This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52008PC0867
Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EC) No 1927/2006 on establishing the European Globalisation Adjustment Fund {SEC(2008) 3055} {SEC(2008) 3056}
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1927/2006 maidir le bunú Ciste Eorpach um Choigeartú de Bharr Domhandú {SEC(2008) 3055} {SEC(2008) 3056}
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1927/2006 maidir le bunú Ciste Eorpach um Choigeartú de Bharr Domhandú {SEC(2008) 3055} {SEC(2008) 3056}
/* COIM/2008/0867 leagan deireanach - COD 2008/0267 */
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1927/2006 maidir le bunú Ciste Eorpach um Choigeartú de Bharr Domhandú {SEC(2008) 3055} {SEC(2008) 3056} /* COIM/2008/0867 leagan deireanach - COD 2008/0267 */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil, 16.12.2008 COIM(2008) 867 leagan deireanach 2008/0267 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1927/2006 maidir le bunú Ciste Eorpach um Choigeartú de Bharr Domhandú {SEC(2008) 3055}{SEC(2008) 3056} MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. Comhthéacs an Tógra - Cúiseanna agus cuspóirí an togra Is é aidhm don togra seo ná a chur ar chumas an Chiste Eorpaigh um Choigeartú de Bharr Domhandú (CECD) freagairt níos éifeachtaí a thabhairt a thacaíonn le hoibrithe a rinneadh iomarcach de thoradh domhandaithe; scóip an Chiste a leathnú go sealadach chun iomarcaíochtaí a tharlaíonn de thoradh thionchar na géarchéime airgeadais agus eacnamaíochta a chlúdú; agus feidhmiú an Chiste a chur i gcomhréir níos dlúite leis an gcuspóir dlúthpháirtíochta. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, tá gá le forálacha áirithe de chuid Rialacháin (CE) Uimh. 1927/2006[1] maidir le bhunú an Chiste Eorpaigh um Choigeartú de Bharr Domhandú a leasú. - Comhthéacs ginearálta Bhí an tuarascáil bhliantúil ar oibríochtaí an CECD i 2007 mar dhlúthchuid den Teachtaireacht 'An Clár Oibre Soisialta Athnuaite: Deiseanna, rochtain agus dlúthphartaíocht in Eoraip an 21 hAois'[2] a ghlac an Coimisiún an 2 Iúil 2008. Sa Teachtaireacht 'Dlúthpháirtíocht in aghaidh athrú: An CECD i 2007 – athbhreithniú agus ionchas'[3] d'fhogair an Coimisiún a rún an Rialachán CECD a leasú sula n-eisiófar an chéad tuarascáil bhliantúil eile, a bheidh dlite ar lár-2009. Sa Phlean Eorpach um Téarnaimh Eacnamaíochta[4], a foilsíodh an 26 Samhain 2008, d’fhogair an Coimisiún a rún chun ionstraim idirghabhála níos éifeachtaí a dhéanamh den CECD mar chuid den fhreagra Eorpach ar ghéarchéimeanna. Rinne an Coimisiún athdhaingniú ar a rún maidir le rialacha an CECD a athbhreithniú le go bhféadfadh sé idirghabháil a dhéanamh go gasta i bpríomh-earnálacha, i.a. chun oiliúint agus socrúcháin fostaíochta dóibh siúd a rinneadh iomarcach de thoradh na geárchéime eacnamaíche a chomhaoiniú. - Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Bunaíodh an Ciste Sóisialta Eorpach[5] ('an CSE') chun chur le tosaíochtaí an Chomhphobail maidir le chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú trí dheiseanna fostaíochta a fheabhsú, ard-fhostaíochta agus breis post de chaighdeán níos fearra chothú. Freisin, tacaíonn an Ciste le Straitéis Eorpach na Fostaíochta chomh maith le beartais na mBallstát maidir le lán-fhostaíocht agus cáilíocht agus tairgiúlacht oibre a bhaint amach, le cuimsiú sóisialta a chur ar aghaidh, ag tabhairt san áireamh an teacht ar fhostaíocht do dhaoine faoi mhíbhuntáiste agus laghdú na héagothromaíochtaí fostaíochta ar leibheál náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Is é an príomhdhifríocht a bhaineann leis an CECD ná go bhfuil an CSE cumtha de chláir ilbhliantúla a thacaíonn le spriocanna fadtéarmacha straitéiseacha – go háirithe réamhaíocht agus bainistíocht athraithe agus athstruchtúraithe, ar ghníomhaíochtaí mar fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Freagra ar shainghéarchéim Eorpach is é an CECD de thoradh domhandaithe. Soláthraíonn an CECD tacaíocht aonair aonuaire, atá am-teoranta, agus atá dírithe ar oibrithe iomarcacha. Tá baint ag an togra leasaitheach le fóralacha áirithe den Rialachán CECD atá ann cheana, fóralacha d'fhonn feidhmiú na hionstraime seo a fheabhsú ó thaobh oibrithe a rinneadh iomarcach de bharr domhandú a athimeascadh san fhostaíocht. Luíonn na coincheapa agus na forálacha sa togra seo le cuspóir uileghabhálach an CECD, cuspóir chun dlúthpháirtíocht a léiriú d'oibrithe atá faoi thionchar athruithe sa gheilleagar domhanda. - Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais Tá tacaíocht Chomhphobail