Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026D0484

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/484 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2026 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le galar crúb agus béil sa Chipir (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1391)

C/2026/1391

IO L, 2026/484, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/484/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 10/03/2026; Arna aisghairm le 32026D0582

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/484/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/484

26.2.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/484 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Feabhra 2026

maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le galar crúb agus béil sa Chipir

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1391)

(Is é an téacs Gréigise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é an galar crúb agus béil a bhíonn ar ainmhithe san ord mamach Artiodactyla agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseachtaí choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráig den ghalar crúb agus béil in ainmhithe in ord mamach Artiodactyla, tá baol suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ina bhfuil ainmhithe soghabhálacha ar coimeád.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 déantar foráil maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear an galar crúb agus béil, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta agus crios faireachais.

(3)

An 21 Feabhra 2026, chuir an Chipir an Coimisiún ar an eolas faoi staid reatha an ghalair crúb agus béil ina críoch, tar éis ráigeanna den ghalar sin i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe athchogantacha i gceantar Larnaca sa Chipir, ar ráigeanna iad a deimhníodh an 20 Feabhra 2026. I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, bhunaigh an Chipir criosanna srianta, ina gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais, ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin, chun leathadh breise an ghalair sin a chosc.

(4)

Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá, i gcomhar leis an mBallstát sin, na criosanna srianta i dtaca leis an ngalar crúb agus béil sa Chipir, ina bhfuil na criosanna cosanta agus faireachais, a shainaithint go tapa ar leibhéal an Aontais.

(5)

Méid na gcriosanna cosanta agus faireachais agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin, mar a bhunaítear i gcomhréir le hIarscríbhinní X agus XI a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ní mór iad a bheith bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an ngalar crúb agus béil sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin agus ar staid eipidéimeolaíoch foriomlán an ghalair crúb agus béil sa Bhallstát lena mbaineann agus ar an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair.

(6)

Dá réir sin, ba cheart na limistéir a aithnítear mar chriosanna cosanta agus faireachais sa Chipir a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart fad an réigiúnaithe sin a shocrú.

(7)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh an ghalair crúb agus béil agus an ghá cosc a chur ar leathadh an ghalair ón mbunaíocht atá buailte sa Chipir go codanna eile den Bhallstáit sin nó go Ballstáit eile, is iomchuí feidhm a bheith ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir. Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunóidh an Chipir criosanna srianta, lena gcuimseofar criosanna cosanta agus faireachais, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, criosanna ina gcuirfear i bhfeidhm na bearta is gá a chur i bhfeidhm i gcriosanna cosanta agus faireachais, ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn.

Cuimseofar leis na criosanna cosanta agus faireachais na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn ar a laghad.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na Cipire a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Feabhra 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).


IARSCRÍBHINN

Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe

Ballstát

Uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid de na criosanna srianta sa Chipir dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí é

an Chipir

CY-FMD-2026-00001

Crios cosanta:

Those parts of Cyprus, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 34.973989, Long. 33.638938.

31.3.2026

Crios faireachais:

Those parts of Cyprus, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 34.973989, Long. 33.638938, excluding the areas contained in the protection zone

31.3.2026

an Chipir

CY-FMD-2026-00002

Crios cosanta:

Those parts of Cyprus, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 35.00599, Long. 33.65442.

31.3.2026

Crios faireachais:

Those parts of Cyprus, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 35.00599, Long. 33.65442, excluding the areas contained in the protection zone

31.3.2026

an Chipir

CY-FMD-2026-00003

Crios cosanta:

Those parts of Cyprus, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 35.007472, Long. 33.655528.

31.3.2026

Crios faireachais:

Those parts of Cyprus, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 35.007472, Long. 33.655528, excluding the areas contained in the protection zone

31.3.2026


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/484/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top