This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0657
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on guidelines for trans European telecommunications networks and repealing Decision No 1336/97/EC
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on guidelines for trans European telecommunications networks and repealing Decision No 1336/97/EC
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on guidelines for trans European telecommunications networks and repealing Decision No 1336/97/EC
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Comhthéacs ginearálta Tá an tionscnamh seo bunaithe sa Straitéis ‘Eoraip 2020’, atá dírithe ar fhás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach[1], agus a thugann tús áite do bhonneagair dhigiteacha mar chuid den príomhthionscnamh dar teideal “Clár Oibre Digiteach don Eoraip”[2]. Thacaigh sé le rolladh amach agus glacadh leathanbhanda don uile dhuine, ag luasanna níos tapúla, a áirithiú trí theicneolaíochtaí fosaithe agus gan sreang, agus le hinfheistíocht i líonraí idirlín nua an-tapaidh agus iomaíocha a éascú, líonraí a bheidh mar chrann taca don gheilleagar amach anseo. Tá spriocanna uaillmhianacha sonraithe ag an AE i ndáil le rolladh amach agus glacadh leathanbhanda faoi 2020. Ar 29 Meitheamh 2011, ghlac an Coimisiún leis an Teachtaireacht dar teideal "Buiséad don Eoraip 2020" faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile (2014-2020)[3], a mhol go gcruthófaí Áis Chónasctha don Eoraip chun cur i gcrích bonneagar tosaíochta fuinnimh, iompair agus digiteach a chur chun cinn trí chiste aonair EUR 40 billiún; ciste a bhfuil EUR 9.2 billiún de curtha ar leataobh do líonraí agus do sheirbhísí digiteacha. Cuspóir an togra Is é an aidhm atá leis an Rialachán seo ná sraith treoirlínte a bhunú a chumhdaíonn na cuspóirí agus na tosaíochtaí atá luaite le líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digiteach i réimse na teileachumarsáide i gcomhthéacs na hÁise Cónasctha don Eoraip. Aithníonn na treoirlínte in iarscríbhinn na tionscadail leasa choitinn a bhaineann le húsáid líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digiteach. Cuirfidh na tionscadail seo le hiomaíochas gheilleagar na hEorpa a fheabhsú, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, idirnasc agus idir-inoibritheacht líonraí náisiúnta a chur chun cinn mar aon le rochtain ar líonraí dá leithéid sin, agus tacú le forbairt Margadh Aonair Digiteach. Beidh siad incháilithe le haghaidh tacaíochta airgeadais AE faoi na hionstraimí atá ar fáil faoin Rialachán maidir leis an Áis Chónasctha don Eoraip a ghabhann leis an Rialachán seo. Is é an cur chuige atá sonraithe sa Rialachán seo, ná iarracht a dhéanamh ar dheireadh a chur leis na caolais tráchta a chuireann bac ar chur i gcrích an Mhargaidh Aonair Dhigitigh .i. nascacht a sholáthar chuig an líonra, mar aon le rochtain, thar theorainneacha san áireamh, ar bhonneagar na seirbhísí digiteacha poiblí. Tá tionchar ag na constaicí seo, i dtéarmaí oibríochtúla, ar na líonraí teileachumarsáide, i gcodarsnacht le m.sh. cuarbhóthar mórthimpeall ar phríomhchathair a mhaoiniú, obair atá riachtanach chun sreabhántacht sa lána iompair a áirithiú, le soláthar agus éileamh san áireamh. I ndáil le soláthar, baineann na srianta le teipeanna margaidh agus na cásanna gaolmhara laga gnó d’infheistíocht i líonraí leathanbhanda agus seachadadh seirbhísí riachtanacha ar mhaithe le leas an phobail (m.sh. rShláinte, rAitheantas, rSholáthar agus a gcuid idir-inoibritheachta trasteorann). I ndáil le héileamh, braitheann an Margadh Aonair Digiteach agus a acmhainneacht shuntasach fáis ar na saoránaigh ar fad a bheith nasctha le líonraí digiteacha. Tá sé mar aidhm ag an Áis Chónasctha don Eoraip úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais nuálacha chun infheistíocht bonneagair a dhreasú trí riosca infheistíochta a laghdú agus maoiniú fadtéarmach a sholáthar d’infheisteoirí malartacha agus d’infheisteoirí atá ann faoi láthair. Is ionann ionstraimí airgeadais nuálacha agus éifeachtacht thábhachtach giarála ar infheistíocht eile phríobháideach agus phoiblí, le linn a bheith ag brath ar mheicníochtaí margaidh. I gcás go bhfuil an cás gnó d'infheistíocht bonneagair lag measann an Áis Chónasctha don Eoraip go mbeidh an fhéidearthacht ann freisin cómhaoiniú a thairiscint i bhfoirm deontas. I réimse na líonraí leathanbhanda, tacóidh gníomhaíochtaí atá ag cur le tionscadail leasa choitinn sa réimse leathanbhanda le hinfheistíochtaí i líonraí a bheidh in ann, faoi 2020, spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip a chur i gcrích trí chlúdach uilíoch ag 30 Mbps a áirithiú; nó go mbeadh suibscríbhinn ag 50 %, ar a laghad, de theaghlaigh, ar luas sa bhreis ar 100 Mbps. Cruthófar punann chothrom de thionscadail 30 agus 100 Mbps agus tabharfar aird mar is cuí do riachtanais infheistíochta na mBallstát a meastar a bheidh cothrom le suas le EUR 270 billiún bunaithe ar mheasúnú táscach. I ndáil le bonneagar na seirbhíse digití, déileálfar leis na caolais tráchta i dtéarmaí úsáid seirbhíse laistigh de chreat idir-inoibritheach trí scéimeanna deontas díreach, agus i gcásanna áirithe is ann do rátaí arda cómhaoinithe de bhrí nach ann d’úinéirí nádúrtha bonneagar seirbhíse idir-inoibritheach Eorpach. Go deimhin, ní áiritheoidh Ballstáit aonair, ná infheisteoirí príobháideacha úsáid seirbhíse laistigh de chreataí idir-inoibritheacha. Dá réir sin, tá an breisluach AE ard. Tá liosta de na tionscadail leasa choitinn i réimse bhonneagair na seirbhíse digití liostaithe san Iarscríbhinn agus áirítear ina measc naisc ardluais cnámh droma tras-Eorpacha do riaracháin phoiblí, seachadadh trasteorann de sheirbhísí rRialtais bunaithe ar aitheantas agus deimhniú idir-inoibritheach (m.sh. nósanna imeachta leictreonacha ar fud na hEorpa: gnó a bhunú; don soláthar trasteorann, r-Cheartas, seirbhísí trasteorann rShláinte); rochtain ar fhaisnéis san earnáil phoiblí a cheadú, acmhainní digiteacha d'oidhreacht Eorpach, data.eu agus acmhainní ilteangacha; sábháilteacht agus slándáil (idirlíon níos sábháilte agus bonneagair seirbhíse criticiúla) agus seirbhísí fuinnimh chliste. D’fhéadfadh go n-áireodh tionscadail leasa choitinn feidhmiú seirbhísí poiblí leictreonacha freisin atá á gcur i bhfeidhm faoi chláir Phobail eile dála clár ISA (“Réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha”). Beidh gníomhaíochtaí ag cur le tionscadail leasa choitinn incháilithe le haghaidh tacaíochta airgeadais AE faoi na hionstraimí atá ar fáil faoin Rialachán lena mbunaítear an Áis Chónasctha don Eoraip[4]. Chuige sin ní mór breathnú ar an togra reatha i gcomhar leis an togra le haghaidh an Rialacháin sin. Sonraíonn an Rialachán na critéir freisin i ndáil le sainaithint na dtionscadal leasa choitinn nua, bunaithe ar mheasúnú an Choimisiúin ar thosaíochtaí polaitiúla athraitheacha, ar fhorbairtí teicneolaíochta nó ar staid na margaí ábhartha. 2. TORTHAÍ AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Maidir le rolladh amach leathanbhanda, táthar tar éis comhairliúcháin iomadúla le Ballstáit, páirtithe leasmhara tionscail agus sóisialta a chur i gcrích. Ina measc sin, ach go háirithe, bhí cruinniú comhchéime idir Leas-Uachtarán Kroes agus POFanna ó sholáthraithe ábhair, déantóirí trealaimh, infheisteoirí agus oibreoirí teileachumarsáide ó phríomhchuideachtaí an domhain amhail le Nokia, Alcatel Lucent, Google, Ericsson, News Corp s.rl., agus an chéad Tionól um an Clár Oibre Digiteach, a reáchtáladh sa Bhruiséil ar an 16ú agus 17ú Meitheamh 2011, ag tabhairt sa bhreis ar 1,000 páirtithe leasmhara ó na hearnálacha príobháidí agus poiblí le chéile, mar aon leis an tsochaí shíbhialta. Ar na hócáidí seo agus ar ócáidí eile nach iad, bhí na páirtithe leasmhara ag teacht le measúnú an Choimisiúin nach bhfuil an tsamhail reatha d’infheistíocht teileachumarsáide feiliúnach do rolladh amach bonneagar leathanbhanda inacmhainne agus ardchaighdeán do gach saoránach Eorpach, agus fáiltíonn siad roimh phlean an Choimisiúin úsáid a bhaint as infheistíocht phoiblí spriocdhírithe, m.sh. trí an infheistíocht bonneagair riachtanaigh a ghiaráil ar mhaithe le tacú le samhlacha infheistíochta malartacha agus níos inbhuanaithe. D’aithin Parlaimint na hEorpa i ndréacht-tuarascáil faoi thodhchaí an Chreata Airgeadais Ilbhliantúla (MFF) an tábhacht a bhaineann leis an mbuiséad a úsáid ar mhaithe le hinfheistíocht i leathanbhanda a ghiaráil. Maidir le bonneagair thrasteorann na seirbhíse digití, tá blianta fada caite ag an gCoimisiún i mbun oibre le grúpaí éagsúla páirtithe leasmhara. Tugann meastóireachtaí agus comhairle saineolaithe maidir le gníomhaíochtaí reatha, cosúil le Europeana (d’oidhreacht chultúrtha) nó