Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0097

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/97 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide agus sonraíochtaí an bhia núíosaigh iseamalta-olagaishiúicríd

C/2025/156

IO L, 2025/97, 22.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/97/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/97/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/97

22.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/97 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Eanáir 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide agus sonraíochtaí an bhia núíosaigh iseamalta-olagaishiúicríd

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

D’údaraigh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe an bia núíosach iseamalta-olagaishiúicríd faoi choinníollacha áirithe úsáide (3).

(4)

Dá bhrí sin, áirítear iseamalta-olagaishiúicríd mar bhia núíosach údaraithe ar liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

(5)

An 26 Márta 2021 chuir an chuideachta BioNeutra North America Inc. (‘an t-iarratasóir’) iarratas isteach ar na coinníollacha úsáide atá ann cheana, ar leathnú na gcoinníollacha úsáide agus ar shonraíochtaí nua le haghaidh an bhia núíosaigh iseamalta-olagaishiúicríd i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. I dteannta na gcoinníollacha úsáide údaraithe atá ann cheana, d’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí iseamalta-olagaishiúicríd in uachtar reoite agus i milseoga déiríochta eile, caife agus tae ar an toirt, milseoirí boird, cácaí, muifíní agus pióga, taosráin, gránaigh bhricfeasta, tarsainn/anlainn ghoinbhlasta, súlaigh agus anlainn, geilitíní, maróga, líonadh pióg torthaí, subha agus glóthacha, iógairt, deochanna bainnebhunaithe, bianna sneaiceanna, anlainn mhilse, barráin agus síoróipí, agus i bhforbhianna, mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), don phobal i gcoitinne os cionn 10 mbliana d’aois.

(6)

D’iarr an t-iarratasóir údarú maidir leis na coinníollacha údaraithe úsáide atá ann cheana. Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, go bhfuil na coinníollacha úsáide sin údaraithe cheana féin agus go bhfuil siad infheidhme maidir le gach oibreoir gnólachta bia, lena n-áirítear an t-iarratasóir, dá bhrí sin, ba cheart an t-údarú sin a theorannú do na coinníollacha úsáide nua agus dóibh sin amháin.

(7)

Maidir le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh i bhforbhianna, mhol an t-iarratasóir ar dtús an t-uasleibhéal iontógála 30 g/lá ach ina dhiaidh sin chomhaontaigh sé é a laghdú go 10 g/lá toisc gur foinse glúcóis í an tsubstaint. Mhol an t-iarratasóir coinníoll breise úsáide freisin nár cheart forbhianna ina bhfuil iseamalta-olagaishiúicríd a thomhailt má thomhlaítear bianna eile arna mbreisiú le hiseamalta-olagaishiúicríd ar an lá céanna.

(8)

An 26 Márta 2021, chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar chosaint staidéar eolaíoch agus sonraí dílseánaigh, is iad sin, sonraí na n-anailísí ar chomhdhéanamh agus tuairim shaineolach maidir leis na sonraí sin (5), sonraí baisce an táirge (6), iarraidh an iarratasóra ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) iseamalta-olagaishiúicríd a chur ar an margadh mar chomhábhair núíosacha bia (8), na deimhnithe anailísí (9), tuairiscí ar na modhanna anailíse (10), na deimhnithe creidiúnaithe saotharlainne (11); na tuarascálacha measúnachta ar iontógáil iseamalta-olagaishiúicríde (12), staidéar cobhsaíochta (13), staidéar dall dúbailte, randamaithe agus rialaithe le placebo chun imscrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí iseamalta-olagaishiúicríde i ndaoine fásta folláine (14), agus staidéar comhthreomhar dall triarach, randamaithe agus rialaithe le placebo chun imscrúdú a dhéanamh ar shábháilteacht agus infhulaingtheacht iseamalta-olagaishiúicríde ar dhaonra fásta folláin (15), arna gcur isteach mar thaca leis an iarratas.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, an 7 Nollaig 2021, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha úsáide nua atá beartaithe agus ar na sonraíochtaí breise maidir le hiseamalta-olagaishiúicríd mar bhia núíosach.

