This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0270
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/270 of 4 February 2026 imposing provisional anti-dumping duties on imports of 1,4-Butanediol originating in the People’s Republic of China, the Kingdom of Saudi Arabia and the United States of America
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/270 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2026 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí 1,4-bútáindé-óil de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Ríocht na hAraibe Sádaí agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/270 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2026 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí 1,4-bútáindé-óil de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Ríocht na hAraibe Sádaí agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
C/2026/568
IO L, 2026/270, 5.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/270/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/270 |
5.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/270 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Feabhra 2026
lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí 1,4-bútáindé-óil de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Ríocht na hAraibe Sádaí agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 7 de,
Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
|
(1) |
An 6 Meitheamh 2025, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí 1,4-Bútáindé-óil de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’), Ríocht na hAraibe Sádaí (‘an Araib Shádach’) agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘SAM’ agus, in éineacht leis an tSín agus an Araib Shádach, ‘na tíortha lena mbaineann’) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an Fógra Tionscnaimh’). |
|
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a chuir INEOS Solvents SA (‘an gearánach’ nó ‘Ineos’) isteach an 24 Aibreán 2025. Ba é tionscal 1,4-Bútáindé-óil an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán a rinne an gearán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
1.2. Clárú
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1718 ón gCoimisiún (3) (‘an Rialachán maidir le clárú’), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. |
1.3. Páirtithe leasmhara
|
(4) |
San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún in iúl go sonrach, mar shampla, do na gearánaigh, do tháirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, do na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta agus d’údaráis na dtíortha lena mbaineann, d’allmhaireoirí, soláthróirí agus úsáideoirí aitheanta, do thrádálaithe, chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach gur tionscnaíodh an t-imscrúdú agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann. |
|
(5) |
D’iarr Qore LLC, táirgeoir 1,4-Bútáindé-óil sna Stáit Aontaithe, go gclárófaí é mar pháirtí leasmhar sna himeachtaí toisc go bhféadfadh an nós imeachta difear a dhéanamh dó. De réir Airteagal 6(7) den bhun-Rialachán, sainmhínítear páirtithe leasmhara mar tháirgeoirí, ceardchumainn, allmhaireoirí agus onnmhaireoirí an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus eagraíochtaí tomhaltóirí, chomh maith le hionadaithe na tíre is onnmhaireoir. Ós rud é nach raibh aon onnmhairiú ag Qore leis an Aontas, níor chomhlíon sé critéir páirtí leasmhair mar a shainmhínítear sa bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh dá iarraidh. D’áitigh Qore agus Rialtas Cónaidhme na Stát Aontaithe gur cheart don Choimisiún glacadh le Qore mar pháirtí leasmhar gan beann ar an ngníomhaíocht onnmhairiúcháin, agus d’áitigh siad nach ceanglas é gníomhaíocht onnmhairiúcháin chun comhlacht a bheith ina pháirtí leasmhar faoi Chomhaontú Frithdhumpála EDT. Thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil aon ní i gComhaontú Frithdhumpála EDT ná i ndlí-eolaíocht EDT ag teacht salach ar chinneadh an Choimisiúin stádas páirtí leasmhair a dhiúltú do tháirgeoirí nach n-onnmhairíonn chuig an Aontas. Go deimhin, ceanglaítear le hAirteagal 6.11 den Chomhaontú Frithdhumpála go n-áireofar dhá chatagóir táirgeoirí sa sainmhíniú ar ‘pháirtithe leasmhara’ de réir bhrí an Chomhaontaithe: ‘táirgeoir eachtrach [...] táirge atá faoi réir imscrúdú’ (Airteagal 6.11(i) ADA) agus ‘táirgeoir an táirge chomhchosúil sa Chomhalta is allmhaireoir’ (Airteagal 6.11(ii) ADA). Ní thagann Qore LLC, ar táirgeoir eachtrach táirge chomhchosúil é, faoi aon cheann den dá chatagóir. Dá bhrí sin, níor léirigh Rialtas Cónaidhme na Stát Aontaithe cén fáth ar cheart don Choimisiún glacadh le Qore mar pháirtí leasmhar faoin dlí lena rialaítear an t-imeacht seo, i.e. an bun-Rialachán. |
|
(6) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála. |
1.4. Barúlacha maidir leis an tionscnamh
|
(7) |
Chuir Lyondell Chemie Nederland B.V. (‘LYB’), Sahara International Petrochemical Co. (‘Sipchem’), Helm AG (‘Helm’), Qore LLC (‘Qore’), Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí agus Rialtas Cónaidhme na Stát Aontaithe barúlacha ar fáil maidir leis an ngearán agus maidir le tionscnamh an imscrúdaithe. |
|
(8) |
Ar dtús, thug an Coimisiún dá aire go ndearna sé a scrúdú ar an ngearán i gcomhréir le hAirteagal 5 den bhun-Rialachán agus tháinig sé ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais maidir le himscrúdú a thionscnamh, i.e. go raibh fianaise leordhóthanach ann chun an t-imscrúdú a thionscnamh. |
|
(9) |
De réir Airteagal 5(2) den bhun-Rialachán, cuimseoidh gearán faisnéis den sórt atá ar fáil go réasúnta don ghearánach. Tá an caighdeán dlíthiúil fianaise is gá chun imscrúdú a thionscnamh (fianaise ‘leordhóthanach’) difriúil uaidh sin is gá chun réamhchinneadh nó cinneadh críochnaitheach a dhéanamh gur ann don dumpáil, do dhíobháil nó do nasc cúisíoch. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh fianaise nach bhfuil leordhóthanach ó thaobh na cainníochta nó na cáilíochta de chun údar a thabhairt le réamhchinneadh nó cinneadh críochnaitheach gur ann do dhumpáil, do dhíobháil nó do chúisíocht a bheith leordhóthanach mar sin féin chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh. |
|
(10) |
De bhun Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán, meastar gur gearán ‘ón tionscal de chuid an Aontais nó thar ceann an tionscail de chuid an Aontais atá ann’ má fhaigheann an gearán sin tacaíocht ó tháirgeoirí an Aontais arb é atá i gceist lena n-aschur comhchoiteann níos mó na 50 % de tháirgeacht iomlán an táirge chomhchosúil arna tháirgeadh ag an gcuid sin de thionscal an Aontais atá ag cur a seasamh in iúl i leith an ghearáin – bíodh an seasamh sin i bhfabhar nó ina aghaidh, agus, ar an dara dul síos, má fhaigheann an gearán tacaíocht ó tháirgeoirí an Aontais arb é atá i gceist lena a n-aschur comhchoiteann níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán an táirge chomhchosúil arna tháirgeadh ag tionscal an Aontais. |
|
(11) |
Bhí fadhb ag LYB le hanailís an Choimisiúin ar an méid tacaíochta a bhí ann don ghearán (‘an anailís chun a fháil amach an bhfuil údar le himeachtaí a thionscnamh’). Go coincréiteach, mhaígh sé nár cheart an t-imscrúdú a thionscnamh i ndáil leis an Araib Shádach agus SAM, ós rud é nár chomhlíon an gearánach an ceanglas seasta faoi Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán, ós rud é gur ó LYB amháin a tháinig níos mó ná leath de tháirgeacht an táirge lena mbaineann i measc na dtáirgeoirí sin de chuid an Aontais a chuir a seasamh in iúl maidir leis an imscrúdú agus a chuir seasamh ‘neodrach’ in iúl maidir le tionscnamh an imscrúdaithe toisc ‘nach raibh aon ábhar imní aige a mhéid a bhaineann le hallmhairí ón Araib Shádach agus ó SAM’, agus go raibh sé ‘i bhfabhar imscrúdú a dhéanamh ar allmhairí de thionscnamh na Síne’. |
|
(12) |
D’áitigh Sipchem freisin gur cheart deireadh a chur leis an imscrúdú a mhéid a bhaineann le hallmhairí 1,4-Bútáindé-óil ón Araib Shádach agus ó SAM. Go coincréiteach, mhaígh Sipchem go ndearna an Coimisiún earráid faoi dhó ina anailís chun a fháil amach an bhfuil údar le himeachtaí a thionscnamh: ar an gcéad dul síos, á mheas go raibh LYB neodrach maidir leis an imscrúdú a mhéid a bhaineann le hallmhairí 1,4-Bútáindé-óil ón Araib Shádach agus ó SAM, agus, ar an dara dul síos, ag teacht ar an gconclúid gur chomhlíon an gearán Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, tháinig Sipchem ar an gconclúid gur tionscnaíodh an t-imscrúdú go héagórach a mhéid a bhaineann le hallmhairí 1,4-Bútáindé-óil ón Araib Shádach agus ó SAM, agus, dá bhrí sin, d’iarr sé ar an gCoimisiún é a fhoirceannadh láithreach ach amháin i gcás na Síne. |
|
(13) |
Mhaígh Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí freisin nár éirigh leis an ngearánach a léiriú gurbh uaithi a tháinig cion mór de tháirgeacht 1,4-Bútáindé-óil an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus dá bhrí sin nach raibh bonn cirt le himeachtaí a thionscnamh ina leith. Chuir Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí i dtábhacht gur thug an gearánach féin le fios gurbh uaidhsan a tháinig 39,1 % de tháirgeacht iomlán an Aontais i gcás an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, gan aon fhianaise a léiríonn seasamh an dá tháirgeoir eile de chuid an Aontais, i.e. LBY agus Novamont, ní féidir glacadh leis, de réir Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí, gur comhlíonadh an tairseach 50 % chun imeachtaí a thionscnamh. |
|
(14) |
Maidir leis an anailís chun a fháil amach an raibh gá le himeachtaí a thionscnamh, an 2 Meitheamh 2025 d’eisigh an Coimisiún nóta le haghaidh an chomhaid maidir leis an anailís sin le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Suíodh san anailís gur cuideachtaí a thacaigh leis an ngearán a bhí i gceist le idir 45 % agus 46 % de tháirgeacht iomlán an Aontais in 2024, agus nár tháinig aon táirgeoir chun cinn a chuir in iúl go raibh sé in aghaidh an ghearáin, agus gur chuir táirgeoir amháin seasamh neodrach in iúl. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlíonadh coinníollacha Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán a mhéid a bhaineann leis an gceanglas gur gá do thionscal an Aontas an gearán a dhéanamh nó gur gá an gearán a dhéanamh thar a ceann. Luaigh LYB seasamh neodrach go sainráite. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(15) |
Ar an dara dul síos, de réir LYB, ba cheart aghaidh a thabhairt ar allmhairí ó SAM ar leithligh ó allmhairí ón Araib Shádach agus ón tSín ós rud é go meastar nach raibh siad faoi réir na gcoinníollacha iomaíochta céanna agus, dá bhrí sin, nár cheart iad a charnadh le hallmhairí ó SAM. De réir LYB, (i) ní dhearna ach dhá tháirgeoir de chuid an Aontais allmhairí 1,4-Bútáindé-óil de thionscnamh SAM a ghlacadh, i.e. LYB féin agus BASF; (ii) ba dhócha go raibh an chuid is mó de na hallmhairí sin le haghaidh tomhaltas faoi chuing ag tionscal an Aontais, agus (iii) níor allmhairíodh na méideanna a bhí fágtha lena ndíol go díreach le custaiméirí neamhspleácha ar mhargadh an Aontais. Rinne Sipchem maímh chomhchosúla maidir le hallmhairí ón Araib Shádach. |
|
(16) |
Chinn an Coimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le carnadh na dtíortha lena mbaineann ag céim an ghearáin ar bhonn na faisnéise agus na staitisticí a bhí ar fáil. |
|
(17) |
Fuarthas go raibh na corrlaigh dhumpála sa ghearán os cionn de minimis. Mar a léirigh staitisticí allmhairiúcháin oifigiúla a bhí ar fáil, ní raibh allmhairí dumpáilte diomaibhseach i dtéarmaí méideanna i gcás na dtíortha uile lena mbaineann. Thairis sin, measadh go raibh na coinníollacha iomaíochta comhchosúil, ar na cúiseanna seo a leanas
|
|
(18) |
Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh nár cheart allmhairí ó na tíortha lena mbaineann a bheith carntha tráth an tionscnaimh. Ina theannta sin, tugadh aghaidh ar bharúlacha maidir le carnadh i roinn 4.3 ‘Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann’ den rialachán seo. |
|
(19) |
D’áitigh LYB gurbh iad allmhairí 1,4-Bútáindé-óil ón tSín ba chúis go díreach le haon díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, d’áitigh LYB go raibh iompraíocht phraghsála thionscal 1,4-Bútáindé-óil na Síne freagrach as staid thionscal an Aontais. Mar thoradh air sin, ní fhéadfadh tionscal an Aontais ach iompraíocht phraghsála thionscal 1,4-Bútáindé-óil na Síne a leanúint, ionas nach mbeadh sé faoi bhrú mar gheall ar an mborradh ar allmhairí 1,4-Bútáindé-óil ón tSín. Dar le LYB, bhí comhtharlú díreach ama idir an borradh ar allmhairí 1,4-Bútáindé-óil ón tSín in 2023 agus, an tráth céanna, laghdú fóinteach ar tháirgeacht thionscal an Aontais, a d’aisiompaigh ansin in 2024 nuair a thosaigh tionscal an Aontais ag téarnamh. Maidir leis an laghdú ar allmhairí 1,4-Bútáindé-óil na Síne, dhearbhaigh LYB nach athrú córasach é ar chleachtais dumpála thionscal na Síne, ach gur mar gheall ar chinneadh BASF dífheistiú óna chomhfhiontair sa tSín a tharla sé. Go sonrach, d’áitigh LYB go raibh an laghdú ar allmhairí ón tSín ag gabháil le treocht chobhsaí choibhneasta na n-allmhairí ó SAM in 2023 agus 2024, ós rud é, chun caillteanas an tsoláthair ón tSín a shárú, go raibh ar BASF dul i muinín 1,4-Bútáindé-óil a allmhairíodh ó SAM. Chuir LYB i dtábhacht, áfach, go raibh treocht den sórt sin saorga ós rud é gur bhain BASF úsáid as allmhairí 1,4-Bútáindé-óil SAM le haghaidh tomhaltas faoi chuing amháin. |
|
(20) |
Ní dhéanann an Coimisiún agóid gur chuir allmhairí dumpáilte ón tSín agus iompraíocht praghsanna leis an díobháil do thionscal an Aontais. Mar sin féin, níorbh fhéidir teacht ar an gconclúid ar bhonn an ghearáin a cuireadh isteach gurbh iad na hallmhairí ón tSín amháin ba chúis leis an díobháil. Soláthraíodh fianaise leordhóthanach sa ghearán maidir le ról allmhairí SAM agus na hAraibe Sádaí ó thaobh díobháil a dhéanamh do thionscal an Aontais, amhail, mar shampla, méid mór méadaithe na n-allmhairí agus na sciartha den mhargadh san Aontas, mar aon le praghsanna a laghdaíodh go mór agus go leanúnach mar gheall ar allmhairí ó SAM agus ón Araib Shádach sa tréimhse a úsáideadh sa ghearán. Ina theannta sin, bunaithe ar an ngearán, d’fhéadfadh an Coimisiún breathnú ar ghearrdhíol, sladghearradh agus dumpáil ó na tíortha lena mbaineann. Ar deireadh, rinneadh tuilleadh anailíse ar na barúlacha sin freisin mar chuid den mheasúnú díobhála agus den chúisíocht. |
|
(21) |
Mhaígh LYB go ndéanfadh bearta frithdhumpála in aghaidh SAM dochar díreach do leas an Aontais, ós rud é gur mheas LYB gur ‘líne tharrthála ríthábhachtach do thionscal an Aontais’ é soláthar 1,4-Bútáindé-óil SAM ós rud é go raibh sé comhtháite go dlúth le táirgeadh an Aontais, agus é ag fónamh do BASF le haghaidh úsáid faoi chuing agus do LYB in imthosca eisceachtúla chun easnaimh táirgeachta a shárú. Mhaígh Qore go ndéanfadh forchur na beart frithdhumpála ar allmhairí 1,4-Bútáindé-óil ó SAM dochar d’úsáideoirí iartheachtacha an Aontais. D’ardaigh Chimica Organica Industriale Milanese S.p.a. (‘COIM’), úsáideoir de chuid an Aontais maidir leis an táirge lena mbaineann, maímh chomhchosúla, is é sin go mbeadh forchur na mbeart in aghaidh leas an Aontais toisc (i) go mbeadh tionchar diúltach aige mar gheall ar an gcarnadh le dleachtanna frithdhumpála a d’fhéadfadh a bheith ann ar aigéad aidipeach ón tSín, (ii) go ndéanfadh sé dochar do thionscal iartheachtach an Aontais, (iii) go mbeadh úsáideoirí an Aontais spleách ar an ngearánach, agus (iv) go ndéanfadh sé dochar do sheasamh úsáideoirí an Aontais in aghaidh iomaitheoirí ó thríú tíortha. Mar gheall ar an easpa leasa a líomhnaítear a bheith ag an Aontas, d’iarr COIM ar an gCoimisiún deireadh a chur leis an imscrúdú gan aon bheart a fhorchur. |
|
(22) |
Ní bhaineann breithnithe maidir le leas an Aontais le hábhar chun imscrúdú a thionscnamh. Dá bhrí sin, tugadh aghaidh ar na maímh sin faoi roinn 7.3 ‘Leas na n-úsáideoirí’ den rialachán seo. |
|
(23) |
Dhearbhaigh LYB gur cheart don Choimisiún réaltacht eacnamaíoch allmhairí 1,4-Bútáindé-óil SAM a áirithiú agus an corrlach díobhála á chinneadh. D’áitigh LYB gur cheart don Choimisiún an corrlach díobhála a shuí ar leibhéal an chorrlaigh sladghearrtha, agus, dá bhrí sin, nár cheart dó praghas onnmhairiúcháin 1,4-Bútáindé-óil SAM a choigeartú de bhun Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán, ná praghas onnmhairiúcháin ‘saorga agus iomlán hipitéiseach’ (4) ag teorainn an Aontais a ríomh. Dá bhrí sin, tháinig LYB ar an gconclúid gur cheart an chomparáid praghsanna a dhéanamh tríd an bpraghas iarbhír a d’íoc an chéad chustaiméir neamhspleách san Aontas. |
|
(24) |
Ní raibh maíomh den sórt sin ábhartha maidir le tionscnamh an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh dó. |
|
(25) |
D’áitigh Qore (i) nár bhain aon díobháil ábhartha do thionscal an Aontais; (ii) nár éirigh leis an ngearánach a léiriú go ndearna allmhairí 1,4-Bútáindé-óil SAM dochar do thionscal an Aontais; agus (iii) is fearr is féidir treochtaí praghsanna agus méideanna mar a chuirtear i láthair sa ghearán iad a mhíniú le cinntí inmheánacha thionscal an Aontais féin, le hathruithe ar an margadh iartheachtach agus le luaineacht chostasbhunaithe. |
|
(26) |
Níor sholáthair Qore aon fhianaise a thacaíonn lena mhaíomh, agus dá bhrí sin ní raibh bunús leis. Ina theannta sin, bunaithe ar an ngearán, bhí fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh díobháil amhail, mar shampla, méideanna, sciartha den mhargadh agus praghsanna díola a bhí laghdaithe go mór in éineacht le brabúsacht a bhí diúltach go mór mar de dheasca allmhairí dumpáilte. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh Qore. |
|
(27) |
D’áitigh Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí nár chomhlíon an gearán na ceanglais chun imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh toisc nach raibh fianaise leordhóthanach ann maidir le dumpáil, díobháil agus an nasc cúisíoch. |
|
(28) |
Is é an toradh a bhí ar an anailís ar an bhfianaise a chuir na gearánaigh ar fáil go raibh fianaise leordhóthanach prima facie sa ghearán maidir le dumpáil 1,4-Bútáindé-óil i margadh an Aontais. Go deimhin, cuireadh fianaise leordhóthanach ar fáil sa ghearán maidir le gnáthluachanna agus praghsanna onnmhairiúcháin araon le haghaidh na dtíortha uile lena mbaineann agus, ar an mbonn sin, suíodh corrlaigh dhumpála 87 % le haghaidh na Síne, 27 % le haghaidh na hAraibe Sádaí agus 57 % go 78 % le haghaidh na Stát Aontaithe. Maidir le díobháil agus cúisíocht, i gcomhréir le prionsabail Airteagal 2 den bhun-Rialachán, sholáthair an gearán fianaise prima facie gur bhain díobháil do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte na dtíortha a úsáideadh sa ghearán, mar shampla, bhí méadú mór ar an sciar den mhargadh a bhí ag na tíortha lena mbaineann san Aontas in éineacht le caillteanas substaintiúil ar an sciar den mhargadh a bhí ag an Aontas, allmhairí a tairgeadh ar phraghsanna a bhí á laghdú go leanúnach le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is é a bhí mar thoradh air sin, praghsanna a bhí níos ísle ná an costais táirgthe agus caillteanais mhóra ag táirgeoirí an Aontais. Ina theannta sin, cuireadh fianaise leordhóthanach ar fáil sa ghearán maidir le gearrdhíol agus sladghearradh. |
|
(29) |
Mhaígh Rialtas Cónaidhme na Stát Aontaithe go ndearna an Coimisiún earráid agus bith-1,4-Bútáindé-ól á chur san áireamh sa raon táirge in éineacht le 1,4-Bútáindé-ól iontaise mar gheall ar na difríochtaí bunúsacha idir an dá cheann. Thagair Rialtas Cónaidhme na Stát Aontaithe d’aighneacht Qore agus BASF, inar iarradh ar an gCoimisiún bith-1,4-Bútáindé-ól a eisiamh ó raon táirge an imscrúdaithe seo. Ar deireadh, d’áitigh Rialtas Cónaidhme na Stát Aontaithe gur cheart bith-1,4-Bútáindé-ól a scrúdú mar tháirge comhchosúil intíre ar leithligh ó 1,4-Bútáindé-ól. Chuir Chimica Organica Industriale Milanese S.p.a. (‘COIM’), úsáideoir de chuid an Aontais maidir leis an táirge lena mbaineann, i dtábhacht ag an tús go bhfuil difríocht bhunúsach idir bith-1,4-Bútáindé-ól agus 1,4-Bútáindé-ól iontaise. Tugtar aghaidh ar an iarraidh ar bhith-1,4-Bútáindé-ól a eisiamh ón raon táirge i roinn 2.4 ‘Maímh maidir leis an raon táirge’ den rialachán seo. |
|
(30) |
Ar thionscnamh an imscrúdaithe, d’áitigh COIM nach mbaineann aon díobháil ábhartha do thionscal an Aontais in éagmais aon difear mór sa phraghsanna idir 1,4-Bútáindé-ól a tháirgtear san Aontas agus 1,4-Bútáindé-ól a allmhairítear ó na tíortha lena mbaineann. In aon chás, níl aon díobháil líomhnaithe inchurtha i leith allmhairí 1,4-Bútáindé-óil ó na tíortha lena mbaineann, ach i leith chostais táirgthe mhéadaithe thionscal an Aontais amháin. |
|
(31) |
Thug an Coimisiún aird ar mhaímh COIM. Mar sin féin, níor sholáthair COIM fianaise maidir le haon cheann de na maímh a d’ardaigh sé. I gcomhréir le prionsabail Airteagal 3 den bhun-Rialachán, sholáthair an gearán fianaise leordhóthanach gur bhain díobháil do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte na dtíortha a measadh, mar shampla, bhí méadú mór ar an sciar den mhargadh a bhí ag na tíortha lena mbaineann san Aontas in éineacht le caillteanas mór ar an sciar den mhargadh a bhí ag an Aontas, allmhairí a bhí á dtairiscint ar phraghsanna a bhí ag laghdú go leanúnach le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ina theannta sin, cuireadh fianaise prima facie ar fáil sa ghearán maidir le gearrdhíol agus sladghearradh. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh COIM. |
1.5. Sampláil
|
(32) |
San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
Táirgeoirí an Aontais a shampláil
|
(33) |
San fhógra tionscnaimh uaidh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Is éard a bhí sa sampla sin gach ceann de na 3 tháirgeoir de chuid an Aontais a ghlac páirt sa phróiseas samplála. Ba iad sin:
|
|
(34) |
Na táirgeoirí sampláilte san Aontas, is iadsan a rinne níos mó ná 70 % de chainníochtaí táirgeachta agus díola ar mhargadh an Aontais. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an sampla. Measadh go raibh an sampla ionadaíoch do thionscal an Aontais. |
Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil
|
(35) |
Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fhógra tionscnaimh a sholáthar. |
|
(36) |
Níor sholáthair aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a iarradh agus níor thoiligh aon cheann acu a bheith san áireamh sa sampla. Tugadh treoir d’úsáideoirí/allmhaireoirí tionsclaíocha a tháinig chun cinn sa phróiseas sin mar pháirtithe leasmhara ceistneoirí do na húsáideoirí a líonadh isteach. I bhfianaise an mhéid sin, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil. |
Táirgeoirí onnmhairiúcháin a shampláil
|
(37) |
Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta sa tSín agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach, ar Mhisean Ríocht na hAraibe Sádaí chuig an Aontas Eorpach agus ar Mhisean Stáit Aontaithe Mheiriceá chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh. |
|
(38) |
Maidir leis an tSín, sholáthair sé tháirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de dhá tháirgeoir ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d’onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú laistigh den tréimhse a bhí ar fáil. D’iarr táirgeoir onnmhairiúcháin amháin, Shandong Yuanli Science and Technology Co., Ltd. (‘Shandong Yuanli’), trí bhíthin aighneacht a comhdaíodh in éineacht lena fhreagra samplála, go ndéanfaí é a shampláil mar gheall ar shainiúlachtaí 1,4-Bútáindé-óil a tháirg sé. Rinne an Coimisiún anailís ar an iarraidh agus ar an bhfreagra samplála agus tháinig sé ar an gconclúid nach raibh údar leis toisc, nuair a bhreathnaítear ar na sainiúlachtaí sin ina n-aonar in éineacht leis an méid allmhairí ó Shandong Yuanli, ní rud é sin a thabharfadh údar le Shandong Yuanli a áireamh i sampla a roghnaíodh ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den am a bhí ar fáil. |
|
(39) |
I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle le gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann agus le húdaráis na dtíortha lena mbaineann maidir le roghnú an tsampla. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(40) |
Maidir le SAM, sholáthair dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil. |
|
(41) |
An 23 Meitheamh 2025, chuir an Coimisiún an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Stát Aontaithe ar an eolas faoina chinneadh gan sampláil a dhéanamh, agus thug sé 30 lá dóibh a bhfreagraí ar an gceistneoir a chur isteach. |
1.6. Scrúdú aonair
|
(42) |
Níor iarr aon táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín, san Araib Shádach ná i Stáit Aontaithe Mheiriceá scrúdú aonair faoi Airteagal 17(3) den bhun-Rialachán. |
1.7. Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin
|
(43) |
Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le saobhadh suntasach a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(44) |
Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig táirgeoirí aitheanta de chuid an Aontais, táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte sa tSín, táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus san Araib Shádach, allmhaireoirí agus úsáideoirí aitheanta. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (5) lá an tionscnaimh. |
|
(45) |
An 8 Iúil 2025, chuir ceann de tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Stát Aontaithe, BASF Corporation (SAM), an Coimisiún ar an eolas nach gcuirfeadh sé an freagra ar an gceistneoir isteach. Chuaigh an sprioc-am chun an freagra ar an gceistneoir a chur isteach in éag an 23 Iúil 2025. An 1 Lúnasa 2025, sheol an Coimisiún litir chuig BASF Corporation inar cuireadh in iúl dóibh go raibh sé beartaithe aige Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(46) |
Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh sealadach a dhéanamh maidir le dumpáil, an díobháil dá deasca, agus leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:
|
1.8. An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(47) |
Chumhdaigh an t-imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Chumhdaigh an t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
2. AN TÁIRGE FAOI IMSCRÚDÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi imscrúdú
|
(48) |
Is é 1,4-Bútáindé-ól an táirge faoi imscrúdú a thagann de ghnáth faoi uimhir chlárúcháin Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS) 110-63-4 agus a aicmítear de ghnáth i bhFardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EINECS) faoin uimhir CE 203-786-5 agus a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC 2905 39 26 agus 2905 39 28 (‘an táirge faoi imscrúdú’). |
|
(49) |
Áirítear an méid seo a leanas ar phríomhphróisis táirgthe 1,4-Bútáindé-óil: i) Próiseas Reppe trí úsáid a bhaint as aicéitiléin; ii) próiseas N-Bútáin/Ainhidríde Mailéach, a thiontaíonn ainhidríd mhailéach go bútáindé-ól nó n-bútán go hainhidríd mhailéach; iii) Próiseas Ocsaíde Próipiléine, ina n-úsáidtear ocsaíd phróipiléine chun alcól aillile a dhéanamh; iv) Bithphróiseáil ina n-úsáidtear siúcraí, ábhar bithmhaise nó comhdhúile eile carbónbhunaithe. |
|
(50) |
Úsáidtear 1,4-Bútáindé-ól i dtáirgeadh raon leathan táirgí ceimiceacha iartheachtacha lena n-áirítear teireataláit pholabúitiléine, teireataláit adapáite pholabúitiléine, polúireatán, poileistear sáithithe, teitrihidreafúrán, pioróladón n-meitile, comhphoileistear teirmeaplaisteach agus gáma-bútarachtón, a úsáidtear ansin ar deireadh i raon leathan feidhmeanna, lena n-áirítear sna hearnálacha gluaisteán, cosanta, teicstílí, plaisteach, leictreonaice, tógála, ceallraí, cógaisíochta agus cosmaidí. |
2.2. An táirge lena mbaineann
|
(51) |
Is é an táirge lena mbaineann an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na Síne, na hAraibe Sádaí agus SAM, a thagann de ghnáth faoi uimhir chlárúcháin Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS) 110-63-4 agus a aicmítear de ghnáth i bhFardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EINECS) faoin uimhir CE 203-786-5, agus a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC 2905 39 26 (‘bith-1,4-Bútáindé-ól’), agus 2905 39 28 (‘1,4-Bútáindé-ól eile’ nó ‘1,4-Bútáindé-ól iontaise-bhunaithe’). |
2.3. An táirge comhchosúil
|
(52) |
Léirigh an t-imscrúdú gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna atá ag na táirgí seo a leanas:
|
|
(53) |
Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
2.4. Maímh maidir le raon feidhme an táirge
|
(54) |
Thug BASF, Helm AG, COIM agus Qore barúlacha inar iarr siad go n-eisiafaí 1,4-Bútáindé-ól a dhíorthaítear ó chion carbóin bhithbhunaithe 100 % de réir maise, a aicmítear faoi chód AC 2905 39 26 nó ‘bith-1,4-Bútáindé-ól’, ón táirge faoi imscrúdú agus, dá bhrí sin, ó raon feidhme na mbeart. Chuir na páirtithe sin roinnt difríochtaí in iúl idir bith-1,4-Bútáindé-ól agus 1,4-Bútáindé-ól iontaise-bhunaithe. |
|
(55) |
Ba iad seo a leanas na príomhdhifríochtaí a áitíodh:
|
|
(56) |
San imscrúdú, chinn an Coimisiún go bhfuil roinnt próisis táirgthe éagsúla ag 1,4-Bútáindé-ól, le húsáid éagsúil amhábhar, lena n-áirítear le haghaidh bith-1,4-Bútáindé-óil agus 1,4-Bútáindé-ól eile araon. Mar shampla, is iondúil go dtáirgtear bith-1,4-Bútáindé-ól trí úsáid a bhaint as coipeadh siúcraí le baictéir E. coli, modhanna fúrfúral nó aigéid shucsainigh, mar shampla, agus is féidir é a tháirgeadh trí úsáid a bhaint as raon leathan amhábhar éagsúil lena n-áirítear arbhar, dramhaíl talmhaíochta, cána siúcra nó cruithneacht. Táirgtear 1,4-Bútáindé-ól eile de ghnáth trí úsáid a bhaint as ábhair iontaise-bhunaithe, le próisis mhonaraíochta iolracha, amhail an próiseas Reppe trí úsáid a bhaint as aicéitiléin, próiseas N-Bútáin/Ainhidríde Mailéach trína ndéantar ainhidríd mhailéach de bhútáindé-ól nó n-bútán go hainhidríd mhailéach nó próiseas Ocsaíde Próipiléine, a úsáideann ocsaíd phróipiléine chun alcól aillile a fhoirmiú. D’áitigh na páirtithe go ndéanann an próiseas táirgthe agus úsáid éagsúil amhábhar le haghaidh bith-1,4-Bútáindé-óil difear do shaintréithe fisiceacha, do shaintréithe ceimiceacha agus d’úsáid bheartaithe 1,4-Bútáindé-óil, agus go bhfuil na difríochtaí sa phróiseas táirgthe ríthábhachtach, rud a fhágann go bhfuil siad ríthábhachtach ó thaobh saintréithe fisiceacha, braistint tomhaltóirí agus difríochtaí idir úsáidí deiridh idir an dá tháirge (bith-1,4-Bútáindé-ól agus 1,4-Bútáindé-ól eile). |
|
(57) |
Thug an Coimisiún dá aire, áfach, de réir aighneacht BASF féin, gur féidir an dá tháirge 1,4-Bútáindé-óil a úsáid go hidirmhalartach, toisc go bhfuil 1,4-Bútáindé-ól eile agus bith-1,4-Bútáindé-ól ‘... comhionann go ceimiceach (C4H10O2) agus go bhfuil na saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha céanna acu, is é sin go bhfuil siad gan dath, gur leachtanna slaodacha iad le boladh éadrom agus gan aon difríocht ó thaobh meáchain de’, d’ainneoin próiseas táirgthe éagsúil a bheith acu nó úsáid éagsúil a bheith á baint as na hamhábhair. Ina theannta sin, d’áitigh INEOS, agus deimhníodh le haighneacht Novamont é, cé gur féidir 1,4-Bútáindé-ól a tháirgeadh le hamhábhair éagsúla agus trí phróisis táirgthe éagsúla, nach bhfuil aon tionchar ag na difríochtaí táirgthe sin ar thoradh deiridh an táirge iartheachtach. Ina theannta sin, dheimhnigh BASF, INEOS agus Novamont go bhfuil idir-inoibritheacht iomlán ann idir 1,4-Bútáindé-ól bithbhunaithe agus 1,4-Bútáindé-ól eile le haghaidh táirgí iartheachtacha, agus iad comhionann go ceimiceach. D’ainneoin na difríochta leithne idir na hamhábhair agus an próiseas táirgthe a breathnaíodh i gcás 1,4-Bútáindé-óil (bith-1,4-Bútáindé-ól agus 1,4-Bútáindé-ól eile araon), shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe go n-úsáidtear na táirgí go hidirmhalartach, go bhfuil na saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna acu, agus go bhfuil na húsáidí deiridh céanna acu. |
|
(58) |