d’oibrithe a rinneadh iomarcach mar thoradh ar mhéadú in iomaíocht i margaí domhanda ina bhuntaca le cuspóirí straitéis Lispóin maidir le fás agus cruthú post. Tá sé i gcomhréir iomlán le cuspóirí uileghabhálacha an Chiste le Straitéis Eorpach na Fostaíochta maidir le lán-fhostaíocht a bhaint amach; dífhostaíocht agus neamhghníomhaíocht a laghdú; cáilíocht agus tairgiúlacht oibre a fheabhsú; tarraingteacht post a fheabhsú agus comhtháthú sóisialta agus críche a neartú. Forlíonann cúnamh CECD gníomhartha arna gcómhaoiniú ag na Cistí struchtúracha, go háirithe an Ciste Sóisialta Eorpach. Tá an CECD ina bhuntaca le Treoirlínte Fostaíochta de chuid na Straitéise Eorpaigh na Fostaíochta, go háirithe Treoirlíne 20, Treoirlíne 21 agus Treoirlíne 24. Baineann siad seo le chomhoiriúnú riachtanais an mhargadh saothair, a dhéanfar trí bhíthin constaicí ar shoghluaisteacht oibrithe a bhaint ar fud na hEorap, chomh maith le réamhaíocht níos fearr ar riachtanais scile, ar ghanntanas sa mhargadh saothair agus ar sroigeanna. Déanann siad solúbthacht a chur chun cinn trí réamhaíocht níos fearr agus trí bhainistíocht níos fearr ar athrú, atá i nasc le oscailt trádála, chun go ndéanfar costais shóisialta a íoslaghdú agus oiriúnú a éascú agus chun tacaíocht a chur ar fáil in idirthréimhsí i stádas gairme: oiliúint, féin-fhostaíocht, bunú gnó agus soghluaiseacht gheografach san áireamh. Freisin, déanann na Treoirlínte seo an úsáid is fearr de chórais oiliúna agus oideachais a chur chun cinn mar fhreagra ar cheanglais inniúlachtaí nua trí fhreagairt do riachtanais gairme, príomh-inniúlachtaí, ceanglais scile amach anseo, a dhéanfar tríd an sainmhíniú agus an trédhearcacht cáilíochtaí a fheabhsú ina léireófar aitheantas agus bailíochtú na foghlama neamhfhoirmiúla. Tá sé i gcomhréir iomlán le chur chun feidhme na bpolasaithe chomhtháite leas-solúbthachta, mar atá leagadh amach sa Teachtaireacht "I dTreo Phrionsabail Chomhpháirteacha na Leas-solúbthachta” a ghlac an Chomhairle i Nollaig 2007, sa dóigh go bhfuil sé mar aidhm mear-athrú gairme a éascú d’oibrithe iomarcach agus leis sin, cur le hoibrithe oilte sa phobal infhostaithe a chothabháil. 2. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus measúnú iarmharta - Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifil ghinearálta na bhfreagróirí Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe agus le comhpháirtithe sóisialta na mBallstát faoi dhó: ar dtús in Iúil 2008 ar mhodh ceistneora i ndáil le hoibríochtaí agus bainistíochtaí an CECD agus le feabhsuithe a d’fheadfaí a dhéanamh mar a bhí sa tuarascáil bhliantúil de chuid an CECD; agus ansin, ag comhdháil sa Bhruiséal an 4 Meán Fómhair 2008. Chuimsigh clár na comhdhála na saincheisteanna a bhí sa tuarascáil bhliantúil mar a sonraíodh sna freagraí ón gceistneoir. Rinneadh achoimre, ar mhaithe le tagairt dóibh a éascú, i bpáipéar saincheisteanna a chuireadh amach chuig na rannpháirtithe roimh an gcruinniú. Achoimre ar na freagairtí agus an tslí ar cuireadh san áireamh iad Theastaigh ón gCoimisiún tuairimí na mBallstát agus na geallsealbhóirí eile maidir le saincheisteanna ón dtuarascáil bhliantúil a fhionnadh, go háirithe maidir le: luachmhaireacht fachtóirí domhandaithe, seachas athruithe i dtrádáil idirnáisiúnta, a thabhairt san áireamh; ábharthacht ráta cómhaoinithe an CECD; líon agus nádúr na gcásanna iomarcaíochta ina bhfuil breis is 1 000 oibrí san áireamh, chomh maith le cásanna ina bhfuil idir 500 agus 1 000 san áireamh; ábharthacht na dtréimhsí ama a bhunaíodh sa Rialachán (tréimhsí tagartha agus tréimhsí cur chun feidhme); agus ar roinnt saincheisteanna eile maidir le riarachán an CECD ar leibhéal an AE agus náisiúnta. Fuarthas freagraí ó 22 Bhallstát agus ó chúpla eagraíochtaí chomhpháirtithe shóisialta. Tá aghaidh tugtha ar na cúraimí sin go léir sna leasuithe arna mbeartú. - Bailiú agus úsáid saineolais Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach. Mar sin féin, ghlac saineolaithe seachtracha páirt i gcomhdháil na ngeallsealbhóirí sa Bhruiséal an 4 Meán Fómhair 2008 agus luaigh siad a dtuairimí. - Measúnú iarmharta Bhreathnaigh an tuarascáil maidir le measúnú iarmharta ar na fadhbanna a bhaineann le chur chun feidhme an Rialacháin reatha maidir leis an CECD mar a shonraítear sa tuarascáil bhliantúil. Rinne an Coimisiún measúnú ar trí rogha - le dhá malairt don tríú rogha - i ndáil lena n-iarmhairt shóisialta agus eacnamaíoch d’fhonn cuimsiú an Chiste a fhadú agus a éifeachtúlacht a fheabhsú i dtaca le hoibrithe a briseadh as a bpost de bharr domhandú a lánpháirtíú i