This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012PC0496
Amended proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL laying down common provisions on the European Regional Development Fund, the European Social Fund, the Cohesion Fund, the European Agricultural Fund for Rural Development and the European Maritime and Fisheries Fund covered by the Common Strategic Framework and laying down general provisions on the European Regional Development Fund, the European Social Fund and the Cohesion Fund and repealing Council Regulation (EC) No 1083/2006
Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle
Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle
/* COM/2012/0496 final - 2011/0276 (COD) */
Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle /* COM/2012/0496 final - 2011/0276 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Thíolaic an Coimisiún a thograí le haghaidh
rialacháin lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir leis an CFRE, CSE, an
CC, an CETFT agus an CEMI agus forálacha ginearálta maidir le cistí beartais
comhtháthaithe an 6 Deireadh Fómhair 2011 (COM(2011)615
críochnaitheach). Sa togra seo le haghaidh Rialacháin maidir le
Forálacha Coiteanna (CPR) rinneadh foráil maidir le Comhchreat Straitéiseach
(CSF): ‘a...aistríonn cuspóirí an Aontais ina
bpríomhghníomhaíochtaí do na cistí CSF, le go mbeidh treo straitéiseach níos
soiléire ag an bpróiseas clárúcháin ar leibhéal na mBallstát agus na réigiún. Ba cheart don Chomhchreat Straitéiseach comhordú earnála agus
críochach a éascú maidir le hidirghabháil an Aontais faoi na Cistí CSF agus le
beartais agus le hionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais. Ba cheart go mbunófaí leis an gComhchreat
Straitéiseach, dá bhrí sin, na príomhréimsí tacaíochta, dúshláin chríochacha a
mbeidh aghaidh le tabhairt orthu, cuspóirí beartais, réimsí tosaíochta le
haghaidh gníomhaíochtaí comhair, meicníochtaí comhordúcháin agus meicníochtaí
um chomhtháthú agus um chomhsheasmhacht le beartais eacnamaíocha na mBallstát
agus an Aontais". (Aithrisí 14 agus 15) Sa togra ón gCoimisiún leagadh amach cuspóirí
agus ábhar an CSF in Airteagail 10 agus 11 den Rialachán maidir le Forálacha
Coiteanna (RFC). In Airteagal 12 den
togra rinneadh foráil go nglacfadh an Coimisiún an Comhchreat Straitéiseach mar
ghníomh tarmligthe. Chuir an Chomhairle agus coiste REGI
Pharlaimint na hEorpa in iúl gur mhian leo go nglacfar an CSF mar iarscríbhinn
a ghabhann leis an rialachán seachas mar ghníomh tarmligthe. I bhfianaise an méid sin agus chun comhréiteach
idir na hinstitiúidí a éascú, tíolacann an Coimisiún an togra reachtach
leasaithe seo ina roinntear eilimintí an CSF ina n‑iarscríbhinn nua
(Iarscríbhinn I) a ghabhann leis an RFC agus ina ngníomh tarmligthe. Is é tuairim an Choimsiúin fós, áfach, gurb
ionann na heilimintí uile fós agus eilimintí neamhriachtanacha chun críche
Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is cuma cé
acu a áirítear iad san iarscríbhinn nó sa ghníomh tarmligthe agus gur féidir
iad a leasú trí ghníomh tarmligthe ar an ábhar sin. Tá na heilimintí
riachtanacha le fáil in Airteagail 11 agus 12 den RFC. 2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Ar mhaithe leis an bplé a éascú, foilsíodh
doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin inar leagadh amach
príomheilimintí an CSF ar an 14 Márta 2012 (SWD(2012)61). Tar éis dóibh é a scrúdú, sheas an Chomhairle
agus coiste REGI Pharlaimint na hEorpa air gur cheart an CSF a ghlacadh mar
iarscríbhinn arna gabháil leis an CPR. Tá siad araon den tuairim go bhfuil an CSF ina eilimint fhíor‑riachtanach
sa ghníomh reachtach, mar áitíonn siad go gcuirtear roghanna polaitiúla in iúl
leis an CSF maidir le gnéithe bunúsacha den beartas comhtháthaithe. Áiríodh leasuithe comhfhreagracha sa chur chuige
ginearálta páirteach a ghlac an Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta an
24 Aibreán 2012 agus sna dréacht‑thuarascálacha ó choiste REGI
Pharlaimint na hEorpa. Rinneadh Measúnú Tionchair ar na tograí
reachtacha bunúsacha. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Sa togra reachtach leasaithe roinntear
eilimintí an CSF ina n‑iarscríbhinn nua (Iarscríbhinn I) a ghabhann leis an RFC
agus ina ngníomh tarmligthe. Is éard
atá sna forálacha maidir leis an CSF san iarscríbhinn eilimintí
neamhriachtanacha den ghníomh reachtach i dtéarmaí Airteagal 290 CFAE agus
is féidir, dá bhrí sin, iad a mhodhnú trí ghníomh tarmligthe. Tá ceithre roinn san iarscríbhinn nua maidir
le 1) modhanna chun comhtháthú agus comhsheasmhacht le beartais eacnamaíocha na
mBallstát agus an Aontais a bhaint amach, 2) meicníochtaí comhordúcháin i measc
cistí an CSF agus le beartais agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an
Aontais, 3) prionsabail chothrománacha agus cuspóirí beartais trasearnála agus
4) socruithe chun díriú ar dúshláin chríochacha. Cuirfidh na ranna sin, den chuid is mó, le ranna 3, 4 agus 5 de
dhoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin agus le heilimintí ábhartha in
Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis, agus an teanga á hoiriúnú do
cheanglais an téacs rialála. Beidh dhá roinn sa ghníomh tarmligthe : 1)
ranna faoi ghníomhaíochtaí táscacha a bhfuil bhreisluach ard Eorpach acu agus
prionsabail chomhfhreagracha chun iad a bhaint amach agus 2) tosaíochtaí
comhair. Táthar ag cur le
hIarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an doiciméad inmheánach oibre anseo,
arís leis na hoiriúnuithe dlíthiúla is gá. Táthar tár éis na figiúirí sa roinn faoin
gcreat airgeadais agus sa ráiteas airgeadais reachtach a thabhairt cothrom le
dáta chun togra leasaithe an Choimisiúin le haghaidh chreat airgeadais
ilbhliantúil 2014-2020 a chur san áireamh[1]. 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Ní bheidh aon impleachtaí buiséadacha ag an
togra leasaithe. . De thoradh
sonraí nua agus réamhaisnéisí maicreacnamaíocha a bheith ar fáil chomh maith le
haontachas Phoblacht na Cróite, áfach, beidh athruithe ar an gclúdach
comhtháthaithe. 5. ACHOIMRE AR NA LEASUITHE Baineann an leasú le hathruithe ar Aithrisí
14, 15, 16, 83, 84 agus 88, and Airteagail 2, 10, 11, 12, 14, 141 agus 142. Tá Iarscríbhinn I nua curtha leis freisin, rud as
a thig athruithe ar uimhriú na n‑iarscríbhinní i roinnt airteagal breise (19,
83, 86, 87, 105, 106 agus 107). Tugadh
an ráiteas airgeadais reachtach cothrom le dáta freisin. 2011/0276 (COD) Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir
le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa,
maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus
Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos
forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir
le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus
lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[2],
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na
Réigiún[3], Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí[4], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De
bharr an méid seo a leanas: (1) D’fhonn comhtháthú
eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú, foráiltear le
hAirteagal 174 den Chonradh go bhféachfaidh an tAontas leis na
héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus
cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla nó na n‑oileán a laghdú, go háirithe
limistéir thuaithe, limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh,
agus réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu.
Ceanglaítear le hAirteagal 175 den Chonradh go dtacódh an tAontas leis na
cuspóirí sin a ghnóthú agus é ag gníomhú trí Roinn Treoraíochta an Chiste
Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, trí Chiste Sóisialta na
hEorpa, trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, tríd an mBanc Eorpach
Infheistíochta agus trí ionstraimí eile. (2) I gcomhréir le conclúidí na
Comhairle Eorpaí an 17 Meitheamh 2010, lenar glacadh Straitéis an
Aontais maidir le, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, ba cheart go gcuirfeadh
an tAontas agus na Ballstáit seachadadh an fháis chliste, inbhuanaithe agus
chuimsithigh chun feidhme, agus forbairt chomhchuí an Aontais á cur chun cinn
agus éagothromaíochtaí réigiúnacha á laghdú acu ag an am céanna. (3) D’fhonn comhordú a fheabhsú
agus cur chun feidhme a chomhchuibhiú i gcás na gCistí a thugann tacaíocht
faoin mbeartas comhtháthaithe, eadhon, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
(CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC), leis
na Cistí le haghaidh forbartha tuaithe, eadhon, Ciste Eorpach Talmhaíochta um
Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus le haghaidh na hearnála muirí agus iascaigh,
eadhon, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), ba cheart forálacha
coiteanna a bhunú maidir leis na Cistí sin uile (‘Cistí CSF’). Ina theannta
sin, tá forálacha sa Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir le CFRE, CSE agus
an CC, ach nach bhfuil feidhm acu maidir leis an CETFT ná an CEMI. I ngeall ar
na sainiúlachtaí a bhaineann le gach Ciste CSF ar leith, ba cheart rialacha
sonracha is infheidhme maidir le gach Ciste CSF ar leith agus maidir le sprioc
an chomhair chríochaigh Eorpaigh faoin CFRE a shonrú i rialacháin ar leithligh. (4) Maidir
leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT), tá sineirgíochtaí tábhachtacha bainte
amach cheana féin trí na rialacha bainistíochta agus rialuithe a bhaineann leis
an gcéad cholún (CERT – an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta) agus leis
an dara colún (CETFT) den CBT. Ba cheart an nasc láidir idir CERT agus CETFT a
choimeád ar an ábhar sin agus ba cheart na struchtúir atá ar bun cheana sna
Ballstáit a chothú. (5) Ba cheart go mbainfeadh na
réigiúin is forimeallaí tairbhe as bearta sonracha agus as cistiú breise chun
na baic a eascraíonn as na tosca dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh a
fhritháireamh. (6) Chun léirmhíniú beacht agus
comhleanúnach na bhforálacha a áirithiú agus chun rannchuidiú le deimhneacht
dhlíthiúil i leith na mBallstát agus i leith tairbhithe, is gá téarmaí áirithe
a úsáidtear sa Rialachán a shainmhíniú. (7) Tá sé leagtha amach go bhfuil
trí chuid sa Rialachán seo; cuid a haon ina bhfaightear na haithrisí agus na
sainmhínithe, cuid a dó ina bhfuil na rialacha is infheidhme maidir leis na
Cistí CSF uile agus cuid a trí ina bhfuil na forálacha nach bhfuil feidhm acu
ach maidir le CFRE, CSE, agus an CC (na 'Cistí'). (8) Faoi Airteagal 317 den
Chonradh, agus i gcomhthéacs na bainistíochta comhpháirtí, ba cheart na
coinníollacha faoina gceadaítear don Choimisiún a fhreagrachtaí maidir le
buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme a shainiú agus ba
cheart freagrachtaí comhair na mBallstát a shoiléiriú. Ba cheart go gcuirfeadh
na coinníollacha sin ar chumas an Choimisiúin deimhin a dhéanamh de go bhfuil
na Ballstáit ag úsáid na gCistí CSF ar mhodh dlíthiúil agus rialta agus
i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais de réir bhrí
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an
25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme
maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (dá ngairtear an 'Rialachán
Airgeadais' anseo feasta)[5].
Ba cheart do na Ballstáit agus na comhlachtaí arna n‑ainmniú acu chun na críche
sin a bheith freagrach as cláir a chur chun feidhme ar an leibhéal críochach
iomchuí i gcomhréir le creat institiúideach, dlí agus airgeadais an Bhallstáit.
Áiritheoidh na forálacha sin freisin go dtabharfar aird ar an ngá le
comhlántacht agus comhsheasmhacht idirghabháil an Aontais, comhréireacht na
socruithe riaracháin agus laghdú ar ualach riaracháin thairbhithe na gCistí CSF
a áirithiú. (9) I gcás an Chonartha
Comhpháirtíochta agus gach cláir faoi seach, ba cheart don Bhallstát
comhpháirtíocht a eagrú le hionadaithe ó na húdaráis inniúla réigiúnacha,
áitiúla, uirbeacha agus eile, le comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta,
agus le comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta, lena
n‑áirítear comhpháirtithe comhshaoil, eagraíochtaí neamhrialtais agus
comhlachtaí atá freagrach as comhionannas agus neamh‑idirdhealú a chur chun
cinn. Is é is cuspóir do chomhpháirtíocht den sórt sin prionsabal an rialachais
il-leibhéil a urramú, úinéireacht ag geallsealbhóirí ar idirghabhálacha atá
beartaithe a áirithiú agus an taithí agus an saineolas atá ag gníomhaithe
ábhartha a fhorbairt. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena ndéanfaí foráil maidir le cód iompair
d’fhonn a áirithiú go mbeidh na comhpháirtithe rannpháirteach, ar shlí
chomhsheasmhach, in ullmhú agus i gcur chun feidhme na gConarthaí Comhpháirtíochta
agus na gclár, agus i bhfaireachán agus i meastóireacht a dhéanamh orthu. (10) Ba cheart gníomhaíochtaí na
gCistí CSF agus na hoibríochtaí lena dtacaíonn siad dlí an Aontais agus an dlí
náisiúnta is infheidhme a bhfuil nasc díreach nó indíreach aige le cur chun
feidhme na hoibríochta a chomhlíonadh. (11) I gcomhthéacs a iarrachta
comhtháthú eacnamaíoch, críochach agus sóisialta a mhéadú, ba cheart don
Aontas, ag gach céim de chur chun feidhme na gCistí CSF, díriú ar neamh‑chomhionannais
a dhíothú agus comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn, agus dul i
ngleic le hidirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó
eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh
gnéasach. (12) Ba cheart cuspóirí na gCistí
CSF a shaothrú faoi chuimsiú forbartha inbhuanaithe agus de réir mar a
chuireann an tAontas an aidhm maidir leis an gcomhshaol a chosaint agus a
fheabhsú mar atá leagtha amach in Airteagal 11 agus Airteagal 19 den
Chonradh ar aghaidh, agus cuirfear an prionsabal ‘íoc mar a thruaillítear’ san
áireamh ag an am céanna. Ba cheart do na Ballstáit modheolaíocht arna glacadh
ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme a úsáid chun faisnéis a sholáthar
faoin tacaíocht a thugtar do chuspóirí athraithe aeráide i gcomhréir leis an
uaillmhian 20 % ar a laghad de bhuiséad an Aontais a chaitheamh ar an
gcuspóir sin. (13) D’fhonn spriocanna agus
cuspóirí Straitéis an Aontais maidir le, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a
ghnóthú, ba cheart an tacaíocht ó na Cistí CSF a dhíriú ar líon teoranta
cuspóirí téamacha coiteanna. Ba cheart an raon feidhme díreach a bheidh le gach
Ciste CSF ar leith a leagan amach i rialacha a bhaineann go sonrach leis na
Cistí agus d’fhéadfaí an raon feidhme sin a theorannú do roinnt de na cuspóirí
téamacha arna sainiú sa Rialachán seo. (14) Ar
mhaithe le ranníocaíocht na gcistí CSF a uasmhéadú agus treo straitéiseach
soiléir a thabhairt don phróiseas clárúcháin ar leibhéal na mBallstát agus na
réigiún, ba cheart don Choimisiún Comhchreat Straitéiseach a ghlacadh
trí ghníomh tarmligthe lena n‑athraítear cuspóirí an Aontais go bpríomhghníomhaíochtaí le
haghaidh na gCistí CSF chun treo straitéiseach níos soiléire a thabhairt don
phróiseas clárúcháin ar leibhéal na mBallstát agus na réigiún a bhunú. Ba cheart don Chomhchreat Straitéiseach comhordú earnála agus críochach
a éascú maidir le hidirghabháil an Aontais faoi na Cistí CSF agus le beartais
agus le hionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais. (15) Ba cheart
príomhréimsí tacaíochta, cuspóirí
beartais do ghníomhaíochtaí comhair, meicníochtaí comhordúcháin agus
meicníochtaí le haghaidh comhtháthú agus comhsheasmhacht le beartais
eacnamaíochta na mBallstát agus an Aontais a bhunú a leagan amach sa Chomhchreat
Straitéiseach an modh chun comhtháthú agus comhsheasmhacht le beartais
eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais a bhaint amach, meicníochtaí
comhordúcháin idir na cistí CSF agus le beartais agus ionstraimí ábhartha eile
an Aontais, prionsabail chothrománacha agus cuspóirí beartais trasearnála, na
socruithe chun dul i ngleic le dúshláin chríochacha, gníomhaíochtaí táscacha a
bhfuil breisluach ard Eorpach acu agus prionsabail chomhfhreagracha lena mbaint
amach, agus tosaíochtaí comhair. (16) Ar bhonn an Chomhchreata
Straitéisigh arna ghlacadh ag an gCoimisiún, ba cheart do gach Ballstát,
i gcomhar lena chomhpháirtithe agus i gcomhphlé leis an gCoimisiún, Conradh
Comhpháirtíochta a ullmhú. Ba cheart don Chonradh Comhpháirtíochta na
heilimintí atá leagtha amach sa Chomhchreat Straitéiseach a athrú de réir an
chomhthéacs náisiúnta agus ceangaltais dhaingne a leagan amach maidir le
cuspóirí an Aontais a ghnóthú trí chlárú Chistí CSF. (17) Ba cheart do na Ballstáit a
gcuid tacaíochta a chomhchruinniú chun rannchuidiú suntasach le gnóthú
chuspóirí an Aontais a áirithiú, i gcomhréir lena riachtanais shonracha
forbartha náisiúnta agus réigiúnaí. Ba cheart coinníollachtaí ex ante a shainiú
lena áirithiú go bhfuil na coinníollacha creata a bhfuil gá leo chun tacaíocht
an Aontais a úsáid go héifeachtach i bhfeidhm. Ba cheart don Choimisiún measúnú
a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante sin faoi chuimsiú a
mheasúnaithe ar an gConradh Comhpháirtíochta agus ar na cláir. I gcásanna nach
gcomhlíontar coinníollacht ex ante, ba cheart an chumhacht a bheith ag an
gCoimisiún íocaíochtaí leis an gclár a chur a fhionraí. (18) Ba cheart creat feidhmíochta a
shainiú maidir le gach clár d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn
atá déanta feadh na tréimhse clárúcháin maidir leis na cuspóirí agus na
spriocanna atá leagtha síos do gach clár a ghnóthú. Ba cheart don Choimisiún
athbhreithniú ar fheidhmíocht a dhéanamh, i gcomhar leis na Ballstáit, in 2017
agus in 2019. Ba cheart cúlchiste feidhmíochta a fhoráil agus a leithdháileadh
in 2019 sna cásanna sin inar gnóthaíodh garspriocanna a bhí leagtha síos sa
chreat feidhmíochta. De bharr na héagsúlachta agus an ghné ilnáisiúnta a
bhaineann leo, níor cheart aon chúlchiste feidhmíochta a bheith ann le haghaidh
na gclár um ‘Chomhar Críochach Eorpach’. I gcásanna ina bhfuil sprioceasnamh
suntasach ann maidir le garspriocanna nó spriocanna a ghnóthú, ba cheart an
Coimisiún a bheith in ann íocaíochtaí leis an gclár a fhionraí nó, ag deireadh
na tréimhse clárúcháin, ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, d’fhonn a
áirithiú nach n‑úsáidfear buiséad an Aontais go diomailteach ná go
neamhéifeachtúil. (19) Trí nasc níos dlúithe a
chruthú idir an beartas comhtháthaithe agus rialachas eacnamaíoch an Aontais
áiritheofar go mbeidh beartais eacnamaíocha fhónta ina gcranntaca le
héifeachtacht an chaiteachais a dhéantar faoi Chistí CSF agus gur féidir, más
gá, Cistí CSF a atreorú ar aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna eacnamaíocha atá
ag tír. Ní mór go dtarlódh an próiseas sin diaidh ar ndiaidh, agus go dtosódh
sé le leasuithe ar an gConradh Comhpháirtíochta agus ar na cláir chun tacú le
moltaí na Comhairle chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí
maicreacnamaíocha agus ar dheacrachtaí sóisialta agus eacnamaíocha. I gcás, in
ainneoin úsáid fheabhsaithe Chistí CSF, nach ndéanann Ballstát beart
éifeachtach i gcomhthéacs phróiseas an rialachais eacnamaíoch, ba cheart an
ceart a bheith ag an gCoimisiún na híocaíochtaí agus na ceangaltais uile nó
cuid díobh a fhionraí. Ba cheart cinntí maidir le fionraí a bheith comhréireach
agus éifeachtach, agus tionchar na gclár aonair chun aghaidh a thabhairt ar an
staid eacnamaíoch agus shóisialta sa Bhallstát ábhartha agus leasuithe roimhe
sin ar an gConradh Comhpháirtíochta á gcur san áireamh. Agus cinneadh faoi
fhionruithe á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún cóir chomhionann idir
Ballstáit a urramú freisin, agus go háirithe tionchar na fionraí ar gheilleagar
an Bhallstáit lena mbaineann. Ba cheart na fionruithe a bhaint agus cistí a
chur ar fáil don Bhallstát lena mbaineann arís a luaithe is a dhéanann an
Ballstát an beart is gá. (20) Lena áirithiú go ndíreofar ar
straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach
a chur i gcrích, ba cheart eilimintí coiteanna a shainiú do na cláir ar fad.
Lena áirithiú go mbeidh na socruithe clárúcháin le haghaidh na gCistí CSF
comhsheasmhach, ba cheart na nósanna imeachta chun na cláir a ghlacadh agus a
leasú a ailíniú. Ba cheart go n‑áiritheodh an clárú comhsheasmhacht leis an
gComhchreat Straitéiseach agus leis an gConradh Comhpháirtíochta, comhordú na
gCistí CSF eatarthu féin agus le hionstraimí airgeadais reatha eile agus leis
an mBanc Eorpach Infheistíochta. (21) Leis an gConradh, cuireadh
comhtháthú críochach le spriocanna an chomhtháthaithe eacnamaíoch agus shóisialta,
agus tá sé fíor-riachtanach aghaidh a thabhairt ar an ról atá ag cathracha, ag
geografaíocht fheidhmiúil agus ag limistéir fhoréigiúnacha a bhfuil fadhbanna
geografacha agus déimeagrafacha ar leith le sárú acu. Chuige sin, chun leas
níos fearr a bhaint as acmhainneacht ar an leibhéal áitiúil, tá sé riachtanach
forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a neartú agus a éascú trí chomhrialacha
agus dlúthchomhordú a cheangal ar na Cistí CSF uile. Mar phrionsabal bunúsach,
ba cheart an fhreagracht as straitéisí forbartha áitiúla a chur chun feidhme a
thabhairt do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla a dhéanann ionadaíocht thar ceann
leasanna an phobail. (22) Tá ionstraimí airgeadais ag
éirí níos tábhachtaí i ngeall ar an éifeacht ghiarála a bhíonn acu ar na Cistí
CSF, i ngeall ar a gcumas cineálacha éagsúla acmhainní poiblí agus
príobháideacha a chomhcheangal d’fhonn tacú le cuspóirí beartais phoiblí, agus
i ngeall go ndéantar an tacaíocht sin níos inbhuanaithe go fadtéarmach de bharr
cineálacha imrothlacha maoinithe. (23) Ba cheart ionstraimí
airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF a úsáid chun aghaidh a
thabhairt ar riachtanais mhargaidh faoi leith ar mhodh costéifeachtach, i
gcomhréir le cuspóirí na gclár, agus níor cheart dóibh maoiniú príobháideach a
bhrú amach. Ba cheart an cinneadh chun na bearta tacaíochta a mhaoiniú trí
bhíthin ionstraimí airgeadais a chinneadh, dá bhrí sin, ar bhonn anailíse ex
ante. (24) Ba cheart ionstraimí
airgeadais a cheapadh agus a chur chun feidhme d’fhonn rannpháirtíocht shuntasach
infheisteoirí na hearnála príobháidí agus institiúidí airgeadais a chur chun
cinn ar bhonn cuí roinnte rioscaí. Le bheith tarraingteach go leor don earnáil
phríobháideach, is gá ionstraimí airgeadais a cheapadh agus a chur chun feidhme
ar mhodh solúbtha. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis bhainistíochta cinneadh a
dhéanamh maidir leis na foirmeacha is iomchuí chun na hionstraimí airgeadais a
chur chun feidhme, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na
spriocréigiún, i gcomhréir le cuspóirí an chláir ábhartha. (25) Ba cheart an deis a bheith ag
údaráis bhainistíochta acmhainní ó na cláir a chur leis na hionstraimí
airgeadais a bhunaítear ar leibhéal an Aontais, nó le hionstraimí a bhunaítear
ar an leibhéal réigiúnach. Ba cheart an deis a bheith ag údaráis bhainistíochta
freisin ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme go díreach, trí bhíthin cistí
sonracha nó trí bhíthin cistí de chuid cistí. (26) Ba cheart go gcomhfhreagródh
méid na n‑acmhainní arna n‑íoc tráth ar bith ó na Cistí CSF le hionstraimí
airgeadais don mhéid is gá chun infheistíochtaí atá beartaithe agus íocaíochtaí
le faighteoirí deiridh a chur chun feidhme, lena n‑áirítear costais
bhainistíochta agus táillí bainistíochta, arna gcinneadh ar bhonn pleananna gnó
agus réamh‑mheastachán faoin sreabhadh airgid le haghaidh tréimhse
réamhshainithe nár cheart a bheith níos faide ná dhá bhliain. (27) Tá sé riachtanach rialacha
sonracha a leagan síos maidir leis na méideanna atá le glacadh mar chaiteachas
incháilithe tráth an dúnta, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar na méideanna, lena n‑áirítear
na costais bhainistíochta agus táillí bainistíochta, a íoctar ó na Cistí CSF le
hionstraimí airgeadais, a úsáid go héifeachtach le haghaidh infheistíochtaí
agus íocaíochtaí le faighteoirí deiridh. Tá sé riachtanach freisin rialacha
sonracha a leagan síos maidir le hathúsáid na n‑acmhainní atá inchurtha i leith
na tacaíochta ó na Cistí CSF, lena n‑áirítear úsáid na n‑acmhainní leagáide i
ndiaidh na cláir a dhúnadh. (28) Ba cheart do na Ballstáit
faireachán a dhéanamh ar chláir d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun
feidhme agus ar dhul chun cinn maidir le cuspóirí na gclár a ghnóthú. Chuige
sin, ba cheart coistí faireacháin a bhunú agus a mballraíocht agus a
bhfeidhmeanna a shainiú maidir leis na Cistí CSF. D’fhéadfaí Comhchoistí
Faireacháin a bhunú chun comhordú idir na Cistí CSF a éascú. D'fhonn
éifeachtacht a áirithiú, ba cheart do na coistí faireacháin a bheith ábalta
moltaí a eisiúint chuig údaráis bhainistíochta maidir leis an gclár a chur chun
feidhme agus ba cheart dóibh faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a
rinneadh mar thoradh ar a gcuid moltaí. (29) Is gá na socruithe faireacháin
agus tuairiscithe maidir leis na Cistí CSF a ailíniú ar mhaithe le socruithe
bainistíochta a shimpliú ar gach uile leibhéal. Is tábhachtach ceanglais
chomhréireacha tuairiscithe a áirithiú ach freisin go mbeadh faisnéis
chuimsitheach ar dhul chun cinn ar fáil ag príomhthráthanna athbhreithnithe. Is
gá, dá bhrí sin, do na ceanglais tuairiscithe na riachtanais faisnéise a léiriú
sna blianta lena mbaineann agus go mbeadh siad ailínithe le huainiú na n‑athbhreithnithe
ar fheidhmíocht. (30) D’fhonn faireachán a dhéanamh
ar dhul chun cinn na gclár, ba cheart cruinniú athbhreithnithe bliantúil a
thionól idir an Ballstát agus an Coimisiún. Ba cheart go mbeadh an deis ag an
Ballstát agus ag an Coimisiún teacht ar chomhaontú gan an cruinniú a thionól,
áfach, chun ualach riaracháin neamhriachtanach a sheachaint. (31) Le gur féidir leis an
gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le
cuspóirí an Aontais a ghnóthú, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha ar dhul
chun cinn a chur isteach maidir le cur chun feidhme a gConarthaí
Comhpháirtíochta. Ar bhonn tuarascálacha den sórt sin, ba cheart don Choimisiún
tuarascáil straitéise a ullmhú ar dhul chun cinn in 2017 agus in 2019. (32) Is gá meastóireacht a dhéanamh
ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar thionchar an chúnaimh ó na Cistí CSF
d’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht chur chun feidhme agus cheapadh na gclár,
agus chun tionchar na gclár ar na spriocanna i straitéis an Aontais maidir le
fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus ar OTI agus ar
fhostaíocht, nuair is ábhartha, a chinneadh. Ba cheart freagrachtaí na
mBallstát agus an Choimisiúin maidir leis an méid sin a shonrú. (33) D’fhonn feabhas a chur ar
cháilíocht agus ar cheapadh gach cláir, agus d’fhonn a fhíorú gur féidir na
cuspóirí agus na spriocanna a ghnóthú, ba cheart meastóireacht ex ante a
dhéanamh ar gach clár. (34) Ba cheart don údarás atá
freagrach as ullmhú an chláir plean meastóireachta a tharraingt suas. Le linn
na tréimhse clárúcháin, ba cheart d'údaráis bhainistíochta meastóireachtaí a
dhéanamh chun éifeachtacht agus tionchar cláir a mheas. D’fhonn cinntí luchta bainistíochta
a éascú, ba cheart an coiste faireacháin agus an Coimisiún a chur ar an eolas
faoi thorthaí na meastóireachtaí. (35) Ba cheart meastóireachtaí ex-post
a dhéanamh d’fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht na gCistí CSF agus a
dtionchar ar spriocanna foriomlána na gCistí CSF agus Straitéis an Aontais
maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a mheas. (36) Is úsáideach na cineálacha
gníomhaíochta is féidir a dhéanamh mar chúnamh teicniúil le tacaíocht ó na
Cistí CSF ar thionscnamh an Choimisiúin agus na mBallstát a shainiú. (37) D'fhonn úsáid éifeachtach
acmhainní an Aontais a áirithiú, agus d’fhonn rómhaoiniú oibríochtaí ginte
ioncaim a sheachaint, is gá rialacha a leagan amach chun an ranníocaíocht ó na
Cistí CSF i leith oibríochta ginte ioncaim a ríomh. (38) Ba cheart na dátaí tosaigh
agus na dátaí deiridh a bhaineann le hincháilitheacht an chaiteachais a shainiú
chun foráil a dhéanamh maidir le riail aonfhoirmeach agus chothrom a bheadh
infheidhme maidir le cur chun feidhme na gCistí CSF ar fud an Aontais. D’fhonn
feidhmiú na gclár a éascú, is iomchuí a leagan síos go bhféadfaidh an dáta
tosaigh maidir le hincháilitheacht an chaiteachais a bheith roimh an
1 Eanáir 2014 má chuireann an Ballstát lena mbaineann clár isteach
roimh an dáta sin. D’fhonn úsáid éifeachtach Chistí an AE a áirithiú agus an
baol a bheadh ann do bhuiséad an AE a laghdú, is gá srianta a chur i bhfeidhm
ar an tacaíocht a thugtar d'oibríochtaí lánchríochnaithe. (39) I gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta agus faoi réir na n‑eisceachtaí dá bhforáiltear le
Rialachán/Rialacháin (AE) Uimh. […] [Rialacháin CFRE, CSE, CC, ETC, CETFT,
CEMI], ba cheart do na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh maidir le
hincháilitheacht an chaiteachais. (40) D’fhonn úsáid na gCistí CSF a
shimpliú agus riosca earráidí a laghdú, is iomchuí, agus foráil á déanamh
maidir le difreáil nuair is gá chun sainiúlachtaí an bheartais a léiriú,
sainmhíniú a thabhairt ar na cineálacha tacaíochta, ar na coinníollacha
comhchuibhithe maidir le deontais a aisíoc agus ar mhaoiniú ar ráta comhréidh,
ar na rialacha incháilitheachta sonracha maidir le deontais agus ar
choinníollacha sonracha i ndáil le hincháilitheacht oibríochtaí ag brath ar a
suíomh. (41) Chun éifeachtacht, cothroime
agus tionchar inbhuanaithe na hidirghabhála arna déanamh ag na Cistí CSF a
áirithiú, ba cheart forálacha a bheith ann lena rathófar gur ar bhonn
fadtréimhseach a dhéantar na hinfheistíochtaí i ngnólachtaí agus i mbonneagar
agus go gcuireann siad cosc ar na Cistí CSF a úsáid chun buntáiste mhíchuí. Is
léir ó thaithí a fuarthas gur tréimhse íosta iomchuí le cur i bhfeidhm í
tréimhse cúig bliana, ach amháin i gcás ina bhforáiltear tréimhse dhifriúil sna
rialacha maidir le Státchabhair. Is iomchuí gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht
ón CSE agus gníomhaíochtaí a bhfuil infheistíocht tháirgiúil nó infheistíocht
bonneagair i gceist leo a eisiamh ó cheanglas ginearálta na hinmharthanachta,
ach amháin i gcás ina dtagann na ceanglais sin ó rialacha maidir le
Státchabhair is infheidhme, agus ranníocaíochtaí le hionstraimí airgeadais nó
uathu a eisiamh. (42) Ba cheart do na Ballstáit
bearta leormhaithe a ghlacadh d’fhonn bunú agus feidhmiú cuí a gcóras
bainistíochta agus rialaithe a áirithiú d’fhonn úsáid dhlíthiúil agus rialta na
gCistí CSF a dhearbhú. Ba cheart oibleagáidí na mBallstát maidir le córais
bhainistíochta agus rialaithe na gclár, agus maidir le cosc, brath agus ceartú
neamhrialtachtaí agus sáruithe dhlí an Aontais a shonrú dá bhrí sin. (43) I gcomhréir le prionsabail na
bainistíochta comhpháirtí, ba cheart go mbeadh príomhfhreagracht ar na
Ballstáit, trína gcórais bhainistíochta agus rialaithe, as cur chun feidhme
agus rialú na n‑oibríochtaí i gcláir. D’fhonn éifeachtacht an rialaithe ar
roghnú nó ar chur chun feidhme na n‑oibríochtaí agus feidhmiú an chórais
bhainistíochta agus rialaithe a neartú, ba cheart feidhmeanna an údaráis
bainistíochta a shonrú. (44) D’fhonn urrús ex ante
maidir le bunú agus ceapadh na bpríomhchóras bainistíochta agus rialaithe a
áirithiú, ba cheart do Bhallstáit comhlacht creidiúnúcháin a ainmniú a bheidh
freagrach as na comhlachtaí bainistíochta agus rialaithe a chreidiúnú agus as a
gcreidiúnú a tharraingt siar. (45) Ba cheart cumhachtaí agus
freagrachtaí an Choimisiúin a leagan síos maidir le feidhmiú éifeachtach na
gcóras bainistíochta agus rialaithe a fhíorú, agus maidir le gníomhaíocht
Ballstáit a cheangal. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún
freisin iniúchtaí a dhéanamh dírithe ar na saincheisteanna a bhaineann le
bainistíocht fhónta airgeadais d’fhonn teacht ar chonclúidí faoi fheidhmíocht
na gCistí. (46) Ba cheart ceangaltais
bhuiséadacha an Aontais a chur i bhfeidhm gach bliain. D’fhonn bainistíocht
éifeachtach clár a áirithiú, is gá comhrialacha a leagan síos maidir le hiarrataí
ar íocaíocht eatramhach agus maidir leis an iarmhéid bliantúil, agus nuair is
iomchuí, an t‑iarmhéid deiridh, a íoc gan dochar do rialacha sonracha a
cheanglaítear ar gach Ciste CSF ar leith. (47) Áirithíonn an íocaíocht réamh‑mhaoinithe
ag tús na gclár go bhfuil an Ballstát in acmhainn tacaíocht a thabhairt do
thairbhithe maidir le cur chun feidhme an chláir ón tráth a nglactar leis an
gclár. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na méideanna réamh‑mhaoinithe
tosaigh ó na Cistí CSF. Ba cheart don réamh‑mhaoiniú tosaigh a bheith
imréitithe go hiomlán tráth a ndúntar an clár. (48) D’fhonn leasanna airgeadais an
Aontais a chosaint, ba cheart bearta a bheith ann a bhfuil teorainn ama leo
agus a chuireann ar chumas an oifigigh údaraithe, trí tharmligean, íocaíochtaí
a stopadh i gcás inarb ann d’fhianaise go bhfuil easnamh suntasach i bhfeidhmiú
an chórais bainistíochta agus rialaithe, d’fhianaise ar neamhrialtachtaí a
bhaineann le hiarratas ar íocaíocht nó d’fhianaise ar mhainneachtain doiciméid
a chur isteach chun críche imréitigh cuntas. (49) D’fhonn a áirithiú go ndéantar
caiteachas arna chómhaoiniú ag buiséad an Aontais i mbliain airgeadais ar leith
a úsáid i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, ba cheart creat cuí a
chruthú le haghaidh imréiteach bliantúil na gcuntas. Faoin gcreat sin, ba
cheart do na comhlachtaí creidiúnaithe, i gcás gach cláir ar leith, dearbhú
urrúis bhainistíochta agus na cuntais bhliantúla dheimhnithe ag gabhháil leis,
tuarascáil achomair agus tuairim iniúchóra neamhspleáigh agus tuarascáil ar
rialuithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin. (50) D'fhonn buiséad an Aontais a
chosaint, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach don Choimisiún ceartuithe
airgeadais a dhéanamh. D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i leith na
mBallstát, is tábhachtach na dálaí faoina bhféadfadh an Coimisiún ceartuithe
airgeadais a dhéanamh, de dheasca sáruithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí
náisiúnta is infheidhme, a shainiú. D’fhonn a áirithiú go bhfuil baint ag na
ceartuithe airgeadais a d’fhéadfadh an Coimisiún a fhorchur ar Bhallstáit le
cosaint leasanna airgeadais an AE, níor cheart iad a úsáid ach i gcásanna ina
bhfuil baint dhíreach nó indíreach ag an sárú ar dhlí an Aontais nó ar an dlí
náisiúnta le hincháilitheacht, le rialtacht, le bainistíocht nó le rialú na n‑oibríochtaí
agus an chaiteachais chomhfhreagraigh. D’fhonn comhréireacht a áirithiú, is
tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún nádúr agus tromaíocht an tsáraithe a
mheas le linn nó méid an cheartaithe airgeadais a chinneadh. (51) D’fhonn smacht airgeadais a
spreagadh, is iomchuí sainiú a dhéanamh ar na socruithe maidir le cuid ar bith
den cheangaltas buiséadach a shaoradh i gclár, go háirithe i gcás ina n‑eisiafaí
méid ón saoradh sin, go háirithe nuair a bhíonn moill ar chur chun feidhme mar
thoradh ar dhálaí atá neamhspleách ar an bpáirtí lena mbaineann, ar dhálaí
neamhghnácha nó ar dhálaí nach féidir a thuar agus nach féidir a n‑iarmhairtí a
sheachaint d’ainneoin na dúthrachta a caitheadh. (52) Tá gá le forálacha ginearálta breise
maidir le feidhmiú sonrach na gCistí. D’fhonn an luach breise atá orthu agus a
rannchuidiú le tosaíochtaí Straitéis an Aontais maidir le fás cliste,
inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a mhéadú, ba cheart, go háirithe, feidhmiú
na gCistí sin a shimpliú agus díriú ar na spriocanna a bhaineann le
‘Infheistíocht le haghaidh Fáis agus Post’ agus ‘Comhar críochach Eorpach’. (53) Tá forálacha breise maidir le
feidhmiú sonrach an CETFT agus an CEMI leagtha amach sa reachtaíocht ábhartha a
bhaineann go sonrach le hearnálacha. (54) D’fhonn cuspóirí an Chonartha
maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur ar aghaidh,
ba cheart don sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh Fáis agus Post’ tacú leis na
réigiúin ar fad. D’fhonn tacaíocht chothromaithe agus chomhleanúnach a
thabhairt i gcomhréir le leibhéal na forbartha eacnamaíche agus sóisialta, ba
cheart acmhainní faoin sprioc sin a leithdháileadh ón CFRE agus ón CSE ar na
réigiúin bheagfhorbartha, ar na réigiúin trasdula agus ar na réigiúin níos forbartha
i gcomhréir lena n‑olltáirgeacht intíre (OTI) per capita maidir le meán an
Aontais. D’fhonn inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hinfheistíochta ó na Cistí
Struchtúracha a áirithiú, ba cheart do réigiúin a raibh a n‑OTI per capita don
tréimhse 2007-2013 níos lú ná 75 % de mheán an AE-25 don tréimhse
thagartha, ach a bhfuil a OTI per capita méadaithe go dtí níos mó ná 75 %
de mheán an AE-27, dhá thrian ar a laghad dá leithdháileadh don tréimhse
2007-2013 a fháil. Ba cheart go rachadh an sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh
fáis agus post’ ón CC chun tairbhe na mBallstát a bhfuil a n‑ollioncam
náisiúnta (OIN) per capita níos ísle ná 90 % de mheán an Aontais. (55) Ba cheart critéir oibiachtúla
a shocrú chun réigiúin agus limistéir atá incháilithe chun tacaíocht a fháil ó
na Cistí a shainiú. Chuige sin, ba cheart sainaithint na réigiún agus na
limistéar ar leibhéal an Aontais a bhunú ar chóras coiteann aicmithe na réigiún
arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann
d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú[6]. (56) Chun creat airgeadais iomchuí
a leagan amach, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun
feidhme an miondealú bliantúil táscach ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí
atá ar fáil a bhunú trí mhodh oibiachtúil agus trédhearcach a úsáid, d’fhonn
díriú ar na réigiúin a bhfuil a bhforbairt tite ar gcúl, lena n‑áirítear na
réigiúin sin a bhfuil tacaíocht idirthréimhseach á fáil acu. (57) Is gá teorainneacha na n‑acmhainní
sin a shocrú maidir le sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
agus critéir oibiachtúla a ghlacadh chun iad a leithdháileadh ar réigiúin agus
ar Bhallstáit. D’fhonn luathú riachtanach na forbartha bonneagair in iompar
agus i bhfuinneamh maille le teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide a
spreagadh ar fud an Aontais, ba cheart saoráid dar teideal 'Cónascadh na
hEorpa' a chruthú. Ba cheart uasteorainn a chur ar iomlán na leithreasaí
bliantúla is féidir a leithdháileadh ó na Cistí agus ar na méideanna a
aistrítear ón gCiste Comhtháthaithe go dtí an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa,
uasteorainn a shocrófaí trí chumas an Bhallstáit faoi leith sin na leithreasaí
sin a iompar a chur san áireamh. Ina theannta sin, i gcomhréir leis an
bpríomhsprioc maidir le laghdú na bochtaineachta, is gá an scéim tacaíochta bia
do na daoine is díothaí a atreorú chun cuimsiú sóisialta agus forbairt
chomhchuibhithe an Aontais a chur chun cinn. Tá meicníocht beartaithe lena n‑aistreofar
acmhainní chuig an ionstraim seo agus lena n‑áiritheofar gur leithdháiltí ó CSE
a bheidh sna hacmhainní sin trí laghdú comhfhreagrach intuigthe ar chéatadán
íosta na gCistí Struchtúracha a bheidh le leithdháileadh ar an CSE i ngach tír. (58) D’fhonn
an bhéim atá ar thorthaí agus ar ghnóthú chuspóirí agus spriocanna
Eoraip 2020 a neartú, ba cheart cúig faoin gcéad d’acmhainní an sprice
'Infheistíochta le haghaidh fáis agus post' a chur i leataobh mar chúlchiste
feidhmíochta do gach Ciste agus catagóir réigiúin i ngach Ballstát. (59) Maidir leis na Cistí agus
d’fhonn leithdháileadh iomchuí ar gach catagóir réigiún a áirithiú, níor cheart
acmhainní a aistriú idir réigiúin bheagfhorbartha, réigiúin trasdula agus
réigiúin níos forbartha cé is moite de dhálaí a bhfuil údar cuí leo a bhaineann
le cuspóir téamach amháin nó níos mó a chur i gcrích agus le haghaidh 2 %
ar a mhéad den leithreasú iomlán don chatagóir réigiún sin. (60) D’fhonn fíorthionchar
eacnamaíoch a áirithiú, níor cheart tacaíocht ó na Cistí a chur in ionad
chaiteachas poiblí nó chaiteachas structúrach coibhéiseach na mBallstát faoi
théarmaí an Rialacháin seo. Ina theannta sin, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear
comhthéacs eacnamaíoch níos leithne san áireamh sa tacaíocht ó na Cistí, ba cheart
leibhéal an chaiteachais phoiblí a shocrú faoi threoir na gcoinníollacha
maicreacnamaíocha ginearálta faoina ndéantar an maoiniú bunaithe ar na táscairí
sna Cláir Chobhsaíochta agus sna Cláir um Chóineasú a chuireann na Ballstáit
isteach gach bliain i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1466/1997 an 7 Iúil 1997
maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar
bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú[7]. Maidir
leis an bhfíorú a dhéanann an Coimisiún ar phrionsabal na breisíochta, ba
cheart é a dhíriú ar na Ballstáit ina gcumhdaíonn na réigiúin bheagfhorbartha
agus na réigiúin trasdula 15% ar a laghad den daonra de bharr scála na n‑acmhainní
airgeadais a leithdháiltear orthu. (61) Is gá forálacha breise a
leagan síos maidir le clárú, bainistíocht, faireachán agus rialú na gclár
oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí. Ba cheart go leagfaí amach sna
cláir oibríochtúla aiseanna tosaíochta a fhreagraíonn do chuspóirí téamacha,
loighic chomhsheasmhach idirghabhála chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais
forbartha a aithníodh, agus an creat don mheasúnú feidhmíochta. Ba cheart go
mbeadh eilimintí riachtanacha eile iontu freisin lena gcuirtear buntaca le cur
chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na gCistí sin. (62) D’fhonn comhlántachtaí a
fheabhsú agus cur chun feidhme a shimpliú, ba cheart an tacaíocht ón CC agus ón
CFRE a chomhcheangal le tacaíocht ón CSE i gcomhchláir oibríochtúla faoi sprioc
an fháis agus na bpost. (63) Tugann mórthionscadail cuntas
ar chéatadán suntasach de chaiteachas an Aontais agus is minic a mbíonn
tábhacht straitéiseach ag baint leo chun straitéis an Aontais maidir le fás
cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur i gcrích. Tá údar maith ann,
dá bhrí sin, go mbeidh oibríochtaí de mhéid shuntasach fós faoi réir fhormheas
an Choimisiúin faoin Rialachán seo. D’fhonn soiléireacht a áirithiú, is iomchuí
ábhar an mhórthionscadail a shainiú chun na críche sin. Ba cheart an deis a
bheith ag an gCoimisiún freisin diúltú do thacaíocht do mhórthionscadal, i gcás
nach bhfuil údar maith ann an tacaíocht sin a dheonú. (64) D’fhonn rogha a thabhairt do
na Ballstáit cuid de chlár oibríochtúla a chur chun feidhme trí chur chuige
bunaithe ar thorthaí, is áisiúil foráil a dhéanamh maidir le comhphlean
gníomhaíochta ina mbeadh sraith gníomhartha a bheadh le déanamh ag tairbhí mar
rannchuidiú le cuspóirí an chláir oibríochtúla. D’fhonn an bhéim a chuireann na
Cistí ar thorthaí a shimpliú agus a threisiú, ba cheart do bhainistiú an
chomhphlean gníomhaíochta a bheith bunaithe go heisiach ar na garspriocanna, ar
an aschur agus ar na torthaí a comhaontaíodh agus atá sainithe sa chinneadh ón
gCoimisiún lena nglactar an comhphlean gníomhaíochta. Ba cheart go mbeadh rialú
agus iniúchadh comhphlean gníomhaíochta teoranta do na garspriocanna, an t‑aschur
agus na torthaí sin a bhaint amach. Dá réir sin, is gá rialacha maidir le
hullmhú, ábhar, glacadh, bainistíocht agus rialú airgeadais comhphleananna
gníomhaíochta a leagan síos. (65) gcás ina bhfuil cur chuige
comhtháite de dhíth do straitéis forbartha críochaí nó uirbí, i ngeall go
mbaineann sí le hinfheistíochtaí faoi níos mó ná ais tosaíochta amháin de chlár
oibríochtúil amháin nó níos mó, ba cheart gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó
na Cistí a dhéanamh i bhfoirm infheistíochta comhtháite críochaí laistigh de
chlár oibríochtúil. (66) Is gá forálacha sonracha a
ghlacadh maidir le feidhmeanna an choiste faireacháin agus leis na
tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme na gclár oibríochtúil a fhaigheann
tacaíocht ó na Cistí. Tá forálacha breise maidir le feidhmiú sonrach an CETFT
leagtha amach sa reachtaíocht ábhartha a bhaineann go sonrach le hearnálacha. (67) Lena áirithiú go bhfuil
faisnéis fhíor-riachtanach agus cothrom le dáta ar fáil faoi chur chun feidhme
na gclár, is gá do na Ballstáit na príomhshonraí a sholáthar don Choimisiún go
rialta. Lena sheachaint nach mbeidh ualach breise ar na Ballstáit, ba cheart go
mbeadh na sonraí sin teoranta do shonraí a bhailítear go leanúnach, agus ba
cheart na sonraí a tharchur ar mhodh leictreonach malartaithe sonraí. (68) I gcomhréir le
hAirteagal 175 den Chonradh, cuireann an Coimisiún Tuarascálacha faoin
gComhtháthú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choiste
Eacnamaíoch agus Shóisialta agus Choiste na Réigiún gach trí bliana ar an dul
chun cinn atá déanta maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach
an Aontais a bhaint amach. Is gá ábhar na tuarascála sin a leagan síos. (69) Meastar gurb iomchuí go
ndéanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, meastóireacht ex post
le haghaidh na gCistí chun faisnéis a fháil ar an leibhéal iomchuí faoi na
torthaí a bhí ar na hidirghabhálacha arna maoiniú agus faoin tionchar a bhí
acu. Tá gá le forálacha sonracha freisin chun nós imeachta a bhunú maidir le
formheas na bpleananna meastóireachta le haghaidh na gCistí. (70) Tá sé tábhachtach éachtaí
Chistí an Aontais a chur ar a shúile don phobal i gcoitinne. Tá sé de cheart ag
saoránaigh eolas a bheith acu faoin gcaoi a ndéantar acmhainní airgeadais an
Aontais a infheistiú. Ba cheart go mbeadh freagracht ar na húdaráis
bhainistíochta agus ar na tairbhithe araon as a áirithiú go gcuirtear an
fhaisnéis chuí in iúl don phobal. Lena áirithiú go ndéanfar cumarsáid níos
éifeachtúla leis an bpobal i gcoitinne agus go gcruthófar sineirgí níos láidre
idir na gníomhaíochtaí cumarsáide arna ndéanamh ar thionscnamh an Choimisiúin,
rannchuideoidh na hacmhainní atá dírithe ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin
Rialachán seo le cumarsáid chorparáideach a dhéanamh faoi thosaíochtaí
polaitiúla an Aontais Eorpaigh a mhéid is go mbaineann siad sin le cuspóirí
ginearálta an Rialacháin seo. (71) D'fhonn scaipeadh forleathan
faisnéise faoi éachtaí na gCistí agus ról an Aontais iontu a áirithiú agus
d’fhonn tairbhithe féideartha a chur ar an eolas faoi dheiseanna maoinithe, ba
cheart rialacha mionsonraithe faoi bhearta cumarsáide agus faisnéise, mar aon
le saintréithe teicniúla áirithe sna bearta sin, a shainiú sa Rialachán seo. (72) D’fhonn inrochtaineacht agus
trédhearcacht faisnéise faoi dheiseanna maoinithe agus tairbhithe tionscadail a
neartú, ba cheart suíomh Gréasáin aonair nó tairseach suímh Ghréasáin ina
gcuirtear faisnéis ar fáil faoi na cláir oibríochtúla uile, lena n‑áirítear
liostaí de na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi gach clár oibríochta, a
chur ar fáil i ngach Ballstát. (73) Is gá na gnéithe chun modhnú a
dhéanamh ar an ráta cómhaoinithe ó na Cistí le cláir oibríochtúla a chinneadh,
go háirithe, chun éifeacht iolraitheora acmhainní an Aontais a mhéadú. Is gá
freisin na huasrátaí cómhaoinithe a bhunú de réir catagóire réigiún d’fhonn a
áirithiú go n‑urramaítear prionsabal an chómhaoinithe trí leibhéal iomchuí
tacaíochta náisiúnta. (74) Ní mór do na Ballstáit údarás
bainistíochta, údarás deimhniúcháin agus údarás iniúchóireachta atá
neamhspleách ó thaobh feidhme a ainmniú le haghaidh gach cláir oibríochtúla.
Chun solúbthacht a sholáthar do Bhallstáit i gcur ar bun córas rialaithe, is
iomchuí an rogha a sholáthar feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a bheith
curtha i gcrích ag an údarás bainistíochta. Ina theannta sin, ba cheart cead a
bheith ag an mBallstát comhlachtaí idirmheánacha a ainmniú chun cúraimí áirithe
de chuid an údaráis bainistíochta nó de chuid an údaráis deimhniúcháin a
dhéanamh. Sa chás sin, ba cheart don Bhallstát a bhfreagrachtaí agus a
bhfeidhmeanna faoi seach a leagan síos go soiléir. (75) Is ar an údarás bainistíochta
a bheidh an phríomhfhreagracht as na Cistí a chur chun feidhme go héifeachtach
agus héifeachtúil agus, ar an dóigh sin, comhlíonfaidh sé líon suntasach
feidhmeanna a bhaineann le bainistiú agus le faireachán ar na cláir,
bainistíocht airgeadais agus rialuithe, chomh maith le roghnú tionscadal. Ba
cheart a fhreagrachtaí agus a fheidhmeanna a leagan amach. (76) Ba cheart don údarás
deimhniúcháin iarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus iad a chur faoi
bhráid an Choimisiúin. Ba cheart dó na cuntais bhliantúla a tharraingt suas,
ina ndeimhneofar iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil agus
go gcomhlíonann an caiteachas a iontráladh sna cuntais na rialacha is
infheidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart a
fhreagrachtaí agus a fheidhmeanna a leagan amach. (77) Ba cheart don údarás
iniúchóireachta a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí ar na córais bhainistíochta
agus rialaithe, ar shampla iomchuí oibríochtaí agus ar na cuntais bhliantúla.
Ba cheart a fhreagrachtaí agus a fheidhmeanna a leagan amach. (78) D’fhonn bainistíocht shainiúil
na gcóras bainistíochta agus rialaithe don CFRE, don CSE agus do na Cistí
Comhtháthaithe agus an gá le cur chuige comhréireach a áirithiú a chur san
áireamh, is gá forálacha sonracha a bheith ann maidir le húdarás bainistíochta
agus údarás deimhniúcháin a chreidiúnú agus maidir lena gcreidiúnú a tharraingt
siar. (79) Gan dochar do chumhachtaí an
Choimisiúin maidir le rialú airgeadais, ba cheart an comhar idir na Ballstáit
agus an Coimisiún sa réimse seo a mhéadú agus ba cheart critéir a bhunú a
chuirfidh ar chumas an Choimisiúin, i gcomhthéacs a straitéise chun córais
náisiúnta a rialú, an leibhéal urrúis ar cheart dó a fháil ó chomhlachtaí
iniúchóireachta náisiúnta a chinneadh. Le cois na gcomhrialacha maidir le
bainistíocht airgeadais, is gá forálacha breise a bheith ann maidir leis an
CFRE, leis an CSE agus leis an gCiste Comhtháthaithe. (80) Go sonrach, d’fhonn cinnteacht
réasúnta a áirithiú don Choimisiún sula ndéantar imréiteach bliantúil ar na
cuntais, ba cheart iarratais ar íocaíochtaí eatramhacha a aisíoc ag ráta
90 % den mhéid a thig ón ráta cómhaoinithe le haghaidh gach aise
tosaíochta arna leagan síos sa chinneadh lena nglactar an clár oibríochta a
chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas incháilithe le haghaidh na haise
tosaíochta. Ba cheart na méideanna gan íoc atá dlite a íoc leis na Ballstáit tráth
a ndéantar imréiteach bliantúil ar na cuntais, ar an gcoinníoll gur fuarthas
cinnteacht réasúnta maidir le hincháilitheacht an chaiteachais don bhliain atá
cumhdaithe ag an nós imeachta imréitigh. (81) Lena áirithiú go bhfaighidh
tairbhithe an tacaíocht a luaithe is féidir agus chun an chinnteacht don
Choimisiún a threisiú, is iomchuí a cheangal nach n‑áireofar sna hiarratais ar
íocaíocht ach an caiteachas sin ar íocadh an tacaíocht leis na tairbhithe ina
leith. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le réamh‑mhaoiniú gach bliain lena
áirithiú go bhfuil dóthain acmhainní ag an mBallstát feidhmiú faoi na socruithe
sin. Ba cheart an réamh‑mhaoiniú sin a imréiteach gach bliain tráth imréiteach
na gcuntas. (82) Lena áirithiú go gcuirfear na
rialacha ginearálta maidir le saoradh i bhfeidhm go cuí, ba cheart mionsonraí a
thabhairt sna rialacha a bhunaítear le haghaidh na gCistí faoin tslí ina
leagtar síos na spriocdhátaí don saoradh agus faoin tslí ina ríomhtar na
méideanna faoi seach. (83) Is gá an nós imeachta
mionsonraithe maidir le himréiteach bliantúil na gcuntas is infheidhme maidir
leis na Cistí a shonrú chun bunús soiléir agus deimhneacht dhlíthiúil a
áirithiú do na socruithe sin. Tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh maidir le
deis theoranta don Bhallstát foráil a shainiú ina chuntais bhliantúla maidir le
méid atá faoi réir nós imeachta leanúnach leis an údarás iniúchóireachta. (84) Ba cheart dúnadh bliantúil
oibríochtaí lánchríochnaithe (i gcás CFRE agus an CC) nó caiteachais (i gcás
CSE) a bheith ag gabháil leis an bpróiseas imréitigh bhliantúil ar na cuntais.
D’fhonn na costais a bhaineann le dúnadh deiridh clár oibríochta a laghdú, an t‑ualach
riaracháin ar thairbhithe a laghdú agus deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt, ba
cheart go mbeadh an dúnadh bliantúil éigeantach, rud a chuirfeadh teorainn leis
an tréimhse inar gá na doiciméid tacaíochta a choimeád lena linn agus inar
féidir oibríochtaí a iniúchadh agus ceartuithe airgeadais a fhorchur. (85) D’fhonn leasanna airgeadais an
Aontais a chosaint agus na hacmhainní a sholáthar chun cur chun feidhme
éifeachtach na gclár a áirithiú, ba cheart bearta a bheith ann a chuireann ar
chumas an Choimisiúin íocaíochtaí ar leibhéal na haise tosaíochta nó an chlár
oibríochtúil a fhionraí. (86) Is iomchuí na socruithe agus
na nósanna imeachta sonracha a bhaineann le ceartuithe airgeadais a dhéanann na
Ballstáit nó an Coimisiún maidir leis na Cistí a leagan síos chun deimhneacht
dhlíthiúil a thabhairt do na Ballstáit. (87) Ba cheart minicíocht iniúchtaí
ar oibríochtaí a bheith comhréireach le méid thacaíocht an Aontais ó na Cistí.