D’áitigh BASF go gcaillfí ‘cion bithbhunaithe’ an táirge deiridh dá gcuirfí 1,4-Bútáindé-ól eile in ionad bith-1,4-Bútáindé-óil, mar shampla i mbithphlaistigh agus i dteireataláit adapáite pholabúitiléine. Ar an gcaoi chéanna, d’áitigh Qore nach bhfuil biththáirge 1,4-Bútáindé-óil inmhalartaithe le 1,4-Bútáindé-ól iontaise-bhunaithe gan maímh na dtomhaltóirí iartheachtacha a neamhbhailíochtú. D’áitigh Helm AG ar a sheal nach táirgí idirmhalartaithe iad bith-1,4-Bútáindé-ól agus 1,4-Bútáindé-ól eile, agus ‘go bhfuil bith-1,4-Bútáindé-ól ríthábhachtach d’fheidhmeanna speisialaithe a éilíonn saintréithe inbhuanaithe nach féidir 1,4-Bútáindé-ól traidisiúnta a úsáid ina leith’. Mar sin féin, chinn an Coimisiún, mar a d’áitigh Novamont freisin, gur féidir an dá tháirge 1,4-Bútáindé-óil a úsáid go hidirmhalartach agus le leibhéil éagsúla mheascáin chun raon táirgí iartheachtacha a tháirgeadh san Aontas, lena n-áirítear táirgí faoi theireataláit adapáite pholabúitiléine nó bithphlaistigh. Níor thug na héilitheoirí aon sampla sonrach eile maidir leis an gcaoi a bhféadfadh úsáid éagsúil 1,4-Bútáindé-óil agus bith-1,4-Bútáindé-óil difear a dhéanamh do thomhaltóirí iartheachtacha agus/nó do tháirgí iartheachtacha. Thug an Coimisiún dá aire, áfach, go bhfuil na móilíní céanna agus na bunfheidhmeanna céanna ag bith-1,4-Bútáindé-ól agus 1,4-Bútáindé-ól eile agus go bhfuil siad inmhalartaithe, d’ainneoin gur fearr le custaiméirí iartheachtacha meascáin éagsúla 1,4-Bútáindé-óil dá ndearadh táirgí iartheachtacha nó dá gcúiseanna margaíochta. Ina theannta sin, soiléirítear in aighneacht BASF féin gur féidir bith-1,4-Bútáindé-ól agus 1,4-Bútáindé-ól eile araon a úsáid chun teireataláit adapáite pholabúitiléine nó plaistigh in-bhithdhíghrádaithe a tháirgeadh. In aon chás, de réir mar a mhínigh INEOS, d’fhéadfaí 1,4-Bútáindé-ól iontaise-bhunaithe a tháirgeadh go teicniúil le lorg carbóin níos ísle ar an iomlán ná 1,4-Bútáindé-ól bithbhunaithe, rud a d’fhágfadh go mbeadh feidhmeanna níos leithne ann agus go bhféadfadh tomhaltas CO2 úsáideoirí iartheachtacha 1,4-Bútáindé-óil a bheith níos ísle. |
|
(59) |
D’áitigh Helm AG go bhfuil braistint tomhaltóirí atá go hiomlán difriúil ag bith-1,4-Bútáindé-ól i gcomparáid le braistint gnáth-1,4-Bútáindé-ól agus go ndéantar bith-1,4-Bútáindé-ól a mhargú mar ionchur ‘glas’, bithbhunaithe ísealcharbóin, agus 1,4-Bútáindé-ól eile a mhargaítear go príomha mar cheimiceán tráchtearraí agus go n-úsáidtear é thar réimse leathan feidhmeanna tionsclaíocha i gcás nach saincheist é ábhar bithbhunaithe ná inrianaitheacht. D’áitigh Qore gurb ann do mhargadh bith-1,4-Bútáindé-óil san Aontas, ní mar rogha dheonach do thomhaltóirí amháin, ach mar gheall ar chonarthaí ceangailteacha le custaiméirí nó dlí an Aontais nach bhfuil 1,4-Bútáindé-ól ina ionadaí do bhith-1,4-Bútáindé-ól, toisc ‘go gcuirfeadh sé isteach ar shonraíochtaí inbhuanaitheachta nó go gcuirfeadh sé éilimh ar tháirgí atá bunaithe ar dheimhniú ó bhail’. Dúirt na páirtithe nach mbíonn bith-1,4-Bútáindé-ól in iomaíocht le 1,4-Bútáindé-ól eile de ghnáth. Thug an Coimisiún dá aire, áfach, go n-úsáidtear 1,4-Bútáindé-ól ó fhoinsí iontaise agus bith-1,4-Bútáindé-ól go hidirmhalartach chun táirgí iartheachtacha éagsúla a tháirgeadh, lena n-áirítear táirgí deimhnithe nó in-bhithdhíghrádaithe, agus go ndéanann úsáideoirí an meascán 1,4-Bútáindé-ól a choigeartú nuair is gá. Dá bhrí sin, tá an úsáid chéanna ag bith-1,4-Bútáindé-ól agus 1,4-Bútáindé-ól eile araon, tá siad mar chuid den phróiseas monaraíochta céanna do tháirgí iartheachtacha agus tá siad in iomaíocht lena chéile san Aontas. |
|
(60) |
D’áitigh BASF, Helm AG agus Qore go bhfuil próiseas táirgthe difriúil ag bith-1,4-Bútáindé-ól, rud a thabhaíonn níos mó costas agus praghas díola dá bhrí sin, rud a d’fhéadfadh tomhaltóirí agus úsáidí éagsúla a bheith mar thoradh air ná 1,4-Bútáindé-ól eile, agus easpa iomaíochta idir an dá tháirge (bith-1,4-Bútáindé-ól agus 1,4-Bútáindé-ól eile) mar gheall ar phraghsáil éagsúil. Mar sin féin, thug an Coimisiún dá aire go bhféadfadh athrú teacht ar an éagsúlacht sa phraghas amach anseo agus go bhféadfadh sé a bheith sealadach: (i) mar a mhínigh BASF agus Qore, tá acmhainneacht Bith-1,4-Bútáindé-óil nua á suiteáil a bhféadfadh soláthar breise chuig an Aontas a bheith mar thoradh uirthi, trí theicneolaíocht táirgthe nua a úsáid, agus trí phraghsanna a ísliú; (ii) braitheann cuid mhór den chostas ar raon leathan luaineach amhábhar, de réir mar a áitíonn BASF, agus ós rud é go bhfuil na hamhábhair faoi réir athruithe ar phraghsanna mar gheall ar a gcineál luaineach, d’fhéadfadh sé go n-eascródh praghas níos ísle astu freisin amach anseo, i gcomparáid leis an bpróiseas monaraíochta 1,4-Bútáindé-óil iontaise. Go deimhin, thug an Coimisiún dá aire, de réir aighneacht Novamont, gur éirigh bith-1,4-Bútáindé-ól níos buntáistí go heacnamaíoch cheana féin ná 1,4-Bútáindé-ól eile le linn tréimhsí áirithe 2021-2023 nuair a tháinig méadú tobann ar phraghsanna gáis agus ola. In aon chás, ní thugann difríocht sa phraghas amháin údar le bith-1,4-Bútáindé-ól a eisiamh ón raon táirge. |
|
(61) |
Thairis sin, d’áitigh BASF, Helm AG agus Qore, ós rud é nach dtáirgeann an gearánach, INEOS, bith-1,4-Bútáindé-ól, gur cheart é a eisiamh ón imscrúdú. Ina theannta sin, d’áitigh Helm AG nach n-allmhairítear bith-1,4-Bútáindé-ól isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann, ná nach dtáirgtear lasmuigh den Aontas é agus, dá bhrí sin, nach féidir é a dhumpáil. Mar sin féin, thug an Coimisiún dá aire gur allmhairíodh bith-1,4-Bútáindé-ól isteach san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar a deimhníodh sna cuairteanna fíorúcháin. Ina theannta sin, táirgeann táirgeoir i dtionscal an Aontais Novamont bith-1,4-Bútáindé-ól freisin. |
|
(62) |
Ar deireadh, d’áitigh Helm AG go léirítear an t-idirdhealú idir bith-1,4-Bútáindé-ól agus 1,4-Bútáindé-ól eile ina n-aicmiú custaim faoi seach, rud a chiallaíonn go n-aicmítear iad mar dhá tháirge éagsúla mar gheall ar na cóid AC éagsúla. Mar sin féin, baineann an dá chód AC go heisiach le 1,4-Bútáindé-ól, agus mar a mhínítear thuas, ní leor idirdhealú ar an bpróiseas táirgthe chun ceachtar den dá chineál 1,4-Bútáindé-ól a eisiamh ó raon táirge an imscrúdaithe. |
|
(63) |
Mar chonclúid, ní dhéanann an Coimisiún agóid go bhfuil difríochtaí idir bith-1,4-Bútáindé-ól agus 1,4-Bútáindé-ól eile i ndáil le hamhábhair ionchuir agus próisis táirgthe. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil na buntréithe teicniúla, ceimiceacha agus fisiceacha céanna ag an 1,4-Bútáindé-ól bithbhunaithe agus atá ag an 1,4-Bútáindé-ól iontaise-bhunaithe agus go bhfuil a n-úsáidí inmhalartaithe den chuid is mó, níor measadh go raibh na difríochtaí a chuir páirtithe leasmhara i dtábhacht cinntitheach agus ba cheart na táirgí a mheas mar tháirge aonair amháin. Ina theannta sin, tá na modhanna táirgthe agus na difríochtaí amhábhair sin ann freisin laistigh d’aicmiú táirge bith-1,4-Bútáindé-óil 1,4-Bútáindé-óil eile. Ina theannta sin, is féidir táirge a bhfuil lorg carbóin íseal aige (glas) a dhéanamh go teicniúil as foinsí iontaise-bhunaithe freisin, rud a chiallaíonn gur féidir 1,4-Bútáindé-ól eile a sholáthar do chustaiméirí a dteastaíonn táirge glas uathu. Is féidir costais agus praghsanna díola níos airde a bheith ag táirgí bith-1,4-Bútáindé-óil, ach bíonn éagsúlacht sna costais agus sna praghsanna díola sin agus d’fhéadfaidís cóineasú nó d’fhéadfaidís éirí níos saoire fiú. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh thuas chun bith-1,4-Bútáindé-ól a eisiamh ón raon táirge. |
3. DUMPÁIL
3.1. an tSín
3.1.1. Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán
|
(64) |
Ó tharla gur leor an fhianaise a bhí ar fáil i dtús an imscrúdaithe a thug le fios gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán maidir leis an tSín mheas an Coimisiún gurbh iomchuí tús a chur leis an imscrúdú i ndáil leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tír sin, ag féachaint d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
|
(65) |
Dá thoradh sin, chun na sonraí is gá a bhailiú chun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm amach anseo, d’iarr an Coimisiún, san fhógra tionscnaimh, ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín faisnéis a sholáthar maidir leis na hionchuir a úsáidtear chun bútáindé-ól a tháirgeadh. Chuir dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin an fhaisnéis ábhartha isteach. |
|
(66) |
D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá tar éis dháta fhoilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín. Ní bhfuarthas aon bharúil ó Rialtas na Síne maidir le húsáid na bhfíoras a bhí ar fáil. |
|
(67) |
I bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, de réir na fianaise a bhí ar fáil, go raibh an Mhalaeisia roghnaithe aige go sealadach mar thír ionadaíoch iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun Rialachán chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Shonraigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán. |
|
(68) |
An 18 Iúil 2025, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (‘an Nóta’) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear i dtáirgeadh 1,4-Bútáindé-óil. Sa bhreis air sin, ar bhonn na gcritéar a threoraíonn rogha na bpraghsanna nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún tíortha ionadaíocha féideartha, is iad sin an Bhrasaíl agus an Mhalaeisia, mar thír ionadaíoch iomchuí. Fuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an nóta ón ngearánach, LYB, agus Wanhua Chemical (Sichuan) Co., Ltd. in éineacht lena chuideachtaí comhlachaithe (‘Grúpa Wanhua’). |
|
(69) |
Thug an Coimisiún aghaidh go mion ar na barúlacha a fuarthas i roinn 3.1.2.4.1. Ar bhonn na mbarúlacha a fuarthas, shainaithin an Coimisiún na foinsí a bhfuil sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, agus gurb í an Bhrasaíl an tír ionadaíoch. Tháinig sé ar an gconclúid freisin go suífeadh sé costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘costais SGA’) agus brabúis bunaithe ar fhaisnéis a bhí ar fáil don tréimhse imscrúdúcháin le haghaidh Rhodia Brasil SA (‘Rhodia Brasil’), táirgeoir sa Bhrasaíl. |
3.1.2. An Gnáthluach
|
(70) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘[b]eidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’. |
|
(71) |
Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear … nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh mór sa tír sin de réir bhrí phointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ agus ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais riaracháin, díola agus ghinearálta’). |
|
(72) |
Mar a mhínítear thíos freisin, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. |
3.1.2.1.
|
(73) |
In imscrúduithe a rinneadh le déanaí maidir le hearnáil na gceimiceán sa tSín (6), shuigh an Coimisiún gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(74) |
Sna himscrúduithe sin, chinn an Coimisiún gur ann d’idirghabháil shubstainteach rialtais sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (7). Go háirithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach amháin gurbh ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil ceimiceán sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán (8), ach go bhfuil sé de chumas ar Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán (9). Chinn an Coimisiún thairis sin go bhfuil éifeacht saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais, agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de thoradh an chórais pleanála sa tSín, bíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (10). Thairis sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (11). Ar an gcaoi chéanna, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil ceimiceán de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (12), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le rochtain ar chaipiteal do ghníomhaithe corparáideacha sa tSín (13). |
|
(75) |
Mar a rinne sé sna himscrúduithe roimhe seo maidir le hearnáil ceimiceán na Síne, d’fhéach an Coimisiún san imscrúdú seo ar cé acu a bhí nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise a bhí san iarraidh, chomh maith le Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Mór i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála (14) (‘an Tuarascáil’), tuarascáil a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla rialtais i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin an staid shonrach margaidh san earnáil ábhartha a chuimsíonn an táirge faoi imscrúdú. Chuir an Coimisiún leis na heilimintí fianaiseacha sin lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gur ann do shaobhadh suntasach sa tSín, mar a fuarthas amach freisin in imscrúduithe a rinne sé roimhe seo i ndáil leis sin. |
|
(76) |
Líomhnaíodh sa ghearán gur ann do shaobhadh suntasach in earnáil bútáindé-óil na Síne. Rinneadh tagairt ann don Tuarascáil agus go háirithe do chóras eacnamaíoch na Síne a bheith ina ‘gheilleagar margaidh sóisialach’ agus do ról gníomhach Pháirtí Cumannach na Síne san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon sa tSín (15). |
|
(77) |
Go sonrach, chuir an gearán an méid seo a leanas in iúl:
|
|
(78) |
Mar chonclúid, ba é seasamh an ghearáin nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna ná costais, lena n-áirítear costais amhábhar, fuinnimh agus saothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ar an mbonn sin, de réir an ghearáin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás seo. |
|
(79) |
Scrúdaigh an Coimisiún cé acu an iomchuí nó nach iomchuí úsáid a bhaint as praghsanna agus costais intíre sa tSín i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir Airteagal 2(6a), pointe (b) den bhun-Rialachán. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla ón rialtas i ngeilleagar na Síne i gcoitinne, ach cumhdaíodh freisin staid shonrach an mhargaidh san earnáil ábhartha a chuimsíonn an táirge lena mbaineann. |
|
(80) |
I ndáil leis sin, rinne an Coimisiún measúnú ar dtús féachaint an bhfuil freastal nach beag á dhéanamh ar an earnáíl bútáindé-óil sa tSín ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi rialú, faoi mhaoirseacht bheartais nó faoi stiúir údaráis na Síne, de réir bhrí na chéad fhleisce d’Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Freastalaíonn cuideachtaí príobháideacha ar earnáil an táirge lena mbaineann, amhail Shandong Yuanli (23) (24), Inner Mongolia Dongjing Bioenvironmental Protection Ltd (25). atá 100 % i seilbh na cuideachta príobháidí Inner Mongolia Dongyuan Science and Technology Group Co., Ltd (26) (27)., chomh maith le cuideachtaí príobháideacha a bhfuil scairsheilbh mhionlaigh faoi úinéireacht stáit acu amhail Wanhua Chemical Group Co., Ltd. (28) (29). agus cuideachtaí faoi úinéireacht stáit amhail Xinjiang Markor Chemical Industry Co., Ltd (30)., Henan Kaixiang Fine Chemical Co. Ltd (31)., Xinjiang Blue Ridge Tunhe Energy Co. Ltd (32). nó Sinopec Group (33). Níorbh fhéidir an cóimheas cruinn idir táirgeoirí príobháideacha agus táirgeoirí faoi úinéireacht stáit i margadh 1,4-Bútáindé-óil a chinneadh. Chinn an Coimisiún, áfach, go bhfuil roinnt táirgeoirí faoi rialú díreach an Stáit. I measc na samplaí tá Xinjiang markor Chemical Industry Co., Ltd (34). chomh maith le Xinjiang Blue Ridge Tunhe Energy Co. Ltd (35)., agus an dá chuideachta faoi rialú deiridh Choimisiún Féinrialaithach Uigiúrach Xinjang um Maoirseacht agus Riarachán ar Shócmhainní faoi úinéireacht an Stáit. Thairis sin, is fiontar lárnach é Sinopec Group atá faoi rialú Choimisiún na Comhairle Stáit um Maoirseacht agus Riarachán ar Shócmhainní faoi úinéireacht Stáit (36) (‘SASAC’) agus táirgeann Sinopec 1,4-Bútáindé-ól agus cairbíd chailciam araon, ionchur a úsáidtear chun 1,4-Bútáindé-ól a tháirgeadh (37). |
|
(81) |
Mar sin féin, is gnách do Pháirtí Cumannach na Síne anois idirghabhálacha a dhéanamh sa chinnteoireacht oibríochtúil, ní hamháin i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit (38), ach i gcuideachtaí príobháideacha freisin, agus éilíonn Páirtí Cumannach na Síne ceannaireacht ar beagnach gach gné de gheilleagar na tíre. Go deimhin, is é an toradh a bhíonn ar thionchar an Stáit trí struchtúir Pháirtí Cumannach na Síne laistigh de chuideachtaí, go bunúsach, go mbíonn oibreoirí eacnamaíocha faoi smacht agus faoi mhaoirseacht bheartais an rialtais, i bhfianaise a mhéid a d’fhás struchtúir an Stáit agus an Pháirtí i dteannta a chéile sa tSín. |
|
(82) |
Fuarthas amach san imscrúdú gurb é Cónaidhm Thionscal Peitriliam agus Ceimiceán na Síne (39) (‘CPCIF’) an comhlachas náisiúnta tionscail lena gcumhdaítear an earnáil ceimiceáin agus go háirithe a Choiste Gairmiúil um Nua-Ábhair Cheimiceacha (40). Cloíonn CPCIF le ceannaireacht fhoriomlán Pháirtí Cumannach na Síne, cuireann sé gníomhaíochtaí an Pháirtí i gcrích, agus cuireann sé na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíochtaí an Pháirtí (41). Thairis sin, ‘is é an Aireacht Gnóthaí Sibhialta údarás clárúcháin agus bainistíochta an Chomhlachais’ (42) agus áirítear ar na coinníollacha chun bheith incháilithe mar ionadaí CPCIF ‘cloí le ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne, tacú leis an sóisialachas a bhfuil saintréithe Síneacha aige, seasamh, prionsabail agus beartais an Pháirtí a chur chun feidhme go diongbháilte, agus dea-cháilíochtaí polaitiúla a bheith acu’ (43). |
|
(83) |
Is comhaltaí de CPCIF (44) iad Sinopec Group chomh maith le Xinjiang Zhongtai Chemical Co. Ltd., cuideachta sealbhaíochta Xinjiang Markor Chemical Industry Co., Ltd. |
|
(84) |
Go sonrach, fuarthas amach san imscrúdú freisin gurb é Comhlachas Snáithíní Ceimiceacha na Síne (‘CSCS’) comhlachas náisiúnta tionscail eile a dhéanann ionadaíocht ar tháirgeoirí 1,4-Bútáindé-óil. Cloíonn CSCS le ceannaireacht fhoriomlán Pháirtí Cumannach na Síne, cuireann sé gníomhaíochtaí an Pháirtí i gcrích, agus cuireann sé na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíochtaí an Pháirtí (45). Thairis sin, ‘is é an Aireacht Gnóthaí Sibhialta údarás clárúcháin agus bainistíochta an Chomhlachais’ (46) agus áirítear ar na coinníollacha chun bheith incháilithe mar ionadaí CSCS ‘cloí le ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne, tacú leis an sóisialachas a bhfuil saintréithe Síneacha aige, seasamh, prionsabail agus beartais an Pháirtí a chur chun feidhme go diongbháilte, agus dea-cháilíochtaí polaitiúla a léiriú’ (47). |
|
(85) |
Tá Wanhua Chemical Group Co. Ltd chomh maith le heintitis éagsúla de chuid Sinopec Group ina gcomhaltaí de CSCS (48). |
|
(86) |
Tá fiontair faoi úinéireacht phoiblí agus fiontair faoi úinéireacht phríobháideach araon san earnáil ceimiceán faoi réir maoirseacht agus treoraíocht bheartais. Deimhnítear sna doiciméid bheartais is déanaí de chuid na Síne maidir leis an earnáil ceimiceán agus peitriceimiceán an tábhacht leanúnach a leagann Rialtas na Síne ar an earnáil, lena n-áirítear an rún chun idirghabháil a dhéanamh san earnáil chun í a mhúnlú i gcomhréir le beartais an rialtais. Léirítear é sin leis an 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta agus Peirspictíochtaí 2035, ar dá réir a bheartaíonn Rialtas na Síne ‘dlús a chur le claochlú agus uasghrádú príomhthionscal amhail ceimiceáin’ (49). |
|
(87) |
Go sonrach, sonraítear freisin sa Tuairim Threorach maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Peitriceimiceán agus Ceimiceán a Chur Chun Cinn le linn an 14ú Plean Cúig Bliana (50) (‘an Tuairim Threorach’) go ndéanfaidh Rialtas na Síne ‘dlús a chur le claochlú agus uasghrádú tionscal traidisiúnta, nua-ábhair cheimiceacha agus míncheimiceáin a fhorbairt go fuinniúil, [...] agus aistriú na Síne ó thír mhór peitriceimiceán agus ceimiceán go cumhacht láidir peitriceimiceán agus ceimiceán a chothú. […] Faoi 2025, [...] déanfar comhchruinniú tháirgeadh na dtáirgí bulc-cheimiceán a fheabhsú a thuilleadh, agus sroichfidh an ráta úsáide acmhainneachta níos mó ná 80 % (51). Freisin, déanfaidh Rialtas na Síne ‘coigeartú ar struchtúr tionsclaíoch a chur chun cinn: bearta sonracha a neartú agus scála an tionscail a rialáil go heolaíoch [agus] [rialú docht a dhéanamh ar acmhainneacht táirgeachta nua i dtionscail amhail [...] cairbíd chailciam, [...] agus dlús a chur le scor acmhainneachta táirgeachta atá neamhéifeachtúil agus as dáta; Forbairt ardleibhéil, éagsúlaithe agus ísealcharbóin thionscal na gceimiceán guail a chur chun cinn; agus tionscal nua-aimseartha na gceimiceán guail a fhorbairt go seasta agus go hordúil i gcomhréir le ceanglais na tosaíochta éiceolaíochta, an táirgthe uiscebhunaithe, an rialaithe cainníochta iomláin, agus na forbartha braislí’ (52). |
|
(88) |
Ar an gcaoi chéanna, sonraítear san Fhógra maidir le Forbairt Shláintiúil Thionscal Nua-Aimseartha na gCeimiceán Guail a Chur Chun Cinn (53)‘[b]unaithe ar leagan amach thionscal nua-aimseartha na gceimiceán guail a leagtar amach sa [14ú Plean Cúig Bliana], agus i gcomhréir le mórstraitéisí réigiúnacha [agus] straitéisí forbartha comhordaithe réigiúnacha’, [...] déanfaidh Rialtas na Síne ‘treoir phleanála a neartú a thuilleadh, leagan amach tionsclaíoch a bharrfheabhsú, agus cur chun feidhme brostaithe ardteicneolaíochta agus uasghráduithe trealaimh a chur chun cinn do thionscadail nua-aimseartha na gceimiceán guail atá ann cheana’ (54). |
|
(89) |
Thairis sin, leis an bPlean Oibre maidir le fás seasta an tionscail ceimiceán agus peitriceimiceán (2025-2026) (55) (‘an Plean Oibre’), féachtar le ‘tionscadail ó ghual go hola agus ó ghual go ceimiceáin a chur in úsáid go hiomchuí, agus taispeántais ar chur i bhfeidhm tionsclaíoch thionscal na gceimiceán guail a dhéanamh in éineacht le foinsí nua fuinnimh, ardábhair, teicneolaíocht agus trealamh, córais oibriúcháin thionsclaíocha’ (56) chomh maith le ‘braislí ardmhonaraíochta agus braislí tionsclaíocha sonracha d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus príomhfhiontair a chothú agus a neartú i réimsí na bpeitriceimiceán, na gceimiceán guail, na gceimiceán fosfair, na mbithcheimiceán agus na míncheimiceán’ (57). |
|
(90) |
Is féidir samplaí comhchosúla de rún údaráis na Síne maoirseacht agus treorú a dhéanamh ar fhorbairtí na hearnála bútáindé-óil a fháil ar leibhéal na gcúigí, amhail sa 14ú Plean Cúig Bliana de chuid Shandong maidir le Forbairt an Tionscail Ceimiceán atá ag iarraidh ‘uasghrádú an bhunúis thionsclaíoch agus nuachóiriú an tslabhra thionsclaíoch a chur chun cinn go cuimsitheach, dlús a chur le tarraingt siar na hacmhainneachta táirgeachta neamhéifeachtúla cúlánta, agus forbairt táirgí ceimiceacha a chur chun cinn i dtreo feidhmiú, feabhsú agus difreála. Treoraíocht a thabhairt d’fhiontair chun cumasc agus atheagrú a dhéanamh, leithdháileadh acmhainní agus struchtúr slabhra tionsclaíoch a bharrfheabhsú, agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht táirgeachta agus brabúsacht’ (58). Sonraítear ann freisin go mbeidh Rialtas na Síne ‘ag brath ar phríomhpháirceanna [ceimiceacha], go ndéanfaidh sé leithdháileadh acmhainní a bharrfheabhsú, go dtógfaidh sé roinnt mórthionscadal, [agus] go gcruthóidh sé patrún forbartha ceimiceán ardleibhéil le buntáistí teicniúla den scoth agus comhordú réigiúnach ordúil; [...] ról iomlán a thabhairt do na buntáistí a bhaineann le buntionscal na gceimiceán guail [...] agus dlús a chur le taighde, forbairt agus táirgeadh táirgí míncheimiceán iartheachtacha gualbhunaithe’ (59). |
|
(91) |
Go sonrach, liostaítear 1,4-Bútáindé-óil i gCatalóg na dtionscal spreagtha sna Réigiúin Thiar (2025) (60) mar thionscal spreagtha i roinnt cúigí amhail Ningxia, Guizhou agus Xinjiang. |
|
(92) |
Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán, shuigh an Coimisiún go bhfeidhmíonn cathaoirleach Shandong Yuanli mar rúnaí Bhrainse an Pháirtí freisin, agus tuairiscítear go leanann sé an prionsabal ‘go dtugann neartú an Pháirtí treoraíocht don fhiontar agus go bhfuil an Páirtí agus an chuideachta comhtháite go láidir’ (61). |
|
(93) |
Ina theannta sin, fuarthas amach san imscrúdú go bhfuil baint rialta ag Dongyuan Science and Technology Group Co. Ltd. le gníomhaíochtaí neartaithe Páirtí chun ‘caidre agus oibrithe a threorú chun tuiscint a fháil ar mhórgacht an Pháirtí’ (62). |
|
(94) |
Feidhmíonn cathaoirleach agus stiúrthóir Wanhua Chemical Group Co. Ltd faoi seach mar rúnaí agus leasrúnaí Choiste an Pháirtí freisin (63). |
|
(95) |
Thairis sin, feidhmíonn bainisteoir ginearálta Zhongtai Chemical, an mháthairchuideachta a bhfuil Xinjiang Markor Chemical Industry Co., Ltd ina seilbh aici, mar leas-rúnaí an choiste Páirtí freisin. |
|
(96) |
Ar an gcaoi chéanna, is é rúnaí an choiste Páirtí atá ina chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí Sinopec Group agus feidhmíonn roinnt comhaltaí den bhord mar leasrúnaithe an choiste Pháirtí (64). Dúirt Sinopec Group go bhfuil sé ar intinn aige ‘díriú ar mhisean nua na cuideachta agus ar thascanna nua ar an turas nua, spiorad féin-réabhlóideach an Pháirtí a thabhairt ar aghaidh, ceannaireacht an Pháirtí agus tógáil an Pháirtí a neartú ar bhealach ilfheidhmeach comhtháite, agus rialachas Páirtí cuimsitheach agus dian a chur chun cinn go córasach, d’fhonn ráthaíocht láidir a sholáthar chun caibidil nua de thionscal peitriceimiceán nua-aimseartha na Síne a scríobh’ (65). |
|
(97) |
Níorbh fhéidir a shuí go córasach gur ann do naisc phearsanta idir táirgeoirí bútáindé-óil sa tSín agus Páirtí Cumannach na Síne. Ós rud é, áfach, gur fo-earnáil den earnáil ceimiceán é an táirge faoi imscrúdú, mheas an Coimisiún go bhfuil an fhaisnéis a suíodh sna himscrúduithe a rinneadh le déanaí maidir leis an earnáil ceimiceán, mar a léirítear in aithris (74), ábhartha freisin don táirge faoi imscrúdú. |
|
(98) |
Thairis sin, tá beartais i bhfeidhm in san earnáil bútáindé-óil lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán. Shainaithin an Coimisiún roinnt doiciméad léiríonn go dtairbhíonn an tionscal bútáindé-óil de threorú agus d’idirghabháil rialtais san earnáil ceimiceán, ós rud é gur fo-earnáil den earnáil ceimiceán é an bútáindé-ól. |
|
(99) |
Measann Rialtas na Síne gur príomhthionscal é an tionscal ceimiceán (66). Deimhnítear é seo san iomad pleananna, treoracha agus doiciméid eile atá dírithe ar cheimiceáin, a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach. Faoin 14ú Plean Cúig Bliana, roghnaigh Rialtas na Síne an tionscal ceimiceán lena optamú agus lena uasghrádú (67). Ar an gcaoi chéanna, sonraítear sa 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt go ndéanfaidh Rialtas na Síne ‘An struchtúr eagraíochtúil a optamú: Príomhfhiontair a dhéanamh níos mó agus níos láidre. […] [T]acú le fiontair chun dlús a chur le cumaisc agus atheagrú trasréigiúnach agus trasúinéireachta, comhchruinniú tionsclaíoch a mhéadú, agus oibríochtaí idirnáisiúnta a dhéanamh. Grúpa príomhfhiontar sa slabhra tionsclaíoch le ceannasacht éiceolaíoch agus iomaíochas uathúil a chothú sna tionscail ceimiceán, peitriceimiceán, chruach, miotal neamhfheiriúil, ábhar tógála agus i dtionscail eile’ (68). |
|
(100) |
Go sonrach, d’eisigh cúige Shandong Plean Gníomhaíochta Ceannródaíoch um Fhorbairt Ardcháilíochta an Tionscail Ceimiceán Ardleibhéil (2021-2022) (69) agus roghnaigh sé ‘10 slabhra ardleibhéil den tionscal ceimiceán amhail ceimiceáin ghualbhunaithe, ábhair fluairín, polúireatán, níolón, agus ceimiceáin leictreonacha agus roghnaigh sé 25 fhiontar mar ‘cheannaire an tslabhra tionscail’.’ Tá 1,4-Bútáindé-ól ar cheann de na slabhraí tionscail a roghnaíodh agus ‘úsáidfidh cúige Shandong luaíochtaí airgeadais, cuirfidh sé taithí chun cinn, deonóidh sé tosaíochtaí agus úsáidfidh sé modhanna eile chun Wanhua Chemical Group Co. Ltd. a chur chun cinn. [...] agus fiontair eile chun a mbunbhuntáistí a neartú agus roinnt príomhfhiontar a chruthú a bhfuil scála mór, éifeachtúlacht mhaith agus cumas láidir nuálaíochta acu’ (70). |
|
(101) |
Ina theannta sin, in 2022 chuir Bardas Wuhai ‘tógáil príomhthionscadal chun cinn, […] réitigh sé go pras na deacrachtaí a bhí ann sa phróiseas maidir le tionscadail a chur chun cinn, rinne sé ullmhúcháin le haghaidh tosca táirgeachta éagsúla, agus d’áirithigh sé go ndearnadh dul chun cinn ar na tionscadail mar a bhí sceidealaithe […]. A bhuíochas leis an bhfócas ar nua-fhuinneamh agus nua-ábhair a thógáil, tá tógáil roinnt príomhthionscadal in [Wuhai] curtha chun cinn go tapa i mbliana. Tar éis breis agus bliain de dhiantógáil, le déanaí, d’éirigh leis an Inner Mongolia Dongjing Bioenvironmental Protection Technology Co., Ltd. an tionscadal 280 000 tona 1,4-bútáindé-óil a choimisiúnú a raibh aschur bliantúil 280 000 tona aige. Tar éis an tionscadal a chur i bhfeidhm go hoifigiúil, beidh aschur bliantúil 380 000 tona d’acmhainneacht táirgeachta 1,4-Bútáindé-óil ag Dongyuan Technology Co., Ltd., agus beidh sé ar an mbonn táirgeachta is mó le haghaidh 1,4-Bútáindé-óil agus shlabhra tionscail iomlán na dtáirgí domhainphróiseála iartheachtacha sa tSín’ (71). |
|
(102) |
Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí maidir le tacú le tionscail spreagtha a chomhlíonadh, táirgeadh an táirge faoi imscrúdú san áireamh. Cuireann bearta den sórt sin cosc ar fhórsaí an mhargaidh a oibriú gan bhac. |
|
(103) |
Níor léirigh an t-imscrúdú reatha aon fhianaise nach mbeadh tionchar ar cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú easnamhach na ndlíthe féimheachta agus maoine san earnáil ceimiceán, de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, ar mhonaróirí an táirge faoi imscrúdú. |
|
(104) |
Ina theannta sin, tá an táirge faoi imscrúdú faoi thionchar an tsaofa ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, dá dtagraítear in aithris (74). Déanann an saobhadh sin difear don earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi imscrúdú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach araon (le linn rochtain ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín) (72). |
|
(105) |
Ina theannta sin, níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú sin a léiríonn nach ndéanann an idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais aon difear don earnáil bútáindé-óil de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán. Léirítear an cineál sin idirghabhála rialtais go han-mhaith leis an Tuairim Threorach thuasluaite lena n-éilítear ‘feabhas a chur ar bheartais tacaíochta, an comhordú idir beartais fhioscacha, airgeadais, réigiúnacha, infheistíochta, allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin [...] agus na beartais tionscail a neartú [chun] lán-imirt a thabhairt don ardán náisiúnta um chomhar idir an tionscal agus an t-airgeadas agus [chun] an nasc idir fiontair agus bainc a chothú’ (73). Dá bhrí sin, mar thoradh ar an idirghabháil shuntasach rialtais sa chóras airgeadais, cuirtear isteach go mór ar dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal. |
|
(106) |
Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil gá le roinnt ionchur chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí an táirge faoi imscrúdú na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair atá faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, tá siad faoi réir an chórais pleanála atá i bhfeidhm ar gach leibhéal rialtais agus earnála. |
|
(107) |
Dá thoradh sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre an táirge faoi imscrúdú a úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, saothar, etc.) toisc go ndéanann an idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas difear dá bpraghasmhúnlú, mar a shonraítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil. Go deimhin, tá idirghabhálacha an rialtais a shonraítear i ndáil le leithdháileadh an chaipitil, na talún, an lucht saothair, an fhuinnimh agus na n-amhábhar le fáil ar fud na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, gur táirgeadh ionchur sa tSín trí réimse tosca táirgeachta a chur le chéile agus go bhfuil an t-ionchur sin neamhchosanta ar shaobhadh mór. Is amhlaidh atá maidir le hionchur an ionchuir agus mar sin de. |
|
(108) |
Mar achoimre, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an tsaormhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge faoi imscrúdú, lena n-áirítear costais amhábhar, fuinnimh agus saothair, toisc go ndéantar difear dóibh trí idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó féideartha a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear ann. |
3.1.2.2.
|
(109) |
Níor thug Rialtas na Síne barúil ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad faoi láthair, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an gearánach, maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás atá i gceist. |
|
(110) |
Fuair an Coimisiún barúlacha ó Ghrúpa Wanhua maidir leis an saobhadh mór a dhéanann difear don tionscal 1,4-Bútáindé-óil. D’áitigh Wanhua Group gur cheart don Choimisiún an líomhain sa ghearán maidir le ‘saobhadh suntasach’ sa tSín i gcomhréir le hAirteagal 2(6)(a) den bhun-Rialachán a dheimhniú san imeacht sonrach agus nár cheart í a bheith ina conclúid réamhchinntithe. |
|
(111) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, fuarthas amach in imscrúdú an Choimisiúin fianaise ar shaobhadh mór a dhéanann difear do thionscal 1,4-Bútáindé-óil na Síne, rud a d’fhág gur ghá modheolaíocht Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm chun an gnáthluach a ríomh. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh Wanhua Group. |
3.1.2.3.
|
(112) |
I bhfianaise an méid atá thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás seo. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a shuí go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a shonraítear sa roinn seo a leanas. |
3.1.2.4.
