This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0040
Regulation (EU) 2025/40 of the European Parliament and of the Council of 19 December 2024 on packaging and packaging waste, amending Regulation (EU) 2019/1020 and Directive (EU) 2019/904, and repealing Directive 94/62/EC (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/73/2024/REV/1
IO L, 2025/40, 22.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/40/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/40 |
22.1.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/40 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Nollaig 2024
maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Teastaíonn pacáistíocht oiriúnach ó tháirgí chun iad a chosaint agus iad a bheith éasca le hiompar ón áit a dtáirgtear iad go dtí an áit a n-úsáidtear nó a dtomhlaítear iad. Is ríthábhachtach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí go gcuirfí cosc ar bhacainní ar an margadh inmheánach don phacáistíocht. Le rialacha ilroinnte agus ceanglais dhoiléire, cruthaítear éiginnteacht agus costais bhreise d’oibreoirí eacnamaíocha. |
|
(2) |
Léirítear i staidreamh an Choimisiúin (Eurostat) maidir le dramhaíl ó phacáistíocht don tréimhse 2010-2021 go n-úsáidtear sa phacáistíocht méideanna móra ábhair phríomhúil (óghábhar). Úsáidtear 40 % de phlaistigh agus 50 % de pháipéar san Aontas le haghaidh pacáistíochta, agus is ionann an phacáistíocht agus 36 % de dhramhaíl sholadach chathrach. Cruthaíonn na méideanna móra pacáistíochta a ghintear, agus atá ag méadú de shíor, chomh maith le leibhéil ísle athúsáide agus bailiúcháin agus droch-athchúrsáil, bacainní suntasacha ar gheilleagar ciorclach ísealcharbóin a bhaint amach. Ba cheart, leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, rialacha a bhunú lena gcumhdófar saolré iomlán na pacáistíochta a rannchuideoidh le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh trí bhearta náisiúnta a chomhchuibhiú, agus drochthionchair na pacáistíochta agus na dramhaíola ó phacáistíocht ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a chosc agus a laghdú. Trí bhearta a leagan síos i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola a leagtar amach i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (‘ord na réiteach dramhaíola’), leis an Rialachán seo ba cheart rannchuidiú leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach. |
|
(3) |
Leagtar síos le Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ceanglais ar na Ballstáit maidir le pacáistíocht a bhaineann le comhdhéanamh na pacáistíochta agus a cineál in-athúsáidte agus in-aisghabhála (‘ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le pacáistíocht’), agus socraítear spriocanna aisghabhála agus athchúrsála do na Ballstáit. |
|
(4) |
In 2014, mhol an Coimisiún sa tseiceáil oiriúnachta uaidh a bhaineann le Treoir 94/62/CE go ndéanfaí oiriúnuithe ar na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le pacáistíocht, ar measadh gur príomhuirlis iad chun feidhmíocht chomhshaoil níos fearr a bhaint amach maidir le pacáistíocht, chun na ceanglais sin a dhéanamh níos nithiúla agus níos éasca a fhorfheidhmiú agus chun iad a neartú. |
|
(5) |
I gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019, tugtar gealltanas i ndoiciméad dar teideal The Circular Economy Action Plan for a cleaner and more competitive Europe (CEAP) [an Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach chun Eoraip níos glaine agus níos iomaíche a bhaint amach, (PGGC)], a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020, go ndéanfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le pacáistíocht a atreisiú d’fhonn gach pacáistíocht a dhéanamh in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte faoi 2030, agus bearta eile a bhreithniú chun pacáistíocht (iomarcach) agus dramhaíl ó phacáistíocht a laghdú, dearadh a spreagadh maidir le pacáistíocht is féidir a athúsáid agus a athchúrsáil, castacht ábhar pacáistíochta a laghdú agus ceanglais maidir le cion an ábhair athchúrsáilte i bpacáistíocht phlaisteach a thabhairt isteach. Le PGGC, léirítear freisin a riachtanaí atá sé cur amú bia a laghdú. Geallann an Coimisiún go ndéanfaidh sé measúnú ar indéantacht an lipéadaithe ar fud an Aontais a éascaíonn deighilt cheart na dramhaíola ó phacáistíocht ag an bhfoinse. |
|
(6) |
Is é an plaisteach an t-ábhar pacáistíochta is déine ó thaobh carbóin de agus i dtéarmaí úsáid breosla iontaise, tá athchúrsáil ar dhramhaíl phlaisteach thart ar 5 oiread níos fearr ná loscadh le haisghabháil fuinnimh. Mar a shonraítear sa Straitéis Eorpach um Plaistigh i nGeilleagar Ciorclach, a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2018, tugtar gealltanas in PGGC méadú a dhéanamh ar ghlacadh plaisteach athchúrsáilte agus rannchuidiú le húsáid níos inbhuanaithe a bhaint as plaistigh. Rannchuidíonn buiséad an Aontais agus an córas acmhainní dílse le laghdú a dhéanamh ar thruailliú ó dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach. Ón 1 Eanáir 2021, le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 (5) ón gComhairle, tugadh isteach ranníocaíocht náisiúnta atá comhréireach le cainníocht na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar a athchúrsáil i ngach Ballstát. Is cuid í an acmhainn dhílis sin de na dreasachtaí chun tomhaltas plaisteach aon úsáide a laghdú, athchúrsáil a chothú agus borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach. |
|
(7) |
Chuir an Chomhairle i dtábhacht go láidir sna Conclúidí uaithi dar teideal ‘Ag féachaint le Téarnamh Ciorclach Glas’ a glacadh an 11 Nollaig 2020, gur cheart don athbhreithniú ar Threoir 94/62/CE forálacha níos nithiúla, níos éifeachtaí agus níos fusa le cur chun feidhme a nuashonrú agus a bhunú chun pacáistíocht inbhuanaithe sa mhargadh inmheánach a chothú agus castacht pacáistíochta a íoslaghdú, chun réitigh indéanta go heacnamaíoch a chothú, in-athúsáidteacht agus in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta a fheabhsú, chomh maith le substaintí ar díol imní iad in ábhair phacáistíochta a íoslaghdú, go háirithe in ábhair pacáistíochta bia. Ina theannta sin, chuir an Chomhairle i bhfios go láidir gur cheart, san athbhreithniú ar Threoir 94/62/CE, foráil a dhéanamh freisin do lipéadú pacáistíochta ar bhealach atá intuigthe go héasca chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta agus faoin áit ar cheart dramhaíl ó phacáistíocht a dhiúscairt chun athchúrsáil a éascú. |
|
(8) |
Sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta nua um an nGeilleagar Ciorclach (6), athdhearbhaíodh an cuspóir go mbeadh gach pacáistíocht in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte ar bhealach a bheadh inmharthana go heacnamaíoch faoi 2030 agus iarradh ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 94/62/cé, lena n-áirítear bearta chun dramhaíl a laghdú agus spriocanna agus ceanglais fhíor-riachtanacha uaillmhianacha chun pacáistíocht iomarcach a laghdú, lena n-áirítear i ríomhthráchtáil, feabhas a chur ar in-athchúrsáilteacht agus castacht na pacáistíochta a íoslaghdú, cion an ábhair athchúrsáilte a mhéadú, substaintí guaiseacha agus díobhálacha a bhaint de réir a chéile, agus athúsáid a chur chun cinn. |
|
(9) |
Comhlánaítear leis an Rialachán seo Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), nach dtugtar aghaidh ar phacáistíocht mar chatagóir shonrach táirgí ann. Ba cheart a mheabhrú, áfach, go bhféadfaí le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar bhonn Rialachán (AE) 2024/1781 ceanglais bhreise nó ceanglais níos mionsonraithe a bhunú maidir le pacáistíocht le haghaidh táirgí sonracha, go háirithe i ndáil le híoslaghdú pacáistíochta i gcás inar féidir pacáistíocht ar lú a tionchar ar an gcomhshaol a bheith mar thoradh ar dhearadh nó athdhearadh táirgí. |
|
(10) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an bpacáistíocht go léir a chuirtear ar an margadh san Aontas agus maidir le gach dramhaíl ó phacáistíocht, gan beann ar an gcineál pacáistíochta nó ar an ábhar a úsáidtear. Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, ba cheart an sainmhíniú ar phacáistíocht faoi Threoir 94/62/CE a athstruchtúrú gan an tsubstaint a athrú. Ba cheart pacáistíocht díolacháin, pacáistíocht ghrúpáilte agus pacáistíocht iompair a shainmhíniú ar leithligh. Ba cheart dúbailt téarmaíochta a sheachaint. Mar sin, sa Rialachán seo, freagraíonn pacáistíocht díolacháin do phríomh-phacáistíocht, pacáistíocht ghrúpáilte do phacáistíocht thánaisteach agus pacáistíocht iompair do phacáistíocht threasach. |
|
(11) |
Maidir le cupáin, coimeádáin bhia, málaí ceapaire nó earraí eile ar féidir leo feidhm phacáistíochta a chomhlíonadh, níor cheart a mheas gur pacáistíocht iad i gcás ina ndeartar iad le bheith folamh agus ina mbeartaítear go ndíolfaidh an dáileoir deiridh mar sin iad. Níor cheart a mheas gur pacáistíocht iad na hearraí sin ach amháin i gcás ina bhfuil siad deartha agus ceaptha lena líonadh ag an díolphointe, agus sa chás sin ba cheart a mheas gur ‘pacáistíocht seirbhíse’ iad, nó gur dhíol an dáileoir deiridh iad agus bia agus deochanna iontu, ar choinníoll go bhfuil feidhm phacáistíochta acu. |
|
(12) |
Níor cheart é a bheith i gceist leis an sainmhíniú ar phacáistíocht táirgthe phríomhúil go ndéanfaí leathnú ar na táirgí a meastar gur pacáistíocht iad faoin Rialachán seo. Le tabhairt isteach an tsainmhínithe agus úsáid an tsainmhínithe sa sainmhíniú ar ‘táirgeoir’ ba cheart a áirithiú, maidir leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann an cineál sin pacáistíochta ar fáil den chéad uair, gurb é nó í an duine sin an táirgeoir faoin Rialachán seo agus nach iad na gnólachtaí príomhearnála, amhail na feirmeoirí, a úsáideann an cineál sin pacáistíochta na táirgeoirí. |
|
(13) |
Earra, atá ina chuid dhílis de tháirge agus a bhfuil gá leis chun an táirge sin a choinneáil, a thacú ná a chaomhnú ar feadh a shaolré agus a mbeartaítear eilimintí uile an earra sin a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt le chéile, níor cheart a mheas gur pacáistíocht é ós rud é go bhfuil a fheidhmiúlacht nasctha go dlúth lena bheith mar chuid den táirge. I bhfianaise iompraíocht tomhaltóirí maidir le málaí tae agus caife a dhiúscairt chomh maith le haonaid aon fhreastail córais caife nó tae, a dhiúscraítear sa chleachtas mar aon le hiarmhar an táirge as a n-eascraíonn éilliú sruthanna inmhúirínithe agus athchúrsála, ba cheart déileáil leis na hearraí sonracha sin mar phacáistíocht, áfach. Tá an cur chuige sin i gcomhréir leis an gcuspóir an bailiúchán ar leithligh de bhithdhramhaíl a mhéadú, mar a cheanglaítear le hAirteagal 22 de Threoir 2008/98/CE, agus áirithítear leis an méid sin an comhleanúnachas maidir le hoibleagáidí airgeadais agus oibriúcháin deiridh ré. Níor cheart a mheas gur pacáistíocht iad péinteanna, dúigh, vearnaisí, laicir agus greamacháin a cuireadh go díreach ar tháirge. Mar sin féin, ba cheart lipéid atá crochta go díreach ar tháirge nó atá greamaithe de, lena n-áirítear lipéid ghreamaitheacha atá greamaithe de thorthaí agus glasraí, a mheas mar phacáistiú, ós rud é nach é an lipéad féin atá greamaitheach ach an gliú ar an lipéad. Thairis sin, mura bhfuil in ábhar ar leith ach cuid neamhshuntasach d’aonad pacáistíochta, agus nach mó a mhais ná 5 % de mhais iomlán an aonaid in aon chás, níor cheart an t-aonad pacáistíochta sin a mheas mar phacáistíocht ilchodach. Leis an sainmhíniú ar phacáistíocht ilchodach sa Rialachán seo, níor cheart pacáistíocht aon úsáide atá déanta go páirteach as plaistigh a dhíolmhú, gan beann ar an leibhéal tairsí, ó cheanglais Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
|
(14) |
Níor cheart pacáistíocht a chur ar an margadh ach amháin má chomhlíonann sí na ceanglais inbhuanaitheachta agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart a mheas go gcuirtear an phacáistíocht ar an margadh nuair a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair í, rud a chiallaíonn nuair a sholáthraíonn an monaróir nó an t-allmhaireoir í lena dáileadh, lena tomhailt nó lena húsáid le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce. Dá bhrí sin, pacáistíocht a cuireadh ar mhargadh an Aontais cheana féin roimh dháta chur i bhfeidhm na gceanglas ábhartha agus atá i stoic na ndáileoirí, lena n-áirítear miondíoltóirí agus mórdhíoltóirí, níor cheart gur ghá di na ceanglais inbhuanaitheachta agus lipéadaithe a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo a chomhlíonadh. |
|
(15) |
I gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus smaointeoireacht saolré chun an toradh foriomlán is fearr ó thaobh an chomhshaoil de a sholáthar, ba cheart é a bheith d’aidhm ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo an méid pacáistíochta a chuirtear ar an margadh i dtéarmaí toirte agus meáchain a laghdú, chun giniúint dramhaíola ó phacáistíocht a chosc, go háirithe trí íoslaghdú pacáistíochta, chun pacáistíocht nach gá a sheachaint, agus athúsáid pacáistíochta a mhéadú. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo úsáid ábhar athchúrsáilte i bpacáistíocht a mhéadú, go háirithe, i bpacáistíocht phlaisteach ina mbíonn an glacadh le hábhar athchúrsáilte an-íseal, trí chórais athchúrsála ar ardchaighdeán a neartú agus, ar an gcaoi sin, na rátaí athchúrsála don phacáistíocht go léir a mhéadú agus cáilíocht na n-amhábhar tánaisteach a bheidh mar thoradh air sin a fheabhsú agus, ag an am céanna, cineálacha eile aisghabhála agus diúscartha deiridh a laghdú. |
|
(16) |
I gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, arb í diúscairt dramhaíola trí líonadh talún an rogha is lú tosaíochta, ba cheart é a bheith d’aidhm ag na bearta dá bhforáiltear faoin Rialachán seo líonadh talún le dramhaíl ó phacáistíocht a laghdú. |
|
(17) |
Ba cheart pacáistíocht a dhearadh, a mhonarú agus a thráchtálú ar bhealach a bhfágann gur féidir í a athúsáid a oiread uaireanta is féidir nó a athchúrsáil ar ardchaighdeán, agus chun a tionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú le linn a saolré iomláin agus le linn shaolré na dtáirgí ar lena n-aghaidh ar dearadh í. Chun an cuspóir sin a ghnóthú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le líon íosta uainíochtaí a shocrú do phacáistíocht in-athúsáidte le haghaidh na bhformáidí pacáistíochta is minice a úsáidtear san athúsáid. |
|
(18) |
I gcomhréir le cuspóirí PGGC agus Teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Chemicals Strategy for Sustainability – Towards a Toxic-Free Environment (‘Chemicals Strategy for Sustainability’) [An Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht – i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsain (An Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht)], agus chun bainistiú fónta na gceimiceán a áirithiú ar feadh a saolré agus an t-aistriú go geilleagar ciorclach saor ó thocsain, agus ábharthacht na pacáistíochta sa saol laethúil á meas, is gá leis an Rialachán seo aghaidh a thabhairt ar thionchar na pacáistíochta ar shláinte an duine, ar an gcomhshaol agus ar fheidhmíocht inbhuanaitheachta níos leithne ar feadh a saolré, lena n-áirítear ciorclaíocht, mar thoradh ar láithreacht substaintí ar cúis imní iad ar feadh shaolré iomlán na pacáistíochta, ó mhonarú go húsáid agus deireadh ré, lena n-áirítear bainistiú dramhaíola. |
|
(19) |
Agus an dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch á chur san áireamh, ba cheart pacáistíocht a dhearadh agus a mhonarú ar bhealach a chuirfeadh teorainn le láithreacht miotal trom áirithe agus substaintí eile ar údar imní iad ina comhdhéanamh. Mar atá ráite sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht, déanfar substaintí ar údar imní iad a íoslaghdú agus a ionadú a mhéid is féidir, ag cur deireadh de réir a chéile leis na cinn is díobhálaí d’úsáid shochaíoch neamhriachtanach, go háirithe i dtáirgí tomhaltais. Dá réir sin, ba cheart substaintí ar údar imní iad mar chomhábhair d’ábhar pacáistíochta nó d’aon cheann de na comhpháirteanna pacáistíochta a íoslaghdú agus é de chuspóir a áirithiú nach mbíonn aon drochthionchar ag an bpacáistíocht, chomh maith le hábhair a athchúrsáiltear ó phacáistíocht, ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol, ar feadh a saolré. |
|
(20) |
Grúpa ina gcuimsítear na mílte ceimiceán sintéiseach is ea substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFASanna) a úsáidtear go forleathan san Aontas agus sa chuid eile den domhan i raon leathan feidhmeanna. Ó thaobh thonnáiste PFASanna de, tá ábhar teagmhála bia agus pacáistíocht bhia ar cheann de na hearnálacha is ábhartha. Tá gach PFAS faoi raon feidhme an Rialacháin seo an-mharthanach iad féin, nó díghrádaíonn siad ina PFASanna an-mharthanach sa chomhshaol. Nuair a bhreathnaítear go sonrach ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar shláinte an duine a mheastar a bheith ina n-ábhar mór-imní tar éis do dhuine a bheith gan chosaint orthu go fadtéarmach, i.e. carcanaigineacht, só-ghineacht, tocsaineacht atáirgthe, lena n-áirítear éifeachtaí ar lachtadh nó trí lachtadh, agus tocsaineacht sain-spriocorgáin, aicmítear líon mór PFASanna i gcás ceann amháin ar a laghad de na cúig éifeacht sin. Bunaithe ar airíonna fisiceacha PFASanna, go háirithe a marthanacht, mar aon leis na héifeachtaí sainaitheanta ar an tsláinte i gcás roinnt PFASanna, is guais chomhshaoil agus do shláinte an duine iad PFASanna. |
|
(21) |
Is cinnte go mbeidh daoine nochta do PFASanna de thoradh iad a bheith in ábhair teagmhála bia. De dheasca nach féidir tairseach a leagan síos i gcás na nguaiseacha a bhaineann le PFASanna, is riosca do-ghlactha do shláinte an duine é nochtadh do PFASanna ó ábhair teagmhála bia. Dá bhrí sin, ba cheart teorainn a chur le PFASanna i bpacáistíocht teagmhála bia. Chun forluí a sheachaint leis na srianta maidir le húsáid PFASanna a leagtar síos i ngníomhartha eile dlí de chuid an Aontais, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh chun a mheas an gá an srianadh ar PFASanna i bpacáistíocht teagmhála bia a leagtar síos sa Rialachán seo a leasú nó a aisghairm. |
|
(22) |
Is comhdhúil cheimiceach é bisfeanól A (BPA) a úsáidtear i monarú ábhar tadhaill bia, amhail earraí cistine in-athúsáidte plaisteacha nó líneálacha le haghaidh cannaí, go príomha mar shraith chosantach. Féadfaidh nochtadh do BPA, a d’fhéadfadh tarlú trína aistriú isteach i mbia agus deochanna a dhéanfadh tomhaltóirí a ionghabháil ina dhiaidh sin, a bheith ina riosca do thomhaltóirí, fiú ar leibhéil ísle, de réir measúnú a d’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) in 2023. |
|
(23) |
I bhfianaise an nós imeachta leanúnaigh maidir le BPA, i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le hábhair teagmhála bia, meastar go nglacfar srian ar úsáid BPA roimh dheireadh 2024. A luaithe a ghlacfar é, beidh feidhm ag an srian ar úsáid BPA maidir le gach pacáistíocht bhia agus maidir le hábhair teagmhála bia, agus beidh idirthréimhse ghinearálta 18 mí i gceist. |
|
(24) |
I gcomhréir le EU Action Plan: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú], a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021, ba cheart beartais an Aontais a bhunú ar an bprionsabal gur cheart bearta coisctheacha a dhéanamh ag an bhfoinse. Cuireann an Coimisiún i dtábhacht sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht gur cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1907/2006 (10) agus (CE) Uimh. 1272/2008 (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a atreisiú mar bhunchloch chun ceimiceáin a rialáil san Aontas agus gur cheart iad a chomhlánú le cuir chuige chomhleanúnacha chun ceimiceáin a mheasúnú agus a bhainistiú sa reachtaíocht earnálach atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, cuirtear srian ar shubstaintí i bpacáistíocht agus comhpháirteanna pacáistíochta ag an bhfoinse agus tugtar aghaidh orthu go príomha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos faoi Theideal VIII den Rialachán sin, chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, feadh gach céime de shaolré na substainte, lena n-áirítear céim na dramhaíola. Dá bhrí sin, ba cheart a mheabhrú go bhfuil feidhm ag an Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 sin maidir le srianta a ghlacadh nó a leasú ar shubstaintí a mhonaraítear lena n-úsáid nó a úsáidtear i dtáirgeadh pacáistíochta nó comhpháirteanna pacáistíochta chomh maith le substaintí atá i bpacáistíocht nó comhpháirteanna pacáistíochta a chur ar an margadh. A mhéid a bhaineann le pacáistíocht a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, ba cheart a mheabhrú go bhfuil sé d’aidhm ag an Rialachán sin ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí bia phacáistithe. Anuas air sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh substaintí i bpacáistíocht, i gcomhpháirteanna pacáistíochta agus i ndramhaíl ó phacáistíocht faoi réir srianta a leagtar síos i ngníomhartha eile dlí de chuid an Aontais, amhail srianta agus toirmisc a bhunaítear maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha faoi Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). |
|
(25) |
I dteannta na srianta is infheidhme maidir le hábhair agus earraí teagmhála bia, a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, is iomchuí, ar chúiseanna comhsheasmhachta, na srianta atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun maidir le luaidhe, caidmiam, mearcair agus cróimiam heicsifhiúsach atá i bpacáistíocht nó comhpháirteanna pacáistíochta. |
|
(26) |
Bunaítear coinníollacha maidir le maoluithe i leith na dtiúchaintí luaidhe, caidmiam, mearcair agus cróimiam heicsifhiúsaigh atá bunaithe i bpacáistíocht nó comhpháirteanna pacáistíochta i gCinntí 2001/171/CE (13) agus 2009/292/CE (14) ón gCoimisiún, arna nglacadh faoi Threoir 94/62/CE, agus ba cheart iad a choinneáil ar bun faoin Rialachán seo freisin. Mar sin féin, chun an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na tiúchaintí do cheann ar bith de na miotail sin, a leagtar síos sa Rialachán seo, a laghdú, nó i ndáil leis na coinníollacha a chinneadh nach mbeidh feidhm ag suim thiúchaintí na miotal sin maidir le hábhair athchúrsáilte nó lúba táirge atá i slabhra atá iata agus rialaithe nó maidir le cineálacha pacáistíochta nó formáidí pacáistíochta áirithe. Ar bhonn na Straitéise Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht, is iad na tiúchaintí céanna atá le cur i bhfeidhm, mar phrionsabal, maidir le substaintí guaiseacha agus maidir le hóghábhar agus ábhar athchúrsáilte. D’fhéadfadh imthosca eisceachtúla a bheith ann, áfach, ina bhféadfadh sé a bheith riachtanach maolú ar an bprionsabal sin. Ba cheart na himthosca eisceachtúla sin, lena dtugtar údar le leibhéil éagsúla tiúchana d’ábhar athchúrsáilte i gcomparáid le hamhábhar príomhúil, a bheith bunaithe ar anailís de réir an cháis. Agus na díolúintí atá ann cheana i leith na dtiúchaintí luaidhe, caidmiam, mearcair agus cróimiam heicsifhiúsaigh á leasú, ba cheart don Choimisiún an prionsabal sin a chur san áireamh. |
|
(27) |
Gan dochar do shrianadh PFASanna, leis an Rialachán seo níor cheart foráil a dhéanamh don fhéidearthacht srianta a fhorchur ar úsáid substaintí bunaithe ar chúiseanna sábháilteachta ceimicí, ná ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht bia, ach amháin má tá riosca do-ghlactha ann do shláinte an duine nó don chomhshaol, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta do na srianta ar luaidhe, caidmiam, mearcair agus cróimiam heicsifhiúsach a bunaíodh cheana féin ar bhonn Threoir 94/62/CE agus ar cheart a choinneáil faoin Rialachán sin, ós rud é go dtugtar aghaidh ar na srianta sin faoi ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais. Mar sin féin, leis an Rialachán seo, ba cheart a bheith in ann freisin srian a chur, go príomha ar chúiseanna seachas sábháilteacht cheimiceach nó bia, ar shubstaintí atá i bpacáistíocht agus comhpháirteanna pacáistíochta nó a úsáidtear ina bpróisis mhonaraíochta, ar substaintí iad a dhéanann difear diúltach d’inbhuanaitheacht na pacáistíochta, go háirithe a mhéid a bhaineann lena ciorclaíocht, go mór mór próisis athúsáide nó athchúrsála. |
|
(28) |
Pacáistíocht a dheartar agus é de chuspóir aici a bheith athchúrsáilte, nuair a thagann sí chun bheith ina dramhaíl ó phacáistíocht, tá sé ar cheann de na bealaí is éifeachtúla chun ciorclaíocht na pacáistíochta a fheabhsú agus cur le rátaí athchúrsála pacáistíochta agus le húsáid ábhair athchúrsáilte i bpacáistíocht. Tá critéir maidir le dearadh pacáistíochta le haghaidh athchúrsála bunaithe ag an tionscal, trí bhíthin scéimeanna deonacha tionscalaíochta, agus ag roinnt Ballstát le haghaidh roinnt formáidí pacáistíochta chun táillí freagrachta leathnaithe táirgeora a mhodhnú. Chun bacainní ar an margadh inmheánach a chosc agus chun cothrom na Féinne a sholáthar don tionscal, agus é de chuspóir aige sin inbhuanaitheacht na pacáistíochta a chur chun cinn, tá sé tábhachtach ceanglais shainordaitheacha a leagan síos maidir le hin-athchúrsáilteacht na pacáistíochta, trí na critéir agus an mhodheolaíocht a chomhchuibhiú chun measúnú a dhéanamh ar in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta bunaithe ar mhodheolaíocht ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’ ar leibhéal an Aontais. Chun an cuspóir a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach a bhaint amach, ba cheart, faoi 2030, an phacáistíocht uile a bheith in-athchúrsáilte ar bhealach atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de, ba cheart pacáistíocht in-athchúrsáilte a dhearadh le haghaidh athchúrsáil ábhar, agus, nuair a thagann sí chun bheith ina dramhaíl, ba cheart go bhféadfaí í a bhailiú ar leithligh, agus í a shórtáil ina sruthanna sonracha dramhaíola gan difear a dhéanamh d’in-athchúrsáilteacht sruthanna dramhaíola eile agus í a athchúrsáil ar an mórchóir. Ba cheart in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta a shloinneadh i ngráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta arna mbunú ar bhonn critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála ó 2030 agus ar bhonn critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála agus maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir ó 2035do chatagóirí pacáistíochta mar a liostaítear in Iarscríbhinn II agus a shloinntear i ngráid A, B nó C. Ba cheart a mheas go bhfuil an phacáistíocht ag na gráid sin in-athchúrsáilte agus, dá bhrí sin, go gceadófar í a chur ar an margadh. Ba cheart pacáistíocht faoi bhun ghrád C a mheas mar phacáistíocht nach féidir a athchúrsáil go teicniúil agus ba cheart srian a chur leis an bpacáistíocht sin a chur ar an margadh. Mar sin féin, níor cheart na critéir sin a bheith á gcomhlíonadh leis an bpacáistíocht ach ón 1 Eanáir 2030 chun am leordhóthanach a thabhairt do na hoibreoirí eacnamaíocha oiriúnú a dhéanamh. Ón 1 Eanáir 2038, ba cheart don phacáistíocht a bheith ag grád B sula gcuirfí ar an margadh í. |
|
(29) |
Ba cheart don sainmhíniú ar athchúrsáil ábhar sa Rialachán seo na sainmhínithe ar athchúrsáil agus aisghabháil ábhar a leagtar amach i dTreoir 2008/98/CE a chomhlánú. Le hathchúrsáil ábhar, coinnítear na hacmhainní i gcúrsaíocht laistigh de gheilleagar na n-ábhar agus níor cheart, dá bhrí sin, cóireáil bhitheolaíoch ar dhramhaíl a chur san áireamh leis. Níor cheart don sainmhíniú ar athchúrsáil ábhar difear a dhéanamh do ríomh na spriocanna athchúrsála a leagtar síos do na Ballstáit faoin Rialachán seo. Tá na spriocanna sin agus ríomh na spriocanna sin bunaithe ar an sainmhíniú ar athchúrsáil a leagtar amach i dTreoir 2008/98/CE. |
|
(30) |
Le hathchúrsáil ar ardchaighdeán tugtar le tuiscint go bhfuil na hábhair athchúrsáilte, bunaithe ar a saintréithe teicniúla caomhnaithe, ar cháilíocht choibhéiseach nó ar cháilíocht níos airde i gcomparáid leis an ábhar bunaidh agus gur féidir iad a úsáid chun amhábhair phríomhúla a ionadú i bpacáistíocht nó i bhfeidhmeanna comhchosúla. Is féidir an t-ábhar athchúrsáilte a athchúrsáil arís agus arís eile. Chun táirgeadh amhábhar athchúrsáilte ardcháilíochta a chumasú, tá sé ríthábhachtach go mbaileofaí dramhaíl ó phacáistíocht arna sórtáil i gceart. Is é an difríocht idir athchúrsáil ábhar agus athchúrsáil ar ardchaighdeán go ndéantar, leis an athchúrsáil ábhar, an t-ábhar pacáistíochta a athchúrsáil ina ábhair, agus leis an athchúrsáil ar ardchaighdeán, déantar an t-ábhar pacáistíochta a athchúrsáil ina ábhair atá ar an gcáilíocht chéanna a chiallaíonn gur féidir na hábhair sin a úsáid le haghaidh pacáistíochta nó le haghaidh feidhmeanna eile lena gcaomhnaítear cáilíocht an ábhair athchúrsáilte. |
|
(31) |
Cé go ndearnadh measúnú ar dhearadh le haghaidh athchúrsála, ní áirithítear leis sin, ann féin, go ndéantar pacáistíocht a athchúrsáil sa chleachtas. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun modheolaíocht aonfhoirmeach agus sásra um líne chúraim a bhunú, lena n-áirithítear go ndéanfar an dramhaíl ó phacáistíocht a athchúrsáil ar an mórchóir go héifeachtach, bunaithe ar phróisis bhailiúcháin ar leithligh úrscothacha sheanbhunaithe, agus ar phróisis sórtála agus athchúrsála sheanbhunaithe arna gcruthú i dtimpeallacht oibríochtúil. Dá bhrí sin, ó 2035, ba cheart measúnú nua a dhéanamh bunaithe ar chainníocht, i.e. meáchan an ábhair a athchúrsáiltear go héifeachtach ó gach ceann de na catagóirí pacáistíochta de réir na modheolaíochta agus na dtairseach a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart na tairseacha maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir a shainiú agus an sprioc le haghaidh méid an ábhair athchúrsáilte bhliantúil a leagtar amach sa Rialachán seo á cur san áireamh. Faoi 2030, tá coinne leis go gcuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin cheana féin i ndáil leis na chéad sonraí maidir le cainníochtaí dramhaíola ó phacáistíocht arna n-athchúrsáil de réir chatagóir na pacáistíochta a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndéanfaí faireachán orthu. Na táirgeoirí, i gcás oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh ar bhonn aonair, na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a gcuirtear de chúram orthu na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, nó na hoibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht, i gcás ina bhfuil na húdaráis phoiblí freagrach as bainistiú na dramhaíola ó phacáistíocht a eagrú, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéantar an dramhaíl ó phacáistíocht a bhailiú ar leithligh, a shórtáil, agus go ndéantar an t-ábhar a athchúrsáil i mbonneagar suiteáilte agus próisis sheanbhunaithe arna gcruthú i dtimpeallacht oibríochtúil á n-úsáid, agus ba cheart dóibh an doiciméadacht theicniúil uile a sholáthar don mhonaróir lena n-áirithítear go ndéantar pacáistíocht a athchúrsáil ar an mórchóir. |
|
(32) |
Chun rialacha comhchuibhithe a bhunú maidir le dearadh pacáistíochta chun a hin-athchúrsáilteacht a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun critéir mhionsonraithe a leagan amach i ndáil le critéir ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’ agus gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta a bhunú, lena mbunaítear conas measúnú feidhmíochta in-athchúrsáilteachta a dhéanamh agus a thoradh a chur in iúl, lena mbunaítear tuairisc ar na coinníollacha chun go gcomhlíonfaidh gach catagóir pacáistíochta a gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta faoi seach, lena mbunaítear creat maidir le modhnú na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag táirgeoirí chun a n-oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh, chomh maith leis na hIarscríbhinní gaolmhara a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. |
|
(33) |
Chun nuálaíocht i bpacáistíocht a spreagadh, ba cheart tréimhse ama breise a thabhairt chun go bhféadfadh pacáistíocht a léiríonn gnéithe nuálacha as a dtagann feabhas suntasach ar chroí-fheidhm na pacáistíochta agus a bhfuil sochair chomhshaoil inléirithe aici na ceanglais in-athchúrsáilteachta a chomhlíonadh. Ba cheart údar a bheith leis na gnéithe nuálacha, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáid ábhar nua, agus ba cheart a mhíniú sa doiciméadacht theicniúil a ghabhann leis an bpacáistíocht go mbeartaítear conair athchúrsála a bhunú. Ba cheart an fhaisnéis sin a úsáid, inter alia, chun leasú a dhéanamh, i gcás inar gá, ar na gníomhartha cur chun feidhme i dtaca le critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála. Ba cheart don oibreoir eacnamaíoch fógra a thabhairt don Choimisiún agus don údarás inniúil freisin sula gcuirfear pacáistíocht nuálach ar an margadh. |
|
(34) |
Chun sláinte agus sábháilteacht an duine agus ainmhithe a chosaint, de bharr chineál na dtáirgí pacáistithe agus na gceanglas gaolmhar, na ceanglais in-athchúrsáilteachta maidir le neasphacáistíocht i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), atá i dteagmháil dhíreach leis an táirge íocshláinte, chomh maith le forphacáistíocht mar a shainítear sna gníomhartha reachtacha i gcásanna inar gá an phacáistíocht sin chun ceanglais shonracha a chomhlíonadh chun cáilíocht an táirge íocshláinte a chaomhnú, níor cheart na ceanglais sin a bheith sainordaitheach. Ina theannta sin, níor cheart na ceanglais in-athchúrsáilteachta a bheith sainordaitheach maidir le pacáistíocht phlaisteach atá íogair ó thaobh teagmhála le haghaidh feistí leighis a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), pacáistíocht phlaisteach atá íogair ó thaobh teagmhála le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), pacáistíocht phlaisteach atá íogair ó thaobh teagmhála de le haghaidh bianna a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga agus bia chun críocha speisialta míochaine a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), nó pacáistíocht a úsáidtear chun earraí contúirteacha a iompar i gcomhréir le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20). Pacáistíocht díolacháin a dhéantar as adhmad éadrom, coirc, teicstíl, rubar, ceirmeach nó poirceallán, ba cheart í a dhíolmhú freisin ós rud é go gcuirtear ar an margadh i gcainníochtaí fíorbheaga í, i.e. is lú ná 1 % de mheáchan na pacáistíochta a chuirtear ar mhargadh an Aontais gach catagóir. Níor cheart a chumhdach leis an díolúine sin an oibleagáid ranníocaíochtaí airgeadais a íoc i gcomhréir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora. |
|
(35) |
Tá roinnt Ballstát i mbun gníomhaíochta chun in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta a spreagadh trí tháillí freagrachta leathnaithe táirgeora a mhodhnú. Féadfaidh na tionscnaimh sin a ghlactar ar an leibhéal náisiúnta éiginnteacht rialála a chruthú d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe iad siúd a sholáthraíonn pacáistíocht i roinnt Ballstát. An tráth céanna, is ionstraim eacnamaíoch éifeachtach é na táillí freagrachta leathnaithe táirgeora a mhodhnú chun dearadh pacáistíochta níos inbhuanaithe a dhreasú chun pacáistíocht atá níos éasca a athchúrsáil a bhaint amach agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú ag an am céanna. Is gá, dá bhrí sin, na critéir maidir le modhnú na dtáillí freagrachta leathnaithe táirgeora a chomhchuibhiú bunaithe ar an ngrád feidhmíochta in-athchúrsáilteachta a fhaightear tríd an measúnú a dhéanamh ar in-athchúrsáilteacht, agus gan méideanna iarbhír na dtáillí sin a shocrú. Ós rud é gur cheart baint a bheith ag na critéir leis na critéir maidir le hin-athchúrsáilteacht na pacáistíochta, is iomchuí cumhacht a thabhairt don Choimisiún na critéir chomhchuibhithe sin a ghlacadh an tráth céanna lena mbunófar na critéir mhionsonraithe maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála de réir na catagóire pacáistíochta. |
|
(36) |
Chun ciorclaíocht na pacáistíochta a áirithiú, ba cheart pacáistíocht a dhearadh agus a mhonarú sa chaoi gur féidir ábhair phríomhúla a ionadú níos minice le hábhair athchúrsáilte. Tacaíonn úsáid mhéadaithe na n-ábhar athchúrsáilte le forbairt an gheilleagair chiorclaigh le margaí a fheidhmíonn go maith d’ábhair athchúrsáilte, laghdaíonn costais, spleáchais agus tionchair chomhshaoil dhiúltacha a bhaineann le húsáid na n-amhábhar príomhúil, agus fágann gur féidir úsáid a bhaint ábhar atá níos tíosaí ar acmhainní. I ndáil leis na hábhair phacáistíochta éagsúla, is i bpacáistíocht phlaisteach atá an t-ionchur is ísle d’ábhair athchúrsáilte. Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin ar an mbealach is iomchuí, is gá glacadh le plaistigh athchúrsáilte a mhéadú, trí spriocanna sainordaitheacha a bhunú maidir le cion an ábhair athchúrsáilte i bpacáistíocht phlaisteach ag leibhéil éagsúla ag brath ar íogaireacht teagmhála (21) na bhfeidhmeanna pacáistíochta plaistí éagsúla, agus ag áirithiú go dtiocfaidh na spriocanna chun bheith ceangailteach faoi 2030. Chun ciorclaíocht na pacáistíochta a áirithiú ar bhonn incriminteach, ba cheart feidhm a bheith ag spriocanna méadaithe ó 2040. |
|
(37) |
Níor cheart a mheas go dtagann ábhar páipéir a eascraíonn as an bpróiseas laíonála adhmaid faoin sainmhíniú ar phlaisteach faoin Rialachán seo. |
|
(38) |
Chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte agus sábháilteacht an duine agus ainmhithe i gcomhréir le dlí an Aontais, agus chun aon riosca do shlándáil an tsoláthair nó do shábháilteacht táirgí íocshláinte agus feistí leighis a sheachaint, ba cheart cineálacha áirithe pacáistíochta plaistí a eisiamh ón oibleagáid íosmhéid ábhair athchúrsáilte a bheith ann. Is éard atá sna cineálacha pacáistíochta plaistí sin neasphacáistíocht mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/83/CE agus i Rialachán (AE) 2019/6, pacáistíocht phlaisteach atá íogair ó thaobh teagmhála le haghaidh feistí leighis a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/745, pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/746, pacáistíocht phlaisteach atá íogair ó thaobh teagmhála le haghaidh bia atá beartaithe lena chaitheamh ag naíonáin agus leanaí óga, agus acu siúd amháin, agus pacáistíocht phlaisteach atá íogair ó thaobh teagmhála le haghaidh bia chun críoch speisialta míochaine a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013. Ba cheart feidhm a bheith ag an eisiamh sin freisin maidir le forphacáistíocht le haghaidh táirgí íocshláinte don duine agus táirgí íocshláinte tréidliachta mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/6 agus Treoir 2001/83/CE i gcásanna ina gcaithfidh an phacáistíocht ceanglais shonracha a chomhlíonadh chun cáilíocht an táirge íocshláinte a chaomhnú. |
|
(39) |
Chun na spriocanna maidir le comhtháthú an ábhair athchúrsáilte faoin Rialachán seo a bhaint amach, ba cheart don Choimisiún, tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, athbhreithniú a fhoilsiú ar staid fhorbairt theicneolaíoch agus fheidhmíocht chomhshaoil na pacáistíochta plaistí bithbhunaithe agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh lena ngabhann ceanglais agus spriocanna inbhuanaitheachta. |
|
(40) |
Chun bacainní ar an margadh inmheánach a chosc agus cur chun feidhme éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú go mbeidh in aon chuid phlaisteach den phacáistíocht íoschéatadán áirithe d’ábhar athchúrsáilte a aisghabhtar ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais, de réir chineál agus fhormáid na pacáistíochta dá dtagraítear sa Rialachán seo, arna ríomh mar mheán de réir na monarchan monaraíochta agus na bliana. |
|
(41) |
Trí úsáid a bhaint as an monarcha mhonaraíochta mar bhonn don ríomh, tugtar roinnt solúbthachta don mhonaróir pacáistíochta maidir leis an íoschéatadán d’ábhar athchúrsáilte a bhaint amach. Níor cheart monarcha mhonaraíochta a thuiscint ach mar thagairt d’aon saoráid thionsclaíoch amháin ina monaraítear an phacáistíocht. |
|
(42) |
Ba cheart dreasacht a bheith ann le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha chun cion an ábhair athchúrsáilte sa chuid phlaisteach den phacáistíocht a mhéadú. Bealach amháin chun é sin a bhaint amach is ea a áirithiú go ndéanfar táillí freagrachta leathnaithe táirgeora a mhodhnú bunaithe ar chéatadán an ábhair athchúrsáilte sa phacáistíocht. Ba cheart an modhnú táillí sna cásanna sin a bhunú ar rialacha comhchoiteanna maidir le ríomh agus fíorú chion an ábhair athchúrsáilte atá sa phacáistíocht sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit na córais atá ann cheana lena dtugtar rochtain chothrom roimh ré ar ábhar athchúrsáilte a choinneáil chun na spriocanna maidir le cion íosta an ábhair athchúrsáilte a bhaint amach ar choinníoll go gcomhlíonann siad an Rialachán seo. Thairis sin, ba cheart rochtain tosaíochta a dheonú ar na hábhair athchúrsáilte ar phraghsanna an mhargaidh agus ba cheart méid an ábhair athchúrsáilte dá dtugtar rochtain tosaíochta a bheith comhfhreagrach do mhéid na pacáistíochta a chuireann an t-oibreoir eacnamaíoch, faoi thréimhse shonraithe, ar mhargadh an Bhallstáit lena mbaineann. |
|
(43) |
Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na rialacha maidir leis an gcéatadán den ábhar athchúrsáilte a fhaightear ó aisghabháil na dramhaíola plaistí iarthomhaltais a ríomh agus a fhíorú,, arna ríomh de réir chineál agus fhormáid na pacáistíochta mar mheán de réir na monarchan monaraíochta agus na bliana, agus tionchar comhshaoil an phróisis athchúrsála á chur san áireamh, agus an fhormáid a bhunú le haghaidh na doiciméadachta teicniúla. |
|
(44) |
Chun margadh inmheánach a chur ar fáil le haghaidh athchúrsáil ar ardchaighdeán plaisteach agus le haghaidh úsáid amhábhar tánaisteach, in aon chuid phlaisteach den phacáistíocht a chuirtear ar an margadh ba cheart íoschéatadán áirithe d’ábhar athchúrsáilte a aisghabhtar ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a bheith inti, de réir chineáil agus fhormáid na pacáistíochta dá dtagraítear sa Rialachán seo, arna ríomh mar mheán de réir na monarchan monaraíochta agus na bliana. Ba cheart an cineál pacáistíochta a thuiscint mar thagairt don phríomhpholaiméir as a bhfuil an phacáistíocht déanta, agus ba cheart a thuiscint go dtagraíonn an fhormáid phacáistíochta do mhéid agus cruth aonaid pacáistíochta shonraigh. |
|
(45) |
Is gá, ar roinnt cúiseanna, ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine a bheith ann, go háirithe maidir le leibhéal na n-astaíochtaí san aer, san uisce agus san ithir. Ar an gcéad dul síos, is feiniméan domhanda é an t-athrú aeráide nach bhfuil aon teorainneacha aige agus níl nasc díreach ag a éifeachtaí le foinse na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa: is féidir éifeachtaí an athraithe aeráide atá díréireach lena rannchuidiú aonair leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda a bheith ann i dtíortha a bhfuil astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa acu. Ar an dara dul síos, tá na córais uisce idirnasctha, mar shampla trí shruthanna aigéanacha, agus léiríonn an taithí a fuarthas roimhe seo gur féidir truailliú, lena n-áirítear truailliú ó dhramhaíl phlaisteach, a tharlaíonn i gcuid amháin den domhan, a scaipeadh go forleathan chuig aigéin agus ilchríocha eile. Ar an tríú dul síos, ní hamháin gur féidir éifeachtaí áitiúla a bheith ag astaíochtaí a théann isteach san ithir, ach is féidir éifeachtaí trasteorann a bheith acu freisin, go háirithe nuair a théann na hastaíochtaí sin isteach sna sruthchúrsaí. Tá cur chun cinn na húsáide ábhair athchúrsáilte i bpacáistíocht phlaisteach bunaithe ar an mbonn gur táirgeadh an t-ábhar athchúrsáilte féin ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ionas go laghdaítear an lorg carbóin agus go spreagtar an geilleagar ciorclach. Chuige sin, is gá coimircí áirithe a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach gcealaítear, leis an gcaoi a bhfaightear ábhar athchúrsáilte, na tairbhí comhshaoil a bhaineann le hábhar athchúrsáilte a úsáid i bpacáistíocht phlaisteach a tháirgtear ina dhiaidh sin. Is gá, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a bhaineann leis an gcomhshaol ar bhealach neamh-idirdhealaitheach maidir le pacáistíocht phlaisteach a tháirgtear sa bhaile agus pacáistíocht phlaisteach a allmhairítear. Chuige sin, ba cheart allmhairí isteach san Aontas a bheith faoi réir coinníollacha coibhéiseacha maidir le hastaíochtaí agus bailiú ar leithligh agus critéir inbhuanaitheachta le haghaidh teicneolaíochtaí athchúrsála. |
|
(46) |
Tá sé ríthábhachtach dramhaíl phlaisteach a bhailiú ar leithligh óir tá tionchar díreach dearfach aige ar an ráta bailithe, ar cháilíocht an ábhair a bhailítear agus ar cháilíocht na n-ábhar athchúrsáilte. Cumasaítear athchúrsáil ar ardchaighdeán agus cuirtear le glacadh amhábhar tánaisteach ardchaighdeáin. Trí bhogadh níos gaire do ‘sochaí athchúrsála’ is féidir giniúint dramhaíola a sheachaint agus spreagtar dramhaíl a úsáid mar acmhainn agus, ag an am céanna, seachnaítear acmhainní a chur faoi ghlas ar na leibhéil is ísle d’ord na réiteach dramhaíola, rud a fhágann go mbíonn éifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol agus go ndéantar neamhaird de bhainistiú na dramhaíola atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Le bailiú ar leithligh, seachnaítear freisin dramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl neamhghuaiseach a mheascadh, rud a áirithíonn sábháilteacht na dramhaíola agus a loingsithe agus lena seachnaítear truailliú, mar a fhoráiltear dó le rialacha idirnáisiúnta amhail Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt an 22 Márta 1989 (22), Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (23), Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chosc ar Mhuir-Thruailliú trí Fhuíoll agus Ábhar eile a Dhumpáil, arna dhéanamh i Londain an 29 Nollaig 1972, agus Prótacal 1996 a ghabhann leis, agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc an 2 Samhain 1973 (MARPOL), arna mhodhnú le Prótacal 1978 a bhaineann leis sin. |
|
(47) |
Thairis sin, leis an bplé ar an leibhéal idirnáisiúnta laistigh de chruinnithe éagsúla an Choiste Caibidlíochta Idir-Rialtasaigh chun ionstraim idirnáisiúnta a fhorbairt atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le truailliú plaisteach, lena n-áirítear sa mhuirthimpeallacht faoi choimirce Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (‘an Coiste Caibidlíochta Idir-Rialtasach maidir le Truailliú Plaisteach’), léiríodh ar an leibhéal idirnáisiúnta gur gá dlús a chur leis an ngníomhaíocht maidir le bailiú ar leithligh plaisteach chun a thionchair chomhshaoil a theorannú agus chun borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach, chun giniúint dramhaíola a chosc agus saothrú acmhainní nádúrtha a laghdú. Léirigh sé freisin toil na bpáirtithe conarthacha bearta a ghlacadh chuige sin. Ceanglaítear leis an gCoinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin (24), arna dhéanamh sa Ghinéiv an 14 Samhain 1979, ar na páirtithe sa Choinbhinsiún sin an comhshaol a chosaint ar thruailliú aeir agus iarracht a dhéanamh truailliú aeir, lena n-áirítear aerthruailliú trasteorann fadraoin, a theorannú agus, a mhéid is féidir, a laghdú de réir a chéile agus a chosc. Faoin gCoinbhinsiún maidir le Cosaint agus Úsáid sruthchúrsaí trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta (25), arna dhéanamh i Heilsincí an 17 Márta 1992, ceanglaítear ar na páirtithe bearta a dhéanamh chun aon tionchar trasteorann a ghabhann le truailliú uisce a chosc, a rialú agus a laghdú. I gcomhréir le Dearbhú Rio 1992 ó Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an gComhshaol agus leis an bhForbairt, ba cheart gurb é údar an truaillithe, i bprionsabal, a sheasfadh costas an truaillithe. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhaíochtaí tionsclaíocha amhail athchúrsáil plaistigh a bheith fite fuaite le bearta chun truailliú a chosc agus a laghdú. |
|
(48) |
Leis an gcuspóir comhshaoil úsáid ábhar a aisghabhtar ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a spreagadh, éilítear go ndéanfaí an athchúrsáil phlaisteach ar bhealach lena n-íoslaghdófaí an truailliú a eascraíonn as. Murach sin, leis an truailliú tionsclaíoch a astaítear le linn na hathchúrsála, laghdófaí nó chuirfí deireadh leis an mbreisluach comhshaoil a bhaineann le húsáid plaisteach athchúrsáilte a spreagadh. Ba cheart critéir inbhuanaitheachta a fhorbairt maidir le teicneolaíochtaí athchúrsála le haghaidh dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais. Leis na critéir sin, ba cheart ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine a áirithiú, go háirithe maidir le leibhéal na n-astaíochtaí san aer, san uisce agus san ithir agus maidir le héifeachtúlacht acmhainní. Chun na críche sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le critéir inbhuanaitheachta a bhunú le haghaidh teicneolaíochtaí athchúrsála plaistigh. Dá réir sin, ba cheart athchúrsáil a dhéanamh ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, as a dtiocfaidh próisis agus táirgí athchúrsála ardchaighdeáin, agus lena n-áiritheofar ardchaighdeáin in earnáil na hathchúrsála. Trí leibhéal iomchuí inbhuanaitheachta na teicneolaíochta athchúrsála a áirithiú agus, dá bharr sin, an t-ábhar athchúrsáilte, beidh an spreagadh a thugtar d’úsáid ábhair athchúrsáilte i bpacáistíocht phlaisteach ina bheart freagrach ó thaobh an chomhshaoil de. Sa phlé a rinneadh le linn chruinnithe an Choiste Caibidlíochta Idir-Rialtasaigh maidir le Truailliú Plaisteach, leagtar béim freisin ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go n-oibreoidh teicneolaíochtaí athchúrsála ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. |
|
(49) |
Leis an modheolaíocht chun measúnú, fíorú agus deimhniú a dhéanamh, lena n-áirítear trí iniúchadh tríú páirtí, go gcuirfear rialacha coibhéiseacha i bhfeidhm i gcás ina ndéanfar an t-ábhar athchúrsáilte a aisghabhtar ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a athchúrsáil nó a bhailiú i dtríú tír, ba cheart ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine a áirithiú, go háirithe maidir le leibhéal na n-astaíochtaí isteach san aer, san uisce agus san ithir, agus é á chur san áireamh gur gá a áirithiú go ndéanfar athchúrsáil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus an fhéidearthacht athchúrsáil ar ardcháilíocht a áirithiú, mar aon le leibhéal na gcaighdeán cáilíochta le haghaidh earnáil na hathchúrsála, agus leibhéal na héifeachtúlachta acmhainní. Tá na breithnithe sin ríthábhachtach chun ciorclaíocht acmhainní a bhaint amach agus, ar an gcaoi sin, chun níos lú brú a chur ar acmhainní nádúrtha neamh-inathnuaite. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an mhodheolaíocht sin a bhunú. |
|
(50) |
Is gá d’ábhair teagmhála bia ina bhfuil plaisteach athchúrsáilte na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/1616 ón gCoimisiún (26) a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais maidir le teicneolaíochtaí athchúrsála. Maidir le pacáistíocht phlaisteach, ach amháin i gcás ina ndéantar an phacáistíocht sin as teireataláit phoileitiléine (TPE), is iomchuí athmheasúnú a dhéanamh ar infhaighteacht teicneolaíochtaí oiriúnacha athchúrsála le haghaidh na pacáistíochta plaistí sin fada go leor roimh dháta chur i bhfeidhm na gceanglas gaolmhar maidir le hábhar athchúrsáilte. Ina theannta sin, ba cheart staid an údaraithe faoi rialacha ábhartha an Aontais agus suiteáil iarbhír na teicneolaíochta sin a chumhdach leis an measúnú sin. Bunaithe ar an measúnú sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le foráil a dhéanamh do mhaoluithe ar na ceanglais maidir le cion an ábhair athchúrsáilte do phacáistíocht phlaisteach shonrach atá íogair ó thaobh teagmhála de, nó le hathbhreithniú a dhéanamh ar na maoluithe nó le liosta na n-eisceachtaí a leagtar síos sa Rialachán seo a leasú. Chuige sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. |
|
(51) |
Chun na rioscaí a bhaineann le soláthar neamhleor féideartha de dhramhaíl phlaisteach shonrach le haghaidh athchúrsála a bhféadfadh praghsanna iomarcacha nó éifeachtaí díobhálacha ar shláinte, ar shábháilteacht agus ar an gcomhshaol a bheith mar thoradh air, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith coigeartú a dhéanamh ar na híoschéatadáin d’ábhar athchúrsáilte a aisghabhtar ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais. Agus an bonn cirt leis an ngníomh tarmligthe sin á mheas, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar iarrataí dea-réasúnaithe ó dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha. |
|
(52) |
Maidir le hábhair nach ábhair phlaisteacha iad, amhail gloine nó alúmanam, is léir go bhfuil treocht ann chun amhábhair phríomhúil a ionadú le hábhair athchúrsáilte agus meastar go leanfaidh sin ar aghaidh mar gheall ar an bhforbairt sa timpeallacht dhlíthiúil agus eacnamaíoch agus ionchais na dtomhaltóirí deiridh. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún faireachán géar a dhéanamh ar úsáid ábhair athchúrsáilte in ábhair phacáistíochta nach plaistigh iad agus ba cheart dó measúnú a dhéanamh ar a oiriúnaí atá sé bearta breise a dhéanamh, lena n-áirítear spriocanna a leagan síos darb aidhm úsáid ábhair athchúrsáilte sa phacáistíocht nach pacáistíocht phlaisteach í a mhéadú. |
|
(53) |
Is minic an sruth dramhaíola bithdhramhaíola éillithe le gnáthphlaistigh agus is minic na sruthanna athchúrsála ábhar éillithe le plaistigh inmhúirínithe. Mar thoradh ar an tras-éilliú sin cuirtear amú acmhainní agus is ísle cáilíocht na n-amhábhar tánaisteach; ba cheart an tras-éilliú a chosc ag an bhfoinse. I bhfianaise an ábhair imní sin, ba cheart do na Ballstáit an bainistiú dramhaíola iomchuí ar a gcríoch a shonrú le haghaidh pacáistíocht inmhúirínithe. Toisc go bhfuil an bealach diúscartha ceart do phacáistíocht phlaisteach inmhúirínithe ag éirí níos mearbhlaí do thomhaltóirí, is ceart agus is gá rialacha soiléire comhchoiteanna a leagan síos maidir le húsáid pacáistíochta plaistí inmhúirínithe, gan sainordú a thabhairt ach i gcás ina dtagann leas soiléir don chomhshaol nó do shláinte an duine as an úsáid sin. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás inar cuidiú é pacáistíocht inmhúirínithe a úsáid chun bithdhramhaíl a bhailiú nó a dhiúscairt, mar shampla i gcás táirgí ina bhfuil an deighilt idir an t-ábhar agus an phacáistíocht an-chasta, amhail málaí tae. |
|
(54) |
Maidir le líon teoranta feidhmeanna pacáistíochta a dhéantar as polaiméirí plaisteacha in-bhithdhíghrádaithe, tagann sochair chomhshaoil inléirithe as pacáistíocht inmhúirínithe a úsáid, a théann isteach i ngléasraí múirínithe, lena n-áirítear saoráidí díleá anaeróbaigh faoi choinníollacha rialaithe. Ina theannta sin, i gcás ina gcuirfidh Ballstát i bhfeidhm Airteagal 22(1), an dara fomhír, de Threoir 2008/98/CE agus ina mbeidh scéimeanna iomchuí bailithe dramhaíola agus bonneagair iomchuí cóireála dramhaíola ar fáil sa Bhallstát sin, ba cheart solúbthacht a bheith ann don Bhallstát sin cinneadh á dhéanamh an ceart cead a thabhairt pacáistíocht inmhúirínithe le haghaidh caife, tae nó córais dí eile a chur ar fáil ar a chríoch den chéad uair in aonaid aonfhreastail atá comhdhéanta d’ábhar pacáistíochta eile nach miotail é, as málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom, as málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma agus an ceart cead a thabhairt pacáistíocht eile a bhí faoi réir ceanglais a bheith inmhúirínithe a chur ar fáil ar a gcríoch den chéad uair roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Chun mearbhall tomhaltóirí a sheachaint maidir leis an mbealach diúscartha ceart, agus breithniú a dhéanamh ar an sochar comhshaoil a bhaineann le ciorclaíocht an charbóin, ba cheart gach pacáistíocht eile a chur ar aghaidh chun athchúrsáil ábhar agus ba cheart a áirithiú le dearadh na pacáistíochta sin nach ndéanann sé difear d’in-athchúrsáilteacht sruthanna dramhaíola eile. |
|
(55) |
Ina theannta sin, níor cheart éilleáin a bheith sa mhúirín a tháirgtear mar thoradh ar an dramhaíl in-bhithdhíghrádaithe. Ba cheart ceanglais chaighdeán EN 13432:2000, doiciméad dar teideal Packaging - Requirements for packaging recoverable by composting and biodegradation - Test scheme and evaluation criteria for final acceptance of packaging [Pacáistíocht – Ceanglais le haghaidh pacáistíochta is inghnóthaithe trí mhúiríniú agus bith-dhíghrádú – Scéim tástála agus critéir mheastóireachta maidir le glacadh críochnaitheach le pacáistíocht], a athbhreithniú maidir le hamanna múirínithe, leibhéil incheadaithe éilleán agus srianta maidir le scaoileadh micreaphlaisteach chun go bhféadfar na hábhair sin a phróiseáil i saoráidí cóireála bithdhramhaíola ar bhealach iomchuí. Ba cheart freisin caighdeán comhchosúil don mhúiríniú baile a bhunú san Aontas. |
