Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0249

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le staitisticí Eorpacha ar bharra buana

/* COIM/2010/0249 leagan deireanach - COD 2010/0133 */

52010PC0249

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le staitisticí Eorpacha ar bharra buana /* COIM/2010/0249 leagan deireanach - COD 2010/0133 */


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 21.5.2010

COIM(2010)249 leagan deireanach

2010/0133 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le staitisticí Eorpacha ar bharra buana

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA |

110 | Forais agus cuspóirí an togra Aithnítear go forleitheadúil an tábhacht atá le hearnáil na talmhaíochta d’fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha na hEorpa. Cuid ríthábhachtach d'earnáil na talmhaíochta san AE is ea saothrú torthaí agus saothrú fíona. I Rialachán (CEE) Uimh. 357/79 an 5 Feabhra 1979 ón gComhairle maidir le suirbhéanna staidrimh ar limistéir faoi fhíniúnacha[1] agus i dTreoir 2001/109/CE an 19 Nollaig 2001 maidir leis na suirbhéanna staidrimh atá le déanamh ag na Ballstáit chun acmhainn táirgthe plandálacha speiceas áirithe de chrainn torthaí a aimsiú [2], tá foráil déanta do chóras faisnéise do na staitisticí is tábhachtaí maidir le barra buana ar leibhéal na hEorpa. A bhuí leis na gníomhartha sin dlí, tá córas náisiúnta ann chun sonraí maidir le hacmhainn táirgthe na mbarr sin a bhailiú, ó thaobh cúrsaí gnó de agus ó thaobh tréithe struchtúrtha na n-aonad táirgthe. Níorbh fhéidir córas staidrimh maidir le barra buana a chur ar bun in éagmais na reachtaíochta sin. Ina ainneoin sin, chuir idir úsáideoirí agus lucht ullmhaithe sonraí in iúl gur gá an córas sin a nuashonrú. Ar thaobh amháin, i ngeall ar athruithe a tháinig ar an gComhbheartas Talmhaíochta agus ar an margadh sna táirgí i dtrácht ón uair a tháinig an reachtaíocht atá ann faoi láthair i bhfeidhm, tá riachtanais nua ag na húsáideoirí a fhad a bhaineann le hathróga, miondealuithe agus sonraí níos tráthúla. Ar an taobh eile de, d'fhéadfaí a inchomparáide agus a shláine atá an creat dlí do chúrsaí staidrimh a mhéadú trí iarracht a dhéanamh na hathróga agus na coincheapa a úsáidtear a chomhchuibhiú ach tuilleadh saoirse a thabhairt do na Ballstáit ó thaobh na modhanna agus na bhfoinsí a úsáideann siad, lena n-áirítear foinsí riaracháin, agus iad ag bailiú na sonraí bunúsacha is gá chun na staitisticí sin a ullmhú. |

120 | Comhthéacs ginearálta Is é is aidhm don togra seo, an creat dlí do staitisticí Eorpacha maidir le barra buana a nuashonrú, a shimpliú agus a fheabhsú a oiread is féidir trí bhíthin aon ghníomh dlíthiúil amháin a chur in ionad an dá cheann atá ann faoi láthair. Le blianta anuas, tá na Ballstáit, na geallsealbhóirí agus seirbhísí de chuid an Choimisiúin ag iarraidh athruithe ar an mbunús dlí atá le staitisticí ar bharra buana. Ón uair a tháinig na gníomhartha dlíthiúla atá ann faoi láthair i bhfeidhm, tá athruithe móra tagtha ar dhálaí táirgthe (i.e. an Comhbheartas Talmhaíochta) agus ar an margadh araon. Ionas go gcomhlíonfar an ceanglas go mbeidh staitisticí ábhartha, is é sin le rá go sásóidh siad na riachtanais atá ag úsáideoirí faoi láthair agus na riachtanais a d'fhéadfadh a bheith acu amach anseo, tá leasú déanta sa togra seo ar roinnt athróg, rud a fhágann gur neamhchasta i bhfad an miondealú ar tháirgeadh agus ar réigiúin. Ina theannta sin, cuireadh san áireamh sa togra athruithe a rinneadh le deireanas ar na catagóirí fíona. Ó thaobh an AE de, tá na hathruithe atá tagtha ar riachtanais na n-úsáideoirí, e.g. sonraí maidir le plandálacha ológ, curtha san áireamh. Tá na spriocdhátaí chun sonraí a tharchur nuashonraithe ann freisin. Tá na hathróga agus na coincheapa simplithe a thuilleadh sa togra agus tá athruithe déanta ar na staitisticí ar bharra buana sa chaoi is gur oiriúnaí i bhfad iad do fhíor-riachtanais na n-úsáideoirí. Rinneadh sin trí na staitisticí bliantúla maidir le athruithe ar na plandálacha agus an miondealú casta ar tháirgeadh fíona a chur ar ceal. Lena chois sin, cuireadh san áireamh sa togra an gá le cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais na n-úsáideoirí agus ualach a chur ar na freagróirí agus ar na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh. Tá an t-ualach a bhaineann le hathróga agus miondealuithe nua atá tugtha isteach sa togra maolaithe toisc go bhfuil roinnt de na ceanglais atá ann faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair curtha ar ceal. Tá sé i gceist go bhfágfaidh líon na gceanglas breise atá ann, na ceanglais sin atá ar ghnólachtaí faisnéis a sholáthar go háirithe, go mbeidh an t-ualach ina iomláine níos éadroime. A fhad a bhaineann leis an bhfaisnéis a bhailíonn na freagróirí, éadromófar an t-ualach sin trí thairseacha a thógáil isteach ar leibhéal na bhfeirmeacha agus ar an leibhéal críochach a mbeidh de thoradh orthu nach mbeidh na samplaí atá le bailiú chomh mór céanna. Mura ndéanfar athrú ar an gcreat dlí, d'fhéadfadh sé nach mbeadh staitisticí Eorpacha ar bharra buana chomh hábhartha agus a d'fhéadfadh siad a bheith agus nach bhféadfaí cinntí eolacha a dhéanamh sna réimsí beartais a bhaineann leis na staitisticí. |

130 | Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Toisc go bhfuil an togra seo ceaptha chun na forálacha atá ann faoi láthair a nuashonrú agus a oiriúnú do riachtanais nua, ba cheart an bunús dlí reatha, i.e. Rialachán (CEE) 357/79 ón gComhairle agus Treoir 2001/109/CE, a aisghairm. |

140 | Comhsheasmhacht le beartais agus le cuspóirí eile an AE Chuir na hInstitiúidí Eorpacha i dtábhacht roinnt uaireanta an ról ríthábhachtach atá ag an talmhaíocht i dtaobh slándáil bia a áirithiú, bia sláintiúil a tháirgeadh agus beogacht cheantair tuaithe an Aontais Eorpaigh a neartú. I ngeall ar an tábhacht a bhaineann le torthaí a ithe a bheith ag méadú (agus an éifeacht dhearfach atá aige sin ar shláinte an phobail), i ngeall ar a láidre atá geilleagair tuaithe, i ngeall ar fhostaíocht, i ngeall ar inbhuanaitheacht agus iomaíocht i gcomhthéacs beartas agus cuimsiú sóisialta ('bia slán agus sláintiúil don uile dhuine'), i ngeall ar na nithe sin go léir, is gá an córas staidrimh a athrú. Ar cheann de na príomhchúiseanna a bhfuil gá le heolas níos beaichte ar na dálaí ina saothraítear barra buana, tá an tábhacht a bhaineann leo i gceantair tuaithe agus an gá le líon mór lucht oibre a eascraíonn ón tábhacht sin. |

COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA |

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara |

211 | Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí Sa tréimhse 2007-2009 bhí dianchomhairliúcháin theicniúla ar siúl le lucht ullmhaithe sonraí faoi chuimsiú an Chórais Staidrimh Eorpaigh sna grúpaí oibre cuí. Iarradh roinnt uaireanta ar tháirgeoirí náisiúnta sonraí iarraidh ar a ngeallsealbhóirí náisiúnta páirt a ghlacadh sna cainteanna. Bhí comhairliúcháin ar siúl freisin laistigh den Choimisiún (Ard-Stiúrthóireachtaí ENTR, AGRI, REGIO, SANCO, ENV) agus le páirtithe leasmhara ón tionscal. |

212 | Achoimre ar na freagraí agus conas mar a cuireadh san áireamh iad Is é atá sa togra seo an toradh ar dhianchaibidlíochtaí idir na páirtithe leasmhara ar fad; cuirtear san áireamh ann na riachtanais is tábhachtaí i measc riachtanais nua na n-úsáideoirí agus meastar iad i bhfianaise an ualaigh bhreise bailiúcháin agus tiomsúcháin a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh orthu. |

Bailiú agus úsáid saineolais |

221 | Na réimsí eolaíochta/saineolais i gceist Saineolaithe is ea iad na hionadaithe náisiúnta ar Mheitheal Eurostat um Staidreamh ar Bharra a bhfuil eolas acu ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair agus ar na córais náisiúnta chun staitisticí ar bharra buana a bhailiú agus a thiomsú. Tá saineolaithe talmhaíochta agus saineolaithe san anailís ar bheartais a bhaineann leis an talmhaíocht ag na ranna sa Choimisiún a ndeachthas i gcomhairle leo. |

222 | An Mhodheolaíocht a úsáideadh Idir 2008 agus 2009, pléadh moltaí agus smaointe Eurostat i gcruinnithe meithil agus i gcoistí ar fhreastal rannpháirtithe orthu ó na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh nó ó ranna de chuid na n-údarás náisiúnta talmhaíochta, ó ranna eile de chuid an Choimisiúin mar aon le geallsealbhóirí seachtracha. Ina dhiaidh sin, cuireadh na moltaí agus na smaointe faoi bhráid an Mheithil iomlánaigh mar ar pléadh iad i bhfianaise aighneachtaí scríofa a iarradh ar na Ballstáit. Ina theannta sin, chuaigh Eurostat i gcomhairle le ranna eile de chuid an Choimisiúin a bhféadfadh staitisticí ar bharra buana a bheith ábhartha dóibh. |

223 | Príomheagraíochtaí/príomh-shaineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo Institiúidí náisiúnta staidrimh, údaráis náisiúnta talmhaíochta, ranna de chuid an Choimisiúin, geallsealbhóirí an tionscail (e.g. COPA-COGECA agus OIV). |

2249 | Achoimre ar an gcomhairle a fuarthas agus a úsáideadh Níor luadh aon bhaol tromchúiseach a mbeadh torthaí do-athraithe air. Tríd is tríd, tá na saineolaithe ar aon intinn gur gá an bunús dlí le staitisticí ar bharra buana a nuashonrú. |

225 | Mar thoradh ar an gcomhairle a fuarthas ó na saineolaithe le linn cuid mhór cruinnithe agus babhtaí comhairliúcháin táthar tar éis togra cothrom a ullmhú a chomhlíonann riachtanais na n-úsáideoirí i réimsí éagsúla, e.g. an Comhbheartas Talmhaíochta, an ghné shóisialta den talmhaíocht. Ag an am céanna, áfach, cuirtear san áireamh ann éifeachtúlacht bailiúcháin sonraí sa chruth is nach bhfuil ach an t-ualach is éadroime is féidir ar na freagróirí. |

226 | Na modhanna a úsáideadh chun comhairle na saineolaithe a chur ar fáil don phobal Doiciméid de chuid an Mheithil agus miontuairiscí a cuireadh ar fáil trí CIRCA. Comhfhreagras (an chuid is mó de i bhfoirm scríbhinne). |

230 | Anailís ar éifeachtaí agus ar impleachtaí Rogha 1 (an rogha bhunúsach, i.e. gan an AE a bheith páirteach). Mura ndéanfadh an AE aon ghníomhaíocht nua, rachadh comparáideacht agus comhchuibhiú na staitisticí ar bharra buana i laige ar fud na hEorpa agus, ó tharla go bhfuil barra buana ar na barra is coitianta i bhformhór réigiúin an AE, ní fhéadfaí an úsáid ab éifeachtúla ab fhéidir a bhaint as staitisticí a ullmhaíonn tíortha comhpháirtíochta ag baint úsáide as coincheapa agus formáidí tuairiscithe coiteanna. Sa chás nach bhfuil staitisticí ar bharra buana ó fhoinsí oifigiúla comhchuibhithe, nó sa chás nach bhfuil siad ar fáil, nó nach bhfuil siad ar fáil ach i bpáirt toisc go soláthraítear go deonach iad, ní mór foinsí tráchtála a úsáid (e.g. eagraíochtaí geallsealbhóirí agus trádálaithe). D'fhéadfadh sé sin cáilíocht na sonraí a laghdú agus d'fhéadfadh sé sin drochthionchar a imirt ar cheapadh beartais. Rogha 2 (an AE a bheith páirteach faoi mar a bhí beartaithe). I ngeall ar an gcreat atá beartaithe do staitisticí Eorpacha tá na sonraí níos inchomparáide agus, dá bhrí sin, níos ábhartha d’úsáideoirí ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta. Ina theannta sin, bíonn bailiú agus úsáid staitisticí ar bharra buana níos éifeachtúla nuair a úsáidtear coincheapa agus formáidí tuairiscithe coiteanna. |

EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA |

305 | Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe Is é is cuspóir don Rialachán seo an creat coiteann a nuashonrú sa chaoi is gur féidir staitisticí ar bharra buana a ullmhú ar bhonn córasach, trí bhíthin staitisticí Eorpacha comhchuibhithe ar bharra buana arna mbailiú, arna dtiomsú, arna bpróiseáil agus arna dtarchur ag na Ballstáit. |

310 | Bunús dlí Is é Airteagal 338 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá le staitisticí Eorpacha. Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta chun staitisticí a ullmhú, nuair is gá, chun gníomhaíochtaí an Aontais a dhéanamh. Tá leagtha amach san Airteagal sin na ceanglais a bhaineann le staitisticí Eorpacha a ullmhú, i.e. ní mór dóibh bheith ag teacht leis na caighdeáin seo a leanas: neamhchlaontacht, iontaofacht, oibiachtúlacht, neamhspleáchas eolaíoch, éifeachtacht chostais agus rúndacht staidrimh. |

320 | Prionsabal na coimhdeachta Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a mhéid nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. |

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leormhaith ar an cúiseanna seo thíos. |