an clár um Idirlíon Níos Sábháilte le fios nach mór leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí, agus cur leo. Pléitear dhá rogha sa tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair. Faoin gcéad rogha bhunlíne, meastar nach mbeidh aon mhaoiniú AE á leithdháileadh do leathanbhanda, seachas, b’fhéidir trí chistí struchtúracha agus trí leanúint leis an gClár Iomaíochais agus Nuálaíochta do bhonneagair na seirbhíse digití mar chuid de threoirthionscadail amháin. Sa chás seo, ní bheadh sé indéanta ach mais chriticiúil nó úsáid seirbhísí digiteacha a bhaint amach, ní bheadh infheistíocht i leathanbhanda feiliúnach ina lán réigiún mar gheall ar easpa brú iomaíoch agus riosca ard tráchtála. A dhála sin, is féidir glacadh leis nach ndéanfar dóthain forbartha ar sheirbhísí poiblí ar líne agus nach mbeidh na seirbhísí sin idir-inoibritheach thar theorainneacha mar gheall ar bhloghadh iarrachtaí fo-optamacha agus réiteach teicniúil, easpa mais chriticiúil, costais arda do sholáthraithe seirbhíse agus do thairbhithe seirbhísí. Chuige sin, ní chabhródh an rogha seo le Margadh Aonair Digiteach a bhaint amach, agus bheadh go leor de mhuintir na hEorpa fós gan deiseanna digiteacha oiriúnacha. Moltar faoin dara rogha go bhforbrófar uirlis mhaoinithe a chuirfeadh leis na hacmhainní maoinithe atá ar fáil faoin gcéad rogha. Tá sé seo ag teacht lena bhfuil luaite i dtogra MFF arna eisiú ag an gCoimisiún Eorpach ar 29 Meitheamh 2011, is é sin "Áis Chónasctha don Eoraip" a bhunú agus é mar aidhm bonneagar a mhaoiniú. Maoineoidh an áis nua seo tionscadail bonneagair a bhfuil breisluach ard AE ag gabháil leo, ní hamháin bonneagar 'crua', ach bonneagar 'bog agus cliste' agus struchtúir rialachais a thacóidh leis an "croíghréasán" iompair, "lánaí tosaíochta" fuinnimh mar aon leis an mbonneagar digiteach. Bheadh an áis seo dírithe ar thionscadail a bhfuil breisluach ard Eorpach luaite leo, dála idirnaisc thrasteorann nó úsáid córas ar fud an AE, tionscadail nach mór a chur i bhfeidhm faoi 2020. D’fhonn an méid tairbhe agus is féidir a bhaint as an tionchar sin, áiritheodh forálacha cuí meascán d'ionstraimí margadh-bhunaithe agus tacaíocht dhíreach AE, d’fhonn rannpháirtíocht infheisteoirí speisialta bonneagair a spreagadh. I ndáil le deontais, bheadh an Coimisiún freagrach as pleanáil agus as roghnú tionscadal, agus b’fhéidir go mbeadh tacaíocht ar fáil ó ghníomhaireacht feidhmiúcháin, agus bheadh tionscnóirí tionscadail freagrach as an gcur chun feidhme ar an talamh. I ndáil le hionstraimí airgeadais, beidh an cur chun feidhme tarmligthe d’institiúidí speisialta airgeadais, ach is é an Coimisiún a chinnfidh incháilitheacht. Cuirfidh Ballstáit leis an iarracht trí phleananna náisiúnta a fhorbairt le haghaidh idirlín ardluais de réir na spriocanna leathanbhanda, agus aithneoidh mapáil an bhonneagair agus na seirbhísí leathanbhanda (ag leibhéal AE agus náisiúnta/réigiúnach) bearnaí sa chlúdach mar aon le tionscnaimh ó infheisteoirí príobháideacha agus poiblí a spreagadh. 3. GNÉITHE DLÍTHIÚLA AN TOGRA Bunús dlí Déanfaidh an Rialachán beartaithe Cinneadh 1336/97 Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 17 Meitheamh 1997 ar shraith Treoirlínte le haghaidh líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha a aisghairm agus a ionadú. Beidh an idirghabháil beartaithe de bhun Airteagal 172 CFAE, a sholáthraíonn an bunús dlí le haghaidh idirghabhála AE a thacaíonn le bunú agus forbairt líonraí tras-Eorpacha i réimsí na mbonneagar iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh. Coimhdeacht agus comhréireacht Éilíonn forbairt chomhordaithe líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha le tacú le húsáid bonneagar leathanbhanda agus cur chun cinn seirbhísí laistigh de mhargadh aonair Eorpach agus comhtháthú geilleagrach, sóisialta agus críche, gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais de bhrí nach féidir leis na Ballstáit aonair na gníomhaíochtaí a chur i gcrích. Tá prionsabal na comhréireachta á chomhlíonadh ag an togra seo, agus tá sé laistigh den scóip gníomhaíochta a bhaineann le réimse na líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha, mar atá sainmhínithe in Airteagal 170 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Rogha na hionstraime dlí Moladh agus glacadh leis na Treoirlínte Teileachumarsáide reatha mar Chinneadh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle atá dírithe ar na Ballstáit, rud a chiallaíonn go bhfuil na Treoirlínte ceangailteach ina n-iomláine i gcás na mBallstát uile. Mar sin féin, éascóidh an ionstraim úsáid bonneagair teileachumarsáide agus cur chun cinn seirbhísí i measc aonán príobháideach (lena n-áirítear oibreoirí, fóntais, déantóirí trealaimh s.rl.) agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla ach go háirithe. Ó tharla níos mó gníomhairí le cois na mBallstát a bheith páirteach anois i bpleanáil, i bhforbairt agus in oibriú líonraí teileachumarsáide digiteacha, tá sé thar a bheith tábhachtacht áirithiú go mbeidh cách faoi cheangal na dTreoirlínte. Chuige sin, tá Rialachán roghnaithe ag an gCoimisiún a fheidhmeoidh mar ionstraim dlí don togra seo. Maoiniú Beidh tionscadail leasa choitinn incháilithe le haghaidh tacaíochta airgeadais AE faoi na hionstraimí atá ar fáil faoin Rialachán lena mbunaítear an Áis Chónasctha don Eoraip [XX/20012]. Soláthrófar tacaíocht airgeadais i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha arna nglacadh ag an Aontas, de réir tosaíochtaí maoinithe agus infhaighteacht acmhainní. Tarmligean na gcumhachtaí Tá líonraí teileachumarsáide ag déanamh dul chun cinn gasta agus b’fhéidir go gcaithfí an liosta tionscadal leasa choitinn a mhionathrú amach anseo chun an éabhlóid tapa seo a léiriú. Chun an méid seo a bhaint amach, moltar gur cheart an chumhacht chun glacadh le gníomhartha de réir Airteagal 290 an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Ní bheidh aon chostas eile do bhuiséad an AE i gceist leis an togra. Tá nasc idir an togra le haghaidh Rialacháin maidir le treoirlínte do chur chun feidhme líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha agus an togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear Áis Chónasctha don Eoraip (CEF) a sholáthróidh an creat reachtach agus airgeadais. Tá EUR 9.2 billiún[5] leithdháilte do theileachumarsáid laistigh de chlúdach an CEF. 2011/0299 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le treoirlínte le haghaidh líonraí teileachumarsáide tras-Eorpaigh agus Cinneadh Uimh. 1336/97/CE a aisghairm (Téacs le hábharthacht LEE) TÁ PARLAIMINT NA HEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 dá chuid, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[6] Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[7], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, De bhrí an méid seo a leanas: 1. Is bonneagair atá bunaithe ar an idirlíon níos mó ná riamh iad seirbhísí agus líonraí teileachumarsáide, le líonraí leathanbhanda agus seirbhísí digiteacha atá idirghaolmhar go dlúth. Is ardán ceannasach an t-idirlíon anois le haghaidh cumarsáide, seirbhísí agus gnó. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh rochtain ar an Idirlíon gasta agus na seirbhísí digiteacha chun leasa an phobail ar fáil go tras-Eorpach le haghaidh fáis eacnamaíoch agus an Mhargadh Aonair. 2. Ar 26 Márta 2010, ba chúis áthais do Comhairle an Aontais Eorpaigh togra an Choimisiúin maidir le straitéis Eoraip 2020 a sheoladh. Ceann de thrí thosaíochtaí Eoraip 2020 is ea fás cliste trí gheilleagar atá bunaithe ar fhaisnéis agus ar nuálaíocht a fhorbairt. Gné riachtanach d’fhás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach an Aontais é infheistíocht i dteileachumarsáid, líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digiteach go háirithe. 