|
(56) |
Mar a thuairiscítear in ‘EU policy framework on biobased, biodegradable and compostable plastics’ [Creat beartais an Aontais maidir le plaistigh bhithbhunaithe, in-bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe], a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Samhain 2022, ní thuigtear dianscaoileadh i múiríniú baile as comhlíonadh na gcaighdeán maidir le múiríniú tionsclaíoch. Sa mhúiríniú tionsclaíoch, is iad teochtaí arda agus leibhéil arda taise na dálaí riachtanacha. Sa mhúiríniú baile, a dhéanann daoine príobháideacha, lena n-áirítear i bpobail, bíonn na dálaí iarbhír ag brath go mór ar chúinsí aeráide áitiúla agus ar chleachtais na dtomhaltóirí. Dá bhrí sin, tá an baol ann gur moille an bith-dhíghrádú sa mhúiríniú baile ná sa mhúiríniú tionsclaíoch, nó nach gcríochnófar é. Go háirithe, níor cheart múiríniú baile na pacáistíochta plaistí a mheas ach amháin le haghaidh feidhmeanna sonracha agus i gcomhthéacs dálaí áitiúla sonracha faoi mhaoirseacht na n-údarás ábhartha. |
|
(57) |
Ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun leasú a dhéanamh ar liosta na pacáistíochta a cheadaítear a mhúiríniú i gcás ina bhfuil údar maith leis agus inarb iomchuí mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíocha agus rialála a imríonn tionchar ar dhiúscairt plaisteach inmhúirínithe agus faoi na coinníollacha sonracha lena n-áirithítear go bhfuil úsáid na n-ábhar sin chun leas an chomhshaoil agus shláinte an duine. |
|
(58) |
Chun measúnú comhréireachta a éascú a mhéid a bhaineann le ceanglais faoin Rialachán seo maidir le pacáistíocht inmhúirínithe, is gá toimhde comhréireachta a sholáthar le haghaidh pacáistíocht inmhúirínithe atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27). Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil feidhm ag an toimhde, ba cheart sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe na gceanglas sin a chur san áireamh, i gcomhréir leis na forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha is déanaí. Ba cheart do na paraiméadair, lena n-áirítear amanna múiríniúcháin agus leibhéil éillithe inghlactha, na dálaí iarbhír i saoráidí cóireála bithdhramhaíola, lena n-áirítear próisis díleá anaeróbaigh, a léiriú. Ní féidir brath ar an gcaighdeán atá ann faoi láthair le haghaidh múiríniú tionsclaíoch mar bhonn do thoimhde comhréireachta, ós rud é gur gá an caighdeán sin a athbhreithniú agus leagan nuashonraithe a chur ina ionad. Mar sin féin, go dtí go mbeidh caighdeán comhchuibhithe nua nó nuashonraithe ar fáil, is féidir an caighdeán atá ann cheana a úsáid mar threoir. Maidir le pacáistíocht atá inmhúirínithe sa bhaile, ba cheart don Choimisiún a iarraidh go bhforbrófaí caighdeánú EN mar is iomchuí. |
|
(59) |
Gach pacáistíocht a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia nó atá i dtadhall le bia cheana féin, lena n-áirítear pacáistíocht inmhúirínithe, is gá di na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 a chomhlíonadh. I gcás inarb iomchuí, ba cheart a bheith in ann úsáid a bhaint as an doiciméadacht agus as an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi ghníomhartha dlí an Aontais maidir le hábhair teagmhála bia mar chuid den fhaisnéis agus den doiciméadacht a cheanglaítear faoin Rialachán seo. |
|
(60) |
Ba cheart an phacáistíocht a dhearadh chun a toirt agus a meáchan a íoslaghdú agus chun an in-athchúrsáilteacht a chumasú gan cur isteach ar a cumas na feidhmeanna pacáistíochta a chur i gcrích. Ba cheart do mhonaróir an phacáistíocht a mheasúnú de réir na gcritéar feidhmíochta a liostaítear sa Rialachán seo. I bhfianaise chuspóirí an Rialacháin seo chun giniúint pacáistíochta agus dramhaíola ó phacáistíocht a laghdú agus ciorclaíocht na pacáistíochta ar fud an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, is iomchuí na critéir atá ann faoi láthair a chomhlánú agus a shoiléiriú a thuilleadh agus iad a dhéanamh níos déine. Ba cheart, dá bhrí sin, liosta na gcritéar feidhmíochta pacáistíochta, mar a liostaítear sa chaighdeán comhchuibhithe dar teideal EN 13428:2004 ‘Packaging – Requirements specific to manufacturing and composition – Prevention by source reduction’ [Pacáistíocht – Ceanglais a bhaineann go sonrach le monaraíocht agus comhdhéanamh – Cosc trí laghdú ag an bhfoinse] a mhodhnú. Mar sin féin, go dtí go mbeidh caighdeán comhchuibhithe nua nó nuashonraithe ar fáil, is féidir an caighdeán atá ann cheana, EN 13428:2004, a úsáid. Cé go bhfuil margaíocht agus glacadh le tomhaltóir fós ábhartha maidir le dearadh pacáistíochta, níor cheart iad a bheith ina gcuid de chritéir feidhmíochta lena dtabharfaí údar, iontu féin, le meáchan breise agus toirt bhreise a chur le pacáistíocht. Mar sin féin, níor cheart dó sin dochar a dhéanamh do shonraíochtaí táirge le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus le haghaidh táirgí bia agus talmhaíochta atá cláraithe agus faoi chosaint faoi scéim um chosaint tásc geografach an Aontais, mar chuid de chuspóir an Aontais an oidhreacht chultúrtha agus saineolas traidisiúnta a chosaint lena n-áirítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) maidir le fíon, Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) maidir le deochanna biotáilleacha nó Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) maidir le táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, nó a chumhdaítear le scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31). Níor cheart dó ach oiread baint de dhearaí pacáistíochta atá á gcosaint faoi dhlíthe an Aontais nó na mBallstát maidir le dearadh nó trádmharcanna ná faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i gceann de na Ballstáit. Ní bheidh údar le heisceacht an chineáil pacáistíochta sin ach amháin a mhéid a bheidh tionchar ag na rialacha nua maidir le híoslaghdú pacáistíochta ar chruth na pacáistíochta ar chaoi nach bhféadfar leis an trádmharc idirdhealú a dhéanamh a thuilleadh idir an t-earra a bhfuil trádmharc air agus earraí gnóthais eile, agus nach bhféadfaidh an dearadh a shaintréithe nua agus aonair a choinneáil a thuilleadh. Chun an baol mí-úsáide a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine ach amháin maidir le cearta trádmhairc agus deartha a bhí á gcosaint roimh an 11 Feabhra 2025. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh in-athchúrsáilteacht, úsáid ábhair athchúrsáilte, agus athúsáid pacáistíochta a bheith ina n-údar le meáchan breise nó toirt bhreise a bheith ag pacáistíocht, agus ba cheart iad sin a chur leis na critéir feidhmíochta. Níor cheart pacáistíocht a chur ar an margadh ag a bhfuil ballaí dúbailte, íochtair bhréige agus tréithe eile arb é is aidhm dóibh amháin méid a chur le toirt bhraite an táirge, toisc nach gcomhlíonann an phacáistíocht sin an ceanglas maidir le híoslaghdú pacáistíochta. Ba cheart feidhm a bheith ag an riail chéanna maidir le pacáistíocht nach bhfuil gá léi chun feidhmiúlacht na pacáistíochta a áirithiú. |
|
(61) |
Chun na ceanglais maidir le híoslaghdú pacáistíochta a chomhlíonadh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar theorannú an spáis fholaimh sa phacáistíocht ghrúpáilte agus iompair, lena n-áirítear pacáistíocht ríomhthráchtála. |
|
(62) |
Chun measúnú comhréireachta a éascú a mhéid a bhaineann leis na ceanglais faoin Rialachán seo maidir le híoslaghdú pacáistíochta, is gá toimhde comhréireachta a sholáthar le haghaidh pacáistíocht atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 chun sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe a chur in iúl maidir leis na ceanglais sin agus critéir intomhaiste deartha a shonrú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, uasteorainneacha meáchain nó spáis fholaimh le haghaidh formáidí sonracha pacáistíochta chomh maith le dearaí pacáistíochta réamhshocraithe agus caighdeánaithe a chomhlíonann an ceanglas maidir le híoslaghdú pacáistíochta. |
|
(63) |
Chun ciorclaíocht agus úsáid inbhuanaithe na pacáistíochta a chur chun cinn, ba cheart pacáistíocht in-athúsáidte agus córais athúsáide a dhreasú. Chun na críche sin, is gá coincheap na pacáistíochta in-athúsáidte a shoiléiriú agus a áirithiú go mbeidh sí nasctha ní hamháin le dearadh na pacáistíochta, ach freisin le bunú córas athúsáide lena gcomhlíontar na híoscheanglais mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad. Leis an dearadh pacáistíochta, ba cheart an líon is airde uainíochtaí is féidir a chumasú agus na ceanglais sábháilteachta, cháilíochta agus sláinteachais a choinneáil ar bun agus iad á bhfolmhú, á ndíluchtú, á n-athlíonadh nó á n-athluchtú. Chun measúnú comhréireachta a éascú a mhéid a bhaineann le ceanglais faoin Rialachán seo maidir le pacáistíocht in-athúsáidte, is gá toimhde comhréireachta a sholáthar le haghaidh pacáistíocht atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 chun sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe a chur in iúl faoin Rialachán sin agus chun critéir agus formáidí pacáistíochta in-athúsáidte a bhunú, lena n-áirítear líon íosta turas nó uainíochtaí, dearaí caighdeánaithe, chomh maith le ceanglais maidir le córais athúsáide, lena n-áirítear ceanglais sláinteachais. |
|
(64) |
Is gá tomhaltóirí a chur ar an eolas agus a chur ar a gcumas dramhaíl ó phacáistíocht a dhiúscairt ar bhealach iomchuí. Chuige sin, is iomchuí córas lipéadaithe comhchuibhithe a bhunú bunaithe ar chomhdhéanamh na n-ábhar pacáistíochta chun dramhaíl a shórtáil, agus é a phéireáil le lipéid chomhfhreagracha ar ghabhdáin dramhaíola. Ba cheart é a bheith ina threoirghné agus lipéid á ndearadh go n-aithneodh gach saoránach an córas lipéadaithe comhchuibhithe sin, gan beann ar a gcúinsí, amhail aois agus eolas ar theangacha. D’fhéadfaí córas mar sin a bhaint amach trí bhíthin picteagram agus gan ach fíorbheagán foclaíochta a úsáid. D’fhónfadh dearaí mar sin freisin chun costais aistriúcháin a íoslaghdú, a thabhófaí murach sin. |
|
(65) |
Is céim riachtanach í an tsórtáil chun ciorclaíocht níos fearr a áirithiú maidir le pacáistíocht. Ba cheart feabhsú an chumais sórtála a spreagadh, go háirithe trí nuálaíochtaí teicneolaíochta, chun gurb éifeachtaí an caighdeán sórtála agus, ar an gcaoi sin, gur fearr an t-amhábhar le haghaidh na hathchúrsála. |
|
(66) |
Chun cuidiú le tomhaltóirí dramhaíl ó phacáistíocht a shórtáil agus a dhiúscairt, ba cheart córas siombailí comhchuibhithe a thabhairt isteach agus a cheangal a chur ar phacáistíocht agus gabhdáin dramhaíola araon, rud a ligfeadh do thomhaltóirí ’na siombailí a mheaitseáil chun críoch diúscartha. A bhuí leis na siombailí, ba cheart a bheith in ann bainistiú dramhaíola iomchuí a bhaint amach toisc gur cheart dóibh faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí faoi airíonna múirínithe na pacáistíochta sin. Leis an bhfaisnéis sin, ba cheart, go háirithe, mearbhall úsáideoirí deiridh a sheachaint maidir le pacáistíocht inmhúirínithe, nach bhfuil oiriúnach, dá réir sin, don mhúiríniú baile, ach atá inmhúirínithe faoi dhálaí a rialaítear go tionsclaíoch amháin. Leis an bhfaisnéis sin, ba cheart mar sin cosc a chur ar phacáistíocht inmhúirínithe a chaitheamh amach sa nádúr. Leis an gcur chuige sin, tiocfaidh feabhas ar bhailiú dramhaíola ó phacáistíocht ar leithligh, rud a fhágfaidh gur fearr caighdeán na hathchúrsála a dhéanfar ar dhramhaíl ó phacáistíocht, agus beartaítear go dtabharfaí isteach leibhéal comhchuibhithe na gcóras bailithe dramhaíola ó phacáistíocht ar an margadh inmheánach. Is gá freisin na siombailí a bhaineann leis na córais shainordaitheacha aisíoctha éarlaise a bhunófar tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a chomhchuibhiú. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a cheangal go n-úsáidfear na lipéid chomhchuibhithe sin ar phacáistíocht atá faoi réir córais aisíoctha éarlaise arna mbunú faoin dlí náisiúnta roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ós rud é nach trí chórais bailithe dramhaíola cathrach a bhailítear an phacáistíocht iompair sin, níor cheart úsáid na siombailí sin a bheith sainordaitheach i leith na pacáistíochta iompair, cé is moite den phacáistíocht ríomhthráchtála. |
|
(67) |
Níor cheart é a bheith sainordaitheach ábhar athchúrsáilte a lipéadú i bpacáistíocht toisc nach bhfuil an fhaisnéis sin ríthábhachtach chun cóireáil cheart na pacáistíochta i ndeireadh a shaolré a áirithiú. Beidh sé de cheangal ar mhonaróirí, áfach, spriocanna maidir le cion an ábhair athchúrsáilte a bhaint amach faoin Rialachán seo agus d’fhéadfadh sé gur mhaith leo an fhaisnéis sin a thaispeáint ar a bpacáistíocht chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi ábhar athchúrsáilte sa phacáistíocht. Chun a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis sin in iúl ar bhealach comhchuibhithe ar fud an Aontais, ba cheart lipéad a shonraíonn cion an ábhair athchúrsáilte atá sa phacáistíocht a chomhchuibhiú. |
|
(68) |
Níor cheart é a bheith sainordaitheach an t-ábhar plaisteach bithbhunaithe i bpacáistíocht a lipéadú ach oiread toisc go bhfuil roinnt coinníollacha ann nach mór do phlaistigh bhithbhunaithe a chomhlíonadh chun inbhuanaitheacht a áirithiú agus tá gá le tuilleadh fianaise eolaíoch chun a áirithiú go mbeidh úsáid an phlaistigh bhithbhunaithe, thar a shaolré iomlán, i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh, a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Samhain 2022 i ndáil le creat beartais de chuid an Aontais maidir le plaisteach bithbhunaithe, inmhúirínithe agus in-bhithdhíghrádaithe. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé gur mhian leis na monaróirí an fhaisnéis sin a thaispeáint ar a bpacáistíocht chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin ábhar plaisteach bithbhunaithe atá sa phacáistíocht. Chun a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis sin in iúl ar bhealach comhchuibhithe ar fud an Aontais, ba cheart lipéad a shonraíonn an t-ábhar plaisteach bithbhunaithe a chomhchuibhiú. |
|
(69) |
A mhéid a bhaineann le pacáistíocht in-athúsáidte, chun úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas faoi in-athúsáidteacht, infhaighteacht córas athúsáide agus suíomh na mbealaí bailiúcháin, ba cheart cód QR nó iompróir sonraí digiteacha oscailte caighdeánaithe de chineál eile a sholáthraíonn an fhaisnéis sin a bheith ar an bpacáistíocht sin. Sa chód QR nó san iompróir sonraí, ba cheart faisnéis a bheith ann lena n-éascaítear rianú agus ríomh líon na dturas agus na huainíochta, nó meánmheastachán ar an líon sin mura bhfuil an ríomh sin indéanta. Ba cheart an lipéad sin a bheith saorálach i gcás córais lúboscailte nach bhfuil oibreoir córais acu. Ina theannta sin, ba cheart pacáistíocht díolacháin in-athúsáidte a shainaithint go soiléir ag an díolphointe. |
|
(70) |
Níor cheart aon iolrú a dhéanamh ar lipéid ar phacáistíocht. Chun é sin a sheachaint, i gcás ina gceanglaítear le gníomhartha eile dlí de chuid an Aontais faisnéis faoin táirge pacáistithe a bheith ar fáil go digiteach trí iompróir sonraí, ba cheart an fhaisnéis faoin bpacáistíocht a cheanglaítear faoin Rialachán seo, agus faoin táirge pacáistithe faoin ngníomh eile dlí de chuid an Aontais, a bheith inrochtana tríd an iompróir sonraí céanna. Ba cheart don iompróir sonraí sin na ceanglais faoin Rialachán seo nó faoi dhlí eile is infheidhme de chuid an Aontais a chomhlíonadh. Go sonrach, i gcás ina gcumhdaítear an táirge pacáistithe le Rialachán (AE) 2024/1781 nó le dlí eile de chuid an Aontais lena gceanglaítear pas táirge digiteach, ba cheart an pas táirge digiteach sin a úsáid freisin chun an fhaisnéis ábhartha a sholáthar faoin Rialachán sin. I gcás ina bhfuil substaintí ar údar imní iad sa phacáistíocht, ba cheart í a mharcáil trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht oscailte chaighdeánaithe marcála digití mar a bhunaítear i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún. Ba cheart a áirithiú leis an bhfaisnéis sin go mbeidh rochtain ag oibreoirí dramhaíola ar fhaisnéis ábhartha maidir le comhdhéanamh ceimiceach na pacáistíochta chun an rogha bainistithe dramhaíola is iomchuí a chinneadh i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus, ar an gcaoi sin, ciorclaíocht na pacáistíochta a chur chun cinn. |
|
(71) |
Chun cuidiú le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart tomhaltóirí a chosaint ar fhaisnéis mhíthreorach agus mhearbhlach faoi shaintréithe na pacáistíochta agus faoin gcóireáil iomchuí maidir le deireadh a saolré, ar bunaíodh lipéid chomhchuibhithe ina leith faoin Rialachán seo. Ba cheart é a bheith indéanta pacáistíocht a áirítear sa scéim freagrachta leathnaithe táirgeora a shainaithint le siombail chomhfhreagrach ar fud na críche ina bhfuil feidhm ag an scéim sin chun a chur in iúl go gcomhlíonann an táirgeoir a chuid oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora. Níor cheart sainaithint den sórt sin a bhaint amach ach amháin trí chód QR nó teicneolaíocht chaighdeánaithe marcála digití oscailte eile. Ba cheart an tsiombail sin a bheith soiléir agus gan débhrí do thomhaltóirí maidir le hin-athchúrsáilteacht na pacáistíochta. |
|
(72) |
Ba cheart lipéad a bheith ar phacáistíocht a chumhdaítear leis na córais shainordaitheacha aisíoctha éarlaise lena gcuirtear in iúl do na tomhaltóirí go gcumhdaíonn an córas sin an phacáistíocht agus, dá bhrí sin, gur cheart í a bhailiú trí bhealaí sonracha bailiúcháin arna n-údarú ag na húdaráis náisiúnta chun na críche sin. Ba cheart an lipéad sin a bheith ina lipéad comhchuibhithe AE arna bhunú ag an gCoimisiún. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a cheangal go n-úsáidfear na lipéid chomhchuibhithe sin ar phacáistíocht atá faoi réir córais aisíoctha éarlaise arna mbunú faoin dlí náisiúnta, roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(73) |
Feidhmíonn Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) mar ‘líontán sábhála’ lena n-áirithítear ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí i ngach earnáil agus lena gcomhlánaítear ceanglais níos mionsonraithe i ndlí earnáilsonrach nó i ndlí táirge-shonrach an Aontais, ach amháin i gcás coinbhleacht idir an Treoir seo agus rialacha eile de chuid an Aontais a bhaineann le gnéithe sonracha de chleachtais tráchtála éagóracha, agus, sa chás sin, ba cheart forlámhas a bheith ag rialacha an Aontais maidir leis na gnéithe sonracha sin. Le Treoir (AE) 2024/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), foráiltear gur cleachtas tráchtála éagórach é lipéad inbhuanaitheachta saorálach a thaispeáint nach gcomhlíonann ceanglais áirithe. |
|
(74) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na gceanglas maidir le lipéadú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun sórtáil dramhaíola a fheabhsú a thuilleadh, chun an mhodheolaíocht a bhunú chun comhdhéanamh ábhar na pacáistíochta a shainaithint agus chun substaintí ar údar imní iad a shainaithint trí bhíthin teicneolaíochtaí digiteacha caighdeánaithe oscailte, agus chun lipéad comhchuibhithe, sonraíochtaí comhchuibhithe agus formáid chomhchuibhithe a bhunú maidir leis na ceanglais lipéadaithe do phacáistíocht agus do ghabhdáin dramhaíola arna mbunú faoin Rialachán seo. Agus na sonraíochtaí sin á bhforbairt, ba cheart don Choimisiún a laghad eilimintí teanga is féidir a úsáid agus ba cheart faisnéis eolaíoch nó faisnéis theicniúil eile atá ar fáil a chur san áireamh, lena n-áirítear caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha. Ba cheart aon éagsúlachtaí atá ann idir na Ballstáit maidir le méid na héarlaise a ghearrtar a chur san áireamh i ndearadh lipéadú comhchuibhithe na pacáistíochta atá faoi réir córas aisíoctha éarlaise. I bhfianaise an chórais nua, ba cheart Cinneadh 97/129/CE ón gCoimisiún (34) a aisghairm ón 12 Lúnasa 2028 agus ba cheart an méid atá ann a chorprú sa ghníomh cur chun feidhme. |
|
(75) |
Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú go gcomhlíonann an phacáistíocht na ceanglais faoin Rialachán seo. Ba cheart dóibh bearta iomchuí a dhéanamh chun an comhlíonadh sin a áirithiú i ndáil lena róil féin sa slabhra soláthair chun saorghluaiseacht phacáistíochta sa mhargadh inmheánach a áirithiú agus chun a hinbhuanaitheacht a fheabhsú. |
|
(76) |
Ós rud é gur ag an monaróir atá an t-eolas mionsonraithe faoin bpróiseas dearaidh agus táirgthe, is eisean nó ise is fearr is féidir an measúnú comhréireachta a dhéanamh dá ndéantar foráil sa Rialachán seo. Faoin Rialachán seo, is ar an monaróir, agus ar an monaróir amháin, ba cheart an oibleagáid a bheith an measúnú comhréireachta a dhéanamh. |
|
(77) |
Ba cheart a áirithiú go soláthródh soláthróirí pacáistíochta nó ábhar pacáistíochta an fhaisnéis agus an doiciméadacht go léir is gá don mhonaróir chun go bhféadfaidh an monaróir comhréireacht na pacáistíochta agus na n-ábhar pacáistíochta a léiriú. Ba cheart an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a sholáthar ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. |
|
(78) |
Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú, is gá a áirithiú go gcomhlíonfaidh pacáistíocht ó thríú tíortha a thagann isteach i margadh an Aontais an Rialachán seo, bíodh sí á hallmhairiú mar phacáistíocht neamhspleách nó in éineacht le táirge pacáistithe. Is gá, go háirithe, a áirithiú gur chuir monaróirí nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta i gcrích maidir leis an bpacáistíocht sin. Ba cheart d’allmhaireoirí a áirithiú, dá bhrí sin, go gcomhlíonann an phacáistíocht a chuireann siad ar an margadh na ceanglais sin agus go mbeidh doiciméadacht a tarraingíodh suas ag monaróirí ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta lena n-iniúchadh. |
|
(79) |
Agus an phacáistíocht á cur ar an margadh, ba cheart do gach allmhaireoir an méid seo a leanas a shonrú ar an bpacáistíocht: a ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe chomh maith lena sheoladh poist agus, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, modh leictreonach cumarsáide trínar féidir teagmháil a dhéanamh leis. Ba cheart foráil a dhéanamh d‘eisceachtaí i gcásanna nach féidir na tásca sin a chur ar an bpacáistíocht. |
|
(80) |
Toisc go gcuireann an dáileoir pacáistíocht ar fáil ar an margadh tar éis don mhonaróir nó don allmhaireoir í a chur ar an margadh sin, ba cheart don dáileoir gníomhú leis an gcúram is iomchuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo. Ba cheart don dáileoir a áirithiú freisin nach ndéantar dochar le láimhseáil na pacáistíochta do chomhlíonadh na gceanglas sin. |
|
(81) |
Ós rud é go bhfuil dáileoirí agus allmhaireoirí gar don mhargadh agus go bhfuil ról tábhachtach acu maidir le comhréireacht pacáistíochta a áirithiú, ba cheart dóibh a bheith bainteach leis na cúraimí faireachais margaidh arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir chun bheith rannpháirteach go gníomhach tríd an bhfaisnéis uile is gá i ndáil leis an bpacáistíocht lena mbaineann a sholáthar do na húdaráis sin. |
|
(82) |
Aon allmhaireoir nó dáileoir a chuireann pacáistíocht ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, nó a mhodhnaíonn an phacáistíocht atá curtha ar an margadh cheana ar bhealach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh an Rialacháin seo, ba cheart a mheas gurb é an monaróir é agus ba cheart dó an fhreagracht oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh air féin. |
|
(83) |
Trí inrianaitheacht pacáistíochta a áirithiú feadh an tslabhra soláthair ina iomláine éascaítear cúram na n-údarás um fhaireachas margaidh oibreoirí eacnamaíocha a rianú a chuir pacáistíocht neamhchomhlíontach ar an margadh nó a chuir ar fáil ar an margadh í. Ba cheart a cheangal ar na hoibreoirí eacnamaíocha, dá bhrí sin, an fhaisnéis faoina n-idirbhearta a choinneáil go ceann tréimhse ama áirithe. |
|
(84) |
Ní féidir dul i ngleic leis an bhfadhb iomlán a bhaineann le giniúint iomarcach dramhaíola ó phacáistíocht trí oibleagáidí a leagan síos maidir le dearadh pacáistíochta. I gcás cineálacha áirithe pacáistíochta, ba cheart oibleagáidí maidir leis an gcóimheas spáis fholaimh a laghdú a fhorchur ar oibreoirí eacnamaíocha a líonann an phacáistíocht sin nó a úsáideann ar shlí eile í. I gcás pacáistíocht ghrúpáilte, iompair agus ríomhthráchtála a úsáidtear chun táirgí a sholáthar do dháileoirí deiridh nó d’úsáideoirí deiridh, níor cheart an cóimheas spáis fholaimh a bheith níos mó ná 50 %. Níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le pacáistíocht in-athúsáidte. I gcomhréir leis an ordlathas dramhaíola agus chun nuálaíocht pacáistíochta a chur chun cinn d’fhonn dramhaíl ó phacáistíocht a laghdú, ba cheart oibreoirí eacnamaíocha a úsáideann pacáistíocht díolacháin mar phacáistíocht ríomhthráchtála a bheith in ann a bheith díolmhaithe ón oibleagáid sin. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gcóimheas idir spás folamh a ríomh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an mhodheolaíocht dá ríomh a bhunú. |
|
(85) |
Chun ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú sa mhargadh inmheánach chomh maith le hardleibhéal sábháilteachta bia agus sláinteachais bia, agus chun gur fusa na spriocanna a bhaint amach maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a chosc, níor cheart pacáistíocht neamhriachtanach ná inseachanta a chur ar an margadh. Soláthraítear liosta na bhformáidí pacáistíochta sin sa Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a fhoilsiú ina míneofar an liosta sin ar bhealach níos mionsonraithe, lena n-áirítear samplaí den phacáistíocht agus treoir a thabhairt maidir leis na díolúintí ó na srianta. |
|
(86) |
Chun ciorclaíocht agus úsáid inbhuanaithe na pacáistíochta a chur chun cinn, is gá teorainn a chur leis an riosca nach n-athúsáidfear pacáistíocht a mhargaítear mar phacáistíocht in-athúsáidte sa chleachtas agus a áirithiú go dtabharfaidh tomhaltóirí pacáistíocht in-athúsáidte ar ais. Is é an bealach is iomchuí chun é sin a bhaint amach ceangal a chur ar oibreoirí eacnamaíocha a úsáideann pacáistíocht in-athúsáidte a áirithiú go gcuirtear córas athúsáide i bhfeidhm, rud a fhágfaidh gur féidir an phacáistíocht sin a chur i gcúrsaíocht, a uainiú agus a úsáid arís agus arís eile. Chun na buntáistí is mó a bhaineann leis na córais sin a áirithiú, ba cheart íoscheanglais a leagan síos maidir le córais lúboscailte agus lúbiata. Ba cheart an deimhniú go gcomhlíonann pacáistíocht in-athúsáidte córas athúsáide a bheith mar chuid de dhoiciméadacht theicniúil na pacáistíochta sin. Is féidir méid éagsúil agus clúdach geografach éagsúil a bheith i gceist le córais athúsáide, agus d’fhéadfadh córais áitiúla níos lú a bheith i gceist leo nó córais níos mó lena gcuimsítear críoch iomlán Ballstáit amháin nó críocha roinnt Ballstát. |
|
(87) |
Is gá pacáistíocht in-athúsáidte a bheith sábháilte dá húsáideoirí. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a thairgeann a gcuid táirgí i bpacáistíocht in-athúsáidte a áirithiú, sula n-úsáidtear pacáistíocht in-athúsáidte arís, go gcuirtear í trí phróiseas athriochtúcháin, ar cheart ceanglais a leagan síos ina leith. |
|
(88) |
Tagann pacáistíocht in-athúsáidte chun bheith ina dramhaíl, de réir bhrí Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/98/CE, nuair a dhéanann a sealbhóir í a dhiúscairt, nuair a bhíonn sé ar intinn ag a sealbhóir í a dhiúscairt nó nuair a bhíonn ceangal ar shealbhóir í a dhiúscairt. De ghnáth ní mheastar gur dramhaíl í pacáistíocht in-athúsáidte i bpróiseas athriochtúcháin. |
|
(89) |
Chun dreasú a thabhairt maidir le dramhaíl a chosc, ba cheart coincheap nua maidir le ‘athlíonadh’ a thabhairt isteach. Ba cheart athlíonadh a thuiscint mar bheart sonrach maidir le dramhaíl a chosc a chuirtear san áireamh,agus a bhfuil gá leis, chun na spriocanna maidir le dramhaíl a chosc a bhaint amach, mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad. |
|
(90) |
I gcás ina dtugann oibreoirí eacnamaíocha an deis táirgí a cheannach trí athlíonadh, ba cheart dóibh a áirithiú go gcomhlíonann a stáisiúin athlíonta ceanglais áirithe chun sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, i gcás ina n-úsáideann tomhaltóirí a gcoimeádáin féin, ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha, dá bhrí sin, faisnéis a thabhairt faoi na coinníollacha a bhaineann le hathlíonadh agus le húsáid shábháilte na gcoimeádán sin. Chun athlíonadh a spreagadh, níor cheart d’oibreoirí eacnamaíocha pacáistíocht a sholáthar ag na stáisiúin athlíonta atá saor in aisce ná pacáistíocht nach bhfuil ina cuid de chóras aisíoctha éarlaise ag na stáisiúin athlíonta. Ba cheart gníomhaithe eacnamaíocha a dhíolmhú ó dhliteanas i leith fadhbanna sábháilteachta bia a d’fhéadfadh eascairt as coimeádáin a úsáid atá curtha ar fáil ag tomhaltóirí. |
|
(91) |
Chun an cion méadaitheach de phacáistíocht aon úsáide agus na cainníochtaí méadaitheacha dramhaíola ó phacáistíocht arna nginiúint a laghdú, is gá spriocanna cainníochtúla athúsáide a bhunú maidir le pacáistíocht in earnálacha a measúnaíodh gurb iad is mó a bhfuil cumas laghdaithe dramhaíola ó phacáistíocht iontu, is iad sin bia agus deochanna beir leat, earraí bána móra agus pacáistíocht iompair. Rinneadh é sin a mheas bunaithe ar fhachtóirí amhail na córais athúsáide a bhí ann cheana, an gá atá le pacáistíocht a úsáid agus an fhéidearthacht na ceanglais fheidhmiúla a chomhlíonadh i dtéarmaí srianadh, slachtmhaireachta, sláinte, sláinteachais agus sábháilteachta. Cuireadh difríochtaí na dtáirgí agus a gcórais táirgthe agus dáileacháin san áireamh freisin. Agus na spriocanna sin á gcur chun feidhme, ba cheart na tairbhí comhshaoil a bhaintear amach le linn saolré iomlán táirge a chur san áireamh. Meastar go dtacóidh leagan amach na spriocanna leis an nuálaíocht agus go méadófar cion na pacáistíochta athúsáide agus na réiteach athlíonta. Níor cheart pacáistíocht phlaisteach aon úsáide a cheadú le haghaidh bia agus deochanna a líontar agus a dtomhlaítear laistigh den áitreabh in earnáil na n-óstán, na mbialann agus na gcaiféanna (HORECA). Ba cheart é bheith de rogha ag tomhaltóirí i gcónaí bia agus deochanna beir leat a cheannach i gcoimeádáin in-athúsáidte nó dá gcuid féin faoi choinníollacha nach lú fabhair ná na coinníollacha is infheidhme maidir le bia agus deochanna a thairgtear i bpacáistíocht aon úsáide. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a dhíolann bia agus deochanna beir leat an rogha a thairiscint do thomhaltóirí an bia nó na deochanna a cheannach i gcoimeádáin dá gcuid féin agus an rogha deochanna a cheannach i bpacáistíocht in-athúsáidte. |
|
(92) |
Faoi choinníollacha áirithe, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann oibreoirí eacnamaíocha a dhíolmhú ó oibleagáidí athúsáide ar feadh tréimhse in-athnuaite 5 bliana. Ba cheart na coinníollacha sin a bheith bunaithe ar rátaí athchúrsála arda agus le rátaí arda maidir le dramhaíl a chosc is infheidhme sa Bhallstát díolmhaitheach, lena n-áirítear ráta tosaigh idirmheánach maidir le dramhaíl a chosc dar méid 3 % faoi 2028, chomh maith le plean maidir le dramhaíl chorparáideach a chosc agus a athchúrsáil a bheith glactha ag na hoibreoirí eacnamaíocha. |
|
(93) |
Maidir le pacáistíocht a chur ar an margadh, ar pacáistíocht í atá faoi réir srianta ar fhormáidí pacáistíochta áirithe a úsáid faoin Rialachán seo le haghaidh modhanna iompair a oibríonn ar bhonn trasteorann i gcás ina bhfuil seirbhísí lónadóireachta ar fáil ar bord, amhail aerárthaí, eitleáin, traenacha, longa cúrsála, báid farantóireachta, luaimh agus báid, ba cheart a thuiscint as sin taisteal leis an bpacáistíocht sin chuig an Aontas nó laistigh de. Ba cheart taisteal laistigh den Aontas a thuiscint mar chás ina n-imíonn an fheithicil iompair as agus ina dtagann sí isteach ag ceann scríbe atá lonnaithe san Aontas. |
|
(94) |
Chun a n-éifeachtacht a mhéadú agus chun cóir chomhionann oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú, ba cheart na spriocanna athúsáide a chur ar na hoibreoirí eacnamaíocha. I gcás spriocanna athúsáide le haghaidh deochanna, ba cheart na spriocanna athúsáide a chur ar dháileoirí deiridh a chuireann deochanna i bpacáistíocht díolacháin ar fáil do thomhaltóirí. Deochanna áirithe a mheastar a bheith meatach, ós rud é go bhfuil siad íogair do mhilleadh micribhitheolaíoch mar gheall ar bhaictéir nó giostaí, bíonn gá acu le teicneolaíocht aiseipteach shonrach chun iad a chosaint ar mhilleadh agus chun seilfré fhada a choinneáil. Dá bhrí sin, ba cheart bainne agus deochanna meatacha eile a dhíolmhú ón oibleagáid na spriocanna athúsáide le haghaidh pacáistíocht a chomhlíonadh. Ba cheart na spriocanna a ríomh mar chéatadán de na díolacháin, den mhéid nó den mheáchan díolta i bpacáistíocht in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide nó, i gcás pacáistíochta iompair, mar chéatadán den líon uaireanta a úsáidtear í. Ba cheart na spriocanna a bheith neodrach ó thaobh ábhair de. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na spriocanna athúsáide, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht chun iad a ríomh. |
|
(95) |
I gcásanna áirithe, ní gá úsáid a bhaint as formáidí pacáistíochta iompair aon úsáide, toisc go bhfuil raon leathan de roghanna malartacha in-athúsáidte dea-fheidhmithe ann. Chun a áirithiú go n-úsáidfear na roghanna malartacha sin ar bhealach éifeachtach, is iomchuí a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha, agus táirgí á n-iompar acu idir láithreáin éagsúla an oibreora eacnamaíoch chéanna nó idir an t-oibreoir eacnamaíoch agus na fiontair nasctha nó chomhpháirtíochta, gan ach pacáistíocht iompair in-athúsáidte a úsáid i leith formáidí pacáistíochta amhail pailléid, boscaí plaisteacha infhillte, cliathbhoscaí plaisteacha, bulc-choimeádáin idirmheánacha, idir dhocht agus solúbtha, nó drumaí. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid chéanna, ar na cúiseanna céanna, maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a iompraíonn táirgí laistigh de Bhallstát amháin. I gcás cineálacha áirithe pacáistíochta iompair nó díolacháin, ní rogha iad roghanna malartacha in-athúsáidte. Is amhlaidh atá i gcás boscaí cairtchláir, ina bhfuil líon na n-uainíochtaí an-íseal, agus i gcás pacáistíochta a úsáidtear le haghaidh táirgí áirithe atá íogair ó thaobh teagmhála de, a éilíonn níochán speisialta idir úsáidí. Dá bhrí sin, ba cheart pacáistíocht den sórt sin a dhíolmhú ón oibleagáid na spriocanna athúsáide le haghaidh pacáistíocht iompair agus pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar a chomhlíonadh. |
|
(96) |
D’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach d’oibreoirí eacnamaíocha beaga na spriocanna athúsáide agus athlíonta a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart oibreoirí eacnamaíocha áirithe a dhíolmhú ón oibleagáid na spriocanna athúsáide pacáistíochta a chomhlíonadh má chuireann siad níos lú ná méid áirithe pacáistíochta ar an margadh, agus má chomhlíonann siad an sainmhíniú ar mhicrifhiontar a leagtar amach i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (35) de réir mar is infheidhme an 11 Feabhra 2025, nó má tá limistéar díolacháin faoi theorainn achair áirithe ag dáileoir deiridh. Chun na gcríoch sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le tairseach an limistéir díolacháin a leasú, na coinníollacha mionsonraithe agus na ceanglais tuairiscithe atá le cur i bhfeidhm maidir le socruithe comhthiomsaithe na ndáileoirí deiridh a bhunú agus a shonrú, an tairseach méide chun oibreoirí eacnamaíocha a dhíolmhú, agus maidir le díolúintí breise a bhunú d’oibreoirí eacnamaíocha eile nó d’fhormáidí sonracha pacáistíochta a chumhdaítear leis na spriocanna athúsáide nó athlíonta i gcás srianta eacnamaíocha ar leith, fadhbanna tromchúiseacha sláinteachais, sábháilteachta bia nó comhshaoil a chuireann cosc ar bhaint amach na spriocanna sin. |
|
(97) |
Chun comhlíonadh na spriocanna athúsáide a fhíorú, is gá do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha tuairisciú do na húdaráis inniúla. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha na sonraí ábhartha a thuairisciú do gach bliain féilire, ag tosú ón mbliain féilire 2030. Ba cheart do na Ballstáit na sonraí sin a chur ar fáil go poiblí. |
|
(98) |
Ós rud é go bhféadfaidh roinnt formáidí pacáistíochta éagsúla a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart baint amach na spriocanna athúsáide a ríomh ar bhonn chainníocht iomlán an bhia nó na ndeochanna a chuirtear ar fáil ar an margadh, trí thagairt do líon iomlán na n-aonad díolacháin, nó do mheáchan an bhia nó do thoirt na ndeochanna, de réir mar is infheidhme. |
|
(99) |
I bhfianaise leibhéil arda tomhaltais na málaí siopadóireachta plaisteacha, úsáid neamhéifeachtúil acmhainní agus na dóchúlachta go ndiúscraítear mar bhruscar iad, is iomchuí forálacha a choinneáil ar bun chun laghdú marthanach ar thomhaltas málaí siopadóireachta plaisteacha a bhaint amach, mar a bunaíodh cheana le Treoir 94/62/CE arna leasú le Treoir (AE) 2015/720 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36). I bhfianaise na gcineálacha cur chuige éagsúla atá ann faoi láthair agus na gceanglas tuairiscithe teoranta maidir le málaí siopadóireachta plaisteacha, is deacair a mheas an bhfuil an cuspóir maidir le laghdú ‘marthanach’ ar thomhaltas na málaí sin bainte amach mar thoradh ar bhearta laghdaithe tomhaltais arna ndéanamh ag na Ballstáit, agus anuas air sin, ar tháinig méadú ar thomhaltas cineálacha eile málaí siopadóireachta plaisteacha dá bharr. Is gá, dá bhrí sin, sainmhíniú ar laghdú marthanach ar thomhaltas málaí siopadóireachta plaisteacha a chomhchuibhiú agus sprioc chomhchoiteann a leagan síos chomh maith le ceanglais tuairiscithe nua a thabhairt isteach. |
|
(100) |
I bhfianaise thorthaí an staidéir meastóireachta ar mhálaí siopadóireachta plaisteacha dar teideal ‘Scoping study to assess the feasibility of further EU measures on waste prevention and implementation of the Plastic Bags Directive, Part II, Implementation of the Plastic Bags Directive’ [Staidéar scóipe chun measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé bearta breise de chuid an Aontais a dhéanamh maidir le dramhaíl a chosc agus maidir leis an Treoir maidir le Málaí Plaisteacha a chur chun feidhme, Cuid II, Cur Chun Feidhme na Treorach maidir le Málaí Plaisteacha], is gá bearta breise a dhéanamh chun tomhaltas málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma a laghdú agus na héifeachtaí a mheas a d’fhéadfadh a bheith ann dá n-ionadófaí iad le málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadroim agus málaí siopadóireachta plaisteacha níos tibhe ná 50 miocrón. |
|
(101) |
Ós rud é go bhfuil riosca ard go ndéanfaí dramhaíl de mhálaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom, ar lú ná 15 mhiocrón iad, agus go bhféadfaidís cur leis an truailliú muirí, ba cheart bearta a dhéanamh chun a gcur ar an margadh a shrianadh ach amháin i gcás úsáidí a bhfuil géarghá leo. Níor cheart na málaí plaisteacha sin a chur ar an margadh mar phacáistíocht le haghaidh bulc-earraí bia, ach amháin ar chúiseanna sláinteachais nó mar phacáistíocht le haghaidh bulc-earraí fliucha amhail feoil amh, iasc nó táirgí déiríochta. |
|
(102) |
Chun laghdú marthanach a bhaint amach ar thomhaltas málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma ar a gcríoch, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann bearta a ghlacadh lena n-áirítear toirmeasc a chur ar na cineálacha sin málaí siopadóireachta plaisteacha, spriocanna laghdaithe náisiúnta a chur chun feidhme, ionstraimí eacnamaíocha a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach chomh maith le srianta margaíochta eile, ar choinníoll go bhfuil na bearta sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Féadfaidh na bearta sin a bheith éagsúil ag brath ar thionchar comhshaoil na málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma nuair a dhéantar iad a aisghabháil nó a dhiúscairt, a n-airíonna múirínithe, a marthanacht nó an úsáid shonrach atá beartaithe dóibh. Ar an gcoinníoll go mbaintear amach na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo le haghaidh na málaí siopadóireachta plaisteacha, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na forálacha a bhaineann leis na málaí sin a chur chun feidhme trí bhíthin comhaontuithe idir na húdaráis inniúla agus na hearnálacha eacnamaíocha lena mbaineann. |
|
(103) |
I gcás ina mbeidh laghdú ar úsáid na málaí siopadóireachta plaisteacha níor cheart teacht as sin go n-ionadófaí iad le málaí ó ábhair phacáistíochta eile. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar úsáid ábhar pacáistíochta eile agus, i gcás inarb iomchuí, sprioc a mholadh, mar aon le bearta chun tomhaltas na n-ábhar pacáistíochta sin a laghdú,. |
|
(104) |
Chun cur chun feidhme éifeachtach agus comhchuibhithe na gceanglas inbhuanaitheachta a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart comhlíonadh na gceanglas sin a thomhas trí úsáid a bhaint as modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe a chuireann san áireamh na modhanna úrscothacha a shainaithnítear go ginearálta. |
|
(105) |
Chun a áirithiú nach mbeidh aon bhacainní ar thrádáil ar an margadh inmheánach, ba cheart ceanglais maidir le hinbhuanaitheacht phacáistíochta, lena n-áirítear substaintí ar údar imní iad i bpacáistíocht, pacáistíocht inmhúirínithe, íoslaghdú pacáistíochta, pacáistíocht in-athúsáidte agus córais athúsáide a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais. Chun measúnú comhréireachta maidir leis na ceanglais sin a éascú, lena n-áirítear modhanna tástála, tomhais nó ríofa, is gá foráil a dhéanamh do thoimhde comhréireachta i gcás pacáistíochta agus táirgí pacáistithe atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (AE) 1025/2012 chun sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe na gceanglas sin a chur in iúl. |
|
(106) |
In éagmais caighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart a bheith in ann dul ar iontaoibh sonraíochtaí comhchoiteanna mar chúl-réiteach chun go n-éascófar oibleagáid an mhonaróra ceanglais inbhuanaitheachta a chomhlíonadh, mar shampla i gcás ina bhfuil moill mhíchuí ann maidir le caighdeán comhchuibhithe a bhunú. Ina theannta sin, ba cheart a bheith in ann dul ar iontaoibh sonraíochtaí coiteanna i gcás inar chuir an Coimisiún srian leis na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 11(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 nó i gcás inar tharraing sé siar na tagairtí sin. Ba cheart toimhde comhréireachta eascairt freisin as sonraíochtaí comhchoiteanna a chomhlíonadh, ar sonraíochtaí iad a ghlac an Coimisiún trí ghníomhartha cur chun feidhme. |
|
(107) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an dul ar iontaoibh sonraíochtaí comhchoiteanna, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun sonraíochtaí comhchoiteanna a leagan síos, a leasú nó a aisghairm le haghaidh na gceanglas maidir le hinbhuanaitheacht, lipéadú agus córais athúsáide, agus modhanna tástála, tomhais nó ríofa a ghlacadh. Ba cheart don Choimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha agus na ngrúpaí saineolaithe a chur san áireamh agus ba cheart dó dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile agus na dréachtghníomhartha cur chun feidhme á n-ullmhú aige. |
|
(108) |
Chun comhleanúnachas le dlí eile de chuid an Aontais a áirithiú, is é an rud ba cheart a bheith sa nós imeachta um measúnú comhréireachta an modúl ar rialú inmheánach táirgthe a áirítear sa Rialachán seo bunaithe ar na modúil a áirítear i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37). |
|
(109) |
Níor cheart don mharcáil CE ar phacáistíocht a shonrú go gcomhlíonann an phacáistíocht ceanglais an Rialacháin seo; níor cheart di ach a shonrú go gcomhlíonann an táirge pacáistithe dlí is infheidhme an Aontais maidir le táirgí, más ábhartha. Go deimhin, is é a cheanglaítear go hiondúil le dlí an Aontais maidir le táirgí go ngreamaítear an mharcáil CE a bhaineann leis an táirge den táirge féin nó dá phacáistíocht. Má cheanglaítear marcáil CE a chur ar an bpacáistíocht chun a thaispeáint go gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo, d’fhéadfadh mearbhall agus míthuiscint a bheith ann i ndáil leis an gceist an mbaineann an mharcáil leis an bpacáistíocht féin nó leis an táirge pacáistithe agus ar deireadh thiar le héiginnteachtaí maidir le sábháilteacht éifeachtach agus comhréireacht na dtáirgí pacáistithe lena mbaineann. |
|
(110) |
Ba cheart a léiriú leis an dearbhú comhréireachta AE go gcomhlíonann pacáistíocht táirge ceanglais an Rialacháin seo. |
|
(111) |
Ba cheart do mhonaróirí dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas chun faisnéis a sholáthar faoi chomhréireacht na pacáistíochta leis an Rialachán seo. D’fhéadfadh sé go gceanglófaí ar mhonaróirí freisin dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas faoi dhlí eile de chuid an Aontais. Chun rochtain ar fhaisnéis a áirithiú chun críche faireachais margaidh, ba cheart dearbhú comhréireachta AE aonair a tharraingt suas i ndáil le gach gníomh dlí ábhartha de chuid an Aontais. Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, ba cheart é a bheith indéanta an dearbhú comhréireachta AE aonair sin a bheith ina shainchomhad de dhearbhuithe comhréireachta aonair ábhartha. |
|
(112) |
Le Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), foráiltear do chreat le haghaidh faireachas margaidh ar tháirgí agus le haghaidh rialuithe ar tháirgí ó thríú tíortha. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin maidir le pacáistíocht a chumhdaítear leis an Rialachán seo chun a áirithiú go gcomhlíonann pacáistíocht a bhaineann tairbhe as an tsaorghluaiseacht earraí laistigh den Aontas ceanglais lena soláthraítear ardleibhéal cosanta i gcás leas an phobail, amhail sláinte an duine, sábháilteacht agus an comhshaol. |
|
(113) |
Ba cheart feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola san Aontas d’fhonn cáilíocht an chomhshaoil a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, sláinte an duine a chosaint, úsáid stuama, éifeachtúil agus réasúnach acmhainní nádúrtha a áirithiú, prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn, úsáid an fhuinnimh in-athnuaite a fheabhsú, an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, spleáchas an Aontais ar acmhainní allmhairithe a laghdú, deiseanna eacnamaíocha nua a sholáthar agus cur leis an iomaíochas fadtéarmach. Trí úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní, bhainfí amach freisin glanchoigiltis shubstaintiúla do ghnólachtaí, d’údaráis phoiblí agus do thomhaltóirí an Aontais agus, ag an am céanna, laghdófaí iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa. |
|
(114) |
D’ainneoin na gceanglas maidir le híoslaghdú pacáistíochta agus na n-oibleagáidí a leagtar síos i dTreoir 94/62/CE, tá méadú tagtha ar ghiniúint dramhaíola ó phacáistíocht i dtéarmaí iomlána agus ar bhonn per capita agus léiríonn treochtaí gur ann do laghdú géar breise ar athúsáid agus ar athlíonadh na pacáistíochta mar gheall ar mhéadú ar thomhaltas beir leat agus ar ríomhthráchtáil. De réir mar a tháinig athrú ar tháirgí, ábhair agus patrúin tomhaltais, tháinig méadú suntasach ar úsáid na pacáistíochta aon úsáide, go háirithe plaisteach aon úsáide. Tá sin nasctha leis an timpeallacht mhiondíola, ina bhfuil líonraí dáilte níos mó, agus le táirgí a mhonarú agus a phacáil ar línte pacáistíochta ardluais, nithe a chuireann brú anuas le chéile ar an margadh do tháirgí athúsáide agus athlíonta. |
|
(115) |
Chun faireachán agus fíorú a dhéanamh go gcomhlíonann na táirgeoirí agus na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí na hoibleagáidí faoi scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bhaineann le bailiú agus cóireáil dramhaíola óna dtáirgí, is gá do na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú. |
|
(116) |
Chun a áirithiú gur fearr, gur tráthúla agus gurb aonfhoirmí a chuireann na Ballstáit chun feidhme na spriocanna maidir le dramhaíl a chosc agus a athchúrsáil, agus chun aon laigí sa chur chun feidhme a thuar, ba cheart córas tuarascálacha luathrabhaidh a choinneáil ar bun chun easnaimh a bhrath agus chun bheith in ann gníomhaíocht a dhéanamh roimh na spriocdhátaí chun na spriocanna a bhaint amach. Maidir le leathnú an chórais sin, a bhfuil baint amach spriocanna athchúrsála cumhdaithe aige faoi Threoir 94/62/CE, ba cheart a áireamh ann spriocanna laghdaithe maidir le dramhaíl ó phacáistíocht atá le baint amach ag na Ballstáit faoi 2030, 2035 agus 2040. |
|
(117) |
Toisc gur gné thábhachtach den bhainistiú dramhaíola trí chéile iad bainistiú na pacáistíochta agus bainistiú na dramhaíola ó phacáistíocht, ba cheart do na Ballstáit caibidil ar leithligh a shannadh don tsaincheist sin i bpleananna bainistithe dramhaíola a ullmhófar agus an oibleagáid a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE á forfheidhmiú acu. Na bearta maidir le dramhaíl a chosc agus maidir le hathúsáid, ba cheart iad a áireamh sna cláir maidir le dramhaíl a chosc a cheanglaítear de bhun Threoir 2008/98/CE. Ba cheart na caibidlí sin a áireamh sna pleananna bainistithe dramhaíola agus sna cláir maidir le dramhaíl a chosc mar chuid den chéad mheastóireacht rialta eile a dhéanfar mar a cheanglaítear de bhun Threoir 2008/98/CE, nó níos luaithe. |
|
(118) |
Cuirtear leis na rialacha bainistithe dramhaíola agus na prionsabail ghinearálta a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE sa Rialachán seo. |
|
(119) |
Is é an dramhaíl a chosc an bealach is éifeachtúla chun éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú agus chun laghdú a dhéanamh ar thionchar na dramhaíola ar an gcomhshaol. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfadh oibreoirí eacnamaíocha bearta iomchuí chun giniúint na dramhaíola a laghdú trí phacáistíocht iomarcach agus úsáid formáidí pacáistíochta áirithe a dhíothú, trí shaolré na pacáistíochta a leathnú, trí tháirgí nó straitéisí díolacháin a athdhearadh ionas gur féidir gan aon phacáistíocht nó níos lú pacáistíochta a úsáid, lena n-áirítear díolacháin i mbulc, agus trí aistriú ó phacáistíocht aon úsáide go pacáistíocht in-athúsáidte. |
|
(120) |
Chun an laghdú uaillmhianach marthanach ar ghiniúint fhoriomlán na dramhaíola ó phacáistíocht a bhaint amach, ba cheart na spriocanna maidir le cosc ar dhramhaíl a shocrú le haghaidh an laghdaithe dramhaíola ó phacáistíocht atá le baint amach per capita faoi 2030. Chun sprioc laghdú 5 % ar dhramhaíl ó phacáistíocht a bhaint amach faoi 2030 i gcomparáid le 2018, ba cheart dearbhlaghdú foriomlán a dhéanamh dar garmhéid 19 % ar an meán ar fud an Aontais in 2030 i gcomparáid le cás bonnlíne 2030. Chun a áirithiú go leanfar leis na hiarrachtaí laghdaithe tar éis 2030, ba cheart sprioc laghdaithe 10 % i gcomparáid le 2018 a shocrú do 2035; meastar go laghdófar dramhaíl ó phacáistíocht 29 % leis sin, i gcomparáid le cás bonnlíne 2035. Ba cheart sprioc laghdaithe bhreise 15 % i gcomparáid le 2018 a shocrú do 2040 freisin; meastar go laghdófar dramhaíl ó phacáistíocht 37 % leis sin, i gcomparáid le cás bonnlíne 2040. Chun tacú leis na Ballstáit na spriocanna a bhaint amach maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a chosc, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun fachtóir ceartúcháin a bhunú chun an méadú nó an laghdú ar thurasóireacht i ndáil leis an mbonnbhliain 2018 a chur san áireamh. Ós rud é nach mbaineann giniúint dramhaíola ó phacáistíocht tráchtála agus thionsclaíoch le tomhaltas teaghlaigh, ní féidir feidhm a bheith ag na spriocanna maidir le dramhaíl a chosc per capita maidir le dramhaíl ó phacáistíocht tráchtála agus thionsclaíoch. Maidir leis na Ballstáit a bhfuil córas difriúil bunaithe acu chun dramhaíl ó phacáistíocht tí a bhainistiú, ar thaobh amháin, agus chun dramhaíl ó phacáistíocht thionsclaíoch agus tráchtála a bhainistiú, ar an taobh eile, ba cheart na Ballstáit sin a bheith in ann a sainiúlacht a choinneáil. |
|
(121) |
Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na spriocanna maidir le dramhaíl a chosc a bhaint amach le hionstraimí eacnamaíocha agus bearta eile chun dreasachtaí a sholáthar do chur i bhfeidhm an ordlathais dramhaíola, lena n-áirítear bearta atá le cur chun feidhme trí bhíthin scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, trí bhunú agus feidhmiú éifeachtach córas athúsáide a chur chun cinn agus trí oibreoirí eacnamaíocha a spreagadh chun tuilleadh féidearthachtaí athlíonta a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh go comhuaineach agus i dteannta le bearta eile faoin Rialachán seo, bearta atá dírithe ar phacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht a laghdú, amhail ceanglais maidir le híoslaghdú pacáistíochta, spriocanna athúsáide agus oibleagáidí athlíonta, tairseacha méideanna agus bearta chun laghdú marthanach ar thomhaltas málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma a bhaint amach. Na Ballstáit a chloíonn leis na rialacha ginearálta a leagtar síos in CFAE agus a ghníomhaíonn i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart dóibh a bheith in ann forálacha a théann thar na spriocanna íosta maidir le dramhaíl a chosc a leagtar amach sa Rialachán seo a ghlacadh. Agus na bearta sin á gcur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit a bheith ar an eolas faoin riosca a bhaineann le haistriú ó ábhair phacáistíochta níos troime go hábhair phacáistíochta níos éadroime agus ba cheart dóibh tosaíocht a thabhairt do bhearta a íoslaghdaíonn an riosca sin. |
|
(122) |
Chun an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur chun feidhme, prionsabal a chuirtear in iúl in Airteagal 191(2) CFAE, is iomchuí na hoibleagáidí maidir le bainistiú na dramhaíola ó phacáistíocht a leagan ar tháirgeoirí. Chuige sin, sa Rialachán seo cuirtear leis na ceanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE chun a áirithiú go gcumhdóidh an scéim freagrachta leathnaithe táirgeora na costais iomlána bainistithe dramhaíola a bhaineann leis an bpacáistíocht agus chun rialuithe leordhóthanacha ag na húdaráis inniúla a éascú. Leis an Rialachán seo, féachtar leis an bprionsabal táirgeoir amháin in aghaidh an aonaid pacáistíochta a shainiú go soiléir, bíodh sin le haghaidh pacáistíocht fholamh nó le haghaidh pacáistíocht ina bhfuil táirgí. Mar riail ghinearálta, ba cheart don táirgeoir a bheith ina oibreoir eacnamaíoch a chuireann táirgí pacáistithe ar fáil, mar mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir atá bunaithe i mBallstát, ó laistigh de chríoch an Bhallstáit sin agus ar an gcríoch chéanna sin,. Áirítear leis sin aon tairiscint maidir le dáileadh, tomhaltas nó úsáid a bhféadfadh soláthar iarbhír a bheith mar thoradh uirthi. Dá bhrí sin, i gcás ina gceannaíonn cuideachta táirge pacáistithe ó Bhallstát eile nach é an Ballstát ina bhfuil an chuideachta lonnaithe é nó ó thríú tír, agus ina soláthraíonn sí an táirge pacáistithe sin sa Bhallstát sin ina bhfuil sí lonnaithe, ba cheart a mheas gurb í an chuideachta sin an táirgeoir toisc gurb í an chéad chuideachta í a chuireann ar fáil an táirge pacáistithe ar chríoch an Bhallstáit sin. Maidir le hardáin ar líne, ba cheart a mheas gurbh ionann táirge a thairiscint den chéad uair agus an táirge a chur ar fáil, de réir shainmhíniú an táirgeora. Mar sin féin, chun aon ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a laghdú do ghnólachtaí beaga a líonann pacáistíocht iompair, pacáistíocht táirgthe phríomhúil nó pacáistíocht seirbhíse, cibé acu mar phacáistíocht aon úsáide nó mar phacáistíocht in-athúsáidte, ag an díolphointe, ba cheart gurb é monaróir, dáileoir nó allmhaireoir na pacáistíochta sin a chuireann an phacáistíocht ar fáil den chéad uair ar shuíomh laistigh de chríoch an Bhallstáit an monaróir, ós rud é gurb é an t-oibreoir eacnamaíoch sin is fearr atá in ann na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh. |