321 | Tá an chomparáideacht ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí sa staidreamh. Ní féidir leis na Ballstáit comparáideacht a bhaint amach mar is gá gan creat Eorpach soiléir, i.e. reachtaíocht Eorpach ina leagtar amach coincheapa coiteanna staidrimh, formáidí tuairiscithe agus ceanglais cháilíochta. Chuige sin, tá reachtaíocht Eorpach i bhfeidhm maidir le staitisticí ar bharra buana ó bhí 1977 ann i gcás plandálacha crann torthaí agus ó bhí 1979 ann i gcás fíonghort. Ina ainneoin sin, tá úsáideoirí agus soláthróirí tar éis nuashonrú a iarraidh. |

323 | Mura ndéanfadh ach na Ballstáit féin gníomhaíocht níorbh é dá leas é. Ós rud é go bhfuil gné thábhachtach idirnáisiúnta ag staitisticí ar bharra buana ó thaobh trádála seachtraí de, is mian le húdaráis na mBallstát faisnéis staidrimh atá inchomparáide go hidirnáisiúnta a bheith acu. D’uireasa staitisticí den sórt sin, arna mbailiú agus arna dtiomsú ag baint úsáide as creat coiteann ar an leibhéal Eorpach, laghdódh ar ábharthacht agus ar éifeachtacht na gcóras náisiúnta staidrimh talmhaíochta. Chomh maith leis sin, mura mbeadh creat coiteann ann ina mbainfí úsáid as coincheapa agus formáidí tuairiscithe coiteanna, ba dheacair, nó ba dhodhéanta féin, staitisticí a mhalartú. |

Is fearr gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun cuspóirí an togra a bhaint amach ar na cúiseanna a leanas: |

324 | Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leormhaith agus is fearr is féidir, dá bhrí sin, cuspóirí an togra a bhaint amach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh trí ghníomh dlíthiúil Eorpach, óir is é an Coimisiún amháin atá in ann an comhchuibhiú riachtanach ar fhaisnéis staidrimh a chomhordú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, is iad na Ballstáit amháin ar féidir leo sonraí a bhailiú agus staitisticí inchomparáide ar bharra buana a thiomsú. Dá bhrí sin, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. |

325 | Maidir le táscairí cáilíochtúla a úsáid le léiriú gur féidir an cuspóir a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, ós rud é go bhfuil sé mar aidhm ag an togra staitisticí comhchuibhithe Eorpacha ar bharra buana a ullmhú, is ar leibhéal an Aontais Eorpaigh amháin is féidir é a chur i bhfeidhm. Sonraí níos inchomparáide agus, dá bhrí sin, níos ábhartha an toradh a bheidh ar an togra. |

327 | D'fhonn staitisticí Eorpacha atá ábhartha, tráthúil, inchomparáide agus leanúnach a bhaint amach tá sé d'aidhm ag an togra seo an méid a leanas a chomhchuibhiú: coincheapa, na hábhair atá clúdaithe, tréithe na faisnéise a cheanglaítear, cuimsiú, critéir cháilíochta, spriocdhátaí tuairiscithe, agus torthaí. Ach, is faoi na Ballstáit atá an cinneadh maidir le conas sonraí a bhailiú, óir is fearr atá a fhios ag na tiomsaitheoirí náisiúnta cé na modheolaíochtaí agus na foinsí sonraí is fearr. Mar gheall air sin, ní bheidh i gceist le tionscnamh an Aontais Eorpaigh ar chaighdeáin mhodheolaíochta ach sraith treoirlínte molta a ullmhú. Déanfar sin i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. |

Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. |

Prionsabal na comhréireachta Tá an togra ag teacht le prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas: |

331 | Níl sa Rialachán seo ach an méid is lú is gá chun cuspóir an Rialacháin a chur i gcrích agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun na críche sin. Níl meicníochtaí bailithe sonraí do gach Ballstát sonraithe sa Rialachán; ní dhéantar ach na sonraí atá le soláthar a shainiú sa chaoi is go n-áiritheofar go mbeidh struchtúr agus tráthchlár comhchuibhithe ann. Ní amháin sin, an fhaisnéis go léir maidir le fíonghoirt a cheanglaítear, tá sí le fáil i gClár na bhFíonghort a gcaithfidh gach Ballstát ina bhfuil leibhéal ard táirgeachta tús a chur leis agus a choinneáil go dtí 2015 ar a luaithe. |

332 | Ba cheart go laghdódh minicíocht tharchur na sonraí i gcásanna áirithe, agus an fhaill úsáid níos mó a bhaint as foinsí seachas suirbhéanna (e.g. foinsí riaracháin nó teicníochtaí meastacháin staidrimh cuí), an t-ualach airgeadais agus riaracháin ar údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar shaoránaigh. |

Rogha na n-ionstraimí |

341 | An ionstraim atá beartaithe: Rialachán. |

342 | Ní bheadh ionstraim eile leormhaith ar na cúiseanna seo a leanas: Tá roghnú na hionstraime cuí ag brath ar an sprioc reachtach. I bhfianaise na riachtanas faisnéise atá ann ar an leibhéal Eorpach, is gnách, i réimse an staidrimh Eorpaigh, rialacháin a úsáid in ionad treorach mar ghníomh bunúsach. Is fearr rialachán mar go leagtar síos an dlí céanna ann ar fud an Aontais Eorpaigh, agus ní féidir leis na Ballstáit é a chur i bhfeidhm go neamhiomlán ná ní féidir leo ach codanna de a chur i bhfeidhm. Tá feidhm dhíreach aige, rud a chiallaíonn nach gá é a thrasuí sa dlí náisiúnta. I gcás treoracha, áfach, a bhfuil sé d'aidhm acu dlíthe náisiúnta a chomhchuibhiú, tá na cuspóirí ina gceangal ar na Ballstáit, ach fágtar an bealach a úsáidtear chun na cuspóirí sin a bhaint amach faoi na húdaráis náisiúnta. Caithfear iad a thrasuí sa dlí náisiúnta freisin. Tá úsáid rialacháin i gcomhréir le gníomhartha dlíthiúla eile staidrimh maidir le fíonghoirt a glacadh ó 1979 i leith. |

IMPLEACHT BHUISÉADACH |

409 | Níl aon impleachtaí ag an togra ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh. |

EOLAS BREISE |

510 | Simpliú |

511 | Foráiltear sa togra do shimpliú ar nósanna imeachta riaracháin na n-údarás poiblí (údaráis de chuid an AE nó údaráis náisiúnta) agus na bpáirtithe príobháideacha. |

513 | Ó tharla go bhfuil na sonraí is gá a sholáthar miondealaithe a thuilleadh de réir réigiún, cineálacha fíonchaor, aicmí dlúis, aicmí aoise, ó tharla deireadh a bheith tagtha le haicmí táirgthe, ó tharla gur féidir bailiú sonraí a theorannú ó thaobh mhéid na bhfeirmeacha ina saothraítear barra buana agus ó tharla deireadh a bheith leis an gceangal athruithe bliantúla ar limistéir faoi fhíniúnacha a tharchur, simpleofar an obair a dhéanann údaráis an AE agus na húdaráis náisiúnta. |

514 | Laghdófar an t-ualach ar fhreagróirí, ar mhicrea-fhiontair go háirithe, toisc gur féidir raon feidhme na sonraí maidir le barra buana a theorannú. Tá sé i gceist go laghdófar an t-ualach ar na freagróirí, idir ghnóthais agus teaghlaigh, trí shaoirse a thabhairt do na Ballstáit na staitisticí is gá a ullmhú trí úsáid a bhaint as roinnt foinsí (ní amháin suirbhéanna, ach sonraí riaracháin nó nósanna imeachta meastacháin freisin). |