Go sonrach, ba cheart líon na n‑iniúchtaí a dhéantar a laghdú i gcás nach mó ná
EUR 100 000 an caiteachas incháilithe iomlán le haghaidh oibríochta. Dá
ainneoin sin, ba cheart go mbeifí in ann iniúchtaí a dhéanamh tráth ar bith i
gcás ina bhfuil fianaise ann ar neamhrialtacht nó ar chalaois, mar chuid de
shampla iniúchta, i ndiaidh oibríocht lánchríochnaithe a dhúnadh. Chun go
mbeidh leibhéal na hiniúchóireachta a dhéanann an Coimisiún comhréireach leis
an riosca, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann a chuid oibre iniúchóireachta
a laghdú i ndáil le cláir oibríochtúla i gcás nach bhfuil aon easnaimh
shuntasacha ann nó i gcás inar féidir brath ar an údarás iniúchóireachta. (88) D’fhonn
eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh agus a
leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun
gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh maidir
leis an méid seo a leanas: cód iompair maidir leis na cuspóirí agus na critéir
chun tacú le cur chun feidhme na comhpháirtíochta, eilimintí an
Chomhchreata Straitéisigh a bhaineann le gníomhaíochtaí táscacha a bhfuil
breisluach ard Eorpach acu agus prionsabail chomhfhreagracha lena mbaint amach,
agus tosaíochtaí comhair a ghlacadh, rialacha breise maidir le
leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta, sainiú ar an limistéar agus ar an
daonra faoi na straitéisí forbartha áitiúla, rialacha mionsonraithe maidir le
hionstraimí airgeadais (measúnú ex ante, tacaíocht a chomhcheangal,
incháilitheacht, cineálacha gníomhaíochtaí nach bhfaigheann tacaíocht), na
rialacha maidir le cineálacha áirithe ionstraimí airgeadais arna gcur ar bun ar
an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, trasnáisiúnta nó trasteorann, rialacha maidir
le comhaontuithe cistiúcháin, aistriú agus bainistíocht sócmhainní, na
socruithe maidir le bainistíocht agus rialú, na rialacha maidir le hiarrataí ar
íocaíochtaí, agus bunú córais i gcomhair caipitliú tráthchodanna bliantúla,
sainiú an ráta chomhréidh i ndáil le hoibríochtaí ginte ioncaim, sainiú an ráta
chomhréidh a chuirfear i bhfeidhm ar chostais indíreacha i gcás deontas atá
bunaithe ar mhodhanna atá ann cheana agus rátaí comhfhreagracha a bhfuil feidhm
acu i mbeartais an Aontais, freagrachtaí na mBallstát maidir leis an nós
imeachta chun neamhrialtachtaí a thuairisciú agus chun suimeanna a íocadh go
míchuí a ghnóthú, rialacha mionsonraithe chun faisnéis faoi oibríochtaí a
mhalartú, na socruithe maidir le rian iniúchóireachta leordhóthanaí, coinníollacha
maidir le hiniúchtaí náisiúnta, na critéir chreidiúnúcháin le haghaidh údaráis
bhainistíochta agus údaráis deimhniúcháin, aithint na n‑iompróirí sonraí a
nglactar go coitianta leo, agus na critéir maidir le bunú leibhéal an
cheartaithe airgeadais a bheidh le cur i bhfeidhm. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún Iarscríbhinní
I agus VI, a bhfuil eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo iontu
araon, a leasú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, chun
díriú ar riachtanais oiriúnaithe sa todhchaí. Tá sé
ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí mar chuid
den obair ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na
saineolaithe. (89) Ba cheart don Choimisiún a
áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige,
go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus
go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (90) Ba cheart an chumhacht a
thabhairt don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí a
ghlacadh maidir le Cistí CSF uile, cinntí lena bhformheastar na Conarthaí
Comhpháirtíochta, cinntí maidir le leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta,
cinntí lena ndéantar íocaíochtaí atá nasctha le beartais eacnamaíocha Ballstát
a fhionraí, agus, i gcás dídhílsithe, cinntí chun cinntí lena nglactar cláir a
leasú; agus maidir leis na Cistí, cinntí lena n‑aithnítear na réigiúin agus na
Ballstáit a chomhlíonann na critéir maidir le hInfheistíocht le haghaidh fáis
agus post, cinntí lena leagtar amach an miondealú bliantúil ar leithreasaí faoi
chomhair oibleagáidí chuig na Ballstáit, cinntí lena leagtar amach an méid atá
le haistriú ó leithdháileadh gach Ballstáit sa chiste comhtháthaithe chuig an
tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, cinntí lena leagtar amach an méid atá le
haistriú ó leithdháileadh gach Ballstáit sna Cistí Struchtúracha i gcomhair bia
le haghaidh daoine díothacha, cinntí lena nglactar agus lena leasaítear cláir
oibríochtúla, cinntí maidir le mórthionscadail, cinntí maidir le pleananna comhghníomhaíochta,
cinntí lena ndéantar íocaíochtaí a fhionraí agus cinntí maidir le ceartuithe
airgeadais. (91) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, is i
gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail
ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar
fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún ba cheart na cumhachtaí
cur chun feidhme a bhaineann leis an méid seo a leanas a fheidhmiú: an
mhodheolaíocht a bhaineann le cuspóirí athraithe aeráide, téarmaí agus
coinníollacha caighdeánacha maidir le faireachán ar ionstraimí airgeadais, na
coinníollacha aonfhoirmeacha i gcomhair faireacháin ar ionstraimí airgeadais
agus chun faisnéis faireacháin a sholáthar, an mhodheolaíocht chun glanioncam
oibríochtaí ginte ioncaim a ríomh, an córas malartaithe leictreonaigh sonraí
idir an Ballstát agus an Coimisiún, samhail an chláir oibríochtúil do na Cistí
samhail, an ainmníocht i gcomhair na gcatagóirí idirghabhála, an fhormáid
d'fhaisnéis faoi mhórthionscadail agus an mhodheolaíocht atá le húsáid agus an
anailís chostais/sochair á déanamh, an tsamhail don phlean gníomhaíochta
comhpháirteach, samhail na tuarascála bliantúla agus na tuarascála deiridh ar
chur chun feidhme, saintréithe teicniúla áirithe de chuid na mbeart faisnéise
agus poiblíochta, agus treoracha gaolmhara, rialacha maidir le malartú
faisnéise idir tairbhithe agus údaráis bhainistíochta, údaráis deimhniúcháin,
údaráis iniúchóireachta agus comhlachtaí idirmheánacha, samhail an dearbhaithe
bainistíochta, na samhlacha le haghaidh na straitéise iniúchta, tuairim agus
tuarascáil bhliantúil rialaithe agus an mhodheolaíocht i gcomhair an mhodha
samplála, na rialacha maidir le húsáid sonraí arna mbailiú le linn iniúchta,
agus an tsamhail le haghaidh iarratas ar íocaíocht[8]. (92) Tagann an Rialachán seo in
ionad Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar
síos na forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa,
maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe
agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999[9]. Ba
cheart an Rialachán sin a aisghairm dá bhrí sin. (93) Ó tharla
nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach mar ba
cheart, eadhon éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil
agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla nó na n‑oileán a laghdú, go háirithe
limistéir thuaithe, limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh
agus réigiúin atá faoi mhíbhuntáistí nádúrtha nó déimeagrafacha móra agus buana
, agus toisc gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais,
féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal
na comhréireachta mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an
rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CUID A hAON
ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE Airteagal 1
Ábhar Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha
coiteanna is infheidhme maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
(CFRE), maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), maidir leis an gCiste
Comhtháthaithe (CC), maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt
Tuaithe (CETFT) agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI),
a fheidhmíonn faoin gComhchreat Straitéiseach (na ‘Cistí CSF’). Ina theannta
sin, sainítear ann na forálacha atá riachtanach chun éifeachtacht na gCistí CSF
agus a gcomhordú le chéile agus le hionstraimí eile an Aontais a áirithiú. Leagtar síos freisin sa Rialachán seo na
rialacha ginearálta faoina rialaítear an CFRE, an CSE (dá ngairtear ‘Cistí
Struchtúracha’ le chéile) agus an CC. Sainítear sa Rialachán seo cúraimí,
cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gCistí Struchtúracha agus an CC (na
‘Cistí’), na critéir chun na Ballstáit agus na réigiúin a cháiliú do thacaíocht
ó na Cistí CSF, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus na critéir chun iad a
leithdháileadh. Tá feidhm ag na rialacha a leagtar amach sa
Rialachán seo gan dochar do na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh.
[…]/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maoiniú agus
bainistiú an chomhbheartais talmhaíochta[10] agus maidir le faireachán a dhéanamh air
(dá ngairtear Rialachán ‘CBT’ anseo feasta) agus do na forálacha sonracha a leagtar
síos sna Rialacháin seo a leanas: (1)
Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006[11] (‘Rialachán ERDF’); (2)
Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n‑aisghairtear
Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006[12]
(‘Rialachán CSE’); (3)
Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Comhtháthaithe agus lena n‑aisghairtear
Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006[13]
(‘Rialachán CC’); (4)
Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhar críochach Eorpach[14] (‘Rialachán ETC’); (5)
Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um
Fhorbairt Tuaithe agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005[15] (‘Rialachán CETFT’); agus (6)
Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh
agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006[16] (‘Rialachán CEMI’). Airteagal 2
Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
maidir le hionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF ag na
sainmhínithe a bhaineann le hionstraimí airgeadais de réir mar atá leagtha síos
sa Rialachán Airgeadais, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa
Rialachán seo. Ina dteannta sin, beidh feidhm ag na
sainmhínithe seo a lenas: (1)
ciallaíonn ‘Straitéis an Aontais maidir le fás
cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach’ na spriocanna agus an
comhchuspóirí atá mar threoraíocht ag bearta na mBallstát agus an Aontais atá
leagtha amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún: Eoraip 2020 – Straitéis
maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, agus sna Conclúidí
arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach an 17 Meitheamh 2010 mar Iarscríbhinn I
(Straitéis Nua Eorpach le haghaidh Post agus Fáis, Ceannspriocanna an AE), Moladh
ón gComhairle an 13 Iúil 2010 ar threoirlínte ginearálta maidir le
beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais[17] agus sa Chinneadh ón
gComhairle an 21 Deireadh fómhair 2010 maidir le treoirlínte le
haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát[18],
agus in aon leasú ar na spriocanna agus na comhchuspóirí sin; (2)
ciallaíonn ‘Comhchreat Straitéiseach’ an
doiciméad lena n‑athraítear cuspóirí agus spriocanna straitéis an Aontais
maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach ina bpríomhghníomhaíochtaí
do na Cistí CSF, lena mbunaítear, i gcás gach cuspóra théamaigh, na
príomhghníomhaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht ó gach Ciste CSF ar leith agus na
meicníochtaí lena n‑áiritheofar go mbeidh clárú na gCistí CSF comhchuibhithe
agus comhsheasmhach le beartais eacnamaíocha agus fostaíochta na mBallstát agus
an Aontais; na heilimintí a thugann treo
straitéiseach soiléir don phróiseas clárúcháin agus a éascaíonn comhordú
earnálach agus críochach na hidirghabhála a dhéanann an tAontas faoi na Cistí
CSF agus comhordú le bearta agus ionstraimí ábhartha eile an Aontais i
gcomhréir le cuspóirí agus spriocanna straitéis an Aontais maidir le fás
cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach; (3)
ciallaíonn ‘gníomhaíocht’ cineál
oibríochta a dtabharfar tacaíocht ó na Cistí CSF chun cuspóirí an chláir a
bhaint amach; (4)
ciallaíonn ‘gníomhaíocht tháscach a
bhfuil breisluach ard Eorpach aici’ gníomhaíocht a bhfuiltear ag súil leis go
rannchuideoidh sí go mór le spriocanna agus cuspóirí straitéis an Aontais
maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach agus a
bheidh ina pointe tagartha in ullmhú na gclár; (5)
ciallaíonn ‘rialacha a bhaineann go sonrach leis na
Cistí’ forálacha a leagtar síos i gCuid a Trí den Rialachán seo nó i rialachán
sonrach nó cineálach lena rialaítear ceann amháin nó níos mó de na Cistí CSF dá
dtagraítear nó atá liostaithe sa tríú fomhír d’Airteagal 1 nó forálacha atá
bunaithe ar na rialacháin sin; (6)
ciallaíonn ‘clárú’ próiseas eagrúcháin,
cinnteoireachta agus leithdháilte na n‑acmhainní airgeadais, próiseas atá
roinnte i gcéimeanna éagsúla, lena bhfuil sé beartaithe an ghníomhaíocht a chur
chun feidhme go comhpháirteach, idir an tAontas agus na Ballstáit, ar bhonn
ilbhliantúil chun straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus
uilechuimsitheach a chur i gcrích; (7)
ciallaíonn ‘clár’ ‘clár oibríochtúil’ dá
dtagraítear i gCuid a Trí den Rialachán seo agus i Rialachán CEMI, agus an
‘clár forbartha tuaithe’ dá dtagraítear i Rialachán CETFT; (8)
ciallaíonn ‘tosaíocht’ an ‘ais tosaíochta’ dá
dtagraítear i gCuid a Trí den Rialachán seo agus ‘tosaíocht an Aontais’ dá
dtagraítear i Rialachán CEMI agus i Rialachán CETFT; (9)
ciallaíonn ‘oibríocht’ tionscadal, conradh,
gníomhaíocht nó grúpa tionscadal arna roghnú ag údaráis bhainistíochta na gclár
lena mbaineann, nó faoina gcúram, a chuireann le cuspóir nó le cuspóirí na
tosaíochta lena mbaineann sé; i gcomhthéacs na n‑ionstraimí airgeadais, is éard
is oibríocht ann ranníocaíochtaí ó chlár le hionstraimí airgeadais agus an
tacaíocht airgeadais ina dhiaidh sin a thugann na hionstraimí airgeadais sin; (10)
ciallaíonn ‘tairbhí’ comhlacht poiblí nó
príobháideach, atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh nó a thionscnamh agus
a chur chun feidhme; i gcomhthéacs na státchabhrach, ciallaíonn an téarma
'tairbhí' an comhlacht a fhaigheann an chabhair; i gcomhthéacs ionstraimí
airgeadais, ciallaíonn an téarma 'tairbhí' an comhlacht a chuireann an
ionstraim airgeadais chun feidhme; (11)
ciallaíonn ‘faighteoir deiridh’ duine dlítheanach
nó duine nádúrtha a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó ionstraim airgeadais; (12)
ciallaíonn ‘Státchabhair’ cabhair a thig faoi
Airteagal 107(1) den Chonradh agus, chun críocha an Rialacháin seo, measfar go
gclúdaíonn sí cabhair de minimis de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1998/2006 ón
gCoimisiún an 15 Nollaig 2006 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 87 agus
Airteagal 88 de Chonradh CE maidir le cabhair de minimis[19], Rialachán (CE) Uimh.
1535/2007 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2007 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal
87 agus Airteagal 88 de Chonradh CE maidir le cabhair de minimis in earnáil na
táirgeachta talmhaíochta[20]
agus Rialachán (CE) Uimh. 875/2007 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2007 maidir le cur
i bhfeidhm Airteagal 87 agus Airteagal 88 de Chonradh CE maidir le cabhair de
minimis in earnáil an iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh.
1860/2004[21];
(13)
ciallaíonn ‘oibríocht lánchríochnaithe' oibríocht
atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán agus a
bhfuil na híocaíochtaí gaolmhara go léir ina leith íoctha ag tairbhithe agus an
ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach íoctha leis na tairbhithe; (14)
ciallaíonn ‘tacaíocht phoiblí’ aon tacaíocht
airgeadais chun oibríocht a mhaoiniú arb éard é a tionscnamh buiséad údarás
poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, buiséad an Aontais a bhaineann leis na
Cistí CSF, buiséad comhlachtaí dlí poiblí nó buiséad comhlachas d’údaráis
phoiblí nó de chomhlachtaí dlí poiblí; (15)
ciallaíonn ‘comhlacht dlí poiblí’ aon chomhlacht
arna rialú faoin dlí poiblí de réir bhrí Airteagal 1(9) de Threoir 2004/18/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[22]
agus aon ghrúpáil Eorpach de chomhar críochach (EGTC) arna bunú i gcomhréir le
Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle[23], is cuma an aithnítear nó nach
n‑aithnítear an EGTC mar chomhlacht dlí poiblí nó mar chomhlacht dlí
príobháideach sna forálacha cur chun feidhme náisiúnta ábhartha; (16)
ciallaíonn 'doiciméad’ páipéar nó meán leictreonach
ina bhfuil faisnéis atá ábhartha de réir bhrí an Rialacháin seo; (17)
ciallaíonn ‘comhlacht idirmheánach’ comhlacht
poiblí nó príobháideach ar bith a ghníomhaíonn faoi chúram údaráis
bainistíochta nó deimhniúcháin, nó a dhéanann dualgais a chomhall ar son
údaráis den sórt sin vis‑à-vis oibríochtaí cur chun feidhme na dtairbhithe; (18)
ciallaíonn ‘straitéis um fhorbairt áitiúil’ tacar
comhleanúnach oibríochtaí chun cuspóirí agus riachtanais áitiúla a shásamh,
agus a chuidíonn le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe
agus uilechuimsitheach a chur i gcrích, agus a chuirtear chun feidhme i gcomhpháirtíocht
ar an leibhéal iomchuí; (19)
ciallaíonn ‘dúnadh rollach’ dúnadh oibríochtaí mar
thoradh ar imréiteach bliantúil an chleachtaidh cuntasaíochta agus roimh
dhúnadh ginearálta an chláir; (20)
ciallaíonn ‘Conradh Comhpháirtíochta’ an doiciméad
arna ullmhú ag an mBallstát, i bpáirt leis na comhpháirtithe i gcomhréir le cur
chuige an rialachais il-leibhéil a leagann amach straitéis, tosaíochtaí agus
socruithe an Bhallstáit maidir leis na Cistí CSF a úsáid ar shlí atá
éifeachtach agus éifeachtúil d’fhonn straitéis an Aontais maidir le fás cliste,
inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a shaothrú, agus atá faofa ag an gCoimisiún
i ndiaidh measúnaithe agus i ndiaidh comhphlé leis an mBallstát; (21)
ciallaíonn ‘catagóir réigiún’ catagóiriú na réigiún
mar ‘réigiúin bheagfhorbartha’, ‘réigiúin trasdula’ agus ‘réigiúin níos
forbartha’ i gcomhréir le hAirteagal 82(2); (22)
ciallaíonn ‘iarraidh ar íocaíocht’ iarratas ar
íocaíocht nó dearbhú caiteachais arna chur faoi bhráid an Choimisiúin ag an
mBallstát; (23)
ciallaíonn ‘BEI’ an Banc Eorpach Infheistíochta, an
Ciste Eorpach Infheistíochta nó aon fhochuideachtaí arna mbunú ag an mBanc
Eorpach Infheistíochta; (24)
ciallaíonn ‘FBM’ micreathionscadal, fiontar beag nó
fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún, nó de réir
leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin; (25)
ciallaíonn ‘bliain chuntasaíochta’, chun críocha
Chuid a Trí, an tréimhse idir an 1 Iúil agus an 30 Meitheamh, ach amháin sa
chéad bhliain chuntasaíochta, tráth a gciallaíonn sé an tréimhse ó dháta
tosaigh na hincháilitheachta caiteachais go dtí an 30 Meitheamh 2015.
Beidh an bhliain chuntasaíochta dheiridh idir an 1 Iúil 2022 agus an 30
Meitheamh 2023; (26)
ciallaíonn ‘bliain airgeadais’, chun críocha Chuid
a Trí, an tréimhse idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig; CUID A DÓ
FORÁLACHA COITEANNA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS NA CISTÍ CSF TEIDEAL I
Prionsabail maidir le tacaíocht an Aontais do na Cistí CSF Airteagal 3
Raon
feidhme Beidh feidhm maidir leis na forálacha a
leagtar síos i gCuid a Trí ag na rialacha a leagtar síos sa Chuid seo den
Rialachán. Airteagal 4
Prionsabail ghinearálta 1. Déanfar tacaíocht a chur ar
fáil ó na Cistí CSF, trí chláir ilbhliantúla, agus comhlánóidh an tacaíocht sin
na hidirghabhálacha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, d’fhonn
straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach
a chur i gcrích, agus cuirfear na Treoirlínte Comhtháite agus na moltaí a
bhaineann go sonrach le tíortha faoi Airteagal 121(2) den Chonradh agus moltaí
ábhartha na Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) den Chonradh san
áireamh. 2. Áiritheoidh an Coimisiún agus
na Ballstáit go bhfuil an tacaíocht ó na Cistí CSF comhsheasmhach le beartais
agus le tosaíochtaí an Aontais agus go gcomhlánaíonn sí ionstraimí eile an
Aontais. 3. Cuirfear tacaíocht ó na Cistí
CSF chun feidhme i ndlúthchomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit. 4 Beidh na Ballstáit agus na
comhlachtaí arna n‑ainmniú acu freagrach as cláir a chur chun feidhme agus as a
gcúraimí faoin Rialachán seo agus faoi na rialacha a bhaineann go sonrach leis
na Cistí a chur i gcrích ar an leibhéal críochach iomchuí de réir chreat
institiúideach, dlí agus airgeadais an Bhallstáit agus faoi réir an Rialacháin
seo agus faoi réir na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí a bheith
comhlíonta. 5. Agus aird á tabhairt ar an
leibhéal tacaíochta a leithdháiltear, cuirfear prionsabal na comhréireachta san
áireamh sna socruithe maidir le cur chun feidhme agus úsáid na gCistí CSF, agus
go háirithe sna hacmhainní airgeadais agus riaracháin is gá chun na Cistí CSF a
chur chun feidhme maidir le tuairisciú, meastóireacht, bainistíocht agus rialú. 6. I gcomhréir lena
bhfreagrachtaí faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú
idir na Cistí CSF, agus comhordú idir iad agus beartais agus ionstraimí eile de
chuid an Aontais, lena n‑áirítear na beartais agus na hionstraimí sin faoi
chuimsiú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. 7. Déanfar an chuid de bhuiséad
an Aontais arna leithdháileadh ar na Cistí CSF a chur chun feidhme faoi
chuimsiú na bainistíochta comhpháirtí idir na Ballstáit agus an Coimisiún, de
réir Airteagal 53(b) den Rialachán Airgeadais, cé is moite de mhéid an CC
arna aistriú chuig an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa dá dtagraítear in
Airteagal 84(4) agus de ghníomhaíochtaí nuálaíocha ar thionscnamh an
Choimisiúin faoi Airteagal 9 den Rialachán CFRE, agus cúnamh teicniúil ar
thionscnamh an Choimisiúin. 8. Déanfaidh an Coimisiún agus
na Ballstáit prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur i bhfeidhm de réir
Airteagal 27 den Rialachán Airgeadais. 9. Déanfaidh an Coimisiún agus
na Ballstáit éifeachtacht na gCistí a áirithiú, go háirithe trí fhaireachán,
trí thuairisciú agus trí mheastóireacht. 10. Comhlíonfaidh an Coimisiún
agus na Ballstáit a róil ar leith faoi seach maidir leis na Cistí CSF d’fhonn
an t‑ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú. Airteagal 5
Comhpháirtíocht agus
rialachas il-leibhéil 1. I gcás an Chonartha
Comhpháirtíochta agus gach cláir oibríochtúla faoi seach, déanfaidh Ballstát
comhpháirtíocht a eagrú i bpáirt leis na comhpháirtithe seo a leanas: (a)
údaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha
agus údaráis phoiblí eile; (b)
comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta; agus (c)
comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na
sochaí sibhialta, lena n‑áirítear comhpháirtithe comhshaoil, eagraíochtaí
neamhrialtais agus comhlachtaí atá freagrach as comhionannas agus neamh‑idirdhealú
a chur chun cinn. 2. I gcomhréir le cur chuige an
rialachais il-leibhéil, déanfaidh na Ballstáit na comhpháirtithe a tharraingt
isteach in ullmhú na gConarthaí Comhpháirtíochta agus na dtuarascálacha ar dhul
chun cinn agus in ullmhú agus i gcur chun feidhme na gclár oibríochta agus i
bhfaireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Beidh na comhpháirtithe
rannpháirteach sna coistí faireacháin ar chláir. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142
d’fhonn foráil a dhéanamh maidir le cód Eorpach iompair ina leagfar síos na
cuspóirí agus na critéir d’fhonn tacú le cur chun feidhme na comhpháirtíochta
agus chun roinnt faisnéise, taithí, torthaí agus dea-chleachtas i measc na
mBallstát a éascú. 4. Uair amháin in aghaidh na
bliana ar a laghad, i gcás gach Ciste CSF, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle
leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na gcomhpháirtithe ar
leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme na tacaíochta ó na Cistí CSF. Airteagal 6
Comhlíonadh an dlí náisiúnta
agus dhlí an Aontais Comhlíonfaidh na hoibríochtaí a mhaoineofar
tríd na Cistí CSF an dlí náisiúnta is infheidhme agus dlí an Aontais is
infheidhme. Airteagal 7
Comhionannas idir fir agus
mná agus neamh‑idirdhealú a chur chun cinn Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go
gcuirfear comhionannas idir fir agus mná agus comhtháthú na gné inscne chun
cinn agus na cláir á n‑ullmhú agus á gcur chun feidhme. Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na
céimeanna cuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh
ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar
thrasuíomh gnéasach a chosc le linn na cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme.
Airteagal 8
Forbairt inbhuanaithe Saothrófar cuspóirí na gCistí CSF faoi
chuimsiú forbartha inbhuanaithe agus de réir mar a chuireann an tAontas an aidhm
maidir leis an gcomhshaol a chosaint agus a fheabhsú mar atá leagtha amach in
Airteagal 11 den Chonradh ar aghaidh, agus cuirfear an prionsabal ‘íoc mar
a thruaillítear’ san áireamh ag an am céanna. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go
gcuirfear ceanglais chosaint an chomhshaoil, éifeachtúlacht acmhainní, maolú an
athraithe aeráide, oiriúnú don athrú aeráide, athléimneacht ó thubaistí agus
cosc ar riosca agus bainistíocht riosca chun cinn agus na Conarthaí
Comhphaírtíochta agus na cláir á n‑ullmhú agus á gcur chun feidhme. Tabharfaidh
na Ballstáit faisnéis faoin tacaíocht a thugtar do chuspóirí athraithe aeráide
ag úsáid na modheolaíochta arna glacadh ag an gCoimisiún. Déanfaidh an
Coimisiún an mhodheolaíocht sin a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 143(3). TEIDEAL II
CUR CHUIGE STRAITÉISEACH CAIBIDIL I
Cuspóirí téamacha le haghaidh na gCistí CSF agus le haghaidh an Chomhchreata
Straitéisigh Airteagal 9
Cuspóirí téamacha Tacóidh gach Ciste CSF leis na cuspóirí
téamacha seo a leanas i gcomhréir lena misean d’fhonn rannchuidiú le straitéis
an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach: (1)
taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a
neartú; (2)
úsáid agus cáilíocht theicneolaíochtaí na faisnéise
agus na cumarsáide agus rochtain orthu a fheabhsú; (3)
iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide agus
earnáil na talmhaíochta (i gcás CETFT) agus earnáil an iascaigh agus an
dobharshaothraithe (i gcás CEMI) a fheabhsú; (4)
tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair
ísealcharbóin sna hearnálacha uile (5)
oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar rioscaí maidir
le hathrú aeráide agus bainistiú an athraithe aeráide a chur chun cinn; (6)
an comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht
acmhainní a chur chun cinn (7)
iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus scrogaill
i bpríomhbhonneagair ghréasáin a bhaint; (8)
an fhostaíocht agus soghluaisteacht an luchta
saothair a chur chun cinn; (9)
cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus
bochtaineacht a chomhrac; (10)
infheistiú in oideachas, i scileanna agus i
bhfoghlaim ar feadh an tsaoil; (11)
acmhainní na n‑institiúidí agus riarachán poiblí
éifeachtúil a fheabhsú. Déanfar na cuspóirí téamacha a athrú ina
dtosaíochtaí a bhaineann go sonrach le gach Ciste CSF ar leith agus a leagan
amach sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. Airteagal 10
Comhchreat
Straitéiseach Ar mhaithe le forbairt chomhchuí, chothromúil
agus inbhuanaithe an Aontais a chur chun cinn, athróidh tabharfaidh an Comhchreat Straitéiseach treo straitéiseach soiléir don
phróiseas clárúcháin agus éascóidh sé comhordú earnálach agus críochach na
idirghabhála a dhéanann an tAontas faoi na cistí CSF agus comhordú le beartais
agus ionstraimí ábhartha eile an Aontais i gcomhréir le cuspóirí agus
spriocanna straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus
uilechuimsitheach na cuspóirí
agus spriocanna an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus
uilechuimsitheach go príomhghníomhaíochtaí le haghaidh na gcistí CSF. Airteagal 11
Ábhar Bunófar leis an gComhchreat Straitéiseach: (fa) meicníochtaí modhanna le comhchuibheas
agus comhsheasmhacht chlárú na gCistí CSF leis na moltaí a bhaineann go sonrach
le tíortha faoi Airteagal 121(2) den Chonradh agus le moltaí ábhartha na
Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) den Chonradh a áirithiú a bhaint amach;. (eb) meicníochtaí comhordúcháin idir na Cistí CSF, agus
idir iad agus beartais agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear
ionstraimí seachtracha comhair; (c) prionsabail
chothrománacha agus cuspóirí beartais trasearnála maidir le cur
chun feidhme na gCistí CSF; (bd) socruithe chun díriú ar na príomhdhúshláin chríochacha atá le sárú agus na bearta atá le
déanamh chun cur chuige comhtháite a chothú a léiríonn róil na ag na limistéar
uirbeach, tuaithe, cósta agus iascaigh, mar aon leis na dúshláin
shonracha do limistéir lena mbaineann sainghnéithe críochacha áirithe
dá dtagraítear in Airteagal 174 agus Airteagal 349 den Chonradh, a dtabharfaidh na Cistí CSF aghaidh orthu; (ae) I gcás gach cuspóra théamaigh,
na príomhghníomhaíochtaí
táscacha a bhfuil breisluach ard Eorpach acu a gheobhaidh
tacaíocht ó gach ciste CSF agus na prionsabail chomhfhreagracha lena
mbaint amach; (df) réimsí tosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochtaí comhair maidir leis gach ceann de na Cistí
CSF, nuair is iomchuí, ag cur straitéisí macairéigiúnacha agus straitéis um
imchuacha farraige san áireamh;. Airteagal 12
Glacadh agus athbhreithniú Eilimintí Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142 maidir leis an Chomhchreata Straitéisigh a bhaineann le comhtháthú agus
comhsheasmhacht le beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais, le
meicníochtaí comhordúcháin idir cistí CSF agus le beartais agus ionstraimí
ábhartha eile an Aontais, leis na prionsabail chothrománacha agus na cuspóirí
beartais trasearnála agus na socruithe atá ceaptha díriú ar dhúshláin
chríochacha, tá siad leagtha amach in Iarscríbhinn I laistigh de thrí mhí ó ghlacadh an Rialacháin seo. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhreir le hAirteagal 142 lena
leagtar síos eilimintí sonracha an Chomhchreata Straitéisigh a bhaineann le
bunú gníomhaíochtaí táscacha a bhfuil bhreisluach ard Eorpach acu agus
prionsabail chomhfhreagracha le haghaidh baint amach gach cuspóra théamaigh
agus le bunú tosaíochtaí comhair. I gcás ina bhfuil mórathruithe ar straitéis an
Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, déanfaidh an
Coimisiún athbhreithniú ar an gComhchreat Straitéiseach agus,
nuair is iomchuí, déanfaidh sé leasuithe ar Iarscríbhinn I Comhchreat Straitéiseach athbhreithnithe a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha
tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 142. Laistigh de shé mhí ó uair a ghlacfar athbhreithniú
ar an gComhchreat Straitéiseach athbhreithnithe, molfaidh na Ballstáit
leasuithe, más gá, ar a gConradh Comhpháirtíochta agus ar a gcláir chun a
gcomhsheasmhacht leis an gComhchreat Straitéiseach athbhreithnithe a áirithiú.
CAIBIDIL II
Conradh Comhpháirtíochta Airteagal 13
An Conradh Comhpháirtíochta a
ullmhú 1. Ullmhóidh gach Ballstát
Conradh Comhpháirtíochta le haghaidh na tréimhse idir an
1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020. 2. Déanfaidh na Ballstáit an
Conradh Comhpháirtíochta a tharraingt suas i gcomhar leis na comhpháirtithe dá
dtagraítear in Airteagal 5. Déanfar an Conradh Comhpháirtíochta a ullmhú i
gcomhphlé leis an gCoimisiún. 3. Cumhdófar sa Chonradh
Comhpháirtíochta gach tacaíocht ó na Cistí CSF sa Bhallstát lena mbaineann. 4. Tarchuirfidh gach Ballstát a
Chonradh Comhpháirtíochta chuig an gCoimisiún laistigh de 3 mhí tar éis an
Comhchreat Straitéiseach a ghlacadh. Airteagal 14
Ábhar an Chonartha
Comhpháirtíochta Leagfar amach sa Chonradh
Comhpháirtíochta: (a)
socruithe d’fhonn ailíniú a áirithiú le straitéis
an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, lena n‑áirítear: (i) anailís ar éagothromaíochtaí agus ar
riachtanais forbartha faoi threoir na gcuspóirí téamacha agus na
bpríomhghníomhaíochtaí arna sainiú sa, an Chomhchreat Straitéiseach agus na
spriocanna arna leagan amach i moltaí a bhaineann go sonrach leis an tír faoi
Airteagal 121(2) agus moltaí ábhartha na Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal
148(4) den Chonradh; (ii) anailís achomair ar mheastóireachtaí ex
ante na gclár lena dtugtar údar cuí le roghnú na gcuspóirí téamacha agus
leithdháiltí táscacha na gCistí CSF; (iii) i gcás gach cuspóra théamaigh, achoimre
ar na príomhthorthaí a bhfuiltear ag súil leo le haghaidh gach ceann de na
Cistí CSF; (iv) leithdháileadh táscach na tacaíochta ón
Aontas de réir cuspóra théamaigh ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh gach
ceann de na Cistí CSF, mar aon leis an méid iomlán táscach de thacaíocht atá foráilte
maidir le cuspóirí athraithe aeráide; (v) na príomhréimsí tosaíochta comhair, ag
cur straitéisí macairéigiúnacha agus straitéisí um imchuacha farraige san
áireamh nuair is iomchuí; (vi) prionsabail chothrománacha agus cuspóirí
beartais maidir le cur chun feidhme na gCistí CSF; (vii) liosta de na cláir faoin CFRE, faoin CSE
agus faoin CC, cé is moite de na cláir sin faoi sprioc an chomhair chríche
Eorpaigh, agus liosta de na cláir faoin CETFT agus faoin CEMI, ina sonraítear
na leithdháiltí táscacha faoi seach de réir Ciste CSF agus de réir bliana; (b)
cur chuige comhtháite maidir le comhar críochach a
fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF, ina leagtar amach: (i) na meicníochtaí ar an leibhéal náisiúnta
agus réigiúnach lena n‑áirithítear comhordú idir na Cistí CSF agus ionstraimí
cistiúcháin eile náisiúnta agus Aontais agus leis an BEI; (ii) na socruithe d’fhonn cur chuige
comhtháite a áirithiú i leith úsáid na gCistí CSF maidir le forbairt chríochach
na limistéar uirbeach, tuaithe, cósta agus iascaigh agus na limistéar ag a
bhfuil sainghnéithe críochacha áirithe, go háirithe na socruithe cur chun
feidhme le haghaidh Airteagal 28, Airteagal 29 agus Airteagal 99 agus
beidh liosta ag gabháil leo, nuair is iomchuí, de na cathracha a bheidh
rannpháirteach sa chlár um fhorbairt uirbeach dá dtagraítear in Airteagal 8 den
Rialachán CFRE; (c)
cur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar
riachtanais shonracha na limistéar geografach is mó a mbaineann an
bhochtaineacht leo nó na spriocghrúpaí is mó atá i mbaol idirdhealaithe nó
eisiaimh, agus aird faoi leith á tabhairt ar phobail imeallaithe, nuair is
iomchuí, lena n‑áirítear an leithdháileadh táscach airgeadais ar na Cistí CSF
ábhartha; (d)
socruithe d’fhonn cur chun feidhme éifeachtach a
áirithiú, lena n‑áirítear: (i) tábla comhtháite de na garspriocanna
agus na spriocanna arna mbunú i gcláir le haghaidh an chreata feidhmíochta dá
dtagraítear in Airteagal 19(1), mar aon leis an mhodheolaíocht agus an
mheicníocht chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na cláir agus na Cistí CSF; (ii) achoimre ar an measúnú ar chomhlíonadh
na gcoinníollachtaí ex ante agus na ngníomhaíochtaí ar gá iad a dhéanamh
ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, agus an tráthchlár dá gcur chun
feidhme, i gcás nach ndéantar coinníollachtaí ex ante a chomhlíonadh; (iii) an fhaisnéis a theastaíonn d’fhíorú ex
ante ar chomhlíonadh na rialacha ar bhreisíocht mar atá sainithe i gCuid a
Trí den Rialachán seo; (iv) na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na
comhpháirtithe a tharraingt isteach agus a ról in ullmhú an Chonartha
Comhpháirtíochta agus na tuarascála ar dhul chun cinn mar a shainítear in
Airteagal 46 den Rialachán seo; (e)
socruithe chun cur chun feidhme éifeachtúil na
gCistí CSF a áirithiú, lena n‑áirítear: (i) measúnú i dtaobh an bhfuil gá le
hacmhainní riaracháin na n‑údarás, agus na dtairbhithe, nuair is iomchuí, a
neartú agus gníomhaíochtaí atá le déanamh chun na críche sin; (ii) achoimre ar na gníomhaíochtaí atá
beartaithe agus ar na spriocanna comhfhreagracha sna cláir chun laghdú a bhaint
amach ar ualach riaracháin na dtairbhithe; (iii) measúnú ar na córais atá ann cheana
maidir le malartú leictreonach sonraí, agus ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe
le gur féidir gach malartú faisnéise idir na tairbhithe agus na húdaráis atá
freagrach as bainistiú agus rialú na gclár a dhéanamh trí mhalartú leictreonach
sonraí agus sin amháin. Airteagal 15
An Conradh Comhpháirtíochta a
ghlacadh agus a leasú 1. Déanfaidh an Coimisiún
measúnú ar chomhsheasmhacht an Chonartha Comhpháirtíochta leis an Rialachán
seo, leis an gComhchreat Straitéiseach, agus leis na moltaí a bhaineann go
sonrach le tíortha faoi Airteagal 121(2) den Chonradh agus le moltaí na
Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) den Chonradh, ag tabhairt airde
ar na meastóireachtaí ex ante ar na cláir, agus tabharfaidh an
Coimisiún barúlacha le fios laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirfear an Conradh
Comhpháirtíochta isteach. Cuirfidh an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá ar
fáil agus, nuair is iomchuí, athbhreithneoidh sé an Conradh Comhpháirtíochta. 2. Déanfaidh an Coimisiún
cinneadh a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme chun an Conradh
Comhpháirtíochta a fhormheas tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Bhallstát
é a chur isteach, ar an gcoinníoll gur cuireadh aon bharúlacha a thug an Coimisiún
le fios san áireamh go cuí. Ní thiocfaidh an Conradh Comhpháirtíochta i
bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 2014. 3. I gcás ina molann Ballstát
leasú ar an gConradh Comhpháirtíochta, déanfaidh an Coimisiún measúnú i
gcomhréir le mír 1 agus, nuair is iomchuí, glacfaidh sé cinneadh trí
ghníomhartha cur chun feidhme chun an leasú a fhormheas. CAIBIDIL III
Comhchruinniú téamach, coinníollachtaí ex ante agus athbhreithniú ar
fheidhmíocht Airteagal 16
Comhchruinniú téamach Díreoidh Ballstáit tacaíocht, i gcomhréir leis
na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, ar ghníomhaíochtaí lena
mbaineann an breisluach is mó i ndáil le straitéis an Aontais maidir le fás
cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, agus tabharfaidh siad aghaidh ar
na dúshláin arna sainaithint sna moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi
Airteagal 121(2) den Chonradh agus le moltaí ábhartha na Comhairle arna
nglacadh faoi Airteagal 148(4) den Chonradh, agus cuirfidh siad riachtanais
náisiúnta agus réigiúnacha san áireamh ag an am céanna. Airteagal 17
Coinníollachtaí ex ante 1. Déanfar coinníollachtaí ex
ante a shainiú maidir le gach Ciste CSF sna rialacha a bhaineann go sonrach
leis na Cistí. 2. Déanfaidh na Ballstáit
measúnú féachaint an bhfuil na coinníollachtaí ex ante is infheidhme
comhlíonta. 3. I gcás nach bhfuil na
coinníollachtaí ex ante comhlíonta ar an dáta a tharchuirfear an Conradh
Comhpháirtíochta, leagfaidh na Ballstáit amach sa Chonradh Comhpháirtíochta
achoimre ar na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus
réigiúnach, agus an tráthchlár dá gcur chun feidhme, lena áirithiú go
gcomhlíonfar iad tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis an Conradh
Comhpháirtíochta a ghlacadh nó faoin 31 Nollaig 2016, cibé acu is
luaithe. 4. Déanfaidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí
mionsonraithe a bhaineann le comhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante,
lena n‑áirítear an tráthchlár dá gcur chun feidhme, a leagan amach sna cláir
ábhartha. 5. Déanfaidh an Coimisiún
measúnú ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil maidir le comhlíonadh na
gcoinníollachtaí ex ante faoi chuimsiú a mheasúnaithe ar an gConradh
Comhpháirtíochta agus ar na cláir. Féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh, agus clár
á ghlacadh aige, na híocaíochtaí eatramhacha uile leis an gclár, nó roinnt
díobh, a fhionraí go dtí go ndéanfar na gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche
go sásúil chun coinníollacht ex ante a chomhlíonadh. Beidh mainneachtain
gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche chun coinníollacht ex ante a
chomhlíonadh faoin spriocdháta arna leagan amach sa chlár ina cúis le
híocaíochtaí ón gCoimisiún a fhionraí. 6. Ní bheidh feidhm ag
míreanna 1 go 5 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh
Eorpaigh. Airteagal 18
Cúlchiste feidhmíochta Beidh 5 % de na hacmhainní a
leithdháilfear ar gach Ciste CSF agus ar gach Ballstát, cé is moite de na
hacmhainní sin a leithdháilfear ar sprioc an chomhair chríche Eorpaigh agus ar
Theideal V de Rialachán CEMI, ina chúlchiste feidhmíochta a leithdháilfear i
gcomhréir le hAirteagal 20. Airteagal 19
Athbhreithniú ar fheidhmíocht 1. Déanfaidh
an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, athbhreithniú ar fheidhmíocht na
gclár i ngach Ballstát in 2017 agus in 2019, faoi threoir an chreata
feidhmíochta arna leagan amach sa Chonradh Comhpháirtíochta agus sna cláir
ábhartha. Tá an modh chun an creat feidhmíochta a bhunú leagtha amach in
Iarscríbhinn II. 2. Déanfar scrúdú san
athbhreithniú sin ar ghnóthú na ngarspriocanna sna cláir ar leibhéal na
dtosaíochtaí, ar bhonn na faisnéise agus na measúnuithe sna tuarascálacha ar
dhul chun cinn a chuirfidh na Ballstáit isteach in 2017 agus in 2019. Airteagal 20
Leithdháileadh an chúlchiste
feidhmíochta 1. I gcás ina nochtann an t‑athbhreithniú
ar fheidhmíocht arna dhéanamh in 2017 nár bhain tosaíocht laistigh de chlár a
garspriocanna amach a socraíodh don bhliain 2016, tabharfaidh an Coimisiún
moltaí don Bhallstát lena mbaineann. 2. Ar bhonn an athbhreithniú
arna dhéanamh in 2019, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha
cur chun feidhme, chun na cláir agus na tosaíochtaí a bhain a ngarspriocanna
amach a chinneadh do gach Ciste CSF agus do gach Ballstát. Molfaidh an Ballstát
sannadh an chúlchiste feidhmíochta do na cláir agus na tosaíochtaí arna leagan
amach sa chinneadh sin ón gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún leasú na gclár
lena mbaineann a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 26. I gcás nach gcuireann
Ballstát an fhaisnéis isteach i gcomhréir le hAirteagal 46(2) agus (3), ní
leithdháilfear an cúlchiste feidhmíochta do na cláir nó do na tosaíochtaí lena
mbaineann. 3. I gcás ina bhfuil fianaise
ann a thig as athbhreithniú ar fheidhmíocht nár bhain tosaíocht na
garspriocanna arna leagan amach sa chreat feidhmíochta amach, féadfaidh an
Coimisiún íocaíocht eatramhach ar fad nó cuid di le tosaíocht cláir a fhionraí
i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i rialacha a bhaineann go
sonrach le Ciste. 4. I gcás ina suíonn an
Coimisiún, bunaithe ar scrúdú ar an dtuarascáil deiridh maidir le cur chun
feidhme an chláir, mainneachtain thromchúiseach na spriocanna arna leagan amach
sa chreat feidhmíochta a bhaint amach, féadfaidh sé ceartuithe airgeadais a
chur i bhfeidhm i ndáil leis na tosaíochtaí lena mbaineann i gcomhréir le
rialacha a bhaineann go sonrach le Ciste. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142 chun critéir
agus an mhodheolaíocht a bhunú chun leibhéal an cheartaithe airgeadais atá le
cur i bhfeidhm a chinneadh. . 5. Ní bheidh feidhm ag mír 2
maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríche Eorpaigh ná le Teideal V de
Rialachán CEMI. CAIBIDIL IV
Coinníollachtaí maicreacnamaíocha Airteagal 21
Coinníollacht atá nasctha le
comhordú bheartais eacnamaíocha Ballstát 1. Féadfaidh an Coimisiún a
iarraidh ar Bhallstát a Chonradh Comhpháirtíochta agus na cláir ábhartha a
athbhreithniú agus leasuithe orthu a mholadh, nuair is gá sin sna cásanna seo a
leanas: (a)
chun tacú le cur chun feidhme molta de chud na
Comhairle, atá dírithe ar an mBallstát lena mbaineann agus a glacadh i
gcomhréir le hAirteagal 121(2) agus/nó le hAirteagal 148(4) den Chonradh,
nó chun tacú le cur chun feidhme beart atá dírithe ar na Ballstáit lena
mbaineann agus a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 136(1) den Chonradh; (b)
chun tacú le cur chun feidhme molta de chuid na
Comhairle, atá dírithe ar an mBallstát lena mbaineann agus a glacadh i
gcomhréir le hAirteagal 126(7) den Chonradh; (c)
chun tacú le cur chun feidhme molta de chud na
Comhairle, atá dírithe ar an mBallstát lena mbaineann agus a glacadh i
gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. .../2011 [maidir le
míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú], ar an gcoinníoll
go meastar go bhfuil gá leis na leasuithe sin chun éagothromaíochtaí
macraieacnamaíocha a cheartú; nó (d)
chun an tionchar atá ag Cistí CSF atá ar fáil de
bhun mhír 4 ar fhás agus ar iomaíochas a mhéadú, i gcás ina gcomhlíonann
Ballstát ceann de na coinníollacha seo a leanas: (i) cuirtear cúnamh airgeadais de chuid an
Aontais ar fáil dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle; (ii) cuirtear cúnamh airgeadais meántéarmach
de chuid an Aontais ar fáil dó i gcomhréir le Rialachán (AE)
Uimh. 332/2002 ón gComhairle[24]; (iii) cuirtear cúnamh airgeadais i bhfoirm
iasacht SEC ar fáil dó i gcomhréir leis an gConradh lena mbunaítear an Sásra
Eorpach um Chobhsaíocht. 2. Laistigh de thréimhse míosa,
cuirfidh an Ballstát togra isteach le haghaidh leasú ar an gConradh
Comhpháirtíochta agus ar na cláir ábhartha. Féadfaidh an Coimisiún, más gá,
barúlacha a thabhairt laistigh de thréimhse míosa ón tráth a cuireadh na
leasuithe isteach, agus déanfaidh an Ballstát, sa chás sin, a thogra a chur
isteach arís laistigh de mhí amháin. 3. I gcás nach bhfuil barúlacha
tugtha ag an gCoimisiún nó i gcás inar cuireadh a chuid barúlacha san áireamh
go sásúil, glacfaidh an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, cinneadh lena
bhformheasfar na leasuithe ar an gConradh Comhpháirtíochta agus ar na cláir
ábhartha. 4. De mhaolú ar mhír 1, más rud
é go gcuirtear cúnamh airgeadais ar fáil do Bhallstát i gcomhréir le mír 1(d)
agus go bhfuil sé nasctha le clár coigeartaithe, féadfaidh an Coimisiún an
Conradh Comhpháirtíochta agus na cláir a leasú gan aon togra a fháil ón
mBallstát d’fhonn an tionchar a imríonn Cistí CSF atá ar fáil ar fhás agus ar
iomaíochas a uasmhéadú. D’fhonn cur chun feidhme éifeachtach an Chonartha
Comhpháirtíochta agus na gclár ábhartha a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún
páirt i mbainistíocht orthu mar atá mionsonraithe sa chlár coigeartaithe nó sa
Mheamram Comhthuisceana arna shíniú ag an mBallstát lena mbaineann. 5. I gcás nach dtugann Ballstát
freagra ar iarraidh an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1 nó nach dtugann sé
freagra sásúil laistigh de thréimhse míosa ar bharúlacha an Choimisiúin dá
dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thrí mhí i ndiaidh dó
na barúlacha a thabhairt, cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gnímh cur chun
feidhme, lena bhfionraítear na híocaíochtaí ar fad nó roinnt de na híocaíochtaí
le haghaidh na gclár lena mbaineann. 6. Féadfaidh an Coimisiún na
híocaíochtaí agus na ceangaltais ar fad nó roinnt díobh le haghaidh na gclár
lena mbaineann a fhionraí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme sna cásanna
seo a leanas: (a)
i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle nár chomhlíon an
Ballstát na bearta sonracha arna leagan amach ag an gComhairle i gcomhréir le
hAirteagal 136(1) den Chonradh; (b)
i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle i gcomhréir le
hAirteagal 126(8) agus Airteagal 126(11) den Chonradh nach bhfuil beart
éifeachtach déanta ag an mBallstát lena mbaineann chun a easnamh iomarcach a
cheartú; (c)
i gcás ina dtagann an Chomhairle ar an gconclúid i
gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. […]/2011 [maidir le
éagothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú] nach ndearna an
Ballstát, in dhá chás ar leith i ndiaidh a chéile, plean gníomhaíochta ceartaitheach
leormhaith a chur isteach nó i gcás ina nglacfaidh an Chomhairle cinneadh lena
ndearbhaítear neamhchomhlíonadh ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 10(4)
den Rialachán sin; (d)
i gcás ina dtagann an Coimisiún ar an gconclúid
nach bhfuil bearta déanta ag an mBallstát chun an clár coigeartaithe dá
dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle nó i Rialachán (CE)
Uimh. 332/2002 ón gComhairle a chur chun feidhme agus ina gcinnfidh sé, dá
thoradh sin, gan an cúnamh airgeadais a deonaíodh don Bhallstát sin a íoc; nó (e)
i gcás ina dtagann Bord Stiúrthóirí an tSásra
Eorpaigh um Chobhsaíocht ar an gconclúid nár comhlíonadh an choinníollacht a
bhaineann le cúnamh airgeadais SEC i bhfoirm iasacht SEC leis an mBallstát lena
mbaineann agus, dá thoradh sin, ina gcinnfidh sé gan an tacaíocht cobhsaíochta
a deonaíodh dó a íoc. 7. Le linn dó cinneadh a
dhéanamh faoi na híocaíochtaí nó na ceangaltais ar fad nó roinnt díobh a
fhionraí i gcomhréir le mír 5 agus mír 6 faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún
go mbeidh an fhionraí comhréireach agus éifeachtach, agus cuirfidh sé dálaí
eacnamaíocha agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann san áireamh agus
déanfaidh sé cóir chomhionann idir Bhallstáit a urramú, go háirithe maidir le
tionchar na fionraí ar gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann. 8. Déanfaidh an Coimisiún an
fhionraí ar íocaíochtaí agus ar cheangaltais a fhoirceannadh gan mhoill i gcás
ina bhfuil leasuithe ar an gConradh Comhpháirtíochta agus ar na cláir ábhartha
molta ag an mBallstát, de réir mar a d’iarr an Coimisiún air a dhéanamh, agus
ina bhfuil na leasuithe sin formheasta ag an gCoimisiún agus, i gcás inarb
infheidhme: (a)
go bhful sé cinnte ag an gComhairle gur chomhlíon
an Ballstát na bearta sonracha arna leagan amach ag an gComhairle i gcomhréir le
hAirteagal 136(1) den Chonradh; (b)
go bhfuil an nós imeachta um easnamh iomarcach ar
stad i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 nó go bhfuil
sé cinnte ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(12) den Chonradh an
cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann a aisghairm; (c)
go bhfuil an plean gníomhaíochta ceartaithí a chuir
an Ballstát lena mbaineann isteach i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán
(AE) Uimh. [...] [Rialachán EIP (um míchothromaíochtaí iomarcacha)] daingnithe
ag an gComhairle nó go bhfuil an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha
ar stad i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán sin nó go bhfuil an nós
imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha dúnta ag an gComhairle i gcomhréir le
hAirteagal 11 den Rialachán sin; (d)
go bhfuil an Coimisiún tagtha ar an gconclúid go
bhfuil bearta déanta ag an mBallstát chun an clár coigeartaithe dá dtagraítear
i Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle nó i Rialachán (CE) Uimh.
332/2002 ón gComhairle a chur chun feidhme agus go bhfuil sé údaraithe aige, dá
thoradh sin, an cúnamh airgeadais a deonaíodh don Bhallstát sin a íoc; nó (e)
go bhfuil Bord Stiúrthóirí an tSásra Eorpaigh um
Chobhsaíocht tagtha ar an gconclúid gur comhlíonadh an choinníollacht a
bhaineann le cúnamh airgeadais i bhfoirm iasacht SEC leis an mBallstát lena
mbaineann agus, dá thoradh sin, go bhfuil sé cinnte aige an tacaíocht
cobhsaíochta a deonaíodh dó a íoc. An tráth céanna, cinnfidh an Chomhairle, ar thogra
ón gCoimisiún, na ceangaltais ar fionraí a athbhuiséadú i gcomhréir le
hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. [...] ón gComhairle lena leagtar síos an
creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020. Airteagal 22
Ardú ar íocaíochtaí le
haghaidh Ballstáit a bhfuil deacrachtaí sealadacha buiséadacha aige 1. Ar iarratas ó Bhallstát,
féadfar íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh a ardú 10
bpointe céatadáin os cionn an ráta cómhaoinithe is infheidhme maidir le gach
tosaíocht i gcás an CFRE, an CSE agus an CC nó maidir le gach beart i gcás an
CETFT agus an CEMI. Beidh feidhm ag an ráta ardaithe, ráta nach bhféadfaidh a
bheith os cionn 100%, maidir le hiarrataí ar íocaíocht a bhaineann leis an
tréimhse chuntasaíochta inar chuir an Ballstát a iarraidh isteach, agus i
dtréimhsí cuntasaíochta ina dhiaidh sin ina gcomhlíonann an Ballstát ceann
amháin de na coinníollacha seo a leanas: (a)
i gcás ina bhfuil glactha leis an euro ag an
mBallstát lena mbaineann, faigheann sé cúnamh macra-airgeadais ón Aontas faoi
Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle[25]; (b)
i gcás nach bhfuil glactha leis an euro ag an
mBallstát lena mbaineann, faigheann sé cúnamh airgeadais meántéarmach i
gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle[26]; (c)
tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó i gcomhréir
leis an gConradh lena mbunaítear an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht a síníodh an
11 Iúil 2011. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le
cláir faoin Rialachán ETC. 2. D'ainneoin mhír 1, ní bheidh
tacaíocht an Aontais trí bhíthin na n‑íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí
an iarmhéid deiridh níos airde ná an tacaíocht phoiblí agus uasmhéid na
tacaíochta ó na Cistí CSF maidir le gach tosaíocht i gcás an CFRE, an CSE agus
an CC, nó maidir le gach beart i gcás an CETFT agus CEMI, mar atá leagtha síos
sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár. TEIDEAL III
CLÁRÚ CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta maidir leis na Cistí CSF Airteagal 23
Cláir a ullmhú 1. Cuirfear na Cistí CSF chun
feidhme trí chláir i gcomhréir leis an gConradh Comhpháirtíochta. Déanfar an
tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020 a
chumhdach i ngach clár. 2. Déanfaidh na Ballstáit, nó
údarás ar bith eile arna ainmniú acu, cláir a tharraingt suas i gcomhar leis na
comhpháirtithe. 3. Cuirfidh na Ballstáit na
cláir isteach an tráth céanna is a chuirtear an Conradh Comhpháirtíochta
isteach, ach amháin i gcás na gclár um chomhar críche Eorpach a chuirfear
isteach laistigh de shé mhí ón tráth a fhormheastar an Comhchreat
Straitéiseach. Beidh meastóireacht ex ante mar a leagtar amach in
Airteagal 48 ag gabháil in éineacht le gach clár. Airteagal 24
Ábhar na gclár 1. Leagfar straitéis amach i
ngach clár maidir le rannchuidiú an chláir le straitéis an Aontais maidir le
fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus beidh an straitéis
comhsheasmhach leis an gComhchreat Straitéiseach agus leis an gConradh
Comhpháirtíochta. Beidh ar áireamh i ngach clár socruithe lena n‑áiritheofar go
gcuirfear na Cistí CSF chun feidhme go héifeachtach, go héifeachtúil agus go
comhordaithe agus gníomhaíochtaí lena ndéanfar an t‑ualach riaracháin ar
thairbhithe a laghdú. 2. I ngach clár, beidh
sainmhíniú ar thosaíochtaí lena leagtar amach cuspóirí sonracha, ar leithreasaí
airgeadais tacaíochta ó na Cistí CSF agus ar chómhaoiniú comhfhreagrach ar an leibhéal
náisiúnta. 3. Leagfar amach le gach
tosaíocht táscairí d’fhonn an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun
feidhme an chláir a mheasúnú agus beidh siad mar bhonn leis an bhfaireachán,
leis an meastóireacht agus leis an athbhreithniú ar fheidhmíocht. Beidh orthu
sin: (a)
táscairí airgeadais a bhaineann le caiteachas arna
leithdháileadh; (b)
táscairí ar aschur a bhaineann leis na hoibríochtaí
a fhaigheann tacaíocht; (c)
táscairí ar thorthaí a bhaineann leis an tosaíocht. I gcás gach Ciste CSF, leagfar táscairí coiteanna
amach sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí agus d’fhéadfaí foráil
a dhéanamh maidir le táscairí a bhaineann go sonrach leis na cláir. 4. Beidh ar áireamh i ngach
clár, ach amháin sna cláir sin lena gcumhdaítear cúnamh teicniúil amháin,
tuairisc ar na gníomhaíochtaí lena gcuirtear na prionsababil atá leagtha amach
in Airteagal 7 agus Airteagal 8 san áireamh. 5. Leagfar amach i ngach clár,
ach amháin sna cláir sin ina dtugtar faoi chúnamh teicniúil faoi chlár sonrach,
an méid táscach tacaíochta a bheidh le húsáid le haghaidh cuspóirí athraithe
aeráide. 6. Déanfaidh na Ballstáit an
clár a dhréachtú i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na
Cistí. Airteagal 25 An nós
imeachta chun cláir a ghlacadh 1. Déanfaidh an Coimisiún, agus
an mheastóireacht ex ante á cur san áireamh aige, measúnú ar
chomhsheasmhacht na gclár leis an Rialachán seo, leis na rialacha a bhaineann
go sonrach leis na Cistí, leis an rannchuidiú iarbhír a thugann siad leis na
cuspóirí téamacha agus le tosaíochtaí an Aontais a bhaineann go sonrach le gach
Ciste CSF ar leith, leis an gComhchreat Straitéiseach, leis an gConradh
Comhpháirtíochta, leis na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi
Airteagal 121(2) den Chonradh agus le moltaí na Comhairle arna nglacadh
faoi 148(4) den Chonradh. Tabharfar aghaidh sa mheasúnú, go háirithe, ar
leordhóthanacht straitéis an chláir agus na gcuspóirí, na dtáscairí agus na
spriocanna comhfhreagracha agus ar leithdháileadh na n‑acmhainní buiséadacha. 2. Tabharfaidh an Coimisiún
barúlacha laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirfear an clár isteach. Soláthróidh
an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá don Choimisiún agus, nuair is iomchuí,
leasóidh sé an clár atá beartaithe. 3. I gcomhréir leis na rialacha
a bhaineann go sonrach leis na Cistí, déanfaidh an Coimisiún gach clár a
fhormheas tráth nach déanaí ná sé mhí i ndiaidh don Bhallstát/do na Ballstáit é
a chur isteach go foirmiúil, ar an gcoinníoll go bhfuil aon bharúlacha arna
tabhairt ag an gCoimisiún curtha san áireamh go cuí, ach ní roimh an
1 Eanáir 2014 nó roimh don Choimisiún cinneadh a ghlacadh lena
ndéanfar an Conradh Comhpháirtíochta a fhormheas. Airteagal 26
Cláir a leasú 1. Déanfar iarrataí ar leasú na
gclár arna gcur isteach ag Ballstát a réasúnú go cuí agus leagfar amach go
háirithe iontu an tionchar a mheastar a bheidh ag na hathruithe ar an gclár ar
chur i gcrích straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus
uilechuimsitheach agus cuspóirí sonracha arna sainiú sa chlár, agus cuirfear an
Comhchreat Straitéiseach agus an Conradh Comhpháirtíochta san áireamh. Beidh an
clár leasaithe agus, nuair is iomchuí, Conradh Comhpháirtíochta leasaithe ag
gabháil leo. I gcás ina leasófar na cláir faoi sprioc an
Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, ní leasófar an Conradh Comhpháirtíochta
ábhartha. 2. Déanfaidh an Coimisiún
measúnú ar an bhfaisnéis arna tabhairt i gcomhréir le mír 1, agus cuirfidh sé
an bonn cirt a thug an Ballstát san áireamh freisin. Féadfaidh an Coimisiún
barúlacha a thabhairt agus soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise ar fad
is gá don Choimisiún. I gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis
na Cistí, déanfaidh an Coimisiún iarrataí ar leasú cláir a fhormheas tráth nach
déanaí ná cúig mhí tar éis don Bhallstát iad a chur isteach go foirmiúil, ar an
gcoinníoll gur cuireadh aon bharúlacha a thug an Coimisiún san áireamh go cuí.
