Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0409

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 i réimse na n-aeradróm, an bhainistithe aerthráchta agus na seirbhísí aerloingseoireachta

/* COM/2013/0409 final - 2013/0187 (COD) */

52013PC0409

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 i réimse na n-aeradróm, an bhainistithe aerthráchta agus na seirbhísí aerloingseoireachta /* COM/2013/0409 final - 2013/0187 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Tá an fhorbairt ar chreat na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA)[1], atá leagtha amach go háirithe i Rialachán CE Uimh. 216/2008, comhshnaidhme leis an bhforbairt ar thionscnamh an Aerspáis Eorpaigh Aonair. Tá sé mar aidhm ag tionscnamh an Aerspáis Eorpaigh Aonair (AEA) an éifeachtúlacht fhoriomlán a fheabhsú i ndáil leis an gcaoi a dhéantar aerspás Eorpach a eagrú agus a bhainistiú, trí athchóiriú a dhéanamh ar an tionscal a chuireann seirbhísí aerloingseoireachta (SAL) ar fáil. Bhí dhá phacáiste chuimsitheacha reachtaíochta i gceist le forbairt an tionscnaimh – AEA I agus AEA II a bhí comhdhéanta de cheithre rialachán, i.e. Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán  (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus Rialachán  (CE) Uimh. 552/2004[2], agus cuimsíonn siad tionscadal cuimsitheach freisin chun trealamh agus córais do sheirbhísí aerloingseoireachta a nuachóiriú faoin teideal SESAR[3].

In 2009, leathnaíodh inniúlachtaí EASA chun bainistiú aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta (BAT/SAL) a chuimsiú i Rialachán (CE) Uimh. 1108/2009. Cé gur thug sé sin le tuiscint go mbeadh eilimintí teicniúla éagsúla rialacháin BAT/SAL le cuimsiú faoi raon feidhme EASA, níor cuireadh na hathruithe comhfhreagracha ar na ceithre Rialachán AEA i gcrích i gcomhthráth. In ionad é sin a dhéanamh, roghnaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na hinniúlachtaí comhfhreagracha agus na hinniúlachtaí a bhí ann cheana a fhágáil mar a bhí sna ceithre Rialachán AEA thuasluaite d'fhonn a áirithiú nach mbeadh aon bhearna ann i rith an aistrithe ón seanchreat dlíthiúil chuig an gceann nua agus chun tacú leis an smaoineamh gur cheart don chreat nua bunaithe ar EASA a bheith tógtha ar phrionsabail AEA atá ann cheana freisin.

Chuaigh na reachtóirí i ngleic leis an bhforluí seo sna Rialacháin trí Airteagal nua 65a a chur isteach i Rialachán (CE) Uimh. 216/2008. Ceanglaíonn an t‑Airteagal sin ar an gCoimisiún leasuithe a bheartú ar na ceithre Rialachán AEA chun ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 a chur san áireamh.

Ar an dara dul síos, tá easaontú níos ginearálta idir an cur chuige a úsáidtear i ngach earnáil eile eitlíochta (aerfhiúntas, ceadúnú an chriú, oibríochtaí aeir srl.) sa chreat EASA agus an cur chuige sa bhainistiú aerthráchta (BAT/SAT). Den chuid is mó, is é an cur chuige atá ann go ndéantar gach rialachán teicniúil a chomhchruinniú laistigh de raon feidhme EASA d’fhonn cuspóirí Airteagal 2 de Rialachán (CÉ) Uimh. 216/2008 a bhaint amach agus go tugann an Coimisiún faoi rialáil eacnamaíoch. I gcás BAT/SAL (i.e. an AEA), tá níos mó éagsúlachta ag baint leis an scéal, le rialacháin theicniúla a eascraíonn ó fhoinsí éagsúla[4]. Dá bhrí sin, bheadh tairbhe ann cur chuige comhchuibhithe a áirithiú sa réimse tábhachtach rialacháin seo, sa chaoi go ndéantar gach comhairliúchán leis an bhfoirfeacht chéanna, go dtiocfaidh gach riail faoin struchtúr céanna agus go mbeidh na cuspóirí céanna acu, rud a fhágfaidh go mbeidh an saol níos éasca acu siúd atá freagrach as na rialacha a chur i bhfeidhm, agus, ar deireadh, lena áirithiú go mbeifear in ann na nuálaíochtaí teicneolaíochta atá romhainn a thiocfaidh ón tionscnamh SESAR  a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe i leith trealamh agus nósanna imeachta san aer agus ar an talamh araon.

Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh rialála seo ceanglas Airteagal 65a a chomhlíonadh, tríd an bhforluí idir Rialachán AEA agus Rialachán EASA a scriosadh agus tríd an teorainn idir creat dlí EASA agus creat dlí AEA a shoiléiriú. Agus an méid sin á dhéanamh, tacaíonn an leasú freisin leis an gcuspóir polaitiúil maidir le tascanna a chomhroinnt idir an Coimisiún, EASA agus an eagraíocht Eurocontrol, sa chaoi go ndíreoidh an Coimisiún ar rialáil eacnamaíoch agus theicniúil, le EASA ag gníomhú mar a ghníomhaire maidir le rialáil theicniúil a dhréachtú agus maoirseacht a dhéanamh uirthi, agus díreoidh Eurocontrol ar thascanna oibríochtúla, go háirithe  na tascanna sin atá bunaithe ar choincheap an Bhainisteora Ghréasáin[5].

Chomh maith le forálacha AEA a scriosadh mar chuid d'athmhúnlú AEA, tá roinnt mionleasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 de dhíth freisin, toisc go raibh an téacs sa Rialachán sin ag brath ar an téarmaíocht i roinnt forálacha AEA roimhe seo – go háirithe i réimse na hidir‑inoibritheachta – agus dá bhrí sin is gá an téarmaíocht chéanna a thabhairt isteach i Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, anois agus í á haisghairm ó na ceithre Rialachán AEA.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Rinne AS MOVE measúnú tionchair a ullmhú chun tacú le tograí reachtacha chun éifeachtúlacht, sábháilteacht agus iomaíochas a fheabhsú san Aerspás Eorpach Aonair. Tá sé mar aidhm ag na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 sa phacáiste seo dul i ngleic leis na ceisteanna a bhí fágtha ó leasú roimhe seo áfach, leasú a rinneadh le Rialachán (CE) Uimh. 1108/2009, go háirithe Airteagal 65a. Cumhdaíodh na leasuithe sin sa mheasúnú tionchair 2008 sa tréimhse sula ndearnadh Rialachán (CE) Uimh. 1108/2009 a fhormheas.

Cé nach raibh aon chomhairliúchán sonrach ann maidir leis na leasuithe sin a bhaineann le EASA, reáchtáladh comhairliúchán poiblí trí mhí ó Mheán Fómhair 2012 go Nollaig 2012 ar láithreán gréasáin AS MOVE maidir leis na hathruithe AEA. Chomh maith leis sin, eagraíodh dhá imeacht ardleibhéil – comhdháil in Limassol agus éisteacht sa Bhruiséil – chomh maith le go leor cruinnithe déthaobhacha leis na geallsealbhóirí ar fad lena mbaineann. Ardaíodh ceist ról EASA le linn na n‑imeachtaí sin freisin agus léirigh na páirtithe leasmhara an gá a bhaineann le tuilleadh comhordaithe a áirithiú i ndréachtú na rialacha teicniúla.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1.        Raon feidhme (Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008)

Cé gur inniúlachtaí an‑teoranta a bhí in inniúlachtaí an Aontais maidir le cúrsaí míleata go traidisiúnta, is é an líne deighilte a bhí ann go traidisiúnta gur cheart do sholáthraí seirbhísí na rialacha céanna atá i bhfeidhm i  leith soláthraithe seirbhíse eile a chomhlíonadh má bhíonn an soláthraí seirbhíse sin in aerfort nó i lárionad faoi bhealach a fhreastalaíonn ar thrácht sibhialtach go príomha (i.e. níos mó ná 50%). Ar an lámh eile, bhíodh sé de rogha ag úsáideoirí aerspáis míleata eitilt i gcomhréir leis na rialacha ICAO nó leis na rialacha AEA (a shainmhínítear mar rialacha Aerthráchta Ginearálta (ATG)). Bhí siad in ann diúltú do na rialacha sin freisin ar chuspóirí oibríochtúla, trí dhearbhú go ndéantar an oibríocht i dtrácht mar aerthrácht oibríochtúil (ATO), agus sna cásanna sin níl feidhm ag na rialacha AEA i leith na n‑úsáideoirí sin. Ar an gcaoi sin, déanann an deighilt sábháilteacht an tráchta shibhialtaigh a áirithiú, ach fágann sé féidearthacht ag lucht míleata oibriú bunaithe ar riachtanais a misin féin. Mar thoradh ar Rialachán (CE) Uimh. 1108/2009 a ghlacadh, bhí difríocht idir rialacha AEA agus rialacha EASA, rud a fhágann, mar shampla, an cás ina bhfuil gá deimhniú a bheith ag soláthraí agus ar a rialtóirí aerthráchta faoi rialacha AEA, ach nach bhfuil gá le deimhniú  faoi rialachán EASA. Leis an leasú reatha, déantar raon feidhme Bhun‑Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 EASA a ailíniú arís le raon feidhme Rialachán AEA (CE) Uimh. 549‑552/2004 chun míréireachtaí den sórt sin a sheachaint agus chun cur i bhfeidhm na rialacha a fhágáil arís mar a bhí beartaithe ar dtús i gcás ina dtagann an soláthraí seirbhísí faoi rialacha an AE, má bhíonn níos mó ná 50 % den trácht a bhfreastalaíonn sé air ag eitilt faoi rialacha ATG.