3. Ar 17 Meitheamh 2010, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an Clár Oibre Digiteach don Eoraip[8] agus d’iarr ar gach institiúid a bheith lánpháirteach ina chur chun feidhme. Tá sé mar aidhm leis an gClár Oibre Digiteach cúrsa a leagan amach chun an méid tairbhe agus is féidir a bhaint as acmhainneacht shóisialta agus eacnamaíoch teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, go háirithe trí úsáid a bhaint as líonraí leathanbhanda ardluais, agus é mar aidhm faoi 2020, go mbeadh rochtain ag pobal uile na hEorpa ar luasanna idirlín os cionn 30 Mbps agus go mbeadh suibscríbhinn ag 50 % nó níos mó de theaghlaigh Eorpacha ar naisc idirlín os cionn 100 Mbps. Tá sé mar aidhm leis an gClár Oibre Digiteach creat dlí cobhsaí a bhunú chun infheistíochtaí a spreagadh i mbonneagar idirlín ardluais atá oscailte agus iomaíoch agus i seirbhísí gaolmhara; margadh aonair d’inneachar agus do sheirbhísí ar líne; tacaíocht ghníomhach do dhigitiú oidhreacht shaibhir chultúrtha na hEorpa, cur chun cinn rochtana idirlín agus rátaí glactha idirlín, go háirithe trí thacú le litearthacht dhigiteach agus le hinrochtaineacht dhigiteach. Ina theannta sin, ba cheart do Bhallstáit pleananna náisiúnta oibríochtúla a chur chun feidhme le haghaidh idirlín ardluais, agus maoiniú poiblí a spriocdhíriú ar réimsí nach bhfuil freastal mar is cuí á dhéanamh ag infheistíochtaí príobháideacha i mbonneagair idirlín iontu agus úsáid seirbhísí nua-aimseartha, inrochtana, ar líne a chur chun cinn. 4. Sonraíonn an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún - Leathanbhanda san Eoraip: infheistiú i bhfás digiteach[9] go gciallaíonn an ról ríthábhachtach atá ag an idirlíon gur léir gur mó na buntáistí don tsochaí trí chéile ná na dreasachtaí príobháideacha a bhaineann le hinfheistiú i líonraí níos tapúla. Dá réir sin, baineann fíorthábhacht le tacaíocht phoiblí, ach níor cheart go saobhfadh sí an iomaíocht ach oiread. 5. Aithnítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún – Buiséad don Eoraip 2020[10] cruthú na hÁise Cónasctha don Eoraip i gcomhthéacs an Chreata Airgeadais Ilbhliantúla d’fhonn díriú ar riachtanais bonneagair sna réimsí iompair, fuinnimh agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. Baineann fíorthábhacht le sineirgíochtaí idir na hearnálacha seo agus le cláir infheistíochta eile de chuid an Aontais de réir mar a thagann dúshláin chosúla chun solais a dteastaíonn réitigh uathu a chothaíonn fás, a théann i ngleic le bloghadh, a thacaíonn le comhthathú, agus atá i bhfabhar ionstraimí airgeadais nuálacha a úsáid le déileáil le teipeanna margaidh mar aon le deireadh a chur le caolais tráchta a chuireann bac ar fhorbairt an Mhargaidh Aonair. 6. Is é Rialachán (AE) Uimh. […/…] Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle […] lena mbunaítear an Áis Chónasctha don Eoraip[11] a chinneann na coinníollacha, na modhanna agus na nósanna imeachta a bhaineann le cúnamh airgeadais an Aontais a sholáthar do líonraí Eorpacha, ar mhaithe le tacú le tionscadail i réimse na mbonneagar iompair, fuinnimh agus teileachumarsáide. 7. Beidh gníomhaíochtaí i réimse na líonraí leathanbhanda ag teacht le beartais, rialachán agus treoir ábhartha an Aontais. Áiríonn sé seo an tsraith rialacha agus treoirlínte do na margaí teileachumarsáide agus go háirithe an Creat Rialála do chumarsáid leictreonach ar glacadh leis in 2009, creat a sholáthraíonn cur chuige soiléir, iontaofa agus cur chuige i ndáil le rialú líonraí agus seirbhísí leictreonacha cumarsáide i margaí atá ag gluaiseacht go tapa. Tá na rialacha seo á gcur chun feidhme ag údaráis rialála náisiúnta agus ag Comhlacht na Rialtóirí Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC). Tá sé mar aidhm le Moladh NGA[12] ar glacadh leis in 2010 forbairt Margadh Aonair a chothú trí dheimhneacht dhlíthiúil a fhorbairt agus infheistíocht, iomaíochas agus nuálaíocht a chur chun cinn sa mhargadh le haghaidh seirbhísí leathanbhanda go háirithe i ndáil leis an athrú chuig líonraí rochtana den chéad ghlúin eile (NGAanna). 8. Beidh na gníomhaíochtaí seo i gcomhlíonadh Airteagail 101, 102 agus 106 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, mar aon le Treoirlínte an Chomhphobail i ndáil le cur i bhfeidhm rialacha cúnaimh Stáit i ndáil le húsáid tapa líonraí leathanbhanda, ar glacadh leo in 2009, rialacha a sholáthraíonn creat do pháirtithe leasmhara agus do Bhallstáit chun luas a chur faoi úsáid leathanbhanda agus an úsáid atá á baint as leathanbhanda a fhorbairt. Soláthraíonn treoir an AE le haghaidh samhlacha infheistíochta NGA d’údaráis bhainistíochta an AE agus do ghníomhaireachtaí ábhartha eile (foilsithe i nDeireadh Fómhair 2011) cur chuige céim ar chéim maidir le cur chun feidhme raon samhlacha a áirithíonn iomaíocht chothrom i measc na soláthraithe go léir agus a bhfuil sé mar aidhm acu na cuspóirí i ndáil le beartais chomhtháthaithe agus forbartha tuaithe a fhíorú. 9. Laistigh de chreat de chóras margaí oscailte agus iomaíocha, tá gá le hidirghabháil an Aontais sa chás gur gá teipeanna margaidh a shárú. Trí thacaíocht airgeadais agus breis giarála maoinithe do thionscadail bonneagair a sholáthar, féadfaidh an tAontas cur le bunú agus le forbairt líonraí tras-Eorpacha sa réimse teileachumarsáide, agus dá réir sin, níos mó buntáistí a fhorbairt i dtéarmaí tionchair ar an margadh, éifeachtacht riaracháin agus úsáid acmhainní. 10. Tá nasc idir buntáistí suntasacha eacnamaíocha agus sóisialta, buntáistí nach féidir le hinfheisteoirí a ghabháil ná luach a chur leo, agus luasanna níos airde leathanbhanda. Baineann fíorthábhacht le leathanbhanda gasta agus sárghasta mar phríomhbhonneagar a thacaíonn le forbairt agus le húsáid seirbhísí digiteacha, atá ag brath ar infhaighteacht, luas, iontaofacht agus solúbthacht na líonraí fisiciúla. Ceadaíonn úsáid agus roghnú na líonraí níos tapúla do sheirbhísí nuálaíochta a shaothraíonn luasanna níos airde. Teastaíonn gníomhaíocht ag leibhéal Aontais chun an méid tairbhe agus is féidir a bhaint as na sineirgíochtaí agus na hidirghníomhaíochtaí idir an dá chuid seo de na líonraí digiteacha teileachumarsáide. 11. Rachaidh úsáid leathanbhanda fíorthapa chun tairbhe na bhfiontar beaga agus meánmhéide (FBManna) nach mbíonn in ann tairbhe a bhaint as seirbhísí gréasán-bhunaithe dála 'néalríomhaireacht' go minic mar gheall ar nascacht agus luas mífheiliúnach nasc reatha leathanbhanda. Ba chóir go mbeadh sé seo mar bhonn le deiseanna suntasacha táirgiúlachta a chruthú le haghaidh FBManna. 12. Trí dheiseanna gnó a chruthú, úsáid líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digiteach, cuirfear dlús faoi chruthú poist san Aontas. Beidh éifeacht láithreach baill ag tógáil líonraí leathanbhanda ar fhostaíocht, go háirithe san earnáil innealtóireachta sibhialta. 13. Cuirfidh forbairt líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digití le cuspóir an Aontais astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú trí réitigh atá tíosach ar fhuinneamh a chumasú ina lán earnálacha i ngeilleagar na hEorpa. Beidh an éifeacht dhearfach seo faoi shrian, go pointe áirithe, ag an éileamh méadaithe a bheidh ar fhuinneamh agus ar acmhainní a bhaineann den chuid is mó le tógáil líonraí leathanbhanda agus oibriú bonneagair na seirbhíse digití. 14. Trí idir-inoibritheacht líonraí leathanbhanda agus bonneagar na seirbhíse digití a bhaineann le líonraí fuinnimh cumasaítear cumarsáid chomhtháite chun líonraí digiteacha atá tíosach ar fhuinneamh, iontaofa agus cost-éifeachtach a chur ar fáil. Os a choinne sin, leathnófar coinbhéirseacht chun níos mó ná nascacht a chur san áireamh agus béim a leagan ar sholáthar pacáistithe seirbhísí fuinnimh agus teileachumarsáide a mbeidh soláthraithe seirbhísí fuinnimh agus teileachumarsáide faoi seach freagrach astu. 15. Cuireann forbairt, úsáid agus soláthar fadtéarmach seirbhísí trasteorann idir-inoibritheachta rRialtais le feidhmiú an Mhargaidh Aonair. Glactar leis go soláthraíonn Rialtais seirbhísí poiblí ar líne a chuireann le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na hearnála poiblí agus príobháidí 16. Beidh oibriú seirbhísí poiblí leictreonacha coiteanna curtha chun feidhme ag teacht de réir Threoir 922/2009/CE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 16 Meán Fómhair 2009[13] atá dírithe ar infhaighteacht seirbhísí coiteanna atá ag tacú le hidirghníomhaíocht thrasteorann agus thrasearnála idir riaracháin phoiblí Eorpacha. 17. Soláthraíonn Treoir 2011/24/AE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 9 Márta 2011 ar chur chun feidhme ceart na n-othar i gcúram sláinte trasteorann[14] an creat dlí do sholáthar trasteorann cúram sláinte, lena n-áirítear seirbhísí rShláinte san Eoraip. Táthar ag súil go mbeidh a n-úsáid mar bhonn leis an gcaighdeán cúraim agus le sábháilteacht na n-othar a fheabhsú, mar aon le costais leighis a laghdú, cur le nuachóiriú córas náisiúnta cúram sláinte agus a n-éifeachtúlacht a mhéadú, agus iad a chur in oiriúint do riachtanais aonair saoránach, othar, gairmithe sláinte, agus déileáil leis na dúshláin atá á gcruthú ag sochaí atá ag dul in aois. 18. Cothóidh rochtain mhéadaithe agus chothaithe ar inneachar agus ar shonraí saibhre agus éagsúla cultúrtha atá i seilbh údarás poiblí, agus a áitithiú gur féidir an méid sin a athúsáid ag féachaint do chearta cóipchirt agus cearta gaolmhara, cruthaitheacht mar aon le nuálaíocht agus le fiontraíocht a chothú. Cabhróidh rochtain neamhshrianta ar acmhainní ath-inúsáidte, ilteangacha le bacainní teanga a shárú, bacainní a bhaineann an bonn de mhargadh inmheánach seirbhísí ar líne agus a chuireann srian ar rochtain ar fhaisnéis. 