This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0261
Regulation (EU) 2026/261 of the European Parliament and of the Council of 26 January 2026 on phasing out Russian natural gas imports and preparing the phase-out of Russian oil imports, improving monitoring of potential energy dependencies and amending Regulation (EU) 2017/1938
Rialachán (AE) 2026/261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Eanáir 2026 maidir le deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis nádúrtha ón Rúis agus ullmhú chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí ola ón Rúis, feabhas a chur ar an bhfaireachán ar spleáchais fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938
Rialachán (AE) 2026/261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Eanáir 2026 maidir le deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis nádúrtha ón Rúis agus ullmhú chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí ola ón Rúis, feabhas a chur ar an bhfaireachán ar spleáchais fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938
PE/63/2025/REV/1
IO L, 2026/261, 2.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/261/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/261 |
2.2.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/261 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Eanáir 2026
maidir le deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis nádúrtha ón Rúis agus ullmhú chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí ola ón Rúis, feabhas a chur ar an bhfaireachán ar spleáchais fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) agus Airteagal 207 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Léirigh an t-ionradh iomlán neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022 na hiarmhairtí suntasacha ar mhargaí agus ar shlándáil a d’eascair as na spleáchais ar ghás nádúrtha ón Rúis a bhí ann ag an am sin. I nDearbhú Versailles an 11 Márta 2022, chomhaontaigh Cinn Stáit nó Rialtais, dá bhrí sin, go ndéanfaidís an spleáchas ar fhuinneamh na Rúise a laghdú de réir a chéile agus deireadh iomlán a chur leis faoi dheireadh. Ina Theachtaireacht REPowerEU an 8 Márta 2022 dar teideal ‘REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe’ agus ina Theachtaireacht an 18 Bealtaine 2022 maidir le Plean REPowerEU, mhol an Coimisiún bearta nithiúla le go bhféadfaí éagsúlú iomlán a dhéanamh ó allmhairí fuinnimh ón Rúis ar bhealach sábháilte, inacmhainne, inbhuanaithe. Rinneadh dul chun cinn suntasach ó shin i leith sa phróiseas chun soláthairtí gáis a éagsúlú ó Chónaidhm na Rúise. Ós rud é go bhfuil na toirteanna eile de ghás nádúrtha na Rúise a thagann isteach san Aontas fós suntasach,, ina Theachtaireacht an 6 Bealtaine 2025 maidir le Treochlár i dtreo deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh ón Rúis (‘Treochlár REPowerEU’), d’fhógair an Coimisiún togra reachtach chun deireadh iomlán a chur le hallmhairí gáis ón Rúis de réir a chéile agus chun feabhas a chur ar an gcreat atá ann cheana maidir le haghaidh a thabhairt ar spleáchais fuinnimh. Chun slándáil agus athléimneacht fuinnimh an Aontais a áirithiú, tá géarghá straitéiseach le haghaidh a thabhairt ar na spleáchais fuinnimh uile atá fágtha a luaitear i dTreochlár REPowerEU. |
|
(2) |
Maidir leis an iliomad samplaí de laghdú agus briseadh soláthair gan réamhfhógra agus gan údar roimh an ionradh iomlán ar an Úcráin, mar aon le húsáid fuinnimh mar uirlis troda ag Cónaidhm na Rúise ó shin i leith, léirítear leo go ndearna Cónaidhm na Rúise na spleáchais a bhí ann cheana ar sholáthairtí gáis na Rúise a dhúshaothrú go córasach mar uirlis chogaidh pholaitiúil chun dochar a dhéanamh do gheilleagar an Aontais. Mar thoradh air sin, tá éifeachtaí diúltacha tromchúiseacha ar na Ballstáit agus ar shlándáil eacnamaíoch an Aontais, ar chobhsaíocht an mhargaidh aonair, ar thomhaltóirí an Aontais agus ar an iomaíochas i gcoitinne. Dá bhrí sin, ní féidir leis an Aontas a mheas a thuilleadh gur comhpháirtithe iontaofa trádála fuinnimh iad Cónaidhm na Rúise agus a cuideachtaí fuinnimh. |
|
(3) |
I mí Eanáir 2006, chuir Cónaidhm na Rúise deireadh lena soláthairtí gáis nádúrtha chuig tíortha áirithe in Oirdheisceart agus i Lár na hEorpa i lár tréimhse fuaire, rud ba chúis le hardú praghsanna agus a rinne díobháil do shaoránaigh nó a rinne bagairt ar dhíobháil do shaoránaigh. An 6 Eanáir 2009, chuir Cónaidhm na Rúise deireadh iomlán arís leis an ngás a bhí ar idirthuras tríd an Úcráin, rud a rinne difear do 18 mBallstát, go háirithe na Ballstáit i Lár agus in Oirthear na hEorpa. Mar thoradh ar an suaitheadh soláthair sin, bhí suaitheadh tromchúiseach sna margaí gáis sa réigiún agus san Aontas ina iomláine. Ní raibh sreafaí gáis nádúrtha ag roinnt Ballstát ar feadh beagnach 14 lá, rud a bhrúigh múchtaí téimh ar scoileanna agus ar mhonarchana ar feadh i bhfad, agus a d’fhág go raibh orthu staid éigeandála a fhógairt. In 2014, rinne Cónaidhm na Rúise ionradh ar an gCrimé agus rinne sí an Chrimé a ionghabháil go neamhdhleathach, ghabh sí seilbh ar shócmhainní táirgthe gáis na hÚcráine sa Chrimé agus laghdaigh sí soláthairtí gáis chuig roinnt Ballstát a d’fhógair go soláthróidís gás don Úcráin, rud ba chúis le suaití sa mhargadh agus arduithe ar phraghsanna agus a rinne dochar don tslándáil eacnamaíoch. Bhí Gazprom, onnmhaireoir Státrialaithe Chónaidhm na Rúise a bhfuil monaplacht aige, faoi réir roinnt imscrúduithe de chuid an Choimisiúin maidir le sárú féideartha ar rialacha iomaíochta an Aontais agus d’athraigh sé a iompar ar an margadh i ndiaidh na n-imscrúduithe sin chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an Choimisiúin maidir le hiomaíocht. I roinnt cásanna, bhain na saincheisteanna iomaíochta a bhí i gceist le ‘srianta críochacha’, mar a thugtar orthu, i gconarthaí soláthair gáis de chuid Gazprom, lenar cuireadh toirmeasc ar athdhíol gáis lasmuigh den tír is ceann scríbe, chomh maith le fianaise go raibh Gazprom páirteach i gcleachtais éagóracha praghsála agus go raibh soláthairtí fuinnimh ag brath ar lamháltais pholaitiúla, amhail rannpháirtíocht i dtionscadail phíblíne na Rúise nó rialú a fháil ar shócmhainní fuinnimh an Aontais. |
|
(4) |
Leis an gcogadh gan chúis gan údar arna thabhairt ag Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin ó mhí Feabhra 2022 i leith agus le laghduithe ar sholáthairtí gáis arna n-úsáid mar uirlis troda ina dhiaidh sin i gcomhar le hionramháil na margaí trí shuaitheadh d’aon ghnó ar shreafaí gáis, tugadh léiriú follasach ar leochaileachtaí agus spleáchais san Aontas agus ina Bhallstáit, rud a d’fhéadfadh tionchar díreach tromchúiseach a imirt ar fheidhmiú mhargadh gáis an Aontais, ar gheilleagar an Aontais agus ar a leasanna bunúsacha slándála, chomh maith leis an bhféidearthacht go ndéanfaí dochar díreach do shaoránaigh an Aontais toisc gur féidir le suaitheadh sa soláthar fuinnimh dochar a dhéanamh do shláinte nó do bheatha na saoránach. Léiríonn an fhianaise go ndearna an chuideachta, Gazprom, faoi rialú an stáit, ionramháil d’aon ghnó ar mhargaí fuinnimh an Aontais chun praghsanna fuinnimh a ardú. Maidir le stórtha móra faoi thalamh san Aontas a bhí faoi rialú Gazprom, fágadh iad ar leibhéil níos ísle ná riamh, agus laghdaigh cuideachtaí Rúiseacha díolacháin ag moil gháis an Aontais agus scoir siad go hiomlán d’úsáid a n-ardáin díolacháin féin roimh an ionradh, rud a rinne difear do mhargaí gearrthéarmacha agus a ghéaraigh staid an tsoláthair a bhí teann cheana tar éis ionradh neamhdhleathach Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin. Ó bhí mí an Mhárta 2022 ann, chuir Cónaidhm na Rúise deireadh córasach ar sheachadtaí gáis nádúrtha chuig na Ballstáit, nó rinne an Rúis iad a laghdú go córasach, rud a d’fhág go raibh suaitheadh suntasach ar mhargadh gáis an Aontais. Rinne sé sin difear go háirithe do sholáthairtí chuig an Aontas trí phíblíne Yamal, do sholáthairtí don Fhionlainn chomh maith le píblíne Nord Stream 1, inar laghdaigh Gazprom sreafaí ar dtús agus inar chuir sé deireadh ina n-iomláine le soláthairtí tríd an bpíblíne faoi dheireadh. |
|
(5) |
Mar thoradh ar an soláthar gáis a bheith á úsáid mar uirlis troda ag Cónaidhm na Rúise agus ar ionramháil mhargaidh a bheith á déanamh ag an tír sin trí shuaitheadh d’aon ghnó ar shreafaí gáis, tháinig méadú tobann géar ar phraghsanna fuinnimh san Aontas, rud ba chúis le leibhéil praghsanna in 2022 nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin, suas le hocht n-uaire mheán na mblianta roimhe sin. Mar thoradh air sin, maidir leis an ngá a bhí le foinsí malartacha soláthair gáis a aimsiú, bealaí soláthair a athrú, stóráil a líonadh le haghaidh an gheimhridh, agus réitigh a aimsiú ar fhadhbanna plódaithe i mbonneagar gáis an Aontais, chuir sé tuilleadh le luaineacht ard praghsanna agus leis na harduithe gan fasach ar phraghsanna in 2022. |
|
(6) |
Mar thoradh ar na praghsanna gáis sin a bhí thar a bheith ard, bhí praghsanna arda leictreachais ann agus tháinig arduithe ar phraghsanna le haghaidh táirgí fuinnimh eile, rud a d’fhág go raibh boilsciú ard ann ar feadh i bhfad. Chuir géarchéim mhór eacnamaíoch ina raibh rátaí diúltacha fáis i roinnt mhaith Ballstát, arbh iad na praghsanna arda fuinnimh agus luaineacht ba chúis léi, geilleagar an Aontais i mbaol, bhain sí an bonn de chumhacht ceannaigh na dtomhaltóirí agus d’ardaigh sí costas na monaraíochta, rud a d’fhág go raibh rioscaí ann don chomhtháthú sóisialta agus don chobhsaíocht shóisialta, agus do bheatha nó do shláinte an duine fiú. Mar thoradh ar an mbriseadh sa soláthar, bhí fadhbanna an-tromchúiseach ann freisin maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas agus cuireadh iallach ar 11 Bhallstát leibhéal géarchéime fuinnimh a dhearbhú faoi Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Agus í ag baint tairbhe as spleáchas an Aontais le linn na géarchéime sin, chuir ionramháil Chónaidhm na Rúise ar an margadh ar a cumas don Rúis na brabúis is airde riamh a bhaint amach ón trádáil fuinnimh a bhí fágtha leis an Eoraip, agus b’ionann ioncam ó allmhairí gáis agus EUR 15 bhilliún fós in 2024. D’fhéadfaí an t-ioncam sin a úsáid chun tuilleadh ionsaithe eacnamaíocha in aghaidh an Aontais a mhaoiniú, rud a bhainfeadh an bonn den tslándáil eacnamaíoch. D’fhéadfaí é sin a úsáid freisin chun an cogadh foghach ar an Úcráin a mhaoiniú, ar cogadh é atá ina bhagairt mhór ar an gcobhsaíocht pholaitiúil agus eacnamaíoch san Eoraip. |
|
(7) |
Chuir an ghéarchéim a tharla le déanaí fianaise ar fáil go bhfuil caidreamh trádála iontaofa le comhpháirtithe a sholáthraíonn táirgí fuinnimh ríthábhachtach chun cobhsaíocht an mhargaidh a chaomhnú agus chun beatha agus sláinte an duine a chosaint chomh maith le leasanna bunúsacha slándála an Aontais, go háirithe toisc go mbraitheann an tAontas den chuid is mó ar allmhairí fuinnimh ó thríú tíortha. Dá leanfaí de sholáthairtí fuinnimh a fháil ó Chónaidhm na Rúise, bheadh an tAontas neamhchosanta ar rioscaí leanúnacha eacnamaíocha agus slándála; dá bhrí sin, thiocfadh laghdú, seachas, méadú ar shlándáil a sholáthair fuinnimh. Is féidir le spleáchais fiú ar thoirteanna níos lú allmhairí gáis ó Chónaidhm na Rúise, má bhaineann an Rúis mí-úsáid astu, an dinimic praghsanna a shaobhadh ar bhealadh suntasach, fiú mura bhfuil sé ach sealadach, agus cur isteach ar mhargaí fuinnimh, go háirithe sna réigiúin sin atá fós ag brath go mór ar allmhairí ó Chónaidhm na Rúise. I bhfianaise phatrún seanbhunaithe comhsheasmhach na hionramhála margaidh agus an cur isteach ar sholáthar á chur san áireamh, agus ós rud é gur bhain rialtas Chónaidhm na Rúise úsáid chomhsheasmhach as trádáil gáis mar uirlis chogaidh chun spriocanna beartais a bhaint amach in ionad spriocanna trádála, is iomchuí bearta atá ceangailteach ó thaobh dlí de a dhéanamh chun deireadh a chur le gach leochaileacht atá fós ag an Aontas mar thoradh ar spleáchas ar allmhairí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise, trí phíblínte (‘gás píblíne’) agus, freisin, trí ghás nádúrtha leachtaithe (GNL). |
|
(8) |