|
(123) |
Ar an taobh eile, nuair a chuirtear an phacáistíocht nó an táirge pacáistithe ar fáil go díreach don úsáideoir deiridh trí bhíthin cianchonarthaí, d’fhéadfadh an táirgeoir a bheith bunaithe freisin i mBallstát eile nó i dtríú tír. Sna cásanna sin, má tá an táirgeoir bunaithe i mBallstát eile, ba cheart dó ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora a cheapadh sa Bhallstát ina bhfuil an t-úsáideoir deiridh lonnaithe. I gcásanna ina bhfuil an táirgeoir bunaithe i dtríú tír, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh go mbeadh sé sainordaitheach freisin go gceapfaí ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora chun an riosca a sheachaint go n-éalófaí ó na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora. Chun a áirithiú go n-urramófar an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as ’, agus i gcomhthéacs chomhlíonadh na freagrachta leathnaithe táirgeora, is gá cinnteacht a áirithiú maidir leis an gcineál táirgeora atá freagrach as dramhaíl ó phacáistíocht, go háirithe i gcás ‘cuideachtaí lóistíochta’. Is éard is cuideachtaí lóistíochta ann cuideachtaí a fhaigheann earraí allmhairithe ó thríú tíortha a dhéanann gníomhaíochtaí láimhseála maidir leis na hearraí allmhairithe (e.g. díphacáil agus athphacáil i bhformáidí níos lú nó cainníochtaí chun iarrataí cliant a chomhlíonadh) sula seoltar na hearraí chuig cliaint, bíodh sin sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile, leis an bpacáistíocht iompair bhunaidh go léir, le cuid di nó gan í. Sna cásanna sin, ba cheart táirgeoir a shainaithint le haghaidh na pacáistíochta iompair bunaidh a thagann ó thríú tír agus a fhanann leis an gcuideachta lóistíochta agus a thagann le bheith ina dramhaíl san Aontas. De ghnáth, ní bheidh na hearraí faoi úinéireacht na cuideachta lóistíochta, ach ba cheart a mheas gurb í an táirgeoir i gcás pacáistíocht a thagann ó thríú tír agus a láimhseálann sí le linn a gníomhaíochta. |
|
(124) |
I dteannta na gcostas arna bhforchur ar tháirgeoirí de bhun an Rialacháin seo agus de bhun Threoir 2008/98/CE, coinníonn na Ballstáit an fhéidearthacht na costais is gá a chumhdach mar thoradh ar ghníomhaíochtaí glantacháin, lena n-áirítear iompar agus cóireáil iardain na dramhaíola ó phacáistíocht atá i mbruscar mar chuid de chostas iomlán bainistithe dramhaíola na pacáistíochta ar cheart a chumhdach leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora. Níor cheart do na costais sin dul thar na costais atá riachtanach chun na seirbhísí sin a chur ar fáil ar bhealach costéifeachtach agus ba cheart iad a bhunú ar bhealach trédhearcach neamh-idirdhealaitheach idir na gníomhaithe lena mbaineann. |
|
(125) |
Chun faireachán a dhéanamh ar tháirgeoirí maidir le comhlíonadh a gcuid oibleagáidí airgeadais agus eagraíochta chun a áirithiú go mbainistítear an dramhaíl ón bpacáistíocht a chuireann siad ar fáil ar chríoch Ballstáit den chéad uair, nó nuair a dhéanann siad táirgí pacáistithe a dhíphacáil gan bheith ina n-úsáideoirí deiridh, is gá don údarás inniúil i ngach Ballstát clár táirgeoirí a bhunú agus a bhainistiú agus go gceanglófaí ar tháirgeoirí clárú leis. |
|
(126) |
Ba cheart do na ceanglais maidir le clárú táirgeoirí a bheith comhchuibhithe ar fud an Aontais a mhéid is féidir chun an clárú a éascú, go háirithe ós rud é go gcuireann táirgeoirí pacáistíocht ar fáil i mBallstáit éagsúla. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh chur chun feidhme na gceanglas clárúcháin a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an fhormáid a bhunú maidir le clárú sa chlár agus tuairisciú don chlár agus chun gráinneacht na sonraí atá le soláthar agus na cineálacha pacáistíochta agus catagóirí na n-ábhar atá le cumhdach leis an bhfaisnéis a chuirtear isteach a shonrú. |
|
(127) |
I gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, tá sé fíorthábhachtach go nglacfaidh na táirgeoirí, lena n-áirítear na gníomhaithe ríomhthráchtála, a chuireann pacáistíocht agus táirgí pacáistithe ar mhargadh an Aontais, nó a dhéanann táirgí pacáistithe a dhíphacáil gan bheith ina n-úsáideoirí deiridh, freagracht as bainistiú na pacáistíochta sin agus as bainistiú na dtáirgí pacáistithe sin ag deireadh a saolré. Tá scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora le bunú, dá ndéantar foráil i dTreoir 94/62/CE, faoin 31 Nollaig 2024, toisc gurb iad na modhanna is iomchuí chun é sin a bhaint amach agus is féidir leo tionchar comhshaoil dearfach a imirt trí ghiniúint na dramhaíola ó phacáistíocht a laghdú agus bailiú agus athchúrsáil na dramhaíola ó phacáistíocht a mhéadú. Is iomaí éagothromaíocht atá ann maidir leis an mbealach a mbunaítear scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, lena n-éifeachtúlacht agus le raon feidhme fhreagracht na dtáirgeoirí. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag na rialacha freagrachta leathnaithe táirgeora a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE, ba cheart feidhm ghinearálta a bheith acu maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora do tháirgeoirí faoin Rialachán seo, agus ba cheart forálacha sonracha eile iad a chomhlánú i gcás inar gá agus inarb iomchuí. Mar shampla, chun bailiúchán ar leithligh na dramhaíola ó phacáistíocht a éascú, ba cheart do na táirgeoirí lipéadú na ngabhdán dramhaíola a mhaoiniú. Bheadh oibleagáid mar sin i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus leis na híoscheanglais ghinearálta maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bunaíodh faoi Threoir 2008/98/CE. |
|
(128) |
A mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora, is lex specialis é an Rialachán seo i ndáil le Treoir 2008/98/CE. Ciallaíonn sin gur cheart forlámhas a bheith ag na forálacha a bhaineann le freagracht leathnaithe táirgeora sa Rialachán seo ar aon fhorálacha contrártha sa Treoir sin. Baineann an prionsabal sin, mar shampla, le ceanglais maidir le clárú táirgeoirí, modhnú táillí freagrachta leathnaithe táirgeora agus tuairisciú. |
|
(129) |
De bhreis ar an gceanglas comhchuibhithe maidir le hin-athchúrsáilteacht le haghaidh modhnú ranníocaíochtaí airgeadais na dtáirgeoirí a bheidh le leagan síos i ngníomhartha tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart ceadú do na Ballstáit critéir eile a úsáid, amhail cion an ábhair athchúrsáilte, in-athúsáidteacht, substaintí guaiseacha a bheith ann nó critéir eile i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE. |
|
(130) |
Ba cheart táirgeoirí a bheith in ann na hoibleagáidí a bhaineann leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora a fheidhmiú i dteannta a chéile, trí bhíthin eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghlacann an fhreagracht thar a gceann. Ba cheart táirgeoirí nó eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheith faoi réir údarú na mBallstát agus ba cheart dóibh a dhoiciméadú, i measc nithe eile, go bhfuil an acmhainn airgeadais acu leis na costais a ghabhann leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chumhdach. Agus rialacha riaracháin agus nós imeachta á leagan síos maidir le húdarú a thabhairt do tháirgeoirí i gcomhair eagraíochtaí um fhreagracht aonair agus eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí le haghaidh comhlíonadh comhchoiteann, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann idirdhealú a dhéanamh idir na próisis do tháirgeoirí aonair agus do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí chun an t-ualach riaracháin ar tháirgeoirí aonair a theorannú. Féadfaidh na Ballstáit eagraíochtaí iomadúla um fhreagracht táirgeoirí a údarú, toisc go bhféadfadh níos mó tairbhí a bheith ann do thomhaltóirí dá thoradh sin. Ba cheart an t-údarás inniúil a bheith in ann táillí costasbhunaithe comhréireacha a ghearradh ar tháirgeoirí nó ar eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a cuireadh ar iontaoibh na hoibleagáidí faoin fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh le haghaidh an nós imeachta um údarú a bhaineann le comhlíonadh na n-oibleagáidí sin. |
|
(131) |
I gcásanna ina ndéantar an táille freagrachta leathnaithe táirgeora a ghearrann eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a chatagóiriú mar ioncam poiblí, mar is amhlaidh i gcás eagraíochta um fhreagracht táirgeoirí atá á reáchtáil ag an Stát agus chun cloí leis na rialacha buiséadacha lena gceanglaítear go mbeidh an t-ioncam poiblí bunaithe ar shonraí cruinne, ba cheart Bhallstát a bheith in ann a cheangal ar an táirgeoir an fhaisnéis a chur isteach níos minice ná uair amháin sa bhliain chun tuairisciú don údarás inniúil atá freagrach as an gclár. Ós rud é nach bhfuil sainordú táirgeora ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí atá á reáchtáil ag an Stát, toisc nach bhfuil sainordú táirgeora ann, níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhaineann leis na sainorduithe sin. |
|
(132) |
Ba cheart a shonrú sa Rialachán seo conas atá inrianaitheacht na n-oibleagáidí trádálaithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39), lena n-áirítear Airteagal 30(2) agus (3) de, le cur i bhfeidhm maidir le soláthraithe ardáin ar líne a ligeann do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le táirgeoirí a thairgeann pacáistíocht do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas i ndáil le cláir na dtáirgeoirí pacáistíochta a bhunaítear de bhun an Rialacháin seo. Chun críocha an Rialacháin seo, aon táirgeoir, bíodh sé bunaithe i mBallstát nó i dtríú tír, a thairgeann pacáistíocht trí bhíthin cianchonarthaí go díreach do thomhaltóirí atá lonnaithe i mBallstát, ba cheart a mheas go dtagann sé faoin sainmhíniú ar thrádálaí faoi Rialachán (AE) 2022/2065. Chun saorthairbhiú de bharr na n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí a chosc, ba cheart a shonrú conas ba cheart do na soláthraithe ardáin ar líne na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh i ndáil le cláir na dtáirgeoirí pacáistíochta a bhunaítear de bhun an Rialacháin seo. Sa chomhthéacs sin, i gcás ina gcuireann soláthraithe ardáin ar líne, a thagann faoi raon feidhme Roinn 4 de Chaibidil III de Rialachán (AE) 2022/2065, ardáin a chuireann ar chumas tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le táirgeoirí, ba cheart dóibh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2065 agus, sula gceadaítear do tháirgeoirí a seirbhísí a úsáid, faisnéis a fháil ó na táirgeoirí sin maidir leis an mbealach a gcomhlíonann siad na hoibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora a leagtar amach sa Rialachán seo. Tá na rialacha maidir le hinrianaitheacht trádálaithe a dhíolann pacáistíocht ar líne faoi réir na rialachán forfheidhmiúcháin a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2065. |
|
(133) |
D’fhéadfadh cásanna neamh-inmhianaithe comhchosúla de shaorthairbhiú tarlú i ndáil le soláthraithe seirbhíse comhlíonta. Is é is aidhm don Rialachán seo saorthairbhiú mar sin a chosc trí bhíthin cur chuige atá cosúil le cur chuige Rialachán (AE) 2022/2065 a mhéid a bhaineann le soláthraithe ardán ar líne. |
|
(134) |
Measfar, chun críocha Rialachán (AE) 2022/2065, gur clár poiblí é clár na dtáirgeoirí arna bhunú de bhun an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le táirgeoirí a seandícheall a dhéanamh chun a mheas an bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn na táirgeoirí lena mbaineann iontaofa agus iomlán, go háirithe trí bhunachair sonraí agus comhéadain oifigiúla ar líne atá ar fáil saor in aisce a úsáid nó a fhíorú nó trí iarraidh ar na trádálaithe lena mbaineann doiciméid tacaíochta iontaofa a sholáthar, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2065. A mhéid a bhaineann le sonraí atá ar fáil go poiblí i gclár na dtáirgeoirí, is iondúil go mbíonn sé i gceist le ‘seandícheall’ a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 30(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2022/2065, gur gá an fhaisnéis arna soláthar ag an táirgeoir a fhíorú leis na sonraí atá ar fáil go poiblí i gclár na dtáirgeoirí. Go háirithe, tá feidhm ag an méid sin má tá comhéadan ar líne bunaithe ag Ballstát le haghaidh réiteach uathoibríoch sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
|
(135) |
Ba cheart nár dhochar ranníocaíochtaí airgeadais arna bhforchur ar tháirgeoirí de bhun an Rialacháin seo sa bhreis ar na costais dá dtagraítear in Airteagal 8a(4), pointe (a), de Threoir 2008/98/CÉ, d’aon chomhaontú deonach idir margaí ar líne agus táirgeoirí i gcás ina dtoilíonn margaí ar líne, thar ceann táirgeoirí trí shainordú i scríbhinn, glacadh leis na costais sin go léir nó cuid díobh. |
|
(136) |
Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do na bearta lena gcuirtear an fhreagracht leathnaithe táirgeora chun feidhme, na rialacha maidir le bailiúchán ar leithligh na dramhaíola ó phacáistíocht agus na rialacha maidir le lipéadú gabhdán dramhaíola i gcás nach ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir le comhchuibhiú iomlán ar na bearta agus na rialacha sin. Thairis sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh do cheanglais bhreise maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chur chun feidhme, i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE agus leis an Rialachán seo, ar choinníoll nach gcruthaíonn na bearta sin bacainní ar an margadh inmheánach. Ní rialaítear leis an Rialachán seo an t-oibreoir atá freagrach as bailiú na dramhaíola ó phacáistíocht agus socruithe conarthacha náisiúnta eile maidir le bailiú dramhaíola ó phacáistíocht. |
|
(137) |
Ba cheart do na Ballstáit córais a bhunú chun dramhaíl ó phacáistíocht a aischur agus a bhailiú, ionas go gcuirfear dramhaíl ó phacáistíocht chuig an mbainistiú dramhaíola malartach is iomchuí, i gcomhréir leis an ordlathas dramhaíola. Ba cheart na córais a bheith oscailte do rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara uile, go háirithe oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis phoiblí. Ba cheart na córais a bhunú agus an comhshaol agus sláinte, sábháilteacht agus sláinteachas tomhaltóirí á gcur san áireamh. Ba cheart na córais aischuir agus bhailiúcháin a bheith inrochtana agus ba cheart feidhm a bheith acu maidir le pacáistíocht na dtáirgí allmhairithe faoi fhorálacha neamh-idirdhealaitheacha. |
|
(138) |
D’fhéadfadh sé go mbeadh córais bailithe agus athchúrsála dramhaíola ar leithligh bunaithe ag roinnt Ballstát cheana féin, arb iad a bheidh mar bhonn do na húdaruithe náisiúnta agus na socruithe conarthacha ábhartha, agus Airteagal 7 de Threoir 94/62/CE á thrasuí sa dlí náisiúnta. Ba cheart na Ballstáit sin a bheith in ann leanúint de na córais sin a úsáid ar choinníoll go gcuireann siad na hoibleagáidí faoin Rialachán seo chun feidhme i gceart. |
|
(139) |
Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh freisin chun athchúrsáil, a chomhlíonann na caighdeáin cháilíochta maidir le húsáid ábhar athchúrsáilte in earnálacha ábhartha, a chur chun cinn. Tá an oibleagáid sin an-ábhartha i bhfianaise an íoschéatadáin a shocraítear do chion an ábhair athchúrsáilte i bpacáistíocht phlaisteach. |
|
(140) |
Is céim ríthábhachtach é an phacáistíocht a bhailiú chun ciorclaíocht na pacáistíochta a áirithiú, agus chun margadh láidir d’amhábhair thánaisteacha a áirithiú. Is dreasacht é ráta bailiúcháin éigeantach a bhunú chun córais bhailiúcháin éifeachtúla agus spriocdhírithe a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta, agus beartaítear go méadófaí leis cainníocht na dramhaíola atá sórtáilte agus a d’fhéadfaí a athchúrsáil. |
|
(141) |
Tá sé léirithe go n-áirithítear le córais aisíoctha éarlaise, a reáchtáiltear go maith, ráta bailiúcháin an-ard agus athchúrsáil ar ardchaighdeán, ar bhuidéil agus ar channaí deochanna go háirithe. Chun tacú le baint amach na sprice bailiúcháin ar leithligh maidir le buidéil deochanna ar táirgí plaisteacha aon úsáide iad a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/904, chun rátaí arda bailiúcháin agus athchúrsáil ar ardchaighdeán maidir le coimeádáin deochanna mhiotail a ardú a thuilleadh, tá sé iomchuí go gcuirfeadh na Ballstáit córais aisíoctha éarlaise ar bun. Cuirfidh na córais sin le méadú an tsoláthair d’amhábhar tánaisteach ar dhea-cháilíocht a bheidh oiriúnach d’athchúrsáil lúbiata agus laghdófar leis bruscar coimeádáin deochanna. |
|
(142) |
Ba cheart do chórais aisíoctha éarlaise a bheith éigeantach do bhuidéil deochanna ar táirgí plaisteacha aon úsáide iad agus do choimeádáin mhiotail deochanna. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh freisin pacáistíocht eile le haghaidh táirgí eile nó pacáistíocht atá déanta as ábhair eile a áireamh sna córais sin, go háirithe buidéil ghloine aon úsáide. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh córais aisíoctha éarlaise le haghaidh formáidí pacáistíochta aon úsáide, go háirithe le haghaidh buidéil deochanna gloine aon úsáide, ar fáil chomh maith céanna le haghaidh pacáistíocht in-athúsáidte i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch. Ba cheart dóibh cuimhneamh ar chórais aisíoctha éarlaise a bhunú le haghaidh pacáistíocht in-athúsáidte freisin. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit, fad a chloíonn siad leis na rialacha ginearálta a leagtar síos sa CFAE agus ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo, forálacha a sháraíonn na híoscheanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a ghlacadh, amhail éarlais a ghearradh ag an díolphointe i gcás tomhaltais in áitreabh fáilteachais, nó an oibleagáid atá ar gach dáileoir deiridh glacadh leis an bpacáistíocht lena ngabhann éarlais gan beann ar an ábhar pacáistíochta agus ar an bhformáid ina ndáileann siad í nó ar a n-achar dromchla díolacháin. |
|
(143) |
Ba cheart éagsúlacht na gcóras aisíoctha éarlaise arb ann dóibh san Aontas a chur san áireamh sa Rialachán seo, agus a áirithiú nach gcuirfear bac ar fhorbairtí teicneolaíochta sna córais sin fad a chomhlíonann siad na ceanglais agus na critéir chun rátaí bailiúcháin a mhéadú agus athchúrsáil ar cháilíocht níos fearr a áirithiú. |
|
(144) |
De bharr chineál na dtáirgí agus na ndifríochtaí i ndáil leis na córais táirgthe agus dáileacháin a ghabhann leo, níor cheart do chórais aisíoctha éarlaise a bheith éigeantach i gcás na pacáistíochta le haghaidh fíona, do tháirgí fíona cumhraithe, agus do tháirgí comhchosúla le fíon, biotáille agus bainne agus táirgí bainne a liostaítear i gCuid XVI d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit córais aisíoctha éarlaise a bhunú lena gcumhdófaí an phacáistíocht dí sin agus pacáistíocht dí agus neamh-dhí eile freisin. |
|
(145) |
Faoin 1 Eanáir 2029, ba cheart do gach córas aisíoctha éarlaise le haghaidh buidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide agus coimeádáin deochanna miotail aon úsáide na híoscheanglais ghinearálta a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, cé is moite de chórais aisíoctha éarlaise a bunaíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena mbaintear amach an sprioc maidir le bailiú ar leithligh 90 % faoin 1 Eanáir 2029. Beidh na ceanglais sin ina gcuidiú chun níos mó comhsheasmhachta agus rátaí tabhairt ar ais níos airde a sholáthar ar fud na mBallstát. Socraíodh iad bunaithe ar dhearcthaí páirtithe leasmhara, anailís ó shaineolaithe agus dea-chleachtas ó chórais aisíoctha éarlaise atá ann faoi láthair. Dearadh na ceanglais chun nuálaíocht a chumasú fad a chuirtear ar fáil leibhéal solúbthachta chun oiriúnú do chásanna áitiúla. |
|
(146) |
Áiritheoidh na Ballstáit ag a bhfuil réigiúin ina bhfuil gnó trasteorann ard go gceadaítear leis na córais aisíoctha éarlaise pacáistíocht a bhailiú ó chórais aisíoctha éarlaise na mBallstát lena mbaineann agus ba cheart dóibh féachaint leis an bhféidearthacht an éarlais a thabhairt ar ais a áirithiú. |
|
(147) |
Ba cheart na Ballstáit sin a bhaineann amach ráta bailiúcháin 80 % de na cineálacha pacáistíochta a ndírítear orthu gan córas aisíoctha éarlaise in 2026 a bheith in ann a iarraidh nach mbeadh orthu córas aisíoctha éarlaise a bhunú. |
|
(148) |
Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann rogha a dhéanamh an córas aisíoctha éarlaise a chur chun feidhme ar leibhéal fonáisiúnta, agus na rannáin riaracháin náisiúnta ábhartha agus staid shonrach na gcríoch thar lear á gcur san áireamh, fad a léireoidh siad feidhmíocht chomhshaoil agus eacnamaíoch na scéime sin, agus go bhfuil sé comhsheasmhach go hiomlán leis an ráta bailiúcháin 90 % le haghaidh buidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide agus coimeádáin deochanna mhiotail a leagtar amach sa Rialachán seo. |
|
(149) |
Agus é ina bheart sonrach maidir le cosc giniúna dramhaíola ó phacáistíocht, ba cheart do na Ballstáit réitigh athúsáide agus athlíonta a chur chun cinn go gníomhach. Ba cheart dóibh tacú le bunú na gcóras athúsáide agus athlíonta agus ba cheart dóibh faireachán a dhéanamh ar a bhfeidhmiú agus a gcomhlíonadh i ndáil leis na caighdeáin sláintíochta. Moltar do na Ballstáit bearta eile a dhéanamh freisin, amhail córais aisíoctha éarlaise lena gcumhdaítear formáidí pacáistíochta in-athúsáidte a bhunú, trí bhíthin dreasachtaí eacnamaíocha a úsáid nó ceanglais a bhunú lena gceanglófar ar dháileoirí deiridh céatadán áirithe de tháirgí eile dá chuid, cé is moite de na cinn a chumhdaítear le spriocanna athúsáide agus oibleagáidí athlíonta, a chur ar fáil i bpacáistíocht in-athúsáidte nó i bpacáistíocht is féidir a athlíonadh ar choinníoll nach gcruthófaí leis sin ilroinnt sa mhargadh aonair ná bacainní trádála. |
|
(150) |
Ní hionann beag ná mór nádúr na gceanglas maidir le bailiú, sórtáil, athdháileadh ar líontóirí agus glanadh i gcás córais aisíoctha éarlaise aon úsáide agus córais athúsáide éarlaisbhunaithe. Dá bhrí sin, na híoscheanglais atá ann le haghaidh córais aisíoctha éarlaise, níor cheart feidhm a bheith acu maidir le córais athúsáide éarlaisbhunaithe. Ina ionad sin, ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais shonracha maidir le córais athúsáide. |
|
(151) |
Leasaíodh Treoir 94/62/CE le Treoir (AE) 2018/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40) lena leagtar amach spriocanna athchúrsála atá le baint amach ag Ballstáit faoi 2025 agus 2030. Ba cheart na spriocanna sin agus na rialacha sin i ndáil lena ríomh a choinneáil ar bun. Agus túsphointe éagsúil gach Ballstáit á aithint maidir le spriocanna athchúrsála, agus cé go moltar sa Rialachán seo bearta lena n-éascaítear baint amach na spriocanna sin, ba cheart fós a bheith in ann na spriocdhátaí chun spriocanna athchúrsála 2030 a bhaint amach a chur siar, faoi choinníollacha áirithe. Mar sin féin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún diúltú do phlean cur chun feidhme athbhreithnithe arna thíolacadh ag Ballstát. |
|
(152) |
Le Treoir 94/62/CE, ceanglaítear ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna athchúrsála 2030 le haghaidh pacáistíochta chun iad a choinneáil ar bun, nó chun iad a mhéadú i gcás inarb iomchuí. Níl sé iomchuí na spriocanna atá socraithe do 2030 a leasú go fóill, áfach, toisc go léirítear leis an bhfianaise go bhfuil deacrachtaí ag roinnt Ballstát na spriocanna reatha a chomhlíonadh fós. Mar gheall air sin, ba cheart bearta lena dtugtar dreasacht do mhonaróirí pacáistíocht atá níos in-athchúrsáilte a chur ar an margadh a shocrú, rud a chabhródh leis na Ballstáit a spriocanna athchúrsála a bhaint amach. Amach anseo, ba cheart sonraí a bhfuil níos mó gráinneachta iontu maidir le pacáistíocht agus sreafaí athchúrsála na dramhaíola ó phacáistíocht a thuairisciú don Choimisiún. Cuirfidh an tuairisciú ar na sonraí sin ar chumas an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna agus an fhéidearthacht ann go gcoinneoidh sé nó go méadóidh sé iad. Chun éifeacht na mbeart, arb é is aidhm dóibh in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta a fheabhsú, a chur san áireamh, níor cheart an t-athbhreithniú a dhéanamh níos luaithe ná meastóireacht ghinearálta bheartaithe an Rialacháin seo, eadhon 7 mbliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. Le linn an athbhreithnithe sin, ba cheart aird a thabhairt ar an bhféidearthacht a bhaineann le spriocanna nua a thabhairt isteach ar bhonn níos gráinní ná na spriocanna atá ann faoi láthair. |
|
(153) |
Ba cheart ríomh na spriocanna athchúrsála a bhunú ar mheáchan na dramhaíola ó phacáistíocht a théann isteach in athchúrsáil. Ba cheart do na Ballstáit iontaofacht agus cruinneas na sonraí a bhailítear faoi dhramhaíl ó phacáistíocht athchúrsáilte a áirithiú. Mar riail ghinearálta, ba cheart tomhas iarbhír mheáchan na dramhaíola ó phacáistíocht a bheith le háireamh mar dhramhaíl athchúrsáilte a dhéanamh ag an bpointe a théann an dramhaíl ó phacáistíocht isteach san oibríocht athchúrsála. Mar sin féin, chun an t-ualach riaracháin a theorannú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit, faoi choinníollacha diana agus de mhaolú ar an riail ghinearálta, ualach na dramhaíola ó phacáistíochta atá athchúrsáilte a shocrú ar bhonn tomhas ar aschur aon oibríochta sórtála, atá le ceartú trí mheánrátaí caillteanais a tharlaíonn sula dtéann an dramhaíl isteach sna hoibríochtaí athchúrsála a áireamh. Maidir le caillteanais ábhar a tharlaíonn sula dtéann an dramhaíl isteach san oibríocht athchúrsála, mar shampla caillteanais mar gheall ar shórtáil nó réamhoibríochtaí eile, níor cheart iad a áireamh sna méideanna dramhaíola a thuairiscítear mar ábhar athchúrsáilte. Is féidir na caillteanais sin a shuíomh ar bhonn cláir leictreonacha, sonraíochtaí teicniúla, rialacha mionsonraithe le haghaidh meánrátaí caillteanais a ríomh maidir le sruthanna dramhaíola éagsúla nó ar bhonn bearta coibhéiseacha eile. Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a áireamh faoi na bearta sin sna tuarascálacha seiceála cáilíochta a ghabhann leis na sonraí a chuir siad faoi bhráid an Choimisiún maidir le hathchúrsáil dramhaíola. B’fhearr na meánrátaí caillteanais a shuíomh ar leibhéal na saoráidí sórtála aonair agus ba cheart iad a nascadh leis na príomhchineálacha dramhaíola éagsúla, na foinsí éagsúla (amhail foinsí teaghlaigh nó tráchtála), na scéimeanna éagsúla bailiúcháin agus na cineálacha éagsúla próiseas sórtála. Níor cheart na meánrátaí caillteanais a úsáid ach amháin i gcás nach bhfuil sonraí iontaofa eile ar fáil, go háirithe i gcomhthéacs dramhaíl a loingsiú nó a onnmhairiú. Níor cheart caillteanais i meáchan ábhar nó substaintí de thoradh próisis chlaochlaitheacha fhisiceacha nó cheimiceacha ar cuid bhunúsach den oibríocht athchúrsála iad, i gcás inarb amhlaidh go ndéantar dramhaíl ó phacáistíocht a athphróiseáil iarbhír ina táirgí, ina hábhair nó ina substaintí, a asbhaint ó mheáchan na dramhaíola a dhéanfar a thuairiscítear mar dhramhaíl athchúrsáilte. |
|
(154) |
I gcás ina gcuirtear ríomh an ráta athchúrsála i bhfeidhm maidir le cóireáil aeróbach nó anaeróbach dramhaíola in-bhithdhíghrádaithe ó phacáistíocht, féadfar cainníocht na dramhaíola a théann isteach sa chóireáil aeróbach nó anaeróbach a áireamh mar dhramhaíl athchúrsáilte ar choinníoll go ngineann an chóireáil sin aschur atá le húsáid mar tháirge athchúrsáilte, mar ábhar athchúrsáilte nó mar shubstaint athchúrsáilte. Cé gur minic gur múirín nó díleáiteán an t-aschur ón gcóireáil sin, d’fhéadfaí aschur eile a chur san áireamh freisin ar choinníoll go n-áirítear ann cainníochtaí inchomparáide d’ábhair athchúrsáilte i ndáil leis an chainníocht dramhaíola in-bhithdhíghrádaithe ó phacáistíocht atá cóireáilte. I gcásanna eile, i gcomhréir leis an sainmhíniú ar athchúrsáil, níor cheart athphróiseáil dramhaíola in-bhithdhíghrádaithe ó phacáistíocht ina hábhair atá le húsáid mar bhreoslaí nó mar mhodhanna eile chun fuinneamh a ghiniúint, a dhéantar a dhiúscairt, nó atá le húsáid in aon oibríocht a bhfuil an cuspóir céanna léi agus atá leis an aisghabháil dramhaíola seachas athchúrsáil, a áireamh faoi chomhair bhaint amach na spriocanna athchúrsála. |
|
(155) |
Más rud é nach dramhaíl a thuilleadh iad na hábhair dhramhaíola ó phacáistíocht de thoradh oibríocht ullmhúcháin sula ndearnadh iad a athphróiseáil iarbhír, ba cheart iad a áireamh mar ábhair athchúrsáilte ar choinníoll go bhfuil siad beartaithe lena n-athphróiseáil ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí ina dhiaidh sin, bíodh sé sin chun na gcríoch bunaidh a bhí acu nó chun críoch eile. Maidir le hábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad atá le húsáid mar bhreoslaí nó mar mhodhanna eile chun fuinneamh a ghiniúint, a dhéantar a aislíonadh nó a dhiúscairt, nó atá le húsáid in aon oibríocht a bhfuil an cuspóir céanna léi agus atá leis an aisghabháil dramhaíola seachas athchúrsáil, níor cheart na hábhair sin a áireamh faoi chomhair bhaint amach na spriocanna athchúrsála. |
|
(156) |
Agus an mhodheolaíocht á bunú aige chun céatadán an ábhair athchúrsáilte a ríomh agus a fhíorú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na teicneolaíochtaí athchúrsála atá ar fáil, agus a bhfeidhmíocht eacnamaíoch agus chomhshaoil á cur san áireamh, lena n-áirítear cáilíocht an aschuir, infhaighteacht na dramhaíola, an fuinneamh is gá agus astaíochtaí gás ceaptha teasa agus tionchair ábhartha eile ar an gcomhshaol. Ba cheart don Choimisiún é a chur san áireamh freisin gur féidir na teicneolaíochtaí sin a úsáid chun maímh mhíthreoracha chomhshaoil a chur chun cinn. |
|
(157) |
Níor cheart maímh maidir le saintréithe pacáistíochta a leagtar ceanglais dlí amach ina leith sa Rialachán seo, amhail in-athchúrsáilteacht, leibhéal na n-ábhar athchúrsáilte agus in-athúsáidteacht, a dhéanamh ach amháin i ndáil le hairíonna pacáistíochta a théann thar na híoscheanglais is infheidhme a leagtar amach sa Rialachán seo agus i gcomhréir leis na modheolaíochtaí agus na rialacha a bhunaítear faoin Rialachán seo. Ba cheart a shonrú leis na maímh sin an mbaineann siad leis an aonad pacáistíochta, le cuid den aonad pacáistíochta nó leis an bpacáistíocht go léir atá curtha ar na margadh ag an oibreoir eacnamaíoch. |
|
(158) |
Ba cheart an ceart a bheith ag na Ballstáit athchúrsáil miotal a scartar tar éis loscadh na dramhaíola a chur san áireamh i gcomhréir leis an sciar den dramhaíl ó phacáistíocht a loisctear ar choinníoll go gcomhlíonann na miotail athchúrsáilte critéir cháilíochta áirithe a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1004 ón gCoimisiún (41). |
|
(159) |
I gcás dramhaíl ó phacáistíocht arna honnmhairiú ón Aontas lena hathchúrsáil, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42) agus ag Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43). |
|
(160) |
Toisc nach gcuirtear aon phacáistíocht nua ar an margadh lena hathúsáid, ba cheart pacáistíocht díolacháin in-athúsáidte a chuirtear ar an margadh agus pacáistíocht adhmaid a dheisítear lena hathúsáid a chur san áireamh chun spriocanna athchúrsála pacáistíochta faoi seach a bhaint amach. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann an fhéidearthacht sin a úsáid chun leibhéal coigeartaithe a ríomh maidir leis na spriocanna athchúrsála trí aird a thabhairt ar 5 phointe céatadáin ar a mhéad de mheánsciar na pacáistíochta díolacháin in-athúsáidte, i rith na 3 bliana roimhe sin, a cuireadh ar an margadh den chéad uair agus a athúsáideadh sa chóras athúsáide. |
|
(161) |
Ba cheart do tháirgeoirí agus eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheith rannpháirteach go gníomhach i soláthar na faisnéise d’úsáideoirí deiridh, go háirithe do thomhaltóirí, maidir le cosc agus bainistiú na dramhaíola ó phacáistíocht. Ba cheart a áireamh ar an bhfaisnéis sin infhaighteacht na socruithe athúsáide le haghaidh pacáistíochta, brí na lipéad a thaispeántar ar phacáistíocht agus treoracha eile maidir le diúscairt na dramhaíola ó phacáistíocht. Ba cheart do thairgeoirí agus d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí na dtomhaltóirí a chur ar an eolas freisin gurb éard a chiallaíonn sé nuair a bhíonn pacáistíocht marcáilte mar inmhúirínithe go bhfuil an phacáistíocht inmhúirínithe i gcoinníollacha a rialaítear go tionsclaíoch i saoráidí cóireála bithdhramhaíola agus nach bhfuil sí oiriúnach do mhúiríniú baile. Níor cheart pacáistíocht a dhiúscairt mar bhruscar. Ba cheart do tháirgeoirí úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas faoin ról tábhachtach atá acu chun a áirithiú go ndéantar dramhaíl ó phacáistíocht a bhainistiú ar an mbealach is fearr ó thaobh an chomhshaoil de. Ba cheart teicneolaíochtaí faisnéise comhaimseartha a úsáid agus faisnéis á nochtadh do na húsáideoirí deiridh uile chomh maith le tuairisciú ar phacáistíocht. Ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil ar an ngnáthbhealach, amhail póstaeir lasmuigh agus laistigh agus feachtas ar na meáin shóisialta, nó ar bhealach níos nuálaí, amhail rochtain leictreonach ar shuíomhanna gréasáin le cóid QR a ghreamaítear den phacáistíocht. |
|
(162) |
Is gné thábhachtach é bailiú ar leithligh lasmuigh den áit chónaithe chun rátaí bailithe pacáistíochta a mhéadú, agus chun ciorclaíocht na pacáistíochta a fheabhsú. Ba cheart do na Ballstáit agus do ghníomhaithe eacnamaíocha a bheith in ann bearta sonracha a dhéanamh maidir le bailiú ar leithligh lasmuigh den áit chónaithe, agus iad in oiriúint do shuíomh agus do nósanna tomhaltóirí. |
|
(163) |
Do gach bliain féilire, ba cheart do na Ballstáit faisnéis maidir le baint amach spriocanna athchúrsála a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart, arb e is aidhm dóibh tomhaltas málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma a laghdú, ba cheart sonraí maidir le tomhaltas málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom, málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma, málaí siopadóireachta plaisteacha tiubha agus maidir le málaí siopadóireachta plaisteacha an-tiubh a thuairisciú ionas gur féidir measúnú a dhéanamh cé acu a tháinig nó nár tháinig méadú ar thomhaltas na málaí sin mar fhreagairt ar na bearta laghdaithe a dhíríonn ar mhálaí siopadóireachta plaisteacha éadroma. Ionas gur féidir measúnú a dhéanamh an bhfuil na córais shainordaitheacha aisíoctha éarlaise atá le bunú ag na Ballstáit éifeachtach, nó an bhfuil údar cuí le díolúintí arna dtabhairt ag na Ballstáit ón oibleagáid na córais sin a bhunú, tá sé tábhachtach faisnéis a fháil, le tuairisciú ó na mBallstáit, maidir le ráta bailithe ar leithligh na pacáistíochta a chumhdaítear leis an oibleagáid córais aisíoctha éarlaise a chur ar bun. |
|
(164) |
Chun an mhodheolaíocht le haghaidh an mheasúnaithe ar an athchúrsáil ar an mórchóir a bhunú, ba cheart do na Ballstáit freisin, ar bhonn bliantúil, sonraí a thuairisciú maidir le cainníocht na dramhaíola athchúrsáilte ó phacáistíocht in aghaidh na catagóire pacáistíochta agus cainníocht na pacáistíochta a cuireadh ar fáil den chéad uair ar mhargadh an Bhallstáit, nó arna díphacáil ag táirgeoir nach úsáideoir deiridh é, in aghaidh na catagóire pacáistíochta. Ba cheart don Choimisiún na sonraí sin a chomhlánú agus iad a fhoilsiú chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt bhliantúil na dramhaíola ó phacáistíocht athchúrsáilte ar an mórchóir. |
|
(165) |
Ba cheart do na Ballstáit na sonraí a thuairisciú don Choimisiún go leictreonach agus ba cheart dóibh tuarascáil seiceála cáilíochta a chur faoina bhráid freisin. Anuas air sin, ba cheart tuarascáil ina dtugtar tuairisc ar na bearta a rinneadh chun córas éifeachtach um rialú cáilíochta agus inrianaitheacht dramhaíola ó phacáistíocht a thabhairt i dteannta sonraí maidir le spriocanna athchúrsála. |
|
(166) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha a bhunú le haghaidh ríomh agus fhíorú na sonraí maidir le baint amach na spriocanna athchúrsála, na rátaí bailiúcháin ar leithligh maidir leis an bpacáistíocht a chumhdaítear leis an gcóras aisíoctha éarlaise, agus na sonraí is gá chun an mhodheolaíocht le haghaidh an mheasúnaithe ar an athchúrsáil ar an mórchóir a bhunú. Ba cheart a áireamh sa ghníomh cur chun feidhme sin modheolaíocht lena gcinntear cainníocht na dramhaíola ó phacáistíocht a ghintear chomh maith le formáid le haghaidh thíolacadh na sonraí a leagan síos. Chomh maith leis sin, ba cheart leis an ngníomh cur chun feidhme sin an mhodheolaíocht a bhunú le haghaidh ríomh an tomhaltais bhliantúil málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma per capita agus an fhormáid le haghaidh thíolacadh na sonraí sin, toisc go bhfuil gá leis na sonraí sin chun tacú le faireachán agus cur chun feidhme iomlán na gceanglas substainteach a bhaineann le málaí siopadóireachta plaisteacha, chun sonraí imdhealaithe sainordaitheacha maidir le catagóirí éagsúla málaí siopadóireachta plaisteacha a áirithiú. Ba cheart don ghníomh cur chun feidhme sin teacht in ionad Chinneadh 2005/270/CE (44) agus Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/896 ón gCoimisiún (45) |
|
(167) |
Chun é a chur ar chumas na mBallstát agus an Choimisiúin faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit bunachair sonraí maidir le pacáistíocht a bhunú agus ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh na bunachair sonraí sin dea-fheidhmiúil. |
|
(168) |
Tá forfheidhmiú éifeachtach na gceanglas inbhuanaitheachta fíor-riachtanach chun iomaíocht chóir a áirithiú agus chun a áirithiú go mbainfear amach na tairbhí a mheastar a thiocfaidh as an Rialachán seo agus an méid a mheastar a chuirfidh sé le cuspóirí aeráide, fuinnimh agus ciorclaíochta an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis inniúla féachaint le seiceálacha a dhéanamh gach bliain ar an gcruinneas de chuid de na dearbhuithe comhréireachta AE ar a laghad. Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2019/1020 leagtar amach creat cothrománach le haghaidh faireachas margaidh ar tháirgí agus rialú táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais maidir le pacáistíocht dá socraítear ceanglais inbhuanaitheachta de bhun an Rialacháin seo. Leis na sásraí faireachais margaidh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1020, leagtar amach na ceanglais maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus déantar foráil do shásraí coimirce chun comhlíonadh an Rialacháin seo a sheiceáil i ndáil le pacáistíocht a chur ar an margadh. |
|
(169) |
Níor cheart pacáistíocht a chur ar an margadh ach amháin mura gcuireann sí comhshaol ná sláinte an duine i mbaol. Chun go ndíreofar sna hiarrachtaí maidir le faireachas margaidh, ba cheart, chun críocha an Rialacháin seo, pacáistíocht lena mbaineann riosca a shainiú mar phacáistíocht a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol nó do leasanna eile de chuid an phobail a chosnaítear leis na ceanglais ábhartha, toisc nach gcomhlíonann sí na ceanglais inbhuanaitheachta nó toisc nach gcomhlíonann an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach ceanglas inbhuanaitheachta. |
|
(170) |
Ba cheart nós imeachta a bheith ann faoina gcuirtear páirtithe leasmhara ar an eolas faoi bhearta a bheartaítear a dhéanamh i ndáil le pacáistíocht lena mbaineann riosca. Chomh maith leis sin, ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstáit, i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, a bheith in ann gníomhú ag céim luath maidir leis an bpacáistíocht sin mar gheall air. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a chinneadh an bhfuil bonn cirt le bearta náisiúnta i leith táirgí neamhchomhlíontacha. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann leis an gcomhshaol nó le sláinte an duine a chosaint, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne. |
|
(171) |
Ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis um fhaireachas margaidh a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh ar bhonn torthaí a léiríonn nach gcomhlíonann pacáistíocht na ceanglais inbhuanaitheachta agus na ceanglais maidir le lipéadú nó gur sháraigh an t-oibreoir eacnamaíoch na rialacha eile maidir le pacáistíocht a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an cheanglais ar oibreoirí eacnamaíocha gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a chinneadh an bhfuil bonn cirt le beart náisiúnta. |
|
(172) |
I gcás ábhar imní maidir le sláinte an duine, ní cheart don údarás um fhaireachas margaidh meastóireacht a dhéanamh ar riosca do shláinte an duine ná do shláinte ainmhithe, riosca de thionscnamh an ábhair pacáistíochta, má aistrítear é ón ábhar pacáistíochta chuig an ábhar pacáistithe, ach ba cheart dó na húdaráis atá inniúil ar na rioscaí a rialú agus a ceapadh de bhun Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (46) Rialacháin (AE) 2017/745, (AE) 2017/746, (AE) 2019/6 nó Treoir 2001/83/CE a chur ar an eolas faoin riosca sin. |
|
(173) |
Is éard atá sa soláthar poiblí 14 % de OTI an Aontais. Chun rannchuidiú leis na cuspóirí aeráidneodracht a bhaint amach, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní a fheabhsú agus aistriú chuig geilleagar ciorclach lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, chun a cheangal, i gcás inarb iomchuí, ar údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE (47) agus 2014/25/AE (48) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a soláthar poiblí a ailíniú le híoscheanglais shainordaitheacha shonracha maidir le soláthar poiblí glas, a bheidh le leagan amach sna gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo. I gcomparáid le cur chuige deonach, ba cheart le ceanglais shainordaitheacha giaráil an chaiteachais phoiblí a uasmhéid chun borradh a chur faoin éileamh ar phacáistíocht a fheidhmíonn ar bhealach níos fearr. Ba cheart na ceanglais sin a bheith trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann tagairt a dhéanamh do shonraíochtaí teicniúla, critéir roghnúcháin nó coinníollacha feidhmíochta conartha ina gceanglais soláthair phoiblí agus níor cheart é a bheith riachtanach do na ceanglais sin a bheith carnach. Ba cheart d’údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha Ballstát, agus iad ag cloí leis na rialacha ginearálta a leagtar síos in CFAE agus ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo, a bheith in ann forálacha a ghlacadh a théann thar na híoscheanglais maidir le soláthar poiblí glas a leagtar síos sa Rialachán seo. |
|
(174) |
Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú, agus chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, is gá a áirithiú maidir le pacáistíocht ó thríú tíortha a thagann isteach i margadh an Aontais go mbeidh sí i gcomhréir leis an Rialachán seo, bíodh sí á hallmhairiú mar phacáistíocht neamhspleách nó in éineacht le táirge pacáistithe. Is gá, go háirithe, a áirithiú gur chuir monaróirí nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta i gcrích maidir leis an bpacáistíocht sin. Ba cheart tús áite a thabhairt don chomhar sa mhargadh idir údaráis um fhaireachas margaidh agus oibreoirí eacnamaíocha. Dá bhrí sin, cé go bhféadfaidís a bheith bainteach le haon phacáistíocht a thagann isteach i margadh an Aontais, ba cheart díriú go príomha, le hidirghabhálacha na n-údarás a ainmnítear de bhun Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2019/1020 ar an bpacáistíocht, atá faoi réir na mbeart toirmisc a dhéanann na húdaráis um fhaireachas margaidh. I gcás ina ndéanfaidh siad na bearta toirmisc sin, agus nach mbeidh na bearta toirmisc teoranta don chríoch náisiúnta, ba cheart d’údaráis um fhaireachas margaidh cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis a ainmnítear le haghaidh na rialuithe ar phacáistíocht a thagann isteach chuig margadh an Aontais, cumarsáid maidir leis na sonraí is gá chun an phacáistíocht neamhchomhlíontach sin a shainaithint ag na teorainneacha, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na táirgí pacáistithe agus na hoibreoirí eacnamaíocha ionas gur féidir cur chuige rioscabhunaithe a ghlacadh i leith táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais. Sna cásanna sin, déanfaidh lucht custaim a dhícheall an phacáistíocht sin a shainaithint agus stop a chur leis ag na teorainneacha. |
|
(175) |
Chun an próiseas rialaithe a bharrfheabhsú ag teorannacha seachtracha an Aontais, agus chun an t-ualach ar an bpróiseas sin a laghdú, is gá aistriú uathoibrithe sonraí idir Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (ICSMS) agus córais chustaim a chumasú. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir dhá chineál aistrithe sonraí éagsúla i bhfianaise a gcuspóirí faoi seach. Ar an gcéad dul síos, ba cheart don Chóras Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh bearta toirmisc arna gcinneadh ag údaráis um fhaireachas margaidh a bhaineann le sainaithint pacáistíochta neamhchomhlíontaí a chur in iúl don lucht custaim lena n-úsáid ag údaráis a ainmnítear chun rialuithe a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha chun pacáistíocht a shainaithint ar cheart feidhm a bheith ag an beart toirmisc sin. An Córas Bainistíochta Riosca Custaim leictreonach (CBRC) a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (49), gan dochar d’aon athrú amach anseo ar an timpeallacht bainistíochta riosca custaim, ba cheart an córas sin a úsáid le haghaidh na gcéad aistrithe sonraí sin. Ar an dara dul síos, i gcás ina sainaithneoidh údaráis chustaim pacáistíocht neamhchomhlíontach, beidh gá le bainistiú cáis, i measc nithe eile, chun an fógra faoin bhfionraí, conclúid na n-údarás um fhaireachas margaidh agus toradh na mbeart a rinne lucht custaim a aistriú. Tacaíonn Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam leis na dara haistrithe sonraí sin idir an Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh agus córais náisiúnta chustaim. |
|
(176) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an idirnaisc maidir le cumarsáid idir na húdaráis um fhaireachas margaidh agus na húdaráis chustaim, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na rialacha nós imeachta agus sonraí na socruithe cur chun feidhme a shonrú, lena n-áirítear na feidhmiúlachtaí, na heilimintí sonraí agus próiseáil sonraí, chomh maith leis na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta, rúndacht agus an rialú i gcás an idirnaisc sin. |
|
(177) |
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige de bhun Airteagal 290 CFAE, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear é sin a dhéanamh ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (50). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid ar fad ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Agus na gníomhartha tarmligthe seo á bhforbairt, ba cheart don Choimisiún faisnéis eolaíoch nó faisnéis theicniúil eile atá ar fáil a chur san áireamh, lena n-áirítear caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha. |
|
(178) |
Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún leis an Rialachán seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (51). |
|
(179) |
Chun a áirithiú gur féidir faireachán a dhéanamh ar cheanglais táirgí i dTreoir (AE) 2019/904 agus gur féidir iad a fhorfheidhmiú agus go mbíonn siad faoi réir faireachas margaidh iomchuí, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1020 a leasú chun Treoir (AE) 2019/904 a áireamh faoina raon feidhme. Ba cheart na ceanglais a bhaineann leis an ábhar plaisteach athchúrsáilte i gcás buidéil dí, ar táirgí plaisteacha iad, ón 1 Eanáir 2030, agus oibleagáidí tuairiscithe comhfhreagracha a scriosadh ó Threoir (AE) 2019/904, toisc go rialaítear an t-ábhar sin go heisiach leis an Rialachán seo. |
|
(180) |
Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha ginearálta a bhfuil feidhm acu maidir leis an bpacáistíocht ar fad. Mar sin féin, meastar gur pacáistíocht iad táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe a chumhdaítear le Treoir (AE) 2019/904, amhail málaí siopadóireachta plaisteacha, cupáin deochanna, coimeádáin bhia agus deochanna, lena n-áirítear buidéil. Is lex specialis í Treoir (AE) 2019/904 i ndáil leis an Rialachán seo. I gcás ina mbeidh coimhlint idir Treoir (AE) 2019/904 agus an Rialachán seo, ba cheart forlámhas a bheith ag Treoir (AE) 2019/904 faoina raon feidhme. Le Treoir (AE) 2019/904, ceanglaítear ar na Ballstáit bearta, lena n-áirítear srianta margaíochta, a dhéanamh chun tomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe a laghdú. Ba cheart feidhm a bheith ag na srianta margaíochta sin agus forlámhas a bheith acu ar aon fhorálacha contrártha sa Rialachán seo. Leis an Rialachán seo, cuirtear srian ar na táirgí plaisteacha a chur ar an margadh a liostaítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, agus le Treoir (AE) 2019/904 ceadaítear do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun laghdú a bhaint amach i dtomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin. Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh bearta cur chun feidhme náisiúnta faoi Threoir (AE) 2019/904 chomh sriantach le toirmeasc ar chur ar an margadh, ba cheart forlámhas a bheith ag an Rialachán seo ar Threoir (AE) 2019/904 a mhéid a bhaineann leis na táirgí sin a thagann faoin sainmhíniú ar phacáistíocht, chun borradh a chur faoin laghdú ar phacáistíocht phlaisteach aon úsáide agus chun méid na pacáistíochta plaisteacha aon úsáide sa chomhshaol a laghdú. Dá thoradh sin, níor cheart na Ballstáit a bheith in ann díolúine a ghlacadh ón toirmeasc i dTreoir (AE) 2019/904 maidir le pacáistíocht atá déanta as polaistiréin inleathnaithe a chur ar an margadh. Chun an méid sin a léiriú, ba cheart Treoir (AE) Uimh. 2019/904 a leasú dá réir. |
|
(181) |
Ós rud é nach rialaítear leis an Rialachán seo cion an ábhair athchúrsáilte sa chuid phlaisteach den phacáistíocht roimh an 1 Eanáir 2030, ba cheart do na forálacha maidir le cion an ábhair athchúrsáilte le haghaidh buidéil dí phlaisteacha i dTreoir (AE) 2019/904 fanacht i bhfeidhm go dtí an dáta sin. |
|
(182) |
Chun muinín an phobail i bpacáistíocht a chuirtear ar an margadh a fheabhsú, go háirithe a mhéid a bhaineann le comhlíonadh ceanglas inbhuanaitheachta, ba cheart na hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann pacáistíocht neamhchomhlíontach ar an margadh nó oibreoirí eacnamaíocha nach gcomhlíonann a gcuid oibleagáidí a bheith faoi réir pionós. Dá bhrí sin, is gá do na Ballstáit pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a leagan síos sa dlí náisiúnta in aghaidh neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo. |
|
(183) |
Ceanglaítear le hAirteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) ar na Ballstáit leigheasanna a chur ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais, lena n-áirítear cúirteanna na mBallstát. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ar cheartas ag daoine lena mbaineann, amhail daoine nádúrtha nó dlítheanacha a rinne gearán nó a thuairiscigh neamhchomhlíonadh líomhnaithe na pacáistíochta, bíodh sin mar phacáistíocht neamhspleách nó in éineacht le táirge pacáistithe, leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na hoibleagáidí ar chomhaontaigh na Ballstáit leo mar pháirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (52), arna dhéanamh in Aarhus an 25 Meitheamh 1998 (‘Coinbhinsiún Aarhus’). |
|
(184) |
Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart an mheastóireacht sin a bhunú ar chúig chritéar mar atá éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach an Aontais agus ba cheart í a bheith mar bhonn le measúnuithe tionchair ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar a thionchar ar inbhuanaitheacht comhshaoil pacáistíochta agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. |
|
(185) |
Is gá foráil a dhéanamh go mbeidh am leordhóthanach ag oibreoirí eacnamaíocha a oiriúnú chun a n-oibleagáidí agus na ceanglais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, agus ag na Ballstáit chun an bonneagar rialacháin is gá a bhunú chun é a chur i bhfeidhm. Ar an gcaoi chéanna, is gá foráil a dhéanamh go mbeidh am leordhóthanach ag na Ballstáit chun bearta riaracháin a ghlacadh maidir le heagrú na nósanna imeachta údarúcháin ag na húdaráis inniúla, agus leanúnachas á choinneáil ar bun d’oibreoirí eacnamaíocha, agus chun an bonneagar riaracháin is gá a chur ar bun maidir leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí dáta ar réasúnta é go mbeidh bailchríoch curtha ar na hullmhúcháin sin. Ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar éascú chomhlíonadh na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) i ndáil lena n-oibleagáidí agus a gceanglais faoin Rialachán seo, lena n-áirítear le treoraíocht a sholáthróidh an Coimisiún chun comhlíonadh ag oibreoirí eacnamaíocha a éascú, agus aird faoi leith á tabhairt ar FBManna. |
|
(186) |
Chun na gealltanais sin a chomhlíonadh agus chun creat uaillmhianach comhchuibhithe maidir le pacáistíocht a bhunú, is gá Rialachán lena mbunaítear ceanglais ar phacáistíocht le linn a saolré iomláine a ghlacadh. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 94/62/CE a aisghairm. |
|
(187) |
Ba cheart Treoir 94/62/CE a aisghairm le héifeacht ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Mar sin féin, chun aistriú réidh agus leanúnachas a áirithiú go dtí go nglacfaidh an Coimisiún rialacha nua faoin Rialachán seo, agus chun foráil a dhéanamh do leanúnachas agus córas acmhainní dílse an Aontais i dtaca leis na boinn acmhainní dílse maidir le dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte á chur i bhfeidhm, ba cheart d’oibleagáidí áirithe faoin Treoir sin maidir le lipéadú, spriocanna athchúrsála agus tarchur sonraí chuig an gCoimisiún fanacht i bhfeidhm go ceann tréimhse ama áirithe. |
|
(188) |
Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin inbhuanaitheacht comhshaoil pacáistíochta a fheabhsú agus saorghluaiseacht pacáistíochta sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach agus, de thairbhe a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal sin amháin, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
1. Bunaítear leis an Rialachán seo ceanglais le haghaidh shaolré iomlán na pacáistíochta a mhéid a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil agus lipéadú ionas gur féidir í a chur ar an margadh. Bunaítear leis freisin ceanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora, dramhaíl ó phacáistíocht a chosc, amhail pacáistíocht neamhriachtanach a laghdú agus pacáistíocht a athúsáid nó a athlíonadh, chomh maith le dramhaíl ó phacáistíocht a bhailiú agus a chóireáil, lena n-áirítear athchúrsáil.
2. Leis an Rialachán seo, cuirtear le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh trí bhearta náisiúnta maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht a chomhchuibhiú chun bacainní ar thrádáil agus an saobhadh agus cosc ar iomaíocht laistigh den Aontas a sheachaint, agus drochthionchar na pacáistíochta agus na dramhaíola ó phacáistíocht ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine á gcosc agus á laghdú an tráth céanna, ar bhonn leibhéal ard cosanta comhshaoil.
3. Rannchuidíonn an Rialachán seo leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach agus le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, ar a dhéanaí, dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (53), trí bhearta a leagan síos i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/cé (‘Ord na Réiteach Dramhaíola’).
Airteagal 2
Raon Feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an bpacáistíocht ar fad, gan beann ar an ábhar a úsáidtear, agus maidir leis an dramhaíl ar fad ó phacáistíocht, má úsáidtear pacáistíocht den sórt sin sa tionscal, i suíomhanna monaraíochta, miondíola nó dáilte eile, oifigí, seirbhísí nó teaghlaigh nó má thagann dramhaíl ó phacáistíocht den sórt sin ón tionscal, ó shuíomhanna monaraíochta, miondíola nó dáilte eile, oifigí, seirbhísí nó teaghlaigh.
2. Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha Threoir 2008/98/CE a mhéid a bhaineann le dramhaíl ghuaiseach a bhainistiú agus do cheanglais rialála an Aontais maidir le pacáistíocht, amhail iad siúd a bhaineann le sábháilteacht, cáilíocht, cosaint na sláinte agus sláintíocht na dtáirgí pacáistithe, agus le ceanglais iompair. I gcás ina bhfuil an Rialachán seo ag teacht salach ar Threoir 2008/68/CE, áfach, beidh forlámhas ag Treoir 2008/68/CE.