3.1.2.4.1. Barúlacha ginearálta
|
(113) |
Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:
|
|
(114) |
Mar a mhínítear in aithris (68), d’eisigh an Coimisiún nóta maidir leis na foinsí ábhartha atá le húsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Tugtar tuairisc leis an nóta sin ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha. Bunaithe ar na barúlacha a fuarthas, mheas an Coimisiún gur tír ionadaíoch iomchuí í an Bhrasaíl sa chás seo. |
Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an leibhéal atá sa tSín
|
(115) |
Sa nóta, mhínigh an Coimisiún nár chosúil gur táirgeadh an táirge faoi imscrúdú in aon tír lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín de réir an Bhainc Dhomhanda. Thug an gearánach le fios freisin gur tháirg BASF Petronas Chemical 1,4-Bútáindé-ól sa Mhalaeisia go dtí mí an Mhárta 2021 agus dá bhrí sin mhol sé an Mhalaeisia a úsáid mar thír ionadaíoch. |
|
(116) |
Thug an Coimisiún le fios sa nóta, ós rud é go bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche ag gach tír ina dtáirgtear 1,4-Bútáindé-ól atá éagsúil le leibhéal forbartha eacnamaíche na Síne, agus ós rud é nach dtáirgtear 1,4-Bútáindé-ól sa Mhalaeisia a thuilleadh, gur bhreithnigh an Coimisiún táirgeadh táirge sa chatagóir ghinearálta chéanna agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus atá an táirge faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, thug an Coimisiún le fios go n-úsáidfeadh sé táirgeadh gliocóil eitiléine, táirge atá cosúil le 1,4-Bútáindé-ól ar na cúiseanna a luaitear sa nóta, chun tír ionadaíoch iomchuí a shuí chun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. Go deimhin, mar a mhínítear sa nóta, is dé-ól é gliocól eitiléine a bhfuil, mar is amhlaidh i gcás 1,4-Bútáindé-óil, fiuchphointe réasúnta ard agus slaodacht chomhchosúil aige agus atá inbhréagnaithe le huisce freisin. Thairis sin, ós rud é go dtáirgeann cuid de na conairí monaraíochta 1,4-Bútáindé-ól, braitheann gliocól eitiléine ar thiontú catalaíoch só-chéim táirgí peitriceimiceacha. Ina theannta sin, táirgtear gliocól eitiléine ó eitiléin a fhéadfar a fháil, dá réir sin, mar shampla, ó ghás nádúrtha, eatán nó nafta a scoilteadh, arb iad na bunábhair chéanna cuid acu a theastaíonn chun 1,4-Bútáindé-ól a tháirgeadh i gcuid de na conairí monaraíochta a d’fhéadfadh a bheith ann. Ina theannta sin, tá na próisis mhonaraíochta le haghaidh 1,4-Bútáindé-óil agus gliocól eitiléine araon dian ar fhuinneamh. I dtéarmaí feidhmeanna, is féidir 1,4-Bútáindé-ól agus gliocól eitiléine a úsáid le haghaidh táirgeadh polaiméire, mar thuaslagóirí, mar tháirgí idirmheánacha ceimiceacha, mar chomhpháirteanna frithreo nó mar ionfhabhtáin. Go hachomair, tá struchtúir cheimiceacha inchomparáide ag an dá tháirge, d’fhéadfadh go bhfuil na bunábhair breosla iontaise céanna iontu agus d’fhéadfadh próisis inchomparáide atá dian ar cheimiceáin agus ar fhuinneamh a bheith i gceist lena bpróisis mhonaraíochta. |
|
(117) |
Fuair an Coimisiún amach gur ann do tháirgeadh gliocóil eitiléine sna tíortha seo a leanas ar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche atá iontu agus atá sa tSín: An Bhrasaíl, an Indinéis, an Mhalaeisia, Meicsiceo, an Téalainn agus an Tuirc. |
|
(118) |
Tar éis an nóta, cheistigh Wanhua Group an bhféadfaí a mheas go bhfuil na tosca táirgeachta a úsáidtear chun gliocól eitiléine a tháirgeadh ionadaíoch dóibh siúd a úsáidtear chun 1,4-Bútáindé-ól a tháirgeadh. |
|
(119) |
Thug an Coimisiún dá aire, agus an gnáthluach á shuí aige, nár chuir sé san áireamh ach na tosca táirgeachta a úsáideadh chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh (1,4-Bútáindé-ól sa chás seo). Dá bhrí sin, sainaithníodh gliocól eitiléine mar tháirge sa chatagóir ghinearálta chéanna le 1,4-Bútáindé-ól chun tír ionadaíoch iomchuí a roghnú ónar féidir tagarmharcanna neamhshaofa agus costais ionadaíocha díola, ghinearálta agus riaracháin SGA agus brabúis táirgeora 1,4-Bútáindé-óil a fháil, agus chun na críche sin amháin. Dá bhrí sin, níor lorgaíodh na tagarmharcanna ach amháin le haghaidh tosca táirgeachta a úsáideadh chun 1,4-Bútáindé-ól a tháirgeadh, seachas gliocól eitiléine. Thairis sin, níor mhol Wanhua Group aon táirge malartach laistigh den chatagóir ghinearálta chéanna nó den earnáil ghinearálta chéanna le 1,4-Bútáindé-ól. Dá bhrí sin, diúltaíodh don maíomh sin. |
|
(120) |
Thacaigh an gearánach le cur chuige an Choimisiúin agus le rogha gliocóil eitiléine, a táirgeadh sa Mhalaeisia agus sa Bhrasaíl, arb iad na tíortha ionadaíocha is iomchuí dar leis. |
|
(121) |
D’aontaigh LYB leis an gCoimisiún freisin go raibh ceimiceáin dé-óil sa chatagóir ghinearálta chéanna le 1,4-Bútáindé-ól. Mhaígh sé, áfach, go raibh réamhtheachtaithe an táirgthe cheimicigh dé-óil, amhail eitiléin agus próipiléin, chomh maith le tuaslagóirí amhail gliocól dé-eitiléine, gliocól próipiléine, nó teitrihidreafúrán, sa chatagóir ghinearálta chéanna le 1,4-Bútáindé-ól. Ar bhonn an toimhde sin, rinne LYB taighde ar shonraí airgeadais 2024 a bhí ar fáil ó chuideachtaí brabúsacha a tháirgeann táirgí den sórt sin ach ní raibh sé in ann iad a aimsiú san Indinéis, i Meicsiceo agus sa Téalainn. Thairis sin, níor mhol LYB cuideachtaí breise le haghaidh na Malaeisia. Os a choinne sin, mhol LYB táirgeoir tuaslagóirí agus próipiléine sa Bhrasaíl nó dul i muinín sonraí uile-earnála na hearnála ceimiceán sa Tuirc. |
|
(122) |
Scrúdaigh an Coimisiún na táirgí breise a líomhnaítear a bheith sa chatagóir ghinearálta chéanna nó san earnáil ghinearálta chéanna le 1,4-Bútáindé-ól a mhol LYB. Thug an Coimisiún dá aire gur bunábhair iad eitiléin agus próipiléin chun 1,4-Bútáindé-ól a tháirgeadh. Cé go n-úsáideann LYB féin próipiléin i dtáirgeadh 1,4-Bútáindé-óil mar ocsaíd phróipiléine, úsáidtear eitiléin go ginearálta mar ocsaíd eitiléine i dtáirgeadh gliocóil eitiléine, mar a léirítear sa nóta. Léiríonn sé sin, cé go bhfuil an seasamh céanna ag 1,4-Bútáindé-ól agus gliocól eitiléine sa slabhra táirgthe agus, dá bhrí sin, go bhfuil struchtúr costais comhchosúil acu, go bhfuil próipiléin agus eitiléin lonnaithe roinnt céimeanna níos luaithe sa slabhra táirgthe, rud a thugann a struchtúr costais níos faide ó 1,4-Bútáindé-ól. Dá bhrí sin, is táirge níos sonraí agus níos iomchuí é gliocól eitiléine sa chatagóir ghinearálta chéanna nó san earnáil ghinearálta chéanna le 1,4-Bútáindé-ól, i gcomparáid le heitiléin agus próipiléin. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur táirge níos iomchuí é gliocól eitiléine sa chatagóir nó san earnáil ghinearálta chéanna le 1,4-Bútáindé-ól. Rinne an Coimisiún tuilleadh anailíse ar thuaslagóirí amhail gliocól dé-eitiléine, gliocól próipiléine, nó teitrihidreafúrán. Thug an Coimisiún dá aire gur seachtháirge de tháirgeadh gliocóil eitiléine (75) é gliocól dé-eitiléine agus, dá bhrí sin, go dtáirgtear é sna tíortha céanna le gliocól eitiléine. Is cosúil go bhfuil úsáid mhór ag gliocól próipiléine in earnáil an bhia agus na cógaisíochta, rud atá an-difriúil le feidhmeanna 1,4-Bútáindé-óil. Ina ionad sin, is díorthach de chuid 1,4-Bútáindé-óil é teitrihidreafúrán agus dá bhrí sin tá sé lonnaithe ar leibhéal difriúil den slabhra luacha i gcomparáid le 1,4-Bútáindé-ól, agus mar thoradh air sin ní fhéadfadh sé a bheith ina athróg ionadach leordhóthanach le haghaidh 1,4-Bútáindé-óil féin agus an riosca go bhféadfadh a tháirgeoirí an 1,4-Bútáindé-ól a fhoinsiú ón tSín. Dá bhrí sin, ba é gliocól eitiléine an táirge ab iomchuí fós sa chatagóir ghinearálta chéanna nó san earnáil ghinearálta chéanna le 1,4-Bútáindé-ól. Dá bhrí sin, ní dhearna an Coimisiún imscrúdú breise ar tháirgeadh na dtáirgí malartacha sin i dtíortha ina bhfuil an leibhéal céanna forbartha leis an tSín, go háirithe sa Bhrasaíl agus sa Tuirc. |
Gur ann do shonraí ábhartha atá ar fáil go héasca sa tír ionadaíoch
|
(123) |
Sa Nóta thug an Coimisiún le fios, i gcás na dtíortha a sainaithníodh mar thíortha ina bhfuil gliocól eitiléine á tháirgeadh, i.e. an Bhrasaíl, an Indinéis, an Mhalaeisia, Meicsiceo, an Téalainn agus an Tuirc, gur gá infhaighteacht na sonraí a fhíorú a thuilleadh go háirithe maidir leis na sonraí airgeadais atá ar fáil go héasca ó tháirgeoirí gliocóil eitiléine. |
|
(124) |
Ina theannta sin, tar éis an fhreagra ar an bhFaisnéis maidir le hionchuir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin agus an Nóta, thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte toisc tháirgeachta bhreise agus d’fhíoraigh an Coimisiún ansin í le linn na gcuairteanna fíorúcháin: formaildéad. Mar thoradh air sin, bhreithnigh an Coimisiún formaildéad freisin ina anailís thíos.
|
|
(125) |
Mhaígh Wanhua Group go raibh an praghas ar allmhairí ocsaigine, hiodrocsaíde sóidiam agus nítrigine isteach sa Bhrasaíl thar a bheith ard, toisc gur sháraigh sé a phraghas ceannaigh iarbhír. Os a choinne sin, níor mhaígh an gearánach aon saobhadh maidir le tosca praghsanna táirgthe sa Bhrasaíl. |
|
(126) |
Thug an Coimisiún dá aire, tar éis fíorú a dhéanamh, gur mheas sé hiodrocsaíd sóidiam agus nítrigin a bheith ina dtomhaltáin, mar a mhínítear in aithrisí (180) go (182). Dá bhrí sin, ní raibh barúil Wanhua Group ábhartha a thuilleadh ina leith sin. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire nár mhínigh Grúpa Wanhua cén fáth nár cheart praghas allmhairiúcháin ocsaigine isteach sa Bhrasaíl a chur san áireamh mar thagarmharc neamhshaofa. Ós rud é go raibh sé níos airde ná praghas ceannaigh Wanhua Group féin, ní raibh aon fhianaise ann nach féidir an praghas allmhairiúcháin isteach sa Bhrasaíl a mheas mar thagarmharc neamhshaofa. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún brath ar phraghas allmhairiúcháin ocsaigine isteach sa Bhrasaíl. |
|
(127) |
Cé gur mheas an gearánach go raibh sonraí 2022 maidir le costais SGA agus brabús na dtáirgeoirí gliocóil eitiléine a sainaithníodh sa Bhrasaíl iontaofa, mhaígh Wanhua Group agus LYB go raibh sonraí airgeadais Oxiteno SA Industria e Comercio as dáta, agus dúirt LYB freisin go raibh an chuideachta neamhbhrabúsach in 2023. |
|
(128) |
Mhaígh Wanhua Group agus LYB freisin go raibh sonraí airgeadais Rhodia Brasil SA (‘Rhodia Brasil’) as dáta toisc gur chumhdaigh siad an bhliain airgeadais 2022. Thairis sin, mhaígh Wanhua Group gur tháirg Solvay SA (‘Solvay’), an grúpa ar leis Rhodia Brasil, líon mór táirgí agus nár léirigh a ráiteas ioncaim staid 1,4-Bútáindé-óil ná gliocóil eitiléine, agus dá bhrí sin ní fhéadfaí a mheas go raibh sé ionadaíoch. Ina ionad sin, d’aontaigh LYB le húsáid shonraí na ngrúpaí. Mhaígh LYB, áfach, go raibh na sonraí a d’fhoinsigh an Coimisiún éagsúil leis na sonraí a tuairiscíodh i ráiteas airgeadais 2024 Solvay. Dá bhrí sin, mhol LYB brath ar an leagan foilsithe de na cuntais, arna chionroinnt de réir sciar ioncaim na deighleoige ‘ceimiceán feidhmíochta’. |
|
(129) |
Thug an Coimisiún dá aire go raibh sonraí airgeadais Rhodia Brasil don tréimhse imscrúdúcháin ar fáil idir an dá linn (76). Ar an gcúis sin, chinn an Coimisiún brath ar shonraí Rhodia Brasil le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin agus dá bhrí sin ní raibh aon bhaint ag na barúlacha a bhaineann le Solvay a thuilleadh. |
|
(130) |
Sa Nóta, thug an Coimisiún dá aire go raibh roghnú na Brasaíle mar thír ionadaíoch iomchuí faoi réir tuilleadh anailíse ar an méid íseal allmhairí hidrigine agus ar an sciar ard allmhairí cairbíde cailciam ón tSín (80 %) isteach sa Bhrasaíl. |
|
(131) |
I ndáil leis sin, mhaígh LYB go raibh allmhairí hidrigine isteach sa Bhrasaíl íseal toisc gur táirgeoir mór hidrigine í an Bhrasaíl. Mhol LYB tagarmharc laistigh den Bhrasaíl nó meánphraghas onnmhairiúcháin hidrigine ón mBrasaíl chuig gach tír a úsáid mar thagarmharc malartach le haghaidh hidrigine. |
|
(132) |
D’admhaigh an Coimisiún nár leor na sé mhéadar chiúbacha hidrigine a allmhairíodh isteach sa Bhrasaíl le linn na tréimhse imscrúdúcháin chun tagarmharc neamhshaofa a shuí. Ar an gcúis sin, chinn an Coimisiún dul i muinín tagarmharc idirnáisiúnta a léirítear leis an innéacs praghsanna hidrigine liath don réigiún Eorpach a d’fhoilsigh Businesss Analytiq mar thagarmharc neamhshaofa (77). |
|
(133) |
Thug LYB dá aire gur mhol an Coimisiún imscrúdú breise a dhéanamh ar an sciar ard iompórtála de chairbíd chailciam ón tSín isteach sa Bhrasaíl agus gur mhol sé an meánphraghas iompórtála isteach i ngach tír a úsáid mar thagarmharc. Thug an gearánach dá aire go raibh sciar na n-allmhairí cairbíde cailciam ón tSín isteach sa Bhrasaíl i bhfad níos ísle ná an sciar isteach sa Mhalaeisia, agus dá bhrí sin go bhféadfaí a mheas gur lú an tionchar a bheadh ag saobhadh ar shonraí a bhaineann le hallmhairí cairbíde cailciam ná aon tír eile atá beartaithe. |
|
(134) |
Thug an Coimisiún dá aire gur thuairiscigh na tíortha ionadaíocha féideartha uile, cé is moite den Tuirc, sciartha arda d’allmhairí cairbíde cailciam ón tSín. Cé is moite den Tuirc, bhí sciartha na n-allmhairí cairbíde cailciam ón tSín isteach i dtíortha ionadaíocha féideartha eile níos airde ná sciartha na n-allmhairí cairbíde cailciam ón tSín isteach sa Bhrasaíl. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur tráchtearra í cairbíd chailciam a fhaightear go ginearálta ón tSín i ngach tír ionadaíoch fhéideartha agus gurb iad allmhairí isteach sa Bhrasaíl an tagarmharc is iomchuí, agus é á chur san áireamh freisin (i) nach féidir a mheas gur tír ionadaíoch iomchuí í an Tuirc, mar a mhínítear in athrisí (166) go (174), (ii) go bhfuil praghas allmhairí na Síne isteach sa Bhrasaíl i gcomhréir le praghas na n-allmhairí ó thíortha eile, agus (iii) cé is moite den Tuirc, go bhfuil an sciar is ísle d’allmhairí cairbíde cailciam ón tSín i measc na dtíortha ionadaíocha féideartha ag an mBrasaíl. |
|
(135) |
Rinne an Coimisiún anailís freisin ar na sonraí allmhairiúcháin formaildéid isteach sa Bhrasaíl. Shainaithin an Coimisiún méid diomaibhseach formaildéid a allmhairítear isteach sa Bhrasaíl, méid a chomhfhreagraíonn do líon beag idirbheart, rud a d’fhágfadh, de réir dealraimh, nach mbeadh an praghas allmhairiúcháin ionadaíoch. Ar an gcúis sin, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas onnmhairiúcháin ón mBrasaíl sa tréimhse imscrúdúcháin, a fuarthas ón Atlas Trádála Domhanda (78)(‘GTA’). |
|
(136) |
Mar chonclúid, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh í an Bhrasaíl an tír ionadaíoch is iomchuí.
|
|
(137) |
Mhaígh Wanhua Group go raibh an praghas ar allmhairí ocsaigine agus hiodrocsaíde sóidiam isteach san Indinéis thar a bheith ard, toisc gur sháraigh sé a phraghas ceannaigh iarbhír. |
|
(138) |
Thug an Coimisiún dá aire, tar éis an fhíoraithe, gur mheas sé gur tomhaltán í hiodrocsaíd sóidiam, mar a mhínítear in aithrisí (180) go (182). Dá bhrí sin, ní raibh barúil Wanhua Group ábhartha a thuilleadh ina leith sin. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire nár mhínigh Grúpa Wanhua cén fáth ar mheas sé nár cheart praghas allmhairiúcháin ocsaigine isteach san Indinéis a chur san áireamh mar thagarmharc neamhshaofa. Ós rud é go raibh sé níos airde ná praghas ceannaigh Wanhua Group féin, níl aon fhianaise ann nach féidir a mheas gur tagarmharc neamhshaofa é an praghas allmhairiúcháin isteach san Indinéis. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(139) |
Mhaígh an gearánach agus Wanhua Group go raibh na sonraí airgeadais a bhí ar fáil le haghaidh PT Polychem Indonesia Tbk as dáta agus go raibh an chuideachta neamhbhrabúsach. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún a chuid sonraí a úsáid. |
|
(140) |
D’athdhearbhaigh an Coimisiún nár mheas sé go raibh brabús den sórt sin réasúnta. |
|
(141) |
Ina theannta sin, mhaígh LYB gur cheart diúltú don Indinéis mar thír ionadaíoch fhéideartha mar gheall ar sciar ard na n-allmhairí ón tSín ar roinnt tosca táirgeachta agus mar gheall ar na srianta ar onnmhairiú guail a shainaithnítear sa Nóta, i gcomhar leis an sciar ard allmhairí guail ón Rúis. Ar an gcaoi chéanna, d’áitigh an gearánach nach bhféadfaí an Indinéis a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí mar gheall ar an sciar ard d’allmhairí guail ón Rúis, i bhfianaise an phacáiste smachtbhannaí a d’fhorchuir an tAontas in aghaidh na Rúise agus ós rud é go raibh tionchar mór ag an stát ar phraghsanna fuinnimh sa Rúis. |
|
(142) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh fhéidir an Indinéis a roghnú mar thír ionadaíoch iomchuí mar gheall ar an sciar ard d’allmhairí ón tSín le haghaidh cairbíd chailciam (níos airde ná 99 %) agus catalaígh (níos airde ná 82 %), mar gheall ar shaobhadh an mhargaidh a sainaithníodh maidir le gual sa Nóta, agus mar gheall ar easpa sonraí airgeadais réasúnta. Ós rud é nach bhféadfaí an Indinéis a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí, níor ghá aghaidh a thabhairt ar éilimh eile maidir leis an Indinéis.
|
|
(143) |
Mhaígh Wanhua Group go raibh an praghas ar allmhairí ocsaigine, hiodrocsaíde sóidiam agus nítrigine isteach sa Mhalaeisia thar a bheith ard, toisc gur sháraigh sé a phraghas ceannaigh iarbhír. |
|
(144) |
Thug an Coimisiún dá aire, tar éis fíorú a dhéanamh, gur mheas sé hiodrocsaíd sóidiam agus nítrigin a bheith ina dtomhaltáin, mar a mhínítear in aithrisí (180) go (182). Dá bhrí sin, ní raibh barúil Wanhua Group ábhartha a thuilleadh ina leith sin. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire nár mhínigh Grúpa Wanhua cén fáth ar mheas sé nár cheart praghas allmhairiúcháin ocsaigine isteach sa Mhalaeisia a chur san áireamh mar thagarmharc neamhshaofa. Cé go raibh sé níos airde ná praghas ceannaigh Wanhua Group féin, níl aon fhianaise ann nach féidir a mheas gur tagarmharc neamhshaofa é an praghas allmhairiúcháin isteach sa Mhalaeisia. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(145) |
Mhaígh Wanhua Group agus LYB gur thuairiscigh Pengerang Petrochemical Company Sdn. Thuairiscigh Bhd caillteanas do 2023 agus, dá bhrí sin, nár cheart sonraí airgeadais den sórt sin a úsáid. Thairis sin, d’ardaigh LYB an fíoras go dtéann na sonraí siar go 2023. |
|
(146) |
D’athdhearbhaigh an Coimisiún nach féidir a mheas go bhfuil brabús den sórt sin réasúnta. |
|
(147) |
Mheas an gearánach go raibh sonraí 2023 ó Petronas Chemicals Glycols Sdn. Bhd iontaofa. Mhaígh Wanhua Group nach raibh sonraí airgeadais Petronas Chemicals Group Berhad (‘Petronas Group’), an grúpa ar leis Petronas Chemicals Glycols Sdn. Bhd, ionadaíoch ós rud é go raibh baint aige le 2023 agus go ndeachaigh a ghníomhaíochtaí níos faide ná 1,4-Bútáindé-ól nó gliocól eitiléine. Ní dhearna LYB agóid in aghaidh úsáid shonraí Petronas Group ach mhol sé gan na sonraí a dheighilt sna deighleoga a bhaineann le holaifíní agus díorthaigh toisc go mbeadh brabús 1 % mar thoradh air. |
|
(148) |
Thug an Coimisiún dá aire, mar a tuairiscíodh sa nóta, go raibh sonraí airgeadais maidir le Grúpa Petronas ar fáil le haghaidh 2024, i.e. an tréimhse imscrúdúcháin. Mar sin féin, ní fhéadfaí sonraí airgeadais Petronas Group a chionroinnt a thuilleadh chun freastal ar ábhar imní Wanhua Group. Ba iad sonraí airgeadais Petronas Group le haghaidh 2024 fós na sonraí ba mhionsonraithe a bhí ar fáil don Mhalaeisia. Mar sin féin, ní raibh siad chomh cruinn céanna leis na sonraí airgeadais inchomparáide a bhí ar fáil don tréimhse imscrúdúcháin le haghaidh Rhodia Brasil sa Bhrasaíl, toisc nach bhfuil in Petronas Group ach máthairchuideachta táirgeora gliocóil eitiléine sa Mhalaeisia, agus is é Rhodia Brasil an chuideachta a tháirgeann gliocól eitiléine sa Bhrasaíl, mar sin tá baint níos dírí ag sonraí airgeadais Rhodia Brasil le táirgeadh gliocóil eitiléine. |
|
(149) |
Thug an Coimisiún dá aire go raibh roghnú na Malaeisia mar thír ionadaíoch iomchuí faoi réir tuilleadh anailíse ar sciar ard na Síne d’allmhairí cairbíde cailciam isteach sa Mhalaeisia. |
|
(150) |
I ndáil leis sin, mhaígh an gearánach nach ndearna sciar ard d’allmhairí ón tSín difear ach d’aon toisc táirgeachta amháin – cairbíd chailciam – rud a d’fhág go raibh an Mhalaeisia ina tír ionadaíoch níos iomchuí i gcomparáid leis na tíortha eile, a raibh níos mó tosca táirgeachta aici a allmhairíodh ón tSín nó ón Rúis, nó nach raibh sonraí ar fáil go héasca aici. Maidir leis an sciar ard d’allmhairí cairbíde cailciam ón tSín, mhol LYB an meánphraghas allmhairiúcháin isteach i ngach tír a úsáid mar thagarmharc. |
|
(151) |
Thug an Coimisiún dá aire gur thuairiscigh na tíortha ionadaíocha féideartha uile, cé is moite den Tuirc, sciartha arda d’allmhairí cairbíde cailciam ón tSín, agus go raibh tionchar ag an sciar is ísle ar an mBrasaíl. Go háirithe, bhí sciar na Malaeisia d’allmhairí cairbíde cailciam ón tSín níos mó ná 98 %. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh an ghearánaigh. |
|
(152) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhféadfaí an Mhalaeisia a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí mar gheall ar na fíorais go bhfuil an sciar d’allmhairí cairbíde cailciam ón tSín níos airde ná an Bhrasaíl, go ndéanann sciar mór d’allmhairí na Síne de thart ar 61 % difear d’allmhairí catalaígh freisin, agus nach bhfuil na sonraí airgeadais atá ar fáil go héasca sa Mhalaeisia chomh cruinn céanna i gcomparáid leis na sonraí airgeadais atá ar fáil don tréimhse imscrúdúcháin sa Bhrasaíl.
|
|
(153) |
Mhaígh Wanhua Group go raibh an praghas ar allmhairí hiodrocsaíde sóidiam isteach i Meicsiceo thar a bheith ard, toisc gur sháraigh sé a phraghas ceannaigh iarbhír. |
|
(154) |
Thug an Coimisiún dá aire, tar éis an fhíoraithe, gur mheas sé gur tomhaltán í hiodrocsaíd sóidiam, mar a mhínítear in aithrisí (180) go (182). Dá bhrí sin, ní raibh barúil Wanhua Group ábhartha a thuilleadh ina leith sin. |
|
(155) |
Thug Grúpa Wanhua dá aire nach raibh aon sonraí airgeadais ar fáil go héasca don chuideachta i Meicsiceo. Ós rud é nach bhfuil sonraí ar fáil go héasca maidir leis an toisc tháirgeachta sin, d’áitigh an gearánach nach bhféadfaí Meicsiceo a mheas mar thír ionadaíoch. |
|
(156) |
D’athdhearbhaigh an Coimisiún nach raibh sé in ann teacht ar fhaisnéis airgeadais a bhí ar fáil le haghaidh Idesa Petroquimica SA de CV. |
|
(157) |
Dá bhrí sin, níorbh fhéidir Meicsiceo a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí.
|
|
(158) |
Mhaígh Wanhua Group go raibh an praghas ar allmhairí ocsaigine agus hiodrocsaíde sóidiam isteach sa Téalainn thar a bheith ard, toisc gur sháraigh sé a phraghas ceannaigh iarbhír. |
|
(159) |
Thug an Coimisiún dá aire, tar éis an fhíoraithe, gur mheas sé gur tomhaltán í hiodrocsaíd sóidiam, mar a mhínítear in aithrisí (180) go (182). Dá bhrí sin, ní raibh barúil Wanhua Group ábhartha a thuilleadh ina leith sin. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire nár mhínigh Grúpa Wanhua cén fáth ar mheas sé nár cheart praghas allmhairiúcháin ocsaigine isteach sa Téalainn a chur san áireamh mar thagarmharc neamhshaofa. Cé go raibh sé níos airde ná praghas ceannaigh Wanhua Group féin, níl aon fhianaise ann nach féidir a mheas gur tagarmharc neamhshaofa é an praghas allmhairiúcháin isteach sa Téalainn. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(160) |
Mhaígh Wanhua Group gur cheart diúltú do bhrabús GC Polyols Company Limited. |
|
(161) |
D’athdhearbhaigh an Coimisiún nach bhféadfadh sé brabús den sórt sin a mheas mar bhrabúsacht réasúnta. |
|
(162) |
Mhaígh Wanhua Group freisin go bhféadfaí a mheas go raibh an brabús 2,9 % a bhain Indorama Petrochem Co, Ltd amach réasúnta. I ndáil leis sin, thug Wanhua Group dá aire nach n-úsáidtear an spriocbhrabús 6 % in Airteagal 7(2c) den bhun-Rialachán ach amháin i gcomhthéacs ríomhanna an chorrlaigh díobhála. Os a choinne sin, mhaígh an gearánach go raibh riosca maidir le hiontaofacht na faisnéise atá ar fáil go héasca sa tír sin i gceist le brabús an-íseal 2,9 %. |
|
(163) |
Thug an Coimisiún dá aire, gan beann ar an tairseach 6 % ar leithligh don spriocbhrabús i gcomhthéacs chinneadh an chorrlaigh díobhála, nach bhféadfaí brabús 2,9 % a mheas mar bhrabús réasúnta toisc go bhfuil sé ró-íseal i gcomparáid le brabúis cuideachtaí brabúsacha eile a shainaithnítear sa Nóta, a raibh brabús 7,1 % ar a laghad acu. |
|
(164) |
Ina theannta sin, mhaígh an gearánach agus LYB gur cheart diúltú don Téalainn mar thír ionadaíoch fhéideartha mar gheall ar sciar ard allmhairí na dtosca táirgeachta ón tSín. |
|
(165) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhféadfaí an Téalainn a roghnú mar thír ionadaíoch iomchuí mar gheall ar sciar ard na n-allmhairí ón tSín le haghaidh cairbíd chailciam, mar a léirítear sa Nóta, agus mar gheall ar an easpa sonraí atá ar fáil go héasca chun leibhéal réasúnta brabúis a shuí sa Téalainn.