Tá na srianta ar idirbhearta idirnáisiúnta dá bhforáiltear sa Rialachán seo comhsheasmhach le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais i réimsí eile, mar a cheanglaítear le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Tá meath mór tagtha ar an gcaidreamh idir an tAontas agus Cónaidhm na Rúise le blianta beaga anuas agus go háirithe ó bhí 2022 ann. Maidir leis an meath sin ar an gcaidreamh, is é is cúis leis neamhaird fhollasach Chónaidhm na Rúise ar an dlí idirnáisiúnta agus, go háirithe, a cogadh foghach gan chúis gan údar ar an Úcráin. Ó bhí mí Iúil 2014 ann, tá bearta sriantacha á bhforchur de réir a chéile ag an Aontas ar thrádáil le Cónaidhm na Rúise mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine. De bhua na n-eisceachtaí a bhfuil feidhm acu faoin gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus go háirithe Airteagal XXI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 (eisceachtaí slándála) agus eisceachtaí den chineál céanna faoin gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair le Cónaidhm na Rúise, ceadaítear don Aontas gan na buntáistí a dheonaítear do tháirgí comhchosúla a allmhairítear ó thíortha eile (cóir an náisiúin barrfhabhair) a dheonú d’earraí a allmhairítear ó Chónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, ní chuirtear cosc ar an Aontas toirmisc nó srianta a fhorchur ar allmhairiú earraí ó Chónaidhm na Rúise, má mheasann an tAontas go bhfuil gá leis na bearta sin, arna ndéanamh tráth na héigeandála atá ann faoi láthair sa chaidreamh idirnáisiúnta idir an tAontas agus Cónaidhm na Rúise, chun leasanna bunúsacha slándála an Aontais a chosaint. |
|
(9) |
Tá sé ríthábhachtach allmhairiú GNL a éagsúlú chun an tslándáil fuinnimh laistigh den Aontas a neartú agus a choinneáil ar bun. Chun an riosca a sheachaint go n-úsáidfí áirithintí fadtéarmacha acmhainneacht chríochfoirt GNL, atá i seilbh cuideachtaí de chuid na Rúise, chun bac a chur ar allmhairí ó fhoinsí malartacha trí chleachtais cnapaireachta acmhainneachta, amhail cleachtais chun acmhainneacht leachtaithe nó stórála a chur in áirithe gan iad a úsáid iarbhír nó chun cosc a chur ar iomaitheoirí an bonneagar a úsáid, tá údaráis rialála náisiúnta agus údaráis iomaíochta le leas iomlán a bhaint as na hionstraimí dlí láidre atá ar fáil faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta maidir le fuinneamh agus iomaíocht i gcás inarb iomchuí. I gcás ina sainaithníonn údaráis chustaim rioscaí sábháilteachta nó slándála a eascraíonn as gás ón Rúis sula dtagann sé isteach i gcríoch chustaim an Aontais, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as na forálacha a bhaineann le bainistiú riosca atá i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Cód Custaim an Aontais’) (4) chun na rioscaí sin a sheachaint. |
|
(10) |
Rinne an Coimisiún measúnú cúramach ar an tionchar a bheadh ag toirmeasc féideartha ar allmhairí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise ar an Aontas agus ar a Bhallstáit. Go deimhin, rinneadh obair ullmhúcháin agus roinnt anailísí mionsonraithe ar na hiarmhairtí a bhaineann le deireadh iomlán a chur le gás ón Rúis de réir a chéile agus foilsíodh iad ó bhí 2022 ann, agus d’fhéadfadh an Coimisiún leas a bhaint freisin as an iliomad comhairliúchán le páirtithe leasmhara, le saineolaithe agus gníomhaireachtaí seachtracha, agus as staidéir ar na héifeachtaí a bhaineann le deireadh a chur de réir a chéile le gás ón Rúis. Léiríodh san anailís a rinne an Coimisiún gur dócha go mbeidh tionchar teoranta ann ach deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis nádúrtha ón Rúis, má thugtar isteach é ar bhealach céim ar chéim, comhordaithe agus dea-ullmhaithe agus de mheon na dlúthpháirtíochta, ar phraghsanna fuinnimh san Aontas, agus go gcuirfidh sé feabhas ar shlándáil sholáthar fuinnimh an Aontais agus nach gcuirfidh sé an tslándáil sin i mbaol, mar gheall ar imeacht comhpháirtí trádála neamhiontaofa ó mhargaí an Aontais. Mar a leagtar amach i dTreochlár REPowerEU, tá spleáchais an Aontais ar sholáthairtí ó Chónaidhm na Rúise laghdaithe cheana de bharr chur chun feidhme Phlean REPowerEU, mar shampla trí bhearta a thabhairt isteach chun an t-éileamh ar ghás a laghdú nó chun dlús a chur le foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun úsáide, chomh maith le tacú go gníomhach le héagsúlú soláthairtí fuinnimh agus le méadú chumhacht mhargála an Aontais trí cheannach comhpháirteach gáis. Léiríodh sa Mheasúnú Tionchair freisin gur féidir éifeachtaí díobhálacha ar phraghsanna nó ar sholáthairtí a sheachaint trí chomhordú tosaigh a dhéanamh ar bheartais éagsúlaithe. |
|
(11) |
Tá an Rialachán seo go hiomlán comhoiriúnach le straitéis an Aontais chun a spleáchas ar allmhairí breoslaí iontaise a laghdú trí dhícharbónú a fheabhsú agus trí fhuinneamh glan a tháirgtear ar bhonn intíre a leathnú go tapa. Mar a leagtar amach i dTreochlár REPowerEU, tá laghdú suntasach de níos mó ná 60 billiún méadar ciúbach in aghaidh na bliana tagtha ar allmhairí gáis cheana mar thoradh ar chur chun feidhme Phlean REPowerEU idir 2022 agus 2024, rud a chuireann ar chumas an Aontais a spleáchas ar sholáthairtí ó Chónaidhm na Rúise a laghdú. D’fhéadfaí spleáchas a laghdú tuilleadh trí bhearta chun an t-éileamh ar ghás a laghdú, chun an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú nó chun dlús a chur leis an aistriú glas trí acmhainneacht ghiniúna gaoithe agus gréine a chur in úsáid go mear, rud a mhéadódh go suntasach sciar na bhfoinsí in-athnuaite sa mheascán fuinnimh, agus trí thacaíocht ghníomhach a thabhairt d’éagsúlú soláthairtí fuinnimh agus do mhéadú chumhacht mhargála an Aontais trí cheannach comhpháirteach gáis. Thairis sin, táthar ag súil go dtiocfaidh cur chun feidhme iomlán an aistrithe fuinnimh, an Phlean Gníomhaíochta le déanaí maidir le Fuinneamh Inacmhainne agus bearta eile, go háirithe infheistíochtaí i dtáirgeadh roghanna malartacha ísealcharbóin le haghaidh táirgí atá dian ar fhuinneamh, ar nós leasachán, in ionad suas le 100 billiún méadar ciúbach de ghás nádúrtha faoi 2030. Leis na hiarrachtaí comhcheangailte sin, neartófar athléimneacht, iomaíochas agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais, tacófar le tionscail, FBManna agus saoránaigh na hEorpa, agus éascófar deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis ó Chónaidhm na Rúise. |
|
(12) |
I gcomhréir le Dearbhú Versailles agus le Teachtaireacht REPowerEU, tá líon mór allmhaireoirí gáis tar éis a soláthairtí gáis ó Chónaidhm na Rúise a fhoirceannadh nó a laghdú go suntasach cheana. Mar a leagtar amach sa Mheasúnú Tionchair, is féidir deireadh a chur de réir a chéile leis na toirteanna gáis atá fágtha faoi chonarthaí soláthair atá ann cheana gan tionchar suntasach eacnamaíoch ná rioscaí do shlándáil an tsoláthair, mar gheall ar infhaighteacht soláthróirí malartacha leordhóthanacha ar an margadh domhanda gáis, margadh gáis dea-idirnasctha de chuid an Aontais agus infhaighteacht bonneagair allmhairiúcháin leordhóthanaigh. Ní mór na bearta gaolmhara a bheith i gcomhréir le creat fuinnimh reatha an Aontais. |
|
(13) |
I gcásanna áirithe, iompraíonn lastaí GNL gás a tháirgtear i dtíortha éagsúla agus a mheasctar le chéile. Ba cheart dá bhrí sin feidhm a bheith ag an toirmeasc ar allmhairí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise freisin maidir leis na méideanna gáis sna lastaí sin a tháirgtear i gCónaidhm na Rúise. I gcás inar féidir le hallmhaireoirí doiciméadú soiléir a dhéanamh ar na sciartha GNL ábhartha a tháirgtear lasmuigh de Chónaidhm na Rúise, ba cheart é a bheith indéanta na méideanna GNL nach ón Rúis iad atá i lasta GNL a allmhairiú. |
|
(14) |
Tá toirteanna níos lú i gceist leis na conarthaí soláthair gearrthéarmacha le hais na gconarthaí móra soláthair fadtéarmacha atá ag allmhaireoirí le cuideachtaí Rúiseacha agus beidh conarthaí soláthair gearrthéarmacha atá ann cheana ar tí dul in éag faoin tráth a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Dá réir sin, is cosúil go bhfuil an riosca don tslándáil eacnamaíoch a eascraíonn as conarthaí soláthair gearrthéarmacha atá ann cheana íseal. Is iomchuí, dá bhrí sin, conarthaí soláthair gearrthéarmacha atá ann cheana a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm láithreach an toirmisc ar allmhairí lena gceadaítear idirthréimhse go dtí an 25 Aibreán 2026 le haghaidh allmhairí GNL, agus Airteagal 3ra de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle (5) á chur san áireamh, agus go dtí an 17 Meitheamh 2026 le haghaidh gás píblíne. |
|
(15) |
Is iondúil go mbeidh níos mó ama ag teastáil ó allmhaireoirí a bhfuil conarthaí soláthair fadtéarmacha acu chun bealaí agus foinsí soláthair eile a aimsiú ná mar a theastóidh ó shealbhóirí conarthaí gearrthéarmacha, toisc go mbaineann conarthaí soláthair fadtéarmacha le toirteanna i bhfad níos mó le himeacht ama ná le conarthaí soláthair gearrthéarmacha. Ba cheart, dá bhrí sin, idirthréimhse a bhaineann leis an toirmeasc ar allmhairí gáis le haghaidh conarthaí soláthair fadtéarmacha atá ann cheana a thabhairt isteach chun dóthain ama a thabhairt do shealbhóirí conarthaí soláthair fadtéarmacha a soláthairtí a éagsúlú ar bhealach ordúil. Cé gur féidir GNL a fháil ar fud an domhain agus nach mbíonn aon bhacainní fisiceacha roimh chustaiméirí GNL de ghnáth maidir le haistriú chuig soláthróirí malartacha ar mhargadh domhanda GNL, d’fhéadfadh éagsúlú a bheith níos casta do chustaiméirí gáis píblíne, go háirithe i dtíortha nach bhfuil bonneagar GNL acu. Ba cheart, dá bhrí sin, idirthréimhse níos faide a dheonú le haghaidh soláthairtí gáis faoi chonarthaí soláthair píblíne fadtéarmacha atá ann cheana. |
|
(16) |
Tá sé tarlaithe i roinnt cásanna ar leith go ndéanann na hathruithe ar bhealaí soláthair ó Chónaidhm na Rúise difear sonrach do thír bhfaigheann a soláthar, faoi láthair, faoi chonarthaí soláthair fadtéarmacha ar ann dóibh cheana le haghaidh ghás píblíne na Rúise, rud a fhágann nach féidir gás a allmhairiú trí na bealaí soláthair sin, mar gheall ar na bealaí malartacha a bheith teoranta nó gan aon bhealach malartach a bheith ann chun an gás ar conradh a iompar. Chun an cás a leigheas, áirithíonn soláthróirí ó Bhallstáit eile faoi láthair go seachadfar gás píblíne faoi chonarthaí soláthair gearrthéarmacha le soláthróirí ó Chónaidhm na Rúise trí phointí idirnaisc neamhphlódaithe. Mar gheall ar an staid an-sonrach sin, agus chun dóthain ama a thabhairt dóibh soláthróirí nua a aimsiú, ba cheart feidhm a bheith ag idirthréimhse níos faide maidir leis na conarthaí soláthair gearrthéarmacha sin le soláthróirí ó Chónaidhm na Rúise a úsáidtear chun tíortha talamhiata a ndéanann athruithe ar bhealaí soláthair do ghás ón Rúis difear dóibh. |
|
(17) |
Cé gur cosúil go bhfuil údar maith le conarthaí soláthair ‘oidhreachta’ atá ann cheana a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm láithreach an toirmisc ar allmhairí gáis ón Rúis, níor cheart gach conradh a tugadh i gcrích roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo tairbhe a bhaint as an díolúine shealadach sin. Go deimhin, d’fhéadfadh díolúine shealadach ón toirmeasc le haghaidh na gconarthaí soláthair uile atá ann cheana dreasacht a chruthú do sholáthróirí Rúiseacha an t-am a úsáid idir foilsiú an togra ón gCoimisiún le haghaidh an Rialacháin seo agus teacht i bhfeidhm an toirmisc chun soláthairtí reatha a mhéadú trí chonarthaí nua a thabhairt i gcrích nó chun toirteanna a mhéadú trí chonarthaí soláthair atá ann cheana a athrú nó trí sholúbthachtaí faoi chonarthaí den sórt sin a úsáid. Chun a áirithiú go dtiocfaidh laghdú seachas méadú ar allmhairí ó Chónaidhm na Rúise mar thoradh ar an toirmeasc, níor cheart leis an Rialachán seo cuideachtaí a chúiteamh as conarthaí nua um allmhairí gáis ón Rúis a thabhairt i gcrích san am idir foilsiú an togra ón gCoimisiún le haghaidh an Rialacháin seo agus teacht i bhfeidhm an toirmisc trí idirthréimhse a dheonú dóibh freisin. Go deimhin, thug na Cinn Stáit nó Rialtais gealltanas cheana i mí an Mhárta 2022 deireadh a chur de réir a chéile le soláthairtí gáis na Rúise agus chuir an Coimisiún leis an ngealltanas sin trí Straitéis REPowerEU, Plean REPowerEU agus Treochlár REPowerEU a mholadh. Tráth fhoilsiú an togra le haghaidh an Rialacháin seo ar a dhéanaí, ní raibh sé iomchuí a thuilleadh conarthaí a tugadh i gcrích tar éis an dáta sin a mheas mar chonarthaí ‘oidhreachta’. Níor cheart, dá bhrí sin, go mbainfeadh conarthaí a tugadh i gcrích tar éis an 17 Meitheamh 2025 tairbhe as na forálacha eisceachtúla idirthréimhseacha le haghaidh conarthaí soláthair gearrthéarmacha agus fadtéarmacha atá ann cheana. |