bhfostaíocht. - Faoi rogha 1, “ Gan athrú ”, chuirfí Rialachán an CECD i bhfeidhm gan athrú. Baineann buntáistí an rogha seo le leanúnachas i dtéarmaí an chreat reachtaíochta agus gnéithe praiticiúla de fheidhmiú gníomhartha arna maoiniú ag an CECD, - Faoi rogha 2, " Gan athrú móide feabhsuithe ", thabharfaí isteach roinnt feabhsuithe oibríochtúla gan athruithe a dhéanamh ar an Rialachán maidir le CECD. Is éard a bheadh sna feabhsuithe seo: nósanna imeachta simplithe agus ceanglais maidir le hiarrataí; ag baint úsáide as gréasáin atá ann cheana chun suim in CECD a spreagadh i measc geallsealbhóirí ionchasacha agus malartú dea-thaithí; incháilitheacht earnáil na seirbhísí a shoiléiriú agus le haghaidh beart amhail liúntais soghluaisteachta agus micrichreidmheasa; níos mó gníomhaíochtaí chun feasacht daoine a ardú agus CECD a dhéanamh níos sofheicthe. Faoi rogha 3, "Feabhsuithe agus athruithe oibríochtúla" , rinne an Coimisiún dhá malairt a mheas i ndáil leis na critéir incháilitheachta: - Faoi "malairt A: Trádáil " de rogha 3, is éard a bheadh sna critéir incháilitheachta fós athruithe i bpatrúin na trádála domhanda, ach leasófaí an Rialachán maidir le CECD ar na bealaí seo a leanas: laghdú ar an táirseach do líon na n-iomarcaíochtaí ó 1 000 go 500; iomarcaíocht a tharlaíonn roimh thús na tréimhse tagartha a áireamh agus oibrithe iomarcacha atá incháilithe do thacaíocht CECD á meas; an tréimhse ama le haghaidh tacaíocht CECD a chur chun feidhme a fhadú ó 12 mhí go 24 mhí; an méid atá ar fáil le haghaidh cúnaimh theicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin a shonrú agus scóip an chúnaimh theicniúil a leathnú trí bhíthin gníomhaíochtaí ina mbreathnáitear ar aghaidh; soiléiriú ar bhrí "úsáid" na ranníocaíochta airgeadais; méadú ar an ráta idirghabhála caighdeánach le haghaidh thacaíocht EGF ó 50% go 75% de na costais iomlána. - Faoi "malairt B: Margaí " rogha 3, leasófaí an Rialachán maidir le CECD mar a thuairiscítear thuas le difríocht amháin: dhéanfaí an incháilitheacht a leathnú chun go n-áireofaí athruithe móra i bpatrúin trádála domhanda, amhail athruithe i dtáirgeadh agus teicneolaíocht táirge, athruithe ar eagraíocht an táirgthe (amhail foinsiú allamuigh) agus rochtain ar amhábhair agus ionchur eile agus an praghas atá orthu. - Leathnú Scóipe an CECD Is í an ghéarchéim airgeadais domhanda is cúis le, agus a bheidh ina cúis le, hiomarcaíochtaí ollmhóra i réimse éarnálacha mar tá siad faoi thionchar an infhaighteacht laghdaithe creidmheasa agus an cumhacht ceannaigh laghdaithe. Teastaíonn ón gCoimisiún gníomhú go sealadach agus go heisceachtúil chun an Ciste a oiriúnú do na fadhbanna sin. Dá bharr sin, tá sé i gceist an an gCoimisiún scóip an Chiste a leathnú amach go ceann tréimhse socraithe d’fhonn freagra don ghearchéim airgeadais agus eacnamaíochta a chumasú. Ní raibh an rogha seo san áireamh sa Mheasúnú Iarmharta ag an am, rogha a bhain le leathnú teoranta na scóipe do “mhargaí” mar atá pléite thuas. Dá bhrí sin, cuireadh an measúnú iarmharta in oiriúint chun gnéithe fostaíochta na géarchéime airgeadais a thabhairt san áireamh, chomh maith le cur síos ar raon feidhme an Rialacháin reatha i leith an tsuíomh nua agus ainilís ar athruithe a d’fheadfaí a dhéanamh don Rialacháin CECD chun ligean don Chiste feidhmiú níos fearr mar ionstram freagartha do ghéarchéimeanna. Tá an togra i gcomhréir freisin leis an réasúnaíocht a thugann buntaca don CECD, eadhan go mbeadh an tAontas in ann dlúthpháirtíocht a léiriú d’oibrithe a chaill a bpoist de thoradh ar suaitheadh eacnamaíocha i ngeall ar eachtraí domhanda, amhail an ghéarchéime domhanda. I ngeall ar phrionsabail an mhargaidh inmhéanaigh leanfaí d’oiriúnú laistigh den Chomhphobail amháin agus d’athstruchtúrú ó mhaoiniú ón CECD a eisiamh. 3. Eilimintí dlíthiúla an togra - Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe Tá sé d’aidhm ag an ngníomhaíocht arna beartú le Rialacháin an CECD a leasú chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh an CECD an cuspóir sonraithe maidir le dlúthpháirtíocht d’oibrithe a chaill a bpoist de thoradh athruithe móra de bharr domhandú agus san áireamh, foráil sealadach chun cúnamh a thabhairt d’oibrithe a rinneadh iomarcach de thoradh na géarchéime airgeadais agus eacnamaíoch. - Bunús dlí Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 159 de Chonradh CE. - Prionsabal na coimhdeachta Beidh feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa mhéid is nach dtéann an togra faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail. Ní fhéadtar cuspóirí an togra a bhaint amach i gceart ag