Leasóidh an Coimisiún an tráth céanna, nuair is gá, an cinneadh lena
bhformheastar an Conradh Comhpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 15(3). Airteagal 27
Rannpháirtíocht an Bhainc
Eorpaigh Infheistíochta 1. Féadfaidh an BEI, ar iarratas
ó Bhallstáit, páirt a ghlacadh in ullmhú an Chonartha Comhpháirtíochta, agus i
ngníomhaíochtaí a bhaineann le hoibríochtaí a ullmhú, go háirithe
mórthionscadail, ionstraimí airgeadais agus comhpháirtíochtaí príobháideacha
poiblí. 2. Féadfaidh an Coimisiún dul i
gcomhairle leis an BEI sula nglacfar an Conradh Comhpháirtíochta nó na cláir. 3. Féadfaidh an Coimisiún a
iarraidh ar an BEI scrúdú a dhéanamh ar cháilíocht theicniúil agus
inmharthanacht eacnamaíoch agus airgeadais mórthionscadal agus cabhrú leis i
dtaca leis na hionstraimí airgeadais atá le cur chun feidhme nó le forbairt. 4. Féadfaidh an Coimisiún, agus
forálacha an Rialacháin seo á gcur chun feidhme aige, deontais nó conarthaí
seirbhíse a bhronnadh ar an BEI lena gcuimseofar tionscnaimh a chuirfear chun
feidhme ar bhonn ilbhliantúil. Is ar bhonn bliantúil a dhéanfar an ceangaltas
de ranníocaíochtaí buiséid an Aontais maidir leis na deontais agus na conarthaí
seirbhíse sin. CAIBIDIL
II Forbairt
áitiúil faoi stiúir an phobail Airteagal 28
Forbairt áitiúil faoi stiúir
an phobail 1. Beidh an méid seo a leanas i
gceist le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, dá ngairtear forbairt
áitiúil LEADER maidir leis an CETFT: (a)
beidh sí dírithe ar shainchríocha foréigiúnacha; (b)
beidh sí faoi stiúir an phobail, trí ghrúpaí
áitiúla gníomhaíochta ina mbeidh ionadaithe ar son leasanna socheacnamaíocha
áitiúla poiblí agus príobháideacha, agus ní bheidh an earnáil phoiblí ná grúpa
leasa aonair ar bith ag déanamh ionadaíochta thar ceann níos mó ná 49 % de
na cearta vótála ar leibhéal na cinnteoireachta; (c)
déanfar í a chur i gcrích trí straitéisí forbartha
áitiúla comhtháite agus ilearnála ar bhonn ceantair; (d)
cuirfear acmhainneacht áitiúil agus riachtanais
áitiúla san áireamh agus í á ceapadh agus áireofar inti gnéithe nuálacha sa
chomhthéacs áitiúil, líonrú agus comhar, nuair is iomchuí. 2. Beidh comhsheasmhacht ag
baint leis an tacaíocht ó na Cistí CSF le forbairt áitiúil agus déanfar an
tacaíocht sin a chomhordú idir na Cistí CSF. Áiritheofar an méid sin inter alia
trí fhorbairt chomhordaithe acmhainní, roghnú, faomhadh agus cistiú straitéisí
forbartha áitiúla agus grúpaí forbartha áitiúla. 3. I gcás ina gcinnfidh coiste
roghnúcháin na straitéisí forbartha áitiúla arna mbunú faoi
Airteagal 29(3) go mbeidh gá le tacaíocht ó níos mó ná Ciste amháin chun
an straitéis forbartha áitiúla a chur chun feidhme, féadfar Príomhchiste a
ainmniú. 4. I gcás ina n‑ainmnítear
Príomhchiste, ní dhéanfar costais reatha, bainistiú agus gníomhaíochtaí
líonraithe le haghaidh na straitéise forbartha áitiúla a mhaoiniú ach ón
bPríomhchiste sin amháin. 5. Forbairt áitiúil a fhaigheann
tacaíocht ó na Cistí CSF, cuirfear i gcrích í faoi thosaíocht amháin nó níos mó
den chlár. Airteagal 29
Straitéisí forbartha áitiúla 1. Beidh na gnéithe seo a leanas
ar a laghad ar áireamh i straitéis forbartha áitiúla: (a)
sainiú ar an gceantar agus ar an daonra a
chumhdófar faoin straitéis; (b)
anailís ar acmhainneacht agus riachtanais forbartha
an cheantair, lena n‑áirítear anailís ar láidreachtaí, laigí, deiseanna agus
bagairtí; (c)
tuairisc ar an straitéis agus ar na cuspóirí a
bhaineann léi, tuairisc ar shainghné chomhtháite agus nuálach na straitéise
agus ordlathas na gcuspóirí, lena n‑áirítear spriocanna soiléire agus
intomhaiste maidir le haschur agus torthaí; beidh an straitéis ag luí le cláir
ábhartha na gCistí CSF uile lena mbaineann; (d)
tuairisc ar phróiseas na rannpháirtíochta pobail i
bhforbairt na straitéise; (e)
plean gníomhaíochta ina léirítear conas a
athraítear cuspóirí ina ngníomhaíochtaí; (f)
tuairisc ar shocruithe bainistíochta agus
faireacháin na straitéise ina léirítear cumas an ghrúpa áitiúil gníomhaíochta
an straitéis a chur chun feidhme agus cur síos ar na socruithe sonracha meastóireachta; (g)
plean airgeadais na straitéise, lena n‑áirítear an
leithdháileadh atá beartaithe maidir le gach ceann de na Cistí CSF. 2. Saineoidh na Ballstáit
critéir maidir le straitéisí forbartha áitiúla a roghnú. Féadfar critéir
roghnúcháin a leagan amach sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. 3. Is coiste arna bhunú chun na
críche sin ag údaráis bhainistíochta ábhartha na gclár a roghnóidh na
straitéisí forbartha áitiúla. 4. Cuirfear críoch le roghnú
agus le formheas na straitéisí forbartha áitiúla uile faoin
31 Nollaig 2015 ar a dhéanaí. 5. Leagfar amach na leithdháiltí
ó gach Ciste CSF ar leith i gcinneadh an údaráis bainistíochta maidir le
straitéis forbartha áitiúla a fhormheas. Leagfar amach ann freisin róil na n‑údarás
a bheidh freagrach as cur chun feidhme na gclár ábhartha maidir leis na cúraimí
cur chun feidhme go léir a bhaineann leis an straitéis. 6. Beidh sé de chumhacht ag an
gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142,
maidir leis an sainmhíniú ar an gceantar agus ar an daonra a bheidh clúdaithe
faoin straitéis dá dtagraítear i mír 1(a). Airteagal 30
Grúpaí áitiúla gníomhaíochta 1. Déanfaidh grúpaí áitiúla gníomhaíochta straitéisí forbartha áitiúla a
cheapadh agus a chur chun feidhme. Tabharfaidh na Ballstáit sainiú ar róil an ghrúpa
áitiúil gníomhaíochta agus na n‑údarás faoi seach atá freagrach as cur chun
feidhme na gclár ábhartha, maidir leis na cúraimí cur chun feidhme go léir a
bhaineann leis an straitéis. 2. Áiritheoidh an t‑údarás
bainistíochta go roghnóidh na grúpaí áitiúla gníomhaíochta comhpháirtí amháin
laistigh den ghrúpa mar pháirtí cinn i gcúrsaí riaracháin agus airgeadais, nó
go dtiocfaidh siad le chéile i gcomhstruchtúr atá bunaithe go dlíthiúil. 3. Beidh an méid seo a leanas
san áireamh i gcúraimí na ngrúpaí áitiúla gníomhaíochta: (a)
acmhainneacht na ngníomhaithe áitiúla a fhorbairt
chun oibríochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme; (b)
critéir agus nós imeachta roghnúcháin trédhearcach
agus neamh‑idirdhealaitheach a tharraingt suas maidir le hoibríochtaí a roghnú,
lena seachnaítear coinbhleachtaí leasa, agus lena n‑áirithítear go dtagann
50 % ar a laghad de na vótaí i gcinntí roghnúcháin ó pháirtithe nach
bhfuil san earnáil phoiblí, lena ndéantar foráil go bhféadfaí achomharc a
dhéanamh i gcoinne cinntí roghnúcháin agus lena gcumasaítear roghnú trí nós
imeachta i scríbhinn; (c)
comhchuibheas a áirithiú leis an straitéis
forbartha áitiúla agus oibríochtaí á roghnú trí thosaíocht a thabhairt dóibh de
réir a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí agus spriocanna na straitéisí a
bhaint amach; (d)
gairmeacha ar thograí nó nós imeachta leanúnach
maidir le tionscadal a chur isteach a ullmhú agus a fhoilsiú, lena n‑áirítear
sainiú na gcritéar roghnúcháin; (e)
iarratais ar thacaíocht a fháil agus a mheasúnú; (f)
oibríochtaí a roghnú agus méid na tacaíochta a
shocrú nó, nuair is ábhartha, na tograí a chur faoi bhráid an údaráis atá
freagrach as fíorú deiridh a dhéanamh ar incháilitheacht sula ndéanfar iad a
fhormheas; (g)
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise
forbartha áitiúla agus ar na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht agus
gníomhaíochtaí meastóireachta sonracha a dhéanamh a bhfuil baint acu leis an
straitéis forbartha áitiúla. Airteagal 31
Tacaíocht ó na Cistí CSF le forbairt áitiúil Áireofar ar an tacaíocht le forbairt áitiúil: (a)
costais na tacaíochta ullmhúcháin; (b)
cur chun feidhme na n‑oibríochtaí faoin straitéis
forbartha áitiúla; (c)
ullmhú agus cur chun feidhme ghníomhaíochtaí
comhair an ghrúpa áitiúil gníomhaíochta; (d)
costais reatha agus bainistiú na straitéise
forbartha áitiúla suas go dtí teorainn 25 % den chaiteachas poiblí iomlán
arna thabhú laistigh den straitéis forbartha áitiúla. TEIDEAL IV IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS Airteagal 32
Ionstraimí airgeadais 1. Féadfar úsáid a bhaint as na
Cistí CSF chun tacú le hionstraimí airgeadais faoi chlár, lena n‑áirítear nuair
a eagraítear iad trí bhíthin cistí de chuid cistí, d’fhonn rannchuidiú le
gnóthú cuspóirí sonracha atá leagtha amach faoi thosaíocht, bunaithe ar
mheasúnú ex ante inar aithníodh teipeanna sa mhargadh nó cásanna infheistíochta
fo-optamacha, agus riachtanais infheistíochta. Féadfar ionstraimí airgeadais a chomhthiomsú le
deontais, le fóirdheontais ráta úis agus le fóirdheontais táillí ráthaíochta.
Sa chás sin, ní mór taifid ar leithligh a choinneáil le haghaidh gach cineáil
maoinithe. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos
rialacha mionsonraithe maidir leis na nithe seo a leanas: measúnú ex ante
ar ionstraimí airgeadais, an teaglaim tacaíochta arna soláthar d’fhaighteoirí
deiridh trí bhíthin deontas, fóirdheontas ráta úis, fóirdheontas táillí
ráthaíochta agus ionstraimí airgeadais, chomh maith le rialacha sonracha breise
maidir le hincháilitheacht caiteachais agus rialacha ina sonraítear na
cineálacha gníomhaíochtaí nach dtabharfar tacaíocht dóibh trí ionstraimí
airgeadais. 2. Féadfaidh faighteoirí deiridh
a fhaigheann tacaíocht ó ionstraimí airgeadais deontais nó cúnamh eile a fháil
freisin ó chlár nó ó ionstraim eile lena dtacaíonn buiséad an Aontais. Sa chás
sin, ní mór taifid ar leithligh a choinneáil le haghaidh gach foinse maoinithe. 3. Níl ranníocaíochtaí
comhchineáil ina gcaiteachas incháilithe maidir le hionstraimí airgeadais, ach
amháin ranníocaíochtaí talún nó eastáit réadaigh maidir le hinfheistíochtaí a
bhfuil sé de chuspóir leo tacú le forbairt uirbeach nó le hathnuachan uirbeach,
i gcás ina bhfuil an talamh nó an t‑eastát réadach ina chuid den infheistíocht.
Beidh ranníocaíochtaí talún nó eastáit réadaigh den sórt sin incháilithe ar
choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 59. Airteagal 33
Ionstraimí airgeadais a chur
chun feidhme 1. Le linn d’údaráis
bhainistíochta Airteagal 32 a chur chun feidhme, féadfaidh siad ranníocaíocht a
dhéanamh leis na hionstraimí airgeadais seo a leanas: (a)
ionstraimí airgeadais arna mbunú ar leibhéal an
Aontais agus arna mbainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún; (b)
ionstraimí airgeadais arna mbunú ar an leibhéal
náisiúnta, réigiúnach, trasnáisiúnta nó trasteorann agus arna mbainistiú ag an
údarás bainistíochta nó faoina fhreagracht. 2. Beidh feidhm ag Teideal
[VIII] den Rialachán Airgeadais maidir leis na hionstraimí airgeadais dá
dtagraítear i mír 1(a). Déanfar ranníocaíochtaí ó na Cistí CSF le hionstraimí
airgeadais faoi mhír 1(a) a thaisceadh i gcuntais ar leithligh agus úsáidfear
na ranníocaíochtaí sin, i gcomhréir le cuspóirí na gCistí CSF faoi seach, chun
tacú le gníomhaíochtaí agus le faighteoirí deiridh atá comhsheasmhach leis an
gclár nó leis na cláir óna ndéantar na ranníocaíochtaí sin. 3. I gcás ionstraimí airgeadais
faoi mhír 1(b), féadfaidh an t‑údarás bainistíochta ranníocaíocht airgeadais a
dhéanamh leis na hionstraimí airgeadais seo a leanas: (a)
ionstraimí airgeadais lena gcomhlíontar na téarmaí
agus coinníollacha caighdeánacha arna leagan síos ag an gCoimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 143(3); (b)
ionstraimí airgeadais atá ann cheana féin nó atá
nuachruthaithe agus atá ceaptha go sonrach chun an cuspóir atá beartaithe a
bhaint amach agus lena ndéantar rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta
is infheidhme a urramú. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a
ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, ina leagfar síos na rialacha sonracha
maidir le cineálacha éagsúla ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe
(b), chomh maith leis na táirgí a fhéadfar a sheachadadh trí bhíthin ionstraimí
den sórt sin. 4. Agus é ag tacú leis na
hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1(b), féadfaidh an t‑údarás
bainistíochta an méid seo a leanas a dhéanamh: (a)
infheistíocht a dhéanamh i gcaipiteal na n‑eintiteas
dlíthiúil atá ann cheana nó na n‑eintiteas nuachruthaithe, lena n‑áirítear na
heintitis sin a mhaoinítear trí Chistí eile CSF, atá tiomanta d’ionstraimí
airgeadais atá comhsheasmhach le cuspóirí na gCistí CSF faoi seach a chur chun
feidhme, agus a thabharfaidh faoi chúraimí cur chun feidhme; beidh an tacaíocht
a thabharfar d’infheistíochtaí den sórt sin teoranta do na méideanna sin is gá
ionstraimí airgeadais nua a chur chun feidhme atá comhsheasmhach le cuspóirí an
Rialacháin seo; nó (b)
cúraimí cur chun feidhme a chur ar a n‑iontaoibh
seo a leanas: (i) an Banc Eorpach Infheistíochta; (ii) institiúidí idirnáisiúnta airgeadais
ina bhfuil Ballstát ina scairshealbhóir, nó institiúidí airgeadais atá bunaithe
i mBallstát atá ag iarraidh leas an phobail a bhaint amach faoi rialú údaráis
phoiblí, arna roghnú i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta
is infheidhme; (iii) comhlacht arna rialú faoin dlí poiblí
nó faoin dlí príobháideach arna roghnú i gcomhréir le rialacha an Aontais agus
rialacha náisiúnta is infheidhme. (c)
cúraimí cur chun feidhme a chur i gcrích go
díreach, i gcás ionstraimí airgeadais nach bhfuil ach iasachtaí nó ráthaíochtaí
i gceist iontu. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos
rialacha maidir le comhaontuithe cistiúcháin, ról agus freagracht na n‑eintiteas
ar cuireadh na cúraimí cur chun feidhme ar a n‑iontaoibh, agus táillí agus
costais bhainistíochta. 5. Féadfaidh na heintitis dá
dtagraítear i mír 4(b)(i) agus (ii), agus ionstraimí airgeadais á gcur chun
feidhme acu trí bhíthin cistí de chuid cistí, cúram maidir le cuid bhreise den
chur chun feidhme a chur ar idirghabhálaithe airgeadais ar choinníoll go n‑áiritheoidh
na heintitis sin faoina bhfreagracht go gcomhlíonfaidh na hidirghabhálaithe
airgeadais na critéir atá leagtha síos in [Airteagal 57 agus
Airteagal 131(1), (1a) agus (3)] den Rialachán Airgeadais. Roghnófar
idirghabhálaithe airgeadais bunaithe ar nósanna imeachta oscailte,
trédhearcacha, comhréireacha agus neamh‑idirdhealaitheacha, trína seachnófar
coinbhleachtaí leasa. 6. Déanfaidh na heintitis dá
dtagraítear i mír 4(b), ar cuireadh cúraimí cur chun feidhme ar a n‑iontaoibh,
cuntais mhuiníneacha a oscailt ina n‑ainm nó thar ceann an údaráis
bainistíochta. Déanfar bainistíocht ar na sócmhainní atá á sealbhú sna cuntais
mhuiníneacha sin i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais,
de réir rialacha stuamachta iomchuí agus beidh leachtacht iomchuí acu. 7. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le
hAirteagal 142, lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le
ceanglais shonracha a bhaineann le sócmhainní arna mbainistiú ag na heintitis a
gcuirtear na cúraimí cur chun feidhme ar a n‑iontaoibh a aistriú agus a
bhainistiú, chomh maith le sócmhainní a chomhshó idir an euro agus airgeadraí
náisiúnta. Airteagal 34
Ionstraimí airgeadais áirithe
a chur chun feidhme 1. Na comhlachtaí atá
creidiúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 64, ní dhéanfaidh siad fíoruithe
ar an láthair ar oibríochtaí ina bhfuil ionstraimí airgeadais arna gcur chun
feidhme faoi Airteagal 33(1)(a). Gheobhaidh siad tuarascálacha rialta ar
rialú ó na comhlachtaí ar cuireadh de chúram orthu na hionstraimí aigeadais sin
a chur chun feidhme. 2. Ní dhéanfaidh na comhlachtaí
a bhfuil freagracht orthu as cláir a iniúchadh iniúchtaí ar oibríochtaí ina
bhfuil ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi
Airteagal 33(1)(a) ná ar chórais bhainistíochta agus rialaithe a bhaineann
leis na hionstraimí sin. Gheobhaidh siad tuarascálacha rialta ar rialú ó na
hiniúchóirí atá ainmnithe sna comhaontuithe lenar bunaíodh na hionstraimí
aigeadais sin. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le
hAirteagal 142, maidir leis na socruithe bainistíochta agus rialaithe ar
ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi Airteagal 33(1)(a) agus
Airteagal 33(4)(b)(i), (ii) agus (iii). Airteagal 35
Iarrataí ar íocaíocht lena n‑áirítear
caiteachas ar ionstraimí airgeadais 1. Maidir leis na hionstraimí
airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 33(1)(a), áireofar agus nochtófar,
ar bhonn leithligh, méid iomlán na tacaíochta arna híoc leis an ionstraim
airgeadais san iarraidh ar íocaíocht. 2. Maidir leis na hionstraimí
airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 33(1)(b), arna gcur chun feidhme i
gcomhréir le hAirteagal 33(4)(a) agus (b), déanfar méid iomlán na
tacaíochta arna híoc nó a bhfuiltear ag súil a íoc leis an ionstraim airgeadais
le haghaidh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh a dhéanfar thar thréimhse
réamhshainithe dhá bhliain ar a mhéid, lena n‑áirítear táillí nó costais
bhainistíochta, a áireamh agus a nochtadh, ar bhonn leithligh, sa chaiteachas
incháilithe iomlán arna chur i láthair san iarraidh ar íocaíocht. 3. Déanfar an méid arna
chinneadh i gcomhréir le mír 2 a choigeartú sna hiarrataí ar íocaíocht ina
dhiaidh sin, chun an difríocht idir mhéid na tacaíochta a íocadh roimhe sin
leis an ionstraim airgeadais lena mbaineann agus na méideanna arna n‑infheistiú
iarbhír i bhfaighteoirí deiridh, móide costais bhainistíochta agus táillí
bainistíochta atá íoctha, a chur san áireamh. Déanfar na méideanna sin a
nochtadh, ar bhonn leithligh, san iarraidh ar íocaíocht. 4. Maidir leis na hionstraimí
airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 33(1)(b) arna gcur chun feidhme i
gcomhréir le hAirteagal 33(4)(c), déanfar méid iomlán na n‑íocaíochtaí
arna ndéanamh ag an údarás bainistíochta le haghaidh infheistíochtaí i
bhfaighteoirí deiridh a áireamh san iarraidh ar íocaíocht. Déanfar na méideanna
sin a nochtadh, ar bhonn leithligh, san iarraidh ar íocaíocht. 5. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le
hAirteagal 142, rialacha sonracha a ghlacadh maidir le híocaíochtaí le
hionstraimí airgeadais agus íocaíochtaí a tharraingt siar uathu agus na
hiarmhairtí féideartha maidir le hiarrataí ar chaiteachas. Airteagal 36
Caiteachas incháilithe tráth
an dúnta 1. Tráth a dhúntar clár, is éard
a bheidh i gcaiteachas incháilithe na hionstraime airgeadais an méid iomlán atá
íoctha ag an ionstraim airgeadais iarbhír nó, i gcás cistí ráthaíochta atá
tiomanta, ag an ionstraim airgeadais laistigh den tréimhse incháilitheachta atá
sonraithe in Airteagal 55(2), a chomhfhreagraíonn dóibh seo a leanas: (a)
íocaíochtaí le faighteoirí deiridh; (b)
acmhainní atá tiomanta do chonarthaí ráthaíochta,
bídís gan íoc nó in aibíocht cheana féin, d’fhonn glaonna ráthaíochta
féideartha ar chaillteanais a urramú, arna ríomh i gcomhréir le measúnú riosca ex
ante stuama, lena gcumhdaítear méid iolrach iasachtaí bunúsacha nua nó
ionstraimí rioscúla bunúsacha nua eile le haghaidh infheistíochtaí nua i
bhfaighteoirí deiridh; (c)
fóirdheontais ráta úis nó fóirdheontais táillí
ráthaíochta caipitlithe, atá dlite le híoc ar feadh tréimhse nach faide ná 10
mbliana tar éis na tréimhse incháilitheachta atá leagtha síos in Airteagal 55(2),
agus a úsáidtear in éineacht le hionstraimí airgeadais, arna n‑íoc isteach i
gcuntas eascró a bunaíodh go sonrach don chuspóir sin, le híoc iarbhír tar éis
na tréimhse incháilitheachta atá leagtha síos in Airteagal 55(2), ach i
ndáil le hiasachtaí nó le hionstraimí rioscúla eile arna n‑íoc le haghaidh
infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh laistigh den tréimhse incháilitheachta
atá leagtha síos in Airteagal 55(2); (d)
na costais bhainistíochta a tabhaíodh a aisíoc nó
táillí bainistíochta na hionstraime airgeadais a íoc. 2. I gcás ionstraimí bunaithe ar
chothromas agus micreachreidmheasa, féadfar glacadh leis gur caiteachas
incháilithe atá i gcostais bhainistíochta chaipitlithe nó táillí atá dlite le
híoc ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis na tréimhse
incháilitheachta atá leagtha síos in Airteagal 55(2), maidir leis na
hinfheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh a tharla laistigh den tréimhse
incháilitheachta sin agus nach féidir a chumhdach faoi fhorálacha
Airteagal 37 agus Airteagal 38, i gcás ina n‑íoctar isteach i gcuntas
eascró arna bhunú go sonrach don chuspóir sin iad. 3. Ní bheidh an caiteachas
incháilithe a chinnfear i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 níos airde ná suim na
méideanna seo a leanas: (i) méid iomlán na tacíochta ó na Cistí CSF
arna íoc leis an ionstraim airgeadais; agus (ii) an cómhaoiniú náisiúnta comhfhreagrach. 4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142
maidir le córas capitlithe na dtráthchodanna bliantúla le haghaidh fóirdheontas
ráta úis agus fóirdheontas táillí ráthaíochta. Airteagal 37
Ús agus gnóthachain eile arna nginiúint ag tacaíocht ó na Cistí CSF le
hionstraimí airgeadais 1. Cuirfear tacaíocht ó na Cistí
CSF a íoctar le hionstraimí airgeadais i dtaisce i gcuntais a shaothraíonn ús
agus a bhfuil sainchónaí orthu laistigh d’institiúidí airgeadais i mBallstáit
nó déanfar í a infheistiú ar bhonn sealadach de réir phrionsabal na
bainistíochta fónta airgeadais. 2. Úsáidfear ús agus gnóthachain
eile atá inchurtha i leith tacaíochta ó na Cistí CSF a íoctar le hionstraimí
airgeadais chun na gcríoch céanna agus a úsáidfear an tacaíocht tosaigh ó na
Cistí CSF laistigh den ionstraim airgeadais chéanna. 3. Áiritheoidh an t‑údarás
bainistíochta go gcoimeádfar taifid leormhaithe ar úsáid an úis agus na
ngnóthachan eile. Airteagal 38
Athúsáid acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí CSF go dtí
tráth dúnta an chláir 1. Acmhainní caipitil a
aisíoctar leis na hionstraimí airgeadais ó infheistíochtaí nó ó scaoileadh
acmhainní a bhí tiomanta do chonarthaí ráthaíochta, atá inchurtha i leith na
tacaíochta ó na Cistí CSF, athúsáidfear iad le haghaidh infheistíochtaí breise
trí na hionstraimí airgeadais céanna nó ionstraimí airgeadais eile, i gcomhréir
le haidhmeanna an chláir nó na gclár. 2. Déanfar gnóthachain agus
ioncam nó fáltais eile, lena n‑áirítear ús, táillí ráthaíochta, díbhinní,
gnóthachain chaipitiúla nó fáltais ioncaim ar bith eile arna nginiúint ag
infheistíochtaí, atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí CSF leis an
ionstraim airgeadais, a úsáid chun na gcríoch seo a leanas, nuair is
infheidhme, suas go dtí na méideanna is gá: (a)
costais bhainistíochta arna dtabhú a aisíoc agus
táillí bainistíochta na hionstraime airgeadais a íoc; (b)
luach saothair fabhrach na n‑infheisteoirí atá ag
oibriú faoi phrionsabal an infheisteora sa gheilleagar margaidh, a chuireann
acmhainní contrapháirte ar fáil don tacaíocht ó na Cistí CSF leis an ionstraim
airgeadais nó a dhéanann comhinfheistíocht ar leibhéal na bhfaighteoirí
deiridh; (c)
infheistíochtaí breise trí bhíthin na n‑ionstraimí
airgeadais céanna nó ionstraimí airgeadais eile, i gcomhréir le haidhmeanna an
chláir nó na gclár. 3. Áiritheoidh an t‑údarás
bainistíochta go gcoimeádfar taifid leormhaithe ar úsáid na n‑acmhainní agus na
ngnóthachan dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2. Airteagal 39
Acmhainní leagáide a úsáid
tar éis dhúnadh an chláir Glacfaidh Ballstáit na bearta is gá lena
áirithiú go ndéanfar na hacmhainní caipitil agus na gnóthachain chaipitiúla agus
an t‑ioncam nó na fáltais eile atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí
CSF le hionstraimí airgeadais a úsáid i gcomhréir le haidhmeanna an chláir ar
feadh tréimhse 10 mbliana ar a laghad tar éis dhúnadh an chláir. Airteagal 40
Tuarascáil ar chur chun
feidhme ionstraimí airgeadais 1. Déanfaidh an t‑údarás
bainistíochta tuarascáil shonrach ina gcumhdófar na hoibríochtaí sin a bhfuil
ionstraimí airgeadais iontu a chur chuig an gCoimisiún mar iarscríbhinn a
ghabhann leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme. 2. Beidh an fhaisnéis seo a
leanas, i gcás gach ionstraime airgeadais, ar áireamh sa tuarascáil dá
dtagraítear i mír 1: (a)
sainaithint an chláir agus na tosaíochta óna
dtugtar tacaíocht ó na Cistí CSF; (b)
tuairisc ar an ionstraim airgeadais agus ar na
socruithe cur chun feidhme; (c)
sainaithint na gcomhlachtaí ar cuireadh cúraimí cur
chun feidhme ar a n‑iontaoibh; (d)
méid iomlán na tacaíochta, de réir cláir agus de
réir tosaíochta nó birt, leis an ionstraim airgeadais atá ar áireamh in
iarrataí ar íocaíocht arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin; (e)
méid iomlán na tacaíochta a d’íoc nó a thiomnaigh
an ionstraim airgeadais, i gconarthaí ráthaíochta, leis na faighteoirí deiridh,
de réir cláir agus de réir tosaíochta nó birt, atá ar áireamh in iarrataí ar
íocaíocht arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin; (f)
ioncam ón ionstraim airgeadais agus aisíocaíochtaí
léi; (g)
tionchar iolraitheach na n‑infheistíochtaí a
dhéantar san ionstraim airgeadais agus luach na n‑infheistíochtaí agus na
rannpháirtíochtaí; (h)
rannchuidiú na hionstraime airgeadais chun táscairí
an chláir agus na tosaíochta lena mbaineann a bhaint amach. 3. Déanfaidh an Coimisiún na
coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le faireachán agus maidir le faisnéis
faireacháin a sholáthar don Choimisiún, lena n‑áirítear i gcás na n‑ionstraimí
airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 33(1)(a), a ghlacadh, trí ghníomh cur
chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 143(3).
TEIDEAL V
FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT CAIBIDIL I
Faireachán Roinn I
Faireachán ar chláir Airteagal 41
Coiste faireacháin 1. Laistigh de thrí mhí ó dháta
an fhógra chuig an mBallstát maidir leis an gcinneadh chun clár a ghlacadh,
bunóidh an Ballstát coiste chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an
chláir, i gcomhaontú leis an údarás bainistíochta. Féadfaidh Ballstát coiste faireacháin amháin a
bhunú le haghaidh na gclár a chómhaoiníonn na Cistí CSF. 2. Déanfaidh gach coiste
faireacháin a rialacha nós imeachta a tharraingt suas agus a ghlacadh. Airteagal 42
Comhdhéanamh an choiste
faireacháin 1. Ionadaithe ón údarás
bainistíochta, ó chomhlachtaí idirmheánacha agus ó ionadaithe thar ceann na
gcomhpháirtithe a bheidh ar an gcoiste faireacháin. Beidh ceart vótála ag gach
comhalta den choiste faireacháin. I gcás an choiste faireacháin maidir le clár faoi
sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, beidh ionadaithe thar ceann gach tríú
tír atá rannpháirteach sa chlár sin ar an gcoiste freisin. 2. Beidh Coimisiún
rannpháirteach i gcáil comhairleora in obair an choiste faireacháin. 3. I gcás ina rannchuidíonn an
BEI le clár, féadfaidh sé bheith rannpháirteach i gcáil comhairleora in obair
an choiste faireacháin. 4. Beidh ionadaí thar ceann an
Bhallstáit nó an údaráis bainistíochta ina chathaoirleach ar an gcoiste
faireacháin. Airteagal 43
Feidhmeanna an choiste
faireacháin 1. Tiocfaidh an coiste
faireacháin le chéile uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana agus
déanfaidh sé athbhreithniú ar chur chun feidhme an chláir agus ar an dul chun
cinn atá déanta maidir le cuspóirí an chláir a ghnóthú. Agus sin á dhéanamh
aige, tabharfaidh sé aird ar na sonraí airgeadais, ar tháscairí coiteanna agus
ar tháscairí a bhaineann go sonrach leis an gclár, lena n‑áirítear athruithe ar
tháscairí ar thorthaí agus an dul chun cinn i dtreo spriocluachanna
cainníochtaithe, agus na garspriocanna atá sainithe sa chreat feidhmíochta. 2. Déanfaidh an coiste
faireacháin scrúdú mionsonraithe ar na saincheisteanna uile a dhéanann difear
d’fheidhmíocht an chláir. 3. Rachfar i gcomhairle leis an
gcoiste faireacháin agus eiseoidh sé tuairim uaidh maidir le haon leasú ar an
gclár atá beartaithe ag an údarás bainistíochta. 4. Féadfaidh an coiste
faireacháin moltaí a eisiúint chuig an údarás bainistíochta maidir le cur chun
feidhme an chláir agus maidir leis an meastóireacht a rinneadh air. Déanfaidh
sé faireachán ar ghníomhaíochtaí arna nglacadh de thoradh a chuid moltaí. Airteagal 44
Tuarascálacha cur chun
feidhme 1. Idir 2016 agus 2022, an
bhliain sin san áireamh, déanfaidh an Ballstát tuarascáil bhliantúil ar chur
chun feidhme an chláir sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid an
Choimisiúin. Déanfaidh an Ballstát tuarascáil deiridh ar chur
chun feidhme an chláir a chur isteach faoin 30 Meán fómhair 2023
maidir leis an CFRE, an CSE agus an Ciste Comhtháthaithe agus tuarascáil
bhliantúil ar chur chun feidhme maidir leis an CETFT agus an CEMI. 2. Leagfar amach i
dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme faisnéis maidir leis an gclár
agus a thosaíochtaí a chur chun feidhme faoi threoir sonraí airgeadais,
táscairí coiteanna agus táscairí a bhaineann go sonrach leis na cláir agus
spriocluachanna cainníochtaithe, lena n‑áirítear athruithe ar tháscairí ar
thorthaí agus na garspriocanna atá sainithe sa chreat feidhmíochta. Bainfidh na
sonraí a tharchuirfear le luachanna ar tháscairí i gcomhair oibríochtaí atá
curtha chun feidhme go hiomlán, agus i gcomhair oibríochtaí roghnaithe chomh
maith. Leagfar amach iontu freisin gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích chun
coinníollachataí ex ante a chomhlíonadh agus aon saincheisteanna a
dhéanann difear d’fheidhmíocht an chláir, agus na bearta ceartaitheacha a
rinneadh. 3. Sa tuarascáil bhliantúil ar
chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2017, déanfar an fhaisnéis atá leagtha
amach i mír 2 a leagan amach agus a mheasúnú, maille leis an dul chun cinn atá
déanta maidir le cuspóirí an chláir a ghnóthú, lena n‑áirítear rannchuidiú na
gCistí CSF le hathruithe ar tháscairí torthaí, i gcás ina bhfuil fianaise ar
fáil ó mheastóireachtaí. Déanfar measúnú inti freisin ar chur chun feidhm na
ngníomhaíochtaí ar mhaithe leis na prionsabail atá leagtha amach in in
Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 a chur san áireamh agus tabharfar
tuairisc ar an tacaíocht a úsáideadh le haghaidh na gcuspóirí athraithe aeráide. 4. Áireofar sa tuarascáil
bhliantúil ar chur chun feidhme a chuirfear isteach sa bhliain 2019 agus sa
tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme a bhaineann leis na Cistí CSF, sa
bhreis ar an bhfaisnéis agus ar an measúnú atá leagtha amach i mír 2 agus mír
3, faisnéis agus measúnú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí an
chláir a ghnóthú agus ar a mhéid a rannchuidigh an clár le straitéis an Aontais
maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur i gcrích. 5. Beidh na tuarascálacha
bliantúla ar chur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 inghlactha i
gcás ina bhfuil an fhaisnéis go léir arna hiarraidh sna míreanna sin ar áireamh
iontu. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát laistigh de 15 lá oibre ón
dáta a fhaigheann sé an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme más rud é
nach bhfuil sé inghlactha, agus mura ndéanfar a leithéid measfar é a bheith
inghlactha. 6. Scrúdóidh an Coimisiún an
tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus cuirfidh sé a chuid barúlacha ina
leith in iúl don Bhallstát laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaigheann sé an
tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus laistigh de 5 mhí ón dáta a
fhaigheann sé an tuarascáil deiridh. I gcás nach gcuireann an Coimisiún
barúlacha in iúl laistigh de na spriocdhátaí seo, measfar gur glacadh leis na
tuarascálacha. 7. Féadfaidh an Coimisiún moltaí
a eisiúint chun aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna a dhéanann difear do
chur chun feidhme an chláir. I gcás ina ndéanfar moltaí den sórt sin, cuirfidh
an t‑údarás bainistíochta na bearta ceartaitheacha arna nglacadh in iúl don
Choimisiún laistigh de thrí mhí. 8. Déanfar achoimre don
saoránach ar inneachar na dtuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun
feidhme a chur ar fáil go poiblí. Airteagal 45
Cruinniú athbhreithnithe
bliantúil 1. Eagrófar cruinniú
athbhreithnithe bliantúil gach bliain idir 2016 agus 2022, an bhliain sin san
áireamh, idir an Coimisiún agus gach Ballstát ar leith chun feidhmíocht gach
cláir a scrúdú, agus cuirfear an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme
agus moltaí agus barúlacha an Choimisiúin san áireamh, nuair is infheidhme. 2. Féadfar níos mó ná clár
amháin a chumhdach le linn an chruinnithe athbhreithnithe bhliantúil. In 2017
agus in 2019, cumhdóidh an cruinniú athbhreithnithe bliantúil gach clár sa
Bhallstát, agus cuirfear na tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach
ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 46 sna blianta sin san áireamh
freisin. 3. Féadfaidh an Ballstát agus an
Coimisiún a chomhaontú nach n‑eagrófar cruinniú athbhreithnithe bliantúil i
gcás cláir i mblianta eile seachas 2017 agus 2019. 4. Beidh an Coimisiún ina
chathaoirleach ar an gcruinniú athbhreithnithe bliantúil. 5. Áiritheoidh an Ballstát go
ndéanfar na bearta leantacha iomchuí i gcás aon bharúlacha a dhéanfaidh an
Coimisiún i ndiaidh an chruinnithe. Roinn II
Dul chun cinn straitéiseach Airteagal 46
Tuarascáil ar dhul chun cinn 1. Faoin
30 Meitheamh 2017 agus faoin 30 Meitheamh 2019, cuirfidh an
Ballstát tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Chonartha
Comhpháirtíochta amhail an 31 Eanáir 2016 agus an
31 Nollaig 2018, faoi seach, faoi bhráid an Choimisiúin. 2. Sa tuarascáil ar dhul chun
cinn leagfar amach faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas: (a)
athruithe ar riachtanais forbartha an Bhallstáit ón
tráth ar glacadh an Conradh Comhpháirtíochta; (b)
an dul chun cinn atá déanta chun straitéis an
Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur i gcrích,
go háirithe maidir leis na garspriocanna atá leagtha amach le haghaidh gach
cláir sa chreat feidhmíochta agus an tacaíocht a úsáideadh le haghaidh na
gcuspóirí athraithe aeráide; (c)
cibé atá nó nach bhfuil na gníomhaíochtaí arna
ndéanamh chun na coinníollachtaí ex ante nach raibh comhlíonta ar an
dáta a glacadh an Conradh Comhpháirtíochta a chomhlíonadh curtha chun feidhme i
gcomhréir leis an tráthchlár atá leagtha síos; (d)
cur chun feidhme meicníochtaí chun comhordú idir na
Cistí CSF agus ionstraimí cistiúcháin náisiúnta agus ionstraimí cistiúcháin
eile de chuid an Aontais, agus idir iad agus an BEI, a áirithiú; (e)
an dul chun cinn maidir le réimsí tosaíochta arna
mbunú le haghaidh comhair a bhaint amach; (f)
gníomhaíochtaí arna nglacadh d’fhonn dlús a chur
faoi inniúlacht údaráis an Bhallstáit agus, nuair is iomchuí, tairbhithe chun
na Cistí CSF a riar agus a úsáid; (g)
na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus na spriocanna
comhfhreagracha sna cláir chun laghdú a bhaint amach ar ualach riaracháin na
dtairbhithe; (h)
ról na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal
5 i gcur chun feidhme an Chonartha Comhpháirtíochta. 3. I gcás ina gcinnfidh an
Coimisiún, laistigh de thrí mhí ón dáta a gcuirtear an tuarascáil ar dhul chun
cinn isteach, go bhfuil an fhaisnéis arna cur isteach neamhiomlán nó
míshoiléir, féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh ón mBallstát. Soláthróidh
an Ballstát gach faisnéis arna hiarraidh don Choimisiún laistigh de thrí mhí
agus leasóidh sé an tuarascáil ar dhul chun cinn dá réir sin, nuair is iomchuí.
4. In 2017 agus in 2019,
ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil straitéiseach, ina dtabharfar achoimre ar
thuarascálacha ar dhul chun cinn na mBallstát, agus cuirfidh sé faoi bhráid
Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na
hEorpa agus Choiste na Réigiún í. 5. In 2018 agus in 2020, áireoidh
an Coimisiún, ina Thuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn chuig Comhairle
Eorpach an Earraigh, roinn ina dtabharfar achoimre ar an tuarascáil
straitéiseach, go háirithe maidir leis an dul chun cinn arna dhéanamh chun
straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a
chur i gcrích.
CAIBIDIL II
Meastóireacht Airteagal 47
Forálacha ginearálta 1. Déanfar meastóireachtaí chun
cáilíocht cheapadh agus chur chun feidhme na gclár a fheabhsú agus chun measúnú
a dhéanamh ar a n‑éifeachtacht, ar a n‑éifeachtúlacht agus ar a dtionchar.
Déanfar meastóireacht ar thionchar na gclár i gcomhréir leis an misean a
bhaineann leis na Cistí CSF faoi seach maidir leis na spriocanna do straitéis
an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach[27] agus
maidir le hOlltáirgeacht Intíre (OTI) agus dífhostaíocht, i gcás inarb iomchuí.
2. Soláthróidh Ballstáit na
hacmhainní is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh, agus áiritheoidh siad go
bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun na sonraí is gá le haghaidh
meastóireachtaí a tháirgeadh agus a bhailiú, lena n‑áirítear sonraí a bhaineann
le táscairí coiteanna agus le táscairí a bhaineann go sonrach leis na cláir. 3. Is saineolaithe atá
neamhspleách ó thaobh feidhme ar na húdaráis atá freagrach as cur chun feidhme
an chláir a dhéanfaidh na meastóireachtaí. Soláthróidh an Coimisiún treoraíocht
maidir leis an tslí ina ndéanfar na meastóireachtaí. 4. Cuirfear na meastóireachtaí
go léir ina n‑iomláine ar fáil don phobal. Airteagal 48
Meastóireacht ex-ante 1. Déanfaidh gach Ballstát
meastóireachtaí ex ante chun cáilíocht cheapadh gach cláir a fheabhsú. 2. Cuirfear meastóireachtaí ex
ante i gcrích faoi fhreagracht an údaráis atá freagrach as na cláir a ullmhú.
Cuirfear iad faoi bhráid an Choimisiúin an tráth céanna agus a chuirfear an
clár faoina bhráid, mar aon le hachoimre feidhmiúcháin. Féadfar tairseacha a
bhunú sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, tairseacha faoina
bhféadfar an mheastóireacht ex ante a nascadh leis an meastóireacht ar
chlár eile. 3. Tabharfar breithmheas ar an
méid seo a leanas sna meastóireachtaí ex ante: (a)
an méid a rannchuidíonn siad le straitéis an
Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, ag féachaint do
chuspóirí téamacha roghnaithe agus do thosaíochtaí, ag cur riachtanas náisiúnta
agus réigiúnach san áireamh; (b)
comhchuibheas inmheánach an chláir nó na
gníomhaíochta atá beartaithe agus an gaol le hionstraimí ábhartha eile; (c)
a chomhsheasmhaí is atá leithdháileadh acmhainní
buiséadacha le cuspóirí an chláir; (d)
a chomhsheasmhaí is atá cuspóirí téamacha
roghnaithe, tosaíochtaí agus cuspóirí comhfhreagracha na gclár leis an
gComhchreat Straitéiseach, leis an gConradh Comhpháirtíochta agus leis na
moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi Airteagal 121(2) den
Chonradh agus le moltaí ábhartha na Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal
148(4) den Chonradh; (e)
ábharthacht agus soiléireacht na dtáscairí cláir
atá beartaithe; (f)
an chaoi a rannchuideoidh na haschuir a bhfuil súil
leo le torthaí; (g)
an bhfuil na spriocluachanna cainníochtaithe le
haghaidh táscairí réadúil, ag féachaint don tacaíocht atá beartaithe ó na Cistí
CSF; (h)
an réasúnaíocht maidir leis an gcineál tacaíochta
atá beartaithe; (i)
leordhóthanacht na n‑acmhainní daonna agus na n‑acmhainní
riaracháin chun an clár a bhainistiú; (j)
oiriúnacht na nósanna imeachta chun faireachán a
dhéanamh ar an gclár agus chun na sonraí is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh
a bhailiú; (k)
oiriúnacht na ngarspriocanna arna roghnú le
haghaidh an chreata feidhmíochta; (l)
leordhóthanacht na mbeart atá beartaithe chun
comhdheiseanna idir fir agus mná a chur chun cinn agus chun idirdhealú a chosc; (m)
leordhóthanacht na mbeart atá beartaithe chun
forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn; 4. Cuimseofar sa mheastóireacht
ex ante, nuair is iomchuí, na ceanglais maidir leis an Measúnú Straitéiseach
Comhshaoil atá leagtha amach i gcur chun feidhme Threoir 2001/42/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le
héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú[28]. Airteagal 49
Meastóireacht le linn na
tréimhse clárúcháin 1. Déanfaidh an t‑údarás
bainistíochta plean meastóireachta a tharraingt suas maidir le gach clár agus
cuirfear isteach an plean i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach
leis na Cistí. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go
mbeidh acmhainní meastóireachta iomchuí ar fáil. 3. Le linn na tréimhse
clárúcháin, déanfaidh údaráis bhainistíochta meastóireachtaí, lena n‑áirítear
meastóireachtaí chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus tionchar a mheasúnú, le
haghaidh gach cláir ar bhonn an phlean meastóireachta. Uair amháin ar a laghad
le linn na tréimhse clárúcháin, déanfar measúnú trí bhíthin meastóireachta ar
an gcaoi ar rannchuidigh tacaíocht ó na Cistí CSF leis na cuspóirí le haghaidh
gach tosaíochta. Scrúdóidh an coiste faireacháin na meastóireachtaí uile agus
seolfar chuig an gCoimisiún iad. 4. Féadfaidh an Coimisiún
meastóireachtaí a dhéanamh ar chláir ar a thionscnamh féin. Airteagal 50
Meastóireacht ex-post Is iad an Coimisiún agus na Ballstáit, i
ndlúthchomhar le chéile, a dhéanfaidh na meastóireachtaí ex post.
Déanfar scrúdú sna meastóireachtaí ex post ar éifeachtacht agus ar
éifeachtúlacht na gCistí CSF agus ar an méid a rannchuidíonn siad le straitéis
an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur i gcrích
i gcomhréir leis na ceanglais shonracha atá leagtha síos sna rialacha a
bhaineann go sonrach leis na Cistí. Beidh meastóireachtaí ex-post
lánchríochnaithe faoin 31 Nollaig 2023.
TEIDEAL VI
CÚNAMH TEICNIÚIL Airteagal 51
Cúnamh teicniúil ar
thionscnamh ón gCoimisiún 1. Ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann, féadfaidh na Cistí CSF
tacú leis na bearta ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus cúnaimh
theicniúil, meastóireachta, inniúchóireachta agus rialaithe is gá chun an
Rialachán seo a chur chun feidhme. Áireofar an méid seo a leanas sna bearta sin, ach
ní bheidh siad teoranta dó sin amháin: (a)
cúnamh le tionscadal a ullmhú agus a mheas, lena n‑áirítear
leis an BEI; (b)
tacaíocht do neartú institiúide agus forbairt
acmhainní riaracháin le haghaidh bhainistíocht éifeachtach na gCistí CSF; (c)
staidéir a bhaineann le tuairisciú an Choimisiúin
ar na Cistí CSF agus leis an tuarascáil faoin gcomhtháthú; (d)
bearta maidir le hanailísiú, bainistiú, faireachán,
malartú faisnéise agus cur chun feidhme i dtaobh na gCistí CSF, mar aon le
bearta a bhaineann le cur chun feidhme na gcóras rialaithe agus le cúnamh
teicniúil agus riaracháin; (e)
meastóireachtaí, tuarascálacha saineolaithe,
staidreamh agus staidéir, lena n‑áirítear cinn de chineál ginearálta, maidir le
feidhmiú reatha na gCistí CSF agus feidhmiú na gCistí amach anseo, a
bhféadfaidh an BEI tabhairt fúthu nuair is iomchuí; (f)
gníomhaíochtaí chun faisnéis a scaipeadh, tacú le
líonrú, gníomhaíochtaí chun cumarsáid a dhéanamh, feasacht a spreagadh agus
comhar agus malartú taithí a chur chun cinn, lena n‑áirítear le tríú tíortha.
D'fhonn an chumarsáid leis an phobal i gcoitinne a dhéanamh níos éifeachtaí
agus d'fhonn treisiú leis na sinéirgí idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar
ar thionscnamh an Choimisiúin, rannchuideoidh na hacmhainní a leithdháiltear ar
ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo le cumarsáid chorparáideach a
dhéanamh faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh, a mhéid is go bhfuil
siad sin bainteach le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo; (g)
córais ríomhairithe bainistíochta, faireacháin,
iniúchóireachta, rialaithe agus meastóireachta a shuiteáil, a fheidhmiú agus a
idirnascadh; (h)
gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar mhodhanna
meastóireachta agus ar mhalartú faisnéise maidir le cleachtais mheastóireachta; (i)
gníomhaíochtaí a bhaineann le hiniúchóireacht; (j)
acmhainní náisiúnta agus réigiúnacha a neartú
maidir le pleanáil infheistíochtaí, measúnú ar riachtanais, ullmhú, ceapadh
agus cur chun feidhme ionstraimí airgeadais, comhphleananna gníomhaíochta agus
mórthionscadal, lena n‑áirítear comhthionscnaimh leis an BEI. Airteagal 52
Cúnamh teicniúil na mBallstát 1. Ar thionscnamh ó Bhallstát,
féadfaidh na Cistí CSF tacú le gníomhaíochtaí maidir le hullmhúchán, bainistíocht,
faireachán, meastóireacht, faisnéis agus cumarsáid, líonrú, réiteach gearán,
agus rialú agus iniúchóireacht. Féadfaidh an Ballstát úsáid a bhaint as na
Cistí CSF le tacú le gníomhaíochtaí chun an t‑ualach riaracháin ar thairbhithe
a laghdú, lena n‑áirítear córais mhalartaithe leictreonaigh sonraí, agus
gníomhaíochtaí d’fhonn dlús a chur faoi inniúlacht údaráis an Bhallstáit agus
tairbhithe na Cistí CSF a riar agus a úsáid. D’fhéadfadh baint a bheith ag na
gníomhaíochtaí sin le tréimhsí clárúcháin roimhe sin agus ina dhiaidh sin. 2. De réir na rialacha a
bhaineann go sonrach leis na Cistí, féadfar gníomhaíochtaí a fhaigheann maoiniú
ó chúnamh teicniúil gach Ciste CSF ar leith a chur leis nó a eisiamh.
TEIDEAL VII
TACAÍOCHT AIRGEADAIS Ó NA CISTÍ CSF CAIBIDIL I
Tacaíocht ó na Cistí CSF Airteagal 53
Rátaí cómhaoinithe a
chinneadh 1. I gcomhréir leis na rialacha
a bhaineann go sonrach leis na Cistí, déanfar an ráta nó na rátaí cómhaoinithe
agus uasmhéid na tacaíochta ó na Cistí CSF a shocrú sa chinneadh ón gCoimisiún
maidir le clár a ghlacadh. 2 Féadfar bearta cúnaimh
theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a
cheann, a mhaoiniú de réir ráta 100 %. Airteagal 54
Oibríochtaí ginte ioncaim 1. Déanfar an glanioncam a ghintear
tar éis oibríocht a chur i gcrích thar thréimhse thagartha shonrach a chinneadh
roimh ré ar cheann de na modhanna seo a leanas: (a) céatadán den ioncam ar ráta comhréidh a
chur i bhfeidhm maidir leis an gcineál oibríochta lena mbaineann; (b) luach reatha ghlanioncam na hoibríochta a
ríomh, agus cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘íoc mar a thruaillítear’ á chur san
áireamh agus, más cuí, comaoineacha ar chothromas atá nasctha le rathúnas
coibhneasta an Bhallstáit lena mbaineann. Ní bheidh caiteachas incháilithe na hoibríochta
atá le cómhaoiniú níos mó ná luach reatha chostas infheistíochta na hoibríochta
lúide luach reatha an ghlanioncaim, arna chinneadh i gcomhréir le ceann de na
modhanna sin. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142 maidir le sainiú an
ráta chomhréidh dá dtagraítear i bpointe (a) thuas. Déanfaidh an Coimisiún an mhodheolaíocht faoi
phointe (b) a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an
nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 143(3). 2. I gcás nach féidir an t‑ioncam
a chinneadh go hoibiachtúil roimh ré de réir na modhanna atá leagtha amach i
mír 1, déanfar an glanioncam arna ghiniúint laistigh de thrí bliana ón dáta a
gcuirtear oibríocht i gcrích nó faoin 30 Meán fómhair 2023, cibé acu
is túisce, a asbhaint ón gcaiteachas arna dhearbhú don Choimisiún. 3. Ní bheidh feidhm ag mír 1
agus mír 2 ach amháin maidir le hoibríochtaí a bhfuil a gcostas iomlán níos mó
ná EUR 1 000 000. 4. Ní bheidh feidhm ag an
Airteagal seo maidir leis an CSE. 5. Ní bheidh feidhm ag mír 1
agus mír 2 maidir le hoibríochtaí atá faoi réir na rialacha i leith
Státchabhrach, nó atá faoi réir tacaíochta ó ionstraimí airgeadais nó dóibh.
