Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0757

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta, i ndáil leis an gcreat airgeadais don tréimhse 2014-2018

/* COM/2013/0757 final - 2013/0367 (COD) */

52013PC0757

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta, i ndáil leis an gcreat airgeadais don tréimhse 2014-2018 /* COM/2013/0757 final - 2013/0367 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh seo maoiniú a áirithiú don Suirbhé ar Struchtúr Feirmeacha 2016 agus do thionscadail ghaolmhara. Le Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta ceanglaítear go ndéanfar na Suirbhéanna ar Struchtúr Feirmeacha (SSFanna) i bhfoirm móráirimh talmhaíochta in 2010 agus mar shuirbhéanna samplacha in 2013 agus in 2016. Ceanglaítear leis freisin go ndéanfar suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta in 2010 nó 2011. Tá cistiú nach beag de dhíth ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún chun na suirbhéanna sin a sheoladh. De réir an Rialacháin, is féidir leis an gCoimisiún uasmhéid 75% de chostais an Bhallstáit a chumhdach chun na suirbhéanna a sheoladh. Sainítear an teorainn ar uasmhéid na n‑íocaíochta in aghaidh na tíre. Toisc na suirbhéanna a bheith déanta thar dhá thréimhse creata airgeadais ilbhliantúil, níorbh fhéidir an maoiniú iomlán a bhain leo a shocrú ag an am céanna. De réir Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008, ní foláir don údarás buiséadach agus reachtach an creat airgeadais do na Suirbhéanna ar Struchtúr Feirmeacha 2016 (SSFanna) a shocrú ar bhonn togra ón gCoimisiún agus bunaithe ar an gcreat nua airgeadais don tréimhse dár tosú in 2014. Ina theannta sin, ní foláir aird a thabhairt ar aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach. Ciallaíonn sé sin gur gá an Rialachán a leasú freisin chun ranníocaíocht uasta na Cróite a chur san áireamh.

Tá sé luaite i suirbhé de chuid an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE), gur cheart go mbeadh ról comhairleach ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE) agus go dtabharfadh sé cúnamh don Choimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú. Ciallaíonn sé sin gur cheart an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE) i gcomhair nósanna imeachta coiste a chur in ionad an Bhuanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta.

Tugann an togra sin Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 cothrom le dáta mar seo a leanas: (i) bunaítear an creat airgeadais don tréimhse 2014 go 2018; (ii) leagtar amach ranníocaíocht uasta an AE do chostais na Cróite chun na Suirbhéanna ar Struchtúr Feirmeacha a sheoladh; agus (iii) athraítear an coiste a thugann cúnamh don Choimisiún.

Tá na Suirbhéanna ar Struchtúir Feirmeacha á ndéanamh ar fud an Aontais Eorpaigh ar shlí chomhchuibhithe, bunaithe ar ghníomhartha dlí, ó 1966 i leith. An Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 atá ann faoi láthair, is ceann de shraith gníomhartha dlí é ar an ábhar sin, agus dá réir sin tá an togra chun an Rialachán seo a leasú go hiomlán comhsheasmhach leis an gClár Staidrimh Eorpach agus le beartais de chuid an Aontais.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Tharla na príomhchomhairliúcháin le geallsealbhóirí éagsúla agus le páirtithe leasmhara eile nuair a dréachtaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008. Tá measúnú déanta ag seirbhísí an Choimisiún ar an togra seo i ndáil leis an ngá atá ann do shonraí ó na Suirbhéanna ar Struchtúr Feirmeacha.

Pléadh an togra leis an mBuanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta.

Rinneadh meastóireacht ex-ante ar an tionscadal.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta leis an Rialachán. Leagtar síos an creat airgeadais do Shuirbhéanna ar Struchtúr Feirmeacha 2016, leagtar amach ranníocaíocht uasta an AE do chostais na Cróite chun na suirbhéanna a sheoladh, agus cuirtear coiste nua in ionad an choiste a bhí ann chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú.

