, anailís ar na
freagairtí ar chomhairliúcháin, dréachtú anailíse costas/sochar agus dréachtú
an téacs dhlíthiúil. Glactar
leis go dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm ag deireadh 2015 Ní bheidh gá le
hacmhainní breise ÚBE ach ó 2016 ar aghaidh. Beidh gá le poist na ngníomhairí
sealadacha chun na cúraimí is gá a chomhlíonadh san fhadtéarma. Gníomhartha tarmligthe an Choimisiúin: ·
Méadraigh: leibhéal toimhde infhrisnéise, uimhir; ·
Soláthar táirgí bainistithe riosca: uasteorainn ar
ceart táirgí bainistithe riosca a sholáthar ag eintiteas trádála os a cionn; ·
Rialacha maidir le deighilt – neamhchosaintí móra: Teicnící
maolaithe riosca creidmheasa incháilithe. ·
Raon críochach: critéir um choibhéis Caighdeáin theicniúla an Choimisiúin: ·
Cosc ar thrádáil dílseánaigh – modheolaíocht chun
gníomhaíochtaí trádála a ríomh chun críocha na tairsí ginearálta. ·
Cosc ar thrádáil dílseánaigh – teimpléad
aonfhoirmeach do nochtadh gníomhaíochtaí trádála; ·
Deighilt - méadraigh: tomhas agus cur i bhfeidhm
comhsheasmhach. ·
Mionsonraí maidir le hoibleagáid tuairiscithe agus
teacht i bhfeidhm ·
Clárú stórtha trádála ·
Údaráis a bhfuil rochtain acu ar shonraí stórtha
trádála. Toimhde maidir
le hacmhainní breise: ·
Glactar leis gur gníomhairí sealadacha ón ngrúpa
feidhmiúil agus grád AD7 a bheidh sa dá phost bhreise. ·
Is ar threoir ó Ard‑Stiúrthóireacht an
Bhuiséid atá na meánchostais tuarastail i gcás catagóirí éagsúla pearsanra
bunaithe; ·
Is é 1.344 an chomhéifeacht coigeartaithe
tuarastail do Londain. ·
Meastar na costais misean ag €10,000. ·
Meastar go mbeidh €12,700 i gceist le costais a
bhaineann le hearcaíocht (taisteal, óstáin, scrúduithe leighis, aistriú agus
liúntais eile, costais aistrithe, etc). Léirítear an modh chun an méadú sa bhuiséad a
theastaíonn a ríomh maidir leis na chéad trí bliana eile níos mine sa tábla
thíos. Léirítear sa ríomh go gcistítear 40% de na costais as buiséid an
Aontais. Cineál costais || Ríomh || Méid (i mílte) 2016 || 2017 || 2018 || Iomlán Caiteachas foirne || || || || || 11 Tuarastail agus liúntais || =2 x 132 x1.344 || 355 || 355 || 355 || 1.064 12 Caiteachas a bhaineann le hearcaíocht || =2 x 13 || 25 || || || 25 13 Speansais misean || =2 x 10 || 20 || 20 || 20 || 60 Iomlán: Caiteachas foirne || || 400 || 375 || 375 || 1.150 || || || || || Ar ranníocaíocht Chomhphobail é (40%) || || 160 || 150 || 150 || 460 Ar ranníocaíocht na mBallstát é (60%) || || 240 || 225 || 225 || 690 [1] Do shainordú agus liosta na gcomhaltaí, féach ar
http://ec.europa.eu/internal_market/bank/docs/high‑level_expert_group/mandate_en.pdf [2] I measc moltaí eile an Ghrúpa Saineolaithe Ardleibhéil
bhí (2) go bhféadfadh deighilt gníomhaíochtaí breise a bheith riachtanach ag
brath ar an bplean téarnaimh agus réitigh; (3) tarrtháil isteach a úsáid mar
uirlis réitigh; (4) athbhreithniú ar riachtanais chaipitil ar shócmhainní
trádála agus ar iasachtaí a bhaineann le heastát réadach; agus (5) bearta atá
dírithe ar láidriú rialachas agus rialú na mbanc ionas go neartófar grinnscrúdú
banc agus smacht an mhargaidh. [3] Parlaimint na hEorpa (McCarthy 2013), Struchtúr earnáil
baincéireachta an AE a athchóiriú , 2013/2021 (INI) [4] Tá sé ceaptha go gcumhdóidh rómhór le teip
róthábhachtach le teip, agus ró-idirnasctha le teip chomh maith. Féach freisin
an Coimisiún Eorpach (2013b). [5] Treoir xx/xxxx/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí
creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochtaí agus lena leasaítear
Treoir 77/91/CEE agus Treoir 82/891/CE ón gComhairle agus
Treoracha 2001/27/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE agus
2011/35/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle (IO L--xxx [6] COM(2012) 102 final, http://ec.europa.eu/internal_market/bank/docs/shadow/green‑paper_en.pdf [7] Is í Tuarascáil FSB an
27 Deireadh Fómhair 2011 maidir le maoirseacht agus rialáil
scáthbhaincéireachta a d'fhorbair an sainmhíniú seo,
http://www.financialstabilityboard.org/publications/r_111027a.pdf [8] P7_TA(2012)0427,
http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?type=TA&reference=P7-TA-2012-0427&language=EN [9] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus
chuig Parlaimint na hEorpa maidir le Scáthbhaincéireacht - Aghaidh a thabhairt
ar Fhoinsí Nua Riosca san Earnáil Airgeadais, COIM (2013), 614 final [10] Comhairliúchán an Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil ar
athchóiriú struchtúr earnáil baincéireachta an AE, Bealtaine/Meitheamh 2012. http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2012/banking_sector_en.htm.