Airteagal 3
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht’ earra, gan beann ar na hábhair as a ndearnadh é, a bhfuil sé beartaithe é a bheith á úsáid ag oibreoir eacnamaíoch chun táirgí a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh nó a chur i láthair chuig oibreoir eacnamaíoch eile nó chuig úsáideoir deiridh agus ar féidir é a idirdhealú ina fhormáid phacáistíochta bunaithe ar an bhfeidhm, ábhar agus dearadh atá aige, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
|
(2) |
ciallaíonn ‘dramhaíl’ dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE; ní mheastar gur dramhaíl í pacáistíocht in-athúsáidte a chuirtear ar aghaidh lena hathriochtú; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht beir leat’ pacáistíocht seirbhíse a líontar ag díolphointí ar a bhfreastalaítear le deochanna nó le bia réamhullmhaithe a dhéantar a phacáistiú lena iompar agus lena chaitheamh láithreach ag suíomh eile gan gá le tuilleadh ullmhúcháin agus a chaitear de ghnáth ón bpacáistíocht; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht táirgthe phríomhúil’ earraí a dheartar agus a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar phacáistíocht le haghaidh táirgí neamhphróiseáilte ó tháirgeadh príomhúil mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (54); |
|
(5) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht díolacháin’ pacáistíocht a cheaptar chun bheith ina haonad díolacháin ina bhfuil táirgí agus pacáistíocht don úsáideoir deiridh ag an díolphointe; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht ghrúpáilte’ pacáistíocht a cheaptar chun bheith ina grúpáil de líon áirithe aonad díolacháin ag an díolphointe, gan beann ar cibé acu a dhíoltar grúpáil na n-aonad díolacháin sin sa cháil sin leis an úsáideoir deiridh nó a fhónann sí mar mhodh chun athstocáil na seilfeanna ag an díolphointe a éascú nó chun aonad stoc-choimeádta nó dáileacháin a chruthú, agus is féidir a bhaint den táirge gan difear a dhéanamh dá shaintréithe; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht iompair’ pacáistíocht a cheaptar chun láimhseáil agus iompar aonaid díolacháin amháin nó níos mó nó grúpáil na n-aonad díolacháin a éascú, chun damáiste don táirge de bharr a láimhseála nó a iompair a chosc, lena n-eisiatar coimeádáin bhóthair, iarnróid, loinge agus aeir; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht ríomhthráchtála’ pacáistíocht iompair a úsáidtear chun táirgí a sheachadadh i gcomhthéacs díol ar líne nó modh eile ciandíola leis an úsáideoir deiridh; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ pacáistíocht a sholáthar, bíodh sí folamh nó le táirge, lena dáileadh, lena tomhailt nó lena húsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ pacáistíocht a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair, bíodh sí folamh nó le táirge; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘cur ar fáil ar chríoch an Bhallstáit’ pacáistíocht a sholáthar, bíodh sí folamh nó le táirge, lena dáileadh, lena tomhailt nó lena húsáid ar chríoch an Bhallstáit le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an soláthróir, an t-allmhaireoir, an dáileoir, an t-ionadaí údaraithe, an dáileoir deiridh agus an soláthraí seirbhíse comhlíonta; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn pacáistíocht nó táirge pacáistithe; mar sin féin:
|
|
(14) |
ciallaíonn ‘cianchonradh’ cianchonradh de réir mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (55); |
|
(15) |
ciallaíonn ‘táirgeoir’ aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir a bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas maidir leis, gan beann ar an modh díola a úsáidtear, lena n-áirítear trí bhíthin cianchonarthaí:
|
|
(16) |
ciallaíonn ‘soláthróir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a sholáthraíonn pacáistíocht nó ábhar pacáistíochta do mhonaróir |
|
(17) |
ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann pacáistíocht ó thríú tír ar an margadh; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir a chuireann pacáistíocht ar fáil ar an margadh; |
|
(19) |
ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige nó aici ón monaróir chun gníomhú thar ceann an mhonaróra sin i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoin Rialachán seo; |
|
(20) |
ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe sa Bhallstát ina gcuireann an táirgeoir pacáistíocht nó táirge pacáistithe ar fáil ar chríoch an Bhallstáit den chéad uair, nó i gcás ina ndíphacálann sé nó sí táirgí pacáistithe gan bheith ina úsáideoir nó ina húsáideoir deiridh, ar chríoch an Bhallstáit seachas an Ballstát nó an tríú tír ina bhfuil an táirgeoir bunaithe, agus a cheapann an táirgeoir i gcomhréir le hAirteagal 8a(5), an tríú fomhír, de Threoir 2008/98/CE chun oibleagáidí an táirgeora sin faoi Chaibidil VIII den Rialachán seo a chomhlíonadh; |
|
(21) |
ciallaíonn ‘dáileoir deiridh’ an duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair a sheachadann táirgí pacáistithe, lena n-áirítear trí athúsáid, nó táirgí is féidir a cheannach trí athlíonadh, chuig an úsáideoir deiridh; |
|
(22) |
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó nó dá ghairm; |
|
(23) |
ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá ina chónaí nó ina cónaí nó atá bunaithe san Aontas ar cuireadh táirge ar fáil dó nó di ina cháil mar thomhaltóir nó mar úsáideoir deiridh gairmiúil le linn a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí tionsclaíocha nó gairmiúla, agus nach gcuireann an táirge sin ar fáil ar an margadh san fhoirm inar soláthraíodh dó nó di é; |
|
(24) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht ilchodach’ aonad pacáistíochta atá comhdhéanta de dhá ábhar éagsúla nó níos mó atá ina gcuid de mheáchan an phríomhábhair pacáistíochta agus nach féidir a dheighilt ó chéile de láimh agus ar aonad comhtháite amháin iad dá bhrí sin, seachas ceann de na hábhair nach bhfuil ann ach cuid gan tábhacht den aonad pacáistíochta, agus in aon chás nach mó é ná 5 % de mhais iomlán an aonaid pacáistíochta gan lipéid, vearnaisí, péinteanna, dúch, greamachán ná laicir san áireamh; ní dochar an méid sin do Threoir (AE) 2019/904; |
|
(25) |
ciallaíonn ‘dramhaíl ó phacáistíocht’ aon phacáistíocht nó ábhar pacáistíochta ar dramhaíl í, cé is moite d’iarmhair táirgthe; |
|
(26) |
ciallaíonn ‘dramhaíl ó phacáistíocht a chosc’ bearta a dhéantar sula dtagann aon phacáistíocht nó ábhar pacáistíochta chun bheith ina dramhaíl ó phacáistíocht agus bearta lena laghdaítear méid na dramhaíola ó phacáistíocht, ionas nach mbeidh an oiread céanna pacáistíochta nó aon phacáistíochta de dhíth, chun táirgí a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh nó a chur i láthair, lena n-áirítear bearta maidir le hathúsáid na pacáistíochta agus bearta chun ré na pacáistíochta a shíneadh sula dtiocfaidh sí chun bheith ina dramhaíl; |
|
(27) |
ciallaíonn ‘athúsáid’ aon oibríocht ina n-úsáidtear pacáistíocht in-athúsáidte arís go mion minic don fheidhm chéanna ar ceapadh dó é; |
|
(28) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht aon úsáide’ pacáistíocht nach pacáistíocht in-athúsáidte í; |
|
(29) |
ciallaíonn ‘uainíocht’ saolré pacáistíocht in-athúsáidte ón tráth a chuirtear ar an margadh in éineacht leis an táirge a bhfuil sí ceaptha a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh nó a chur i láthair go dtí an tráth atáthar réidh í a athúsáid laistigh de chóras athúsáide d’fhonn í a sholáthar d’úsáideoirí deiridh arís, in éineacht le táirge eile; |
|
(30) |
ciallaíonn ‘turas’ aistriú pacáistíochta, ó líonadh nó luchtú go folmhú nó díluchtú, mar chuid d’uainíocht nó ina aonar; |
|
(31) |
ciallaíonn ‘córais athúsáide’ socruithe eagraíochtúla, teicniúla nó airgeadais, mar aon le dreasachtaí, lena n-éascaítear an athúsáid i gcóras lúbiata nó córas lúboscailte, amhail córas aisíoctha éarlaise lena n-áirithítear go mbailítear pacáistíocht lena hathúsáid; |
|
(32) |
ciallaíonn ‘athriochtú’ aon oibríocht a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn VI a bhfuil gá léi chun pacáistíocht in-athúsáidte a athchóiriú ionas go mbeidh feidhm aici ar mhaithe lena athúsáid; |
|
(33) |
ciallaíonn ‘athlíonadh’ oibríocht ina líonann an t-úsáideoir deiridh nó an dáileoir deiridh coimeádán a chomhlíonann an fheidhm phacáistíochta, agus atá faoi úinéireacht an úsáideora deiridh nó a cheannaigh an t-úsáideoir deiridh ag pointe díola an dáileora deiridh, le táirge amháin nó le roinnt táirgí a cheannaigh an t-úsáideoir deiridh ón dáileoir deiridh; |
|
(34) |
ciallaíonn ‘stáisiún athlíonta’ áit a dtairgeann dáileoir deiridh táirgí, is féidir a cheannach trí athlíonadh, d’úsáideoirí deiridh; |
|
(35) |
ciallaíonn ‘earnáil HORECA’ Gníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhísí Bia de réir NACE Ath. 2 – Aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha; |
|
(36) |
ciallaíonn ‘limistéar díolacháin’ an limistéar a thiomnaítear le haghaidh thaispeáint na n-earraí a thairgtear lena ndíol, íocaíocht na n-earraí sin, agus cúrsaíocht agus láithreacht custaiméirí, ach ní áirítear leis sin na limistéir nach bhfuil ar oscailt don phobal, amhail limistéir stórála, nó limistéir eile nach dtaispeántar táirgí iontu, amhail carrchlóis; i gcomhthéacs na pacáistíochta ríomhthráchtála, measfar gur limistéar díolacháin é an limistéar stórála agus seolta; |
|
(37) |
ciallaíonn ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’ an dearadh pacáistíochta, lena n-áirítear comhpháirteanna aonair pacáistíochta, chun a áirithiú gur féidir í a athchúrsáil le próisis sheanbhunaithe bhailiúcháin, sórtála agus athchúrsála arna gcruthú i dtimpeallacht oibríochtúil; |
|
(38) |
ciallaíonn ‘in-athchúrsáilteacht’ comhoiriúnacht na pacáistíochta le bainistiú agus próiseáil dramhaíola de bharr dearadh, bunaithe ar bhailiú ar leithligh, sórtáil i sruthanna ar leithligh, athchúrsáil ar an mórchóir, agus úsáid na n-ábhar athchúrsáilte chun amhábhair phríomhúla a ionadú; |
|
(39) |
ciallaíonn ‘dramhaíl ó phacáistíocht arna hathchúrsáil ar an mórchóir’ dramhaíl ó phacáistíocht a dhéantar a bhailiú ar leithligh agus a shórtáil agus a athchúrsáil i mbonneagar suiteáilte, agus úsáid á baint as próisis sheanbhunaithe arna gcruthú i dtimpeallacht oibríochtúil lena n-áirithítear, ar leibhéal an Aontais, gur ann do chainníocht bhliantúil d’ábhar athchúrsáilte faoi gach catagóir pacáistíochta a liostaítear i dTábla 2 Iarscríbhinn II cothrom le nó níos mó ná 30 % i gcás adhmaid agus 55 % i gcás gach ábhair eile; airítear leis sin an dramhaíl ón bpacáistíocht sin a onnmhairítear ón Aontas chun críche bainistithe dramhaíola agus ar féidir a mheas go gcomhlíonann sí ceanglais Airteagal 53(11); |
|
(40) |
ciallaíonn ‘athchúrsáil ábhar’ aon oibríocht aisghabhála lena ndéantar ábhair dhramhaíola a athphróiseáil go hábhair nó go substaintí, bíodh sin chun na gcríoch bunaidh nó chun críoch eile, cé is moite de chóireáil bhitheolaíoch dramhaíola, athphróiseáil bithábhair orgánaigh, aisghabháil fuinnimh agus an athphróiseáil in ábhair atá le húsáid mar bhreoslaí nó le haghaidh oibríochtaí aislíonta; |
|
(41) |
ciallaíonn ‘athchúrsáil ardcháilíochta’ aon phróiseas athchúrsála lena dtáirgtear ábhair athchúrsáilte atá ar cháilíocht atá coibhéiseach leis na hábhair bhunaidh, bunaithe ar shaintréithe teicniúla caomhnaithe, agus a úsáidtear chun príomh-amhábhair a ionadú i bpacáistíocht nó i feidhmeanna eile ina gcaomhnaítear cáilíocht an ábhair athchúrsáilte; |
|
(42) |
ciallaíonn ‘catagóir phacáistíochta’ meascán d’ábhar agus dearadh sonrach pacáistíochta lena gcinntear an in-athchúrsáilteacht trí thagairt do phróisis bhailiúcháin, sórtála agus athchúrsála úrscothacha sheanbhunaithe arna gcruthú i dtimpeallacht oibríochtúil agus atá ábhartha maidir le sainmhíniú na gcritéar maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála; |
|
(43) |
ciallaíonn ‘comhpháirt chomhtháite’ comhpháirt phacáistíochta, bíodh sí den ábhar céanna de phríomhchabhail an aonaid pacáistíochta nó ná bíodh, nó d’ábhar atá ar leithligh uaidh, atá ina dlúthchuid den aonad pacáistíochta agus dá fheidhmiú, nach gá í a dheighilt ó phríomhchabhail an aonaid pacáistíochta chun feidhmiúlacht an aonaid pacáistíochta a áirithiú agus a dhiúscraítear de ghnáth ag an am céanna le príomhchabhail an aonaid pacáistíochta, cé nach gá go ndéanfaí amhlaidh tríd an mbealach diúscartha céanna; |
|
(44) |
ciallaíonn ‘comhpháirt ar leithligh’ comhpháirt phacáistíochta, bíodh sí den ábhar céanna nó d’ábhar eile seachas príomhchabhail an aonaid pacáistíochta nó ná bíodh, atá éagsúil le príomhchabhail an aonaid pacáistíochta, nach mór a dhíchóimeáil go hiomlán agus go buan ó phríomhchabhail an aonaid pacáistíochta agus a dhiúscraítear de ghnáth roimh phríomhchabhail an aonaid pacáistíochta agus ar leithligh uaidh, lena n-áirítear comhpháirteanna pacáistithe is féidir a dheighilt óna chéile go simplí trí strus meicniúil le linn iompair nó sórtála; |
|
(45) |
ciallaíonn ‘aonad pacáistíochta’ aonad, lena n-áirítear aon chomhpháirteanna comhtháite nó ar leithligh, a bhfuil feidhm phacáistíochta acu ina n-iomláine, amhail táirgí a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh, a stóráil, a iompar agus a chur i láthair, agus lena n-áirítear aonaid neamhspleácha pacáistíochta grúpáilte nó pacáistíochta iompair i gcás ina ndiúscraítear iad roimh an díolphointe; |
|
(46) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht nuálach’ cineál pacáistíochta a mhonaraítear le hábhair nua, as a dtagann feabhas suntasach ar fheidhmeanna na pacáistíochta, amhail coimeád, cosaint, láimhseáil, nó seachadadh táirgí, agus ar shochair chomhshaoil fhoriomlána inléirithe, cé is moite de phacáistíocht atá mar thoradh ar mhodhnú ar phacáistíocht atá ann cheana chun cur i láthair táirgí agus margaíocht a fheabhsú go príomha; |
|
(47) |
ciallaíonn ‘amhábhair thánaisteacha’ ábhair a chuaigh faoi réir gach próiseas seiceála agus sórtála ba ghá agus a fuarthas trí phróisis athchúrsála agus is féidir bun-amhábhair a ionadú; |
|
(48) |
ciallaíonn ‘dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais’ dramhaíl ar plaisteach í agus a gineadh ó tháirgí plaisteacha a cuireadh ar an margadh nó a soláthraíodh lena ndáileadh, lena tomhailt nó lena n-úsáid i dtríú tír le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce; |
|
(49) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de’ pacáistíocht a bheartaítear a úsáid i gcás táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (56), (CE) Uimh. 1935/2004, (CE) Uimh. (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (57), (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (58), (AE) 2017/745, (AE) 2017/746, (AE) 2019/4 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (59), nó (AE) 2019/6, nó faoi chuimsiú Threoracha 2001/83/CE, nó 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (60), 2008/68/CE nó táirgí mar a shainmhínítear in Airteagail 1 agus 2 de Chinneadh (AE) 2023/1809 ón gCoimisiún (61),; |
|
(50) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht inmhúirínithe’ pacáistíocht a bhith-dhíghrádaíonn faoi dhálaí a rialaítear go tionsclaíoch, nó ar féidir dianscaoileadh bitheolaíoch a dhéanamh uirthi sna dálaí sin, lena n-áirítear trí dhíleá anaeróbach, ach nárbh amhlaidh a d’fhéadfadh a dhéanamh i dtimpeallacht múirínithe baile, in éineacht le cóireáil fhisiciúil, más gá, as a n-eascraíonn ar deireadh tiontú na pacáistíochta ina dé-ocsaíd charbóin nó, in éagmais ocsaigine, meatáin, agus salainn mhianracha, bithmhais agus uisce, agus nach gcuireann bac nó bagairt ar an mbailiú ar leithligh agus ar an bpróiseas múirínithe agus díleá anaeróbach; |
|
(51) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht inmhúirínithe sa bhaile’ pacáistíocht atá in ann bith-dhíghrádú i ndálaí neamhrialaithe nach saoráidí múirínithe ar scála tionsclaíoch iad agus ar daoine aonair príobháideacha a dhéanann í a mhúiríniú d’fhonn múirín a tháirgeadh dá n-úsáid féin; |
|
(52) |
ciallaíonn ‘plaisteach’ ábhar déanta as polaiméir de réir bhrí Airteagal 3, pointe (5), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, a d’fhéadfadh go mbeadh breiseáin nó substaintí eile curtha leis, agus atá in ann feidhmiú mar phríomh-chomhpháirt struchtúrach de phacáistíocht, cé is moite de pholaiméirí nádúrtha nár athraíodh go ceimiceach; |
|
(53) |
ciallaíonn ‘plaistigh bhithbhunaithe’ plaistigh a dhéantar, as acmhainní bitheolaíocha amhail bunábhar bithmhaise, dramhaíl orgánach nó seachtháirgí; agus gan beann ar cé acu atá na plaistigh in-bhithdhíghrádaithe nó do-bhithdhíghrádaithe; |
|
(54) |
ciallaíonn ‘buidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide’ buidéil deochanna a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904; |
|
(55) |
ciallaíonn ‘málaí siopadóireachta plaisteacha’ málaí siopadóireachta déanta as plaisteach, bíodh lámh orthu nó ná bíodh, a sholáthraítear do thomhaltóirí ag díolphointe táirgí; |
|
(56) |
ciallaíonn ‘málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma’ málaí siopadóireachta plaisteacha ar lú ná 50 miocrón a dtiús balla; |
|
(57) |
ciallaíonn ‘málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom’ málaí siopadóireachta plaisteacha ar lú ná 15 mhiocrón a dtiús balla; |
|
(58) |
ciallaíonn ‘málaí siopadóireachta plaisteacha tiubha’ málaí siopadóireachta plaisteacha ar tiús balla atá idir 50 miocrón agus 99 miocrón; |
|
(59) |
ciallaíonn ‘málaí siopadóireachta plaisteacha an-tiubh’ málaí siopadóireachta plaisteacha ar tiús balla atá os cionn 99 miocrón; |
|
(60) |
ciallaíonn ‘gabhdáin dramhaíola’ gabhdáin a úsáidtear chun dramhaíl a stóráil agus a bhailiú, mar shampla coimeádáin, boscaí bruscair agus málaí; |
|
(61) |
ciallaíonn ‘éarlais’ suim shainithe airgid, nach bhfuil mar chuid de phraghas an táirgthe phacáistithe nó líonta agus a bhailítear ón úsáideoir deiridh nuair a cheannaítear an táirge pacáistithe nó líonta sin, a chumhdaítear le córas aisíoctha éarlaise i mBallstát faoi leith agus atá in-aisíoctha nuair a thugann an t-úsáideoir deiridh nó aon duine eile an phacáistíocht inar cuireadh éarlais ar ais chuig pointe bailiúcháin a bhunaítear chun na críche sin; |
|
(62) |
ciallaíonn ‘córas aisíoctha éarlaise’ córais ina ngearrtar éarlais ar an úsáideoir deiridh nuair a cheannaítear táirge pacáistithe nó líonta a chumhdaítear leis an gcóras sin, agus a aisíoctar nuair a thugtar an phacáistíocht inar cuireadh éarlais ar ais trí cheann de na bealaí bailiúcháin arna n-údarú ag na húdaráis náisiúnta chun na críche sin; |
|
(63) |
ciallaíonn ‘sonraíocht theicniúil’ doiciméad ina leagtar síos na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag táirge, próiseas nó seirbhís; |
|
(64) |
ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; |
|
(65) |
ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena léirítear cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na ceanglais inbhuanaitheachta, sábháilteachta, lipéadaithe agus faisnéise a bhaineann le pacáistíocht sa Rialachán seo; |
|
(66) |
ciallaíonn ‘eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí’ eintiteas dlítheanach a eagraíonn comhlíonadh oibleagáidí faoin freagracht leathnaithe táirgeora, ó thaobh airgeadais de nó ó thaobh airgeadais agus oibríochta de, thar ceann roinnt táirgeoirí; |
|
(67) |
ciallaíonn ‘saolré’ na céimeanna leantacha idirnasctha i saolré pacáistíochta arb iad: amhábhar a fháil nó a ghiniúint as acmhainní nádúrtha, réamhphróiseáil, monarú, stóráil, dáileadh, úsáid, deisiú, athúsáid, agus deireadh saolré; |
|
(68) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht lena mbaineann riosca’ pacáistíocht a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol, don tsláinte nó do leasanna poiblí eile a chosnaítear le ceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo cé is moite de na ceanglais sin a liostaítear in Airteagal 62(1) mura gcomhlíonfadh sí é; |
|
(69) |
ciallaíonn ‘pacáistíocht lena mbaineann riosca tromchúiseach’ pacáistíocht lena mbaineann riosca a meastar ina leith, bunaithe ar mheasúnú, go bhfuil gá, de thoradh mhéid an neamhchomhlíonta ábhartha nó na díobhála lena mbaineann, le hidirghabháil mhear ó na húdaráis um fhaireachas margaidh, lena n-áirítear i gcásanna nach n-eascraíonn éifeachtaí láithreacha as an neamhchomhlíonadh sin; |
|
(70) |
ciallaíonn ‘ardán ar líne’ ardán ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (i) de Rialachán (AE) 2022/2065; |
|
(71) |
ciallaíonn ‘conarthaí poiblí’ conarthaí poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir 2014/24/AE nó mar a thagraítear dóibh i dTreoir 2014/25/AE, de réir mar is infheidhme; |
Beidh feidhm ag na sainmhínithe ar ‘bainistiú dramhaíola’, ‘bailiú’, ‘bailiú ar leithligh’, ‘cóireáil’, ‘ullmhú don athúsáid’, ‘athchúrsáil’ agus ‘scéim freagrachta leathnaithe táirgeora’, a leagtar síos in Airteagal 3, pointí (9), (10), (11), (14), (16), (17) agus (21) de Threoir 2008/98/CE.
Tá feidhm ag na sainmhínithe ar ‘faireachas margaidh’, ‘údarás faireachais margaidh’, ‘soláthraí seirbhíse comhlíonta’, ‘gníomhaíocht cheartaitheach’, ‘riosca’, ‘aisghairm’ agus ‘tarraingt siar’ a leagtar síos in Airteagal 3, pointí (3), (4), (11), (16), (18), (22) agus (23) faoi seach, de Rialachán (AE) 2019/1020.
Tá feidhm ag na sainmhínithe ar ‘substaint ar ábhar imní iad’ agus ‘iompróir sonraí’ a leagtar síos in Airteagal 2, pointí (27) agus (29) faoi seach, de Rialachán (AE) 2024/ 1781.
2. Leagtar amach in Iarscríbhinn I liosta táscach na n-earraí a thagann faoin sainmhíniú ar phacáistíocht atá i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (1), den Airteagal seo.
Airteagal 4
Saorghluaiseacht
1. Ní chuirfear pacáistíocht ar an margadh ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh sí an Rialachán seo.
2. Maidir le pacáistíocht a chomhlíonann na ceanglais inbhuanaitheachta, lipéadaithe agus faisnéise a leagtar síos in Airteagail 5 go 12, nó de bhun na n-airteagal sin, a chur ar an margadh, ní dhéanfaidh na Ballstáit é sin a thoirmeasc, a shrianadh ná a choinneáil siar.
3. Má roghnaíonn na Ballstáit ceanglais inbhuanaitheachta náisiúnta nó ceanglais faisnéise, de bhreis ar na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo, a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach, ní thiocfaidh na ceanglais sin salach ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus, maidir le pacáistíocht a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar an margadh, ní dhéanfaidh na Ballstáit é sin a thoirmeasc, a shrianadh ná a choinneáil siar ar chúiseanna a bhaineann le neamhchomhlíonadh na gceanglas náisiúnta sin.
4. Ag aontaí trádála, taispeántais nó imeachtaí comhchosúla, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar thaispeáint pacáistíochta nach gcomhlíonann an Rialachán seo, ar choinníoll go sonraítear ar chomhartha soléite nach gcomhlíonann an phacáistíocht an Rialachán seo agus nach mbeidh sí ar díol go dtí go dtabharfar chun comhréireachta leis í.
CAIBIDIL II
CEANGLAIS INBHUANAITHEACHTA
Airteagal 5
Ceanglais maidir le substaintí i bpacáistíocht
1. Déanfar pacáistíocht a chuirtear ar an margadh a mhonarú ar bhealach ionas go n-íoslaghdófar láithreacht agus tiúchan substaintí, ar ábhar imní iad, ar comhábhair den ábhar pacáistíochta nó d’aon cheann de na comhpháirteanna pacáistíochta iad, lena n-áirítear i ndáil lena láithreacht in astaíochtaí agus aon toradh ar bhainistiú dramhaíola, amhail amhábhair thánaisteacha, luaith nó ábhar eile don diúscairt deiridh, agus i ndáil leis an tionchar díobhálach ar an gcomhshaol de bharr micreaphlaisteach.
2. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar shubstaintí ar údar imní iad a bheith i bpacáistíocht agus i gcomhpháirteanna pacáistíochta agus déanfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, na bearta leantacha ábhartha.
Faoin 31 Nollaig 2026, ullmhóidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, tuarascáil maidir le substaintí ar údar imní iad a bheith i bpacáistíocht agus i gcomhpháirteanna pacáistíochta, chun a chinneadh a mhéid a dhéanann siad difear diúltach d’athúsáid nó athchúrsáil ábhar nó a mhéid a bhíonn tionchar acu ar shábháilteacht cheimiceach. Féadfar na substaintí ar údar imní iad i bpacáistíocht agus i gcomhpháirteanna pacáistithe a liostú sa tuarascáil sin agus féadfar a shonrú inti a mhéid a d’fhéadfadh riosca do-ghlactha do shláinte an duine agus don chomhshaol a bheith ag baint leo.
Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an choiste dá dtagraítear in Airteagal 65 den Rialachán seo, ina leagfar amach na torthaí ar tháinig sé orthu agus déanfaidh sé bearta leantacha iomchuí a mheas, lena n-áirítear:
|
(a) |
i gcás substaintí ar údar imní iad in ábhair phacáistíochta a dhéanann difear go príomha do shláinte an duine nó don chomhshaol, nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 68(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a úsáid chun srianta nua a ghlacadh; |
|
(b) |
i gcás substaintí ar ábhar imní iad a dhéanann difear diúltach d’athúsáid agus d’athchúrsáil ábhar sa phacáistíochta ina bhfuil siad, srianta a bhunú, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Rialachán seo, mar chuid de na critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála. |
Má mheasann Ballstát go ndéanann substaint difear diúltach d’athúsáid agus d’athchúrsáil ábhar sa phacáistíocht ina bhfuil sí i láthair, déanfaidh sé, faoin 31 Nollaig 2025, an fhaisnéis sin a sholáthar don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, déanfaidh sé tagairt do na measúnuithe riosca ábhartha nó do shonraí ábhartha eile.
3. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar shrian a chur, de bhun Airteagal 6(4), pointe (a), le húsáid substaintí ar údar imní iad a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar athúsáid agus athchúrsáil ábhar i bpacáistíocht ina bhfuil siad, ar chúiseanna seachas na cúiseanna sin a bhaineann go príomha le sábháilteacht cheimiceach na substaintí sin. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil leis na hiarrataí sin ina ndoiciméadófar céannacht agus úsáidí na substaintí agus tuairisc ar an gcaoi a gcuireann úsáid na substaintí i bpacáistíocht bac ar athchúrsáil, ar chúiseanna seachas na cúiseanna sin a bhaineann go príomha le sábháilteacht cheimiceach. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an iarraidh agus tíolacfaidh sé torthaí na meastóireachta sin don choiste dá dtagraítear in Airteagal 65.
4. Gan dochar do na srianta ar cheimiceáin a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó, i gcás inarb infheidhme, do na srianta agus bearta sonracha i ndáil le hábhair agus earraí a bhíonn i dtadhall le bia i Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, ní bheidh suim na tiúchaintí luaidhe, caidmiam, mearcair ná cróimiam heicsifhiúsach atá i bpacáistíocht nó i gcomhpháirteanna pacáistíochta níos mó ná 100 mg/kg.
5. Ón 12 Lúnasa 2026, ní chuirfear pacáistíocht a bhíonn i dtadhall le bia ar an margadh má tá substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFAS) ann i dtiúchan atá cothrom leis na teorainnluachanna seo a leanas nó os a gcionn, sa mhéid nach bhfuil toirmeasc ar an bpacáistíocht sin, a bhfuil an cineál sin tiúchan PFAS inti, a chur ar an margadh de bhun gníomh dlí eile de chuid an Aontais:
|
(a) |
25 ppb i gcás aon PFAS arna thomhas le hanailís PFAS spriocdhírithe (PFASanna polaiméireacha eisiata ón gcainníochtú); |
|
(b) |
250 ppb i gcás suim na PFASanna arna tomhas mar shuim na hanailíse spriocdhírithe PFAS, i gcás inarb infheidhme le díghrádú réamhtheachtaithe roimhe sin (PFASanna polaiméireacha eisiata ón gcainníochtú); agus |
|
(c) |
50 ppm i gcás PFASanna (PFASanna polaiméireacha san áireamh); más mó ná 50 mg/kg méid iomlán an fhluairín, tabharfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-úsáideoir iartheachtach, mar a shainmhínítear faoi seach in Airteagal 3, pointí (9), (11) agus (13) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, don mhonaróir nó don allmhaireoir mar a shainmhínítear faoi seach iad in Airteagal 3(1), pointí (13) agus (17), den Rialachán seo, cruthúnas, arna iarraidh sin, ar chainníocht an fhluairín agus é tomhaiste mar chion de na PFASanna nó de shubstaintí nach PFASanna iad chun go ndéanfaidh siad an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo a tharraingt suas. |
Ciallaíonn ‘PFAS’ aon substaint ina bhfuil ar a laghad aon adamh carbóin meitile lánfhluairínithe amháin (CF3-) nó meitiléine (-CF2-) (gan aon H/Cl/Br/I ceangailte leis), cé is moite de shubstaintí nach bhfuil iontu ach na heilimintí struchtúracha seo a leanas: CF3-X nó X-CF2-X’, nuair is ionann X = -OR nó -NRR’ agus X’ = meitil (-CH3), meitiléin (-CH2-), grúpa aramatach, grúpa carbóinile (-C(O)-), -OR’, -SR’” nó —NR’R’”; agus i gcás inar hidrigin (-H) é R/R’/R’/R’”, meitiléin (-CH3), meitiléin (-CH2-), grúpa aramatach nó grúpa carbóinile (-C(O)-);
Faoin 12 Lúnasa 2030, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an mír seo a leasú nó a aisghairm chun forluí a sheachaint leis na srianta nó na toirmisc ar úsáid PFASanna a leagtar síos i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 1935/2004, (CE) Uimh. 1907/2006 nó (AE) 2019/1021.
6. Léireofar comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo sa doiciméadacht theicniúil a tharraingeofar suas i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.
7. Chun dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64, chun an Rialachán seo a leasú chun suim na tiúchaintí luaidhe, caidmiam, mearcair ná cróimiam heicsifhiúsach atá i bpacáistíocht nó i gcomhpháirteanna pacáistíochta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a ísliú.
8. Chun dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na coinníollacha a chinneadh nach mbeidh feidhm ag suim na dtiúchaintí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo maidir le hábhair athchúrsáilte nó lúba táirge atá i slabhra iata agus rialaithe, chomh maith le cineálacha pacáistíochta nó formáidí pacáistíochta a chinneadh, bunaithe ar na catagóirí pacáistíochta a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, a bheidh díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin. Maidir leis na gníomhartha tarmligthe sin, beidh údar cuí leo bunaithe ar anailís de réir an cháis, beidh teorainn ama leo, déanfar foráil leo do cheanglais mhargaíochta agus faisnéise iomchuí, agus áireofar iontu ceanglais maidir le tuairisciú tráthrialta chun a áirithiú go ndéantar athbhreithniú ar an díolúine go tráthrialta. Ní ghlacfar na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir leis an mír seo ach chun leasú a dhéanamh ar mhaoluithe arna mbunú i gCinntí 2001/171/CE agus 2009/292/CE.
9. Faoin 12 Lúnasa 2033, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chun a mheas an ndearnadh, leis an Airteagal seo agus leis na critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 6(4), rannchuidiú leordhóthanach le híoslaghdú láithreacht agus tiúchan na substaintí ar ábhar imní iad ar comhábhair d’ábhair phacáistíochta iad.
Airteagal 6
Pacáistíocht in-athchúrsáilte
1. Beidh gach pacáistíocht a chuirfear ar an margadh in-athchúrsáilte.
2. Measfar go bhfuil pacáistíocht in-athchúrsáilte má chomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
deartar í ar bhealach le haghaidh athchúrsáil ábhar a chumasaíonn úsáid na n-amhábhar tánaisteach a eascraíonn aisti agus atá ar cháilíocht atá leordhóthanach i gcomparáid leis an ábhar bunaidh gur féidir iad a úsáid chun amhábhair phríomhúla a ionadú, i gcomhréir le mír 4; agus |
|
(b) |
nuair a thagann sí chun bheith ina dramhaíl, is féidir í a bhailiú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 48(1) agus (5); agus is féidir í a shórtáil ina sruthanna sonracha dramhaíola gan difear a dhéanamh d’in-athchúrsáilteacht sruthanna dramhaíola eile; agus is féidir í a athchúrsáil ar an mórchóir, ar bhonn na modheolaíochta a leagtar amach i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. |
Measfar maidir le pacáistíocht atá i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 go gcomhlíonann sí an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo.
Measfar maidir le pacáistíocht atá i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 agus leis na gníomhartha cur chun feidhme de bhun mhír 5 go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo.
Beidh feidhm ag pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo ón 1 Eanáir 2030 nó 25 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fhomhíre de mhír 4, cibé acu is déanaí.
Beidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo ón 1 Eanáir 2035 nó, a mhéid a bhaineann leis an gceanglas maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir, ón 1 Eanáir 2035 nó 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 5, cibé acu is déanaí.
3. Déanfaidh an monaróir measúnú ar in-athchúrsáilteacht pacáistíochta ar bhonn na ngníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 4 den Airteagal seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 5 den Airteagal seo. Déanfar in-athchúrsáilteacht pacáistíochta a shloinneadh sna gráid feidhmíochta in-athchúrsáilte A, B nó C mar a thuairiscítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn II.
Gan dochar do mhír 10, ón 1 Eanáir 2030 nó 24 mhí ó theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 4 den Airteagal seo, cibé acu is déanaí, ní chuirfear pacáistíocht ar an margadh murar féidir í a athchúrsáil laistigh de na gráid A, B nó C mar a thuairiscítear i dTábla 3 d'Iarscríbhinn II.
Gan dochar do mhír 10 den Airteagal seo, ón 1 Eanáir 2038, ní chuirfear pacáistíocht ar an margadh mura mbeidh sí in-athchúrsáilte faoi ghrád A nó B mar a thuairiscítear i dTábla 3 d'Iarscríbhinn II.
4. Faoin 1 Eanáir 2028, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó na caighdeáin arna bhforbairt ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a chur san áireamh, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a bhunú:
|
(a) |
critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála agus gráid feidhmíochta athchúrsála, bunaithe ar Thábla 3 d’Iarscríbhinn II agus ar na paraiméadair a liostaítear i dTábla 4 d’Iarscríbhinn II maidir le catagóirí pacáistíochta a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II; déanfar critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála agus gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta a fhorbairt ar bhonn an phríomhábhair agus déanfar an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
conas measúnú ar fheidhmíocht in-athchúrsáilteachta a dhéanamh agus na torthaí a bhaineann leis a chur in iúl de réir gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta in aghaidh an aonaid pacáistíochta, i dtéarmaí ualaithe, lena n-áirítear critéir ábharshonracha agus éifeachtúlacht sórtála chun a chinneadh an measfar pacáistíocht a bheith in-athchúrsáilte faoi mhír 2; |
|
(c) |
tuairisc, le haghaidh gach catagóire pacáistíochta a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II, ar na coinníollacha faoina gcomhlíonfar a ngráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta faoi seach; |
|
(d) |
creat a bhaineann le modhnú na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag táirgeoirí chun a n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a bheith bunaithe ar na gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta pacáistíochta. |
Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh torthaí an mheasúnaithe, más ann dó, a rinneadh de bhun Airteagal 5.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 chun Tábla 1 d’Iarscríbhinn II a leasú chun é a chur in oiriúint don fhorbairt eolaíoch agus theicniúil ar dhearadh ábhair agus táirgí, agus ar bhonneagar bailiúcháin, sórtála agus athchúrsála. Sna gníomhartha tarmligthe sin, féadfaidh an Coimisiún critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála a leagan síos le haghaidh catagóirí pacáistíochta breise nó fochatagóirí a chruthú laistigh de na catagóirí a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II.
Comhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha critéir nua nó nuashonraithe maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála faoi cheann 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe ábhartha.
5. Faoin 1 Eanáir 2030, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar:
|
(a) |
an mhodheolaíocht le haghaidh an mheasúnaithe ar an athchúrsáil ar an mórchóir in aghaidh na catagóire pacáistíochta a liostaítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn II, lena bhforlíontar Tábla 3 d’Iarscríbhinn II le tairseacha don mheasúnú ar an athchúrsáil ar an mórchóir agus, más gá, lena ndéanfar na gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta fhoriomlána a dtugtar tuairisc orthu i dTábla 3 d’Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta; beidh an mhodheolaíocht sin bunaithe ar na heilimintí seo a leanas, ar a laghad:
|
|
(b) |
an sásra um líne chúraim lena n-áirithítear go ndéanfar pacáistíocht a athchúrsáil ar an mórchóir; beidh an sásra le haghaidh líne chúraim sin bunaithe ar na heilimintí seo a leanas, ar a laghad: |
Beidh an sásra um líne chúraim dá dtagraítear i bpointe (b) bunaithe ar na heilimintí seo a leanas ar a laghad:
|
(i) |
doiciméadacht theicniúil ina dtagraítear do chainníocht na dramhaíola ó phacáistíocht a bhailítear agus a chuirtear chuig saoráidí sórtála agus athchúrsála; |
|
(ii) |
próiseas fíorúcháin lenar féidir le monaróirí na sonraí is gá a fháil ó na hoibreoirí iartheachtacha lena n-áiritheofar go bhfuil pacáistíocht á hathchúrsáil ar an mórchóir. |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
Beidh na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ar fáil agus rochtain éasca ag an bpobal orthu.
6. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ghráinneacht na sonraí is gá a thuairisciú don mhodheolaíocht maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64, chun Tábla 2 d’Iarscríbhinn II agus Tábla 3 d’Iarscríbhinn XII a leasú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.
7. Faoi 2035, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn fhorbairt na dteicneolaíochtaí sórtála agus athchúrsála, athbhreithniú a dhéanamh ar na híostairseacha ag a meastar pacáistíocht a bheith athchúrsáilte ar an mórchóir, agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé togra reachtach a thíolacadh chun na tairseacha a athbhreithniú.
8. Chun leibhéal in-athchúrsáilteachta na pacáistíochta a mhéadú, 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 4 den Airteagal seo agus na ngníomhartha cur chun feidhme ghlactar de bhun mhír 5 den Airteagal seo, modhnófar na ranníocaíochtaí airgeadais arna n-íoc ag táirgeoirí chun a n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí mar a leagtar síos in Airteagal 45 a chomhlíonadh i gcomhréir leis na gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta, mar a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 4 den Airteagal seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 5 den Airteagal seo.
Maidir le ranníocaíochtaí airgeadais arna n-íoc ag táirgeoirí chun a n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh mar a leagtar síos in Airteagal 45 i ndáil le pacáistíocht dá dtagraítear i mír 11, pointe (g), den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit san áireamh indéantacht theicniúil agus inmharthanacht eacnamaíoch athchúrsáil na pacáistíochta sin.
9. Léireofar comhlíonadh na gceanglas, a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, sa doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an bpacáistíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.
I gcás ina bhfuil comhpháirteanna comhtháite in aonad pacáistíochta, áireofar sa mheasúnú ar chomhlíonadh na gcritéar maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála agus comhlíonadh na gceanglas maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir de na comhpháirteanna comhtháite uile. Féadfar measúnú ar leithligh ar chomhpháirteanna comhtháite a d’fhéadfadh teacht chun a bheith scartha ó chéile de dheasca strus meicniúil le linn iompair nó sórtála.
I gcás ina bhfuil comhpháirteanna ar leithligh in aonad pacáistíochta, déanfar an measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála agus comhlíonadh na gceanglas maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir ar leithligh i gcás gach comhpháirte ar leithligh.
Beidh comhpháirteanna uile aonaid pacáistíochta comhoiriúnach do na próisis bhailiúcháin, sórtála agus athchúrsála sheanbhunaithe, arna gcruthú i dtimpeallacht oibríochtúil, agus ní chuirfidh siad bac ar in-athchúrsáilteacht phríomhchabhail an aonaid pacáistíochta.
10. De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 3, ón 1 Eanáir 2030, féadfar pacáistíocht nuálach nach gcomhlíonann na ceanglais faoi mhír 2 a chur ar fáil ar an margadh suas le 5 bliana ó dheireadh na bliana féilire inar cuireadh ar an margadh í.
I gcás ina mbaintear úsáid as an maolú sin, tabharfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch fógra don údarás inniúil sula gcuirfear an phacáistíocht nuálach ar an margadh agus áireoidh sé na sonraí teicniúla go léir lena léireofar gur pacáistíocht nuálach í an phacáistíocht. Áireofar san fhógra sin amlíne chun na ceanglais maidir le hathchúrsáil ar an mórchóir a bhaint amach maidir leis an bpacáistíocht nuálach a bhailiú agus a athchúrsáil. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta a dhéanann faireachas margaidh.
Má mheasann an t-údarás inniúil nach pacáistíocht nuálach í an phacáistíocht, comhlíonfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch na critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála atá ann cheana.
Má mheasann an t-údarás inniúil gur pacáistíocht nuálach í an phacáistíocht, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar iarrataí ó údaráis inniúla i ndáil le cineál nuálach na pacáistíochta agus déanfaidh sé gníomhartha tarmligthe nua a thabhairt cothrom le dáta nó a ghlacadh faoi mhír 4 den Airteagal seo, de réir mar is iomchuí.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar thionchar an mhaolaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar chainníocht na pacáistíochta a chuirtear ar an margadh. Déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn an fhomhír sin a leasú.
Beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit ar bhonn leanúnach feabhas a chur ar bhonneagair bhailiúcháin agus shórtála le haghaidh pacáistíocht nuálach lena ngabhann tairbhí comhshaoil a mheastar a bheidh ann.
11. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
neasphacáistíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (23), de Threoir 2001/83/CE agus in Airteagal 4, pointe(25), de Rialachán (AE) 2019/6; |
|
(b) |
pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de le haghaidh feistí leighis a chumhdaítear faoi Rialachán (AE) 2017/745; |
|
(c) |
pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/746; |
|
(d) |
forphacáistíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (24), de Threoir 2001/83/CE agus in Airteagal 4, pointe (26), de Rialachán (AE) 2019/6 i gcásanna inar gá an phacáistíocht sin chun ceanglais shonracha a chomhlíonadh chun cáilíocht an táirge íocshláinte a chaomhnú[…]; |
|
(e) |
pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin, agus bia chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013; |
|
(f) |
pacáistíocht a úsáidtear chun earraí contúirteacha a iompar i gcomhréir le Treoir 2008/68/CE; |
|
(g) |
pacáistíocht díolacháin atá déanta as adhmad éadrom, corc, teicstíl, rubar, ceirmeach, poirceallán nó céir; beidh feidhm ag mír 8 maidir le pacáistíocht den sórt sin, áfach. |
12. Faoin 1 Eanáir 2035, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na heisceachtaí faoi mhír 11 agus an méid seo a leanas á chur san áireamh, ar a laghad: éabhlóid na dteicneolaíochtaí sórtála agus athchúrsála agus taithí phraiticiúil atá faighte ag na hoibreoirí eacnamaíocha agus ag na Ballstáit. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a iomchuí atá sé leanúint leis na heisceachtaí sin agus, i gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh sé togra reachtach.
Airteagal 7
Íoschion na n-ábhar athchúrsáilte i bpacáistíocht phlaisteach
1. Faoin 1 Eanáir 2030, nó faoi cheann 3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo, cibé acu is déanaí, beidh in aon chuid phlaisteach de phacáistíocht a chuirtear ar an margadh an t-íoschéatadán d’ábhair athchúrsáilte a leanas, a bheidh aisghafa ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais, de réir an chineáil agus na formáide pacáistíochta mar a thagraítear dóibh i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II, de réir an ghléasra monaraíochta agus na bliana.
|
(a) |
30 % i gcás pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de a dhéantar de theireataláit phoileitléine (TPE), arb í sin an mhór-chomhpháirt, seachas buidéil deochanna aon úsáide; |
|
(b) |
10 % i gcás pacáistíochta atá íogair ó thaobh teagmhála de le haghaidh ábhair phlaisteacha seachas TPE, cé is moite de bhuidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide; |
|
(c) |
30 % i gcás buidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide; |
|
(d) |
35 % i gcás pacáistíocht phlaisteach cé is moite den phacáistíocht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo. |
2. Faoin 1 Eanáir 2040, beidh in aon chuid phlaisteach de phacáistíocht a chuirtear ar an margadh an t-íoschéatadán d’ábhair athchúrsáilte seo a leanas, a bheidh aisghafa ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais, de réir an chineáil agus na formáide pacáistíochta mar a thagraítear dóibh i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II, arna ríomh mar mheán de réir an ghléasra monaraíochta agus na bliana.
|
(a) |
50 % i gcás pacáistíochta atá íogair ó thaobh teagmhála de a dhéantar as TPE mar an phríomh-chomhpháirt, seachas buidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide; |
|
(b) |
25 % i gcás pacáistíochta atá íogair ó thaobh teagmhála de le haghaidh ábhair phlaisteacha seachas TPE, cé is moite de bhuidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide; |
|
(c) |
65 % i gcás buidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide; |
|
(d) |
65 % i gcás pacáistíochta cé is moite den phacáistíocht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo. |
3. Chun críocha an Airteagail seo, déanfar ábhar athchúrsáilte a aisghabháil ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a ndearnadh an méid seo a leanas ina leith:
|
(a) |
bailíodh í laistigh den Aontas de bhun an Rialacháin seo nó, de bhun na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoracha 2008/98/CE agus (AE) 2019/904, de réir mar is ábhartha, nó bailíodh í i dtríú tír i gcomhréir le caighdeáin maidir le bailiú ar leithligh chun athchúrsáil ar ardcháilíocht atá coibhéiseach leo siúd dá dtagraítear sa Rialachán seo agus i dTreoracha 2008/98/CE agus (AE) 2019/904 a chur chun cinn, de réir mar is ábhartha; agus |
|
(b) |
i gcás inarb infheidhme, a athchúrsáladh i suiteáil atá lonnaithe laistigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (62) maidir léi, nó a athchúrsáladh i suiteáil atá lonnaithe i dtríú tír a bhfuil feidhm ag rialacha maidir le cosc agus laghdú astaíochtaí san aer, san uisce agus sa talamh a bhaineann leis na hoibríochtaí athchúrsála maidir léi, agus go bhfuil na rialacha sin coibhéiseach leis na rialacha a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí agus leibhéil feidhmíochta comhshaoil arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE a bheadh infheidhme maidir le suiteáil atá lonnaithe san Aontas a dhéanann an ghníomhaíocht chéanna; ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll sin ach amháin sa chás ina mbeadh na teorainneacha agus na leibhéil sin infheidhme maidir le suiteáil atá lonnaithe san Aontas agus a dhéanann an ghníomhaíocht chéanna a dhéanann suiteáil analógach atá lonnaithe sa tríú tír; |
4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
neasphacáistíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (23), de Threoir 2001/83/CE agus in Airteagal 4, pointe 25, de Rialachán (AE) 2019/6; |
|
(b) |
pacáistíocht phlaisteach atá íogair ó thaobh teagmhála de ar fheistí leighis, feistí atá beartaithe go heisiach don úsáid taighde agus feistí iniúchóireachta a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/745; |
|
(c) |
pacáistíocht phlaisteach atá íogair ó thaobh teagmhála de le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/746; |
|
(d) |
forphacáistíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (24), de Threoir 2001/83/CE agus in Airteagal 4, pointe (26), de Rialachán (AE) 2019/6 i gcásanna inar gá an phacáistíocht sin chun ceanglais shonracha a chomhlíonadh chun cáilíocht an táirge íocshláinte a chaomhnú[…]; |
|
(e) |
pacáistíocht phlaisteach inmhúirínithe; |
|
(f) |
pacáistíocht a úsáidtear chun earraí contúirteacha a iompar i gcomhréir le Treoir 2008/68/CE; |
|
(g) |
pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de le haghaidh bia atá beartaithe do naíonáin agus leanaí óga amháin, bia chun críoch speisialta míochaine agus pacáistíocht le haghaidh deochanna agus bia a úsáidtear de ghnáth le haghaidh leanaí óga dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013; |
|
(h) |
pacáistíocht le haghaidh soláthairtí, comhpháirteanna, agus comhpháirteanna neasphacáistíochta le haghaidh monarú táirgí íocshláinte a chumhdaítear le Treoir 2001/83/CE agus le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/6 i gcás ina bhfuil gá leis an bpacáistíocht sin chun bheith i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta an táirge íocshláinte. |
5. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 ná 2 maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
pacáistíocht phlaisteach a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia i gcás ina bhfuil cainníocht an ábhair athchúrsáilte ina bhagairt do shláinte an duine agus i gcás nach gcomhlíonfadh táirgí pacáistithe Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 dá dheasca sin; |
|
(b) |
aon pháirt phlaisteach ar lú a cuid den aonad pacáistíochta ná 5 % de mheáchan iomlán an aonaid pacáistíochta uile. |
6. Léireoidh monaróirí nó allmhaireoirí san fhaisnéis theicniúil a bhaineann leis an bpacáistíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo á gcomhlíonadh.
7. Féadfar na ranníocaíochtaí airgeadais arna n-íoc ag táirgeoirí chun a n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh, a leagtar síos in Airteagal 45, a mhodhnú bunaithe ar chéatadán den ábhar athchúrsáilte a úsáidtear sa phacáistíocht. Cuirfear san áireamh in aon mhodhnú critéir inbhuanaitheachta na dteicneolaíochtaí athchúrsála agus na costais chomhshaoil chun críoch ábhair athchúrsáilte.
8. Faoin 31 Nollaig 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar an mhodheolaíocht chun an céatadán d’ábhar athchúrsáilte a ríomh agus a dheimhniú a aisghabhtar ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a athchúrsáladh agus a bailíodh laistigh den Aontas i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, chomh maith le formáid na doiciméadachta teicniúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an úsáid a bhaintear as na hamhábhair thánaisteacha a eascraíonn as sin atá de cháilíocht leordhóthanach i gcomparáid leis an mbunábhar is féidir a úsáid chun amhábhair phríomha a ionadú. Féadfar a áireamh sa mhodheolaíocht fíorúcháin an oibleagáid iniúchadh neamhspleách tríú páirtí a dhéanamh ar mhonaróirí ábhair athchúrsáilte san Aontas agus pacáistíocht phlaisteach a chuirtear ar an margadh mar aonad díolacháin ar leithligh ó tháirgí eile chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus sa ghníomh tarmligthe a ghlactar faoi mhír 9 den Airteagal seo.
Agus na gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na teicneolaíochtaí athchúrsála atá ar fáil, agus a bhfeidhmíocht eacnamaíoch agus chomhshaoil á cur san áireamh, lena n-áirítear cáilíocht an aschuir, infhaighteacht na dramhaíola, an fuinneamh is gá agus astaíochtaí gás ceaptha teasa agus tionchair ábhartha eile ar an gcomhshaol.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
9. Faoin 31 Nollaig 2026, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 8, an dara fomhír, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 64 lena bhforlíonfar an Rialachán seo le critéir inbhuanaitheachta le haghaidh teicneolaíochtaí athchúrsála plaisteacha.
Chun críocha an Airteagail seo, déanfar ábhar athchúrsáilte a aisghabháil ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a athchúrsáladh i gceann díobh seo a leanas:
|
(a) |
suiteálacha atá lonnaithe laistigh den Aontas a úsáideann teicneolaíochtaí athchúrsála a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta sin arna mbunú de bhun na míre seo; nó |
|
(b) |
suiteálacha atá lonnaithe i suiteáil tríú tír ina n-úsáidtear teicneolaíochtaí athchúrsála i gcomhréir le caighdeáin atá coibhéiseach leis na critéir inbhuanaitheachta a forbraíodh faoi na gníomhartha tarmligthe. |
10. Faoin 31 Nollaig 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar an mhodheolaíocht chun measúnú, fíorú agus deimhniú a dhéanamh, lena n-áirítear trí iniúchadh tríú páirtí, ar choibhéis na rialacha a chuirtear i bhfeidhm i gcásanna ina ndéantar an t-ábhar athchúrsáilte a aisghabhtar ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a athchúrsáil nó a bhailiú i dtríú tír. Breithneofar sa mheasúnú na caighdeáin maidir le cosaint an chomhshaoil agus shláinte an duine, lena n-áirítear caighdeáin chun a áirithiú go ndéanfar athchúrsáil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus caighdeáin maidir le hathchúrsáil ar ardchaighdeán, amhail caighdeáin maidir le héifeachtúlacht acmhainní agus caighdeáin cháilíochta le haghaidh na n-earnálacha athchúrsála. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
11. Faoin 1 Eanáir 2029 nó 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8, cibé acu is déanaí, comhlíonfar le ríomh agus fíorú chéatadán an ábhair athchúrsáilte atá i bpacáistíocht faoi mhír 1 na rialacha a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 8.
12. Faoin 1 Eanáir 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le maoluithe ar na híoschéatadáin d'ábhar athchúrsáilte a leagtar síos i mír 1, pointí (b) agus (d), le pacáistíocht phlaisteach shonrach, nó le hathbhreithniú ar an liosta eisceachtaí i mír 4 le haghaidh pacáistíocht phlaisteach shonrach.
Bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, i gcás nach n-údaraítear teicneolaíochtaí athchúrsála oiriúnacha chun pacáistíocht phlaisteach a athchúrsáil faoi rialacha ábhartha an Aontais nó nach bhfuil siad ar fáil go leordhóthanach sa chleachtas, agus aon cheanglas a bhaineann le sábháilteacht á chur san áireamh, go háirithe maidir le pacáistíocht phlaisteach atá íogair ó thaobh teagmhála de, lena n-áirítear pacáistíocht bhia, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 chun an Rialachán seo a leasú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
foráil a dhéanamh do mhaoluithe ar an raon feidhme, ar an uainiú nó ar an leibhéal íoschéatadáin a leagtar síos i mír 1, pointí (b) agus (d) den Airteagal seo, le haghaidh pacáistíocht phlaisteach shonrach; agus |
|
(b) |
de réir mar is iomchuí, liosta na n-eisceachtaí a bhunaítear i mír 4 den Airteagal seo a leasú. |
13. I gcás ina mbeidh sé ródheacair na híoschéatadáin d’ábhar athchúrsáilte a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh mar gheall ar easpa infhaighteachta nó praghsanna iomarcacha ar phlaistigh athchúrsáilte shonracha, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 chun na míreanna sin a leasú trí na híoschéatadáin a choigeartú dá réir. Agus meastóireacht á déanamh an iomchuí coigeartú den chineál sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar iarrataí ó dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha lena mbeidh faisnéis ábhartha agus sonraí maidir le staid an mhargaidh i gcás na dramhaíola plaistí iarthomhaltais, chomh maith leis an bhfianaise is fearr a bhfuil fáil uirthi maidir leis na rioscaí gaolmhara do shláinte an duine agus sláinte ainmhithe, do shlándáil an tsoláthair bia agus don chomhshaol. Ní ghlacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe sin ach amháin i gcásanna eisceachtúla ina mbeadh éifeachtaí díobhálacha tromchúiseacha ann do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe, do shlándáil an tsoláthair bia nó don chomhshaol.
14. Faoin 12 Feabhra 2032, agus éabhlóid úrscothacht na teicneolaíochta agus an taithí phraiticiúil atá faighte ag na hoibreoirí eacnamaíocha agus ag na Ballstáit á gcur san áireamh, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil lena ndéanfar athbhreithniú ar chur chun feidhme íoschéatadán 2030 d'ábhar athchúrsáilte a leagtar amach i mír 1, agus ina ndéanfar meastóireacht ar a mhéid a eascraíonn réitigh as na céatadáin sin lena gcothaítear pacáistíocht inbhuanaithe atá éifeachtach agus éasca a chur chun feidhme, a indéanta atá sé na híoschéatadáin do 2040 a bhaint amach ar bhonn na taithí maidir le híoschéatadáin 2030 agus na himthosca atá ag athrú a bhaint amach, ar a ábhartha atá sé na heisceachtaí agus na maoluithe a leagtar amach san Airteagal seo a choinneáil, agus ar an ngá nó an ábharthacht a bhaineann le híoschéatadáin nua d’ábhar athchúrsáilte a shocrú. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, lena leasófar an tAirteagal seo, go háirithe íoschéatadáin 2040 den ábhar athchúrsáilte.
15. Faoin 12 Feabhra 2032, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gcás maidir le húsáid ábhar pacáistíochta athchúrsáilte i bpacáistíocht nach pacáistíocht phlaisteach í agus, ar an mbonn sin, déanfaidh sé measúnú ar a oiriúnaí a bheadh sé bearta a bhunú, nó spriocanna a shocrú, maidir le méadú ar úsáid an ábhair athchúrsáilte sa phacáistíocht eile sin, agus i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh.
Airteagal 8
Bunábhar bithbhunaithe i bpacáistíocht phlaisteach
1. Faoin 12 Feabhra 2028, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar staid fhorbairt theicneolaíoch agus fheidhmíocht chomhshaoil na pacáistíochta plaistí bithbhunaithe agus na critéir inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á gcur san áireamh (63).
2. Bunaithe ar an athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
ceanglais inbhuanaitheachta a leagan síos maidir le bunábhar bithbhunaithe i bpacáistíocht phlaisteach; |
|
(b) |
spriocanna a leagan síos maidir le húsáid bunábhair bhithbhunaithe i bpacáistíocht phlaisteach a mhéadú; |
|
(c) |
an fhéidearthacht a thabhairt isteach na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 7(1) agus (2) den Rialachán seo a bhaint amach trí bhunábhar plaisteach bithbhunaithe a úsáid in ionad ábhar athchúrsáilte a aisghabhtar ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais i gcás nach mbeidh teicneolaíochtaí oiriúnacha athchúrsála le haghaidh pacáistíocht teagmhála bia ar fáil a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/1616; |
|
(d) |
leasú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar an sainmhíniú ar phlaisteach bithbhunaithe a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (53). |
Airteagal 9
Pacáistíocht inmhúirínithe
1. De mhaolú ar Airteagal 6(1), faoin 12 Feabhra 2028, i gcás ina gcuirtear pacáistíocht dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (1)(f) agus lipéid ghreamaitheacha atá greamaithe de thorthaí agus glasraí ar an margadh, beidh an phacáistíocht agus na lipéid ghreamaitheacha sin comhoiriúnach leis an gcaighdeán le haghaidh múiríniú i ndálaí a rialaítear go tionsclaíoch i saoráidí cóireála bithdhramhaíola agus beidh siad comhoiriúnach, i gcás ina gceanglaíonn na Ballstáit sin, leis na caighdeáin mhúirínithe baile dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo.
2. De mhaolú ar Airteagal 6(1), i gcás ina gceadóidh na Ballstáit dramhaíl ag a bhfuil airíonna in-bhithdhíghrádaitheachta agus inmhúirínitheachta comhchosúla le bithdhramhaíl de bhun Airteagal 22(1) de Threoir 2008/98/CE a bhailiú in éineacht le bithdhramhaíl agus go bhfuil scéimeanna bailithe dramhaíola agus bonneagar cóireála dramhaíola iomchuí ar fáil chun a áirithiú go rachaidh pacáistíocht inmhúirínithe isteach sa sruth bainistithe bithdhramhaíola, féadfaidh na Ballstáit a éileamh nach gcuirfear an phacáistíocht seo a leanas ar fáil ar a gcríoch den chéad uair ach amháin má tá an phacáistíocht inmhúirínithe:
|
(a) |
pacáistíocht dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (1)(g) atá comhdhéanta as ábhar nach miotal é, málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom agus málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma; |
|
(b) |
pacáistíocht seachas an phacáistíocht dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo ar cheangail an Ballstát cheana féin go mbeadh sí inmhúirínithe roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
3. Faoin 12 Feabhra 2028, déanfar pacáistíocht seachas an phacáistíocht dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, lena n-áirítear pacáistíocht de pholaiméir phlaisteacha in-bhithdhíghrádaithe agus d’ábhair in-bhithdhíghrádaithe eile, a dhearadh le haghaidh athchúrsáil ábhar i gcomhréir le hAirteagal 6 gan difear a dhéanamh d’in-athchúrsáilteacht sruthanna dramhaíola eile.