(10)

An 14 Nollaig 2023, ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch maidir le ‘leathnú ar úsáid iseamalta-olagaishiúicríde mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283’ (16), i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(11)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go raibh iseamalta-olagaishiúicríd sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe do na spriocphobail atá beartaithe. Sa tuairim uaidh, mheas an tÚdarás freisin gur cheart na paraiméadair mhicribhitheolaíocha atá beartaithe a chur le sonraíochtaí an bhia núíosaigh sin mar bhealach chun a shábháilteacht a threisiú. Dá bhrí sin, is iomchuí go n-áireofaí paraiméadair mhicribhitheolaíocha i sonraíochtaí iseamalta-olagaishiúicríde le haghaidh na gcoinníollacha úsáide nua atá beartaithe.

(12)

Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim eolaíoch ón Údaráis chun a shuí go gcomhlíonann iseamalta-olagaishiúicríd na coinníollacha maidir lena cur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, nuair a úsáidtear í faoi na coinníollacha úsáide nua

(13)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire go raibh a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh faoi na coinníollacha nua úsáide agus maidir leis na sonraíochtaí breise bunaithe ar staidéir eolaíocha agus ar shonraí eolaíocha, is iad sin, sonraí na n-anailísí comhdhéanaimh agus an tuairim shaineolach maidir leis na sonraí sin; na sonraí baisce táirge, iarraidh an iarratasóra ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 chun iseamalta-olagaishiúicríd a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh, na deimhnithe anailísí, na tuairiscí ar na modhanna anailíse, na deimhnithe creidiúnaithe saotharlainne, na tuarascálacha measúnaithe ar iontógáil iseamalta-olagaishiúicríde, an staidéar cobhsaíochta, an staidéar dall dúbailte, randamaithe, faoi rialú placebo chun imscrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí iseamalta-olagaishiúicríde i ndaoine fásta folláine, agus an staidéar comhthreomhar randamaithe, dall triarach, rialaithe le placebo, chun imscrúdú a dhéanamh ar shábháilteacht agus ar infhulaingtheacht iseamalta-olagaishiúicríde ar dhaonra fásta folláine, a bhí i gcomhad an iarratasóra agus nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach ná teacht ar a chonclúid dá uireasa.

(14)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an bonn cirt a soláthraíodh i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na staidéir agus sonraí eolaíocha sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach tagartha a bheith aige orthu i gcomhréir le hAirteagal 26(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(15)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh, an tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, cearta dílseánaigh agus eisiacha aige faoin dlí náisiúnta chun tagairt a dhéanamh do na staidéir agus na sonraí eolaíocha, is iad sin, sonraí na n-anailísí ar chomhdhéanamh agus an tuairim shaineolach maidir leis na sonraí sin, na sonraí baisce táirge, an iarraidh ón iarratasóir ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 maidir le hiseamalta-olagaishiúicríd a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh, na deimhnithe anailíse, na tuairiscí ar na modhanna anailíse; na deimhnithe creidiúnaithe saotharlainne; na tuarascálacha measúnachta ar iontógáil iseamalta-olagaishiúicríde, staidéar cobhsaíochta, staidéar dall dúbailte, randamaithe agus rialaithe le placebo chun imscrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí iseamalta-olagaishiúicríde i ndaoine fásta folláine, agus staidéar comhthreomhar dall triarach, randamaithe agus rialaithe le placebo chun imscrúdú a dhéanamh ar shábháilteacht agus infhulaingtheacht iseamalta-olagaishiúicríde ar dhaonra fásta folláin, agus nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí ná na staidéir sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh.

(16)

Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus measann sé go bhfuil bunús leordhóthanach tugtha ag an iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na staidéir eolaíocha agus na sonraí a chuirtear isteach mar thaca leis an iarratas, is iad sin, sonraí na n-anailísí ar chomhdhéanamh agus an tuairim shaineolach maidir leis na sonraí sin; na sonraí baisce táirge; an iarraidh ón iarratasóir ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 chun iseamalta-olagaishiúicríd a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh; na deimhnithe anailíse; na tuairiscí ar na modhanna anailíse; na deimhnithe creidiúnaithe saotharlainne; na tuarascálacha measúnaithe ar iontógáil iseamalta-olagaishiúicríde; an staidéar cobhsaíochta; staidéar dúbailte dall, randamaithe, rialaithe le placebo chun imscrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí iseamalta-olagaishiúicríde i ndaoine fásta folláine; agus staidéar comhthreomhar dall triarach, randamaithe agus rialaithe le placebo chun imscrúdú a dhéanamh ar shábháilteacht agus infhulaingtheacht iseamalta-olagaishiúicríde ar dhaonra fásta folláin, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun iseamalta-olagaishiúicríd a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(17)

Mar sin féin, maidir leis an mbia núíosach agus an tagairt do na staidéir agus na sonraí eolaíocha atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile ina dhiaidh sin cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin atá a n-iarratas bunaithe.