520 | Aisghairm na reachtaíochta atá ann cheana Má ghlactar leis an togra, déanfar reachtaíocht atá ann cheana a aisghairm. |

560 | An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Baineann an gníomh atá beartaithe le hábhar de chuid an LEE agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chuimsiú faoina raon feidhme. |

2010/0133 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le staitisticí Eorpacha ar bharra buana

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Leasaíodh roinnt uaireanta Rialachán (CEE) Uimh. 357/79 an 5 Feabhra 1979 ón gComhairle maidir le suirbhéanna staidrimh ar limistéir faoi fhíniúnacha[3] agus Treoir 2001/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2001 maidir leis na suirbhéanna staidrimh atá le cur i gcrích ag na Ballstáit chun acmhainn táirgthe plandálacha speiceas áirithe de chrainn torthaí a aimsiú [4]. Ós rud é gur gá anois simplithe agus leasuithe breise a dhéanamh, ba cheart, ar mhaithe le soiléire agus i gcomhréir leis an gcur chuige nua atá ann maidir le reachtaíocht an Aontais a shimpliú agus maidir le rialáil níos fearr, aon ghníomh amháin a chur in ionad na ngníomhartha sin.

2. D'fhonn an cúram a thugtar dó sa Chonradh agus i bhforálacha dhlí an Aontais lena rialaítear comheagrú na margaí talmhaíochta a dhéanamh, is gá an Coimisiún a bheith ar an eolas faoi acmhainn táirgthe plandálacha speiceas áirithe de bharra buana san Aontas, agus is gá an t-eolas sin a bheith cruinn. D'fhonn a áirithiú go riarfar i gceart an comhbheartas talmhaíochta, ceanglaíonn an Coimisiún go soláthrófar sonraí maidir le barra buana gach cúig bliana.

3. Ní mór staitisticí struchtúracha ar bharra buana a bheith ar fáil d'fhonn a áirithiú go bhféadfar monatóireacht a dhéanamh ar an acmhainn táirgthe agus ar an margadh. Mar aon leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhthéacs na Comheagraíochta Margaidh aonair, tá faisnéis maidir le miondealuithe réigiúnacha sár-riachtanach. Ba cheart, dá bhrí sin, ceangal a bheith ar na Ballstáit an fhaisnéis sin a bhailiú agus í a chur chuig an gCoimisiún ar dhátaí áirithe socraithe.

4. Ní fhéadfaí margaí a riar ar leibhéal an Aontais gan staitisticí ar bharra buana. Meastar, freisin, go bhfuil sé sár-riachtanach staitisticí struchtúracha ar bharra buana a chuimsiú mar aon leis na staitisticí bliantúla ar limistéir agus ar tháirgeadh atá á rialú faoi láthair ag reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

5. Ionas nach gcuirfear ualach nach bhfuil gá leis ar lucht feirme ná ar lucht riaracháin, ba cheart tairseacha áirithe a bhunú do na buneintitis agus ba cheart eintitis nach bhfuil ábhartha a eisiamh.

6. D'fhonn a áirithiú go mbeidh na sonraí comhchuibhithe, ní mór na sainithe is tábhachtaí, na tréimhsí tagartha, agus na ceanglais bheachtais a bheidh le cur i bhfeidhm agus na staitisticí sin á n-ullmhú a shonrú go soiléir.

7. D'fhonn a áirithiú go mbeidh na staitisticí sin ar fáil d'úsáideoirí in am is i dtráth, ba cheart amchlár a bhunú maidir lena dtarchur chuig an gCoimisiún.

8. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d'aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) [5] a bhunú, ba cheart gurbh é aicmiú NUTS a d’úsáidfí i staitisticí uile na mBallstát a tharchuirtear chuig an gCoimisiún ar staitisticí iad a mhiondealaítear de réir aonaid chríochaigh. Dá bhrí sin, chun staidreamh réigiúnach inchomparáide a bhunú, ba cheart na haonaid chríochacha a shainiú i gcomhréir le haicmiú NUTS. Mar sin féin, ó tharla go bhfuil gá le miondealuithe eile réigiúnacha chun earnáil na bhfíonta agus na bhfíniúnacha a bhainistiú i gceart, is féidir aonaid chríochacha eile a roghnú i gcás na hearnála sin.

9. Ní fhéadfaí measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí ná anailís a dhéanamh ar na torthaí in éagmais tuarascálacha ar mhodheolaíochta agus ar cháilíochta agus ba cheart iad a sholáthar go tráthrialta.

10. Tá creat tagartha le haghaidh staitisticí Eorpacha ar bharra buana le fáil i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach[6]. Ceanglaítear leis, go háirithe, go gcomhlíonfar na prionsabail maidir le neamhspleáchas gairmiúil, neamhchlaontacht, oibiachtúlacht, iontaofacht, rúndacht staidrimh agus éifeachtacht costais.

11. Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo – creat coiteann dlí a bhunú chun staitisticí Eorpacha ar bharra buana sna Ballstáit a bhailiú, a thiomsú agus a tharchur go córasach – a bhaint amach go leormhaith, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

12. Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh d'fhonn na hIarscríbhinní a athrú.

13. Chuathas i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1. Leis an Rialachán seo bunaítear creat coiteann chun staitisticí Eorpacha ar bharra buana atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ullmhú go córasach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1. ciallaíonn 'barr buan' barr nach saothraítear in uainíocht, amach ó fhéarthailte buana, ar barr é a áitíonn talamh ar feadh tréimhsí fada agus a thugann barra thar roinnt blianta;

2. ciallaíonn 'dáileacht faoi bharr' dáileacht talmhaíochta, mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 796/2004 ón gCoimisiún[7], a bhfuil ceann de na barra buana dá dtagraítear in Iarscríbhinn I curtha fúithi;

3. ciallaíonn 'limistéar faoi bharr' limistéar na ndáileachtaí curtha faoi phlandáil aonchineálach den bharr buan i gceist; slánaítear achar an limistéir sin suas go dtí an t-acra (100 m²) is gaire.

4. ciallaíonn 'bliain buainte' an bhliain féilire ina gcuirtear tús leis an mbuaint;

5. ciallaíonn 'dlús' líon na bplandaí in aghaidh an heicteáir;

6. ciallaíonn 'gnáth-thréimhse cuir' an tréimhse den bhliain ina gcuirtear barra buana de ghnáth, ó lár an fhómhair go dtí lár an earraigh an bhliain ina dhiaidh sin;

7. ciallaíonn 'bliain an chuir' an chéad bhliain ina dtagann forás fásmhar ar an bplanda tar éis lá a chuir sa láthair táirgthe dheifnídeach;

8. ciallaíonn 'aois' líon na mblianta ó bhliain an chuir i leith; measfar gurb ionann an bhliain sin agus Bliain 1;

9. ciallaíonn 'crann úll milis agus crann piorraí milse' plandálacha crann úll agus plandálacha crann piorraí, seachas na plandálacha sin atá ceaptha go sonrach do phróiseáil thionsclaíoch;

10. ciallaíonn 'fíniúnacha atá ceaptha do chríocha eile' an limistéar ar fad faoi fhíniúnacha atá le háireamh i gClár na bhFíonghort faoi mar atá leagtha síos i dTeideal I de Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún[8];

11. ciallaíonn 'fionchaora dhá fheidhm' fíonchaora a shaothraítear ó "[vine] varities listed in the classification of vine varieties drawn up by Member States in accordance with Article 120a (2) to (6) of Regulation (EC) No 1234/2007[9], for the same administrative unit, as both wine grape varieties and, as the case may be, table grape varieties; varieties for the production of dried grapes or varieties for the production of wine spirits"[10];

12. ciallaíonn 'barra comhchuraíochta' comhcheangal de bharra a áitíonn dáileacht ag an am céanna.