Is é Airteagal 338 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta chun staidreamh a ullmhú, nuair is gá, chun gníomhaíochtaí an Aontais a chur i gcrích. Leagtar amach ann na ceanglais a bhaineann le staidreamh Eorpach a ullmhú, agus sonraítear nach mór caighdeáin neamhchlaontachta, iontaofachta, oibiachtúlachta, neamhspleáchais eolaíochta, éifeachtúlachta costais, agus rúndachta staidrimh a chomhlíonadh.

Comhlíonann an togra prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta araon, mar baineann sé le mionleasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008, cuid acu a beartaíodh cheana sna nósanna imeachta reachtacha as a dtáinig glacadh an Rialacháin sin.

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán. Ní bheadh aon mhodh eile iomchuí toisc go leasaítear leis an togra Rialachán ón gComhairle agus ón bParlaimint atá i bhfeidhm.

Ghlac an Coimisiún, an 27 Meitheamh 2013, togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ag oiriúnú d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh roinnt gníomhartha dlí lena bhforáiltear d’úsáid an nós imeachta rialacháin lena ngabhann grinnscrúdú (2013/0218 (COD). Bhí Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus suirbhéanna ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta ar cheann de na bunghníomhartha a cuireadh in oiriúint do chóras na ngníomhartha tarmligthe.

4.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Toisc gur costasach iad na Suirbhéanna ar Struchtúr Feirmeacha a dhéanamh tá gá le maoiniú nach beag ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún chun na ceanglais maidir le faisnéis a chomhlíonadh. De réir Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008, gheobhaidh na Ballstáit aisíocaíocht uasta de 75% nó níos lú dá gcostais, lena mbaineann uasteorainn uasta arna socrú in aghaidh na tíre. Tá na suimeanna a mbeidh gá leo socraithe sa Rialachán, cé is moite den Chróit, nár tháinig isteach san Aontas Eorpach go dtí 2013. Ina theannta sin, áiríodh na leithreasuithe is gá le haghaidh bhainistíocht, chothabháil agus fhorbairt na mbunachar sonraí arna n‑úsáid laistigh den Choimisiún chun na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit a phróiseáil. Is ionann agus EUR 20 650 000 an creat airgeadais iomlán don tréimhse ó 2014 ‑ 2018.

Chun na ceanglais d’ardchaighdeán maidir le staidreamh talmhaíochta a chomhlíonadh agus chun a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis atá bailithe ar fáil, agus go n‑úsáidfear chomh héifeachtúil í agus is féidir, tá gá le gníomhartha chun an mhodheolaíocht a fheabhsú agus chun teacht ar shlite chun an t‑ualach ar fhreagróirí agus ar na hInstitiúidí Náisiúnta Staidrimh a mhaolú, agus freastal á dhéanamh ag an am céanna ar na riachtanais faisnéise nua atá ag teacht chun cinn. Dá bharr sin tá togra ann le haghaidh leithreasuithe breise de chineál riaracháin Eurostat, trí nós imeachta inmheánach an Choimisiúin, a úsáidfear chun saincheisteanna bunachair agus modheolaíochtaí a fhorbairt.

.

2013/0367 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta, i ndáil leis an gcreat airgeadais don tréimhse 2014-2018

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Le Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 571/88[1], rinneadh foráil maidir leis na Ballstáit suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha a sheoladh in 2010, in 2013 agus in 2016, dá bhfaighidh siad ranníocaíocht uasta 75% ina leith ón gCoimisiún chun na suirbhéanna a sheoladh, faoi réir na huasmhéideanna a shainítear.

(2)       Chun na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha a sheoladh agus chun ceanglais an Aontais maidir le faisnéis a chomhlíonadh, tá gá le maoiniú nach beag ó na Ballstáit agus ón Aontas.

(3)       Le Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 cruthaíodh an t‑imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an chláir suirbhéanna, lena n‑áirítear bainistiú, cothabháil agus forbairt na gcóras bunachair a úsáidtear laistigh den Choimisiún chun an fhaisnéis arna sholáthar ag na Ballstáit a phróiseáil, agus socraíodh an méid don tréimhse 2008 ‑ 2013.