CAIBIDIL II
Incháilitheacht caiteachais agus inmharthanacht Airteagal 55
Incháilitheacht 1. Déanfar incháilitheacht
caiteachais a chinneadh ar bhonn rialacha náisiúnta, ach amháin chás ina bhfuil
rialacha sonracha leagtha síos sa Rialachán seo nó sna rialacha a bhaineann go
sonrach leis na Cistí nó ar bhonn na rialachán nó na rialacha sin. 2. Beidh caiteachas incháilithe
le haghaidh ranníocaíochta ó na Cistí CSF má dhéanann tairbhí é a thabhú agus a
íoc idir an dáta a gcuirfear an clár faoi bhráid an Choimisiúin nó ón
1 Eanáir 2014, cibé acu is túisce, agus an 31 Nollaig 2022.
Ina theannta sin, ní bheidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta
ón CETFT agus ón CEMI ach amháin sa chás ina bhfuil an chabhair ábhartha íoctha
iarbhír ag an ngníomhaireacht íocaíochta idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31
Nollaig 2022. 3. I gcás costas arna aisíoc ar
bhonn Airteagal 57(1)(b) agus (c), déanfar na gníomhaíochtaí atá mar bhonn
le haisíocaíocht a chur i gcrích idir an 1 Eanáir 2014 agus an
31 Nollaig 2022. 4. Ní roghnófar oibríochtaí le
haghaidh tacaíochta ó na Cistí CSF i gcás ina ndearnadh iad a lánchríochnú go
fisiceach nó a chur chun feidhme go hiomlán sular chuir an tairbhí an t‑iarratas
ar chistiú faoin gclár isteach chuig an údarás bainistíochta, is cuma má rinne
an tairbhí na híocaíochtaí gaolmhara go léir nó nach ndearna. 5. Beidh an tAirteagal seo gan
dochar do na rialacha maidir le hincháilitheacht cúnaimh theicniúil, ar
thionscnamh an Choimisiúin, atá leagtha amach in Airteagal 51. 6. Déanfar glanioncam arna
ghiniúint díreach ó oibríocht le linn í a chur chun feidhme agus nár cuireadh
san áireamh tráth formheasta na híocaíochta, a asbhaint ó chaiteachas
incháilithe na hoibríochta san éileamh deireanach ar íocaíocht arna chur
isteach ag an tairbhí. Ní bheidh feidhm ag an riail sin maidir le hionstraimí
airgeadais ná le duaiseanna. 7. I gcás ina ndéantar leasú ar
chlár, ní bheidh caiteachas a thagann chun bheith incháilithe de thoradh leasú
an chláir incháilithe ach ón dáta ar cuireadh an iarraidh ar leasú faoi bhráid
an Choimisiúin. 8. Féadfaidh oibríocht tacaíocht
a fháil ó Chiste CSF amháin nó níos mó agus ó ionstraimí eile de chuid an
Aontais, ar an gcoinníoll nach bhfaightear tacaíocht ó Chiste eile nó ó
ionstraim eile de chuid an Aontais i leith na hítime caiteachais arna áireamh
in iarraidh ar íocaíocht maidir le haisíocaíocht ó cheann de na Cistí CSF, ná
nach bhfaightear tacaíocht ón gCiste céanna faoi chlár eile ina leith. Airteagal 56
Cineálacha tacaíochta Bainfear úsáid as na Cistí CSF chun tacaíocht
a sholáthar i bhfoirm deontas, duaiseanna, cúnaimh inaisíoctha agus ionstraimí
airgeadais, nó teaglaim díobh sin. I gcás cúnaimh
inaisíoctha, déanfar an tacaíocht arna haisíoc leis an gcomhlacht a thug í, nó
le húdarás inniúil eile an Bhallstáit, a choinneáil i gcuntas ar leith agus
athúsáidfear í chun na críche céanna nó i gcomhréir le cuspóirí an chláir. Airteagal 57
Foirmeacha deontas 1. Féadfaidh na deontais bheith
i gceann de na foirmeacha seo a leanas: (a)
aisíoc na gcostas incháilithe arna dtabhú agus arna
n‑íoc iarbhír, mar aon le ranníocaíochtaí comhchineáil agus dímheas, nuair is
infheidhme; (b)
scálaí caighdeánacha costas aonaid; (c)
cnapshuimeanna nach mó ná EUR 100 000 den
ranníocaíocht phoiblí; (d)
maoiniú ar ráta comhréidh, arna chinneadh trí
chéatadán a chur i bhfeidhm maidir le catagóir sainithe costas amháin nó níos
mó. 2. Ní fhéadfar na roghanna dá
dtagraítear i mír 1 a chomhcheangal ach amháin i gcás ina gcumhdaíonn gach
ceann acu catagóir dhifriúil costas nó i gcás ina n‑úsáidtear iad le haghaidh
tionscadal éagsúil atá ina gcuid d’oibríocht nó le haghaidh céimeanna leantacha
oibríochta. 3. I gcás ina gcuirtear
oibríocht nó tionscadal atá ina chuid d’oibríocht chun feidhme go heisiach trí
oibreacha, earraí nó seirbhísí a sholáthar, ní bheidh feidhm ach le mír 1(a). I
gcás ina bhfuil an soláthar laistigh d’oibríocht nó laistigh de thionscadal atá
ina chuid d’oibríocht teoranta do chatagóirí áirithe costas, féadfar na
roghanna go léir dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm. 4. Bunófar na méideanna dá
dtagraítear i mír 1(b), (c) agus (d) ar an mbonn seo a leanas: (a)
modh ríofa cóir, cothrom agus infhíoraithe bunaithe
orthu seo a leanas: (i) sonraí staidrimh nó faisnéis oibiachtúil
eile; nó (ii) sonraí stairiúla fíoraithe faoi
thairbhithe aonair nó a ngnáthchleachtais chuntasaíochta costála a chur i
bhfeidhm; (b)
modhanna agus scálaí comhfhreagracha costas aonaid,
cnapshuimeanna agus rátaí comhréidh is infheidhme i mbeartais an Aontais le
haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna; (c)
modhanna agus scálaí comhfhreagracha costas aonaid,
cnapshuimeanna agus rátaí comhréidh arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna maidir
le deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríochta agus
tairbhí den chineál céanna; (d)
rátaí arna mbunú leis an Rialachán seo nó leis na
rialacha a bhaineann go sonracha leis na Cistí. 5. Leagfar amach an modh a
chuirfear i bhfeidhm chun costais na hoibríochta agus coinníollacha íocaíochta
an deontais a chinneadh sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha
tacaíochta maidir le gach oibríocht ar leith. Airteagal 58 Maoiniú
ar ráta comhréidh le haghaidh costas indíreach deontas I gcás ina n‑eascraíonn costais indíreacha as
cur chun feidhme oibríochta, féadfar iad a ríomh mar ráta comhréidh ar cheann
de na modhanna seo a leanas: (a)
ráta comhréidh suas le 20 % de na costais
dhíreacha incháilithe, i gcás ina ndéantar an ráta a ríomh ar bhonn modha ríofa
atá cóir, cothrom agus infhíoraithe nó ar bhonn modha arna chur i bhfeidhm faoi
scéimeanna i gcomhair deontas arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh
oibríochta agus tairbhí den chineál céanna; (b)
ráta comhréidh suas le 15 % de na costais
foirne dhíreacha incháilithe; (c)
ráta comhréidh a chuirtear i bhfeidhm maidir leis
na costais dhíreacha incháilithe bunaithe ar mhodhanna reatha agus ar rátaí
comhfhreagracha, agus is infheidhme i mbeartais de chuid an Aontais le haghaidh
oibríochta agus tairbhí den chineál céanna. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142 maidir le
sainiú an ráta chomhréidh agus na modhanna gaolmhara dá dtagraítear i bpointe
(c) thuas. Airteagal 59
Rialacha incháilitheachta
sonracha maidir le deontais 1. Féadfar gur caiteachas
incháilithe iad ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm soláthair oibreacha,
earraí, seirbhísí, talún, agus eastáit réadaigh nach bhfuil aon íocaíocht
airgid a bhfuil sonraisc nó doiciméid le luach coibhéiseach cruthúnais acu ag
dul léi ar fáil ina leith, ar an gcoinníoll go gceadaítear é de réir rialacha
incháilitheachta na gCistí CSF agus an chláir agus go gcomhlíontar na
coinníollacha uile seo a leanas: (a)
ní bheidh an tacaíocht phoiblí arna híoc leis an
oibríocht, lena n‑áirítear ranníocaíochtaí comhchineáil, níos airde ná an
caiteachas incháilithe iomlán, gan ranníocaíochtaí comhchineáil a áireamh, ag
deireadh na hoibríochta; (b)
níl sháraíonn an luach atá inchurtha i leith na
ranníocaíochtaí comhchineáil na costais a bhfuil glacadh leo go ginearálta ar
an margadh i dtrácht; (c)
féadfar luach agus seachadadh na ranníocaíochta a
mheas agus a fhíorú go neamhspleách; (d)
i gcás soláthair talún nó eastáit réadaigh, beidh
an luach deimhnithe ag saineolaí cáilithe neamhspleách nó ag comhlacht
oifigiúil cuí-údaraithe agus níl sé níos airde ná an teorainn atá leagtha síos
i mír 3(b); (e)
i gcás ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm oibre
gan íocaíocht, déanfar luach na hoibre sin a chinneadh, ach an t‑am fíoraithe
atá caite ar an obair agus ráta an luacha saothair le haghaidh oibre coibhéisí
a chur san áireamh. 2. Féadfar a mheas go bhfuil
costais dímheasa incháilithe faoi na coinníollacha seo a leanas: (a)
tá sé ceadaithe faoi na rialacha maidir le
hincháilitheacht atá luaite leis an gclár; (b)
tá méid an chaiteachais cuí-réasúnaithe trí
dhoiciméid tacaíochta a bhfuil luach cruthúnais atá coibhéiseach le sonrasc acu
i gcás ina ndéantar aisíocaíocht san fhoirm dá dtagraítear in Airteagal
57(1)(a); (c)
baineann na costais go heisiach leis an tréimhse
tacaíochta a bhaineann leis an oibríocht; (d)
ní bhfuarthas ranníocaíocht ó dheontais phoiblí
chun na sócmhainní dímheasta a fháil mar éadáil. 3. Ní bheidh na costais seo a
leanas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ó na Cistí CSF: (a)
ús ar fhiacha; (b)
ceannach talún nár tógadh air, agus ceannach talún
a tógadh air, sa mhéid a sháraíonn 10% den chaiteachas incháilithe iomlán ar an
oibríocht lena mbaineann; I gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna
cuí-réasúnaithe, féadfar céatadán níos airde a cheadú le haghaidh oibríochtaí a
bhaineann le caomhnú an chomhshaoil. (c)
cáin bhreisluacha. Mar sin féin, beidh méideanna
CBL incháilithe i gcás nach bhfuil siad inghnóthaithe faoin reachtaíocht
náisiúnta CBL agus gur tairbhí seachas duine neamh‑inchánach mar a shainítear
sa chéad fhomhír d’Airteagal 13(1) de Threoir 2006/112/CE a íocfaidh iad, ar
choinníoll nach dtabhaítear na méideanna sin CBL i gcás bonneagar a sholáthar. Airteagal 60
Incháilitheacht oibríochtaí
atá ag brath ar shuíomh 1. Beidh oibríochtaí a
fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF, faoi réir na maoluithe dá dtagraítear i
mír 2 agus mír 3, agus sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí,
lonnaithe sa limistéar atá cumhdaithe sa chlár faoina bhfaigheann siad
tacaíocht (‘limistéar an chláir’). 2. Féadfaidh an t‑údarás
bainistíochta glacadh leis go bhfuil oibríocht á cur chun feidhme lasmuigh de
limistéar an chláir ach laistigh den Aontas, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar
gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: (a)
is chun leasa limistéar an chláir atá an oibríocht; (b)
ní sháraíonn an méid iomlán arna leithdháileadh
faoin gclár le haghaidh oibríochtaí atá lonnaithe lasmuigh de limistéar an
chláir 10 % den tacaíocht ón CFRE, ón gCiste Comhtháthaithe agus ón CEMI
ar leibhéal na tosaíochta, ná 3 % den tacaíocht ón CETFT ar leibhéal an
chláir; (c)
tá a thacaíocht leis an oibríocht nó leis na
cineálacha oibríochtaí lena mbaineann léirithe ag an gcoiste faireacháin; (d)
tá oibleagáidí na n‑údarás i dtaobh an chláir
maidir le hobair bhainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta a bhaineann
leis an oibríocht comhlíonta ag na húdaráis atá freagrach as an gclár faoina
dtugtar tacaíocht don oibríocht sin nó má dhéanann siad comhaontuithe le
húdaráis sa limistéar ina bhfuil an oibríocht á cur chun feidhme. 3. I gcás oibríochtaí a
bhaineann le gníomhaíochtaí tionscnaimh, féadfar caiteachas a thabhú lasmuigh
den Aontas ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach
i mír 2(a) agus na hoibleagáidí maidir le hobair bhainistíochta, rialaithe agus
iniúchóireachta a bhaineann leis an oibríocht. 4. Ní bheidh feidhm ag
mír 1 go mír 3 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh
Eorpaigh agus ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 maidir le hoibríochtaí lena
dtacaíonn an CSE. Airteagal 61
Inmharthanacht oibríochtaí 1. Déanfaidh oibríocht ina
bhfuil infheistíocht bonneagair nó infheistíocht tháirgiúil an ranníocaíocht ó
na Cistí CSF a aisíoc, más rud é, laistigh de chúig bliana ón íocaíocht deiridh
leis an tairbhí nó laistigh de thréimhse arna leagan amach sna rialacha maidir
le Státchabhair, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sí faoi réir na nithe seo a
leanas: (a)
scor nó athlonnú gníomhaíochta táirgiúla; (b)
athrú ar úinéireacht ítime bonneagair a thugann
buntáiste míchuí do ghnóthas nó do chomhlacht poiblí; nó (c)
athrú substaintiúil a dhéanann difear dá cineál, dá
cuspóirí nó dá coinníollacha cur chun feidhme a mbainfí an bonn dá cuspóirí
bunaidh dá bharr. Déanfaidh an Ballstát méideanna a íocadh go míchuí
i leith na hoibríochta a ghnóthú. 2. Maidir le hoibríochtaí a
fhaigheann tacaíocht ón CSE agus oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Chistí
eile CSF nach infheistíocht bonneagair ná infheistíochtaí táirgiúla iad, ní
aisíocfaidh siad an ranníocaíocht ón gCiste ach amháin i gcás ina bhfuil siad
faoi réir oibleagáide chun infheistíocht a chothabháil faoi na rialacha is
infheidhme maidir le Státchabhair agus i gcás ina ndéantar gníomhaíocht
tháirgiúil de chuid na hoibríochta a scor nó a athlonnú laistigh den tréimhse
atá leagtha síos sna rialacha sin. 3. Ní bheidh feidhm ag mír 1
agus mír 2 maidir le ranníocaíochtaí le hionstraimí airgeadais nó uathu ná
maidir le hoibríocht ar bith ina ndéantar gníomhaíocht tháirgiúil a scor de bharr
féimheachta neamhchalaoisí. 4. Ní bheidh feidhm ag mír 1
agus mír 2 maidir le daoine nádúrtha ar tairbhithe de thacaíocht infheistíochta
iad agus, tar éis an oibríocht infheistíochta a lánchríochnú, go mbeidh siad
incháilithe do thacaíocht agus go bhfaighidh siad tacaíocht faoi (Rialachán EGF
[/2012] lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú) i gcás ina
bhfuil an infheistíocht lena mbaineann nasctha go díreach leis an gcineál
gníomhaíochta a aithníodh mar ghníomhaíocht atá incháilithe do thacaíocht EGF.
TEIDEAL VIII
BAINISTÍOCHT AGUS RIALÚ CAIBIDIL I
Córais bhainistíochta agus rialaithe Airteagal 62
Prionsabail ghinearálta
maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe Déanfar foráil sna córais bhainistíochta agus
rialaithe maidir leis an méid seo a leanas: (a)
tuairisc ar fheidhmeanna gach comhlachta
bainistíochta agus rialaithe lena mbaineann, agus ar leithdháileadh feidhmeanna
i ngach comhlacht; (b)
comhlíonadh an phrionsabail deighilte feidhmeanna
idir chomhlachtaí den chineál sin nó laistigh díobh; (c)
nósanna imeachta d’fhonn ceartaiseacht agus
rialtacht an chaiteachais a dhearbhaítear a áirithiú; (d)
córais ríomhairithe maidir le cuntasaíocht, maidir
le stóráil agus tarchur sonraí airgeadais agus sonraí ar tháscairí, maidir le
faireachán agus maidir le tuairisciú; (e)
córais maidir le tuairisciú agus faireachán i gcás
ina gcuireann an comhlacht atá freagrach cúraimí ar iontaoibh comhlachta eile; (f)
socruithe maidir feidhmiú na gcóras bainistíochta
agus rialaithe a iniúchadh; (g)
córais agus nósanna imeachta d’fhonn raon
iniúchóireachta leormhaith a áirithiú; (h)
neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear calaois, a chosc,
a bhrath agus a cheartú agus méideanna a íocadh go míchuí, mar aon le hús ar
bith, a ghnóthú. Airteagal 63
Freagrachtaí na mBallstát 1. Comhlíonfaidh na Ballstáit na
hoibleagáidí bainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta agus glacfaidh siad
ar láimh na freagrachtaí atá leagtha síos sna rialacha maidir le bainistíocht
chomhpháirteach atá leagtha amach sa Rialachán Airgeadais agus sna rialacha a bhaineann
go sonrach leis na Cistí. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta
comhpháirtí, beidh na Ballstáit freagrach as cláir a bhainistiú agus a rialú. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go
ndéanfar a gcórais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh na gclár a bhunú i
gcomhréir leis na forálacha atá sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na
Cistí agus go bhfeidhmeoidh na córais go héifeachtach. 3. Bunóidh na Ballstáit nós
imeachta maidir le hiniúchadh agus réiteach neamhspleách gearán a bhaineann le
roghnú nó le cur chun feidhme oibríochtaí arna gcómhaoiniú ag na Cistí CSF agus
cuirfidh siad an nós imeachta sin chun feidhme. Arna iarraidh sin orthu,
cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar thorthaí na scrúduithe sin chuig an
gCoimisiún. 4. Cuirfear gach malartú
oifigiúil faisnéise idir an Ballstát agus an Coimisiún i gcrích trí úsáid a
bhaint as córas malartaithe leictreonaigh sonraí arna bhunú i gcomhréir leis na
téarmaí agus leis na coinníollacha arna leagan síos ag an gCoimisiún trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in
Airteagal 143(3).
CAIBIDIL II
Comhlachtaí bainistíochta agus rialaithe a chreidiúnú Airteagal 64
Creidiúnú
agus comhordú 1. I gcomhréir le [hAirteagal
56(3)] den Rialachán Airgeadais, déanfar gach comhlacht atá freagrach as
caiteachas faoi na Cistí CSF a bhainistiú agus a rialú a chreidiúnú le cinneadh
foirmiúil ó údarás creidiúnúcháin ar leibhéal aireachta. 2. Bronnfar an creidiúnú ar
choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht na critéir chreidiúnúcháin maidir le
timpeallacht inmheánach, gníomhaíochtaí rialaithe, faisnéis agus cumarsáid,
agus faireacháin atá leagtha síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na
Cistí. 3. Beidh an creidiúnú bunaithe
ar thuairim comhlachta neamhspleáigh iniúchóireachta a rinne measúnú ar
chomhlíonadh na gcritéar creidiúnúcháin ag an gcomhlacht. Áiritheoidh an
comhlacht neamhspleách iniúchóireachta go ndéanfaidh sé a chuid oibre i
gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glactha leo go
hidirnáisiúnta. 4. Déanfaidh an t‑údarás
creidiúnúcháin maoirseacht ar an gcomhlacht creidiúnaithe agus déanfaidh sé
creidiúnú an chomhlachta sin a tharraingt siar le cinneadh foirmiúil más rud é
nach gcomhlíontar a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na critéir
chreidiúnúcháin, ach amháin má dhéanann an comhlacht na bearta leasúcháin is gá
laistigh de thréimhse phromhaidh a bheidh le cinneadh ag an údarás
creidiúnúcháin i gcomhréir le déine na faidhbe. Tabharfaidh an t‑údarás
creidiúnúcháin fógra don Choimisiún láithreach maidir le tréimhse phromhaidh ar
bith a shocrú do chomhlacht creidiúnaithe nó maidir le cinneadh ar bith a
tharraingt siar. 5. Féadfaidh an Ballstát
comhlacht comhordúcháin a ainmniú ar a mbeadh an fhreagracht idirchaidreamh a
dhéanamh leis an gCoimisiún agus faisnéis a thabhairt dó, cur i bhfeidhm
comhchuibhithe rialacha an Aontais a chur chun cinn, tuarascáil achomhair a
bhunú ina dtugtar forléargas ar an leibhéal náisiúnta ar na dearbhuithe
bainistíochta uile agus ar na tuairimí iniúchóireachta uile agus cur chun
feidhme na mbeart leasúcháin a chomhordú maidir le haon easnaimh de nádúr
coiteann. 6. Gan dochar do na rialacha atá
leagtha síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, is iad seo a
leanas na comhlachtaí a chreidiúnófar faoi mhír 1: (a)
i gcás an CFRE, an CSE agus an Chiste
Comhtháthaithe, na húdaráis bhainistíochta agus, nuair is iomchuí, na húdaráis
deimhniúcháin; (b)
i gcás an CETFT agus an CEMI, na gníomhaireachtaí
íocaíochta.
CAIBIDIL III
Cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin Airteagal 65
Cumhachtaí agus freagrachtaí
an Choimisiúin 1. Deimhneoidh an Coimisiún dó féin, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil,
lena n‑áirítear an nós imeachta creidiúnúcháin, an dearbhú bainistíochta
bliantúil, na tuarascálacha bliantúla ar rialú, an tuairim iniúchóra
bhliantúil, an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus iniúchtaí arna
ndéanamh ag comhlachtaí náisiúnta agus ag comhlachtaí an Aontais, go bhfuil
córais bhainistíochta agus rialaithe bunaithe ag na Ballstáit a chomhlíonann an
Rialachán seo agus na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí agus go
bhfeidhmíonn na córais sin go héifeachtach le linn na cláir a chur chun
feidhme. 2. Gan dochar d’iniúchtaí arna
ndéanamh ag na Ballstáit, féadfaidh oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe
údaraithe thar ceann an Choimisiúin iniúchtaí nó seiceálacha ar an láthair a
dhéanamh ach fógra leordhóthanach a bheith tugtha roimh ré. Féadfar, go
háirithe, fíorú ar fheidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe
i gclár nó i gcuid de chlár, in oibríochtaí agus measúnú ar bhainistíocht
fhónta airgeadais na n‑oibríochtaí nó na gclár a bheith faoi raon feidhme na n‑iniúchtaí
nó na seiceálacha sin. Féadfaidh ionadaithe thar ceann an Bhallstáit nó
oifigigh údaraithe an Bhallstáit páirt a ghlacadh sna hiniúchtaí sin. Oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe an
Choimisiún, ar tugadh an chumhacht chuí dóibh iniúchtaí ar an láthair a
dhéanamh, beidh rochtain acu ar na taifid, na doiciméid agus na meiteashonraí
uile, is cuma cén meán ina stóráiltear iad, a bhaineann le hoibríochtaí a
fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF nó leis na córais bhainistíochta agus
rialaithe. Soláthróidh na Ballstáit cóipeanna de na taifid, na doiciméid agus
na meiteashonraí sin don Choimisiún arna iarraidh sin dó. Ní dhéanfaidh na cumhachtaí atá leagtha amach sa
mhír seo difear do chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta lena bhforchoimeádtar
gníomhartha áirithe do ghníomhaithe arna n‑ainmniú go sonrach sa reachtaíocht
náisiúnta. Ní ghlacfaidh oifigigh an Choimisiúin ná ionadaithe údaraithe thar
ceann an Choimisiúin páirt, inter alia, i gcuairteanna baile ná i gceistiú
foirmiúil daoine faoi chuimsiú na reachtaíochta náisiúnta. Mar sin féin, beidh
rochtain acu ar an bhfaisnéis a gheofar ar an gcaoi sin. 3. Féadfaidh an Coimisiún a
cheangal ar Bhallstát na bearta is gá a dhéanamh d’fhonn feidhmiú éifeachtach
na gcóras bainistíochta agus rialaithe nó ceartaiseacht an chaiteachais a
fhíorú i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. 4. Féadfaidh an Coimisiún a
cheangal ar Bhallstát scrúdú a dhéanamh ar ghearán a cuireadh faoi bhráid an
Choimisiúin maidir le roghnú nó cur chun feidhme na n‑oibríochtaí arna
gcómhaoiniú ag na Cistí CSF nó maidir le feidhmiú an chórais bhainistíochta
agus rialaithe.
TEIDEAL IX
BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, IMRÉITEACH CUNTAS AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS, SAORADH CAIBIDIL I
Bainistíocht airgeadais Airteagal 66
Ceangaltais bhuiséadacha Is i dtráthchodanna bliantúla le haghaidh gach
Ciste le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an
31 Nollaig 2020 a dhéanfar ceangaltais bhuiséadacha an Aontais maidir
le gach clár. Is éard a bheidh sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar clár an
cinneadh maoinithe de réir bhrí Airteagal 75(2) den Rialachán Airgeadais
agus a luaithe a thabharfar fógra ina leith don Bhallstát lena mbaineann,
ceangaltas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin sin. I gcás gach cláir ar leith, déanfar an
ceangaltas buiséadach don chéad tráthchuid tar éis an clár a bheith glactha ag
an gCoimisiún. I gcás na gceangaltas buiséadach do
thráthchodanna ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún iad roimh an 1 Bealtaine
de gach bliain, ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear sa dara fomhír, ach amháin
i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 13 den Rialachán Airgeadais. Maidir leis an gcúlchiste feidhmíochta,
déanfar na ceangaltais buiséadacha tar éis an chinnidh ón gCoimisiún lena
bhformheastar an leasú ar an gclár. Airteagal 67
Comhrialacha maidir le
híocaíochtaí 1. Beidh na híocaíochtaí a
dhéanfaidh an Coimisiún leis an ranníocaíocht ó na Cistí CSF le gach clár i
gcomhréir le leithreasaí buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil.
Breacfar gach íocaíocht sa cheangaltas buiséadach is túisce a bheidh oscailte
den Chiste lena mbaineann. 2. Déanfar na híocaíochtaí i
bhfoirm íocaíochtaí réamh‑mhaoinithe, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an
iarmhéid bhliantúil, nuair is infheidhme, agus íocaíocht an iarmhéid deiridh. 3. I gcás na bhfoirmeacha
tacaíochta faoi Airteagal 57(1)(b), (c) agus (d), measfar gur caiteachas
incháilithe iad méideanna a íoctar leis an tairbhí. Airteagal 68
Comhrialacha maidir le
híocaíochtaí eatramhacha, íocaíocht an iarmhéid bhliantúil, nuair is iomchuí,
agus íocaíocht an iarmhéid deiridh a ríomh Déanfar na rialacha maidir le ríomh an mhéid a
aisíoctar i bhfoirm íocaíochtaí eatramhacha, íocaíocht an iarmhéid bhliantúil,
nuair is infheidhme, agus íocaíocht an iarmhéid deiridh a leagan síos
sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. Is feidhm den ráta
cómhaoinithe sonrach atá infheidhme maidir leis an gcaiteachas incháilithe a
bheidh sa mhéid sin. Airteagal 69
Iarrataí ar íocaíocht 1. Déanfar an nós imeachta
sonrach agus an fhaisnéis is gá a chur isteach maidir le hiarraidh ar íocaíocht
a leagan síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. 2. Soláthrófar san iarraidh ar
íocaíocht a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin an fhaisnéis uile is gá le go
bhféadfaidh an Coimisiún cuntais a tháirgeadh i gcomhréir le hAirteagal 61(2)
den Rialachán Airgeadais. Airteagal 70
Carnadh na n‑íocaíochtaí réamh‑mhaoinithe
agus na n‑íocaíochtaí eatramhacha 1. Ní bheidh iomlán carnach na n‑íocaíochtaí
réamh‑mhaoinithe agus na n‑íocaíochtaí eatramhacha agus an iarmhéid bhliantúil,
nuair is infheidhme, ag an gCoimisiún, níos mó ná 95 % den ranníocaíocht ó
na Cistí CSF leis an gclár. 2. Nuair a a bhainfear an
uasteorainn 95 % amach, leanfaidh na Ballstáit d’iarrataí ar íocaíocht a
tharchur chuig an gCoimisiún. Airteagal 71
Úsáid an euro Is in euro a ainmneofar na méideanna atá
leagtha amach i gcláir arna gcur isteach ag Ballstáit, i réamh‑mheastacháin ar
chaiteachas, i ráitis chaiteachais, in iarrataí ar íocaíocht, i gcuntais
bhliantúla agus an caiteachas atá luaite sna tuarascálacha bliantúla agus
deiridh ar chur chun feidhme. Airteagal 72
Réamh‑mhaoiniú tosaigh a íoc 1. I ndiaidh an chinnidh ón
gCoimisiún lena nglactar an clár, íocfaidh an Coimisiún méid réamh‑mhaoinithe
tosaigh le haghaidh na tréimhse clárúcháin ar fad. Déanfar an méid réamh‑mhaoinithe
tosaigh a íoc i dtráthchodanna i gcomhréir le riachtanais bhuiséadacha. Déanfar
na tráthchodanna a shainiú sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. 2. Ní úsáidfear réamh‑mhaoiniú
ach chun íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe i gcur chun feidhme an chláir.
Déanfar é a chur ar fáil gan mhoill don údarás atá freagrach chun na críche
sin. Airteagal 73
Réamh‑mhaoiniú tosaigh a
imréiteach Déanfar an méid arna íoc mar réamh‑mhaoiniú
tosaigh a imréiteach go hiomlán ó chuntais an Choimisiúin tráth a ndúntar an
clár ar a dhéanaí. Airteagal 74
An spriocdháta le haghaidh
íocaíochta a bhriseadh 1. Féadfar go mbrisfidh an t‑oifigeach
um údarú an spriocdháta chun éileamh ar íocaíocht eatramhach a dhéanamh de réir
bhrí an Rialacháin Airgeadais le haghaidh tréimhse naoi mí ar a mhéad más rud
é: (a)
go bhfuil fianaise ann, i ndiaidh faisnéis a bheith
curtha ar fáil ag comhlacht iniúchóireachta náisiúnta nó comhlacht
iniúchóireachta an Aontais, a thugann le fios go bhfuil easnamh suntasach ann i
bhfeidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe; (b)
go bhfuil ar an oifigeach um údarú, trí
tharmligean, tabhairt faoi fhíoruithe breise i ndiaidh faisnéis a bheith tugtha
ar a aird á chur in iúl dó go mbaineann neamhrialtacht ba chúis le hiarmhairtí
airgeadais tromchúiseacha le hiarraidh ar íocaíocht; (c)
go mainnítear ceann de na doiciméid a cheanglaítear
faoi Airteagal 75(1) a chur isteach. 2. Féadfaidh an t‑oifigeach um
údarú, trí tharmligean, an chuid sin den chaiteachas atá cumhdaithe ag an
éileamh ar íocaíocht a ndéanann na gnéithe dá dtagraítear i mír 1 difear dó a
bhriseadh agus an chuid sin amháin. Cuirfidh an t‑oifigeach um údarú, trí
tharmligean, in iúl don Bhallstát agus don údarás bainistíochta láithreach
faoin gcúis leis an mbriseadh agus iarrfaidh sé orthu an cás a leigheas.
Cuirfidh an t‑oifigeach um údarú, trí tharmligean, deireadh leis an mbriseadh a
luaithe a dhéanfar na bearta go léir is gá. CAIBIDIL II
Imréiteach cuntas agus ceartuithe airgeadais Airteagal 75
Faisnéis a chur isteach 1. Faoin 1 Feabhra den bhliain i
ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta, cuirfidh an Ballstát na doiciméid
agus an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le
[hAirteagal 56] den Rialachán Airgeadais: (a)
cuntais bhliantúla dheimhnithe na gcomhlachtaí
ábhartha atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 64; (b)
an dearbhú urrúis bhainistíochta maidir le
hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil, dea-fheidhmiú na
gcóras rialaithe inmheánaigh, dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart
bunúsach, agus urramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais; (c)
tuarascáil achomair na n‑iniúchtaí agus ar na
rialuithe uile a cuireadh i gcrích, lena n‑áirítear anailís ar laigí
sistéamacha nó athfhillteacha, agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh nó
atá beartaithe; (d)
tuairim iniúchóra ón gcomhlacht neamhspleách
iniúchóireachta atá ainmnithe ar an dearbhú urrúis bhainistíochta ina
gcumhdaítear iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil,
dea-fheidhmiú na gcóras rialaithe inmheánaigh, dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart
bunúsach, agus urramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, agus
tuarascáil ar rialú ina leagtar amach na torthaí ar iniúchtaí a rinneadh maidir
leis an mbliain airgeadais atá cumhdaithe sa tuairim. 2. Ar iarratas ón gCoimisiún,
soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise ar fad is gá don Choimisiún. Mura
gcuireann Ballstát an fhaisnéis arna hiarraidh ar fáil faoin spriocdháta a
bheidh socraithe ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh ar
imréiteach na gcuntas a bhunú ar an bhfaisnéis atá ina sheilbh. 3. Faoin [15 Feabhra] den
bhliain i ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta, cuirfidh an Ballstát
tuarascáil achomhair faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an bhfomhír
dheireanach [d'Airteagal 56(5)] den Rialachán Airgeadais. Airteagal 76
Imréiteach cuntas 1. Faoin 30 Aibreán den bhliain
i ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta, déanfaidh an Coimisiún, i
gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, cinneadh ar
imréiteach chuntais na gcomhlachtaí ábhartha a creidiúnaíodh de bhun Airteagal
64 maidir le gach clár. Cumhdóidh an cinneadh ar imréiteach iomláine, cruinneas
agus fírinneacht na gcuntas bliantúil arna gcur isteach agus ní dhéanfaidh sé
dochar d’aon cheartuithe airgeadais ina dhiaidh sin. 2. Beidh na nósanna imeachta
maidir le himréiteach bliantúil leagtha síos sna rialacha a bhaineann go
sonrach leis na Cistí. Airteagal 77
Ceartuithe airgeadais ag an
gCoimisiún 1. Déanfaidh an Coimisiún
ceartuithe airgeadais trí ranníocaíocht iomlán an Aontais nó cuid di leis an
gclár a chur ar ceal agus an méid a ghnóthú ón mBallstát d’fhonn é a eisiamh ó
chaiteachas maoinithe an Aontais atá ag sárú an dlí náisiúnta agus dhlí an
Aontais is infheidhme, lena n‑áirítear maidir le heasnaimh i gcórais
bhainistíochta agus rialaithe na mBallstát atá aimsithe ag an gCoimisiún nó ag
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. 2. De dheasca dlí náisiúnta nó
dlí an Aontais is infheidhme a bheith sáraithe, déanfar ceartú airgeadais i
gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas: (a)
tá tionchar, nó d’fhéadfadh tionchar a bheith, ag
an sárú ar roghnú oibríochta ag comhlacht atá freagrach as tacaíocht ó na Cistí
CSF; (b)
tá baol ann go bhfuil tionchar, nó go bhféadfadh
tionchar a bheith, ag an sárú ar mhéid an chaiteachais atá dearbhaithe le
haisíoc le buiséad an Aontais. 3. Cuirfidh an Coimisiún san
áireamh, agus cinneadh á dhéanamh aige faoi mhéid an cheartaithe airgeadais
faoi mhír 1, cineál agus tromaíocht an tsáraithe ar dhlí náisiúnta nó ar dhlí
an Aontais is infheidhme agus na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis do
bhuiséad an Aontais. 4. Beidh na critéir agus na
nósanna imeachta maidir le ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm leagtha síos
sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.
Caibidil III
Saoradh Airteagal 78
Na prionsabail 1. Cuirfear gach clár faoi réir
nós imeachta um shaoradh arna bhunú ar an mbonn go ndéanfar na méideanna atá
nasctha le ceangaltas nach bhfuil cumhdaithe ag réamh‑mhaoiniú ná ag iarraidh
ar íocaíocht laistigh de thréimhse shainithe a shaoradh. 2. Déanfar an ceangaltas a
bhaineann leis an mbliain dheireanach i dtréimhse a shaoradh i gcomhréir leis
na rialacha maidir le dúnadh na gclár. 3. Beidh cur i bhfeidhm beacht
riail an tsaortha maidir le gach Ciste CSF faoi leith sonraithe sna rialacha a
bhaineann go sonrach leis na Cistí. 4. Saorfar an chuid sin de na
ceangaltais a bheidh fós oscailte i gcás nach bhfuil ceann de na doiciméid a
cheanglaítear don dúnadh curtha faoi bhráid an Choimisiúin faoi na spriocdhátaí
atá leagtha síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. Airteagal 79
Eisceacht ón saoradh 1. Déanfar an méid a mbaineann
an saoradh leis a laghdú de réir na méideanna nach raibh an comhlacht atá
freagrach in ann a dhearbhú don Choimisiún i ngeall ar na nithe seo a leanas: (a) oibríochtaí a cuireadh ar fionraí trí nós
imeachta dlíthiúil nó trí achomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fhionraitheach
aige; nó (b) cúiseanna force majeure a dhéanann
difear tromchúiseach do chur chun feidhme an chláir nó cuid de. Léireoidh na
húdaráis náisiúnta a mhaíonn go raibh force majeure ann tionchar díreach
an force majeure ar chur chun feidhme an chláir go léir nó cuid de. Féadfar an laghdú a iarraidh uair amháin más rud é
gur mhair an fhionraíocht nó an force majeure suas le bliain amháin, nó
roinnt uaireanta ag comhfhreagairt d’fhad thréimhse an force majeure nó
do na blianta idir an dáta a rinneadh an cinneadh dlíthiúil nó riaracháin lenar
fionraíodh cur chun feidhme na hoibríochta agus an dáta a rinneadh an cinneadh
deireanach dlíthiúil nó riaracháin. 2. Faoin 31 Eanáir, cuirfidh an
Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún faoi na heisceachtaí dá dtagraítear i mír
1 i dtaobh an mhéid atá le dearbhú faoi dheireadh na bliana roimhe sin. Airteagal 80
Nós imeachta 1. Cuirfidh an Coimisiún in iúl
don Bhallstát agus don údarás bainistíochta in am trátha gach uair a bhfuil
baol ann saoradh a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 78. 2. Ar bhonn na faisnéise atá
aige ar an 31 Eanáir, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát agus don
údarás bainistíochta méid an tsaortha a thig ón bhfaisnéis ina sheilbh. 3. Beidh dhá mhí ag an mBallstát
le haontú leis an méid a bheidh le saoradh nó lena bharúlacha a chur isteach. 4. Faoin 30 Meitheamh, cuirfidh
an Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin plean maoinithe athbhreithnithe ina
léireofar don bhliain airgeadais lena mbaineann méid laghdaithe na tacaíochta
thar thosaíocht amháin nó níos mó den chlár. Mura gcuirtear isteach é,
athbhreithneoidh an Coimisiún an plean maoinithe tríd an ranníocaíocht ó na
Cistí CSF a laghdú don bhliain airgeadais lena mbaineann. Déanfar an laghdú sin
a leithdháileadh ar gach tosaíocht go comhréireach. 5. Déanfaidh an Coimisiún an
cinneadh lena nglactar an clár a leasú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme,
tráth nach déanaí ná an 30 Meán fómhair. CUID A TRÍ
FORÁLACHA GINEARÁLTA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN CFRE, AN CSE AGUS AN CC TEIDEAL I
CUSPÓIRÍ AGUS AN CREAT AIRGEADAIS
CAIBIDIL I
Misean, spriocanna agus cuimsiú geografach na tacaíochta Airteagal 81
Misean agus spriocanna 1. Rannchuideoidh na Cistí le
forbairt agus saothrú ghníomhaíochtaí an Aontais ar mhaithe lena chomhtháthú
eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú de réir Airteagal 174 den
Chonradh. Rannchuideoidh na gníomhaíochtaí a fhaigheann
tacaíocht ó na Cistí le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe
agus cuimsitheach. 2. Chuige sin, saothrófar na
spriocanna seo a leanas: (a) Beidh 'Infheistíocht le haghaidh fáis
agus post' i mBallstáit agus i réigiúin, i dteideal tacaíocht a fháil ó na
Cistí go léir; agus (b) Beidh ‘comhar críochach Eorpach’ i
dteideal tacaíocht a fháil ón CFRE. Airteagal 82
Infheistíocht le haghaidh
fáis agus post 1. Tacóidh na Cistí
Struchtúracha leis an sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ i ngach
réigiún a chomhfhreagraíonn do leibhéal 2 den aicmiú coiteann d’aonaid
chríochacha ar mhaithe le staidreamh (dá ngairtear ‘leibhéal NUTS 2’ anseo
feasta) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003. 2. Déanfar acmhainní maidir leis
an sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ a leithdháileadh i measc
na dtrí chatagóir réigiún de leibhéal NUTS 2: (a)
réigiúin bheagfhorbartha, ag a bhfuil OTI per
capita faoi bhun 75 % de mheán‑OTI an AE-27; (b)
réigiúin trasdula, ag a bhfuil OTI per capita idir
75 % agus 90 % de mheán‑OTI an AE-27; (c)
réigiúin níos forbartha, ag a bhfuil OTI per capita
os cionn 90 % de mheán‑OTI an AE-27. Déantar na trí chatagóir réigiún a chinneadh de
réir mar a bhaineann a OTI per capita le meán‑OTI an AE-27 le haghaidh na
tréimhse tagartha céanna, arna thomhas de réir paireachtaí cumhachta ceannaigh
agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2006 go
2008. 3. Na Ballstáit sin ar lú a n‑ollioncam
náisiúnta (OIN) per capita ná 90 % de mheán‑OIN an AE-27 per capita le
haghaidh na tréimhse tagartha céanna, arna thomhas de réir paireachtaí
cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh
na tréimhse 2007 go 2009, tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leo. Na Ballstáit atá incháilithe chun cistiú a fháil
ón gCiste Comhtháthaithe in 2013, ach ar mó a OIN ainmniúil per capita ná
90 % de mheán‑OIN per capita an AE-27 arna ríomh faoin gcéad fhomhír,
gheobhaidh siad tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe ar bhonn trasdula agus
sonrach. 4. Díreach i ndiaidh theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomh cur
chun feidhme, ina leagfar amach liosta de na réigiúin a chomhallann critéir na
dtrí chatagóir réigiún dá dtagraítear i mír 2 agus de na Ballstáit a chomhallann
critéir mhír 3. Beidh an liosta seo bailí ón 1 Eanáir 2014 go dtí an
31 Nollaig 2020. 5. In 2017, déanfaidh an
Coimisiún athbhreithniú ar incháilitheacht na mBallstát i leith an Chiste
Comhtháthaithe ar bhonn figiúirí OIN an Aontais i leith an AE-27 sa tréimhse
idir 2013 agus 2015. Na Ballstáit sin ar mó a OIN ainmniúil per capita ná
90 % de mheán‑OIN per capita an AE-27, gheobhaidh siad tacaíocht ón gCiste
Comhtháthaithe ar bhonn trasdula agus sonrach.
CAIBIDIL II
Creat airgeadais Airteagal 83
Acmhainní foriomlána 1. EUR 338 993 760 032336 020 492 848 de réir phraghsanna 2011 a bheidh sna
hacmhainní foriomlána a bheidh ar fáil le haghaidh ceangaltais bhuiséadaigh ó
na Cistí i leith na tréimhse 2014 go 2020, de réir an mhiondealaithe bhliantúil
a thaispeántar in Iarscríbhinn III. Chun críocha cláraithe
agus áirimh ina dhiaidh sin i mbuiséad ginearálta an Aontais, déanfar méid na n‑acmhainní
foriomlána a innéacsú de réir 2 % in aghaidh na bliana. 2. Glacfaidh an Coimisiún
cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach miondealú
bliantúil na n‑acmhainní foriomlána de réir Ballstáit, gan dochar do mhír 3 den
Airteagal seo agus d’Airteagal 84(7). 3. Déanfar 0,35 % de na
hacmhainní foriomlána a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón
gCoimisiún. Airteagal 84
Acmhainní maidir le
hInfheistíocht le haghaidh fáis agus post agus le haghaidh comhair chríochaigh
Eorpaigh 1. Is éard a bheidh sna
hacmhainní maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 96,5096,52 % de na
hacmhainní foriomlána (i.e., iomlán EUR 327 115 655 850324 320 492 844) agus leithdháilfear iad
mar a leanas: (a)
50,13 48,25 % (i.e., iomlán EUR 163 560 715 122162 589 839 384) le haghaidh réigiún beagfhorbartha;
(b)
12,0110,76 % (i.e., iomlán
EUR 36 471 144 19038 951 564 661) le haghaidh réigiún trasdula; (c)
16,39 16,35 % (i.e.,
iomlán EUR 55 419 403 116 53 142 922 017) le haghaidh réigiún níos forbartha; (d)
21,19 20,87 % (i.e.,
iomlán EUR 70 739 863 59968 710 486 782) le haghaidh Ballstát a fhaigheann
tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe; (e)
0,29 0,27 % (i.e., iomlán EUR 924 529 823925 680 000)
mar mhaoiniú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí arna sainaithint in
Airteagal 349 den Chonradh agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhallann na
critéir atá leagtha síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a
ghabhann le Conradh Aontachais na hOstaire, na Fionlainne agus na Sualainne. Gach réigiún a bhfuil a OTI per capita don
tréimhse 2007-2013 níos ísle ná 75 % de mheán an AE-25 don tréimhse
tagartha ach a bhfuil a OTI per capita os cionn 75 % de mheán‑OTI an
AE-27, gheobhaidh siad leithdháileadh faoi na Cistí Struchtúracha a bheidh
cothrom le dhá thrian, ar a laghad, dá leithdháileadh sa tréimhse 2007-2013. 2. Is iad seo a leanas na
critéir a úsáidfear sa mhiondealú de réir Ballstáit: (a)
daonra incháilithe, rathúnas réigiúnach, rathúnas
náisiúnta agus ráta dífhostaíochta i gcás réigiún beagfhorbartha agus réigiún
trasdula; (b)
daonra incháilithe, rathúnas réigiúnach, ráta
dífhostaíochta, ráta fostaíochta, leibhéal oideachais agus dlús daonra i gcás
réigiún níos forbartha; (c)
daonra, rathúnas náisiúnta agus achar dromchla i
gcás an Chiste Comhtháthaithe. 3. Déanfar 25 % ar a laghad
d’acmhainní na gCistí Struchtúracha le haghaidh réigiún beagfhorbartha,
40 % le haghaidh réigiún trasdula agus 52 % le haghaidh réigiún níos
forbartha i ngach Ballstát a leithdháileadh ar an CSE. Chun críocha na forála
seo, glacfar leis gur cuid den sciar de na Cistí Struchtúracha a leithdháiltear
ar an CSE atá sa tacaíocht a fhaigheann Ballstát tríd an [ionstraim maidir le
bia do na daoine is díothaí]. 4. EUR 10 000 000 000
a bheidh sa tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe le haghaidh bonneagair iompair
faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomh cur chun
feidhme, ina leagfar amach an méid a bheidh le haistriú ó leithdháileadh gach
Ballstáit den Chiste Comhtháthaithe i leith na tréimhse iomláine. Déanfar
leithdháileadh gach Ballstáit den Chiste Comhtháthaithe a laghdú dá réir sin. Déanfar na leithreasaí bliantúla a
chomhfhreagraíonn don tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe atá luaite sa chéad
fhomhír a iontráil i línte buiséid ábhartha na Saoráide um Chónascadh na hEorpa
amhail ó chleachtadh buiséid 2014. Déanfar an tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe faoin
tSaoráid ‘Nascadh na hEorpa' a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal [13]
de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 lena mbunaítear an tSaoráid ‘Nascadh na
hEorpa’[29]
maidir leis na tionscadail atá liostaithe in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an
Rialachán sin, agus tabharfar an tosaíocht is mó is féidir do thionscadail a
urramaíonn na leithreasaí náisiúnta faoin gCiste Comhtháthaithe. 5. EUR 2 500 000 000 a bheidh sa
tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha le haghaidh [bia do na daoine is díothaí]
faoi Infheistíocht le haghaidh Fáis agus Post. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomh cur
chun feidhme, ina leagfar amach an méid a bheidh le haistriú ó leithdháileadh
gach Ballstáit de na Cistí Struchtúracha i leith na tréimhse iomláine i ngach
Ballstát. Déanfar leithdháileadh gach Ballstáit de na Cistí Struchtúracha a
laghdú dá réir sin. Déanfar na leithreasaí bliantúla a
chomhfhreagraíonn don tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha atá luaite sa chéad
fhomhír a iontráil i línte buiséid ábhartha na hionstraime [maidir le bia do na
daoine is díothaí] amhail ó chleachtadh buiséid 2014. 6. Beidh 5 % de na
hacmhainní don sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ ina chúlchiste
feidhmíochta a leithdháilfear de réir Airteagal 20. 7. Leithdháilfear 0,2 %
d’acmhainní an CFRE don sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ ar
ghníomhaíochtaí nuálacha, ar thionscnamh ón gCoimisiún, i réimse na forbartha
uirbí inbhuanaithe. 8. 3,50 3,48 % de na hacmhainní foriomlána atá ar fáil le
haghaidh an cheangaltais bhuiséadaigh ó na Cistí don tréimhse 2014 go 2020
(i.e., iomlán EUR 11 878 104 18211 700 000 004) a bheidh sna hacmhainní le haghaidh sprioc
an chomhair chríochaigh Eorpaigh. Airteagal 85
Neamh‑inaistritheacht
acmhainní 1. Ní bheidh na leithreasaí
iomlána arna leithdháileadh ar gach Ballstát maidir le réigiúin
bheagfhorbartha, réigiúin trasdula agus réigiúin níos forbartha inaistrithe
idir gach ceann de na catagóirí réigiún sin. 2. De mhaolú ar mhír 1,
féadfaidh an Coimisiún, in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le
cur chun feidhme cuspóra théamaigh amháin nó níos mó, glacadh le togra ó
Bhallstát agus an Conradh Comhpháirtíochta á chur isteach den chéad uair aige
chun suas le 2 % den leithreasú iomlán le haghaidh catagóire réigiún a
aistriú go dtí catagóirí réigiún eile. Airteagal 86
Breisíocht 1. Chun críocha an
Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: (1)
ciallaíonn ‘caiteachas struchtúrach poiblí nó
coibhéiseach’ Ollfhoirmiú Caipitil Sheasta an Rialtais Ghinearálta arna
thuairisciú sna Cláir Chobhsaíochta agus sna Cláir um Chóineasú arna n‑ullmhú
ag na Ballstáit de réir Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle[30] d’fhonn a straitéis
bhuiséadach mheántéarmach a thíolacadh; (2)
ciallaíonn ‘sócmhainní seasta’ gach sócmhainn
inláimhsithe nó doláimhsithe arna táirgeadh mar aschur ó phróisis táirgthe agus
a úsáidtear arís agus arís eile, nó ar bhonn leanúnach, i bpróisis táirgthe ar
feadh tréimhse níos faide ná bliain amháin; (3)
ciallaíonn ‘Ollfhoirmiú Caipitil Sheasta’[31] na sócmhainní seasta uile, lúide
diúscairtí, arna bhfáil ag na táirgeoirí cónaitheacha mar éadálacha le linn
tréimhse áirithe móide breiseanna áirithe ar luach sócmhainní neamhtháirgthe
arna réadú trí ghníomhaíocht táirgthe táirgeora nó trí ghníomhaíocht táirgthe
aonad institiúideach; (4)
ciallaíonn ‘rialtas ginearálta’ iomlán na n‑aonad
institiúideach a tháirgeann seirbhísí neamh‑mhargaidh den chuid is mó
(b’fhéidir earraí) lena dtomhailt ar bhonn aonair nó comhchoiteann agus a
athdháileann ioncam agus rachmas anuas ar a bhfreagrachtaí polaitiúla agus a
ról maidir le rialú eacnamaíoch a chomhlíonadh[32]. 2. Ní ghabhfaidh tacaíocht ó na
Cistí a tugtar do Infheistíocht le haghaidh fáis agus post ionad an
chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh ag Ballstát. 3. Déanfaidh Ballstáit leibhéal
de chaiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach a chothabháil ar feadh na
tréimhse 2014-2020 a bheidh cothrom ar a laghad leis an leibhéal tagartha arna
shocrú sa Chonradh Comhpháirtíochta. Déanfar an leibhéal tagartha de chaiteachas
struchtúrach poiblí nó coibhéiseach ar an meán in aghaidh na bliana i leith na
mblianta 2014-2020 a shocrú sa Chonradh Comhpháirtíochta, ar bhonn fhíorú ex
ante an Choimisiúin ar an bhfaisnéis arna cur isteach sa Chonradh
Comhpháirtíochta, ag féachaint do mheánleibhéal an chaiteachais struchtúraigh
phoiblí nó choibhéisigh in aghaidh na bliana sa tréimhse 2007-2013. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na dálaí
maicreacnamaíocha ginearálta mar aon le himthosca sonracha nó eisceachtúla a
chur san áireamh, amhail príobháidithe nó leibhéal eisceachtúil de chaiteachas
struchtúrach poiblí nó coibhéiseach ag Ballstát sa tréimhse 2007-2013. Ina
theannta sin, déanfaidh siad athruithe sna leithdháiltí náisiúnta ó na Cistí
Struchtúracha a chur san áireamh, i gcomparáid leis na blianta 2007-2013. 4. Ní dhéanfar fíorú i dtaobh an
ndearnadh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh faoi
sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a chothabháil ar feadh na
tréimhse ach amháin sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha
agus réigiúin trasdula 15 % ar a laghad den daonra iomlán. Déanfar an fíorú ar an leibhéal náisiúnta sna
Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin trasdula
70 % ar a laghad den daonra. Déanfar an fíorú ar an leibhéal náisiúnta agus
réigiúnach sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha agus
réigiúin trasdula níos mó ná 15 % agus níos lú ná 70 % den daonra.
Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit sin faisnéis a chur ar fáil don
Choimisiún maidir leis an gcaiteachas sna réigiúin bheagfhorbartha agus sna
réigiúin trasdula ag gach céim den phróiseas fíorúcháin. 5. Déanfar an fíorú i dtaobh an
ndearnadh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh faoi
sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a chothabháil an tráth a
chuirfear an Conradh Comhpháirtíochta isteach (fíorú ex ante), in 2018
(fíorú meántéarma), agus in 2022 (fíorú ex post). Tá na rialacha mionsonraithe a bhaineann le fíorú
na breisíochta leagtha amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IVII. 6. Má shuíonn an Coimisiún i
bhfíorú ex post nach ndearna Ballstát an leibhéal tagartha de
chaiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach faoi sprioc na hInfheistíochta
le haghaidh fáis agus post arna leagan amach sa Chonradh Comhpháirtíochta faoi
mar ata leagtha amach in Iarscríbhinn IVIIa chothabháil,
féadfaidh an Coimisiún ceartú airgeadais a dhéanamh. Agus cinneadh á dhéanamh
faoinar cheart nó nár cheart ceartú airgeadais a dhéanamh, cuirfidh an
Coimisiún san áireamh ar athraigh staid eacnamaíoch an Bhallstáit go suntasach
i ndiaidh an fhíoraithe mheántéarma agus ar cuireadh an t‑athrú san áireamh ag
an am. Tá na rialacha mionsonraithe a bhaineann le rátaí ceartaithe airgeadais
leagtha amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn IVII. 7. Ní bheidh feidhm ag
míreanna 1 go 6 maidir le cláir oibríochtúla faoi sprioc an chomhair
chríochaigh Eorpaigh. TEIDEAL II
CLÁRÚ CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta maidir leis na Cistí Airteagal 87
Inneachar agus glacadh clár
oibríochta faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 1. Is aiseanna tosaíochta atá i
gclár oibríochta. Bainfidh ais tosaíochta le haon Chiste amháin maidir le
catagóir réigiún agus comhfhreagróidh sí, gan dochar d’Airteagal 52, do
chuspóir téamach agus beidh tosaíocht infheistíochta amháin nó níos mó de chuid
an chuspóra théamaigh sin inti, i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go
sonrach leis na Cistí. I gcás an CSE, féadfar tosaíochtaí infheistíochta ó
chuspóirí téamacha éagsúla arna leagan amach in Airteagal 9(8), (9), (10)
agus (11) a chomhcheangal in ais tosaíochta ionas gur féidir leis na
tosaíochtaí sin rannchuidiú le haiseanna tosaíochta eile, in imthosca a bhfuil
údar cuí leo. 2. Leagfar an méid seo a leanas
amach i gclár oibríochta: (a)
straitéis maidir le rannchuidiú an chláir
oibríochtúil le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus
cuimsitheach, lena n‑áirítear: (i) sainaithint riachtanas lena dtugtar
aghaidh ar na dúshláin a aithníodh sna moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha
faoi Airteagal 121(2) agus moltaí na Comhairle arna nglacadh faoi
Airteagal 148(4) den Chonradh, ag cur na dtreoirlínte comhtháite agus
sainiúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha san áireamh; (ii) cosaint na gcuspóirí téamacha agus na
dtosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha a roghnaíodh, ag féachaint don
Chonradh Comhpháirtíochta agus do thorthaí na meastóireachta ex ante; (b)
le haghaidh gach aise tosaíochta ar leith: (i) na tosaíochtaí infheistíochta agus na
cuspóirí sonracha comhfhreagracha; (ii) táscairí sonracha agus coiteanna ar
thorthaí agus ar aschur, mar aon le luach bonnlíne agus luach sprice
cainníochtaithe nuair is iomchuí, i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go
sonrach leis na Cistí; (iii) tuairisc ar ghníomhaíochtaí a bhfuil
tacaíocht le fáil acu, lena n‑áirítear na spriocghrúpaí príomha, na críocha
sonracha ar díríodh orthu mar aon le cineálacha na dtairbhithe, nuair is
iomchuí, agus úsáid bheartaithe na n‑ionstraimí airgeadais a shainaithint; (iv) na catagóirí comhfhreagracha
idirghabhála bunaithe ar ainmníocht arna glacadh ag an gCoimisiún, trí
ghníomhartha cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 143(3) agus miondealú táscach ar na hacmhainní
atá cláraithe; (c)
a mhéid a rannchuidítear leis an gcur chuige
comhtháite maidir le forbairt chríochach arna leagan amach sa Chonradh
Comhpháirtíochta, lena n‑áirítear: (i) na meicníochtaí lena n‑áirithítear
comhordú idir na Cistí, an CETFT, an CEMI agus ionstraimí cistiúcháin náisiúnta
agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais, agus leis an BEI; (ii) nuair is iomchuí, cur chuige comhtháite
pleanáilte i leith fhorbairt chríochach na limistéar uirbeach, tuaithe, cósta
agus iascaigh agus na limistéar lena mbaineann sainghnéithe críochacha áirithe,
go háirithe na socruithe cur chun feidhme maidir le hAirteagal 28 agus
Airteagal 29; (iii) liosta na gcathracha ina gcuirfear
gníomhaíochtaí comhtháite maidir le forbairt uirbeach inbhuanaithe chun
feidhme, an leithdháileadh bliantúil táscach de thacaíocht ón CFRE le haghaidh
na ngníomhaíochtaí sin, lena n‑áirítear na hacmhainní arna dtarmligean chuig
cathracha lena mbainistiú faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh.
[...] [CFRE] agus an leithdháileadh bliantúil táscach de thacaíocht ón CSE le
haghaidh gníomhaíochtaí comhtháite; (iv) na limistéir ina gcuirfear forbairt
áitiúil faoi stiúir an phobail chun feidhme a shainaithint; (v) na socruithe maidir le gníomhaíochtaí
idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta le tairbhithe atá lonnaithe i mBallstát
amháin eile ar a laghad; (vi) nuair is iomchuí, a mhéid a
rannchuidíonn na hidirghabhálacha atá beartaithe le straitéisí
macrairéigiúnacha agus le straitéisí um imchuacha farraige; (d)
a mhéid a rannchuidítear leis an gcur chuige
comhtháite atá leagtha amach sa Chonradh Comhpháirtíochta chun aghaidh a
thabhairt ar riachtanais shonracha na limistéar geografach is mó a mbaineann an
bhochtaineacht leo nó na spriocghrúpaí is mó atá i mbaol idirdhealaithe nó
eisiaimh, agus aird faoi leith á tabhairt ar phobail imeallaithe, agus an
leithdháileadh táscach airgeadais; (e)
socruithe d’fhonn cur chun feidhme éifeachtach na
gCistí a áirithiú, lena n‑áirítear: (i) creat feidhmíochta i gcomhréir le
hAirteagal 19(1); (ii) maidir le gach coinníollacht ex ante,
arna bunú i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, nach mbeidh
comhlíonta ar an dáta a chuirfear an Conradh Comhpháirtíochta agus an clár
oibríochta isteach, tuairisc ar na gníomhaíochtaí chun an choinníollacht ex
ante a chomhlíonadh agus tráthchlár do na gníomhaíochtaí sin; (iii) na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na
comhpháirtithe a tharraingt isteach in ullmhú an chláir oibríochtúil, agus ról
na gcomhpháirtithe maidir le cur chun feidhme an chláir oibríochtúil agus
faireachán agus meastóireacht a dhéanamh air; (f)
socruithe chun cur chun feidhme éifeachtach na
gCistí a áirithiú, lena n‑áirítear: (i) úsáid bheartaithe an chúnaimh theicniúil
lena n‑áirítear gníomhaíochtaí chun cumas riaracháin na n‑údarás agus na
dtairbhithe a threisiú leis an bhfaisnéis ábhartha dá dtagraítear i mír 2(b) le
haghaidh na haise tosaíochta lena mbaineann; (ii) measúnú ar an ualach riaracháin ar
thairbhithe agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun laghdú a bhaint amach
mar aon le spriocanna ag gabháil leo; (iii) liosta de na mórthionscadail arb é dáta
roimh an 1 Eanáir 2018 an dáta atá measta a thosóidh feidhmiú na
bpríomhoibreacha; (g)
plean maoinithe ina mbeidh dhá thábla: (i) tábla ina saineofar le haghaidh gach
bliana, i gcomhréir le hAirteagal 53, Airteagal 110 agus le
hAirteagal 111, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin atá beartaithe
don tacaíocht ó gach Ciste ar leith; (ii) tábla ina saineofar méid an
leithreasaithe airgeadais iomláin den tacaíocht ó na Cistí agus ón gcómhaoiniú
náisiúnta le haghaidh na tréimhse clárúcháin ar fad, maidir leis an gclár
oibríochta agus maidir le gach ais tosaíochta. Sa chás ina bhfuil an cómhaoiniú
náisiúnta comhdhéanta de chómhaoiniú poiblí agus príobháideach, beidh miondealú
táscach sa tábla idir na comhpháirteanna poiblí agus na comhpháirteanna
príobháideacha. Déanfar an rannpháirtíocht
atá beartaithe ón BEI a léiriú ann chun críocha faisnéise; (h)
na forálacha cur chun feidhme le haghaidh an chláir
oibríochtúil, ina sonrófar na nithe seo a leanas: (i) an comhlacht creidiúnúcháin, an t‑údarás
bainistíochta, an t‑údarás deimhniúcháin, nuair is iomchuí, agus an t‑údarás
iniúchóireachta; (ii) an comhlacht a ndéanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí leis a
shainaithint; 3. Beidh an méid seo a leanas ar
áireamh i ngach clár oibríochta, ach amháin na cláir sin ina dtugtar faoi
chúnamh teicniúil faoi chlár oibríochtúil sonrach: (i) tuairisc ar na gníomhaíochtaí sonracha
trína gcuirfear san áireamh, agus oibríochtaí á roghnú, ceanglais chosaint an
chomhshaoil, éifeachtúlacht acmhainní, maolú an athraithe aeráide, oiriúnú don
athrú aeráide, athléimneacht ó thubaistí agus cosc ar rioscaí maidir le hathrú
aeráide agus bainistíocht an athraithe aeráide; (ii) tuairisc ar na gníomhaíochtaí sonracha
chun comhdheiseanna a chur chun cinn agus idirdhealú ar bith bunaithe ar
inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar
mhíchumas, ar aois nó ar thrasuíomh gnéasach a chosc agus an clár oibríochta á
ullmhú, á cheapadh agus á chur chun feidhme agus go háirithe maidir le rochtain
ar chistiú, ag féachaint do riachtanais na spriocghrúpaí éagsúla atá i mbaol
idirdhealaithe den chineál sin, go háirithe na ceanglais chun inrochtaineacht
do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú; (iii) tuairisc ar a mhéid a rannchuidíonn sé
le cur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná agus, nuair is iomchuí, ar
na socruithe chun comhtháthú na gné inscne a áirithiú ar leibhéal an chláir
oibríochtúil agus ar leibhéal na hoibríochta. Déanfaidh na Ballstáit tuairim ó na comhlachtaí
comhionannais náisiúnta maidir leis na bearta arna leagan amach i bpointe (ii)
agus i bpointe (iii) a chur isteach in éineacht leis an togra le haghaidh cláir
oibríochtúla faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post. 4. Déanfaidh na Ballstáit an
clár oibríochta a dhréachtú de réir na samhla arna glacadh ag an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún an tsamhail sin a ghlacadh
trí ghníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin
i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in
Airteagal 143(2). 5. Déanfaidh an Coimisiún
cinneadh lena bhformheastar an clár oibríochta a ghlacadh trí ghníomhartha cur
chun feidhme. Airteagal 88
Comhthacaíocht ó na Cistí 1. Féadfaidh na Cistí tacaíocht
a thabhairt, ar bhonn comhpháirteach, do chláir oibríochtúla faoi sprioc na
hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post. 2. Maidir le cuid d’oibríocht a bhfuil na costais ina leith incháilithe le
haghaidh tacaíochta ó Chiste eile ar bhonn na rialacha incháilitheachta a
chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gCiste sin, féadfaidh an CFRE agus an CSE í
a mhaoiniú, ar bhealach comhlántach agus faoi réir teorann 5 % de mhaoiniú
ón Aontas maidir le gach ais tosaíochta de chlár oibríochtúil, ar an gcoinníoll
go bhfuil na costais sin riachtanach chun an oibríocht a chur chun feidhme go
sásúil agus go bhfuil baint dhíreach acu léi. 3. Ní bheidh feidhm ag
mír 1 agus mír 2 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh
Eorpaigh. Airteagal 89
Raon feidhme
geografach na gclár oibríochta faoi
sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post Ach amháin má chomhaontaítear a mhalairt idir
an Coimisiún agus an Ballstát, déanfar cláir oibríochtúla maidir leis an CFRE
agus an CSE a tharraingt suas ar an leibhéal geografach iomchuí agus ar NUTS
leibhéal 2 ar a laghad, i gcomhréir leis an gcóras institiúideach a bhaineann go
sonrach leis an mBallstát. Déanfar cláir oibríochtúla a bhfuil tacaíocht
acu ón gCiste Comhtháthaithe a tharraingt suas ar an leibhéal náisiúnta. CAIBIDIL II
Mórthionscadail Airteagal 90
Ábhar Mar chuid de chlár oibríochtúil nó de chláir
oibríochtúla, féadfar tacaíocht a fháil ón CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe i
leith oibríochta a chuimsíonn sraith oibreacha, gníomhaíochtaí nó seirbhísí atá
beartaithe inti féin cúram doroinnte de chineál beacht eacnamaíoch nó teicniúil
a chur i gcrích, ar cúram é lena ngabhann spriocanna atá sainaitheanta go
soiléir agus ar mó a chostas iomlán ná EUR 50 000 000 (‘mórthionscadal’).