|
|
(166) |
Mhaígh Wanhua Group go raibh an praghas ar allmhairí ocsaigine agus nítrigine isteach sa Tuirc thar a bheith ard, toisc gur sháraigh sé a phraghas ceannaigh iarbhír. |
|
(167) |
Thug an Coimisiún dá aire, tar éis an fhíoraithe, gur mheas sé gur tomhaltán í nítrigin, mar a mhínítear in aithrisí (180) go (182). Dá bhrí sin, ní raibh barúil Wanhua Group ábhartha a thuilleadh ina leith sin. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire nár mhínigh Grúpa Wanhua cén fáth ar mheas sé nár cheart praghas allmhairiúcháin ocsaigine isteach sa Tuirc a chur san áireamh mar thagarmharc neamhshaofa. Ós rud é go raibh sé níos airde ná praghas ceannaigh Ghrúpa Wanhua féin, níl aon fhianaise ann nach féidir a mheas gur tagarmharc neamhshaofa é an praghas allmhairiúcháin isteach sa Tuirc. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(168) |
Thug Grúpa Wanhua agus an gearánach dá n-aire nach raibh aon sonraí airgeadais ar fáil go héasca don táirgeoir gliocóil eitiléine sa Tuirc. Ar an gcúis sin, mhaígh an gearánach nach bhféadfadh an Tuirc a bheith ina tír ionadaíoch. |
|
(169) |
D’athdhearbhaigh an Coimisiún nach bhféadfadh sé teacht ar fhaisnéis airgeadais a bhí ar fáil do Petkim Petrokimya Holding Anonim Sirketi. |
|
(170) |
Mhaígh LYB nach raibh sciar 34 % d’allmhairí catalaíoch na Síne mór go leor chun neamhaird a thabhairt ar an bpraghas allmhairiúcháin isteach sa Tuirc. In aon chás, mar mhalairt air sin, d’fhéadfadh an Coimisiún an praghas allmhairiúcháin isteach in aon tír eile ard-mheánioncaim a thuairiscítear sa Nóta a úsáid. |
|
(171) |
Thairis sin, d’áitigh LYB go bhféadfadh an Coimisiún tagarmharc idirnáisiúnta a úsáid le haghaidh guail, dá ndéanann allmhairí móra ón Rúis difear, amhail praghas onnmhairiúcháin guail na hAstráile. Ar an taobh eile, d’áitigh an gearánach nach bhféadfaí an Tuirc a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí go díreach mar gheall ar an sciar ard d’allmhairí guail ón Rúis, i bhfianaise an phacáiste smachtbhannaí a d’fhorchuir an tAontas in aghaidh na Rúise agus ós rud é go raibh tionchar mór ag an stát ar phraghsanna fuinnimh sa Rúis. |
|
(172) |
In éagmais sonraí airgeadais a bheith ar fáil go héasca sa Tuirc, níor chuir an Coimisiún san áireamh cur chuige beartaithe LYB maidir le catalaíoch agus gual. |
|
(173) |
Mar chonclúid, ní féidir an Tuirc a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí. |
|
(174) |
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, roghnaigh an Coimisiún an Bhrasaíl mar thír ionadaíoch iomchuí agus Rhodia Brasil chun costais neamhshaofa SGA agus brabús a bhunú, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán, chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh. |
Leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil
|
(175) |
Tar éis a shuí gurb é an Bhrasaíl an t-aon tír ionadaíoch iomchuí a bhí ar fáil, agus bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. |
3.1.2.4.2. Conclúid
|
(176) |
I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Bhrasaíl na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí. |
3.1.2.5.
|
(177) |
Sa Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge faoi imscrúdú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa Nóta sin. |
|
(178) |
Chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, d’úsáid an Coimisiún GTA chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, agus na hamhábhair go sonrach. Thairis sin, mar a mhínítear in aithrisí (132) agus (135), bhraith an Coimisiún ar an innéacs praghsanna hidrigine léithe don réigiún Eorpach a d’fhoilsigh Business Analitiq (79) chun costas neamhshaofa hidrigine a shuí agus ar an meánphraghas onnmhairiúcháin ón mBrasaíl sa tréimhse imscrúdúcháin, a fuarthas ó GTA, chun costas neamhshaofa formaildéid a shuí. |
|
(179) |
Ina theannta sin, d’úsáid an Coimisiún na staitisticí a d’fhoilsigh Instituto Brasileiro de Geografia e Estatística (‘IBGE’) chun costais saothair neamhshaofa a shuí (80), na staitisticí maidir le praghsanna leictreachais tionsclaíocha a d’fhoilsigh Aireacht Mianach agus Fuinnimh na Brasaíle (81), praghas an gháis nádúrtha d’úsáideoirí tionsclaíocha sa Bhrasaíl arna fhoilsiú ag Aireacht Mianach agus Fuinnimh na Brasaíle (82), praghas an ghuail sa Bhrasaíl arna fhoilsiú ag Aireacht Mianach agus Fuinnimh na Brasaíle (83), agus an taraif uisce a ghearrann Companhia de Saneamento Básico do Estado de São Paulo (84) (‘SABESP’) chun tagarmharcanna neamhshaofa a shuí le haghaidh leictreachais, gáis nádúrtha, guail agus uisce. |
|
(180) |
Mar gheall ar líon mór tosca táirgeachta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a sholáthair faisnéis iomlán agus meáchan diomaibhseach roinnt de na hamhábhair i gcostas iomlán an táirgthe, rinneadh na hítimí diomaibhseacha sin a ghrúpáil faoi ‘thomhaltáin’. Go háirithe, áiríodh an méid seo a leanas ar thomhaltáin den sórt sin: nítrigin, hiodrocsaíd sóidiam, sóid loiscneach, aigéad sulfarach, catalaígh alúmanaim nicile, aer comhbhrúite, gal, agus tosca táirgeachta eile ar lú a n-ualú aonair ná 0,1 % i gcostas iomlán an táirgthe. |
|
(181) |
Mheas an Coimisiún freisin gur tomhaltáin iad roinnt seachtháirgí. Áiríodh leo sin: sulfáit amóiniam, nítrigin leachtach, tarra, argón leachtach, dubh carbóin, gás dí-asúite PSA, gal, agus seachtháirgí eile ar lú a n-ualú aonair ná 0,1 % i gcostas iomlán an táirgthe. |
|
(182) |
I dteannta a chéile, ba lú ná 2,5 % den chostas iomlán táirgthe na tosca táirgeachta a measadh mar thomhaltáin, ach ba é -[0,5-2] % luach absalóideach mhéid na seachtháirgí a measadh mar thomhaltáin. Ríomh an Coimisiún céatadán na dtomhaltán ar chostas iomlán na n-amhábhar agus chuir sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar agus na tagarmharcanna neamhshaofa arna suí sa tír ionadaíoch iomchuí á n-úsáid aige. |
3.1.2.5.1. Tosca táirgeachta
|
(183) |
I bhfianaise na faisnéise uile a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus a bailíodh le linn na gcuairteanna fíorúcháin, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán: Tábla 1 Tosca táirgeachta bútáindé-óil
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(184) |
Chuir an Coimisiún luach le haghaidh forchostais mhonaraíochta san áireamh chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. Chun an méid sin a shuí, d’úsáid an Coimisiún an forchostas monaraíochta arna thabhú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa na monaraíochta. Mínítear an mhodheolaíocht go hiomchuí in aithrisí (205) go (207). |
Amhábhair
|
(185) |
Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar (seachas gual, hidrigin agus formaildéad) mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora de chuid na tíre ionadaíche a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (86). Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithris (112) thuas nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. |
|
(186) |
I gcás roinnt de na tosca táirgeachta, bhí sciar diomaibhseach de na costais amhábhar iomlána sa tréimhse imscrúdúcháin i gceist leis na costais iarbhír arna dtabhú ag na táirgeoirí allmhairiúcháin sampláilte. Ós rud é nach raibh aon tionchar mór ag an luach a úsáideadh dóibh siúd ar na ríomhanna maidir leis an gcorrlach dumpála, gan beann ar an bhfoinse a úsáideadh, chinn an Coimisiún na costais sin a áireamh le tomhaltáin mar a mhínítear in aithrisí (180) agus (182). |
|
(187) |
Maidir le dleachtanna allmhairiúcháin, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le léarscáil rochtain ar an margadh an Lárionaid Trádála Idirnáisiúnta chun na dleachtanna allmhairiúcháin is infheidhme in aghaidh an dea-chóid agus na tíre tionscnaimh a chinneadh (87). Cuireadh na dleachtanna allmhairiúcháin leis an luach CAL a taifeadadh i staitisticí allmhairiúcháin na Brasaíle mar atá le fáil i mbunachar sonraí GTA. |
|
(188) |
An costas iompair arna thabhú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte as amhábhair a sholáthar, is mar chéatadán de chostas iarbhír na n-amhábhar sin a shloinn an Coimisiún é agus chuir sé an céatadán céanna i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na n-amhábhar céanna chun an costas iompair neamhshaofa a fháil. Mheas an Coimisiún go bhféadfaí, i gcomhthéacs an imscrúdaithe seo, an cóimheas idir amhábhar an táirgeora onnmhairiúcháin agus na costais iompair thuairiscithe a úsáid go réasúnta mar tháscaire chun meastachán a dhéanamh ar chostais neamhshaofa na n-amhábhar nuair a sheachadtar chuig monarcha na cuideachta iad. |
Seachtháirgí
|
(189) |
Mar a luaitear in aithris (181), mheas an Coimisiún gur tomhaltáin iad seachtháirgí áirithe. |
|
(190) |
Maidir leis na seachtháirgí eile, rinne an Coimisiún anailís ar chleachtais chuntasaíochta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de chuid na Síne a bhaineann le seachtháirgí. Ar an mbonn sin, bhí an Coimisiún ag brath ar shonraí allmhairiúcháin GTA chun tagarmharc a shuí le haghaidh n-bútánól leathchríochnaithe ós rud é gur díoladh é le custaiméirí. I gcás gás iarmharach aicéitiléine, a d’úsáid táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte amháin go hinmheánach, ghlac an Coimisiún an cóimheas idir an praghas i nDaon-Phoblacht na Síne ar ghás iarmharach aicéitiléine i gcomparáid leis an bpraghas i nDaon-Phoblacht na Síne ar an bpríomhábhar ionchuir, i.e. gás nádúrtha, mar a thuairiscigh an táirgeoir onnmhairiúcháin. Cuireadh an cóimheas sin i bhfeidhm maidir le praghas an gháis nádúrtha sa Bhrasaíl, mar a dhíorthaítear ón bhfoinse a léirítear in aithris (179) chun tagarmharc an tseachtháirge sin a ríomh. I gcás meatánóil, a dhíol an táirgeoir onnmhairiúcháin ábhartha go páirteach le custaiméirí agus a úsáideadh go hinmheánach go páirteach, d’úsáid an Coimisiún luach ilchodach ó shonraí allmhairiúcháin GTA agus ón luach a d’eascair as an modh ar a dtugtar tuairisc le haghaidh gás iarmharach aicéitiléine. |
Saothar
|
(191) |
D’úsáid an Coimisiún na staitisticí a d’fhoilsigh IBGE chun costais neamhshaofa saothair a shuí (88). Bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis mhionsonraithe maidir le pá i gcuideachtaí ina bhfuil 30 fostaí nó níos mó le haghaidh an staidrimh is déanaí a bhí ar fáil lena gcumhdaítear 2023, le haghaidh ghníomhaíocht eacnamaíoch 20.2 — ‘Fabricação de produtos químicos orgânicos’ de réir aicmiú NACE Ath.2. Le staidreamh IBGE, soláthraítear faisnéis maidir leis an bpá bliantúil iomlán agus na muirir ghaolmhara agus maidir leis an líon fostaithe i monarú ceimiceán orgánach don bhliain 2023. Rinneadh luach 2023 a choigeartú go cuí don bhoilsciú trí úsáid a bhaint as an innéacs praghsanna do thomhaltóirí intíre arna fhoilsiú ag IBGE féin (89) chun é a oiriúnú don tréimhse imscrúdúcháin (bliain 2024). |
Leictreachas
|
(192) |
Foilsíonn Aireacht Mianach agus Fuinnimh na Brasaíle (90) praghas an leictreachais d’úsáideoirí tionsclaíocha sa Bhrasaíl ina fheasachán míosúil. D’úsáid an Coimisiún na sonraí maidir leis na praghsanna leictreachais tionsclaíocha sa bhanda tomhaltais comhfhreagrach in kWh lena gcumhdaítear an tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(193) |
Áirítear ar na rátaí a fhoilsítear sna feasacháin mhíosúla Imposto sobre Circulação de Mercadorias e Serviços (ICMS), cáin ar leibhéal an stáit a ghearrtar ar chúrsaíocht earraí agus ar sholáthar seirbhísí iompair agus cumarsáide idirstáit agus idirbhardasacha. Tá an cháin sin in-aisghabhála ag úsáideoirí tionsclaíocha agus, dá réir sin, asbhaineadh í ón tagarmharc bunaithe. |
|
(194) |
Ós rud é gur cuireadh ICMS i bhfeidhm ag rátaí idir 17 % agus 18 % ag brath ar an staid (91), chuir an Coimisiún meán-asbhaint ICMS 17,5 % i bhfeidhm chun an tagarmharc a athríomh. |
|
(195) |
Mhaígh Wanhua Group nár áiríodh an tagarmharc le haghaidh leictreachais sa Nóta. |
|
(196) |
Thug an Coimisiún dá aire, sa Nóta, nár tuairiscíodh ach tagarmharcanna le haghaidh amhábhar bunaithe ar shonraí allmhairiúcháin. Chuir an Coimisiún an tagarmharc le haghaidh leictreachais san áireamh sa réamhnochtadh. |
Gás nádúrtha
|
(197) |
Is í Aireacht Mianach agus Fuinnimh na Brasaíle a fhoilsíonn praghas an gháis nádúrtha le haghaidh úsáideoirí tionsclaíocha sa Bhrasaíl (92). D’úsáid an Coimisiún an banda tomhaltais i méadair chiúbacha lena gcumhdaítear an tréimhse imscrúdúcháin. Áiríodh leis na rátaí a foilsíodh sna feasacháin mhíosúla le haghaidh 2024 an cháin ICMS chéanna a míníodh maidir le leictreachas thuas, agus chaith an Coimisiún leis an gcáin sin ar an mbealach céanna agus a dhéileáil sé leis an gcáin a rinneadh i gcás leictreachais. |
|
(198) |
Mhaígh Wanhua Group go raibh na sonraí tagarmhairc le haghaidh gás nádúrtha ar iarraidh ó Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Nóta, d’ainneoin thábhacht na toisce táirgeachta sin i gcostas iomlán na monaraíochta. |
|
(199) |
Thug an Coimisiún dá aire, mar a léirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Nóta, nach raibh sé beartaithe aige sonraí allmhairiúcháin gáis nádúrtha a úsáid mar thagarmharc neamhshaofa, agus ar an gcúis sin nár áiríodh gás nádúrtha in Iarscríbhinn II. Os a choinne sin, mar a léirítear thuas, bhí an Coimisiún ag brath ar fheasacháin mhíosúla Aireacht Mianach agus Fuinnimh na Brasaíle le haghaidh gáis. Chuir an Coimisiún an tagarmharc le haghaidh gás nádúrtha san áireamh sa réamhnochtadh. |
Gual
|
(200) |
D’úsáid an Coimisiún praghas an ghuail sa Bhrasaíl mar a d’fhoilsigh Aireacht Mianach agus Fuinnimh na Brasaíle (93) ina fheasacháin mhíosúla. |
Uisce
|
(201) |
D’úsáid an Coimisiún an taraif uisce a ghearr SABESP (94), atá freagrach as soláthar uisce, bailiú agus cóireáil séarachais i stát São Paulo. Leis an bhfaisnéis, bhíothas in ann taraifí is infheidhme maidir le húsáideoirí tionsclaíocha a shainaithint i mí Iúil 2024 i limistéar faoin ngiorrúchán OJ lena n-áirítear cathair Paulínia, áit a bhfuil príomhshaoráid táirgthe Rhodia Brasil sa Bhrasaíl lonnaithe. |
Gal
|
(202) |
Thug an Coimisiún dá aire, tar éis fíorú a dhéanamh, gur measadh gur tomhaltán é gal, mar a léirítear in aithris (180). Dá bhrí sin, níor bhunaigh an Coimisiún tagarmharc le haghaidh gaile. |
|
(203) |
Mhaígh Wanhua Group go raibh na sonraí tagarmhairc le haghaidh gaile in easnamh ó Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Nóta. |
|
(204) |
Thug an Coimisiún dá aire, mar a léirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Nóta, nach raibh sé beartaithe aige sonraí allmhairiúcháin gaile a úsáid mar thagarmharc neamhshaofa, agus ar an gcúis sin nár áiríodh gal in Iarscríbhinn II. |
Forchostais mhonaraíochta, costais SGA agus brabúis
|
(205) |
De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. |
|
(206) |
Sloinneadh na forchostais mhonaraíochta arna dtabhú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte mar sciar de chostais na monaraíochta arna dtabhú iarbhír ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa na monaraíochta. |
|
(207) |
Chun méid neamhshaofa agus réasúnta a shuí le haghaidh costais SGA agus brabúis, bhí an Coimisiún ag brath ar na sonraí airgeadais le haghaidh 2024 le haghaidh Rhodia Brasil arna mbaint as Data Mercantil (95). |
Ríomh
|
(208) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
|
(209) |
Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. Chuir an Coimisiún na costais aonaid neamhshaofa i bhfeidhm ar thomhaltas iarbhír thosca aonair táirgeachta an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch. Fíoraíodh na rátaí tomhaltais sin le linn an fhíorúcháin. D’iolraigh an Coimisiún na tosca úsáide faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a chonacthas sa tír ionadaíoch, mar a thuairiscítear in aithrisí (177) go (204). |
|
(210) |
Ansin, chuir an Coimisiún forchostais mhonaraíochta, mar a mhínítear in aithrisí (205) go (207), leis an gcostas monaraíochta neamhshaofa chun teacht ar na costais táirgthe neamhshaofa. |
|
(211) |
Chuir an Coimisiún costais SGA agus brabús Rhodia Brasil i bhfeidhm ar na costais táirgthe a suíodh mar a shonraítear san aithris roimhe seo. Ba é 14,6 % méid na gcostas SGA arna shloinneadh mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe. Ba é 8,0 % an brabús arna shloinneadh mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe. |
|
(212) |
Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
3.1.3. An praghas onnmhairiúcháin
|
(213) |
D’onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte chuig an Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha nó chuig cuideachta chomhlachaithe a bhí ag gníomhú mar úsáideoir. |
|
(214) |
I gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha san Aontas, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh é lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán. |
|
(215) |
I gcás an táirgeora onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann chuig an Aontas chuig cuideachta chomhlachaithe a bhí ag gníomhú ní hamháin mar allmhaireoir ach freisin mar úsáideoir, toisc nár athdhíoladh an táirge lena mbaineann sa riocht inar allmhairíodh é, níor mhór an praghas onnmhairiúcháin a ríomh ar aon bhonn réasúnach de bhun Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Suíodh san imscrúdú go raibh an táirge lena mbaineann ina chuid an-bheag de chostas táirgthe an táirge a dhíol an t-úsáideoir gaolmhar leis an gcéad chustaiméir neamhspleách san Aontas ar deireadh. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún praghas onnmhairiúcháin iontaofa a shuí bunaithe ar dhíolacháin an táirge deiridh leis an gcéad cheannaitheoir neamhspleách le haghaidh na ndíolachán sin. Ríomh an Coimisiún an praghas onnmhairiúcháin trí úsáid a bhaint as meán míosúil na bpraghsanna ar ar dhíol an táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte céanna an táirge lena mbaineann le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, mar a bhunaítear de bhun Airteagal 2(8) den bhun-Rialachán. Maidir leis an mí nár thuairiscigh an táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte atá i gceist aon díolachán le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, shuigh an Coimisiún an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn mheánphraghas dhíolacháin an táirgeora onnmhairiúcháin le custaiméirí neamhspleácha san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
3.1.4. Comparáid
|
(216) |
Ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chóir a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna a chur san áireamh. Sa chás atá idir lámha, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh go ndearna siad difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. |
3.1.4.1.
|
(217) |
Mar a mhínítear in aithris (212), suíodh an gnáthluach ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha trí úsáid a bhaint as costais táirgthe mar aon le méideanna le haghaidh costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabúis, a measadh a bheith réasúnta don leibhéal trádála sin. Dá bhrí sin, ní raibh gá le haon choigeartú chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha. |
3.1.4.2.
|
(218) |
Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe i leith na nithe seo a leanas: costais lasta, árachais, láimhseála agus luchtaithe agus costais choimhdeacha. |
|
(219) |
Cuireadh san áireamh an toisc seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costas creidmheasa, muirir bhainc agus, i gcás ceann amháin den dá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte, coimisiúin. |
|
(220) |
D’onnmhairigh táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte amháin chuig an Aontas trí chuideachta ghaolmhar lasmuigh den Aontas. Suíodh san imscrúdú go raibh feidhmeanna an trádálaí ghaolmhair cosúil le feidhmeanna gníomhaire a bhí ag obair ar bhonn coimisiúin. Go deimhin, fuair an trádálaí gaolmhar sin brabús as a sheirbhísí agus thrádáil sé réimse leathan earraí seachas an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún coigeartú ar an bpraghas onnmhairiúcháin de bhun Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán le haghaidh an chorrlaigh brabúis a fuair an trádálaí comhlachaithe. |
|
(221) |
Bhí an coigeartú don choimisiún ríofa bunaithe ar na costais SGA a thabhaigh an trádálaí gaolmhar agus, i bhfianaise an chaidrimh idir an dá chuideachta agus ós rud é nár chomhoibrigh aon allmhaireoir neamhghaolmhar san imscrúdú atá ann faoi láthair, brabús barúlach 6,89 % a measadh a bheith réasúnta in imscrúdú roimhe seo maidir le hallmhairí alcól polaivinile de thionscnamh na Síne (96). Measadh go sealadach go raibh an leibhéal brabúis 6,89 % sin réasúnta, toisc sa chás sin freisin gur bhain allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a raibh baint acu le trádáil táirgí ceimiceacha amach é. |
3.1.5. Corrlach dumpála
|
(222) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
|
(223) |
Ar an mbonn sin, is iad seo a leanas na meánchorrlaigh dhumpála ualaithe shealadacha arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorann an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
|
(224) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla, ríomh an Coimisiún an meánchorrlach dumpála ualaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, suíodh an corrlach ar bhonn chorrlaigh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. |
|
(225) |
Ar an mbonn sin, is é 362,8 % corrlach dumpála sealadach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla. |
|
(226) |
Maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin eile sa tSín, shuigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Is ionann an leibhéal comhair agus an méid onnmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas arna shloinneadh mar chion de mhéid iomlán na n-allmhairí ón tír lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, arna suí ar bhonn Eurostat. |
|
(227) |
Tá an leibhéal comhair sa tSín ard toisc go raibh thart ar 85 % de mhéid iomlán na n-allmhairí ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gceist le honnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún an corrlach dumpála a shuí le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha sa tSín ar leibhéal na cuideachta sampláilte a bhfuil an corrlach dumpála is airde aici i ngach tír. |
|
(228) |
Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála shealadacha, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
3.2. an Araib Shádach
|
(229) |
D’onnmhairigh an t-aon táirgeoir onnmhairiúcháin amháin san Araib Shádach, International Diol Company (‘IDC’), chuig an Aontas go heisiach trína thrádálaí comhlachaithe Sipchem Marketing Company (‘SMC’), atá bunaithe san Araib Shádach. Dá réir sin, d’onnmhairigh SMC chuig an Aontas go heisiach trína fhochuideachta lánúinéireachta Sipchem Europe SA (‘SESA’), atá bunaithe san Eilvéis. Tá na trí chuideachta mar chuid de ghrúpa Saudi International Petrochemical Company (‘Sipchem’). |
3.2.1. An Gnáthluach
|
(230) |
Ní dhearna IDC aon díolachán 1,4-Bútáindé-óil a bhí beartaithe le haghaidh tomhaltas intíre le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, ríomh an Coimisiún an gnáthluach i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus (6)(c) den bhun-Rialachán. |
|
(231) |
Ríomhadh an gnáthluach ag an leibhéal díreach ón monarcha tríd an méid seo a leanas a chur leis an meánchostas táirgthe a bhain le táirge comhchosúil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte le linn na tréimhse imscrúdúcháin:
|
3.2.2. An praghas onnmhairiúcháin
|
(232) |
Mar a mhínítear in aithris (229), d’onnmhairigh IDC chuig an Aontas go heisiach trí SMC, a thrádálaí gaolmhar atá bunaithe san Araib Shádach. Dá réir sin, d’onnmhairigh SMC chuig an Aontas go heisiach trína fhochuideachta faoi lánúinéireacht SESA, atá bunaithe san Eilvéis. I gcás na ndíolachán sin, ghníomhaigh SESA mar allmhaireoir do mhargadh an Aontais, ag tabhú na gcostas ábhartha agus ag fabhrú brabús. |
|
(233) |
Ina fhianaise sin, suíodh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais ar ar athdhíol SESA an táirge allmhairithe den chéad uair le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Sa chás sin, rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas de réir gach costais a tabhaíodh idir allmhairiú agus athdhíol, lena n-áirítear costais SGA, agus de réir na mbrabús a fabhraíodh. Rinneadh an coigeartú trí úsáid a bhaint as na costais iarbhír SGA arna dtabhú ag SESA agus, ar na forais a mhínítear in aithris (221), brabús barúlach 6,89 %. |
|
(234) |
Mhaígh Sipchem gur cheart a dhíolacháin le táirgeoir agus margóir 1,4-Bútáindé-óil áirithe de chuid an Aontais a eisiamh ó ríomh an phraghais onnmhairiúcháin, ar an bhforas go raibh praghas na ndíolachán sin i bhfad níos ísle ná meánphraghsanna Sipchem agus gur toradh iad ar dhianchaibidlíocht. |
|
(235) |
Mheabhraigh an Coimisiún nach mór gach díolachán onnmhairiúcháin a chur san áireamh chun an corrlach dumpála a chinneadh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
3.2.3. Comparáid
|
(236) |
Ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chóir a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna a chur san áireamh. Sa chás atá idir lámha, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh go ndearna siad difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. |
3.2.3.1.
|
(237) |
Mar a mhínítear in aithris (231), suíodh an gnáthluach ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha trí úsáid a bhaint as costais táirgthe mar aon le méideanna le haghaidh costais SGA agus brabúis, a measadh a bheith réasúnta don leibhéal trádála sin. Dá bhrí sin, ní raibh gá le haon choigeartú chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha. |
|
(238) |
Níor aimsigh an Coimisiún aon chúis le haon lamháltas a dhéanamh i leith an ghnáthluacha, ná níor éiligh an t-aon táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch amháin na lamháltais sin. |
3.2.3.2.
|
(239) |
Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe i leith na nithe seo a leanas: dleacht chustaim, muirir allmhairithe eile, lastas, árachas, láimhseáil, luchtú agus costais choimhdeacha. |
|
(240) |
Cuireadh san áireamh an toisc seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costais chreidmheasa agus coimisiúin |
|
(241) |
Ós rud é go ndearnadh díolacháin uile an Aontais trí thrádálaí comhlachaithe san Araib Shádach (SMC), agus go ndearna an chuideachta sin feidhmeanna atá comhchosúil le feidhmeanna gníomhaire atá ag obair ar bhonn coimisiúin, agus go bhfuair sí coimisiún le haghaidh na ndíolachán sin, rinneadh coigeartú ar an bpraghas onnmhairiúcháin faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán. Rinneadh an coigeartú trí úsáid a bhaint as na costais iarbhír SGA arna dtabhú ag SMC agus, i bhfianaise an chaidrimh idir na cuideachtaí, brabús barúlach 6,89 % mar a leagtar amach in aithris (221). |
|
(242) |
Ina freagra ar an gceistneoir, mhaígh an chuideachta gur eintiteas eacnamaíoch aonair iad IDC, SMC agus SESA agus, dá bhrí sin, nach mbeadh údar le coigeartú den sórt sin. Chun bunús a thabhairt lena maíomh, d’áitigh an chuideachta gur chuir IDC cúraimí ar iontaoibh SMC/SESA, nach bhfuil aon fheidhmeanna díolacháin dá chuid féin aige, ar cúraimí iad a thagann faoi raon feidhme freagrachtaí roinn láraithe inmheánach díolacháin (SMC) agus roinn onnmhairiúcháin (SESA) de ghnáth. Chinn an Coimisiún, áfach, go bhfuil conradh an-mhionsonraithe ann idir IDC agus SMC, ina leagtar amach na coimisiúin a íocann IDC agus lena n-áirítear clásal eadrána freisin, rud a thaispeánann dá bhrí sin dlúthpháirtíocht eacnamaíoch theoranta idir an dá chuideachta. I bhfianaise an mhéid sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh agus mheas sé go raibh údar le coigeartú an phraghais onnmhairiúcháin faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán. |
3.2.4. Corrlaigh dhumpála
|
(243) |
Maidir leis an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe an táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
|
(244) |
Ós rud é nach raibh ach táirgeoir onnmhairiúcháin amháin ann a chumhdaigh iomlán na n-onnmhairí ón Araib Shádach chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, níor ghá meánchorrlach dumpála ualaithe a ríomh a chuirfí i bhfeidhm de ghnáth maidir le cuideachtaí comhoibríocha nár sampláladh. |
|
(245) |
Maidir le gach allmhaire eile de thionscnamh na hAraibe Sádaí, shuigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún gurbh iomchuí an corrlach dumpála a shuí ar leibhéal chorrlach dumpála an táirgeora chomhoibríoch. |
|
(246) |
Ar an mbonn sin, is iad seo a leanas na meánchorrlaigh dhumpála ualaithe shealadacha arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorann an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
3.3. STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ
3.3.1. An Gnáthluach
|
(247) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar dtús chun a fháil amach an méid ionadaíoch a bhí i méid iomlán na ndíolachán intíre i gcás an táirgeora onnmhairiúcháin comhoibríoch, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre in aghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin 5 % ar a laghad de mhéid iomlán a dhíolachán onnmhairiúcháin leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcás an táirge lena mbaineann. Ar an mbonn sin, bhí díolacháin iomlána tháirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch an táirge chomhchosúil ar an margadh intíre ionadaíoch. |
|
(248) |
Ina dhiaidh sin, shainaithin an Coimisiún na cineálacha táirgí a díoladh ar bhonn intíre agus a bhí comhionann nó inchomparáide leis na cineálacha táirgí a díoladh lena n-onnmhairiú leis an Aontas i gcás an táirgeora onnmhairiúcháin a raibh díolacháin intíre ionadaíocha acu. |
|
(249) |
Scrúdaigh an Coimisiún ansin an raibh na díolacháin intíre a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch ar a mhargadh intíre le haghaidh gach cineáil táirge, atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas ionadaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch i gcás cineáil táirge más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an chineáil táirge sin le custaiméirí neamhspleácha le linn na tréimhse imscrúdúcháin 5 % de mhéid iomlán dhíolacháin onnmhairiúcháin an chineáil táirge chomhionainne nó inchomparáide leis an Aontas. Shuigh an Coimisiún go raibh díolacháin intíre gach cineáil táirge ionadaíoch don táirgeoir onnmhairiúcháin. |
|
(250) |
Ina dhiaidh sin, shainigh an Coimisiún an cion de dhíolacháin bhrabúsacha le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre i gcás gach cineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdúcháin chun a chinneadh ar cheart díolacháin intíre iarbhír a úsáid chun an gnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) den bhun-Rialachán. |
|
(251) |
Bunaítear an gnáthluach ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge, gan beann ar cibé acu atá na díolacháin sin brabúsach nó nach bhfuil, más rud é:
|
|
(252) |
Sa chás sin, is é atá sa ghnáthluach meánphraghsanna ualaithe dhíolacháin intíre uile an chineáil táirge sin le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(253) |
Is é atá sa ghnáthluach an praghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge a bhaineann le díolacháin intíre bhrabúsacha na gcineálacha táirgí sin, agus an méid sin amháin, le linn ná tréimhse imscrúdúcháin, más rud é:
|
|
(254) |
Léiríodh san anailís ar dhíolacháin intíre go raibh [8 %-12 %] de na díolacháin intíre uile brabúsach agus go raibh an meánphraghas díola ualaithe níos ísle ná an costas táirgthe. Dá réir sin, ríomhadh an gnáthluach mar mheán ualaithe na ndíolachán brabúsach amháin. |
3.3.2. An praghas onnmhairiúcháin
|
(255) |
D’onnmhairigh an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch chuig an Aontas trí chuideachta chomhlachaithe a bhí ag gníomhú mar allmhaireoir. |
|
(256) |
I gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann chuig an Aontas trí chuideachta chomhlachaithe a bhí ag gníomhú mar allmhaireoir, suíodh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais ar ar athdhíoladh an táirge allmhairithe den chéad uair le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Sa chás sin, rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas de réir gach costais a tabhaíodh idir allmhairiú agus athdhíol, lena n-áirítear costais SGA, agus de réir na mbrabús a fabhraíodh. |
|
(257) |
Bhraith an Coimisiún ar na costais SGA iarbhír a thuairiscigh an t-allmhaireoir comhlachaithe. Maidir le brabús, d’úsáid an Coimisiún an brabús barúlach 6,89 % ar na cúiseanna céanna a leagtar amach in aithris (221), is é sin an gaol idir cuideachtaí agus an easpa comhair ó allmhaireoirí neamhchomhlachaithe san imscrúdú seo. |
3.3.3. Comparáid
|
(258) |
Ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chóir a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna a chur san áireamh. Sa chás atá idir lámha, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh go ndearna siad difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. |
3.3.3.1.