(4)       I gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008, ba cheart go socródh an t‑údarás buiséadach agus reachtach an méid don tréimhse ó 2014 ‑ 2018 ar thogra ón gCoimisiún ar bhonn an chreata nua airgeadais don tréimhse dár tosach 2014.

(5)       Ba cheart go ndéanfadh an t‑imchlúdach airgeadais atá beartaithe maoiniú ar sheoladh an tSuirbhé ar Struchtúr Feirmeacha in 2016 amháin agus ar bhainistiú, ar chothabháil agus ar fhorbairt ghaolmhar na mbunachar sonraí arna n‑úsáid laistigh den Choimisiún chun sonraí arna soláthar ag na Ballstáit a phróiseáil.

(6)       I bhfianaise aontachas na Cróite agus an gá atá ann le suirbhéanna a sheoladh ar struchtúir gabháltas talmhaíochta sa Bhallstát sin in 2016, ba cheart ranníocaíocht uasta ón Aontas in aghaidh an tsuirbhé a shocrú don Chróit; tá gá leis an oiriúnú sin i ngeall ar an aontachas agus níl aon fhoráil déanta maidir leis fós san Ionstraim Aontachais.

(7)       Cuireann an Buanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta arna bhunú le Cinneadh 72/279/CEE ón gComhairle an 31 Iúil 1972[2] comhairle ar fáil don Choimisiún agus tugann sé cúnamh dó a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú faoi na gníomhartha reachtacha i ndáil le staidreamh talmhaíochta.

(8)       De réir na straitéise maidir le struchtúr nua don Chóras Staidrimh Eorpach (CSE), a bhfuil sé i gceist leis comhordú agus comhpháirtíocht a fheabhsú laistigh den CSE, ba cheart ról comhairleach a bheith ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE), ar coiste é a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach[3], agus ba cheart dó cúnamh a thabhairt don Choimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú. Leanfaidh an Coimisiún air ag dul i gcomhairle le saineolaithe staidrimh talmhaíochta agus iascaigh sula gcuirtear ábhar faoi bhráid an Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE).

(9)       Ba cheart tagairt don Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach a chur in ionad na tagartha don Bhuanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta.

(10)     Chuathas i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta.

(11)     Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 a leasú dá réir,

(12)     .

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 13, cuirtear isteach an mhír seo a leanas mar mhír 5 nua:

"(5) I gcomhair an tsuirbhé ar struchtúr feirmeacha in 2016, is é EUR 500 000 an t‑uasmhéid a bheidh le híoc ag an gCróit."

Déantar mír 6 de mhír 5.

(2) Leasaítear Airteagal 14 mar seo a leanas:

            (a)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Don tréimhse 2014 ‑ 2018, is é EUR 20 650 000 an t‑imchlúdach airgeadais ón Aontas a shocrófar i gcomhair suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha in 2016, lena n‑áirítear na leithreasuithe is gá le haghaidh bhainistíocht, chothabháil agus fhorbairt na mbunachar sonraí arna n‑úsáid laistigh den Choimisiún chun na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit faoi fhorálacha an Rialacháin seo a phróiseáil.

            (b)        Cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:

"4. Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais[4]."

(3) Cuirtear isteach Airteagal 14a mar seo a leanas:

"Airteagal 14a

Leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint

1.           Glacfaidh an Coimisiún bearta cuí chun a áirithiú, i gcás ina gcuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go mbeidh leasanna airgeadais an Aontais á gcosaint trí bhearta coisctheacha a chur chun feidhme i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha, agus, má thugtar mírialtachtaí faoi deara, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus bhactha a chur i bhfeidhm.

2.           Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchóireacht a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), seiceálacha agus cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann an cistiú seo leo, go díreach nó go hindíreach, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d'fhonn a aimsiú an raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach i gceist a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh faoi dheontas nó conradh a bhaineann le cistiú an Aontais.