3.2.        Cuspóirí (Airteagal 2)

Tá gá le bearta rialúcháin i raon leathan ceisteanna eitlíochta chun an máistirphlean BAT (SESAR[6]) a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Roimhe seo, cruthaíodh fadhbanna maidir le comhordú agus ailíniú rialacha (idir bainistiú aerthráchta agus aerfhiúntas mar shampla), toisc nach raibh aon chomhordaitheoir lárnach ann chun comhsheasmhacht a áirithiú sna dréachtaí arna n‑ullmhú ag na rannpháirtithe difriúla. Níl an fhadhb seo ann sna réimsí eile seachas BAT/SAL toisc go ndéanann EASA an raon iomlán rialacha teicniúla a ullmhú agus a chomhordú, ach go raibh BAT/SAL fós roinnte idir dhá chreat. Leis an leasú ar Airteagal 2, leagtar béim air gur cheart caitheamh le BAT/SAL ar an gcaoi chéanna agus a chaitear leis na hearnálacha eile. Go sonrach, ba cheart don EASA, agus tacaíocht á tabhairt aige don Choimisiún maidir le rialacha teicniúla a dhréachtú, cur chuige cothrom a ghlacadh i leith gníomhaíochtaí difriúla a rialú bunaithe ar na tréithe sonracha a bhaineann leo, leibhéil inghlactha sábháilteachta agus ordlathas aitheanta riosca na n‑úsáideoirí d'fhonn forbairt chuimsitheach chomhordaithe ar eitlíocht a áirithiú.

3.3.        Dearbhuithe (ó Airteagal 3 ar aghaidh síos tríd an Rialachán)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1108/2009, tugadh isteach an fhéidearthacht féindearbhú a dhéanamh, seachas deimhniúchán, i ndáil le seirbhísí áirithe faisnéise eitiltí. Rinneadh téacs ar fad Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 a oiriúnú  chun an fhéidearthacht seo a chur san áireamh sna háiteanna éagsúla ina luaitear deimhniúchán.

3.4.        Sainmhínithe (Airteagal 3)

D'fhonn na haisghairmeacha sna ceithre Rialachán AEA (Rialacháin (CE) Uimh. 549‑552/2004) a chumhdach mar atá mínithe thuas, an dá chreat a ailíniú agus an téacs i Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 a shoiléiriú, athraíodh na sainmhínithe ar "eintiteas incháilithe" agus ar "BAT/SAL". Lena chois sin, cóipeáladh na sainmhínithe ar "Máistirphlean BAT" agus ar "aerthrácht ginearálta" isteach sa Rialachán seo, ó Rialacháin AEA.

3.5.        BAT/SAL (Airteagal 8b)

Leasaíodh Airteagal 8b chun an fhoclaíocht a ailíniú leis an togra maidir le Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 a aisghairm, lena áirithiú, dá bhrí sin, go gcoinneofar prionsabail agus coincheapa Rialacháin  (CE) Uimh. 552/2004 maidir le hidir-inoibritheacht atá ann cheana féin.

3.6.        Ceanglais fhíor-riachtanacha (Iarscríbhinn Vb)

Ceartaíodh earráid i gcuid (2)(c)(iv) le go mbeadh an téacs ag teacht le forálacha na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) agus le rialacha reatha an AE arís. Ba bhotún neamhthoiliúil a bhí i gceist anseo i ndréachtú Rialachán (CE) Uimh. 1108/2009. D'fhág sé go raibh ceanglas nach bhféadfaí a chomhlíonadh ar rialtóirí aerthráchta glanspás ó chonstaicí a sholáthar d'aerárthaí fiú agus na haerárthaí lasmuigh de limistéar ainlithe an aeradróim.

Ar an dara dul síos, i gcodanna (2)(g) agus (2)(h) chomh maith le cuid 3, cuireadh isteach roinnt téacs ó Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 chun béim a leagadh air nach ndéanfar an cur chuige a úsáidfear chun na cúrsaí sin a rialáil a athrú ón gcur chuige atá ann i láthair na huaire gan chúis. Ní athraíonn na nithe breise seo an raon feidhme, ach déanann siad creat AEA agus creat EASA a ailíniú níos fearr.

3.7.        Ilghnéitheach

Rinneadh roinnt ceartuithe beaga (in Airteagal 7, mar shampla) agus rinneadh roinnt leasuithe beaga eagarthóireachta ar na rialacha (in Airteagal 9, Airteagal 19 agus Airteagal 33) nuair nár léirigh an téacs an cás iarbhír tar éis leasuithe a rinneadh roimhe seo ar an Rialachán. Lena chois sin, rinneadh roinnt athruithe beaga ar fud an téacs (mar shampla, in Airteagal 52, Airteagal 59 agus in Iarscríbhinn Vb) chun aon athrú nach raibh beartaithe ar na prionsabail AEA a comhaontaíodh ó 2004 i leith a sheachaint.

Rinneadh an Rialachán a ailíniú freisin leis an gcóras a bunaíodh le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den CFAE agus le Rialachán (CE) Uimh. 182/2011, a rialaíonn úsáid gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe. Lena chois sin, cuireadh san áireamh croí-eilimintí na bhforálacha caighdeánacha comhaontaithe do ghníomhartha bunaidh na ngníomhaireachtaí i gcomhréir le Treochlár an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Chomhráitis ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an AE agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe, i mí Iúil 2012. Faoin gcomhaontú sin, déantar caighdeánú freisin ar ainmneacha Ghníomhaireachta an AE, sa chaoi go ndéanfar ainm EASA a athrú go "Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Eitlíocht (GEE)".

4.           EILIMINTÍ ROGHNACHA

Toisc gur dréachtaíodh meabhrán míniúchán ar leithligh a ghabhann leis an athmhúnlú atá beartaithe ar na ceithre Rialachán AEA Uimh. 549-552/2004, is é atá sa doiciméad seo den chuid is mó na leasuithe atá de dhíth ar Rialachán 216/2008 le comhleanúnachas an chur chuige AEA atá ann faoi láthair a áirithiú tar éis na ceithre Rialachán AEA a ailíniú i gcomhréir le hAirteagal 65a de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.

2013/0187 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 i réimse na n‑aeradróm, an bhainistithe aerthráchta agus na seirbhísí aerloingseoireachta

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[7],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       D'fhonn aird a thabhairt ar na hathruithe a tugadh isteach i Rialachán (CE) Uimh. 1108/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 i réimse na n‑aeradróm, an bhainistithe aerthráchta agus na seirbhísí aerloingseoireachta agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/23/CE[8] agus i Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 d’fhonn feidhmíocht agus inbhuanaitheacht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú[9], is gá inneachar Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa a ailíniú le  Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat‑Rialachán)[10], Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí)[11], Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán aerspáis)[12] agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um Bainistiú Aerthráchta (an Rialachán idir-inoibritheachta)[13].

(2)       Tá gá le bearta rialúcháin i raon leathan réimse eitlíochta chun an máistirphlean BAT a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Ba cheart don Ghníomhaireacht, agus tacaíocht á tabhairt aici don Choimisiún maidir le rialacha teicniúla a dhréachtú, cur chuige cothrom a ghlacadh i leith gníomhaíochtaí difriúla a rialú bunaithe ar na sainiúlachtaí a bhaineann leo, leibhéil inghlactha sábháilteachta agus ordlathas aitheanta riosca na n‑úsáideoirí d'fhonn forbairt chuimsitheach chomhordaithe ar eitlíocht a áirithiú.

(3)       D'fhonn riachtanais theicniúla, eolaíochta, oibriúcháin nó sábháilteachta a chur san áireamh, trí na forálacha maidir le haeracmhainneacht, cosaint don chomhshaol, píolótaí, oibríochtaí aeir, aeradróim, BAT/SAL, rialtóirí aerthráchta, oibreoirí tríú tíortha, maoirseacht agus forghníomhú, forálacha solúbthachta, fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha agus táillí agus muirir, na forálacha sin a leasú nó a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(4)       D’fhonn a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

(5)       Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh, i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo, a bhaineann le díolúintí aeradróm agus cinntí gan cead a thabhairt forálacha solúbthachta a chur i bhfeidhm, i gcás ina bhfuil gá leo ar mhórchúiseanna práinne.

(6)       Ba cheart prionsabail áirithe maidir le rialachas agus oibriú na Gníomhaireachta a chur in oiriúint don Chur Chuige Coiteann i ndáil le gníomhaireachtaí díláraithe an AE arna fhormhuiniú ag Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún in Iúil 2012

(7)       Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 mar seo a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 1 mar seo a leanas:

(a) leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b) aeradróim nó cuid díobh, mar aon le trealamh, pearsanra agus eagraíochtaí dá dtagraítear i mír 1(c) agus (d), atá faoi rialú agus á n‑oibriú ag an arm, i gcás inar trácht nach aerthrácht ginearálta é an trácht a mbítear ag freastal air go príomha;"

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte i bpointe (c):

"BAT/SAL, lena n‑áirítear córais agus comhpháirteanna, pearsanra agus eagraíochtaí dá dtagraítear i mír 1(e) agus (f), arna soláthar nó arna gcur ar fáil ag an arm, go príomha i leith gluaiseachtaí aerárthaí nach aerthrácht ginearálta iad."

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"Gan dochar do mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh saoráidí míleata atá oscailte d'aerthrácht ginearálta agus seirbhísí arna soláthar ag pearsanra míleata d'aerthrácht ginearálta, nach dtagann faoi raon feidhme mhír 1, go gcuirfidh siad leibhéal sábháilteachta ar fáil atá chomh éifeachtach ar a laghad leis an leibhéal a éilítear leis na ceanglais fhíor-riachtanacha mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn Va agus in Iarscríbhinn Vb."