na Ballstáit. Is trí modhnú an Rialacháin reatha amháin is féidir iad a bhaint amach. Éireoidh níos fearr le gníomhaíocht Comhphobail cuspóirí an togra a bhaint amach de bharr na gcúiseanna seo a leanas: Mar atá luaite sa Mheabhrán Míniúcháin[6] don chéad togra i dtaca leis an Rialachán an CECD, féadfaidh an Comhphobal beart a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta arna leagtar síos in Airteagal 5 den Chonradh, chun cuspóir na dlúthpháirtíochta a chur chun cinn. Arna dhéanamh an togra seo dó, is ar shonraí cainníochtúla a bhunaigh an Coimisiún é féin, sonraí cainníochtúla a cuireadh ar fáil mar thoradh ar fheidhmiú an CECD sa chéad 18 mí, san áireamh an cur síos a rinneadh sa chéad tuarascáil bhliantúil ar an CECD. Ní mór feidhmiú na ionstraime seo a leasú ar thionscnamh reachtach ar leibhéal an Aontais amháin. Leagann an togra síos rialacha maidir le feidhmiú ionstraime airgeadais ar leibhéal an Chomhphobail. Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. - Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar an cúis/na cúiseanna seo a leanas: I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann forálacha an Rialacháin seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Tá na leasuithe arna moladh do Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 teoranta dóibh sin a bheidh riachtanach chun tionchar an CECD maidir le ath-chomhtháthú oibrithe san fhostaíocht a rinneadh iomarcach mar thoradh ar athruithe i ngeilleagar domhanda a athneartú. Ní fhorchuireann sé aon ualach riaracháin breise ar na Ballstáit i gcomparáid leis an Rialachán CECD a bhí ann cheana. - Rogha Ionstraime An ionstraim atá beartaithe: rialachán. Ní bheadh meáin eile leordhóthanach ar an ábhar a leanas: Is é rialachán an ionstraim dlí iomchuí chun rialachán atá ann cheana a leasú. 4. Impleacht Bhuiséadach Forálann Airteagal 28 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún an 17 Bealtaine 2006[7] maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fónta airgeadais nach rachaidh an CECD thar uasmhéid bliantúil de EUR 500 milliún . Mar a bhí fógartha sa Teachtaireacht ar an bPlean do Théarnamh Eacnamaíoch Eorpach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil don CECD i bhfianaise chur chun feidhme na rialacha athbhreithnithe. 5. FAISNÉIS BHREISE - Míniú mionsonraithe ar an togra Déanann an leasú arna mbeartú ar Airteagal 1 scóip an CECD a leathnú i leith freagartha ar an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíochta agus tá na coigeartuithe riachtanacha ann chun cúnamh a sholáthar ar bhonn sealadach d’oibrithe a rinneadh iomarcach de bharr na géarchéime seo. Déanann na leasuithe arna mbeartú ar Airteagal 2 na sprioc-uimhir iomarcaíochtaí a laghdú ó 1 000 go 500; suíomh na cásanna a cuireadh isteach faoin gcritéir idirghábhála in Airteagal 2(c) a shoiléiriú; agus sainmhíniú den eachtra a chomhdhéanann iomarcaíocht a eascraíonn as cásdlí[8] a thabhairt isteach. Tá sé mar aidhm ag an leasú arna mbeartú ar pointe (a) d’Airteagal 5(2) go ndéileálfar go cóir cothrom agus go neamh-idirdhealaitheach le hoibrithe, oibrithe a rinneadh iomarcach roimh nó tar éis na tréimhse tagartha 4 mhí d'Airteagal 2(a) nó 2(c), ach a bhfuil nasc soiléir ann leis an imeacht iomarcaíochta chéanna. Soiléiríonn na leasuithe arna mbeartú ar Airteagal 8 an bonn don méid atá ar fáil le haghaidh cúnaimh theicniúil a chinneadh agus an réimhse gníomhaíochtaí is féidir a mhaoiniú a fháil faoi Airteagal 13. Meádaíonn an leasú arna mbeartú ar Airteagal 10 an ráta idirghabhála ó 50% go 75%, a thugann léiriú níos fearr ar nádur práinne na ranníocaíochta chun tacú le hoibrithe iomarcacha. Leathnaíonn an leasú arna mbeartú ar Airteagal 13 tréimhse cur chun feidhme an CECD ó 12 – 24 mhí. Forálann an leasú arna mbeartú ar Airteagal 20 ar bhonn measúnú lárthéarma dá bhforáilte in Airteagal 17, mír 1(a), feadfaidh an Parlaimint Eorpach agus an Chomhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo, athbhreithniú ar an maolú sealadach dá bhforáiltear in Airteagal 1, mír 1a san áireamh. Déanfar seo ar bhonn togra ón gCoimisiún. 