|
(18) |
Ionas nach méadófar na toirteanna allmhairí dá bhforáiltear i gconarthaí soláthair atá ann cheana, ba cheart leasuithe ar chonarthaí soláthair atá ann cheana a mheas mar chonarthaí nua chun críocha an Rialacháin seo, agus níor cheart méaduithe ar thoirteanna allmhairí trí sholúbthacht chonarthach a úsáid tairbhe a bhaint as an idirthréimhse. Ba cheart foráil a dhéanamh d’eisceachtaí i gcásanna áirithe ina bhfuil leasuithe riachtanacha ar chonarthaí soláthair atá ann cheana, ar choinníoll nach méadaíonn siad cainníochtaí ar conradh ná uainiú an tseachadta. Ní leasú ar chonarthaí soláthair atá ann cheana iad athruithe praghais a eascraíonn as innéacsú praghsanna dá bhforáiltear cheana féin i gconarthaí soláthair atá ann cheana. |
|
(19) |
Leis an Rialachán seo, cruthaítear toirmeasc dlíthiúil soiléir ar ghás nádúrtha na Rúise a allmhairiú, ar gníomh ceannasach de chuid an Aontais é nach bhfuil neart ag allmhaireoirí gáis air agus a fhágann go bhfuil feidhmíocht allmhairiú gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise neamhdhleathach, le héifeacht dhlíthiúil dhíreach agus gan aon lánrogha a bheith ag na Ballstáit maidir lena chur i bhfeidhm. |
|
(20) |
Murab ionann agus earraí eile, is tráchtearra aonchineálach é gás nádúrtha a thrádáiltear i dtoirteanna móra agus a athdhíoltar roinnt uaireanta go minic idir trádálaithe ar an leibhéal mórdhíola. Agus an chastacht ar leith a bhaineann le tionscnamh an gháis nádúrtha a rianú á cur san áireamh, agus á chur san áireamh go bhféadfadh soláthróirí Rúiseacha féachaint le dul timpeall ar an Rialachán seo, mar shampla trí dhíolacháin trí idirghabhálaithe, trí thrasloingsiú nó trí iompar trí thíortha eile, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le creat éifeachtach chun teacht timpeall ar an toirmeasc a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart a chur ar chumas na n-údarás ábhartha na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun a shainaithint an dtugtar soláthairtí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise isteach i gcríoch chustaim an Aontais trí scéimeanna a chruthaítear chun dul timpeall ar an Rialachán seo. Agus cinneadh á dhéanamh an scaoiltear gás nádúrtha i saorchúrsaíocht san Aontas, ba cheart do na húdaráis chustaim a bheith ag brath ní hamháin ar fhaisnéis a sholáthraítear sa dearbhú custaim, ach ba cheart dóibh a bheith in ann, ar bhonn faisnéis eile atá ábhartha, measúnú a dhéanamh, i gcás ina measann siad é a bheith ábhartha, ar cé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe go hiarbhír earra a thugtar isteach san Aontas a scaoileadh i saorchúrsaíocht. Ba cheart a cheangal leis an Rialachán seo freisin go suífí tír táirgthe agus slabhra soláthair an gháis nádúrtha a allmhairítear isteach san Aontas. |
|
(21) |
Ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar allmhaireoirí gáis nádúrtha an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do na húdaráis chun tír táirgthe an gháis nádúrtha a allmhairítear isteach san Aontas a shuí agus chun a chinneadh an bhfuil an gás a allmhairítear faoi réir an toirmisc ghinearálta nó faoi réir ceann dá eisceachtaí. D’fhéadfadh sé nach gcumasófaí i gcónaí leis an gcoincheap ‘tionscnamh’ faoi dhlí custaim an Aontais tír táirgthe an gháis allmhairithe a shainaithint, mar shampla i gcás inar próiseáladh an gás (e.g. gás leachtaithe nó athghásaithe) tar éis dó Cónaidhm na Rúise a fhágáil. Dá bhrí sin, ba cheart leis an Rialachán seo freisin cásanna a chumhdach ina bhfuil ‘an tír thionscnaimh’ faoi dhlí custaim an Aontais éagsúil le tír táirgthe an gháis agus foráil a dhéanamh maidir le sásra chun a fhíorú cé acu a eastóscadh nó nár eastóscadh an gás nádúrtha i gCónaidhm na Rúise, nó cé acu a leachtaíodh nó nár leachtaíodh an gás nádúrtha inti. Aon ghás a onnmhairíodh ó Chónaidhm na Rúise, sular allmhairíodh isteach san Aontas é, trí onnmhairiú díreach ón Rúis chuig an Aontas nó trí onnmhairiú indíreach trí thríú tír, ba cheart é a bheith faoi réir an toirmisc, ach amháin i gcás idirthurais. |
|
(22) |
I ngeall ar shaintréithe sonracha an gháis píblíne agus GNL, agus chun go bhféadfar próiseas rianúil fíorúcháin a dhéanamh ar an tír táirgthe agus ar na coinníollacha maidir le díolúintí sealadacha a d’fhéadfadh a bheith ann sula dtiocfaidh an gás isteach i gcríoch chustaim an Aontais, ba cheart nós imeachta réamhúdaraithe a thabhairt isteach. Ba cheart allmhairí a dhiúltú i gcás nach ann d’údarú. Ba cheart na húdaráis um údarú agus, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis chustaim, a chur ar an eolas roimh ré faoi na hallmhairí atá beartaithe isteach san Aontas, agus ba cheart an fhaisnéis a sholáthar dóibh, ar faisnéis í atá riachtanach chun an tír táirgthe a fhíorú agus chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le díolúine shealadach faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh. Cé gur cheart do na húdaráis um údarú a ndícheall a dhéanamh údarú a eisiúint laistigh den tréimhse idir an fhaisnéis a chuireann an t-allmhaireoir isteach agus an teacht isteach beartaithe i gcríoch chustaim an Aontais chun allmhairí gáis isteach san Aontas a éascú, ba cheart dóibh a bheith in ann cinneadh a dhéanamh freisin ag céim níos déanaí, go háirithe, i gcás amhrais maidir leis an bhfaisnéis arna soláthar. Ba cheart nár dhochar an réamhúdarú do chumhachtaí forfheidhmiúcháin na n-údarás custaim atá ann cheana. Ba cheart allmhairí gáis nádúrtha ó thíortha táirgthe gáis a dhíolmhú ón oibleagáid sin má d’allmhairigh an tAontas toirteanna suntasacha ó na tíortha sin san am atá thart agus má tá sé léirithe ag na tíortha sin nach mian leo tacú le hearnáil gáis na Rúise trí thoirmeasc ar allmhairiú gáis ón Rúis nó trí bhearta sriantacha lena ndírítear ar bhonneagar gáis na Rúise, ar chuideachtaí gáis Rúiseacha nó ar dhaoine a bhainistíonn na cuideachtaí sin, nó mura bhfuil an bonneagar is gá chun gás nádúrtha a allmhairiú trí phíblínte nó GNL ag na tíortha sin. Ba cheart don Choimisiún liosta na dtíortha sin a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin. |
|
(23) |
Ba cheart do na húdaráis um údarú agus, i gcás inarb infheidhme, do na húdaráis chustaim a bheith in ann an fhaisnéis uile is gá a iarraidh chun measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na n-allmhairí. Ba cheart dóibh a bheith in ann brath ar fhaisnéis ó fhoinsí eile freisin. Ós rud é gur minic a bhíonn na coinníollacha conarthacha lena gcinntear na gnéithe atá ábhartha don mheasúnú casta, ba cheart de chumhacht a thabhairt do na húdaráis faisnéis mhionsonraithe conartha a iarraidh ar allmhaireoirí, lena n-áirítear conarthaí soláthair iomlána, i gcás inar gá sin chun comhthéacs clásal áirithe nó tagairtí d’fhorálacha conarthacha eile a thuiscint. Ba cheart rialacha a áireamh sa Rialachán seo chun cosaint éifeachtach rúin ghnó na ngnóthas lena mbaineann a áirithiú. |
|
(24) |
Agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, ba cheart d’údaráis um údarú agus d’údaráis chustaim béim ar leith a leagan ar a bhforfheidhmiú ag pointí idirnaisc, saoráidí GNL nó píblínte idirthurais i gcás ina bhfuil riosca ard gur ann do theacht timpeall. Breathnaíodh cleachtais a bheith ar siúl ina raibh ‘scáthchabhlaigh’, mar a thugtar orthu, in úsáid chun dul timpeall ar na bearta sriantacha in iompar ola, agus d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint leo freisin d’allmhairí GNL, rud a bhainfeadh an bonn de chuspóirí an Rialacháin seo. Agus iad ag obair i ndlúthchomhar lena chéile, ba cheart do na húdaráis, i gcás inar gá, a dtosaíochtaí forfheidhmiúcháin a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais teacht timpeall a d’fhéadfadh a bheith ann arna sainaithint le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh freisin ar na sreafaí gáis nádúrtha ón Rúis atá ar idirthuras trí thríú tíortha. |
|
(25) |
Tá cuid de bhonneagar tarchurtha gáis na Rúise nasctha go díreach leis an Aontas, agus téann roinnt píblínte idirthurais a nascann Cónaidhm na Rúise leis an Aontas trí thríú tíortha gan aon phointí iontrála a bheith ann idir Cónaidhm na Rúise agus an tAontas faoi láthair. Dá bhrí sin, ba cheart a thoimhdiú gur de thionscnamh Chónaidhm na Rúise é gás nádúrtha a allmhairítear isteach san Aontas trí theorainneacha, idirnascairí nó pointí idirnaisc idir Cónaidhm na Rúise agus an tAontas, an Bhealarúis agus an tAontas mar aon le gás nádúrtha a thagann isteach trí phíblínte ar nós TurkStream ag an bpointe idirnaisc Strandzha 2/Malkoclar, nó go n-onnmhairítear an gás sin, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise. I gcás ina maítear go bhfuil gás nádúrtha a thagann isteach ag na teorainneacha, idirnascairí nó pointí idirnaisc sin faoi nós imeachta ‘idirthuras’ trí Chónaidhm na Rúise, ba cheart dianrialuithe a chur i bhfeidhm. Is mór-onnmhaireoir gáis í Cónaidhm na Rúise agus ní raibh aon ról suntasach aici mar thír idirthurais gáis san am a chuaigh thart, mar gheall ar roinnt tosca, mar shampla easpa bonneagair athghásaithe, eagrú na trádála gáis i gCónaidhm na Rúise trí mhonaplacht onnmhairiúcháin píblíne, samhlacha gnó chuideachtaí gáis na Rúise nach bhfuil bunaithe ar idirthuras a eagrú, agus suíomh geografach Chónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, agus dreasachtaí soláthróirí Rúiseacha chun teacht timpeall ar an toirmeasc allmhairiúcháin á gcur san áireamh, ba cheart do na húdaráis chustaim diúltú d’allmhairiú toirteanna gáis nádúrtha a líomhnaítear a bheith ar idirthuras mura féidir fianaise shoiléir a thabhairt lena suitear go raibh an gás ábhartha ar idirthuras trí Chónaidhm na Rúise ach gur táirgeadh i dtír eile seachas Cónaidhm na Rúise é. Ba cheart an fhianaise sin a chur ar fáil luath go leor roimh ré do na húdaráis um údarú, is é sin chun go mbeadh an gás allmhairithe inrianaithe go dtí an t-ionad táirgthe, agus tráth nach déanaí ná mí amháin roimh an teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais. |
|
(26) |
Nascann an pointe idirnaisc Strandzha 1 an tAontas le córas píblíne lena n-iompraítear ní hamháin gás ó Phoblacht na hAsarbaiseáin nó ó Phoblacht na Tuirce, ach toirteanna suntasacha gáis ó Chónaidhm na Rúise freisin. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal go dtabharfaí fianaise shoiléir lena suitear nach í Cónaidhm na Rúise an tír táirgthe, agus ba cheart am fíorúcháin leordhóthanach a thabhairt d’údaráis chun a áirithiú nach de thionscnamh Chónaidhm na Rúise é an gás a allmhairítear tríd an bpointe idirnaisc Strandzha 1 nó nach ó Chónaidhm na Rúise atá sé á onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach. I gcás ina nascfaí pointí idirnaisc eile, amach anseo, le córais píblíne lena n-iompraítear toirteanna suntasacha gáis ón Rúis, ba cheart feidhm a bheith ag an gcaighdeán rialaithe céanna. |
|
(27) |
Thairis sin, d’fhéadfadh toirteanna suntasacha gáis nádúrtha teacht isteach san Aontas faoi nós imeachta ‘idirthuras’ freisin. Ós rud é nach bhfuil feidhm ag na rialacha diana faireacháin maidir le hallmhairí gáis, mar shampla an réamhúdarú, maidir le gás a thrasnaíonn an tAontas faoi nós imeachta ‘idirthuras’, nó atá á stóráil faoi rialacha stórasaithe custaim, is iomchuí foráil a dhéanamh do choimircí sonracha i bhfoirm córas faireacháin idirthurais, rud a chuirfidh ar chumas na n-údarás custaim faireachán a dhéanamh ar shreafaí gáis faoi nós imeachta ‘idirthuras’, chun a áirithiú nach mbeidh gás nádúrtha a thrasnaíonn an tAontas faoi nós imeachta ‘idirthuras’ i saorchúrsaíocht san Aontas ar deireadh. I gcás ina stórálann oibreoirí gás faoi nós imeachta ‘idirthuras’ nó, nó stórasaithe custaim faoi Chód Custaim an Aontais, ba cheart sásraí faireacháin agus forfheidhmiúcháin iomchuí a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú nach mbeidh stóráil an Aontais arna húsáid ag tríú tíortha ina riosca do shlándáil náisiúnta nó réigiúnach an tsoláthair ná do chomhlíonadh na n-oibleagáidí stórála, agus ba cheart dóibh faisnéis ábhartha a sholáthar don Choimisiún. |