(2) Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a) I mír 2, cuirtear isteach pointe (g) agus pointe (h) seo a leanas:

"(g) chun tacú le forbairt agus le cur chun feidhme an mháistirphlean BAT;

(h) eitlíocht shibhialta a rialáil ar chaoi is fearr a dhéanfaidh a forbairt, a feidhmíocht, a hidir-inoibritheacht agus a sábháilteacht a chur chun cinn ar bhealach atá comhréireach le gach cineál gníomhaíochta faoi leith."

(b) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c) Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Eitlíocht (dá ngairfear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta) a bhunú a bheidh neamhspleách;"

(3) Leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"ciallóidh ‘maoirseacht leanúnach’ na tascanna a bheidh le déanamh chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha faoinar deonaíodh deimhniú nó atá cumhdaithe ag dearbhú fós á gcomhlíonadh aon tráth le linn thréimhse bailíochta an deimhnithe nó an dearbhaithe sin, agus aon bheart cosanta a dhéanamh chomh maith. "

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (da):

"(da) ciallóidh 'comhpháirteanna BAT/SAL' aon chomhpháirt mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(18) de Rialachán (CE) Uimh. [Pb please insert No of the recast SES Regulation] maidir le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair;"

(c) cuirtear isteach pointe (ea) seo a leanas:

"(ea) ciallóidh 'dearbhú', chun críocha BAT/SAL, aon ráiteas i scríbhinn:

– maidir le comhréireacht nó oiriúnacht chun úsáide na gcóras agus na gcomhpháirteanna arna n‑eisiúint ag eagraíocht atá ag gabháil do dhearadh, monarú agus cothabháil chórais agus chomhpháirteanna BAT/SAL;

– maidir le seirbhís nó córas a chuirfear i bhfeidhm a bheith ag comhlíonadh na gceanglas is infheidhme, arna eisiúint ag soláthraí seirbhíse;

– maidir leis an gcumas agus an acmhainn chun na freagrachtaí a ghabhann le seirbhísí áirithe faisnéise eitiltí a chomhall.

(d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

"(f) ciallóidh 'eintiteas incháilithe' comhlacht a bhféadfadh an Ghníomhaireacht nó údarás náisiúnta eitlíochta tascanna sonracha deimhniúcháin nó maoirseachta a thabhairt dó, faoi rialú agus faoi fhreagracht na Gníomhaireachta nó údaráis eitlíochta náisiúnta,"

(e) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (q) agus phointe (r):

"(q) ciallóidh 'BAT/SAL' na seirbhísí bainistithe aerthráchta mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(10) de Rialachán (CE) Uimh. [Pb please insert No of the recast SES Regulation], seirbhísí aerloingseoireachta mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(4) den Rialachán sin, lena n‑áirítear na seirbhísí bainistithe gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 17 den Rialachán sin, agus seirbhísí arb é atá iontu sonraí a thionscnamh agus a phróiseáil agus sonraí a fhormáidiú agus a sholáthar d’aerthrácht ginearálta chun críche aerloingseoireachta is sonrach don tsábháilteacht;

(r) ciallóidh 'córas BAT/SAL' aon teaglaim de threalamh agus córais mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(33) de Rialachán (CE) Uimh. [Pb please insert No of the recast SES Regulation];"

(f) cuirtear isteach pointe (t) agus  pointe (u) seo a leanas:

"(t) ciallóidh 'aerthrácht ginearálta' gluaiseachtaí uile aerárthaí sibhialta, chomh maith le gluaiseachtaí uile aerárthaí stáit, lena n áirítear aerárthaí míleata, custaim agus póilíní, i gcás ina ndéantar na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir le nósanna imeachta an ICAO.

(u) ciallóidh 'Máistirphlean BAT' an plean arna fhormhuiniú le Cinneadh 2009/320/CE ón gComhairle[14], i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle[15]."

(4) Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3b:

"De mhaolú ar mhír 3a, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh aeradróm a dhíolmhú ó fhorálacha an Rialacháin seo, ar aeradróm é:

– a dhéileálann le líon paisinéirí nach mó ná 10000 sa bhliain, agus

– a dhéileálann le líon gluaiseachtaí nach mó ná 850 in aghaidh na bliana ar gluaiseachtaí iad a bhaineann le hoibríochtaí lasta,

ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an díolúine cuspóirí ginearálta sábháilteachta an Rialacháin seo agus aon riail eile i ndlí an Aontais.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú cibé ar comhlíonadh an choinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó nár comhlíonadh agus, má mheasann sé nár comhlíonadh é, cinneadh a ghlacadh dá réir sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le sábháilteacht, glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(4).

Cúlghairfidh an Ballstát lena mbaineann an díolúine tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír."

(b) i mír 3c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

"3c. Maidir le BAT/SAL a sholáthraítear in aerspás na críche a bhfuil feidhm ag an gConradh seo maidir léi, agus in aon aerspás eile ina ndéanann na Ballstáit Rialachán (CE) Uimh. [Pb please insert the No of the recast SES Regulation] a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 1(4) den Rialachán sin, comhlíonfaidh siad an Rialachán seo.

(5) Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

(a) i mír 2, pointe (d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: "léireoidh eagraíochtaí atá freagrach as cothabháil agus as bainistíocht leanúnach ar aerfhiúntas táirgí, páirteanna agus fearas a gcumas agus a n‑acmhainn na freagrachtaí a ghabhann lena gcuid pribhléidí a chomhall."

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"Maidir le haeracmhainneacht na n‑aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(a), (b) agus (c), tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 65b chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a) na coinníollacha faoina ndéanfar an bonn deimhniúcháin cineáil a mbeidh feidhm aige maidir leis an táirge a bhunú agus faoina dtabharfar fógra don iarrthóir faoi;

(b) na coinníollacha faoina ndéanfar na sonraíochtaí mionsonraithe aerfhiúntais a mbeidh feidhm acu maidir le páirteanna agus maidir le fearais a bhunú agus faoina dtabharfar fógra don iarrthóir fúthu;

(c) na coinníollacha a bhunú faoina ndéanfar na sonraíochtaí sonracha aerfhiúntais is infheidhme ar aerárthaí a bheidh i dteideal deimhnithe srianta aerfhiúntais agus faoina dtabharfar fógra don iarrthóir fúthu;

(d) na coinníollacha faoina ndéanfar faisnéis éigeantach a eisiúint agus a scaipeadh d'fhonn aeracmhainneacht leanúnach na dtáirgí a áirithiú agus na coinníollacha faoina ndéanfar modhanna malartacha comhlíonta leis an bhfaisnéis éigeantach seo a fhormheas;

(e) na coinníollacha faoina ndéanfar deimhnithe cineáil, deimhnithe cineáil srianta, formheas ar athruithe ar dheimhnithe cineáil, deimhnithe cineáil forlíontacha, formheas ar dhearthaí deisiúcháin, deimhnithe aonair aerfhiúntais, deimhnithe aerfhiúntais srianta, ceadúnais eitilte agus deimhnithe do tháirgí, do pháirteanna agus d'fhearais a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, lena n‑áirítear:

   (i) coinníollacha maidir le ré na ndeimhnithe sin, agus na coinníollacha faoina ndéanfar deimhnithe a athnuachan nuair a shocrófar ré theoranta;

   (ii) srianta a bheidh infheidhme ar eisiúint ceadúnas eitilte. Ba cheart go mbainfeadh na srianta sin leis an méid seo a leanas go háirithe:

– cuspóir na heitilte,

– an t‑aerspás a úsáidfear don eitilt,

– cáilíocht na foirne eitilte,

– pearsana nach den fhoireann eitilte iad a iompar;

   (iii) aerárthaí atá incháilithe do dheimhnithe srianta ar aerfhiúntas, agus na srianta a ghabhann leo;  

   (iv) na sonraí maidir le hoiriúnacht oibriúcháin, lena n‑áirítear:

– an siollabas íosta oiliúna chun rátáil cineáil a dhéanamh ar an bpearsanra deimhnithe um chothabháil chun comhlíonadh mhír (2)(f) a áirithiú;

– an siollabas íosta chun rátáil cineáil a dhéanamh ar phíolótaí agus na sonraí tagartha d'insamhlóirí gaolmhara chun comhlíonadh Airteagal 7 a áirithiú;

– an máistirliosta trealaimh íosta de réir mar is iomchuí;

– sonraí faoi gcineál aerárthaí atá ábhartha don fhoireann cábáin;

– agus sonraíochtaí breise aerfhiúntais le haghaidh cineál áirithe oibríochta chun tacú le haeracmhainneacht leanúnach agus feabhsuithe sábháilteachta aerárthaí;

(f) na coinníollacha faoina ndéanfar formheasanna eagraíochta arna gceangal i gcomhréir le mír 2(d), (e) agus (g) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm agus na coinníollacha nach gá na formheasanna a iarraidh fúthu;

(g) na coinníollacha faoina ndéanfar deimhnithe pearsanra arna gceangal i gcomhréir le mír 2(f) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;

(h) na freagrachtaí a bheidh ar shealbhóirí deimhnithe;

(i) comhlíonadh na n‑aerárthaí dá dtagraítear i mír 1, nach gcumhdaítear le mír 2 ná mír 4, chomh maith le comhlíonadh aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(c), leis na ceanglais fhíor-riachtanacha;

(j) na coinníollacha faoina ndéanfar cothabháil agus  bainistiú leanúnach ar aerfhiúntas táirgí, páirteanna agus fearas;

Maidir le haeracmhainneacht aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(a), (b) agus (c), tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 65b, Iarscríbhinn I a leasú nó a fhorlíonadh, nuair is gá ar chúiseanna a bhaineann le forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíochta nó le fianaise sábháilteachta i réimse na haeracmhainneachta, d'fhonn na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 2 a bhaint amach, agus a mhéad is gá chuige sin."