Gan dochar don chéad ná don dara fomhír, le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe deontais agus cinntí deontais agus conarthaí a thagann as cur chun feidhme an Rialacháin seo tabharfar an chumhacht go sainráite ach don Choimisiún, do Chúirt na nIniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na seiceálacha agus cigireachtaí sin ar an láthair a dhéanamh."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

Coiste

1.           Beidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[5].

2.           I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Foras an togra/tionscnaimh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta, ó thaobh an creat airgeadais de don tréimhse 2014-2018

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[6]

3403- Soláthar faisnéise staidrimh.

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[7]

X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Foinsí nua fáis a spreagadh chomh maith le comhtháthú sóisialta agus geilleagar tuaithe a bhfuil borradh faoi

1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh. 1

A áirithiú go bhfuil sonraí comhchuibhithe staidrimh ar fáil ag lucht déanta beartais agus ag geallsealbhóirí eile, lena n‑áirítear an pobal i gcoitinne, maidir le struchtúr ghabháltais talmhaíochta an Aontais Eorpaigh ón mbliain 2016 ar aghaidh

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

3403 — Soláthar faisnéise staidrimh

1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Tá sé mar aidhm leis an togra tacaíocht bhreise airgeadais a áirithiú do Bhallstáit chun sonraí a bhailiú maidir le struchtúr na ngabháltas talmhaíochta, tríd an gclúdach airgeadais a shocrú don tréimhse 2014‑2018 chun tacú le SSF 2016.

Tá sé i gceist leis an gclár atá beartaithe leanúint leis an tacaíocht don fhaireachán agus cur chun feidhme an Chomhbheartais Talmhaíochta (lena n‑áirítear an CBT 2020 nua) trí bheith in ann leanúint ar aghaidh leis an mbailiú faisnéise chun na hathruithe struchtúracha sa talmhaíochta le himeacht ama a thomhas, faisnéis atá de dhíth chun anailísiú a dhéanamh ar threochtaí i dtalmhaíocht an AE.

Ó thaobh an bhuiséid de, is beartas an‑tábhachtach de chuid an AE a bhí sa Chomhbheartas Talmhaíochta agus go deimhin, tá fós má chuirtear an Beartas Forbartha Tuaithe san áireamh, (i.e. 30 go 40 % de bhuiséad iomlán an AE) agus tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeifeá in ann meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an bheartais ar fhorbairt talmhaíochta. Leis an tionscnamh seo, leantar leis an tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun sonraí a bhailiú maidir le struchtúr na ngabháltas talmhaíochta, chun a áirithiú go mbeidh an tsraith sonraí ann agus go leanfar ag soláthar na sonraí is gá ó thaobh faireacháin agus cur chun feidhme an Chomhbheartais Talmhaíochta de. Beidh gach gné eile den chreat dlíthiúil reatha gan athrú agus níltear ag súil leis go mbeidh aon tionchar nua ann.

1.4.4.     Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Déanfar faireachán ar chur chun feidhme an togra ar na bealaí seo a leanas: (i) cruinnithe an ghrúpa oibre le Ballstáit; (ii) bailíochtú ar na tacair sonraí i gcomhréir leis na rialacha atá sonraithe sa Lámhleabhar Soláthraithe Sonraí; agus (iii) anailís ar na Tuarascálacha Modheolaíochta Náisiúnta.

1.5.        Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.     Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Tá na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha (an móráireamh talmhaíochta in 2010 agus suirbhéanna samplacha na mblianta 2013 agus 2016) cumhdaithe ag Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008.

1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Tá gá le bailiú comhchuibhithe sonraí le go mbeifear in ann conclúidí inchomparáide a dhéanamh ar leibhéal an AE maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta. Cuireann na héagsúlachtaí ó thaobh na haeráide de agus idir na réigiúin chomhshaoil laistigh den Aontas Eorpach, chomh maith leis na cleachtais éagsúla feirmeoireachta iontu, leis an gcás ar son cur chuige ar leibhéal an Aontais. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, faoin ngníomh fágtar faoi na tíortha cinneadh a dhéanamh faoin mbealach a bhaileofar na sonraí (agallaimh phearsanta, suirbhé sa phost, suirbhé ar an idirlíon nó le teileafón, úsáid a bhaint as foinsí eile riaracháin srl.), ach laistigh den Rialachán tá roinnt faisnéise comhchuibhithe le bailiú, trí úsáid a bhaint as sainmhínithe comhchoiteanna (sainmhínithe a d'fhéadfaí a thuiscint ar bhealaí difriúla ó Bhallstát go céile ag brath ar a gcúinsí talmhaíochta féin). Tá gníomhaíocht ón AE de dhíth mar sin chun faisnéis inchomparáide a fháil faoin talmhaíocht ar leibhéal an AE.