Airteagal 3

Cuimsiú

1. Staitisticí atá le soláthar ar na barra dá dtagraítear i bpointí 1–11 in Iarscríbhinn I, beidh siad ionadaíoch do 95% d'iomlán an limistéir faoi bharr atá i ngabháltais a shaothraítear go hiomlán nó go páirteach don mhargadh atá ann i ngach barr buan dá dtagraítear i ngach Ballstát.

Is féidir gabháltais a chur as an áireamh más lú ná 0.1 heicteár iad agus má shaothraítear go heisiach nó go príomha iad don mhargadh atá ann i ngach barr buan dá dtagraítear i ngach Ballstát, más lú ná 5% d'iomlán an limistéir faoin mbarr i dtrácht achar iomlán na ngabhaltás sin.

2. Ba cheart limistéar na mbarr comhchuraíochta a roinnt idir na barra éagsúla i gcomhréir leis an achar talún a áitíonn gach barr.

3. Gan dochar d'aon ghníomh tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 4(4) den Rialachán seo, soláthrófar na staitisticí ar na barra dá dtagraítear i bpointe 12 d'Iarscríbhinn I ag úsáid na sonraí atá le fáil i gClár na bhFíonghort a chuirfear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 185a de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 i leith gach gabháltais sa chlár sin mar atá sainithe in Airteagal 3(1)a de Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún[11].

Airteagal 4

Ullmhú sonraí

1. In 2012, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, ullmhóidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II maidir leis an limistéar atá curtha faoi na barra buana dá dtagraítear i bpointí 1–11 d'Iarscríbhinn I.

2. In 2015, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, ullmhóidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III maidir leis an limistéar atá curtha faoi na barra buana dá dtagraítear i bpointe 12 d'Iarscríbhinn I.

3. Ullmhóidh gach Ballstát na staitisticí struchtúracha atá liostaithe in Iarscríbhinní II agus III maidir leis an limistéar faoi bharra buana a bhfuil ar a laghad 500 ha de faoi gach barr buan atá liostaithe in Iarscríbhinn I laistigh de chríoch an Bhallstáit sin.

4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmlighte i gcomhréir le hAirteagal 10 d'fhonn an liosta in Iarscríbhinn I agus na staitisticí atá leagtha amach in Iarscríbhinní I agus II a athrú.

Airteagal 5

An bhliain tagartha

1. Is í 2012 an chéad bhliain tagartha i gcás na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II maidir leis na barra buana dá dtagraítear i bpointí 1–11F d'Iarscríbhinn I.

2. Is í 2015 an chéad bhliain tagartha i gcás na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III maidir leis na barra buana dá dtagraítear i bpointe 12 d'Iarscríbhinn I.

3. Is don limistéar faoi bharr tar éis na gnáth-thréimhse cuir a thagróidh na staitisticí.

Airteagal 6

Ceanglais bheachtais

1. Déanfaidh na Ballstáit a mbeidh suirbhéanna samplacha á ndéanamh acu d’fhonn na staitisticí sin a ullmhú gach ní is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na sonraí na ceanglais bheachtais seo a leanas: ar an leibhéal náisiúnta, ní sháróidh comhéifeacht chomhathrúcháin na sonraí 3% i gcás an limistéir arna shaothrú i gcás gach ceann de na barra dá dtagraítear i bpointí 1–11 agus ní sháróidh sí 1% i gcás na mbarr dá dtagraítear i bpointe 12 d'Iarscríbhinn I.

2. Aon Bhallstát a chinnfidh ar fhoinsí faisnéise staidrimh nach suirbhéanna iad a úsáid, áiritheoidh sé go mbeidh an fhaisnéis sin ar chomhcháilíocht, ar a laghad, leis an bhfaisnéis arna fáil ó shuirbhéanna staidrimh.

3. Aon Bhallstát a chinnfidh ar fhoinse riaracháin a úsáid, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún roimh ré agus soláthróidh sé na mionsonraí maidir leis na modhanna a úsáidfear agus maidir le cáilíocht na sonraí ón bhfoinse riaracháin sin.

Airteagal 7

Staitisticí réigiúnacha

1. Is é an miondealú réigiúnach atá sonraithe in Iarscríbhinní II agus III an miondealú réigiúnach atá le húsáid.

2. Tá na leibhéil NUTS dá dtagraítear sna hIarscríbhinní leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003.

Airteagal 8

Na sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún

1. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí atá leagtha amach in Iarscríbhinní II agus III a tharchur chuig an gCoimisiún (i.e. chuig Eurostat) faoi cheann an 31 Iúil den bhliain i ndiaidh na tréimhse tagartha ar a dhéanaí.

2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 10 d'fhonn na táblaí tarchuir atá leagtha amach in Iarscríbhinní II agus III a oiriúnú.

Airteagal 9

Tuarascáil ar mhodheolaíochtaí agus ar cháilíochtaí

1. Chun críocha an Rialacháin seo, is iad na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009[12] na critéir cháilíochta atá le cur i bhfeidhm maidir leis na sonraí atá le tarchur.

2. Faoi cheann an 31 Iúil 2013, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur agus ar na modhanna arna n-úsáid a sholáthar don Choimisiún (i.e. do Eurostat).

3. Agus na critéir cháilíochta dá dtagraítear i mír 1 á n-úsáid, déanfar tuairisc sna tuarascálacha ar an méid seo a leanas:

(a) eagrú na suirbhéanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus an mhodheolaíocht a úsáideadh iontu;

(b) an leibhéal beachtais agus an cuimsiú a baineadh amach sna suirbhéanna samplacha dá dtagraítear sa Rialachán seo; agus

(c) cáilíocht na bhfoinsí, seachas suirbhéanna, a úsáideadh.

4. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú modheolaíochta nó faoi aon athrú eile a bhféadfadh tionchar mór a bheith aige ar cháilíocht na staitisticí, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don athrú sin teacht i bhfeidhm.

5. Cuirfear san áireamh an prionsabal nach sáróidh costais bhreise agus ualaí breise teorainneacha réasúnta.

Airteagal 10

Tarmligean a fheidhmiú

1. Na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus Airteagal 8(2) a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún iad go ceann tréimhse éiginnte ama.

2. A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ina thaobh an tráth céanna.

3. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 11 agus Airteagal 12 a thugtar don Choimisiún na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 11

Tarmligean a chúlghairm

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus Airteagal 8(2) a chúlghairm.

2. Má chuireann institiúid tús le nós imeachta inmheánach féachaint cinneadh a dhéanamh cé acu a chúlghairfear nó nach gcúlghairfear tarmligean cumhachta, déanfaidh sí an reachtóir eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas aon mhí amháin ar a dhéanaí sula nglacfar an cinneadh deireanach, agus sonróidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir an chúlghairthe agus na cúiseanna leis an gcúlghairm.

3. Cuirfidh an cinneadh cúlghairme sin deireadh le tarmligean na gcumhachtaí arna sonrú sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis láithreach nó ag dáta ina dhiaidh sin a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 12

Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe faoi cheann tréimhse dhá mhí ón dáta a thabharfar an fógra. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, cuirfear aon mhí amháin leis an tréimhse sin.