19. I ndáil le sábháilteacht agus le slándáil, cuirfidh ardán AE chun acmhainn, córais faisnéise agus uirlisí bogearraí a roinnt le timpeallacht níos sábháilteachta ar líne a chruthú do leanaí. Cuirfidh sé ar chumas ionad atá ag déileáil leis na céadta mílte iarratas agus fógraí gach bliain feidhmiú ar fud na hEorpa. Cuirfidh bonneagair na Faisnéise Criticiúla le cumas an Aontais a bheith ullamh, faisnéis a roinnt, agus bagairtí ar chibhearshlándáil a chomhordú agus déileáil leis na bagairtí sin. 20. Meastar go bhforbrófar feidhmchláir nuálacha tráchtála a bheidh bunaithe ar bhonneagair na seirbhíse digiteacha. D’fhéadfaí iniúchadh agus tástáil na bhfeidhmchlár sin a chómhaoiniú mar chuid de thionscadail taighde agus nuálaíochta faoi chlár Horizon 2020 agus a n-úsáid faoin mbeartas comhtháthaithe. 21. Chun na bhforbairtí i réimsí na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chur san áireamh, ba chóir an chumhacht chun glacadh le gníomhartha de réir Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún i ndáil le leasú na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuireann an Coimisiún na comhairliúcháin chuí i gcrích agus an obair ullmhúcháin ar bun, ag leibhéal saineolaí freisin. Is é cuspóir an tarmligin seo déileáil le forbairtí nua teicneolaíocha agus margaidh, tosaíochtaí nó deiseanna polaitiúla atá ag teacht chun cinn chun sineirgíochtaí nua idir bonneagair dhifriúla a iniúchadh, lena n-áirítear iad siúd sna réimsí Iompair agus Fuinnimh. Tá scóip an tarmligin teoranta don tuairisc ar thionscadail leasa choiteann a mhodhnú, ag cur tionscadail leasa choitinn san áireamh nó ag cur deiridh le tionscadail leasa choitinn atá imithe i léig de réir critéar réamhbhunaithe, soiléir agus trédhearcach. 22. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. 23. Cuimsíonn Cinneadh Uimh. 1336/97/CE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 17 Meitheamh 1997 ar shraith treoirlínte do líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha[15] cuspóirí, tosaíochtaí agus téarmaí ginearálta na mbeart a samhlaítear sna líonraí tras-Eorpacha i réimse an bhonneagair teileachumarsáide. I bhfianaise na bhforbairtí a rinneadh le déanaí, ba chóir an Cinneadh sin a ionadú. 24. Dá réir sin, ba chóir Cinneadh Uimh. 1336/97/CE a aisghairm. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Ábhar Leagann an Rialachán seo amach treoirlínte chun na líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha sin lena dtacófar i gcomhréir le Rialachán XXX (Rialachán CEF) ina gcuid forbartha, cur chun feidhme, úsáide, idirnaisc, agus idir-inoibritheachta a chinneadh. Déanann na treoirlínte seo foráil maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí na dtionscadal leasa choitinn, sainaithnítear tionscadail leasa choitinn agus leagtar amach critéir maidir le tionscadail leasa choitinn nua a shainaithint. Airteagal 2 Cuspóirí Tabharfaidh na tionscadail leasa choitinn faoi na nithe seo a leanas: 25. cuirfear le fás eacnamaíoch agus tacófar le forbairt an Mhargaidh Aonair a bheidh mar bhonn le feabhsú an iomaíochas gheilleagar na hEorpa, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) 26. cuirfear le feabhsuithe ar an saol laethúil do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do rialtais trí idirnasc agus idir-inoibritheacht na líonraí teileachumarsáide náisiúnta a chur chun cinn mar aon le rochtain ar líonraí dá leithéid. 27. spreagfaidh siad úsáid uile-Eorpach na líonraí leathanbhanda ghasta agus shárghasta a éascóidh, ar a seal, forbairt agus úsáid na seirbhísí digiteacha tras-Eorpacha. 28. éascóidh siad úsáid inbhuanaithe bhonneagair tras-Eorpacha na seirbhíse digití, a gcuid idir-inoibritheachta agus a gcuid comhordúcháin ar leibhéal Eorpach, a gcur chun feidhme, a gcothabháil agus a n-uasghrádú. 29. cuirfidh siad le laghduithe na n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa, mar aon leis an gcomhshaol a chosaint agus a fheabhsú. Airteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm leis na sainmhínithe seo a leanas: 30. Ciallaíonn “líonraí teileachumarsáide” líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digiteach. 31. Ciallaíonn “líonraí leathanbhanda” líonraí rochtana sreangaithe agus gan sreang (lena n-áirítear satailít), bonneagar coimhdeach agus lárghréasáin atá in ann nascacht thar a bheith tapa a sheachadadh. 32. Ciallaíonn “bonneagair na seirbhíse digití” seirbhísí líonraithe seachadta ar bhonn leictreonach, trí mheán an idirlín go tipiciúil, a sholáthraíonn seirbhísí idir-inoibritheacha tras-Eorpaigh chun leasa an phobail agus a bhfuil carachtar cumasúcháin acu le haghaidh saoránach, gnóthas, agus/nó rialtas. 33. Ciallaíonn “breisluach Eorpach” an luach a thagann as idirghabháil AE atá sa bhreis ar an luach a bheadh bainte amach ag gníomhaíocht de chuid Ballstáit amháin nó ag gníomhaíocht de chuid grúpa Ballstáit.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm freisin leis na sainmhínithe leagtha amach i Rialachán XXX (Rialachán CEF). Airteagal 4 Tosaíochtaí do thionscadail leasa choitinn Ag féachaint do na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2, is mar seo a leanas a bheidh na tosaíochtaí do thionscadail leasa choitinn: 34. líonraí leathanbhanda sárghasta a úsáid ag áirithiú luas tarchurtha sonraí de 100 Mbps agus os a chionn; 35. líonraí leathanbhanda a úsáid chun réigiúin oileánacha, talamhiata agus forimeallacha a nascadh le réigiúin lárnacha an Aontais lena áirithiú sna réigiúin sin go mbeidh luas tarchurtha sonraí leordhóthanach chun go mbeidh nasthacht leathanbhanda de 30 Mbps agus níos mó iontu. 36. tacú le hardáin croísheirbhíse i réimse bhonneagair na seirbhísí digiteacha 37. gníomhartha a cheadaíonn sineirgíochtaí agus idir-inoibritheacht a bhaint amach idir tionscadail leasa choitinn éagsúla i réimse na Teileachumarsáide, idir tionscadail leasa choitinn a bhaineann le cineálacha éagsúla bonneagar, lena n-áirítear Iompar agus Fuinneamh, idir tionscadail leasa choitinn i réimse na Teileachumarsáide agus tionscadail le tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe, mar aon le bonneagair taighde ábhartha. Airteagal 5 Tionscadail leasa choitinn 38. Cuirfidh tionscadail leasa choitinn leagtha amach san Iarscríbhinn le gnóthú na gcuspóirí leagtha amach in Airteagal 2. 39. Féadfaidh tionscadal leasa choitinn a thimthriall iomlán a chuimsiú, lena n-áirítear staidéir féidearthachta, cur chun feidhme, feidhmiú leanúnach, comhordú agus meastóireacht. 40. Glacfaidh Ballstáit agus/nó aonáin eile atá i gceannas ar chur chun feidhme tionscadal leasa choitinn nó ar chuidiú lena gcuid cur chun feidhme leis na bearta dlíthiúla, riaracháin, teicniúla agus airgeadais cuí i gcomhréir le sonraíochtaí comhfhreagracha an Rialacháin seo. 41. Féadfaidh an tAontas cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn a éascú trí bhearta rialála, nuair is cuí, trí chomhordú, trí bhearta tacaíochta agus trí thacaíocht airgeadais chun a gcuid úsáide agus roghnaithe a spreagadh, mar aon le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach. 42. Beidh gníomhaíochtaí ag cur le tionscadail leasa choitinn incháilithe le haghaidh tacaíochta airgeadais AE faoi na coinníollacha agus ionstraimí atá ar fáil faoin Rialachán lena mbunaítear an Áis Chónasctha don Eoraip [TAG]. Soláthrófar tacaíocht airgeadais i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha arna nglacadh ag an Aontas, de réir tosaíochtaí maoinithe agus infhaighteacht acmhainní. 43. Beidh cumhacht ag an gCoimisiún glacadh le gníomhartha tarmligthe chun an cur síos ar thionscadail leasa choitinn atá san áireamh san Iarscríbhinn a mhionathrú, tionscadail leasa choitinn nua a chur leis an Iarscríbhinn, nó tionscadail leasa choitinn atá imithe i léig a bhaint ón Iarscríbhinn, i gcomhréir le míreanna 7, 8 agus 9 thíos agus i gcomhréir le hAirteagal 8. 44. Agus é ag glacadh leis an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in mír 6 thuas, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé an bhfreagraíonn mionathrú ar an gcur síos ar thionscadal leasa choitinn nó tionscadal leasa choitinn nua a chruthú do na riachtanais a éiríonn astu seo a leanas: 45. forbairtí teicneolaíochta agus margaidh nua; nó 46. tosaíochtaí polaitiúla atá ag teacht chun cinn; nó 47. deiseanna nua chun sineirgíochtaí a shaothrú idir bonneagair éagsúla, lena n-áirítear iad sin i réimse an Iompair agus an Fhuinnimh. 48. I dteannta leis na critéir a bunaíodh i mír 7, má bhaineann an gníomh tarmligthe le tionscadal leasa choitinn nua, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin maidir le cibé an gcomhlíonann tionscadal dá leithéid na critéir seo a leanas go carnach: 49. an gcuireann siad le gnóthú na gcuspóirí leagtha amach in Airteagal 2; 50. an bhfuil siad bunaithe ar theicneolaíocht aibí réidh le haghaidh úsáide; 51. an léiríonn siad breisluach Eorpach. 