(6) In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

"2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a leasú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 65b, ionas go mbeidh siad ag teacht le leasuithe ar Choinbhinsiún Chicago agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis, a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a bheidh infheidhme i ngach Ballstát.

3. Nuair is gá d'fhonn leibhéal ard aonfhoirmeach cosanta comhshaoil a áirithiú, agus bunaithe ar a bhfuil sna hAguisíní a ghabhann le hIarscríbhinn 16 dá dtagraítear i mír 1 más iomchuí, féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a leagan síos, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 65b, lena bhforlíontar na ceanglais dá dtagraítear i mír 1."

(7) Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír de mhír 2:

D'ainneoin an tríú fomhír, i gcás ceadúnais píolóta fóillíochta, féadfaidh liachleachtóir ginearálta, a bhfuil eolas leordhóthanach aige ar chúlra leighis an iarrthóra, feidhmiú mar scrúdaitheoir aerleighis má cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta. Glacfaidh an Coimisiún na rialacha mionsonraithe chun liachleachtóir ginearálta, seachas scrúdaitheoir aerleighis, a úsáid, ag áirithiú go háirithe go gcoinneofar an leibhéal sábháilteachta ann. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(3)."

(b) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fomhír:

"Féadfar ceanglais an dara fomhír agus an tríú fomhír a shásamh trí ghlacadh le ceadúnais agus le deimhnithe leighis arna n‑éisiúint ag tríú tír nó thar ceann tríú tír sa mhéid agus a bhaineann sé le píolótaí atá bainteach le hoibriú aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b) nó (c)."

(c) i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

"Maidir le píolótaí atá bainteach le hoibriú aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b) agus (c), chomh maith le feistí oiliúna insamhalta eitilte, agus daoine agus eagraíochtaí atá bainteach le hoiliúint, le tástáil, le seiceáil agus le measúnú leighis a dhéanamh ar na píolótaí sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 65b chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) de mhír 6:

"(d) na coinníollacha faoina ndéanfar ceadúnais náisiúnta píolótaí atá ann cheana féin agus ceadúnais náisiúnta aerinnealtóirí a chomhshó ina gceadúnais píolótaí chomh maith leis na coinníollacha faoina ndéanfar deimhnithe náisiúnta leighis a chomhshó i;"

(e) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f) de mhír 6:

"(f) comhlíonadh phíolótaí na n‑aerárthaí dá dtagraítear i bpointí (a)(ii), (d) agus (f) d'Iarscríbhinn II le ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha Iarscríbhinn II, nuair a bheidh na haerárthaí á n‑úsáid in aeriompar tráchtála."

(f) ag deireadh mhír 6, cuirtear isteach an fhomhír nua seo a leanas:

"Maidir le píolótaí atá bainteach le hoibriú aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b) agus (c), chomh maith le feistí oiliúna insamhalta eitilte, agus daoine agus eagraíochtaí atá bainteach le hoiliúint, le tástáil, le seiceáil agus le measúnú leighis a dhéanamh ar na píolótaí sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 65b, Iarscríbhinn III a leasú nó a fhorlíonadh, nuair is gá ar chúiseanna a bhaineann le forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíochta nó le fianaise sábháilteachta atá bainteach le ceadúnú píolótaí, d'fhonn na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 2 a bhaint amach, agus a mhéad is gá chuige sin."

(8) Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a) i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

"Maidir le hoibriú aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b) agus (c), tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 65b chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:"

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g) de mhír 5:

"(g) comhlíonadh oibríochtaí aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a)(ii), agus i bpointe (d) agus i bpointe (h) d’Iarscríbhinn II le ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV agus, más infheidhme, in Iarscríbhinn Vb, nuair atá na haerárthaí á n‑úsáid in aeriompar tráchtála."

(c) i mír 5, cuirtear isteach pointe (h) agus pointe (i) seo a leanas:

"(h) na coinníollacha agus na nósanna imeachta faoina mbeidh oibríochtaí speisialaithe faoi réir údaraithe;

(i) na coinníollacha faoina dtoirmiscfear nó faoina dteorannófar oibríochtaí nó faoina mbeidh siad faoi réir coinníollacha áirithe ar mhaithe le sábháilteacht i gcomhréir le hAirteagal 22(1)."

(d) ag deireadh mhír 5, cuirtear isteach an fhomhír nua seo a leanas:

"Maidir le hoibriú aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b) agus (c), tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 65b, Iarscríbhinn IV agus, más infheidhme, Iarscríbhinn Vb, a leasú nó a fhorlíonadh, nuair is gá ar chúiseanna a bhaineann le forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíochta nó le fianaise sábháilteachta a bhaineann le hoibríochtaí aeir, d'fhonn na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 2 a bhaint amach, agus a mhéad is gá chuige sin."

(9) Leasaítear Airteagal 8a a mar seo a leanas:

(a) i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

"Maidir le haeradróim agus trealamh aeradróim, mar aon le hoibriú aeradróm, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 65b chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:"

(b) i mír 5 cuirtear isteach na pointí seo a leanas tar éis (j):

"(k) na coinníollacha faoina ndéanfar deimhnithe sholáthraithe seirbhísí bainistíochta naprúin a eisiúint, a chothabháil, a leasú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm;

(l) na coinníollacha faoina ndéanfar faisnéis éigeantach a eisiúint agus a scaipeadh d'fhonn sábháilteacht oibríochtaí aeradróim agus trealaimh aeradróim a áirithiú;

(m) freagrachtaí na soláthraithe seirbhísí dá dtagraítear i mír 2(e);

(n) na coinníollacha faoina ndéanfar formheasanna eagraíochta a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm agus na coinníollacha don mhaoirseacht ar eagraíochtaí atá ag gabháil do dhearadh, monarú agus cothabháil trealamh aeradróim atá ríthábhachtach don tsábháilteacht;

(o) freagrachtaí na n‑eagraíochtaí atá ag gabháil do dhearadh, monarú agus cothabháil trealamh aeradróim atá ríthábhachtach don tsábháilteacht;

(c) ag deireadh mhír 5, cuirtear isteach an fhomhír nua seo a leanas:

"Maidir le haeradróim agus trealamh aeradróim, mar aon le hoibriú aeradróm, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 65b, Iarscríbhinn Va agus, más infheidhme, Iarscríbhinn Vb, a leasú nó a fhorlíonadh, nuair is gá ar chúiseanna a bhaineann le forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíochta nó le fianaise sábháilteachta atá bainteach leis na haeradróim, d'fhonn na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 2 a bhaint amach, agus a mhéad is gá chuige sin."

(10) Leasaítear Airteagal 8b mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5:

"4. Féadfar, leis na bearta dá dtagraítear i mír 6, ceanglas deimhniúcháin nó dearbhúcháin a leagan síos maidir le heagraíochtaí a ghabhann do chórais agus do chomhpháirteanna BAT/SAL a dhearadh, a mhonarú agus a chothabháil, córais agus comhpháirteanna a bhfuil sábháilteacht nó idir-inoibritheacht ag brath orthu. Eiseofar an deimhniú do na heagraíochtaí sin nuair a bheidh sé léirithe acu go bhfuil sé ar a gcumas agus ar a n‑acmhainn na freagrachtaí a ghabhann lena gcuid pribhléidí a chomhall. Déanfar na pribhléidí a dheonófar a shonrú ar an deimhniú.

5. Féadfar a leagan síos leis na bearta dá dtagraítear i mír 6, ceanglas deimhniúcháin nó, mar mhalairt air sin, ceanglas bailíochtaithe nó dearbhaithe ón soláthraí BAT/SAL nó ón eagraíocht a ghabhann do chórais agus do chomhpháirteanna BAT/SAL a dhearadh, a mhonarú agus a chothabháil, i ndáil le córais agus comhpháirteanna BAT/SAL a bhfuil sábháilteacht nó idir‑inoibritheacht ag brath orthu. Eiseofar an deimhniú nó an dearbhú do na córais agus do na comhpháirteanna sin, nó bronnfar bailíochtú, nuair a bheidh sé léirithe ag an iarratasóir go gcomhlíonann na córais agus na comhpháirteanna na sonraíochtaí mionsonraithe arna mbunú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear i mír 1."

(b) leasaítear mír 6 mar seo a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

"Maidir le soláthar BAT/SAL, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 65b chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:"

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

"na coinníollacha agus na nósanna imeachta don dearbhú ó na soláthraithe seirbhíse nó ó ha heagraíochtaí a ghabhann do chórais agus do chomhpháirteanna BAT/SAL a dhearadh, a mhonarú agus a chothabháil, agus don mhaoirseacht orthu, dá dtagraítear i mír 3 go mír 5;"

(iii) cuirtear isteach pointe (g), pointe (h) agus pointe (i) seo a leanas:

"(g) na coinníollacha faoina ndéanfar faisnéis éigeantach a eisiúint agus a scaipeadh d'fhonn sábháilteacht a áirithiú maidir le soláthar BAT/SAL;

(h) na coinníollacha don bhailíochtú agus don dearbhú dá dtagraítear i mír 5 agus don mhaoirseacht ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin;

(i) rialacha oibriúcháin agus comhpháirteanna BAT/SAL is gá chun aerspás a úsáid."

(iv) ag deireadh na míre, cuirtear isteach an fhomhír nua seo a leanas:

"Maidir le soláthar BAT/SAL, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 65b, Iarscríbhinn Va a leasú nó a fhorlíonadh, nuair is gá ar chúiseanna a bhaineann le forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíochta nó le fianaise sábháilteachta atá bainteach leis an BAT/SAL, d'fhonn na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 2 a bhaint amach, agus a mhéad is gá chuige sin."