2008/0267 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1927/2006 maidir le bunú Ciste Eorpach um Choigeartú de bharr Domhandú TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe don tríú mhír d'Airteagal 159 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[9], Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[10], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[11], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[12], De bharr an méid seo a leanas: (1) Le Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006[13] bunaíodh an Ciste Eorpach um Choigeartú de Bharr Domhandú (CECD) chun a chumasú don Chomhphobail tacaíocht a thabhairt d'oibritheoirí agus dlúthpháirtíocht a thaispeáint d’oibrithe a rinneadh iomarcach mar thoradh ar mhórathruithe struchtúrtha i bpatrúin sa trádáil dhomhanda i ngeall ar dhomhandú. (2) Tá an Coimisiún tar éis a chéad tuarascáil bhliantúil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006. Bhain an Coimisiún de thátal as a thuarascáil, atá sa Teachtaireacht an 2 Iúil 2008[14], gurbh iomchuí tionchar an Chiste Eorpaigh um Choigeartú de Bharr Domhandú ar chruthú post agus deiseanna oiliúna d'oibhritheoirí na hEorpa a threisiú. (3) Cuireann an Teachtaireacht ón gCoimisiúin ar "Scileanna nua do phoist nua: Ag coinne leis an margadh saothair agus ag comhoiriúnú riachtanais scile dó"[15] agus 'Prionsabail Chomhpháirteacha na Leas-solúbthachta" a ghlac an Chomhairle Eorpach an 14 Nollaig 2007 béim ar chuspóirí chun oiriúnaitheacht agus infhostaitheacht leanúnach oibrithe a chothú. Déanfar sin trí dheiseanna feabhsaithe foghlama ar gach leibhéil agus trí stráitéisí forbartha scile mar fhreagairt ar riachtanais an gheilleagair. (4) An 26 Samhain 2008, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht ar Phlean Eorpach um Téarnaimh Eacnamaíoch[16] bunaithe ar na prionsabail bhunúsacha de dhlúthpháirtíocht agus de chóir shóisialta. Mar chuid dá fhreagairt ar ghéarchéimeanna, ní mór rialacha an CECD athbhreithniú chun an scóip a leathnú amach agus chun freagairt níos gasta in aghaidh géarchéime a chumasú. (5) Chun a chinntiú go gcuirfear na critéir idirghábhála i bhfeidhm go trédhearcach, ní mór sainmhíniú den eachtra a chomhdhéanann iomarcaíocht a thabhairt isteach. D’fhonn tuilleadh solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit chun iarratais a chur faoi bhráid agus chun an cuspóir dlúthpháirtíochta a bhaint amach níos fearr, ní mór an tairseach iomarcaíochta a ísliú. (6) I gcomhréir leis an gcuspóir go ndéileálfar go cóir cothrom agus go neamh-idirdhealaitheach, ba chóir go mbeadh oibrithe, oibrithe a bhfuil nasc soiléir idir a iomarcaíocht agus an imeacht iomarcaíochta chéanna, i dteideal táirbhe a bhaint as pacáiste na seirbhísí pearsantaithe a thiolacadh do ranníocaíocht an CECD. (7) Ba chóir go n-úsáidfí cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin chun cur chun feidhme an CECD a éascú. (8) D’fhonn an ráta chomhaoinithe ar thacaíocht an CECD a choinneál i gcomhoiriúnt níos fearr leis na rátaí idirghabhála faoin gCiste Sóisialta Eorpach, ní mór an ráta cómhaoinithe ar thacaíocht idirghabhála a mhéadú. (9) D’fhonn cáilíocht na gníomhartha a fheabhsú agus d'fhonn am trátha a chinntiú do bhearta a bheith éifeachtach chun na daoine is leochailí a ath-chomhtháthú san fhostaíocht, ní mór an tréimhse ina déantar na bearta incháilithe a leathnú agus a shóiléiriú. (10) Is cuí feidhmiú an CECD a athbhreithniú, lena n-áiritear an maolú sealadach chun tacú le hoibrithe a rinneadh iomarcach mar thoradh ar an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíochta. (11) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 a leasú dá réir, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 mar seo a leanas: 1. In Airteagal 1, cuirtear isteach mír nua, 1a: “1a De mhaolú ar mhír 1, cuirfidh an CECD freisin le tacaíocht d'oibrithe a rinneadh iomarcach de thoradh na géarchéime airgeadais agus eacnamaíoch, ar choinníoll go bhfuil na hiarratais in oiriúint leis na critéir arna leagtan amach in Airteagal 2(a), (b) nó (c). Bainfaidh an maolú seo le gach iarratas a cuireadh isteach roimh 31 Nollaig 2010." 2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: 'Airteagal 2 Critéir idirghábhála Cuirfear ranníocaíocht airgeadais ón CECD ar fáil i gcás suaithe eacnamaíoch tromchúisigh a tharlaíonn mar thoradh ar athruithe móra struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda, go háirithe méadú substaintiúil ar allmhairí chuig an Aontas Eorpach, nó an meath ar sciar mhargadh an AE in éarnáil ar leith nó an díchomhchruinniú tionscal go tríú tíortha, agus an toradh mar seo a leanas: (a) ar a laghad 500 iomarcaíocht thar tréimhse 4 mhí i ngnóthas i mBallstát, san áireamh oibrithe a rinneadh iomarcach i ngnóthas na soláthróirí nó i ngnóthas na táirgeoirí “síos an bóthar”, nó (b) ar a laghad 500 iomarcaíocht thar tréimhse 9 mí, go háirithe i ngnóthas bheaga nó mheánmhéide, i rannán NACE 2 i réigiún amháin nó in dhá réigiún teorannacha ag leibhéal NUTS II, nó (c) i gcás mion-mhargaidh saothair nó in