|
(259) |
Chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar chostais iompair, láimhseála, luchtaithe, choimhdeacha agus árachais chomh maith le speansais le haghaidh cúnamh teicniúil agus seirbhísí teicniúla. |
|
(260) |
Cuireadh san áireamh an toisc seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: coimisiún, costais chreidmheasa agus muirir bhainc. |
3.3.3.2.
|
(261) |
Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe i leith na nithe seo a leanas: dleacht chustaim, costais lasta, árachais, láimhseála, luchtaithe agus choimhdeacha. |
|
(262) |
Cuireadh san áireamh an toisc seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costais chreidmheasa. |
3.3.4. Corrlaigh dhumpála
|
(263) |
Ar an mbonn sin, ba é 135,7 % an corrlach dumpála do Lyondell Chemical Company, arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc. |
|
(264) |
Is íseal an leibhéal comhoibrithe atá ann i Stáit Aontaithe Mheiriceá ós rud é go raibh thart ar 17 % de mhéid iomlán na n-onnmhairí chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gceist le hallmhairí an táirgeora onnmhairiúcháin comhoibríoch. |
|
(265) |
Mheabhraigh an Coimisiún gur cuireadh páirtithe leasmhara ar an eolas i Roinn 10 den fhógra tionscnaimh (99) go bhféadfadh torthaí bunaithe ar fhíorais a bhí ar fáil faoi Airteagal 18 den bhun-Rialachán a bheith mar thoradh ar easpa comhair, nó ar chomhar páirteach amháin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le torthaí nach mbeadh chomh fabhrach céanna do na páirtithe sin. Ós rud é gur tugadh rabhadh soiléir do na páirtithe leasmhara faoi iarmhairtí an neamh-chomhoibrithe san fhógra tionscnaimh agus sna himeachtaí mar a shonraítear in aithris (45), agus go raibh an leibhéal comhair sa chás seo an-íseal, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an dleacht frithdhumpála iarmharach a chinneadh bunaithe ar fhothacar ionadaíoch díolachán ag Lyondell Chemical Group arbh é ba chúis le os cionn 47 % de dhíolacháin na cuideachta agus 8 % de mhéid iomlán onnmhairiúcháin na gcuideachtaí sampláilte uile chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Measadh gur athróg ionadaíoch réasúnta iad na díolacháin sin maidir le hiompraíocht dumpála na n-onnmhaireoirí neamh-chomhoibríocha. |
|
(266) |
Ar an mbonn sin, socraíodh an corrlach dumpála iarmharach do SAM ag 142.5 %. |
|
(267) |
Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála shealadacha le haghaidh Stáit Aontaithe Mheiriceá, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(268) |
Rinne ceithre tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. |
|
(269) |
Suíodh gur thart ar 189 700 tona a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Shuigh an Coimisiún an méid ar bhonn na bhfreagraí ar an gceistneoir ón trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais: BASF SE (‘BASF’), INEOS Solvents Marl GmbH (‘INEOS’) agus Lyondell Chemie Nederland BV (‘LCN’) agus an freagra ar an macraicheistneoir ó Novamont S.p.A (‘Novamont’). Mhonaraigh na trí tháirgeoir shampláilte 1,4-Bútáindé-ól iontaise-bhunaithe ach tháirg Novamont bith-1,4-Bútáindé-ól. Mar a léirítear in aithris (34), is ó thrí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais a tháinig breis agus 70 % de tháirgeacht agus de dhíolacháin iomlána an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil. |
4.2. Margadh ábhartha an Aontais a chinneadh
|
(270) |
Chun a shuí ar bhain díobháil do thionscal an Aontais agus chun an tomhaltas agus na táscairí eacnamaíocha éagsúla i ndáil le staid thionscal an Aontais a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún ar ghá, agus a mhéid ba ghá, an úsáid a baineadh as táirgeacht thionscal an Aontais i gcás an táirge chomhchosúil a chur san áireamh san anailís. |
|
(271) |
Úsáidtear 1,4-Bútáindé-ól mar ábhar idirmheánach chun raon leathan táirgí ceimiceacha iartheachtacha a tháirgeadh lena n-áirítear teireataláit pholabúitiléine, teireataláit adapáite pholabúitiléine, polúireatán teirmeaplaisteach, teitrihidreafúrán agus gáma-bútarachtón. Chinn an Coimisiún go raibh cuid mhór de tháirgeacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas beartaithe le haghaidh úsáid faoi chuing. Tá éagsúlacht i samhail ghnó tháirgeoirí an Aontais agus ina leibhéal comhtháthaithe ingearaigh. Mar sin féin, is féidir tionscal an Aontais a shaintréithriú ar an iomlán mar thionscal a bhfuil ardleibhéal comhtháthaithe ingearaigh aige, ós rud é go bhfuarthas amach go raibh táirgeoirí de chuid an Aontais ina dtáirgeoirí, ina n-allmhaireoirí, ina ndíoltóirí agus ina n-úsáideoirí an tráth céanna den táirge faoi imscrúdú agus maidir le táirgí ceimiceacha eile. |
|
(272) |
Is minic a aistríodh 1,4-Bútáindé-ól ar chostas laistigh den chuideachta chéanna le haghaidh tuilleadh próiseála iartheachtaí. D’fhéadfadh táirgeoirí de chuid an Aontais 1,4-Bútáindé-ól a fhoinsiú ó tháirgeoirí neamhchomhlachaithe eile de chuid an Aontais, ó allmhairí nó ó tháirgeadh inmheánach dílis a ndearnadh tuilleadh próiseála air ansin chuig raon leathan táirgí iartheachtacha agus/nó a athdhíoladh, agus i ndálaí an mhargaidh a bhí ann in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin bhí modhanna ilfhoinsithe 1,4-Bútáindé-óil in úsáid ag táirgeoirí de chuid an Aontais. Ina theannta sin, bhí sé de shaoirse ag páirtithe gaolmhara a gceannacháin 1,4-Bútáindé-óil a fhoinsiú ó sholáthróirí gaolmhara nó neamhghaolmhara, laistigh den Aontas nó lasmuigh de. Thairis sin, is minic a táirgeadh 1,4-Bútáindé-ól i bpáirceanna ceimiceacha lena n-áirítear táirgí iartheachtacha agus táirgí ceimiceacha eile. |
|
(273) |
Agus é á chur san áireamh, i ndálaí an mhargaidh a bhí ann in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin, go bhféadfaí úsáid faoi chuing a fháil ó pháirtithe gaolmhara nó ó sholáthróirí neamhghaolmhara, laistigh den Aontas nó lasmuigh de, agus gur socraíodh na díolacháin ó pháirtithe gaolmhara ar phraghsanna an mhargaidh idirnáisiúnta, measadh gur cuid den saormhargadh iad na díolacháin faoi chuing. Tacaíonn an toradh sin leis an tuairim gur cheart tomhaltas iomlán a úsáid chun sciartha den mhargadh a ríomh sa chás seo. Mar sin féin, ar mhaithe le hiomláine, léirigh an Coimisiún treochtaí eile maidir leis an sciar den mhargadh ina anailís freisin. Dá bhrí sin, ós rud é go bhfaigheann táirgeoir an Aontais 1,4-Bútáindé-ól le haghaidh táirgeadh iartheachtach óna tháirgeadh féin nó ón saormhargadh araon, ag brath ar phraghsanna agus ar chostas an táirge lena mbaineann, mheas an Coimisiún gurb é an tomhaltas iomlán (an saormhargadh móide faoi chuing) an táscaire is fearr le haghaidh na hanailíse díobhála. |
4.3. Tomhaltas an Aontais
|
(274) |
Tá tionscal an Aontais comhtháite go hingearach agus meastar gur príomhábhar é an táirge faoi imscrúdú chun táirgí iartheachtacha breisluacha éagsúla a tháirgeadh. Rinneadh anailís ar leithligh ar an tomhaltas faoi chuing agus ar an tomhaltas saormhargaidh. |
|
(275) |
Shuigh an Coimisiún tomhaltas iomlán an Aontais ar shuim an tsaormhargaidh agus na margaí faoi chuing. |
|
(276) |
Shuigh an Coimisiún an margadh faoi chuing bunaithe ar úsáid faoi chuing thionscal an Aontais, agus ar úsáid an tsaormhargaidh ar bhonn na táirgeachta arna díol ag tionscal an Aontais le tríú páirtithe móide allmhairí isteach san Aontas ó gach tríú tír. |
|
(277) |
Ar an mbonn sin, is mar a leanas a tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais: Tábla 2 Tomhaltas an Aontais (tonaí)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(278) |
Tháinig laghdú ar thomhaltas an mhargaidh faoi chuing i dtonaí ó 2021 go 2023, le laghdú substaintiúil 31 % in 2022 agus laghdú 49 % in 2023 i gcomparáid le tomhaltas 2021. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, tháinig méadú ar thomhaltas an mhargaidh faoi chuing i gcomparáid le 2023, ach d’fhan sé fós faoi bhun leibhéil 2021 agus tháinig laghdú 38 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar thoradh air sin, thit tomhaltas an mhargaidh faoi chuing go 163 036 thona le linn na tréimhse imscrúdúcháin ó 264 489 dtona in 2021. |
|
(279) |
Tháinig laghdú beag ar thomhaltas an tsaormhargaidh in 2022 agus 2023, agus tháinig laghdú 13 % ar thomhaltas in 2022 agus 6 % in 2023 i gcomparáid le 2021. Mar sin féin, tháinig méadú mór ar thomhaltas foriomlán an tsaormhargaidh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig méadú 15 % air le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 2021. Mar thoradh air sin, tháinig méadú ó 159 456 thona in 2021 go 184 036 thona le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(280) |
Ar an iomlán, tháinig laghdú ar thomhaltas iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ar an gcéad dul síos, tháinig laghdú 24 % air in 2022, agus ansin tháinig laghdú 33 % air in 2023 i gcomparáid le tomhaltas iomlán an Aontais in 2021. D’ainneoin méadú ar thomhaltas iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 2023, d’fhan tomhaltas iomlán an Aontais 18 % níos ísle le linn na tréimhse imscrúdúcháin ná mar a bhí in 2021. Is amhlaidh atá toisc nár leor méadú ar thomhaltas an tsaormhargaidh le linn na tréimhse imscrúdúcháin chun an laghdú ar thomhaltas mhargadh faoi chuing an Aontais a chúiteamh, rud a d’fhág go raibh tomhaltas iomlán níos ísle ag an Aontas ar an táirge lena mbaineann ó 423 944 thona in 2021 go 347 072 thona le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(281) |
Bhí tomhaltas iomlán an Aontais ard in 2021 mar gheall ar éileamh ard san iliomad tionscal slabhra luacha iartheachtach 1,4-Bútáindé-óil, a bhain den chuid is mó le saincheisteanna COVID-19. Luainigh an tomhaltas ó 2022 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin agus tháinig méadú 8 % air le linn na tréimhse sin. Mhínigh tionscal an Aontais go bhfuil an t-éileamh ar 1,4-Bútáindé-ól ar fud an domhain agus san Aontas cobhsaí san fhadtéarma intuartha. |
|
(282) |
Léirítear i dTábla 2 thuas codarsnacht idir forbairtí an mhargaidh faoi chuing, ar tháinig laghdú 38 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus an saormhargadh ar tháinig méadú 15 % air. Agus an toradh in aithris (273) á chur san áireamh, soláthraíodh tomhaltas iomlán tábhachtach an Aontais in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin níos lú ó tháirgeacht an Aontais agus níos mó ó allmhairí dumpáilte. Déantar tuilleadh anailíse ar na forbairtí sin faoi na ranna ‘díobháil’ agus ‘cúisíocht’. |
4.4. Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann
4.4.1. Measúnú carnach ar éifeachtaí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann
|
(283) |
Scrúdaigh an Coimisiún ar cheart measúnú carnach a dhéanamh ar allmhairí bútáindé-óil de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den bhun-Rialachán. |
|
(284) |
Mar a shuitear thuas i roinn 3, bhí an corrlach dumpála a suíodh i ndáil leis na hallmhairí ón tSín, ón Araib Shádach agus ó SAM os cionn na tairsí de minimis a leagtar síos in Airteagal 9(3) den bhun-Rialachán. Níor dhiomaibhseach an méid allmhairí ó gach ceann de na tíortha lena mbaineann de réir bhrí Airteagal 5(7) den bhun-Rialachán. De réir Thábla 3, bhí sciartha den mhargadh (de mhargadh iomlán an Aontais) sa tréimhse imscrúdúcháin thart ar 7 %, 11 % agus 7 %, faoi seach. |
|
(285) |
Maidir leis na coinníollacha iomaíochta, d’áitigh LCN nach bhfuil allmhairí 1,4-Bútáindé-óil ó SAM faoi réir na gcoinníollacha iomaíochta céanna le hallmhairí ón Araib Shádach agus ón tSín. Chuir LCN in iúl go raibh allmhairí ó SAM comhdhéanta go heisiach de sheachadtaí laistigh de chuideachtaí laistigh de ghrúpaí Lyondell Basell agus BASF. Dúirt sé freisin, cé go ndearnadh seachadtaí LCN ó SAM a thrádáil ar mhargadh an Aontais, go raibh allmhairí BASF le húsáid ag an gcuideachta chun táirgí iartheachtacha a tháirgeadh. |
|
(286) |
Ní chuireann an Coimisiún in aghaidh na bhfíoras maidir le hallmhairí SAM mar a thug LCN le fios, ach ní aontaíonn sé go bhfuil feidhm ag coinníollacha éagsúla iomaíochta maidir le hallmhairí SAM i gcomparáid le hallmhairí ón Araib Shádach agus ón tSín. Go deimhin, d’úsáid táirgeoirí de chuid an Aontais allmhairí ó na trí thír uile chun táirgí iartheachtacha a tháirgeadh agus/nó a thrádáil ar an saormhargadh, agus bhí éagsúlacht sa mhinicíocht le linn na tréimhse faoi bhreathnú. B’amhlaidh an cás maidir le táirgeadh tháirgeoirí an Aontais. Úsáideadh an táirge comhchosúil sin faoi chuing nó díoladh é le húsáideoirí tionsclaíocha (ar théarmaí conarthacha atá comhchosúil le téarmaí na n-allmhairí) ar mhargadh an Aontais. Bhí na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann uile in iomaíocht lena chéile agus le táirgeacht an Aontais, toisc go ndearnadh iad agus úsáid á baint as coinníollacha comhchosúla maidir le praghsanna conartha trí úsáid a bhaint as innéacsanna ICIS (100) mar thagarmharc. 1,4-Bútáindé-ól a bhí sna hallmhairí uile agus na buntréithe céanna acu, rud a chiallaíonn go raibh siad go hiomlán inmhalartaithe. Ina theannta sin, is minic a bhí siad in iomaíocht le haghaidh na húsáide céanna, is é sin 1,4-Bútáindé-ól a sholáthar d’éileamh faoi chuing an Aontais agus/nó d’éileamh an tsaormhargaidh, lena n-áirítear 1,4-Bútáindé-ól allmhairithe a athdhíol. |
|
(287) |
Rinne Sipchem, INEOS agus Will & Co barúlacha maidir le carnadh allmhairí a mhéid a bhaineann leis an Araib Shádach. Maidir leis na coinníollacha iomaíochta, d’áitigh Sipchem nach bhfuil allmhairí 1,4-Bútáindé-óil ón Araib Shádach faoi réir na gcoinníollacha iomaíochta céanna le hallmhairí ó SAM agus ón tSín. Chuir Sipchem in iúl go léiríonn díolacháin Sipchem le INEOS go bhfuil iompraíocht mhargaidh Sipchem éagsúil le hiompraíocht mhargaidh onnmhaireoirí 1,4-Bútáindé-óil na Síne, a dhéanann go leor spotdíolacháin faille, agus onnmhaireoirí 1,4-Bútáindé-óil SAM, a dhíolann den chuid is mó le heintitis chomhlachaithe san Aontas le haghaidh úsáid iartheachtach chun a dtáirgeadh 1,4-Bútáindé-óil de chuid an Aontais a chomhlánú. Ina theannta sin, d’áitigh Will & Co go leanann allmhairí ón Araib Shádach na praghsanna a shocraigh an tSín in 1,4-Bútáindé-ól, agus mar gheall air sin níor cheart iad a charnadh. D’easaontaigh INEOS le barúlacha Sipchem agus Will & Co agus chuir sé in iúl go raibh socruithe praghsála comhchosúla ann le haghaidh allmhairí ón Araib Shádach mar a bhí i gcás allmhairí eile agus díolacháin thionscal an Aontais i gcoitinne le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(288) |
Arís, níor aontaigh an Coimisiún go bhfuil feidhm ag coinníollacha éagsúla iomaíochta maidir le hallmhairí ón Araib Shádach i gcomparáid le hallmhairí ó SAM agus ón tSín, agus go raibh modhanna táirgthe, costas táirgthe agus praghsanna díola éagsúla leis an Aontas ó na tíortha a breithníodh. D’úsáid táirgeoirí de chuid an Aontais allmhairí ó na trí thír uile faoi chuing agus/nó thrádáil siad ar an saormhargadh, agus d’athraigh an mhinicíocht le linn na tréimhse imscrúdúcháin. B’amhlaidh an cás maidir le táirgeadh tháirgeoirí an Aontais. Úsáideadh an táirge comhchosúil sin i dtáirgí iartheachtacha nó díoladh é le húsáideoirí tionsclaíocha (ar théarmaí atá comhchosúil le téarmaí na n-allmhairí) ar mhargadh an Aontais. Bhí na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann in iomaíocht le chéile toisc go ndearnadh iad agus úsáid á baint as coinníollacha comhchosúla maidir le praghsanna conartha trí úsáid a bhaint as innéacsanna ICIS mar thagarmharc. Ina theannta sin, bhí na buntréithe céanna ag an táirge a allmhairíodh, rud a chiallaíonn go raibh siad go hiomlán inmhalartaithe. |
|
(289) |
Dá bhrí sin, bhí na coinníollacha iomaíochta idir na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann agus an táirge comhchosúil cosúil lena chéile. Go sonrach, bhí an 1,4-Bútáindé-ól allmhairithe in iomaíocht lena chéile agus leis an 1,4-Bútáindé-ól a tháirgtear san Aontas, toisc go ndíoltar iad trí na bealaí díolacháin céanna, go raibh na húsáidí céanna acu agus gur díoladh iad ar deireadh leis na custaiméirí céanna. |
|
(290) |
Mar thoradh air sin, comhlíonadh na critéir uile a leagtar amach in Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán agus scrúdaíodh allmhairí ón trí thír lena mbaineann go carnach chun an díobháil a chinneadh. |
4.4.2. Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann
|
(291) |
Shuigh an Coimisiún an méid allmhairí ar bhonn staidreamh ó Eurostat. Suíodh sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn staitisticí allmhairí an Aontais i gcomparáid le tomhaltas iomlán an Aontais de réir Thábla 2. |
|
(292) |
Allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann: Tábla 3 An méid allmhairí agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(293) |
Tháinig méadú ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ó thart ar 48 800 tona in 2021 go dtí thart ar 89 000 tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin, méadú 82 %. Tháinig laghdú ar allmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 2023, ach tá an laghdú sin inchurtha go páirteach i leith Ghéarchéim na Mara Rua (101) a dhéanann difear don chumas 1,4-Bútáindé-ól a allmhairiú chuig an Aontas. Ina theannta sin, luaigh LCN go dtiocfadh laghdú ar na hallmhairí ón tSín in 2024 mar gheall ar chinneadh straitéiseach BASF dífheistiú óna chomhfhiontar sa tSín in R4 2023 rud a laghdódh iomlán na n-allmhairí ón tSín. |
|
(294) |
Lean sciartha margaidh na dtíortha lena mbaineann treocht a bhí comhchosúil le treocht na n-allmhairí, agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh i gcomparáid le 2023 ó 37 % go 26 %. Mar sin féin, le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, tháinig méadú níos mó ná faoi dhó ar an sciar den mhargadh, ó 12 % in 2021 go 26 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, méadú 14 phointe céatadáin. |
4.5. Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais agus ísliú praghsanna
|
(295) |
Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh sladghearradh praghais na n-allmhairí ar bhonn na faisnéise ó na táirgeoirí comhoibríocha sampláilte ón tSín, ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha ón Araib Shádach agus ó SAM agus ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais. |
|
(296) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann: Tábla 4 Praghsanna na n-allmhairí (EUR/tona)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(297) |
Tháinig méadú 52 % ar mheánphraghas na n-allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann den chéad uair in 2022 go dtí thart ar EUR 3 700/tona agus ansin tháinig laghdú mór air in 2023 go dtí thart ar EUR 1 900/tona. Ar an iomlán, tháinig laghdú mór 50 % ar an meánphraghas le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ó thart ar EUR 2 400/tona in 2021 go dtí thart ar EUR 1 200/tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(298) |
Bhí tionchar den chuid is mó ag forbairt na gcostas amhábhar agus na bpraghsanna fuinnimh ar luaineacht an phraghais, in éineacht le hinfheistíochtaí acmhainneachta substaintiúla, allmhairí méadaithe chuig an Aontas agus an acmhainneacht bhreise ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ina theannta sin, bhí díolacháin allmhairí faoi réir conarthaí a bhí nasctha le praghsanna tagarmhairc ICIS. |
|
(299) |
Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdúcháin trí chomparáid a dhéanamh idir na nithe seo a leanas:
|
|
(300) |
Rinneadh an chomparáid praghsanna de réir cineáil le haghaidh idirbheart ar an leibhéal céanna trádála, arna coigeartú go cuí nuair ba ghá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léirigh sé meánchorrlach sladghearrtha ualaithe 6.9 % ag na tíortha lena mbaineann ar mhargadh an Aontais. Ní raibh aon sladghearradh ann do tháirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte na Síne. Tagraíonn an Coimisiún, áfach, d’éifeachtaí praghais eile (laghdú) i Roinn 4.6.3.1 den Rialachán seo (féach aithrisí (331) go (334) mar shampla). Ina theannta sin, ba léir go raibh praghsanna allmhairí agus thionscal an Aontais araon ar threocht chomhchosúil, ós rud é gur suíodh leis an imscrúdú gur bhain conarthaí le húsáideoirí tionsclaíocha úsáid as praghsanna ICIS mar thagarmharc mar a fuarthas in aithris (331). |
|
(301) |
D’áitigh LCN nach ndearna allmhairí ó SAM sladghearradh ná díobháil do thionscal an Aontais, toisc gur allmhairigh LCN agus BASF araon iad agus nuair a dhíoltar (nó nuair a úsáidtear faoi chuing iad) ar mhargadh an Aontais, dhíolfaí (nó thomhlófaí) iad ar na praghsanna (nó na costais) céanna le táirgeadh an Aontais a dhíoltar (nó a thomhlaítear) ar mhargadh an Aontais. Mar sin féin, mar a fuarthas i Roinn 4.6.3.1 den Rialachán seo, bhí praghsanna díola an Aontais laghdaithe go mór agus ba mhórchúis díobhála é an t-ísliú praghsanna sin i ndáiríre. Ina theannta sin, rinne na hallmhairí ó SAM sladghearradh, ar an meán, ar phraghsanna díola thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, bhí sladghearradh allmhairí SAM ina thoisc mhór san imscrúdú díobhála. |
|
(302) |
D’áitigh Sipchem agus Will & Co. nach ndearna allmhairí ón Araib Shádach sladghearradh ná díobháil do thionscal an Aontais, toisc gur chuidigh siad le tionscal an Aontais a sheasamh ar mhargadh an Aontais a choinneáil ar bun. Mar sin féin, mar a fuarthas i Roinn 4.6.3.1 den Rialachán seo, bhí praghsanna díola an Aontais laghdaithe go mór agus ba mhórchúis díobhála é an t-ísliú praghsanna sin i ndáiríre. Ina theannta sin, rinne na hallmhairí ó SAM sladghearradh, ar an meán, ar phraghsanna díola thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, bhí sladghearradh allmhairí na hAraibe Sádaí ina thoisc mhór san imscrúdú díobhála. |
|
(303) |
Sholáthair Sipchem sonraí freisin maidir lena onnmhairí tar éis na tréimhse imscrúdúcháin (2025) chuig custaiméir neamhghaolmhar de chuid an Aontais. Mhaígh Sipchem gur thacaigh méid agus praghsanna na n-onnmhairí sin lena thuairim gur cheart na díolacháin le linn na tréimhse imscrúdúcháin a eisiamh ó na ríomhanna praghais onnmhairiúcháin chun dumpáil agus díobháil a ríomh. Tharla sé sin toisc go raibh Sipchem ina phraghasghlacadóir ar mhargadh an Aontais. Mar sin féin, ós rud é go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le carnadh i leith allmhairí ón Araib Shádach, ní bheadh sé iomchuí ná ní bheadh údar maith le díolacháin a eisiamh ó ríomhanna ar phraghsanna onnmhairiúcháin. Leanann sé freisin ón ‘gconclúid maidir le díobháil’ thíos go raibh ról ag allmhairí ón Araib Shádach sa díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Thairis sin, níor cheart sonraí sa tréimhse tar éis an imscrúdaithe a chur san áireamh san anailís ar dhumpáil agus ar dhíobháil. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
4.6. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.6.1. Barúlacha ginearálta
|
(304) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscadal an Aontais, áiríodh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(305) |
Mar a luaitear in aithris (33), baineadh úsáid as sampláil chun a chinneadh ar bhain aon díobháil do thionscal an Aontais. |
|
(306) |
Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug gach ceann de na ceithre tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais ar an gceistneoir. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug na trí tháirgeoir shampláilte ón Aontas ar an gceistneoir. Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
|
(307) |
Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, úsáid faoi chuing, méid na ndíolachán, sciar den mhargadh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht agus méid an chorrlaigh dumpála. |
|
(308) |
Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costais aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas caipiteal a chruinniú. |
4.6.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.6.2.1.
|
(309) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 5 Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta agus sciar na húsáide faoi chuing
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(310) |
Tháinig laghdú mór ar tháirgeacht an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 39 % air ar dtús in 2022 i gcomparáid le 2021, agus ansin thit sé 68 % arís in 2023 i gcomparáid le cainníochtaí táirgeachta 2021. Téarnaíodh cainníochtaí táirgeachta le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 2023, ach tháinig laghdú orthu ar an iomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus bhí siad 45 % níos ísle le linn na tréimhse imscrúdúcháin ná mar a bhí in 2021. Breathnaíodh ar an méadú sin ar tháirgeacht le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcoibhneas le 2023, go príomha mar gheall ar an ngá le 1,4-Bútáindé-ól tháirgeoirí an Aontais a tháirgeadh le haghaidh úsáid faoi chuing agus díolacháin faoi chuing, chun cúiteamh a dhéanamh ar theorainn shealadach an Aontais ar allmhairí 1,4-Bútáindé-óil a fhoinsiú de réir mar a luaitear in aithris (293), agus chun gealltanais agus clú cliant atá ann cheana san Aontas a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, ní fhéadfadh gach táirgeoir de chuid an Aontais na leibhéil táirgeachta a laghdú ach go dtí íosleibhéal áirithe, mar gheall ar chostais sheasta agus costais eile a bhaineann leis na saoráidí a oibriú, fiú dá mba mhian le táirgeoirí an Aontais méideanna a laghdú a thuilleadh mar gheall ar an bpraghas díola agus an méid díolacháin níos ísle. D’eascair an laghdú sin ar mhéid agus ar phraghas na ndíolachán as iomaíocht na n-allmhairí dumpáilte, bhí praghsanna na n-allmhairí ón tréimhse faoi bhreathnú i bhfad níos ísle ná costas táirgthe tháirgeoirí an Aontais in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(311) |
D’fhan an acmhainneacht táirgeachta cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú ag thart ar 470 000 tona. |
|
(312) |
Dá bhrí sin, lean úsáid acmhainneachta treochtaí an-chosúil le méid na táirgeachta a laghdaigh ar dtús in 2022 go 45 % agus ansin arís in 2023 go 24 % den úsáid iomlán, agus a mhéadaigh le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 2023. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 34 phointe céatadáin ar úsáid acmhainneachta, ó 74 % in 2021 go 40 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(313) |
Tharla an laghdú ar tháirgeacht mar gheall ar an gcostas táirgthe san Aontas a bheith ag éirí neamhiomaíoch i gcomparáid le praghas an-íseal na n-allmhairí dumpáilte. |
4.6.2.2.
|
(314) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar chainníocht na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 6 Cainníocht na ndíolachán, úsáid faoi chuing agus sciartha den mhargadh atá ag tionscal an Aontais
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(315) |
Léiríodh san imscrúdú, mar a mhínítear in aithris (273), nuair a tháinig meath ar dhálaí an mhargaidh, gur cuireadh allmhairí in ionad úsáid faoi chuing ó tháirgeadh dílis toisc go raibh an úsáid faoi chuing ina cúis le hísliú mór praghsanna agus go ndearnadh iad a phraghsáil faoi bhun chostas táirgthe thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, i bhfianaise na ndálaí margaidh a cruthaíodh le hallmhairí dumpáilte, ní raibh sé inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de do tháirgeoirí an Aontais leanúint de bheith ag táirgeadh ar na leibhéil sin, fiú le haghaidh úsáid faoi chuing mar a léirítear i dTábla 6. Ós rud é gur cuireadh allmhairí in ionad úsáid faoi chuing, scrúdaigh an Coimisiún sciartha den mhargadh san imscrúdú seo mar chéatadán den mhargadh iomlán agus mar chéatadán de shaormhargaí agus de mhargaí faoi chuing ar leithligh. Rinne an Coimisiún anailís ar an táirgeacht a díoladh ar an saormhargadh agus ar an táirgeacht a díoladh móide úsáid faoi chuing araon mar chéatadán den mhargadh iomlán. Léirigh an táscaire deireanach sin staid fhoriomlán thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(316) |
Tháinig laghdú mór ar chainníocht tháirgeacht thionscal an Aontais a díoladh ar an saormhargadh in 2022 agus ansin thit sí arís in 2023 go 50 % de 2021, ach ansin tháinig téarnamh uirthi go pointe áirithe le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus í fós faoi bhun leibhéal 2021. Le linn na tréimhse a ndearnadh anailís uirthi, tháinig laghdú 9 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ó thart ar 117 500 tona go dtí thart ar 107 000 tona. |
|
(317) |
Tháinig laghdú mór freisin ar chainníocht tháirgeacht thionscal an Aontais a díoladh móide úsáid faoi chuing in 2022 agus ansin arís in 2023 shroich sí 49 % den mhéid a bhí ann in 2021, ach tháinig téarnamh uirthi ansin le linn na tréimhse imscrúdúcháin go pointe áirithe agus d’fhan sí faoi bhun leibhéal 2021. Le linn na tréimhse a ndearnadh anailís uirthi, tháinig laghdú 14 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais móide úsáid faoi chuing san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ó thart ar 382 000 tona go 270 000 tona. |
|
(318) |
Tháinig laghdú ar sciar den mhargadh atá ag saormhargadh an Aontais de tháirgeacht thionscal an Aontais arna dhíol de 16 phointe céatadáin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tharla an chéad laghdú 25 phointe céatadáin in 2022 i gcomparáid le 2021, agus laghdú 35 phointe céatadáin in 2023 i gcomparáid le 2021. Tháinig méadú 19 bpointe céatadáin air ansin ó 39 % in 2023 go 58 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, go príomha mar gheall ar leibhéal níos airde táirgeachta agus díolachán le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 2023 mar a mhínítear in aithris (310) mar aon le laghdú ar thomhaltas iomlán 1,4-Bútáindé-óil san Aontas. Tháinig laghdú 15 phointe céatadáin ar an sciar den mhargadh faoi chuing a bhí ag tionscal an Aontais den tomhaltas iomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 5 phointe céatadáin ar an gcéad dul síos in 2022 i gcomparáid le 2021, agus ansin laghdú 15 phointe céatadáin in 2023 i gcomparáid le 2021, agus d’fhan sé ar an leibhéal sin go dtí an tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(319) |
Mheas an Coimisiún ansin táirgeadh Thionscal an Aontais a díoladh, agus úsáid faoi chuing (go carnach), mar chéatadán den tomhaltas iomlán agus shuigh sé go raibh an fhianaise is soiléire ar an gconclúid fhoriomlán i leith an sciar den mhargadh, ós rud é gur áiríodh léi gníomhaíochtaí eacnamaíocha thionscal an Aontais araon, is é sin díolachán táirgeoirí sa saormhargadh agus úsáid faoi chuing 1,4-Bútáindé-óil. Faoin méadracht sin, tháinig laghdú 12 phointe céatadáin in 2022 agus 22 phointe céatadáin 2023 ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais, i gcomparáid le 2021. Ar an mbonn sin, tháinig laghdú 12 phointe céatadáin ar sciar thionscal an Aontais den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ag laghdú ó 90 % in 2021 go 78 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(320) |
Le linn tréimhse ina raibh praghsanna an mhargaidh ag laghdú, cuireadh allmhairí ó na tíortha lena mbaineann go príomha in ionad tháirgeacht an Aontais. Ar an gcúis sin, mheas an Coimisiún nárbh fhéidir meastóireacht a dhéanamh ar an bhfíorthionchar a bhí ag méadú allmhairí ar mhargadh an Aontais ach amháin trí scrúdú a dhéanamh ar dhíolacháin ar an saormhargadh mar aon le húsáid faoi chuing. |
4.6.2.3.