(c) i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a) léireoidh siad an úrscothacht agus na cleachtais is fearr sa réimse BAT/SAL go háirithe i gcomhréir leis an Máistirphlean BAT agus i ndlúthchomhar le ICAO;

(11) Leasaítear Airteagal 8c mar seo a leanas:

(a) i mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

"Maidir le rialtóirí aerthráchta, chomh maith le daoine agus eagraíochtaí atá bainteach le hoiliúint, le tástáil, le seiceáil nó le measúnú leighis a dhéanamh ar rialtóirí aerthráchta, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 65b chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:"

(b) i mír 10, cuirtear isteach pointe (e), pointe (f) agus pointe (g) seo a leanas:

"(e)       gan dochar d'fhorálacha comhaontuithe déthaobhacha arna gcur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 12, na coinníollacha faoina nglacfar ceadúnais ó thríú tíortha;

(f)         na coinníollacha faoina dtoirmiscfear nó faoina dteorannófar soláthar oiliúna sa láthair oibre nó faoina mbeidh sé faoi réir coinníollacha áirithe ar mhaithe le sábháilteacht.

(g)        na coinníollacha faoina ndéanfar faisnéis éigeantach a eisiúint agus a scaipeadh d'fhonn sábháilteacht a áirithiú maidir le soláthar oiliúna sa láthair oibre;"

(c) ag deireadh mhír 10, cuirtear isteach an fhomhír nua seo a leanas:

"Maidir le rialtóirí aerthráchta, chomh maith le daoine agus eagraíochtaí atá bainteach le hoiliúint, le tástáil, le seiceáil agus le measúnú leighis a dhéanamh ar rialtóirí aerthráchta, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 65b, Iarscríbhinn Vb a leasú nó a fhorlíonadh, nuair is gá ar chúiseanna a bhaineann le forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíochta nó le fianaise sábháilteachta atá bainteach le heagraíochtaí oiliúna agus rialtóirí aerthráchta, d'fhonn na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 2 a bhaint amach, agus a mhéad is gá chuige sin."

(12) Leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:

(a) i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

"Maidir le haerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(d), chomh maith lena bhfoireann agus lena n‑oibríochtaí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 65b chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:"

(b) i mír 4, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a) údarú d'aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(d), nó údarú don fhoireann, nach bhfuil deimhniú nó ceadúnas caighdeánach aerfhiúntais ICAO acu, oibriú ag dul isteach sa Chomhphobal, laistigh den Chomhphobal nó ag dul amach as an gComhphobal;"

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) de mhír 4:

"(e) na coinníollacha don dearbhú a dhéanfaidh na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 3 agus don mhaoirseacht a dhéanfar orthu;"

(d) i mír 4, cuirtear isteach pointe (g) seo a leanas:

"(g) coinníollacha malartacha do chásanna nuair nach féidir na caighdeáin agus na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh nó lena mbaineann dua díréireach, lena áirithiú go mbaintear amach cuspóir na gcaighdeán agus na gceanglas lena mbaineann."

(e) i mír 5, pointe (e) scriostar an focal "sábháilteachta"

(13) Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Chun críocha mhír 1 a chur chun feidhme, chomh maith leis an maoirseacht a dhéanfaidh na Ballstáit ar dheimhnithe arna n‑eisiúint acu, nó dearbhuithe atá faighte acu, seolfaidh siad imscrúduithe, lena n‑áirítear imscrúduithe rampaí, agus glacfaidh siad aon bheart, lena n áirítear aerárthaí a choinneáil ar an talamh, ionas nach leanfar le sárú."

(b) i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

"Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 65b chun rialacha mionsonraithe a leagan síos lena leagtar amach na coinníollacha don chomhar dá dtagraítear i mír 1 agus go háirithe: "

(c) i mír 5, cuirtear isteach pointe (d) agus pointe (e) seo a leanas:

"(d) na coinníollacha maidir le cáilíochtaí na gcigirí a dhéanann cigireachtaí rampa, agus an eagraíocht a bhfuil baint aici le hoiliúint na gcigirí sin

(e) na coinníollacha maidir le riarachán agus cur i bhfeidhm na maoirseachta agus an fhorghníomhaithe, lena n‑áirítear córais bainistíochta sábháilteachta"

(14) Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

"1. Aithneoidh na Ballstáit na deimhnithe a eisítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn an Rialacháin seo, gan ceanglais theicniúla bhreise ná gan meastóireacht theicniúil bhreise a dhéanamh. Nuair is chun críche nó chun críocha faoi leith a thugtar an t aitheantas i dtosach, ní chumhdóidh aon aitheantas a thabharfar ina dhiaidh sin ach an chríoch chéanna nó na críocha céanna sin.

2. Cinnfidh an Coimisiún, as a stuaim féin nó ar iarratas ó Bhallstát nó ón nGníomhaireacht, an bhfuil deimhniú dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn an Rialacháin seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le sábháilteacht, glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(4)"

(15) In Airteagal 12(2)(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh:

"féadfaidh sé a éileamh ar an mBallstát lena mbaineann an comhaontú a mhodhnú, a chur i bhfeidhm a chur ar fionraí nó a thréigean, i gcomhréir le hAirteagal 351 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 65(2)."

(16) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

"Airteagal 13

Eintitis incháilithe

"Nuair a bheidh tasc sonrach deimhniúcháin nó maoirseachta á thabhairt d'eintiteas incháilithe, áiritheoidh an Ghníomhaireacht nó an t‑údarás náisiúnta eitlíochta lena mbaineann go gcomhlíonann an t‑eintiteas sin na critéir atá leagtha síos in Iarscríbhinn V.

Ní dhéanfaidh eintitis incháilithe deimhnithe ná údaruithe a eisiúint, ná dearbhuithe a fháil."

(17) Leasaítear Airteagal 14 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Ní choiscfidh forálacha an Rialacháin seo ná forálacha na ngníomhartha tarmligthe agus na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn ar Bhallstát freagairt láithreach a thabhairt ar fhadhb sábháilteachta a bhaineann le táirge, le córas, le duine nó le heagraíocht, ar an gcoinníoll go bhfuil gníomhaíocht láithreach de dhíth d'fhonn sábháilteacht a áirithiú agus nach féidir aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb go leordhóthanach i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn."

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"Measfaidh an Coimisiún ar comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus, má mheasann sé nár comhlíonadh iad, glacfaidh sé cinneadh dá réir sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le sábháilteacht, glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(4).

Cúlghairfidh an Ballstát lena mbaineann an beart a glacadh de bhun mhír 1 tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Nuair is gá i ngeall ar fhadhb láithreach sábháilteachta dá dtagraítear i mír 1 a aithint, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 65c d'fhonn an Rialachán seo a leasú nó a fhorlíonadh."

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a dheonú ó na ceanglais shubstainteacha atá leagtha síos sa Rialachán seo agus ina ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme i gcás cúinsí oibriúcháin práinneacha gan choinne nó i gcás ceanglas oibriúcháin de ré theoranta, ar choinníoll nach mbeidh drochthionchar acu ar an leibhéal sábháilteachta. Tabharfar fógra don Ghníomhaireacht, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na díolúintí sin a luaithe a éireoidh siad athchleachtach nó i gcás ina ndeonófar ar feadh tréimhsí is faide ná dhá mhí iad."

(d) I mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Déanfaidh an Coimisiún measúnú cibé an gcomhlíonann an díolúine na coinníollacha atá leagtha amach i mír 4 nó nach gcomhlíonann, agus má mheasann sé nach gcomhlíontar iad, glacfaidh sé cinneadh dá réir sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le sábháilteacht, glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(4).

Cúlghairfidh an Ballstát lena mbaineann an díolúine tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír."

(e) i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"6. Nuair is féidir leibhéal cosanta atá coibhéiseach leis an leibhéal a bhaintear amach trí chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn an Rialacháin seo a bhaint amach ar mhodh eile, féadfaidh na Ballstáit, gan idirdhealú ar fhoras náisiúntachta, formheas a dheonú lena maolaítear ar na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme sin, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos sa dara fomhír agus i mír 7."

(f) i mír 7, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach ag an deireadh:

"Má chinneann an Coimisiún, ag cur san áireamh an mholta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 6, deonóidh sé an maolú gan mhoill trí leasú a dhéanamh ar na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme ábhartha arna ghlacadh ar bhonn an Rialacháin seo dá réir."

(18) In Airteagal 15, mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

"2. Gan dochar don cheart atá ag an bpobal rochtain a bheith acu ar dhoiciméid an Choimisiúin mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 é, glacfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a scaipeadh, as a stuaim féin, ar pháirtithe leasmhara. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(3). Cuirfear san áireamh sna bearta sin  an gá atá ann:"

(19) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil III:

"GNÍOMHAIREACHT AN AONTAIS EORPAIGH UM EITLÍOCHT"

(20) Leasaítear Airteagal 17 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"Chun críche an Rialachán seo a chur chun feidhme, bunófar Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Eitlíocht.

(b) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

"Chun feidhmiú ceart agus forbairt na heitlíochta sibhialta a áirithiú, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:"

(c) i mír 2, cuirtear isteach pointe (f) seo a leanas:

"(f)     tacaíocht a thabhairt d'údaráis inniúla na mBallstát a dtascanna a dhéanamh trí fhóram a sholáthar do mhalartuithe faisnéise agus saineolaithe."

(21) In Airteagal 19(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Léireofar leis na doiciméid sin an úrscothacht agus na cleachtais is fearr sna réimsí lena mbaineann agus tabharfar cothrom le dáta iad agus taithí eitlíochta ar fud an domhain agus an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil á chur san áireamh."