52. Agus é ag glacadh le hacht tarmligthe a bhaineann tionscadal leasa choitinn atá imithe i léig ón Iarscríbhinn, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé an bhfreagraíonn tionscadal dá leithéid do na riachtanais atá leagtha amach i mír 7 nó nach gcomhlíonann sé na critéir leagtha amach i mír 8 níos mó. Airteagal 6 Comhar le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta 53. D’fhéadfadh an tAontas teagmhálacha a bhunú, faisnéis a phlé agus a mhalartú agus comhoibriú le húdaráis phoiblí nó le haon eagraíochtaí eile i dtríú tíortha d’fhonn aon chuspóir atá á saothrú ag na treoirlínte seo a bhaint amach i gcás ina dtagann breisluach Eorpach chun cinn de bharr comhair dá leithéid. I measc cuspóirí eile, iarrfar tríd an gcomhar seo an idir-inoibritheacht idir na líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha agus líonraí teileachumarsáide de chuid tríú tíortha a chur chun cinn. 54. D’fhéadfadh an tAontas teagmhálacha a bhunú a thuilleadh, faisnéis a phlé agus a mhalartú agus comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le haonáin dlíthiúla atá bunaithe i dtríú tíortha d'fhonn aon chuspóir atáthar sa tóir orthu ag na treoirlínte seo a bhaint amach. Airteagal 7 Malartú faisnéise, monatóireacht agus athbhreithniú 55. Ar bhonn na faisnéise a fuarthas faoi Airteagal 21 de Rialachán XXX lena mbunaítear an Áis Chónasctha don Eoraip, malartóidh Ballstáit agus an Coimisiún faisnéis faoin dul chun cinn déanta maidir le cur chun feidhme na dtreoirlínte seo. 56. Cuideoidh Sainghrúpa, comhdhéanta d’ionadaí ó gach Ballstát, leis an gCoimisiún chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtreoirlínte seo, chun pleanáil a dhéanamh trí na straitéisí náisiúnta d'idirlíon ardluais agus do mhapáil bonneagar, agus chun faisnéis a mhalartú. Féadfaidh an Sainghrúpa breithniú a dhéanamh freisin ar aon saincheist eile a bhaineann le forbairt na líonraí teileachumarsáide tras-Eorpach. 57. I gcomhar leis an meastóireacht lártéarma agus leis an meastóireacht ex-post ar an Rialachán XXX lena mbunaítear an Áis Chónasctha don Eoraip agus tar éis dul i mbun comhairle leis an Sainghrúpa, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar dhul chun cinn atá á dhéanamh ar chur chun feidhme na dtreoirlínte seo. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. 58. Sna tuarascálacha seo déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar cibé an leanann scóip na dtionscadal leasa choitinn ar aghaidh ag tabhairt léargais ar thosaíochtaí polaitiúla, ar fhorbairtí teicneolaíochta nó ar an staid sna margaí ábhartha. I gcás mórthionscadal, cuimseoidh na tuarascálacha seo anailís ar an tionchar ar an gcomhshaol, ag cur riachtanas maidir le maolú ar athrú aeráide agus oiriúnu don athrú sin, agus athléimneacht ó thubaistí san áireamh. Féadfar athbhreithniú dá leithéid a chur i gcrích ag am ar bith eile freisin de réir mar a mheastar a leithéid a bheith feiliúnach. Airteagal 8 Feidhmiú tarmligin 59. Bronntar an chumhacht i ndáil le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar an gCoimisiún faoi réir na gcoinníollacha leagtha síos san Airteagal seo. 60. Bronnfar an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(6) ar an gCoimisiún le haghaidh tréimhse neamhtheoranta ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. 61. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(6) a chúlghairm am ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú ansin. Ní chuirfidh sé isteach ar bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 62. A luaithe agus a ghlacann sé le gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún a leithéid in iúl go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 63. Tiocfaidh gníomh tarmligthe de bhun Airteagail 5(6) i bhfeidhm sa chás nach gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina leith laistigh de thréimhse 2 mhí ó tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina leith. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 9 Aisghairm Aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE, arna leasú ag Cinneadh Uimh. 1376/2002/CE. Airteagal 10 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Beidh feidhm aige ó 1 Eanáir 2014 ar aghaidh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN TIONSCADAIL LEASA CHOITINN Beidh sé mar aidhm ag na tionscadail leasa choitinn na caolais tráchta a chuireann isteach ar chomhlánú an Mhargaidh Aonair a bhaint .i. nascacht leis an líonra chomh maith le rochtain ar bhonneagair na seirbhíse digití, lena n-áirítear thar theorainneacha, a sholáthar. Cuideoidh úsáid agus feabhsú líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha (líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digití) chun fás geilleagrach a chothú, poist a chruthú agus margadh aonair digiteach bríomhar a chruthú. Cabhróidh úsáid a bhaint as na nithe thuasluaite le rochtain níos tapa ar an idirlíon a sholáthar, áiseanna teicneolaíocht faisnéise chumasaithe a bheidh mar bhonn le saol laethúil saoránach a fheabhsú, saol leanaí agus daoine óga san áireamh, mar aon le gnóthais agus le rialtais, idir-inoibritheacht a mhéadú agus ailíniú nó inréimniú chuig caighdeáin a bhfuil glacadh coitianta leo a éascú. Roinn 1. Tosaíochtaí cothrománacha Gabhfaidh staidéir agus gníomhartha tacaíochta cláir le húsáid na líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha a chabhróidh chun na caolais tráchta atá i láthair sa mhargadh aonair digiteach a bhaint. Is iad sin: 64. Bainistíocht, mapáil & seirbhísí nuálacha . Cuimseoidh bearta cúnaimh theicniúil, nuair atá gá leo le haghaidh úsáide agus rialachais, pleanáil tionscadail agus infheistíochta agus staidéir féidearthachta, ag tacú le bearta infheistíochta agus ionstraimí airgeadais. Forbróidh mapáil ar an mbonneagar leathanbhanda uile-Eorpach suirbhéireacht leanúnach mhionsonraithe fhisiceach agus doiciméadú ar shuímh ábhartha, anailís ar chearta slí, measúnú acmhainneachta maidir le huasghrádú na n-áiseanna atá ann cheana, s.rl. Ba cheart di prionsabail Threoir 2007/2/CE (Treoir INSPIRE) agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe gaolmhara a leanúint. D’fhéadfadh bearta cúnaimh theicniúil tacú freisin le macasamhlú na samhlacha infheistíochta agus úsáide rathúla.D’fhéadfadh na bearta sin díonadh aeráide a chuimsiú freisin le measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le haeráid agus chun athléimneacht tubaiste an bhonneagair a áirithiú, i gcomhréir le riachtanais ábhartha atá leagtha amach i reachtaíocht AE nó náisiúnta. 65. Gníomhaíochtaí tacaíochta agus bearta tacaíochta teicniúla eile . Tá gá leis na bearta seo d’fhonn ullmhúchán a dhéanamh nó tacú le cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn nó chun a gcuid glactha a luathú. I réimse na seirbhísí digiteacha, spreagfaidh agus cuirfidh gníomhaíochtaí tacaíochta ráta glactha na mbonneagar seirbhíse digití nua chun cinn freisin, bonneagair a d’fhéadfadh éirí riachtanach nó úsáideach bunaithe ar fhorbairtí teicneolaíochta, ar athruithe sna margaí ábhartha nó ar thosaíochtaí polaitiúla éiritheacha. Roinn 2. Líonraí leathanbhanda Cuireann na hinfheistíochtaí leathanbhanda ar fad laistigh de chríoch an Aontais le hacmhainn an líonra mar aon le buntáistí a chruthú do na húsáideoirí ionchasacha ar fad, lena n-áirítear úsáideoirí ionchasacha atá i mBallstáit seachas sa tír atá ag déanamh na hinfheistíochta. Cruthóidh infheistíocht sna líonraí sin níos mó iomaíocht agus níos mó nuálaíochta sa gheilleagar, seachadfar seirbhísí poiblí níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, cuirfear le spriocanna an AE maidir le geilleagar ísealcharbóin agus le hiomaíochas agus táirgiúlacht foriomlán an AE. Infheisteoirí príobháideacha den chuid is mó a d’infheistigh sa bhonneagar leathanbhanda agus meastar gur mar seo a bheidh amach anseo freisin. Éileoidh cur i gcrích spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh infheistíocht sna réimsí sin nach bhfuil cás gnó soiléir luaite leo nó sa chás go bhféadfadh sé a bheith riachtanach cás gnó a fheabhsú laistigh den téarma ama atá luaite leis na spriocanna. Féadfar príomhthréith a chur i leith na gcineálacha ceantar seo a leanas bunaithe ar an infheistíocht dhóchúil: Is gnách go bhfreastalaíonn naisc mheánluais ar cheantair dlúis fo-uirbeacha/mheánacha ach go mbaineann easpa luasanna níos tapúla leo. Nuair a léirítear go bhfuil an cás gnó d’infheistíochtaí in ardteicneolaíochtaí neamhleor le haghaidh infheisteoirí príobháideacha sa ghearrthéarma, d’fhéadfadh tacaíocht airgeadais infheistíocht