1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

Tá struchtúr sách casta ag suirbhé SSF agus éilíonn sé obair shuntasach sna Ballstáit, ag brath ar an méid a thuairiscíonn ionadaithe na mBallstát, atá ag cur an tsuirbhé chun feidhme ina dtíortha féin, sna grúpaí oibre (faoi láthair, bailítear faisnéis maidir le thart ar 200 athróg i gcomhair gach feirme a ndéantar suirbhé uirthi. Tugadh faoi chomhairliúchán ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na heagraíochtaí atá freagrach as na sonraí a bhailiú i gcruinnithe grúpa oibre SSF. Léirigh sé go leagtar ualach suntasach ar na Ballstáit (oifigí staidrimh agus freagróirí) as na sonraí atá de dhíth a bhailiú, agus go mbíonn gá le hagallaimh phearsanta go minic lena n‑áirithiú go mbeidh na sonraí ar ardchaighdeán. Tá maoiniú suntasach de dhíth ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún chun na suirbhéanna a dhéanamh agus chun an fhaisnéis atá de dhíth a bhailiú — léiríonn taithí a fuarthas roimhe seo go bhféadfaí costais na mBallstát a bheith cuid mhaith níos mó ná ranníocaíocht an AE (lena mbaineann uasteorainn de 75 % ar a mhéad de na suimeanna seasta in aghaidh na tíre). Cé gur socraíodh an creat airgeadais do shuirbhéanna na mblianta 2010 agus 2013 i Rialachán Uimh. 1166/2008, is gá don údarás buiséadach agus reachtach an creat airgeadais don FSS 2016 a shocrú ar thogra ón gCoimisiún agus a bheith bunaithe ar an gcreat nua airgeadais don tréimhse dar tús 2014, mar a shonraítear i Rialachán(CE) Uimh. 1166/2008.

Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá stair fhada ann na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha a dhéanamh ar bhonn AE ó 1966/67 i leith agus a bheith faoi chuimsiú creata dhlíthiúil. Cumhdaíonn an ionstraim dhlíthiúil atá i bhfeidhm faoi láthair (Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008) na suirbhéanna sceidealta do mhóráireamh talmhaíochta 2010 agus na suirbhéanna samplacha don bhliain 2013 chomh maith leis an mbliain 2016. Tá foráil ann maidir le tionscnamh reachtach nua chun leanúint ar aghaidh leis an gclár suirbhéanna seo tar éis 2016, d'fhonn leanúint ar aghaidh ag tacú le dearadh, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht ar CBT 2020 agus ina dhiaidh sin.

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

× Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

– ×   Togra/tionscnamh in éifeacht ón [01/01/2014] go dtí an [31/12/2018]

– ×   Tionchar airgeadais ó 2014 go 2019

¨Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

– Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB

– cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe [8]

x Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún

– x ag a ranna, lena n‑áirítear an fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

– ¨ ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht indíreach trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

– ¨ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

– ¨ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

– ¨ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

– ¨ comhlachtaí dlí phoiblí;

– ¨ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a chuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

– ¨ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad ar cuireadh de chúram orthu comhpháirtíochtaí poiblí agus príobháideacha a chur chun feidhme agus ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais a chur ar fáil;

– ¨ daoine ar cuireadh ar a n‑iontaoibh gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme sa CES de bhun Theideal V den CAE agus a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

– I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic, agus na coinníollacha.