4. Léireofar comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3, den Airteagal seo san fhaisnéis theicniúil a bhaineann leis an bpacáistíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.
5. Féadfaidh an Coimisiún anailís a dhéanamh an ceart pacáistíocht eile a áireamh i mír 1 nó mír 2, pointe (a), den Airteagal seo má tá údar cuí leis sin agus nuair is iomchuí i ngeall ar fhorbairtí teicneolaíochta agus rialála a dhéanann difear do dhíothú na pacáistíochta inmhúirínithe agus faoi na coinníollacha a bhunaítear in Iarscríbhinn III, agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé togra reachtach a thíolacadh.
6. Faoin 12 Feabhra 2026, iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, caighdeáin chomhchuibhithe a ullmhú nó a thabhairt cothrom le dáta, lena leagfar síos sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe na gceanglas maidir le pacáistíocht inmhúirínithe. Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún a iarraidh, i gcomhréir leis na forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha is déanaí, go ndéanfaí paraiméadair amhail agaí coinneála, teochtaí agus corraitheacha, a léiríonn na dálaí iarbhír i múirín baile agus i saoráidí cóireála bithdhramhaíola, lena n-áirítear próisis díleá anaeróbaigh, a chur san áireamh. Iarrfaidh an Coimisiún go n-áireofar sna caighdeáin sin freisin fíorú maidir leis an bpacáistíocht inmhúirínithe atá ag dul faoin dianscaoileadh bitheolaíoch faoi réir na bparaiméadar sonraithe go mbeidh mar thoradh deiridh air, tiontú go dé-ocsaíd charbóin nó, in éagmais ocsaigine, tiontú go meatáin, agus salainn mhianracha, bithmhais agus uisce.
Faoin 12 Feabhra 2026 iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, caighdeáin chomhchuibhithe a ullmhú freisin, lena leagfar síos sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe na gceanglas maidir le hinmhúirínitheacht bhaile na pacáistíochta dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 10
Íoslaghdú pacáistíochta
1. Faoin 1 Eanáir 2030, áiritheoidh an monaróir nó an t-allmhaireoir go ndéanfar an phacáistíocht a chuirtear ar an margadh a dhearadh ar chaoi a laghdófar a meáchan agus a toirt chuig an meáchan agus an toirt íosta is gá chun a feidhmiúlacht a áirithiú, agus cruth agus ábhar déanta na pacáistíochta á chur san áireamh.
2. Maidir le pacáistíocht nach gcomhlíonann na critéir feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV den Rialachán seo agus pacáistíocht ag a bhfuil saintréithe nach bhfuil d’aidhm acu ach toirt bhraite an táirge a mhéadú, lena n-áirítear ballaí dúbailte, íochtair bhréige, agus sraitheanna nach bhfuil gá leo, áiritheoidh an monaróir nó an t-allmhaireoir nach gcuirfear an phacáistíocht sin ar an margadh, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
tá an dearadh pacáistíochta faoi chosaint dearaidh Comhphobail de bhun Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle (64), nó le cearta deartha a thagann faoi raon feidhme Threoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (65), lena n-áirítear comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i gceann de na Ballstáit, nó gur trádmharc é a chruth a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (66) nó Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (67), lena n-áirítear trádmharcanna arna gclárú faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i gceann de na Ballstáit, tá na cearta deartha agus na trádmharcanna faoi chosaint roimh an 11 Feabhra 2025, agus dhéanfadh cur i bhfeidhm na gceanglas faoin Airteagal seo difear do dhearadh na pacáistíochta ar bhealach ina n-athródh sé a úrnuacht nó a saintréith aonair, nó go ndéanfadh sé difear don trádmharc ar bhealach nach féidir leis an trádmharc an táirge marcáilte a idirdhealú a thuilleadh ó tháirgí na ngnóthas eile; nó |
|
(b) |
nó tairbhíonn an táirge pacáistithe nó an deoch de thásc geografach atá faoi chosaint faoi dhlí an Aontais, amhail faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le haghaidh fíona, Rialachán (AE) 2019/787 le haghaidh deochanna biotáilleacha, nó Rialachán (AE) 2023/2411 le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha, nó a chumhdaítear le scéim cáilíochta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1143. |
3. Faoin 12 Feabhra 2027, iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a ullmhú nó a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is iomchuí, lena leagfar síos an mhodheolaíocht chun comhlíonadh na gceanglas maidir le híoslaghdú pacáistíochta faoin Rialachán seo a ríomh agus a thomhas. Maidir le formhór na gcineálacha agus na bhformáidí coitianta pacáistíochta, ba cheart sonrú sna caighdeáin sin teorainneacha leordhóthanacha uasta meáchain agus toirte, agus, i gcás inarb iomchuí, tiús ballaí agus an spás folamh uasta.
4. Léireofar comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, agus beidh na heilimintí seo a leanas ann:
|
(a) |
míniú ar na sonraíochtaí, caighdeáin agus coinníollacha teicniúla a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an bpacáistíocht i leith na gcritéar feidhmíochta agus na modheolaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV; |
|
(b) |
maidir le gach ceann de na critéir feidhmíochta sin, sainaithint na gceanglas deartha lena gcoisctear tuilleadh laghdaithe ar mheáchan nó ar thoirt na pacáistíochta; |
|
(c) |
aon toradh tástála, staidéar nó foinse eile, amhail samhaltú agus ionsamhlúcháin, a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thoirt riachtanach íosta nó meáchan riachtanach íosta na pacáistíochta. |
I gcás pacáistíocht in-athúsáidte, cuirfear san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo saintréithe na pacáistíochta, agus ar an gcéad dul síos, na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11.
Airteagal 11
Pacáistíocht in-athúsáidte
1. Measfar pacáistíocht a chuirtear ar an margadh ón 11 Feabhra 2025 a bheith in-athúsáidte i gcás ina gcomhlíonann sí na ceanglais uile seo a leanas:
|
(a) |
rinneadh í a cheapadh, a dhearadh agus a chur ar an margadh chun í a athúsáid arís is arís eile; |
|
(b) |
rinneadh í a cheapadh agus a dhearadh chun an líon ba mhó uainíochtaí ab fhéidir a bhaint as faoi ghnáthchoinníollacha intuartha úsáidte; |
|
(c) |
comhlíonann sí na ceanglais is infheidhme i dtaca le sláinte, sábháilteacht agus sláinteachas tomhaltóirí; |
|
(d) |
is féidir í a fholmhú nó a dhíluchtú gan damáiste a dhéanamh di ar bhealach ar bhealach a chuirfeadh cosc ar a feidhm bhreise agus a hathúsáid; |
|
(e) |
is féidir í a fholmhú, a dhíluchtú, a athlíonadh nó a athluchtú fad a dhéantar cáilíocht agus sábháilteacht an táirge phacáistithe a chothabháil agus fad a áirithítear go gcomhlíontar na ceanglais sábháilteachta agus sláintíochta is infheidhme, lena n-áirítear na ceanglais maidir le sábháilteacht bia; |
|
(f) |
is féidir í a athriochtú i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn VI, fad is féidir léi a feidhm bheartaithe a chomhlíonadh; |
|
(g) |
is féidir lipéid a ghreamú dí chomh maith le faisnéis a sholáthar maidir le hairíonna an táirge sin agus na pacáistíochta féin, lena n-áirítear aon treoir nó faisnéis ábhartha chun sábháilteacht, úsáid leormhaith, inrianaitheacht agus seilfré an táirge a áirithiú; |
|
(h) |
is féidir í a fholmhú, a dhíluchtú, a athlíonadh nó a athluchtú gan sláinte ná sábháilteacht na ndaoine siúd a dhéanann sin a chur i mbaol; agus |
|
(i) |
comhlíonann sí na ceanglais a bhaineann go sonrach le pacáistíocht in-athchúrsáilte a leagtar amach in Airteagal 6, chun gur féidir í a athchúrsáil nuair a thagann sí chun bheith ina dramhaíl.; |
2. Faoin 12 Feabhra 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 64 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí líon íosta uainíochtaí le haghaidh pacáistíocht in-athúsáidte a bhunú chun críoch mhír 1, pointe (b), den Airteagal seo, le haghaidh na bhformáidí pacáistíochta is minice a úsáidtear san athúsáid, agus ceanglais sláinteachais agus ceanglais eile, amhail lóistíocht á gcur san áireamh.
3. Léireofar comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo san fhaisnéis theicniúil a bhaineann leis an bpacáistíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.
CAIBIDIL III
CEANGLAIS MAIDIR LE LIPÉADÚ, MARCÁIL AGUS FAISNÉIS
Airteagal 12
Lipéadú ar phacáistíocht
1. Ón 12 Lúnasa 2028, nó 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhíreanna 6 nó 7 den Airteagal seo, cibé acu is déanaí, cuirfear lipéad comhchuibhithe ar phacáistíocht a chuirtear ar an margadh ar a mbeidh faisnéis maidir lena comhdhéanamh ábhair chun sórtáil tomhaltóirí a éascú. Beidh an lipéad bunaithe ar phicteagraim agus beidh sé sothuigthe, lena n-áirítear le haghaidh daoine faoi mhíchumas. Le haghaidh na pacáistíochta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus, i gcás inarb infheidhme, pacáistíocht dá dtagraítear in Airteagal 9(2), sonrófar ar an lipéad go bhfuil an t-ábhar inmhúirínithe, nach bhfuil sé oiriúnach do mhúiríniú sa bhaile, agus nár cheart pacáistíocht inmhúirínithe a dhiúscairt sa nádúr. Cé is moite de phacáistíocht ríomhthráchtála, níl feidhm ag an oibleagáid sin maidir le pacáistíocht iompair ná leis an gcuid phacáistíochta atá faoi réir chóras aisíoctha éarlaise.
Déanfar an phacáistíocht a chuirtear ar an margadh ina bhfuil substaintí ar údar imní iad a mharcáil trí bhíthin teicneolaíochtaí caighdeánaithe, oscailte, marcála digiteacha i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i mír 7, an dara fomhír.
De bhreis ar an lipéad comhchuibhithe dá dtagraítear sa mhír seo, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha cód QR nó iompróir sonraí digiteacha oscailte caighdeánaithe de chineál eile a chur ar an bpacáistíocht ar a bhfuil faisnéis faoi cheann scríbe gach comhpháirte ar leithligh den phacáistíocht chun sórtáil tomhaltóirí a éascú. iompróir eile sonraí digiteacha oscailte caighdeánaithe
Déanfar pacáistíocht atá faoi réir na gcóras aisíoctha éarlaise dá dtagraítear in Airteagal 50(1) a mharcáil le lipéad atá soiléir agus gan débhrí. De bhreis ar an lipéad náisiúnta, féadfar pacáistíocht a mharcáil le lipéad daite comhchuibhithe arna bhunú sa ghníomh cur chun feidhme ábhartha arna ghlacadh de bhun mhír 6 den Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar pacáistíocht atá faoi réir córais aisíoctha éarlaise a mharcáil leis an lipéad daite comhchuibhithe sin, ar choinníoll nach mbeidh saobhadh ar an margadh inmheánach ná bacainní trádála ar tháirgí ó Bhallstáit eile mar thoradh uirthi.
2. Pacáistíocht in-athúsáidte a chuirfear ar an margadh ón 12 Feabhra 2029 nó 30 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 6, cibé acu is déanaí, beidh lipéad air lena gcuirfear in iúl d’úsáideoirí go bhfuil an phacáistíocht in-athúsáidte. Déanfar tuilleadh faisnéise maidir le hath-inúsáidteacht, lena n-áirítear infhaighteacht córais áitiúil, náisiúnta nó uile-Aontais athúsáide agus faisnéise maidir le pointí bailithe, a chur ar fáil trí chód QR nó trí iompróir sonraí digiteach oscailte caighdeánaithe de chineál eile lena n-éascófar rianú na pacáistíochta agus ríomh na dturas agus na n-uainíochtaí, nó, mura bhfuil an ríomh sin indéanta, trí mheánmheastachán. Ina theannta sin, beidh pacáistíocht díolacháin atá in-athúsáidte inaitheanta go soiléir agus éagsúil le pacáistíocht aon úsáide ag an díolphointe.
3. De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm maidir le córais lúboscailte nach bhfuil oibreoir córais acu i gcomhréir le hIarscríbhinn VI ag an gceanglas maidir le lipéad agus cód QR nó iompróir sonraí digiteacha oscailte caighdeánaithe de chineál eile a bheith ar tháirge.
4. I gcás ina gcuirfear pacáistíocht, a bhfuil feidhm ag Airteagal 7 maidir léi, ar an margadh ón 12 Lúnasa 2028 nó 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 6 den Airteagal seo, cibé acu is déanaí agus a mharcáiltear le lipéad ar a bhfuil faisnéis maidir le sciar an ábhair athchúrsáilte, comhlíonfaidh an lipéad sin agus, i gcás inarb infheidhme, an cód QR nó iompróir sonraí digiteacha caighdeánaithe oscailte de chineál eile na sonraíochtaí a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme ábhartha arna ghlacadh de bhun mhír 6 den Airteagal seo agus beidh sé bunaithe ar an modheolaíocht arna bhunú de bhun Airteagal 7(8). I gcás ina marcáiltear pacáistíocht le lipéad ar a bhfuil faisnéis maidir le sciar an ábhair phlaistigh bhithbhunaithe, comhlíonfaidh an lipéad sin na sonraíochtaí a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme ábhartha de bhun mhír 6 den Airteagal seo.
5. Déanfar lipéid dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 agus an cód QR nó iompróir sonraí digiteacha caighdeánaithe oscailte, de chineál eile dá dtagraítear i mír 2 a ghreamú, a phriontáil nó a ghreanadh go sofheicthe, go hinléite agus go daingean ar an bpacáistíocht, ionas nach féidir iad a scriosadh go héasca. Beidh an fhaisnéis atá iontu ar fáil freisin d’úsáideoirí deiridh sula gceannóidh siad an táirge trí dhíolacháin ar líne. I gcás nach féidir an greamú, an phriontáil nó an greanadh sin a dhéanamh nó nach bhfuil údar leis sin mar gheall ar chineál agus ar mhéid na pacáistíochta, greamófar an lipéad, an cód QR nó iompróir sonraí digiteacha caighdeánaithe oscailte de chineál eile den phacáistíocht ghrúpáilte. I gcás nach féidir fiú é sin a dhéanamh nó nach bhfuil údar leis mar gheall ar chineál agus méid na pacáistíochta nó i gcás ina bhfuil sé ábhartha foráil a dhéanamh do rochtain neamh-idirdhealaitheach ar fhaisnéis le haghaidh grúpaí leochaileacha, go háirithe daoine lagamhairc, soláthrófar an fhaisnéis trí chód aonair atá inléite go leictreonach nó trí chineál eile iompróra sonraí.
Cuirfear an fhaisnéis atá ar na lipéid dá dtagraítear i míreanna 1,2 agus 4 agus sa chód QR nó in iompróir sonraí digiteacha caighdeánaithe oscailte de chineál eile ar fáil i dteanga amháin nó níos mó is féidir le húsáideoirí deiridh a thuiscint go héasca, de réir mar a chinnfidh an Ballstát ina bhfuil an phacáistíocht le cur ar fáil ar an margadh.
I gcás ina gcuirtear faisnéis ar fáil trí mheán leictreonach i gcomhréir le míreanna1, 2 agus 4, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
is ar mhaithe le rochtain theoranta a thabhairt don úsáideoir ar an bhfaisnéis ábhartha maidir le comhlíonadh dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo i ndáil le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (68) agus ar mhaithe leis sin amháin a bhaileofar sonraí pearsanta leordhóthanacha ábhartha; |
|
(b) |
ní thaispeánfar an fhaisnéis in éineacht le faisnéis eile atá ceaptha chun críoch díolacháin nó margaíochta. |
I gcás ina n-éilítear le dlí de chuid an Aontais faisnéis maidir leis an táirge pacáistithe atá le cur ar fáil trí mheán sonraí, bainfear úsáid as aon iompróir sonraí amháin chun an fhaisnéis a éilítear a chur ar fáil le haghaidh an táirge phacáistithe agus le haghaidh na pacáistíochta, agus beifear in ann an dá cheann a idirdhealú go héasca óna chéile.
6. Faoin 12 Lúnasa 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun lipéad comhchuibhithe agus sonraíochtaí comhchuibhithe a bhunú le haghaidh na gceanglas agus na bhformáidí maidir le lipéadú, lena n-áirítear i gcás ina soláthraítear iad trí mhodhanna digiteacha, le haghaidh lipéadú pacáistíochta, dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á bhforbairt, cuirfidh an Coimisiún sainiúlachtaí na pacáistíochta ilchodaí san áireamh. Agus an lipéad comhchuibhithe le haghaidh pacáistíochta á fhorbairt aige faoi réir na gcóras aisíoctha éarlaise dá dtagraítear in Airteagal 50(2), cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon athrú a d’fhéadfadh a bheith ar an éarlais arna muirearú ag na Ballstáit. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
7. Faoin 12 Lúnasa 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an mhodheolaíocht a bhunú chun comhdhéanamh ábhar na pacáistíochta dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint trí bhíthin teicneolaíochtaí oscailte caighdeánaithe marcála digití, lena n-áirítear le haghaidh pacáistíocht ilchodach agus comhpháirteanna comhtháite nó ar leithligh de phacáistíocht.
Faoin 1 Eanáir 2030, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme freisin chun an mhodheolaíocht a bhunú chun substaintí ar údar imní iad a shainaithint trí bhíthin teicneolaíochtaí caighdeánaithe, oscailte agus marcála digití. Áireofar sa mhodheolaíocht sin go n-áireofar sa mharcáil ar a laghad ainm agus tiúchan na substainte ar údar imní í atá i ngach ábhar in aonad pacáistíochta.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
8. Gan dochar do na ceanglais a bhaineann le lipéid AE chomhchuibhithe eile, ní bhainfidh oibreoirí eacnamaíocha úsáid as lipéid, marcanna, siombail nó inscríbhinní ar dócha go gcuirfí tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile ar míthreoir nó ar strae leo maidir leis na ceanglais inbhuanaitheachta le haghaidh pacáistíochta, saintréithe pacáistíochta eile nó roghanna maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a bhainistiú, ar ina leith a leagtar síos lipéadú comhchuibhithe leis an Rialachán seo. Glacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, treoirlínte chun soiléiriú a dhéanamh ar ghnéithe ar dóigh dóibh tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile a chur ar míthreoir nó ar strae.
9. Faoin 12 Feabhra 2027, féadfar pacáistíocht a áirítear i scéim freagrachta leathnaithe táirgeora a shainaithint ar fud chríoch na mBallstát ina bhfuil feidhm ag an scéim nó ag an gcóras sin. Ní dhéanfar sainaithint den sórt sin a bhaint amach ach amháin trí shiombail chomhfhreagrach i gcód QR nó trí theicneolaíocht oscailte chaighdeánaithe marcála digití chun a chur in iúl go gcomhlíonann an táirgeoir a oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora. Beidh an tsiombail sin soiléir agus gan débhrí agus ní chuirfidh sí tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh ar míthreoir maidir le hin-athchúrsáilteacht nó ath-inúsáidteacht na pacáistíochta.
10. Pacáistíocht a chumhdaítear le córas aisíoctha éarlaise seachas an phacáistíocht sin dá dtagraítear in Airteagal 50(1), féadfar, faoin dlí náisiúnta, í a shainaithint trí bhíthin siombail chomhfhreagrach ar fud na críche ina bhfuil feidhm leis an scéim nó leis an gcóras sin. Beidh an tsiombail sin soiléir agus gan débhrí agus ní chuirfidh sí tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh ar míthreoir maidir le hin-athchúrsáilteacht nó ath-inúsáidteacht na pacáistíochta sna Ballstáit a gcuirtear ar ais chucu í. Ní thoirmiscfidh na Ballstáit greamú lipéad a bhaineann le córais aisíoctha éarlaise atá i mBallstáit eile.
11. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an neasphacáistíocht agus an fhorphacáistíocht mar a shainmhínítear i Rialacháin (AE) 2017/745, (AE) 2017/746 agus (AE) 2019/6 agus Treoir 2001/83/CE, mura bhfuil aon spás ar an bpacáistíocht de bharr ceanglais lipéadaithe eile mar a shainmhínítear sna gníomhartha reachtacha sin de chuid an Aontais, nó dá bhféadfadh lipéadú na pacáistíochta cur as d'úsáid shábháilte táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine nó de tháirgí íocshláinte tréidliachta.
12. Pacáistíocht dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 a mhonaraítear san Aontas nó a allmhairítear roimh na sprioc-amanna dá dtagraítear sna míreanna sin agus nach gcomhlíonann na critéir a leagtar síos sna míreanna sin, féadfar í a chur ar fáil ar an margadh go dtí 3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos sna míreanna sin.
Airteagal 13
Lipéadú gabhdán dramhaíola le haghaidh dramhaíl ó phacáistíocht a bhailiú
1. Faoin 12 Lúnasa 2028 nó 30 mí ó i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, cibé acu is déanaí, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar lipéid chomhchuibhithe, lena bhféadfar bailiúchán ar leithligh de gach ábhar sonrach de dhramhaíl ó phacáistíocht atá beartaithe lena diúscairt i ngabhdáin ar leithligh, a chur, a phriontáil nó a ghreanadh go sofheicthe, go hinléite agus go doscriosta ar gach gabhdán chun dramhaíl ó phacáistíocht a bhailiú. Féadfaidh níos mó ná lipéad amháin a bheith ar ghabhdán le haghaidh dramhaíl ó phacáistíocht. Níl feidhm ag an oibleagáid sin maidir le gabhdáin atá faoi réir córas aisíoctha éarlaise.
2. Faoin 12 Lúnasa 2026, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun lipéid chomhchuibhithe agus sonraíochtaí le haghaidh na gceanglas agus na bhformáid lipéadaithe a bhunú le haghaidh lipéadú na ngabhdán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á bhforbairt, cuirfidh an Coimisiún san áireamh sainiúlachtaí na gcóras bailiúcháin arna mbunú sna Ballstáit chomh maith le sainiúlachtaí na pacáistíochta ilchodaí. Beidh an lipéadú le haghaidh na ngabhdán ag teacht leis an lipéadú le haghaidh pacáistíochta mar a thagraítear dó in Airteagal 12(6), cé is moite de lipéadú le haghaidh pacáistíochta atá faoi réir córais aisíoctha éarlaise. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
Airteagal 14
Maímh chomhshaoil
Féadfar maímh chomhshaoil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (o), de Threoir 2005/29/CE maidir le hairíonna pacáistíochta a leagtar amach ceanglais dlí ina leith sa Rialachán seo a dhéanamh i ndáil le pacáistíocht a chuirtear ar an margadh má chomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
ní dhéantar na maímh ach amháin i ndáil le hairíonna pacáistíochta a théann thar na híoscheanglais is infheidhme a leagtar amach sa Rialachán seo, i gcomhréir leis na critéir, na modheolaíochtaí agus na rialacha ríomha a leagtar amach ann; agus |
|
(b) |
sonrófar leis na maímh cé acu a bhaineann siad leis an aonad pacáistíochta, le cuid den aonad pacáistíochta nó leis an bpacáistíocht go léir atá curtha ar na margadh ag an oibreoir eacnamaíoch. |
Léireofar comhlíonadh na gceanglas, a leagtar amach san Airteagal seo, sa doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an bpacáistíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL IV
OIBLEAGÁIDÍ GINEARÁLTA
Airteagal 15
Oibleagáidí na monaróirí
1. Ní chuirfidh allmhaireoirí ar an margadh ach an phacáistíocht a bheidh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó dá mbun.
2. Sula gcuirtear pacáistíocht ar an margadh, déanfaidh na monaróirí an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 38, nó socróidh go ndéanfar thar a gceann é, agus tarraingeoidh siad suas an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.
I gcás inar léiríodh leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 38 go gcomhlíonann pacáistíocht na ceanglais is infheidhme, tarraingeoidh monaróirí dearbhú comhréireachta AE suas i gcomhréir le hAirteagal 39.
3. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII agus an dearbhú comhréireachta AE mar a leanas:
|
(a) |
i gcás pacáistíocht aon úsáide: go ceann 5 bliana ón dáta a cuireadh an phacáistíocht ar an margadh; |
|
(b) |
i gcás pacáistíocht in-athúsáidte: go ceann 10 mbliana ón dáta a cuireadh an phacáistíocht ar an margadh. |
4. Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh nósanna imeachta ann chun go bhfanfaidh an táirgeadh sraithe pacáistíochta i gcomhréir leis an Rialachán seo. Cuirfidh na monaróirí san áireamh go leormhaith na hathruithe sin ar dhearadh nó ar shaintréithe na pacáistíochta, chomh maith le hathruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí teicniúla eile ar trí thagairt dóibh a dhearbhaítear a comhréireacht nó ar trína bhfeidhmiú a fhíoraítear a comhréireacht. I gcás ina bhfeiceann na monaróirí go bhféadfadh difear a bheith déanta do chomhréireacht na pacáistíochta, déanfaidh siad athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 38, nó socróidh go ndéanfar thar a gceann é.
5. Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh uimhir chineáil, baiscuimhir nó sraithuimhir, nó eilimint eile lena gceadaítear iad a aithint, ar an bpacáistíocht, nó, i gcás nach féidir é sin de bharr mhéid nó chineál na pacáistíochta, áiritheoidh na monaróirí go soláthrófar an fhaisnéis riachtanach i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge pacáistithe.
6. Sonróidh na monaróirí ar an bpacáistíocht nó ar chód QR nó ar iompróir sonraí éigin eile a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe mar aon leis an seoladh poist agus, más ann dó, modh leictreonach cumarsáide, trínar féidir dul i dteagmháil leo. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, cuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil ar mar chuid den fhaisnéis tríd an gcód QR nó iompróir sonraí digiteacha oscailte caighdeánaithe de chineál eile dá dtagraítear in Airteagal 12(1), (2), (4) nó (5) nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge pacáistithe. Sonrófar leis an seoladh poist pointe aonair ar féidir dul i dteagmháil leis an monaróir aige.
7. Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh faisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le míreanna 5 agus 6 soiléir, intuigthe agus inléite, agus nach ngabhfaidh sí in ionad faisnéis eile, ná nach bhféadfar leis sin faisnéis eile a dhoiléiriú nó a mheascadh suas le faisnéis a cheanglaítear le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le lipéadú an táirge phacáistithe.
8. Déanfaidh monaróirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, maidir le pacáistíocht atá curtha ar an margadh acu ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nach bhfuil sí i gcomhréir le ceann amháin nó níos mó de na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 5 go 12, na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an phacáistíocht sin a thabhairt chun comhréireachta, chun an phacáistíocht a tharraingt siar nó chun í a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh monaróirí údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit inar chuir siad an phacáistíocht ar fáil ar an eolas láithreach faoin neamhchomhlíonadh amhrasta agus faoi na bearta ceartaitheacha a rinneadh.
9. De mhaolú ar mhír 8 den Airteagal seo, maidir le pacáistíocht a chreidtear a bheith neamhchomhréireach leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos de bhun Airteagail 5 go 12, ní bheidh feidhm leis an oibleagáid í a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm más pacáistíocht in-athúsáidte í a cuireadh ar an margadh roimh.an 11 Feabhra 2025.
10. Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta a fháil, soláthróidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht na pacáistíochta a léiriú leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na nAirteagal sin, lena n-áirítear an doiciméadacht theicniúil, i dteanga amháin, nó níos mó, is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhfoirm leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhfoirm pháipéir. Cuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil laistigh de 10 lá ón uair a fhaightear an iarraidh ón údarás náisiúnta. Rachaidh na monaróirí i gcomhar leis an údarás náisiúnta maidir le haon ghníomhaíocht a rinneadh chun aon chás maidir le neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na nAirteagal sin a réiteach.
11. Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 maidir le pacáistíocht iompair shaincheaptha le haghaidh feistí leighis inchumraithe agus córais leighis inchumraithe a bheidh le húsáid i dtimpeallachtaí tionsclaíocha agus cúram sláinte.
12. I gcás ina dtagann an duine nádúrtha nó dlítheanach a ndeartar nó a monaraítear an phacáistíocht a dheartar faoi ainm nó faoi thrádmharc an duine sin faoin sainmhíniú ar mhicrifhiontar a leagtar amach i Moladh 2003/361/CE de réir mar is infheidhme an 11 Feabhra 2025, agus i gcás ina bhfuil an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn an phacáistíocht don duine nádúrtha nó dlítheanach a ndeartar nó a monaraítear an phacáistíocht faoi ainm nó faoi thrádmharc an duine sin lonnaithe san Aontas, measfar gurb é an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn an phacáistíocht an monaróir chun críoch an Airteagail seo.
Airteagal 16
Oibleagáidí faisnéise sholáthróirí pacáistíochta nó ábhar pacáistíochta
1. Soláthróidh soláthróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht go léir is gá don mhonaróir chun comhréireacht na pacáistíochta agus na n-ábhar pacáistíochta a léiriú leis an Rialachán seo, lena n-áirítear an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII agus lena gceanglaítear faoi Airteagail 5 go 11 nó dá mbun, i dteanga amháin nó níos mó is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach.
2. I gcás inarb iomchuí, beidh an doiciméadacht agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi ghníomhartha reachtacha an Aontais is infheidhme maidir le pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de mar chuid den fhaisnéis agus den doiciméadacht atá le soláthar ag an monaróir de bhun mhír 1.
Airteagal 17
Ionadaithe údaraithe
1. Féadfaidh monaróir, trí shainordú scríofa, ionadaí údaraithe a cheapadh.
2. Feidhmeoidh ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheobhaidh sé ón monaróir. Ceadófar leis an sainordú don ionadaí údaraithe na nithe seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:
|
(a) |
an dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil do na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh mar a leanas:
|
|
(b) |
obair a dhéanamh i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart a rinneadh maidir le cásanna neamhchomhlíonta na pacáistíochta a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe; |
|
(c) |
arna iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht theicniúil ar fad is gá chun comhréireacht pacáistíochta a léiriú a chur ar fáil don údarás sin i dteanga amháin nó níos mó is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca; |
|
(d) |
arna iarraidh ó údarás inniúil náisiúnta, na doiciméid ábhartha a chur ar fáil laistigh de 10 lá tar éis an iarraidh sin a fháil; |
|
(e) |
an sainordú a fhoirceannadh má ghníomhaíonn an monaróir ar neamhréir lena oibleagáidí faoin Rialachán seo. |
Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 15(1) agus an oibleagáid chun an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII agus mar a cheanglaítear faoi Airteagail 5 go 11 nó dá mbun, ina gcuid de shainordú an ionadaí údaraithe.
Airteagal 18
Oibleagáidí an allmhaireora
1. Ní chuirfidh allmhaireoirí ar an margadh ach pacáistíocht atá i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó dá mbun.
2. Roimh dóibh pacáistíocht a chur ar an margadh áiritheoidh allmhaireoirí na nithe seo a leanas:
|
(a) |
go ndearna an monaróir an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 38 agus gur tharraing an monaróir suas an doiciméadacht theicniúil, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII agus a cheanglaítear faoi Airteagail 5 go 11 nó dá mbun; |
|
(b) |
go ndéantar an phacáistíocht a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12; |
|
(c) |
go bhfuil na doiciméid is gá ag gabháil leis an bpacáistíocht; agus |
|
(d) |
gur chomhlíon an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 15(5) agus (6). |
I gcás ina measfaidh allmhaireoir nó go bhfuil údar aige chun a chreidiúint nach bhfuil pacáistíocht i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó dá mbun, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an phacáistíocht sin ar an margadh go dtí go dtabharfar chun comhréireachta í.
3. Cuirfidh allmhaireoir a ainm, a thrádainm cláraithe nó a thrádmharc cláraithe mar aon leis an seoladh poist lenar féidir dul i dteagmháil leis agus, má tá sé ar fáil, an modh leictreonach cumarsáide, trínar féidir dul i dteagmháil leis a shonrú ar an bpacáistíocht. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, cuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil tríd an iompróir sonraí digiteacha oscailte caighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 12 nó i ndoiciméad a ghabhann leis an bpacáistíocht. Déanfaidh allmhaireoirí a n-ainm agus a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, mar aon leis an seoladh poist ag ar féidir dul i dteagmháil leo agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, na modhanna leictreonacha cumarsáide trínar féidir dul i dteagmháil leo, a léiriú ar an bpacáistíocht. I gcás nach féidir an fhaisnéis sin a léiriú ar an bpacáistíocht, soláthrófar í trí iompróir sonraí caighdeánaithe, oscailte, digiteach dá dtagraítear in Airteagal 12 nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge pacáistithe.
4. Áiritheoidh an t-allmhaireoir go mbeidh faisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le mír 3 soiléir, intuigthe agus inléite, agus nach ngabhfaidh sí ionad faisnéise eile ná nach bhfolóidh sí faisnéis eile ná nach féidir í a thógáil i bhfabhraíocht faisnéise eile a cheanglaítear le gníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais maidir le lipéadú an táirge phacáistithe.
5. Áiritheoidh allmhaireoirí, fad atá an phacáistíocht faoina gcúram, bíodh sí folamh nó le táirge nó ná bíodh, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair as do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na nAirteagal sin.
6. Déanfaidh allmhaireoirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil pacáistíocht atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na nAirteagal sin, na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an phacáistíocht sin a thabhairt chun comhréireachta, chun an phacáistíocht a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh allmhaireoir údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an phacáistíocht ar fáil ar an eolas láithreach faoin neamhchomhlíonadh amhrasta agus faoi na bearta ceartaitheacha a rinneadh.
7. Coimeádfaidh allmhaireoirí cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na údaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh gur féidir an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII agus a cheanglaítear faoi Airteagail 5 go 11 nó de bhun na nAirteagal sin a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin mar a leanas:
|
(a) |
a mhéid a bhaineann le pacáistíocht aon úsáide: go ceann 5 bliana ón dáta a chuirfear an phacáistíocht ar an margadh; agus |
|
(b) |
a mhéid a bhaineann le pacáistíocht in-athúsáidte: go ceann 10 mbliana ón dáta a chuirfear an phacáistíocht ar an margadh. |
8. Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, soláthróidh allmhaireoirí don údarás sin an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht na pacáistíochta, lena n-áirítear an doiciméadacht theicniúil, leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na nAirteagal sin, a léiriú i dteanga amháin nó níos mó is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhfoirm leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhfoirm pháipéir. Cuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil laistigh de 10 lá ón uair a fhaigheann an t-údarás náisiúnta an t-iarratas.
9. Rachaidh na hallmhaireoirí i gcomhar leis an údarás náisiúnta inniúil maidir le haon ghníomhaíocht a rinneadh chun aon chás maidir le neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na nAirteagal sin a réiteach.
Airteagal 19
Oibleagáidí na ndáileoirí
1. Agus iad ag cur pacáistíocht ar an margadh, gníomhóidh dáileoirí go cuí agus go cúramach maidir le ceanglais an Rialacháin seo.
2. Roimh dóibh pacáistíocht a chur ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí na nithe seo a leanas:
|
(a) |
go bhfuil an táirgeoir, atá faoi réir na n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora don phacáistíocht, cláraithe i gclár na dtáirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 44; |
|
(b) |
go ndéantar an phacáistíocht a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12; agus |
|
(c) |
gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 15(5) agus (6) agus in Airteagal 18(3) faoi seach. |
3. I gcás ina measfaidh dáileoir nó ina bhfuil údar ag dáileoir chun a chreidiúint, sula gcuirfidh sé pacáistíocht ar fáil ar an margadh, nach bhfuil pacáistíocht den sórt sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na nAirteagal sin, faoi seach, nó nach bhfuil na ceanglais sin a leagtar amach in Airteagal 15(5) agus (6) agus Airteagal 18(3), faoi seach, á gcomhlíonadh ag an monaróir nó ag an allmhaireoir, ní chuirfidh an dáileoir an phacáistíocht ar an margadh go dtí go dtabharfar an phacáistíocht sin chun comhréireachta nó go dtí go mbeidh na ceanglais á gcomhlíonadh ag an monaróir nó ag an allmhaireoir.
Áiritheoidh dáileoirí, fad atá an phacáistíocht, bíodh sí folamh nó le táirge nó ná bíodh, faoina gcúram, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair as dá comhréireacht leis na ceanglais a leagtar amach Airteagail 5 go 12 nó de bhun na n-airteagal sin.
4. Maidir le haon fhaisnéis a nochtfaidh an monaróir ní úsáidfidh an dáileoir í ach chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais is infheidhme a leagtar amach in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na n-airteagal sin á gcomhlíonadh. Go háirithe, toirmiscfear ar dháileoirí an fhaisnéis sin a mhí-úsáid chun críoch tráchtála.
5. Áiritheoidh dáileoirí, a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil pacáistíocht atá curtha ar fáil ar an margadh acu leis an táirge pacáistithe i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na n-airteagal sin, go ndéanfar na bearta ceartaitheacha is gá chun an phacáistíocht sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí.
Cuirfidh dáileoirí údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an phacáistíocht ar fáil ar an eolas láithreach faoin neamhchomhréireacht amhrasta agus faoi na bearta ceartaitheacha a rinneadh.
6. Soláthróidh dáileoirí, ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a bhfuil rochtain acu orthu agus atá ábhartha chun comhréireacht na pacáistíochta leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na n-airteagal sin a léiriú i dteanga amháin nó níos mó is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin i bhfoirm leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhfoirm pháipéir.
Rachaidh na dáileoirí i gcomhar leis an údarás náisiúnta maidir le haon ghníomhaíocht a rinneadh chun aon chás maidir le neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na nAirteagal sin a réiteach.
Airteagal 20
Oibleagáidí na soláthraithe seirbhíse comhlíonta
Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse comhlíonta, le haghaidh na pacáistíochta a láimhseálann siad, bíodh sí folamh nó le táirge nó ná bíodh, maidir leis na dálaí le linn ollstórála, láimhseála agus pacála, le linn seoladh a chur ar an bpacáistíocht nó é a sheoladh, nach gcuirfidh siad as do chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na n-airteagal sin ag an bpacáistíocht.
Airteagal 21
Cásanna ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí na monaróirí maidir le hallmhaireoirí agus dáileoirí
I gcás ina gcuirfidh allmhaireoir nó dáileoir pacáistíocht ar an margadh faoina ainm nó trádmharc féin nó ina modhnóidh allmhaireoir nó dáileoir pacáistíocht atá curtha ar an margadh cheana ar bhealach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais ábhartha an Rialacháin seo, measfar an t-allmhaireoir nó an dáileoir sin a bheith ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo, agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal 15
I gcás ina dtagann allmhaireoir nó dáileoir dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thagann faoin sainmhíniú ar mhicrifhiontar a leagtar amach i Moladh 2003/361/CE de réir mar is infheidhme an 11 Feabhra 2025, agus i gcás ina bhfuil an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn an phacáistíocht don allmhaireoir nó don dáileoir lonnaithe san Aontas, measfar gurb é an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn an phacáistíocht an monaróir chun críoch Airteagal 15.
Airteagal 22
Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha
1. Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, faisnéis a chur ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
sainaitheantas aon oibreora eacnamaíoch a sholáthair pacáistíocht nó táirgí pacáistithe dóibh; |
|
(b) |
sainaitheantas aon oibreora eacnamaíoch ar sholáthair siad pacáistíocht nó táirgí pacáistithe dóibh. |
2. Beidh oibreoirí eacnamaíocha in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) a sholáthar mar a leanas:
|
(a) |
a mhéid a bhaineann le pacáistíocht aon úsáide: go ceann 5 bliana ón dáta a sholáthair siad an phacáistíocht nó a soláthraíodh an phacáistíocht dóibh; |
|
(b) |
a mhéid a bhaineann le pacáistíocht in-athúsáidte: go ceann 10 mbliana ón dáta a sholáthair siad an phacáistíocht nó a soláthraíodh an phacáistíocht dóibh. |
Airteagal 23
Oibleagáidí faisnéise na n-oibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht
Déanfaidh na hoibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht an fhaisnéis maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a liostaítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn XII den Rialachán seo, cé is moite d’fhaisnéis ar phacáistíocht a cuireadh ar fáil den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit, a sholáthar do na húdaráis inniúla, ar bhonn bliantúil, tríd an gclárlann leictreonach nó trí na clárlanna leictreonacha, i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Threoir 2008/98/CE.
Déanfaidh na hoibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht an fhaisnéis uile is gá chun na hoibleagáidí faisnéise a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 44(10) a sholáthar go bliantúil do na táirgeoirí i gcás ina gcomhlíontar na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn aonair, nó don eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ar cuireadh cúram uirthi na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, i gcás comhlíonadh comhchoiteann na n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora.
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás inarb iad na húdaráis phoiblí atá freagrach as bainistiú dramhaíola ó phacáistíocht a eagrú, go soláthróidh na hoibreoirí bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht, ar bhonn bliantúil, do na húdaráis phoiblí sin an fhaisnéis uile is gá chun na hoibleagáidí faisnéise a chomhlíonadh a leagtar síos in Airteagal 44(10), nó modhanna eile a chomhlíonadh chun an chlárlann leictreonach nó na clárlanna leictreonacha a fhorlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Threoir 2008/98/CE.
CAIBIDIL V
OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA PACÁISTÍOCHT AGUS DRAMHAÍL PHACÁISTITHE A LAghdú
Airteagal 24
Oibleagáid a bhaineann le pacáistíocht iomarcach
1. Faoin 1 Eanáir 2030 nó faoi cheann 3 bliana ó theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 2, cibé acu is déanaí, áiritheoidh na hoibreoirí eacnamaíocha a líonann pacáistíocht ghrúpáilte, pacáistíocht iompair, nó pacáistíocht ríomhthráchtála, gurb é an cóimheas spáis fholaimh uasta, arna shloinneadh mar chéatadán, 50 %.
2. Faoin 12 Feabhra 2028, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an mhodheolaíocht a bhunú chun an cóimheas spáis fholaimh dá dtagraítear i mír 1 a ríomh. Cuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht sin saintréithe speisialta na pacáistíochta nach mór í a chur i spás folamh atá mór go leor chun na ceanglais dlí is infheidhme a chomhlíonadh nó chun an táirge a chosaint, amhail, go háirithe, maidir le táirgí pacáistithe de chruth neamhrialta, pacáistíocht ina bhfuil níos mó ná pacáistíocht díolacháin amháin nó táirge díolacháin amháin, pacáistíocht ina bhfuil táirgí leachtacha, táirgí pacáistithe ar éasca damáiste a dhéanamh dá bhfuil iontu agus táirgí pacáistithe ar féidir le táirgí níos mó ná iad damáiste a dhéanamh dóibh mar gheall ar a dtoisí beaga, agus an t-íos-spás ar an bpacáistíocht iompair chun go bhféadfaí na lipéid lastais a ghreamú di.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
3. Chun críoch ríomh an chóimheasa dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
ciallóidh spás folamh an difríocht idir toirt iomlán na pacáistíochta grúpáilte, iompair nó ríomhthráchtála agus toirt iomlán na pacáistíocht díolacháin a chuimsítear ann; |
|
(b) |
ciallóidh an cóimheas spáis fholaimh an cóimheas idir an spás folamh mar a shainmhínítear i bpointe (a) agus toirt iomlán na pacáistíochta grúpáilte, iompair nó ríomhthráchtála. |
Measfar gur spás folamh é spás a líonfar le hábhair líonta amhail gearrthóga páipéir, aerchúisíní, cumhdaigh bholgóideacha, líonaigh spúinse, líonaigh chúir, olann adhmaid, polaistiréin nó clocha Styrofoam.
4. Faoin 12 Feabhra 2028, áiritheoidh an t-oibreoirí eacnamaíocha a líonann an phacáistíocht díolacháin go laghdófar an spás folamh go dtí an t-íosmhéid is gá chun feidhmiúlacht na pacáistíochta a áirithiú, lena n-áirítear cosaint táirgí. Ciallóidh an cóimheas spáis folamh le haghaidh pacáistíocht díolacháin an difríocht idir toirt inmheánach iomlán na pacáistíochta díolacháin agus toirt an táirge pacáistithe
Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na míre seo, measfar gur spás folamh le ábhair líonta é, amhail gearrthóga páipéir, aerchúisíní, cumhdaigh bholgóideacha, líonaigh spúinse, líonaigh chúir, olann adhmaid, polaistiréin nó clocha Styrofoam.
Maidir le pacáistíocht díolacháin le haghaidh táirgí a laghdaíonn a dtoirt le linn iompair nó i gcás ina bhfuil idirspás de dhíth chun an táirge bia a chosaint, nó táirgí eile a bhfuil na saintréithe sin ag baint leo:
|
(a) |
déanfar measúnú ar chomhlíonadh na míre seo mar leibhéal líonta an phacáiste tráth a líontar é; |
|
(b) |
ní mheasfar gur spás folamh an t-aer atá idir earraí bia pacáistithe ná atá laistigh díobh ná gur spás folamh atá i ngáis chosantacha. |
5. Oibreoirí eacnamaíocha a úsáideann pacáistíocht díolacháin mar phacáistíocht ríomhthráchtála nó a úsáideann pacáistíocht in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide, beidh siad díolmhaithe ón oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo. Mar sin féin, áiritheoidh siad go mbeidh an phacáistíocht díolacháin sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10.
6. Faoin 12 Feabhra 2032, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gcóimheas spáis fholaimh dá dtagraítear i mír 1 agus ar na díolúintí i mír 5, agus déanfaidh sé measúnú ar an bhféidearthacht cóimheasa spáis fholaimh a bhunú le haghaidh pacáistíocht díolacháin, go háirithe i gcás bréagán, cosmaidí, fearais déan féin é agus táirgí leictreonacha.
Airteagal 25
Srianta le formáidí pacáistíochta áirithe a úsáid
1. Ón 1 Eanáir 2030, ní chuirfidh oibreoirí eacnamaíocha pacáistíocht ar an margadh sna formáidí agus le haghaidh na n-úsáidí a liostaítear in Iarscríbhinn V.
2. De mhaolú ar Airteagal 4(2), féadfaidh na Ballstáit srianta a choinneáil ar bun arna nglacadh roimh an 1 Eanáir 2025 maidir le pacáistíocht a chur ar an margadh sna formáidí agus le haghaidh na n-úsáidí a liostaítear in Iarscríbhinn V ach atá déanta as ábhair nach liostaítear in Iarscríbhinn V.
3. Beidh mír 1 den Airteagal seo gan dochar d’Airteagal 9(2) pointe (b).
4. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do na micrifhiontair mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE, de réir mar is infheidhme an 11 Feabhra 2025, pacáistíocht a chur ar an margadh sna formáidí agus don úsáid a liostaítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás ina bhfuil sé léirithe nach bhfuil sé indéanta go teicniúil gan pacáistíocht den sórt sin a úsáid nó rochtain a fháil ar an mbonneagar atá riachtanach d’fheidhmiú córais athúsáide.
5. Faoin 12 Feabhra 2032, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar dearfach na srianta agus maoluithe agus díolúintí ó na srianta sin a ghabhann leo ar an gcomhshaol, agus cuirfidh sé san áireamh infhaighteacht réiteach malartach pacáistíochta lena gcomhlíontar na ceanglais sábháilteachta agus sláinteachais is infheidhme maidir le pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, déanfaidh an Coimisiún, agus é mar chuspóir aige dramhaíl ó phacáistíocht a laghdú, athbhreithniú ar an Airteagal seo agus ar Iarscríbhinn V chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a iomchuí atá sé srianta nua a bhunú maidir le formáidí sonracha pacáistíochta a úsáid agus ar a ábhartha atá sé na maoluithe agus díolúintí a leagtar amach san Airteagal seo a choinneáil ar bun, agus, i gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh sé togra reachtach.
6. Faoin 12 Feabhra 2027, foilseoidh an Coimisiún treoirlínte, i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, ina míneofar Iarscríbhinn V ar bhealach níos mionsonraithe, agus lena n-aireofar samplaí de na formáidí pacáistíochta a thagann faoin raon feidhme, agus aon díolúintí ó na srianta, agus soláthróidh sé liosta neamh-uileghabhálach de thorthaí agus glasraí a eisiatar ó phointe 2 d’Iarscríbhinn V.
Airteagal 26
Oibleagáidí i ndáil le pacáistíocht in-athúsáidte
1. Oibreoirí eacnamaíocha a chuireann pacáistíocht in-athúsáidte ar fáil ar chríoch Bhallstáit den chéad uair, áiritheoidh siad go bhfuil córas i bhfeidhm sa Bhallstát sin d’athúsáid na pacáistíochta sin, lena n-áirítear dreasacht chun bailiú na pacáistíochta sin a áirithiú agus ar córas é a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 27 agus Iarscríbhinn VI. Measfar go gcomhlíonann na hoibreoirí eacnamaíocha sin an mhír seo i gcás ina mbaineann siad úsáideann as córais athúsáide atá ann cheana agus atá i bhfeidhm cheana sna Ballstáit.
2. Tarraingeofar suas an tuairisc ar an dóigh a gcomhlíonann an córas ceanglais de bhun mhír 1 den Airteagal seo mar chuid den doiciméadacht theicniúil maidir le pacáistíocht in-athúsáidte atá le soláthar de bhun Airteagal 11(3). Chun na críche sin, iarrfaidh an monaróir na deimhnithe ábhartha i scríbhinn ó na rannpháirtithe sa chórais a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
Airteagal 27
Oibleagáid a bhaineann le córais athúsáide
1. Beidh oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann úsáid as pacáistíocht in-athúsáidte rannpháirteach i gceann amháin nó níos mó de na córais athúsáide agus áiritheoidh siad go mbeidh na córais athúsáide inar féidir an phacáistíocht in-athúsáidte a athúsáid i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn VI.
2. Oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann úsáid as pacáistíocht in-athúsáidte, áiritheoidh siad go ndéanfar athriochtú ar an bpacáistíocht sin i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn VI sula gcuirtear í ar fáil arís d’úsáideoirí deiridh.
3. Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann úsáid as pacáistíocht in-athúsáidte tríú páirtí a cheapadh le bheith freagrach as córas athúsáide frithpháirtithe amháin nó níos mó.
I gcás ina gceapfar oibreoirí eacnamaíocha tríú páirtí mar a thagraítear don mhéid sin sa chéad fhomhír, is é an tríú páirtí sin, agus é ag gníomhú thar cheann na n-oibreoirí sin, a chomhlíonfaidh na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo.
4. Oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann úsáid as pacáistíocht in-athúsáidte i gcórais lúbiata i gcomhréir leis na ceanglais in Iarscríbhinn VI, beidh sé de cheangal orthu an phacáistíocht a thabhairt ar ais go dtí pointe bailiúcháin amháin nó níos mó a shainaithníonn na rannpháirtithe sa chóras agus a fhormheasann oibreoir an chórais.
Airteagal 28
Oibleagáidí i ndáil le hathlíonadh
1. Maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a thugann an deis táirgí a cheannach trí athlíonadh, cuirfidh siad úsáideoirí deiridh ar an eolas faoin méid seo a leanas (rialacha le haghaidh athlíonta):
|
(a) |
cineálacha coimeádán is féidir a úsáid chun na táirgí atá ar fáil a cheannach trí athlíonadh; |
|
(b) |
na caighdeáin sláinteachais maidir le hathlíonadh; |
|
(c) |
freagracht an úsáideora deiridh i ndáil le sláinte agus sábháilteacht maidir le húsáid na gcoimeádán, dá dtagraítear i bpointe (a). |
Tabharfar na rialacha le haghaidh athlíonta chun dáta go tráthrialta agus beidh siad ar taispeáint go soiléir ar an áitribh nó curtha ar fáil d’úsáideoirí deiridh ar shlí eile.
2. Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha a thugann an deis táirgí a cheannach trí athlíonadh go gcomhlíonfaidh stáisiúin athlíonta na ceanglais a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn VI agus aon cheanglais a leagtar síos i ngníomhartha reachtacha dlí de chuid an Aontais maidir le táirgí a dhíol trí athlíonadh.
3. Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha a thugann an deis táirgí a cheannach trí athlíonadh, má thairgtear pacáistíocht nó coimeádáin do na húsáideoirí deiridh ag stáisiúin athlíonta, nach gcuirfear an phacáistíocht agus na coimeádáin sin ar fáil saor in aisce mura mbeidh na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn VI á gcomhlíonadh acu nó go gcuirfear ar fáil iad mar chuid de chóras aisíoctha éarlaise.
4. Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha diúltú coimeádán a chuireann an t-úsáideoir deiridh ar fáil a athlíonadh, mura gcomhlíonann an t-úsáideoir deiridh na rialacha le haghaidh athlíonta a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch in iúl de bhun mhír 1, go háirithe má mheasann na hoibreoirí eacnamaíocha go bhfuil an coimeádán míshláinteach nó mí-oiriúnach don bhia nó deoch a dhíol. Ní bheidh aon dliteanas ar oibreoirí eacnamaíocha i leith sláinteachais nó fadhbanna sábháilteachta bia a eascraíonn as úsáid coimeádán arna soláthar ag an tomhaltóir deiridh.
5. Ón 1 Eanáir 2030, féachfaidh dáileoirí deiridh a bhfuil achar díolacháin níos mó ná 400 m2 acu le 10 % den limistéar díolacháin sin a thiomnú do stáisiúin athlíonta le haghaidh táirgí bia agus táirgí neamhbhia araon.
Airteagal 29
Spriocanna athúsáide
1. Ón 1 Eanáir 2030, na hoibreoirí eacnamaíocha a úsáideann pacáistíocht iompair nó pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar, lena n-áirítear le haghaidh táirgí a dháiltear trí ríomhthráchtáil, laistigh de chríoch an Aontais, sna foirmeacha seo a leanas: pailléid, boscaí infhillte plaisteacha, boscaí, tráidirí, cliathbhoscaí plaisteacha, bulc-choimeádáin idirmheánacha, buicéid, drumaí agus ceanastair d’aon mhéid nó ábhar, lena n-áirítear formáidí solúbtha nó fillteáin phailléid nó strapaí chun táirgí a chuirtear ar phailléid le linn iompair a chobhsú agus a chosaint, áiritheoidh siad gur pacáistíocht in-athúsáidte é 40 % ar a laghad den phacáistíocht sin san iomlán laistigh de chóras athúsáide.
Ón 1 Eanáir 2040, déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha sin iarracht úsáid a bhaint as 70 %, ar a laghad, den phacáistíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhformáid in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.
2. Ón 1 Eanáir 2030, de mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, na hoibreoirí eacnamaíocha a úsáideann pacáistíocht iompair nó pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar, sna foirmeacha mar a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, laistigh de chríoch an Aontais, idir láithreáin éagsúla ar a ndéanann an t-oibreoir a ghníomhaíocht, nó idir aon cheann de na láithreáin ar a ndéanann an t-oibreoir a ghníomhaíocht agus suíomhanna aon fhiontair nasctha nó aon fhiontair chomhpháirtíochta eile, mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE de réir mar is infheidhme an 11 Feabhra 2025, áiritheoidh siad go mbeidh an phacáistíocht sin in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.
3. Ón 1 Eanáir 2030, de mhaolú ar mhír 1, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha a úsáideann pacáistíocht iompair nó pacáistíocht díolacháin a úsáidtear chun táirgí a iompar, lena n-áirítear le haghaidh táirgí a dháiltear trí ríomhthráchtáil, sna foirmeacha a liostaítear i mír 1, chun táirgí a sheachadadh ar oibreoir eacnamaíoch eile laistigh den Bhallstát céanna a áirithiú go mbeidh an phacáistíocht sin in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.
4. Níl feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 maidir le pacáistíocht iompair ná pacáistíocht díolacháin ar de na cineálacha seo a leanas í:
|
(a) |
pacáistíocht a úsáidtear chun earraí contúirteacha a iompar i gcomhréir le Treoir 2008/68/CE; |
|
(b) |
pacáistíocht a úsáidtear chun innealra ar mhórscála a iompar agus chun trealamh agus tráchtearraí a iompar a ndéantar pacáistíocht a shaincheapadh ina leith chun go n-oirfidh siad do cheanglais aonair an oibreora eacnamaíoch a rinne an t-ordú; |
|
(c) |
pacáistíocht i bhformáid sholúbtha, a úsáidtear le haghaidh iompair, a bhíonn i dteagmháil dhíreach le bia agus beatha mar a shainmhínítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, nó a bhíonn i dteagmháil le comhábhair bia mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(2), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (69); |
|
(d) |
pacáistíocht i bhfoirm boscaí cairtchláir. |
5. Ón 1 Eanáir 2030, oibreoirí eacnamaíocha, a úsáideann pacáistíocht ghrúpáilte i bhfoirm boscaí, seachas boscaí cairtchláir, lasmuigh de phacáistíocht díolacháin, chun líon áirithe táirgí a ghrúpáil d'fhonn aonad stoc-choimeádta nó dáileacháin a chruthú, áiritheoidh siad gur pacáistíocht in-athúsáidte faoi chóras athúsáide é 10 % ar a laghad den phacáistíocht sin.
Ón 1 Eanáir 2040, féachfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha le 25 % ar a laghad den phacáistíocht sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid i bhformáid in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.
6. Ón 1 Eanáir 2030, déanfaidh dáileoirí deiridh, a chuireann deochanna alcólacha agus neamh-mheisciúla i bpacáistíocht díolacháin ar fáil ar chríoch Bhallstáit do thomhaltóirí, a áirithiú go gcuirfear 10 % ar a laghad de na táirgí sin ar fáil i bpacáistíocht in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.
Ón 1 Eanáir 2040, féachfaidh oibreoirí eacnamaíocha lena áirithiú go gcuirfear 40 % ar a laghad de na táirgí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil i bpacáistíocht in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.
Áiritheoidh dáileoirí deiridh go rannchuideoidh táirgí pacáistithe arna monarú faoina mbranda féin ar bhonn cothrom agus comhréireach leis na spriocanna a leagtar amach sa mhír seo a bhaint amach.
7. Ní bheidh feidhm ag na spriocanna a leagtar síos i mír 6 maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
deochanna atá an-mheatach de réir bhrí Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus bainne agus táirgí bainne a liostaítear i gCuid XVI d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus a gcomhchosúlachtaí déiríochta a thagann faoi chóid 2202 99 11 agus 2202 9915 den Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (70); |
|
(b) |
catagóirí na dtáirgí fíniúna a liostaítear i bpointí 1, 3 go 9, 11, 12, 15, 16 agus 17 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013; |
|
(c) |
táirgí fíona cumhraithe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (71); |
|
(d) |
táirgí atá comhchosúil le táirgí fíona agus táirgí fíona cumhraithe agus a fhaightear ó thorthaí eile seachas fíonchaora agus glasraí, agus deochanna coipthe eile a thagann faoi chód AC 2206 00; |
|
(e) |
deochanna biotáilleacha alcólbhunaithe a chomhfhreagraíonn do cheannteideal AC 2208. |
8. Faoin 12 Feabhra 2027, foilseoidh an Coimisiún treoirlínte, i gcomhairle leis na Ballstáit, faoi na cineálacha táirgí a thagann faoi raon feidhme mhíreanna 6 agus 7.
9. Déanfaidh dáileoirí deiridh, mar a thagraítear dóibh i mír 6, gach pacáistíocht in-athúsáidte den chineál céanna, den fhoirm chéanna agus den mhéid chéanna leis an bpacáistíocht a chuireann siad ar fáil ar an margadh a thógáil ar ais, saor in aisce, laistigh den chóras athúsáide sonrach sin ag an díolphointe, rud a áiritheoidh go ndéanfar an phacáistíocht sin a aisghabháil agus a chur ar ais tríd an slabhra dáileacháin ar fad. Áiritheoidh na dáileoirí deiridh go mbeidh na húsáideoirí deiridh in ann an phacáistíocht a thabhairt ar ais ag an suíomh iarbhír ina bhfuair siad í nó in aice leis. Aisíocfaidh an dáileoir deiridh na héarlaisí gaolmhara go hiomlán nó tabharfaidh sé fógra gur tugadh ar ais an phacáistíocht i gcomhréir le rialacha rialachais an chórais athúsáide shonraigh, ionas go n-aisíocfar aon éarlais ghaolmhar, de réir mar a bheidh.