bhrabúsach a ghiniúint san fhadtéarma trí an mbearna inmharthanachta a laghdú agus iomaíocht a spreagadh. Is gnách go bhfreastalaíonn naisc ísealluais ar cheantair dlúis tuaithe agus ar cheantair ísealdlúis agus i gcásanna áirithe ní dhéantar freastal orthu ar chor ar bith. Tá sé neamhdhóchúil go mbeidh an cás gnó le haghaidh infheistíochta inmharthana agus go mbainfear amach na spriocanna Eorpacha faoi 2020. Éilíonn infheistíocht sna ceantair seo tacaíocht airgeadais níos airde, arna sholáthar ag deontais, i gcomhcheangal le hionstraimí airgeadais b’fhéidir. I measc ceantar den chineál sin beidh réigiúin iargúlta agus réigiúin a bhfuil daonra scaipthe iontu, réigiúin a bhfuil na costais infheistíochta an-ard iontu nó a bhfuil an t-ioncam íseal iontu. Tá sé dóchúil go gcomhlánóidh an tacaíocht ón Áis Chónasctha don Eoraip sna ceantair sin na cistí comhtháthaithe infhaighte nó forbairt tuaithe agus tacaíocht phoiblí dhíreach eile. Is gnách go bhfreastalaíonn naisc meánluais go hardluais ar cheantair ard-dlúis/dlúis uirbigh - gan roinnt réigiún ísealioncaim san áireamh – arna soláthar go minic ag tairiscintí iomaíocha de chuid oibreoirí cábla agus teileachumarsáide. Mar gheall ar an staid réasúnta sásúil sin, áfach, tá na dreasachtaí margaidh chun infheistíocht a dhéanamh i líonraí luais thar a bheith tapa, cosúil le snáithín chuig an teach, teoranta. Dá bhrí sin d’fhéadfaí tacaíocht airgeadais a bheartú freisin d’infheistíochtaí i gceantair uirbeacha le daonraí dlútha nach meallann go leor infheistíochta d’ainneoin na dtairbhí sochaíocha a ghinfeadh a leithéid, ar chuntar go bhfuil sí go hiomlán i gcomhréir le hAirteagail 101, 102 agus 106 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chomh maith le, más ábhartha, Treoirlínte an Chomhphobail ar fheidhmiú na rialacha um chúnamh stáit maidir le húsáid tapa a bhaint as líonraí leathanbhanda. Sna réigiúin tearcfhorbartha, ba chóir go soláthrófaí tacaíocht d’úsáid líonraí leathanbhanda go príomha trí ionstraimí na gcistí struchtúracha agus comhtháthaithe. D’fhéadfadh deontais agus/nó ionstraimí airgeadais ón Áis Chónasctha don Eoraip tacaíocht dá leithéid a chomhlánú nuair is cuí d’fhonn cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Féadfar cruthú sineirgíochtaí idir gníomhaíochtaí CEF sna réigiúin sin agus an tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe a threisiú trí mheicníocht comhordúcháin iomchuí[16]. Soláthraítear aicmiúchán ar na réigiún leis na catagóirí thuas go táscach sa léarscáil thíos. [pic] Áireofar gníomhaíochtaí a bheidh ag cur leis an tionscadal leasa choitinn i réimse na líonraí leathanbhanda mar chuid de phunann chothrom a áiríonn gníomhaíochtaí a chuirfidh le spriocanna 30 Mbps agus 100 Mbps an Chláir Dhigitigh; a chumhdaíonn limistéir fho-uirbeacha agus tuaithe go háirithe agus limistéir ar fud an Aontais Eorpaigh chomh maith. Tabharfaidh gníomhaíochtaí a bheidh ag cur leis an tionscadal leasa choitinn i réimse na líonraí leathanbhanda, beag beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear, faoi na nithe seo a leanas: 66. Tacú le hinfheistíochtaí i líonraí leathanbhanda a bheidh in ann sprioc 2020 an Chláir Oibre Dhigitigh a chomhlíonadh, is é sin cumhdach 30 Mbps; nó 67. Tacú le hinfheistíochtaí i líonraí leathanbhanda a bheidh in ann sprioc 2020 an Chláir Oibre Dhigitigh a chomhlíonadh, is é sin go mbainfeadh 50 %, ar a laghad, de theaghlaigh suibscríbhinn amach le haghaidh luas níos airde ná 100 Mbps; 68. Cloí leis an dlí is infheidhme, go háirithe le dlí na hiomaíochta agus cuimseoidh siad go háirithe ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas: 69. Úsáid an bhonneagair fhisiciúil éighníomhaigh nó úsáid an bhonneagair fhisiciúil éighníomhaigh agus ghníomhaigh in éineacht mar aon le gnéithe den bhonneagar coimhdeach, i dteannta na seirbhísí a theastaíonn óna leithéid sin de bhonneagar; 70. Áiseanna agus seirbhísí gaolmhara, dála sreangú foirgneamh, aeróga, túir agus áiseanna tacaíochta tógála eile, duchtanna, seolphíobáin, crainn, dúnphoill, agus caibinéid; 71. Tairbhe a bhaint as sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir rolladh amach líonraí leathanbhanda agus líonraí eile fóntas (fuinneamh, iompar, uisce, séarachas, s.rl.), go háirithe na nithe sin a bhaineann le dáileadh cliste leictreachais. Tacófar le líonraí leathanbhanda a úsáid chun réigiúin oileánacha, talamhiata agus fhorimeallacha a nascadh le réigiúin an Aontais, lena n-áirófar i gcás inar gá cáblaí fomhuirí i gcás inar fíor-riachtanach é lena n-áirithiú go mbeidh rochtain ag pobail iargúlta ar leathanbhanda ag 30 Mbps nó níos mó. Ba cheart don tacaíocht seo cistí eile, cibé acu AE no náisiúnta, atá ar fáil chun na críche seo, a chomhlánú. Chun amhras a sheachaint, níl seirbhísí a sholáthraíonn, nó a bhfuil smacht eagarthóireachta acu ar, ábhar a tharchuirtear ag baint úsáide as líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus as seirbhísí sochaí faisnéise mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 de Threoir 98/34/CE, nach mbaineann go hiomlán ná go príomha le comharthaí a chur in iúl ar líonraí cumarsáide leictreonaí, clúdaithe ag scóip na ngníomhaíochtaí a chuireann leis an tionscadal leasa choitinn i réimse na líonraí leathanbhanda. Áirítear, ainneoin nach liosta teoranta é seo, i measc tairbhithe de thacaíocht an AE don tionscadal leasa choitinn a bhaineann le leathanbhanda: 72. Oibreoirí teileachumarsáide (sealbhóirí, cibé ag déanamh infheistíochta ar bhonn díreach nó trí fho-chuideachta nó iontrálaí nua) ag seoladh infheistíochtaí i líonraí leathanbhanda gasta agus sárghasta. 73. Cuideachtaí fóntas (m.sh. uisce, séarachas, fuinneamh, iompar), atáthar ag súil le hinfheistiú i líonraí éighníomhacha leathanbhanda, leo féin nó i gcomhpháirt le hoibreoirí. 74. Cinnteoirí réigiúnacha, bardasachtaí san áireamh, a d’fhéadfadh lamháltais a bhunú le haghaidh bonneagair leathanbhanda. B’fhéidir go mbeadh spéis ag soláthraithe trealamh i socrú den sórt sin, trí chuideachta sainchuspóra a chruthú. 75. Comhpháirtíochtaí idir roinnt oibreoirí atá gníomhach sna margaí le sreang agus gan sreang agus é mar aidhm an chéad ghlúin eile d’infheistíochtaí a fhorbairt. I bhforbairt na punainne, tabharfar aird mar is cuí ar riachtanais infheistíochta na mBallstát maidir le líon na dteaghlach atá le nascadh le tacaíocht ón Áis Chónasctha don Eoraip. Ina theannta sin, tacófar freisin le naisc ardluais le pointí rochtana idirlín phoiblí, go háirithe i saoráidí póiblí, amhail scoileanna, ospidéil, oifigí an rialtais áitiúil agus leabharlannaí. Roinn 3. Bonneagair na Seirbhíse Digití Cuideoidh cur chun feidhme na mbonneagar seirbhíse digití le réadú an mhargaidh aonair dhigitigh trí na caolais tráchta atá ann i dtéarmaí úsáid seirbhíse a bhaint. Bainfear é sin amach trí ardáin idir-inoibritheacha um bonneagar na seirbhíse digití a chruthú agus/nó a fheabhsú, le bonneagair fhíor-riachtanacha, bhunúsacha na seirbhíse digití ag gabháil leo. Braithfidh sé ar chur chuige dhá shraith: 76. Is codanna nó moil lárnacha do bhonneagair na seirbhíse digití iad na hardáin croísheirbhíse atá riachtanach d’fhonn nascacht thras-Eorpach, rochtain agus idir-inoibritheacht a áirithiú. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis seo trealamh fisiciúil amhail freastalaithe, líonraí tiomnaithe agus uirlisí bogearraí. Tá ardáin croísheirbhíse oscailte d'eintitis i ngach Ballstát. 