(22) In Airteagal 21(2)(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

"(i) feistí insamhalta oiliúna eitilte a oibríonn eagraíochtaí oiliúna arna ndeimhniú ag an nGníomhaireacht;"

(23) Leasaítear Airteagal 22 mar seo a leanas:

(a) i mír 2, pointe (c) cuirtear na focail "trí mhí" in ionad an fhocail "mhí "

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) de mhír 2:

"(e) mura n‑aontaíonn Ballstát le conclúidí na Gníomhaireachta maidir le scéim faoi leith, cuirfidh sé an cheist faoi bhráid an Choimisiúin. Cinnfidh an Coimisiún cibé a gcloíonn an scéim sin le cuspóirí sábháilteachta an Rialacháin seo nó nach gcloíonn. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(2);"

(24) In Airteagal 22a: cuirtear isteach pointe (ca) seo a leanas:

"(ca)     eiseoidh agus athnuafaidh sí deimhnithe nó glacfaidh sí le dearbhuithe comhréireachta nó oiriúnachta chun úsáide agus comhlíonta i gcomhréir le hAirteagal 8b(4) agus (5) ó eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí pan‑Eorpacha nó, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, ó sholáthraithe seirbhísí eile chomh maith le heagraíochtaí atá ag gabháil do dhearadh, monarú agus cothabháil chórais agus chomhpháirteanna BAT/SAL;"

(25) in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Agus na prionsabail atá leagtha síos in Airteagal 52 agus Airteagal 53 á gcur san áireamh, glacfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir leis na modhanna oibre a bheidh ag an nGníomhaireacht chun na tascanna dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 4 a dhéanamh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(2)."

(26) Leasaítear Airteagal 25 mar seo a leanas:

(a) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

"Ar bhonn mhír 1 agus mhír 2, leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 65b, an méid seo a leanas:"

(b) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b) rialacha mionsonraithe d'fhiosrúchán, do bhearta gaolmhara agus do thuairisciú, chomh maith le cinnteoireacht, lena n‑áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, rochtain ar chomhaid, ionadaíocht dhlíthiúil, rúndacht agus forálacha ama mar aon le cainníochtú agus bailiú fíneálacha agus na íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla."

(27) In Airteagal 29, scriostar mír 2;

(28) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

"Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht agus maidir lena foireann."

(29) Leasaítear Airteagal 33 mar seo a leanas:

(a) i mír 2, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a) an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus na Leas‑Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a cheapadh, i gcomhréir le hAirteagal 39a agus le hAirteagal 39b;"

(b) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c) roimh an 30 Samhain gach bliain, agus tar éis tuairim an Choimisiúin a fháil, clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh don bhliain nó do na blianta ina dhiaidh sin; glacfar na cláir oibre sin gan dochar do nós imeachta buiséid an Chomhphobail ná do chlár reachtaíochta an Chomhphobail i réimsí ábhartha den tsábháilteacht eitlíochta; cuirfear tuairim an Choimisiúin i gceangal leis na cláir oibre;

(c) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

"(h) feidhmeoidh sé údarás araíonachta ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ar na Leas‑Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, le comhaontú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin;"

(d) i mír 2, cuirtear isteach na pointí (n), (o),  (p) agus (q) seo a leanas:

"(n) i gcomhréir le mír 6, feidhmeoidh sé, i dtaobh bhaill foirne na Gníomhaireachta, na cumhachtaí arna dtabhairt ag na Rialacháin Foirne ar Údarás Ceapacháin agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhísigh Eile ar an Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích[16] ("cumhachtaí an údaráis cheapacháin");

(o) a áirithiú go ndéantar athleanúint leordhóthanach ar na torthaí agus na moltaí ag eascairt ó thuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus ó imscrúduithe na hOifige Frithchalaoise Eorpaí (OLAF);

(p) rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na  Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhísigh eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne."

(q) rialacha a ghlacadh maidir le cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa i ndáil lena chomhaltaí, chomh maith le comhaltaí an Bhoird Achomhairc nó na mBord Achomhairc.

(e) cuirtear isteach mír 6 seo a leanas:

"6. Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhísigh Eile, chun cumhachtaí ábhartha an údaráis cheapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na coinníollacha a shainiú faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho‑tharmligean.

Nuair is gá mar gheall ar chúinsí eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta trí mheán cinnidh tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tarmligean na gcumhachtaí arna dtarmligean ag an  Stiúrthóir Feidhmiúcháin sin a chur ar fionraí ar bhonn sealadach agus iad a chleachtadh é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá gcomhaltaí nó chuig ball foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin."

(30) Leasaítear Airteagal 34 mar seo a leanas:

(a) i mír 1, cuirtear "beirt ionadaí ón gChoimisiún, le ceart vótála acu beirt" in ionad na bhfocal "ionadaí amháin ón gCoimisiún".

(b) i mír 1, sa dara fomhír, cuirtear "a ionadaithe agus a chomhaltaí malartacha féin" in ionad na bhfocal "a ionadaí agus a chomhalta malartach féin"

(c) i mír 1, sa dara fomhír, cuirtear an focal "ceithre" in ionad an fhocail "cúig"

(d) i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír nua seo a leanas ag an deireadh:

"Ceapfar comhaltaí an Bhoird agus a malartaigh i bhfianaise a gcuid eolais i réimse na heitlíochta, ag cur san áireamh scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha. Déanfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta iarracht ráta athraithe a n‑ionadaithe a theorannú, chun leanúnachas obair an bhoird a áirithiú. Díreoidh na páirtithe uile ar ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta."

(31) In Airteagal 37, mír 1, déantar na hathruithe seo a leanas:

– cuirtear "tromlach simplí" in ionad na bhfocal "tromlach dhá thrian".

– cuirtear isteach an dara abairt seo a leanas:

"Mar sin féin, beidh tromlach de dhá thrian den Bhord Bainistíochta de dhíth i ndáil le cinntí a bhaineann le glacadh na gclár oibre, an buiséad ginearálta, ceapadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, agus a théarma oifige a shíneadh nó é a chur as oifig."

(32) Cuirtear isteach an tAirteagal 37a seo a leanas:

"Airteagal 37a

An Bord Feidhmiúcháin

1. Beidh Bord Feidhmiúcháin de chúnamh ag an mBord Bainistíochta.

2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an méid seo a leanas:

(a) cinntí a ullmhú le glacadh ag an mBord Bainistíochta.

(b) a áirithiú, i dteannta leis an mBord Bainistíochta, go ndéantar athleanúint leordhóthanach ar na torthaí agus na moltaí ag eascairt ó thuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus ó imscrúduithe na hOifige Frithchalaoise Eorpaí (OLAF);

(c) gan dochar d’fheidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, mar atá leagtha amach in Airteagal 38, cabhrú leis/léi agus comhairle a chur air/uirthi maidir le cinntí an Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme, d'fhonn faireachán ar an mbainistíocht riaracháin agus bhuiséadach a atreisiú.

3. Nuair is gá, ar chúiseanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh thar ceann an Bhoird Bainistíochta, go háirithe maidir le cúrsaí bainistíochta riaracháin, lena n‑áirítear tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin agus cúrsaí buiséadacha a chur ar fionraí.

4. Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, d’aon ionadaí amháin ón gCoimisiún don Bhord Bainistíochta agus de thriúr comhalta eile arna gceapadh ag an mBord Bainistíochta óna chuid comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu. Beidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta mar Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin chomh maith. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh ceart vótála aige.

5. Beidh téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin comhionann le téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta. Tiocfaidh deireadh le téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin nuair a thiocfaidh deireadh lena gcomhaltacht ar an mBord Bainistíochta.

6. Reáchtálfaidh an Bord Feidhmiúcháin aon ghnáthchruinniú amháin ar a laghad gach trí mhí. Ina theannta sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe ar thionscnamh a Chathaoirligh agus arna iarraidh sin dá chuid comhaltaí.

7. Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin."

(33) Leasaítear Airteagal 38 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a mbeidh neamhspleáchas iomlán aige i gcomhlíonadh a chúraimí, a dhéanfaidh bainistiú ar an nGníomhaireacht. Gan dochar d'inniúlachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, ná an Bhoird Feidhmiúcháin, ní dhéanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoracha a iarraidh ná a ghlacadh ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile."

(b) i mír 3, scriostar pointe (g).

(c) i mír 3, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

"(i) tarmligfidh sé a chumhachtaí nó a cumhachtaí chuig comhaltaí eile d'fhoireann na Gníomhaireachta. Saineoidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe na dtarmligean sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(2);"

(d) i mír 3, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

"(k) ullmhóidh sé na cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla, agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;"

(e) i mír 3, cuirtear isteach na pointí (m), (n), (o) agus (p)  seo a leanas:

"(m) cuirfidh sé na cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla chun feidhme, agus tabharfaidh sé tuairisc don Bhord Bainistíochta ar a gcur chun feidhme;

(n) ullmhóidh sé plean gníomhaíochta ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, chomh maith le himscrúduithe ón Oifig Frithchalaoise Eorpach (OLAF), agus tabharfaidh sé tuairisc ar dhul chun cinn dhá uair sa bhliain don Choimisiún agus go rialta don Bhord Feidhmiúcháin agus don Bhord Bainistíochta;

(o) cosnóidh sé leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha in aghaidh calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna á íocadh go mícheart a aisghabháil agus, más iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, chomhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

(p) ullmhóidh sé straitéis frithchalaoise na Gníomhaireachta agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta í lena formheas;

(34) Scriostar Airteagal 39.

(35) Cuirtear isteach Airteagal 39a agus Airteagal 39b seo a leanas:

"Airteagal 39 a

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh

1. Ceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ghníomhaire sealadach den Ghníomhaireacht faoi Airteagal 2(a) maidir le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh.

2. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn fiúntais agus ar bhonn inniúlachta agus taithí doiciméadaithe a bhaineann le hábhar na heitlíochta sibhialta, as liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach.

Chun críche an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.

Sula ndéanfar an ceapachán, féadfar a iarraidh ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Riaracháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

3. Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Roimh dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh an Coimisiún faoi mheasúnú a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar thascanna agus ar dhúshláin na Gníomhaireachta amach anseo.

4. Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún ina gcuirtear san áireamh an measúnú dá dtagraítear i mír 3, tréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh uair amháin, ar feadh cúig bliana ar a mhéid.

5. Cuirfidh an Bord Stiúrthóirí in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aige síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Laistigh de mhí roimh aon síneadh den sórt sin, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil na Parlaiminte agus ceisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste a fhreagairt.

6. Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhfuil síneadh curtha lena théarma oifige a bheith rannpháirteach in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse iomláine.

7. Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.

8. Tiocfaidh an Bord Bainistíochta ar chinntí maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus/nó Leas‑Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a cheapadh, a dtéarma oifige a shíneadh nó iad a chur as oifig ar bhonn thromlach dhá thrian dá chomhaltaí le ceart vótála.

Airteagal 39b

Leas‑Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a cheapadh

1. Féadfaidh Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin amháin nó níos mó a bheith de chúnamh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

2. Féadfar an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó na Leas‑Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a cheapadh, a dtéarma oifige a shíneadh nó iad a chur as oifig mar a fhoráiltear dó in Airteagal 39a, tar éis dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus, más infheidhme, leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tofa.

(36) in Airteagal 40, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Tionólfar an Bord Achomhairc nó na Boird Achomhairc de réir mar is gá. Cinnfidh an Coimisiún líon na mBord Achomhairc agus an obair a shannfar dó nó dóibh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(2)."

(37) in Airteagal 41, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Cinnfidh an Coimisiún na cáilíochtaí is gá a bheith ag comhaltaí gach Boird Achomhairc, cumhachtaí na gcomhaltaí aonair i gcéim ullmhúcháin na gcinntí agus na coinníollacha vótála. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(3)."

(38) In Airteagal 52(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b) saineolaithe iomchuí ó na páirtithe leasmhara ábhartha a thabhairt isteach, nuair is gá, nó leas a bhaint as saineolas atá ag na comhlachtaí ábhartha Eorpacha um chaighdeánú, ag Eurocontrol nó ag comhlachtaí speisialaithe eile;"

(39) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 56:

"Cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla

1. Faoin 30 Samhain gach bliain, i gcomhréir le hAirteagal 33(2)(c), glacfaidh an Bord Bainistíochta doiciméad clársceidealaithe ina mbeidh an clársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil, bunaithe ar dhréacht arna gcur i láthair ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh. Seolfaidh an Bord ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún é.

Beidh an doiciméad clársceidealaithe críochnaitheach tar éis glacadh deiridh an bhuiséid ghinearálta agus déanfar coigeartú air dá réir más gá sin.

Beidh sé d'aidhm ag na cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla feabhas leanúnach ar shábháilteacht eitlíochta san Eoraip a chur chun cinn agus cuspóirí, sainorduithe agus tascanna na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, faoi mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad.

2. Beidh an clár oibre bliantúil comhdhéanta de chuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena n‑áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú agus táscaire maidir leis na hacmhainní airgeadais agus daonna arna sannadh do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail bhuiséadú de réir gníomhaíochtaí agus bhainistiú de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil ag teacht leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 4. Cuirfidh sé in iúl go soiléir tascanna a tugadh isteach, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.

Beidh an straitéis i gcomhair caidreamh le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 27(2) ann chomh maith leis na gníomhaíochtaí a ghabhann leis an straitéis sin.

3. Leasóidh an Bord Bainistíochta an clár oibre arna ghlacadh nuair a thabharfar tasc nua don Ghníomhaireacht.

Glacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil leis an nós imeachta céanna a úsáideadh don chlár oibre bliantúil tosaigh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

4. Sa chlár oibre ilbhliantúil leagfar amach an clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena n‑áirítear cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta. Leagfar amach clársceidealú acmhainní freisin, lena n‑áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann.

Tabharfar an clársceidealú acmhainní cothrom le dáta go bliantúil. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta nuair is iomchuí, agus go háirithe chun dul i ngleic leis an toradh ar an meastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 62."

(40) in Airteagal 57, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"Déanfaidh an tuarascáil ghinearálta bhliantúil cur síos ar an mbealach ina bhfuil a clár oibre bliantúil curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht. Cuirfidh sé in iúl go soiléir na sainorduithe agus na tascanna sin de chuid na Gníomhaireachta a tugadh isteach, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin."

(41) In Airteagal 59(1), cuirtear isteach pointe (f) seo a leanas:

"(f) muirir a íoctar i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. [Rialachán AEA] as tascanna ábhartha an údaráis BAT/SAL."

(42) Leasaítear Airteagal 62 mar seo a leanas:

(a) i mír 1, cuirtear an focal "Coimisiún" in ionad na bhfocal "Bord Bainistíochta"

(b) cuirtear isteach mír 4 seo a leanas:

"4. Nuair a dhéanfar gach dara meastóireacht, déanfar measúnú freisin ar na torthaí a bhain an Ghníomhaireacht amach ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú agus dá tascanna. Má mheasann nach cuí a thuilleadh go leanfadh an Ghníomhaireacht ar aghaidh agus é ag féachaint chuig a cuid cuspóirí, sainordaithe agus tascanna sannta, féadfaidh sé a mholadh go ndéanfaí an Rialachán seo leasú dá réir nó a aisghairm."

(43) Leasaítear Airteagal 64 mar seo a leanas:

(a) scriostar an focal "rialachán" sa teideal.

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: "Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 65b chun rialacha mionsonraithe a leagan síos, ar bhonn mhír 3, mír 4 agus mhír 5, maidir le táillí agus muirir" .

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"Cinnfear leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1, go háirithe, na nithe a bhfuil táillí agus muirir iníoctha orthu de bhun Airteagal 59(1)(c) agus (d), suim na dtáillí agus na muirear agus an modh a n‑íocfar iad."

(d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Socrófar suim na dtáillí agus na muirear ar leibhéal a áiritheoidh gur leor i bprionsabal an t‑ioncam a thiocfaidh dá réir chun costas iomlán na seirbhísí a sheachadfar a chumhdach. Léireofar sa chostas sin go háirithe, caiteachais uile na Gníomhaireachta a chuirfear i leith na mball foirne dá dtagraítear i mír 3, lena n‑áireofar ranníocaíochtaí pro rata an fhostóra leis an scéim pinsean. Sannfar mar ioncam don Ghníomhaireacht na táillí agus na muirir sin, lena n‑áirítear na táillí agus na muirir a bailíodh in 2007."

(44) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65:

"Coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 4 den Rialachán sin."

(45) Scriostar Airteagal 65 a

(46) Cuirtear isteach Airteagal 65b agus Airteagal 65c seo a leanas:

"Airteagal 65b

An tarmligean a fheidhmiú

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Déanfar tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(5), Airteagal 6(2), Airteagal 6(3), Airteagal 7(6), Airteagal 8(5), Airteagal 8a(5), Airteagal 8b(6), Airteagal 8c(10), Airteagal 9(4), Airteagal 10(5), Airteagal 14(3), Airteagal 14(7), Airteagal 25(3) agus Airteagal 64(1) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(5), Airteagal 6(2), Airteagal 6(3), Airteagal 7(6), Airteagal 8(5), Airteagal 8a(5), Airteagal 8b(6), Airteagal 8c(10), Airteagal 9(4), Airteagal 10(5), Airteagal 14(3), Airteagal 14(7), Airteagal 25(3) agus Airteagal 64(1) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(5), Airteagal 6(2), Airteagal 6(3), Airteagal 7(6), Airteagal 8(5), Airteagal 8a(5), Airteagal 8b(6), Airteagal 8c(10), Airteagal 9(4), Airteagal 10(5), Airteagal 14(3), Airteagal 14(7), Airteagal 25(3) nó Airteagal 64(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 65c

An nós imeachta práinne

1. Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Luafar na cúiseanna ar úsáideadh an nós imeachta práinne san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65b(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh."

(47) Cuirtear isteach an tAirteagal 66 a seo a leanas:

"Airteagal 66 a

Comhaontú maidir le Ceanncheathrú agus coinníollacha oibriúcháin

1. Na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Ghníomhaireacht sa Bhallstát aíochta agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát aíochta maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, foireann na Gníomhaireachta agus baill dá dteaghlach, leagfar síos iad i gComhaontú maidir le Ceanncheathrú idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát ina mbeidh an ceanncheathrú lonnaithe, a thabharfar i gcrích tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta agus tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis do Rialachán (CE) Uimh. [] theacht i bhfeidhm.

2. Déanfaidh Ballstát aíochta na Gníomhaireachta na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht go hiomchuí, lena n‑áirítear córas oideachais ilteangach a bhfuil gné Eorpach ag baint leis, agus naisc iomchuí iompair."

(48) Cuirtear isteach an tAirteagal 66b seo a leanas:

"Airteagal 66b

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

Cuirfidh an Ghníomhaireacht na prionsabail slándála atá i rialacha slándála an Choimisiúin le haghaidh Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint i bhfeidhm, mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a rialacha inmheánacha nós imeachta. Clúdóidh cur i bhfeidhm na bprionsabal slándála, inter alia, forálacha chun faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil."