Ní mheasfar gur mórthionscadail iad ionstraimí airgeadais. Airteagal 91
Faisnéis atá le cur faoi
bhráid an Choimisiúin 1. Déanfaidh an Ballstát nó an t‑údarás
bainistíochta an fhaisnéis seo a leanas faoi mhórthionscadail a chur faoi
bhráid an Choimisiúin a luaithe a bheidh an obair ullmhúcháin curtha i gcrích: (a)
faisnéis faoin gcomhlacht a bheidh freagrach as cur
chun feidhme an mhórthionscadail, agus faisnéis faoina acmhainní; (b)
tuairisc ar an infheistíocht agus faisnéis fúithi
agus faoina suíomh; (c)
an costas iomlán agus an costas incháilithe iomlán,
ag féachaint do cheanglais Airteagal 54; (d)
faisnéis faoi na staidéir indéantachta a rinneadh,
lena n‑áirítear anailís ar na roghanna, na torthaí agus athbhreithniú
neamhspleách ar cháilíocht; (e)
anailís chostais is tairbhe, lena n‑áirítear
anailís eacnamaíoch agus airgeadais, agus measúnú riosca; (f)
anailís ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus
riachtanais maidir le maolú um athrú aeráide agus oiriúnú dó, agus
athléimneacht ó thubaistí, á gcur san áireamh; (g)
an chomhsheasmhacht le haiseanna tosaíochta
ábhartha an chláir oibríochtúla nó na gclár oibríochta lena mbaineann, agus a
mhéid a mheastar go rannchuideoidh sí le sainchuspóirí na n‑aiseanna tosaíochta
sin a ghnóthú; (h)
an plean maoinithe ina léirítear na hacmhainní
airgeadais iomlána atá beartaithe agus an tacaíocht atá beartaithe ó na Cistí,
ón BEI, agus ó gach foinse maoinithe eile, mar aon le táscairí fisiciúla agus
airgeadais chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus na rioscaí
sainaitheanta á gcur san áireamh; (i)
an tráthchlár do chur chun feidhme an
mhórthionscadail agus, i gcás ina meastar go mbeidh an tréimhse cur chun
feidhme níos faide ná an tréimhse chláraithe, na céimeanna a n‑iarrtar
tacaíocht ó na Cistí ina leith i rith thréimhse chláraithe 2014 go 2020. Soláthróidh an Coimisiún treoraíocht tháscach
maidir leis an modheolaíocht atá le húsáid chun an anailís chostais is tairbhe
dá dtagraítear i bpointe (e) thuas a dhéanamh, i gcomhréir leis an nós imeachta
comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2). Is trí ghníomhartha cur chun feidhme a bhunófar
an fhormáid le haghaidh na faisnéise faoi mhórthionscadail atá le cur isteach i
gcomhréir leis an tsamhail arna glacadh ag an gCoimisiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós
imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2). 2. Beidh mórthionscadail arna
gcur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas ar áireamh sa liosta de na
mórthionscadail i gclár oibríochta. Déanfaidh an Ballstát nó an t‑údarás
bainistíochta an liosta a athbhreithniú dhá bhliain tar éis ghlacadh an chláir
oibríochtúil agus féadfar é a oiriúnú ar iarratas ón mBallstát i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 26(2), go háirithe chun
mórthionscadail a bhfuil a ndáta tosaithe measta roimh dheireadh 2022 a
áireamh. Airteagal 92
Cinneadh maidir le
mórthionscadal 1. Tabharfaidh an Coimisiún
breithmheas ar an mórthionscadal ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear in
Airteagal 91 d’fhonn a chinneadh an bhfuil údar maith leis an tacaíocht
atá beartaithe ó na Cistí. 2. Glacfaidh an Coimisiún
cinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, tráth nach déanaí ná trí mhí tar
éis an dáta a gcuirfear an fhaisnéis lena bhformheasfar mórthionscadal isteach
i gcomhréir le hAirteagal 91. Saineofar sa chinneadh sin an cuspóir
fisiciúil, an méid a mbeidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe don ais tosaíochta
maidir leis, táscairí fisiciúla agus airgeadais chun faireachán a dhéanamh ar
dhul chun cinn, agus a mhéid a mheastar a rannchuideoidh an mórthionscadal le
cuspóirí na haise nó na n‑aiseanna tosaíochta ábhartha sin a bhaint amach.
Beidh cinneadh formheasa coinníollach ar an gcéad chonradh oibreacha a bheith
tugtha i gcrích laistigh de dhá bhliain ó dháta an chinnidh. 3. I gcás ina ndiúltaíonn an
Coimisiún tacaíocht ó na Cistí a cheadú le haghaidh mórthionscadail, cuirfidh
sé na cúiseanna leis sin in iúl don Bhallstát laistigh den tréimhse atá leagtha
síos i mír 2. 4. Ní chuirfear caiteachas a
bhaineann le mórthionscadail ar áireamh in iarratais ar íocaíocht sula
nglacfaidh an Coimisiún cinneadh formheasa.
CAIBIDIL III
Comhphlean gníomhaíochta Airteagal 93
Raon feidhme 1. Is éard is comhphlean gníomhaíochta
ann oibríocht arna sainiú agus arna bainistiú i ndáil leis an aschur agus na
torthaí a bhainfidh sí amach. Tá grúpa tionscadal ann, gan bonneagar a
sholáthar, agus cuirtear i gcrích iad faoi fhreagracht an tairbhí, mar chuid de
chlár oibríochtúil nó de chláir oibríochtúla. Déanfaidh an Ballstát agus an
Coimisiún aschur agus torthaí comhphlean gníomhaíochta a chomhaontú agus
rannchuideoidh siad chun sainchuspóirí na gclár oibríochta a bhaint amach agus
beidh siad mar bhonn leis an tacaíocht ó na Cistí. Déanfar tagairt d’éifeachtaí
díreacha an chomhphlean gníomhaíochta sna torthaí. Beidh an tairbhí ina
chomhlacht corpraithe. Ní mheasfar gur mórthionscadail iad comhphleananna
gníomhaíochta. 2. Beidh EUR 10 000 000 ar
a laghad sa tacaíocht phoiblí arna leithdháileadh ar chomhphlean gníomhaíochta
nó 20 % de thacaíocht phoiblí an chláir oibríochtúil nó na gclár
oibríochta, cibé acu is lú. Airteagal 94
Comhphleananna gníomhaíochta
a ullmhú 1. Féadfaidh an Ballstát, an t‑údarás
bainistíochta nó comhlacht corpraithe ainmnithe ar bith togra le haghaidh
comhphlean gníomhaíochta a chur isteach an tráth céanna a chuirtear na cláir
oibríochtúla lena mbaineann isteach nó ina dhiaidh sin. Beidh na gnéithe go
léir dá dtagraítear in Airteagal 95 ar áireamh ann. 2. Cumhdóidh comhphlean
gníomhaíochta cuid den tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an
31 Nollaig 2022. Ní bhfaighfear aisíocaíocht de thoradh aschuir agus
torthaí comhphlean gníomhaíochta ach amháin má bhaintear amach iad tar éis
dháta an chinnidh formheasa maidir leis an gcomhphlean gníomhaíochta agus roimh
dheireadh na tréimhse cur chun feidhme atá sainithe. Airteagal 95
Ábhar na gcomhphleananna
gníomhaíochta Beidh an méid seo a leanas sa chomhphlean
gníomhaíochta: (1)
anailís ar riachtanais forbartha agus ar chuspóirí
lena dtugtar údar maith leis an gcomhphlean gníomhaíochta, agus cuirfear san
áireamh cuspóirí na gclár oibríochta agus, nuair is iomchuí, na moltaí a
bhaineann go sonrach le tíortha agus treoirlínte ginearálta bheartais
eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais faoi Airteagal 121(2) den
Chonradh agus moltaí na Comhairle a chuirfidh na Ballstáit san áireamh ina
mbeartais fostaíochta faoi Airteagal 148(4) den Chonradh; (2)
an creat ina ndéantar cur síos ar an gcaidreamh
idir cuspóirí ginearálta agus cuspóirí sonracha an chomhphlean gníomhaíochta,
na garspriocanna agus na spriocanna maidir le haschur agus torthaí, agus na
tionscadail nó na cineálacha tionscadal atá beartaithe; (3)
na táscairí coiteanna agus na táscairí sonracha
arna n‑úsáid chun faireachán a dhéanamh ar aschur agus ar thorthaí, nuair is
ábhartha, de réir aise tosaíochta; (4)
faisnéis faoi chuimsiú geografach agus faoi
spriocghrúpaí an chomhphlean gníomhaíochta; (5)
tréimhse cur chun feidhme measta an chomhphlean
gníomhaíochta; (6)
anailís ar éifeachtaí an chomhphlean gníomhaíochta
ar chur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná agus ar chosc ar
idirdhealú; (7)
anailís ar éifeachtaí an chomhphlean gníomhaíochta
ar chur chun cinn na forbartha inbhuanaithe, nuair is iomchuí; (8)
na forálacha cur chun feidhme i leith an
chomhphlean gníomhaíochta, lena n‑áirítear an méid seo a leanas: (a)
ainmniú an tairbhí a bheidh freagrach as cur chun
feidhme an chomhphlean gníomhaíochta, agus ráthaíochtaí á thabhairt ar a
inniúlacht sa réimse lena mbaineann chomh maith lena acmhainní riaracháin agus
bainistíochta airgeadais; (b)
na socruithe chun an comhphlean gníomhaíochta a
stiúradh, i gcomhréir le hAirteagal 97; (c)
na socruithe chun faireachán agus meastóireacht a
dhéanamh ar an gcomhphlean gníomhaíochta, lena n‑áirítear socruithe lena
ndeimhnítear cáilíocht, bailiú agus stóráil sonraí maidir le garspriocanna,
aschur agus torthaí a bhaint amach; (d)
na socruithe lena n‑áirithítear go scaipfear
faisnéis agus ábhar cumarsáide faoin gcomhphlean gníomhaíochta agus faoi na
Cistí; (9)
socruithe airgeadais an chomhphlean gníomhaíochta,
lena n‑áirítear an méid seo a leanas: (a)
na costais a bheidh i gceist chun garspriocanna,
spriocanna aschuir agus torthaí a bhaint amach ag féachaint do phointe (2),
bunaithe ar na modhanna atá leagtha amach in Airteagal 57(4) agus in
Airteagal 14 de Rialachán CSE; (b)
sceideal táscach na n‑íocaíochtaí leis an tairbhí
atá nasctha leis na garspriocanna agus na spriocanna; (c)
an plean maoinithe de réir cláir oibríochtúla, aise
tosaíochta, lena n‑áirítear an méid iomlán incháilithe agus tacaíocht an
phobail. Bunófar an fhormáid le haghaidh an chomhphlean
gníomhaíochta i gcomhréir leis an tsamhail arna glacadh ag an gCoimisiún, trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in
Airteagal 143(2). Airteagal 96
Cinneadh maidir leis an
gcomhphlean gníomhaíochta 1. Tabharfaidh an Coimisiún
breithmheas ar an gcomhphlean gníomhaíochta ar bhonn na faisnéise dá
dtagraítear in Airteagal 95 d’fhonn a chinneadh an bhfuil údar maith leis
an tacaíocht ó na Cistí. I gcás ina measann an Coimisiún, laistigh de thrí
mhí tar éis togra le haghaidh comhphlean gníomhaíochta a bheith curtha isteach,
nach gcomhlíonann sé riachtanais an bhreithmheasa, tabharfaidh sé barúlacha don
Bhallstát. Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá arna hiarraidh
ag an gCoimisiún agus, nuair is iomchuí, leasóidh sé an comhphlean
gníomhaíochta dá réir sin. 2. Ar an gcoinníoll gur cuireadh
aon bharúlacha a thug an Coimisiún san áireamh go cuí, glacfaidh sé cinneadh
maidir leis an gcomhphlean gníomhaíochta a fhormheas tráth nach déanaí ná sé
mhí tar éis don Bhallstát é a chur isteach, ach i ndiaidh na cláir oibríochtúla
lena mbaineann a bheith glactha. 3. Déanfar tairbhí agus cuspóirí
an chomhphlean gníomhaíochta, na garspriocanna agus na spriocanna aschuir agus
torthaí, na costais a bheidh i gceist leis na garspriocanna agus na spriocanna
aschuir agus torthaí sin a bhaint amach, agus an plean maoinithe de réir cláir
oibríochtúla agus aise tosaíochta, lena n‑áirítear an méid iomlán incháilithe
agus ranníocaíocht an phobail, tréimhse cur chun feidhme an chomhphlean
gníomhaíochta agus, nuair is ábhartha, cuimsiú geografach agus spriocghrúpaí an
chomhphlean gníomhaíochta, a thabhairt le fios sa chinneadh dá dtagraítear i
mír 2. 4. I gcás ina ndiúltaíonn an
Coimisiún tacaíocht ó na Cistí a cheadú le haghaidh comhphlean gníomhaíochta,
cuirfidh sé na cúiseanna leis sin in iúl don Bhallstát laistigh den tréimhse
atá leagtha síos i mír 2. Airteagal 97
Coiste stiúrtha agus leasú ar
an gcomhphlean gníomhaíochta 1. Bunóidh an Ballstát nó an t‑údarás
bainistíochta coiste stiúrtha le haghaidh an chomhphlean gníomhaíochta, a
bheidh ina choiste ar leithligh ó choiste faireacháin na gclár oibríochta.
Tiocfaidh an coiste stiúrtha le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad. Socróidh an Ballstát comhdhéanamh an choiste sin i
gcomhaontú leis an údarás bainistíochta agus tabharfar aird ar phrionsabal na
comhpháirtíochta. Féadfaidh an Coimisiún páirt a ghlacadh, i gcáil
comhairleora, in obair an choiste stiúrtha. 2. Déanfaidh an coiste stiúrtha
na gníomhaíochtaí seo a leanas: (a)
déanfaidh sé athbhreithniú ar an dul chun cinn atá
déanta maidir le garspriocanna, aschur agus torthaí an chomhphlean gníomhaíochta
a bhaint amach; (b)
togra ar bith chun leasú a dhéanamh ar an
gcomhphlean gníomhaíochta a mheas agus a fhormheas d’fhonn aon saincheisteanna
a dhéanfaidh difear dá fheidhmíocht a chur san áireamh. 3. Déanfar iarrataí ar
chomhphleananna gníomhaíochta a leasú, arna gcur isteach ag Ballstát, a
chuí-reasúnú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil údar maith
leis an iarraidh ar leasú, agus cuirfidh sé an fhaisnéis arna soláthar ag an
mBallstát san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt agus
soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise ar fad is gá don Choimisiún.
Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le hiarraidh ar leasú tráth nach déanaí
ná trí mhí i ndiaidh don Bhallstát í a chur faoina bhráid go foirmiúil, ar an
gcoinníoll go mbeidh aon bharúlacha a bheidh tugtha ag an gCoimisiún curtha san
áireamh go cuí. Tiocfaidh an leasú i bhfeidhm ar dháta an chinnidh, mura bhfuil
a mhalairt leagtha amach sa chinneadh. Airteagal 98 Bainistíocht
airgeadais agus rialú an chomhphlean gníomhaíochta 1. Déanfar íocaíochtaí le
tairbhí comhphlean gníomhaíochta a láimhseáil mar chnapshuimeanna nó mar scálaí
caighdeánacha de chostais aonaid. Ní bheidh feidhm ag an uasteorainn le
haghaidh cnapshuimeanna atá leagtha amach in Airteagal 57(1)(c). 2. Beidh bainistíocht
airgeadais, rialú agus iniúchadh an chomhphlean gníomhaíochta dírithe go
heisiach ar fhíorú a dhéanamh go bhfuil na coinníollacha maidir le híocaíochtaí
atá sainithe sa chinneadh lena bhformheastar an comhphlean gníomhaíochta
comhlíonta. 3. Féadfaidh an tairbhí agus na
comhlachtaí atá faoina fhreagracht a gcleachtais chuntasaíochta a chur i
bhfeidhm maidir le costais na n‑oibríochtaí cur chun feidhme. Ní bheidh na
cleachtais chuntasaíochta sin ná na costais arna dtabhú iarbhír ag an tairbhí
faoi réir a n‑inúchta ag an údarás iniúchóireachta ná ag an gCoimisiún.
CAIBIDIL IV Forbairt chríochach Airteagal 99
Infheistíocht chríochach
chomhtháite 1. I gcás ina gceanglaítear cur
chuige comhtháite lena ngabhann infheistíochtaí faoi ais tosaíochta amháin nó
níos mó de chlár oibríochtúil amháin nó níos mó le straitéis forbartha uirbí nó
le straitéis nó le comhshocrú críochach eile mar a shainítear in Airteagal
12(1) de Rialachán... [CSE], déanfar an ghníomhaíocht a chur i gcrích i bhfoirm
infheistíochta críochaí comhtháite (‘ICC’). 2. Sna cláir oibríochtúla
ábhartha, aithneofar na ICCanna atá beartaithe agus leagfar amach an
leithdháileadh táscach airgeadais ó gach ais tosaíochta le gach ICC. 3. Féadfaidh an Ballstát nó an t‑údarás
bainistíochta comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó a ainmniú, lena n‑áirítear
údaráis áitiúla, comhlachtaí forbartha réigiúnaí nó eagraíochtaí
neamhrialtasacha, chun ICC a bhainistiú agus a chur chun feidhme. 4. Áiritheoidh an Ballstát nó na
húdaráis bhainistíochta ábhartha go ndéantar foráil sa chóras faireacháin le
haghaidh an chláir oibríochtúil maidir le hoibríochtaí agus aschur de chuid
aise tosaíochta a rannchuidíonn le ICC a aithint.
TEIDEAL III
FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT, FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID CAIBIDIL I
Faireachán agus meastóireacht Airteagal 100
Feidhmeanna an choiste
faireacháin 1. Déanfaidh an coiste
faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú go háirithe: (a)
aon saincheisteanna a dhéanann difear
d’fheidhmíocht an chláir oibríochtúil; (b)
an dul chun cinn maidir leis an bplean
meastóireachta agus na bearta leantacha a dhéantar maidir le torthaí na
meastóireachtaí a chur chun feidhme; (c)
cur chun feidhme na straitéise cumarsáide; (d)
cur chun feidhme mórthionscadal; (e)
cur chun feidhme comhphleananna gníomhaíochta; (f)
gníomhaíochtaí chun comhionannas idir fir agus mná,
comhdheiseanna, agus neamh‑idirdhealú a chur chun cinn, lena n‑áirítear
inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas; (g)
gníomhaíochtaí chun forbairt inbhuanaithe a chur
chun cinn; (h)
gníomhaíochtaí sa chlár oibríochtúil a bhaineann le
comhlíonadh coinníollachtaí ex ante; (i)
ionstraimí airgeadais. 2. Déanfaidh an coiste
faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú agus a fhormheas: (a)
an mhodheolaíocht agus na critéir chun oibríochtaí
a roghnú; (b)
na tuarascálacha bliantúla agus na tuarascálacha
deiridh ar chur chun feidhme; (c)
an plean meastóireachta le haghaidh an chláir
oibríochtúil agus leasú ar bith ar an bplean; (d)
an straitéis cumarsáide le haghaidh an chláir
oibríochtúil agus leasú ar bith ar an straitéis; (e)
togra ar bith ón údarás bainistíochta maidir le
leasú ar bith ar an gclár oibríochta. Airteagal 101
Tuarascálacha cur chun
feidhme maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 1. Faoin
30 Aibreán 2016 agus faoin 30 Aibreán de gach bliain ina dhiaidh
sin go dtí 2022, agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh an Ballstát
tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal
44(1). Cumhdófar na blianta airgeadais 2014 agus 2015, chomh maith leis an
tréimhse idir an dáta tosaigh le haghaidh incháilitheachta caiteachais agus an
31 Nollaig 2013, sa tuarascáil a chuirfear isteach in 2016. 2. Leagfar amach faisnéis maidir
leis na nithe seo a leanas sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme: (a)
cur chun feidhme an chláir oibríochtúil i gcomhréir
le hAirteagal 44(2); (b)
dul chun cinn ó thaobh mórthionscadail agus
comhphleananna gníomhaíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme. 3. Sna tuarascálacha bliantúla
ar chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2017 agus in 2019, leagfar amach an
fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 44(3) agus (4) faoi seach, an
fhaisnéis atá leagtha síos i mír 2, agus an méid seo a leanas: (a)
an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun
feidhme an chur chuige chomhtháite maidir le forbairt chríochach, lena n‑áirítear
forbairt uirbeach inbhuanaithe, agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail
faoin gclár oibríochta; (b)
an dul chun cinn atá déanta maidir le
gníomhaíochtaí a chur chun feidhme d’fhonn dlús a chur faoi chumas údaráis agus
thairbhithe na mBallstát na Cistí a riar agus a úsáid; (c)
an dul chun cinn atá déanta maidir le
gníomhaíochtaí idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta ar bith a chur chun feidhme; (d)
an dul chun cinn atá déanta maidir leis an bplean
meastóireachta agus na bearta leantacha a dhéantar maidir le torthaí na meastóireachtaí
a chur chun feidhme; (e)
na gníomhaíochtaí sonracha arna nglacadh chun
comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus chun idirdhealú a chosc,
lena n‑áirítear inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, agus na socruithe
arna gcur chun feidhme lena áirithiú go ndéanfaí gné na hinscne a chomhtháthú
sa chlár oibríochtúil agus in oibríochtaí; (f)
gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun forbairt
inbhuanaithe a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 8; (g)
torthaí na mbeart faisnéise agus poiblíochta maidir
leis na Cistí a dtugtar fúthu faoin straitéis cumarsáide; (h)
an dul chun cinn atá déanta maidir le
gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i réimse na nuálaíochta sóisialta, nuair is
iomchuí; (i)
an dul chun cinn maidir le bearta a chur chun
feidhme chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na limistéar
geografach is mó a mbaineann an bhochtaineacht leo nó na spriocghrúpaí is mó
atá i mbaol idirdhealaithe nó eisiaimh, agus aird faoi leith á tabhairt ar
phobail imeallaithe lena n‑áirítear, nuair is iomchuí, na hacmhainní airgeadais
arna n‑úsáid; (j)
rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe i gcur chun
feidhme, i bhfaireachán agus i meastóireacht an chláir oibríochtúil. 4. Déanfar na tuarascálacha
bliantúla agus agus na tuarascálacha deiridh ar chur chun feidhme a tharraingt
suas de réir samhlacha arna nglacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha
cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis
an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2). Airteagal 102
Sonraí airgeadais a tharchur 1. Faoin 31 Eanáir,
30 Aibreán, 31 Iúil agus 31 Deireadh fómhair, déanfaidh an t‑údarás
bainistíochta an méid seo a leanas a tharchur go leictreonach chuig an
gCoimisiún chun críocha faireacháin, le haghaidh gach cláir oibríochtúla agus
de réir aise tosaíochta: (a)
costas iomlán agus costas incháilithe poiblí na n‑oibríochtaí
agus líon na n‑oibríochtaí arna roghnú le haghaidh tacaíochta; (b)
costas iomlán agus costas incháilithe poiblí na
gconarthaí nó na gceangaltas dlíthiúil arna ndéanamh ag tairbhithe agus
oibríochtaí atá roghnaithe le haghaidh tacaíochta á gcur chun feidhme; (c)
an caiteachas iomlán incháilithe arna dhearbhú ag
tairbhithe don údarás bainistíochta. 2. Ina theannta sin, beidh na
sonraí thuasluaite, agus iad miondealaithe de réir catagóire idirghabhála, ar
áireamh sa tarchur ar an 31 Eanáir. Measfar go gcomhlíonfar an ceanglas
maidir le sonraí airgeadais a tharchur, dá dtagraítear in Airteagal 44(2),
leis an trasdul sin. 3. Beidh ag gabháil leis na
tarchuir a dhéanfar faoin 31 Eanáir agus faoin 31 Iúil réamh‑mheastachán
ar an méid a mbeidh sé beartaithe ag Ballstáit iarratais ar íocaíocht a chur
isteach ina leith, le haghaidh na bliana airgeadais reatha agus na bliana
airgeadais ina dhiaidh sin. 4. Is é deireadh na míosa roimh
an mí ina gcuirtear isteach na sonraí an spriocdháta le haghaidh na sonraí arna
gcur isteach faoin Airteagal seo. Airteagal 103
Tuarascáil
faoin gComhtháthú Áireofar an méid seo a leanas i dtuarascáil an
Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 175 den Chonradh: (a)
tuairisc ar an dul chun cinn atá déanta maidir le
comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, lena n‑áirítear an cás
socheacnamaíoch agus forbairt na réigiún, chomh maith le comhtháthú
thosaíochtaí an Aontais; (b)
taifead ar ról na gCistí, an BEI agus na n‑ionstraimí
eile, chomh maith leis an tionchar a bhí ag beartais eile an Aontais agus ag
beartais náisiúnta eile, sa dul chun cinn atá déanta. Airteagal 104
Meastóireacht 1. Déanfaidh an t‑údarás
bainistíochta plean meastóireachta a tharraingt suas le haghaidh gach cláir
oibríochtúla. Cuirfear an plean meastóireachta faoi bhráid an chéad chruinnithe
den choiste faireacháin. I gcás ina gcumhdaíonn coiste faireacháin amháin níos
mó ná clár oibríochta amháin, féadfar na cláir oibríochtúla go léir lena mbaineann
a chuimsiú i bplean meastóireachta. 2. Faoin
31 Nollaig 2020, cuirfidh na húdaráis bhainistíochta tuarascáil faoi
bhráid an Choimisiúin, le haghaidh gach cláir, agus tabharfar achoimre sa
tuarascáil sin ar thorthaí na meastóireachtaí arna ndéanamh le linn na tréimhse
clárúcháin, lena n‑áirítear meastóireacht ar phríomhaschur agus ar
phríomhthorthaí an chláir. 3. Déanfaidh an Coimisiún
meastóireachtaí ex post i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus na
húdaráis bhainistíochta.
CAIBIDIL II
Faisnéis agus Cumarsáid Airteagal 105
Faisnéis agus poiblíocht 1. Beidh na Ballstáit agus na
húdaráis bhainistíochta freagrach as an méid seo a leanas: (a)
a áirithiú go mbunófar suíomh Gréasáin aonair nó
tairseach suímh Ghréasáin aonair ar a soláthrófar faisnéis agus rochtain ar
gach clár oibríochta sa Bhallstát sin; (b)
tairbhithe féideartha a chur ar an eolas faoi
dheiseanna cistiúcháin faoi chláir oibríochtúla; (c)
ról agus éachtaí an bheartais chomhtháthaithe agus
na gCistí a phoibliú do shaoránaigh an Aontais trí bhíthin gníomhaíochtaí
cumarsáide agus faisnéise maidir le torthaí agus tionchar na gConarthaí
Comhpháirtíochta, na gclár oibríochta agus na n‑oibríochtaí. 2. D'fhonn trédhearcacht a
áirithiú sa tacaíocht ó na Cistí coinneoidh Ballstáit liosta oibríochtaí de
réir cláir oibríochtúla agus de réir Ciste, i bhformáid CSV nó XML, a bhféadfaí
rochtain a fháil air tríd an suíomh Gréasáin aonair nó tríd an tairseach suímh
Ghréasáin aonair ar a dtabharfar liosta agus achoimre ar na cláir oibríochtúla
go léir sa Bhallstát sin. Tabharfar an liosta oibríochtaí cothrom le dáta
gach trí mhí ar a laghad. Tá an fhaisnéis íosta atá le tabhairt sa liosta
oibríochtaí leagtha síos in Iarscríbhinn VI. 3. Tá rialacha mionsonraithe
maidir leis na bearta faisnéise agus poiblíochta don phobal agus maidir leis na
bearta faisnéise d’iarratasóirí agus do thairbhithe leagtha síos in
Iarscríbhinn VI. 4. Déanfaidh an Coimisiún
saintréithe teicniúla na mbeart faisnéise agus poiblíochta le haghaidh na
hoibríochta agus treoracha maidir leis an bhfeathal a chruthú agus sainiú ar na
dathanna caighdeánacha a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 143(3). Airteagal 106
Straitéis cumarsáide 1. Déanfaidh an t‑údarás
bainistíochta straitéis cumarsáide a tharraingt suas le haghaidh gach cláir
oibríochtúla. Féadfar comhstraitéis cumarsáide a tharraingt suas le haghaidh
roinnt clár oibríochta. Áireofar sa straitéis cumarsáide na gnéithe atá
leagtha amach in Iarscríbhinn VI agus nuashonruithe bliantúla ina
mbeidh sonraí na ngníomhaíochtaí faisnéise agus poiblíochta atá beartaithe. 2. Déanfaidh an chéad choiste
faireacháin an straitéis cumarsáide a phlé agus a fhormheas tar éis ghlacadh an
chláir oibríochtúil. Is é an coiste faireacháin freisin a
dhéanfaidh aon leasú ar an straitéis cumarsáide a phlé agus a fhormheas. 3. Cuirfidh an t‑údarás
bainistíochta an coiste faireacháin le haghaidh gach cláir oibríochtúla ar an
eolas, uair sa bhliain ar a laghad, faoin dul chun cinn atá déanta maidir le
cur chun feidhme na straitéise cumarsáide agus faoina mheasúnú ar na torthaí. Airteagal 107
Oifigigh faisnéise agus
chumarsáide agus a líonraí 1. Ainmneoidh gach Ballstát
oifigeach faisnéise agus cumarsáide chun comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí
faisnéise agus cumarsáide maidir le Ciste amháin nó roinnt Cistí agus cuirfidh
sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. 2. Beidh an t‑oifigeach
faisnéise agus cumarsáide ina chathaoirleach ar chruinnithe de líonra náisiúnta
de chumarsáidithe Cistí agus déanfaidh sé iad a chomhordú, lena n‑áirítear
cláir ábhartha de chomhar críochach Eorpach, cruthú agus cothabháil an tsuímh
Ghréasáin nó na tairsí suímh Ghréasáin dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI agus an oibleagáid forbhreathnú a sholáthar ar na bearta
cumarsáide arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta. 3. Ainmneoidh gach údarás
bainistíochta duine amháin a bheidh freagrach as faisnéis agus cumarsáid ar
leibhéal an chláir oibríochtúil agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi
na daoine ainmnithe sin. 4. Bunóidh an Coimisiún líonraí
an Aontais ina mbeidh na comhaltaí arna n‑ainmniú ag na Ballstáit agus ag na
húdaráis bhainistíochta chun malartú maidir le torthaí chur chun feidhme na
straitéisí cumarsáide a áirithiú, mar aon le malartú taithí a fuarthas agus na
bearta faisnéise agus cumarsáide á gcur chun feidhme, agus malartú
dea-chleachtas.
TEIDEAL IV
CÚNAMH TEICNIÚIL Airteagal 108
Cúnamh teicniúil ar
thionscnamh ón gCoimisiún Féadfaidh na Cistí tacú le cúnamh teicniúil go
dtí uasteorainn 0,35 % den leithdháileadh bliantúil a fhaigheann siad faoi
seach. Airteagal 109
Cúnamh teicniúil na mBallstát 1. Féadfaidh gach ceann de na
Cistí oibríochtaí cúnaimh theicniúil atá incháilithe faoi cheann ar bith de na
Cistí eile a mhaoiniú. Beidh méid na gCistí arna leithdháileadh ar chúnamh
teicniúil teoranta do 4 % de mhéid iomlán na gCistí arna leithdháileadh ar
chláir oibríochtúla faoi gach catagóir réigiún faoi chuimsiú sprioc na
hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post. 2. Is i bhfoirm aise tosaíochta aonchiste
laistigh de chlár oibríochtúil nó i bhfoirm cláir oibríochtúla shonraigh a
bheidh an cúnamh teicniúil. 3. Ní bheidh an leithdháileadh
le haghaidh cúnaimh theicniúil ó Chiste níos mó ná 10 % de leithdháileadh
iomlán an Chiste sin ar chláir oibríochtúla i mBallstát faoi gach catagóir
réigiún faoi chuimsiú sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.
TEIDEAL V
TACAÍOCHT AIRGEADAIS Ó NA CISTÍ Airteagal 110
Rátaí cómhaoinithe a
chinneadh 1. Socrófar an ráta cómhaoinithe
agus uasmhéid na tacaíochta ó Chistí le haghaidh gach aise tosaíochta sa
chinneadh ón gCoimisiún maidir le clár oibríochta a ghlacadh. 2 I gcás gach aise tosaíochta,
leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún an gcuirfear an ráta cómhaoinithe le
haghaidh na haise tosaíochta i bhfeidhm maidir leo seo a leanas: (a) caiteachas iomlán incháilithe, lena n‑áirítear
caiteachas poiblí agus príobháideach; nó (b) caiteachas poiblí incháilithe. 3. Ní bheidh an ráta
cómhaoinithe ar leibhéal gach aise tosaíochta de chláir oibríochtúla faoi
sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post níos airde ná: (a)
85 % maidir leis an gCiste Comhtháthaithe; (b)
85 % maidir le réigiúin bheagfhorbartha na
mBallstát a raibh a meán‑OTI per capita sa tréimhse 2007 go 2009 níos ísle ná
85 % de mheán an AE-27 le linn na tréimhse céanna agus maidir leis na
réigiúin is forimeallaí; (c)
80 % maidir le réigiúin bheagfhorbartha na
mBallstát seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (b) atá incháilithe
le haghaidh chóras idirthréimhseach an Chiste Comhtháthaithe an 1 Eanáir 2014; (d)
75 % maidir le réigiúin bheagfhorbartha na
mBallstát seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe
(c), agus maidir leis na réigiúin uile a raibh a OTI per capita don tréimhse
2007-2013 níos ísle ná 75 % de mheán an AE-25 don tréimhse tagartha ach a
bhfuil a OTI per capita os cionn 75 % de mheán‑OTI an AE-27; (e)
60 % maidir le réigiúin trasdula seachas na
réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (d); (f)
50 % maidir le réigiúin níos forbartha seachas
na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (d). Ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach
aise tosaíochta de chláir oibríochtúla faoi an chomhair chríochaigh Eorpaigh
níos airde ná 75 %. 4. Ní bheidh an ráta
cómhaoinithe don leithdháileadh breise i gcomhréir le hAirteagal 84(1)(e) níos
airde ná 50 %. Beidh an ráta cómhaoinithe céanna i bhfeidhm
maidir leis an leithdháileadh breise faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (CE)
Uimh. [...]/2012 [Rialachán ETC]. 5. Déanfar an t‑uasráta
cómhaoinithe faoi mhír 3 ar leibhéal na haise tosaíochta a mhéadú faoi dheich
bpointe céatadáin, i gcás ina ndéantar ais tosaíochta iomlán a sholáthar trí
ionstraimí airgeadais, nó trí fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail. 6. Ní bheidh an ranníocaíocht ó
na Cistí le haghaidh gach aise tosaíochta níos lú ná 20 % den chaiteachas
poiblí incháilithe. 7. Féadfar ais tosaíochta ar
leithligh lena mbaineann ráta cómhaoinithe suas le 100 % a bhunú faoi
chuimsiú cláir oibríochtúla chun tacú le hoibríochtaí arna gcur chun feidhme
trí bhíthin ionstraimí airgeadais arna mbunú ar leibhéal an Aontais agus arna
mbainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún. I gcás ina mbunaítear
ais tosaíochta ar leithligh chun na críche sin, ní féidir an tacaíocht faoin
ais sin a chur chun feidhme ar aon bhealach eile. Airteagal 111
Modhnú na rátaí cómhaoinithe Féadfar an ráta
cómhaoinithe ó na Cistí chuig ais tosaíochta a mhodhnú chun an méid seo a
leanas a chur san áireamh: (1)
tábhacht na haise tosaíochta chun straitéis an
Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur i gcrích,
ag féachaint do na bearnaí sonracha is gá aghaidh a thabhairt orthu; (2)
cosaint agus feabhsú an chomhshaoil, go háirithe
trí phrionsabal an réamhchúraim, trí phrionsabal na gníomhaíochta coiscthí agus
tríd an bprionsabal ‘íoc mar a thruaillítear’ a chur i bhfeidhm; (3)
ráta úsáidte an mhaoinithe phríobháidigh; (4)
cuimsiú limistéar ag a bhfuil míbhuntáistí móra
buana nádúrtha nó déimeagrafacha arna sainiú mar seo a leanas: (a)
Ballstáit oileánacha atá incháilithe faoin gCiste
Comhtháthaithe, agus oileáin eile seachas na cinn sin ar a bhfuil
príomhchathair an Bhallstáit suite nó a bhfuil nasc ceangailte acu leis an
mórthír; (b)
limistéir shléibhteacha de réir mar a shainítear i
reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit; (c)
limistéir faoi líon beag daoine (níos lú ná 50
cónaitheoir in aghaidh an chiliméadair chearnaigh) agus limistéir faoi líon
fíorbheag daoine (níos lú ná 8 cónaitheoirí in aghaidh an chiliméadair
chearnaigh).
TEIDEAL VI
BAINISTÍOCHT AGUS RIALÚ CAIBIDIL I
Córais bhainistíochta agus rialaithe Airteagal 112
Freagrachtaí na mBallstát 1. Áiritheoidh na Ballstáit go
ndéanfar córais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh na gclár oibríochta a
bhunú i gcomhréir le hAirteagal 62 agus Airteagal 63. 2. Déanfaidh na Ballstáit
neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus gnóthóidh siad méideanna
a íocadh go míchuí, mar aon le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha. Tabharfaidh
siad fógra don Choimisiún faoi na neamhrialtachtaí sin agus coimeádfaidh siad
an Coimisiún ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le himeachtaí
riaracháin agus dlíthiúla lena mbaineann. Nuair nach féidir méideanna a íocadh go míchuí le
tairbhí a ghnóthú mar thoradh ar locht nó faillí ar thaobh an Bhallstáit, beidh
an Ballstát freagrach as na méideanna lena mbaineann a aisíoc le buiséad
ginearálta an Aontais. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos na
rialacha mionsonraithe maidir le hoibleagáidí na mBallstát atá sonraithe sa
mhír seo. 3. Áiritheoidh na Ballstáit gur
féidir gach malartú faisnéise idir tairbhithe agus údaráis bhainistíochta,
údaráis deimhniúcháin, údaráis iniúchóireachta agus comhlachtaí idirmheánacha a
chur i gcrích trí chóras malartaithe leictreonaigh sonraí agus sin amháin tráth
nach déanaí ná 31 Nollaig 2014. Éascóidh na córais idir-inoibritheacht le creataí
náisiúnta agus creataí an Aontais agus fágfaidh siad nach mbeidh ar na
tairbhithe an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur isteach
ach uair amháin. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha
cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na malartuithe faisnéise
faoin mír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 143(3).
CAIBIDIL II
Údaráis bhainistíochta agus rialaithe Airteagal 113
Údaráis a ainmniú 1. Déanfaidh an Ballstát, údarás poiblí nó comhlacht poiblí náisiúnta,
réigiúnach nó áitiúil a ainmniú mar údarás bainistíochta le haghaidh gach cláir
oibríochtúla. Féadfar an t‑údarás
poiblí nó comhlacht poiblí céanna a ainmniú mar údarás bainistíochta le
haghaidh níos mó ná clár oibríochta amháin. 2. Déanfaidh an Ballstát údarás
poiblí nó comhlacht poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil a ainmniú mar
údarás deimhniúcháin le haghaidh gach cláir oibríochtúla, gan dochar do mhír 3.
Féadfar an t‑údarás deimhniúcháin céanna a ainmniú le haghaidh níos mó ná clár
oibríochta amháin. 3. Féadfaidh an Ballstát údarás
bainistíochta a chuireann feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin i gcrích freisin
a ainmniú le haghaidh cláir oibríochtúla. 4. Déanfaidh an Ballstát, údarás
poiblí nó comhlacht poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, atá neamhspleách ó
thaobh feidhme ar an údarás bainistíochta agus ar an údarás deimhniúcháin, a
ainmniú mar údarás iniúchóireachta le haghaidh gach cláir oibríochtúla. Féadfar
an t‑údarás iniúchóireachta céanna a ainmniú le haghaidh níos mó ná clár
oibríochta amháin. 5. Maidir
le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, féadfaidh an t‑údarás
bainistíochta, an t‑údarás deimhniúcháin, nuair is infheidhme, agus an t‑údarás
iniúchóireachta a bheith mar chuid den údarás nó den comhlacht poiblí céanna,
ar an gcoinníoll go n‑urramaítear prionsabal na deighilte feidhmeanna. Mar sin
féin, i gcás na gclár oibríochta sin a bhfuil méid iomlán na tacaíochta ó na
Cistí ina leith níos airde ná EUR 250 000 000, ní fhéadfaidh an t‑údarás
iniúchóireachta a bheith mar chuid den údarás poiblí nó den comhlacht poiblí
céanna leis an údarás bainistíochta. 6. Féadfaidh an Ballstát
comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó a ainmniú chun cúraimí áirithe de
chuid an údaráis bainistíochta agus de chuid an údaráis deimhniúcháin a
dhéanamh faoi fhreagracht an údaráis sin. Déanfar na socruithe ábhartha idir an
t‑údarás bainistíochta nó an t‑údarás deimhniúcháin agus na comhlachtaí
idirmheánacha a thaifeadadh go foirmiúil i scríbhinn. 7. Féadfaidh an Ballstát nó an t‑údarás
bainistíochta an bhainistíocht ar chuid de chlár oibríochtúil a chur ar
iontaoibh comhlachta idirmheánaigh trí chomhaontú i scríbhinn idir an comhlacht
idirmheánach agus an Ballstát nó an t‑údarás bainistíochta (‘deontas
foriomlán’). Soláthróidh an comhlacht idirmheánach ráthaíochtaí maidir lena
shócmhainneacht agus lena inniúlacht sa réimse lena mbaineann, agus maidir lena
bhainistíocht riaracháin agus airgeadais. 8. Leagfaidh an Ballstát amach i scríbhinn na rialacha lena rialaítear an
caidreamh idir an Ballstát sin agus na húdaráis bhainistíochta, na húdaráis
deimhniúcháin agus na húdaráis iniúchóireachta, an caidreamh idir na húdaráis
sin, agus caidreamh na n‑údarás sin leis an gCoimisiún. Airteagal 114
Feidhmeanna an údaráis
bainistíochta 1. Beidh an t‑údarás bainistíochta freagrach as an gclár oibríochta a
bhainistiú i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. 2. Maidir le bainistiú cláir an
chláir oibríochtúil, déanfaidh an t‑údarás bainistíochta an méid seo a leanas: (a)
tacóidh sé le hobair an choiste faireacháin agus
cuirfidh sé an fhaisnéis atá de dhíth air chun a chúraimí a chomhlíonadh ar
fáil dó, go háirithe sonraí a bhaineann le dul chun cinn an chláir oibríochtúil
maidir lena chuspóirí a ghnóthú, sonraí airgeadais agus sonraí a bhaineann le
táscairí agus garspriocanna; (b)
tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha deiridh
ar chur chun feidhme a tharraingt suas agus iad a chur faoi bhráid an
Choimisiúin i ndiaidh don choiste faireacháin iad a fhormheas, (c)
faisnéis a chur ar fáil do chomhlachtaí
idirmheánacha agus do thairbhithe, ar faisnéis í a bhaineann le comhlíonadh a
gcúraimí agus cur chun feidhme na n‑oibríochtaí faoi seach; (d)
córas a bhunú chun sonraí maidir le gach oibríocht
is gá chun faireachán, meastóireacht, bainistíocht airgeadais, fíorú agus
iniúchadh a dhéanamh, lena n‑áirítear sonraí maidir le rannpháirtithe aonair in
oibríochtaí, nuair is infheidhme, a thaifeadadh agus a stóráil i bhfoirm
ríomhairithe; (e)
a áirithiú go ndéanfar na sonraí dá dtagraítear i
bpointe (d) a bhailiú, a iontráil agus a stóráil sa chóras, agus go ndéanfar
sonraí maidir le táscairí a mhiondealú de réir inscne i gcás ina gceanglaítear
sin in Iarscríbhinn I de Rialachán CSE. 3. Maidir le hoibríochtaí a
roghnú, déanfaidh an t‑údarás bainistíochta an méid seo a leanas: (a)
nósanna imeachta agus critéir iomchuí roghnúcháin a
tharraingt suas agus a chur i bhfeidhm a luaithe a fhormheasfar iad, agus beidh
na nósanna imeachta agus na critéir sin: (i) neamh‑idirdhealaitheach agus
trédhearcach; (ii) cuirfidh siad na prionsabail
ghinearálta atá leagtha amach in Airteagal 7 agus Airteagal 8 san áireamh;
(b)
a áirithiú go dtiocfaidh oibríocht a roghnófar faoi
raon feidhme an Chiste nó na gCistí lena mbaineann agus go mbeidh sí laistigh
de chatagóir idirghabhála arna sainaithint in ais nó in aiseanna tosaíochta an
chláir oibríochtúil; (c)
doiciméad a sholáthar don tairbhí ina leagtar amach
na dálaí tacaíochta le haghaidh gach oibríochta, lena n‑áirítear na ceanglais
shonracha maidir leis na táirgí nó na seirbhísí atá le soláthar faoin
oibríocht, an plean maoinithe, agus an teorainn ama dá bhfeidhmiú; (d)
a dheimhniú dó féin go bhfuil na hacmhainní
riaracháin, airgeadais agus oibriúcháin ag an tairbhí d’fhonn na coinníollacha
atá sainithe i bpointe (c) a chomhlíonadh sula bhformheasfar an oibríocht; (e)
a dheimhniú dó féin, i gcás inar thosaigh an
oibríocht sular cuireadh iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis
bainistíochta, gur comhlíonadh rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta a
bhaineann leis an oibríocht; (f)
a áirithiú nach bhfaigheann an t‑iarratasóir
tacaíocht ó na Cistí i gás ina raibh sé, nó inar cheart é a bheith, faoi réir
nós imeachta um ghnóthú i gcomhréir le hAirteagal 61 i ndiaidh
gníomhaíocht táirgthe laistigh den Aontas a athlonnú; (g)
na catagóirí idirghabhála a bhfuil caiteachas
oibríochta le cur ina leith a chinneadh. 4. Maidir le bainistiú
airgeadais agus rialú an chláir oibríochtúil, déanfaidh an t‑údarás
bainistíochta an méid seo a leanas: (a)
a fhíorú gur seachadadh na seirbhísí agus na táirgí
cómhaoinithe agus go bhfuil an caiteachas a dhearbhaigh na tairbhithe íoctha
acu agus go gcomhlíonann sé dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme,
an clár oibríochta agus coinníollacha tacaíochta na hoibríochta; (b)
a áirithiú go ndéanfaidh na tairbhithe a bhfuil
baint acu le cur chun feidhme na n‑oibríochtaí a aisíoctar ar bhonn na gcostas
incháilithe arna dtabhú iarbhír córas cuntasaíochta ar leith nó cód
cuntasaíochta leormhaith a choimeád le haghaidh gach idirbhirt a bhaineann le
hoibríocht; (c)
bearta frithchalaoise éifeachtacha agus
comhréireacha a chur i bhfeidhm, ag cur na rioscaí a aithníodh san áireamh; (d)
nósanna imeachta a bhunú lena áirithiú go ndéanfar
gach doiciméad a bhaineann leis an gcaiteachas agus leis na hiniúchtaí a
theastaíonn chun rian iniúchóireachta leormhaith a áirithiú a shealbhú i
gcomhréir le ceanglais Airteagal 62(g); (e)
an dearbhú urrúis bhainistíochta maidir le feidhmiú
an chórais bhainistíochta agus rialaithe, le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart
bunúsach agus le hurramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a
tharraingt suas, mar aon le tuarascáil ina leagtar amach torthaí na rialuithe
bainistíochta a cuireadh i gcrích, laigí ar bith a sainaithníodh sa chóras
bainistíochta agus rialaithe agus beart ceartaitheach ar bith a rinneadh. 5. Déanfar na nósanna imeachta
seo a leanas a áireamh i bhfíoruithe de bhun mhír 4(a): (a)
fíoruithe riaracháin maidir le gach iarratas ar
aisíocaíocht ag tairbhithe; (b)
fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí. Beidh minicíocht agus cuimsiú na bhfíoruithe ar an
láthair comhréireach le méid na tacaíochta poiblí a thugtar d’oibríocht agus
leis an leibhéal riosca a aithneofar sna fíoruithe sin agus in iniúchtaí arna
ndéanamh ag an údarás iniúchóireachta le haghaidh an chórais bhainistíochta
agus rialaithe ina iomláine. 6. Féadfar fíoruithe ar an
láthair ar oibríochtaí aonair de bhun mhír (5)(b) a dhéanamh ar bhonn
samplach. 7. I gcás ina bhfuil an t‑údarás
bainistíochta ina thairbhí faoin gclár oibriúcháin freisin, déanfar deighilt
leormhaith feidhmeanna a áirithiú sna socruithe le haghaidh na bhfíoruithe dá
dtagraítear i mír 4(a). 8. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos na rialacha
mionsonraithe maidir le malartú faisnéise i mír 2(d). 9. Glacfaidh an Coimisiún
gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos
na rialacha maidir le socruithe don rian iniúchóireachta dá dtagraítear i mír
4(d). 10. Glacfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an tsamhail don dearbhú bainistíochta dá
dtagraítear i mír 4(e). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir
leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2). Airteagal 115
Feidhmeanna an údaráis
deimhniúcháin Beidh údarás deimhniúcháin an chláir
oibríochtúil freagrach go sonrach as: (a)
iarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus a
chur faoi bhráid an Choimisiúin agus a dheimhniú gur tháinig na torthaí sin as
córais chuntasaíochta iontaofa, go bhfuil siad bunaithe ar dhoiciméid
tacaíochta infhíoraithe agus go raibh siad faoi réir fíoruithe ag an údarás
bainistíochta; (b)
na cuntais bhliantúla a tharraingt suas; (c)
iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas
bliantúil a dheimhniú agus a dheimhniú go gcomhlíonann an caiteachas a
iontráladh sna cuntais rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta is
infheidhme agus gur tabhaíodh é i leith na n‑oibríochtaí a roghnaíodh lena
gcistiú i gcomhréir leis na critéir a bhfuil feidhm acu maidir leis an gclár
oibríochta agus a chomhlíonann rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta; (d)
a áirithiú go bhfuil córas ann a dhéanann taifid
chuntasaíochta le haghaidh gach oibríochta a thaifead agus a stóráil, i bhfoirm
ríomhairithe, agus a thacaíonn leis na sonraí uile a theastaíonn chun iarratais
ar íocaíocht agus cuntais bhliantúla a tharraingt suas, lena n‑áirítear taifid
ar mhéideanna inghnóthaithe, ar mhéideanna a gnóthaíodh agus ar mhéideanna a
aistarraingíodh i ndiaidh na ranníocaíochta uile le haghaidh oibríochta nó
cláir oibríochtúla nó cuid di a chealú; (e)
a áirithiú ar mhaithe le hiarratais ar íocaíocht a
tharraingt suas agus a chur isteach go bhfuil faisnéis leormhaith faighte aige
ón údarás bainistíochta maidir leis na nósanna imeachta agus na fíoruithe a
cuireadh i gcrích i dtaca leis an gcaiteachas; (f)
a chur san áireamh, agus iarratais ar íocaíocht á
dtarraingt suas agus á gcur isteach, torthaí na n‑iniúchtaí uile a rinne an t‑údarás
iniúchóireachta nó a rinneadh faoina fhreagracht; (g)
taifid chuntasaíochta a choimeád i bhfoirm
ríomhairithe maidir le caiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún agus maidir leis
an ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach a íocadh le tairbhithe; (h)
cuntas a choimeád ar mhéideanna inghnóthaithe agus
ar mhéideanna a aistarraingíodh i ndiaidh na ranníocaíochta uile le haghaidh
oibríochta nó cuid di a chealú. Déanfar méideanna a gnóthaíodh a aisíoc le
buiséad ginearálta an Aontais sula ndúnfar an clár oibríochta trí iad a
asbhaint ón gcéad ráiteas caiteachais eile. Airteagal 116
Feidhmeanna an údaráis
iniúchóireachta 1. Áiritheoidh an t‑údarás iniúchóireachta go ndéanfar iniúchtaí ar na
córais bhainistíochta agus rialaithe, ar shampla iomchuí oibríochtaí agus ar na
cuntais bhliantúla. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, chun na
coinníollacha a chomhlíonfaidh na hiniúchtaí sin a leagan amach. 2. I gcás ina ndéanfaidh
comhlacht seachas an t‑údarás iniúchóireachta iniúchtaí, áiritheoidh an t‑údarás
iniúchóireachta go mbeidh an neamhspleáchas ó thaobh feidhme is gá ag an
gcomhlacht sin. 3. Áiritheoidh
an t‑údarás iniúchóireachta go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil
glacadh leo go hidirnáisiúnta san áireamh san obair iniúchóireachta. 4. Ullmhóidh an t‑údarás iniúchóireachta, laistigh de shé mhí ón tráth a
nglacfar clár oibríochta, straitéis iniúchóireachta chun iniúchtaí a dhéanamh.
Leagfar síos sa straitéis iniúchóireachta, an mhodheolaíocht iniúchóireachta,
an modh samplála maidir le hiniúchtaí ar oibríochtaí agus pleanáil na n‑iniúchtaí
maidir leis an mbliain chuntasaíochta reatha agus an dá bhliain chuntasaíochta
ina dhiaidh sin. Déanfar an straitéis iniúchóireachta a nuashonrú gach bliain
idir 2016 agus 2022, an bhliain sin san áireamh. I gcás ina bhfuil feidhm ag
comhchóras bainistíochta agus rialaithe maidir le níos mó ná clár oibríochta
amháin, féadfar straitéis iniúchóireachta amháin a ullmhú le haghaidh na gclár
oibríochta lena mbaineann. Cuirfidh an t‑údarás iniúchóireachta an straitéis
iniúchóireachta faoi bhráid an Choimisiúin arna iarraidh sin dó. 5. Tarraingeoidh
an t‑údarás iniúchóireachta suas na nithe seo a leanas: (i) tuairim iniúchóra ar na cuntais bhliantúla don bhliain
chuntasaíochta roimhe sin, a mbeidh iomláine, cruinneas agus fírinneacht na
gcuntas bliantúil, feidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe agus
dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart bunúsach faoina raon feidhme; (ii) tuarascáil bhliantúil ar rialú ina
leagtar amach torthaí na n‑iniúchtaí a rinneadh le linn na bliana cuntasaíochta
roimhe sin. Leagfar amach faoi phointe (ii) sa tuarascáil
easnaimh ar bith sa chóras bainistíochta agus rialaithe agus bearta
ceartaitheacha ar bith a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh. I gcás ina bhfuil feidhm ag comhchóras
bainistíochta agus rialaithe maidir le níos mó ná clár oibríochta amháin,
féadfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (ii) a ghrúpáil i dtuarascáil
amháin. 6. Déanfaidh an Coimisiún
samhlacha maidir leis an straitéis iniúchóireachta, leis an tuairim iniúchóra
agus leis an tuarascáil bhliantúil ar rialú, mar aon leis an modheolaíocht don
mhodh samplála dá dtagraítear i mír 4, a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur
chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 143(3). 7. Déanfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme maidir le húsáid
sonraí arna mbailiú ag oifigigh an Choimisiúin nó ag ionadaithe údaraithe thar
ceann an Choimisiúin le linn na n‑iniúchtaí sin a ghlacadh i gcomhréir leis an
nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 143(3). CAIBIDIL III
Creidiúnú Airteagal 117
An t‑údarás bainistíochta
agus an t‑údarás deimhniúcháin a chreidiúnú agus a gcreidiúnú a tharraingt siar 1. Glacfaidh an comhlacht
creidiúnúcháin cinneadh foirmiúil maidir leis na húdaráis bhainistíochta agus
na húdaráis deimhniúcháin sin a chomhlíonann na critéir chreidiúnúcháin arna
mbunú ag an gCoimisiún trí gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le
hAirteagal 142 a chreidiúnú. 2. Beidh an cinneadh foirmiúil
dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar thuarascáil agus ar thuairim ó chomhlacht
neamhspleách iniúchóireachta a dhéanann measúnú ar an gcóras bainistíochta agus
rialaithe, lena n‑áirítear ról na gcomhlachtaí idirmheánacha ann, agus ar an
gcaoi ina gcomhlíonann sé Airteagal 62, Airteagal 63, Airteagal 114 agus
Airteagal 115. Cuirfidh an comhlacht creidiúnúcháin san áireamh an bhfuil na
córais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh an chláir oibríochtúil cosúil
leis na cinn sin a bhí i bhfeidhm don tréimhse chláraithe roimhe sin, mar aon
le fianaise ar bith maidir le feidhmiú éifeachtach na gcóras sin. 3. Cuirfidh an Ballstát an
cinneadh foirmiúil dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an Choimisiúin laistigh
de shé mhí ón gcinneadh lena nglactar an clár oibríochta a ghlacadh. 4. I gcás ina bhfuil méid iomlán
na tacaíochta ó na Cistí do chlár oibríochtúil níos mó ná
EUR 250 000 000, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de dhá mhí tar
éis dó an cinneadh foirmiúil dá dtagraítear i mír 1 a fháil, an tuarascáil agus
an tuairim ón gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta agus an tuairisc ar an
gcóras bainistíochta agus rialaithe a iarraidh. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt
laistigh de dhá mhí tar éis dó na doiciméid sin a fháil. Nuair a bheidh an Coimisiún ag cinneadh na
doiciméid sin a iarraidh, cuirfidh sé san áireamh an bhfuil nó nach bhfuil na
córais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh an chláir oibríochtúil cosúil
leis na cinn sin a bhí i bhfeidhm don tréimhse chláraithe roimhe sin, an
gcuireann nó nach gcuireann an t‑údarás bainistíochta feidhmeanna an údaráis
deimhniúcháin i gcrích freisin, mar aon le fianaise ar bith maidir le feidhmiú
éifeachtach na gcóras sin. Airteagal 118
Comhar le húdaráis
iniúchóireachta 1. Comhoibreoidh an Coimisiún le
húdaráis iniúchóireachta d’fhonn a bpleananna agus a modhanna iniúchóireachta a
chomhordú agus déanfaidh sé torthaí na n‑iniúchtaí arna ndéanamh ar chórais bhainistíochta
agus rialaithe a mhalartú láithreach. 2. D’fhonn an comhar seo a éascú i gcásanna ina n‑ainmníonn Ballstát níos
mó ná údarás iniúchóireachta amháin, féadfaidh an Ballstát comhlacht
comhordúcháin a ainmniú. 3. Tiocfaidh an Coimisiún, na
húdaráis iniúchóireachta agus aon chomhlacht comhordúcháin atá ann le chéile ar
bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, mura gcomhaontaítear a
mhalairt, d’fhonn an tuarascáil bhliantúil ar rialú, an tuairim iniúchóra agus
an straitéis iniúchóireachta a scrúdú, agus d’fhonn tuairimí a mhalartú maidir
le ceisteanna a bhaineann le feabhas a chur ar na córais bhainistíochta agus
rialaithe.