10. Más rud é, i mbliain féilire ar leith, go bhfuil limistéar díolacháin nach mó ná 100 m2 ag dáileoir deiridh, beidh an dáileoir deiridh sin díolmhaithe ón oibleagáid na spriocanna a leagtar amach i mír 6 a bhaint amach sa bhliain féilire sin. Ar bhonn na ndála speisialta a bhíonn i gceist leis an dáileachán deiridh agus le roinnt earnálacha monaraíochta, fiú ar an leibhéal náisiúnta, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64, chun tairseach an limistéir díolacháin a leasú.
11. Féadfaidh na Ballstáit dáileoirí deiridh a dhíolmhú ón oibleagáid na spriocanna a leagtar amach i mír 6 a bhaint amach má tá a limistéar díolacháin suite ar oileán ina bhfuil daonra níos lú ná 2000 áitritheoir.
Féadfaidh na Ballstáit dáileoirí deiridh a dhíolmhú ón oibleagáid na spriocanna a leagtar amach i mír 6 a bhaint amach má tá a limistéar díolacháin lonnaithe i mbardas ina bhfuil dlús daonra níos lú ná 54 dhuine/m2, ach beidh feidhm ag na spriocanna a leagtar amach i mír 6 maidir le dáileoirí deiridh ag a bhfuil limistéar díolacháin in ionaid daonra ina bhfuil níos mó ná 5 000 áitritheoir.
Má dhíolann dáileoir deiridh a díolmhaíodh de bhun na chéad fhomhíre táirgí dá dtagraítear i mír 6 i bpacáistíocht in-athúsáidte, socróidh sé go dtógfar an phacáistíocht sin ar ais i gcomhréir le mír 9. I gcás ina bhfuil níos mó ná limistéar díolacháin amháin ag an dáileoir deiridh a díolmhaíodh de bhun na chéad fhomhíre nó an dara fomhír, agus nach bhfuil ach limistéar amháin nó cuid de na limistéir sin lonnaithe ar oileán nó i mbardas den sórt sin, ní dhéanfar na deochanna ábhartha a chuirtear ar fáil ar chríoch Bhallstáit i limistéir díolacháin den sórt sin a ríomh chun na spriocanna a leagtar amach i mhír 6 a chomhlíonadh.
12. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do dháileoirí deiridh comhthiomsuithe a fhoirmiú chun a n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 6 a chomhlíonadh, ar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
ní bheidh sna comhthiomsuithe sin níos mó ná 40 % de sciar an mhargaidh atá ag an gcatagóir dí ábhartha; |
|
(b) |
ní bheidh níos mó ná cúigear dáileoirí deiridh sna comhthiomsuithe; agus |
|
(c) |
ní chumhdóidh na comhthiomsuithe sin ach catagóirí deochanna a chuireann comhaltaí uile na gcomhthiomsuithe ar fáil ar chríoch Bhallstáit. |
Níl coinníollacha faoi phointe (b) má oibríonn na dáileoirí deiridh faoin ainm branda céanna.
I gcás ina gceadóidh Ballstát do dháileoirí deiridh comhthiomsuithe a dhéanamh de bhun na chéad fhomhíre, cuirfidh gach comhthiomsú an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit:
|
(a) |
na dáileoirí deiridh atá ar áireamh sa chomhthiomsú; agus |
|
(b) |
an dáileoir deiridh a ceapadh ina bhainisteoir comhthiomsaithe agus ina phointe teagmhála. |
Féadfaidh na Ballstáit, a chur de cheangal go gcuirfí tuilleadh faisnéise ar fáil atá riachtanach chun na hoibleagáidí faoi mhír 6 a fhorfheidhmiú i gcomhar leis an mír seo.
Áiritheoidh dáileoirí deiridh go gcomhlíonfaidh a socruithe comhthiomsaithe Airteagail 101 agus 102 CFAE. Gan dochar d’infheidhmeacht ghinearálta rialacha iomaíochta an Aontais maidir leis na comhthiomsuithe sin, áiritheoidh na comhaltaí uile i gcomhthiomsú go háirithe nach bhféadfaidh comhroinnt sonraí ná malartú faisnéise, lena n-áirítear i dtaca le sonraí díolacháin ionchasacha, tarlú i gcomhthéacs a socruithe comhthiomsaithe, ach amháin i ndáil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30(2) den Rialachán seo.
Faoin 1 Eanáir 2028, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 64 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha mionsonraithe agus na ceanglais tuairiscithe a bheidh le cur i bhfeidhm maidir leis na socruithe comhthiomsaithe dá dtagraítear sa mhír seo, a bhunú agus a shonrú, agus cineál agus cainníocht na pacáistíochta a chuireann gach dáileoir deiridh ar an margadh gach bliain féilire agus an suíomh ina bhfuil na dáileoirí deiridh lonnaithe á gcur san áireamh.
13. Beidh oibreoirí eacnamaíocha díolmhaithe ón oibleagáid na spriocanna a leagtar amach san Airteagal seo a bhaint amach ar feadh bliain féilire, más rud é le linn na bliana féilire sin:
|
(a) |
nach ndearna siad níos mó ná 1 000 kg de phacáistíocht a chur ar fáil ar chríoch Bhallstáit; agus |
|
(b) |
go dtagann siad faoin sainmhíniú ar mhicrifhiontar mar a leagtar amach i Moladh 2003/361/CE, de réir mar is infheidhme an 11 Feabhra 2025. |
Ar bhonn na ndála speisialta a bhaineann leis an dáileadh deiridh agus le roinnt earnálacha monaraíochta, lena n-áirítear ar an leibhéal náisiúnta, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64, chun an tairseach a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo a leasú.
14. Féadfaidh na Ballstáit oibreoirí eacnamaíocha a dhíolmhú ó na hoibleagáidí faoin Airteagal seo ar feadh tréimhse 5 bliana faoi na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
sroichfidh an Ballstát díolmhaitheach cúig phointe céatadáin os cionn na spriocanna maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a athchúrsáil in aghaidh an ábhair atá le baint amach faoi 2025 agus meastar go mbainfidh sé cúig phointe céatadáin os cionn sprioc 2030 amach de réir na tuarascála a d’fhoilsigh an Coimisiún 3 bliana roimh an dáta sin; |
|
(b) |
tá an Ballstát díolmhaitheach ar an mbóthar ceart chun na spriocanna ábhartha maidir le dramhaíl a chosc a leagtar amach in Airteagal 43 a bhaint amach agus is féidir leis a léiriú go bhfuil laghdú 3 % ar a laghad ar an dramhaíl ó phacáistíocht per capita faoi 2028 i gcomparáid leis an dramhaíl ó phacáistíocht a gineadh per capita in 2018; agus |
|
(c) |
tá plean maidir le dramhaíl chorparáideach a chosc agus a athchúrsáil glactha ag na hoibreoirí eacnamaíocha, plean a chuidíonn chun na cuspóirí maidir le dramhaíl a chosc agus a athchúrsáil a leagtar amach in Airteagail 43 agus 52 faoi seach a bhaint amach. |
Féadfaidh an Ballstát an tréimhse 5 bliana sin a athnuachan ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha go léir.
15. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 51, féadfaidh na Ballstáit spriocanna a leagan síos d’oibreoirí eacnamaíocha, spriocanna a sháraíonn na cinn íosta a leagtar amach i míreanna 1, 2, 3, 5 agus 6 den Airteagal seo sa mhéid go bhfuil spriocanna breise den sórt sin riachtanach chun go ndéanfaidh an Ballstát ceann amháin nó níos mó de na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 43 a bhaint amach.
16. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 51, féadfaidh na Ballstáit spriocanna a leagan síos d’oibreoirí eacnamaíocha maidir leis na deochanna a chuirtear ar fáil i bpacáistíocht díolacháin nach dtagann faoi mhír 6 den Airteagal seo má tá na spriocanna breise sin riachtanach chun go ndéanfaidh an Ballstát ceann amháin nó níos mó de na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 43 a bhaint amach.
17. Ríomhfar spriocanna a leagtar síos san Airteagal seo nó dá bhun do thréimhse a mhairfidh bliain féilire.
18. Chun na sonraí agus na forbairtí eolaíocha agus eacnamaíocha is déanaí a chur san áireamh, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na nithe seo a leanas a bhunú:
|
(a) |
díolúintí d’oibreoirí eacnamaíocha sa bhreis ar na cinn dá bhforáiltear san Airteagal seo, mar thoradh ar shrianta eacnamaíocha ar leith in earnáil áirithe a bhaineann le comhlíonadh na spriocanna a leagtar síos i míreanna 1, 2, 3, 5 agus 6 den Airteagal seo; |
|
(b) |
díolúintí maidir le formáidí pacáistíochta sonracha a chumhdaítear leis na spriocanna a leagtar amach i míreanna 1 2, 3, 5 agus 6 den Airteagal seo i gcás ina gcuireann saincheisteanna sláinteachais agus sábháilteachta bia cosc ar bhaint amach na spriocanna sin; |
|
(c) |
díolúintí maidir le formáidí pacáistíochta sonracha a chumhdaítear leis na spriocanna a leagtar amach i míreanna 1, 2, 3, 5 agus 6 den Airteagal seo i gcás ina gcuireann saincheisteanna comhshaoil cosc ar bhaint amach na spriocanna sin. |
19. Faoin 1 Eanáir 2034, agus éabhlóid úrscothacht na teicneolaíochta agus an taithí phraiticiúil atá faighte ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag na Ballstáit á gcur san áireamh, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar athbhreithniú ar chur chun feidhme spriocanna 2030 a leagtar amach san Airteagal seo. Sa tuarascáil sin, déanfaidh sé meastóireacht, lena n-áirítear ó thaobh an mheasúnaithe saolré ar phacáistíocht aon úsáide agus athúsáide, ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
a mhéid a tháinig réitigh as spriocanna 2030, ar réitigh iad lena gcothaítear pacáistíocht inbhuanaithe agus atá éifeachtach agus éasca le cur chun feidhme, |
|
(b) |
a indéanta atá sé na spriocanna a leagadh síos do 2040 a bhaint amach ar bhonn na taithí a fuarthas maidir le spriocanna 2030 a bhaint amach agus ar bhonn na n-imthosca atá ag teacht chun cinn, |
|
(c) |
a ábhartha atá sé na díolúintí agus na maoluithe a leagtar amach san Airteagal seo a choinneáil ar bun, agus |
|
(d) |
a riachtanaí nó a ábhartha atá sé spriocanna nua a leagan síos maidir le catagóirí pacáistíochta eile a athúsáid agus a athlíonadh. |
Beidh measúnú tionchair ar fhostaíocht san áireamh sa tuarascáil ón gCoimisiún. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, lena leasófar an tAirteagal seo, go háirithe spriocanna 2040. Faoi mhí na Nollag 2032, cuirfidh na Ballstáit sonraí ar fáil don Choimisiún maidir leis an measúnú tionchair ar fhostaíocht a bhaineann le cur chun feidhme na spriocanna athúsáide ina gcríocha náisiúnta. Sula gcuirfidh na Ballstáit na sonraí faoi bhráid an Choimisiúin, cuirfidh siad ar an eolas agus rachaidh siad i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta a dhéanann ionadaíocht d'oibrithe agus d'fhostóirí sna hearnálacha a chumhdaítear le spriocanna athúsáide pacáistíochta.
Airteagal 30
Rialacha maidir le baint amach na spriocanna athúsáide a ríomh
1. Chun a léiriú go ndearnadh na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 29(1) agus (5) a bhaint amach, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a úsáideann an phacáistíocht ríomh ar leithligh ar na nithe seo a leans le haghaidh gach sprice:
|
(a) |
líon na n-aonad coibhéiseach d’aon fhormáid phacáistíochta a liostaítear in Airteagal 29(1) nó (5), de réir mar is infheidhme, ina gcuimsítear pacáistíocht in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide ar bhain sé úsáid as sa bhliain féilire; |
|
(b) |
líon na n-aonad coibhéiseach d’aon fhormáid phacáistíochta a liostaítear in Airteagal 29(1) nó (5), de réir mar is infheidhme, seachas na cinn a shonraítear i bpointe (a) den mhír seo, ar bhain sé úsáid as sa bhliain féilire. |
2. Chun a léiriú go ndearnadh na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 29(6) agus Airteagal 33 a bhaint amach, déanfaidh an dáileoir deiridh a chuireann na táirgí sin ar fáil do thomhaltóirí ar chríoch Bhallstáit, ríomh ar leithligh ar na nithe seo a leanas le haghaidh gach sprice:
|
(a) |
an líon iomlán aonad díolachán deochanna nó an toirt iomlán deochanna atá i bpacáistíocht in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide arna gcur ar fáil ar chríoch Bhallstáit i mbliain féilire; |
|
(b) |
an líon iomlán aonad díolachán deochanna nó an toirt iomlán deochanna arna gcur ar fáil ar chríoch Bhallstáit i bpacáistíocht seachas an ceann dá dtagraítear i bpointe (a) i mbliain féilire. |
3. Faoin 30 Meitheamh 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar an mhodheolaíocht maidir leis na spriocanna athúsáide a leagtar amach in Airteagal 29 a ríomh.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
4. Beidh feidhm ag an oibleagáid chun a léiriú gur baineadh amach na spriocanna athúsáide a leagtar amach in Airteagal 29 ón 1 Eanáir 2030 nó 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, cibé dáta is déanaí.
Airteagal 31
Tuairisciú do na húdaráis inniúla maidir le spriocanna athúsáide
1. Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha mar a thagraítear dóibh in Airteagal 29(1) go (8) tuarascáil ina mbeidh sonraí a bhaineann le baint amach na spriocanna athúsáide a leagtar amach in Airteagal 29 le haghaidh gach bliana féilire a chur faoi bhráid an údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagal 40.
2. Cuirfear an tuarascáil dtagraítear i mír 1 ar fáil laistigh de 6 mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe a bailíodh na sonraí ina leith.
3. Bainfidh an chéad bhliain tuairiscithe leis an mbliain féilire 2030.
4. Bunóidh na húdaráis inniúla córais leictreonacha trína dtuairisceofar sonraí dóibh agus sonróidh siad na formáidí a bheidh le húsáid.
5. Féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar oibreoirí eacnamaíocha aon fhaisnéis bhreise is gá a sholáthar chun iontaofacht na sonraí a thuairiscítear a áirithiú.
6. Poibleoidh na Ballstáit an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.
7. Faoin 12 Feabhra 2027, bunóidh an Coimisiún faireachlann Eorpach um athúsáid. Beidh an fhaireachlann freagrach as an méid seo a leanas: faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart a leagtar síos sa Rialachán seo, sonraí a bhailiú maidir le cleachtais athúsáide, agus rannchuidiú le forbairt dea-chleachtas i réimse na hathúsáide.
Airteagal 32
An oibleagáid atá ar an earnáil beir leat maidir le hathlíonadh
1. Faoin 12 Feabhra 2027.
|
(a) |
dáileoirí deiridh a dhéanann a ngníomhaíocht ghnó in earnáil HORECA agus a chuireann deochanna fuara nó te ar fáil ar chríoch Bhallstáit deochanna te nó fuara i bpacáistíocht beir leat, soláthróidh siad córas le go dtabharfaidh tomhaltóirí a gcoimeádán féin leo lena líonadh; |
|
(b) |
dáileoirí deiridh a dhéanann a ngníomhaíocht ghnó in earnáil HORECA agus a dhéanann bia réamhullmhaithe, atá beartaithe lena chaitheamh láithreach gan aon ullmhú breise ag teastáil, agus a chaitear de ghnáth as an gcoimeádán, ar fáil ar chríoch Bhallstáit, bia réamhullmhaithe i bpacáistíocht beir leat, déanfaidh na dáileoirí sin córas a sholáthar do thomhaltóirí chun a gcoimeádán féin a thabhairt leo le líonadh. |
2. I gcás ina dtugann tomhaltóirí a gcoimeádán féin le líonadh isteach, tairgfidh dáileoirí deiridh, mar a thagraítear dóibh i mír 1, na táirgí dóibh gan costas níos airde a ghearradh agus faoi choinníollacha nach lú fabhar ná nuair a dhíolann siad an t-aonad díolacháin ina bhfuil an táirge céanna agus pacáistíocht aon úsáide.
Cuirfidh dáileoirí deiridh in iúl do thomhaltóirí ag an díolphointe, trí bhíthin cláir faisnéise nó comharthaí sofheicthe agus inléite, gur féidir na táirgí a fháil i gcoimeádán is féidir a athlíonadh a thugann an tomhaltóir leis.
Airteagal 33
Oibleagáid maidir le tairiscint athúsáide i gcás na hearnála beir leat
1. Faoin 12 Feabhra 2028, déanfaidh dáileoirí deiridh, a dhéanann a ngníomhaíocht ghnó in earnáil HORECA agus a chuireann ar fáil ar chríoch Bhallstáit, deochanna fuara nó te nó bia réamhullmhaithe i bpacáistíocht beir leat an rogha a thabhairt do thomhaltóirí na táirgí a fháil i bpacáistíocht in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide.
2. Cuirfidh na dáileoirí deiridh in iúl do na tomhaltóirí ag an díolphointe, trí bhíthin cláir faisnéise nó comharthaí sofheicthe agus inléite, gur féidir na hearraí a fháil i bpacáistíocht in-athúsáide.
3. Tairgfidh na dáileoirí deiridh na táirgí a líontar isteach i bpacáistíocht in-athúsáidte ar phraghas nach airde agus faoi dhálaí nach lú fabhar ná san aonad díolacháin ina bhfuil an táirge céanna agus pacáistíocht aon úsáide.
4. Beidh na dáileoirí deiridh díolmhaithe ó fheidhmiú an Airteagail seo i gcás ina dtagann siad faoin sainmhíniú ar mhicrifhiontar a leagtar amach i Moladh 2003/361/CE, de réir mar is infheidhme an 11 Feabhra 2025.
5. Ó 2030 ar aghaidh, féachfaidh na dáileoirí deiridh le 10 % de tháirgí a thairiscint lena ndíol i bhformáid phacáistíochta in-athúsáidte.
6. Faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 51, féadfaidh na Ballstáit spriocanna a leagan síos d’oibreoirí eacnamaíocha, spriocanna a théann níos faide ná an sprioc íosta a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo a mhéid atá na spriocanna níos airde riachtanach don Bhallstát chun ceann amháin nó níos mó de na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 43 a bhaint amach.
CAIBIDIL VI
MÁLAÍ SIOPADÓIREACHTA PLAISTEACHA
Airteagal 34
Málaí siopadóireachta plaisteacha
1. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun laghdú marthanach a bhaint amach ar thomhaltas málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma ar a gcríoch.
Meastar go bhfuil laghdú marthanach bainte amach mura mó an tomhaltas bliantúil ná 40 mála siopadóireachta plaisteach éadrom per capita, nó an sprioc chomhionann de réir meáchain, faoin 31 Nollaig 2025 agus dá éis sin faoin 31 Nollaig gach bliain ina dhiaidh sin.
2. Leis na bearta a dhéanfaidh na Ballstáit chun an sprioc a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach cuirfear san áireamh tionchar na málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma ar an gcomhshaol nuair a dhéantar iad a tháirgeadh, a athchúrsáil nó a dhiúscairt, agus a n-airíonna múirínithe, a marthanacht nó an úsáid shonrach a bheartaítear dóibh. Féadfaidh a áireamh leis na bearta sin, de mhaolú ar Airteagal 4, srianta margaidh, ar choinníoll go bhfuil siad comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach.
3. I dteannta na mbeart faoi mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit bearta a dhéanamh, amhail ionstraimí eacnamaíocha agus spriocanna laghdaithe náisiúnta, a mhéid a bhaineann le haon chineál de mhálaí siopadóireachta plaisteacha éadroma, gan beann ar a dtiús balla, i gcomhréir leis na hoibleagáidí a eascraíonn as CFAE.
4. Féadfaidh na Ballstáit málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom, atá riachtanach chun críoch sláinteachais nó a chuirtear ar fáil mar phacáistíocht díolacháin do bhia scaoilte chun cur amú bia a chosc, a eisiamh ó na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1.
5. Faoin 12 Feabhra 2032, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le hábhair phacáistíochta, seachas na hábhair sin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ar dócha go mbeidh tionchar níos díobhálaí acu ar an gcomhshaol ná málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma agus, i gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh sé togra reachtach ina leagfar amach spriocanna laghdaithe agus bearta chun na spriocanna sin a bhaint amach.
CAIBIDIL VII
COMHRÉIREACHT NA PACÁISTÍOCHTA
Airteagal 35
Modhanna tástála, tomhais agus ríomha
Chun críoch comhlíonta agus chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 5 go 12, 24 agus 26 nó de bhun na n-airteagal sin ag pacáistíocht a fhíorú, déanfar tástálacha, tomhais agus ríomhanna agus modh iontaofa, cruinn agus in-atáirgthe á úsáid, lena gcuirfear san áireamh na modhanna úrscothacha a dtugtar aitheantas coitianta dóibh, agus ar meastar gur beag neamhchinnteachta a bhaineann lena dtorthaí.
Airteagal 36
Toimhde comhréireachta
1. Measfar go bhfuil modhanna chun tástálacha, tomhais agus ríomhanna a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 35, atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, nó codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó codanna díobh a leagtar amach san Airteagal sin.
2. I gcás ina ndéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta tástálacha, tomhais nó modhanna ríofa mar a thagraítear dóibh i mír 1 den Airteagal seo faoi chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (72), toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais faoi mhír 1 den Airteagal seo.
3. An phacáistíocht atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh sin ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfar a thoimhdiú go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5 go 12, 24 agus 26 nó de bhun na n-airteagal sin agus a gcumhdaítear leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh.
Airteagal 37
Sonraíochtaí coiteanna
1. Pacáistíocht atá i gcomhréir le sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó le codanna díobh, toimhdeofar bhfuil sí i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5 go 12, in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 nó de bhun na nAirteagal sin a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.
2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a bhunú le haghaidh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 5 go 12, in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 nó de bhun na nAirteagal sin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
comhlíontar (i) nó (ii):
|
|
(b) |
d’iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar eagraíocht Eorpach um chaighdeánú amháin nó níos mó chun caighdeán comhchuibhithe le haghaidh na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 5 go 12, in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 den Rialachán seo nó de bhun na nAirteagal sin a dhréachtú nó a athbhreithniú agus comhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
3. Sula n-ullmhóidh an Coimisiún dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh sé in iúl don choiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 go measann sé gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.
4. I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí an caighdeán comhchuibhithe don Choimisiún chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilsítear an tagairt sin do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó codanna di, lena gcumhdaítear na ceanglais céanna a leagtar síos in Airteagail 5 go 12, in Airteagal 24 agus in Airteagal 26, nó de bhun na nAirteagal sin a aisghairm.
5. I gcás ina measann Ballstát nó Parlaimint na hEorpa nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5 go 12, in Airteagal 24 agus in Airteagal 26, nó de bhun na nAirteagal sin, ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.
Airteagal 38
Nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta
Déanfar measúnú comhréireachta ar phacáistíocht a mhéid a bhaineann leis na ceanglais a leagtar in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na nAirteagal sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.
Airteagal 39
Dearbhú comhréireachta an Aontais Eorpaigh
1. Luafar sa dearbhú comhréireachta AE gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun na nAirteagal sin.
2. Maidir leis an dearbhú comhréireachta AE, beidh an struchtúr modúil ann a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, agus beidh na heilimintí arna sonrú sa mhodúl a leagtar amach in Iarscríbhinn VII ann agus déanfar é a nuashonrú go leanúnach. Dréachtófar é, nó aistreofar é, i dteanga amháin nó níos mó a éilíonn an Ballstát ina ndéantar an phacáistíocht a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh.
3. I gcás ina mbeidh pacáistíocht nó an táirge pacáistithe faoi réir breis agus gníomh amháin de chuid an Aontais lena n-éilítear an dearbhú comhréireachta AE, tarraingeofar dearbhú comhréireachta AE aonair suas, i gcás inarb iomchuí, i leith gach gnímh mar sin de chuid an Aontais. Luafar sa dearbhú sin na gníomhartha de chuid an Aontais lena mbaineann agus a dtagairtí foilseacháin. Féadfaidh sainchomhad ina mbeidh dearbhuithe comhréireachta AE ábhartha aonair éagsúla a bheith i gceist leis an dearbhú.
4. Tríd an dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas, gabhann an monaróir freagracht air féin go gcomhlíonfaidh an phacáistíocht na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.
5. Féachfaidh na húdaráis inniúla leis an gcruinneas de chuid de na dearbhuithe comhréireachta ar a laghad a rialú gach bliain, arna measúnú ar chur chuige rioscabhunaithe agus déanfaidh siad na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíonadh, amhail táirgí neamhchomhlíontacha a tharraingt siar ón margadh.
CAIBIDIL VIII
BAINISTIÚ NA PACÁISTÍOCHTA AGUS BAINISTIÚ NA DRAMHAÍOLA Ó PHACÁISTÍOCHT
Forálacha ginearálta
Airteagal 40
Údarás inniúil
1. Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as cur chun feidhme agus forfheidhmiú na n-oibleagáid a leagtar amach sa Chaibidil seo agus in Airteagail 6(10), 29(1) go (7) agus (9) agus in Airteagail 30 go 34.
2. Leagfaidh na Ballstáit síos mionsonraí maidir le heagrúchán agus oibríocht an údaráis inniúil nó na n-údarás inniúla, lena n-áirítear na rialacha riaracháin agus na rialacha nós imeachta lena rialaítear:
|
(a) |
clárú táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 44; |
|
(b) |
eagrúchán na gceanglas tuairiscithe faoi Airteagal 44(7) agus (8) agus faireachán orthu; |
|
(c) |
formhaoirseacht ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 45; |
|
(d) |
comhlíonadh na freagrachta leathnaithe táirgeora a údarú i gcomhréir le hAirteagal 47; |
|
(e) |
ag cur faisnéis ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 56. |
3. Faoin 12 Iúil 2025, déanfaidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil arna n-ainmniú de bhun mhír 1 a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh na Ballstáit aon athruithe ar ainmneacha nó ar sheoltaí na n-údarás inniúil sin in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí.
Airteagal 41
Tuarascáil luathrabhaidh
1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, tuarascálacha a tharraingt suas maidir leis an dul chun cinn arna dhéanamh i leith bhaint amach na spriocanna a leagtar síos in Airteagail 43 agus 52 3 bliana ar a dhéanaí roimh gach spriocdháta a leagtar síos sna hAirteagail sin.
2. Beidh an méid seo a leanas mar chuid de na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
meastachán ar bhaint amach na spriocanna ag gach Ballstát; |
|
(b) |
liosta na mBallstáit ar baolach nach ndéanfaidh siad na spriocanna a bhaint amach faoi na spriocdhátaí faoi seach, a mbeidh moltaí iomchuí do na Ballstáit lena mbaineann ag gabháil leis; |
|
(c) |
samplaí de dhea-chleachtais ar fud an Aontais a d'fhéadfadh treoir a thabhairt maidir le dul chun cinn a dhéanamh ionsar bhaint amach na spriocanna. |
Airteagal 42
Pleananna bainistithe dramhaíola agus cláir maidir le dramhaíl a chosc
1. Cuirfidh na Ballstáit caibidil thiomnaithe maidir le bainistiú na pacáistíochta agus bainistiú na dramhaíola ó phacáistíocht sna pleananna bainistithe dramhaíola a cheanglaítear de bhun Airteagal 28 de Threoir 2008/98/CE, lena n-áirítear bearta a dhéanamh de bhun Airteagail 48, 50 agus 52 den Rialachán seo.
2. Cuirfidh na Ballstáit caibidil thiomnaithe maidir le pacáistíocht, dramhaíl ó phacáistíocht agus pacáistíocht a dhiúscraítear mar bhruscar a chosc sna cláir maidir le dramhaíl a chosc a cheanglaítear de bhun Airteagal 29 de Threoir 2008/98/CE, lena n-áirítear bearta arna ndéanamh de bhun Airteagail 43 agus 51 den Rialachán seo.
Cosc dramhaíola
Airteagal 43
Dramhaíl ó phacáistíocht a chosc
1. Laghdóidh gach Ballstát an dramhaíl ó phacáistíocht a ghintear in aghaidh an duine. I gcomparáid leis an dramhaíl ó phacáistíocht a gineadh in aghaidh an duine in 2018 mar a tuairiscíodh don Choimisiún de réir Chinneadh 2005/270/CE, faoi na méideanna seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
5 % faoi 2030; |
|
(b) |
10 % faoi 2035; |
|
(c) |
15 % faoin 2040. |
2. Chun tacú leis na Ballstáit na spriocanna maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a chosc a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a bhaint amach, faoin 12 Feabhra 2027, bunóidh an Coimisiún fachtóir ceartúcháin chun an méadú nó an laghdú ar thurasóireacht i ndáil leis an mbonnbhliain 2018 a chur san áireamh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 56(7), pointe (c). Beidh an fachtóir ceartúcháin sin bunaithe ar ráta giniúna dramhaíola ó phacáistíocht in aghaidh an turasóra agus ar an éagsúlacht i líon na dturasóirí i ndáil leis an mbonnbhliain 2018 agus cuirfear san áireamh acmhainneacht laghdaithe na dramhaíola ó phacáistíocht sa turasóireacht.
3. Gan dochar do mhíreanna 1 agus 4, maidir leis na Ballstáit a bhfuil córais ar leithligh bunaithe acu cheana féin chun dramhaíl tí ó phacáistíocht a bhainistiú ar lámh amháin agus córas eile le haghaidh dramhaíl ó phacáistíocht tionsclaíochta agus tráchtála, ar an láimh eile, féadfaidh siad na córais sin a choinneáil ar bun.
4. Agus na spriocanna a leagtar amach i mír 1 á ngnóthú acu, féachfaidh gach Ballstát leis an méid dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a ghintear a laghdú.
5. De bhreis ar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le cuspóirí foriomlána bheartas dramhaíola an Aontais agus chun na spriocanna a leagtar amach san Airteagal seo a bhaint amach, bearta darb aidhm giniúint dramhaíola ó phacáistíocht a chosc agus tionchar na pacáistíochta ar an gcomhshaol a íoslaghdú a chur chun feidhme. Féadfar a áireamh le bearta den sórt sin go ndéanfar ionstraimí eacnamaíocha agus bearta eile a úsáid chun dreasachtaí a sholáthar chun ord na réiteach dramhaíola a chur chun feidhme, amhail na bearta dá dtagraítear in Iarscríbhinní IV agus IVa a ghabhann le Treoir 2008/98/CE, nó ionstraimí agus bearta iomchuí eile, lena n-áirítear dreasachtaí arna soláthar trí bhíthin scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora agus oibleagáidí ar thairgeoirí nó oibleagáidí ar eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí chun pleananna maidir le dramhaíl a chosc a ghlacadh. Beidh na bearta comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, dearfar iad ar bhealach a ndéanfar bacainní ar thrádáil nó saobhadh iomaíochta a sheachaint. Ní bheidh aistriú chuig ábhar pacáistíochta níos éadroime a úsáid chun an sprioc maidir le laghdú dramhaíola a chomhlíonadh mar thoradh ar na bearta sin.
6. Chun críoch mhír 5 den Airteagal seo agus gan dochar d’Airteagal 16(2) de Threoir (AE)2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (73), spreagfaidh na Ballstáit bialanna, ceaintíní, beáir, caiféanna agus seirbhísí lónadóireachta, i gcás ina mbeidh sé ar fáil, chun uisce buacaire saor in aisce a thabhairt dá gcustaiméirí nó táille seirbhíse íseal a ghearradh orthu, i bhformáid in-athúsáidte nó in-athlíonta.
7. Chun críoch mhír 4, féadfaidh na Ballstáit bearta maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a chosc a thabhairt isteach a théann thar na spriocanna íosta a leagtar amach i mír 1, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
8. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit faoi 31 Nollaig 2025 a iarraidh ar an gCoimisiún bonnbhliain eile seachas 2018 a úsáid chun na spriocanna a leagtar amach i mír 1 a ríomh. Má dhéanann Ballstát iarraidh den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh, gan dochar do mhíreanna 5 agus 7, féadfaidh an Coimisiún cead a thabhairt do na Ballstáit an bhonnbhliain eile sin a úsáid agus na spriocanna a leagtar amach i mír 1 á ríomh ar choinníoll go gcuirfidh an Ballstát fianaise chuí-réasúnaithe ar fáil ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
gur tháinig méadú suntasach ar dhramhaíl ó phacáistíocht le linn na bliana a iarann sé í a úsáid mar bhonnbhliain chun na spriocanna a leagtar amach i mír 1 a ríomh; |
|
(b) |
gurb iad athruithe ar na nósanna imeachta tuairiscithe, agus iad sin amháin, is cúis leis an méadú suntasach ar dhramhaíl ó phacáistíocht a léirítear faoi phointe (a); |
|
(c) |
nach méadú ar thomhaltas is cúis leis an méadú suntasach ar dhramhaíl ó phacáistíocht a léirítear faoi phointe (a); agus |
|
(d) |
gur fearr an inchomparáideacht sonraí a bheadh ann idir na Ballstáit. |
9. Faoin 12 Feabhra 2032, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna a leagtar síos i mír 1 agus measúnú ar an ngá atá le spriocanna sonracha i gcomhair ábhair phacáistíochta áirithe a áireamh. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí dar leis an gCoimisiún, togra reachtach.
Clár na dtáirgeoirí agus freagracht leathnaithe táirgeora
Airteagal 44
Clár na dtáirgeoirí
1. Déanfaidh gach Ballstát, laistigh de 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an chéad ghnímh chur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 14, clár náisiúnta a bhunú a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Chaibidil seo ag táirgeoirí.
Soláthrófar le gach clár náisiúnta naisc chuig suíomhanna gréasáin de chláir náisiúnta táirgeoirí eile chun gur fusa táirgeoirí nó ionadaithe údaraithe maidir le freagracht leathnaithe táirgeoirí a chlárú.
2. Beidh sé d’oibleagáid ar tháirgeoirí clárú sa chlár dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i ngach Ballstát ina gcuireann siad pacáistíocht nó táirgí pacáistithe ar fáil ar chríoch an Bhallstáit den chéad uair, nó ina ndíphacálann siad táirgí pacáistithe gan bheith ina n-úsáideoirí deiridh, trí iarratas ar chlárú a chur faoi bhráid an údaráis inniúil atá freagrach as clár gach ceann de na Ballstáit sin. I gcás ina mbeidh táirgeoir tar éis dul ar iontaoibh eagraíochta um fhreagracht táirgeoirí chun na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chur i gcrích thar a cheann de bhun Airteagal 46(1), comhlíonfaidh an eagraíocht sin na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo, mura sonraíonn an Ballstát ina mbunaítear an clár a mhalairt.
3. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora, triar bhonn sainordú i scríbhinn, na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh thar ceann na dtáirgeoirí.
4. Ní chuirfidh táirgeoirí pacáistíocht ná táirgí pacáistithe ar fáil ar chríoch Bhallstáit den chéad uair, ná ní dhéanfaidh siad táirgí pacáistithe a dhíphacáil gan bheith ina n-úsáideoirí deiridh, mura bhfuil siad, nó, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 45, mura bhfuil a n-ionadaithe atá údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora, cláraithe sa Bhallstát sin.
5. Áireofar leis an iarratas ar chlárú an fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn IX. Féadfaidh Ballstát a iarraidh ar tháirgeoirí tuilleadh faisnéise nó tuilleadh doiciméad a sholáthar má theastaíonn an fhaisnéis nó na doiciméid sin chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus na rialacha arna nglacadh ag an Ballstát sin de bhun Airteagal 40(2), agus chun a áirithiú go ndéanfar an comhlíonadh sin.
6. I gcás ina ndéanann ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora ionadaíocht thar ceann breis agus táirgeoir amháin, i dteannta na faisnéise atá le soláthar de bhun mhír 5, soláthróidh sé ainm agus sonraí teagmhála gach ceann de na táirgeoirí á ndéanann sí ionadaíocht, ar leithligh.
7. Déanfaidh an táirgeoir nó, i gcás inarb infheidhme, ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe tairgeora atá ag an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, mar a shonraítear sa dlí náisiúnta i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid B, pointe 1, d’Iarscríbhinn IX a chur faoi bhráid an údaráis inniúil atá freagrach as an gclár, faoin 1 Meitheamh le haghaidh gach bliana féilire iomláine roimhe sin.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaidh iniúchóirí neamhspleácha an fhaisnéis dá bhforáiltear de bhun na míre seo a iniúchadh agus a dheimhniú faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 40 (1), ar bhonn caighdeán náisiúnta, más ann dóibh.
8. I gcás ina bhfuil cainníocht pacáistíochta, lena n-áirítear pacáistíocht táirgí pacáistithe, is lú ná 10 dtona curtha ar fáil ag táirgeoir den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit le linn bliain féilire amháin, nó, i gcás ina ndearna táirgeoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15)(e) cainníocht pacáistíochta is lú ná 10 dtona a dhíphacáil i rith bliain féilire amháin, déanfaidh an táirgeoir nó, i gcás inarb iomchuí, ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe tairgeora atá ag an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, mar a shonraítear sa dlí náisiúnta i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, déanfaidh siad an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid B, pointe 2, d’Iarscríbhinn IX a chur faoi bhráid an údaráis inniúil atá freagrach as an gclár, faoin 1 Meitheamh, le haghaidh gach bliana féilire iomláine roimhe sin.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh Ballstát, le haghaidh bliain féilire shonrach, uastairseach a shocrú atá níos ísle ná an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír más rud é nach mbeadh sonraí cruinne leordhóthanacha ag an mBallstát murach sin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
na hoibleagáidí tuairiscithe faoi Airteagal 56(1) agus (2) a chomhlíonadh sa bhliain féilire sin; agus |
|
(b) |
a áirithiú go bhfuil an bunachar sonraí faoi Airteagal 57 iomlán agus na sonraí faoi Airteagal 56(2), pointe (a) a sholáthar. |
9. Más gá, ar chúiseanna buiséadacha, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a cheangal ar an táirgeoir an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid B, pointí 1 agus 2, d’Iarscríbhinn IX a chur faoi bhráid an údaráis inniúil atá freagrach as an gclár faoin Airteagal seo ar bhonn ráithiúil.
10. Déanfaidh táirgeoirí, i gcás ina mbeidh oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh ar bhonn aonair, nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ar cuireadh na hoibleagáidí ar iontaoibh uirthi i gcás ina mbeidh oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh ar bhonn comhchoiteann, nó déanfaidh na hoibreoirí córais athúsáide, i gcás ina bhfuil na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh ag na córais athúsáide, an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid B, pointe 3, d’Iarscríbhinn IX a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ar bhonn bliantúil le haghaidh gach bliana féilire roimhe sin.
Nuair atá údaráis phoiblí freagrach, faoin dlí náisiúnta, as bainistiú na dramhaíola ó phacáistíocht a eagrú, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéanfaidh na húdaráis sin an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid B, pointe 3, d’Iarscríbhinn IX a thíolacadh.
11. An t-údarás inniúil atá freagrach as an gclár:
|
(a) |
glacfaidh sé iarratais chun na táirgeoirí dá dtagraítear i mír 2 a chlárú trí chóras próiseála sonraí leictreonach a gcuirfear na sonraí díobh ar fáil ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil; |
|
(b) |
deonóidh sé clárúcháin agus soláthróidh sé uimhir chláraithe laistigh de 12 sheachtain ar a mhéad ón tráth a sholáthraítear an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi mhíreanna 5 agus 6; |
|
(c) |
féadfaidh sé módúlachtaí a leagan síos i leith cheanglais agus phróiseas an chlárúcháin gan ceanglais shubstainteacha a chur isteach sa bhreis ar na cinn a leagtar síos i míreanna 5 agus 6; |
|
(d) |
féadfaidh sé táillí a bheidh costasbhunaithe agus comhréireach a mhuirearú ar tháirgeoirí chun na hiarratais ar chlárú dá dtagraítear i mír 2 a phróiseáil; |
|
(e) |
gheobhaidh sé an fhaisnéis arna tíolacadh de bhun mhíreanna 7 agus 8 agus déanfaidh faireachán uirthi. |
12. Déanfaidh an táirgeoir, nó, i gcás inarb infheidhme, ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora atá ag an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, an t-údarás inniúil a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon athrú ar an bhfaisnéis sa chlárúchán agus maidir le haon scor buan i ndáil leis an bpacáistíocht nó an táirge pacáistithe, dá dtagraítear sa chlárúchán, a chur ar fáil den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit. Déanfar táirgeoir a bhaint ón gclár 3 bliana ó dheireadh na bliana féilire a thiocfaidh deireadh le clárú an táirgeora murab ann don táirgeoir a thuilleadh mar tháirgeoir.
13. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca ar liosta na dtáirgeoirí cláraithe, go mbeidh sé ar fáil go poiblí agus saor in aisce, gan dochar do chaomhnú rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta. Beidh liosta na dtáirgeoirí cláraithe inléite, insórtáilte agus inchuardaithe ag meaisín, agus urramófar leis caighdeáin oscailte don úsáid ag tríú páirtithe.
14. Glacfaidh an Coimisiún, faoin 12 Feabhra 2026, gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid chun clárú, agus maidir le tuarascáil a dhéanamh, sa chlár agus lena sonraítear gráinneacht na sonraí le tuairisciú agus na cineálacha pacáistíochta agus catagóirí na n-ábhar atá le soláthar leis an bhfaisnéis arna tíolacadh.
An fhormáid chun faisnéis a thíolacadh den bhun an Airteagail seo idir-inoibritheach, beidh sí bunaithe ar chaighdeáin oscailte agus ar shonraí meaisín-inléite, agus beidh sí inaistrithe trí líonra malartaithe sonraí idir-inoibritheach gan gaibhniú díoltóirí.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
Airteagal 45
Freagracht leathnaithe táirgeora
1. Beidh freagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí as an bpacáistíocht, lena n’áiritear pacáistíocht táirgí pacáistithe, a chuireann siad ar fáil den chéad uair ar chríoch Bhallstáit, faoi na scéimeanna a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 8a de Threoir 2008/98/CE agus leis an Roinn seo, nó a dhéanann siad a dhíphacáil gan bheith ina n-úsáideoirí deiridh.
2. I dteannta na gcostas dá dtagraítear in Airteagal 8a(4), pointe (a), de Threoir 2008/98/CE, cumhdófar leis na ranníocaíochtaí airgeadais a íocfaidh an táirgeoir na costais seo a leanas:
|
(a) |
na costais a bhaineann le gabhdáin dramhaíola a lipéadú chun dramhaíl ó phacáistíocht mar a thagraítear di in Airteagal 13 den Rialachán seo a bhailiú; agus |
|
(b) |
na costais a bhaineann le suirbhéanna comhdhéanaimh a dhéanamh ar dhramhaíl mheasctha chathrach arna bailiú faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/595 (74) ón gCoimisiún agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh de bhun Airteagal 56(7), pointe (a) den Rialachán seo i gcás ina bhforáiltear leis na gníomhartha cur chun feidhme sin d’oibleagáid suirbhéanna mar sin a dhéanamh. |
Bunófar na costais a bheidh le cumhdach ar bhealach trédhearcach comhréireach neamh-idirdhealaitheach agus éifeachtúil.
3. Ceapfaidh táirgeoir dá dtagraítear in airteagal 3(1), pointe (15)(c) agus (d), trí shainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora i ngach Ballstát ina gcuireann táirgeoir pacáistíocht nó táirgí pacáistithe ar fáil den chéad uair, seachas sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe,. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gceapfaidh táirgeoirí atá bunaithe i dtríú tíortha, trí shainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora agus pacáistíocht nó táirgí pacáistithe á gcur ar fáil ar a gcríoch den chéad uair.
4. Chun Airteagal 30(1), pointí (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh, gheobhaidh soláthraithe ardán ar líne, a thagann faoi raon feidhme Roinn 4 de Chaibidil III den Rialachán sin agus a cheadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le táirgeoirí, an fhaisnéis seo a leanas ó tháirgeoirí a thairgeann pacáistíocht nó táirgí pacáistithe do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas sula gceadóidh siad do na táirgeoirí sin a gcuid seirbhísí a úsáid:
|
(a) |
faisnéis maidir le clárú na dtáirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 44 den Rialachán seo sa Bhallstát ina bhfuil an tomhaltóir agus cláruimhreacha na dtáirgeoirí atá sa chlár sin; |
|
(b) |
féindeimhniú ón táirgeoir lena ndearbhaítear nach dtairgeann sé ach pacáistíocht a chomhlíonann na ceanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo sa Bhallstát ina bhfuil an tomhaltóir suite. |
I gcás ina ndíolann táirgeoir a tháirgí trí mhargadh ar líne, féadfaidh soláthraí an ardáin ar líne, triar bhonn sainordú i scríbhinn, na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh, thar ceann táirgeoirí arna gceapadh.
5. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm maidir le fíorú na faisnéise dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) agus (b) ag réiteach uathoibríoch sonraí leis an gclár náisiúnta i gcás ina ndhéanfar foráil dó sin sa Bhallstát sin.
6. Tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil agus sula gceadaítear do tháirgeoirí a sheirbhísí a úsáid, déanfaidh soláthraí an ardáin ar líne a dhícheall a mheas an iomlán iontaofa an fhaisnéis a fhaightear.
7. Táirgeoirí a thairgeann pacáistíocht nó táirgí pacáistithe do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas, soláthróidh siad do sholáthraithe seirbhíse comhlíonta an fhaisnéis dá dtagraítear in i mír 4, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, tráth a thugtar an conradh i gcrích idir an soláthraí seirbhíse comhlíonta agus an táirgeoir le haghaidh aon cheann de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2019/1020.
8. Ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fháil agus tráth a thugtar an conradh i gcrích idir an soláthraí seirbhíse comhlíonta agus an táirgeoir maidir le haon cheann de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2019/1020, déanfaidh an soláthraí seirbhíse comhlíonta, trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air nó comhéadan ar líne a chuireann Ballstát nó an tAontas ar fáil nó trí bhíthin an liosta clárúcháin atá ar fáil go poiblí faoi Airteagal 44(13) den Rialachán seo nó iarrataí ar an táirgeoir doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar, a sheandícheall a mheas an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo iontaofa agus iomlán. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh táirgeoirí freagrach as cruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil.
I gcás ina bhfaighidh an soláthraí seirbhíse comhlíonta tásca leordhóthanacha nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint go bhfuil aon mhír faisnéise dá dtagraítear i mír 7 a fuarthas ón táirgeoir lena mbaineann míchruinn, neamhiomlán nó gan bheith cothrom le dáta, iarrfaidh an soláthraí seirbhíse comhlíonta sin go leigheasfadh an táirgeoir an staid sin gan mhoill nó laistigh den tréimhse arna socrú le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, de réir mar is infheidhme.
I gcás ina mainníonn an táirgeoir an fhaisnéis sin a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh soláthraí seirbhíse comhlíonta soláthar a sheirbhíse don táirgeoir sin ar fionraí go pras i ndáil leis an bpacáistíocht nó leis na táirgí pacáistithe a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán an iarraidh sin. Cuirfidh an soláthraí seirbhíse comhlíonta na cúiseanna leis an bhfionraí ar fáil don táirgeoir.
9. Gan dochar d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (75), i gcás ina gcuireann soláthraí seirbhíse comhlíonta soláthar a sheirbhíse ar fionraí de bhun mhír 8 den Airteagal seo, beidh sé de cheart ag an táirgeoir lena mbaineann agóid a dhéanamh i gcoinne chinneadh an tsoláthraí seirbhíse comhlíonta os comhair cúirte i mBallstát ina bhfuil an soláthraí seirbhíse comhlíonta bunaithe.
Airteagal 46
Eagraíocht um fhreagracht táirgeora
1. Féadfaidh táirgeoirí a chur ar iontaoibh eagraíochta um fhreagracht táirgeora arna húdarú i gcomhréir le hAirteagal 47 na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh thar a gceann. Féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun go mbeidh sé sainordaitheach na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chur ar iontaoibh eagraíochta um fhreagracht táirgeoirí.
2. Más rud é, ar chríoch Bhallstáit, go bhfuil eagraíocht amháin nó an iliomad eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí údaraithe chun oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh thar ceann táirgeoirí, áiritheoidh an Ballstát go gcumhdóidh an eagraíocht nó na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeora agus na táirgeoirí nár chuir na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora ar iontaoibh eagraíochta um fhreagracht táirgeora, agus iad á nglacadh le chéile, críoch iomlán an Bhallstáit a mhéid a bhaineann leis na gníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 47(3) agus Airteagal 48 agus 50. Ceapfaidh na Ballstáit tríú páirtí neamhspleách chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur i gcrích na n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora ag na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeora ar bhealach comhordaithe nó cuirfidh siad an fhormhaoirseacht sin ar iontaoibh an údaráis inniúil.
3. Áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí rúndacht na sonraí ina seilbh a mhéid a bhaineann le faisnéis dílseánaigh nó faisnéis is inchurtha go díreach i leith táirgeoirí aonair nó a n-ionadaithe údaraithe.
4. Le cois na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8a(3), pointe (e) de Threoir 2008/98/CE, foilseoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an fhaisnéis seo a leanas ar a láithreáin gréasáin uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, faisnéis faoin méid pacáistíochta, lena n-áirítear pacáistíocht táirgí pacáistithe, atá curtha ar fáil den chéad uair ar mhargadh Ballstáit, nó a dhéanann táirgeoirí a dhíphacáil gan bheith ina n-úsáideoirí deiridh, agus faisnéis maidir le líon na n-ábhar athchúrsáilte agus athshlánaithe i ndáil le méid na pacáistíochta a raibh oibleagáidí faoin bhfreagracht táirgeora á gcur i gcrích acu.
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, go bhfoilseoidh na húdaráis phoiblí atá freagrach as bainistiú na dramhaíola ó phacáistíocht a eagrú, ar a suíomhanna gréasáin, uair amháin sa bhliain ar a laghad, faisnéis faoi leibhéil na n-ábhar a aisghabhadh agus a athchúrsáladh i ndáil leis an méid dramhaíola ó phacáistíocht a gineadh ar a gcríoch.
5. Áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí go gcuirfear cóir chomhionann ar tháirgeoirí beag beann ar a dtionscnamh nó ar a méid, gan ualach díréireach a chur ar tháirgeoirí cainníochtaí beaga pacáistíochta, lena n-áirítear pacáistíocht táirgí pacáistithe, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide.
Airteagal 47
Comhlíonadh na freagrachta leathnaithe táirgeora a údarú
1. Déanfaidh an táirgeoir, i gcás oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a bheith á gcomhlíonadh ar bhonn aonair nó, i gcás oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a bheith á gcomhlíonadh ar bhonn comhchoiteann, an eagraíocht um fhreagracht táirgeora a bhfuil sé curtha ar a hiontaoibh na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, iarratas ar údarú ón údarás inniúil maidir le freagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh.
2. Nuair a ghlactar bearta lena leagtar síos na rialacha riaracháin agus nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 40(2), bunóidh na Ballstáit ceanglais agus mionsonraí an nós imeachta um údarú. D’fhéadfadh na ceanglais agus mionsonraí sin a bheith éagsúil maidir le hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh ar bhonn aonair nó ar bhonn comhchoiteann. Bunóidh na Ballstáit freisin na módúlachtaí chun comhlíonadh a fhíorú, lena n-áirítear an fhaisnéis atá le soláthar ag táirgeoirí nó ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeora chun na críche sin. Áireofar leis an nós imeachta údarúcháin ceanglais maidir le fíorú na socruithe a chuirfear i bhfeidhm chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo a áirithiú, mar aon le frámaí ama don fhíorú sin, ar tréimhsí iad nach mbeidh níos faide ná 18 seachtaine ón dáta a chuirfear isteach sainchomhad iarratais iomlán. Féadfaidh údarás inniúil nó saineolaí neamhspleách an fíorú sin a dhéanamh agus eiseoidh siad tuarascáil fíorúcháin ar thoradh an fhíoraithe. Beidh an saineolaí neamhspleách sin neamhspleách ón údarás inniúil agus ón eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí nó na táirgeoirí údaraithe ar bhonn aonair.
3. Aireofar leis na bearta, atá le bunú ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 2, bearta lena n-áiritheofar an méid seo a leanas:
|
(a) |
go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8a(3), pointí (a) go (d), de Threoir 2008/98/CE á gcomhlíonadh; |
|
(b) |
gur leordhóthanach na bearta arna gcur i bhfeidhm nó arna n-íoc ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí chun go bhféadfar gach dramhaíl ó phacáistíocht a aischur agus an dramhaíl sin a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 48(1) agus (5) agus Airteagal 50, saor in aisce do thomhaltóirí, le minicíocht atá comhréireach don limistéar agus don mhéid dramhaíola ó phacáistíocht a chumhdaítear, i ndáil le méid agus cineálacha na pacáistíochta, lena n-áirítear pacáistíocht táirgí pacáistithe, arna gcur ar fáil ar chríoch Ballstáit den chéad uair ag an táirgeoir sin nó ag na táirgeoirí sin a ngníomhaíonn an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí thar a gceann, nó pacáistíocht arna díphacáil ag táirgeoir nó ag táirgeoirí den sórt sin gan bheith ina n-úsáideoirí deiridh; |
|
(c) |
chuige sin tá na socruithe riachtanacha, lena n-áirítear na réamh-shocruithe, i bhfeidhm leis na dáileoirí, le húdaráis phoiblí nó le tríú páirtithe a dhéanann bainistiú dramhaíola thar a gceann; |
|
(d) |
tá an inniúlacht is gá maidir le sórtáil agus athchúrsáil ar fáil a áirithíonn go bhfuil an dramhaíl ó phacáistíocht a bhailítear faoi réir réamh-chóireála agus athchúrsáil ardcháilíochta ina dhiaidh sin; |
|
(e) |
tá an ceanglas a leagtar síos i mír 6 den Airteagal seo á chomhlíonadh. |
4. Tabharfaidh an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí fógra don údarás inniúil gan moill mhíchuí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis san iarratas ar údarú, faoi aon athruithe a bhaineann le téarmaí an údaraithe nó faoi scor buan d’oibríochtaí. Ar cuid de na hathruithe nó na n-athruithe sin go léir ar tugadh fógra fúthu, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh an t-údarú a leasú.
5. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh an t-údarú ábhartha a chúlghairm go háirithe mura gcomhlíonann an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a thuilleadh na ceanglais ar chóireáil dramhaíola ó phacáistíocht a eagrú nó má mhainníonn sé oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora eile a chomhlíonadh faoi na scéimeanna a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 8a de Threoir 2008/98/CE agus leis an Roinn seo, amhail tuairisciú don údarás inniúil nó i ndáil le fógra a thabhairt faoi aon athruithe a bhaineann le téarmaí an údaraithe, nó má scoir sé nó sí de bheith i mbun oibríochta.
6. Déanfaidh an táirgeoir, i gcás oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a bheith á gcomhlíonadh ar bhonn aonair, nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a gcuirtear an cúram orthu na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, i gcás oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a bheith á gcomhlíonadh ar bhonn comhchoiteann, ráthaíocht leordhóthanach a chur ar fáil lena mbeartaítear na costais a chumhdach a bhaineann le hoibríochtaí bainistithe dramhaíola atá dlite don táirgeoir, nó don eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, i gcás neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora, lena n-áirítear i gcás ina scoirtear go buan dá oibríochtaí nó i gcás dócmhainneachta. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais bhreise a shonrú maidir leis an ráthaíocht sin. Féadfaidh an ráthaíocht sin a bheith i bhfoirm ciste phoiblí arna mhaoiniú le táillí táirgeoirí agus a bhfuil Ballstát faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach ina leith.
Aischur, bailiú, córais agus aisíoctha éarlaise
Airteagal 48
Córais aischuir agus bhailiúcháin
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar córais agus bonneagair chun foráil a dhéanamh d’aischur agus bailiúchán ar leithligh gach dramhaíola ó phacáistíocht ó na húsáideoirí deiridh chun a áirithiú go ndéanfar cóireáil uirthi i gcomhréir le hAirteagail 4, 10 agus 13 de Threoir 2008/98/CE, agus chun ullmhú na dramhaíola i gcomhair athúsáid agus athchúrsáil ardcháilíochta a éascú.
Pacáistíocht a chomhlíonann na critéir ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’ arna mbunú i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 6(4) den Rialachán seo, déanfar í a bhailiú lena hathchúrsáil. Beidh toirmeasc ar loscadh agus líonadh talún i ndáil le pacáistíocht den sórt sin, cé is moite de dhramhaíl a bheidh mar thoradh ar oibríochtaí cóireála iardain ar dhramhaíl ó phacáistíocht a bailíodh ar leithligh nach bhfuil athchúrsáil indéanta ina leith nó nach dtugann an athchúrsáil an toradh is fearr ó thaobh an chomhshaoil de.
2. Chun athchúrsáil ardcháilíochta a éascú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh córais agus bonneagair i bhfeidhm le haghaidh bailiú agus sórtáil chuimsitheach chun an athchúrsáil a éascú agus chun a áirithiú go mbeidh bunábhar athchúrsála ar fáil. Féadfaidh córais agus bonneagair den sórt sin rochtain tosaíochta a thabhairt ar ábhair athchúrsáilte lena n-úsáid i bhfeidhmeanna ina gcaomhnófar nó ina n-aisghabhfar saincháilíocht an ábhair athchúrsáilte ionas gur féidir é a athchúrsáil a thuilleadh agus é a úsáid ar an mbealach céanna agus le haghaidh feidhm ghaolmhar, gan ach méid an-bheag cainníochta, cáilíochta nó feidhme a chailleadh.
3. Féadfaidh na Ballstáit maolú ar an oibleagáid aischuir agus bailithe dramhaíola ar leithligh i mír 1 den Airteagal seo le haghaidh foirmeacha áirithe dramhaíola ar choinníoll nach ndéanann bailiú codán dramhaíola ó phacáistíocht i dteannta a chéile, nó bailiú dramhaíola ón bpacáistíocht sin nó codán dramhaíola ón bpacáistíocht den sórt sin in éineacht le dramhaíl eile difear d’acmhainneacht na pacáistíochta sin nó na gcodán dramhaíola ó phacáistíocht sin dul faoi ullmhú i gcomhair athúsáide, athchúrsála nó oibríochtaí aisghabhála eile i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 13 de Threoir 2008/98/CE agus go ngintear aschur ó na hoibríochtaí sin a bheidh ar cháilíocht a bheidh inchurtha leis an aschur a fhaightear trí bhailiú ar leithligh.
4. Féadfaidh na Ballstáit a áirithiú maidir le dramhaíl ó phacáistíocht nach ndéantar bailiúcháin ar leithligh uirthi, go ndéanfar í a shórtáil roimh dhiúscairt nó roimh oibríochtaí aisghabhála fuinnimh chun pacáistíocht a dearadh don athchúrsáil a bhaint.
5. Maidir leis na córais agus bonneagair dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
beidh siad oscailte do rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha na n-earnálacha lena mbaineann, na n-údarás poiblí inniúil agus na dtríú páirtithe a dhéanann bainistiú dramhaíola thar a gceann; |
|
(b) |
cumhdófar leo críoch iomlán an Bhallstáit agus gach dramhaíl ó phacáistíocht ó gach cineál pacáistíochta agus gníomhaíochta, agus cuirfear san áireamh iontu méid an daonra, méid agus comhdhéanamh ionchasach na dramhaíola ó phacáistíocht, chomh maith le hinrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh; áireofar leo an bailiúchán ar leithligh i spásanna poiblí, in áitribh ghnó agus i limistéir chónaitheacha, agus beidh acmhainneacht leordhóthanach iontu; |
|
(c) |
beidh siad oscailte do tháirgí a dhéanfar a allmhairiú faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, go háirithe, maidir leis na socruithe mionsonraithe agus aon taraifí a dhéanfar a fhorchur chun rochtain a fháil, agus déanfar iad a dhearadh ionas go ndéanfar bacainní ar thrádáil nó saobhadh iomaíochta a sheachaint. |
6. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do chóras bainistithe dramhaíola poiblí bheith rannpháirteach in eagrú na gcóras dá dtagraítear i mír 1.
7. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun athchúrsáil dramhaíola ó phacáistíocht a chur chun cinn lena gcomhlíontar na caighdeáin cháilíochta maidir le húsáid ábhar athchúrsáilte in earnálacha ábhartha.