|
(321) |
Agus an laghdú foriomlán ar an sciar den mhargadh a léirítear in aithris (318) á chur san áireamh, níor léirigh tionscal an Aontais aon fhás le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ach go deimhin bhí seasamh níos measa aige ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin ná mar a bhí aige in 2021. |
4.6.2.4.
|
(322) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 7 Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(323) |
D’fhan an líon fostaithe cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ag laghdú 1 % ar an iomlán. Choinnigh táirgeoirí an Aontais líon íosta fostaithe ar bun chun go mbeidís in ann leanúint de na saoráidí táirgthe a reáchtáil ar bhealach éifeachtúil agus sábháilte. Níor athraigh an líon fostaithe de réir leibhéal an táirgthe. |
|
(324) |
Mar sin féin, mar gheall ar laghdú mór ar tháirgeacht in éineacht le líon cobhsaí fostaithe, tháinig laghdú mór 45 % ar tháirgiúlacht tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ó 681 thona in aghaidh an fhostaí in 2021 go 376 thona in aghaidh an fhostaí le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
4.6.2.5.
|
(325) |
Bhí na corrlaigh dhumpála uile go mór os cionn an leibhéil de minimis. Ba mhór an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann. |
|
(326) |
Is é seo an chéad imscrúdú frithdhumpála maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní raibh aon sonraí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag dumpáil san am atá thart. |
4.6.3. Táscairí micreacnamaíocha
|
(327) |
Fuarthas táscairí micreacnamaíocha thionscal an Aontais ó fhreagraí fíoraithe na dtrí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais ar an gceistneoir. Mar sin féin, ag brath ar mhéid an chomhtháthaithe ingearaigh, fuarthas na táscairí micreacnamaíocha den chuid is mó ó dhá tháirgeoir amháin. Ós rud é go bhfágfadh foilsiú na bhfigiúirí iarbhír go nochtfaí sonraí íogaire tháirgeoirí ábhartha thionscal an Aontais, d’úsáid an Coimisiún raonta agus innéacsanna sa chuid seo den mheasúnú díobhála chun rúndacht a chosaint. |
4.6.3.1.
|
(328) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 8 Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(329) |
Tháinig méadú 36 % ar phraghsanna díola ar shaormhargadh tháirgeoirí an Aontais den chéad uair in 2022, i gcomparáid le 2021. Mar sin féin, tháinig laghdú mór ar an bpraghas díola ansin in 2023, ó 3 000-3 900 EUR/tona in 2022 go 1 400-1 800 in 2023. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú mór 52 % ar phraghsanna díola tháirgeoirí an Aontais. Bhí táirgeoirí an Aontais in ann costais táirgthe níos airde a chur ar aghaidh in 2022, ach ní raibh siad in ann é sin a dhéanamh in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar gheall ar an iomaíocht mhéadaithe san Aontas ó mhéid i bhfad níos airde allmhairí dumpáilte agus ar phraghsanna níos ísle. |
|
(330) |
Is iad creatchonarthaí is mó atá i gceannas ar phraghsanna díola ar mhargadh 1,4-Bútáindé-óil an Aontais, lenar socraíodh cainníochtaí comhaontaithe agus de ghnáth tugadh praghsanna cothrom le dáta go rialta ar bhonn míosúil, bunaithe ar shonraí ICIS. Bhí sonraí míosúla ICIS ar fáil do mhargaí na Síne agus an Aontais araon. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí tionchar ag na nithe seo a leanas ar phraghsanna díola san Aontas: (i) an iomaíocht mhéadaitheach le hallmhairí dumpáilte, i dtéarmaí méideanna méadaithe agus praghsanna níos ísle araon; (ii) ísliú leanúnach phraghsanna 1,4-Bútáindé-óil ICIS. Bhí tionchar ag praghsanna allmhairí dumpáilte na dtíortha lena mbaineann ar phraghsanna ICIS san Aontas. Go háirithe i gcás na Síne, feictear méadú mór ar acmhainneacht táirgeachta nua 1,4-Bútáindé-óil, agus ar acmhainneacht bhreise sa tír, ar mheas táirgeoirí an Aontais gur shroich an acmhainneacht shuiteáilte 9 n-oiread ar a laghad an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus gurb í an acmhainneacht shuiteáilte is mó ar fud an domhain í. Chuir an acmhainneacht shuiteáilte mhór agus an acmhainneacht bhreise sin ar chumas na Síne a bheith ina tagairt do phraghsanna domhanda 1,4-Bútáindé-óil agus tionchar a imirt ar phraghsanna domhanda 1,4-Bútáindé-óil, amhail san Aontas, rud a d’fhág go raibh comhghaol láidir idir 1,4-Bútáindé-ól ICIS atá bunaithe sa tSín agus praghas 1,4-Bútáindé-óil ICIS san Eoraip nó praghsanna díola an Aontais. Ina theannta sin, bhí tionchar díreach ag praghsanna díola an Aontais freisin ar phraghsanna 1,4-Bútáindé-óil ICIS bunaithe sa tSín, toisc gur úsáideadh go díreach é uaireanta sna conarthaí díolacháin do mhórchustaiméirí san Aontas. |
|
(331) |
Dá bhrí sin, ba iad allmhairí dumpáilte agus praghsanna ICIS mhargadh na Síne an socraitheoir praghsanna ar mhargadh an Aontais, agus b’éigean do phraghsanna thionscal an Aontais agus allmhairí ó gach tír eile dul in iomaíocht leis an bpraghas sin. |
|
(332) |
Tháinig méadú mór 71 % ar chostas táirgthe tháirgeoirí an Aontais a díoladh in 2022 i gcomparáid le 2021, go príomha mar gheall ar mhéadú ar chostais amhábhar (gás nádúrtha, nafta, hidrigin nó gal, mar shampla) agus ar phraghsanna leictreachais. Tháinig laghdú ansin ar an gcostas táirgthe ó EUR [2 800–3 400] in aghaidh an tona in 2022 go EUR [2 600–3 100] in aghaidh an tona in 2023 ach d’fhan sé 58 % níos airde ná 2021. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, tháinig laghdú mór ar chostais táirgthe i gcomparáid le 2023 nuair a shroich siad EUR [1 900–2 400] in aghaidh an tona. Tharla an t-athrú sin go príomha mar gheall ar laghdú ar chostais amhábhar agus ar phraghsanna leictreachais. Ar an iomlán, áfach, tháinig méadú 21 % ar an gcostas táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ós rud é, sa bhreis ar fhorbairt amhábhar agus praghsanna fuinnimh, go raibh costais sheasta níos airde in aghaidh an aonaid ar tháirgeoirí an Aontais mar gheall ar na leibhéil táirgeachta i bhfad níos ísle. |
|
(333) |
Dá bhrí sin, bhí costas táirgthe tháirgeoirí an Aontais níos airde ná praghas díola tháirgeoirí an Aontais le haghaidh 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Bhain ísliú praghsanna do tháirgeoirí an Aontais ó íslíodh praghsanna díola go leibhéal na n-allmhairí dumpáilte, agus is iad a bhí thíos leis an táirge faoi imscrúdú a dhíol faoi bhun na gcostas táirgthe go háirithe le linn 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(334) |
Rinne an Coimisiún anailís ar phraghsanna díola agus ar chostais thionscal an Aontais (mar a léirítear i dTábla 8 thuas), mar aon lena bhrabúsacht (Tábla 11) agus praghsanna allmhairiúcháin agus cainníochtaí na n-allmhairí carntha (Táblaí 2 agus 3). Ba léir gur tharla ísliú an-tromchúiseach ar phraghsanna ar mhargadh an Aontais in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. In 2022 cuireadh costais níos airde thionscal an Aontais (i gcomparáid le 2021) ar aghaidh chuig custaiméirí, ach in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin níorbh fhéidir costais a aisghabháil a thuilleadh mar gheall ar an mbrú ar phraghsanna ó mhéideanna méadaithe na n-allmhairí dumpáilte ar phraghsanna ísle a bhí ag dul i laghad. |
4.6.3.2.
|
(335) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 9 Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí
|
||||||||||||||||||||||
|
(336) |
Tháinig méadú beag ar an meánchostas in aghaidh an fhostaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, faoi 2 %, toisc gur fhan an líon fostaithe cobhsaí chun saoráidí táirgthe a choinneáil ar bun agus tháinig méadú beag ar thuarastail agus ar chostas eile fostaithe le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó thart ar EUR 100 000 go EUR 120 000. |
|
(337) |
Bhí costais saothair thart ar (7-15 %) den chostas iomlán táirgthe a tuairiscíodh i dTábla 8 le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
4.6.3.3.
|
(338) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 10 Stoic
|
|||||||||||||||||||||||||||
|
(339) |
Tháinig méadú 50 % ar an stoc deiridh i dtonaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ó thart ar 7 000-10 000 tona in 2021 go 11 000-15 000 tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an iomlán, tháinig méadú ar an stoc deiridh le linn na tréimhse faoi bhreathnú i gcomparáid le méideanna táirgeachta a mhéadaigh ó 3 % in 2021 go 6 % in 2023, agus ansin shroich sé 7 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(340) |
Mar sin féin, is ceimiceán é 1,4-Bútáindé-ól atá costasach lena stocáil go sábháilte, agus ní mór é a stóráil in umair speisialta atá faoi rialú teochta. Dá bhrí sin, ba dhóichí go rialódh tionscal an Aontais méideanna táirgeachta seachas leibhéil na stoc atá teoranta san Aontas a mhéadú/a laghdú. Ar an gcúis sin, níor mheas an Coimisiún gur tháscaire tábhachtach díobhála é an méadú ar stoic dheiridh. |
4.6.3.4.
|
(341) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 11 Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(342) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. In 2021 agus 2022 d’éirigh le táirgeoirí an Aontais brabúsacht a bhaint amach, ós rud é gur lú an iomaíocht a bhí roimh tháirgeoirí an Aontais ó allmhairí dumpáilte agus go raibh siad in ann costais táirgthe níos airde a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí. Mar sin féin, in 2023 bhí an bhrabúsacht ag (-70 % go -30 %) agus ansin shroich sí leibhéal íseal (-90 % go -50 %) le linn na tréimhse imscrúdúcháin. D’ainneoin costas táirgthe níos ísle ná 2022 do tháirgeoirí an Aontais agus cobhsú ar chostais leictreachais agus amhábhar san Aontas le linn 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, lean praghsanna díola an Aontais de bheith ag laghdú a thuilleadh mar gheall ar bhrú praghsanna mhéideanna méadaitheacha na n-allmhairí dumpáilte, agus bhí praghsanna i bhfad níos ísle ná mar a bhí in 2022 agus ísliú praghsanna mar thoradh air sin. Mar mheabhrúchán, tháinig laghdú 50 % ar mheánphraghsanna allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a léirítear i dTábla 4 agus mar a mhínítear in aithris (297). Dá bhrí sin, laghdaíodh praghsanna díola tháirgeoirí an Aontais agus ní fhéadfadh táirgeoirí an Aontais an táirge faoi imscrúdú a dhíol ach ar bhrabús diúltach domhain, toisc gur thit an praghas díola san Aontas faoi bhun an chostais táirgthe, in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(343) |
Lean an sreabhadh airgid leibhéil díolacháin níos ísle agus brabúsacht dhiúltach 2023 agus na tréimhse imscrúdúcháin, rud a d’fhág gur shroich an sreabhadh airgid thart ar EUR (-100 000 go -50 000) milliún le linn na tréimhse imscrúdúcháin ó shreabhadh airgid dearfach EUR (100 000 go 200 000) milliún in 2021. |
|
(344) |
Luainigh infheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mhínigh tionscal an Aontais go ndearnadh pleanáil infheistíochta go tréimhsiúil (gach 4-5 bliana) i gcnapshuim in aghaidh an táirgeora. Dá bhrí sin, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí éagsúlacht mhór san infheistíocht iomlán in aghaidh na bliana, ag brath ar uainiú na n-infheistíochtaí slánúcháin. Bhain infheistíochtaí sa tréimhse faoi bhreathnú go príomha leis na hinfheistíochtaí íosta is gá chun na leibhéil táirgeachta atá ann cheana a choinneáil ar bun i gcomhréir leis na caighdeáin sábháilteachta agus chomhshaoil atá i bhfeidhm. Tháinig méadú 32 % ar infheistíochtaí in 2022, agus ansin laghdaigh siad go mór go 50 % in 2023 i gcomparáid le 2021. Bhí infheistíochtaí sa tréimhse imscrúdúcháin beagán níos ísle ná mar a bhí in 2011 ag -7 %. |
|
(345) |
Is é toradh tháirgeoirí sampláilte an Aontais ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar, agus lean sé an treocht chéanna leis an mbrabúsacht, le toradh dearfach ar infheistíocht in 2021 agus in 2022. Mar sin féin, tháinig caillteanais shubstaintiúla ina dhiaidh sin in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(346) |
Cuireadh srian ar chumas tháirgeoirí sampláilte an Aontais caipiteal a thiomsú in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar gheall ar eis-sreafaí móra airgid ón mbrabúsacht an-diúltach, níor infheistíodh ach caiteachas caipitiúil íosta chun íoschoinníollacha sábháilte a choinneáil ar bun chun 1,4-Bútáindé-ól a tháirgeadh agus chun na saoráidí a chasadh air. Ina theannta sin, chuir táirgeoirí de chuid an Aontais síneadh le pleananna athluchtaithe nó mheas siad saoráidí a dhúnadh mar gheall ar an mbrabúsacht dhiúltach dhomhain a mhínítear thuas. |
4.7. Conclúid maidir le díobháil
|
(347) |
Fuarthas amach san imscrúdú gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais toisc gur léirigh na táscairí díobhála feidhmíochta uile treochtaí diúltacha móra, go háirithe in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léiríodh sna blianta níos luaithe den tréimhse faoi bhreathnú (2021 agus 2022) an méid is féidir le tionscal an Aontais a bhaint amach faoi ghnáthdhálaí iomaíochta, fiú le linn tréimhsí ina bhfuil costais arda amhábhar nó fuinnimh ann. Bhí ar tháirgeoirí an Aontais, áfach, an táirgeacht a laghdú go mór go dtí na híosleibhéil de réir mar a d’éirigh an táirgeacht neamhiomaíoch mar gheall ar chainníochtaí méadaitheacha na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann in 2023 agus le linn na tréimhse faoi bhreathnú. In 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, chruthaigh an t-ísliú praghsanna staid dhíobhálach thromchúiseach, rud nár lig do thionscal an Aontais praghsanna a shocrú ar leibhéil a chuirfeadh ar a chumas costais táirgthe a aisghabháil ná aon bhrabús a dhéanamh. Bhí caillteanais tháirgeoirí an Aontais idir 30 % agus 70 % ar láimhdeachas in 2023 agus idir 50 % agus 90 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin mar a léirítear i dTábla 11. |
|
(348) |
Níor tháinig táirgeoirí an Aontais slán as an tréimhse sin ina raibh caillteanais arda ach toisc go ndearnadh brabúis in 2021 agus 2022, agus toisc go bhfuil na cuideachtaí mar chuid de ghrúpaí móra. Mar gheall ar allmhairí dumpáilte a bheith ag dul i méid agus ar phraghsanna a bheith níos ísle i gcónaí, cuireadh cosc ar mhéaduithe leordhóthanacha ar phraghsanna agus bhí tionchar diúltach aige sin ar chainníochtaí táirgthe agus díolacháin 1,4-Bútáindé-óil. Níor lig an staid sin do tháirgeoirí an Aontais a gcostais táirgthe sheasta a laghdú, rud a bheadh amhlaidh ar ghnáthleibhéil úsáide ná praghsanna a ardú go leibhéal inbhuanaithe. Go deimhin, in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin, bhí praghsanna agus costais tháirgeoirí an Aontais chomh dínasctha sin, agus bhí caillteanais tháirgeoirí an Aontais ar leibhéil chomh hard sin, go raibh staid thionscal 1,4-Bútáindé-óil chomh tromchúiseach sin go raibh sé ina bhagairt mhór ar thionscal 1,4-Bútáindé-óil a bheith ann sa ghearrthéarma. In 2023, tháinig méadú 51 % ar mhéideanna allmhairí ó na tíortha sin agus tháinig laghdú 48 % ar phraghsanna i gcomparáid le leibhéil 2022. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, tháinig laghdú 15 % ar mhéideanna allmhairí ach tháinig laghdú 36 % eile ar phraghsanna i gcomparáid le leibhéil 2023. Léirítear na figiúirí sin i dTáblaí 2 agus 3. |
|
(349) |
Mínítear an t-ísliú soiléir ar phraghsanna de bharr allmhairí dumpáilte isteach san Aontas in aithrisí (330) go (333). Mar thoradh ar an ísliú praghsanna agus ar na caillteanais sin in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rinneadh mórdhíobháil freisin i dtéarmaí táscairí feidhmíochta eile amhail sreabhadh airgid agus toradh ar infheistíocht (mar a léirítear i dTábla 11) agus an cumas caipiteal a thiomsú. D’ainneoin infheistíochtaí a choinneáil chun ceanglais sábháilteachta agus chomhshaoil a chomhlíonadh, is léir go raibh tionscal an Aontais i staid i bhfad níos measa le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ionas gur tháinig laghdú ar a gcumas caipiteal a thiomsú. Tháinig meath ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin d’ainneoin méadú 8 % ar thomhaltas 1,4-Bútáindé-óil san Aontas ó 2022. |
|
(350) |
Léirítear i dTábla 6 forbairt na sciartha den mhargadh san imscrúdú seo. Le comparáid idir díolacháin saormhargaidh thionscal an Aontais móide úsáid faoi chuing i gcomparáid leis an tomhaltas iomlán, tugtar an léiriú is fearr ar sheasamh thionscal an Aontais ar an margadh iomlán. Faoin méadracht sin, tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ach le linn na tréimhse imscrúdúcháin, tháinig téarnamh páirteach ar an sciar den mhargadh de réir mar a mhéadaigh tionscal an Aontais an táirgeacht mar gheall ar chainníocht laghdaithe allmhairí mar gheall ar Ghéarchéim na Mara Rua. Sa tréimhse ó 2022 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, bhí tionscal an Aontais ag cosaint conarthaí díolacháin a bhí ann cheana, clú agus seasamh ar mhargadh an Aontais. Mar sin féin, tháinig an méadú sin ar tháirgeacht agus ar dhíolacháin leis na hiarmhairtí a bhaineann le caillteanais thromchúiseacha mar gheall ar ísliú praghsanna, rud a chuir iallach ar thionscal an Aontais díol faoina luach mar a mhínítear thuas. |
|
(351) |
Mhéadaigh táirgeoirí uile an Aontais allmhairí 1,4-Bútáindé-óil chun a bheith in ann leanúint de bheith ag soláthar príomhchustaiméirí agus a riachtanais faoi chuing a chomhlíonadh, mar gheall ar na laghduithe substaintiúla ar tháirgeacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tharla an cleachtas maidir le hallmhairí a chur in ionad táirgthe in 2022 freisin nuair a tháinig ardú ar chostais amhábhar agus fuinnimh, mar a léirítear leis na costais táirgthe i dTábla 8. Mar sin féin, ní raibh praghsanna díola 1,4-Bútáindé-óil chomh híseal in 2022 agus tharla borradh mór ar allmhairí dumpáilte in 2023. Is é sin an fáth ar tharla díobháil ábhartha ó 2023, mar a léirítear leis na táscairí feidhmíochta an-díobhálach le haghaidh 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(352) |
Cé go raibh an díobháil san imscrúdú seo soiléir go leor i dtáscairí praghais agus feidhmíochta, bhain laghdú mór agus díobháil mhór do thionscal an Aontais freisin i dtáscairí méid, is é sin méid táirgeachta, úsáid acmhainneachta, táirgiúlacht, úsáid faoi chuing agus díolacháin ar mhargadh an Aontais, tháinig laghdú mór orthu uile le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(353) |
D’fhan na táscairí maidir le fostaíocht, costais saothair agus acmhainneacht cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a léiríonn ullmhacht an tionscail chun dul chun cinn a dhéanamh i ndálaí an mhargaidh. Níor measadh go raibh táscaire na bhfardal cinntitheach sa mheasúnú díobhála mar a mhínítear in aithris (344). |
|
(354) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán. |
5. CÚISÍOCHT
|
(355) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé go ndearna tosca aitheanta eile dochar do thionscal an Aontais san am céanna. Aon díobháil fhéideartha, ar tosca eile ba chúis léi seachas na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann, d’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh an díobháil sin síos do na hallmhairí dumpáilte. Seo a leanas na tosca sin: allmhairí ó thríú tíortha, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, tionchar an tomhaltais, úsáid faoi chuing, allmhairí ó thionscal an Aontais agus méaduithe ar chostais amhábhar agus fuinnimh. |
5.1. Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte
|
(356) |
Mar a léirítear i dTábla 3, tháinig méadú ar mhéid na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ó thart ar 49 000 tona in 2018 go dtí thart ar 89 000 tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin, méadú 82 %. Maidir leis an sciar den mhargadh (den mhargadh iomlán), bhí an méadú le linn na tréimhse céanna ó 12 % go 26 %, méadú 123 %. Agus é á chur san áireamh gur suíodh leis an gconclúid maidir le díobháil gur tharla díobháil ábhartha in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin, rinne an Coimisiún anailís freisin ar fhorbairt na n-allmhairí sa 2 bhliain sin, ó 2022 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, tháinig méadú thart ar 20 000 tona ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, méadú 29 %. Maidir leis an sciar den mhargadh (den mhargadh iomlán), bhí an méadú ó 2022 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin thart ar 4 phointe céatadáin nó thart ar 20 %. |
|
(357) |
Ó bhí 2021 ann go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, tháinig laghdú 29 % ar chainníocht díolachán thionscal an Aontais ar an saormhargadh móide úsáid faoi chuing, mar a léirítear i dTábla 6. I dtéarmaí an sciar fhoriomláin den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais, bhí siad níos ísle in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rud a laghdaigh go dtí thart ar 78 % agus 68 % i gcomparáid le 90 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(358) |
Mar a mhínítear in aithrisí (347) agus (349), bhí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ina gcúis le hísliú praghsanna do thionscal an Aontais, rud ar cuireadh dlús leis in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. Le linn na tréimhse sin, ní raibh táirgeoirí an Aontais in ann a bpraghsanna a choigeartú a thuilleadh ar bhealach a ligfeadh dóibh a gcostais agus caillteanais mhóra sa tréimhse imscrúdúcháin a chumhdach. Bhí an staid thromchúiseach neamh-inbhuanaithe sin ann in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin araon. |
|
(359) |
Ina theannta sin, rinneadh anailís ar shladghearradh praghsanna don tréimhse imscrúdúcháin ar bhonn cineál ar chineál. Léirigh sé sin go raibh iomaíocht láidir idir tionscal an Aontais agus allmhairí ó na tíortha lena mbaineann. |
|
(360) |
Bhí tionchar ag an iomaíocht mhéadaithe le hallmhairí dumpáilte ar phraghsanna díola san Aontas, i dtéarmaí méideanna dumpáilte méadaithe agus praghsanna níos ísle araon. Bhíothas in ann é sin a dhéanamh mar gheall ar chineál mhargadh 1,4-Bútáindé-óil inar úsáideadh praghsanna ICIS le haghaidh 1,4-Bútáindé-óil mar thagarmharc i bhformhór na gconarthaí díolacháin. Is tagairt é ICIS na Síne do phraghsanna domhanda 1,4-Bútáindé-óil agus bhí tionchar aige ar phraghsanna domhanda 1,4-Bútáindé-óil amhail san Aontas, mar a mhínítear in aithris (330). Ina theannta sin, bhí laghdú mór tagtha ar allmhairí chuig margadh na Stát Aontaithe mar thoradh ar dhleachtanna allmhairiúcháin méadaithe faoi athruithe éagsúla ar reachtaíocht na Stát Aontaithe. Tháinig méadú ar allmhairí chuig an Aontas ón Araib Shádach, mar gheall ar an rochtain shrianta ar mhargadh na Stát Aontaithe agus mar gheall ar dhul i bhfód allmhairí na Síne i margaí onnmhairiúcháin traidisiúnta eile de chuid na hAraibe Sádaí (amhail an Áise). |
|
(361) |
Ar deireadh mar a mhínítear thuas, laghdaigh na fadhbanna soláthair a bhí ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin an brú ar thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin go sealadach. Chuir sé sin ar chumas thionscal an Aontais cainníochtaí táirgeachta agus díolacháin a mhéadú, ach bhí díolacháin den sórt sin fós thar a bheith neamhbhrabúsach mar gheall ar an mbrú praghsanna ó allmhairí. |
|
(362) |
Dá bhrí sin, cuireadh iallach ar thionscal an Aontais iarracht a dhéanamh a sheasamh ar shaormhargadh agus ar mhargadh faoi chuing an Aontais a choinneáil trí phraghsanna a ísliú go leibhéil neamh-inbhuanaithe agus le caillteanais throma. Ba é an t-aon rogha mhalartach inmharthana air sin margadh an Aontais a fhágáil agus é a fhágáil ag na hallmhairí dumpáilte. |
|
(363) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go ndearna na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. |
5.2. Éifeachtaí tosca eile
5.2.1. Allmhairí ó thríú tíortha
|
(364) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar chainníocht, ar mheánphraghas agus ar sciar margaidh na n-allmhairí ó thríú tíortha le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tá na sciartha den mhargadh mar chéatadán de mhargadh iomlán an Aontais. Tábla 12 Allmhairí ó thríú tíortha
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(365) |
Tháinig méadú os cionn 400 % ar mhéideanna allmhairí ón Téaváin in 2022, ach ansin thit siad in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. I dtéarmaí méid, tháinig méadú orthu ó thart ar 3 500 tona in 2021 go 6 800 tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Shroich sciar margaidh na n-allmhairí sin (mar % den tomhaltas iomlán) 6,1 % in 2022, ach thit sé ar ais go 2 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Luainigh meánphraghas na n-allmhairí ón Téaváin ar bhealach comhchosúil agus ar leibhéal comhchosúil le meánphraghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann. Thit a sciar den mhargadh go 2 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(366) |
Thit méideanna allmhairí ó thríú tíortha eile (an Chóiré Theas den chuid is mó le linn na tréimhse imscrúdúcháin) ó thart ar 2 000 tona in 2021 go 1 700 tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Bhí an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí sin (mar % den tomhaltas iomlán) faoi bhun 1 % i gcónaí. Luainigh meánphraghas na n-allmhairí ó thríú tíortha ar bhealach comhchosúil agus ar leibhéal comhchosúil le meánphraghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann. |
|
(367) |
Agus é á chur san áireamh go raibh sciar íseal den mhargadh ag allmhairí ón Téaváin agus ó thríú tíortha eile agus go raibh praghsanna beagán níos airde acu ná allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár mhaolaigh siad an nasc cúisíoch i ndáil leis na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann. |
5.2.2. Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais
|
(368) |
D’fhorbair méid na n-onnmhairí ó tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas i dTábla 13. Léirítear freisin i dTábla 13, meánphraghas na n-onnmhairí chuig páirtithe neamhghaolmhara thionscal sampláilte an Aontais. Tábla 13 Feidhmíocht onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(369) |
Tháinig laghdú 84 % ar chainníocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Thart ar 10 % de dhíolacháin thionscal an Aontais a bhí i gceist le cainníochtaí onnmhairiúcháin (lena n-áirítear úsáid faoi chuing) in 2021, ach thit sé sin go thart ar 1 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(370) |
Luainigh praghsanna díola na n-onnmhairí sin i gcomhréir lena dhíolacháin ar mhargadh an Aontais mar a léirítear i dTábla 8, i.e. mar gheall ar thionchar na n-allmhairí chuig na margaí sin agus praghsanna amhábhar. Is léir gur tháinig meath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais le linn na tréimhse anailíse. Mar sin féin, ós rud é nach raibh tionscal an Aontais ina mhórsholáthróir do na margaí onnmhairiúcháin, níor measadh go raibh an fheidhmíocht onnmhairiúcháin a bhí ag dul in olcas ina toisc mhór sa mheasúnú foriomlán ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
|
(371) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndearna feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais díobháil ábhartha do thionscal an Aontais ná nach raibh sé in ann an nasc cúisíoch i ndáil le hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann a mhaolú. |
5.2.3. Méaduithe ar Chostais Amhábhair agus Fuinnimh
|
(372) |
Bhí teicneolaíochtaí táirgthe éagsúla ag táirgeoirí sampláilte an Aontais, agus amhábhair éagsúla á n-úsáid acu. Mar sin féin, lean costais na n-amhábhar mór agus an fhuinnimh treochtaí comhchosúla agus i gcás na dtrí tháirgeoir shampláilte, os cionn 50 % dá gcostas táirgthe iomlán a bhí i gceist le costais amhábhair agus fuinnimh. |
|
(373) |
Mar is léir ó Thábla 8, tháinig méadú 94 % ar chostais in 2022 agus ansin thit siad in 2023 (faoi 19 %) agus thit siad arís sa tréimhse imscrúdúcháin (faoi 29 % eile). D’ainneoin an laghdaithe ar chostais in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin, bhí na costais fós 13 % níos airde le linn na tréimhse imscrúdúcháin ná mar a bhí in 2021. |
|
(374) |
Agus aird á tabhairt ar chostais amhábhar agus fuinnimh, ba léir go raibh ról mór ag forbairt na gcostas i dtionscal 1,4-Bútáindé-óil le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, léirítear i dTábla 8 nuair a bhí na costais ag an leibhéal ab airde in 2022 go raibh tionscal an Aontais in ann na méaduithe costais sin a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí mar sin féin. Ó 2023 ar aghaidh, áfach, d’ainneoin costais amhábhar agus leictreachais a bheith ag titim, ní fhéadfadh sé díol ar leibhéal brabúsach ná os cionn na gcostas táirgthe. Tharla sé sin mar gheall ar an mbrú praghsanna ó mhéideanna méadaitheacha na n-allmhairí, rud ba chúis le dícheangal idir costais agus praghsanna san Aontas. |
|
(375) |
Ina theannta sin, tháinig méadú mór ar chostais sheasta in aghaidh an aonaid mar gheall ar tháirgeacht níos ísle san Aontas ó na díolacháin níos ísle a ghin an tAontas mar gheall ar iomaíocht éagórach na n-allmhairí dumpáilte. Chuir sé sin freisin leis an méadú ar chostais táirgthe in aghaidh an aonaid do thionscal an Aontais, agus mhéadaigh sé, mar shampla, costais fuinnimh, uisce nó costais sheasta eile in aghaidh an aonaid. Ina theannta sin, bhí comhpháirt sheasta mhór ag costais fuinnimh de ghnáth ar ghá do tháirgeoirí an Aontais í a leathadh thar leibhéil arda táirgeachta agus ní fhéadfaí é sin a bhaint amach, mar gheall ar dhíolacháin laghdaithe faoi bhrú praghsanna na n-allmhairí dumpáilte. |
|
(376) |
D’áitigh Celanese go raibh méadú géar ar phraghsanna domhanda 1,4-Bútáindé-óil idir 2020 agus 2022, mar gheall ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 agus ó ghanntanais 1,4-Bútáindé-óil, mar aon le géarchéim fuinnimh. Ach ó 2023 ar aghaidh, chobhsaigh margaí 1,4-Bútáindé-óil agus ina ionad sin is comhartha normalaithe seachas díobhála é aon laghdú ar phraghsanna. Dá bhrí sin, líomhain Celanese gurb iad na costais arda fuinnimh agus an boilsciú is cúis le dúshláin do thionscal an Aontais seachas na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. Mar sin féin, chuir an Coimisiún in aghaidh na tuairime sin ós rud é, ar an gcéad dul síos, cé go raibh praghsanna fuinnimh 1,4-Bútáindé-óil san Aontas ag titim le linn na tréimhse faoi bhreathnú, mar sin féin bhí laghdú níos géire tagtha ar phraghas na n-allmhairí dumpáilte, agus nár lig siad do thionscal an Aontais díol ar phraghsanna os cionn a gcostas táirgthe. Ar an dara dul síos, ní cosúil go raibh aon ghanntanas domhanda 1,4-Bútáindé-óil ann le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ach is cosúil go bhfuil méadú substaintiúil ar acmhainneacht a nglactar leis go forleathan, i méid na n-iolraí d’éileamh domhanda 1,4-Bútáindé-óil le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a d’fhág go raibh ró-acmhainneacht shubstaintiúil agus ísliú praghsanna 1,4-Bútáindé-óil ann. Ar an tríú dul síos, tá tionchar ag an gcostas táirgthe seasta freisin ar an gcostas táirgthe a bhfuil an tAontas thíos leis mar gheall ar mhéid méadaitheach allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud nár lig don tionscal díolacháin a mhéadú agus, dá bhrí sin, méideanna táirgeachta a mhéadú, rud a d’fhág go raibh costais bhreise táirgthe in aghaidh an aonaid 1,4-Bútáindé-óil gan beann ar chostais amhábhar. Ar deireadh, le méideanna méadaithe agus laghduithe ar phraghsanna ó allmhairí dumpáilte na dtíortha lena mbaineann laghdaíodh praghsanna 1,4-Bútáindé-óil in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin go leibhéil nach bhfuil táirgeacht 1,4-Bútáindé-óil an Aontais inbhuanaithe fiú sa ghearrthéarma, d’ainneoin na gcostas táirgthe leictreachais, gáis nádúrtha agus amhábhar eile atá laghdaithe go mór i gcomparáid le 2022. |
|
(377) |
Chomh maith leis sin, maidir le costais, dúirt roinnt páirtithe leasmhara nach raibh tionscal an Aontais iomaíoch go leor mar gheall ar a chostais arda. Diúltaíodh don mhaíomh sin freisin toisc go raibh an tionscal brabúsach in 2021 agus 2022. Ina theannta sin, níorbh iad na costais arda líomhnaithe ba chúis leis an díobháil in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin toisc go raibh na costais sin ag titim sa tréimhse sin. |