(49) In Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2 agus phointe 3:

"2. Ní mór don eintiteas agus don fhoireann atá freagrach as na tascanna deimhniúcháin agus maoirseachta a gcuid dualgas a chomhlíonadh leis an oiread ionracais ghairmiúil agus is féidir agus leis an inniúlacht theicniúil is fearr agus a bheith saor ó aon bhrú nó aon dreasacht, go háirithe de chineál airgeadais, a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a gcuid fiosrúchán, go háirithe ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine dá ndéanann torthaí na dtascanna deimhniúcháin agus maoirseachta difear.

3. Caithfidh an t‑eintiteas foireann a fhostú agus an acmhainn a bheith aige na tascanna teicniúla agus riaracháin a bhaineann le próiseas deimhniúchán agus maoirseachta a dhéanamh go leordhóthanach; ba cheart go mbeadh rochtain aige freisin ar an trealamh is gá chun seiceáil eisceachtúil a dhéanamh."

(50) Leasaítear Iarscríbhinn Vb mar a leanas:

(a) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) (iv):

"Forálfaidh seirbhísí rialaithe aerthráchta agus próisis ghaolmhara do spás leormhaith idir aerárthaí agus, i limistéar ainlithe eitilte an aeradróim, coiscfidh siad imbhuailtí idir constaicí agus aerárthaí sa limistéar sin agus, más iomchuí agus más indéanta é, cabhróidh siad lena gcosaint ar ghuaiseanna aerbheirthe eile agus áiritheoidh siad go ndéanfar comhordú pras agus tráthúil i gcomhar leis na húsáideoirí ábhartha go léir agus leis na méideanna aerspáis cóngaracha go léir."

(b) i mir 2, pointe (g), cuirtear isteach na focail seo a leanas ag deireadh an phointe:

"Déanfar bainistiú sreibhe d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as an acmhainn atá ar fáil ó thaobh úsáid aerspáis de agus feabhas a chur ar phróisis bhainistíochta na sreibhe aerthráchta. Beidh sé bunaithe ar thrédhearcacht agus éifeachtúlacht, á áirithiú go gcuirfear an acmhainn ar fáil ar mhodh solúbtha tráthúil atá comhsheasmhach le moltaí Phlean Réigiúnach Aerloingseoireachta ICAO, Réigiún na hEorpa.

Tacóidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 8b(6), maidir le bainistiú na sreibhe aerthráchta le cinntí oibríochtúla a dhéanfaidh soláthraithe seirbhisí aerthráchta, oibreoirí aerfoirt agus úsáideoirí aerspáis agus clúdóidh siad na réimsí seo a leanas:

(a) pleanáil eitiltí;

(b) úsáid na hacmhainneachta aerspáis atá ar fáil le linn gach staid den eitilt, lena n‑áirítear sliotáin a shannadh; agus

(c) úsáid a bhaint as ródúcháin i ngnáth-aerthrácht, lena n‑áirítear

– foilseachán aonair a chruthú le haghaidh treoraíochta bealaí agus tráchta,

– roghanna chun an gnáth-aerthrácht a athstiúrú ó limistéir phlódaithe, agus

– rialacha tosaíochta maidir le rochtain ar aerspás don ghnáth‑aerthrácht, go háirithe le linn tréimhsí plódúcháin agus géarchéime.

(d) comhsheasmhacht idir pleananna eitilte agus sliotáin aerfoirt agus an comhordú is gá le réigiúin chomharsanacha a chur san áireamh."

(c) i mir 2, pointe (g), cuirtear isteach na focail seo a leanas ag deireadh an phointe:

"Agus eagrú gnéithe míleata faoi fhreagracht na mBallstát á chur san áireamh, tacóidh bainistiú an aerspáis freisin le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an choincheapa maidir le húsáid sholúbtha a bhaint as aerspás, de réir an cur síos air a rinne an ICAO agus arna cur chun feidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 551/2004", d'fhonn bainistiú an aerspáis agus bainistiú aerthráchta a éascú i gcomhthéacs an chomhbheartais iompair.

Tabharfaidh Ballstáit tuarascáil bhliantúil don Ghníomhaireacht maidir le cur i bhfeidhm an choincheapa maidir le húsáid sholúbtha a bhaint as aerspás, i gcomhthéacs an chomhbheartais iompair, i ndáil leis an aerspás atá faoina bhfreagracht."

(d) i mir 3, pointe (a), cuirtear isteach na focail seo a leanas ag deireadh an phointe:

"Áireofar an méid seo a leanas go háirithe sna córais:

1.          Córais agus nósanna imeachta um bhainistiú an aerspáis.

2.          Córais agus nósanna imeachta um bhainistiú na sreibhe aerthráchta.

3.          Córais agus nósanna imeachta do sheirbhísí aerthráchta, go háirithe córais um próiseáil sonraí eitilte, córais um próiseáil sonraí faireachais agus córais um chomhéadan idir duine agus meaisín .

4.          Córais chumarsáide agus nósanna imeachta do chumarsáid talamh go talamh, aer go talamh agus aer go haer.

5.          Córais agus nósanna imeachta loingseoireachta.

6.          Córais agus nósanna imeachta faireachais.

7.          Córais agus nósanna imeachta um sheirbhísí faisnéise aerloingseoireachta.

8.          Córais agus nósanna imeachta maidir le húsáid faisnéise meitéareolaíoch."

(e) I mír 3, pointe (b), cuirtear isteach na focail seo a leanas ag deireadh an phointe:

"Déanfar córais BAT/SAL agus a gcomhpháirteanna a dhearadh, a thógáil, a chothabháil agus a oibriú ag baint úsáide as na nósanna imeachta iomchuí bailíochtaithe, ar bhealach a áiritheoidh oibriú comhleanúnach an gréasán Eorpach um bainistiú aerthráchta i gcónaí agus ag gach céim den eitilt. Is féidir oibriú comhleanúnach a léiriú, go háirithe, i dtéarmaí faisnéis a chomhroinnt, lena n‑áirítear an fhaisnéis ábhartha faoin stádas oibríochta, tuiscint chomhchoiteann ar fhaisnéis, feidhmíochtaí próiseála atá inchurtha lena gcéile agus na nósanna imeachta a ghabhann leo a dhéanann feidhmíochtaí comhchoiteanna oibriúcháin a chumasú don ghréasán Eorpach um bainistiú aerthráchta (EATMN) iomlán nó do chodanna de.

Trí bhíthin EATMN, a chórais agus a gcomhpháirteanna, tacófar, ar bhonn comhordaithe, le coincheapa nua oibríochtúla a comhaontaíodh agus a bailíochtaíodh, coincheapa lena bhfeabhsófar caighdeán, inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht na seirbhísí aerloingseoireachta, go háirithe ó thaobh sábháilteachta agus toillte de.

Trí bhíthin EATMN, a chórais agus a gcomhpháirteanna, tacófar le comhordú sibhialta/míleata a chur chun feidhme de réir a chéile, a mhéad is gá ar mhaithe le bainistiú éifeachtach aerspáis agus sreibhe aerthráchta, agus le go mbainfidh gach úsáideoir úsáid shábháilte éifeachtúil as an aerspás, trí chur i bhfeidhm an choincheapa maidir le húsáid sholúbtha a bhaint as aerspás.

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tacóidh EATMN, a chórais agus a gcomhpháirteanna le faisnéis cheart chomhsheasmhach a chumhdóidh gach céim eitilte a chomhroinnt go tráthúil idir páirtithe sibhialta agus míleata."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,             Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               Cé go bhfuil ceangal i dTreochlár an Choimisiúin maidir leis an gComhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an AE agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe, i mí Iúil 2012, caighdeánú a dhéanamh ar ainmneacha Ghníomhaireachtaí uile an AE le go mbeidh an fhormáid chéanna acu, ar mhaithe le soiléireacht, úsáidtear an t-ainm atá ann faoi láthair, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA) ar fud an téacs sa mheabhrán míniúcháin seo. Rinneadh téacs an togra reachtaigh féin a oiriúnú i gcomhréir leis an gComhráiteas nua agus leis an Treochlár.

[2]               An Creat-Rialachán ((CE) Uimh. 549/2004) – lena leagtar síos an creat chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú; An Rialachán maidir le Soláthar Seirbhísí ((CE) Uimh. 550/2004) – maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san Aerspás Eorpach Aonair; An Rialachán Aerspáis ((CE) Uimh. 551/2004) – maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san Aerspás Eorpach Aonair; An Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht ((CE) Uimh. 552/2004) – maidir le hidir-inoibritheacht an Ghréasáin Eorpaigh um Bainistiú Aerthráchta

[3]               Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle; Is colún teicniúil de chuid AEA é SESAR (an clár taighde BAT maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair) – clár um fheabhsúchán BAT a bhfuil baint ag an earnáil eitlíochta ar fad leis

[4]               Faoi láthair ní EASA amháin a dhéanann rialacha teicniúla a dhréachtú, bíonn Eurocontrol agus comhlachtaí éagsúla um chaighdeánú, amhail EUROCAE, ag gabháil chuige freisin.

[5]               Féach Airteagal 19 de thogra athmhúnlaithe AEA.

[6]               Clár Taighde BAT maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair. Féach http://ec.europa.eu/transport/modes/air/sesar/

[7]               IO C , , lch. .

[8]               IO L 309, 24.11.2009, lch. 51.

[9]               IO L IO L 300, 14.11.2009, lch. 34.

[10]             IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

[11]             IO L 96, 31.3.2004, lch. 10.

[12]             IO L 96, 31.3.2004, lch. 20.

[13]             IO L 96, 31.3.2004, lch. 26.

[14]             IO L 95, 9.4.2009, lch. 41.

[15]             IO L 64, 2.3.2007, lch. 1.

[16]             Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1)

Top