Fuair an Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil 83 freagra, a bhformhór
mór acu ó bhainc agus institiúidí airgeadais eile, agus ina dhiaidh custaiméirí
miondíola agus a gcumainn agus, ar deireadh, custaiméirí corparáideacha. [11] Comhairliúchán ar mholtaí an Ghrúpa Saineolaithe
Ardleibhéil maidir le struchtúr earnáil baincéireachta an AE,http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2012/hleg-banking_en.htm.
As na 89 freagra a fuarthas, is ón tionscal baincéireachta a tháinig a leath,
beagnach [12] "Comhairliúchán an Choimisiúin ar Athchóiriú
Struchtúrach na hEarnála Baincéireachta," http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2013/banking-structural-reform/index_en.htm.
Fuair seirbhísí an Choimisiúin breis is 500 freagraí. Tháinig
siad ó bhainc agus institiúidí airgeadais eile, cliaint chorparáideacha, infheisteoirí,
údaráis phoiblí, agus comhlachais tomhaltóirí, agus ó dhaoine aonair-freagairtí
ó dhaoine aonair (439) agus ó chomhlachais tomhaltóirí (11). [13] Arna bhunú trí Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 a ghlacadh, lena
dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a
bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L287,
2013/10/29, lch. 63). [14] A bunaíodh trí [SRM] a ghlacadh. [15] Is é seo an tairseach do "institiúidí suntasacha
" a úsáidtear i Rialachán Uimh. 1024/2013. [16] Féach Iarscríbhinn 6 den IA. [17] Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí
creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE)
Uimh. 648/2012, IO L 176, 27.6.2013, Lch. 1. Treoir 2013/36/AE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na
n‑institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí
creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear
Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus
2006/49/CE, IO L 176, 27.6.2013, lch. 338. [18] Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012, IO L 201, 27.7.2012, lch. 1. [19] Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta
sa mhargadh inmheánach (IO L 319, 5.12.2007, lch. 1-36). [20] IO C , , lch. . [21] IO C , […], Lch. […]. [22] IO C , […], lch. […]. [23] Arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón
gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don BCE maidir le beartais a
bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L287,
29.10.2013, lch. 63). [24] Arna bhunú ag [an Sásra Aonair Réitigh]. [25] Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí
sonracha don BCE maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar
institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63). [26] Treoir 2011/61/AE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir
le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha
2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus
Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 [27] Treoir 2001/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 26 Meitheamh 2013
maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht
stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena
leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear
Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, (IO L 176, 27.6.2013,
lch. 338). [28] Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí
pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le
saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8,
12.1.2001, lch. 1). [29] Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 21 Aibreán 2004
maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE
agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/22/CEE
ón gComhairle (IO L 145, 30.4.2004,
lch. 1). [30] Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás
Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear
Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh
2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12). [31] Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus
gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE)
Uimh. 648/2012, (IO L176, 27.6.2013, lch.1). [32] Treoir 2013/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 26 Meitheamh 2013
maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais comhdhlúite agus
tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear
Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear
Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182,
29.6.2013, lch. 19). [33] Treoir 94/19/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994
maidir le scéimeanna ráthaithe éarlaisí IO L 135, 31.05.1994, lch. 0005 go lch.
0014. [34] Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún an
10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear chun feidhmeTreoir 2004/39/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí
infheistíochta i ndáil le coimeád taifead, idirbhearta a thuairisciú,
trédhearcacht mhargaidh, ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála,
agus téarmaí a mhínítear chun críocha na Treorach sin, (IO L 241,
2.9.2006, lch.1). [35] Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí
Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus
Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán
(AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch 1). [36] Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013, maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013,
lch.1). [37] Rialachán (AE)
Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013,
maidir le cistí caipitil fiontraíochta soisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013,
lch.18). [38] Rialachán (AE) Uimh. XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmacha Eorpacha IO L
xx/xx. [39] Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus
forálacha riaracháin maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in
urrúis inaistrithe, (GCUI), (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32). [40] Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 30 Bealtaine 1994 maidir
le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 135, 31/05/1994, lgh. 0005 go 0014). [41] Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta
sa mhargadh inmheánach (IO L 319, 5.12.2007, lgh.1 go 36). [42] Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le
díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála. [43] ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí ABB: bunú an
bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [44] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus
tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht
an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [45] LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe
neamhdhifreáilte [46] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [47] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na
Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí . [48] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde
indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [49] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun
feidhme an togra/tionscnaimh. [50] Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí le soláthar
(e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de
bhóithre a rinneadh, etc.). [51] Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. Cuspóirí sonracha...
[52] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun
feidhme an togra/tionscnaimh. [53] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde
indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [54] CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne Áitiúil; SNE=
Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED =
Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht). [55] Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA"). [56] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach
(don tréimhse 2007-2013). [57] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta
(dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a
bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais
bhailiúcháin a bheith bainte astu.