2. Más rud é, ar dhul in éag don tréimhse sin, nach bhfuil aon agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe nó, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Coimisiún ar an eolas roimh an spriocdháta sin go bhfuil sé beartaithe acu gan agóid a dhéanamh, tiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm ar an dáta arna lua i bhforálacha an ghnímh sin.

3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe atá glactha, ní thiocfaidh an gníomh tarmligthe sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a mbeidh agóid á déanamh aici ina choinne na cúiseanna leis an agóid sin.

Airteagal 13

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 357/79 agus Treoir 2001/109/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2012.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe agus don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

Iarscríbhinn I

Barra buana

14. Crainn úll milis

15. Crainn úll atá ceaptha do phróiseáil thionsclaíoch (roghnach)

16. Crainn phiorraí milse

17. Crainn phiorraí atá ceaptha do phróiseáil thionsclaíoch (roghnach)

18. Crainn aibreog

19. Crainn phéitseog

20. Crainn oráistí

21. Crainn torthaí beaga citris

22. Crainn liomóidí

23. Crainn ológ

24. Fíniúnacha atá ceaptha do shaothrú fíonchaor boird

25. Fíniúnacha atá ceaptha do chríocha nach saothrú fíonchaor boird iad

Iarscríbhinn II

Sonraí staidrimh ar phlandálacha torthaí agus ológ

1. Speiceas agus an miondealú réigiúnach

Speiceas | An leibhéal réigiúnach atá le húsáid do shonraí réigiúnacha |

Crainn úll milis | NUTS1 |

Crainn úll atá ceaptha do phróiseáil thionsclaíoch |

Crainn phiorraí milse |

Crainn phiorraí atá ceaptha do phróiseáil thionsclaíoch (roghnach) |

Crainn aibreog |

Crainn phéitseog |

Crainn oráistí |

Crainn torthaí beaga citris |

Crainn líomóidí |

Crainn ológ |

Fíonchaora boird |

2. Miondealú ar an speiceas de réir 'Grúpaí'

Speiceas | Miondealú |

Crainn úll | Grúpa Boskoop rouge |

Grúpa Braeburn |

Grúpa Cox Orange |

Grúpa Cripps Pink |

Grúpa Elstar |

Grúpa Fuji |

Grúpa Gala |

Grúpa Golden delicious |

Grúpa Granny smith |

Grúpa Idared |

Grúpa Jonagold |

Grúpa Jonagored |

Grúpa Morgenduft |

Grúpa Red delicious |

Grúpa Reinette blanche du Canada |

Grúpa Shampion |

Grúpa Lobo |

Grúpaí eile |

Crainn phiorraí | Grúpa Conference |

Grúpa William |

Grúpa Abate |

Grúpa Rocha |

Grúpa Coscia-ercolini |

Grúpa Guyot |

Grúpa Blanquilla |

Grúpa Decana |

Grúpa Kaiser |

Grúpa Doyenné du Comice |

Grúpaí eile |

Crainn phéitseog | Péitseoga seachas neachtairíní agus péitseoga atá ceaptha do phróiseáil | Bia buí | An-luath: an bhuaint go dtí 15 Meitheamh |

Luath: an bhuaint idir 16 Meitheamh agus 15 Iúil |

Meánach: an bhuaint idir 16 Iúil agus 15 Lúnasa |

Déanach: buaint tar éis 15 Lúnasa |

Bia geal | An-luath: an bhuaint go dtí 15 Meitheamh |

Luath: an bhuaint idir 16 Meitheamh agus 15 Iúil |

Meánach: an bhuaint idir 16 Iúil agus 15 Lúnasa |

Déanach: buaint tar éis 15 Lúnasa |

Péitseog taoschnó |

Neachtairíní | Bia buí | An-luath: an bhuaint go dtí 15 Meitheamh |

Luath: an bhuaint idir 16 Meitheamh agus 15 Iúil |

Meánach: an bhuaint idir 16 Iúil agus 15 Lúnasa |

Déanach: an buaint tar éis 15 Lúnasa |

Bia geal | An-luath: an bhuaint go dtí 15 Meitheamh |

Luath: an bhuaint idir 16 Meitheamh agus 15 Iúil |

Meánach: an bhuaint idir 16 Iúil agus 15 Lúnasa |

Déanach: buaint tar éis 15 Lúnasa |

Péitseoga atá ceaptha do phróiseáil (lena n-áirítear grúpa Pavie) |

Crainn aibreog | An-luath: an bhuaint go dtí 31 Bealtaine |

Luath: an bhuaint idir 1 agus 30 Meitheamh |

Meánach: an bhuaint idir 1 agus 30 Iúil |

Déanach: an bhuaint tar éis 1 Lúnasa |

Crainn oráistí | Oráistí imleacáin | Luath: an bhuaint idir Deireadh Fómhair agus Eanáir |

Meánach: an bhuaint idir Nollaig agus Márta |

Déanach: an bhuaint idir Eanáir agus Bealtaine |

Oráistí blanca | Luath: an bhuaint idir Nollaig agus Márta |

Déanach: an bhuaint idir Márta agus Bealtaine |

Oráistí craoraga |

Cineálacha eile |

Crainn torthaí beaga citris | Satsúmaí | Satsúmaí (rí-luath): an bhuaint idir Meán Fómhair agus Samhain |

Satsúmaí eile: an bhuaint idir Deireadh Fómhair agus Nollaig |

Cleimintíní | Cleimintíní (luath): an bhuaint idir Meán Fómhair agus Nollaig |

Cleimintíní (meánach): an bhuaint idir Samhain agus Eanáir |

Cleimintíní (déanach): an bhuaint idir Eanáir agus Márta |

Citris bheaga eile, lena n-áirítear hibridí |

Crainn líomóidí | Cineálacha geimhridh: an bhuaint idir Deireadh Fómhair agus Aibreán |

Cineálacha samhraidh: an bhuaint idir Feabhra agus Meán Fómhair |

Crainn ológ | Ológa boird |

Ológa ola |

Ológa dhá fheidhm |

Fíniúnacha fíonchaor boird | Geal | Gan síolta |

Gnáthchineál |

Dearg | Gan síolta |

Gnáthchineál |

3. Aicmí dlúis

Aicmí dlúis | Crainn úll agus phiorraí | Crainn phéitseog, neachtairíní, agus aibreog | Crainn oráistí, citreas beag agus líomóidí | Crainn ológ | Fíniúnacha fíonchaor boird |

Dlús (líon na gcrann/heicteár) | 1 | <400 | <600 | <250 | <140 | <1000 |

2 | 400-1599 | 600-1199 | 250-499 | 140-399 | 1000-1499 |

3 | 1600-3199 | ≥1200 | 500-749 | ≥400 | ≥1500 |

Aois (blianta ón gcur i leith) | 1 | 0-4 | 0-4 | 0-4 | 0-4 | 0-3 |

2 | 5-9 | 5-14 | 5-9 | 5-11 | 3-9 |

3 | 10-14 | 15 agus níos mó | 10-14 | 12-49 | 9-19 |

Réigiún: |

Speiceas: |

Grúpa: |

Aicme aoise 1 | Aicme aoise 2 | Aicme aoise 3 | Aicme aoise 4 | Aicme aoise 5 |

Drg | Bán |

Limistéar faoi fhíniúnacha, iomlán (atá á shaothrú nó nach bhfuil á shaothrú go fóill) | Iomlán |

Limistéar faoi fhíniúnacha atá á shaothrú agus a bhfuil nithe seo curtha faoi: | cineálacha fíonchaor fíona | (b) | (b) |

- atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil STFC acu | (b) | (b) |

- atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil TGFC acu | (b) | (b) |

- atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta nach bhfuil STFC ná TGFC acu | (b) | (b) |

- ar 'fíonchaora dhá fheidhm' iad | (b) | (b) |

fíonchaora triomaithe | (b) | (b) |

Iomlán | (b) | (b) |

(a) Na Ballstáit lena mbaineann: BG, CZ, DE, IT, EL, ES, FR, HU, AT, PT, RO, SI agus SK.