(18)

Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann le hiseamalta-olagaishiúicríd mar bhia núíosach ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha.

(19)

I gcomhréir le coinníollacha úsáide forbhianna ina bhfuil iseamalta-olagaishiúicríd, is gá tomhaltóirí a chur ar an eolas trí lipéadú iomchuí nár cheart ach an pobal i gcoitinne atá os cionn 10 mbliana d’aois forbhianna ina bhfuil iseamalta-olagaishiúicríd a thomhailt. Is iomchuí freisin na tomhaltóirí a chur ar an eolas gur foinse glúcóis é an bia núíosach. Ina theannta sin, thángthas ar an gconclúid sa tuairim ón Údarás nach ábhar imní sábháilteachta í iontógáil charnach iseamalta-olagaishiúicríde a thiocfadh as na húsáidí atá údaraithe cheana féin agus as na húsáidí leathnaithe atá beartaithe, lena n-áirítear forbhianna. Agus an tuairim ón Údarás á cur san áireamh, measann an Coimisiún nach bhfuil gá le ceanglas a chur lipéad a úsáid a chuireann in iúl do thomhaltóirí nár cheart forbhianna ina bhfuil iseamalta-olagaishiúicríd a thomhailt má thomhlaítear bianna eile arna mbreisiú le hiseamalta-olagaishiúicríd ar an lá céanna, mar atá molta ag an iarratasóir.

(20)

Mhol an t-iarratasóir go n-úsáidfí iseamalta-olagaishiúicríd i subha agus i nglóthacha. Treoir 2001/113/CE ón gComhairle (17) sainmhínítear táirgí a bhaineann le subha torthaí, glóthacha agus marmaláid agus purée castáin milsithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine. Leagtar síos leis an Treoir sin forálacha sonracha maidir le ceanglais ainmniúcháin agus chomhdhéanaimh na dtáirgí a thagann faoina raon feidhme. Ní fhéadfar ach ainmniúcháin áirithe a bhaineann le subha torthaí, glóthacha agus marmaláidí agus purée castáin milsithe a úsáid, agus ní fhéadfar ach comhábhair agus substaintí áirithe a údaraítear leis an Treoir sin a úsáid. Cé go bhfuil feidhm ag liosta an Aontais de bhianna núíosacha gan dochar d’fhorálacha eile a leagtar síos i reachtaíocht a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith, chun soiléireacht agus comhsheasmhacht rialála a áirithiú, is iomchuí go léireofaí le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh sin na srianta a fhorchuirtear le forálacha Threoir 2001/113/CE.

(21)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(22)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ní údaraítear ach an chuideachta BioNeutra North America Inc. (18) chun an bia núíosach iseamalta-olagaishiúicríd mar a shonraítear san Iarscríbhinn a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo an 11 Feabhra 2025, ach amháin má fhaigheann iarratasóir údarú ina dhiaidh sin don bhia núíosach sin gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá á gcosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú ó BioNeutra North America Inc.

Airteagal 3

Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó BioNeutra North America Inc.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).

(3)   https://food.ec.europa.eu/system/files/2016-11/novel-food_authorisation_2016_auth-letter_isomalto-oligosaccharide_en.pdf.

(4)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le breiseáin bhia (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/46/oj).

(5)  BioNeutra North America Inc., 2021, 2022, 2023 (neamhfhoilsithe).

(6)  BioNeutra North America Inc., 2021 (neamhfhoilsithe).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair bia núíosacha (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/258/oj.

(8)  BioNeutra North America Inc., 2008 (neamhfhoilsithe).

(9)  BioNeutra North America Inc., 2021 agus 2022 (neamhfhoilsithe).

(10)  BioNeutra North America Inc., 2021 (neamhfhoilsithe).

(11)  BioNeutra North America Inc., 2021 (neamhfhoilsithe).

(12)  BioNeutra North America Inc., 2021 (neamhfhoilsithe).