Airteagal 49
Bailiú éigeantach
Faoin 1 Eanáir 2029, socróidh na Ballstáit cuspóirí bailithe éigeantaigh agus déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh bailiú na n-ábhar a liostaítear in Airteagal 52 comhsheasmhach leis na spriocanna athchúrsála a leagtar amach san Airteagal sin agus leis na spriocanna éigeantacha maidir le cion an ábhair athchúrsáilte a leagtar amach in Airteagal 7.
Airteagal 50
Córais aisíoctha éarlaise
1. Faoin 1 Eanáir 2029, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar bailiúchán ar leithligh ar 90 % ar a laghad in aghaidh na bliana de réir meáchain de na formáidí pacáistíochta seo a leanas a chuirtear ar fáil ar an margadh den chéad uair sa Bhallstát sin i mbliain féilire ar leith:
|
(a) |
buidéil deochanna aon úsáide de thoilleadh suas le trí lítear; agus |
|
(b) |
coimeádáin deochanna miotail aon úsáide de thoilleadh suas le trí lítear. |
Féadfaidh na Ballstáit an cainníocht dramhaíola ó phacáistíocht a ghintear ó phacáistíocht a chuirtear ar an margadh a úsáid chun na spriocanna a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, a ríomh i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 56(7), pointe (a).
2. Chun na spriocanna a leagtar amach mír 1 a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbunófar córais aisíoctha éarlaise le haghaidh na bhformáidí pacáistíochta ábhartha dá dtagraítear i mír 1 agus go ndéanfar éarlais a mhuirearú ag an díolphointe.
3. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit oibreoirí eacnamaíocha in earnáil HORECA a dhíolmhú ó éarlais a mhuirearú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
osclaítear an phacáistíocht lena ngabhann éarlais san áitreabh; |
|
(b) |
ídítear an táirge san áitreabh; agus |
|
(c) |
tabharfar ar ais ag an áitreabh an phacáistíocht fholamh lena ngabhann éarlais. |
4. Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis an bpacáistíocht le haghaidh na nithe seo a leanas:
|
(a) |
catagóirí na dtáirgí fíniúna a liostaítear i bpointí 1, 3, 8, 9, 11, 12, 15, 16 agus 17, Cuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó do tháirgí fíona cumhraithe mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 251/2014; |
|
(b) |
táirgí atá comhchosúil le táirgí fíona agus táirgí fíona cumhraithe a fhaightear ó thorthaí eile seachas fíonchaora agus ó ghlasraí, agus deochanna coipthe eile a thagann faoi chód AC 2206 00; |
|
(c) |
deochanna biotáilleacha alcólbhunaithe a chomhfhreagraíonn do cheannteideal AC 2208; |
|
(d) |
bainne agus táirgí bainne a liostaítear i gCuid XVI d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 1308/2013. |
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit buidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide agus coimeádáin deochanna miotail aon úsáide ag a bhfuil toilleadh níos ísle ná 0,1 lítear a dhíolmhú ó rannpháirtíocht sna córais aisíoctha éarlaise, i gcás nach bhfuil an rannpháirtíocht sin indéanta go teicniúil.
5. De mhaolú ar mhír 2, féadfar na Ballstáit a dhíolmhú ón oibleagáid faoi mhír 2, an chéad fhomhír, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
is é ráta bailiúcháin ar leithligh na formáide pacáistíochta ábhartha, mar a éilítear in Airteagal 48 agus mar a chuirtear faoi bhráid gChoimisiúin faoi Airteagal 56(1) pointe (c), 80 % nó níos mó de réir mheáchan na pacáistíochta sin a chuirtear ar fáil den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit sin i mbliain féilire 2026; agus |
|
(b) |
faoin 1 Eanáir 2028, tugann an Ballstát fógra don Choimisiún faoina iarraidh ar dhíolúine agus cuireann sé isteach plean cur chun feidhme ina léirítear straitéis lena ngabhann bearta coincréiteacha lena n-áirítear an amlíne a bhaineann leo lena ndéantar a áirithiú go mbainfear amach an ráta bailiúcháin ar leithligh de 90 % de mheáchan na pacáistíochta dá dtagraítear i mír 1. |
Chun críocha phointe (a), i gcás nár cuireadh an fhaisnéis maidir le ráta bailithe ar leithligh na formáide pacáistíochta ábhartha faoi bhráid an Choimisiúin go fóill, soláthróidh an Ballstát míniú réasúnaithe faoin gcaoi a gcomhlíontar ar shlí eile na coinníollacha maidir leis an díolúine a leagtar amach sa mhír seo. Beidh an míniú réasúnaithe bunaithe ar shonraí náisiúnta bailíochtaithe agus áireofar ann tuairisc ar na bearta arna gcur chun feidhme.
6. Laistigh de 3 mhí tar éis dó an plean cur chun feidhme a fháil arna thíolacadh de bhun mhír 3, pointe (b), féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an mBallstát athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean sin má mheasann sé nach gcomhlíonann an plean cur chun feidhme sin na ceanglais a leagtar amach i mír 3, pointe (b). Déanfaidh an Ballstát plean athbhreithnithe cur chun feidhme a thíolacadh laistigh de 3 mhí tar éis dó an iarraidh ón gCoimisiún a fháil.
7. Má laghdaítear an ráta bailiúcháin ar leithligh le haghaidh na pacáistíochta dá dtagraítear i mír 1 i mBallstát agus má fhanann sé faoi bhun 90 % de mheáchan formáide pacáistíochta áirithe arna cur ar an margadh go ceann 3 bliana féilire as a chéile, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát sin nach bhfuil feidhm ag an díolúine a thuilleadh. Bunófar córas aisíoctha éarlaise faoin 1 Eanáir sa dara bliain féilire tar éis na bliana inar thug an Coimisiún fógra don Bhallstát lena mbaineann nach bhfuil feidhm ag an díolúine a thuilleadh.
8. Féachfaidh na Ballstáit le córais aisíoctha éarlaise a bhunú agus a chothabháil go háirithe le haghaidh buidéil deochanna gloine aon úsáide, agus cartáin deochanna. Féachfaidh na Ballstáit le háirithiú go mbeidh córais aisíoctha éarlaise le haghaidh formáidí pacáistíochta aon úsáide, go háirithe le haghaidh buidéil deochanna gloine aon úsáide, ar fáil freisin le haghaidh pacáistíocht in-athúsáidte i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch.
9. Féadfaidh Ballstát, agus na rialacha ginearálta a leagtar síos in CFAE á gcomhlíonadh aige agus an Rialachán seo chomhlíonadh aige, forálacha a ghlacadh a théann thar na híoscheanglais a leagtar amach san Airteagal seo amhail an fhéidearthacht pacáistíocht a liostaítear i mír 4, agus pacáistíocht le haghaidh táirgí eile nó atá déanta as ábhar eile a áireamh.
10. Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na hionaid fillte agus deiseanna le haghaidh pacáistíocht in-athúsáidte lena ngabhann cuspóir agus formáid cosúil leo siúd arna mbunú faoi mhír 1, go mbeidh siad chomh háisiúil céanna freisin d’úsáideoirí deiridh agus atá deiseanna pacáistíochta aon úsáide a thabhairt ar ais chuig córas aisíoctha éarlaise.
11. Faoin 1 Eanáir 2029, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis na scéimeanna aisíoctha éarlaise arna mbunú faoi mhír 2 den Airteagal seo ar a laghad, i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, na híoscheanglais a liostaítear in Iarscríbhinn X.
Ní bheidh feidhm ag na híoscheanglais a liostaítear in Iarscríbhinn X maidir le scéimeanna aisíoctha éarlaise a bunaíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus lena mbaintear amach an sprioc 90 % a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo faoin 1 Eanáir 2029. Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go gcomhlíonfar leis na córais aisíoctha éarlaise aon úsáide atá ann cheana na híoscheanglais in Iarscríbhinn X nuair a dhéanfar athbhreithniú orthu den chéad uair. Mura mbainfear amach an sprioc 90 % faoin 1 Eanáir 2029, comhlíonfar leis na córais aisíoctha éarlaise aon úsáide atá ann cheana na híoscheanglais in Iarscríbhinn X faoin 1 Eanáir 2035 ar a dhéanaí.
Faoin 1 Eanáir 2038, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, measúnú ar chur chun feidhme an Airteagail seo agus sainaithneoidh sé conas idir-inoibritheacht na gcóras aisíoctha éarlaise a uasmhéadú.
12. Ní bheidh feidhm ag na híoscheanglais a liostaítear in Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo sna réigiúin is forimeallaí mar a aithnítear iad in Airteagal 349, an tríú fomhír de CFAE, agus a sainiúlachtaí áitiúla á gcur san áireamh.
Athúsáid agus athlíonadh
Airteagal 51
Athúsáid agus athlíonadh
1. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun bunú córas athúsáide pacáistíochta le dreasachtaí leordhóthanacha le haghaidh aischuir agus bunú córas athlíonta a spreagadh ar bhealach nach ndéanann dochar don chomhshaol. Comhlíonfaidh na córais sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 27 agus 28 agus Iarscríbhinn VI agus ní chuirfidh siad isteach ar shláinteachas bia ná ar shábháilteacht tomhaltóirí.
2. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh i measc na mbeart dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
úsáid córas aisíoctha éarlaise a chomhlíonann na híoscheanglais in Iarscríbhinn X le haghaidh pacáistíocht in-athúsáidte agus le haghaidh formáidí pacáistíochta seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 50(1); |
|
(b) |
úsáid dreasachtaí eacnamaíocha, lena n-áirítear oibleagáidí ar dháileoirí críochnaitheacha, úsáid pacáistíochta aon úsáide a mhuirearú agus úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas faoi chostas na pacáistíochta sin ag an bpointe díola; |
|
(c) |
oibleagáidí ar mhonaróirí nó dáileoirí críochnaitheacha céatadán áirithe de tháirgí, seachas iad siúd a chumhdaítear leis na spriocanna athúsáide a leagtar síos in Airteagal 29, a chur ar fáil i bpacáistíocht in-athúsáidte laistigh de chóras athúsáide nó trí hathlíonadh ar choinníoll nach leanfaidh as sin saobhadh ar an margadh inmheánach ná bacainní trádála le haghaidh táirgí ó Bhallstáit eile. |
3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora agus scéimeanna aisíoctha éarlaise sciar íosta dá mbuiséid ar fáil chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí um laghdú agus um chosc.
Spriocanna athchúrsála agus athchúrsáil a chur chun cinn
Airteagal 52
Spriocanna athchúrsála agus athchúrsáil a chur chun cinn
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun na spriocanna athchúrsála seo a leanas a chomhlíonadh lena gcumhdaítear a gcríoch iomlán:
|
(a) |
faoin 31 Nollaig 2025, íosmhéid 65 % de réir mheáchan gach dramhaíola ó phacáistíocht a ghintear; |
|
(b) |
faoin 31 Nollaig 2025, na híoschéatadáin seo a leanas de réir meáchain de na hábhair shonracha seo a leanas i ndramhaíl ó phacáistíocht a ghintear:
|
|
(c) |
faoin 31 Nollaig 2030, íosmhéid 70 % de réir mheáchan gach dramhaíola ó phacáistíocht a ghintear; |
|
(d) |
faoin 31 Nollaig 2030, na híoschéatadáin seo a leanas de réir meáchain de na hábhair shonracha seo a leanas i ndramhaíl ó phacáistíocht a ghintear:
|
2. Gan dochar do mhír 1, pointí (a) agus (c), féadfaidh Ballstát na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 1, pointí (b) agus (d), a chur siar suas le 5 bliana, faoi na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
níl an maolú ar na spriocanna sa tréimhse churtha siar teoranta do 15 phointe céatadáin ar a mhéad ó sprioc shingil nó arna roinnt idir dhá sprioc; |
|
(b) |
mar thoradh ar an maolú ar na spriocanna sa tréimhse churtha siar, ní laghdaítear an ráta athchúrsála maidir le sprioc shingil faoi bhun 30 %; |
|
(c) |
mar thoradh ar an maolú ar na spriocanna sa tréimhse churtha siar, ní laghdaítear an ráta athchúrsála maidir le sprioc shingil a leagtar amach i mír 1, pointí (b)(v) agus (vi) faoi bhun 60 %, agus ní laghdaítear an ráta athchúrsála maidir le sprioc shingil a leagtar amach i mír 1, pointí (d)(v) agus (vi) faoi bhun 70 %; agus |
|
(d) |
24 mhí ar a dhéanaí roimh an spriocdháta faoi seach a leagtar síos i mír 1, pointí (b) agus (d), den Airteagal seo, tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún go bhfuil sé beartaithe aige an spriocdháta a chur siar agus déanfaidh sé plean cur chun feidhme a thíolacadh don Choimisiún i gcomhréir le hIarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán seo, a fhéadfar a chomhcheangal le plean cur chun feidhme arna chur isteach de bhun Airteagal 11(3), pointe (b) de Threoir 2008/98/CE. |
3. I gcás ina n-iarrann Ballstát an spriocdháta a leagtar síos i mír 1, pointe (d), den Airteagal seo a chur siar, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 3 mhí tar éis dó an plean cur chun feidhme arna thíolacadh de bhun mhír 2, pointe (d), den Airteagal seo a fháil, a iarraidh ar an mBallstát athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean má mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann an plean na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XI. Déanfaidh an Ballstát plean cur chun feidhme athbhreithnithe a thíolacadh laistigh de 3 mhí tar éis dó an iarraidh ón gCoimisiún a fháil. Má mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann an plean cur chun feidhme athbhreithnithe fós na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XI, agus nach dócha go mbeidh an Ballstát in ann na spriocanna a bhaint amach laistigh den tréimhse churtha siar de bhun mhír 2 den Airteagal seo, diúltóidh an Coimisiún don phlean cur chun feidhme agus beidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit na spriocanna a chomhlíonadh laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos i mír 1, pointí (d), den Airteagal seo.
4. Faoin 12 Feabhra 2032, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna a leagtar síos i mír 1, pointí (c) agus (d), d’fhonn iad a mhéadú nó spriocanna breise a leagan amach. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí dar leis an gCoimisiún, togra reachtach.
5. I gcás inarb iomchuí, spreagfaidh na Ballstáit úsáid ábhar a fhaightear ó dhramhaíl athchúrsáilte ó phacáistíocht chun pacáistíocht agus táirgí eile a mhonarú tríd an méid seo a leanas:
|
(a) |
dálaí an mhargaidh a fheabhsú le haghaidh na n-ábhar sin; |
|
(b) |
athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha reatha lena gcoisctear úsáid na n-ábhar sin. |
6. Fad a chloíonn Ballstát leis na rialacha ginearálta a leagtar síos in CFAE agus é ag comhlíonadh an Rialacháin seo, féadfaidh sé forálacha a théann níos faide ná na spriocanna íosta a leagtar amach san Airteagal seo a ghlacadh.
Airteagal 53
Rialacha maidir le baint amach na spriocanna athchúrsála a ríomh
1. Déanfar an ríomh chun a chinneadh ar baineadh amach na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 52(1) i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos san Airteagal seo.
2. Déanfaidh na Ballstáit meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá ginte i mbliain féilire ar leith a ríomh. Déanfar ríomh uileghabhálach ar an dramhaíl ó phacáistíocht i mBallstát.
Beidh an mhodheolaíocht chun an dramhaíl ó phacáistíocht a ghintear a ríomh bunaithe ar na cuir chuige seo a leanas:
|
(a) |
an phacáistíocht a chuirtear ar fáil ar an margadh i gcríoch Ballstáit, nó a dhéanann táirgeoir a dhíphacáil gan bheith ina úsáideoir deiridh, an bhliain shonrach sin; nó |
|
(b) |
an méid dramhaíola ó phacáistíocht a ghintear an bhliain chéanna sa Bhallstát sin. |
Déanfar ríomhanna arna ndéanamh faoin mír seo a choigeartú chun inchomparáideacht, iontaofacht agus uileghabhálacht na dtorthaí a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais agus na fíoruithe atá le bunú leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 56(7), pointe (a).
3. Déanfaidh na Ballstáit meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá ginte agus athchúrsáilte i mbliain féilire ar leith a ríomh. Déanfar meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá athchúrsáilte a ríomh mar mheáchan na pacáistíochta a tháinig chun bheith ina dramhaíl agus, tar éis í a chur faoin tseiceáil, faoin tsórtáil agus faoi na réamhoibríochtaí eile a bhfuil gá leo chun ábhair dhramhaíola nach ndírítear orthu leis an athphróiseáil iartheachtach a bhaint aisti agus chun athchúrsáil ardcháilíochta a áirithiú, go dtéann sí isteach san oibríocht athchúrsála ar dá réir a dhéantar ábhair dhramhaíola a athphróiseáil go hiarbhír ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí.
4. Maidir le pacáistíocht ilchodach agus pacáistíocht eile atá comhdhéanta as níos mó ná ábhar amháin déanfar ríomh agus tuairisciú in aghaidh an ábhair atá sa phacáistíocht. Féadfaidh Ballstáit maolú ar an gceanglas sin i gcás ina bhfuil ábhar áirithe ina chuid neamhshuntasach den aonad pacáistíochta, agus nach mó ná 5 % den aonad pacáistíochta é in aon chás.
5. Chun críocha mhír 3, déanfar meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá athchúrsáilte a thomhas nuair a rachaidh an dramhaíl isteach san oibríocht athchúrsála.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfar meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht atá athchúrsáilte a thomhas ag aschur aon oibríochta sórtála ar choinníoll:
|
(a) |
go ndéanfar an dramhaíl aschuir sin a athchúrsáil ina dhiaidh sin; |
|
(b) |
nach ndéanfar meáchan na n-ábhar nó na substaintí a bhaintear aisti trí oibríochtaí breise roimh an oibríocht athchúrsála, agus nach ndéanfar a athchúrsáil ina dhiaidh sin, a áireamh i meáchan na dramhaíola a dhéanfar a thuairisciú mar dhramhaíl athchúrsáilte. |
6. Bunóidh na Ballstáit córas éifeachtach um rialú cáilíochta agus inrianaitheacht dramhaíola ó phacáistíocht chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo. Féadfaidh an córas sin a bheith comhdhéanta de chláir leictreonacha arna mbunú de bhun Airteagal 35(4) de Threoir 2008/98/CE nó sonraíochtaí teicniúla maidir le ceanglais cháilíochta na dramhaíola sórtáilte. Féadfaidh sé bheith comhdhéanta freisin de mheánrátaí caillteanais le haghaidh dramhaíl shórtáilte maidir le cineálacha éagsúla dramhaíola agus cleachtais bhainistithe dramhaíola faoi seach, ar choinníoll nach féidir sonraí iontaofa a fháil ar dhóigh eile. Déanfar na meánrátaí caillteanais a ríomh ar bhonn na rialacha ríofa arna mbunú sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 11a(10) de Threoir 2008/98/CE.
7. Féadfar an méid dramhaíola ó phacáistíocht in-bhithdhíghrádaithe a théann isteach sa chóireáil aeróbach nó anaeróbach a áireamh mar phacáistíocht athchúrsáilte i gcás ina ngineann an chóireáil sin muirín, díleáiteán nó aschur eile ar comhionann cion an ábhair athchúrsáilte san aschur agus san ionchur, agus ina n-úsáidfear é mar tháirge athchúrsáilte, mar ábhar athchúrsáilte nó mar shubstaint athchúrsáilte. I gcás ina mbainfear úsáid as an aschur ar thalamh, fhéadfaidh na Ballstáit é a áireamh mar ní athchúrsáilte ar choinníoll gur ann do thairbhí don talmhaíocht mar thoradh ar an úsáid sin nó má thagann feabhas éiceolaíoch as an úsáid sin.
8. Maidir leis an méid ábhar dramhaíola ó phacáistíocht nach dramhaíl a thuilleadh iad de thoradh ar oibríocht ullmhúcháin sula ndéantar é a athphróiseáil, féadfar iad a áireamh mar ábhar athchúrsáilte ar choinníoll go bhfuil na hábhair sin beartaithe lena n-athphróiseáil ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí ina dhiaidh sin, bíodh sé sin chun na gcríoch bunaidh nó chun críoch eile. Ní áireofar mar ábhair athchúrsáilte, áfach, ábhair nach dramhaíl a thuilleadh iad atá le húsáid mar bhreoslaí nó trí mhodhanna eile chun fuinneamh a ghiniúint, nó atá le loscadh, le haislíonadh nó le cur i líonadh talún.
9. Féadfaidh Ballstáit athchúrsáil miotal a scartar tar éis loscadh na dramhaíola a chur san áireamh i gcomhréir leis an sciar den dramhaíl ó phacáistíocht a loisctear ar choinníoll go gcomhlíonann na miotail athchúrsáilte na critéir cháilíochta áirithe a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2019/1004.
10. Maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a sheoltar chuig Ballstát eile chun críoch athchúrsála sa Bhallstát eile sin, ní áireofar í mar dhramhaíl athchúrsáilte ach ag an mBallstát inar bailíodh an dramhaíl sin ó phacáistíocht.
11. Ní dhéanfar dramhaíl ó phacáistíocht arna honnmhairiú ón Aontas a ríomh mar dhramhaíl athchúrsáilte ag an mBallstát inar bailíodh í ach amháin, má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 3 agus más amhlaidh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 1013/2006 nó Rialachán (AE) 2024/1157, de réir mar is infheidhme, gur féidir leis an onnmhaireoir fianaise dhoiciméadach a sholáthar go gcomhlíonann seoladh na dramhaíola ceanglais an Rialacháin sin agus go ndearnadh athchúrsáil na dramhaíola ó phacáistíocht i dtríú tír faoi dhálaí atá comhionann leo siúd a fhorordaítear le dlí comhshaoil an Aontais is ábhartha.
Airteagal 54
Rialacha maidir le baint amach na spriocanna athchúrsála a ríomh trí hathúsáid a áireamh
1. Féadfaidh Ballstát a chinneadh leibhéal coigeartaithe a bhaint amach maidir leis na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 52(1) i leith bliain ar leith trí aird a thabhairt ar mheánsciar na pacáistíochta díolacháin in-athúsáidte, i rith na 3 bliana roimhe sin, a cuireadh ar an margadh den chéad uair agus a athúsáideadh laistigh de chóras athúsáide.
Déanfar an leibhéal coigeartaithe a ríomh tríd an méid seo a leanas a dhealú:
|
(a) |
as na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 52(1), pointí (a) agus (c), an sciar den phacáistíocht díolacháin in-athúsáidte dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i ngach pacáistíocht díolacháin a chuirtear ar an margadh; agus |
|
(b) |
as na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 52(1), pointí (b) agus (d), an sciar den phacáistíocht díolacháin in-athúsáidte dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, atá comhdhéanta as ábhar pacáistíochta faoi seach, i ngach pacáistíocht díolacháin atá comhdhéanta as an ábhar sin a chuirtear ar an margadh. |
Tógfar cúig phointe céatadáin ar a mhéid den mheánsciar de phacáistíocht díolacháin in-athúsáidte san áireamh chun leibhéal coigeartaithe na spriocanna a ríomh.
2. Féadfaidh Ballstát méid na pacáistíochta adhmaid a dheisítear lena hathúsáid a chur san áireamh agus na spriocanna á ríomh a leagtar síos in Airteagal 52(1), pointe (a), Airteagal 52(1), pointe (b)(ii), Airteagal 52(1), pointe (c), agus Airteagal 52(1), pointe (d)(ii).
Faisnéis agus tuairisciú
Airteagal 55
Faisnéis maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a chosc agus a bhainistiú
1. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) de Threoir 2008/98/CE agus in Airteagal 12 den Rialachán seo, cuirfidh táirgeoirí nó, i gcás a gcur ar iontaoibh oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 46(1) den Rialachán seo, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, nó údaráis phoiblí arna gceapadh ag na Ballstáit agus Airteagal 8a (2) de Threoir 2008/98/CE á chur i bhfeidhm acu, an fhaisnéis seo a leanas ar fáil d’úsáideoirí deiridh, tomhaltóirí go háirithe, maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a chosc agus a bhainistiú i ndáil leis an bpacáistíocht a sholáthraíonn na táirgeoirí ar chríoch Bhallstáit:
|
(a) |
ról úsáideoirí deiridh maidir le dramhaíl a chosc, lena n-áirítear aon dea-chleachtas; |
|
(b) |
socruithe athúsáide atá ar fáil le haghaidh pacáistíochta; |
|
(c) |
ról úsáideoirí deiridh chun cur le bailiúchán ar leithligh ábhar dramhaíola ó phacáistíocht, lena n-áirítear pacáistíocht a láimhseáil ina bhfuil táirgí nó dramhaíl ghuaiseach; |
|
(d) |
ciall na lipéad agus na siombailí a ghreamaítear, a phriontáiltear nó a ghreanaítear ar phacáistíocht i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo nó atá sna doiciméid a ghabhann leis an táirge pacáistithe; |
|
(e) |
an tionchar a bhíonn ag diúscairt mhí-iomchuí dramhaíola ó phacáistíocht, mar shampla mar bhruscar nó i ndramhaíl mheasctha chathrach, ar an gcomhshaol agus ar shláinte nó sábháilteacht an duine, agus drochthionchar na pacáistíochta aon úsáide ar an gcomhshaol, málaí siopadóireachta plaisteacha go háirithe; |
|
(f) |
na hairíonna múirínithe agus na roghanna iomchuí bainistithe dramhaíola maidir le pacáistíocht inmhúirínithe, i gcomhréir le hAirteagal 9(2) den Rialachán seo; cuirfear tomhaltóirí ar an eolas nach bhfuil pacáistíocht inmhúirínithe oiriúnach le haghaidh múiríniú baile agus nár cheart pacáistíocht inmhúirínithe a dhiúscairt sa nádúr. |
Beidh feidhm ag na hoibleagáidí faoin gcéad fhomhír, pointe (d), den mhír seo ón 12 Lúnasa 2028 nó ó dáta chur i bhfeidhm fhoráil ábhartha Airteagal 12, cibé acu is déanaí.
2. Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 cothrom le dáta agus déanfar í a sholáthar trí bhíthin:
|
(a) |
suíomh gréasáin nó modh eile cumarsáide leictreonaí; |
|
(b) |
faisnéis phoiblí; |
|
(c) |
cláir agus feachtais oideachais; |
|
(d) |
comharthaíocht i dteanga amháin nó níos mó is féidir le húsáideoirí deiridh agus tomhaltóirí a thuiscint go héasca. |
3. I gcás ina soláthrófar faisnéis go poiblí, caomhnófar an rúndacht maidir le faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus an dlí náisiúnta ábhartha.
Airteagal 56
Tuairisciú don Choimisiún
1. Cuirfidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh gach bliana féilire:
|
(a) |
sonraí maidir le hAirteagal 52(1), pointí (a) go (d) a chur chun feidhme, agus sonraí de bhun Tábla 3 d’Iarscríbhinn XII maidir le pacáistíocht in-athúsáidte; |
|
(b) |
tomhaltas bliantúil málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom, málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma, málaí siopadóireachta plaisteacha tiubha agus málaí siopadóireachta plaisteacha an-tiubh per capita, ar leithligh le haghaidh gach catagóire mar a liostaítear i dTábla 4 d’Iarscríbhinn XII; |
|
(c) |
an ráta bailiúcháin ar leithligh do phacáistíocht dá dtagraítear i dTábla 5 d’Iarscríbhinn XII a chumhdaítear leis an oibleagáid córais aisíoctha éarlaise a chur ar bun a leagtar amach in Airteagal 50(2). |
Féadfaidh na Ballstáit sonraí a sholáthar freisin maidir le tomhaltas bliantúil málaí iompair as ábhair eile.
2. Cuirfidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh gach bliana féilire:
|
(a) |
na méideanna pacáistíochta a chuirtear ar fáil den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit sin, nó na méideanna pacáistíochta a dhéanann táirgeoir a dhíphacáil gan bheith ina úsáideoir deiridh, in aghaidh gach catagóire pacáistíochta mar a liostaítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn XII; |
|
(b) |
na méideanna dramhaíola ó phacáistíocht a bhailítear le haghaidh gach ábhair pacáistíochta dá dtagraítear in Airteagal 52; |
|
(c) |
na méideanna dramhaíola ó phacáistíocht athchúrsáilte agus na rátaí athchúrsála le haghaidh gach catagóire pacáistíochta mar a liostaítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn XII. |
3. Bainfidh an chéad tréimhse tuairiscithe leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
i ndáil leis na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1, pointí (a) agus (b), agus i mír 2, an dara bliain féilire iomlán tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid maidir le tuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le mír 7; |
|
(b) |
i ndáil leis an oibleagáid a leagtar síos i mír 1, pointe (c), an bhliain féilire 2028. |
4. Tíolacfaidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 go leictreonach laistigh de 19 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe a mbaileofar na sonraí ina leith san fhormáid arna leagan síos ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 7.
5. Beidh tuarascáil seiceála cáilíochta in éineacht leis na sonraí a thíolacfaidh na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar an tuarascáil seiceála cáilíochta sin a chur i láthair san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 7.
6. Beidh tuarascáil ar chur i bhfeidhm Airteagal 53(7) agus (11), lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe ar na meánrátaí caillteanais i gcás inarb infheidhme, agus áireofar leis na sonraí a thíolacfaidh na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo.
7. Glacfaidh an Coimisiún faoin 12 Feabhra 2027, gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear:
|
(a) |
rialacha maidir le sonraí a ríomh, a fhíorú agus a thíolacadh i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (c), agus mír 2, lena n-áirítear an mhodheolaíocht lena gcinntear dramhaíl cainníocht na pacáistíochta a ghintear, agus an fhormáid chun na sonraí a thíolacadh; |
|
(b) |
an mhodheolaíocht lena ríomhfar tomhaltas bliantúil na málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma per capita dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), agus an fhormáid chun na sonraí sin a thíolacadh; |
|
(c) |
an fachtóir ceartúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2) chun an méadú nó an laghdú ar thurasóireacht i ndáil leis an mbonnbhliain a chur san áireamh. |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(3).
8. Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais le haghaidh córais athúsáide agus gach oibreoir eacnamaíoch a chuireann pacáistíocht ar fáil sna Ballstáit sonraí cruinne agus iontaofa a sholáthar do na húdaráis inniúla a ligeann do na Ballstáit a n-oibleagáidí tuairiscithe faoin Airteagal seo a chomhlíonadh, agus i gcás inarb ábhartha, na fadhbanna ar leith a bhíonn ag fiontair bheaga agus mheánmhéide maidir le soláthar sonraí cruinne á gcur san áireamh.
Airteagal 57
Bunachair sonraí maidir le pacáistíocht
1. Faoi 12 mhí ó dháta glactha na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 56(7), déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear bunachair sonraí ar bun maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, i gcás nach bhfuil na bearta siúd ar bun cheana, ar bhonn comhchuibhithe, chun críocha a n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 56 a chomhlíonadh.
2. Áireofar an méid seo a leanas sna bunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
faisnéis faoi mhéid, saintréithe agus forbairt na sreafaí pacáistíochta agus dramhaíola ó phacáistíocht ar leibhéal na mBallstát aonair; |
|
(b) |
na sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn XII. |
3. Beidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar na bunachair shonraí maidir le pacáistíocht i bhformáid meaisín-inléite agus lenar féidir rochtain a fháil ar shonraí nuashonraithe maidir le tuairisciú agus costas bainistithe dramhaíola ó phacáistíocht agus lena n-áirithítear idir-inoibritheacht agus athúsáid sonraí. Soláthrófar iad i dteanga oifigiúil nó i dteanga oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann trí bhíthin na nithe seo a leanas:
|
(a) |
suíomh gréasáin nó modhanna eile cumarsáide leictreonaí; nó |
|
(b) |
tuarascálacha poiblí. |
Beidh na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan dochar d’fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó do dhlíthe cosanta sonraí.
CAIBIDIL IX
NÓSANNA IMEACHTA COIMIRCE
Airteagal 58
Nós imeachta chun déileáil le pacáistíocht a bhfuil riosca ag baint léi ar an leibhéal náisiúnta
1. Gan dochar d’Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2019/1020, i gcás ina bhfuil cúis leormhaith ag údaráis um fhaireachas margaidh Ballstáit amháin chun a chreidiúint go mbaineann riosca don chomhshaol nó do shláinte an duine le pacáistíocht a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh siad, gan moill mhíchuí, meastóireacht i ndáil leis an bpacáistíocht lena mbaineann lena gcumhdófar gach ceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo atá ábhartha don riosca sin. De réir mar is gá, comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis na húdaráis um fhaireachas margaidh.
Chun críocha na chéad fomhíre, déanfaidh na húdaráis atá freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo obair leantach maidir le gearáin nó tuarascálacha a bhaineann le neamhchomhlíonadh líomhnaithe na pacáistíochta leis an Rialachán seo, agus fíoróidh siad go ndearnadh an gníomh ceartaitheach iomchuí.
I gcás ina bhfaighidh na húdaráis um fhaireachas margaidh amach le linn na meastóireachta a dhéanfar de bhun na chéad fomhíre nach gcomhlíonann an phacáistíocht na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh, laistigh de thréimhse arna forchur ag na húdaráis um fhaireachas margaidh atá réasúnta agus in-chomhthomhaiste le cineál agus, i gcás inarb ábhartha, le leibhéal an neamhchomhlíonta, chun go gcomhlíonfaidh an phacáistíocht na ceanglais sin.
2. De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil baol ann do shláinte an duine a bhaineann le pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de agus atá faoi réir dlí sonrach arb é is aidhm dó sláinte an duine a chosaint agus i gcás ina n-aistrítear an baol sin chuig ní pacáistithe an ábhair pacáistíochta, ní dhéanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh meastóireacht i ndáil leis an riosca do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe de thionscnamh an ábhair pacáistíochta. Ina ionad sin, cuirfidh na húdaráis um fhaireachas na húdaráis ar an eolas atá inniúil chun meastóireacht a dhéanamh ar bhaoil mar sin, eadhon na húdaráis inniúla dá dtagraítear i Rialacháin (AE) 2017/625, (AE) 2017/745, (AE) 2017/746 nó (AE) 2019/6 nó Treoir 2001/83/CE.
3. I gcás ina measann na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh teoranta dá gcríoch, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh siad ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.
4. Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar gach beart ceartaitheach iomchuí i dtaca leis an bpacáistíocht uile neamhchomhlíontach a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.
5. I gcás nach ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch bearta ceartaitheacha leormhaithe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an tríú fomhír, nó má leanann an neamhchomhlíonadh ar aghaidh, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart sealadach is iomchuí chun an phacáistíocht a thoirmeasc óna bheith ar fáil ina gcríoch, chun í a tharraingt siar nó chun í a aisghairm.
Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi na bearta sin gan mhoill.
6. Déanfar an fhaisnéis atá le seoladh chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit eile de bhun an Airteagail seo a chur in iúl tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus cuimseofar inti na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an phacáistíocht neamhchomhlíontach, ionad tionscnaimh na pacáistíochta, cineál an neamhchomhlíonta líomhnaithe agus an baol a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch a shainaithint agus, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 61(1) den Rialachán seo. Tabharfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le fios más ceann acu seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh:
|
(a) |
nach gcomhlíonann an phacáistíocht na ceanglais inbhuanaitheachta a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo; |
|
(b) |
easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagail 36 agus 37 den Rialachán seo. |
7. Déanfaidh na Ballstáit eile, nach an Ballstát a dhéanann na bearta de bhun mhír 5 iad, an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon bhearta a glacadh agus faoi aon fhaisnéis bhreise a mbeidh fáil acu uirthi a bhaineann le neamhchomhlíonadh na pacáistíochta lena mbaineann, agus, i gcás ina ndéanfaidh an Ballstát sin agóid i gcoinne na mbeart arna nglacadh de bhun mhír 5 faoina n-agóidí.
8. Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 nó 7 a fháil, nach bhfuil aon agóid maidir le bearta sealadacha a rinne Ballstát déanta ag Ballstát nó ag an gCoimisiún, measfar go bhfuil bonn cirt leis na bearta sin.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhse iarratais níos faide nó níos giorra le haghaidh bearta sealadacha do thréimhse níos faide nó níos giorra ná 3 mhí chun sainiúlachtaí na dtáirgí nó na gceanglas lena mbaineann a chur san áireamh.
9. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an phacáistíocht a tharraingt siar óna margadh nó go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí eile gan mhoill i leith na pacáistíochta nó an mhonaróra lena mbaineann.
Airteagal 59
Nós imeachta coimirce an Aontais
1. Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 58(5) agus (6) a chur i gcrích, go ndéantar agóidí in aghaidh beart arna dhéanamh ag Ballstát de bhun Airteagal 58, nó i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha le dlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha agus déanfar meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinntear cé acu atá nó nach bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta.
Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
2. Díreoidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé é in iúl dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill.
Má mheastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit eile na bearta is gá lena áirithiú go dtarraingeofar an phacáistíocht neamhchomhlíontach siar óna margadh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, tarraingeoidh an Ballstát lena mbaineann siar an beart sin.
3. I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus go gceanglaítear neamhchomhlíonadh na pacáistíochta le heasnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm.
4. I gcás ina meastar go bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta agus ina ndéanfar neamhchomhlíonadh na pacáistíochta a chur i leith easnaimh sna sonraíochtaí teicniúla coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 37, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill, na sonraíochtaí teicniúla coiteanna lena mbaineann a ghlacadh, a leasú nó a aisghairm.
Airteagal 60
Pacáistíocht chomhlíontach lena mbaineann riosca
1. I gcás ina gcinnfidh Ballstát, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 58, go bhfuil baol ag baint le pacáistíocht don chomhshaol nó do shláinte an duine, in ainneoin na gceanglas is infheidhme a leagtar síos in Airteagail 5 go 12 nó de bhun Airteagail 5 go 12 a bheith á gcomhlíonadh léi, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha, gan mhoill, an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
déanfaidh siad gach beart is iomchuí, laistigh de thréimhse réasúnta arna forordú ag na húdaráis um fhaireachas margaidh agus ar cóimhéid le cineál agus, i gcás inarb ábhartha, leibhéal an bhaoil, chun a áirithiú nach mbeidh an baol sin ag baint leis an bpacáistíocht lena mbaineann a thuilleadh nuair a chuirfear ar an margadh í; |
|
(b) |
an phacáistíocht a thabhairt chun comhréireachta; |
|
(c) |
an phacáistíocht a tharraingt siar ón margadh; nó |
|
(d) |
an phacáistíocht a aisghairm. |
2. De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil imní ann maidir le baol a bheith ann do shláinte an duine a bhaineann le pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de agus atá faoi réir dhlí sonrach arb é is aidhm dó sláinte an duine a chosaint agus i gcás ina n-aistrítear an baol sin chuig ní pacáistithe an ábhair pacáistíochta, ní dhéanfaidh na húdaráis um fhaireachas meastóireacht ar an mbaol i ndail le sláinte an duine nó na n-ainmhithe a eascraíonn as an ábhar pacáistíochta. Ina choinne sin, cuirfidh siad na húdaráis atá inniúil ar na baoil sin a rialú ar an eolas faoi na rioscaí sin, eadhon,. na húdaráis inniúla dá dtagraítear i Rialacháin (AE) 2017/625, (AE) 2017/745, (AE) 2017/746 nó (AE) 2019/6 nó Treoir 2001/83/CE a bheidh sna húdaráis sin.
3. Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar bearta ceartaitheacha maidir leis an bpacáistíocht neamhchomhlíontach uile lena mbaineann atá curtha ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais ag an oibreoir eacnamaíoch.
4. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoina chuid torthaí agus na gníomhartha a rinneadh ina ndiaidh sin de bhun mhír 1. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun go sainaithneofaí an phacáistíocht neamhchomhlíontach, tionscnamh agus slabhra soláthair na pacáistíochta, an cineál riosca a bhaineann léi agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.
5. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha agus déanfar meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear cé acu atá nó nach bhfuil údar maith leis an mbeart náisiúnta agus, i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí.
Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar iomchuí leo a bhaineann leis an gcomhshaol nó sláinte an duine a chosaint, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(3).
Díreoidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé é in iúl láithreach dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch ábhartha.
Airteagal 61
Rialuithe ar phacáistíocht atá ag teacht isteach i margadh an Aontais
1. Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh in iúl gan mhoill do na húdaráis a ainmnítear de bhun Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2019/1020 na bearta dá dtagraítear in Airteagal 58(5) den Rialachán seo i gcás nach bhfuil an neamhchomhlíonadh teoranta dá gcríoch féin. Cuirfear san áireamh sa teachtaireacht sin an fhaisnéis ábhartha uile, go háirithe na sonraí is gá chun an phacáistíocht neamhchomhlíontach a shainaithint a bhfuil feidhm ag na bearta maidir léi, agus, i gcás táirge pacáistithe, an táirge féin.
2. Úsáidfidh na húdaráis arna n-ainmniú de bhun Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2019/1020 an fhaisnéis a cuireadh in iúl de bhun mhír 1 den Rialachán seo chun a n-anailís riosca a dhéanamh faoi Airteagal 25(3) de Rialachán (AE) 2019/1020.
3. Cuirfear in iúl an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 tríd an bhfaisnéis a chur isteach sa timpeallacht iomchuí le haghaidh bainistiú riosca custaim.
4. Déanfaidh an Coimisiún idirnasc a fhorbairt chun an chumarsáid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ón gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 58(6) chuig an timpeallacht dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a uathoibriú. Tosóidh an t-idirnasc sin ag feidhmiú tráth nach déanaí ná 24 mhí ón dáta a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear na rialacha nós imeachta agus mionsonraí na socruithe cur chun feidhme le haghaidh mhír 4 lena n-áirítear na feidhmiúlachtaí, na heilimintí sonraí agus próiseáil sonraí, chomh maith leis na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta, rúndacht agus an rialú i gcás an idirnaisc dá dtagraítear i mír 4.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin de bhun Airteagal 65(2).
Airteagal 62
Neamhchomhlíonadh foirmiúil
1. I gcás ina dtagann Ballstát ar an eolas faoi aon cheann de na himthosca seo a leanas,, éileoidh sé ar an oibreoir ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:
|
(a) |
níor tarraingíodh suas an dearbhú comhréireachta AE; |
|
(b) |
níor tarraingíodh suas i gceart an dearbhú comhréireachta AE; |
|
(c) |
ní thugtar, leis an gcód QR ná an t-iompróir sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 an rochtain ar an bhfaisnéis a éilítear i gcomhréir leis an Airteagal sin; |
|
(d) |
níl an doiciméadacht theicniúil ar fáil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, níl sí iomlán nó tá earráidí inti; |
|
(e) |
maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(6) nó in Airteagal 18(3), níl sí ann, nó tá sí bréagach nó neamhiomlán; |
|
(f) |
ní chomhlíontar aon cheanglas riaracháin eile a leagtar amach in Airteagail 15 nó 18; |
|
(g) |
ní chomhlíontar na ceanglais maidir le srianta ar phacáistíocht iomarcach nó ar úsáid formáidí áirithe pacáistíochta a leagtar amach in Airteagail 24 agus 25; |
|
(h) |
i ndáil le pacáistíocht in-athúsáidte, ní chomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 27 maidir le córais athúsáide a bhunú, a oibriú nó páirt a ghlacadh iontu; |
|
(i) |
i ndáil le hathlíonadh, ní chomhlíontar na ceanglais faisnéise a leagtar amach in Airteagal 28(1) agus (2); |
|
(j) |
ní chomhlíontar na ceanglais maidir leis na stáisiúin athlíonta a leagtar amach in Airteagal 28(3); |
|
(k) |
ní chomhlíontar na spriocanna athúsáide a leagtar amach in Airteagal 29; |
|
(l) |
níor comhlíonadh na hoibleagáidí athlíonta in Airteagal 32 ná oibleagáid na tairisceana athúsáide in Airteagal 33; |
|
(m) |
ní chomhlíontar na ceanglais maidir le pacáistíocht in-athchúrsáilte a leagtar amach in Airteagal 6; |
|
(n) |
ní chomhlíontar na ceanglais maidir le cion íosta an ábhair athchúrsáilte i gcás pacáistíocht phlaisteach a leagtar amach in Airteagal 7. |
2. I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (f), déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann gach beart iomchuí chun an phacáistíocht a chosc óna chur ar an margadh nó lena áirithiú go ndéantar í a aisghairm nó a tharraingt siar ón margadh.
3. I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, pointí (g) go (n), déanfaidh na Ballstáit na rialacha a chur i bhfeidhm maidir le pionóis a bhaineann le sáruithe ar an Rialachán seo a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le hAirteagal 68.
CAIBIDIL X
SOLÁTHAR POIBLÍ GLAS
Airteagal 63
Soláthar poiblí glas
1. Chun an soláthar agus an t-éileamh ar phacáistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a dhreasú, déanfaidh an Coimisiún, faoin 12 Feabhra 2030, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear íoscheanglais sainordaitheacha le haghaidh conarthaí poiblí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/24/AE maidir le pacáistíocht nó táirgí pacáistithe nó maidir le seirbhísí a úsáideann pacáistíocht nó táirgí pacáistithe nó faoi raon feidhme Threoir 2014/25/AE, agus a dhámhann údaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE, nó eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE, inar mó ná 30 % de luach measta an chonartha nó de luach na dtáirgí a úsáideann na seirbhísí an phacáistíocht nó na táirgí pacáistithe is ábhar don chonradh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65(2) den Rialachán seo.
2. Beidh feidhm ag na ceanglais […] a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 1 maidir le […] nósanna imeachta chun conarthaí poiblí dá dtagraítear sa mhír sin a dhámhachtain […] ar cuireadh tús leo 12 mhí nó níos déanaí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme […] lena mbaineann.
3. Beidh na híoscheanglais shainordaitheacha maidir le soláthar poiblí glas bunaithe ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 5 go 11 nó de bhun na n-airteagal sin agus ar na heilimintí seo a leanas:
|
(a) |
luach agus méid na gconarthaí poiblí arna ndámhachtain le haghaidh pacáistíochta nó táirgí pacáistithe nó le haghaidh na seirbhísí nó na n-oibreacha ina n-úsáidtear pacáistíocht nó táirgí pacáistithe; |
|
(b) |
an fhéidearthacht eacnamaíoch a bheith ag údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha pacáistíocht nó táirgí pacáistithe níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, gan costais dhíréireacha a bheith i gceist; |
|
(c) |
staid an mhargaidh ar leibhéal an Aontais maidir leis an bpacáistíocht ábhartha nó na táirgí pacáistithe ábhartha; |
|
(d) |
éifeachtaí na gceanglas ar an iomaíocht; |
|
(e) |
oibleagáidí maidir le bainistiú dramhaíola ó phacáistíocht. |
4. D’fhéadfadh na híoscheanglais shainordaitheacha maidir le soláthar poiblí glas a bheith sna foirmeacha seo a leanas:
|
(a) |
sonraíochtaí teicniúla de réir bhrí Airteagal 42 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 60 de Threoir 2014/25/AE; |
|
(b) |
critéir roghnúcháin de réir bhrí Airteagal 58 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 80 de Threoir 2014/25/AE; nó |
|
(c) |
coinníollacha feidhmíochta conartha de réir bhrí Airteagal 70 de Threoir 2014/24/AE agus d’Airteagal 87 de Threoir 2014/25/AE. |
Forbrófar na híoscheanglais shainordaitheacha sin maidir le soláthar poiblí glas i gcomhréir leis na prionsabail i dTreoir 2014/24/AE agus i dTreoir 2014/25/AE chun baint amach chuspóirí an Rialacháin seo a éascú.
5. Féadfaidh na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha dá dtagraítear i mír 1, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, maolú ar na ceanglais a leagtar amach san gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 1 ar fhorais na slándála poiblí nó na sláinte poiblí. Féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha freisin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, maolú ar na ceanglais sin, i gcás ina gcruthófaí leis na ceanglais sin deacrachtaí teicniúla doréitithe.
CAIBIDIL XI
CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS NÓS IMEACHTA COISTE
Airteagal 64
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(7) agus (8), an chéad fhomhír agus an tríú fomhír, Airteagal 6(4), Airteagal 6(6), Airteagal 7(9), an dara fomhír d’Airteagal 7(12), Airteagal 7(13), Airteagal 11(2), Airteagal 29(10), an séú fomhír d’Airteagal 29(12), an dara fomhír d’Airteagal 29(13), agus Airteagal 29(18) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 10 mbliana ón 11 Feabhra 2025. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 10 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(7) agus (8), an chéad fhomhír agus an tríú fomhír, Airteagal 6(4), Airteagal 6(6), Airteagal 7(9), an dara fomhír d’Airteagal 7(12), Airteagal 7(13), Airteagal 11(2), Airteagal 29(10), an séú fomhír d’Airteagal 29(12), an dara fomhír d’Airteagal 29(13) agus Airteagal 29(18) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(7) nó (8), an chéad fhomhír nó an tríú fomhír d’Airteagal 6(4), Airteagal 6(6), Airteagal 7(9), an dara fomhír d’Airteagal 7(12), Airteagal 7(13), Airteagal 11(2), Airteagal 29(10), an séú fomhír d’Airteagal 29(12), an dara fomhír d’Airteagal 29(13) nó Airteagal 29(18) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina leith. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 65
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 39 de Threoir 2008/98/CE cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.
CAIBIDIL XII
LEASUITHE
Airteagal 66
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1020
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 mar a leanas:
|
(1) |
In Iarscríbhinn I, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
; |
|
(2) |
in Iarscríbhinn II, scriostar pointe 8. |
Airteagal 67
Leasuithe ar Threoir (AE) 2019/904
Leasaítear Treoir (AE) 2019/904 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 6(5), scriostar pointí (a) agus (b), ón 1 Eanáir 2030 nó 3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2025/40, cibé acu is déanaí; |
|
(3) |
in Airteagal 13(1), scriostar pointe (e) ón 1 Eanáir 2030 nó 3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2025/40, cibé acu is déanaí; |
|
(4) |
in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis a thuairiscítear i gcomhréir leis an Airteagal seo agus foilseoidh sé tuarascáil ar thorthaí an athbhreithnithe sin. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar eagrú bhailiú na sonraí agus na faisnéise, foinsí na sonraí agus na faisnéise agus an mhodheolaíocht a úsáidtear sna Ballstáit mar aon le hiomláine, iontaofacht, tráthúlacht agus comhsheasmhacht na sonraí agus na faisnéise sin. Féadfaidh moltaí sonracha le haghaidh feabhais a bheith sa mheasúnú. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas tar éis tar éis an chéad uair a thuairisceoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis agus gach 4 bliana dá éis sin.’ |
|
(5) |
Leasaítear Cuid B den Iarscríbhinn mar a leanas:
|
CAIBIDIL XIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 68
Pionóis
1. Faoin 12 Feabhra 2027 déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme as an Rialachán seo a shárú a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Áireofar leis na pionóis mar gheall ar mhainneachtain Airteagal 24 go hAirteagal 29 a chomhlíonadh fíneálacha riaracháin. I gcás nach ndéantar foráil i gcóras dlí an Bhallstáit do ghearradh fíneálacha riaracháin, féadfar an mhír seo a chur i bhfeidhm sa chaoi go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an nós imeachta fíneála a thionscnamh agus go ndéanfaidh na cúirteanna náisiúnta inniúla é a ghearradh, agus é á áirithiú acu go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht acu a bheith coibhéiseach leis na fíneálacha riaracháin dá dtagraítear sa mhír seo. In aon chás, beidh na fíneálacha a ghearrfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach freisin.
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus faoi na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 faoin 12 Feabhra 2027 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 69
Meastóireacht
Faoin 12 Lúnasa 2034, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus ar a mhéid a chuir sé le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus le feabhsú inbhuanaitheacht comhshaoil na pacáistíochta. Sa mheastóireacht sin, beidh cuid di tiomnaithe, inter alia, do thionchar an Rialacháin seo ar an gcóras agraibhia agus ar chur amú bia. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le príomhthorthaí na meastóireachta sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú.
Airteagal 70
Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha
1. Déantar Treoir 94/62/CE a aisghairm le héifeacht ón 12 Lúnasa 2026 seachas na hairteagail seo a leanas:
|
(a) |
leanfaidh feidhm de bheith ag Airteagal 8(2) de Threoir 94/62/CE go dtí [30 mí tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 12(6) den Rialachán seo; |
|
(b) |
leanfaidh feidhm de bheith ag Airteagal 9(1) agus (2) de Threoir 94/62/CE maidir leis na ceanglais bhunriachtanacha de bhun phointe 1, an chéad fhleasc d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin go dtí an 31 Nollaig 2029; |
|
(c) |
leanfaidh feidhm de bheith ag Airteagal 5(2) agus (3), Airteagal 6(1), pointí (d) agus (e), agus Airteagal 6a de Threoir 94/62/CE go dtí an 31 Nollaig 2028; |
|
(d) |
leanfaidh feidhm de bheith ag Airteagal 12(3a), (3b), (3c) agus (4) de Threoir 94/62/CE go dtí an 31 Nollaig 2028, ach amháin a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí chuig an gCoimisiún, ina leith sin leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu go dtí an 31 Nollaig 2029; |
2. Déantar Cinneadh 97/129/CE a aisghairm le héifeacht ón 12 Lúnasa 2028.
3. Fanfaidh Cinntí 2001/171/CE agus 2009/292/CE i bhfeidhm agus leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu go dtí go n-aisghairfear iad le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún […] de bhun Airteagal 5(8) den Rialachán seo;
4. Féadfaidh na Ballstáit forálacha náisiúnta a choinneáil ar bun lena sriantar pacáistíocht a chur ar an margadh sna formáidí agus le haghaidh na n-úsáidí a liostaítear i bpointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn V go dtí an 1 Eanáir 2030. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4(3) maidir leis na bearta náisiúnta sin go dtí an 1 Eanáir 2030.
5. Déanfar tagairtí do Threoir 94/62/CE aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 71
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 12 Lúnasa 2026.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 67(5) ón 12 Feabhra 2029.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO C 228, 29.6.2023, lch. 114.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2024.
(3) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(4) Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).
(5) Cinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).
(6) IO C 465, 17.11.2021, lch. 11.
(7) Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj).
(8) Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (IO L 155, 12.6.2019, lch. 1).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(12) Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).
(13) Cinneadh 2001/171/CE ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2001 lena mbunaítear na coinníollacha maidir le maolú do phacáistíocht ghloine i ndáil leis na leibhéil tiúchana miotal trom a bunaíodh le Treoir 94/62/CE maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 62, 2.3.2001, lch. 20).
(14) Cinneadh 2009/292/CE ón gCoimisiún an 24 Márta 2009 lena mbunaítear na coinníollacha maidir le maolú cliathbhoscaí plaisteacha agus pailléid phlaisteacha i ndáil leis na leibhéil tiúchana miotal trom a bunaíoadh le Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 79, 25.3.2009, lch. 44).
(15) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
(16) Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).
(17) Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
(18) Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).
(19) Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).
(20) Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).
(21) Tagraíonn pacáistíocht atá íogair ó thaobh teagmhála de do phacáistíocht phlaisteach le haghaidh táirgí a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29), Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4), Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/373/CEE, 80/511/CEE, 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE agus Cinneadh 2004/217/CE (IO L 229, 1.9.2009, lch. 1), Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59), Rialachán (AE) 2017/745, Rialachán (AE) 2017/746, Rialachán (AE) 2019/4 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le beatha íocleasaithe a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/167/CEE ón gComhairle (IO L 4, 7.1.2019, lch. 1), Rialachán (AE) 2019/6, Treoir 2001/83/CE agus Treoir 2008/68/CE.
(22) IO L 39, 16.2.1993, lch. 3.
(23) IO L 179, 23.6.1998, lch. 3.
(24) IO L 171, 27.6.1981, lch. 13.
(25) IO L 186, 5.8.1995, lch. 44.
(26) Rialachán (AE) 2022/1616 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le hábhair phlaisteacha athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bianna agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 282/2008 (IO L 243, 20.9.2022, lch. 3).
(27) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(28) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(29) Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).
(30) Rialachán (AE) 2023/2411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/1753 (IO L 2023/2411, 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2411/oj).
(31) Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).
(32) Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).
(33) Treoir (AE) 2024/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr (IO L, 2024/825, 6.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/825/oj).
(34) Cinneadh ón gCoimisiún 97/129/CE an 28 Eanáir 1997 lena mbunaítear an córas sainaitheantais d’ábhair phacáistíochta de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 50, 20.2.1997, lch. 28).
(35) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(36) Treoir (AE) 2015/720 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 lena leasaítear Treoir 94/62/CE a mhéid a bhaineann le húsáid málaí siopadóireachta éadroma plaisteacha a laghdú (IO L 115, 6.5.2015, lch. 11).
(37) Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).
(38) Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
(39) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).
(40) Treoir (AE) 2018/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 94/62 /CE maidir le pacáistíocht agus le dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 150, 14.6.2018, lch. 141).
(41) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1004 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le sonraí dramhaíola a ríomh, a fhíorú agus a thuairisciú i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2012) 2384 ón gCoimisiún (IO L 163, 20.6.2019, lch. 66).
(42) Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).
(43) Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le loingsithe dramhaíola, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 agus (AE) 2020/1056 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L, 2024/1157, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1157/oj).
(44) Cinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún an 22 Márta 2005 lena mbunaítear na formáidí a bhaineann leis an gcóras bunachair sonraí de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 86, 5.4.2005, lch. 6).
(45) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/896 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2018 lena leagtar síos an mhodheolaíocht chun tomhailt bhliantúil málaí siopadóireachta éadroma plaisteacha a ríomh agus lena leasaítear Cinneadh 2005/270/CE (IO L 160, 25.6.2018, lch. 6).
(46) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(47) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(48) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(49) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).
(50) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(51) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(52) IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.
(53) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘an Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(54) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos na prionsabail agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(55) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(56) Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29).
(57) Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 79/373/CEE ón gComhairle, Treoir 80/511/CEE ón gCoimisiún, Treoracha 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún (IO L 229, 1.9.2009, lch. 1).
(58) Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59).
(59) Rialachán (AE) 2019/4 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le beatha íocleasaithe a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/167/CEE ón gComhairle (IO L 4, 7.1.2019, lch. 1).
(60) Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).
(61) Cinneadh (AE) 2023/1809 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear critéir Éicilipéad an Aontais maidir le táirgí sláinteachais ionsúiteacha agus cuacháin mhíosta in-athúsáidte (IO L 234, 22.9.2023, lch. 142).
(62) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(63) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(64) Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail (IO L 3, 5.1.2002, lch. 1).
(65) Treoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir leis an cosaint dhlíthiúil dearaí (IO L 289, 28.10.1998, lch. 28).
(66) Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1).
(67) Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 336, 23.12.2015, lch. 1).
(68) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(69) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún Eorpach, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún Eorpach, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).
(70) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1832 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 385, 29.10.2021, lch. 1).
(71) Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).
(72) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(73) Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).
(74) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/595 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena mbunaítear an fhoirm le haghaidh an ráitis a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte de bhun Rialachán (AE, Euratom) 2021/770 ón gComhairle (IO L 79, 17.3.2023, lch. 151).
(75) Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).
IARSCRÍBHINN I
Liosta táscach na n-earraí faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar phacáistíocht in Airteagal 3(1), pointe (1)
A. Airteagal 3(1), pointe (1)(a)
|
1. |
Earraí ar pacáistíocht iad:
|
|
2. |
Earraí nach pacáistíocht iad:
|
B. Airteagal 3(1), pointe (1)(b) agus (c)
|
1. |
Earraí ar pacáistíocht iad
|
|
2. |
Earraí nach pacáistíocht iad
|
C. Airteagal 3(1), pointe (1)(d) agus (e)
|
1. |
Earraí ar pacáistíocht iad, má dheartar agus má bheartaítear í lena líonadh ag an díolphointe:
|
|
2. |
Earraí nach pacáistíocht iad:
|
(1) Rialachán (AE) 2020/740 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (IO L 177, 5.6.2020, lch. 1).