77. Is iad na seirbhísí cineálacha atá mar bhonn le feidhmiúlacht agus inneachar bonneagair na seirbhíse digití. D’fhéadfaí idirnasc a chruthú eatarthu trí ardán croísheirbhíse. Seo a leanas na tionscadail leasa choitinn i réimse bhonneagair na seirbhíse digití: Naisc ardluais cnámh droma tras-Eorpacha do riaracháin phoiblí Soláthróidh infreastruchtúr seirbhís chnámh droma phoiblí thras-Eorpach nascacht ardluais idir institiúidí poiblí an AE i réimsí amhail riarachán poiblí, cultúr, oideachas agus sláinte. Tacóidh an t-infreastruchtúr cnámh droma seo le seirbhísí poiblí a bhfuil luach Eorpach ag gabháil leo trí chaighdeán rialaithe seirbhíse agus rochtain shlán. Ar an tslí sin, beidh sé indéanta contanam digiteach do sholáthar seirbhíse poiblí a chur ar fáil a rachaidh chun tairbhe saoránach, gnóthaí agus riarachán. Chomh maith leis sin, ceadóidh sé comhiomlánú éilimh do nascacht, beidh sé indéanta mais chriticiúil a bhaint amach agus costais a laghdú. Ardán croísheirbhíse: Bunófar an bonneagar ar chnámh droma reatha an Idirlín agus áit ar gá bainfear úsáid as líonraí. Déanfar naisc go díreach nó trí bhonneagair atá á mbainistiú go réigiúnach nó go náisiúnta. Soláthróidh sé, go háirithe, nascacht do sheirbhísí tras-Eorpacha eile inter alia na seirbhísí atá luaite san Iarscríbhinn seo. Déanfar comhtháthú iomlán ar an mbonneagar sin san Idirlíon mar phríomhacmhainn le haghaidh seirbhíse poiblí tras-Eorpaí agus tacóidh sé le glacadh na gcaighdeán éiritheach (m.sh. prótacail Idirlín cosúil le IPv6[17]). D’fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar infrastruchtúr bunúsach tiomanta chun riaracháin phoiblí a nascadh má bhíonn gá leis ar chúiseanna slándála. Seirbhísí cineálacha: Éascófar comhtháthú an ardáin lárnaigh le seirbhísí poiblí Eorpacha trí úsáid a bhaint as seirbhísí cineálacha: údarú, fíordheimhniú, slándáil idir-fearainn agus bandaleithead ar éileamh, cónascadh seirbhísí, bainistiú soghluaisteachta, rialú cáilíochta agus rialú feidhmíochta, comhtháthú bonneagar náisiúnta. Soláthróidh seirbhís idir-inoibritheach ‘néalríomhaireachta’ an fheidhm bonneagair chnámh droma trínar féidir néalta le haghaidh seirbhísí poiblí tras-Eorpacha a thairiscint. Áiríonn sé seo seirbhísí tras-Eorpacha líonra dála físchomhdháil, stóras fíorúil agus feidhmchláir thacaíochta ríomhaireachta, feidhmchláir a bhaineann le tionscadail leasa choitinn eile san áireamh freisin. Seachadadh trasteorann na seirbhísí rRialtais Tagraíonn rRialtas don idirghníomhaíocht dhigiteach idir údaráis phoiblí agus saoránaigh, údaráis phoiblí agus gnóthaí agus eagraíochtaí, agus i measc údaráis phoiblí de chuid tíortha éagsúla. Cruthóidh ardáin idirghníomhaíochta chaighdeánaithe, thrasteorann, agus furasta le húsáid buntáistí ó thaobh éifeachtúlachta de sa gheilleagar trí chéile agus san earnáil phoiblí, mar aon le cur leis an Margadh Aonair. Ardán croísheirbhíse Aitheantas agus deimhniú leictreonach idir-inoibritheach ar fud na hEorpa. Bainfear úsáid as sraith freastalaithe agus prótacal fíordheimhniúcháin atá nasctha agus daingnithe agus a áirithíonn idir-inoibritheacht na gcóras fíordheimhniúcháin, aitheantais agus údarúcháin éagsúil atá san Eoraip. Cuirfidh an t-ardán seo ar chumas saoránach agus gnóthaí rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne a chabhróidh le staidéar, obair, taisteal, cúram sláinte nó obair a dhéanamh thar lear, mar shampla. Is éard a bheidh ann ná an tsraith lárnach do na seirbhísí digiteacha óna dteastaíonn aitheantas agus deimhniú leictreonach: m.sh. soláthar leictreonach, seirbhísí sláinte ar líne, tuairisciú gnó caighdeánaithe, malartú leictreonach na faisnéise breithiúnaí, clárú cuideachta tras-Eorpaí ar líne, seirbhísí r-Rialtais do ghnóthais, lena n-áirítear cumarsáid idir cláir ghnó a bhaineann le cumaisc trasteorann agus brainsí eachtracha. D’fhéadfadh an t-ardán seo acmhainní agus uirlisí de chuid an ardáin lárnaigh ilteangaigh a úsáid freisin. Na seirbhísí cineálacha: 78. Nósanna imeachta leictreonacha le gnóthas a bhunú agus a reáchtáil i dtír Eorpach eile : Éascóidh an tseirbhís seo na nósanna imeachta riaracháin ar fad a dhéanamh go leictreonach thar theorainneacha éagsúla trí Ionaid Ilfhreastail. Is riachtanas de Threoir 2006/123/CE ar sheirbhísí sa mhargadh inmheánach an tseirbhís seo freisin. 79. Seirbhísí soláthair leictreonacha idir-inoibritheacha trasteorann : Cuirfidh an tseirbhís seo ar chumas aon chuideachta san AE freagra a thabhairt ar thairiscintí poiblí Eorpacha ó aon Bhallstáit a chumhdaíonn gníomhaíochtaí soláthair leictreonacha réamh-dhámhachtana agus iar-dhámhachtana, a chomhtháthaíonn gníomhaíochtaí cosúil le tairiscintí a Thíolacadh go Leictreonach, Sainchomhad Cuideachta Fíorúil, rChatalóga, rOrduithe agus rShonraisc. 80. Seirbhísí r-Cheartais idir-inoibritheacha trasteorann : Cuirfidh an tseirbhís seo ar chumas saoránach, gnóthas, eagraíochtaí agus cleachtóirí dlí rochtain thrasteorann ar líne a fháil ar mhodhanna/ar cháipéisí dlí agus ar nósanna imeachta breithiúnacha. Éascóidh sé idirghníomhaíocht thrasteorann ar líne (trí shonraí ar líne agus malartán doiciméad) idir údaráis dlí i mBallstáit dhifriúla agus ar an tslí seo, cásanna dlí trasteorann a phróiseáil ar bhonn níos éifeachtúla; 81. Seirbhísí rShláinte idir-inoibritheacha trasteorann : Éascóidh na seirbhísí seo idirghníomhaíocht idir saoránaigh/othair agus soláthraithe cúram sláinte, tarchur sonraí idir institiúidí agus idir eagraíochtaí, nó cumarsáid piara le piara idir saoránaigh/othair agus/nó gairmithe sláinte agus institiúidí. Beidh an bonneagar a úsáidfear ag comhlíonadh na bprionsabal cosanta sonraí atá sonraithe, ach go háirithe, i dTreoir 95/46/CE agus 2002/58/CE, mar aon le rialacha idirnáisiúnta agus náisiúnta eiticiúla a bhaineann le húsáid taifead sláinte othar agus sonraí pearsanta eile.Cuimseoidh na seirbhísí rochtain trasteorann ar thaifid sláinte leictreonacha agus ar sheirbhisí oidis leictreonacha mar aon le teilisheirbhísí sláinte/maireachtála cuidithe, seirbhísí séimeantacha ilteangacha trasteorann atá nasctha leis an ardán lárnach ilteangach, rochtain ar fhorbairt fhaisnéise slándála sóisialta ar infrastruchtúr an EESSI (Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta), s.rl. 82. Ardán Eorpach d’idirnasc na gclár gnó Eorpach: Soláthróidh an áis seo sraith uirlisí agus seirbhísí lárnacha lena gcuirtear ar chumas na gclár gnó sna Ballstáit uile faisnéis a mhalartú faoi ghnóthais chláraithe, faoina gcuid brainsí, a gcumaisc agus a bhfoircinn. Soláthrófar seirbhís cuardaigh ilnáisiúnta agus ilteangach freisin d’úsáideoirí ag baint úsáide as Pointe Rochtana Lárnach atá inrochtana tríd an tairseach r-Cheartais Rochtain ar fhaisnéis na hearnála poiblí agus ar sheirbhísí ilteangacha a chumasú Rochtain ar acmhainní digiteacha um oidhreacht Eorpach Is é cuspóir an bhonneagair seo ná bailiúcháin mhóra d'acmhainní cultúrtha Eorpacha a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach agus a gcuid athúsáide ag tríú páirtithe a chothú, i gcomhréir go hiomlán le cearta cóipchirt agus cearta gaolmhara. Ardán croísheirbhíse: Cuirfidh an fhorbairt ar an ardán seirbhíse lárnaí leis an tairseach Europeana reatha. Soláthróidh an t-ardán – a éilíonn go ndéanfaí forbairt, feidhmiú agus riarachán ar ríomhaireacht dáilte, áiseanna stórála sonraí agus bogearraí - pointe rochtana aonair ar ábhar oidhreachta cultúrtha na hEorpa ar leibhéal míre, sraith de shonraíochtaí comhéadain le hidirghníomhú a dhéanamh leis an infreastruchtúr (cuardaigh le haghaidh sonraí, íoslódáil sonraí) tacaíocht d’oiriúnú agus d’iontógáil meiteashonraí an ábhair nua, chomh maith le faisnéis faoi choinníollacha maidir le hathúsáid an ábhair atá inrochtana tríd an mbonneagar. Soláthróidh sé modhanna freisin chun idirghníomhaíocht a bhunú le soláthraithe ábhair, le húsáideoirí (saoránaigh ag fáil rochtana ar an tairseach) agus le hath-úsáideoirí (tionscail chruthaitheachta), chun an t-ardán a chur chun cinn, líonraí gaolmhara a chomhordú agus faisnéis a mhalartú. Seirbhísí cineálacha: 83. Comhiomlánú inneachair i seilbh foras cultúrtha agus sealbhóirí príobháideacha inneachair sna Ballstáit 84. Áiseanna sluafhoinsithe a spreagann idirghníomhaíocht agus a chuireann ar chumas úsáideoirí cur go gníomhach leis an suíomh 85. Seirbhísí furasta le húsáid don tairseach a dhéileálann le ceisteanna cosúil le cuardach agus brabhsáil a fheabhsú mar aon le rochtain thras-teanga 86. Malartú faisnéise faoi chearta agus bhonneagair cheadúnaithe; 87. Ionaid inniúlachta ar dhigitiú agus ar chaomhnú oidhreacht chultúrtha dhigiteach 88. Stórtha inneachair d’fhorais chultúrtha agus d’inneachar arna ghiniúint ag úsáideoirí agus caomhnú fadtéarmach na n-inneachar sin Rochtain ar fhaisnéis ath-inúsáidte na hearnála poiblí Éascóidh an bonneagar seirbhíse digití seo rochtain le haghaidh athúsáid na faisnéise is ceadmhach a nochtadh atá i seilbh na hearnála poiblí san AE. Ardán croísheirbhíse: Soláthróidh ríomhaireacht dáilte, stóráil sonraí agus áiseanna bogearraí: pointe rochtana aonair ar na tacair sonraí ilteangacha (teangacha oifigiúla uile an AE) atá i seilbh chomhlachtaí poiblí san AE ar leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil; uirlisí fiosrúcháin agus léirshamhlaithe de chuid na dtacar sonraí; dearbhú go bhfuil na tacair sonraí infhaighte ceadúnaithe le bheith foilsithe agus ath-dháilte, lena n-áirítear rian iniúchta foinse sonraí; tacar de chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár do chliaint bhogearraí le hidirghníomhú leis an infreastruchtúr (le sonraí a chuardach, staidreamh a bhailiú, sonraí a íoslódáil) chun feidhmchláir tríú páirtí a fhorbairt. Cuirfidh sé ar chumas freisin staidreamh a bhailiú agus a fhoilsiú faoi fheidhmiú na tairsí, infhaighteacht na sonraí agus na bhfeidhmchlár agus an bealach a mbaintear úsáid astu. Seirbhísí cineálacha: Bainfidh na nithe seo a leanas amach fairsingiú de réir a chéile ar an rochtain ar na tacair sonraí go léir atá i seilbh agus curtha ar fáil don phobal ag beagnach gach