|
(378) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chuir na méaduithe ar chostais amhábhar agus fuinnimh comhthéacs ar fáil maidir leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Mar sin féin, ba é bunchúis na díobhála méideanna méadaitheacha allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann, rud a laghdaigh praghsanna 1,4-Bútáindé-óil go leibhéil nach raibh tionscal an Aontais in ann a chostais a aisghabháil agus a mhéadaigh an costas táirgthe in aghaidh an aonaid de chuid an Aontais ó leibhéil díolacháin agus táirgeachta níos ísle. |
|
(379) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndearna méaduithe ar chostais amhábhar agus fuinnimh díobháil do thionscal an Aontais. |
5.2.4. Allmhairí ag Táirgeoirí an Aontais
|
(380) |
D’allmhairigh táirgeoirí uile an Aontais cainníochtaí móra 1,4-Bútáindé-óil ó na tíortha lena mbaineann. Dúirt roinnt páirtithe leasmhara go raibh sé sin ina chúis leis an díobháil a bhain do tháirgeoirí an Aontais. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfáth ar tharla na hallmhairí sin toisc go raibh acmhainneacht bhreise ag táirgeoirí uile an Aontais san Aontas agus go bhféadfaidís, dá bhrí sin, na cainníochtaí sin a tháirgeadh iad féin. |
|
(381) |
Dúirt táirgeoirí an Aontais go dtarlódh allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, faoi ghnáthdhálaí iomaíochta, chun déileáil le saincheisteanna táirgeachta gearrthéarmacha le hacmhainneacht shuiteáilte. Níl sé costéifeachtach cainníochtaí móra 1,4-Bútáindé-óil a stocáil toisc nach mór stóráil den sórt sin a choinneáil in umair mhóra teochtrialaithe, rud a chiallaíonn go ndéantar seachadtaí chuig custaiméirí go luath tar éis an táirgthe de ghnáth. Dá bhrí sin, dhéanfaí an leibhéal táirgeachta a choigeartú chun déileáil le riachtanais úsáideoirí tionsclaíocha agus riachtanais faoi chuing. |
|
(382) |
Mar sin féin, in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin tháinig méadú ar allmhairí thionscal an Aontais toisc gur tháinig laghdú ar phraghsanna 1,4-Bútáindé-óil ar mhargadh an Aontais mar gheall ar allmhairí dumpáilte agus bhí costais thionscal an Aontais, cé gur thit siad ó leibhéil 2022, os cionn an leibhéil na bpraghsanna laghdaithe san Aontas. |
|
(383) |
Rinneadh allmhairí freisin chun gníomhú in aghaidh aon fhadhb táirgeachta a d’fhéadfadh teacht chun cinn nó i gcás aga neamhfhónaimh chun críoch cothabhála le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ionas go leanfar de chonarthaí custaiméirí a chomhlíonadh nó de tháirgí iartheachtacha a tháirgeadh mar gheall ar na hacmhainneachtaí stoic ísle san Aontas. |
|
(384) |
Dá bhrí sin, ba bheart cosanta gearrthéarmach iad na hallmhairí a rinne tionscal an Aontais ionas go bhféadfaidís a seasamh agus a gcáil ar mhargadh an Aontais a choinneáil ar bun trí sholáthar iontaofa a dhéanamh do na húsáideoirí tionsclaíocha agus leanúint den táirgeadh faoi chuing an tráth céanna. |
|
(385) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh allmhairí ó thionscal an Aontais in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin ina léiriú ar an díobháil a rinneadh de bharr na n-allmhairí dumpáilte seachas ina gcúis díobhála ann féin. |
5.2.5. Forbairtí ar Thomhaltas
|
(386) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar thionchar an tomhaltais ar mhargadh an Aontais trí scrúdú a dhéanamh ar úsáid faoi chuing, ar dhíolacháin ar an saormhargadh agus trí mheasúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa tomhaltas iomlán trí úsáid a bhaint as na sonraí a léirítear i dTábla 2. |
|
(387) |
Tháinig laghdú 38 % ar úsáid faoi chuing le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tharla an chuid is mó den laghdú sin in 2022, faoi thart ar 81 000 tona nó 31 %. Ó 2022 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, tháinig laghdú thart ar 20 000 tona nó 11 % ar úsáid faoi chuing. |
|
(388) |
Tháinig méadú thart ar 25 000 tona nó 15 % ar thomhaltas an tsaormhargaidh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ó 2022 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, tháinig méadú thart ar 25 000 tona nó 33 % ar dhíolacháin den sórt sin. |
|
(389) |
Nuair a dhéantar measúnú carnach ar úsáid faoi chuing agus ar dhíolacháin ar an saormhargadh, tháinig laghdú thart ar 77 000 tona nó 18 % orthu le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, tháinig méadú thart ar 25 000 tona nó 8 % ar an tomhaltas iomlán ó 2022 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(390) |
Is saincheist chainníochta do thionscal an Aontais é an laghdú carnach ar dhíolacháin an Aontais agus ar úsáid faoi chuing i bpríomhthréimhse 2022 don imscrúdú(389). Mar sin féin, baineann an phríomhdhíobháil san imscrúdú seo le hísliú praghsanna agus caillteanais throma mar thoradh air sin mar thoradh ar láimhdeachas agus ar tháscairí feidhmíochta eile. |
|
(391) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndearna forbairtí ar thomhaltas ar mhargadh an Aontais díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. |
5.3. Conclúid maidir le cúisíocht
|
(392) |
Táirgeoirí 1,4-Bútáindé-óil de chuid an Aontais san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, dhíol siad le roinnt úsáideoirí tionsclaíocha in go leor earnálacha úsáideoirí. Léirigh an t-imscrúdú go raibh sé d’éifeacht ag allmhairí dumpáilte ar phraghas íseal ó na tíortha lena mbaineann, ar chainníochtaí móra agus méadaitheacha iad, praghsanna a laghdú le linn na tréimhse faoi bhreathnú go háirithe in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. Bhí sé de thionchar ag an bhforbairt sin praghsanna 1,4-Bútáindé-óil a dhíchúpláil go tromchúiseach ón gcostas táirgthe, agus difear a dhéanamh do leibhéil díolacháin agus táirgeachta. Dá dheasca sin, bhain caillteanas mór do bhrabúsacht dhíolacháin thionscal an Aontais in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Is léir go bhfuil caillteanais den sórt sin neamh-inbhuanaithe agus go gcuireann siad marthanas thionscal an Aontais i mbaol fiú sa ghearrthéarma. |
|
(393) |
I measc na dtosca eile a scrúdaíodh bhí allmhairí ó fhoinsí eile, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, forbairtí ar thomhaltas lena n-áirítear úsáid faoi chuing, allmhairí ó thionscal an Aontais agus méaduithe ar chostais amhábhar agus fuinnimh. |
|
(394) |
Dá bhrí sin, tá idirdhealú déanta ag an gCoimisiún maidir le héifeachtaí na dtosca aitheanta uile a dhéanann difear do staid thionscal an Aontais ó éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte, agus tá éifeachtaí na dtosca sin scartha aige. Ní bhfuarthas go raibh tionchar mór leordhóthanach ag aon cheann de na tosca, i dteannta a chéile nó ar leithligh, ar staid thionscal an Aontais chun amhras a chaitheamh ar an gconclúid go raibh na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann ag déanamh díobháil ábhartha. |
|
(395) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go ndearna allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. Is éard atá sa díobháil den chuid is mó ísliú praghsanna, brabúsacht neamhleor, toradh ar infheistíochtaí, sreabhadh airgid, cumas caipiteal a thiomsú. |
6. LEIBHÉAL NA mBEART
|
(396) |
Chun leibhéal na mbeart a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte. |
6.1. Corrlach díobhála
|
(397) |
Thiocfadh deireadh leis an díobháil dá bhféadfadh tionscal an Aontais spriocbhrabús a bhaint amach trí dhíol ar spriocphraghas de réir bhrí Airteagal 7(2c) agus Airteagal 7(2d) den bhun-Rialachán. |
|
(398) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, chun an spriocbhrabús a shocrú, chuir an Coimisiún na tosca seo a leanas san áireamh: leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ó na tíortha atá faoi imscrúdú, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chumhdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a mbeifí ag súil léi faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Níor cheart an corrlach brabúis sin a bheith níos ísle ná 6 %. |
|
(399) |
I dtús báire, bhunaigh an Coimisiún bunbhrabús a chumhdaigh na costais iomlána sna gnáthdhálaí iomaíochta. Fuarthas é sin ó bhrabúsacht thionscal an Aontais in 2022, arbh í an bhliain is déanaí í sular tháinig borradh faoi allmhairí dumpáilte in 2023. Baineadh amach figiúr brabúsachta i bhfad níos airde in 2021, ach mar sin féin, measadh gur bhliain bhorrtha é sin don tionscal mar gheall ar thomhaltas ard an Aontais mar gheall ar phaindéim COVID-19. Suíodh an corrlach brabúis in 2022 ag [10 % - 25 %], de réir Thábla 11. |
|
(400) |
Sholáthair dhá tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais fianaise go mbeadh a leibhéal infheistíochtaí, taighde agus forbartha (T&F) agus nuálaíochta le linn na tréimhse faoi bhreathnú ní b’airde faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. D’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis sin trí úsáid a bhaint as pleananna infheistíochta a bhí le cur chun feidhme le linn na tréimhse faoi bhreathnú ach a cuireadh ar ceal mar gheall ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. Dá bhrí sin, bhí údar maith le maímh Thionscal an Aontais. Chun é sin a léiriú sa spriocbhrabús, ríomh an Coimisiún an difríocht idir na costais a bhaineann le hinfheistíochtaí, taighde agus forbartha agus nuálaíochta (‘ITFN’) faoi ghnáthdhálaí iomaíochta arna soláthar ag tionscal an Aontais agus arna bhfíorú ag an gCoimisiún ar thaobh amháin, agus costais ITFN iarbhír le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar an taobh eile. Is 0,30 % a bhí sa difríocht sin, arna sloinneadh mar chéatadán den láimhdeachais. |
|
(401) |
An céatadán 0,3 % sin, cuireadh leis an mbuncorrlach brabúis [10 % go 25 %], arna lua in aithris (399) é, is é sin 00 %, rud a d’fhág gur [10,30 % go 25,30 %] a bhí sa spriocbhrabús. |
|
(402) |
Ar an mbonn sin, is é [2 000 go 2 800] EUR in aghaidh an tona an praghas neamhdhíobhálach, praghas a eascraíonn as an gcorrlach brabúis thuasluaite de [10,30 % go 25,30 %] a chur i bhfeidhm ar chostas táirgthe tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(403) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2d) den bhun-Rialachán, mar chéim chríochnaitheach, rinne an Coimisiún measúnú ar na costais amach anseo a eascróidh as Comhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil, agus prótacail fúthu, ar páirtí iontu an tAontas, agus Coinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, costais a thabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. Chuir tionscal an Aontais fianaise ar fáil go dtiocfadh méadú ar a gcostais faoi scéim CTA AE agus faoi chláir náisiúnta chomhchosúla le linn shaolré na mbeart. Thiocfadh na costais mhéadaithe sin chun cinn toisc go bhfaigheadh tionscal an Aontais níos lú lamháltas saor in aisce faoi CTA ó 2026-2030 (ar an meán) i gcomparáid leis an tréimhse imscrúdúcháin. Ina theannta sin, léirigh eastóscadh todhchaíochtaí CTA a fuarthas ó Bloomberg (a cuireadh ar fáil ar an gcáschomhad) go dtuartar go dtiocfaidh méadú ar lamháltais CTA in 2026-2030 in aghaidh an tona CO2 a astaítear. Ghlac an Coimisiún leis na maímh agus chuir sé an costas EUR 25 in aghaidh an tona leis an bpraghas neamhdhíobhálach a luaitear in aithris (402). |
|
(404) |
Ina theannta sin, mhaígh táirgeoirí sampláilte an Aontais gur cheart costais indíreacha CO2 a eascraíonn as costais bhreise amach anseo a bhaineann le CO2 a astaítear ó leictreachas a cheannaítear agus a ídítear a chur san áireamh mar chostais amach anseo faoi Airteagal 7(2d) den bhun-Rialachán. Diúltaíodh don mhaíomh sin go sealadach toisc nár thabhaigh an táirgeoir de chuid an Aontais lena mbaineann na costais a éilíodh go díreach agus nár tugadh bunús leo. |
|
(405) |
Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún praghas neamhdhíobhálach [2 000 go 2 800] EUR in aghaidh an tona le haghaidh an táirge chomhchosúil de chuid thionscal an Aontais tríd an gcorrlach brabúis thuasluaite a chur le costas táirgthe tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus ansin na coigeartuithe faoi Airteagal 7(2d) den bhun-Rialachán a chur leis ar bhonn cineál ar chineál. |
|
(406) |
Ansin chinn an Coimisiún leibhéal an chorrlaigh díobhála ar bhonn comparáid idir an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe atá ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte sna tíortha lena mbaineann, mar a suíodh i leith ríomhanna sladghearrtha praghais, agus meánphraghas ualaithe neamhdhíobhálach an táirge chomhchosúil arna dhíol ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léiríodh aon difríocht a d’eascair ón gcomparáid sin mar chéatadán den mheánluach ualaithe CAL ar allmhairiú. |
|
(407) |
Sainítear an leibhéal díothaithe díobhála le haghaidh ‘cuideachtaí comhoibríocha eile’ agus le haghaidh ‘gach allmhaire eile de thionscnamh gach ceann de na tíortha lena mbaineann’ ar an mbealach céanna agus a shainítear an corrlach dumpála le haghaidh na gcuideachtaí agus na n-allmhairí sin.
|
6.2. Conclúid maidir le leibhéal na mbeart
|
(408) |
De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála sealadacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:
|
7. LEAS AN AONTAIS
7.1. Leas thionscal an Aontais
|
(409) |
Tá ceithre chuideachta a tháirgeann 1,4-Bútáindé-ól i dTionscal an Aontais agus fostaíonn siad thart ar 500 ball foirne go díreach. Tá na táirgeoirí lonnaithe sa Ghearmáin, san Ísiltír agus san Iodáil. Chomhoibrigh gach ceann de na ceithre tháirgeoir de chuid an Aontais go hiomlán leis an imscrúdú trí fhreagraí ar an gceistneoir a chur isteach. |
|
(410) |
Is táirge ceimiceach idirmheánach é 1,4-Bútáindé-ól ag a bhfuil roinnt táirgí ceimiceacha iartheachtacha lena n-áirítear teireataláit pholabúitiléine, teireataláit adapáite pholabúitiléine, polúireatán teirmeaplaisteach, teitrihidreafúrán agus gáma-bútarachtón, a úsáidtear ansin ar deireadh i raon leathan feidhmeanna, lena n-áirítear i mótarfheithiclí, cosaint, teicstílí, plaistigh, leictreonaic, tógáil, ceallraí agus cosmaidí (‘slabhra luacha 1,4-Bútáindé-óil’) i margadh an Aontais. Bhain tionscal an Aontais úsáid as thart ar 47 % de 1,4-Bútáindé-ól faoi chuing, agus díoladh 53 % de ar an saormhargadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, is úsáideoir an-mhór 1,4-Bútáindé-óil é tionscal an Aontais iad féin freisin. Cibé acu a úsáidtear 1,4-Bútáindé-ól faoi chuing nó a dhíoltar ar an margadh é, is minic gur táirgí ceimiceacha idirmheánacha iad na príomhtháirgí iartheachtacha iad féin, ar féidir iad a dhíol ar mhargadh an Aontais nó a úsáid faoi chuing. |
|
(411) |
Thacaigh táirgeoirí an Aontais le tionscnamh an imscrúdaithe agus léirigh a mbarúlacha ó tionscnaíodh é go dtacaíonn siad, i dtéarmaí ginearálta, le bearta frithdhumpála a fhorchur. Mar sin féin, ní thacaíonn LCN le bearta in aghaidh SAM, áit a bhfuil táirgeadh grúpa acu, agus chuir Novamont Italy ábhair imní in iúl maidir le tionchar na ndleachtanna ar a dtáirgí iartheachtacha toisc gur allmhaireoir mór ón tSín iad. Ar an iomlán, mhol táirgeoirí an Aontais dleachtanna a fhorchur ar na príomhtháirgí iartheachtacha, sa bhreis ar na dleachtanna ar 1,4-Bútáindé-ól, toisc go bhfuil imní orthu go gcaillfidh siad iomaíochas in aghaidh iomaitheoirí de chuid na Síne i slabhra luacha 1,4-Bútáindé-óil a luaithe a fhorchuirfear dleachtanna ar 1,4-Bútáindé-ól. Ina theannta sin, mar a phléitear i Roinn 2.4 ‘Éilimh maidir le raon feidhme an táirge’ den Rialachán seo, d’áitigh BASF gur cheart bith-1,4-Bútáindé-ól a eisiamh ón sainmhíniú ar an táirge atá faoi imscrúdú. |
|
(412) |
I bhfianaise an toraidh go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais a dtugtar tuairisc air i Roinn 4.2 ‘Conclúid maidir le díobháil’ den rialachán seo, dá bhforchuirfí bearta, chuirfí ar chumas thionscal an Aontais feabhas a chur ar a bhrabúsacht i dtreo leibhéil inbhuanaithe, infheistíocht a mhéadú, agus ar an gcaoi sin seasamh iomaíoch a fháil ar ais ina gcroímhargadh. Bheadh tionscal an Aontais in ann sciar caillte den mhargadh a fháil ar ais freisin trí mhéideanna táirgeachta agus díolacháin i margadh an Aontais a mhéadú. |
|
(413) |
Is dócha go mbeidh éifeachtaí diúltacha móra breise ag an easpa beart ar thionscal an Aontais. Tá an staid thromchúiseach, a thuairiscítear thuas sa roinn ‘conclúid maidir le díobháil’, ina bagairt ar thionscal iomlán an Aontais a bheith ann, ós rud é nach bhfuil na caillteanais shubstaintiúla mhéadaitheacha a rinneadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus atá ag doimhniú le linn na tréimhse imscrúdúcháin inbhuanaithe sa ghearrthéarma agus go gcuireann siad an cumas leanúint de 1,4-Bútáindé-ól a tháirgeadh san Aontas i mbaol le haghaidh úsáid faoi chuing agus saormhargaidh araon. Cé gur thit praghsanna amhábhar agus fuinnimh in 2024, bhí tuilleadh laghduithe ar phraghsanna díola 1,4-Bútáindé-óil os comhair thionscal an Aontais, agus tháinig méadú ar allmhairí dumpáilte le praghsanna níos ísle go leanúnach, rud a d’fhág nach rabhthas in ann praghsanna a ardú agus na costais táirgthe níos ísle a chumhdach. Leanfaidh an t-ísliú praghsanna sin ar aghaidh in éagmais beart, lena n-áirítear mar gheall ar acmhainneachtaí breise atá ag dul i méid agus atá mór cheana féin sna tíortha lena mbaineann, rud a fhágfaidh go mbeidh tuilleadh meatha ar mhéid agus ar airgeadais thionscal an Aontais agus go gcuirfear a thodhchaí ghearrthéarmach agus a fhostaíocht i mbaol. Tá slabhra comhtháite bunaithe ag tionscal an Aontais le haghaidh 1,4-Bútáindé-óil, lena n-áirítear, mar shampla, teireataláit adapáite pholabúitiléine agus bith-chomhchruinniú, a choinnítear ar bun ó infheistíochtaí i gcaitheamh na mblianta thar chodanna éagsúla den slabhra luacha. Is leor acmhainneacht táirgthe 1,4-Bútáindé-óil, agus a shlabhra soláthair, chun freastal ar éileamh 1,4-Bútáindé-óil san Aontas. Bhí ar thionscal an Aontais cheana féin allmhairí saora ó na tíortha lena mbaineann a chur in ionad cuid dá tháirgeadh féin. Rinneadh é sin chun a seasamh agus a gcáil ar mhargadh an Aontais a choinneáil ar bun trína chur ar a gcumas leanúint de 1,4-Bútáindé-ól a sholáthar do shlabhra luacha 1,4-Bútáindé-óil faoi chuing, d’úsáideoirí an Aontais agus príomhtháirgeoirí eile a úsáideann é san Aontas a sholáthar. Mar sin féin, ní forbairt inbhuanaithe do thionscal an Aontais é foinsiú allmhairí saora ó na tíortha lena mbaineann ag a bhfuil acmhainneacht mhór 1,4-Bútáindé-óil agus stair fhada de 1,4-Bútáindé-ól a tháirgeadh do mhargadh an Aontais, agus infheistíocht á déanamh an tráth céanna chun éifeachtúlacht a shaoráidí táirgthe, táirgeadh comhtháite ingearach ceimiceán a choinneáil ar bun agus caighdeáin sábháilteachta agus chomhshaoil a chomhlíonadh. I mbeagán focal – tá an staid a tugadh faoi deara le linn na tréimhse imscrúdúcháin dochosanta toisc nach féidir coinne a bheith leis go leanfaidh tionscal an Aontais de bheith á chosaint féin trí allmhairí dumpáilte a chur in ionad a tháirgthe féin nó trí dhíol san Aontas chun príomhchaidrimh custaiméirí 1,4-Bútáindé-óil a choinneáil beo, agus caillteanais mhóra á ndéanamh an tráth céanna. Gan bearta, bheadh ar thionscal an Aontais a shaoráidí táirgthe 1,4-Bútáindé-óil a dhúnadh agus a bheith ag brath ar allmhairí amháin. |
|
(414) |
Chuirfeadh forchur na ndleachtanna ar chumas thionscal an Aontais 1,4-Bútáindé-ól a fhoinsiú le haghaidh úsáid faoi chuing óna tháirgeadh féin, nó laistigh de tháirgeadh méadaithe an Aontais, rud a d’fhágfadh go gcosnófaí infheistíocht atá ann cheana agus a rinneadh le déanaí i mbonneagar táirgthe atá comhtháite go hingearach, saineolas agus poist agus an t-éiceachóras a bhaineann le 1,4-Bútáindé-ól a tháirgeann go forleathan laistigh den Aontas, lena n-áirítear táirgeadh teireataláite polabúitiléine, teireataláite adapáite polabúitiléine, polúireatáin theirmeaplaistigh, teitrihidreafúráin, agus gáma-bútaralachtóin arb iad táirgeoirí 1,4-Bútáindé-óil an Aontais na príomhtháirgeoirí san Aontas ina leith freisin, agus i roinnt táirgí ceimiceacha an t-aon soláthróir san Aontas. Leis na bearta, d’fhéadfaí 1,4-Bútáindé-ól a fhoinsiú le haghaidh úsáid faoi chuing laistigh de thionscal an Aontais, i bhfianaise an chumais theoranta san Aontas 1,4-Bútáindé-ól a stóráil nó cainníochtaí móra 1,4-Bútáindé-óil a bheith aige mar stoic ar gá iad a sholáthar freisin míonna roimh ré agus faoi chonarthaí díolacháin de ghnáth seachas faoi spotcheannacháin. Dá bhrí sin, bheadh soláthar an Aontais ó tháirgeoirí de chuid an Aontais níos cobhsaí, níos athléimní agus níos sláine mar thoradh ar bhearta rud a mhaolódh na rioscaí soláthair nó lóistíochta mar a tugadh faoi deara in aithris (293), a rinne difear cheana do sholáthar 1,4-Bútáindé-óil an Aontais in 2024 agus a chuirfeadh an cumas táirgí faoi chuing thionscal an Aontais a choinneáil ar bun nó fiú iad a tháirgeadh faoi shlabhra luacha 1,4-Bútáindé-óil dá mba rud é go raibh táirgeacht níos ísle ag an Aontas den táirge comhchosúil nó dá mba rud é nach raibh táirgeacht ann. |
|
(415) |
Thairis sin, chuir Novamont, BASF, INEOS agus roinnt úsáideoirí 1,4-Bútáindé-óil barúlacha isteach maidir leis an ngá atá le dleachtanna a chosaint agus féachaint le dleachtanna a fhorchur ar tháirgí breise faoi shlabhra luacha 1,4-Bútáindé-óil agus ní hamháin ar an táirge lena mbaineann, chun na hinfheistíochtaí substaintiúla atá ann cheana i saoráidí táirgthe ingearacha agus úsáid faoi chuing an Aontais agus an t-éiceachóras ceimiceach foriomlán laistigh den Aontas a chosaint. Le cosaint Thionscal an Aontais, d’fhéadfaí leanúint d’oibriú éifeachtúil na saoráidí comhtháite táirgthe ceimiceán, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí leanúint de chostas seasta amhail dramhaíl, leictreachas, iompar, uisce nó gal a chomhroinnt leis an táirgeadh agus leis na saoráidí le haghaidh ceimiceáin eile, lena n-áirítear úsáid iartheachtach 1,4-Bútáindé-óil, rud atá ríthábhachtach chun éifeachtúlacht fhoriomlán na gcostas táirgthe ceimiceán i dTionscal an Aontais a choinneáil ar bun. |
|
(416) |
Ina theannta sin, cheadódh bearta d’úsáideoirí faoi chuing leanúint de 1,4-Bútáindé-ól a fhoinsiú san Aontas. Mhaígh táirgeoirí an Aontais go ngineann táirgeadh 1,4-Bútáindé-óil an Aontais níos lú CO2 agus nach dtabhódh sé sin giniúint bhreise loingseoireachta, iarnróid agus iompair CO2. |
|
(417) |
Dá bhrí sin, is léir gur chun leas thionscal an Aontais é bearta a fhorchur ar 1,4-Bútáindé-ól ó na tíortha lena mbaineann. |
7.2. Leas na n-allmhaireoirí agus na dtrádálaithe neamhchomhlachaithe
|
(418) |
Rinneadh formhór na n-allmhairí 1,4-Bútáindé-óil le linn na tréimhse faoi bhreathnú go díreach chuig úsáideoirí tionsclaíocha nó chuig cuideachtaí gaolmhara san Aontas amhail BASF, LCN agus BorsodChem. Rinne allmhaireoirí nó trádálaithe neamhghaolmhara roinnt ceannacháin 1,4-Bútáindé-óil ag úsáideoirí tionsclaíocha. Ní bhfuarthas aon chomhoibriú ó allmhaireoirí/trádálaithe neamhghaolmhara, áfach. |
|
(419) |
Chuir roinnt úsáideoirí ar allmhaireoirí 1,4-Bútáindé-óil iad freisin, lena n-áirítear allmhairiú ó na tíortha a breithníodh, barúlacha isteach. Mar sin féin, ós rud é gurbh é a bpríomhghníomhaíocht eacnamaíoch 1,4-Bútáindé-óil a úsáid don táirgeadh, tugtar aghaidh ar a mbarúlacha thíos faoi ‘leas úsáideoirí’. |
|
(420) |
Chuir Will & Co, dáileoir amhábhar lena n-áirítear 1,4-Bútáindé-ól ó Sipchem, barúlacha isteach ach níor sholáthair sé faisnéis íosta, lena n-áirítear faisnéis a iarradh ar allmhaireoirí, chun a bheith in ann an tionchar a bheadh ag forchur na mbeart ar a ghníomhaíochtaí a shuí. D’áitigh Will & Co go raibh rósholáthar 1,4-Bútáindé-óil ón tSín, agus go raibh praghsanna ionsaitheacha á dtairiscint ag táirgeoirí de chuid na Síne agus na Téaváine, lena n-áirítear praghsanna faoi bhun an chostais táirgthe, le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ina theannta sin, cuireadh isteach gur tréimhse ina raibh allmhairí níos ísle ó na tíortha sin san Aontas a bhí i gceist le 2021-2022 agus bhí praghsanna margaidh ar leibhéal inbhuanaithe san Aontas le haghaidh 1,4-Bútáindé-óil. Mar sin féin, ó 2023 ar aghaidh, mar gheall ar iomaíocht mhéadaithe ó tháirgeoirí de chuid na Síne agus ar phraghsanna an-dian, thit praghsanna 1,4-Bútáindé-óil an Aontais go leibhéil neamh-inbhuanaithe, go príomha mar thoradh ar shaoráidí táirgthe nua a thógáil agus acmhainneacht bhreise a mhéadú i nDaon-Phoblacht na Síne, atá níos mó cheana féin ná éileamh iomlán 1,4-Bútáindé-óil an domhain, agus go háirithe le 2 bhliain anuas ar chuir an tSín amháin acmhainneacht táirgeachta atá ar na hiolraí leis an éileamh foriomlán domhanda 1,4-Bútáindé-óil. D’áitigh Will & Co freisin go bhfuil sé an-tábhachtach le haghaidh cobhsaíocht an mhargaidh go leanfadh Sipchem de bheith ag soláthar an Aontais agus nár cheart allmhairí ón Araib Shádach a charnadh. Tugadh aghaidh ar an bpointe deireanach sin cheana faoi Roinn 4.3 ‘Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann’. |
|
(421) |
Ina theannta sin, thug Helm AG barúlacha maidir le bith-1,4-Bútáindé-ól a eisiamh, ar tugadh aghaidh orthu faoi Roinn 2.4 ‘Éilimh maidir le raon feidhme an táirge’ thuas. |
|
(422) |
Ní raibh an fhaisnéis ag an gCoimisiún chun an tionchar a bheadh ag forchur na mbeart ar ghníomhaíochtaí na n-allmhaireoirí/na dtrádálaithe neamh-chomhlachaithe a shuí go beacht. In éagmais an chomhair, tugtar le fios nach measann allmhaireoirí go ndéanfadh forchur beart frithdhumpála difear mór dá gcuid gnó. Ba dhócha go mbeadh allmhaireoirí ina n-allmhaireoirí ginearálta táirgí ceimiceacha seachas díriú ar 1,4-Bútáindé-ól amháin. Ina theannta sin, cé go bhféadfaí laghdú ar allmhairí agus ar athdhíol earraí a ndéanann na bearta difear dóibh a thabhairt faoi deara sa chéad chéim, d’fhéadfaí aon éifeacht dhiúltach den sórt sin ar láimhdeachas a chúiteamh ar deireadh le hathdhíol méadaithe táirgí a cheannaítear ó fhoinsí eile amhail an Chóiré Theas nó an Téaváin. |
|
(423) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeadh tionchar na mbeart díréireach i ndáil le hallmhaireoirí/trádálaithe. |
7.3. Leas na n-úsáideoirí
|
(424) |
Cibé acu a úsáidtear 1,4-Bútáindé-ól faoi chuing nó a dhíoltar ar an margadh é, is táirgí iartheachtacha láithreacha iad príomhúsáideoirí 1,4-Bútáindé-óil an Aontais amhail teireataláit pholabúitiléine, teireataláit adapáite polabúitiléine, polúireatán, poileistear sáithithe, teitrihidreafúrán, pirealúladón n-meitile, poileistear teirmeaplaisteach agus gáma-bútairealachtón. Is táirgí idirmheánacha iad sin ar féidir iad a dhíol ar mhargadh an Aontais nó a úsáid faoi chuing. Is iomaí agus is éagsúil iad tionscail úsáideoirí deiridh 1,4-Bútáindé-óil agus áirítear orthu talmhaíocht, mótarfheithiclí, ceimiceáin, cosmaidí, cógaisíocht, plaistigh agus teicstílí. |
|
(425) |
Chomhoibrigh naoi n-úsáideoir thionsclaíocha de chuid an Aontais sa bhreis ar thrí tháirgeoir chomhtháite shampláilte de chuid an Aontais, a d’úsáid 1,4-Bútáindé-ól faoi chuing, leis an imscrúdú go hiomlán trí fhreagraí ar an gceistneoir a chur isteach agus trína dtuairimí maidir le leas an Aontais a chur in iúl. Ba iad na húsáideoirí tionsclaíocha sin ba chúis le thart ar 25 % de thomhaltas iomlán 1,4-Bútáindé-óil san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin ach is iad úsáideoirí 1,4-Bútáindé-óil ar táirgeoirí 1,4-Bútáindé-óil iad freisin a úsáideann 100 % de chainníocht 1,4-Bútáindé-óil faoi chuing san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an iomlán, ba iad úsáideoirí tionsclaíocha comhoibríocha in éineacht le táirgeoirí de chuid an Aontais a úsáideann 1,4-Bútáindé-ól faoi chuing ba chúis le thart ar 65 % de thomhaltas iomlán 1,4-Bútáindé-óil an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Fuair na húsáideoirí sin 1,4-Bútáindé-ól óna dtáirgeadh féin, ó tháirgeoirí an Aontais agus/nó ó allmhairí. Ba ó na tíortha lena mbaineann a tháinig formhór na n-allmhairí ó úsáideoirí. |
|
(426) |
Is iad seo a leanas an dá úsáideoir déag sin:
|
|
(427) |
Thug roinnt úsáideoirí barúlacha maidir le leas an Aontais mar chuid dá n-aighneachtaí. Bhí Elachem SpA, agus Envalior BV & Envalior GmbH, in aghaidh fhorchur na mbeart go príomha toisc nach n-áireofaí leis na bearta in aghaidh 1,4-Bútáindé-óil táirge ceimiceach eile a dhíorthaítear ó 1,4-Bútáindé-ól agus go háirithe sa chéad úsáid iartheachtach eile a bhainfí as 1,4-Bútáindé-ól, rud a mbeadh tionchar aige ar chostas amhábhair na dtáirgí iartheachtacha sin agus a laghdódh a n-iomaíochas in aghaidh allmhairí dá réir. Is é is cúis leis sin méadú féideartha ar chostas 1,4-Bútáindé-óil san Aontas tar éis bearta a fhorchur. D’aithin Performance Solutions Luxembourg Sarl, an tábhacht a bhaineann le tionscal 1,4-Bútáindé-óil athléimneach agus iomaíoch san Aontas, ach thathantaigh sé ar an gCoimisiún slabhra luacha iomlán 1,4-Bútáindé-óil san Aontas a mheas, toisc go méadódh dleachtanna go mór an costas monaraíochta i dtionscal iartheachtach an Aontais agus go méadódh siad an iomaíocht ó allmhairí an tráth céanna. Is amhlaidh atá toisc go n-aistreofaí táirgeoirí ón tír lena mbaineann céim amháin síos sa slabhra táirgeachta luacha 1,4-Bútáindé-óil, agus ina ionad sin go ndumpálfaidís na hallmhairí sin isteach san Aontas, mura mbeadh siad sin faoi réir beart. Ina theannta sin, d’áitigh siad nach féidir costais a chur ar aghaidh chuig custaiméirí mar gheall ar chineál domhanda agus iomaíoch na margaí iartheachtacha 1,4-Bútáindé-óil sin, rud a chuireann inmharthanacht airgeadais tháirgeoirí an Aontais i mbaol, agus nach bhfuil dóthain acmhainneachta laistigh den Aontas chun éileamh 1,4-Bútáindé-óil a shásamh. Ina theannta sin, mhaígh siad go bhfuil díolacháin tháirgeoirí an Aontais ar leibhéal ard praghsanna nach bhfuil inbhuanaithe agus go bhfuil soláthar neamhleor 1,4-Bútáindé-óil ann ó thíortha seachas na tíortha a breithníodh. Bhí COIM agus BorsodChem in aghaidh gach birt. Déantar scrúdú ar na maímh sin agus ar thuairimí na n-úsáideoirí mar chuid d’anailís na n-úsáideoirí thíos. |
Anailís ar na hÚsáideoirí Tionsclaíocha
|
(428) |
Bunaithe ar na sonraí a sholáthair na naoi n-úsáideoir thionsclaíocha chomhoibríocha de chuid an Aontais, le linn na tréimhse imscrúdúcháin cheannaigh siad thart ar dhá thrian dá 1,4-Bútáindé-ól ó thionscal an Aontais agus thart ar aon trian ó allmhairí, ó na tíortha lena mbaineann go príomha. |
|
(429) |
Bhí an tábhacht a bhaineann le 1,4-Bútáindé-ól d’úsáideoirí tionsclaíocha an-éagsúil agus ag brath ar an gcineál táirge agus ar a chur i bhfeidhm sa tréimhse imscrúdúcháin. Mar shampla, d’úsáid táirgí iartheachtacha áirithe níos lú 1,4-Bútáindé-óil ná táirgí iartheachtacha eile: úsáideadh níos mó 1,4-Bútáindé-óil le haghaidh táirgí iartheachtacha láithreacha amhail iad siúd a aicmítear de ghnáth mar cheimiceáin ‘feidhmíochta’ ach úsáideadh níos lú 1,4-Bútáindé-óil sna deighleoga ceimiceacha ‘speisialaithe’. Go ginearálta, bhí éagsúlacht mhór ag baint leis an tábhacht a bhaineann le táirgí a dhíorthaítear ó 1,4-Bútáindé-ól i gcomparáid leis an láimhdeachas iomlán ag brath ar an úsáideoir. Dá bhrí sin, i gcás líon beag úsáideoirí tionscail neamhéagsúlaithe, ba é táirge a dhíorthaítear ó 1,4-Bútáindé-ól an t-aon táirge amháin nó bhí sé níos mó ná 70 % de na díolacháin iomlána. Mar sin féin, i gcás na ngnáthúsáideoirí tionsclaíocha, a raibh punann feidhmíochta agus táirgí speisialaithe acu de ghnáth, bhí úsáid tháirgí a dhíorthaítear ó 1,4-Bútáindé-ól idir thart ar 0,1 % agus 25 % de dhíolacháin iomlána na cuideachta. Ar an meán, bhí 57 % de láimhdeachas iomlán úsáideoirí tionsclaíocha comhoibríocha an Aontais i gceist le díolacháin táirgí ina n-ionchorpraítear 1,4-Bútáindé-ól. |
|
(430) |