|
(28) |
I gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis, ba cheart do na húdaráis um údarú, na húdaráis chustaim, na húdaráis rialála, na húdaráis inniúla, do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) agus don Choimisiún oibriú i gcomhar le chéile chun forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme agus faisnéis ábhartha a mhalartú, go háirithe maidir leis an measúnú ar dhíolúintí sealadacha lena gceadaítear allmhairí gáis nádúrtha ón Rúis tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart na huirlisí agus na bunachair sonraí is gá a bheith i bhfeidhm ag údaráis chustaim, údaráis rialála, údaráis inniúla agus an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh chun a áirithiú gur féidir faisnéis ábhartha a mhalartú idir údaráis náisiúnta agus údaráis i mBallstáit éagsúla i gcás inar gá. Ba cheart do ACER tarraingt ar an saineolas atá aige chun rannchuidiú leis an bpróiseas chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Chun cruthú na gcóras faisnéise comhpháirteach idir-inoibritheach riachtanach a éascú, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a bheith in ann féachaint an bhféadfaí úsáid a bhaint as an mbuiséad atá ar fáil faoin gCiste Slándála Inmheánaí arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart do na húdaráis chustaim na húdaráis rialála, na húdaráis inniúla agus an Coimisiún a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn míosúil maidir leis na príomhghnéithe a bhaineann le forbairtí i ndáil le hallmhairí gáis ón Rúis, mar shampla cainníochtaí a allmhairítear faoi chonarthaí soláthair fadtéarmacha nó gearrthéarmacha, pointí iontrála, nó comhpháirtithe conartha. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis sin a áireamh, i gcás inarb ábhartha, sa tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar a éifeachtaí atá an cómhalartú faisnéise agus an comhar idir na húdaráis ábhartha, agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a áireamh sa tuarascáil sin chun feabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus comhar den sórt sin. |
|
(29) |
Is léir ón taithí a fuarthas maidir le deireadh a chur de réir a chéile le soláthairtí gáis ón Rúis tríd an Úcráin gur féidir suaitheadh sa mhargadh nó fadhbanna maidir le slándáil an tsoláthair a d’fhéadfadh eascairt as athrú soláthróirí gáis nádúrtha a sheachaint ach a bheith ullmhaithe go maith agus comhordú a dhéanamh de mheon dlúthpháirtíochta. Chun ullmhú do dheireadh iomlán a chur de réir a chéile le gás ón Rúis ar bhealach comhordaithe agus chun dóthain ama a thabhairt don mhargadh na hathruithe lena mbaineann a réamh-mheas gan riosca ó thaobh shlándáil an tsoláthair gáis ná tionchar suntasach ar phraghsanna fuinnimh, ba cheart do na Ballstáit pleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gás nádúrtha a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Márta 2026. Ba cheart na pleananna sin a bheith faoi réir rialacha na rúndachta gairmiúla agus níor cheart iad a nochtadh gan comhaontú an Bhallstáit ábhartha ina leith. Ba cheart tuairisc a thabhairt iontu ar na bearta atá beartaithe ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach chun an t-éileamh a laghdú, táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a chothú agus soláthairtí malartacha a áirithiú, agus chun bacainní teicniúla, conarthacha nó rialála a d’fhéadfadh castacht a chur i bpróiseas an éagsúlaithe a shainaithint. Ós rud é go bhféadfadh sé go n-éileodh próiseas an éagsúlaithe comhordú na mbeart ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na pleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gás nádúrtha, agus an deis a bheith ann moltaí a eisiúint lena molfaí oiriúnuithe i gcás inar gá. |
|
(30) |
Agus pleananna éagsúlaithe náisiúnta á n-ullmhú aige, ba cheart don Choimisiún, ar bhealach comhordaithe agus de mheon na dlúthpháirtíochta, obair i gcomhar leis na Ballstáit, go háirithe i Lár agus in Oirdheisceart na hEorpa, chun seachadtaí malartacha gáis nádúrtha a shainaithint. Chomh maith le feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair, d’fhéadfadh soláthairtí nua ioncam caillte a chúiteamh freisin trí úsáid a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana a úsáideadh roimhe seo chun gás ón Rúis a iompar. |
|
(31) |
I nDearbhú Versailles, gheall na Cinn Stáit nó Rialtais ní hamháin go gcuirfí deireadh de réir a chéile le soláthairtí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise, ach go gcuirfí deireadh de réir a chéile le soláthairtí fuinnimh eile freisin, go háirithe soláthairtí ola. Na cleachtais a chuir Cónaidhm na Rúise i bhfeidhm i réimse an gháis, trínar úsáid sí an gás, go stairiúil, mar mhodh chun comhéigean agus ionramháil a dhéanamh, tá na cleachtais chéanna in úsáid ag Cónaidhm na Rúise agus ola á trádáil aici leis an Aontas, agus léiríodh é sin, mar shampla, tríd an gcur isteach a rinne sí ar sholáthairtí ola roimhe seo. Cruthaíonn an caidreamh i ndáil le soláthar ola atá ann cheana le Cónaidhm na Rúise spleáchais agus rioscaí don tslándáil san Aontas. Chun cosc a chur ar Chónaidhm na Rúise a hallmhairí ola chuig an Aontas a úsáid mar uirlis chomhéigin, tá sé ríthábhachtach ullmhú chun deireadh a chur de réir a chéile agus go tráthúil le hallmhairí ola ó Chónaidhm na Rúise. Cé go bhfuil bearta sriantacha i bhfeidhm cheana chun a áirithiú go gcuirfear deireadh de réir a chéile le hallmhairí ola ó Chónaidhm na Rúise, agus go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar allmhairí ola, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le céimeanna sonracha ullmhúcháin agus comhordúcháin le comharsana chun deireadh a chur de réir a chéile le hola na Rúise. |
|
(32) |
Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit pleananna éagsúlaithe náisiúnta a ullmhú freisin le haghaidh amhola agus táirgí peitriliam ar cheart a áireamh iontu bearta atá i bhfeidhm agus atá beartaithe ar an leibhéal náisiúnta chun trédhearcacht agus inrianaitheacht allmhairí ola ó Chónaidhm na Rúise a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún moltaí a dhéanamh maidir leis na pleananna sin. Ba cheart iad a bheith faoi réir rialacha na rúndachta gairmiúla agus níor cheart iad a nochtadh gan comhaontú an Bhallstáit ábhartha ina leith. Ba cheart don Choimisiún leanúint d’aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhaineann le húsáid ‘scáthchabhlach’, mar a thugtar orthu, chun dul timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais maidir le hola, go háirithe trí na gníomhaíochtaí a shaothrú a leagtar amach i dTreochlár REPowerEU. |
|
(33) |
Is léir ón taithí a fuarthas le linn na géarchéime gáis in 2022 agus 2023 gur den ríthábhacht í faisnéis chuimsitheach maidir le staid an tsoláthair agus spleáchais soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann chun faireachán a dhéanamh ar an soláthar gáis san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart d’allmhaireoirí gáis ón Rúis a bhaineann úsáid as na hidirthréimhsí a leagtar síos sa Rialachán seo an fhaisnéis uile is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don trádáil gáis a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart príomhpharaiméadair, nó fiú codanna téacs na gconarthaí soláthair gáis ábhartha ina n-iomláine, gan trácht ar fhaisnéis faoi phraghsanna, a chur san áireamh san fhaisnéis sin, i gcás inar gá sin chun comhthéacs clásal áirithe nó tagairtí d’fhorálacha eile sa chonradh a thuiscint. Agus faireachán á dhéanamh aige ar sholáthar gáis san Aontas, ba cheart don Choimisiún faisnéis faoi allmhairí a thugann údaráis chustaim agus faisnéis a áirítear i bpleananna éagsúlaithe náisiúnta a chur san áireamh freisin. Ba cheart don Choimisiún an Grúpa Comhordaithe Gáis arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/1938 a chur ar an eolas go tráthrialta faoin bpróiseas ina gcuirtear deireadh de réir a chéile le hallmhairiú gáis ón Rúis ar leibhéal an Aontais agus tuarascáil bhliantúil a thíolacadh maidir le deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairiú gáis ón Rúise, a bhféadfadh moltaí agus gníomhaíochtaí sonracha de chuid an Aontais a bheith ag gabháil léi chun dlús a chur leis an bpróiseas ina gcuirtear deireadh de réir a chéile le hallmhairiú gáis ón Rúis. |
|
(34) |
Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas obair go dlúth lena chéile maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear i ndáil leis na nósanna imeachta um réiteach díospóidí a d’fhéadfadh a bheith ann. I gcás inarb infheidhme, leagtar amach, i Rialacháin (AE) Uimh. 1219/2012 (7) agus (AE) Uimh. 912/2014 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tuilleadh sonraí maidir leis an gcomhar agus leithdháileadh na bhfreagrachtaí airgeadais idir na Ballstáit agus an tAontas, ar freagrachtaí iad a bhaineann le cásanna um réiteach díospóidí idir infheisteoir agus stát a bhaineann leis an Rialachán seo. |
|
(35) |
Ag féachaint do chleachtas Chónaidhm na Rúise le déanaí nósanna imeachta cúirte agus eadrána comhaontaithe a athrú agus a bhac go haontaobhach, ní féidir daoine dá ndéantar difear, ná an tAontas agus na Ballstáit, a chur faoi dhliteanas i leith aon bhreithiúnais, dámhachtainí eadrána, nó cinntí breithiúnacha eile arna nglacadh faoi nósanna imeachta neamhdhleathacha nach bhfuil aon leigheas inrochtana faoin dlínse ábhartha ina n-aghaidh. |
|
(36) |
Tá creat dlíthiúil láidir cruthaithe ag an Aontas chun slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú ag gach tráth, agus chun déileáil le géarchéimeanna soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann ar bhealach comhordaithe, lena n-áirítear oibleagáidí ar na Ballstáit dlúthpháirtíocht éifeachtach agus oibríochtúil a sholáthar do chomharsana a bhfuil gás de dhíth orthu. Ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar fhorbairt na rioscaí margaidh don soláthar gáis a eascraíonn as trádáil gáis le Cónaidhm na Rúise ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal na mBallstát. I gcás forbairtí tobanna suntasacha, a chuireann slándáil an tsoláthair i mBallstát amháin nó níos mó i mbaol tromchúiseach, agus tar éis éigeandáil a bheith fógartha i gcomhréir le hAirteagail 11 nó 12 de Rialachán (AE) 2017/1938, is iomchuí go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na bearta éigeandála is gá a dhéanamh trí chinneadh a ghlacadh maidir leis na toirmisc ar allmhairiú gás nádúrtha nó GNL a leagtar amach sa Rialachán seo i mBallstát amháin nó níos mó. Sa chás sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an ceanglas maidir le réamhúdarú i ndáil le teacht isteach allmhairí gáis i gcríoch chustaim an Aontais a chur ar fionraí freisin, d’fhonn allmhairí breise ar ghearrfhógra a éascú. Ba cheart aon fhionraí den sórt sin ag an gCoimisiún a bheith teoranta ó thaobh ama de agus níor cheart í a dheonú ar feadh níos mó ná 4 seachtaine ag aon am ar leith, agus níor cheart í a athnuachan ach amháin má leanann na dálaí le haghaidh na héigeandála de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2017/1938 d’fheidhm a bheith acu. Leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún, ba cheart na coinníollacha breise is gá a fhorchur chun a áirithiú go mbeidh aon fhionraí den sórt sin teoranta go docht d’aghaidh a thabhairt ar an mbagairt agus níor cheart ach conarthaí gearrthéarmacha a cheadú leis. Ba cheart don Choimisiún an Grúpa Comhordaithe Gáis a chur ar an eolas agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina dtabharfar údar maith leis an bhfionraí agus le haon síneadh, agus ba cheart dó dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm aon fhionraí sealadaí den sórt sin. |