imthosca speisialta, agus nuair a thugann an Ballstát lena mbaineann bunus réasúnta leis, féadfar iarratais ar ranníocaíocht a mheas mar inghlactha fiú nuair nach féidir na coinníollacha a ghabhann le pointe (a) nó pointe (b) a chomhlíonadh a thuilleadh, nuair a bhíonn mórthionchar ag iomarcaíochtaí ar fhostaíocht agus ar an ngeilleagar áitiúil. Sonróidh an Ballstát nach bhfuil an t-iarratas go hiomlán i gcomhréir leis na critéir idirghábhála mar a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b). Ní rachaidh méid comhiomlán na ranníocaíochtaí in imthosca speisialta thar 15% den CECD sa bhliain. Chun líon na n-iomarcaíochtaí dá bhforáiltear i bpointe (a), (b) agus (c) den chéad alt a áireamh, ní mór iomarcaíocht a chomháireamh ón bpointe ar fhógair an fostóir conradh fostaíochta an oibrí iomarcach a fhoirceannadh nó ón bpointe den iomarcaíocht de facto de chonradh fostaíochta roimh an dáta éaga ar fháthanna nach mbaineann leis an oibrí áirithe aonair. I ngach cás, saineofar rogha amháin den dá rogha san iarratas.’ 3. Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas: Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) de mhír 2: (a) anailís réasúnaithe ar an nasc idir na hiomarcaíochtaí agus mórathruithe struchtúrtha i bhforbairtí trádála dhomhanda nó an ghéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch, léiriú líon na n-iomarcaíochtaí, agus sainmhíniú ar imthosca gan choinne ar chúis leis na hiomarcaíochtaí sin. Féadfar na hiomarcaíochtaí a tharlaíonn roimh nó tar éis na tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 2(a) nó in Airteagal 2(c) má mhaolófar an t-iarratas na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(a), a chlódfar faoi na beart a chómhaoinitear ar choinníoll gur tharla na hiomarcaíochta tar éis fógra ginearálta na mbearta réamh-mheasta agus gur féidir nasc feidhmiúil soiléir a bhunú leis an imeacht a rinne iomarcaíochtaí a spreagadh i rith na tréimhse tagartha;’ 4. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: 'Airteagal 8 Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún 1. Ar thionscnamh ón gCoimisiún, faoi réir uasteorainn de 0.35% d’uasmhéid an CECD sa bhliain sin. Féadfar an CECD a úsáid i dtaca le hullmhú, monatóireacht, faisnéis, bunú bhonn eolais a bhaineann le chur chun feidhme an CECD, cúnamh teicniúil agus riaracháin, iniúchadh, rialú agus measúnú gníomhaíochtaí chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. 2. Faoi réir na huasteorann a leagtar amach in Alt 1, cuirfidh an t-údarás buiséadach suim airgid ar fáil do chúnamh teicniúil ag tús gach bliana ar bhonn togra ón gCoimisiún. 3. Forghníomhófar na tascanna a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, mar aon leis na rialacha cur chun feidhme is infheidhme chun an buiséad a chur i gcrích sa chaoí seo.' 5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(1): '1. Ar bhonn measúnú a chuirtear i gcrích gcomhréir le Airteagal 5(5), ag cur san áireamh líon na n-oibrithe le tacú, na gníomhartha beartaithe agus na costais mheasta, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus moladh a luaithe is féidir ar méid na rannaíocaíochtaí airgeadais, más ann, a d’fhéadfaí a íoc lastaigh de na hachmhainní atá ar fáil. Ní fhéadfaidh an méid dul thar 75% den chostas measta iomlán dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(d).’ 6. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(2): '2. Déanfaidh an Ballstát/na Ballstáit gach beart incháilithe i bpacáiste comhordaithe na seirbhísí pearsantaithe a chomhlíonadh laistigh de 24 mhí ón dáta iarratais de bhun Airteagal 5.’ 7. Cuirtear isteach fomhír nua isteach tar éis na chéad fhomhíre in Airteagal 20: “Ar bhonn togra ón gCoimisiún, feadfaidh an Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo, athbhreithniú ar an maolú sealadach dá bhforáiltear in Airteagal 1, mír 1a san áireamh. Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. AINM AN TOGRA: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 maidir le bunú an Chiste Eorpach um Choigeartú de Bharr Domhandú. 2. CREAT "ABM/ABB" (bainistiú/bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí) Réimse/réimsí beartais lena mbaineann agus aon Ghníomhaíocht ghaolmhar/Gníomhaíochtaí gaolmhara. Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta 3. NA LÍNTE BUISÉID 3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B..A) agus a gceannteidil san áireamh: 40.0243 Cúlchiste don Chiste Eorpach um Choigeartú de Bharr Domhandú.04.0501 An Ciste Eorpach um Choigeartú de Bharr Domhandú (CECD)04.010414 An Ciste Eorpach um Choigeartú de Bharr Domhandú (CECD) – Caitheachas ar bhainistiú riaracháin An Comhaontú Idirinstiúideach maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais an 17 Bealtaine 2006, leagtar síos i bPointe 28 an nós imeachta chun leithreasaí an CECD a chur san áireamh sa bhuiséad agus teorainn de EUR 500 milliún a chur ar an uasmhéid bliantúil ar fáil don CECD. 3.2. Fad thréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais: Athbhreithniú le déanamh roimh 31 Nollaig 2013 (Alt 20, de Rialachán 127/2006) 3.3. Tréithe buiséadacha: Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais | 04.0501 | Neamhéig-eantach | Neamh-dhifreáilte | Níl | Níl | Níl | 1.1 | 04.010414 | Neamhéig-eantach | Neamh-dhifreáilte | Níl | Níl | Níl | 1.1 | 4. ACHOIMRE AR NA hACMHAINNÍ 4.1. Acmhainní airgeadais 4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Saghas caiteachais | Uimh. coda | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 | Iomlán | Caiteachas oibríochtúil | Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | pm | pm | pm | pm | pm | pm | pm | Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | B | pm | pm | pm | pm | pm | pm | pm | Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha | Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4. | c | pm | pm | pm | pm | pm | pm | pm | AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN | Leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí | a+c | pm | pm | pm | pm | pm | pm | pm | Leithreasú faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | pm | pm | pm | pm | pm | pm | pm | Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha | Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5. | d | 0.732 | 0.854 | 0.976 | 0.876 | 0.976 | 0.976 | 0.732 | Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6. | e | pm | pm | pm | pm | pm | pm | pm | Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála | LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | pm | pm | pm | pm | pm | pm | pm | LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+c+d+e | pm | pm | pm | pm | pm | pm | pm | Sonraí an Chómhaoinithe Má tá cómhaoiniú ó na Ballstáit nó ó chomhlachtaí eile (sonraigh cé hiad) i gceist sa togra, ba cheart meastachán a thabhairt ar an leibhéal cómhaoinithe sa tábla thíos (is féidir línte breise a chur leis má táthar ag súil go mbeidh comhlachtaí éagsúla páirteach sa chómhaoiniú): EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Comhlacht cómhaoinithe | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 | Iomlán | …………………… | f | LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f | pm | pm | pm | pm | pm | pm | pm | 4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais X Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana. ( Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais. X Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh[17] a chur chun feidhme (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais). 4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam X Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam ( Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo – is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam: EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil) Roimh ghníomh [Bliain n-1] | Staid tar éis an ghnímh | Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 6 | 7 | 8 | 8 | 8 | 8 | 5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ 5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Féach meabhrán míniúcháin. 5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Féach meabhrán míniúcháin. 5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM) Féach meabhrán míniúcháin. 5.4. Modhanna don chur i gcrích (táscach) ( Bainistiú láraithe ( go díreach ag an gCoimisiún ( go hindíreach trína tharmligean chuig: ( gníomhaireachtaí feidhmiúcháin ( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais ( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil seirbhís phoiblí mar mhisean acu X Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe X leis na Ballstáit ( le tríú tíortha ( Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil) Barúlacha ábhartha: 6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT Faoi Alt 16 de Rialachán maidir leis an CECD ní mór don Choimisiún tuarascáil chainníochtúil agus comhdhéanamh a sholáthar gach bliain don Pharlaimint agus don Chomhairle ar na gníomhaíochtaí a chuireadh i gcrích faoi Rialachán an CECD sa bhliain roimhe. Is eard atá ann sa tuarascáil seo barúlacha an Choimisiún ar na gníomhaíochtaí monatóireachta, inter alia, le linn na bliana áirithe i gceist. Faoi Alt 17 de Rialachán an CECD ní mór don Choimisiún measúnú lárthéarma a dhéanamh ar éifeachtacht agus inbhuanaitheacht na dtorthaí. Déanfar seo roimh 31 Nollaig 2011 i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Faoi 31 Nollaig 2014, Ní mór don Choimisiún, le cabhair ó shaineolaithe seachtracha, measúnú ex-post a dhéanamh chun tionchar an CECD agus a bhreisluach a thomhas. 