Baineadh úsáid as 1,4-Bútáindé-ól i gcásanna áirithe chun táirgí iartheachtacha a tháirgeadh, táirgí a d’onnmhairigh na húsáideoirí go páirteach ansin chuig tríú tíortha le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ní dhéanfadh dleachtanna 1,4-Bútáindé-óil difear do dhíolacháin den sórt sin ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le socruithe próiseála isteach. |
|
(431) |
Bhí costas 1,4-Bútáindé-óil mar amhábhar i gcomparáid le costais iomlána na dtáirgí iartheachtacha éagsúil le linn na tréimhse imscrúdúcháin freisin. Measadh ó na sonraí a chuir na húsáideoirí tionsclaíocha agus an táirgeoir/na húsáideoirí faoi chuing isteach gur céatadán tábhachtach de chostas monaraíochta teitrihidreafúráin, teireataláite polabúitiléine, teireataláite adapáite polabúitiléine agus pirealúladóin n-meitile (ar díorthach gáma-bútairealachtóin é an ceann deireanach sin) atá i gceist le 1,4-Bútáindé-ól. Mar sin féin, d’fhéadfadh laghdú mór teacht ar chostas iomlán 1,4-Bútáindé-óil ag brath ar mhéid speisialtóireachta an táirge, mar shampla dá mbeadh ionchur T & F níos airde ag teastáil ó dhíorthaigh, nó dá ndéanfaí 1,4-Bútáindé-ól a chomhcheangal le hamhábhair eile chun é a tháirgeadh. Fuarthas na táirgí sin de ghnáth faoi na deighleoga ‘speisialtachtaí’ agus ‘feidhmíocht’. Ar an meán, 14 % de chostas iomlán an táirge do na húsáideoirí comhoibríocha a bhí i gceist le costas 1,4-Bútáindé-óil mar amhábhar, ach d’fhéadfadh na díorthaigh áirithe a bheith i bhfad níos airde. |
|
(432) |
Bhí corrlaigh bhrabúsachta na n-úsáideoirí tionsclaíocha (i gcás táirgí ina n-ionchorpraítear 1,4-Bútáindé-ól) nuair a sholáthraítear iad, idir thart ar 40 % agus -11 %, agus meánbhrabúsacht 10 % ann le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Bhí brabúsacht roinnt táirgí iartheachtacha diúltach, ach bhí an chuid is mó díobh brabúsach. Fuarthas na táirgí ba bhrabúsaí de ghnáth faoin deighleog ‘speisialtachtaí’, nach raibh íogaireacht praghsanna chomh tábhachtach céanna ina leith agus a bhféadfadh corrlaigh a bheith ard ina leith, ós rud é nach tráchtearraí iad díolacháin agus go raibh siad faoi réir níos lú iomaíochta fiú dá mbeadh na cainníochtaí a díoladh níos teoranta de ghnáth. Mar sin féin, ní raibh baint i gcónaí ag na sonraí brabúsachta a sholáthair úsáideoirí tionsclaíocha comhoibríocha le táirgí ina bhfuil 1,4-Bútáindé-ól agus ní raibh bunús le brabúsacht dhá úsáideoir le linn na cuairte fíorúcháin. Dá bhrí sin, ag céim shealadach an imscrúdaithe, níor thug na húsáideoirí comhoibríocha bunús lena mbrabúsacht i gcás táirgí ina bhfuil 1,4-Bútáindé-ól. Dá bhrí sin, déanfar scrúdú breise ar shaincheist bhrabúsacht na n-úsáideoirí ag céim chinntitheach an imscrúdaithe. |
|
(433) |
A mhéid a bhaineann le héifeacht na mbeart ar na húsáideoirí comhoibríocha, mheas an Coimisiún go ndéanfadh forchur na mbeart ar 1,4-Bútáindé-ól difear dá mbrabúis mura bhféadfaí na méaduithe ar chostais cheannaigh 1,4-Bútáindé-óil a chur ar aghaidh chuig custaiméirí. Tharla sé sin mar gheall ar thábhacht 1,4-Bútáindé-óil i gcostas táirgthe na ndíorthach, go háirithe i gcás roinnt díorthach láithreach ar tráchtearraí iad féin. Mar sin féin, is dócha go maolódh tosca áirithe tionchar na mbeart ar tháirgí iartheachtacha. Ar an gcéad dul síos, mar a mhínítear thuas, tháirg na húsáideoirí tionsclaíocha táirgí nach raibh 1,4-Bútáindé-ól iontu freisin, toisc nár chruthaigh táirgí iartheachtacha 1,4-Bútáindé-óil ach thart ar 57 % dá ndíolacháin iomlána mar mheán, ach go raibh formhór na n-úsáideoirí éagsúlaithe ar ina leith a bhí úsáid tháirgí díorthaithe 1,4-Bútáindé-óil idir thart ar 0,1 % agus 25 % de dhíolacháin iomlána na cuideachta. Ar an dara dul síos, fuair úsáideoirí tionsclaíocha níos mó ná leath dá 1,4-Bútáindé-ól ón Aontas, agus níos lú ná leath ó na tíortha lena mbaineann agus ó thríú tíortha, amhail an Chóiré Theas nó an Téaváin. Cé gur dócha go dtiocfadh méadú ar phraghsanna 1,4-Bútáindé-óil ar mhargadh an Aontais mar gheall ar na bearta, bheadh siad in ann a bhfoinsí soláthair a athrú chun tionchar na mbeart amhail an Chóiré Theas nó an Téaváin a íoslaghdú. Ina theannta sin, ní mheastar go dtiocfaidh méadú mór ar phraghsanna an Aontais i bhfianaise an mhéadaithe shubstaintiúil bhreise ar an méid táirgeachta ó na bearta, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí na saoráidí a reáchtáil ar bhealach níos éifeachtúla agus costais aonaid táirgthe 1,4-Bútáindé-óil a laghdú. Thairis sin, is iondúil go ndéantar díolacháin 1,4-Bútáindé-óil san Aontas thar chonarthaí fadtéarmacha a dhéanann tagairt freisin do phraghsanna ICIS, lena n-áirítear ICIS na Síne i gcásanna áirithe. Dá bhrí sin, rianaíonn praghsanna conartha díolacháin 1,4-Bútáindé-óil an Aontais praghsanna domhanda 1,4-Bútáindé-óil, agus d’fhágfadh diall tromchúiseach sa phraghas go mbeadh allmhairí, ní ó na tíortha a breithníodh, níos iomaíche san Aontas agus go mbeadh méadú ar a ndíolachán le húsáideoirí. Ar an tríú dul síos, ní raibh ach thart ar 14 % de chostas iomlán an táirgthe do na táirgí iartheachtacha i gceist le 1,4-Bútáindé-ól mar amhábhar , d’athraigh sé ansin de réir an chineáil táirge agus ba ghnách gur lú i bhfad a thábhacht do tháirgí áirithe faoin deighleog ‘speisialtóireacht’ agus fiú faoin deighleog ‘feidhmíocht’ a raibh céatadán i bhfad níos ísle de chostas iomlán an táirgthe le costais 1,4-Bútáindé-óil. Ar an gceathrú dul síos, bhí roinnt úsáideoirí tionsclaíocha brabúsach i dtáirgeadh táirgí iartheachtacha 1,4-Bútáindé-óil le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus bheadh siad in ann na méaduithe ar chostais a ionsú nó iad a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí, go háirithe i gcás táirgí nach raibh íogair ó thaobh praghais de (nó nach raibh tráchtálaithe), a d’ordaigh corrlaigh arda agus a raibh teorainn le 1,4-Bútáindé-ól ina leith mar chéatadán den chostas iomlán, rud a fuarthas de ghnáth faoin deighleog ‘speisialaithe’. Ar an gcúigiú dul síos, tá acmhainneacht iomlán thionscal an Aontais 1,4-Bútáindé-ól a tháirgeadh thart ar 470 200 agus bhí an úsáid iomlán atá ann faoi láthair thart ar 347 000 tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rud a chuir ar chumas thionscal an Aontais éileamh iomlán an Aontais a sholáthar go compordach agus d’úsáideoirí 1,4-Bútáindé-óil a fhoinsiú laistigh den Aontas agus gan a bheith faoi réir beart. Ar deireadh, d’onnmhairigh roinnt úsáideoirí an chuid is mó de na táirgí ina bhfuil 1,4-Bútáindé-ól chuig tríú tíortha uaireanta, rud a chiallaíonn go mbeidís in ann éifeacht na ndleachtanna frithdhumpála a sheachaint mar gheall ar shocruithe próiseála isteach le húdaráis Chustaim an Aontais. De bharr na maoluithe sin, bhíothas ag súil nach mbeadh éifeacht na mbeart ar úsáideoirí díréireach. |
|
(434) |
I bhfianaise mhórchaillteanais thionscal 1,4-Bútáindé-óil an Aontais agus ísliú praghsanna ar an margadh, is féidir glacadh leis go réasúnta go dtiocfaidh méadú ar phraghsanna 1,4-Bútáindé-óil tar éis bearta a fhorchur. Mar sin féin, ba cheart an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta ar úsáideoirí áirithe a chothromú le riosca scor ghníomhaíochtaí thionscal an Aontais toisc nach bhfuil an staid reatha inbhuanaithe. Mura bhforchuirfear bearta, cuirfear deireadh leis an táirgeadh san Aontas, agus beidh foinsí soláthair 1,4-Bútáindé-óil nach bhfuil chomh hiontaofa céanna, nach bhfuil chomh athléimneach céanna agus nach bhfuil chomh cobhsaí céanna, agus is cinnte go dtiocfaidh méaduithe ar phraghsanna 1,4-Bútáindé-óil mar thoradh air sin agus beidh níos mó éiginnteachta ann maidir le táirgeadh iartheachtach 1,4-Bútáindé-óil a fhoinsiú ar mhargadh an Aontais, rud nach mbeidh ag brath ansin ach ar loingseoireacht chun teacht isteach san Aontas mar aon le cumas an-teoranta 1,4-Bútáindé-ól a stóráil go sábháilte agus go heacnamaíoch san Aontas. Dá scoirfí de thionscal an Aontais, chuirfí bac ansin ar inmharthanacht táirgthe táirgí iartheachtacha 1,4-Bútáindé-óil san Aontas, ós rud é gur gá dóibh 1,4-Bútáindé-ól a fhoinsiú in am, go heacnamaíoch, le soláthar athléimneach leanúnach agus le soláthar éagsúlaithe bunaithe (lena n-áirítear soláthar arna fhoinsiú ag an Aontas), chun a bheith in ann táirgeadh ar leibhéil leanúnacha agus íosmhéid táirgeachta éifeachtúlachta a chomhlíonadh le haghaidh na dtáirgí iartheachtacha agus, dá réir sin, freastal ar riachtanais na gcustaiméirí in am. |
|
(435) |
Anuas air sin, shuigh an Coimisiún go raibh acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais leordhóthanach chun tomhaltas iomlán mhargadh an Aontais a chomhlíonadh. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, bhí thart ar 40 % d’acmhainneacht bhreise ag tionscal an Aontais agus, dá n-athbhunófaí dálaí na hiomaíochta córa, d’fhéadfadh táirgeoirí de chuid an Aontais an táirgeacht a mhéadú, agus an costas táirgthe a laghdú trí chostais sheasta a leathadh thar chainníochtaí níos mó, chun freastal ar an éileamh san Aontas. Ina theannta sin, mar a luaitear thuas, d’fhéadfadh úsáideoirí tionsclaíocha foinsí soláthair a athrú go dtí an Chóiré Theas agus an Téaváin. |
|
(436) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeadh ganntanas soláthair 1,4-Bútáindé-óil ar mhargadh an Aontais mar thoradh ar bhearta frithdhumpála a fhorchur. |
|
(437) |
Ar deireadh, a mhéid a bhaineann le húsáideoirí iomlána an táirge lena mbaineann, is é sin na húsáideoirí tionsclaíocha móide úsáid faoi chuing 1,4-Bútáindé-óil ag tionscal an Aontais, bhí 62 % d’úsáid iomlán 1,4-Bútáindé-óil san Aontas a chomhoibrigh leis an imscrúdú seo i bhfabhar dleachtanna a fhorchur, bhí úsáideoirí thionscal an Aontais i bhfabhar na mbeart de réir mar a mhínítear a thuilleadh faoin roinn ar mhaithe le leas thionscal an Aontais. |
7.4. An chonclúid maidir le leas an Aontais
|
(438) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh ann d’aon chúis láidir nach mbeadh sé le leas an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann, le linn na céime sin den imscrúdú. |
8. BEARTA FRITHDHUMPÁLA SEALADACHA
|
(439) |
Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, ba cheart bearta sealadacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte. |
|
(440) |
Ba cheart bearta frithdhumpála sealadacha a fhorchur ar allmhairí táirge de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann, i gcomhréir le riail na dleachta is lú in Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Chuir an Coimisiún na corrlaigh dhíobhála agus na corrlaigh dhumpála i gcomparáid le chéile mar a léirítear in aithris (407). Is ar leibhéal an chorrlaigh dumpála nó an chorrlaigh díobhála, cibé acu luach ab ísle, a socraíodh méid na ndleachtanna. |
|
(441) |
I bhfianaise a bhfuil thuas ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála sealadacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:
|
|
(442) |
Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlíthiúla ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair. |
|
(443) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí i láthair údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann’. |
|
(444) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(445) |
Má thagann méadú mór ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, féadfar céatadán a thabhairt isteach, de réir an cháis, cé nach bhfuil sé inmholta, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
9. CLÁRÚ
|
(446) |
Mar a luaitear in aithris (3), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. Rinneadh an clárú chun go mbeadh an fhéidearthacht ann dleachtanna a bhailiú go cúlghabhálach faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. |
|
(447) |
Ní dhearnadh aon chinneadh nó ní féidir cinneadh a dhéanamh ag an gcéim seo den nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach féideartha i ndáil le bearta frithdhumpála. |
10. FÁISNÉIS AG AN gCÉIM SHEALADACH
|
(448) |
I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha. Cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i gcoitinne freisin trí shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. Tugadh 3 lá oibre do na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna a nochtadh go sonrach dóibh. |
|
(449) |
Thug Lyondell Chemical Company barúlacha uaidh faoi na ríomhanna. I bhfianaise na mbarúlacha sin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar a ríomhanna dumpála agus díobhála i leith Lyondell Chemical company. Níor bhain an chuid eile de na barúlacha a fuarthas ó pháirtithe leasmhara le cruinneas na ríomhanna féin ach leis an modheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún agus, dá bhrí sin, bhí siad lasmuigh de raon feidhme an réamhnochta. |
11. FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
(450) |
Ar mhaithe leis an dea-riarachán, iarrfaidh an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach i scríbhinn agus/nó éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála laistigh de sprioc-am seasta. |
|
(451) |
Is torthaí sealadacha iad na torthaí maidir le forchur na ndleachtanna sealadacha, agus féadfar iad a leasú ag céim chinntitheach an imscrúdaithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí 1,4-Bútáindé-óil, a thagann de ghnáth faoi uimhir chlárúcháin Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS) 110-63-4 agus a aicmítear de ghnáth i bhFardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EINECS) faoin uimhir CE 203-786-5, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC 2905 39 26 agus 2905 39 28 , agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Ríocht na hAraibe Sádaí agus Stáit Aontaithe Mheiriceá iad.
2. Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála sealadach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Tír thionscnaimh |
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála shealadach (%) |
Cód breise TARIC |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Xinjiang Markor Chemical Industry Co., Ltd. |
105,6 |
88AL |
|
Wanhua Chemical (Sichuan) Co., Ltd |
113,7 |
88AM |
|
|
Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn |
107,5 |
|
|
|
Gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne |
113,7 |
8999 |
|
|
Ríocht na hAraibe Sádaí |
International Diol Company |
52,4 |
88AN |
|
Gach allmhaire eile de thionscnamh Ríocht na hAraibe Sádaí |
52,4 |
8999 |
|
|
Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Lyondell Chemical Company |
135,7 |
88AO |
|
Gach allmhaire eile de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá |
142,5 |
8999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid i gcileagraim) (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa tír lena mbaineann. Dearbhaím, gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go dtabharfar an sonrasc sin ar aird, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach allmhaire eile de thionscnamh na tíre is infheidhme lena mbaineann.
4. An táirge dá dtagraítear i mír 1, beidh a scaoileadh chun saorchúrsaíochta san Aontas faoi réir taisce ráthaíochta a sholáthar a bheidh comhionann le méid na dleachta sealadaí.
5. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
1. Cuirfidh páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha i scríbhinn maidir leis an Rialachán seo faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 15 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2. Maidir leis na páirtithe leasmhara ar mian leo éisteacht leis an gCoimisiún a iarraidh, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3. Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht a iarraidh leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála, iarrtar orthu déanamh amhlaidh laistigh de 5 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú a dhéanamh ar iarrataí a chuirtear isteach lasmuigh den teorainn ama sin agus cinneadh a dhéanamh ar cheart glacadh leis na hiarrataí sin más iomchuí.
Airteagal 3
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí mar a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1718.
2. Maidir le sonraí arna mbailiú i ndáil le táirgí a tháinig isteach san Aontas Eorpach lena dtomhailt tráth nach faide ná 90 lá roimh dháta theacht i bhfeidhm an rialacháin seo, déanfar iad a choimeád go dtí go dtiocfaidh aon bhearta cinntitheacha i bhfeidhm, sin nó go dtí go bhfoirceannfar na himeachtaí seo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí 1,4-Bútáindé-óil de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na hAraibe Sádaí agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO C , C/2025/3135, 6.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3135/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1718 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2025 lena gcuirtear allmhairí 1,4-Bútáindé-óil de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na hAraibe Sádaí agus Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi réir a gcláraithe (IO L , 2025/1718, 6.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1718/oj).
(4) Cur i láthair éisteachta LYB dar dáta an 17 Iúil 2025.
(5) https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2800.
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí eiritríotóil de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2024/1959, 19.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1959/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/607 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí aigéid chitrigh a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú onnmhaireora nua de bhun Airteagal 11(4) den Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2023/2180, 17.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2180/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí glúcónáite sóidiam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 100, 13.4.2023, lch. 16, ELI http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/752/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/441 ón gCoimisiún an 11 Márta 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’aigéad sulfainileach ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 85, 12.3.2021, lch. 154, ELI http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/441/oj).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959, aithrisí 161-162; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180, aithrisí 89-90; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752, aithris 70.
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959, aithrisí 103-113; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180, aithrisí 46-50; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752, aithris 49.
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959, aithrisí 114-122; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180, aithrisí 51-55; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752, aithrisí 50-54. Cé go bhféadfaí a mheas gur léiriú ar na cearta úinéireachta comhfhreagracha é an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomhphearsanra bainistíochta i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a chur as a bpost, dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, léiríonn cealla de Pháirtí Cumannach na Síne i gcuideachtaí, idir chuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus chuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach, modh tábhachtach eile trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. San am atá thart, is cosúil nár comhlíonadh an ceanglas sin i gcónaí nó nár cuireadh i bhfeidhm go docht é. Mar sin féin, ó bhí 2016 ann ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na maímh atá aige ar chinntí gnó a bheith faoina smacht i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla de chuid an pháirtí in 70 % de na 1,86 milliún cuideachta faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú chun go mbeadh an focal deiridh ag eagraíochtaí de chuid Pháirtí Cumannach na Síne maidir leis na cinntí gnó laistigh de na cuideachtaí sin. Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, ar fud gach earnála, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus soláthróirí a gcuid ionchur.
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959, aithrisí 123-133; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180, aithrisí 65-65; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752, aithrisí 55-63.
(11) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959, aithrisí 134-138; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180, aithrisí 66-69; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752, aithris 64.
(12) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959, aithrisí 139-142; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180, aithrisí 71-72; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752, aithris 65.
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959, aithrisí 143-152; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180, aithrisí 72-81; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752, aithris 66.
(14) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 10 Aibreán 2024 (SWD(2024) 91 final), ar fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2024)91&lang=en, lena n-áirítear an leagan roimhe seo den doiciméad: Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017 (SWD(2017) 483 final/2), atá le fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2017)483&lang=en.
(15) Féach leathanach 18 den ghearán (leagan oscailte).
(16) Féach leathanaigh 19-23 den ghearán (leagan oscailte).
(17) Féach leathanaigh 20-22 den ghearán (leagan oscailte).
(18) Féach leathanach 23 den ghearán (leagan oscailte).
(19) Féach leathanaigh 22-23 den ghearán (leagan oscailte).
(20) Féach leathanach 24 den ghearán (leagan oscailte).
(21) Féach leathanaigh 26-27 den ghearán (leagan oscailte).
(22) Féach leathanaigh 24-26 den ghearán (leagan oscailte).
(23) Féach: https://en.yuanlichem.com.cn/ (arna rochtain an 4 Samhain 2025).
(24) Féach Tuarascáil Bhliantúil Shandong Yuanli, lch. 69, atá le fáil ag: https://static.sse.com.cn/disclosure/listedinfo/announcement/c/new/2025-04-25/603217_20250425_I1XA.pdf (arna rochtain an 4 Samhain 2025).
(25) Féach: http://www.dongyuantech.com/page101?article_id=74 (arna rochtain an 4 Samhain 2025).
(26) Féach: http://www.dongyuantech.com/ (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(27) Féach: http://www.wuhai.gov.cn/wuhai/whyw75/qyjj/1932832/index.html (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(28) Féach: https://www.whchem.com/column/84/ (arna rochtain an 4 Samhain 2025).
(29) Féach Tuarascáil bhliantúil Wanhua Chemical Group Co., Ltd 2024, lch. 5, atá le fáil ag: https://static.sse.com.cn/disclosure/listedinfo/announcement/c/new/2025-04-15/600309_20250415_5QB0.pdf (arna rochtain an 4 Samhain 2025).
(30) Féach: http://www.markor.com.cn/ (arna rochtain an 4 Samhain 2025).
(31) Féach: https://finance.sina.com.cn/roll/2024-11-14/doc-incvzfqs1332548.shtml (arna rochtain an 4 Samhain 2025).
(32) Féach: https://www.lanshantunhe.com/ (arna rochtain an 4 Samhain 2025).
(33) Féach: http://www.sinopecgroup.com/group/en/000/000/041/41558.shtml (arna rochtain an 4 Samhain 2025).
(34) Féach Xinjiang Zhongtai Group Ltd. Tuarascáil Bhliantúil 2024, lgh. 13 agus 106, atá le fáil ag: https://www.shclearing.com.cn/xxpl/cwbg/nb/202504/t20250425_1577647.html (arna rochtain an 4 Samhain 2025).
(35) Féach: https://www.lanshantunhe.com/ agus: https://www.xj-inv.com/jianjie/ (arna rochtain an 4 Samhain 2025).
(36) Féach: http://wap.sasac.gov.cn/n2588045/n27271785/n27271792/c14159097/content.html (arna rochtain an 4 Samhain 2025).
(37) Féach: http://lyxs.sinopec.com/lyxs/pro_presentation/profile/ (arna rochtain an 4 Samhain 2025).
(38) Féach Airteagal 33 de Bhunreacht Pháirtí Cumannach na Síne, Airteagal 19 de Dhlí Cuideachtaí na Síne. Féach freisin an Tuarascáil, Caibidil 3, lgh. 47-50.
(39) Féach: https://finance.sina.com.cn/jjxw/2025-11-03/doc-infwckpi5523797.shtml?froms=ggmp (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(40) Féach: http://www.cpcif.org.cn/list/40288043661dc14701661de581c4001c agus: http://www.cpcif.org.cn/detail/e7d79e3b-8a8d-441e-b862-9836210774a3 (arna rochtain an 4 Samhain 2025).
(41) Féach Airteagail Chomhlachais CPCIF, Airteagal 3, le fáil ag: http://www.cpcif.org.cn/detail/40288043661e27fb01661e386a3f0001?e=1 (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(42) Ibid.
(43) Féach Airteagail Chomhlachais CPCIF, Airteagal 36, le fáil ag: http://www.cpcif.org.cn/detail/40288043661e27fb01661e386a3f0001?e=1 (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(44) Féach: http://www.cpcif.org.cn/list/40288043661dc14701661ddbe0980010 (arna rochtain an 20 Deireadh Fómhair 2025).
(45) Féach Airteagail Chomhlachais CSCS, Airteagal 3, le fáil ag: https://www.ccfa.com.cn/3/202109/2260.html (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(46) Ibid.
(47) Féach Airteagail Chomhlachais CSCS, Airteagal 36, le fáil ag: https://www.ccfa.com.cn/3/202109/2260.html (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(48) Féach: https://www.ccfa.com.cn/11/202404/4264.html (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(49) Féach Roinn III.8.3 den 14ú Plean Cúig Bliana maidir le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta agus peirspictíochtaí 2035, atá le fáil ag: https://www.gov.cn/xinwen/2021-03/13/content_5592681.htm (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(50) Féach: https://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2022-04/08/content_5683972.htm#msdynttrid=WRmyf07ph0z74SHmXoOLKjRWl09BdZ4lGdYp9fiI9xU (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(51) Ibid., Roinn I.3.
(52) Ibid., Roinn III.4.
(53) Féach: https://www.ndrc.gov.cn/xxgk/zcfb/tz/202307/t20230727_1358715.html (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(54) Ibid., Roinn II.
(55) Féach: https://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/202509/content_7042418.htm (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(56) Ibid., Roinn III.2.
(57) Ibid., Roinn III.4.
(58) Féach Roinn II.2..4, le fáil ag: https://huanbao.bjx.com.cn/news/20211201/1191133.shtml (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(59) Ibid., Roinn III.
(60) Féach: https://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/202411/content_6990315.htm (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(61) Féach: http://wfrb.wfnews.com.cn/content/20210624/Articel05006TB.htm (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(62) Féach: http://www.dongyuantech.com/page111?article_id=80 (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(63) Féach tuarascáil bhliantúil Wanhua Chemical Group Co. Ltd. 2024, lch. 37, atá le fáil ag: https://static.sse.com.cn/disclosure/listedinfo/announcement/c/new/2025-04-15/600309_20250415_CQ5Z.pdf (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(64) Féach: http://www.sinopecgroup.com/group/gsglc/index.shtml, (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(65) Féach: http://www.sinopecgroup.com/group/000/000/041/41878.shtml (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(66) An Tuarascáil, Cuid III, Caibidil 16.
(67) Ibid, Roinn 16.3.
(68) Féach Roinn IV.1.3, le fáil ag: https://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2021-12/29/content_5665166.htm (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(69) Féach: http://gxt.shandong.gov.cn/art/2021/9/13/art_310618_10320587.html (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(70) Ibid.
(71) Féach: https://www.sohu.com/a/606540835_121106854 (arna rochtain an 5 Samhain 2025).
(72) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959, aithrisí 153-157, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180, aithrisí 82-84; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752, aithris 67.
(73) Féach Roinn VIII.16, le fáil ag: https://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2022-04/08/content_5683972.htm#msdynttrid=WRmyf07ph0z74SHmXoOLKjRWl09BdZ4lGdYp9fiI9xU (arna rochtain an 20 Deireadh Fómhair 2025).
(74) Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.
(75) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1976 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí gliocóil mona-eitiléine de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ríocht na hAraibe Sádaí (IO L 402, 15.11.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1976/oj), aithris (222).
(76) https://datamercantil.com.br/wp-content/uploads/2025/08/05-08-2025-Data-Mercantil-certificado.pdf.
(77) https://businessanalytiq.com/procurementanalytics/index/grey-hydrogen-price-index/
(78) https://connect.ihsmarkit.com/gta/home/
(79) https://businessanalytiq.com/procurementanalytics/index/grey-hydrogen-price-index/
(80) https://www.ibge.gov.br/estatisticas/economicas/industria/9042-pesquisa-industrial-anual.html?=&t=destaques.
(81) https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/sntep/publicacoes/boletins-mensais-de-energia/boletins%20anos%20anteriores/2024/english.
(82) https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/sntep/publicacoes/boletins-mensais-de-energia/boletins%20anos%20anteriores/2024/english.
(83) https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/sntep/publicacoes/boletins-mensais-de-energia/boletins%20anos%20anteriores/2024/english.
(84) https://www.sabesp.com.br/assets/pdf/servicos/para-voce/comunicado-sabesp-2-24.pdf.
(85) Féach an míniú ar an modheolaíocht in aithris (190).
(86) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj). Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.
(88) https://www.ibge.gov.br/estatisticas/economicas/industria/9042-pesquisa-industrial-anual.html?=&t=destaques.
(89) https://www.ibge.gov.br/en/statistics/economic/prices-and-costs/17136-national-consumer-pricce-index.html?edicao=36055&t=downloads.
(90) https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/sntep/publicacoes/boletins-mensais-de-energia/boletins%20anos%20anteriores/2024/english.
(91) https://mrsadvogados-com.translate.goog/lei-complementar-no-194-2022-icms-gas-natural-energia-eletrica-comunicacoes-e-transporte-coletivo-servicos-essenciais-e-indispensaveis/?_x_tr_sl=auto&_x_tr_tl=en&_x_tr_hl=en .
(92) https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/sntep/publicacoes/boletins-mensais-de-energia/boletins%20anos%20anteriores/2024/english.
(93) https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/sntep/publicacoes/boletins-mensais-de-energia/boletins%20anos%20anteriores/2024/english.
(94) https://www.sabesp.com.br/assets/pdf/servicos/para-voce/comunicado-sabesp-2-24.pdf.
(95) https://datamercantil.com.br/wp-content/uploads/2025/08/05-08-2025-Data-Mercantil-certificado.pdf.
(96) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí alcóil pholaivinile áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO L 315, 29.9.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1336/oj), aithris (352).
(97) Ceimiceáin bhunúsacha, leasacháin agus comhdhúile nítrigine, plaistigh agus rubar sintéiseach i bhfoirmeacha príomhúla.
(98) https://orbis-r1.bvdinfo.com/.
(99) Féach aithris (1).
(100) Soláthraíonn Independent Commodity Intelligence Services (ICIS) sainfhaisnéis le haghaidh na margaí ceimiceán, fuinnimh, gáis, carbóin agus guail trí tháille.
(101) The Deepening Red Sea Shipping Crisis: Impacts and Outlook, [Géarchéim Loingseoireachta na Mara Rua ag dul in olcas: Tionchair agus Ionchas], Doiciméad ón mBanc Domhanda, arna rochtain an 16 Deireadh Fómhair 2025.
IARSCRÍBHINN
Tairgeoirí allmhairiúcháin comhoibríocha eile nár sampláladh
|
Tír |
Ainm |
Cód breise TARIC |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Shandong Yuanli Science and Technology Co., Ltd. |
88AP |
|
Inner Mongolia Dongjing Biological Green Technology Co., Ltd. |
88AQ |
|
|
Henan Kaixiang Fine Chemical Co., Ltd. |
88AR |
|
|
Xinjiang Blue Ridge Tunhe Energy Co., Ltd. |
88AS |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/270/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)