|
(37) |
Chun ‘an tsiopadóireacht dlínse’ a mhéid a bhaineann le pionóis a sheachaint agus chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le pionóis i leith sáruithe ar an Rialachán seo. Ós rud é, áfach, go bhféadfadh sáruithe ar an Rialachán seo reachtaíocht eile de chuid an Aontais a shárú freisin a bhfuil dlúthbhaint aici leis na toirmisc agus na hoibleagáidí sa Rialachán seo, amhail reachtaíocht chustaim, bearta sriantacha nó Rialachán (AE) 2017/1938, níor cheart an prionsabal ‘ne bis in idem’ a shárú de thoradh pionóis a fhorchur, i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le dlí-eolaíocht ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ní dochar an Rialachán seo d’fhorchur pionós coiriúil faoin dlí náisiúnta. |
|
(38) |
Tá na bearta a thugtar isteach leis an Rialachán seo i lánchomhréir le prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh. Go deimhin, tá leibhéal na neamhchosanta ar allmhairí gáis ón Rúis éagsúil ó Bhallstát go chéile, agus tá bearta déanta ag go leor Ballstát cheana chun deireadh a chur de réir a chéile le gás ón Rúis. Leis an Rialachán seo, áiritheofar cur chuige comhchuibhithe ar fud an Aontais maidir le deireadh a chur de réir a chéile le gás ón Rúis, agus caomhnófar an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit. |
|
(39) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ar bhealach comhordaithe agus gan riosca a bheith ann maidir le hilroinnt na margaí, agus gur fearr agus gur éifeachtúla is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(40) |
I bhfianaise a thábhachtaí atá sé don Aontas deireadh a chur de réir a chéile agus gan mhoill le spleáchas eacnamaíoch breise an Aontais ar allmhairí gáis ó Chónaidhm na Rúise, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Bhí am suntasach ag na rannpháirtithe sa mhargadh a bpunann soláthair a oiriúnú tar éis Dhearbhú Versailles mhí an Mhárta 2022 agus tar éis ghlacadh an togra le haghaidh an Rialacháin seo an 17 Meitheamh 2025. Mar sin féin, dealraíonn sé gurb iomchuí foráil a dhéanamh i ndáil le hidirthréimhse chun ligean do sholáthróirí gáis nár chuir a straitéisí soláthair in oiriúint go fóill na socruithe is gá a dhéanamh chun an Rialachán seo a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc ar ghás a allmhairiú ó Chónaidhm na Rúise ón 18 Márta 2026 agus ón dáta sin amháin. Chun ligean d’allmhaireoirí a bhfuil conarthaí soláthair acu cheana agus d’allmhaireoirí atá ag tabhairt conarthaí nua i gcrích an réamhúdarú is gá a fháil go tráthúil agus gan cur isteach ar na hallmhairí gáis atá beartaithe, ba cheart feidhm a bheith ag na nósanna imeachta údaraithe éagsúla dá bhforáiltear sa Rialachán seo sula dtiocfaidh an toirmeasc ar allmhairí gáis ó Chónaidhm na Rúise i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, cuirtear creat ar fáil chun deireadh a chur le neamhchosaint an Aontais atá fós ann ar na rioscaí suntasacha don trádáil agus do shlándáil an tsoláthair, ar rioscaí iad arb í an trádáil gáis nádúrtha le Cónaidhm na Rúise is cúis leo, agus chun ullmhú do dheireadh a chur de réir a chéile go héifeachtach tráthúil le hallmhairí ola ó Chónaidhm na Rúise tríd an méid seo a leanas a leagan síos:
|
(a) |
toirmeasc céim ar chéim ar allmhairí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise; |
|
(b) |
rialacha chun an toirmeasc sin a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air, chomh maith le deireadh a chur de réir a chéile le húsáid allmhairí ola ó Chónaidhm na Rúise; agus |
|
(c) |
forálacha chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘gás nádúrtha’ gás dá dtagraítear i gcóid Ainmníochta Comhcheangailte (AC) 2711 11 00 agus 2711 21 00; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘GNL’ gás nádúrtha leachtaithe mar a thagraítear dó i gcód AC 2711 11 00; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘gás nádúrtha i staid ghásach’ gás nádúrtha mar a thagraítear dó i gcód AC 2711 21 00; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘meascáin’ meascáin de thoirteanna GNL ó thíortha éagsúla tionscnaimh; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘conradh soláthair fadtéarmach’ conradh do sholáthar gáis nádúrtha, cé is moite de dhíorthach gáis nádúrtha, nach faide ná aon bhliain amháin a théarma; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘conradh soláthair gearrthéarmach’ conradh do sholáthar gáis nádúrtha, cé is moite de dhíorthach gáis nádúrtha, nach faide ná aon bhliain amháin a théarma; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘tír thalamhiata’ tír atá go hiomlán timpeallaithe ag talamh agus nach bhfuil rochtain dhíreach ar an bhfarraige aici; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘allmhairiú’ earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht, de réir bhrí Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (‘Cód Custaim an Aontais’); |
|
(9) |
ciallaíonn ‘allmhaireoir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach arb é an dearbhóir é nó í mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (15), de Chód Custaim an Aontais sa dearbhú custaim ábhartha, nó duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear gnóthais chleamhnaithe, a thugann na hearraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó a chuireann earraí ar mhargadh an Aontais ar bhealach eile; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘gnóthais chleamhnaithe’ gnóthais chleamhnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 12, de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10); |
|
(11) |
ciallaíonn ‘údarás custaim’ údaráis chustaim mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Chód Custaim an Aontais; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘údarás um údarú’ an t-údarás atá inniúil chun scrúdú a dhéanamh ar na hiarrataí ar údarú arna ndéanamh de bhun Airteagal 5; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) 2017/1938; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘údarás rialála’ údarás rialála arna ainmniú de bhun Airteagal 76(1), de Threoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11); |
|
(15) |
ciallaíonn ‘rialú’ rialú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (55), de Threoir (AE) 2024/1788; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘pointe idirnaisc’ pointe idirnaisc mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (63), de Threoir (AE) 2024/1788; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘idirnascaire’ idirnascaire mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (39), de Threoir (AE) 2024/1788; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘pointe iontrála’ pointe iontrála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (61), de Threoir (AE) 2024/1788; |
|
(19) |
ciallaíonn ‘pointe scoir’ pointe scoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (62), de Threoir (AE) 2024/1788; |
|
(20) |
ciallaíonn ‘pointe seachadta’ an suíomh fisiceach nó fíorúil a shonraítear i gconradh soláthair gáis ag a bhfuil gás nádúrtha le seachadadh ag díoltóir agus le fáil ag ceannaitheoir; |
|
(21) |
ciallaíonn ‘cainníochtaí ar conradh’ na cainníochtaí gáis nádúrtha a bhfuil sé d’oibleagáid ar cheannaitheoir iad a cheannach agus ar dhíoltóir iad a sholáthar, mar a shonraítear sa chonradh soláthair bunaidh, ach gan na cainníochtaí a eascraíonn as forálacha conarthacha lena bhforáiltear d’athruithe cainníochta ar chainníochtaí bonnlíne a áireamh, amhail cainníochtaí slánaithe suas, cainníochtaí codánacha, cainníochtaí aníos nó modhnuithe toirtmhéadracha eile faoi théarmaí an chonartha cé is moite de chainníochtaí íoctha lena gcúitítear easnamh a íocadh roimh an 17 Meitheamh 2025; |
|
(22) |
ciallaíonn ‘cainníochtaí slánaithe suas’ cainníochtaí gáis nádúrtha a chuirtear leis an gcainníocht bhliantúil ar conradh in aon bhliain ar leith chun gur féidir an lasta deireanach a shlánú suas go dtí lasta iomlán; |
|
(23) |
ciallaíonn ‘cainníochtaí codánacha’ cainníochtaí gáis nádúrtha a thugtar ar aghaidh chuig na blianta conartha ina dhiaidh sin i gcás inar mó nó inar lú an chainníocht a sheachadtar le linn bliana ná an chainníocht bhliantúil choigeartaithe ar conradh tar éis coigeartuithe; is féidir le cainníochtaí den sórt sin a bheith dearfach nó diúltacha; |
|
(24) |
ciallaíonn ‘cainníochtaí aníos’ cainníochtaí gáis nádúrtha atá le cur, ar bhonn roghnach, leis an gcainníocht bhliantúil ar conradh, bunaithe ar chonarthaí soláthair, de rogha páirtí i gconradh soláthair; |
|
(25) |
ciallaíonn ‘cainníochtaí íoctha lena gcúitítear easnamh’ cainníochtaí gáis nádúrtha a bhfuil sé de cheart ag ceannaitheoir nó a bhfuil sé d’oibleagáid air glacadh lena seachadadh agus íoc astu le linn na dtréimhsí ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis na híoscheanglais lena ngabhann dearbhoibleagáid íocaíochta agus chun aon easnamh sna cainníochtaí ar conradh a chúiteamh, nár glacadh le linn na dtréimhsí roimhe sin, dá bhforáiltear i gconradh soláthair fadtéarmach; |
|
(26) |
ciallaíonn ‘sceideal seachadta’ an tráthchlár nó an plean a comhaontaíodh idir na páirtithe i gconradh soláthair gáis, lena sonraítear na cainníochtaí gáis nádúrtha a bheidh le seachadadh ag díoltóir agus le fáil ag ceannaitheoir thar eatraimh ama shainithe, lena n-áirítear uainiú, láthair agus coinníollacha an tseachadta, mar a leagtar amach i gconradh soláthair nó aon nós imeachta oibriúcháin gaolmhar; |
|
(27) |
ciallaíonn ‘ainmniúchán’ ainmniúchán mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12); |
|
(28) |
ciallaíonn ‘ola’ amhola, comhdhlútháin gáis nádúrtha, bunábhair scaglainne, breiseáin agus ocsaigionáití agus hidreacarbóin eile agus táirgí ola a thagann faoi chóid AC 2709 agus 2710. |
|
(29) |
ciallaíonn ‘tír an táirgthe’ an tír ina n-eastósctar an gás nádúrtha, gan beann ar cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an gás nádúrtha sin a leachtú nó a athghású ina dhiaidh sin i dtír eile; i gcás ina ndéantar gás nádúrtha a eastóscadh i dtír nach í Cónaidhm na Rúise í, a leachtú nó a athghású i gCónaidhm na Rúise, measfar gurb í Cónaidhm na Rúise tír an táirgthe. |
CAIBIDIL II
TOIRMEASC CÉIM AR CHÉIM AR ALLMHAIRIÚ GÁIS NÁDÚRTHA Ó CHÓNAIDHM NA RÚISE
Airteagal 3
Toirmeasc ar allmhairiú gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise
1. Beidh toirmeasc ar allmhairiú gáis nádúrtha i staid ghásach trí phíblínte (‘gás píblíne’), ar de thionscnamh Chónaidhm na Rúise é, nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, mura mbeidh feidhm ag ceann de na díolúintí sealadacha dá bhforáiltear in Airteagal 4.
2. Toirmeascfar allmhairiú GNL, ar de thionscnamh Chónaidhm na Rúise é, nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, nó a fhaightear ó ghás nádúrtha i staid ghásach a eastósctar i gCónaidhm na Rúise, mura mbeidh feidhm ag ceann de na díolúintí sealadacha dá bhforáiltear in Airteagal 4. Beidh feidhm ag an toirmeasc sin freisin maidir le GNL, ar de thionscnamh Chónaidhm na Rúise é, nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise nó a fhaightear ó ghás nádúrtha i staid ghásach a eastósctar i gCónaidhm na Rúise agus atá i meascáin.
Airteagal 4
Díolúine shealadach do chonarthaí soláthair atá ann cheana
1. Beidh feidhm ag an toirmeasc de bhun Airteagal 3(1) ón 17 Meitheamh 2026 agus beidh feidhm ag an toirmeasc de bhun Airteagal 3(2) ón 25 Aibreán 2026, i gcás inar féidir a léiriú do na húdaráis um údarú go ndéantar na hallmhairí ábhartha faoi chonradh soláthair gearrthéarmach a tugadh i gcrích roimh an 17 Meitheamh 2025, agus nár leasaíodh ina dhiaidh sin, mura gcumhdaítear an leasú le mír 5 den Airteagal seo.
2. Beidh feidhm ag an toirmeasc de bhun Airteagal 3(1) den Rialachán seo ón 30 Meán Fómhair 2027, i gcás inar féidir a léiriú do na húdaráis um údarú go ndéantar na hallmhairí ábhartha faoi chonradh soláthair fadtéarmach a tugadh i gcrích roimh an 17 Meitheamh 2025, agus nár leasaíodh ina dhiaidh sin, mura gcumhdaítear an leasú le mír 5 den Airteagal seo.
