This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D0337
Commission Implementing Decision (EU) 2026/337 of 13 February 2026 postponing the expiry date of the approval of alpha-cypermethrin for use in biocidal products of product-type 18 in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/337 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2026 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le halfa-cipirmeitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/337 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2026 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le halfa-cipirmeitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2026/821
IO L, 2026/337, 17.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/337/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/337 |
17.2.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/337 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Feabhra 2026
lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le halfa-cipirmeitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/405 ón gCoimisiún (2), formheasadh alfa-cipirmeitrin mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(2) |
An formheas maidir le halfa-cipirmeitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (‘an formheas’), rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2026. An 12 Nollaig 2024 cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le halfa-cipirmeitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (‘an t-iarratas’). |
|
(3) |
An 7 Aibreán 2025 chuir údarás inniúil meastóireachta na Beilge an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe. |
|
(4) |
Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla. |
|
(5) |
Laistigh de 270 lá tar éis di moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, tá an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) le tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(6) |
Dá réir sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula ndéanfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir an scrúdú ar an iarratas a dhéanamh. Agus na teorainneacha ama á gcur san áireamh chun go ndéanfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta an mheastóireacht, chun go n-ullmhóidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán an tuairim uaithi agus chun go gcuirfidh sí isteach í, agus an t-am a thógfaidh sé don Choimisiún cinneadh a dhéanamh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas maidir le halfa-cipirmeitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2028. |
|
(7) |
Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth, beidh alfa-cipirmeitrin formheasta go fóill lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/405, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Dáta éaga an fhormheasa maidir le halfa-cipirmeitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/405, cuirtear ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2028 é.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/405 ón gCoimisiún an 11 Márta 2015 lena bhformheastar alfa-cipirmeitrin mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (IO L 67, 12.3.2015, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/405/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/337/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)