(b) Roghnach

Tábla 1.2: Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir cineáil táirgthe de réir NUTS 2(a)

Athróga/Tréithe | An líon gabh. | An líon dáil. | Achar (ha) | Táirgeadh (hl nó 100kg) 3 |

Drg | Bán |

Limistéar faoi fhíniúnacha, iomlán (atá á shaothrú nó nach bhfuil á shaothrú go fóill) | Iomlán |

Limistéar faoi fhíniúnacha atá á shaothrú a bhfuil na nithe seo curtha faoi: | cineálacha fíonchaor fíona | (b) | (b) |

- atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil STFC acu | (b) | (b) |

- atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil TGFC acu | (b) | (b) |

- atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta nach bhfuil TGFC ná STFC acu | (b) | (b) |

- ar 'fíonchaora dhá fheidhm' iad | (b) | (b) |

fíonchaora triomaithe | (b) | (b) |

Iomlán | (b) | (b) |

Fíniúnacha nach bhfuil á saothrú go fóill agus a bhfuil na nithe seo curtha fúthu: | fíonchaora fíona (lena n-áirítear 'fíonchaora dhá fheidhm') | - | - |

- atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil STFC acu | - | - |

- atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil TGFC acu | - | - |

- atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta nach bhfuil STFC ná TGFC acu | - | - |

- ar 'fíonchaora dhá fheidhm' iad | - | - |

fíonchaora triomaithe | - | - |

Iomlán | - | - |

Fíniúnacha (atá nó nach bhfuil á saothrú go fóill) atá ceaptha do shaothrú na nithe seo: | ábhar a úsáidtear ar mhaithe le hiomadú fásmhar na bhfíniúnacha | - | - |

fíniúnacha eile g.a.á.e | - | - |

(a) Na Ballstáit lena mbaineann: BG, CZ, DE, IT, EL, ES, FR, HU, AT, PT, RO, SI agus SK.

(b) Roghnach

Tábla 1.3: Sonraí de réir an chineáil táirgthe de réir réigiúin táirgthe (STFC (a), TGFC (a), limistéir eile) (b)

Athróga/Tréithe | An líon gabh. | An líon dáil. | Achar (ha) | Táirgeadh (hl nó 100kg) 3 |

Drg | Bán |

Limistéar faoi fhíniúnacha, iomlán (atá á shaothrú nó nach bhfuil á shaothrú go fóill) | Iomlán |

Limistéar faoi fhíniúnacha atá á shaothrú agus a bhfuil na fíniúnacha seo curtha ann: | cineálacha fíonchaor fíona | (c) | (c) |

- atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil STFC acu | (c) | (c) |

- atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil TGFC acu | (c) | (c) |

- atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta nach bhfuil STFC ná TGFC acu | (c) | (c) |

- ar 'fíonchaora dhá fheidhm' iad | (c) | (c) |

fíonchaora triomaithe | (c) | (c) |

Iomlán | (c) | (c) |

Fíniúnacha nach bhfuil á saothrú go fóill agus a bhfuil na nithe seo curtha fúthu: | fíonchaora fíona (lena n-áirítear 'fíonchaora dhá fheidhm') | - | - |

- atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil STFC acu | - | - |

- atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil TGFC acu | - | - |

- atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta nach bhfuil STFC ná TGFC acu | - | - |

- ar 'fíonchaora dhá fheidhm' iad | - | - |

fíonchaora triomaithe | - | - |

Iomlán | - | - |

Fíniúnacha (atá nó nach bhfuil á saothrú go fóill) atá ceaptha do shaothrú na nithe seo: | ábhar a úsáidtear ar mhaithe le hiomadú fásúil na bhfíniúnacha | - | - |

fíniúnacha eile g.a.á.e | - | - |

(a) Ní mór na sonraí de réir réigiúin táirgthe a ullmhú le haghaidh gach 'sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach' dá dtagraítear i gCuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn I a, Foroinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007.

(a) Na Ballstáit lena mbaineann: BG, CZ, DE, IT, EL, ES, FR, HU, AT, PT, RO, SI agus SK.

(c) Roghnach

Tábla 2: Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide de réir Ballstáit

Tábla 2.1: Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, iomlán an fhíonghoirt

Aicmí méide (ha) | An líon gabh. | An líon dáil. | Achar (ha) | Táirgeadh (hl nó 100kg) |

< 0.10 * |

0.10 - < 0.50 |

0.50 - < 1 |

1 - < 3 |

3 - < 5 |

5 - < 10 |

> 10 |

*Níl i gceist anseo ach na tíortha lena mbaineann amháin.

Table 2.2: Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, fíniúnacha atá ceaptha d'fhíonchaora fíona – Iomlán

Sonraí arb ionann a miondealú agus an miondealú i dTábla 2.1

Tábla 2.2.1: Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, fíniúnacha atá ceaptha d'fhíonchaora fíona atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil STFC acu

Sonraí arb ionann a miondealú agus an miondealú i dTábla 2.1

Tábla 2.2.2: Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, fíniúnacha atá ceaptha d'fhíonchaora fíona atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta a bhfuil TGFC acu

Sonraí arb ionann a miondealú agus an miondealú i dTábla 2.1

Tábla 2.2.3: Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, fíniúnacha atá ceaptha d'fhíonchaora fíona 'dhá fheidhm'

Sonraí arb ionann a miondealú agus an miondealú i dTábla 2.1

Tábla 2.2.4: Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, fíonchaora fíona atá oiriúnach do tháirgeadh fíonta nach bhfuil STFC agus/nó TGFC acu

Sonraí arb ionann a miondealú agus an miondealú i dTábla 2.1

Tábla 2.3: Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, fíniúnacha atá ceaptha d'fíonchaora atá le triomú

Sonraí arb ionann a miondealú agus an miondealú i dTábla 2.1

Tábla 2.4: Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir aicme méide an limistéir iomláin faoi fhíniúnacha, fíniúnacha g.a.á.e

Sonraí arb ionann a miondealú agus an miondealú i dTábla 2.1

Tábla 3: Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir leibhéil speisialtóireachta agus aicme méide

Aicmí méide (sa cholún): féach Tábla 2 (< 0.1 ha / 0.10–< 0.50 ha / etc.).