I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún riosca go bhféadfadh sé nach mbainfeadh Ballstát amach an sprioc líonta le haghaidh 2027 maidir le stóráil faoi thalamh de bhun Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2017/1938, agus na himthosca á gcur san áireamh maidir leis an riosca nach mbainfí an sprioc amach, deimhneoidh sé an riosca sin trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme tráth nach déanaí ná an 15 Meán Fómhair 2027.
I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme de bhun an dara fomhír den mhír seo, ní bheidh feidhm ag an toirmeasc de bhun Airteagal 3(1), den Rialachán seo ach ón 1 Samhain 2027 sa Bhallstát sin, i gcás inar féidir a léiriú do na húdaráis um údarú go ndéantar na hallmhairí ábhartha faoi chonradh soláthair fadtéarmach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Grúpa Comhordaithe Gáis arna bhunú le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/1938 ar an eolas faoina chinneadh cur chun feidhme, gan mhoill.
3. Beidh feidhm ag an toirmeasc de bhun Airteagal 3(2) ón 1 Eanáir 2027, i gcás inar féidir a léiriú do na húdaráis um údarú go ndéantar na hallmhairí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 3 faoi chonradh soláthair fadtéarmach a tugadh i gcrích roimh an 17 Meitheamh 2025, agus nár leasaíodh ina dhiaidh sin é, mura gcumhdaítear an leasú le mír 5 den Airteagal seo.
4. Beidh feidhm ag an toirmeasc de bhun Airteagal 3 ón 30 Meán Fómhair 2027 nó, i gcás inar ghlac an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, ón 1 Samhain 2027, i gcás inar féidir an méid seo a leanas a léiriú do na húdaráis um údarú:
|
(a) |
go ndéantar na hallmhairí ábhartha faoi chonradh soláthair gearrthéarmach le seachadadh chuig tír thalamhiata, agus go bhfuil gá leis chun an conradh soláthair fadtéarmach faoi phointe (b) a chomhlíonadh; agus |
|
(b) |
go bhfuil conradh soláthair fadtéarmach ann le seachadadh chuig tír thalamhiata chun gáis phíblíne a allmhairiú ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
|
5. Beidh feidhm ag na díolúintí sealadacha dá bhforáiltear i míreanna 1, 2, 3 agus 4 freisin maidir le conarthaí soláthair atá ann cheana a leasaítear mar a leanas:
|
(a) |
cainníochtaí ar conradh a ísliú; |
|
(b) |
praghsanna agus táillí a ísliú; |
|
(c) |
clásail rúndachta a leasú; |
|
(d) |
nósanna imeachta oibriúcháin, mar shampla nósanna imeachta cumarsáide, a leasú; |
|
(e) |
athruithe ar sheoltaí na bpáirtithe conarthacha; |
|
(f) |
aistrithe oibleagáidí conarthacha idir gnóthais chleamhnaithe; |
|
(g) |
athruithe is gá de réir nósanna imeachta breithiúnacha nó eadrána; nó |
|
(h) |
i gcás tíortha talamhiata, athruithe idir pointí seachadta náisiúnta. |
6. Ní rachaidh cainníochtaí na n-allmhairí arna ndéanamh i gcomhréir le míreanna 1, 2, 3 agus 4 thar na cainníochtaí ar conradh.
CAIBIDIL III
RÉAMHÚDARÚ ALLMHAIRÍ AGUS CUR ISTEACH AGUS MALARTÚ FAISNÉISE ÁBHARTHA
Airteagal 5
Réamhúdarú allmhairí agus cur isteach faisnéise ábhartha
1. I gcás ina n-iarrtar díolúine shealadach de bhun Airteagal 4, beidh allmhairí faoi réir réamhúdarú. Déanfar an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do na húdaráis um údarú chun a mheas cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4.
2. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad ar áireamh san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
dáta thabhairt i gcrích an chonartha soláthair gáis; |
|
(b) |
fad an chonartha soláthair gáis; |
|
(c) |
na cainníochtaí ar conradh, lena n-áirítear gach ceart solúbthachta suas nó síos; |
|
(d) |
céannacht pháirtithe an chonartha soláthair gáis, lena n-áirítear, maidir leis na páirtithe cláraithe san Aontas, an Uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI); |
|
(e) |
i gcás allmhairí GNL, suíomh an leachtaithe agus calafort na chéad lódála; |
|
(f) |
i gcás meascán, doiciméadacht lena gcruthaítear na cainníochtaí de ghás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise agus na cainníochtaí gáis nádúrtha ó thíortha tionscnaimh eile atá sa mheascán agus faisnéis lena mbunaítear an próiseas measctha; |
|
(g) |
na pointí seachadta, lena n-áirítear solúbthacht fhéideartha a bhaineann leis na pointí seachadta; agus |
|
(h) |
aon leasú ar an gconradh soláthair gáis, ina sonraítear ábhar agus dáta an leasaithe, cé is moite de leasuithe a bhaineann le praghas an gháis amháin. |
I gcás ina n-iarrtar díolúine shealadach faoi Airteagal 4 agus inar leasaíodh praghas an gháis nádúrtha an 17 Meitheamh 2025 nó ina dhiaidh sin, áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faisnéis maidir leis an leasú ar an bpraghas.
Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an údaráis um údarú tráth nach déanaí ná mí amháin roimh theacht isteach an gháis nádúrtha i gcríoch chustaim an Aontais. Beidh feidhm ag an sprioc-am céanna maidir le meascáin ina bhfuil gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise.
3. Beidh allmhairí gáis nádúrtha, i gcás nach í Cónaidhm na Rúise tír an táirgthe, faoi réir réamhúdarú, ach amháin i gcás ina dtagann na hallmhairí sin faoi mhír 4. Soláthrófar do na húdaráis um údarú sa Bhallstát ina bhfuil an gás nádúrtha le scaoileadh i saorchúrsaíocht an fhaisnéis uile is gá chun tír táirgthe an gháis nádúrtha sin a shuí, tráth nach déanaí ná 5 lá oibre sula dtiocfaidh sé isteach i gcríoch chustaim an Aontais.
4. Beidh feidhm ag díolúine ón réamhúdarú a leagtar amach i mír 3 i gcás ina n-allmhairítear gás nádúrtha ó thír a tháirgeann gás nádúrtha agus a d’onnmhairigh níos mó ná 5 bhilliún méadar ciúbach de ghás nádúrtha chuig an Aontas in 2024, agus
|
(a) |
a chuir toirmeasc ar allmhairiú gáis nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise nó a chuireann bearta sriantacha eile i bhfeidhm maidir le gás den sórt sin; nó |
|
(b) |
nach bhfuil aon bhonneagar gáis i bhfeidhm aici lenar féidir GNL nó gás píblíne a allmhairiú. |
Tráth nach déanaí ná 5 lá oibre ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, liosta na dtíortha sin a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír a tharraingt suas.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar cibé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo fós á gcomhlíonadh agus tabharfaidh sé an liosta cothrom le dáta dá réir sin agus gan moill mhíchuí ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag na húdaráis um údarú nó, i gcás inarb infheidhme, ag na húdaráis chustaim agus ag comhlachtaí de chuid an Aontais de bhun Airteagal 7(2).
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, an díolúine ó réamhúdarú a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a chúlghairm i gcás ina sainaithníonn údaráis um údarú, nó, i gcás inarb infheidhme, údaráis chustaim, cás amháin nó níos mó ina dtéann onnmhaireoirí ó thír dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo timpeall ar na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 3, nó i gcás ina bhfuil cúiseanna ag an gCoimisiún glacadh leis nach ndéanann údaráis ó thíortha onnmhairiúcháin idirghabháil iomchuí in aghaidh cleachtais teacht timpeall.
5. Maidir le húdaráis um údarú, údaráis chustaim agus údaráis eile a bhfuil baint acu leis an bhfaireachán dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7, i gcás ina measann siad nach leor an fhaisnéis arna soláthar faoin nós imeachta réamhúdaraithe chun a mheas cé acu a dheonófar nó nach ndeonófar an t-údarú, féadfaidh siad faisnéis níos mionsonraithe a iarraidh. Féadfaidh siad brath freisin ar fhaisnéis ó fhoinsí eile. Féadfaidh údaráis um údarú, go háirithe, a cheangal go gcuirfí isteach téacs forálacha áirithe den chonradh soláthair gáis ina iomláine nó téacs iomlán an chonartha soláthair gáis, seachas faisnéis faoin bpraghas, go háirithe i gcás ina bhfuil baint ag forálacha conarthacha ar leith lena chéile, nó i gcás ina bhfuil fíorthábhacht ag baint le heolas iomlán ar fhoirmliú na bhforálacha conartha don mheasúnú.
I gcás nach faisnéis dhochloíte í an fhaisnéis a chuirtear ar fáil, diúltóidh na húdaráis chustaim scaoileadh leis na táirgí ábhartha i saorchúrsaíocht.
Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le húdaráis um údarú agus, i gcás inarb infheidhme, le húdaráis chustaim, treoir a fhoilsiú maidir le tuilleadh sonraí a bhaineann leis an nós imeachta réamhúdaraithe agus le cineálacha doiciméad agus fianaise cuí atá le cur isteach.
6. Déanfaidh na húdaráis um údarú agus na húdaráis chustaim an fhianaise a fhíorú a cuireadh isteach chun tír an táirgthe a shuí, agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis bhreise a iarraidh, a bhféadfadh doiciméadacht seachadta réamhtheachtach a bheith san áireamh inti, ach gan a bheith teoranta di, amhail rianú satailíte lastaí GNL atá ar fáil go poiblí nó faisnéis rianaithe ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí.
7. Gás nádúrtha atá le hallmhairiú isteach san Aontas trí theorainneacha nó idirnascairí nó pointí idirnaisc idir an tAontas agus Cónaidhm na Rúise nó an Bhealarúis, nó trí phíblínte a nascann Cónaidhm na Rúise leis an Aontas agus atá ag dul trí thríú tíortha gan pointí iontrála a bheith acu idir Cónaidhm na Rúise agus an tAontas, toimhdeofar gur onnmhairíodh é, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise.
8. Maidir le gás nádúrtha atá le hallmhairiú isteach san Aontas tríd an bpointe idirnaisc Strandzha 1, toimhdeofar gur onnmhairíodh é, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, mura ndéanfar fianaise shoiléir lena suitear nach í Cónaidhm na Rúise tír táirgthe an gháis nádúrtha a sholáthar do na húdaráis um údarú, tráth nach déanaí ná 7 lá oibre roimh theacht isteach an gháis sin i gcríoch chustaim an Aontais.
9. I gcás ina bhfágfaidh athruithe a bhaineann le bonneagar gáis nó le patrúin trádála go mbeidh pointí idirnaisc seachas Strandzha 1 ag nascadh an Aontais le córais phíblíne lena n-iompraítear toirteanna suntasacha gáis nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 8 maidir le gás nádúrtha atá le hallmhairiú trí na pointí idirnaisc sin. Sainaithneoidh an Coimisiún na pointí idirnaisc ábhartha trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún.
10. I gcás ina n-iompraítear gás nádúrtha tríd an Aontas ó thríú tír chuig tríú tír faoi nós imeachta idirthurais i gcomhréir le Cód Custaim an Aontais, lena n-áirítear chun críche stórála faoi rialacha stórasaithe custaim, cuirfear údaráis um údarú agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis chustaim ar an eolas tráth nach déanaí ná 5 lá oibre roimh an idirthuras atá beartaithe faoin méid seo a leanas:
|
(a) |
tír táirgthe an gháis nádúrtha atá le hiompar faoi nós imeachta idirthurais, ach amháin mura bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil; |
|
(b) |
na sceidil ainmniúcháin phleanáilte nó iarbhír lena sonraítear toirt, uainiú, agus pointí iontrála agus scoir an gháis atá ar idirthuras, le gráinneacht sonraí laethúil i gcás inarb infheidhme; |
|
(c) |
toirteanna agus pointí seachadta sna conarthaí soláthair gáis; agus |
|
(d) |
an conradh idir an díoltóir nó an ceannaitheoir nó aon eintiteas idirmheánach agus na hOibreoirí Córais Tarchuir ábhartha san Aontas, i gcás inarb infheidhme. |
Fíoróidh na húdaráis um údarú comhsheasmhacht na sonraí agus, i gcás inarb infheidhme, roinnfidh siad an fhaisnéis a fhaightear leis na húdaráis chustaim gan mhoill.
11. I gcás ina stórálann oibreoirí gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise i stóráil shealadach nó faoi nós imeachta idirthurais nó stórasaithe custaim faoi Chód Custaim an Aontais ar chríoch an Aontais, beidh sásraí faireacháin agus forfheidhmiúcháin iomchuí i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú nach mbeidh stóráil an Aontais arna húsáid ag tríú tíortha ina riosca do shlándáil náisiúnta nó réigiúnach an tsoláthair ná do chomhlíonadh na n-oibleagáidí stórála dá bhforáiltear in Airteagail 6a go 6d de Rialachán (AE) 2017/1938, agus ba cheart dóibh faisnéis ábhartha a sholáthar don Choimisiún.
Airteagal 6
Faireachán agus tuairisciú éifeachtach
1. Áiritheoidh údaráis chustaim, agus, i gcás inarb ábhartha, údaráis inniúla agus údaráis rialála, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) faireachán éifeachtach ar na forálacha i gCaibidil II, agus i gcás inar gá, bainfidh siad úsáid iomlán as a gcumhachtaí forfheidhmiúcháin, agus comhoibreoidh siad go dlúth le húdaráis náisiúnta ábhartha eile, údaráis ó na Ballstáit eile, údaráis de chuid an Aontais agus an Coimisiún.
2. Agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, leagfaidh na húdaráis um údarú agus na húdaráis chustaim béim ar leith ar an bhforfheidhmiú ag pointí idirnaisc, saoráidí GNL nó píblínte idirthurais ina bhfuil riosca ard gur ann do theacht timpeall, mar shampla i gcás allmhairí a thagann ó thríú tíortha a mbíonn gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, á thrádáil acu freisin nó a mbíonn gás nádúrtha á onnmhairiú acu ó shaoráidí táirgthe atá faoi pháirtúinéireacht ag cuideachtaí ó Chónaidhm na Rúise. Trí úsáid á bhaint as an sásra comhair idir údaráis de bhun Airteagal 7, déanfaidh na húdaráis a dtosaíochtaí forfheidhmiúcháin a oiriúnú i gcás inar gá sin chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais teacht timpeall a d’fhéadfadh a bheith ann arna sainaithint le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, faireachán ar thoirteanna iomlána an gháis nádúrtha a allmhairítear trí thríú tíortha chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann go dtiocfaí timpeall ar Airteagail 3 agus 4.
Airteagal 7
Comhar agus malartú faisnéise
1. Is é an t-údarás um údarú an t-údarás custaim, ach amháin má ainmníonn Ballstát údarás eile chun na críche sin. I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát údarás seachas an t-údarás custaim mar an t-údarás um údarú, cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún ar an eolas faoi sin.
2. Comhoibreoidh na húdaráis um údarú agus malartóidh siad an fhaisnéis a fhaightear maidir le hallmhairí gáis nádúrtha leis na húdaráis rialála, na húdaráis inniúla agus, i gcás inarb infheidhme, leis na húdaráis chustaim, chomh maith le OLAF, OIPE, ACER agus an Coimisiún i gcomhréir lena gcúraimí, lena bhfreagrachtaí agus lena n-inniúlachtaí faoi seach, agus a mhéid is féidir, chun a áirithiú go ndéantar measúnú éifeachtach ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar Airteagail 3 agus 4. Go háirithe, roinnfidh siad faisnéis maidir le cleachtais teacht timpeall a d’fhéadfadh a bheith ann arna sainaithint le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo.
3. Déanfaidh na húdaráis um údarú agus, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis chustaim, faisnéis ábhartha a sholáthar don Choimisiún lena gcuirfear ar a chumas faireachán a dhéanamh an bhfuil na coinníollacha sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1), (2), (3), (4) agus (5) á gcomhlíonadh i gcónaí. Agus é sin á dhéanamh aige, déanfaidh an Coimisiún faireachán go háirithe ar cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear na forálacha sin chun críocha teacht timpeall
4. De bhreis ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le mír 3, cuirfidh na húdaráis um údarú agus, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis chustaim, na húdaráis rialála, na húdaráis inniúla, ACER agus an Coimisiún ar an eolas, ar bhonn míosúil, faoi na príomhghnéithe a bhaineann le forbairtí i ndáil le hallmhairí gáis nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, ar nós cainníochtaí a allmhairítear faoi chonarthaí soláthair fadtéarmacha nó gearrthéarmacha, pointí iontrála, nó comhpháirtithe conartha. Cumhdófar leis an bhfaisnéis sin freisin na príomhfhorbairtí a bhaineann le gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise agus a thagann isteach san Aontas faoi nós imeachta idirthurais dá dtagraítear in Airteagal 5(10).
5. Déanfaidh na húdaráis um údarú agus, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis chustaim ó Bhallstáit éagsúla, faisnéis a fuarthas maidir le hallmhairí gáis nádúrtha, a chómhalartú a mhéid is gá, agus comhoibreoidh siad le chéile chun forfheidhmiú éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú agus chun teacht timpeall a sheachaint. Bainfidh siad úsáid as uirlisí agus bunachair sonraí atá ann cheana lena bhféadtar faisnéis ábhartha a mhalartú go héifeachtach idir údaráis náisiúnta ina mBallstát agus údaráis i mBallstáit eile, nó uirlisí den sórt sin a chur i bhfeidhm i gcás inar gá.
6. Faoin 1 Iúil 2026 agus an 1 Iúil 2027, déanfaidh ACER, bunaithe ar na sonraí a fhaightear faoin Rialachán seo agus ar fhaisnéis atá ina sheilbh aige, tuarascáil a fhoilsiú ina dtugtar forbhreathnú ar chonarthaí maidir le soláthar gáis nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, agus ina ndéantar measúnú ar thionchar an éagsúlaithe ar mhargaí fuinnimh. I gcás inarb ábhartha, cumhdófar sa tuarascáil freisin sonraí maidir le gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise a thagann isteach san Aontas faoi nós imeachta idirthurais dá dtagraítear in Airteagal 5(10).
7. Déanfaidh an Coimisiún agus ACER, i gcás inarb iomchuí, faisnéis ábhartha atá ina seilbh acu maidir le conarthaí chun allmhairiú a dhéanamh ar ghás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, a chomhroinnt le húdaráis um údarú agus, i gcás inarb infheidhme, le húdaráis chustaim chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a éascú.
8. I gcás inarb ábhartha chun na hoibleagáidí maidir le malartú faisnéise i gcomhréir leis an Airteagal seo a chomhlíonadh, beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (13).
Airteagal 8
Pionóis
1. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i gcás nach gcomhlíontar Airteagal 3, Airteagal 4 nó Airteagal 5.
2. Is é seo a leanas, ar a laghad, an pionós uasta a bheidh ann do dhaoine dlítheanacha:
|
(a) |
3,5 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda an ghnóthais sa bhliain airgeadais roimhe sin, |
|
(b) |
EUR 40 milliún, nó |
|
(c) |
300 % de láimhdeachas measta an idirbhirt, a ríomhfar ar bhonn thoirt an gháis nádúrtha lena mbaineann agus phraghsanna an chonartha ‘lá roimh ré’ ar mhargadh TTF. |
Is é EUR 2,5 milliún ar a laghad an pionós uasta a fhorchuirfear ar dhaoine nádúrtha.
3. I gcás nach dtugtar i gcóras dlí Ballstáit an inniúlacht d’údaráis inniúla chun fíneálacha riaracháin a fhorchur go neamhspleách, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an nós imeachta fíneála a thionscnamh agus go ndéanfaidh an chúirt náisiúnta inniúil an fhíneáil a fhorchur, agus é á áirithiú acu go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht choibhéiseach acu ar na fíneálacha riaracháin a fhorchuireann na húdaráis mhaoirseachta. Ar aon chaoi, beidh na fíneálacha a fhorchuirtear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
4. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 4 Feabhra 2028 faoi na forálacha náisiúnta atá i bhfeidhm lena n-áirithítear cur chun feidhme an Airteagail seo, agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
CAIBIDIL IV
PLEANANNA ÉAGSÚLAITHE NÁISIÚNTA
Airteagal 9
Pleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gás nádúrtha
1. Cruthóidh gach Ballstát plean ina ndéanfar cur síos ar bhearta, garspriocanna agus bacainní féideartha chun a soláthairtí gáis a éagsúlú (‘plean éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gás nádúrtha’), chun deireadh a chur le gach allmhairiú gáis nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, laistigh de na spriocdhátaí de bhun Airteagail 3 agus 4.
2. Beidh na nithe seo a leanas uile sna pleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gás nádúrtha:
|
(a) |
faisnéis atá ar fáil maidir le toirt na n-allmhairí gáis nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise faoi chonarthaí soláthair atá ann cheana; |
|
(b) |
tuairisc shoiléir ar na bearta tacaíochta atá i bhfeidhm agus ar na bearta tacaíochta atá beartaithe ar an leibhéal náisiúnta chun ionadú a dhéanamh ar ghás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, lena n-áirítear na cainníochtaí a meastar go gcuirfear deireadh lena n-úsáid de réir a chéile, garspriocanna agus amlíne cur chun feidhme agus, i gcás ina bhfuil fáil orthu, roghanna beartaithe le haghaidh soláthairtí agus bealaí soláthair eile. D’fhéadfadh úsáid Ardán AggregateEU a bheith i gceist leis na bearta sin, arna bhunú de bhun Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2024/1789, bearta tacaíochta le haghaidh iarrachtaí éagsúlaithe cuideachtaí fuinnimh, comhar i ngrúpaí réigiúnacha mar shampla an Grúpa Ardleibhéil um an Nascacht Fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa, roghanna eile a shainaithint ar allmhairí gáis nádúrtha trí leictriú, leordhóthanacht fuinnimh, bearta éifeachtúlachta fuinnimh, táirgeadh bithgháis, bithmheatáin agus hidrigine in-athnuaite a threisiú, fuinneamh in-athnuaite a chur chun feidhme, bearta deonacha laghdaithe ar éileamh nó go bhféadfadh Ballstáit eile éagsúlú an tsoláthair a éascú; |
|
(c) |
aon bhacainní féideartha teicniúla, conarthacha nó rialála ar ghás nádúrtha eile a chur in ionad gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, agus roghanna chun na bacainní sin a shárú. |
3. Faoin 1 Márta 2026, cuirfidh na Ballstáit a bpleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gás nádúrtha faoi bhráid an Choimisiúin ag baint úsáid as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
4. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, ullmhú agus cur chun feidhme na bpleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gás nádúrtha a éascú, lena n-áirítear trí dhea-chleachtais agus cúnamh teicniúil a sholáthar. Le linn na hidirthréimhse do chonarthaí soláthair atá ann cheana faoi Airteagal 4 den Rialachán seo, comhordóidh an Coimisiún leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí éagsúlaithe chun foinsí soláthair malartacha a shainaithint. D’fhéadfadh soláthairtí nua ioncam caillte a chúiteamh freisin trí úsáid a bhaint as bonneagar atá ann cheana a úsáideadh roimhe sin le haghaidh gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise atá ar idirthuras. Tuairisceoidh na Ballstáit go tráthrialta don Ghrúpa Comhordaithe Gáis maidir leis an dul chun cinn a baineadh amach i ndáil le hullmhú, glacadh agus cur chun feidhme a bpleananna náisiúnta éagsúlaithe le haghaidh gás nádúrtha. Ar bhonn na bpleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gás nádúrtha, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme deireadh a chur de réir a chéile le húsáid a bhaint as gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise agus tuairisceoidh sé an measúnú uaidh don Ghrúpa Comhordaithe Gáis, mar a leagtar amach in Airteagail 17 de Rialachán (AE) 2017/1938.
Airteagal 10
Pleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh ola (amhola agus táirgí peitriliam)
1. I gcás ina bhfaigheann Ballstát allmhairí ola de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, cruthóidh sé plean ina dtabharfar tuairisc ar bhearta, garspriocanna agus bacainní féideartha maidir lena sholáthairtí ola a éagsúlú, (‘plean éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh ola’) chun deireadh a chur le hallmhairí ola de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear go díreach nó go hindíreach ó Chónaidhm na Rúise faoi dheireadh 2027.
2. Beidh na nithe seo a leanas uile sna pleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh ola:
|
(a) |
faisnéis atá ar fáil maidir le toirt na n-allmhairí ola de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, faoi chonarthaí soláthair atá ann cheana; |
|
(b) |
bearta atá beartaithe ar an leibhéal náisiúnta chun ionadú a dhéanamh ar ola de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, lena n-áirítear na cainníochtaí a meastar go gcuirfear deireadh lena n-úsáid de réir a chéile, garspriocanna agus amlíne cur chun feidhme, agus roghanna maidir le soláthairtí, bealaí soláthair agus foinsí fuinnimh eile, chomh maith le go bhféadfadh Ballstáit eile éagsúlú an tsoláthair a éascú; |
|
(c) |
bearta atá i bhfeidhm agus atá beartaithe ar an leibhéal náisiúnta chun trédhearcacht agus inrianaitheacht ola de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear go díreach nó go hindíreach ó Chónaidhm na Rúise a áirithiú, a mhéid is féidir, lena n-áirítear bearta maidir le fíorú allmhairí athlipéadaithe féideartha; |
|
(d) |
toirmisc a d’fhéadfadh a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta ar allmhairí ola de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear go díreach nó go hindíreach ó Chónaidhm na Rúise. |
|
(e) |
bacainní féideartha teicniúla, conarthacha nó rialála ar ola eile a chur in ionad ola de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó ola a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, agus roghanna chun na bacainní sin a shárú. |
3. Faoin 1 Márta 2026, cuirfidh na Ballstáit a bpleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh ola faoi bhráid an Choimisiúin ag baint úsáid as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Foilseoidh an Coimisiún leagan neamhrúnda de na pleananna a fuarthas ó na Ballstáit tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis chur isteach na bpleananna.
4. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, ullmhú agus cur chun feidhme na bpleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh ola a éascú, lena n-áirítear trí dhea-chleachtais agus cúnamh teicniúil a sholáthar. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh don chomhar idir na Ballstáit agus a bpleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh ola á gcur chun feidhme acu. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar a bheadh ag foirceannadh brostaithe féideartha allmhairí ola ar na Ballstáit is mó a ndéanann céimniú amach iomlán sholáthairtí ola na Rúise difear dóibh. Oibreoidh sé ar bhealach gníomhach leis na Ballstáit a ndéantar difear díreach dóibh agus le Ballstáit ábhartha eile maidir le réitigh chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithnítear sa mheasúnú a íoslaghdú. Tuairisceoidh na Ballstáit go tráthrialta don Ghrúpa Comhordaithe Gáis a bunaíodh le hAirteagal 17 de Threoir 2009/119/CE ón gComhairle (14) maidir leis an dul chun cinn a baineadh amach i ndáil le hullmhú, glacadh agus cur chun feidhme a bpleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh ola.