7. Bearta Frithchalaoise Baineann na bearta atá leagtha síos i gcomhair comhbhainistíocht leis an CECD. Chomh maith leis sin, faoi Alt 18 de Rialachán an CECD, caithfidh na Ballstáit freagracht a ghlacadh sa chéad ásc as rialú airgeadais na ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear seachaint, brath agus ceartú neamhrialtachtaí. 8. SONRAÍ NA NACMHAINNÍ 8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 | Oifigigh nó foireann shealadach[20] (XX 01 01) | A*/AD | 4 | 5 | 6 | 6 | 6 | 6 | B*, C*/AST | 2 | 2 | 2 | 2 | 2 | 2 | Foireann arna maoiniú[21] ag Airteagal XX 01 02 | Foireann eile[22] arna maoiniú ag Airt. XX 01 04/05 | IOMLÁN | 6 | 7 | 8 | 8 | 8 | 8 | 8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh Iarratais a mheasúnú, iad a leanúint tríd na nósanna imeachta glactha, tuarascálacha bliantúla a ullmhú, an reachtaíocht a athbhreithniú, monatóireacht agus iniúchadh ar chur chun feidhme, comhairle agus treoir a chur ar fáil d'iarratasóirí a bheidh agus a d'fhéadfadh a bheidh ann, etc. 8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla) X Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistíocht an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh ( Poist leithdháilte laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n ( Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile ( Poist a athimscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís (athimscaradh inmheánach) ( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist 8.2.4. Caiteachas eile riaracháin a fholaítear sa mhéid tagartha (XX 1 4/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin ) EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Líne Buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN | Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile | - intra muros | - extra muros | Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán | 8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Cineál acmhainní daonna | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 | Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) | 0.732 | 0.854 | 0.976 | 0.876 | 0.976 | 0.976 | Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.) (sonraigh an líne sonrach buiséid) | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | Costas iomlán na n-acmhainní agus costais bhainteacha (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0.732 | 0.854 | 0.976 | 0.876 | 0.976 | 0.976 | Ríomh – Oifigigh agus gníomhairí sealadacha | 6 go 8 bpost reachtúil @ EUR 122 00 p.a. | Ríomh - Foireann atá á maoiniú ag Airt XX 01 02 | 8.2.6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN | XX 01 02 11 01 – Misin | XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha | XX 01 02 11 01 – Coistí[24] | XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúcháin | XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise | 2 Caiteachas Iomlán Bainistíochta Eile (XX 01 02 11) | 3 Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) | Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha | [1] IO L 406, 30.12.2006, lch. 1 Rialacháin ceartuithe in IO L 48.2.2008, lch. 82 agus sa Bhéarla in IO L 202, 31.7.2008, lch. 74. [2] COIM (2008) 412, 2.7.2008. [3] COIM (2008) 421, 2.7.2008. [4] COIM (2008) 800, 26.11.2008. [5] Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 12). [6] COIM (2006) 91, 1.3.2006. [7] IO C 139, 14.6.2006, lch. 1. [8] Cás C-188/03 Junk [2005] ECR I-885. [9] IO C , , lch. . [10] IO C , , lch. . [11] IO C , , lch. . [12] IO C , , lch. . [13] IO L 48, 22.02.2008, lch. 82 [14] COIM(2008) 421. [15] COM(2008) 868. [16] COIM(2008) 800 [17] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. [18] Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá i.e. má théann tréimhse an ghnímh thar 6 bliana. [19] Mar a gcuirtear síos air i Mír 5.3. [20] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha. [21] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha. [22] Costas ar áireamh sa mhéid tagartha. [23] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta/na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann. [24] Sonraigh an cineál coiste agus an grúpa lena mbaineann sé.