riarachán poiblí laistigh den AE, lena n-áirítear cuardach ilteangach: 89. comhiomlánú tacar sonraí idirnáisiúnta/AE/náisiúnta/réigiúnach/áitiúil; 90. idir-inoibritheacht tacar sonraí, ceisteanna dlí agus ceadúnaithe san áireamh, ar mhaithe le hathúsáid níos fearr a éascú; 91. comhéadan le bonneagair oscailte shonraí i dtríú tíortha; 92. stórtha sonraí agus seirbhísí caomhnaithe fadtéarmacha. Rochtain ilteangach ar sheirbhísí ar líne Cuirfidh an t-infreastruchtúr seirbhíse seo ar chumas aon soláthraithe seirbhíse ar líne reatha nó amach anseo a gcuid ábhair agus seirbhísí a thairiscint tríd an raon is leithne de theangacha AE sa bhealach is cost-éifeachtúla. Ardán croísheirbhíse: Cuirfidh an t-ardán ar chumas bailiúcháin mhóra de shonraí teanga beo agus uirlisí próiseála teanga ath-inúsáidte a ghnóthú, a choinneáil agus a chur ar fáil. Clúdóidh sé teangacha uile an AE agus cloífidh sé leis na caighdeáin ábhartha agus leis na riachtanais seirbhíse agus dlíthiúla chomhaontaithe. Ceadóidh an t-ardán do rannpháirtithe cur le sonraí agus uirlisí teanga agus iad a choimeád agus a mhionchoigeartú ar bhonn solúbtha, agus cinnteofar go mbeidh rochtain éasca, chothrom agus shlán ar mar aon le cuspóirí nua ag baint le hacmhainní dá leithéid ag eagraíochtaí a thairgeann nó a fhorbraíonn seirbhísí teanga-chumasaithe. Tabharfaidh an t-ardán tacaíocht freisin do chomhar agus do chomhoibriú le tionscnaimh agus le hionaid sonraí chomhchosúla, reatha nó atá le teacht, laistigh agus lasmuigh den AE. Seirbhísí cineálacha: Beidh raon leathan acmhainní bogearraí agus sonraí inúsáidte, a chumhdaíonn teangacha uile an AE, le fáil san ardán. Déanfaidh sé bailiú, comhchuibhiú agus comhtháthú ar ghnéithe sonraí agus bogearraí dá leithéid laistigh d’infreastruchtúr seirbhíse dáilte. Cuirfidh sé acmhainní bogearraí agus sonraí, atá le húsáid mar chlocha tógála chun seirbhísí ilteangacha nó geataí ilteangacha go seirbhísí ar líne a fhorbairt, a shaincheapadh agus a sheachadadh, ar fáil, agus déanfaidh sé forbairt nó fairsingiú orthu i réimsí áirithe. Sábháilteacht agus slándáil Infreastruchtúr seirbhíse idirlín níos sábháilte Soláthróidh an tacaíocht seirbhísí comhtháite agus idir-inoibritheacha ar leibhéal Eorpach, bunaithe ar fheasacht, acmhainní, uirlisí agus cleachtais roinnte agus dírithe ar leanaí, a dtuismitheoirí agus cúramóirí, agus múinteoirí a chumasú chun an leas is fearr a bhaint as an Idirlíon. Ardán croísheirbhíse: Ceadóidh an t-ardán croísheirbhíse do ghnóthú, d'fheidhmiú agus do chothabháil áiseanna ríomhaireachta, bunachar sonraí agus uirlisí bogearraí roinnte do na hIonaid um Idirlíon Níos Sábháilte (SICanna) sna Ballstáit, chomh maith le hoibríochtaí cúloifige chun tuairisciú ar ábhar mí-úsáide gnéasaí a láimhseáil lena n-áirítear an nasc le húdaráis phóilíneachta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta cosúil le Interpol san áireamh, agus nuair is cuí, láimhseáil a dhéanamh ar thaifeadadh an ábhair seo ag na láithreáin ghréasáin ábhartha. Tacóidh bunachair shonraí choiteanna leis seo. Seirbhísí cineálacha: 93. Línte cabhracha do leanaí, do thuismitheoirí agus do chúramóirí ar an mbealach is fearr do leanaí úsáid a bhaint as an Idirlíon ach bagairtí ó ábhair agus ó iompraíochtaí contúirteacha agus neamhdhleathacha a sheachaint, agus an t-infreastruchtúr cúloifige tacaíochta. 94. Beolínte chun ábhar neamhdhleathach um mí-úsáid ghnéasach leanaí ar an Idirlíon a thuairisciú 95. Uirlisí le rochtain ar inneachar agus ar sheirbhísí aoisfheiliúnacha a áirithiú, 96. Bogearraí a éascaíonn tuairisciú tapa agus éasca d’inneachar mídhleathach agus a bhaint anuas, mar aon le grúmaeireacht agus le bulaíocht a thuairisciú. 97. córais bhogearraí a cheadaíonn ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí (neamhthuairiscithe) ar an idirlíon a shainaithint níos fearr chomh maith le teicneolaíochtaí chun tacú le himscrúdaithe póilíneachta, go háirithe agus é mar aidhm íobartaigh leanaí, déantóirí agus trádáil tráchtála d'ábhar dá leithéid a shainaithint. Bonneagair na Faisnéise Criticiúla Forbrófar agus úsáidfear cainéil agus ardáin chumarsáide d’fhonn an acmhainn uile-Eorpach maidir le hullmhacht, roinnt faisnéise, comhordú agus freagairt a fheabhsú. Ardán croísheirbhíse: Cuimseoidh an t-ardán croísheirbhíse líonra d'Fhoirne um Práinnfhreagairt Ríomhaire (CERTanna) Náisiúnta/Rialtasacha bunaithe ar shraith íosta d’acmhainní bunlíne. Beidh an líonra mar chnámh droma do Chóras Eorpach um Fholáireamh agus um Fhaisnéis a roinnt agus (EISAS) do shaoránaigh an AE agus do FBManna. Seirbhísí cineálacha: 98. Seirbhísí réamhghníomhacha – faire teicneolaíochta agus faisnéise a bhaineann le slándáil a scaipeadh agus a roinnt; measúnuithe slándála; treoirlínte a sholáthar ar chumraíocht slándála; seirbhísí braite ionsá a sholáthar; 99. Seirbhísí réamhghníomhacha – láimhseáil teagmhais agus freagairt; foláirimh agus rabhaidh a eisiúint; anailís agus láimhseáil leochaileachta; láimhseáil déantán (foláirimh ardchaighdeáin a chruthú ar bhogearraí mailíseacha nua agus ar dhéantáin eile). Faisnéis agus réitigh theicneolaíochta cumarsáide a úsáid do líonraí fuinnimh chliste agus chun Seirbhísí Fuinnimh Chliste a sholáthar Úsáideann seirbhísí fuinnimh chliste teicneolaíochtaí nua-aimseartha faisnéise agus cumarsáide le freastal ar riachtanais saoránach (agus d’fhéadfadh gur táirgeoirí mar aon le tomhaltóirí fuinnimh a bheadh iontu), soláthraithe fuinnimh agus údaráis phoiblí. Áiríonn seirbhísí fuinnimh chliste an idirghníomhaíocht idir saoránaigh agus soláthraithe fuinnimh, tarchur fuinnimh ó eagraíocht go heagraíocht, agus cumarsáide ó phiara go piara idir saoránaigh. Cruthaíonn siad deiseanna do ghníomhairí reatha agus nua sna margaí teileachumarsáide agus fuinnimh (m.sh. Cuideachtaí Seirbhísí Fuinnimh ESCOanna). Is féidir leo cuideachtaí agus saoránaigh a chumasú freisin chun na hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhaineann lena gcinntí ceannaigh a rianú. Ardáin CroíSheirbhíse Bonneagar cumarsáide, le húsáid ag fóntais i gcomhpháirt le hoibreoirí teileachumarsáide, mar aon leis na crua-earraí riachtanacha TF atá le leabú i gcomhchodanna fuinnimh (m.sh. fostáisiúin). Áirítear iontu freisin na croísheirbhísí lena gcumasaítear faireachán sócmhainní, rialú do bhainistíocht chumhachta, uathoibriú agus bainistíocht agus cumarsáid sonraí idir na gníomhairí éagsúla (soláthraithe seirbhíse, oibreoirí líonra agus fóntais eile, tomhaltóirí, s.rl.). Seirbhísí cineálacha: Seachadfaidh raon leathan de ghníomhairí nua agus nuálacha, cosúil le soláthraithe seirbhíse fuinnimh, ESCOanna, comhiomlánóirí fuinnimh atá i mbun iontráil chineálacha éagsúla FBManna áitiúla a éascú ach go háirithe agus monaplacht an mhargaidh mhiondíola a chosc, Seirbhísí Cineálacha de ghnáth. Cuirfidh siad feidhmiúlacht ar fáil do chustaiméirí chun a gcuid éileamh fuinnimh, a bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus a gcumas stórála a bhainistiú, agus é mar aidhm a n-úsáid fuinnimh a bharrfheabhsú, billí fuinnimh agus astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú, chomh maith le príobháideacht agus slándáil sonraí a áirithiú. 100. Bonneagar méadraithe chliste le faisnéis ar ídiú fuinnimh a thomhas agus a chur in iúl. Chomh maith leis sin, áiríonn Seirbhísí Cineálacha trealamh bainistíochta fuinnimh d’áitreabh custaiméirí, .i. gléasanna crua-earraí TF a bhaineann le líonraí baile atá nasctha leis an méadar cliste 101. Gníomhairí bogearraí atá in ann cinneadh a dhéanamh maidir le ceannach/díol fuinnimh, maidir le gléasanna a chasadh ar/as i ndáil le comharthaí praghais ón soláthraí fuinnimh, eolas maidir le réamhaisnéis aimsire, bainistíocht agus cumarsáid sonraí, gléasanna rialaithe agus uathoibrithe agus a gcuid réiteach líonraithe. [1] COM(2010) 2020. [2] COM(2010) 245. [3] COM(2011) 500/I críochnaitheach agus COM(2011) 500/II críochnaitheach (Cáipéisí Beartais). [4] Cuir isteach tagairt. [5] Soláthraítear na figiúirí i bpraghsanna comhsheasmhacha 2011 [6] IO C […], […], lch.[…]. [7] IO C […], […], lch.[…]. [8] COM(2010) 245 críochnaitheach/2. [9] COM(2010) 472 [10] COM(2011)500 críochnaitheach. [11] IO […], […], lch. […]. [12] L 251, 25.9.2010, lch. 35. [13] IO L 260, 3.10.2009, lch. 20. [14] IO L 88, 4.4.2011, lch. 45. [15] IO L 183, 11.7.1997, lch. 12. [16] Mar atá leagtha síos in Airteagal 11 (e) den Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Forbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh arna gcumhdach ag an gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 COIM(2011) 615 críochnaitheach. [17] Tagairt do chumarsáid ipv6: COM(2008)313 chun plean gníomhaíochta le húsáid leagan 6 (IPv6) den Phrótacal Idirlín a chur chun cinn san Eoraip.