TEIDEAL VII
BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, IMRÉITEACH CUNTAS AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS CAIBIDIL I
Bainistíocht airgeadais Airteagal 119
Comhrialacha maidir le
híocaíochtaí Áiritheoidh an Ballstát go mbeidh méid na
tacaíochta poiblí a íocfar le tairbhithe, tráth a ndúntar an clár oibríochta ar
a dhéanaí, cothrom leis an ranníocaíocht ó na Cistí, ar a laghad, a d’íoc an Coimisiún
leis an Ballstát. Airteagal 120
Comhrialacha maidir le
híocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid bhliantúil agus an
iarmhéid deiridh a ríomh 1. Aisíocfaidh an Coimisiún mar
íocaíochtaí eatramhacha 90% den mhéid a thig ón ráta cómhaoinithe le haghaidh
gach aise tosaíochta arna leagan síos sa chinneadh lena nglactar an clár
oibríochta a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas incháilithe le haghaidh
na haise tosaíochta atá ar áireamh san iarratas ar íocaíocht. Cinnfidh sé an t‑iarmhéid
bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 130(1). 2. Ní bheidh an ranníocaíocht ó
na Cistí le hais tosaíochta, trí bhíthin na n‑íocaíochtaí eatramhacha agus
íocaíocht an iarmhéid bhliantúil agus íocaíocht an iarmhéid deiridh, níos airde
ná: (a)
an tacaíocht phoiblí arna sonrú san iarratas ar
íocaíocht le haghaidh na haise tosaíochta; agus (b)
an ranníocaíocht ó na Cistí le haghaidh na haise
tosaíochta arna leagan síos sa chinneadh ón gCoimisiúin lena bhformheastar an
clár oibríochta. 3. D'ainneoin Airteagal 22, ní
bheidh tacaíocht an Aontais trí bhíthin na n‑íocaíochtaí eatramhacha agus
íocaíochtaí an iarmhéid deiridh níos airde ná an tacaíocht phoiblí agus
uasmhéid na tacaíochta ó na Cistí maidir le gach ais tosaíochta mar atá leagtha
síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochta. Airteagal 121
Iarratais ar íocaíocht 1. Áireofar sna hiarratais ar
íocaíocht, maidir le gach ais tosaíochta: (a)
méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna íoc ag
tairbhithe agus iad ag cur oibríochtaí chun feidhme, mar a iontráladh é i
gcuntais an údaráis deimhniúcháin; (b)
méid iomlán na tacaíochta poiblí a tabhaíodh ag cur
oibríochtaí chun feidhme, mar a iontráladh é i gcuntais an údaráis
deimhniúcháin; (c)
méid iomlán na tacaíochta poiblí incháilithe
comhfhreagraí a íocadh leis an tairbhí, mar a iontráladh é i gcuntais an
údaráis deimhniúcháin. 2. An caiteachas a áireofar in
iarratais ar íocaíocht, cuirfear sonraisc admhaithe nó doiciméid chuntasaíochta
a bhfuil luach cruthúnais atá coibhéiseach leis na sonraisc acu leis mar
thacaíocht, cé is moite de chineálacha tacaíochta faoi Airteagal 57(1),
(b), (c) agus (d), Airteagal 58, Airteagal 59(1) agus Airteagal 93 agus faoi
Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 ó Рharlaimint na
hЕorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n‑aisghairtear
Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 [CSE]. I gcás cineálacha tacaíochta den
sórt sin, is ionann na méideanna a áireofar san iarratas ar íocaíocht agus na
costais arna n‑aisíoc leis an tairbhí ag an údarás bainistíochta. 3. Déanfaidh an Coimisiún an
tsamhail maidir le hiarratais ar íocaíocht a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun
feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós
imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2). Airteagal 122
Íocaíocht le tairbhithe Áiritheoidh údaráis bhainistíochta go
bhfaighidh na tairbhithe méid iomlán na tacaíochta poiblí a luaithe is féidir
agus go hiomlán agus ar aon chuma roimh an gcaiteachas comhfhreagrach a áireamh
san iarratas ar íocaíocht. Ní dhéanfar méid ar bith a asbhaint ná a choinneáil
siar agus ní thoibheofar muirear sonrach ná muirear ar bith comhéifeachta a
laghdódh na méideanna sin le haghaidh na dtairbhithe. Airteagal 123
Úsáid an euro 1. Déanfaidh Ballstáit nach
bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra ar dháta iarratais ar íocaíocht na
méideanna caiteachais a tabhaíodh san airgeadra náisiúnta a chomhshó in euro.
Déanfar an méid a chomhshó in euro de réir ráta malartaithe cuntasaíochta
míosúil an Choimisiúin an mhí inar cláraíodh an caiteachas i gcuntais údarás
bainistíochta an chláir oibríochtúil lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún an
ráta sin a fhoilsiú go leictreonach gach mí. 2. Nuair a thiocfaidh an euro
chun bheith mar airgeadra an Bhallstáit, beidh feidhm fós ag an nós imeachta
comhshó atá leagtha amach i mír 1 maidir leis an gcaiteachas uile atá taifeadta
sna cuntais ag an údarás bainistíochta roimh dháta theacht i bhfeidhm an ráta
seasta comhshó idir an t‑airgeadra náisiúnta agus an euro. Airteagal 124
Réamh‑mhaoiniú a íoc 1. Déanfar an méid réamh‑mhaoinithe
tosaigh a íoc i dtráthchodanna mar a leanas: (a) in 2014: 2 % de mhéid na tacaíochta
ó na Cistí feadh na tréimhse clárúcháin iomláine leis an gclár oibríochta; (b) in 2015: 1 % de mhéid na tacaíochta
ó na Cistí feadh na tréimhse clárúcháin iomláine leis an gclár oibríochta; (c) in 2016: 1 % de mhéid na tacaíochta
ó na Cistí feadh na tréimhse clárúcháin iomláine leis an gclár oibríochta. I gcás ina nglactar clár oibríochta in 2015 nó
níos déanaí, íocfar na tráthchodanna is luaithe an bhliain a nglacfar é. 2. Déanfar an méid réamh‑mhaoinithe
bliantúil a íoc roimh an 1 Iúil sna blianta ó 2016 go 2022. In 2016, is
2 % de mhéid na tacaíochta ó na Cistí feadh na tréimhse clárúcháin
iomláine leis an gclár oibríochta a íocfar. Sna blianta idir 2017 agus 2022,
2,5% de mhéid na tacaíochta ó na Cistí feadh na tréimhse clárúcháin iomláine
leis an gclár oibríochta a íocfar. Airteagal 125
Réamh‑mhaoiniú a imréiteach Déanfar an méid arna íoc mar réamh‑mhaoiniú
tosaigh a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin i gcomhréir le
hAirteagal 130. Airteagal 126
Spriocdhátaí chun iarratais
ar íocaíochtaí eatramhacha a chur isteach agus chun iad a íoc 1. Déanfaidh an t‑údarás
deimhniúcháin iarratas ar íocaíocht eatramhach ina gcuimsítear méideanna arna n‑iontráil
ina chuntais mar thacaíocht phoiblí arna híoc le tairbhithe sa bhliain
chuntasaíochta dar críoch 30 Meitheamh a chur isteach ar bhonn rialta. 2. Déanfaidh an t‑údarás
deimhniúcháin an t‑iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach a chur isteach
faoin 31 Meitheamh i ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta roimhe sin
agus, ar chuma ar bith, roimh an gcéad iarratas ar íocaíocht eatramhach don
bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin. 3. Ní dhéanfar an chéad iarratas
ar íocaíocht eatramhach sula mbeidh an gníomh foirmiúil lena gcreidiúnaítear an
t‑údarás bainistíochta faighte ag an gCoimisiún. 4. Ní dhéanfar íocaíochtaí
eatramhacha le haghaidh cláir oibríochtúla i gcás nach mbeidh tuarascáil
bhliantúil ar chur chun feidhme curtha chuig an gCoimisiún i gcomhréir le
hAirteagal 101. 5. Faoi réir an chistithe a
bheidh ar fáil, déanfaidh an Coimisiún an íocaíocht eatramhach tráth nach
déanaí ná 60 lá i ndiaidh an dáta ar a ndéanfar iarratas ar íocaíocht a chlárú
leis an gCoimisiún. Airteagal 127
Saoradh 1. Déanfaidh an Coimisiún aon
chuid den mhéid a ríomhtar i gcomhréir leis an dara fomhír i gclár oibríochta
agus nár úsáideadh chun an réamh‑mhaoiniú tosaigh agus bliantúil a íoc nó chun
íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid bhliantúil a dhéanamh faoin
31 Nollaig den dara bliain airgeadais tar éis bhliain an cheangaltais
bhuiséadaigh faoin gclár oibríochta nár cuireadh iarratas ar íocaíocht, arna
tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 121, isteach ina leith i gcomhréir le
hAirteagal 126. Chun críocha an tsaortha, déanfaidh an Coimisiún
an méid a ríomh tríd an séú cuid den cheangaltas buiséadach bliantúil a
bhaineann le ranníocaíocht bhliantúil iomlán 2014 a shuimiú le gach ceann de na
ceangaltais bhuiséadacha do na blianta 2015 go 2020. 2. De mhaolú ar an gcéad fhomhír
de mhír 1, ní bheidh feidhm ag na spriocamanna maidir le saoradh i leith an
cheangaltais bhuiséadaigh bhliantúil a bhaineann leis an ranníocaíocht
bhliantúil iomlán don bhliain 2014. 3. I gcás ina bhfuil baint ag an
gcéad cheangaltas buiséadach bliantúil le ranníocaíocht bhliantúil iomlán 2015,
de mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag na spriocamanna maidir le saoradh i
leith an cheangaltais bhuiséadaigh bhliantúil a bhaineann leis an ranníocaíocht
bhliantúil iomlán don bhliain 2015. Sna cásanna sin, déanfaidh an Coimisiún an
méid a ríomh faoin gcéad fhomhír de mhír 1 tríd an gcúigiú cuid de na
ceangaltais bhuiséadacha bhliantúla a bhaineann le ranníocaíocht bhliantúil
iomlán 2015 a shimiú le gach ceann de na ceangaltais bhuiséadacha do na blianta
2016 go 2020. 4. Saorfar an chuid sin de na
ceangaltais a bheidh fós oscailte ar an 31 Nollaig 2022 mura bhfuil
ceann ar bith de na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 130(1) curtha
faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán fómhair 2023. CAIBIDIL II
Imréiteach cuntas agus dúnadh Roinn I
Imréiteach cuntas Airteagal 128
Ábhar na gcuntas bliantúil 1. Cumhdófar an bhliain
chuntasaíochta sna cuntais bhliantúla dheimhnithe le haghaidh gach cláir
oibríochtúla agus beidh an méid seo a leanas ar áireamh iontu ar leibhéal gach
aise tosaíochta: (a)
méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna
iontráil i gcuntais an údaráis deimhniúcháin mar mhéid a d’íoc tairbhithe agus
na hoibríochtaí á gcur chun feidhme acu agus an tacaíocht phoiblí incháilithe
chomhfhreagrach a íocadh agus méid iomlán na tacaíochta poiblí a tabhaíodh ag
cur oibríochtaí chun feidhme; (b)
na méideanna atá aistarraingthe agus gnóthaithe le
linn na bliana cuntasaíochta, na méideanna atá le gnóthú amhail ag deireadh na
bliana cuntasaíochta, na méideanna a gnóthaíodh de bhun Airteagal 61, agus na
méideanna neamh‑inghnóthaithe; (c)
le haghaidh gach aise tosaíochta, liosta de na
hoibríochtaí a tugadh chun críche le linn na bliana cuntasaíochta agus a fuair
tacaíocht ón CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe; (d)
le haghaidh gach aise tosaíochta, réiteach idir an
caiteachas atá sonraithe de bhun phointe (a) agus an caiteachas ata dearbhaithe
maidir leis an mbliain chéanna chuntasaíochta in iarratais ar íocaíocht, agus
beidh míniú faoi dhifríochtaí ar bith ag gabháil leis; 2. Féadfaidh an t‑údarás
deimhniúcháin foráil a shonrú, de réir aise tosaíochta sna cuntais, nach
rachaidh thar 5 % den chaiteachas iomlán sna hiarratais ar íocaíocht arna
dtíolacadh do bhliain chuntasaíochta ar leith, i gcás ina bhfuil measúnú ar
dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais faoi réir nós imeachta leanúnaigh
leis an údarás iniúchóireachta. Ní chuirfear an méid atá cumhdaithe ar áireamh
i méid iomlán an chaiteachais incháilithe dá dtagraítear i mír 1(a). Cuirfear, nó
ní chuirfear, na méideanna sin san áireamh go cinntitheach i gcuntais
bhliantúla na bliana dar gcionn. Airteagal 129
Faisnéis a chur isteach Idir 2016 agus 2022, an bhliain sin san
áireamh, cuirfidh an Ballstát na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 75(1)
isteach maidir le gach bliain ar leith. Airteagal 130
Imréiteach bliantúil cuntas 1. Ar mhaithe leis an méid is
inmhuirir i leith na gCistí do bhliain chuntasaíochta ar leith a ríomh,
cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh: (a) méid iomlán an chaiteachais arna iontráil
sna cuntais dá dtagraítear in Airteagal 128(1)(a), a gcuirfear an ráta
cómhaoinithe seo a leanas i bhfeidhm maidir leis le haghaidh gach aise
tosaíochta; (b) líon iomlán na n‑íocaíochtaí arna
ndéanamh ag an gCoimisiún le linn na bliana cuntasaíochta, agus arb é atá
iontu: (i) méid na n‑íocaíochtaí eatramhacha arna n‑íoc
ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 120(1) agus Airteagal 22; agus (ii) méid an réamh‑mhaoinithe bhliantúil
arna íoc faoi Airteagal 124(2). 2. An t‑iarmhéid bliantúil atá,
mar thoradh ar imréiteach na gcuntas, inghnóthaithe ó Bhallstát, beidh sé faoi
réir ordaithe ghnóthaithe ón gCoimisiún. An t‑iarmhéid bliantúil atá iníoctha
leis an mBallstát, suimeofar é leis an gcéad íocaíocht eatramhach eile arna
déanamh ag an gCoimisiún i ndiaidh na cuntais a imréiteach. 3. Mura bhfuil sé ar chumas an
Choimisiúin, ar chúiseanna atá inchurtha i leith Ballstáit, na cuntais a
imréiteach faoin 30 Aibreán den bhliain i ndiaidh dheireadh na bliana
cuntasaíochta, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát faoi na
gníomhaíochtaí ar gá don údarás bainistíochta nó don údarás iniúchóireachta
tabhairt fúthu, nó faoi na fiosrúcháin bhreise a bhfuil sé beartaithe ag an
gCoimisiún tabhairt fúthu de bhun Airteagal 65(2) agus (3). 4. Íocfaidh an Coimisiún an t‑iarmhéid
bliantúil bunaithe ar an gcaiteachas atá dearbhaithe sna cuntais, glan ar aon
fhoráil a rinneadh maidir le caiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún atá faoi
réir nós imeachta sáraíochta leis an údarás iniúchóireachta. Airteagal 131
Dúnadh rollach 1. I gcás an CFRE agus an Chiste
Comhtháthaithe, déanfar liosta de na hoibríochtaí a lánchríochnaíodh le linn na
bliana cuntasaíochta a áireamh sna cuntais bhliantúla le haghaidh gach cláir
oibríochtúla ar leibhéal gach aise tosaíochta. Measfar gur caiteachas dúnta é
an caiteachas a bhaineann leis na hoibríochtaí sin atá ar áireamh sna cuntais
atá faoi réir an chinnidh maidir le himréiteach. 2. I gcás an CSE, measfar gur
caiteachas dúnta é an caiteachas atá ar áireamh sna cuntais atá faoi réir
cinnidh maidir le himréiteach. Airteagal 132
Infhaighteacht doiciméad 1. Gan dochar do na rialacha
lena rialaítear Státchabhair, áiritheoidh an t‑údarás bainistíochta go mbeidh
gach doiciméad tacaíochta maidir le hoibríochtaí ar fáil don Choimisiún agus do
Chúirt Iniúchóirí na hEorpa arna iarraidh sin dóibh ar feadh tréimhse trí
bliana. Mairfidh an tréimhse trí bliana sin ón 31 Nollaig den bhliain ina
ndéanfar cinneadh maidir le himréiteach cuntas de bhun Airteagal 130 nó,
ar a dhéanaí, ón dáta a n‑íocfar an t‑iarmhéid deiridh. Brisfear an tréimhse trí bliana sin i gcás
imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó ar iarratas cuí-réasúnaithe ón gCoimisiún. 2. Coimeádfar na doiciméid i
bhfoirm na mbunchóipeanna, nó i bhfoirm cóipeanna dílse deimhnithe de na
bunchóipeanna, nó ar iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo, lena n‑áirítear
leaganacha leictreonacha de na bundoiciméid nó de dhoiciméid nach bhfuil le
fáil acu i bhfoirm leictreonach. 3. Coimeádfar na doiciméid sin i
bhfoirm a áirithíonn nach féidir daoine is ábhar do na sonraí a aithint ach ar
feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse is gá chun na gcríoch dar bailíodh na
sonraí nó dá bhfuil tuilleadh próiseála á déanamh orthu. 4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142
chun na hiompróirí sonraí a mheasfar gur iompróirí sonraí iad a nglactar go
coitianta leo a leagan síos. 5. Déanfaidh na húdaráis
náisiúnta an nós imeachta a leagan síos lena ndeimhnítear go bhfuil doiciméid atá
á gcoimeád ar iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo i gcomhréir leis an
mbundoiciméad, agus áiritheoidh an nós imeachta sin go gcomhlíonann na
leaganacha atá á gcoimeád ceanglais náisiúnta dhlíthiúla agus gur féidir brath
orthu chun críocha iniúchóireachta. 6. I gcás doiciméad nach bhfuil
le fáil ach i bhfoirm leictreonach, ní mór do na córais ríomhaireachta a
mbaintear úsáid astu caighdeáin slándála a bhfuil glacadh leo chomhlíonadh,
lena n‑áirithítear go gcomhlíonann na doiciméid atá á gcoimeád ceanglais
náisiúnta dhlíthiúla agus gur féidir brath orthu chun críocha iniúchóireachta.
Roinn II
Cláir oibríochtúlaí a dhúnadh Airteagal 133
Doiciméid i leith dúnta a
chur isteach agus an t‑iarmhéid deiridh a íoc 1. Cuirfidh Ballstáit na
doiciméid seo a leanas isteach faoin 30 Meán fómhair 2023: (a)
iarratas ar an iarmhéid deiridh a íoc; (b)
tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme maidir leis
an gclár oibríochta; agus (c)
na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 75(1)
don bhliain chuntasaíochta deiridh, ón 1 Iúil 2022 go dtí an
30 Meitheamh 2023. 2. Íocfar an t‑iarmhéid deiridh
tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh dháta imréitithe na gcuntas don bhliain
chuntasaíochta deiridh nó mí amháin i ndiaidh an dáta a glacadh leis an
tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme, cibé dáta is déanaí. Roinn III
Íocaíochtaí a fhionraí Airteagal 134
Íocaíochtaí a fhionraí 1. Féadfaidh an Coimisiún gach
íocaíocht eatramhach nó cuid de na híocaíochtaí eatramhacha ar leibhéal na n‑aiseanna
tosaíochta nó na gclár oibríochta a fhionraí sna cásanna seo a leanas: (a)
i gcás ina bhfuil easnamh tromchúiseach ann i
gcóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil, easnamh nár tugadh
faoi bhearta ceartaitheacha ina leith; (b)
i gcás ina bhfuil baint ag caiteachas i ráiteas
caiteachais le neamhrialtacht thromchúiseach nár ceartaíodh fós; (c)
i gcás inar mhainnigh Ballstát tabhairt faoin
ngníomhaíocht is gá chun an cás a leigheas, rud a chuireann briseadh faoi deara
faoi Airteagal 74; (d)
i gcás ina bhfuil easnamh tromchúiseach ann i
gcáilíocht agus in iontaofacht an chórais faireacháin nó sna sonraí ar
tháscairí coitianta agus ar tháscairí sonracha; (e)
i gcás inar mhainnigh Ballstát tabhairt faoi
ghníomhaíochtaí arna leagan amach sa chlár oibríochtúil a bhaineann le
coinníollachtaí ex ante a chomhlíonadh; (f)
i gcás ina bhfuil fianaise ann a thig ó
athbhreithniú ar fheidhmíocht gur mhainnigh ais tosaíochta na garspriocanna atá
leagtha amach sa chreat feidhmíochta a ghnóthú; (g)
i gcás inar mhainnigh Ballstát freagra a thabhairt
nó freagra sásúil a thabhairt faoi Airteagal 20(3). 2. Féadfaidh an Coimisiún
cinneadh a dhéanamh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, gach íocaíocht
eatramhach nó cuid de na híocaíochtaí sin a fhionraí, i ndiaidh dó deis a
thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a thíolacadh. 3. Cuirfidh an Coimisiún
deireadh le fionraí na n‑íocaíochtaí eatramhacha nó cuid de na híocaíochtaí sin
i gcás ina bhfuil na bearta is gá déanta ag an mBallstát chun an fhionraí a
fhoirceannadh.
CAIBIDIL III
Ceartuithe airgeadais Roinn I
Ceartuithe airgeadais ag Ballstáit Airteagal 135
Ceartuithe airgeadais ag Ballstáit 1. Beidh na Ballstáit freagrach, sa chéad ásc, as neamhrialtachtaí a
imscrúdú agus as na ceartuithe airgeadais is gá a dhéanamh agus gnóthuithe a
shaothrú. I gcás neamhrialtachta sistéamaí, leathnóidh an Ballstát a imscrúdú
chun na hoibríochtaí ar fad a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh a chuimsiú ann. 2. Déanfaidh an Ballstát na ceartuithe airgeadais is gá maidir le
neamhrialtachtaí aonair nó sistéamacha arna mbrath in oibríochtaí nó i gcláir
oibríochtúlaí. Is éard a bheidh i
gceist le ceartuithe airgeadais an ranníocaíocht phoiblí iomlán le hoibríocht
nó le clár oibríochta nó cuid de ranníocaíocht a chur ar ceal. Cuirfidh an
Ballstát san áireamh cineál agus tromaíocht na neamhrialtachtaí agus an
chaillteanais airgeadais i leith na gCistí agus cuirfidh sé ceartú comhréireach
i bhfeidhm. Déanfaidh an t‑údarás bainistíochta ceartuithe airgeadais a
thaifeadadh sna cuntais bhliantúla le haghaidh na bliana cuntasaíochta ina
gcinntear an cealú. 3. Féadfaidh an Ballstát an ranníocaíocht ó na Cistí a cealaíodh i
gcomhréir le mír 2 a athúsáid laistigh den chlár oibríochtúil lena
mbaineann, faoi réir mhír 4. 4. Ní fhéadfar an ranníocaíocht
a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid le haghaidh oibríochta ar bith
a bhí ina ábhar ceartaithe nó, i gcás ina ndéantar ceartú airgeadais i gcás
neamhrialtachta sistéamaí, le haghaidh oibríochta ar bith a ndearna an
neamhrialtacht shistéamach difear di. Roinn II
Ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún Airteagal 136
Critéir le haghaidh ceartuithe airgeadais 1. Déanfaidh an Coimisiún
ceartuithe airgeadais, trí ghníomhartha cur chun feidhme, trí ranníocaíocht an
Aontais le clár oibríochta nó cuid de ranníocaíocht den sórt sin a chur ar ceal
i gcomhréir le hAirteagal 77 más rud é, i ndiaidh dó tabhairt faoin scrúdú is
gá, go measann sé: (a) go bhfuil easnamh tromchúiseach ann i
gcóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil, agus go bhfuil
ranníocaíocht an Aontais a íocadh leis an gclár oibríochta cheana féin i mbaol
dá bharr. (b) nár chomhlíon an Ballstát a oibleagáidí
faoi Airteagal 135 sular osclaíodh an nós imeachta maidir le ceartuithe
faoin mír seo; (c) go bhfuil an caiteachas san iarratas ar
íocaíocht neamhrialta agus nár cheartaigh an Ballstát é sular osclaíodh an nós
imeachta maidir le ceartuithe faoin mír seo. Bunóidh an Coimisiún a cheartuithe airgeadais ar
chásanna ar leithligh den neamhrialtacht atá tugtha faoi deara agus cuirfidh sé
san áireamh más rud é gur neamhrialtacht shistéamach atá ann. I gcás nach
féidir méid an chaiteachais neamhrialta a muirearaíodh ar na Cistí a
chainníochtú go cruinn, cuirfidh an Coimisiún ráta comhréidh nó ceartú
eachtarshuite airgeadais i bhfeidhm. 2. Cuirfidh an Coimisiún san
áireamh, agus cinneadh á dhéanamh aige faoi mhéid an cheartaithe faoi mhír 1,
cineál agus tromaíocht na neamhrialtachta agus méid agus impleachtaí airgeadais
na n‑easnamh sna córais bhainistíochta agus rialaithe a aimsíodh sa chlár
oibríochtúil. 3. I gcás in bhfuil seasamh an
Choimisiúin bunaithe ar thuarascálacha iniúchóirí nach iniúchóirí a chuid
seirbhísí féin iad, tiocfaidh sé ar a chonclúidí féin maidir leis na
hiarmhairtí airgeadais tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar na bearta a rinne an
Ballstát lena mbaineann faoi Airteagal 135(2), na fógraí a seoladh faoi
Airteagal 112(3), agus freagraí ar bith ón mBallstát. 4. I gcás ina suíonn an
Coimisiún, bunaithe ar an iniúchadh ar thuarascáil deiridh ar chur chun feidhme
an chláir oibríochtúil, go bhfuil mainneachtain thromchúiseach ann na spriocanna
arna leagan amach sa chreat feidhmíochta a bhaint amach, féadfaidh sé
ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, trí ghníomhartha cur chun feidhme,
maidir leis na haiseanna tosaíochta lena mbaineann. 5. I gcás nach gcomhlíonann
Ballstát a chuid oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 86, féadfaidh an
Coimisiún, maidir lena mhéid nach gcomhlíontar na hoibleagáidí sin, ceartú
airgeadais a dhéanamh trí ranníocaíocht na gCistí Struchtúracha leis an
mBallstát nó cuid den ranníocaíocht sin a chur ar ceal. 6. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le
hAirteagal 142, lena mbunófar na critéir maidir le leibhéal an cheartaithe
airgeadais atá le cur i bhfeidhm a leagan síos. Airteagal 137
Nós
imeachta 1. Sula ndéanfar cinneadh maidir
le ceartú airgeadais, seolfaidh an Coimisiún an nós imeachta tríd an mBallstát
a chur ar an eolas faoi chonclúidí sealadacha a scrúdaithe agus trína iarraidh
ar an mBallstát a bharúlacha a chur faoina bhráid laistigh de dhá mhí. 2. I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún ceartú airgeadais a dhéanamh ar
bhonn eachtarshuímh nó ráta chomhréidh, tabharfar deis don Bhallstát a léiriú,
trí bhíthin scrúdaithe ar an doiciméadacht lena mbaineann, go bhfuil méid
iarbhír na neamhrialtachta níos lú ná mar a mheas an Coimisiún. I gcomhaontú leis an gCoimisiún, féadfaidh
an Ballstát raon feidhme an scrúdaithe sin a theorannú go dtí cion nó sampla
iomchuí den doiciméadacht lena mbaineann. Ní
rachaidh an t‑am a bheidh ceadaithe don scrúdú sin thar thréimhse dhá mhí eile
tar éis an dá mhí dá dtagraítear i mír 1, ach amháin i gcásanna a bhfuil
údar cuí leo. 3. Déanfaidh an Coimisiún aon fhianaise a sholáthraíonn an Ballstát
laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1 agus mír 2 a chur san
áireamh. 4. I gcás nach nglacfaidh an Ballstát le conclúidí sealadacha an
Choimisiúin, tabharfar cuireadh don Bhallstát freastal ar éisteacht ag an
gCoimisiún, d’fhonn a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha agus na
barúlacha ábhartha ar fad ar fáil mar bhonn le conclúidí an Choimisiúin i
dtaobh an ceartú airgeadais a chur i bhfeidhm. 5. D’fhonn ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún
cinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, laistigh de shé mhí ó dháta na
héisteachta, nó ón dáta a fhaightear an fhaisnéis bhreise i gcás ina n‑aontaíonn
an Ballstát faisnéis bhreise den sórt sin a chur isteach tar éis an éisteachta. Déanfaidh an Coimisiún gach faisnéis agus
gach barúil a cuireadh isteach le linn an nós imeachta a chur san áireamh. Mura
mbeidh éisteacht ann, tosóidh an tréimhse sé mhí dhá mhí tar éis dháta na
litreach lenar tugadh cuireadh chuig an éisteacht agus a sheol an Coimisiún. 6. I gcás ina mbraitheann an
Coimisiún nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa neamhrialtachtaí a dhéanann difear do
na cuntais bhliantúla, is é an toradh a bheidh ar an gceartú airgeadais dá
thoradh sin go laghdófar an tacaíocht ó na Cistí leis an gclár oibríochta. Airteagal 138
Oibleagáidí na mBallstát Ní dhéanfaidh ceartú airgeadais ag an
gCoimisiún dochar d’oibleagáid an Bhallstáit gnóthuithe a shaothrú faoi
Airteagal 135(2) den Rialachán seo agus Státchabhair a ghnóthú de réir
bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh agus faoi Airteagal 14 de
Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle[33]. Airteagal 139
Aisíoc 1. Déanfar aon aisíocaíocht a
bheidh le déanamh le buiséad ginearálta an Aontais a chur i gcrích roimh an
dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir
le hAirteagal 73 den Rialachán Airgeadais. Is ar an lá deiridh den dara mí
tar éis an t‑ordú a eisiúint a bheidh an dáta dlite. 2. Má bhíonn aon mhoill ann a
bhaineann le haisíocaíocht a dhéanamh, beidh ús i ngeall ar íocaíocht
dheireanach i gceist ag tosú ar an dáta dlite agus ag críochnú ar dháta na
híocaíochta iarbhír. Beidh ráta an úis sin céatadán go leith os cionn an ráta
arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ina phríomhoibríochtaí
athmhaoinithe ar an gcéad lá oibre den mhí ina mbeidh an dáta dlite.
TEIDEAL VIII Rialú comhréireach ar chláir oibríochtúla Airteagal 140
Rialú comhréireach ar chláir
oibríochtúla 1. Oibríochtaí nach dtéann an
caiteachas incháilithe iomlán thar EUR 100 000 ina leith, ní bheidh siad
faoi réir níos mó ná iniúchta amháin ag an údarás iniúchóireachta ná ag an
gCoimisiún roimh dhúnadh an chaiteachais uile lena mbaineann faoi
Airteagal 131. Ní bheidh oibríochtaí eile faoi réir níos mó ná iniúchta
amháin in aghaidh na bliana cuntasaíochta ag an údarás iniúchóireachta agus ag
an gCoimisiún roimh dhúnadh an chaiteachais uile lena mbaineann faoi Airteagal 131.
Ní dhéanann na forálacha seo dochar do mhír 4. 2. I gcás clár oibríochta a
léiríonn an tuairim iniúchóra is déanaí ina leith nach bhfuil aon easnaimh
shuntasacha ann, féadfaidh an Coimisiún aontú leis an údarás iniúchóireachta sa
chruinniú ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 118(3) go bhféadfar
leibhéal na hoibre iniúchóireachta a cheanglaítear a laghdú ionas go mbeidh sé
i gcomhréir leis na rioscaí a shuítear. I
gcásanna den sórt sin, ní dhéanfaidh an Coimisiún féin a iniúchtaí ar an
láthair mura bhfuil fianaise ann a thabharfadh le fios go bhfuil easnaimh sa
chóras bainistíochta agus rialaithe a dhéanann difear do chaiteachas arna
dhearbhú don Choimisiún i mbliain chuntasaíochta ina raibh na cuntais mar ábhar
do chinneadh maidir le himréiteach. 3. I gcás clár oibríochta dá
bhfuil an Coimisiún den tuairim gur féidir leis dul i muinín thuairim an
údaráis iniúchóireachta, féadfaidh sé aontú leis an údarás iniúchóireachta a
iniúchtaí féin ar an láthair a shrianadh chun obair an údaráis iniúchóireachta
a iniúchadh mura bhfuil fianaise ann go bhfuil easnaimh in obair an údaráis
iniúchóireachta i mbliain chuntasaíochta ina raibh na cuntais mar ábhar do
chinneadh maidir le himréiteach. 4. Gan dochar do mhír 1,
féadfaidh an t‑údarás iniúchóireachta agus an Coimisiún iniúchtaí a dhéanamh ar
oibríochtaí i gcás ina suítear i measúnú riosca go bhfuil riosca sonrach
neamhrialtachta nó calaoise ann, i gcás ina bhfuil fianaise ann d’easnaimh
thromchúiseacha sa chóras bainistíochta agus rialaithe den chlár oibríochtúil
lena mbaineann, agus, le linn na 3 bliana tar éis dhúnadh an chaiteachais uile
de chuid oibríochta faoi Airteagal 131, mar chuid de shampla
iniúchóireachta. Féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith, iniúchtaí a dhéanamh ar
oibríochtaí ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar obair an údaráis
iniúchóireachta trína ghníomhaíocht iniúchóireachta a dhéanamh arís.
CUID A CEATHAIR TARMLIGEAN CUMHACHTA, FORÁLACHA CUR CHUN
FEIDHME, IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH CAIBIDIL I Tarmligean cumhachta agus forálacha cur chun
feidhme Airteagal 141
Na hIarscíbhinní a leasú Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 142, leasuithe ar an Iarscríbhinn I
agus Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo a ghlacadh,
faoi chuimsiú raon feidhme fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo. Airteagal 142
An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar na cumhachtaí chun
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha
atá leagtha síos san Airteagal seo. 2. Déanfar tarmligean na
cumhachta dá dtagraítear sa Rialachán seo a thabhairt don Choimisiún ar feadh
tréimhse neamhchinntithe ama ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. 3. Féadfaidh
Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear
in Airteagail 5(3), 12, 20(4), 29(6),
32(1), 33(3), 33(4), 33(7), 34(3), 35(5), 36(4), 54(1), 58, 112(2), 114(8),
114(9), 116(1), 117(1), 132(4), 136(6) and 141 a chúlghairm
tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh
deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin.
Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé
difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacfaidh
sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle ar an eolas faoin méid sin an tráth céanna. 5. Ní thiocfaidh na gníomhartha
tarmligthe i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint
na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin
ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más
rud é, sula rachfaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh Parlaimint na hEorpa
agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh
siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh
ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle. Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse sin, nach
bhfuil agóid déanta i gcoinne an ghnímh tharmligthe ag Parliamint na hEorpa ná
ag an gComhairle, foilseofar an gníomh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta atá luaite ann. Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula
rachaidh an tréimhse in éag, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a
dhéanamh. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
agóid i gcoinne gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an
institiúid a dhéanfaidh agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe na cúiseanna lena
hagóid. Airteagal 143
Nós imeachta coiste 1. Tabharfaidh Coiste Comhordúcháin
na gCistí cúnamh don Choimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir
bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. I gcás ina mbeidh tuairim an choiste faoi mhír 2
agus mhír 3 le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a
fhoirceannadh gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste
amhlaidh, nó i gcás ina n‑iarrfaidh (...) [líon na gcomhaltaí] (tromlach
de...) [tromlach le sonrú: tromlach simplí, dhá thrian, etc.] comhaltaí
de chuid an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun an tuairim a
sholáthar. I gcás nach dtugann an coiste tuairim uaidh, ní
dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus
beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. CAIBIDIL
II Forálacha
idirthréimhseacha agus deiridh
Airteagal 144
Athbhreithniú Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an
Rialachán seo faoin 31 Nollaig 20XX i gcomhréir le
hAirteagal 177 den Chonradh.
Airteagal 145
Forálacha idirthréimhseacha 1. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo
difear do bhuanú ná do mhodhnú, lena n‑áirítear cealú iomlán nó páirteach, na
dtionscadal lena mbaineann, go dtí go ndúnfar iad, nó an chúnaimh arna
fhaomhadh ag an gCoimisiún ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 nó aon
reachtaíochta eile is infheidhme maidir leis an gcúnamh sin amhail an
31 Nollaig 2013. 2. Beidh iarratais a rinneadh
faoi Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle fós bailí. Airteagal 146
Aisghairm 1. Aisghairtear leis seo
Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle, le héifeacht ón
1 Eanáir 2014. 2. Déanfar tagairtí don
Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Airteagal 147
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá
tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an
Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go
díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [dáta] Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An
tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN I Eilimintí an Chomhchreata Straitéisigh a bhaineann le comhtháthú agus
comhsheasmhacht le beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais,
meicníochtaí comhordúcháin idir cistí an CSF agus le beartais agus ionstraimí
ábhartha eile de chuid an Aontais, prionsabail cothrománacha agus cuspóirí
beartais trasearnála agus socruithe chun dul i ngleic le dúshláin chríochacha. 1. Réamhrá Ar mhaithe le
ranníocaíocht na gcistí CSF le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach
a uasmhéadú, agus éagothromaíochtaí a laghdú ar an gcaoi sin, is gá a áirithiú
go mbeidh infheistíocht trí na Cistí CSF agus ionstraimí Aontais eile ina
gcranntaca ag na gealltanais bheartais a dhéanfar i gcomhthéacs na straitéise
Eoraip 2020. Sonróidh na Ballstáit dá bhrí sin conas mar a chuideoidh a gcláir le
cuspóirí beartais agus príomhspriocanna na straitéise Eoraip 2020 agus na
dtionscnamh suaitheanta a bhaint amach. 2. Comhtháthú agus Comhsheasmhacht le Rialachas Eacnamaíoch an Aontais 1. Tabharfaidh
na Ballstáit aird ar leith ar chaiteachas a chuireann leis an bhfás, lena n‑áirítear
caiteachas ar oideachas, taighde, nuálaíocht agus tíosacht ar fhuinneamh agus
caiteachas chun an rochtain atá ag FBManna ar mhaoiniú a éascú agus chun
inbhuanaitheacht chomhshaoil, bainistiú acmhainní nádúrtha agus gníomhú ar son
na haeráide a áirithiú, agus chun éifeachtacht an chaiteachais sin a áirithiú. Cuirfidh siad san áireamh freisin conas cuimsiú agus éifeachtacht na
seirbhísí fostaíochta agus beartas gníomhach maidir leis an margaidh saothair a
chothabháil agus a neartú, agus béim ar leith acu ar dhífhostaíocht daoine óga. 2. Agus a
gConarthaí Comhpháirtíochta á n‑ullmhú acu, cláróidh na Ballstáit na Cistí CSF
ag cur san áireamh na moltaí tír-sonracha is ábhartha agus is deireanaí arna n‑eisiúint
ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) den Chonradh
ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, gach ceann acu i gcomhréir lena róil agus a n‑oibleagáidí
. Déanfaidh
na Ballstáit moltaí ábhartha ón gComhairle bunaithe ar an gComhshocrú
Cobhsaíochta agus Fáis agus na cláir um choigeartú eacnamaíoch a chur san
áireamh. Sa
Chonradh Comhpháirtíochta sonróidh gach Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal
14(a)(i) den Rialachán seo, conas mar a chuideoidh sreabha cistiúcháin éagsúla
Aontais agus náisiúnta le dul i ngleic leis na dúshláin a aithníodh sna moltaí
ábhartha tír-sonracha lena mbaineann agus díriú ar na moltaí atá leagtha amach
ina gCláir Náisiúnta um Athchóiriú i ndlúthchomhairle leis na húdaráis
réigiúnacha agus áitiúla freagracha. 3. Meicníochtaí Comhordúcháin i measc na gCistí CSF 3.1 Réamhrá 1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hidirghabhálacha arna dtacú trí
na Cistí CSF comhlántach agus go gcuirfear chun feidhme iad ar bhealach
comhordaithe as a dtiocfaidh laghdú ar chostais agus ualach riaracháin ar an
talamh. 3.2 Comhordú agus comhlántacht 2. Oibreoidh
na Ballstáit agus údaráis bhainistíochta i ndlúthchomhar le chéile agus an
Conradh Comhphairtíochta agus na cláir á n‑ullmhú, á gcur chun feidhme, agus
faireachán agus measúnú á dhéanamh orthu. Go háirithe, áiritheoidh siad go
gcuirfear na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcrích: (a)
réimsí idirghabhála a shainaithint inar
féidir na Cistí CSF a chomhcheangal ar bhealach comhlántach chun cuspóirí
téamacha atá leagtha amach sa Rialachán seo a bhaint amach; (b)
rannpháirteachas údarás bainistíochta
atá freagrach as Cistí eile CSF nó údarás bainistíochta agus aireachtaí
ábhartha eile i bhforbairt scéimeanna tacaíochta a chur chun cinn chun comhordú
a áirithiú agus forluíonna a sheachaint. (c)
i gcás inar cuí, comhchoistí
faireacháin le haghaidh clár lena gcuirtear na Cistí CFS chun feidhme, a bhunú,
agus socruithe eile comhbhainistíochta agus rialaithe a fhorbairt chun comhordú
idir údaráis atá freagrach as cur chun feidhme Cistí CSF a éascú; (d)
úsáid a bhaint as comhréitigh
r-rialachais atá dírithe ar iarrthóirí agus tairbhithe, agus as ‘aonaid
uileghnó’ chun comhairle a thabhairt faoi na deiseanna tacaíochta atá ar fáil
trí gach ceann de na Cistí CSF; (e)
meicníochtaí a bhunú chun
gníomhaíochtaí comhair arna maoiniú ag an CFRE agus CSE a chomhordú le
hinfheistíochtaí arna dtacú ag na gcláir ‘Infheistíochta le haghaidh Fáis agus
Post’ 3.3 Cur chuige comhtháite a spreagadh 1. Déanfaidh
na Ballstáit, i gcás inar cuí, na Cistí CSF a chomhcheangal ina bpacáistí
comhtháite ar leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, agus iad saincheaptha
chun díriú ar riachtanais shonracha chun tacú le spriocanna náisiúnta Eoraip
2020 a bhaint amach, agus bainfidh siad úsáid as Infheistíochtaí Críochacha
Comhtháite, Oibríochtaí Comhtháite agus Comhphleananna Gníomhaíochta. 2. Déanfaidh
na Ballstáit forbairt cur chuige áitiúil agus fo-áitiúil a chur chun cinn, go
háirithe trí fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail trí chinnteoireacht agus
cur chun feidhme a tharmligean chuig comhpháirtíocht áitiúil de ghníomhaithe
poiblí, príobháideacha agus gníomhaithe ón tsochaí shibhialta. Cuirfear forbairt
áitiúil faoi stiúir an phobail chun feidhme mar chuid de chur chuige
straitéisigh lena áirithiú go gcuirfear san áireamh tosaíochtaí arna leagan síos
ar leibhéal níos airde agus riachtanais áitiúla 'ó bhun aníos' á sainmhíniú. Dá bhrí sin,
sainmhíneoidh na Ballstáit an cur chuige maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir
an phobail sna gCistí CSF ar fad agus léireoidh siad sna Conarthaí
Comhpháirtíochta na dúshláin atá le sárú ar an mbealach sin, na príomhchuspóirí
agus na príomhthosaíochtaí le haghaidh forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail,
na cineálacha críoch atá le cuimsiú, an ról sonrach a thabharfar do ghrúpaí
gníomhaíochta áitiúla agus straitéisí á gcur i bhfeidhm agus an ról a
bheartaítear do na Cistí CSF éagsúla i gcur chun feidhme straitéisí forbartha
áitiúla ar chineálacha éagsúla críoch amhail limistéir thuaithe, uirbeacha agus
chósta agus na meicníochtaí comhordúcháin comhfhreagracha. 4. Comhordú Cistí CSF le Beartais agus Ionstraimí eile Aontais Ní hionann na cláir
Aontais atá leagtha amach sa roinn seo agus liosta uileghabhálach. 4.1 Réamhrá 1. Déanfaidh na Ballstáit anailís ar thionchar na mbeartas Aontais ar an
leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, agus ar chomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch
agus críochach, d’fhonn comhordú éifeachtach a chothú agus na modhanna is
oiriúnaí a shainaithint agus a chur chun cinn i dtaobh cistí Eorpacha a úsáid
chun tacú le hinfheistíocht áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. 2. Áiritheoidh
na Ballstáit comhsheasmhacht sna céimeanna clárúcháin agus cur chun feidhme
idir idirghabhálacha arna dtacú ag Cistí CSF agus cuspóirí de chuid beartas
eile Aontais. Chun na críche sin, féachfaidh siad leis na nithe seo a leanas a chur
san áireamh: (a)
comhlántachtaí idir ionstraimí éagsúla Aontais ar
leibhéal náisiúnta agus réigiúnach a shainaithint agus a shaothrú, i gcéim na
pleanála agus le linn an chur chun feidhme araon; (b)
struchtúir atá ann cheana a
bharrfheabhsú agus i gcás inar gá, struchtúir nua a bhunú lena n‑éascófar
sainaithint straitéiseach tosaíochtaí do na hionstraimí agus struchtúir éagsúla
comhordúcháin ar an leibhéal náisiúnta, athobair a sheachaint agus réimsí inar
gá tacaíocht airgeadais bhreise a shainaithint; (c)
úsáid iomlán a bhaint as an
bhféidearthacht tacaíocht ó ionstraimí éagsúla a chomhcheangal chun tacú le
hoibríochtaí aonair agus oibriú i ndlúthchomhar leo siúd atá freagrach as
ionstraimí náisiúnta eile a chur chun feidhme chun deiseanna comhleanúnacha agus
cuíchóirithe a chur ar fáil do thairbhithe. 4.2 Comhordú leis an gComhbheartas Talmhaíochta agus leis an gComhbheartas
Iascaigh 1. Is
dlúthchuid den Chomhbheartas Talmhaíochta é an CETFT agus comhlánann sé na
bearta faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta a thugann tacaíocht
dhíreach d’fheirmeoirí agus a thacaíonn le bearta margaidh. Dá bhrí sin, bainisteoidh na Ballstáit na hidirghabhálacha sin le
chéile chun sineirgíochtaí agus breisluach thacaíocht an AE a uasmhéadú. 2. Féachann
an CEMI le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh athchóirithe agus an Bheartais
Mhuirí Chomhtháite a bhaint amach. Bainfidh na Ballstáit úsáid as an CEMI chun tacú le hiarrachtaí chun
bailiú sonraí a fheabhsú agus rialú a neartú, agus áiritheoidh siad go lorgfar
sineirgíochtaí chun tacú le tosaíochtaí an Bheartais Mhuirí Chomhtháite, amhail
eolas muirí, spásphleanáil mhuirí, bainistiú comhtháite creasa cósta,
faireachas muirí comhtháite, cosaint na timpeallachta muirí agus na
bithéagsúlachta, agus oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide i
limistéir chósta. 4.3 Fís 2020[34] agus cláir eile AE faoi
bhainistíocht lárnach i réimsí an taighde agus na nuálaíochta 1. Tabharfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún aird ar leith ar neartú
comhordúcháin agus comhlántachtaí idir na Cistí CSF agus Fís 2020, an Clár um
Iomaíochas Fiontar agus um fhiontair bheaga agus mheánmhéide (COSME)[35], agus ar
chláir ábhartha eile Aontais faoi bhainistíocht lárnach agus deánfaidh siad
dealú soiléir idir réimsí idirghabhála gach ceann acu. 2. Go
háirithe, forbróidh na Ballstáit taighde agus nuálaíocht (R&I) náisiúnta
agus/nó réigiúnach le haghaidh ‘speisealtóireacht chliste’ i gcomhréir leis an
gClár Náisiúnta um Athchóiriú. Forbrófar na straitéisí sin trí rannpháirteachas údarás bainistíochta
náisiúnta nó réigiúnach agus geallsealbhóirí amhail ollscoileanna nó
institiúidí ardoideachais, tionsclaíochta agus comhpháirtithe sóisialta i
bpróiseas fionnachtana fiontraíochta. Beidh dlúthcheangal ag na húdaráis a bhaineann go díreach le Fís 2020
leis an bpróiseas sin. Faoi na straitéisí sin déanfar, inter alia, an méid seo: (a)
Forbrófar “Gníomhaíochtaí réamhtheachtacha” chun
gníomhaithe Taighde agus Nuálaíochta a ullmhú chun bheith rannpháirteach in Fís
2020 trí fhorbairt acmhainní. Neartófar an chumarsáid
agus an comhar idir pointí teagmhála náisiúnta Fís 2020 agus údaráis
bhainistíochta na gCistí CSF. (b)
Tabharfaidh “ gníomhaíochtaí iartheachtacha”
an dóigh le torthaí Taighde agus Nuálaíochta, a thig as Fis 2020 agus as cláir
roimhe sin, a shaothrú agus a scaipeadh sa mhargadh agus aird ar leith ar
thimpeallacht ghnó atá fabhrach don nuálaíocht a chruthú do FBManna agus atá ag
luí leis na tosaíochtaí a sainaithníodh le haghaidh na gcríoch sa straitéis
ábhartha speisealtóireachta cliste. 3. Bainfidh
na Ballstáit úsáid iomlán as na forálacha sa rialachán seo lena gceadaítear na
Cistí CSF a chomhcheangal leis na cistí faoi Fís 2020 sna cláir ábhartha a
úsáidfear chun codanna de na straitéisí a chur chun feidhme. Tabharfar comhthacaíocht
d’údaráis náisiúnta agus réigiúnacha chun na straitéisí sin a cheapadh agus a
chur chun feidhme, chun deiseanna cómhaoinithe bonneagar Taighde agus
Nuálaíochta a bhaineann le leas na hEorpa a shainaithint, chun comhar
idirnáisiúnta, tacaíocht mhodheolaíoch trí athbhreithnithe piaraí, malartú
dea-chleachtais, agus oiliúint tras‑réigiúnach a chur chun cinn. 4. Breithneoidh
na Ballstáit na bearta breise seo a leanas atá ceaptha a n‑acmhainneacht
barrfheabhais sa taighde agus sa nuálaíocht a spreagadh, ar bhealach atá
comhlántach le Fís 2020 agus a chruthóidh sineirgíochtaí léi, go háirithe trí
chómhaoiniú: (a)
lárionaid bharrfheabhais agus réigiúin
nuálaíocha atá ag teacht chun cinn i mBallstáit bheagfhorbartha a nascadh le le
lárionaid agus réigiúin mór le rá den sórt sin in áiteanna eile san Eoraip; (b)
naisc a chruthú le cnuasaigh nuálacha
agus barrfheabhas i réigiúin bheagfhorbartha a aithint; (c)
“Ollúnachtaí LET (Limistéar Eorpach Taighde)”
a bhunú chun lucht acadúil den scoth a mhealladh, go háirithe chuig na réigiúin
bheagfhorbartha; (d)
tacú le rochtain ar líonraí idirnáisiúnta
bheith ag taighdeoirí agus nuálaithe nach bhfuil chomh rannpháirteach céanna sa
LET nó taighdeoirí agus nuálaitheó na réigiúin bheagfhorbartha; (e)
rannchuidiú mar is cuí leis na
Comhpháirtíochtaí Eorpacha um Nuálaíocht ; (f)
institiúidí náisiúnta agus/nó cnuasaigh
bharrfheabhais a ullmhú chun bheith rannpháirteach i bPobail Eolais agus
Nuálaíochta (PENanna) na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus (g)
bheith ina n‑óstaigh do cláir um
shoghluaisteacht taighdeoirí idirnáisiúnta ardcháilíochta a fhaigheann
cómhaoiniú ó “Ghníomhaíochtaí Marie Sklodowska-Curie”. 4.4 Cistiú taispeántais an Chúlchiste Iontrálaithe Nua 300 (NER 300)[36] Áiritheoidh na Ballstáit,
i gcás inar cuí, go gcomhordófar maoiniú ó na Cistí CSF le tacaíocht ó chlár
NER 300 (Cúlchiste Iontrálaithe Nua), a úsáideann na hioncaim ó cheantáil 300
milliún lámhaltas atá forchoimeádta faoi chúlchiste iontrálaithe nua na Scéime
Eorpaí um Trádáil Astaíochtaí chun cómhaoiniú a dhéanamh ar raon leathan tionscadal
taispeántais mórscála maidir le carbón a ghabháil agus a stóráil (CCS) agus
maidir le teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite nuálacha ar fud na hEorpa chomh
maith. 4.5 LIFE[37] (an Coiste um an Ionstraim
Airgeadais don Chomhshaol) agus an acquis maidir leis an gcomhshaoil 1. Féachfaidh na Ballstáit, nuair is féidir é, le sineirgíochtaí a
shaothrú le hionstraimí beartais Aontais (ionstraimí cistiúcháin agus
neamhchistiúcháin araon) a fhónann d’athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin,
do chosaint an chomhshaoil agus d’éifeachtúlacht acmhainní. 2. Áiritheoidh
na Ballstáit, i gcás inar cuí, comhlántacht agus comhordú le LIFE, go háirithe
le Tionscadail Chomhtháite i réimsí an dúlra, an uisce, na dramhaíola, an aeir,
an mhaolaithe ar athrú aeráide agus an oiriúnaithe d’athrú aeráide. Déanfar an comhordú sin
go háirithe trí chistiú gníomhaíochtaí leis na Cistí CSF a chomhlánann
Tionscadail Chomhtháite faoi Chlár LIFE a chur chun cinn agus trí úsáid
réiteach, modhanna agus cur chuige arna mbailíochtú faoi Chlár LIFE a chur chun
cinn chomh maith. 3. Na pleananna, cláir, nó straitéisí earnála ábhartha (lena n‑áirítear an
Creat Gnímh Tosaíochta, an Plean um Bainistiú Abhantracha, an Plean um
Bainistiú Dramhaíola, an plean náisiúnta maolaithe nó oiriúnaithe), dá dtagraítear
sa Rialachán LIFE, beidh siad ina gcreat comhordúcháin ag an tacaíocht ó na
Cistí éagsúla. 4.6 ERASMUS do Chách[38] 1. Féachfaidh
na Ballstáit le Cistí CSF a úsáid chun uirlisí agus modhanna a tastáladh agus a
forbraíodh go ráthúil faoi “Erasmus do Chách” a phríomhshruthú. 2. Áiritheoidh
na Ballstáit comhordú éifeachtach idir Cistí CSF agus “Erasmus do Chách” ar an
leibhéal náisiúnta trí dhealú soiléir a dhéanamh idir na cineálacha
infheistíochta atá ann agus spriocghrúpaí a dtugtar tacaíocht dóibh. Féachfaidh na Ballstáit
le comhlántacht a bhunú maidir le maoiniú gníomhaíochtaí soghluaisteachta, agus
san am céanna sineirgíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann a lorg. 3. Bainfear
comhordú amach trí mheicníochtaí iomchuí comhair a chur ar bun idir údaráis
bhainistíochta agus na gníomhaireachtaí náisiúnta arna mbunú faoin gclár
“Erasmus do Chách”. 4.7 An Clár um Athrú Sóisialta agus Nuálaíocht (PSCI)[39] 1. Féachfaidh
na Ballstáit, i gcás inar cuí, le comhordú éifeachtach a bhunú idir an Clár um
Athrú Sóisialta agus Nuálaíocht agus an tacaíocht a thugann na Cistí CSF faoi
na cuspóirí téamacha maidir le fostaíocht agus cuimsiú sóisialta. 2. Féachfaidh
na Ballstáit, i gcás inar cuí, leis na bearta is rathúla arna bhforbairt faoi
ais ascnaimh an PSCI a mhéadú, go háirithe maidir le nuálaíocht shóisialta agus
tástáil beartais shóisialta le tacaíocht an CSE. 3. Ar
mhaithe le soghluaisteacht gheografach oibrithe a chur chun cinn agus deiseanna
fostaíochta a mhéadú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gníomhaíochtaí atá
ceaptha feabhas a chur ar shoghluaisteacht saothair thrasnáisiúnta a dtacaíonn
an CSE leo, lena n‑áirítear comhpháirtíochtaí trasteorann, comhlántach le
tacaíocht a thugtar faoi ais EURES den PSCI. 4. Féachfaidh
na Ballstáit le comhlántacht agus comhordú a bhunú idir an tacaíocht ó Chistí
CSF d’fhéinfhostaíocht, fiontraíocht, cruthú gnó agus fiontar sóisialta agus
tacaíocht an PSCI faoin ais micreamhaoinithe agus fiontraíochta sóisialta atá
ceaptha rochtain ar mhicreamhaoiniú do na daoine is faide ón margadh saothair a
mhéadú agus do mhicreafhiontair freisin agus féachfaidh siad le tacú le
forbairt fiontar sóisialta chomh maith. 4.8 An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE)[40] 1. Is é an
SCE ciste tiomnaithe an Aontais le haghaidh chur chun feidhme na mbeartas
Aontais do Ghréasáin Tras‑Eorpacha Iompair de bhonneagair (GTE‑I) i réimse an
iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh) Ar mhaithe le
breisluach Eorpach a uasmhéadú sna réimsí sin, áiritheoidh na Ballstáit agus an
Coimisiún go ndéanfar an CFRE agus idirghabhálacha na gCistí Comhtháite a
phleanáil i dlúthchomhar leis an tacaíocht arna soláthar ag an SCE, ionas gur
féidir athobair a sheachaint agus a áirithiú go ndéanfar foráil maidir le naisc
optamacha de chineálacha éagsúla bonneagar ar leibhéil áitiúla, réigiúnacha
agus náisiúnta, agus ar fud an Aontais. Áiritheofar uasghiaráil
na n‑ionstraimí éagsúla cistiúcháin do thionscadail a mbeidh gné Eorpach agus
Margaidh Aonair acu, agus go háirithe na tionscadail sin a chuireann chun
feidhme na gréasáin tosaíochta de bhonneagair iompair, fuinnimh agus
dhigiteacha atá sainaitheanta sna creata beartais GTE faoi seach. 2. I réimse
an iompair, beidh pleananna bunaithe ar an éileamh réadúil agus réamh‑mheasta
iompair agus aithneofar sna pleananna sin naisc atá ar iarraidh agus scrogaill
tráchta, cuirfear san áireamh forbairt nasc trasteorann an Aontais, agus
forbrófar naisc ar fud réigiún laistigh de Bhallstát. Aon infheistíocht a
dhéantar i lúdracht réigiúnach leis an ngréasán cuimsitheach tras‑Eorpach iompair
(GTE‑I) agus leis an gcroí‑ghréasán GTE‑I, áiritheofar léi go dtairbheoidh
limistéir uirbeacha agus tuaithe de na deiseanna a bhaineann leis na
príomhghréasáin. 3. Nuair a thugtar tosaíocht d'infheistíochtaí a mbeidh tionchar lasmuigh
de Bhallstát ar leith acu, go háirithe feadh chonairí chroíghréasán an GTE‑I,
comhordófar é le pleanáil GTE‑I agus le pleananna um chur chun feidhme conairí
croíghréasáin, ionas go mbeidh infheistíochtaí ón CFRE agus ón gCiste
Comhtháite sa bhonneagar iompair ag luí go hiomlán le Treoirlínte an GTE‑I. 4. Cuirfidh
na Ballstáit san áireamh an Páipéar Bán ón gCoimisiúin maidir le hIompar[41],
ina leagtar amach fís le haghaidh córas iompair iomaíoch agus tíosach ar
acmhainní, agus ina gcuirtear béim ar an ngá atá laghdú suntasach ar na gáis
cheaptha teasa in earnáil an iompair. I gcás na gCistí CSF, ciallaíonn sé sin díríú ar fhoirmeacha
inbhuanaithe iompair agus ar shoghluaisteacht inbhuanaithe uirbeach chomh
maithe le hinfheistiú a dhéanamh i limistéir a mbeidh an breisluach Eorpach is
mó ag baint leo. Ón uair a shainaithneofar iad, cuirfear infheistíochtaí in ord
tosaíochta de réir a an méid a rannchuidíonn siad le soghluaisteacht, le
hinbhuanaitheacht, le gáis cheaptha teasa a laghdú, agus leis an Limistéar
Iompair Eorpach Aonair. 5. Tabharfaidh na Cistí CSF na bonneagair áitiúla agus réigiúnacha agus a
nascuithe do na gréasáin tosaíochta Aontais i réimsí an fhuinnimh agus na
teileachumarsáide. 6. Déanfaidh
na Ballstáit agus an Coimisiún meicníochtaí comhordúcháin agus tacaíochta
teicniúla iomchuí a chur ar bun chun comhlántacht agus pleanáil éifeachtach
beart TFC (Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide) a áirithiú chun
úsáid iomlán a bhaint as na hionstraimí éagsúla Aontais (Cistí CSF, SCE,
gréasáin Tras‑Eorpacha, Fís 2020) atá ann chun gréasán leathanbhanda agus na
mbonneagar seirbhísí digiteacha a mhaoiniú. Agus an ionstraim maoinithe is iomchuí á
roghnú cuirfear san áireamh acmhainneacht ghinte ioncaim na hoibríochta agus an
leibhéal riosca a bhaineann leis chun an úsáid is éifeachtaí is féidir a bhaint
as cistí poiblí. Sa chás inar cuireadh oibríocht isteach ar chistiú SCE ach nár
roghnaíodh í, déanfaidh an Ballstát a meastóireacht faoin SCE a chur san
áireamh agus iad sin a gheobhaidh tacaíocht ó na Cistí CSF á roghnú. 4.9 An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA), an Ionstraim Eorpach um
Chomharsanacht (ENI) agus an Ciste Forbraíochta Eorpach (CFE)[42] 1. Féachfaidh
na Ballstáit agus an Coimisiún le comhordú idir ionstraimí seachtracha agus na
Cistí CSF a mhéadú chun iliomad cuspóirí beartais Aontais a bhaint amach ar
bhealach níos éifeachtaí. Tá comhordú agus
comhlántachtaí idir an Ciste Forbraíochta Eorpach, an Ionstraim um Chúnamh
Réamhaontachais agus an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht thar a bheith
tábhachtach. 2. Ar
mhaithe le tacú le lánpháirtíocht chríochach níos doimhne, féachfaidh na
Ballstáit le tairbhe a bhaint as gníomhaíochtaí comhair chríochaigh faoi
bheartas comhtháite agus faoi na hIonstraimí Eorpacha um Chomharsanacht, go
háirithe maidir le gníomhaíochtaí comhair trasteorann. Áiritheoidh na Ballstáit freisin, i gcás
inar cuí, go mbainfidh gníomhaíochtaí atá ann cheana le Grúpáil Eorpach um
Chomhar Críche nua-chruthaithe, ag féachaint go háirithe do chomhar agus do
mhalartú dea‑chleachtas. 5. Comhordú le Gníomhaíochtaí Comhair 1. Féachfaidh na Ballstáit le comhlántacht a bhunú idir gníomhaíochtaí
comhair agus gníomhaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF. 2. Áiritheoidh
na Ballstáit go rannchuideoidh gníomhaíochtaí comhair ar bhealach éifeachtach
le cuspóirí na straitéise Eoraip 2020 agus go n‑eagrófar comhar chun tacú
le spriocanna beartais níos leithne. Ar mhaithe lena leithéid sin a bhaint amach áiritheoidh na Ballstáit
comhlántacht agus comhordú le cláir nó ionstraimí eile arna gcistiú ag an
Aontas. 3. Ar mhaithe le héifeachtacht an bheartais chomhtháite a threisiú,
féachfaidh na Ballstáit leis go mbeidh comhordú agus comhlántacht idir an
Comhar Críochach Eorpach agus na cláir um “Infheistíocht le haghaidh Fáis agus
Post”, go háirithe le pleanáil chomhtháite a áirithiú agus le cur chun feidhme
infheistíochta mórscála a éascú. 4. Áiritheoidh
na Ballstáit, i gcás inar cuí, go mbeidh cuspóirí na straitéisí
macrairéigiúnacha agus imchuacha mar chuid den phleanáil straitéiseach
fhoriomlán i gcláir an bheartais chomhtháthaithe sna réigiúin agus sna
Ballstáit lena mbaineann. Áiritheoidh na Ballstáit freisin, i gcás ina bhfuil straitéisí
macrairéigiúnacha agus imchuacha curtha ar bun, go dtacóidh na Cistí CSF uile,
i gcás inar cuí, lena gcur chun feidhme.
Ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtúil a
áirithiú beidh comhordú ann freisin le hionstraimí eile a fhaigheann tacaíocht
ón Aontas agus le hionstraimí ábhartha eile chomh maith. 5. I gcás inar cuí, bainfidh na Ballstáit úsáid as an deis gníomhaíochtaí
idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta a dhéanamh le tairbhithe atá lonnaithe i
mBallstát amháin eile ar a laghad faoi chuimsiú chreat na gclár oibríochtúil
faoin sprioc “hInfheistíocht le haghaidh Fáis agus Post”, lena n‑áirítear cur
chun feidhme beart ábhartha taighde agus nuálaíochta a thig as a straitéisí
speisealtóireachta cliste. 6. Prionsabail Chothrománacha agus Cuspóirí Beartais Thrasearnála A. Prionsabail
chothrománacha 6.1 Comhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéil I gcomhréir le hAirteagal
5, urramóidh na Ballstáit prionsabal na comhpháirtíochta agus an rialachais
il-leibhéil chun gur fusa comtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach agus
cur i gcrích thosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus
uilechuimsitheach a bhaint amach. Chuige sin ní mór gníomhaíocht chomhordaithe,
i gcomhpháirtíocht, arna déanamh i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta
agus na comhréireachta. Beidh comhar oibríochtúil agus institiúidithe i gceist leis sin, go
háirithe maidir le beartais an Aontais a tharraingt suas agus a chur chun
feidhme. Dá bhrí sin, bainfidh na Ballstáit lánúsáid as na comhpháirtíochtaí
arna mbunú faoi chuimsiú na gCistí CSF. 6.2 Forbairt
inbhuanaithe 1. D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an fhorbairt inbhuanaithe a ionchorprú
ina hiomláine san cistí CSF, agus ag urramú phrionsabal na forbartha
inbhuanaithe mar atá leagtha síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach, agus na hoibleagáide i dtaobh ceanglas maidir le cosaint chomhshaoil a
chomhtháthú i gcomhréir le hAirteagal 11 agus an phrionsabail ‘íoc mar a
thruaillítear’ mar atá leagtha amach in Airteagal 192 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh údaráis bhainistíochta gníomhaíochtaí
go feadh shaolré an chláir, chun éifeachtaí díobhálacha idirghabhálacha a
sheachaint nó a laghdú agus chun torthaí i bhfoirm glansochar sóisialta,
comhshaoil agus aeráide a áirithiú trí na gníomhaíochtaí seo a leanas: (a)
infheistíochtaí a threorú i dtreo na
roghanna is tíosaí ar acmhainní agus is inbhuanaithe, (b)
infheistíochtaí a bhféadfadh tionchar
diúltach nach beag a bheith acu ar an gcomhshaol nó ar an aeráid a sheachaint,
agus tacú le gníomhaíochtaí chun aon tionchair a bheadh fágtha a mhaolú, (c)
peirspeictíocht fadthéarmach a ghlacadh agus
costais ‘shaolré’ na roghanna malartacha infheistíochta á gcur i gcomparáid, (d)
soláthar poiblí glas a mhéadú. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh infheistíochtaí arna ndéanamh le
tacaíocht na gCistí CSF an acmhainn mhaolaithe ar athrú aeráide san áireamh,
chomh maith le bheith athléimneach ó thaobh tionchair ar athrú aeráide agus
tubaistí nádúrtha amhail rioscaí tuilte, tonnta teasa agus eachtraí adhaimsire. 3. Déanfaidh na Ballstáit bithéagsúlacht a bhaineann le caiteachas a rianú
trí úsáid a bhaint as an mhodheolaíocht atá bunaithe ar na catagóirí
idirghabhála nó ar na bearta arna nglacadh ag an gCoimisiún . 4. Ní mór
na hinfheistíochtaí a bheith comhsheasmhach le hord na réiteach uisce, agus
béim á cur ar roghanna bainistithe éilimh agus gan roghanna soláthair
malartacha a chur san áireamh ach amháin nuair a bheidh deireadh leis na
féidearthachtaí maidir le coigealtas uisce agus éifeachtúlacht. Beidh idirghabháil
phoiblí in earnáil an bhainistithe dramhaíola comhlántach le hiarrachtaí san
earnáil phríobháideach, go háirithe maidir le freagracht an táirgeora. Ba
cheart do ghníomhaíochtaí tacú le cineálacha cur chuige nuálacha a chuireann
geilleagar lúbiata chun cinn agus ní foláir dóibh a bheith comhsheasmhach le
hord na réiteach dramhaíola. 6.3 Comhionannas
idir fir agus mná agus neamh‑idirdhealú a chur chun cinn 1. I
gcomhréir le hAirteagal 7, saothróidh na Ballstáit cuspóir an chomhionannais
idir fir agus mná agus ní mór dóibh bearta iomchuí a dhéanamh chun aon
idirdhealú a sheachaint agus chun inrochtaineacht a áirithiú agus oibríochtaí
sna cláir arna gcómhaoiniú ag na Cistí CSF a n‑ullmhú, a gcur chun feidhme,
agus faireachán agus meastóireacht á dhéanamh orthu. Agus cuspóirí
Airteagal 7 á saothrú acu, tabharfaidh na Ballstáit cur síos mionsonraithe ar
na gníomhaíochtaí atá le déanamh, go háirithe maidir le roghnú oibríochtaí,
socrú cuspóirí idirghabhálacha, agus socruithe chun faireachán agus tuairisciú
a dhéanamh. Déanfaidh na Ballstáit anailísí inscne i gcás inar cuí. 2. Áiritheoidh
na Ballstáit rannpháirteachas na gcomhlachtaí ábhartha atá freagrach as
comhionannas inscne, neamh‑idirdhealú agus inrochtaineacht sa chomhpháirtíocht
a chur chun cinn, agus áiritheoidh siad struchtúir leordhóthanacha i gcomhréir
le cleachtais náisiúnta chun comhairle a thabhairt maidir leis an gcomhionannas
inscne, neamh‑idirdhealú agus inrochtaineacht chun an saineolas is gá a
sholáthar agus na Cistí CSF á n‑ullmhú agus faireachán agus meastóireacht á
ndéanamh orthu. Beidh comhdhéanamh na gcoistí faireacháin cothromaithe ó thaobh
inscne agus áireofar iontu saineolas inscne/feidhm freagrachta. 3. Gabhfaidh
údaráis bhainistíochta meastóireachtaí sonracha nó cleachtaí féinmheasúnaathe
de láimh go rialta, i gcomhar leis na coistí faireacháin, ag díriú ar chur i
bhfeidhm phrionsabal na hinscne a phríomhshruthú. 4. Díreoidh
na Ballstáit, ar bhealach iomchuí, ar riachtanais na ngrúpaí faoi mhíbhuntáiste
chun gur féidir leo lánpháirtiú níos fearr sa mhargadh saothair, agus a bheith
rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí. B. Cuspóirí beartais
trasearnála 6.4 An inrochtaineacht 1. Maidir
leis na táirgí, na hearraí, na seirbhísí agus na bonneagair go léir atá
oscailte nó ar fáil don phobal agus atá cómhaoinithe ag na Cistí CSF,
airitheoidh údaráis bhainistíochta go bhfuil siad inrochtana ag na saoránaigh
uile lena n‑áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas. Go háirithe, ní
foláir a áirithiú go mbeidh ag gach grúpa faoi mhíbhuntáiste, lena n‑áirítear
daoine faoi mhíchumas, inrochtaineacht ar an timpeallacht fisiciúil, ar an
iompar, agus ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide ionas nach ndéanfar
leithcheal orthu. Gabhfaidh údaráis bhainistíochta
gníomhaíochtaí de láimh go feadh shaolré an chláir chun bacainní inrochtana atá
ann cheana a shainaithint agus a bhaint nó chun bacainní nua a chosc. 6.5 Diríú ar athrú deimeagrafach 1. Déanfar
na dúshláin a thig as athrú deimeagrafach a chur san áireamh ar gach leibhéal. Dá bhrí sin, bainfidh na Ballstáit úsáid as na Cistí CSF chun
straitéisí saincheaptha a fhorbairt, i gcás inar cuí, chun dul i ngleic le
fadhbanna deimeagrafacha agus chun fás a bhaineann le sochaí atá ag aosú a
chruthú. 2. Bainfidh
na Ballstáit úsáid as na Cistí CSF chun dul i mbun birt chun cuimsiú gach aois‑ghrúpa
a éascú. Cuirfidh
siad go háirithe le deiseanna fostaíochta do dhaoine óga agus cnagaosta. Ach infheistíochtaí a
dhéanamh i mbonneagair sláinte fónfar don sprioc i dtaobh saol oibre fada
sláintiúil a áirithiú do shaoránaigh uile an Aontais. 3. Sna réigiúin is mó atá thíos le hathrú deimeagrafach, sainaithneoidh na
Ballstáit na bearta chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (a)
tacú le hathnuachan deimeagrafach trí dhálaí níos
fearr do theaghlaigh agus cothromaíocht níos fearr idir saol na hoibre agus
saol an teaghlaigh a chur chun cinn; (b)
fostaíocht a mhéadú, táirgiúlacht agus
feidhmíocht eacnamaíoch a ardú trí infheistiú in oideachas, TFC agus taighde; (c)
díriú ar leormhaitheas agus cáilíocht
oideachais agus na struchtúr tacaíochta sóisialta; agus (d)
soláthar cúraim shláinte atá cost‑éifeachtach
agus cúram fadthéarmach a áirithiú, lena n‑áirítear infheistíocht sa
ríomhshláinte, sa ríomhchúram agus sa bhonneagar. 6.6 Maolú
ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin Déanfar maolú ar an athrú
aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus cosc ar rioscaí maidir le hathrú
aeráide a ionchorprú in ullmhú, clárú, cur chun feidhme gach ciste agus san
fhaireachán agus sa mheastóireacht a dhéantar orthu. Áiritheofar
infheictheacht na n‑iarrachtaí i dtreo an sprioc 20 % de bhuiséad an
Aontais ar a laghad a chaitheamh ar mhaolú ar athrú aeráide. 7. Socruithe chun dul i ngleic le Dúshláin Chríochacha 7.1. Déanfaidh na Ballstáit agus na réigiúin na bearta seo a leanas a
ghabháil de láimh chun críche a gConarthaí Comhpháirtíochta agus a gcláir a
ullmhú: (a)
Anailís ar acmhainneacht agus cumas forbartha an
Bhallstáit nó an réigiúin, go háirithe i ndáil leis na príomhdhúshláin a
sainaithníodh in Eoraip 2020, sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú agus sna moltaí
ábhartha tír-sonracha. Déanfaidh na húdaráis fhreagracha anailís mhionsonraithe
ar shaintréithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a ghabháil de láimh. (b)
measúnú ar na príomhdhúshláin a mbeidh ar an
réigiún nó an Ballstát díriú orthu, sainaithint na scrogall tráchta agus nasc
atá ar iarraidh, bearnaí nuálaíochta, lena n‑áirítear easpa acmhainneachta
pleanála agus cur chun feidhme a chuirfidh bac ar acmhainneacht fhadthéarmach
fáis agus post. Beidh an méid sin ina bhonn chun réimsí agus gníomhaíochtaí féideartha
ó thaobh beartais a chur in ord tosaíochta, idirghabhála agus comhchruinniú a
shainaithint; (c)
Measúnú ar na dúshláin chomhordúcháin
thrasearnála, thrasdhlínse nó thrasteorann, go háirithe i gcomhthéacs na
straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuacha; (d)
Bearta a shainaithint chun comhordú
níos fearr thar leibhéil éagsúla chríochacha agus acmhainní cistiúcháin a
bhaint amach chun go mbeidh cur chuige comhtháite ann lena nascfar Eoraip 2020
le gníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla. 7.2. Ar mhaithe le cuspóir an chomhtháthaithe chríochaigh a chur san
áireamh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an cur chuige foriomlán i leith
fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur chun cinn an méid seo a
leanas: (a)
léireoidh sé ról na gcathracha, na limistéar
tuaithe iascaigh agus na limistéar cósta, na limistéar atá ag tabhairt aghaidh
ar fhadhbanna sonracha geografacha nó deimeagrafacha; (b)
Cuirfidh sé san áireamh dúshláin shonracha na
réigiún is forimeallaí, na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil daonra an‑íseal
iontu agus na réigiún oileánach, trasteorann nó sléibhe; (c)
díreoidh sé ar naisc uirbeacha-thuaithe, i
dtéarmaí rochtana ar bhonneagair agus seirbhísí ar phraghas réasúnta,
cáilíochta, agus fadhbanna i réigiúin ina bhfuil ardtiúchan pobal atá
imeallaithe go sóisialta. IARSCRÍBHINN
II
Modh lena mbunaítear an creat feidhmíochta 1. Is éard a bheidh sa chreat
feidhmíochta garspriocanna atá bunaithe do gach tosaíocht maidir leis na
blianta 2016 agus 2018 agus do spriocanna atá bunaithe le haghaidh 2022.
Cuirfear na garspriocanna agus na spriocanna i láthair i gcomhréir leis an
bhformáid a leagtar amach i dtábla 1. Tábla 1: Formáid chaighdeánach don chreat
feidhmíochta Tosaíocht || Táscaire agus aonad tomhais, nuair is iomchuí || Garsprioc le haghaidh 2016 || Garsprioc le haghaidh 2018 || Sprioc le haghaidh 2022 || || || || || || || || || || || || || || || || 2. Spriocanna idirmheánacha iad
garspriocanna a bhaineann le gnóthú cuspóra sonraigh tosaíochta lena sloinntear
an dul chun cinn atá beartaithe i dtreo na spriocanna atá socraithe do
dheireadh na tréimhse. Áireofar le garspriocanna atá bunaithe le haghaidh 2016
táscairí airgeadais agus táscairí aschuir. Áireofar le garspriocanna atá
bunaithe le haghaidh 2018 táscairí airgeadais, táscairí aschuir agus, nuair is
iomchuí, táscairí toraidh. Féadfar garspriocanna a bhunú freisin le haghaidh na
bpríomhchéimeanna cur chun feidhme. 3. Beidh na nithe seo a leanas i
gceist le garspriocanna: –
beidh siad ábhartha, gabhfaidh siad faisnéis
fhíor-riachtanach faoi dhul chun cinn tosaíochta; –
beidh siad trédhearcach, agus beidh spriocanna atá
infhíoraithe go hoibiachtúil iontu mar aon leis na sonraí foinse atá
sainaitheanta agus ar fáil go poiblí; –
beidh siad infhíoraithe, gan ualach riaracháin
díréireach a cheangal; –
beidh siad comhsheasmhach thar chláir oibríochtúla,
nuair is iomchuí.
IARSCRÍBHINN III Miondealú
bliantúil ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí idir 2014 agus 2020 […] IARSCRÍBHINN IVII
Breisíocht 1. Caiteachas struchtúrach poiblí nó
coibhéiseach Déanfar an figiúr maidir le hOllfhoirmiú
Caipitil Sheasta i gcolún X-1, arna shloinneadh mar sciar d’Olltáirgeacht
Intíre (‘OTI’), de réir Thábla 2 d’Iarscríbhinn 2 de na “Treoirlínte maidir le
formáid agus inneachar na gClár Cobhsaíochta agus na gClár um Chóineasú”[43] , a
úsáid chun caiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach a chinneadh. 2. Fíorú Tá fíoruithe breisíochta i gcomhréir le
hAirteagal 86(3) faoi réir na rialacha seo a leanas: 2.1 Fíorú ex-ante (a)
Nuair a chuirfidh Ballstát Conradh Comhpháirtíochta
isteach, soláthrófaidh sé faisnéis maidir le próifíl bheartaithe an
chaiteachais i bhformáid Thábla 1 thíos. Sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn
réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin idirmheánacha níos mó ná 15 % agus
níos lú ná 70 % den daonra, soláthrófar faisnéis faoin gcaiteachas i
[réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin idirmheánacha] san fhormáid chéanna. Tábla 1 Caiteachas an Rialtais Ghinearálta mar sciar den OTI || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 P51 || X || X || X || X || X || X || X (b)
Cuirfidh an Ballstát ar fáil don Choimisiún
faisnéis maidir leis na príomhtháscairí agus réamh‑mheastacháin
mhaicreacnamaíocha is bun leis an leibhéal caiteachais struchtúraigh phoiblí nó
choibhéisigh. (c)
A luaithe a bheidh comhaontú ann idir an Coimisiún
agus an Ballstát, áireofar Tábla 1 thuas i gConradh Comhpháirtíochta an
Bhallstáit lena mbaineann mar leibhéal tagartha an chaiteachais struchtúraigh
phoiblí nó choibhéisigh a bheidh le cothabháil sna blianta 2014-2020. 2.2 Fíorú meántéarma (a)
Tráth an fhíoraithe mheántéarma, measfar go mbeidh
leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh á chothabháil ag
Ballstát má tá an méanchaiteachas bliantúil sna blianta 2014-2017 cothrom le,
nó níos mó ná, leibhéal tagartha an chaiteachais arna shocrú sa Chonradh
Comhpháirtíochta. (b)
Tar éis an fhíoraithe meántéarma, féadfaidh an
Coimisiún, i gcomhairle le Ballstát, leibhéal tagartha an chaiteachais
struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh sa Chonradh Comhpháirtíochta a
athbhreithniú más rud é go bhfuil athrú suntasach tagtha ar staid eacnamaíoch
an Bhallstáit ó glacadh an Conradh Comhpháirtíochta agus nár cuireadh an t‑athrú
san áireamh nuair a bhí an leibhéal tagartha á shocrú sa Chonradh Comhpháirtíochta.
2.3 Fíorú ex-post Tráth an fhíoraithe ex post, measfar go
mbeidh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh á
chothabháil ag Ballstát má tá an méanchaiteachas bliantúil sna blianta
2014-2020 cothrom le, nó níos mó ná, leibhéal tagartha an chaiteachais arna
shocrú sa Chonradh Comhpháirtíochta. 3. Rátaí ceartaithe airgeadais tar éis
fíorú ex post I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur cheart
ceartú airgeadais a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 86(4), gheofar ráta
an cheartaithe airgeadais trí bhíthin 3 % a dhealú ón difríocht idir an
leibhéal tagartha sa Chonradh Comhpháirtíochta agus an leibhéal a baineadh
amach, arna shloinneadh mar chéatadán den leibhéal tagartha, agus an toradh a
roinnt ar 10. Cinnfear an ceartú airgeadais, trí bhíthin ráta sin an
cheartaithe airgeadais a chur i bhfeidhm maidir le ranníocaíocht na gCistí leis
an mBallstát lena mbaineann maidir le réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin
trasdula le haghaidh na tréimhse clárúcháin ar fad. I gcás ina bhfuil an difríocht idir an
leibhéal tagartha sa Chonradh Comhpháirtíochta agus an leibhéal a bhainfear
amach, arna shloinneadh mar chéatadán den leibhéal tagartha sa Chonradh
Comhpháirtíochta, cothrom le 3 % nó níos lú, ní dhéanfar aon cheartú
airgeadais. Ní rachaidh an ceartú airgeadais thar 5 %
de leithdháileadh na gCistí ar an mBallstát lena mbaineann maidir le réigiúin
beagfhorbartha agus réigiúin trasdula le haghaidh na tréimhse clárúcháin ar
fad. IARSCRÍBHINN IV
Coinníollachtaí ex ante Coinníollachta
téamacha ex ante Cuspóirí téamacha || Coinníollacht ex ante || Critéir na comhlíontachta 1. Taighde, forbairt theicneolaíoch agus nuálaíocht a neartú (Sprioc T&F) (dá dtagraítear in Airteagal 9(1)) || 1.1. Taighde agus nuálaíocht: Straitéis taighde agus nuálaíochta náisiúnta agus/nó réigiúnach maidir le speisialtóireacht chliste a bheith ann i gcomhréir leis an gClár um Athchóiriú Náisiúnta, chun caiteachas príobháideach ar thaighde agus nuálaíocht a ghiaráil, a chomhlíonann gnéithe na gcóras taighde agus nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnach sin a fheidhmíonn go maith[44]. || – Tá straitéis nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnach i bhfeidhm maidir le speisialtóireacht chliste ar straitéis í: – atá bunaithe ar anailís láidreachtaí, laigí, deiseanna, agus bagairtí (SWOT) chun acmhainní a dhíriú ar líon teoranta tosaíochtaí taighde agus nuálaíochta; – a leagann amach bearta chun infheistíocht phríobháideach i dTaighde agus Forbairt Theicneolaíoch a spreagadh; – a bhfuil córas faireacháin agus athbhreithnithe mar chuid di. – Tá creat glactha ag Ballstát ina leagtar amach na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil don taighde agus nuálaíocht; – Tá plean ilbhliantúil glactha ag Ballstát maidir le buiséadú agus beartú tosaíochta infheistíochtaí atá nasctha le tosaíochtaí an AE (Fóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagar Taighde - ESFRI). 2. Úsáid agus cáilíocht theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus rochtain orthu a fheabhsú (Sprioc Leathanbhanda) (dá dtagraítear in Airteagal 9(2)) || 2.1. Fás digiteach: Caibidil shainráite maidir le Fás Digiteach a bheith cuimsithe sa straitéis nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnach maidir le speisialtóireacht chliste chun éileamh ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha atá ar phraghas réasúnta, ar ardchaighdeán agus atá idir-inoibritheach le TFC a spreagadh agus líon na saoránach, lena n‑áirítear grúpaí leochaileacha, na ngnólachtaí agus na ranna riaracháin phoiblí, lena n‑áirítear tionscnaimh trasteorann a úsáideann iad a mhéadú. || – Tá caibidil maidir le fás digiteach cuimsithe sa straitéis nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnach maidir le speisialtóireacht chliste ina bhfuil na nithe seo a leanas: – buiséadú agus beartú tosaíochta gníomhaíochtaí trí bhíthin anailís SWOT a dhéantar i gcomhréir le Scórchlár an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip[45]; – ba cheart anailís a bheith déanta ar thacaíocht a chothromú idir an t‑éileamh ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus soláthar TFC; – spriocanna intomhaiste do thorthaí ar idirghabhálacha i réimse na litearthachta digití, na scileanna, an ríomhchuimsithe, na rochtana leictreonaí, na ríomhshláinte atá i gcomhréir leis na straitéisí ábhartha earnála náisiúnta agus réigiúnacha atá ann cheana; – measúnú ar riachtanais chun forbairt acmhainní TFC a threisiú. 2.2. Bonneagar de Líonraí Rochtana don Chéad Ghlúin Eile (NGA): Pleananna Náisiúnta NGA a bheith ann a chuireann gníomhaíochtaí réigiúnacha san áireamh d’fhonn spriocanna an AE maidir le rochtain Idirlín ardluais a bhaint amach[46], a dhíríonn ar réimsí ina dteipeann ar an margadh bonneagar oscailte ar phraghas réasúnta agus ar cháilíocht leordhóthanach a chur ar fáil i gcomhréir le rialacha an AE maidir le hiomaíochas agus státchabhair, agus seirbhísí inrochtana a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha. || – Tá Plean NGA náisiúnta i bhfeidhm ina bhfuil na nithe seo a leanas: – plean d'infheistíochtaí bonneagair trí éilimh a chomhiomlánú agus mapáil ar bhonneagar agus seirbhísí, a thugtar cothrom le dáta go rialta; – samhlacha infheistíochta inbhuanaithe a fheabhsaíonn iomaíocht agus a sholáthraíonn rochtain ar bhonneagar agus ar sheirbhísí atá oscailte, ar phraghas réasúnta, ar ardcháilíocht agus atá oiriúnaithe don todhchaí; – bearta chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh. 3. Iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBM) a fheabhsú (dá dtagraítear in Airteagal 9(3)) || Tá gníomhaíochtaí sonracha déanta chun an Gníomh um Ghnólachtaí Beaga agus an tAthbhreithniú air an 23 Feabhra 2011[47] a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n‑áirítear an prionsabal “Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dtús”. || – Ar na gníomhaíochtaí sonracha sin tá: – meicníocht faireacháin lena áirithítear cur chun feidhme an Ghnímh um Ghnólachtaí Beaga, lena n‑áirítear comhlacht atá i gceannas ar shaincheisteanna FBM a chomhordú thar leibhéil riaracháin éagsúla (“Toscaire FBM”); – bearta chun an t‑am a thógtar chun gnó a chur ar bun a laghdú go 3 lá oibre agus an costas a laghdú go €100; – bearta chun an t‑am a theastaíonn chun ceadúnais agus ceadanna a fháil chun gníomhaíocht shonrach de chuid fhiontair a dhéanamh agus a chomhlíonadh a laghdú go 3 mhí; – meicníocht chun measúnú córasach a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag an reachtaíocht FBM ina n‑úsáidtear “Tástáil FBM" agus difríochtaí idir mhéid na bhfiontar á gcur san áireamh, nuair is ábhartha. 3.2. Treoir (2011/7/AE) ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála a thrasuí sa dlí náisiúnta[48]. || – An Treoir sin a thrasuí i gcomhréir le hAirteagal 12 den Treoir (faoin 16 Márta 2013). 4. Tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha uile (dá dtagraítear in Airteagal 9(4)) || 4.1. Tíosacht ar fhuinneamh: Treoir (2010/31/AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 28 den Treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta[49]. Comhlíonadh Airteagal 6(1) de Chinneadh 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát a gcuid astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú d'fhonn gealltanais an Chomhphobail suas go dtí 2020 a chomhlíonadh i ndáil le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú[50]. Treoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh na críochúsáide agus le seirbhísí fuinnimh a thrasuí sa dlí náisiúnta[51]. Treoir 2004/8/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhghiniúint a chur chun cinn bunaithe ar éileamh teasa úsáideach sa mhargadh inmheánach fuinnimh agus lena leasaítear Treoir 92/42/CEE[52]. || – Cur chun feidhme na n‑íoscheanglas a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Threoir 2010/31/AE; – Bearta a ghlacadh atá riachtanach chun córas deimhniúcháin a bhunú maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2010/31/AE; – An ráta athchóirithe atá ceangailte maidir le foirgnimh phoiblí a bhaint amach; – Tugtar méadair aonair do na custaiméirí deiridh; – Cuirtear éifeachtúlacht i dtéamh agus i bhfuarú chun cinn i gcomhréir le Treoir 2004/8/CE. 4.2. Fuinneamh in‑athnuaite: Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir (2001/77/CE) agus Treoir (2003/30/CE) a thrasuí sa dlí náisiúnta[53]. || – Tá scéimeanna tacaíochta trédhearcacha, tosaíocht maidir le rochtain ar an eangach agus maidir le seoladh, rialacha caighdeánacha a bhaineann le costas na n‑oiriúnuithe teicniúla a iompar agus a chomhroinnt curtha i bhfeidhm ag Ballstát agus tá siad curtha ar fáil don phobal; – Ghlac Ballstát le plean gníomhaíochta náisiúnta um fhuinneamh in‑athnuaite i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2009/28/CE. 5. Oiriúnú don athrú aeráide agus cosc ar rioscaí maidir le hathrú aeráide a chur chun cinn (Sprioc an Athraithe Aeráide) (dá dtagraítear in Airteagal 9(5)) || 5.1. Cosc ar rioscaí agus bainistiú rioscaí: Measúnuithe náisiúnta nó réigiúnacha riosca um bainistíocht tubaistí a bheith ann a chuireann oiriúnú don athrú aeráide san áireamh[54] || – Beidh measúnú riosca náisiúnta nó réigiúnach i bhfeidhm agus beidh na nithe seo a leanas ar áireamh ann: – Tuairisc ar an bpróiseas, ar an modheolaíocht, ar na modhanna agus ar shonraí neamhíogaire a úsáideadh do mheasúnú riosca náisiúnta; – Tuairisc ar chásanna aonriosca agus ilrioscaí; – Straitéisí náisiúnta maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide a chur san áireamh, nuair is iomchuí. 6. An comhshaol a chosaint agus úsáid inbhuanaithe acmhainní a chur chun cinn (dá dtagraítear in Airteagal 9(6)) || 6.1. Earnáil an uisce: Go bhfuil ann a) beartas praghsála uisce, lena dtugtar dóthain dreasachtaí do na húsáideoirí acmhainní uisce a úsáid go héifeachtúil agus b) go n‑áirithítear go rannchuidíonn na húsáidí éagsúla uisce le costas na seirbhísí uisce a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce[55]. || – Tá sé áirithithe ag Ballstát go rannchuidíonn na húsáidí éagsúla uisce le costas na seirbhísí uisce de réir earnála a ghnóthú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2000/60/CE. – Glacadh plean um bainistiú abhantracha le haghaidh limistéar na habhantraí i gcás ina ndéantar infheistíocht i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce[56]. – 6.2. Earnáil na dramhaíola: Cur chun feidhme Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n‑aisghairtear Treoracha[57] áirithe, go háirithe forbairt pleananna bainistithe dramhaíola i gcomhréir leis an Treoir agus le hord na réiteach dramhaíola. || – Tá tuairisc tugtha ag Ballstát don Choimisiún ar dhul chun cinn i dtreo spriocanna Airteagal 11 de Threoir 2008/98/CE, ar chúiseanna mainneachtana, agus ar ghníomhaíochtaí atá beartaithe chun na spriocanna a bhaint amach; – Tá sé áirithithe ag Ballstát go mbunaíonn a údaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagail 1, 4, 13 agus 16 de Threoir 2008/98/CE, plean bainistithe dramhaíola amháin nó níos mó mar a cheanglaítear le hAirteagal 28 den Treoir; – Tráth nach déanaí ná an 12 Nollaig 2013, beidh cláir maidir le dramhaíl a chosc bunaithe ag Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE, mar a cheanglaítear le hAirteagal 29 den Treoir; – Tá na bearta is gá déanta ag Ballstát chun sprioc 2020 a bhaint amach maidir le hathúsáid agus athchúrsáil i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2008/98/CE. 7. Iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus scrogaill i bpríomhbhonneagair líonraí a bhaint (dá dtagraítear in Airteagal 9(7)) || 7.1. Bóithre: Plean cuimsitheach iompair náisiúnta a bheith ann ina bhfuil beartú tosaíochta iomchuí infheistíochtaí i gcroí-Ghréasán Tras‑Eorpach de Bhonneagar Iompair (TEN‑T), sa ghréasán cuimsitheach (infheistíochtaí seachas an croí-TEN‑T) agus i lúdracht thánaisteach (lena n‑áirítear iompar poiblí ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil). || – Tá plean cuimsitheach iompair i bhfeidhm ina bhfuil na nithe a leanas: – beartú tosaíochta infheistíochtaí i gcroíghréasán TEN‑T, sa ghréasán cuimsitheach agus i lúdracht thánaisteach. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa bheartú tosaíochta ranníocaíocht infheistíochtaí le soghluaisteacht, inbhuanaitheacht, laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus ranníocaíocht leis an limistéar iompair Eorpach Aonair; – plean réalaíoch agus aibí don tionscadal (lena n‑áirítear tráthchlár, creat buiséadach); – measúnú straitéiseach comhshaoil lena gcomhlíontar na ceanglais dlí don phlean iompair; – bearta chun cumas na gcomhlachtaí agus na dtairbhithe idirghabhála a neartú chun plean an tionscadail a chur i gcrích. 7.2. Iarnród: Caibidil shainráite maidir le forbairt iarnróid a bheith sa phlean cuimsitheach iompair náisiúnta agus d’áireofaí sa Chaibidil sin beartú tosaíochta iomchuí infheistíochtaí i gcroí-Ghréasán Tras‑Eorpach de Bhonneagar Iompair (TEN‑T), sa ghréasán cuimsitheach (infheistíochtaí seachas sa chroíghréasán TEN‑T) agus i lúdracht thánaisteach an chórais iarnróid lena ranníocaíochtaí le soghluaisteacht, éifeachtaí ar líonraí náisiúnta agus Eorpacha. Cuimsítear sócmhainní soghluaiste agus idir-inoibritheacht agus forbairt acmhainní sna hinfheistíochtaí. || – Tá caibidil ar fhorbairt iarnróid áirithe sa phlean cuimsitheach iompair ina bhfuil na nithe a leanas: – plean réalaíoch agus aibí don tionscadal (lena n‑áirítear tráthchlár, creat buiséadach); – measúnú straitéiseach comhshaoil lena gcomhlíontar na ceanglais dlí don phlean iompair; – bearta chun cumas na gcomhlachtaí agus na dtairbhithe idirghabhála a neartú chun plean an tionscadail a chur i gcrích. 8. An fhostaíocht agus soghluaisteacht an luchta saothair a chur chun cinn (Sprioc na fostaíochta) (dá dtagraítear in Airteagal 9(8)) || 8.1. Rochtain ar fhostaíocht do chuardaitheoirí poist agus do dhaoine neamhghníomhacha, lena n‑áirítear tionscnaimh fostaíochta áitiúla agus soghluaisteacht an luchta saothair a chur chun cinn: Tá beartais ghníomhacha um margadh an luchta saothair ullmhaithe agus seachadta i gcomhréir leis na treoirlínte fostaíochta[58]. || – Tá sé ar chumas na seirbhísí fostaíochta na nithe seo a leanas a dhéanamh agus a sheachadadh: – seirbhísí pearsantaithe agus bearta gníomhacha agus coisctheacha sa mhargadh saothair ag céim luath, atá ar fáil do gach cuardaitheoir poist; – réamh‑mheas agus comhairliú ar dheiseanna fostaíochta fadtéarmaí arna gcruthú ag athruithe struchtúracha i margadh an tsaothair amhail an t‑athrú go geilleagar ísealcharbóin; – faisnéis thrédhearcach agus chórasach ar fholúntais poist nua. – Tá líonraí le fostóirí agus le hinstitiúidí oideachais bunaithe ag seirbhísí fostaíochta. 8.2. Féinfhostaíocht, fiontraíocht agus cruthú gnó: straitéis chuimsitheach do thacaíocht uilechuimsitheach tionscnaimh i gcomhréir leis an nGníomh um Ghnólachtaí Beaga[59] agus i gcomhréir leis na treoirlínte fostaíochta agus leis na treoirlínte ginearálta do bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais[60], maidir leis na dálaí fabhracha faoinar féidir poist a chruthú; || – Tá straitéis chuimsitheach i bhfeidhm lena n‑áirítear na nithe seo a leanas: – bearta chun an t‑am a thógtar chun gnó a chur ar bun a laghdú go trí lá oibre agus an costas a laghdú go €100; – bearta chun an t‑am a theastaíonn chun ceadúnais agus ceadanna a fháil chun gníomhaíocht shonrach gnólachta fiontair a dhéanamh agus a chomhlíonadh a laghdú go trí mhí; – gníomhaíochtaí lena nasctar seirbhísí oiriúnacha forbartha gnó agus seirbhísí airgeadais (rochtain ar chaipiteal), lena n‑áirítear an fhor-rochtain ar ghrúpaí agus ar limistéir faoi mhíbhuntáiste. 8.3. Na hinstitiúidí sa mhargadh saothair a nuachóiriú agus a neartú, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí chun soghluaisteacht an luchta saothair trasnáisiúnta a éascú[61]: - Tá institiúidí mhargadh an tsaothair nuachóirithe agus neartaithe i gcomhréir leis na Treoirlínte Fostaíochta; - Gabhfaidh straitéis shoiléir agus measúnú ex ante, lena n‑áirítear gné na hinscne, roimh athchóiriú ar institiúidí mhargadh an tsaothair || – Gníomhaíochtaí chun seirbhísí fostaíochta a athchóiriú, a bhfuil d’aidhm leo a chur a chumas na seirbhísí na nithe seo a leanas a sheachadadh[62]: – seirbhísí pearsantaithe agus bearta gníomhacha agus coisctheacha sa mhargadh saothair ag céim luath, atá ar fáil do gach cuardaitheoir poist; – comhairliú ar dheiseanna fostaíochta fadtéarmaí arna gcruthú ag athruithe struchtúracha i margadh an tsaothair amhail an t‑athrú go geilleagar ísealcharbóin; – faisnéis thrédhearcach agus chórasach ar fholúntais poist nua atá inrochtana ar leibhéal an Aontais. – Áireoidh athchóiriú na seirbhísí fostaíochta cruthú líonraí le fostóirí agus le hinstitiúidí oideachais. 8.4. Aosú gníomhach agus sláintiúil: Tá beartais aosaithe ghníomhaigh deartha agus seachadta i gcomhréir leis na Treoirlínte Fostaíochta[63] || – Gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aosaithe ghníomhaigh agus shláintiúil[64]: – tá geallsealbhóirí ábhartha bainteach le dearadh agus cur chun feidhme na mbeartas aosaithe ghníomhaigh; – tá bearta i bhfeidhm ag Ballstát chun aosú gníomhach a chur chun cinn agus chun luathscor a laghdú. || 8.5. Inoiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d’athrú: Beartais a bheith ann atá dírithe ar chuidiú le réamh‑mheas agus le dea-bhainistíocht athraithe agus le hathstruchtúrú ar gach leibhéal ábhartha (náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus earnála)[65]. || – Tá ionstraimí éifeachtacha i bhfeidhm chun tacú le comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis phoiblí chun cineálacha cur chuige réamhghníomhaigh a fhorbairt maidir le hathrú agus le hathstruchtúrú. 9. Infheistíocht i scileanna, in oideachas, agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil (Sprioc an oideachais) (dá dtagraítear in Airteagal 9(10)) || 9.1. Luathfhágáil na scoile: Straitéis chuimsitheach a bheith ann chun luathfhágáil na scoile (LFS) a laghdú i gcomhréir le Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a mhaolú[66]. || – Tá córas i bhfeidhm chun sonraí agus faisnéis LFS a bhailiú agus a anailísiú ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena ndéantar na nithe seo a leanas: – cuirtear bonn leordhóthanach faisnéise ar fáil chun beartais spriocdhírithe a fhorbairt; – úsáidtear go córasach é chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ar an leibhéal ábhartha. – Tá straitéis maidir le LFS i bhfeidhm: – atá bunaithe ar fhianaise; – atá cuimsitheach (m.sh. clúdaítear gach earnáil oideachais, lena n‑áirítear forbairt luath an pháiste) agus lena dtugtar aghaidh leormhaith ar bhearta coiscthe, idirghabhála agus cúitimh; – ina leagtar amach cuspóirí atá comhsheasmhach leis an Moladh ón gComhairle maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a mhaolú; – ina gcuimsítear gach earnáil, agus bíonn gach earnáil beartais agus gach geallsealbhóir atá ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar LFS bainteach léi agus déantar iad a chomhordú. 9.2. Ardoideachas: Straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha a bheith ann chun gnóthachtáil, cáilíocht agus éifeachtúlacht oideachais threasaigh a mhéadú i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meán fómhair 2011 maidir le nuachóiriú chórais ardoideachais na hEorpa[67]. || – Tá straitéis náisiúnta nó réigiúnach maidir le hoideachas treasach i bhfeidhm, lena n‑áirítear na nithe seo a leanas: – bearta chun rannpháirtíocht agus gnóthachtáil a mhéadú lena ndéantar na nithe seo a leanas: – an treoraíocht a thugtar do mhic léinn ionchasacha a fheabhsú; – rannpháirtíocht san ardoideachas a mhéadú i measc grúpaí ísealioncaim agus grúpaí eile faoi ghannionadaíocht; – rannpháirtíocht foghlaimeoirí fásta a mhéadú; – (más gá) rátaí luathfhágála scoile a mhaolú/rátaí comhlíonta a fheabhsú; – bearta chun cáilíocht a mhéadú, lena ndéantar na nithe seo a leanas: – dearadh cláir agus ábhar nuálaíoch a spreagadh; – ardchaighdeáin cháilíochta sa teagasc a chur chun cinn; – bearta chun infhostaitheacht agus fiontraíocht a mhéadú, lena ndéantar na nithe seo a leanas: – forbairt “scileanna idirdhisciplíneacha” a spreagadh, lena n‑áirítear fiontraíocht i ngach clár ardoideachais; – difríochtaí inscne a laghdú i roghanna acadúla agus gairmoideachais agus mic léinn a spreagadh chun gairmeacha a roghnú in earnálacha mar a bhfuil siad faoi ghannionadaíocht d’fhonn an leithscaradh inscne i margadh an tsaothair a laghdú; – teagasc feasach a áirithiú trí eolas a úsáid ó thaighde agus ó fhorbairtí i gcleachtais ghnó. 9.3. Foghlaim ar feadh an tsaoil: Creat beartais náisiúnta agus/nó réigiúnaigh a bheith ann ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil i gcomhréir le treoraíocht beartais ar leibhéal an Aontais[68]. || – Tá creat beartais náisiúnta nó réigiúnaigh ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil i bhfeidhm ina gcuimsítear na nithe seo a leanas: – bearta chun tacú le cur chun feidhme na foghlama ar feadh an tsaoil (FFS) agus uasghrádú scileanna agus le haghaidh rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus comhpháirtíocht le geallsealbhóirí, lena n‑áirítear comhpháirtithe sóisialta agus comhlachais sochaí sibhialta; – bearta maidir le soláthar éifeachtach forbartha scileanna do dhaoine óga faoi ghairmoiliúint, do dhaoine fásta, do mhná ag filleadh ar mhargadh an tsaothair, d’oibrithe ar bheagán oiliúna agus níos sine, agus do ghrúpaí eile faoi mhíbhuntáiste; – bearta chun rochtain ar FFS a leathnú, lena n‑áirítear trí chur chun feidhme éifeachtach uirlisí trédhearcachta (an Creat Eorpach um Cháilíochtaí, an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí, ECVET, an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus Gairmoiliúint) agus forbairt agus comhtháthú seirbhísí foghlama ar feadh an tsaoil (oideachas agus oiliúint, treoraíocht, bailíochtú, deimhniú); – bearta chun ábharthacht an oideachais agus na hoiliúna a fheabhsú agus chun iad a oiriúnú do riachtanais na spriocghrúpaí sainaitheanta. 10. Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac (sprioc na bochtaineachta) (dá dtagraítear in Airteagal 9(9)) || 10.1. Cuimsiú gníomhach Lánpháirtiú pobal imeallaithe amhail na Romaigh: Straitéis náisiúnta um laghdú na bochtaineachta a bheith ann agus í a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún an 3 Deireadh fómhair 2008 maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair[69] agus leis na Treoirlínte Fostaíochta Tá straitéis náisiúnta um lánpháirtiú na Romaigh i bhfeidhm i gcomhréir le Creat an AE maidir le straitéisí náisiúnta um lánpháirtiú na Romach[70] - Foráil tacaíochta do pháirtithe leasmhara ábhartha maidir le rochtain a fháil ar na Cistí. || – Tá straitéis náisiúnta um laghdú na bochtaineachta i bhfeidhm: – atá bunaithe ar fhianaise. Chuige sin, teastaíonn córas chun sonraí agus faisnéis a bhailiú agus a anailísiú lena gcuirtear faisnéis leordhóthanach ar fáil chun beartais a fhorbairt do laghdú na bochtaineachta. Úsáidtear an córas seo chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí; – atá i gcomhréir leis an sprioc um bochtaineacht náisiúnta agus eisiamh sóisialta (mar a shainítear sa Chlár Athchóirithe Náisiúnta), lena n‑áirítear síneadh ar dheiseanna fostaíochta do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste; – a chuimsíonn mapáil ar chomhchruinniú críochach thar an leibhéal réigiúnach/ar leibhéal NUTS 3 ar ghrúpaí imeallaithe agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste lena n‑áirítear na Romaigh; – ina léirítear go bhfuil comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha bainteach le dearadh an chuimsithe ghníomhaigh; – ina n‑áirítear bearta maidir leis an athrú ó chúram cónaithe go cúram pobail; – ina dtugar bearta soiléire maidir le leithscaradh a chosc agus a chomhrac i ngach réimse. – Tá straitéis náisiúnta um lánpháirtiú na Romach i bhfeidhm: – ina leagtar síos spriocanna náisiúnta indéanta maidir le lánpháirtiú na Romach chun an bhearna idir na Romaigh agus an gnáthphobal a laghdú. Ba cheart do na spriocanna sin aghaidh a thabhairt, ar a laghad, ar na ceithre sprioc um lánpháirtiú na Romach san AE a bhaineann le rochtain ar oideachas, ar fhostaíocht, ar chúram sláinte agus ar thithíocht; – atá comhsheasmhach leis an gClár um Athchóiriú Náisiúnta; – ina n‑aithnítear, nuair is ábhartha, na micriréigiúin atá faoi mhíbhuntáiste nó na comharsanachtaí deighilte, ina bhfuil na pobail is díothaí, ach táscairí socheacnamaíocha agus críochacha atá ar fáil cheana a úsáid (i.e. leibhéal an‑íseal oideachais, dífhostaíocht fhadtéarmach, etc.). – lena leithdháiltear a dhóthain maoinithe ó bhuiséid náisiúnta, a chomhlánófar, nuair is iomchuí, le maoiniú idirnáisiúnta agus maoiniú AE. – lena n‑áirítear modhanna láidre faireacháin chun meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar a bheidh gníomhaíochtaí lánpháirtithe na Romach agus meicníocht athbhreithnithe chun an straitéis a oiriúnú. – atá deartha agus curtha chun feidhme i ndlúthchomhar agus i gcomhphlé leanúnach le sochaí shibhialta na Romach, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus a ndéantar faireachán uirthi i ndlúthchomhar leo freisin. – ina bhfuil pointe teagmhála náisiúnta don straitéis náisiúnta um lánpháirtiú na Romaigh san údarás ar mhaithe le forbairt agus cur chun feidhme na straitéise a chomhordú. – Cuirtear tacaíocht ar fáil do na geallsealbhóirí ábhartha chun iarratais ar thionscadail a chur isteach agus chun na tionscadail roghnaithe a chur chun feidhme agus a bhainistiú 10.2. Sláinte: Straitéis náisiúnta nó réigiúnach a bheith ann don tsláinte, lena n‑áirithítear rochtain ar sheirbhísí cáilíochta sláinte agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch. || – Tá straitéis náisiúnta nó réigiúnach sláinte i bhfeidhm: – ina bhfuil bearta comhordaithe chun an rochtain ar sheirbhísí sláinte cáilíochta a fheabhsú; – a bhfuil bearta inti chun éifeachtúlacht a spreagadh san earnáil sláinte, lena n‑áirítear trí úsáid teicneolaíochtaí éifeachtacha nuálaíochta, samhlacha seachadta seirbhíse agus bonneagair; – a bhfuil córas faireacháin agus athbhreithnithe mar chuid di. – Tá creat glactha ag Ballstát nó ag réigiún a léiríonn acmhainní buiséadacha atá ar fáil do chúram sláinte. 11. Acmhainní na n‑institiúidí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú (dá dtagraítear in Airteagal 9(11)) || Éifeachtúlacht riaracháin na mBallstát: Straitéis a bheith ann chun éifeachtúlacht riaracháin na mBallstát a threisiú, lena n‑áirítear athchóiriú ar riarachán poiblí[71] || – Tá straitéis chun éifeachtúlacht riaracháin Ballstáit a threisiú i bhfeidhm agus á cur chun feidhme[72]. Áirítear sa straitéis sin: – anailís agus pleanáil straitéiseach ar ghníomhaíochtaí dlíthiúla, eagraíochtúla agus/nó athchóirithe nós imeachta; – forbairt córais bainistithe cáilíochta; – gníomhaíochtaí comhtháite do shimpliú agus do chuíchóiriú nósanna imeachta riaracháin; – forbairt agus cur chun feidhme straitéisí agus beartais acmhainní daonna, lena gcumhdaítear pleananna earcaíochta agus gairmeacha foirne, forbairt inniúlachta agus acmhainní a chur ar fáil; – forbairt scileanna ar gach leibhéal; – forbairt nósanna imeachta agus uirlisí i gcomhair faireacháin agus meastóireachta. Coinníollachtaí ginearálta ex ante Limistéar || Coinníollacht ex-ante || Critéir na comhlíontachta 1. Frith‑idirdhealú || Meicníocht a bheith ann lena n‑áiritheofar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Threoir 2000/78/CE an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha[73] agus Threoir 2000/43/CE an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir dhaoine beag beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach[74] || – Déantar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Threoir 2000/78/CE agus Threoir 2000/43/CE ar neamh‑idirdhealú a áirithiú trí na nithe seo a leanas: – socruithe institiúideacha maidir le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus maoirseacht na dtreoracha ón AE ar neamh‑idirdhealú; – straitéis i gcomhair oiliúna agus scaipthe faisnéise ar bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme na gcistí; – bearta chun acmhainní riaracháin a neartú do chur chun feidhme agus do chur i bhfeidhm na dtreoracha ón AE ar neamh‑idirdhealú. 2. Comhionannas inscne || Straitéis a bheith ann do chur chun cinn an chomhionannais inscne agus meicníocht lena n‑áirithítear a chur chun feidhme éifeachtach. || – Déantar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach straitéise sainráite ar chur chun cinn an chomhionannais inscne a áirithiú trí na nithe seo a leanas: – córas chun sonraí agus táscairí, agus iad miondealaithe de réir inscne, a bhailiú agus a anailísiú agus chun beartais inscne bunaithe ar fhianaise a fhorbairt; – plean agus critéir ex ante do chomhtháthú cuspóirí comhionannais inscne trí threoirlínte agus trí chaighdeáin inscne; – meicníochtaí cur chun feidhme lena n‑áirítear rannpháirtíocht comhlachta inscne agus an saineolas ábhartha chun na hidirghabhálacha a dhréachtú, agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu. 3. Míchumas || Meicníocht a bheith ann lena n‑áirithítear cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún na NA ar chearta daoine atá faoi mhíchumas. [75] || – Déantar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún na NA ar chearta daoine atá faoi mhíchumas a áirithiú trí na nithe seo a leanas: – Cur chun feidhme beart i gcomhréir le hAirteagal 9 de Choinbhinsiún na NA chun constaicí agus bacainní ar inrochtaineacht daoine atá faoi mhíchumas a chosc, a aithint agus a dhíchur; – socruithe institiúideacha do chur chun feidhme agus do mhaoirseacht Choinbhinsiún na NA i gcomhréir le hAirteagal 33 den Choinbhinsiún; – plean i gcomhair oiliúna agus scaipthe faisnéise do bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme na gcistí; – bearta chun acmhainní riaracháin a neartú do chur chun feidhme agus do chur i bhfeidhm Choinbhinsiún na NA, lena n‑áirítear socruithe iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta. 4.. Soláthar poiblí || Meicníocht a bheith ann lena n‑áirithítear cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Threoir 2004/18/CE agus Threoir 2004/17/CE agus maoirseacht faireachas leormhaith orthu. || – Déantar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Threoir 2004/18/CE agus Threoir 2004/17/CE a áirithiú trí na nithe seo a leanas: – trasuíomh iomlán Threoir 2004/18/CE agus Threoir 2004/17/CE; – socruithe institiúideacha maidir le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus maoirseacht dhlí soláthair phoiblí an AE; – bearta lena n‑áirithítear maoirseacht agus faireachas leormhaith ar nósanna imeachta trédhearcacha maidir le dámhachtain conarthaí agus faisnéis leordhóthanach faoi; – straitéis i gcomhair oiliúna agus scaipthe faisnéise ar bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme na gcistí; – bearta chun acmhainní riaracháin a neartú do chur chun feidhme agus do chur i bhfeidhm dhlí soláthair phoiblí an AE. 5. Státchabhair || Meicníocht a bheith ann lena n‑áirithítear cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an AE maidir le státchabhair || – Déantar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an AE maidir le státchabhair a áirithiú trí na nithe seo a leanas: – socruithe institiúideacha maidir le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus maoirseacht dhlí an AE maidir le státchabhair; – straitéis i gcomhair oiliúna agus scaipthe faisnéise ar bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme na gcistí; – bearta chun acmhainní riaracháin a neartú do chur chun feidhme agus do chur i bhfeidhm dhlí an AE maidir le státchabhair. 6. Reachtaíocht chomhshaoil a bhaineann le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) agus leis an measúnacht straitéiseach comhshaoil (MSC) || Meicníocht a bheith ann lena n‑áiritheofar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach reachtaíocht chomhshaoil an Aontais maidir le MTC agus MSC i gcomhréir le Treoir (85/337/CEE) an 27 Meitheamh 1985 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol[76] agus le Treoir (2001/42/CE) an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú[77]. || – Áirithítear cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach reachtaíocht chomhshaoil an Aontais trí na nithe seo a leanas: – trasuíomh iomlán agus ceart dhlí Treoracha MTC agus MSC; – socruithe institiúideacha maidir le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus maoirseacht Threoracha MTC agus MSC; – straitéis i gcomhair oiliúna agus scaipthe faisnéise ar bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme Threoracha MTC agus MSC; – bearta chun acmhainní leordhóthanacha riaracháin a áirithiú. 7. Córais staidrimh agus táscairí ar thorthaí || Córas staidrimh a bheith ann atá riachtanach chun tabhairt faoi mheastóireachtaí chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar thionchar na gclár. Córas éifeachtach a bheith ann de tháscairí ar thorthaí is gá chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo torthaí agus measúnú tionchair a dhéanamh. || – Tá plean ilbhliantúil i bhfeidhm do bhailiú tráthúil agus do chomhiomlánú sonraí, lena n‑áirítear na nithe seo a leanas: – sainaithint na bhfoinsí agus na meicníochtaí chun bailíochtú staidrimh a áirithiú; – socruithe maidir le foilsiú agus le hinfhaighteacht phoiblí. – córas éifeachtach de táscairí ar thorthaí, lena n‑áirítear: – roghnú táscairí ar thorthaí do gach clár, lena gcuirtear faisnéis ar fáil faoi na gnéithe sin a bhaineann le dea-bhail agus dul chun cinn daoine, lena spreagtar na gníomhaíochtaí beartais a mhaoinítear leis an gclár; – spriocanna a bhunú do na táscairí sin; – urramú gach táscaire, lena gceanglaítear an méid seo a leanas: stóinseacht agus bailíochtú staidrimh, soiléire an léirmhínithe normataigh, sofhreagracht don bheartas, bailiú tráthúil agus infhaighteacht phoiblí sonraí; – nósanna imeachta leordhóthanacha lena áirithiú go nglacfaidh na hoibríochtaí uile a mhaoinítear faoin gclár córas éifeachtach táscairí. IARSCRÍBHINN VI Faisnéis
agus cumarsáid ar thacaíocht ó na Cistí 1. Liosta oibríochtaí Beidh na réimsí sonraí seo a leanas sa liosta
oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 105(2), i gceann amháin de
theangacha oifigiúla an Bhallstáit ar a laghad: –
Ainm an tairbhí (eintitis dhlíthiúla amháin; ní
ainmneofar aon duine nádúrtha); –
Ainm na hoibríochta; –
Achoimre ar an oibríocht; –
Dáta tosaithe na hoibríochta; –
Dáta críochnaithe na hoibríochta (an dáta a
bhfuiltear ag súil go mbeidh an oibríocht críochnaithe go fisiciúil nó curtha
chun feidhme go hiomlán); –
An caiteachas iomlán incháilithe arna
leithdháileadh ar an oibríocht; –
Ráta cómhaoinithe an AE (in aghaidh na haise
tosaíochta); –
Postchód na hoibríochta; –
Tír; –
Ainm na catagóire idirghabhála don oibríocht; –
Dáta an nuashonraithe is déanaí ar an liosta
oibríochtaí. Cuirfear ceannteidil na réimsí sonraí agus
ainmneacha na n‑oibríochtaí ar fáil freisin i dteanga oifigiúil amháin eile ar
a laghad de chuid an Aontais Eorpaigh. 2. Bearta faisnéise agus poiblíochta don
phobal Glacfaidh an Ballstát, an t‑údarás
bainistíochta agus na tairbhithe na céimeanna is gá chun faisnéis agus
poiblíocht a chur ar fáil don phobal faoi oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht
faoi chlár oibríochtúil i gcomhréir leis an Rialachán seo. 2.1. Freagrachtaí an Bhallstáit
agus an údaráis bhainistíochta 1. Áiritheoidh an Ballstát agus
an t‑údarás bainistíochta go gcuirtear na bearta faisnéise agus poiblíochta
chun feidhme i gcomhréir leis an straitéis chumarsáide agus go bhféachtar leis
na bearta sin le cumarsáid a dhéanamh leis an líon is mó daoine is féidir sna
meáin uile trí leas á bhaint as cineálacha agus modhanna éagsúla cumarsáide ar
an leibhéal iomchuí. 2. Beidh an Ballstát nó an t‑údarás
bainistíochta freagrach as na bearta faisnéise agus poiblíochta seo a leanas ar
a laghad a eagrú: (a)
mórghníomhaíocht faisnéise lena ndéantar poiblíocht
maidir le seoladh an chláir oibríochtúil; (b)
mórghníomhaíocht faisnéise amháin ar a laghad in
aghaidh na bliana ina gcuirtear chun cinn na deiseanna cistiúcháin, na
straitéisí arna saothrú agus ina gcuirtear i láthair mórghníomhartha an chláir
oibríochtúil, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, pleananna gníomhaíochta
comhpháirteacha agus samplaí eile tionscadail; (c)
taispeáint bhratach an Aontais Eorpaigh os comhair
áite nó ag áit inar féidir leis an bpobal í a fheiceáil, ag áitreabh gach
údaráis bhainistíochta; (d)
foilsiú leictreonach an liosta oibríochtaí i
gcomhréir le roinn 1; (e)
samplaí d'oibríochtaí a thabhairt, de réir cláir
oibríochtúla, ar an suíomh gréasáin aonair nó ar shuíomh gréasáin an chláir
oibríochtúil ar féidir rochtain a fháil air tríd an dtairseach aonair suímh
ghréasáin; ba cheart na samplaí a bheith i dteanga oifigiúil de chuid an
Aontais Eorpaigh a labhraítear go forleathan, teanga seachas teanga oifigiúil
nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann; (f)
nuashonrú faisnéise faoi chur chun feidhme an
chláir oibríochtúil, lena n‑áirítear a phríomh‑mhórghníomhartha, ar an suíomh
gréasáin aonair nó ar shuíomh gréasáin an chláir oibríochtúil ar féidir
rochtain a fháil air tríd an dtairseach aonair suímh ghréasáin. 3. Socróidh an t‑údarás
bainistíochta go mbeidh baint ag na comhlachtaí seo a leanas le bearta
faisnéise agus poiblíochta i gcomhréir le dlíthe agus le cleachtais náisiúnta: (a)
na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5; (b)
ionaid faisnéise faoin Eoraip, chomh maith le
hoifigí ionadaíochta an Choimisiúin sna Ballstáit; (c)
institiúidí oideachais agus taighde. Déanfaidh na comhlachtaí sin an fhaisnéis a
ndéantar cur síos uirthi in Airteagal 105(1)(a) agus (b) a scaipeadh go
forleathan. 2.2. Freagrachtaí na dtairbhithe 1. Déanfaidh gach beart
faisnéise agus cumarsáide a chuireann an tairbhí i bhfeidhm tacaíocht ó na
Cistí don oibríocht a aithint trína nithe seo a leanas a thaispeáint: (a)
feathal an AE, a thaispeáint i gcomhréir leis na
saintréithe teicniúla atá leagtha síos sa ghníomh cur chun feidhme arna
ghlacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 105(4), chomh maith le tagairt
don Aontas Eorpach; (b)
tagairt don Chiste nó do na Cistí atá ag tacú leis
an oibríocht. 2. Le linn chur chun feidhme
oibríochta, cuirfidh an tairbhí an pobal ar an eolas faoin tacaíocht a fuarthas
ó na Cistí tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (a)
cur síos gairid ar an oibríocht a chur ar fáil ar
shuíomh gréasáin an tairbhí, i gcás inarb ann dá leithéid de shuíomh gréasáin,
lena n‑áirítear a haidhmeanna agus a torthaí, agus béim a chur ar an tacaíocht
airgeadais a fuarthas ón Aontas Eorpach; (b)
póstaeir amháin ar a laghad ar a bhfuil faisnéis
faoin tionscadal (A3 ar a laghad), lena n‑áirítear an tacaíocht airgeadais ón
Aontas Eorpach, a chur in áit is féidir leis an bpobal a fheiceáil go héasca,
amhail limistéar bhealach isteach foirgnimh. 3. I gcás oibríochtaí a fhaigheann
tacaíocht ó CSE, agus i gcásanna iomchuí i gcás oibríochtaí a fhaigheann
tacaíocht ó CFRE nó ón gCiste Comhtháthaithe, áiritheoidh an tairbhí gur
cuireadh iad siúd a ghlacann páirt in oibríocht ar an eolas faoin gcistiú sin. Aon doiciméad, lena n‑áirítear aon teastas tinrimh
nó teastas eile, a bhaineann leis an oibríocht sin, áireofar ann ráiteas go
bhfuair an clár oibríochtúil tacaíocht ón gCiste nó ó na Cistí. 4. Le linn chur chun feidhme
oibríocht CFRE nó oibríocht de chuid an Chiste Chomhtháthaithe, déanfaidh an
tairbhí clár fógraí sealadach a chur suas, in áit is féidir leis an bpobal a
fheiceáil go héasca, clár de mhéid shuntasach do gach oibríocht arb é maoiniú
bonneagair nó oibríochtaí tógála a bhfuil an tacaíocht iomlán phoiblí don
oibríocht os cionn EUR 500 000 atá inti. 5. Tráth nach déanaí ná trí mhí
tar éis chríochnú oibríochta, déanfaidh an tairbhí, in áit is féidir leis an
bpobal a fheiceáil go héasca, plaic bhuan nó clár fógraí buan de mhéid
shuntasach a chur suas do gach oibríocht a chomhlíonann na critéir seo a
leanas: (c)
tá an tacaíocht iomlán phoiblí don oibríocht os
cionn EUR 500 000; (d)
is é atá san oibríocht ceannach ruda fhisicigh nó
maoiniú oibríochtaí bonneagair nó tógála. Sonrófar ar an bplaic nó ar an gclár fógraí
cineál, ainm agus cuspóir na hoibríochta agus ullmhófar í/é i gcomhréir leis na
saintréithe teicniúla arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le
hAirteagal 105(4). 3. Bearta faisnéise do thairbhithe
féideartha agus do thairbhithe 3.1. Bearta faisnéise do
thairbhithe féideartha 1. Áiritheoidh an t‑údarás
bainistíochta, i gcomhréir leis an straitéis chumarsáide, go ndéantar
straitéisí, cuspóirí agus deiseanna cistiúcháin an chláir oibríochtúil, ar
deiseanna iad a chuireann tacaíocht chomhpháirteach ón Aontas Eorpach agus ón
mBallstát ar fáil, a scaipeadh go forleathan i measc tairbhithe féideartha agus
gach páirtí leasmhair, le sonraí faoin tacaíocht airgeadais ó na Cistí lena
mbaineann. 2. Áiritheoidh an t‑údarás
bainistíochta go gcuirtear tairbhithe féideartha ar an eolas faoi na nithe seo
a leanas ar a laghad: (a)
coinníollacha incháilitheachta caiteachais atá le
comhlíonadh chun cáiliú do thacaíocht faoi chlár oibríochtúil; (b)
cur síos ar na nósanna imeachta chun iarratais ar
chistiú a scrúdú agus ar na tréimhsí ama i gceist; (c)
na critéir chun na hoibríochtaí a bhfuil tacaíocht
le tabhairt dóibh a roghnú; (d)
na teagmhálaithe ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach
nó áitiúil atá in ann faisnéis a chur ar fáil faoi na cláir oibríochtúla; (e)
gur cheart d'iarratais gníomhaíochtaí cumarsáide atá
comhréireach le méid na hoibríochta a mholadh, chun an pobal a chur ar an eolas
faoi aidhmeanna na hoibríochta agus faoi thacaíocht an AE don oibríocht. 3.2. Bearta faisnéise do
thairbhithe 1. Cuirfidh an t‑údarás
bainistíochta tairbhithe ar an eolas gurb ionann glacadh le cistiú agus glacadh
lena gcuimsiú ar an liosta oibríochtaí arna fhoilsiú i gcomhréir le
hAirteagal 105(2). 2. Cuirfidh an t‑údarás
bainistíochta pacáistí faisnéise agus poiblíochta ar fáil, lena n‑áirítear
teimpléid i bhformáid leictreonach, chun cabhrú le tairbhithe a n‑oibleagáidí
atá leagtha amach i roinn 2.2 a chomhlíonadh. 4. Gnéithe na straitéise cumarsáide Áireofar
na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa straitéis chumarsáide a tharraingeoidh
an t‑údarás bainistíochta suas: (a)
cur síos ar an gcur chuige a úsáideadh, lena n‑áirítear
na príomhbhearta faisnéise agus poiblíochta atá le déanamh ag an mBallstát nó
ag an údarás bainistíochta, dírithe ar thairbhithe féideartha, ar thairbhithe,
ar iolraitheoirí agus ar an bpobal i gcoitinne, ag féachaint do na haidhmeanna
a gcuirtear síos orthu in Airteagal 105; (b)
cur síos ar ábhair a chuirfear ar fáil i bhformáid
inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas; (c)
cur síos ar an gcaoi a dtacófar le tairbhithe ina
ngníomhaíochtaí cumarsáide; (d)
an buiséad táscach do chur chun feidhme na
straitéise; (e)
cur síos ar na comhlachtaí riaracháin, lena n‑áirítear
na hacmhainní foirne, atá freagrach as na bearta faisnéise agus poiblíochta a
chur chun feidhme; (f)
na socruithe do na bearta faisnéise agus
poiblíochta dá dtagraítear i roinn 2, lena n‑áirítear an suíomh gréasáin nó an
tairseach suímh ghréasáin ar a bhfuil fáil ar shonraí den sórt sin; (g)
tásc ar an gcaoi a ndéanfar measúnú ar na bearta
faisnéise agus poiblíochta i dtéarmaí infheictheacht an bheartais agus feasacht
i leith an bheartais, na gclár oibríochtúil agus na n‑oibríochtaí, agus ról na
gCistí agus an Aontais Eorpaigh; (h)
i gcás inarb iomchuí, cur síos ar úsáid
phríomhthorthaí an chláir oibríochtúil roimhe sin; (i)
nuashonrú bliantúil ina leagtar amach na
gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide atá le déanamh. RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Na
forais atá leis an togra/tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag
an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí 3.2.3. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de
chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht
don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí
ó thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar
síos forálacha coiteanna áirithe maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na
hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste
Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe
agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin
gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa
agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n‑aisghairtear Rialachán
(CE) Uimh. 1083/2006 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[78] 13.Beartas
réigiúnach, gníomhaíochtaí ABB 13 03 (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
agus oibríochtaí réigiúnacha eile); 13 04 an Ciste Comhtháthaithe 4.