Is gá d'fhaighteoirí na ndeontas na sonraí a bailíodh agus an tuarascáil mhodheolaíochta a ghabhann leo a sholáthar.

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh

Saincheisteanna a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le cáilíocht agus tráthúlacht sonraí.

2.2.2.     Modhanna rialaithe atá beartaithe

Na rialacha bailíochtaithe atá le cur i bhfeidhm ar na tacair sonraí le cur in iúl do na Ballstáit roimh ré; déanfar faireachán ar chomhlíonadh spriocdhátaí. Beidh Tuarascálacha Modheolaíochta Náisiúnta de dhíth do gach suirbhé. Seiceálfar costais incháilithe.

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Chomh maith le gach sásra rialaithe rialála a chur i bhfeidhm, déanfaidh Eurostat straitéis frithchalaoise a fhorbairt don tréimhse 2014-2017, a bheidh ag teacht le straitéis nua frithchalaoise an Choimisiúin (CAFS) a glacadh an 24 Meitheamh 2011. Áiritheoidh sé seo, mar shampla, go mbeidh faireachán inmheánach a bhaineann le cúrsaí frithchalaoise ag teacht go hiomlán leis an CAFS agus go mbeidh an cur chuige maidir le bainistíocht ar an mbaol calaoise curtha in oiriúint chun réimsí lena mbaineann baol calaoise agus freagairtí leordhóthanacha a aithint. Cuirfear grúpaí líonraithe agus uirlisí sonracha TF atá tiomnaithe d'anailís ar chásanna calaoise ar bun nuair is gá.

Shainigh Eurostat straitéis rialaithe do 2013-2017 a ghabhann le cur chun feidhme an chaiteachais. Baineann na bearta agus na huirlisí sa straitéis seo go hiomlán leis an rialachán atá beartaithe. Ach castacht a laghdú, nósanna imeachta faireacháin atá cost‑éifeachtach a chur i bhfeidhm mar aon le rialuithe ex ante agus ex post bunaithe ar riosca a sheoladh, laghdófar an dóchúlacht go dtarlódh calaois agus cuideofar lena cosc. Is cuid den straitéis rialaithe iad bearta sonracha múscailte feasachta agus oiliúint ábhartha maidir le calaois a chosc.

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir Tuairisc || LD/LN ([9]) || ó thíortha CSTE[10] || ó thíortha is iarrthóirí[11] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

2 || 05 08 02 Fás Inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir [Ceannteideal ……………………………………..] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

|| [XX.YY.YY.YY] || || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 2 || Fás Inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha

DG: AGRI || || || 2014 || 2015 [12] || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || IOMLÁN

Ÿ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid 05 08 02 [13] || Gealltanais || (1) || 0.250 || 19.500 || 0.300 || 0.300 || 0.300 || || 20.650

Íocaíochtaí || (2) || || 9.850 || 0.300 || 0.300 || 9.900 || 0.300 || 20.650

Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1a) || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (2 a) || || || || || || ||

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach[14] || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe i gcomhair DG AGRI || Gealltanais || =1+1a +3 || 0.250 || 19.500 || 0.300 || 0.300 || 0.300 || || 20.650

Íocaíochtaí || =2+2a+3 || || 9.850 || 0.300 || 0.300 || 9.900 || 0.300 || 20.650

ŸIOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || 0.250 || 19.500 || 0.300 || 0.300 || 0.300 || || 20.650

Íocaíochtaí || (5) || || 9.850 || 0.300 || 0.300 || 9.900 || 0.300 || 20.650

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 2 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+6 || 0.250 || 19.500 || 0.300 || 0.300 || 0.300 || || 20.650

Íocaíochtaí || =5+6 || || 9.850 || 0.300 || 0.300 || 9.900 || 0.300 || 20.650

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

ŸIOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (5) || || || || || || ||

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || =4+6 || || || || || || ||

Íocaíochtaí || =5+6 || || || || || || ||

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || IOMLÁN

DG: ESTAT ||

Ÿ Acmhainní daonna || 0.537 || 0.537 || 0.537 || 0.537 || 0.537 || 2.685

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0.30 || 0.45 || 0.55 || 0.45 || 0.45 || 2.2