Tábla 3.1: Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir leibhéil speisialtóireachta agus aicme méide de réir NUTS 1/NUTS 2 (le sainiú ag an mBallstát)

Leibhéal speisialtóireachta | < 0.10 ha4 | … |

An líon gabh. | Achar (ha) | Táirgeadh (hl nó 100 kg) | An líon gabh. | Achar (ha) | Táirgeadh (hl nó 100 kg) |

Gabháltais faoi fhíniúnacha |

Gabháltais ar a bhfuil limistéir faoi fhíniúnacha atá ceaptha go heisiach do tháirgeadh fíona |

(ar gabháltais iad ar a bhfuil limistéir faoi fhíniúnacha atá ceaptha go heisiach do tháirgeadh fíonta a bhfuil STFC agus/nó TGFC acu |

- ar fíonta iad nach bhfuil ach STFC acu |

- ar fíonta iad nach bhfuil ach TGFC acu |

- ar fíonta iad a bhfuil STFC agus TGFC acu |

(ar gabháltais iad ar a bhfuil limistéir faoi fhíniúnacha atá ceaptha go heisiach do tháirgeadh fíonta nach bhfuil STFC agus/nó TGFC acu |

(ar gabháltais iad ar a bhfuil limistéir faoi fhíniúnacha atá ceaptha do tháirgeadh roinnt cineálacha fíonta. |

Gabháltais ar a bhfuil limistéir faoi fhíniúnacha atá ceaptha go heisiach do shaothrú fíonchaor tirim |

Gabháltais ar a bhfuil limistéir eile faoi fhíniúnacha |

Gabháltais ar a bhfuil limistéir faoi fhíniúnacha atá ceaptha do roinnt cineálacha táirgthe |

Tábla 3.2: Gabháltais na saothróirí fíniúna de réir leibhéil speisialtóireachta agus aicme méide de réir réigiúin táirgthe (STFC, TGFC agus limistéir eile le sainiú ag an mBallstát).

Leibhéal speisialtóireachta | < 0.10 ha 4 | … |

An líon gabh. | Achar (ha) | Táirgeadh (hl nó 100 kg) | An líon gabh. | Achar (ha) | Táirgeadh (hl nó 100 kg) |

Mar an gcéanna le tábla 3.1 |

Tábla 4: Príomhchineálacha fíniúnacha

Is iad na cineálacha fíniúnacha atá ar liosta na bpríomhchineálacha agus na limistéar comhfhreagrach i Rialachán (CE) Uimh. 555/2008[14] (Iarscríbhinn XIII, Tábla 16) na cineálacha atá le lua sna táblaí.

Aicmí aoise atá le húsáid:

< 3 bliana

3–9 mbliana

10 –29 bliain

> 30 bliain

Tábla 4.1: Príomhchineálacha fíonchaor fíona de réir aicme aoise de réir NUTS 2

Tábla 4.1.1: Príomhchineálacha fíonchaor fíona de réir aicme aoise de réir 'NUTS X*'

Cineál fíniúna | < 3 bliana | … |

An líon gabh. | Achar (ha) | An líon gabh. | Achar (ha) |

Gabháltais faoi fhíniúnacha |

1. ar de chineálacha dearga iad, iomlán |

1.1. ar de chineál 1 iad |

1.2. ar de chineál 2 iad |

1.3. ar de chineál ... iad |

… |

1.N. ar de chineálacha measctha dearga eile iad |

2. ar de chineálacha geala iad, iomlán |

2.1. ar de chineál 1 iad |

2.2. ar de chineál 2 iad |

2.3. ar de chineál ... iad |

… |

2.N. ar de chineálacha measctha geala eile iad |

3. ar de chineálacha éagsúla datha iad, iomlán |

3.1. ar de chineál 1 iad |

3.2. ar de chineál 2 iad |

3.3. ar de chineál ... iad |

… |

3.N. ar de chineálacha measctha eile de dhathanna measctha eile iad |

4. ar de chineálacha gan aon dath ar leith iad |

* X: an NUTS 2 atá ann cheana sa tír ina bhfuil limistéar faoi fhíniúnacha atá os cionn na tairsí (Tábla 4.1.1, 4.1.2 etc.)

Tábla 4.2: Príomhchineálacha fíonchaor fíona de réir réigiúin táirgthe (STFC)

Tábla 4.2.1: Príomhchineálacha fíonchaor fíona i gcás 'STFC X*'

Cineál fíniúna | < 3 bliana | … |

An líon gabh. | Achar (ha) | An líon gabh. | Achar (ha) |

Mar an gcéanna le tábla 4.1 |

* X: an STFC atá ann cheana sa tír ina bhfuil limistéar faoi fhíniúnacha atá os cionn na tairsí (Tábla 4.2.1, 4.2.2 etc.)

Tábla 4.3: Príomhchineálacha fíonchaor fíona de réir réigiúin táirgthe (TGFC)

Tábla 4.3.1: Príomhchineálacha fíonchaor fíona i gcás 'TGFC X*'

Cineál fíniúna | < 3 bliana | … |

An líon gabh. | Achar (ha) | An líon gabh. | Achar (ha) |

Mar an gcéanna le tábla 4.1 |

* X: an TGFC atá ann cheana sa tír ina bhfuil limistéar faoi fhíniúnacha atá os cionn na tairsí (Tábla 4.3.1, 4.3.2 etc.)

Tábla 4.4: Príomhchineálacha fíonchaor fíona de réir réigiúin táirgthe (limistéir eile)

Tábla 4.4.1: Príomhchineálacha fíonchaor fíona i gcás 'limistéar eile X*'

Cineál fíniúna | < 3 bliana | … |

An líon gabh. | Achar (ha) | An líon gabh. | Achar (ha) |

Mar an gcéanna le tábla 4.1 |

* X: an limistéar eile atá ann cheana sa tír ina bhfuil limistéar faoi fhíniúnacha atá os cionn na tairsí (Tábla 4.4.1, 4.4.2 etc.)

Tairseacha

Ní ceart an miondealú ar na sonraí a sholáthar mura bhfuil ar a laghad 500 ha in iomlán an achair luaite sa tábla nó in iomlán an achair a fhreagraíonn don limistéar faoi fhíniúnacha sa tábla.

[1] IO L 54, 5.3.1979, lch. 124.

[2] IO L 13, 16.1.2002, lch. 21.

[3] IO L 54, 5.3.1979, lch. 124.

[4] IO L 13, 16.1.2002, lch. 21.

[5] IO L 154, 21.6.2003, lch. 1.

[6] IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

[7] Rialachán (CE) Uimh. 796/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le tras-chomhlíonadh, modhnú agus an córas comhtháite riaracháin agus rialaithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 ón gComhairle ag bunú comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus ag bunú scéimeanna áirithe tacaíochta le haghaidh feirmeoirí (IO L 141, 30.4.2004, lch. 18) a chur chun feidhme.

[8] IO L 128, 27.5.2009, lch. 15.

[9] Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht mhargaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán um Chomheagraíocht an Mhargaidh Aonair) (IO L 299 , 16.11.2007, lch.1).

[10] Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 a fhad a bhaineann le Clár na bhFíonghort, dearbhuithe éigeantacha agus bailiú faisnéise chun monatóireacht a dhéanamh ar mhargadh na bhfíonta, na doiciméid a ghabhann le coinsíneachtaí táirgí fíona agus na cláir nach mór a choinneáil in earnáil na bhfíonta (IO L 128, 27.5.2009, lch. 15).

[11] IO L 128, 27.5.2009, lch. 15.

[12] IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

[13] An meán 'Oilimpeach' (i.e an meán a fhaightear nuair nach bhfuil an luach is airde agus is ísle san áireamh sa ríomh): i gcás cúig bliana buainte níl ach táirgeacht trí bliana i gceist.

[14] IO L 170, 30.6.2008, lch. 1.

Top