5. I gcás ina sainaithnítear i plean éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh ola go bhféadfadh sé nach mbeifí in ann deireadh a chur de réir a chéile le húsáid ola de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó ola a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, faoi dheireadh 2027, eiseoidh an Coimisiún, tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an bplean éagsúlaithe náisiúnta ábhartha agus laistigh de 3 mhí ón bplean a chur isteach, moladh don Bhallstát lena mbaineann maidir leis an mbealach chun deireadh a chur de réir a chéile le húsáid na hola sin ar bhealach tráthúil agus foilseoidh séan moladh sin. I ndiaidh an mholta sin, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann a phlean éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh ola cothrom le dáta laistigh de 3 mhí, agus an moladh ón gCoimisiún á chur san áireamh.
CAIBIDIL V
FAIREACHÁN AR SHLÁNDÁIL AN TSOLÁTHAIR GÁIS
Airteagal 11
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1938
Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas leis:
; |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 14(6) mar seo a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: ‘Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar neamhchosaint chóras fuinnimh an Aontais ar sholáthairtí gáis de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise agus trí thríú tíortha freisin, go háirithe ar bhonn na faisnéise ar tugadh fógra don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla fúithi i gcomhréir le hAirteagal 14(6), pointe (c). Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi a gcuirtear deireadh de réir a chéile le gás de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise faoi Rialachán (AE) 2026/261 ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais ar bhonn na bpleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gáis dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán sin agus cuirfidh sé an measúnú uaidh faoi bhráid an Ghrúpa Chomhordaithe Gháis. Ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear sa tríú mír, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil, ina dtabharfar forléargas cuimsitheach ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit ó thaobh a bpleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gáis a chur chun feidhme. I gcás inarb ábhartha, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis plean éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gáis a bheith curtha isteach, moladh a eisiúint ina sainaithneofar na gníomhaíochtaí agus na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar éagsúlú ar an soláthar gáis ar bhealach slán agus go gcuirfear deireadh tráthúil de réir a chéile le gás de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise. Ar bhonn an mholta sin, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann a phlean éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gáis cothrom le dáta laistigh de 3 mhí, agus an moladh ón gCoimisiún á chur san áireamh.’. |
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 12
Rúndacht ghairmiúil
1. Aon fhaisnéis rúnda a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh sí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla a leagtar síos san Airteagal seo.
2. Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d'oibrigh d’údaráis a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Rialacháin seo, agus le haon duine nádúrtha nó dlítheanach a ndearna na húdaráis ábhartha a gcumhachtaí a tharmligean chuige, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe a fhostaíonn na húdaráis sin ar conradh.
3. Ní nochtfar faisnéis a chumhdaítear le rúndacht ghairmiúil seachas de bhua forálacha a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.
4. Maidir leis an bhfaisnéis a dhéantar a mhalartú idir na húdaráis ábhartha nó na Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo agus a bhaineann le dálaí gnó nó dálaí oibriúcháin nó le gnóthaí eacnamaíochta nó pearsanta eile, measfar gur faisnéis rúnda í agus beidh sí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, ach amháin i gcás ina sonraíonn an t-údarás ábhartha tráth na cumarsáide go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh, i gcás ina gceanglaítear an nochtadh de bhua dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta nó i gcás inar gá an nochtadh sin i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.
Airteagal 13
Faireachán
1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar fhorbairt mhargadh fhuinnimh an Aontais, go háirithe maidir le spleáchais fhéideartha ar sholáthar gáis nó rioscaí eile a bhaineann le slándáil an tsoláthair fuinnimh i gcás allmhairí fuinnimh ó Chónaidhm na Rúise. Faoin 4 Feabhra 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Áireofar sa tuarascáil sin measúnú ar éifeachtacht an nós imeachta réamhúdaraithe dá bhforáiltear in Airteagal 5. Áireofar inti freisin faisnéis faoi shaincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le slándáil an tsoláthair a bhaineann le gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise i stórais an Aontais. Ina theannta sin, áireofar sa tuarascáil meastóireacht ar éifeachtacht an mhalartaithe faisnéise agus an chomhair i measc na n-údarás ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 6 agus Airteagal 7(2) agus (5), agus, i gcás inarb iomchuí, leagfar amach inti moltaí maidir le feabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus comhar den sórt sin.
2. I gcás forbairtí tobanna suntasacha, ar bagairt thromchúiseach iad ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, agus tar éis éigeandáil a bheith fógartha i gcomhréir le hAirteagal 11 nó 12 de Rialachán (AE) 2017/1938, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin cinnidh, cur i bhfeidhm Chaibidil II den Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach i mBallstát amháin nó níos mó, go hiomlán nó go páirteach. I gcás den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún an ceanglas maidir le réamhúdarú de bhun Airteagal 5(2) den Rialachán seo a chur ar fionraí freisin. Leagfar síos coinníollacha áirithe sa chinneadh ón gCoimisiún, go háirithe, chun a áirithiú go mbeidh aon fhionraí teoranta go docht d’aghaidh a thabhairt ar an mbagairt. Beidh an tréimhse fionraí sin teoranta d’fhad a bhfuil fíorghá leis chun an bhearna a líonadh go dtí go mbeidh soláthairtí leordhóthanacha ann ó thíortha eile seachas Cónaidhm na Rúise chun freastal ar éileamh an Aontais. Ní dheonófar í ar feadh tréimhse is faide ná 4 seachtaine ag aon am amháin agus ní dhéanfar í a athnuachan ach amháin má tá feidhm fós ag na coinníollacha le haghaidh na héigeandála de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2017/1938. Ní cheadófar ach conarthaí soláthair gearrthéarmacha faoi fhionraí shealadach de bhun na míre seo. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit agus an Grúpa Comhordaithe Gáis ar an eolas faoi aon fhionraí den sórt sin, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina dtabharfar údar maith leis an bhfionraí agus le haon síneadh a dhéanfar air. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa arna iarraidh sin dó.
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 3 ón 18 Márta 2026, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 4.
Beidh feidhm ag Airteagal 5 ón 18 Feabhra 2026.
Ní dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm an toirmisc a bhaineann le GNL arna bhunú i Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a mbeidh feidhm aige agus a chomhlíonfar gan beann ar fhorálacha an Rialacháin seo.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Eanáir 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) Tuairim an 18 Meán Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollag 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Eanáir 2026.
(3) Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1938/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/833/oj).
(6) Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1149/oj).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1219/2012 de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle an 12 Nollaig 2012 lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir Ballstáit agus tríú tíortha (IO L 351, 20.12.2012, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1219/oj).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 912/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat chun freagracht airgeadais a bhainistiú atá nasctha le binsí socraithe díospóidí idir infheisteoir agus stát arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas Eorpach (IO L 257, 28.8.2014, lch. 121, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/912/oj).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).
(10) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).
(11) Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, do ghás nádúrtha agus do hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/73/CE (IO L, 2024/1788, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj).
(12) Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir leis na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, gás nádúrtha agus hidrigine, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011, (AE) 2017/1938, (AE) 2019/942 agus (AE) 2022/869 agus Cinneadh (AE) 2017/684 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L, 2024/1789, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1789/oj).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí maidir le hábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/515/oj).
(14) Treoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choinneáil (IO L 265, 9.10.2009, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/119/oj).
IARSCRÍBHINN I
Teimpléad i gcomhair pleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gás nádúrtha
Tá an teimpléad seo ceaptha d’údaráis náisiúnta a dhréachtaíonn plean éagsúlaithe náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 9. Beidh an méid seo a leanas san áireamh leis:
Eolas ginearálta
|
Ainm an údaráis atá freagrach as an bplean a ullmhú |
|
||||
|
Tuairisc ar an gcóras gáis. Ba cheart tuairisc ar an méid seo a leanas a bheith san áireamh ann:
|
|
An phríomhfhaisnéis faoi allmhairiú gáis nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, chuig an mBallstát
|
Tagairt do na conarthaí aonair mar a chuir na hallmhaireoirí in iúl iad do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún |
|
|
I gcás inarb infheidhme, seirbhísí críochfoirt GNL arna gcur in áirithe ag cuideachtaí nó gnóthais chleamhnaithe ó Chónaidhm na Rúise |
|
|
Cainníochtaí foriomlána ar conradh de ghás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise lena seachadadh sa Bhallstát Solúbthachtaí conarthacha agus pointe seachadta (pointe idirnaisc, pointe allmhairiúcháin, críochfort GNL, etc.) |
|
Tuairisc ar na bearta a dhéanfar chun ionadú a dhéanamh ar ghás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise
Áireofar na heilimintí seo a leanas sa tuairisc:
|
Roghanna éagsúlaithe:
|
|
||||||
|
Tuairisc ar an mbeart agus ar a chuspóirí, lena n-áirítear na cainníochtaí a meastar go gcuirfear deireadh leo de réir a chéile agus céimeanna idirmheánacha i gcás beart ilchéimneach |
|
||||||
|
Amlíne cur chun feidhme |
|
||||||
|
Tionchar na mbeart ar an gcóras fuinnimh, lena n-áirítear ar phatrúin sreafa, ar thoilleadh bonneagair, ar tharaifí, etc. |
|
||||||
|
Tionchar ar Bhallstáit chomharsanacha |
|
Bacainní teicniúla, conarthacha nó rialála ar ghás eile a chur in ionad gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise
|
Bacainní teicniúla, conarthacha nó rialála |
|
||||||
|
Roghanna chun bacainní a shárú, agus amlíne |
|
||||||
|
Catagóir |
Toirteanna a ionadú le haghaidh an chéimnithe amach (1) |
||||||
|
Faisnéis atá ag teastáil |
Tuairisc ar na bearta atá i bhfeidhm agus atá beartaithe ar an leibhéal náisiúnta chun ionadú a dhéanamh ar thoirteanna gáis nádúrtha atá fágtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise.
|
||||||
|
Gás píblíne |
|
||||||
|
GNL |
|
(1) D’fhéadfaí úsáid Ardán AggregateEU a áireamh ar na bearta sin de bhun Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2024/1789, mar aon le bearta tacaíochta le haghaidh iarrachtaí éagsúlaithe cuideachtaí fuinnimh, comhar i ngrúpaí réigiúnacha mar shampla an Grúpa Ardleibhéil maidir leis an Nascacht Gháis do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa (CESEC), roghanna eile ar allmhairí gáis nádúrtha a shainaithint trí leictriú, bearta éifeachtúlachta fuinnimh, táirgeadh bithgháis, bithmheatáin agus hidrigine glaine a threisiú, fuinneamh in-athnuaite a chur chun feidhme nó bearta deonacha laghdaithe ar éileamh.
IARSCRÍBHINN II
Teimpléad i gcomhair pleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh ola
Tá an teimpléad seo ceaptha d’údaráis náisiúnta a dhréachtaíonn plean éagsúlaithe náisiúnta mionsonraithe dá bhforáiltear in Airteagal 10. Beidh an méid seo a leanas san áireamh leis:
Eolas ginearálta
|
Ainm an údaráis atá freagrach as an bplean a ullmhú |
|
||||
|
Tuairisc ar an gcóras ola. Ba cheart tuairisc ar an méid seo a leanas a bheith san áireamh ann:
|
|
An phríomhfhaisnéis faoi allmhairiú ola (amhola agus táirgí peitriliam) de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise, chuig an mBallstát
|
Cainníochtaí foriomlána ar conradh d'ola de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear ó Chónaidhm na Rúise, go díreach nó go hindíreach, lena seachadadh sa Bhallstát Dáta éaga na n-oibleagáidí conarthacha |
|
|
Faisnéis faoi chéannacht na bpáirtithe leasmhara éagsúla (díoltóir, allmhaireoir, agus ceannaitheoir) |
|
Tuairisc ar na bearta a dhéanfar chun ionadú a dhéanamh ar ola de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise
Áireofar na heilimintí seo a leanas sa tuairisc:
|
Roghanna éagsúlaithe:
|
|
||||
|
Tuairisc ar an mbeart agus ar a chuspóirí, lena n-áirítear na cainníochtaí a meastar go gcuirfear deireadh leo de réir a chéile agus céimeanna idirmheánacha i gcás beart ilchéimneach Bearta atá i bhfeidhm agus atá beartaithe ar an leibhéal náisiúnta chun trédhearcacht agus inrianaitheacht ola de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear go díreach nó go hindíreach ó Chónaidhm na Rúise a áirithiú, a mhéid is féidir, lena n-áirítear bearta maidir le fíorú allmhairí athlipéadaithe féideartha |
|
||||
|
Amlíne cur chun feidhme |
|
||||
|
Tionchar na mbeart ar an gcóras fuinnimh, lena n-áirítear ar phatrúin sreafa, ar thoilleadh bonneagair, ar tharaifí, etc. |
|
||||
|
Tionchar ar Bhallstáit chomharsanacha |
|
Bacainní teicniúla, conarthacha nó rialála ar ola eile a chur in ionad ola de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise
|
Bacainní teicniúla, conarthacha nó rialála |
|
|
Roghanna chun bacainní a shárú agus amlíne |
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/261/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)