IOMLÁN DG ESTAT || Leithreasuithe || 0.837 || 0.987 || 1.077 || 0.987 || 0.987 || 4.885

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0.837 || 0.987 || 1.077 || 0.987 || 0.987 || 4.885

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 1.087 || 20.487 || 1.377 || 1.287 || 1.287 || || 25.525

Íocaíochtaí || 0.837 || 10.837 || 1.377 || 1.287 || 10.887 || 0.300 || 25.525

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– x   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || ||

|| Saghas aschuir[15] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas Iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[16]... || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || Bunachar sonraí || 1.45 || || 0.25 || || 0.3 || || 0.3 || || 0.3 || || 0.3 || || 1.45

Aschur || Micreashonraí || 11.4 EUR in aghaidh an taifid || || || || 9.6 || || || || || || 9.6 || 1.685 M taifead || 19.2

Aschur || || || || || || || || || || || || || ||

Fo‑iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || || || || || || || || || || || || || ||

Fo‑iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || ||

COSTAS IOMLÁN || || || || 0.25 || || 9.9 || || 0.3 || || 0.3 || || 9.9 || || 20.65

3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.  Achoimre

– ¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

– ¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || IOMLÁN

CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || ||

Acmhainní daonna || 0.537 || 0.537 || 0.537 || 0.537 || 0.537 || 2.685

Caiteachas riaracháin eile || 0.3 || 0.45 || 0.55 || 0.45 || 0.45 || 2.2

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0.837 || 0.987 || 1.077 || 0.987 || 0.987 || 4.885

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[17] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || ||

Acmhainní daonna || || || || || ||

Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || ||

Fo‑iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || ||

IOMLÁN || 0.837 || 0.987 || 1.077 || 0.987 || 0.987 || 4.885

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

– x   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go pointe deachúil amháin ar a mhéad)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || ...iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 4.1 || 4.1 || 4.1 || 4.1 || 4.1 || ||

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[18]

XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || || ||

XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

XX 01 04 yy [19] || - sa Cheanncheathrú[20] || || || || || || ||

- i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

XX 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

IOMLÁN || 4.1 || 4.1 || 4.1 || 4.1 || 4.1 || ||

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den Ard‑Stiúrthóireacht. Más gá, féadfar acmhainní daonna breise a leithdháileadh don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || - bainistíocht ar dheontais a bhaineann leis an tionscnamh - bailíochtú ar shonraí - tacaíocht agus obair mhodheolaíoch - anailís ar thuarascálacha

Pearsanra seachtrach ||

3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– x   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[21].

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

– Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ...iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Costas

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || ||

3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– x   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– ¨  Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– ¨         ar acmhainní dílse

– ¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain bhuiséid reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[22]

Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal …………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu (orthu).

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[1]               IO L 321, 01.12.08, lch. 14.

[2]               IO L 179, 7.8.1972, lch.1.

[3]               JO L 87, 31.3.2009, lch.164.

[4]               IO L 298, 26.10.12, lch. 1.

[5]               IO L 55, 28.02.11, lch. 13.

[6]               ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[7]               Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[8]               Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html.

[9]               LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.

[10]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[11]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.

[12]             Déanfar na híocaíochtaí a bhaineann leis an líne 05 08 02 a dhéanfar i rith na tréimhse 2014-2020 sa bhliain 2015 (réamhíocaíocht ar íocaíochtaí a bhaineann le suirbhé na bliana 2016) de chuid is mó agus déanfar na híocaíochtaí deiridh in 2018.

[13]             Is le CERT an líne 05 08 02 i rith na tréimhse 2014-2020 agus tá sé cumhdaithe ag an bhfo‑uasteorainn shonrach sin.

[14]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte 'BA'), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[15]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[16]             Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'

[17]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte 'BA'), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[18]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta; JED = Saineolaí Óg i dToscaireacht; LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[19]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte 'BA').

[20]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[21]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[22]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

Top