Fostaíocht agus gnóthaí sóisialta, gníomhaíocht ABB 04 02 (Ciste Sóisialta na
hEorpa) 1.3. An cineál togra/tionscnaimh ■ Baineann an togra/tionscnamh le beart
nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[79] ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Is
é cuspóir an Bheartais Chomhtháthaithe éagothromaíochtaí idir leibhéil
forbartha na réigiún éagsúil a laghdú, go háirithe maidir le limistéir
thuaithe, limistéir a bhfuil tionchar ag an trasdul tionsclaíoch orthu, agus
réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó deimeagrafacha acu agus
cabhrú chun na spriocanna atá leagtha amach sa Straitéis "Eoraip
2020" maidir le fás cliste inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach,
agus go háirithe i dtaobh na bpríomhspriocanna cainníochtúla atá sainaitheanta
sa straitéis sin a bhaint amach. 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Tá
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) dírithe ar chomhtháthú
eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú san Aontas Eorpach le
hinfheistíochtaí cómhaoinithe sna Ballstáit, agus cuireann Ciste Sóisialta na
hEorpa (CSE) fostaíocht, oideachas agus cuimsiú sóisialta chun cinn. Tugann
an Ciste Comhtháthaithe cabhair do na Ballstáit infheistíochtaí a dhéanamh i
líonraí iompair agus sa chomhshaol. Is
iad seo a leanas cuspóirí sonracha idirghabhála na gCistí: - taighde,
forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a neartú - úsáid agus cáilíocht
theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus rochtain orthu a
fheabhsú - iomaíochas
na bhfiontar beag agus meánmhéide agus earnáil na talmhaíochta (i gcás an
Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)) agus earnáil an
iascaigh agus an dobharshaothraithe (i gcás an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus
Iascaigh (CEMI)) a fheabhsú - tacú
leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha uile; - oiriúnú
don athrú aeráide, cosc ar rioscaí maidir le hathrú aeráide agus bainistíocht
an athraithe aeráide a chur chun cinn - an
comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn - iompar
inbhuanaithe a chur chun cinn agus scrogaill i bpríomhbhonneagair ghréasáin a
bhaint - an
fhostaíocht agus soghluaisteacht an luchta saothair a chur chun cinn - cuimsiú
sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac - infheistíocht
a dhéanamh in oideachas, i scileanna agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil - acmhainní
na n‑institiúidí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú Gníomhaíochtaí
ABM/ABB lena mbaineann: 13
03: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus idirghabhálacha réigiúnacha
eile 13
04: An Ciste Comhtháthaithe 04
02: Ciste Sóisialta na hEorpa 1.4.3. An toradh agus an tionchar a bhfuil
súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Rannchuidíonn
an beartas comhtháthaithe ar bhealach suntasach le fás agus rathúnas a
scaipeadh ar fud an Aontais, ag tabhairt i gcrích tosaíochtaí beartais
Eorpacha, agus ag laghdú éagothromaíochta eacnamaíocha, sóisialta agus
críochacha san am céanna. 1.4.4. Táscairí lena léirítear toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí
lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Molann
an Coimisiún príomhshraith choiteann de tháscairí ar aschur is féidir a
chomhiomlánú ar leibhéal an AE. Tá na táscairí coiteanna ar aschur sna
hIarscríbhinní a ghabhann leis na rialacháin a bhaineann go sonrach leis na
Cistí. Beidh táscairí ar thorthaí éigeantach do gach clár agus do gach
tosaíocht. Déanfar tionchar na gclár sin a mheas i gcomparáid le cuspóirí agus
spriocanna Straitéis "Eoraip 2020", agus le OTI agus táscairí ar
dhífhostaíocht nuair is iomchuí. 1.5. Na forais atá leis an togra/tionscnamh
1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh
sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Cuirfidh
an tAontas chun cinn comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, mar aon
leis an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit. Leagtar amach sa togra an creat don
bheartas comhtháthaithe don chéad tréimhse cistiúcháin eile 2014-2020. 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Tá
bonn maith le gníomhaíocht an AE de thairbhe na gcuspóirí atá leagtha amach in
Airteagal 174 den Chonradh agus freisin de thairbhe phrionsabal na
coimhdeachta. Bunaítear an ceart beart a dhéanamh le hAirteagal 3 den
Chonradh ar an Aontas Eorpach, ina sonraítear go gcuirfidh an tAontas “chun
cinn an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, mar aon leis an
dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit”, agus le hAirteagal 175 den Chonradh
ar Fheidhmiú an Aontas Eorpaigh chomh maith ina n‑iarrtar go sainráite ar an
Aontas an beartas seo a chur chun feidhme trí bhíthin Cistí Struchtúracha, agus
le Airteagal 177 ina sainítear ról an Chiste Comhtháthaithe. Tá aidhmeanna
Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
(ERDF) agus an Chiste Chomhtháthaithe sainithe in Airteagal 162,
Airteagal 176 agus Airteagal 177. Is féidir tuilleadh sonraí faoin luach
breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE sa Mheasúnú Tionchair gaolmhar. Mar
a tugadh chun suntais san Athbhreithniú ar Bhuiséad an AE, “ba cheart buiséad
an AE a úsáid chun earraí poiblí de chuid an AE a mhaoiniú, gníomhaíochtaí nach
féidir leis na Ballstáit ná na réigiúin a mhaoiniú dóibh féin, nó i gcás inar
féidr torthaí níos fearr a bhain amach leis an mBuiséad”[80].
Urramóidh an togra dlíthiúil prionsabal na coimhdeachta toisc go bhfuil cúraimí
na gCistí leagtha amach sa Chonradh agus go gcuirtear an beartas chun feidhme i
gcomhréir le prionsabail na comhbhainistíochta agus ag urramú inniúlachtaí
institiúideacha na mBallstát agus na réigiún. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart Tá
achoimre le fáil sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra. 1.5.4. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Bunófar
Comhchreat Straitéiseach. Aistreoidh an comhchreat sin cuspóirí agus
tosaíochtaí "Eoraip 2020" isteach i dtosaíochtaí infheistíochta do
CFRE, don Chiste Comhtháthaithe, do CSE, don CETFT agus don CEMI, agus
áiritheofar úsáid lánpháirtithe na gcistí chun na cuspóirí coiteanna a
thabhairt i gcrích. Leagfar amach meicníochtaí comhordúcháin agus beartais agus
ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais sa chomhchreat straitéiseach. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse teoranta –
¨ Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón 1.1.2014 go 31.12.2020 –
¨ Tionchar airgeadais ó 2014 go 2023 ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse neamhtheoranta · Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB · cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[81] ¨ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún ¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: · ¨ gníomhaireachtaí
feidhmiúcháin · ¨ comhlachtaí arna
mbunú ag na Comhphobail[82] · ¨ comhlachtaí
náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí
acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun
feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais ■ Bainistíocht chomhpháirteach leis
na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ¨ Comhbhainistíocht le
heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí) I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. Nótaí . . 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic, agus na coinníollacha. Beidh
an córas faireacháin bunaithe ar chóras bainistíochta comhpháirtí. Beidh coistí
faireacháin arna mbunú le haghaidh gach cláir oibríochtúla agus tuarascálacha
bliantúla cur chun feidhme le haghaidh gach cláir oibríochtúla mar chuid
lárnach den chur chuige. Tiocfaidh na coistí faireacháin le chéile uair amháin
sa bhliain ar a laghad. Cuirfidh cruinnithe athbhreithnithe bliantúla idir an
Coimisiún agus na Ballstát leis an gcóras. I
dteannta na dtuarascálacha cur chun feidhme le haghaidh gach cláir
oibríochtúla, beidh tuarascálacha in 2017 agus in 2019 ar dhul chun cinn
dírithe ar shaincheisteanna straitéiseacha ar leibhéal na mBallstát. Bunaithe
ar an méid sin, ullmhóidh an Coimisiún tuarascálacha straitéiseacha in 2017
agus in 2019. Beidh
an córas faireacháin agus tuairiscithe bunaithe ar tháscairí ar aschur agus ar
thorthaí. Leagtar amach sna tograí sraith de tháscairí coiteanna a úsáidfear
chun faisnéis a chomhiomlánú ar leibhéal an AE. Ag pointí tábhachtacha den
tréimhse cur chun feidhme (2017 agus 2019), is cuid de na tuarascálacha
bliantúla cur chun feidhme iad breischeanglais anailíse ar dhul chun cinn na
gclár. Baineann an córas faireacháin agus tuairiscithe úsáid iomlán as cumas na
n‑aistrithe leitreonacha sonraí. Cuirfear
socruithe meastóireachta i bhfeidhm chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus
tionchar an bheartais a mheas, go háirithe maidir le príomhspriocanna
"Eoraip 2020" agus táscairí ábhartha eile ar thionchar. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Ó
2007 i leith tá tuairisc tugtha ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ('an Chúirt') ina
tuarascáil bhliantúil ar ráta earráide measta maidir leis an mBeartas
Comhtháthaithe iomlán do gach bliain buiséid (2006-2009) bunaithe ar shampla
neamhspleách bliantúil randamach d'idirbhearta. Tá
leibhéal measta earráide na Cúirte maidir leis an mBeartas Comhtháthaithe ard i
gcomparáid le grúpaí beartais eile de bhuiséad an AE sna blianta sin, agus
leibhéal thart ar 5 % – 10 % den chaiteachas don tréimhse reatha
clárúcháin atá ann. Tá feidhm an ráta earráide arna soláthar ag an gCúirt,
áfach, maidir le híocaíochtaí eatramhacha arna gcur isteach ag na Ballstáit a
aisíocann an Coimisiún sula ndéantar na rialaithe ar fad dá bhforáiltear i
gcláir 2007-1013 ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Chomhphobail. Faoi
na rialacha reatha, deimhníonn údarás deimhniúcháin an Choimisiúin na híocaíochtaí
eatramhacha tar éis don lucht bainistíochta seiceálacha deisce a dhéanamh ar an
gcaiteachas ar fad a éilíonn tairbhithe agus go minic deimhnítear iad sula
ndéanann an lucht bainistíochta seiceálacha cuimsitheacha ar an láthair, nó
gníomhaíochtaí iniúchóireachta ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ciallaíonn na
socruithe ilbhliantúla maoinithe go ndéantar rialaithe sula ndéanann Cúirt
Iniúchóirí na hEorpa an obair iniúchóireachta, nó ina dhiaidh, agus féadfaidh
an earráid iarmharach tar éis na rialuithe sin ar fad a thabhairt i gcrích
bheith níos ísle ná an ráta earráide a bhraith an Chúirt. Bunaithe ar thaithí a
fuarthas roimhe seo, meastar an earráid iarmharach ag deireadh an chláraithe,
tar éis na rialaithe ar fad a thabhairt i gcrích, a bheith thart ar 2-5 %. Rinneadh
foráil do roinnt beart sna tograí chun an ráta earráide atá nasctha leis na
híocaíochtaí eatramhacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún a laghdú (an ráta
earráide arna thuairisciú ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa): 1)
Cuirfear teorainn le híocaíocht eatramhacha an Choimisiúin ag 90 % den
mhéid atá dlite do na Ballstáit, toisc nach bhfuil ach cuid de na rialuithe
náisiúnta curtha i gcrích ag an bpointe sin. Íocfar an t‑iarmhéid atá
fágtha nuair a dhéanfar an t‑imréiteach bliantúil ar an cuntais a luaithe agus
a sholáthróidh an t‑údarás bainistíochta agus an t‑údarás iniúchóireacht
fianaise ar iniúchadh agus urrús réasúnta. Déanfar glancheartúchán ar bhonn aon
neamhrialtachtaí a bhraitheann an Coimisiún nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar
éis don údarás bainistíochta/deimhniúcháin na cuntais dheimhnithe bhliantúla a
tharchur. Beidh dreasachtaí níos mó ann, dá bhrí sin, do na Ballstáit rialtacht
an chaiteachais atá deimnithe don Choimisiún a áirithiú i gcomparáid leis an
gcur chuige atá ann faoi láthair a cheadaíonn athchúrsáil níos forleithne ar
chistí ghnóthaithe fad is a mhaireann na cláir. 2)
Imréiteach bliantúil cuntas a thabhairt isteach mar aon le dúnadh bliantúil
na n‑oibríochtaí lánchríochnaithe nó an chaiteachais, a chruthóidh
dreasachtaí breise d'údaráis náisiúnta agus réigiúnach tabhairt faoi rialuithe
cáilíochta ar bhealach tráthúil i bhfianaise dheimhniú bhliantúil cuntas don
Choimisiún. Is ionann sin agus socruithe reatha na bainistíochta airgeadais a
threisiú agus tugann sé dearbhú níos fearr go mbeidh caiteachas mírialta á
eisiamh ó na cuntais ar bhonn bliantúil seachas ag deireadh na tréimhse
clárúcháin. Táthar
ag súil go ndéanfaidh na bearta a luaitear thuas (an córas nua aisíocaíochta,
imréiteach agus dúnadh bliantúil agus glancheartúcháin cinntitheacha a
dhéanfaidh an Coimisiún) an ráta earráide a laghdú go dtí faoi bhun 5 %
agus go mbeidh an ráta deiridh iarmharach earráide tráth a dhúnfar na cláir
níos giorra don tairseach ábharthachta 2 % arna chur i bhfeidhm ag Cúirt
Iniúchóirí na hEorpa. Mar
sin féin, beidh an meastachán faoi réir chumas an Choimisiúin agus na mBallstát
aghaidh a thabhairt ar na príomhrioscaí a luaitear thíos. Léiríonn
anailís a rinneadh ar earráidí arna dtuairisciú ag an gCúirt agus ag an
gCoimisiún le cúig bliana anuas, go bhfuil na príomhearráidí le fáil i líon
teoranta clár i roinnt Ballstát. Léiríonn na rátaí earráide atá bunaithe ar
shampla staitistiúla arna dtuairisciú ag na húdaráis iniúchóireachta freisin go
bhfuil éagsúlacht shuntasach idir cláir éagsúla agus tacaíonn siad leis an
anailís sin dá bhrí sin. I gcás an togra maidir le díriú ar ghníomhaíochtaí
iniúchóireachta agus acmhainní do cláir ardriosca, agus chun bearta
comhréireacha rialaithe a cheadú do chláir a bhfuil córais éifeachtacha
rialaithe acu, thabharfadh sé aghaidh ar na príomhrioscaí ar bhealach níos
éifeachtaí agus bheadh úsáid níos éifeachtúla na n‑acmhainní iniúchóireachta
atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Choimisiúin mar
thoradh air. Féadfaidh an fhéidearthacht go mbeadh tairbhe le baint as
socruithe comhréireacha i ndáil le cás gach cláir ann féin dreasachtaí a
chruthú maidir le bearta rialaithe níos éifeachtaí. Léiríonn
an anailís a rinneadh ar earráidí nár bhraith na córais náisiúnta bainistíochta
agus rialaithe, agus ar sainaithníodh sa Chúirt sna hiniúchtaí 2006-2009, dá
bhrí sin, go bhfuil na rioscaí comhchruinnithe sna catagóirí seo a leanas: Maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste
Comhtháthaithe, chuir earráidí i soláthar poiblí le
thart ar 41 % de na hearráidí inchainníochtúla carnacha a aimsíodh. Earráidí a bhain le hincháilitheacht a bhí in 39% de na
hearráidí agus ar áireamh acu sin bhí cineálacha éagsúla earráidí amhail
earráidí i dtionscadal a roghnú, catagóirí neamh‑incháilithe costas a mhaoiniú,
costais lasmuigh den tréimhse incháilitheachta nó lasmuigh den limistéar
incháilithe, míríomh rátaí cómhaoinithe, CBL neamh‑incháilithe a mhaoiniú etc.
Laigí sa raon iniúchóireachta a bhí in 11% de na hearráidí
inchainníochtúla (coibhneas a dtagann laghdú air le himeacht ama de bharr
rialuithe bainistíochta treisithe), agus earráidí atá nasctha le saincheist
chasta na dtionscadal ginte ioncaim (ionam nach n‑asbhaintear nó nach
ríomhtar i gceart agus ráta cómhaoinithe ró-ard a bheith mar thoradh air sin) a
bhí in 6 % de na hearráidí cainníochtúla a tuairiscíodh le linn na
tréimhse sin. Maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, saincheisteanna
incháilitheachta a bhí in thart ar 58 % de na hearráidí
inchainníochtúla carnacha a aimsíodh agus a bhain siad go háirithe le
rannpháirtithe áirithe neamh‑incháilithe, costais díreacha agus indíreacha neamh‑incháilithe,
le híocaíochtaí tar éis na tréimshe incháilitheachta nó ina diaidh, le
caiteachas neamh‑incháilithe arna dhearbhú ar bhonn ráta comhréidh, le costais
neamh‑incháilithe scoláireachta agus liúntas poiblí, le hioncam nár asbhaineadh
agus caiteachas incháilithe á ríomh nó á ríomh go mícheart, nó le seirbhísí a n‑íoctar
astu ach nach seachadtar agus le CBL neamh‑incháilithe. Saincheisteanna cruinnis, a bhí in 7 % de
na hearráidí inchainníochtúla a tuairiscíodh, agus bhain siad le leithdháileadh
mícheart costas díreach agus indíreach, le modh leithdháilte ar na costais
indíreacha nach raibh údar cuí leis, le botúin i ríomh na gcostas, le neamhurramú
phrionsabal an chostais iarbhír, le ródhearbhú costas, le ríomh mícheart na
rátaí cómhaoinithe agus le dearbhú iolrach costas foirne.
Chuir saincheisteanna maidir leis an raon iniúchóireachta le 35 %
de na hearráidí agus bhain siad leis an easpa doiciméad riachtanach tacaíochta,
go háirithe ar leibhéal na dtairbhithe. Cé
go bhfuil an Coimisiún ag tabhairt faoi roinnt gníomhaíochtaí leis na Ballstáit
chun na hearráidí sin a laghdú, meastar go bhféadfadh riosca a bheith leis na
hearráidí sin, go dtí go nglacfar an togra seo agus go gcuirfear na i bhfeidhm
go cuí sna Ballstáit é, sa chéad tréimhse clárúcháin eile 2014-2020. Is
mórfhoinse earráidí iad earráidí a bhaineann le soláthar poiblí go háirithe
agus féadfar iad a mheas ag ráta earráide thart ar 2-4 % gach bliain ar an
meán don tréimhse reatha clárúcháin. Áiritheofar le tograí a chuirfear isteach
faoin mBeartas Comhtháthaithe rialuithe níos éifeachtaí, ach chun laghdú
suntasach sa ráta earráide a bhaint amach faoin mBeartas Comhtháthaithe, tá sé
tábhachtach na gníomhaíochtaí sin a chomhlánú trí na rialacha maidir le
soláthar poiblí a shoiléiriú agus a shimpliú. In éagmais nósanna imeachta níos
éifeachtaí um sholáthar poiblí, agus mura bhfuil riaracháin phoiblí agus
tairbhithe sna Ballstáit in ann cur chun feidhme na rialacha sin a fheabhsú,
bheadh an chuid sin den ráta earráide reatha ag cur isteach go córasach ar an
mBeartas Comhtháthaithe. Ba cheart go mbeadh deis ann le hathbhreithniú reatha
na Treorach maidir le soláthar poiblí, dá bhrí sin, cabhrú chun na hearráidí sa
Bheartas Comhtháthaithe a laghdú ar na bealaí a luaitear thuas. 2.2.2. Modhanna rialaithe atá
beartaithe Is
forbairt ar atá i bhfeidhm 2007-2013 an struchtúr atá beartaithe do na córais
bainistíochta agus rialaithe agus caomhnaítear leis formhór na bhfeidhmeanna
arna ndéanamh sa tréimhse reatha lena n‑áirítear fíoruithe riaracháin agus
fíoruithe ar an láthair, iniúchtaí ar chórais bainistíochta agus rialaithe agus
iniúchtaí ar oibríochtaí. Caomhnaítear ann freisin ról an Choimisiún mar aon
leis an bhféidearthacht bristeacha, fionraithe agus ceartúcháin airgeadais a
bheith á ndéanamh ag an gCoimisiún. Chun
cuntasacht a threisiú, chreidiúnódh comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin údaráis
an chláir a bhfuil sé de chúram ar an gcomhlacht maoirseacht leanúnach a
dhéanamh orthu. Tugtar deis solúbthachta leis an togra chun an struchtúr atá
ann faoi láthair de thrí príomhúdarás faoi láthair do gach clár a choinneáil i
gcásanna inar léir go raibh an córas sin éifeachtach. Tugtar leis freisin an
deis chun an t‑údarás bainistíochta agus an t‑údarás deimhniúcháin a chumasc ar
mhaithe le líon na n‑údarás bainteach a laghdú sna Ballstáit. Dá mbeadh líon
níos lú comhlachtaí ann, laghdófaí ar an ualach riaracháin agus ba mhó an deis
a bheadh ann cumas níos láidre riaracháin a fhorbairt, ach cheadófaí
leithdháileadh níos soiléire freagrachtaí freisin. Meastar
costas na gcúraimí a bhaineann le rialú (ar an leibhéal náisiúnta agus
réigiúnach, gan costais an Choimisiún a áireamh) a bheith thart ar 2 % den
mhaoiniú iomlán arna riar sa tréimhse 2007-2013[83]. Baineann na costais sin leis na réimsí rialaithe seo a leanas:
Díorthaítear 1 % ó chomhordú náisiúnta agus ó ullmhúchán clár, baineann
82 % le bainistíocht clár, 4 % le deimhniúchán agus 13 % le
hiniúchadh. Déanfaidh na tograí seo a leanas costais an rialaithe a mhéadú: comhlacht
creidiúnúcháin a chruthú agus a fheidhmiú (féadfar costais an chomhlachta a
chúiteamh le cumasc na n‑údarás bainistíochta agus deimhniúcháin, má roghnaíonn
an Ballstát an rogha seo); -
cuntais dheimhnithe bhliantúla agus dearbhú bainistíochta bliantúil a chur
isteach, a thugann le fios go bhfuil na rialuithe ar fad is gá déanta sa
bhliain cuntasaíochta (féadfaidh iarracht bhreise riaracháin a bheith de dhith
chun an méid sin a dhéanamh); -
an gá le breisghníomhaíocht iniúchóireachta ó na húdaráis iniúchóireachta chun
iniúchadh a dhéanamh ar an dearbhú bainistíochta nó an gá leis na hiniúchtaí a
chríochnú agus tuairim iniúchóireachta a chur in iúl i dtréimhse níos giorra i
gcomparáid leis na hoibleagáidí reatha. Tá tograí ann freisin a dhéanfaidh costais an rialaithe a laghdú,
áfach: -
an rogha chun na húdaráis bainistíochta agus deimhniúcháin a chumasc, a
cheadódh don Bhallstát cuid shuntasach a shábháil den 4 % de na costais
reatha a bhaineann le deimhniúchán de thoradh éifeachtúlachta níos fearr
riaracháin, laghdú ar an ngá le comhordú, agus raon feidhme na n‑iniúchtaí a
laghdú; costais
shimplithe agus Comhphleananna Gníomhaíochta a úsáid, a dhéanann laghdú ar
chostais agus ar ualaí riaracháin ar gach leibhéal, i gcás riarachán agus
tairbhithe araon. socruithe
comhréireacha rialaithe le haghaidh fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí; dúnadh
bliantúil, a laghdóidh costas coinneála na ndoiciméad chun críoch rialaithe do
riaracháin phoiblí agus tairbhithe. Táthar
ag súil, dá bhrí sin, go mbeidh sé mar thoradh ar na tograí, ar an iomlán, go
ndéanfar na costais rialaithe a athdháileadh (costais a fhanfaidh ag thart ar
2 % den mhaoiniú iomlán atá á bhainistiú), seachas iad a mhéadú nó a
laghdú. Meastar, áfach, go n‑éascóidh an t‑athdháileadh sin ar chostais (do na
feidhmeanna ar fad agus de bharr na socruithe comhréireacha rialaithe, agus
freisin do na Ballstáit agus na cláir ar fad) maolú níos éifeachtaí ar rioscaí
agus go mbeidh ráta earráide níos lú ná 5 % mar thoradh air sin. I
dteannta na n‑athruithe a rinneadh ar an mbainistíocht airgeadais agus ar an
socrú rialaithe a chuireann le braith éifeachtach agus eisiamh luath earráidí ó
na cuntais, déanann an togra foráil maidir le simpliú i réimsí áirithe a
chabhraíonn chun earráidí a chosc. Mar atá luaite thuas, thabharfadh na bearta
atá beartaithe do na réimsí sin aghaidh ar 55 % de na rátaí earráide atá
tuairiscithe don tréimhse reatha. Tá
orthu sin: -
Úsáid níos forleithne costas simplithe a dhéanann earráidí a bhaineann le
bainistíocht airgeadais, rialacha incháilitheachta agus an raon iniúchóireachta
a laghdú, agus a atreoraíonn an cur chun feidhme agus an rialú i dtreo
fheidhmíocht na n‑oibríochtaí. -
Comhchruinniú téamach níos mó i dtaobh maoinithe a bhféadfadh laghdú ar
earráidí de thoradh rogha leathan idirghabhálacha a bheith i gceist leis, agus
rogha rialacha incháilitheachta arna gcur i bhfeidhm dá bhrí sin. -
Rialacha soiléirithe chun tionscadail a roghnú. -
Cur chuige níos simplí, bunaithe ar ráta comhréidh, i dtaobh oibríochtaí ginte
ioncam a laghdóidh riosca na n‑earráidí maidir leis an ioncam arna ghineadh ag
oibríochtaí a chinneadh agus a asbhaint. -
Comhchuibhiú, soiléiriú agus simpliú na rialacha incháilitheachta i dtaobh
ionstraimí eile um thacaíocht airgeadais, a dhéanfaidh na botúin a dhéanann
tairbhithe a bhaineann úsáid as cúnamh ó fhoinsí éagsúla a laghdú. -
Bainistiú agus malartú leictreonach sonraí la bhunú ar bhonn éigeantach idir an
riarachán agus na tairbhithe d'fhonnan ráta earráide a ghearradh atá de thoradh
ar mhodhanna neamh‑leordhóthanacha coinneála doiciméad agus ar an ualach
riaracháin atá ar thairbhithe a shimpliú. -
Dúnadh bliantúil oibríochtaí nó caiteachais, a dhéanann earráidí sa raon
iniúchóireachta a laghdú tríd an tréimhse coinneála do dhoiciméid a laghdú agus
a sheachnaíonn méadú suntasach ar an ualach riaracháin atá nasctha leis an
dúnadh aonuaire ag deireadh na tréimhse clárúcháin. Cuireann
formhór na simplithe atá liostaithe thuas leis an ualach riaracháin do
thairbhithe a laghdú freisin agus dá bhrí sin, is ionann iad agus laghdú
comhuaineach ar rioscaí earráide agus ar an ualach riaracháin. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Tá
Comhstraitéis Frith‑Chalaoise curtha i bhfeidhm ag seirbhísí na gCistí
Struchtúracha i gcomhar le OLAF a dhéanann forail do shraith gníomhaíochtaí a
bheidh le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstát chun calaois a chosc i
ngníomhaíochtaí struchtúracha faoi bhainistíocht chomhpháirteach. Faoi
láthair, tá an dá DG ag forbairt samhla a thabharfaidh scór don riosca calaoise
agus úsáidfidh na húdaráis bainistíochta lena mbaineann é ar 116 clár CSE agus
ar 60 clár CFRE. Fáiltíonn
an Teachtaireacht a d'eisigh an Coimisiún le déanaí maidir le straitéis
frithchalaoise (COIM(2011) 376 leagan críochnaitheach an 24.6.2011) roimh an
straitéis atá ann cheana mar thionscnamh dea-chleachtais agus beartaíonn sé
gníomhaíochtaí comhlántacha a chur leis, ar an gceann is tábhachtaí acu go n‑iarrfar
ar na Ballstáit sa togra ón gCoimisiún do rialacháin 2014-2020, bearta
frithchalaoise a chur i bhfeidhm ar bearta iad atá éifeachtach agus
comhréireach maidir leis na rioscaí calaoise atá sainaitheanta. Áirítear
i dtogra reatha an Choimisiúin saincheanglas maidir leis na bearta sin a chur i
bhfeidhm faoi Airteagal 86(4)(c). Ba cheart feasach ar chalaois a threisiú
sna Ballstáit dá bhrí sin, i measc na gcomhlachtaí ar fad atá bainteach le
cistí a bhainistiú agus a rialú, agus an riosca calaoise a laghdú dá bhrí sin. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir || LD ([84]) || ó thíortha CSTE[85] || ó thíortha is iarrthóirí[86] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 1 Fás cliste agus cuimsitheach Ceannteidil nua do 2014-2020 || 04021700 CSE Cóineasú 04021900 CSE Iomaíochas Réigiúnach 13031600 CFRE Cóineasú 13031800 CFRE Iomaíochas Réigiúnach 13031900 CFRE Comhar críochach Eorpach 13040200 Cistí comhtháthaithe || Difreáilte || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL · Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh: Uimh. In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais […] || [XX.YY.YY.YY] […] || […] || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 1 || Fás cliste agus cuimsitheach DG: REGIO agus EMPL || || || Bliain N[87] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || IOMLÁN Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (praghsanna 2011) || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Línte nua buiséid CFRE agus CSE || Gealltanais || (1) || 37.004,47636.942,785 || 37.564,77437.375,939 || 38.023,07937.758,354 || 38.379,86738.153,836 || 38.722,32538.562,407 || 39.021,27738.948,791 || 39.303,92039.333,716 || 268.019,718267.075,828 Íocaíochtaí || (2) || 5.662,0725.648,1 || 11.297,04611.254,375 || 21.863,67521.778,321 || 28.576,824.448,469 || 31.789,23231.612,19 || 36.702,87336.502,392 || 34.774,28734.602,638 || 170.666,010169.846,485 Líne nua buiséid an Chiste Comhtháthaithe roimh an aistriú chuig líne buiséid na Saoráide um Chónascadh na hEorpa || Gealltanais || (1a) || 9.482,5819.572,122 || 9.751,2409.614,264 || 9.968,9039.631,037 || 10.138,9779.702,463 || 10.308,6219.883,112 || 10.456,51210.053,301 || 10.595,85310.217,011 || 70.702,68768.673,310 Íocaíochtaí || (2a) || 1.499,3971.455,451 || 2.821,0472.825,665 || 5.410,6384.862,238 || 7.352,2906.017,686 || 8.652,8007.248,39 || 9.699,9649.845,352 || 8.801,7329.299,137 || 44.237,86941.553,920 Aistriú chuig líne buiséid nua na Saoráide um Chónascadh na hEorpa || Gealltanais || (1b) || 1397,5 || 1401,8 || 1403,8 || 1414,8 || 1440,9 || 1451,3 || 1489,9 || 10 000,0 Íocaíochtaí || (2b) || 4,8 || 903,8 || 1003,8 || 1103,2 || 1129,9 || 1177,6 || 1303,6 || 6 626,7 Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach[88] || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 13.01.04.01 – Foireann sheachtrach CFRE || || (3) || 3,060 || 3,060 || 3,060 || 3,060 || 3,060 || 3,060 || 3060 || 21,420 13.01.04.03 – Foireann sheachtrach an Chiste Comhtháthaithe || || || 1,340 || 1,340 || 1,340 || 1,340 || 1,340 || 1,340 || 1,340 || 9,380 04.01.04.01 - External Staff ESF || || || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 35,000 Iomlán na foirne seachtraí ar sheanlínte BA || || || 9,400 || 9,400 || 9,400 || 9,400 || 9,400 || 9,400 || 9,400 || 65,800 LEITHREASAÍ EILE RIARACHÁIN Ó REGIO || || || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 93,555 LEITHREASAÍ EILE RIARACHÁIN Ó EMPL || || || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 112,000 IOMLÁN leithreasaí le haghaidh DGanna REGIO, EMPL agus MOVE || Gealltanais || =1+1a +3 || 46.525,82246.553,672 || 47.354,77947.028,968 || 48.030,74747.428,155 || 48.557,60847.895,064 || 49.069,71148.484,284 || 49.516,55449.040,857 || 49.938,53749.589,492 || 338.993,760336.020,493 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 7.200,2357.142,316 || 14.156,85914.118,805 || 27.313,07826.679,324 || 35.967,87934.504,920 || 40.480,79838.899,345 || 46.441,60246.386,509 || 43.614,78443.940,540 || 215.175,234211.671,759 IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || 46.487,05846.514,907 || 47.316,01446.990,203 || 47.991,98247.389,390 || 48.518,84347.856,299 || 49.030,94648.445,519 || 49.477,78949.002,092 || 49.899,77249.550,727 || 338722,405335.749,138 Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || 38,765 || 38,765 || 38,765 || 38,765 || 38,765 || 38,765 || 38,765 || 271,355 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 1 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 46.525,82246.553,672 || 47.354,77947.028,968 || 48.030,74747.428,155 || 48.557,60847.895,064 || 49.069,71148.484,284 || 49.516,55449.040,857 || 49.938,53749.589,492 || 338.993,760336.020,493 Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || || Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná
ceannteideal amháin: Neamhbhainteach IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi Cheannteidil 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || =4+ 6 || || || || || || || || Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || || Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin" EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || IOMLÁN DG: REGIO || Acmhainní daonna || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 561,309 Caiteachas riaracháin eile || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 26,600 IOMLÁN DG REGIO || Leithreasuithe || 83,987 || 83,987 || 83,987 || 83,987 || 83,987 || 83,987 || 83,987 || 587,909 739109 || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || IOMLÁN DG: EMPL || Acmhainní daonna || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 177,800 Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || IOMLÁN DG EMPL || Leithreasuithe || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 177,800 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 109,387 || 109,387 || 109,387 || 109,387 || 109,387 || 109,387 || 109,387 || 765,709 EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain N[89] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi Cheannteidil 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 46.635,210 46.663,059 || 47.464,16647.138,355 || 48.140,13447.537,542 || 48.666,99548.004,451 || 49.179,09848.593,671 || 49.625,94149.150,244 || 50.047,92449.698,879 || 339.759,469336.786,202 Íocaíochtaí || || || || || || || || 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí · ¨ Ní éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí · ¨ Éilíonn an togra
go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos.
Cuirtear an beartas comhtháthaithe i bhfeidhm tríd an mbainistíocht
chomhpháirteach. Cé go socraítear tosaíochtaí straitéiseacha ar leibhéal an AE,
tugtar an bhainistíocht laethúil de chúram d'údaráis bainistíochta ar an
leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Cé go molann an Coimisiún táscairí
coiteanna ar aschur, is iad na húdaráis bainistíocht sin a mholann na
spriocanna iarbhír maidir le haschur mar chuid dá gcláir oibríochtúla, arna
gcomhaontú ag an gCoimisiún. Tá sé deacair, dá bhrí sin, táscairí maidir le
haschur a lua go dtí go mbeidh na cláir dréachtaithe, caibidlithe agus
comhaontaithe in 2013/14. Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR
milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN ASCHUIR Saghas aschuir[90] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Iomlán iomlán CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[91]… || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || || CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || || . 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre · ¨ Ní éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin · ¨ Éilíonn an togra
go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos: DG REGIO EUR milliúin (go dtí
an 3ú deachúil) || Bliain N [92] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní Daonna REGIO || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 561,309 Caiteachas riaracháin eile || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 26,600 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 83,741 || 83,741 || 83,741 || 83,741 || 83,741 || 83,741 || 83,741 || 586,187 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[93] den chreat airgeadais ilbhliantúil [94] || || || || || || || || Acmhainní Daonna REGIO || 4,4 || 4,4 || 4,4 || 4,4 || 4,4 || 4,4 || 4,4 || 30,8 Caiteachas eile de chineál riaracháin || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 93,555 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 17,765 || 17,765 || 17,765 || 17,765 || 17,765 || 17,765 || 17,765 || 124,355 IOMLÁN || 101,506 || 101,506 || 101,506 || 101,506 || 101,506 || 101,506 || 101,506 || 710,542 DG EMPL EUR milliúin (go dtí
an 3ú deachúil) || Bliain N [95] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 177,800 Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 177,800 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[96] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 35,000 Caiteachas eile de chineál riaracháin || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 112,000 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 21,000 || 21,000 || 21,000 || 21,000 || 21,000 || 21,000 || 21,000 || 147,000 IOMLÁN || 46,400 || 46,400 || 46,400 || 46,400 || 46,400 || 46,400 || 46,400 || 324,800 IOMLÁN || 148,933 || 148,933 || 148,933 || 148,933 || 148,933 || 148,933 || 148,933 || 1.042,531 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a
mheastar a bheidh riachtanach · ¨ Ní éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna · ¨ Éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: Is iad
figiúirí 2011 a úsáidtear do bhliain n. DG REGIO: Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána
(nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) REGIO || 13 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 606 || 606 || 606 || 606 || 606 || 606 || 606 13 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || 13 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[97] REGIO || 13 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "ciste iomlánaíoch") || 48 || 48 || 48 || 48 || 48 || 48 || 48 13 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || || 13 01 04 01[98] || - sa Cheanncheathrú[99] || 56 || 56 || 56 || 56 || 56 || 56 || 56 - i dtoscaireachtaí || || || || || || || 13 01 04 03 [100] || - sa Cheanncheathrú[101] || 25 || 25 || 25 || 25 || 25 || 25 || 25 - i dtoscaireachtaí || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || Eile || || || || || || || IOMLÁN || 735 || 735 || 735 || 735 || 735 || 735 || 735 Is é XX an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na
riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na
gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den
DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i
mbun na bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh
bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Chun rannchuidiú le hanailís, idirbheartaíocht, modhnú agus/nó ullmhúchán le haghaidh tograí formheas do chláir agus/nó do thionscadail i mBallstát XXX. Chun rannchuidiú le bainistíocht, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár/na dtionscadal arna bhformheas. Chun comhlíonadh na rialacha a rialaíonn clár XXX a áirithiú. Pearsanra seachtrach || Idem agus/nó tacaíocht riaracháin DG EMPL Sloinnfear an
meastachán in aonaid i gcoibhéis lánaimseartha gan pointí deachúla || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) || 04 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) (200 post, costas aonaid EUR 127.000) || 200 || 200 || 200 || 200 || 200 || 200 || 200 (Toscaireachtaí) || || || || || || || (Taighde indíreach) || || || || || || || (Taighde díreach) || || || || || || || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[102] || (CA, INT, SNE ón "ciste iomlánaíoch") || || || || || || || (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || || 04 01 04 01 [103] || - sa Cheanncheathrú[104] || 93 || 93 || 93 || 93 || 93 || 93 || 93 - i dtoscaireachtaí || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || || xx 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || Eile xx 01 04 02) || || || || || || || IOMLÁN || 293 || 293 || 293 || 293 || 293 || 293 || 293 Is é XX an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na
riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na
gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den
DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i
mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh
bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha · ¨ Tá an
togra/tionscnamh comhoiriúnach don chéad chreat airgeadais
ilbhliantúil eile. · ¨ Beidh athchlárú
an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an
togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. […] · ¨ Éilíonn an
togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go
ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[105] Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na
ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna
comhfhreagracha. […] 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe · Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú
páirtithe · ¨ Déantar foráil sa
togra gur gá cistiú Eorpach a chómhaoiniú. Ní féidir an méid cruinn a
chainníochtú. Bunaítear leis an rialachán uasrátaí cómhaoinithe atá difreáilte
i gcomhréir le leibhéal na forbartha réigiúnaí (cf. Art. 73 den rialachán
atá beartaithe): Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || Iomlán Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || BS || BS || BS || BS || BS || BS || BS || IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam · ¨ Ní bheidh
tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam. · ¨ Beidh an tionchar
airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don tréimhse bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[106] Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) Airteagal …………. || || || || || || || || I gcás ioncaim
ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu. […] Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. […] [1] COM(2012) 388 críochnaitheach [2] IO C , , lch. . [3] IO C , , lch. . [4] IO C , , lch. . [5] IO L 248, 16.9.02, lch 1. [6] IO L 154, 21.06.03, lch 1. [7] IO L 209, 02.08.97, lch 1. [8] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13. [9] IO L 210, 31.07.06, lch 25. [10] [11] [12] [13] IO L , , lch. . [14] [15] [16] [17] IO L 191, 23.7.2010, lch. 28. [18] IO L 308, 24.11.2010, lch. 46. [19] IO L 379, 28.12.06, lch 5. [20] IO L 337, 21.12.07, lch 35. [21] OJ L 193, 25.7.2007, p. 6. [22] IO L 134, 30.04.04, lch 114. [23] IO L 210, 31.07.06, lch 19. [24] IO L 53, 23.02.02, lch 1. [25] IO L 118, 12.5.2010, lch. 1. [26] IO
L 53, 23.02.02, lch 1. [27] Tag.
ceannspriocanna 2020 an AE. [28] IO L 197, 21.7.2001, lch. 30 [29] IO… [30] IO L 209, 02.08.97, lch. 1. [31] Mar
atá sainmhínithe i gCóras Eorpach na gCuntas (CEC) agus atá tarchurtha ag an 27
Ballstát uile ina gCláir Chobhsaíochta agus ina gCláir um Chóineasú. [32] Míniú:
Is éard atá in earnáil an rialtais
ghinearálta, den chuid is mó, aonaid rialtais láir, stáit agus áitiúla mar aon
le cistí slándála sóisialta arna bhforchur agus arna rialú ag na haonaid sin. Ina
theannta sin, áirítear ann institiúidí neamhbhrabúis a bhfuil táirgeadh neamh‑mhargaidh
ar siúl acu agus atá rialaithe agus maoinithe, den chuid is mó, ag aonaid
rialtais nó ag cistí slándála sóisialta. [33] IO
L 83, 27.03.99, lch 1. [34] COM(2011) 809 críochnaitheach [35] COM(2011) 834 críochnaitheach [36] IO L 290, 6.11.2010, lgh. 39–48 2010/670/AE: Cinneadh
ón gCoimisiún an 3 Samhain 2010 lena leagtar síos na critéir agus na bearta
maidir le maoiniú tionscadal taispeántais trachtála atá ceaptha CO2 a ghabháil
ar bhealach sábháilte ó thaobh an chomhshaoil agus a stóráil go geolaíoch chomh
maith le tionscadail taispeántais de theicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh
inathnuaite faoin scéim i ndáil le trádáil lámhaltas astaíochtaí gáis cheaptha
teasa laistigh den Chomhphobal arna bhunú le Cinneadh 2003/87/CE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle (2010/670/AE) IO L 275, 25.10.2003, lgh. 32–46. [37] COM(2011) 874 críochnaitheach [38] COM(2011) 788 críochnaitheach [39] COM(2011) 609 críochnaitheach [40] COM(2011) 665 críochnaitheach [41] “Treochlár um Limistéar Iompair Eorpach Aonair – I dtreo córais iompair
atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní”COM(2011) 144 críochnaitheach. [42] COM(2011) 838 críochnaitheach COM(2011) 839 críochnaitheach COIM(2011) 837 críochnaitheach [43] Arna
fhormhuiniú ag Comhairle ECOFIN an 7 Meán fómhair 2010. [44] Teachtaireacht
ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste
Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Aontas na
Nuálaíochta - Tionscnamh Suaitheanta de chuid Eoraip 2020 (COIM(2010) 546
críochnaitheach, 6.10.2010). Ceangaltais 24/25 agus Iarscríbhinn I “Uirlis
féinmheasúnaithe: Gnéithe a bhaineann le córais taighde agus nuálaíochta
náisiúnta agus réigiúnacha a fheidhmíonn go maith”. Conclúidí na Comhairle
Iomaíochais: Conclúidí maidir le hAontas na Nuálaíochta don Eoraip (doic. 17165/10, 26.11.2010). [45] Teachtaireacht
ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste
Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Clár
Oibre Digiteach don Eoraip (COIM(2010) 245 críochnaitheach/2, 26.8.2010); Doiciméad
Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin: Scórchlár
an Chláir Oibre Dhigitigh
(SEC(2011) 708, 31.5.2011). Conclúidí na Comhairle Iompair,
Teileachumarsáide agus Fuinnimh maidir leis an gClár Oibre Digiteach don Eoraip
(doic. 10130/10, 26 Bealtaine 2010) [46] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint
na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na
hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún:
Clár Oibre Digiteach don Eoraip
(COIM(2010) 245 críochnaitheach/2, 26.8.2010); Doiciméad Inmheánach Oibre de
chuid an Choimisiúin: Digital Agenda Scoreboard (SEC(2011) 708 of 31.5.2011). [47] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an
gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste
na Réigiún: Smaoinigh ar Fhiontair
Bheaga ar dTús - Gníomh um Ghnólachtaí Beaga don Eoraip (COIM(2008) 394,
23.6.2008); Conclúidí na Comhairle
Iomaíochais: Smaoinigh ar Fhiontair
Bheaga ar dTús - Gníomh um Ghnólachtaí Beaga don Eoraip (doic. 16788/08, 1.12.2008); Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an
gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste
na Réigiún: Athbhreithniú ar an
“Gníomh um Ghnólachtaí Beaga” don Eoraip (COIM(2008) 78 críochnaitheach,
23.02.11); Conclúidí na Comhairle
Iomaíochais: Conclúidí maidir leis an
Athbhreithniú ar an “Gníomh um Ghnólachtaí Beaga” don Eoraip (doc. 10975/11,
30.5.2011). [48] IO L 48, 23.2.2011, lch. 1. [49] IO L 153, 18.06.10, lch. 13 [50] IO L 140, 05.06.09, lch 136. [51] IO L 114, 27.04.06, lch 64. [52] IO L 52, 21.2.2004, lch. 50. [53] IO L 140, 05.06.09, lch 16. [54] Conclúidí
na Comhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile; 11-12 Aibreán 2011, Conclúid
maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mheasúnuithe riosca i ndáil le
bainistíocht tubaistí san Aontais Eorpach. [55] IO L 327, 22.12.00, lch 1. [56] IO L 327, 22.12.00, lch 1. [57] IO L 312, 22.11.08, lch 3. [58] Cinneadh
ón gComhairle (2010/707/AE) an 21 Deireadh fómhair, IO L 308, 24.11.2010, lch.
46 [59] Teachtaireacht
ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste
Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Smaoinigh ar
Fhiontair Bheaga ar dTús - Gníomh um Ghnólachtaí Beaga don Eoraip (COIM(2008)
394, 23.6.2008); Conclúidí na Comhairle
Iomaíochais: Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga
ar dTús - Gníomh um Ghnólachtaí Beaga don Eoraip (doic. 16788/08,
1.12.2008); Teachtaireacht ón gCoimisiún
chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Athbhreithniú ar an “Gníomh um Ghnólachtaí Beaga” don Eoraip (COIM(2008)
78 críochnaitheach, 23.02.11); Conclúidí na
Comhairle Iomaíochais:
Conclúidí maidir leis an
Athbhreithniú ar an “Gníomh um Ghnólachtaí Beaga” don Eoraip (doc. 10975/11,
30.5.2011). [60] Moladh (2010/410/AE) ón gComhairle an 13 Iúil
2010, IO L 191, 23.7.2010, lch. 28. [61] Má tá Moladh ón gComhairle a bhaineann go
sonrach le tír i bhfeidhm, a bhfuil nasc díreach aici leis an bhforáil seo um
choinníollacht, déanfar an measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le
comhlíonadh an Mholta ón gComhairle a bhaineann go sonrach le tír a chur san
áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh.
[62] Féadfaidh spriocdhátaí do sheachadadh na
ngnéithe uile atá anseo a bheith le linn thréimhse cur chun feidhme an chláir. [63] Má tá Moladh ón gComhairle a bhaineann go
sonrach le tír i bhfeidhm, agus a bhfuil nasc díreach aici leis an bhforáil seo
um choinníollacht, déanfar an measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le
comhlíonadh an Mholta ón gComhairle a bhaineann go sonrach le tír a chur san
áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh.
[64] Féadfaidh spriocdhátaí do sheachadadh na
ngnéithe uile atá anseo a bheith le linn thréimhse cur chun feidhme an chláir. [65] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint
na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na
hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Comhthiomantas maidir le fostaíocht –
COIM(2009)257 críochnaitheach. [66] IO C 191, 1.7.2011, lch. 1. [67] COIM(2011) 567 leagan críochnaitheach. [68] Conclúidí
na Comhairle an 12 Bealtaine 2009 maidir le creat straitéiseach le haghaidh
comhair Eorpaigh maidir le hoideachas agus le hoiliúint ("ET 2020")
(IO C 119, 28.5.2009, lch. 2) [69] Moladh
ón gComhairle an 3 Deireadh fómhair 2008 maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá
eisiata ó mhargadh an tsaothair (IO L 307, 18.11.2008, lch. 11). [70] Teachtaireacht
ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste
Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Creat AE
maidir le Straitéisí Náisiúnta um Lánpháirtiú na Romach go dtí 2020. COIM(2011)
173. [71] Má
tá Moladh ón gComhairle a bhaineann go sonrach le tír i bhfeidhm, a bhfuil nasc
díreach aici leis an bhforáil seo um choinníollacht, déanfar an measúnú ar an
dul chun cinn a rinneadh maidir le comhlíonadh an Mholta ón gComhairle a
bhaineann go sonrach le tír a chur san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh. [72] Féadfaidh
spriocdhátaí do sheachadadh na ngnéithe uile atá anseo dul in éag linn
thréimhse cur chun feidhme an chláir. [73] IO
L 303, 2.12.2000, lch. 16. [74] IO L 180, 19.7.2000, lch. 22 [75] IO,
L 23, 27.01.2010, lch. 35 foilsiú na Treorach ón gComhairle an 26 Samhain 2009
i ndáil le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi
Mhíchumas a bheith á thabhairt chun críche ag an gComhphobal Eorpach. [76] IO
L 175, 05.07.85, lch 40. [77] IO L 197, 21.7.2001, lch. 30. [78] ABM:
Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir
gníomhaíochtaí. [79] Mar
a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais [80] COM(2010) 700, 19.10.2010. [81] Is
féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán
Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg:
http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [82] Mar
a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais [83] Staidéar "Regional governance in the
context of globalisation: reviewing governance mechanisms &
administrative costs. Administrative workload and costs for Member State public
authorities of the implementation of ERDF and Cohesion Fund", 2010
(Rialachas réigiúnach i gcomhthéacs an domhandaithe: meicníochtaí rialachais
agus costais riaracháin a athbhreithniú. Ualach oibre riaracháin agus costais
d'údaráis phoiblí na mBallstát de bharr Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
agus an Chiste Comhtháthaithe a chur chun feidhme", 2010) [84] LD
– Leithreasuithe difreáilte / LN – Leithreasuithe neamhdhifreáilte [85] CSTE:
Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [86] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí,
tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí. [87] Is
í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [88] Cúnamh
agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta
AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun
feidhme. [89] Is
í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [90] Is ionann
aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac
léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.). [91] Mar a
thuairiscítear i Roinn 1.4.2. "Cuspóirí sonracha...". [92] Is
í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [93] Cúnamh
agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta
AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun
feidhme. [94] Foireann
sheachtrach arna maoiniú ó sheanlínte BA, bunaithe ar Leithdháileadh
Críochnaitheach 2011 ar Acmhainní Daonna, lena n‑áirítear foireann sheachtrach
ag an gCeanncheathrú agus i dToscaireachtaí [95] Is
í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [96] Cúnamh
agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta
AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun
feidhme. [97] CA=
Gníomhaire ar conradh; INT= foireann ghníomhaireachta (" Intérimaire
"); JED= " Jeune Expert en Délégation " (saineolaí óg i
dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; [98] Faoin
uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
(na seanlínte "BA"). [99] Le
haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt
Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach. [100] Faoin
uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
(na seanlínte "BA"). [101] Le
haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt
Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach. [102] CA=
Gníomhaire ar conradh; INT= foireann ghníomhaireachta (" Intérimaire
"); JED= " Jeune Expert en Délégation " (saineolaí óg i
dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; [103] Faoin
uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
(na seanlínte "BA"). [104] Le
haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt
Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach. [105] Féach
pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach [106] A
fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta,
tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna,
i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte
astu.