(13)  BioNeutra North America Inc., 2022 (neamhfhoilsithe).

(14)  BioNeutra North America Inc., 2012 (neamhfhoilsithe).

(15)  BioNeutra North America Inc., 2020 (neamhfhoilsithe).

(16)   EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024; 22:e8543, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8543.

(17)  Treoir 2001/113/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le subha torthaí, glóthacha torthaí agus marmaláidí torthaí agus purée castáin milsithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/113/oj).

(18)  Seoladh: 9608 25 Avenue NW, Edmonton, Alberta T6N 1J4, Ceanada.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Cosaint Sonraí

Iseamalta-olagaishiúicríd

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil

1.

Is é ‘iseamalta-olagaishiúicríd’ ainmniú an bhia núíosaigh a bheidh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu.

2.

Ar ainmniú an bhia núíosaigh a bheidh ar an lipéadú beidh ráiteas ar a luafar gur foinse ghlúcóis í iseamalta-olagaishiúicríd.

3.

Lipéadú na bhforbhianna ina bhfuil iseamalta-olagaishiúicríd, beidh ráiteas air nár cheart do leanaí faoi bhun 10 mbliana d’aois iad a thomhailt

 

Údaraithe an 11 Feabhra 2025. Tá an t-áireamh sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus ar shonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: BioNeutra North America Inc., 9608 25 Avenue NW, Edmonton, Alberta T6N 1J4, Ceanada. Le linn na tréimhse cosanta sonraí, is é BioNeutra North America Inc. amháin atá údaraithe chun an bia núíosach iseamalta-olagaishiúicríd a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíochta arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó BioNeutra North America Inc.

Dáta deiridh na cosanta sonraí:an 11 Feabhra 2030.’.

Uachtar reoite, milseoga déiríochta

8 %

Caife agus tae ar an toirt

10 %

Milseoirí boird

100 %

Cácaí, muifíní agus pióga

20 %

Taosráin

15 %

Gránaigh bhricfeasta

10 %

Anlainn shaillte, súlaigh agus tarsainn:

10 %

Geiltíní agus maróga

15 %

Líonadh torthaí le haghaidh pióg

15 %

Leatháin torthaí (seachas táirgí a shainmhínítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE)

50 %

Iógairt

2,5 %

Deochanna bainnebhunaithe

5 %

Sneaiceanna gránachbhunaithe, torthaí-bhunaithe nó glasraí-bhunaithe

5 %

Anlainn, barráin agus síoróipí milse

50 %

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, don phobal i gcoitinne, seachas leanaí, faoi bhun 10 mbliana d’aois

10 g/lá

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia núíosach údaraithe

Sonraíocht

Iseamalta-olagaishiúicríd

Púdar

Tuaslagthacht (uisce) (%): > 99,0

Glúcós (% bonn tirim): ≤ 5,0

Iseamaltós + DP3 go DP9 (% bonn tirim): ≥ 90,0

Taise (%): ≤ 4,0

Luaith shulfáitithe (g/100 g): ≤ 0,3

Miotail throma:

Luaidhe (mg/kg): ≤ 0,5

Arsanaic (mg/kg): ≤ 0,5

Critéir mhicribhitheolaíocha:

Áireamh Iomlán Coilíneachtaí Aeróbacha: ≤ 1 000 CFU/g

Giostaí agus múscáin: ≤ 100 CFU/g

Escherichia coli: Neamhláithreacht in 10 g

Salmonella spp.: Neamhláithreacht in 25 g

Síoróip

Solaid thirime (g/100 g): > 75

Glúcós (% bonn tirim): ≤ 5,0

Iseamaltós + DP3 go DP9 (% bonn tirim): ≥ 90

pH: 4 - 6

Luaith shulfáitithe (g/100 g): ≤ 0,3

Miotail throma:

Luaidhe (mg/kg): ≤ 0,5

Arsanaic (mg/kg): ≤ 0,5

Critéir mhicribhitheolaíocha:

Áireamh Iomlán Coilíneachtaí Aeróbacha: ≤ 1 000 CFU/g

Giostaí agus múscáin: ≤ 100 CFU/g

Escherichia coli: Neamhláithreacht in 10 g

Salmonella spp.: Neamhláithreacht in 25 g

CFU: aonaid déanta coilíneachta’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/97/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top