IARSCRÍBHINN II
Catagóirí agus paraiméadair chun measúnú a dhéanamh ar in-athchúrsáilteacht pacáistíochta
Tábla 1
Liosta táscach na n-ábhar, na gcineálacha agus na gcatagóirí pacáistíochta dá dtagraítear in Airteagal 6
|
Uimh. Chatagóire |
Príomhábhar pacáistíochta |
Cineál pacáistíochta |
Formáid (léiritheach agus neamh-uileghabhálach) |
Dath / Tarchur optúil |
|
1 |
Gloine |
Gloine agus pacáistíocht ilchodach, ar gloine a formhór |
Buidéil, crúscaí, flagúin, potaí cosmaidí, tobáin, ampaill, fiail a dhéantar de ghloine (silice aoil sóide), cannaí aerasóil |
— |
|
2 |
Páipéar/cairtchlár |
Pacáistíocht pháipéir/chairtchláir |
Boscaí, tráidirí, pacáistíocht ghrúpáilte, pacáistíocht sholúbtha pháipéir (e.g. scannáin, leatháin, púitsí, clúdaigh, cóin, cumhdaigh) |
— |
|
3 |
Páipéar/cairtchlár |
Pacáistíocht ilchodach ar páipéar/cairtchlár a formhór |
Clár pacáistíochta do leachtacha agus cupáin pháipéir (i.e. lannaithe le, agus le halúmanam nó gan alúmanam), tráidirí, plátaí agus cupáin, páipéar/cairtchlár miotalaithe nó lannaithe le plaisteach, páipéar/cairtchlár le líneálacha/fuinneoga plaisteacha |
— |
|
4 |
Miotal |
Cruach agus pacáistíocht ilchodach, ar cruach a formhór |
Formáidí dochta (aerasóil, cannaí, stáin phéinte, boscaí, tráidirí, drumaí, feadáin) a dhéantar de chruach, lena n-áirítear stánphláta agus cruach dhosmálta |
— |
|
5 |
Miotal |
Alúmanam agus pacáistíocht ilchodach ar alúmanam a formhór – docht |
Formáidí dochta (cannaí bia agus dí, buidéil, aerasóil, drumaí, tiúba, cannaí, boscaí, tráidirí) a dhéantar d’alúmanam |
— |
|
6 |
Miotal |
Alúmanam agus pacáistíocht ilchodach ar alúmanam a formhór – leathdhocht nó solúbtha |
Formáidí leathdhochta agus solúbtha (coimeádáin agus tráidirí, feadáin, scragaill, scragall solúbtha) atá déanta as alúmanam |
— |
|
7 |
Plaisteach |
TPE – docht |
Buidéil agus fleascanna |
Trédhearcach soiléir/daite, teimhneach |
|
8 |
Plaisteach |
TPE – docht |
Formáidí dochta seachas buidéil agus fleascáin (lena n-áirítear potaí, feadáin, prócaí, cupáin, tráidirí agus coimeádáin aonchisealacha agus ilchisealacha, cannaí aerasóil) |
Trédhearcach soiléir/daite, teimhneach |
|
9 |
Plaisteach |
TPE – solúbtha |
Scannáin |
Nádúrtha/daite |
|
10 |
Plaisteach |
TPE – docht |
Coimeádáin, buidéil, tráidirí, potaí agus feadáin |
Nádúrtha/daite |
|
11 |
Plaisteach |
PE – solúbtha |
Scannáin, lena n-áirítear pacáistíocht ilchisealach agus ilábhar |
Nádúrtha/daite |
|
12 |
Plaisteach |
PP – docht |
Coimeádáin, buidéil, tráidirí, potaí agus feadáin |
Nádúrtha/daite |
|
13 |
Plaisteach |
PP – solúbtha |
Scannáin, lena n-áirítear pacáistíocht ilchisealach agus ilábhar |
Nádúrtha/daite |
|
14 |
Plaisteach |
HDPE agus PP – docht |
Cliathbhoscaí agus pailléid, plaisteach cláir roctha |
Nádúrtha/daite |
|
15 |
Plaisteach |
PS agus XPS — docht |
Formáidí dochta (lena n-áirítear pacáistíocht déiríochta, tráidirí, cupáin agus coimeádáin bhia eile) |
Nádúrtha/daite |
|
16 |
Plaisteach |
EPS – docht |
Formáidí dochta (lena n-áirítear boscaí éisc/earraí bána agus tráidirí) |
Nádúrtha/daite |
|
17 |
Plaisteach |
Plaistigh dhochta eile (e.g. PVC, PC) lena n-áirítear ilábhair — docht |
Formáidí dochta, lena n-áirítear bulc-choimeádáin idirmheánacha, drumaí |
— |
|
18 |
Plaisteach |
Plaistigh sholúbtha eile lena n-áirítear ilábhair — solúbtha |
Púitsí, spuaicphacaí, pacáistíocht theirmeafhoirmithe, pacáistíocht folúis, pacáistíocht a dhéantar i dtimpeallacht/i dtaisleach mhodhnaithe, lena n-áirítear bulc-choimeádáin idirmheánacha sholúbtha, málaí, scannáin stráice |
— |
|
19 |
Plaisteach |
Plaistigh in-bhithdhíghrádaithe (1) - dochta (e.g. PLA, PHB) agus solúbtha (e.g. PLA) |
Formáidí dochta agus solúbtha |
— |
|
20 |
Adhmad, corc |
Pacáistíocht adhmaid, lena n-áirítear corc |
Pailléid, boscaí, cliathbhoscaí |
— |
|
21 |
Teicstíl |
Snáithíní teicstíle nádúrtha agus sintéiseacha |
Málaí |
— |
|
22 |
Crua-earraí cré ceirmeachta nó poircealláin |
Cré, cloch |
Potaí, coimeádáin, buidéil, prócaí |
— |
Tábla 2
Liosta táscach na n-ábhar, na gcineálacha agus na gcatagóirí pacáistíochta dá dtagraítear in Airteagal 6
|
Ábhair |
Catagóirí |
nasc chuig Tábla 1, Iarscríbhinn II |
|
Plaisteach |
TPE – docht |
catagóirí 7, 8 |
|
PE docht, PP docht, HDPE agus PP docht |
catagóirí 10, 12, 14 |
|
|
Scannáin/solúbtha |
catagóirí 9, 11, 13, 18 |
|
|
PS, XPS, EPS |
catagóirí 15, 16 |
|
|
Plaistigh dhochta eile |
catagóir 17 |
|
|
In-bhithdhíghrádaithe (docht agus solúbtha) |
catagóir 19 |
|
|
Páipéar/cairtchlár |
Páipéar/cairtchlár (seachas clár pacáistíochta le haghaidh leachtacha) |
catagóirí 2, 3 |
|
Clár pacáistíochta le haghaidh leachtacha |
catagóir 3 |
|
|
Miotal |
Alúmanam |
catagóirí 5, 6 |
|
Cruach |
catagóir 4 |
|
|
Gloine |
Gloine |
catagóir 1 |
|
Adhmad |
Adhmad, corc |
catagóir 20 |
|
Eile |
Teicstíl, ceirmeacht/poirceallán agus cinn eile |
catagóirí 21, 22 |
Tábla 3
Gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta
Déanfar in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta a shloinneadh sna gráid feidhmíochta A, B nó C.
Ó 2030 ar aghaidh, beidh feidhmíocht in-athchúrsáilteachta bunaithe ar chritéir ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’. Áiritheoidh na critéir ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’ ciorclaíocht úsáid na n-amhábhar tánaisteach a eascraíonn as sin agus a bhfuil cáilíocht leordhóthanach acu chun amhábhair príomhúla a ionadú.
Déanfar an measúnú bunaithe ar chritéir ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’ le haghaidh gach catagóire pacáistíochta a liostaítear i dTábla 1, agus cuirfear san áireamh an mhodheolaíocht a bhunaítear faoi Airteagal 6(4), agus na gníomhartha tarmligthe gaolmhara, chomh maith leis na paraiméadair a bhunaítear i dTábla 4. Tar éis na critéir a mheá de réir an aonaid pacáistíochta, déanfar é a aicmiú i gcatagóirí A, B nó C. I gcás ina mbeidh grád feidhmíochta in-athchúrsáilteachta aonaid pacáistíochta faoi bhun 70 %, measfar nach gcomhlíonann sé na gráid feidhmíochta in-athchúrsáilte agus, dá bhrí sin, measfar an phacáistíocht a bheith neamh-inathchúrsáilte go teicniúil agus cuirfear srian lena chur ar an margadh.
Ó 2035 ar aghaidh, cuirfear fachtóir nua leis an measúnú ar in-athchúrsáilteacht, is é sin an measúnú ar an athchúrsáilte ar an mórchóir. Dá bhrí sin, déanfar measúnú nua bunaithe ar chainníocht (meáchan) an ábhair a athchúrsáiltear go héifeachtach ó gach ceann de na catagóirí pacáistíochta i gcomhréir leis an modheolaíocht a bhunaítear sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi Airteagal 6(5). Saineofar na tairseacha a bhaineann leis na hábhair phacáistíochta athchúrsáilte bhliantúla le haghaidh chomhlíonadh an mheasúnaithe ar an athchúrsáil ar an mórchóir agus an spriocanna a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (39), á cur san áireamh.
|
2030 |
2035 |
2038 |
|||||
|
Gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta |
Dearadh le haghaidh athchúrsála (DaA) Measúnú ar in-athchúrsáilteacht in aghaidh an aonaid, i dtéarmaí meáchain |
Grád feidhmíochta in-athchúrsáilteachta (le haghaidh DaA) |
Dearadh le haghaidh athchúrsála (DaA) Measúnú ar in-athchúrsáilteacht in aghaidh an aonaid, i dtéarmaí meáchain |
Gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta (le haghaidh an mheasúnaithe ar an athchúrsáil ar an mórchóir) |
Gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta |
Dearadh le haghaidh athchúrsála (DaA) Measúnú ar in-athchúrsáilteacht in aghaidh an aonaid, i dtéarmaí meáchain |
Gráid feidhmíochta in-athchúrsáilteachta (le haghaidh an mheasúnaithe ar an athchúrsáil ar an mórchóir) |
|
Grád A |
níos mó ná 95 % nó cothrom leis sin |
Grád A |
níos mó ná 95 % nó cothrom leis sin |
Grád A AaM |
Grád A |
níos mó ná 95 % nó cothrom leis sin |
Grád A AaM |
|
Grád B |
níos mó ná 80 % nó cothrom leis sin |
Grád B |
níos mó ná 80 % nó cothrom leis sin |
Grád B AaM |
Grád B |
níos mó ná 80 % nó cothrom leis sin |
Grád B AaM |
|
Grád C |
níos mó ná 70 % nó cothrom leis sin |
Grád C |
níos mó ná 70 % nó cothrom leis sin |
Grád C AaM |
Grád C NÍ FÉIDIR IAD A CHUR AR AN MARGADH |
níos mó ná 70 % nó cothrom leis sin |
Grád C AaM |
|
DO-ATHCHÚRSÁILTE GO TEICNIÚIL |
níos ísle ná 70 % |
DO-ATHCHÚRSÁILTE GO TEICNIÚIL |
níos ísle ná 70 % |
NÍ DHÉANTAR A ATHCHÚRSÁIL AR AN MÓRCHÓIR (faoi bhun thairseacha Airteagal 3(1), pointe (39). |
DO-ATHCHÚRSÁILTE GO TEICNIÚIL |
níos ísle ná 70 % |
NÍ DHÉANTAR A ATHCHÚRSÁIL AR AN MÓRCHÓIR (faoi bhun thairseacha Airteagal 3(1), pointe (39). |
Tábla 4
Liosta neamh-uileghabhálach de pharaiméadair maidir le critéir ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’ a shocrú faoi Airteagal 6
Úsáidfear an liosta sa Tábla seo mar bhonn agus critéir maidir le ’dearadh le haghaidh athchúrsála mar a leagtar amach in Airteagal 6(4) á sainiú. Úsáidfear na critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála ansin chun na ríomhanna a shocrú as a dtiocfaidh na gráid feidhmíochta a liostaítear i dTábla 3. Ina theannta sin, déanfar an méid seo a leanas a mheas sa mheasúnú ar na paraiméadair a leagtar amach sa liosta sin:
|
— |
indeighilteacht aon chomhpháirt den phacáistíocht, de láimh ag úsáideoirí deiridh nó i monarchana próiseála, |
|
— |
éifeachtúlacht na bpróiseas sórtála agus athchúrsála, mar shampla, toradh, |
|
— |
éabhlóid na dteicneolaíochtaí sórtála agus athchúrsála (chun aghaidh a thabhairt ar an gcás nach féidir an phacáistíocht a shórtáil sa lá atá inniu ann ach go bhféadfadh sí a bheith insórtáilte faoi cheann 2 bhliain), agus |
|
— |
feidhmiúlacht amhábhar tánaisteach a chaomhnú ionas gur féidir amhábhair phríomhúla a ionadú. |
Déanfar an fheidhmiúlacht phacáistíochta a thugtar don phacáistíocht leis na paraiméadair seo a leanas a chur san áireamh agus na critéir maidir le dearadh le haghaidh athchúrsála á socrú.
|
Paraiméadair le haghaidh na gcritéar ‘dearadh le haghaidh athchúrsála’ |
Ábharthacht an pharaiméadair |
|
Breiseáin |
Is minic a thagraíonn breiseáin do shubstaintí a chuirtear le hábhair chun airíonna sonracha a thabhairt dóibh. Is féidir é a bheith mar thoradh ar bhreiseáin a bheith i láthair sna coimeádáin phacáistíochta go ndéantar na hábhair phacáistíochta a shórtáil go mícheart le linn an phróisis sórtála agus go ndéantar na hamhábhair thánaisteacha a eascraíonn astu a éilliú. |
|
Lipéid |
Is féidir le ráta cumhdaigh na lipéad difear a dhéanamh d’éifeachtúlacht an phróisis sórtála. Déanann an t-ábhar a bhfuil an lipéad déanta as agus an cineál gliú/greamacháin difear freisin do cháilíocht an amhábhair thánaistigh. |
|
Muinchillí |
Bíonn tionchar ag ráta cumhdaigh na muinchille ar chabhail na pacáistíochta ar na féidearthachtaí maidir le sórtáil. Ina theannta sin, is féidir le húsáid muinchillí difear a dhéanamh don chumas iad a scaradh ó chabhail na pacáistíochta. Is féidir leis an ábhar a bhfuil an mhuinchille déanta as difear a dhéanamh d’insórtáilteacht agus d’in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta. |
|
Dúntáin agus comhpháirteanna beaga eile pacáistíochta |
Tagraíonn dúntáin do chomhpháirteanna a úsáidtear chun an phacáistíocht a dhúnadh nó a shéalú. D’fhéadfadh cineálacha éagsúla dúntán a bheith i gceist, docht nó solúbtha, amhail crapchlúdach a thugann fianaise ar chrioscaíl, líneálacha, claibíní, cláir, séalaí, comhlaí etc. Is féidir leis an ábhar a bhfuil na dúntáin déanta as difear a dhéanamh d’insórtáilteacht agus d’in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta. Dúntáin nach bhfuil ceangailte go daingean den phacáistíocht, féadfaidh siad cur leis an mbruscar. Is féidir le comhpháirteanna beaga pacáistíochta atá ceangailte de chabhail na pacáistíochta difear a dhéanamh d’indeighilteacht agus d’in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta. Ina theannta sin, is féidir na comhpháirteanna a chailliúint sa phróiseas sórtála agus athchúrsála. |
|
Greamacháin |
Is féidir greamacháin a úsáid sa chaoi gur féidir iad a dheighilt go héasca sa phróiseas athchúrsála nó go bhféadfaidh an t-úsáideoir deiridh iad a dheighilt nó sa chaoi nach ndéantar difear d’éifeachtúlacht na bpróiseas sórtála agus athchúrsála. Is féidir le hiarmhair ghreamaitheacha a fhágtar ar an bpacáistíocht cáilíocht (íonacht) na n-amhábhar tánaisteach a íosghrádú. Is féidir a áirithiú le greamacháin in-nite go ndéantar an scaradh ó chabhail na pacáistíochta agus nach bhfanfaidh aon iarmhar greamaitheach san amhábhar tánaisteach. |
|
Dathanna |
Is éard is dath ann substaintí a chuireann dath ar an ábhar pacáistíochta. Is féidir le hábhair thromdhaite i bpáipéar nó i bplaistigh a bheith ina gcúis le fadhbanna maidir le sórtáil agus is féidir leo cáilíocht na n-amhábhar tánaisteach a íosghrádú. |
|
Comhdhéanamh ábhar |
Is fearr úsáid a bhaint as aon-ábhair nó as teaglamaí ábhar lena gceadaítear deighilt éasca agus lena n-áirithítear táirgeacht ard amhábhar tánaisteach. |
|
Bacainní / cótáil |
An t-ábhar nó an tsubstaint a chuirtear le hábhar chun airíonna bacainne a thabhairt (bacainn), nó éagsúlacht ábhar a chuirtear ar an dromchla chun airíonna eile a thabhairt (cótáil). D’fhéadfadh sé go mbeadh sé níos deacra athchúrsáil a dhéanamh mar gheall ar bhacainní nó cótáil laistigh den phacáistíocht a bheith ann. Is fearr na teaglamaí lena n-áirithítear táirgeacht ard na n-amhábhar tánaisteach. |
|
Dúigh agus laicir / priontáil / códú |
Is meascáin iad dúigh agus laicir de dhatháin agus de shubstaintí eile a chuirtear ar an ábhar trí phróiseas priontála nó cótála (dúigh) nó cótáil chosanta atá déanta as roisín nó eistear ceallalóis, nó an dá rud, arna dtuaslagadh i dtuaslagóir so-ghalaithe (laicir). Tagraíonn códú do phriontáil a chuirtear i bhfeidhm go díreach ar phacáistíocht díolacháin ar mhaithe le baisc-chódú agus faisnéis agus brandáil eile. Cuireann úsáid dúigh le substaintí ar údar imní iad bac ar athchúrsáil, ós rud é nach féidir na haonaid phacáistíochta sin a athchúrsáil. Is féidir le dúigh phriontála an sruth athchúrsála a thruailliú tríd an uisce níocháin nuair a scaoiltear iad. Ar an gcaoi chéanna, is féidir le dúigh phriontála nach scaoiltear dochar a dhéanamh do thrédhearcacht an tsrutha athchúrsála. |
|
Iarmhair táirgí / éascaíocht an fholmhaithe |
Is féidir le hiarmhair d’ábhar na pacáistíochta difear a dhéanamh d’insórtáilteacht agus d’in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta. Le dearadh na pacáistíochta, ba cheart a bheith in ann é a fholmhú go héasca agus nuair a dhiúscraítear í, ba cheart é a bheith i riocht lándraenáilte. |
|
Éascaíocht díchóimeála |
Is féidir le comhpháirteanna atá ceangailte go daingean dá chéile difear a dhéanamh d’insórtáilteacht agus d’in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta. Is féidir le dearadh pacáistíochta an fhéidearthacht comhpháirteanna éagsúla a dheighilt i sruthanna ábhair éagsúla a éascú. |
(1) Tabhair faoi deara go bhfuil plaistigh sa chatagóir seo atá in-bhithdhíghrádaithe go héasca (rud a chiallaíonn go bhfuil cumas cruthaithe iontu > 90 % den ábhar bunaidh a thiontú ina CO2, uisce agus mianraí trí phróisis bhitheolaíocha laistigh de 6 mhí) agus gan beann ar an mbunábhar a úsáidtear chun iad a tháirgeadh. Polaiméirí bithbhunaithe nach bhfuil in-bhithdhíghrádaithe go héasca, cumhdaítear iad faoi na catagóirí plaisteacha ábhartha eile.
IARSCRÍBHINN III
Pacáistíocht inmhúirínithe
Coinníollacha le cur san áireamh agus úsáid formáide pacáistíochta inmhúirínithe á sainordú nó á tionscnamh:
|
(a) |
ní fhéadfaí í a dhearadh mar phacáistíocht in-athúsáidte ná ní fhéadfaí na táirgí a chur ar an margadh gan phacáistíocht; |
|
(b) |
deartar í chun dul isteach sa sruth dramhaíola orgánach i ndeireadh a saolré; |
|
(c) |
is de chineál chomh hin-bhithdhíghrádaithe sin í gur féidir leis an bpacáistíocht dul faoi dhianscaoileadh fisiciúil nó bitheolaíoch, lena n-áirítear díleá anaeróbach, as a dtagann ar deireadh tiontú i ndé-ocsaíd charbóin agus uisce, bithmhais mhiocróbach nua, salainn mhianracha, agus, in éagmais ocsaigine, meatán; |
|
(d) |
lena húsáid méadaítear bailiú dramhaíola orgánaí go suntasach i gcomparáid le húsáid ábhar pacáistíochta neamh-inmhúirínithe; |
|
(e) |
lena húsáid laghdaítear go suntasach ar éilliú múirín le pacáistíocht neamh-inmhúirínithe agus ní chruthaítear aon fhadhbanna i bpróiseáil bithdhramhaíola; |
|
(f) |
lena húsáid ní mhéadaítear éilliú sruthanna dramhphacáistíochta neamh-inmhúirínithe. |
IARSCRÍBHINN IV
Modheolaíocht le haghaidh measúnú íoslaghdúcháin pacáistíochta
Cuid A
Critéir feidhmiúcháin
|
1. |
Cosaint táirge: leis an dearadh pacáistíochta áiritheofar cosaint an táirge ó thaobh pacáistíochta nó líonadh go dtí an úsáid deiridh, d’fhonn cosc a chur le damáiste, caillteanas, meathlú nó dramhaíl táirge ar mórscála. D’fhéadfadh cosaint ar dhamáiste meicniúil nó ceimiceach, creathadh, comhbhrú, bogthaise, cailliúint taise, ocsaídiú, solas, ocsaigin, ionfhabhtú micribhitheolaíoch, lotnaidí, meathlú ar thréithe orgánaileipteacha etc. a bheith i gceist leis na ceanglais agus is féidir go n-áireofar orthu tagairtí do dhlí sonrach de chuid an Aontais lena leagtar amach ceanglais maidir le cáilíocht táirgí. |
|
2. |
Próisis monaraíochta pacáistíochta: beidh dearadh na pacáistíochta comhoiriúnach leis na próisis monaraíochta agus líonta pacáistíochta. Leis na próisis monaraíochta pacáistíochta, féadfar eilimintí deartha na pacáistíochta a chinneadh, amhail cruth coimeádáin, lamháltais tiús, méid, indéantacht uirlisiúcháin, nó sonraíochtaí lena n-íoslaghdaítear an dramhaíl sa mhonaraíocht. D’fhéadfadh sé go n-éileodh na próisis a oibríonn monaróir táirgí freisin gnéithe dearaidh áirithe a bheith sa phacáistíocht, amhail tuairtfhiotaíocht agus strusfhriotaíocht, neart meicniúil, luas agus éifeachtúlacht líne pacála, cobhsaíocht in iompar, teasfhriotaíocht, dúnadh éifeachtach, idirspás íosta, nó sláinteachas. |
|
3. |
Lóistíocht: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar dáileadh, iompar, láimhseáil agus stórasú leordhóthanach agus sábháilte maidir leis an táirge pacáistithe. D’fhéadfadh comhordú toiseach maidir leis an úsáid spáis is fearr is féidir, comhoiriúnacht le córais phailléidiúcháin agus díphailléidiúcháin, córas láimhseála agus stórasúcháin, agus sláine an chórais pacáistíochta le linn iompair agus láimhseála a bheith i gceist leis na ceanglais. |
|
4. |
Feidhmiúlacht na pacáistíochta: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar a feidhmiúlacht agus cuspóir an táirge agus saintréithe an táirge á gcur san áireamh a chuireann lena dhíol, amhail díolacháin chun críoch bronntanais nó nuair a tharlaíonn teagmhais shéasúracha. |
|
5. |
Ceanglais faisnéise: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar gur féidir aon fhaisnéis is gá maidir leis an táirge pacáistithe féin, maidir lena úsáid, lena stóráil agus lena chúram, lena n-áirítear treoracha sábháilteachta, a sholáthar d’úsáideoirí deiridh. D’fhéadfadh faisnéis faoin táirge, treoracha maidir le stóráil, cur i bhfeidhm agus úsáid, barrachóid, agus an dáta ‘b’fhearr roimh’ a sholáthar a bheith i gceist leis na ceanglais. |
|
6. |
Sláinteachas agus sábháilteacht: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar sábháilteacht an úsáideora agus an tomhaltóra chomh maith le sábháilteacht agus sláinteachas an táirge ar fud dháileadh, úsáid deiridh agus dhiúscairt an táirge phacáistithe. D’fhéadfadh ceanglais maidir le dearadh láimhseála sábháilte, friotaíocht leanaí, frithchrioscaíl, frithghadaíocht, frith-ghóchumadh, rabhaidh ghuaise, sainaithint shoiléir ábhair, feiste oscailte shábháilte nó dúnadh scaoilte brú a bheith i gceist leis na ceanglais. |
|
7. |
Ceanglais dlí: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar gur féidir leis an bpacáistíocht agus leis an táirge pacáistithe an dlí is infheidhme a chomhlíonadh. |
|
8. |
Ábhar athchúrsáilte, in-athchúrsáilteacht agus athúsáid: leis an dearadh pacáistíochta áiritheofar in-athúsáidteacht, in-athchúrsáilteacht agus cuimsiú ábhair athchúrsáilte mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo. Má bheartaítear an phacáistíocht a athúsáid, comhlíonfaidh sí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11(1). Ciallaíonn sin go bhféadfadh sé gur ghá meáchan nó toirt na pacáistíochta a mhéadú thar an méid a bheadh indéanta ar shlí eile faoi na fachtóirí feidhmíochta eile ar mhaithe le, mar shampla, líon níos airde turas nó uainíochtaí a dhéanamh, cuimsiú ábhair athchúrsáilte a éascú nó in-athchúrsáilteacht a fheabhsú (mar shampla nuair atáthar ag bogadh chuig aon-ábhar nó chuig ábhar athchúrsáilte iar-thomhaltóra). |
Cuid B
Modheolaíocht mheasúnaithe agus cinneadh mhéid agus mheáchan íosta na pacáistíochta
An measúnú ar mhéid agus meáchan íosta na pacáistíochta is gá chun an fheidhmiúlacht phacáistíochta a áirithiú mar a thuairiscítear in Airteagal 3(1), pointe (1), míneofar é sa doiciméadacht theicniúil agus áireofar leis an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
an tuairisc ar thoradh an mheasúnaithe, lena n-áirítear na mionsonraí maidir le ríomh an mheáchain agus an mhéid íosta is gá le haghaidh na pacáistíochta; athruithe féideartha idir baisceanna táirgeachta le haghaidh na pacáistíochta céanna, cuirfear san áireamh iad agus déanfar iad a dhoiciméadú; |
|
(b) |
le haghaidh gach critéir feidhmíochta a liostaítear i gCuid A, tuairisc ina míneofar tuairisc an ceanglas dearaidh lena gcuirfear cosc ar aon laghdú breise ar mheáchan nó méid na pacáistíochta gan an fheidhmiúlacht phacáistíochta a chur i mbaol, lena n-áirítear sábháilteacht agus sláinteachas, le haghaidh an táirge phacáistithe, na pacáistíochta agus an úsáideora; tabharfar tuairisc ar an modh a úsáidtear chun na ceanglais dearaidh sin a shainaithint, agus tabharfar míniú ar na cúiseanna lena gcuirtear cosc le meáchan nó méid na pacáistíochta a laghdú a thuilleadh; scrúdófar na deiseanna laghdúcháin uile a bhaineann le hábhar pacáistíochta ar leith, amhail aon chiseal iomarcach nach gcomhlíonann feidhm phacáistíochta a laghdú; ní mheasfar gur leor ábhar pacáistíochta amháin a ionadú le hábhar pacáistíochta eile; |
|
(c) |
aon toradh tástála, taighde margaidh nó staidéar a úsáideadh le haghaidh an mheasúnaithe a rinneadh faoi phointí (a) agus (b). |
IARSCRÍBHINN V
Srianta maidir le formáidí pacáistíochta a úsáid
|
|
Formáid phacáistíochta |
Úsáid shrianta |
Sampla léiritheach |
||||
|
1. |
Pacáistíocht ghrúpáilte phlaisteach aon úsáide |
Pacáistíocht phlaisteach aon úsáide a úsáidtear ag an díolphointe chun grúpáil a dhéanamh ar earraí a dhíoltar i mbuidéil, cannaí, stáin, potaí, tobáin agus pacáistí a dheartar mar phacáistíocht áise chun cur ar chumas tomhaltóirí níos mó ná táirge amháin a cheannach nó iad a spreagadh chun é sin a dhéanamh. Eisiatar leis sin pacáistíocht ghrúpáilte is gá chun láimhseáil a éascú. |
Scannáin chomhthiomsaithe, crapchlúdach |
||||
|
2. |
Pacáistíocht phlaisteach aon úsáide le haghaidh torthaí agus glasraí úra neamhphróiseáilte |
Pacáistíocht phlaisteach aon úsáide le haghaidh níos lú ná 1,5 kg de thorthaí agus glasraí réamhphacáilte úra. Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a shocrú i ndáil leis an srian sin má tá gá léirithe ann caillteanas uisce nó caillteanas borrthachta, guaiseacha micribhitheolaíocha nó suaití fisiciúla nó ocsaídiú, a sheachaint, nó mura bhfuil aon fhéidearthacht eile ann meascadh torthaí agus glasraí orgánacha le torthaí agus glasraí neamhorgánacha a sheachaint i gcomhréir leis na ceanglais i Rialachán (AE) Uimh. 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), maidir le deimhniúchán nó lipéadú, gan costais dhíréireacha eacnamaíocha agus riaracháin a bheith i gceist. |
Eangacha, málaí, tráidirí, coimeádáin |
||||
|
3. |
Pacáistíocht phlaisteach aon úsáide |
Pacáistíocht phlaisteach aon úsáide le haghaidh bianna agus deochanna a líontar agus a óltar laistigh den áitreabh in earnáil HORECA, lena n-áirítear na limistéir itheacháin uile laistigh agus lasmuigh d’áit ghnó, a chumhdaítear le táblaí agus stólta, limistéir sheasaimh agus limistéir itheacháin a thairgeann oibreoirí eacnamaíocha éagsúla nó tríú páirtí i gcomhpháirt do na húsáideoirí deiridh chun bia agus deochanna a thomhailt. Díolmhaítear bunaíochtaí in earnáil HORECA nach bhfuil rochtain acu ar uisce óil. |
Tráidirí, plátaí agus cupáin indiúscartha, málaí,, boscaí |
||||
|
4. |
Pacáistíocht phlaisteach aon úsáide le haghaidh tarsann, leasaitheach, anlann, uachtar bréige caife, siúcra agus blastáin in earnáil HORECA |
Pacáistíocht phlaisteach aon úsáide in earnáil HORECA, ina mbíonn riar nó díol do dhuine amháin, a úsáidtear le haghaidh tarsann, leasaitheach, anlann, uachtar bréige caife, siúcra agus blastáin, seachas sna cásanna a leanas:
|
Saicíní, tobáin, tráidirí, boscaí |
||||
|
5. |
Pacáistíocht aon úsáide san earnáil chóiríochta atá beartaithe le haghaidh áirithint aonair |
Pacáistíocht aon úsáide le haghaidh cosmaidí, táirgí sláinteachais agus níocháin lena n-úsáid san earnáil chóiríochta, mar a thuairiscítear in NACE Ath. 2 — Aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha, nach bhfuil beartaithe ach d’áirithint aonair amháin agus a bhfuil sé beartaithe é a dhiúscairt sula dtagann an chéad aoi eile. |
Buidéil seampú, buidéil lóise láimhe agus coirp, saicíní timpeall a bharraí gallúnaí |
||||
|
6. |
Málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom |
Málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom, ach amháin i gcás málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom a bhfuil gá leo ar chúiseanna sláinteachais nó a sholáthraítear mar phacáistíocht díolacháin le haghaidh bia scaoilte nuair a chuidíonn sin chun cur amú bia a chosc. |
Málaí an-tanaí arna gcur ar fáil le haghaidh bulc-earraí grósaera |
(1) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
IARSCRÍBHINN VI
Ceanglais a bhaineann go sonrach leis na córais athúsáide agus athlíonta
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn ‘treoirlínte rialachais’ struchtúr rialachais córais athúsáide lena sainítear ról na rannpháirtithe sa chóras, úinéireacht agus aon aistriú úinéireachta pacáistíochta atá beartaithe, chomh maith le gnéithe ábhartha eile rialachais den chóras athúsáide mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn seo; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘córas lúbiata’ córas athúsáide ina scaipeann oibreoir córais nó grúpa comhair de rannpháirtithe córais pacáistíocht in-athúsáidte gan athrú úinéireachta ar an bpacáistíocht; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘córas lúboscailte’ córas athúsáide ina scaiptear pacáistíocht in-athúsáidte i measc líon neamhshonraithe rannpháirtithe córais agus ina n-athraíonn úinéireacht na pacáistíochta ag pointe amháin nó níos mó sa phróiseas athúsáide; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘oibreoir córais’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ina rannpháirtí córais agus a bhainistíonn córas athúsáide; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘rannpháirtí córais’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a ghlacann páirt sa chóras athúsáide agus a dhéanann ceann amháin ar a laghad de na bearta seo a leanas: bailíonn sé an phacáistíocht ó úsáideoirí deiridh nó ó rannpháirtithe córais eile, déanann sé í a athriochtú, dáileann sé i measc rannpháirtithe córais í, iompraíonn sé í, líonann sé le táirgí í, pacálann sé í, nó tairgeann sé d’úsáideoirí deiridh í; is féidir le córas athúsáide a bheith comhdhéanta de rannpháirtí córais amháin nó níos mó. |
Cuid A
Ceanglais le haghaidh córais athúsáide
1. Ceanglais ghinearálta le haghaidh córais athúsáide
Maidir le gach córas athúsáide::
|
(a) |
beidh struchtúr rialachais acu a shaineofar go soiléir mar a thuairiscítear sna treoirlínte maidir le rialachas; |
|
(b) |
beidh struchtúr rialachais acu lena ndéanfar an méid seo a leanas:
|
|
(c) |
beidh siad deartha chun a áirithiú go gcríochnóidh an phacáistíocht in-athúsáidte a bhfuil uainíocht á déanamh orthu laistigh den íoslíon uainíochtaí atá beartaithe di ar a laghad, a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 11(2); |
|
(d) |
beidh rialacha acu lena sainmhínítear a bhfeidhmiú, lena n-áirítear ceanglais le haghaidh úsáid phacáistíochta, a nglacann na rannpháirtithe córais uile leo, agus ar cheart an méid seo a leanas a dhéanamh leo:
|
|
(e) |
beidh oibreoir córais acu a rialaíonn feidhmiú cuí an chórais agus a fhíoraíonn cé acu atá nó nach bhfuil an athúsáid cumasaithe go cuí; |
|
(f) |
beidh rialacha maidir le tuairisciú acu lena gceadaítear rochtain a fháil ar shonraí ar an líon líontaí nó athúsáidí (i.e. uainíochtaí in aghaidh na catagóire), agus diúltuithe, ráta bailiúcháin (i.e. rátaí tabhairt ar ais) aonaid díolacháin nó aonaid choibhéiseacha, lena n-áirítear an t-ábhar agus in aghaidh na catagóire, nó meánmheastachán mura bhfuil an ríomh indéanta, líon na n-aonad pacáistíochta in-athúsáidte nó in-athlíonta a cuireadh leis an gcóras agus líon na n-aonad pacáistíochta a láimhseáladh sa phlean deireadh ré; |
|
(g) |
áiritheoidh siad go ndéantar dearadh na pacáistíochta a leagan síos i gcomhréir le sonraíochtaí nó caighdeáin arna gcomhaontú go frithpháirteach; |
|
(h) |
áiritheoidh siad dáileadh cothrom costas agus tairbhí do na rannpháirtithe córais uile; |
|
(i) |
áirithítear go gcuirfear chun feidhme na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora le haghaidh na pacáistíochta in-athúsáidte a úsáideadh sa chóras agus a tháinig chun bheith ina dramhaíl. |
Beidh na córais lúboscailte nach bhfuil oibreoir córais acu díolmhaithe ó phointí (b)(i), (e), (f) agus (h).
Beidh na córais lúboscailte a bunaíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo díolmhaithe ó na ceanglais faoi phointí (a), (b)(i) agus (ii), (e), (f) agus (h).
2. Ceanglais le haghaidh córais lúbiata
De bhreis ar na ceanglais ghinearálta maidir le córais athúsáide a liostaítear faoi phointe 1, comhlíonfaidh córais lúbiata na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
tá lóistíocht aisiompaithe ag an gcóras lena n-éascaítear aistriú na pacáistíochta ó na húsáideoirí deiridh ar ais chuig na rannpháirtithe córais; |
|
(b) |
leis an gcóras áirithítear bailiú, athriochtú agus athdháileadh na pacáistíochta; |
|
(c) |
tá oibleagáid ar rannpháirtithe córais an phacáistíocht a thabhairt ar ais ón bpointe bailiúcháin má úsáideadh, má bailíodh agus má stóráladh í i gcomhréir leis na rialacha córais. |
3. Ceanglais le haghaidh córais lúboscailte
De bhreis ar na ceanglais ghinearálta maidir le córais athúsáide a liostaítear faoi phointe 1, comhlíonfaidh córais lúbiata na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
tar éis úsáid a bhaint as an bpacáistíocht, cinneann an rannpháirtí córais an athúsáidfidh sé an phacáistíocht nó an gcuirfidh sé ar aghaidh chuig rannpháirtí córais eile í lena hathúsáid; |
|
(b) |
leis an gcóras áirithítear go bhfuil bailiú, athriochtú agus athdháileadh na pacáistíochta i bhfeidhm agus ar fáil go ginearálta; |
|
(c) |
tá athriochtú lena gcomhlíontar na ceanglais faoi Chuid B mar chuid den chóras. |
Cuid B
Athriochtú
|
1. |
Leis an bpróiseas athriochtúcháin ní chruthófar rioscaí do shláinte agus sábháilteacht na ndaoine sin atá freagrach as athriochtú na pacáistíochta agus déanfar tionchar an phróisis sin ar an gcomhshaol a íoslaghdú. Oibreofar é i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme maidir le hábhair atá íogair ó thaobh teagmhála de, dramhaíl agus astaíochtaí tionsclaíocha. |
|
2. |
Le hathriochtú cumhdófar na hoibríochtaí seo a leanas a oiriúnaítear don fhormáid phacáistíochta in-athúsáidte agus dá húsáid bheartaithe:
|
|
3. |
I gcás inar gá, déanfar próisis ghlantacháin agus níocháin ag céimeanna éagsúla den athriochtú agus déanfar an athuair iad. |
|
4. |
Comhlíonfaidh an táirge athriochtaithe na ceanglais sláinte agus sábháilteachta atá infheidhme maidir leis. |
Cuid C
Ceanglais le haghaidh athlíonadh
Comhlíonfaidh stáisiúin athlíonta an na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
taispeántar faisnéis shoiléir agus bheacht ag an stáisiún athlíonta maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
cuimsítear feiste tomhais sa stáisiún athlíonta nó cuireann siad modh malartach ar fáil chun a áirithiú go mbeidh cainníocht shonraithe den táirge le roghnú ag an úsáideoir deiridh; |
|
(c) |
ní dhéantar meáchan an choimeádáin athlíonta a áireamh sa phraghas a íocann na húsáideoirí deiridh. |
IARSCRÍBHINN VII
Nós imeachta um measúnú comhréireachta
Modúl A
Rialú inmheánach táirgthe
|
1. |
Is é atá i rialú inmheánach táirgthe an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3 agus 4 agus ina ndéanann sé a áirithiú agus a dhearbhú faoina fhreagracht amháin go gcomhlíonann an phacáistíocht lena mbaineann ceanglais Airteagail 5 go 12 den Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir léi. |
2. Doiciméadacht theicniúil
Is é an monaróir a bhunóidh an doiciméadacht theicniúil. De bhíthin na doiciméadachta sin, féadfar measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na pacáistíochta leis na ceanglais; áireofar sa doiciméadacht anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí neamhchomhréireachta.
Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is ábhartha don mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú na pacáistíochta. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh, cibé acu is infheidhme, sa doiciméadacht theicniúil:
|
(a) |
tuairisc ghinearálta ar an bpacáistíocht agus ar a húsáid bheartaithe; |
|
(b) |
dearadh coincheapúil, líníochtaí agus ábhair mhonaraíochta na gcomhpháirteanna; |
|
(c) |
na tuairiscí agus na mínithe is gá chun na líníochtaí dá bhforáiltear faoi phointe (b) a thuiscint agus na scéimeanna agus oibriú na pacáistíochta; |
|
(d) |
liosta den mhéid seo a leanas:
|
|
(e) |
tuairisc cháilíochtúil ar an gcaoi a ndearnadh na measúnuithe dá bhforáiltear in Airteagail 6, 10 agus 11; agus |
|
(f) |
tuarascálacha tástála. |
3. Monaraíocht
Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus an faireachán a dhéanfar air go gcomhlíonfar leis an bpacáistíocht mhonaraithe an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2 agus na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 1.
4. Dearbhú comhréireachta
Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn le haghaidh gach cineál pacáistíochta agus coimeádfaidh sé é i dteannta na doiciméadachta teicniúla lena chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta go ceann 5 bliana tar éis pacáistíocht aon úsáide a chur ar an margadh, agus 10 mbliana tar éis pacáistíocht in-athúsáidte a chur ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta, sainaithneofar an phacáistíocht ar lena haghaidh a tarraingíodh suas í.
Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.
5. Ionadaí údaraithe
Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra a oibleagáidí a leagtar amach i bpointe 4, a mhéid a bhaineann leis an doiciméadacht theicniúil a choinneáil, a chomhlíonadh thar ceann an mhonaróra agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear na hoibleagáidí sa sainordú.
IARSCRÍBHINN VIII
Dearbhú comhréireachta AE uimh. (*1) …
1.
Uimh.... (sainaithint uathúil na pacáistíochta):
2.
Ainm agus seoladh an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe:
3.
Is faoi chúram an mhonaróra amháin a eisítear an dearbhú comhréireachta sin:
4.
Cuspóir an dearbhaithe (sainaithint na pacáistíochta lena gceadaítear inrianaitheacht): tuairisc ar an bpacáistíocht:
5.
Tá cuspóir an dearbhaithe dá dtagraítear i bpointe 4 i gcomhréir le reachtaíocht comhchuibhithe ábhartha an Aontais: … (tagairt do na gníomhartha eile de chuid an Aontais atá i bhfeidhm):
6.
Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó do na sonraíochtaí comhchoiteanna atá in úsáid nó tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla eile a ndearbhaítear comhréireacht maidir leo:
7.
I gcás inarb infheidhme, rinne an comhlacht a dtugtar fógra dó … (ainm, seoladh, uimhir) … (tuairisc ar an aireagán) … agus d’eisigh sé an deimhniú/na deimhnithe: … (mionsonraí, lena n-áirítear dáta an deimhnithe nó na ndeimhnithe, agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis maidir le fad agus coinníollacha a bhailíochta):
8.
Faisnéis bhreise:Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann:
(an áit agus an dáta eisiúna):
(ainm, feidhm) (síniú):
(*1) (uimhir aitheantais an dearbhaithe)
IARSCRÍBHINN IX
Faisnéis le haghaidh clárú agus tuairisciú don chlár dá dtagraítear in Airteagal 44
Cuid A
Faisnéis le cur isteach ar chlárú
|
1. |
Leis an bhfaisnéis atá le cur isteach ag an táirgeoir nó ag a ionadaí údaraithe maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora áireofar an méid seo a leanas:
|
|
2. |
I gcás ina gcuirtear é ar iontaoibh eagraíochta um fhreagracht táirgeoirí oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a dhéanamh, leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag an táirgeoir áireofar ainm agus mionsonraí teagmhála, lena n-áirítear cód poist agus áit, sráid agus uimhir, tír, teileafón, seoladh gréasáin agus seoladh ríomhphoist agus cód céannachta náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, lena n-áirítear an uimhir cláir trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach agus uimhir aitheantais chánach Eorpach nó náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, sainordú an táirgeora ionadaithe, agus ráiteas ón táirgeoir nó, i gcás inarb infheidhme, ó ionadaí údaraithe an táirgeora maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora nó na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, á rá go bhfuil an fhaisnéis atá á soláthar fíor. |
|
3. |
I gcás eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a ndeachaigh an táirgeoir ar a hiontaoibh na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora a dhéanamh mar a thagraítear dóibh in Airteagal 46(1), agus a bhfuil an oibleagáid maidir le clárú a leagtar amach in Airteagal 44 á dhéanamh aici, déanfaidh sí, i dteannta na faisnéise a cheanglaítear faoi phointe 1 den Chuid seo, an méid seo a leanas a sholáthar:
|
Cuid B
Faisnéis atá le cur isteach le haghaidh tuairiscithe
|
1. |
Faisnéis atá le cur isteach le haghaidh tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 44(7):
|
|
2. |
Faisnéis atá le cur isteach le haghaidh tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 44(8):
|
Tábla 1
|
|
Cainníochtaí de réir meáchain a cuireadh ar fáil ar chríoch Ballstáit nó a rinneadh a dhíphacáil |
|
Gloine |
|
|
Plaisteach |
|
|
Páipéar/cairtchlár |
|
|
Miotal feiriúil |
|
|
Alúmanam |
|
|
Adhmad |
|
|
Eile |
|
|
Iomlán |
|
|
3. |
Faisnéis atá le cur isteach le haghaidh tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 44(10):
|
IARSCRÍBHINN X
Íoscheanglais le haghaidh córais aisíoctha éarlaise
Chun críoch na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas:
ciallaíonn ‘oibreoir córais’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, a gcuirtear de chúram air córas aisíoctha éarlaise a bhunú nó a oibriú i mBallstát.’
Íoscheanglais ghinearálta le haghaidh córais aisíoctha éarlaise
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíontar na híoscheanglais seo a leanas leis na córais aisíoctha éarlaise a bhunaítear ar a gcríocha:
|
(a) |
tá oibreoir córais aonair bunaithe nó ceadúnaithe nó, i gcás ina bhfuil níos mó ná oibreoir córais amháin ann, glacfaidh an Ballstát bearta chun comhordú a áirithiú idir na hoibreoirí córais éagsúla; |
|
(b) |
le rialachas agus rialacha oibriúcháin gaolmhara an chórais déantar foráil do rochtain chomhionann agus coinníollacha cothroma le haghaidh na n-oibreoirí eacnamaíocha uile ar mian leo teacht chun bheith mar chuid den chóras, ar choinníoll go ndéanann siad pacáistíocht a bhaineann le cineál nó catagóir phacáistíochta a áirítear sa chóras a chur ar fáil ar an margadh; |
|
(c) |
tá nósanna imeachta um rialú agus córais tuairiscithe curtha ar bun lena gceadaítear don oibreoir córais sonraí a fháil maidir le bailiú na pacáistíochta a chumhdaítear leis an gcóras aisíoctha éarlaise; |
|
(d) |
bunaítear íosleibhéal éarlaise, rud atá leordhóthanach chun na rátaí bailiúcháin a cheanglaítear a bhaint amach; |
|
(e) |
bunaítear íoscheanglais maidir le hacmhainneacht airgeadais an oibreora córais lena gceadaítear don oibreoir córais a fheidhmeanna a fheidhmiú; |
|
(f) |
is eintiteas dlítheanach neamhbhrabúsach agus neamhspleách an t-oibreoir córais; |
|
(g) |
feidhmíonn an t-oibreoir córais róil go heisiach a eascraíonn as rialacha an Rialacháin seo, agus aon ról breise a bhaineann le comhordú agus oibriú an chórais aisíoctha éarlaise arna bhunú ag na Ballstáit; |
|
(h) |
comhordaíonn an t-oibreoir córais feidhmiú an chórais aisíoctha éarlaise; |
|
(i) |
coimeádann an t-oibreoir córais an méid seo a leanas i scríbhinn:
|
|
(j) |
úsáidtear méid leordhóthanach de láimhdeachas bliantúil an oibreora córais d’fheachtais feasachta pobail maidir le bainistiú na dramhaíola ó phacáistíocht; |
|
(k) |
soláthraíonn na hoibreoirí córais aon fhaisnéis arna hiarraidh ag údaráis inniúla Ballstáit, ina n-oibríonn an córas, chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na ceanglais san Iarscríbhinn seo; |
|
(l) |
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé d’oibleagáid ar dháileoirí deiridh glacadh le pacáistíocht lena ngabhann éarlais an ábhair pacáistíochta agus leis an bhformáid a dháileann siad agus éarlaisí fuascailte a sholáthar d’úsáideoirí deiridh. Nuair a thugtar an phacáistíocht lena ngabhann éarlais ar ais, ach amháin má tá an rochtain chéanna ag úsáideoirí deiridh ar an éarlais a fhuascailt tar éis úsáid a bhaint as an bpacáistíocht lena ngabhann éarlais, trí cheann de na bealaí bailithe lena n-áirithítear athchúrsáil grád bia le haghaidh pacáistíocht bhia agus atá údaraithe chun na críche sin ag na húdaráis náisiúnta. Níl feidhm ag an oibleagáid sin i gcás nach scaoileann an t-achar dromchla díolacháin le húsáideoirí deiridh pacáistíocht lena ngabhann éarlais a thabhairt ar ais. Mar sin féin, beidh ar dháileoirí deiridh glacadh i gcónaí le tabhairt ar ais phacáistíocht fholamh na dtáirgí a dhíolann siad; |
|
(m) |
tá an t-úsáideoir deiridh in ann an phacáistíocht lena ngabhann éarlais a chur ar ais gan gá a bheith le haon earra a cheannach; aisíocfar an éarlais leis an úsáideoir deiridh; |
|
(n) |
bíonn lipéadú soiléir ar an bpacáistíocht uile atá le bailiú le córas aisíoctha éarlaise, ionas gur féidir leis na húsáideoirí deiridh a aithint gan stró nach mór an phacáistíocht sin a aischur; |
|
(o) |
tá na táillí trédhearcach. |
I dteannta na n-íoscheanglas, féadfaidh na Ballstáit ceanglais bhreise a shocrú, de réir mar is iomchuí, chun comhlíonadh chuspóirí an Rialacháin seo a áirithiú, go háirithe chun íonacht na dramhaíola ó phacáistíocht arna bailiú a mhéadú, bruscar a laghdú nó cuspóirí geilleagair chiorclaigh eile a chur chun cinn.
Áiritheoidh na Ballstáit ina bhfuil réigiúin a bhfuil gnó trasteorann ard acu go gceadaítear trí chórais aisíoctha éarlaise pacáistíocht a bhailiú ó chórais aisíoctha éarlaise Ballstát eile ag pointí bailithe ainmnithe agus féachfaidh siad leis an bhféidearthacht a áirithiú éarlais a gearradh ar an úsáideoir deiridh a thabhairt ar ais agus an phacáistíocht á ceannach aige.
IARSCRÍBHINN XI
An plean cur chun feidhme atá le tíolacadh de bhun Airteagal 52(2), pointe (d)
Beidh an méid seo a leanas sa phlean cur chun feidhme atá le tíolacadh de bhun Airteagal 52(2), pointe (d):
|
(a) |
measúnú ar na rátaí a bhí ann, na rátaí reatha agus na rátaí atá réamh-mheasta i dtaca le hathchúrsáil, líonadh talún agus cóireáil eile ar dhramhaíl ó phacáistíocht agus ar na sruthanna a bhfuil sí comhdhéanta díobh; |
|
(b) |
measúnú ar chur chun feidhme pleananna bainistithe dramhaíola agus cláir maidir le dramhaíl a chosc atá i bhfeidhm de bhun Airteagail 28 agus 29 de Threoir 2008/98/CE; |
|
(c) |
cúiseanna a measann an Ballstát go bhféadfadh sé nach mbeadh sé ábalta an sprioc ábhartha a leagtar síos in Airteagal 52(1), pointe (b) nó (d), a bhaint amach laistigh den spriocdháta a leagtar amach iontu agus measúnú ar an síneadh ama is gá chun an sprioc sin a bhaint amach; |
|
(d) |
bearta is gá chun na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 52(1), pointe (b) nó (d), den Rialachán seo a bhaint amach, atá infheidhme maidir leis an mBallstát le linn an tsínidh ama, lena n-áirítear ionstraimí eacnamaíocha iomchuí agus bearta eile chun dreasachtaí a sholáthar chun ord na réiteach dramhaíola a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE a chur i bhfeidhm; |
|
(e) |
clár ama chun na bearta a shainaithnítear i bpointe (d) a chur chun feidhme, an comhlacht atá freagrach as a gcur chun feidhme a chinneadh agus measúnú ar a rannchuidiú aonair chun na spriocanna is infheidhme a bhaint amach i gcás síneadh ama; |
|
(f) |
faisnéis maidir le cistiú le haghaidh bainistiú dramhaíola i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as; |
|
(g) |
bearta chun cáilíocht na sonraí a fheabhsú, de réir mar is iomchuí, d’fhonn pleanáil níos fearr agus faireachán níos fearr a dhéanamh ar fheidhmíocht i mbainistiú dramhaíola. |
IARSCRÍBHINN XII
Sonraí atá le háireamh ag na Ballstáit ina mbunachair sonraí maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (i gcomhréir le táblaí 1 go 4)
1.
Le haghaidh díolacháin, pacáistíocht ghrúpáilte agus iompair:|
(a) |
cainníochtaí, le haghaidh gach catagóire pacáistíochta de phacáistíocht a gineadh laistigh den Bhallstát (tonnáiste táirgthe, allmhairithe agus stóráilte lúide tonnáiste onnmhairithe) (Tábla 1); |
|
(b) |
cainníochtaí na pacáistíochta in-athúsáidte (Tábla 2). |
2.
Le haghaidh díolacháin, dramhaíl ó phacáistíocht ghrúpáilte agus iompair:|
(a) |
i gcás gach catagóire pacáistíochta (Tábla 3):
|
|
(b) |
an tomhaltas bliantúil de mhálaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom, málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma agus málaí siopadóireachta plaisteacha tiubha in aghaidh an duine, ar leithligh le haghaidh gach catagóire, mar a leagtar síos in Airteagal 56(1) pointe (b) (Tábla 4); |
|
(c) |
ráta bailiúcháin ar leithligh de na formáidí pacáistíochta a chumhdaítear leis na córais aisíoctha éarlaise, mar a leagtar síos in Airteagal 50(1) (Tábla 5). |
Tábla 1
Cainníocht na pacáistíochta (pacáistíocht díolacháin, pacáistíocht ghrúpáilte agus pacáistíocht iompair) a gineadh ar chríoch an Bhallstáit
|
|
An tonnáiste a táirgeadh |
- An tonnáiste a onnmhairíodh |
+ An tonnáiste a allmhairíodh |
+ An tonnáiste a stóráladh |
= Iomlán |
|
Gloine |
|
|
|
|
|
|
Plaisteach |
|
|
|
|
|
|
Páipéar/cairtchlár |
|
|
|
|
|
|
Miotal feiriúil |
|
|
|
|
|
|
Alúmanam |
|
|
|
|
|
|
Adhmad |
|
|
|
|
|
|
Eile |
|
|
|
|
|
|
Iomlán |
|
|
|
|
|
Tábla 2
Cainníocht iomlán na pacáistíochta in-athúsáidte (pacáistíocht díolacháin, pacáistíocht ghrúpáilte agus pacáistíocht iompair) a cuireadh ar fáil ar chríoch an Bhallstáit den chéad uair
|
|
Tonnáiste pacáistíocht a cuireadh ar fáil ar chríoch an Bhallstáit den chéad uair |
Pacáistíocht in-athúsáidte |
Pacáistíocht díolacháin in-athúsáidte |
||
|
Tonnáiste |
An céatadán de phacáistíocht iomlán in-athúsáidte |
Tonnáiste |
An céatadán de phacáistíocht iomlán díolacháin in-athúsáidte |
||
|
Gloine |
|
|
|
|
|
|
Plaisteach |
|
|
|
|
|
|
Páipéar/cairtchlár |
|
|
|
|
|
|
Miotal feiriúil (lena n-áirítear stánphláta |
|
|
|
|
|
|
Alúmanam |
|
|
|
|
|
|
Adhmad |
|
|
|
|
|
|
Eile |
|
|
|
|
|
|
Iomlán |
|
|
|
|
|
Tábla 3
Cainníochtaí de réir na catagóire pacáistíochta a shainítear i dTábla 2 in Iarscríbhinn II den táirge a chuirtear ar fáil ar chríoch an Bhallstáit den chéad uair; dramhaíl iomlán ó phacáistíocht; pacáistíocht óna ndearnadh táirgí a dhíphacáil ag táirgeoir nach táirgeoir deiridh é; agus dramhaíl ó phacáistíocht a diúscraíodh, a aisghabhadh agus a athchúrsáladh ar chríoch an Bhallstáit agus a onnmhairíodh.
|
Ábhar |
Catagóir |
Cainníochtaí a cuireadh ar fáil ar chríoch an Bhallstáit den chéad uair nó a rinneadh a dhíphacáil (t) |
Giniúint dramhaíola ó phacáistíocht (t) |
Iomlán na pacáistíochta dramhaíl arna diúscairt (t) |
Dramhaíl iomlán ó phacáistíocht Aisghafa (t) |
Iomlán na pacáistíochta Dramhaíl a athchúrsáladh (t) |
Iomlán na pacáistíochta dramhaíl arna diúscairt (t) |
Dramhaíl iomlán ó phacáistíocht Aisghafa (t) |
Iomlán na pacáistíochta Dramhaíl a athchúrsáladh (t) |
|
Ar chríoch an Bhallstáit |
Lasmuigh de chríoch an Bhallstáit |
||||||||
|
Plaisteach |
TPE – docht |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
PE docht, PP docht, HDPE agus PP docht |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Scannáin/solúbtha |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
PS, XPS, EPS |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Plaistigh dhochta eile |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
In-bhithdhíghrádaithe (docht agus solúbtha) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Páipéar/cairtchlár |
Páipéar/cairtchlár (seachas clár pacáistíochta le haghaidh leachtacha) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Clár pacáistíochta le haghaidh leachtacha |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Miotal |
Alúmanam |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Cruach |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Gloine |
Gloine |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Adhmad |
Adhmad, corc |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Eile |
Teicstíl, ceirmeacht/poirceallán agus cinn eile |
|
|
|
|
|
|
|
|
Tábla 4
An chainníocht de mhálaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom, málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma, málaí siopadóireachta plaisteacha tiubha agus málaí siopadóireachta plaisteacha an-tiubh in aghaidh an duine, a tomhlaíodh ar chríoch an Bhallstáit
|
|
Málaí siopadóireachta plaisteacha a tomhlaíodh ar chríoch an Bhallstáit |
|
|
Líon in aghaidh an duine |
Tonaí in aghaidh an duine |
|
|
málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadrom málaí siopadóireachta plaisteacha ar tiús balla is lú na 15 miocrón |
|
|
|
málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma málaí siopadóireachta plaisteacha ar tiús balla is lú na 50 miocrón |
|
|
|
málaí siopadóireachta plaisteacha tiubha málaí siopadóireachta plaisteacha ar tiús balla idir 50 agus 99 miocrón |
|
|
Tábla 5
Ráta bailiúcháin ar leithligh d’fhormáidí pacáistíochta a chumhdaítear faoi na córais aisíoctha éarlaise, mar a leagtar síos in Airteagal 50(1)
|
|
Pacáistíocht a cuireadh ar fáil ar chríoch an Bhallstáit den chéad uair (t) |
A bailíodh ar leithligh ar chríoch an Bhallstáit leis an gcóras aisíoctha éarlaise (t) |
|
Buidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide de thoilleadh suas le 3 lítear |
|
|
|
Coimeádáin deochanna miotail aon úsáide de thoilleadh suas le 3 lítear |
|
|
IARSCRÍBHINN XIII
Tábla comhghaoil
|
Treoir 94/62/CE |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1(1) |
Airteagal 1(1) agus (2) |
|
Airteagal 1(2) |
Airteagal 1(3) |
|
Airteagal 2(1) |
Airteagal 2(1) |
|
Airteagal 2(2) |
Airteagal 2(2) |
|
Airteagal 3(1), an chéad fomhír |
Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointe (1) |
|
Airteagal 3(1), an dara fomhír, pointe (a) |
Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointe (5) |
|
Airteagal 3(1), an dara fomhír, pointe (b) |
Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointe (6) |
|
Airteagal 3(1), an dara fomhír, pointe (c) |
Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointe (7) |
|
Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (i) |
Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointe (1)(a) |
|
Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (ii) |
Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointí (1)(d) agus (e) |
|
Airteagal 3(1), an tríú fomhír, pointe (iii) |
Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointe 1(b) agus (c) |
|
Airteagal 3(1a) |
Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointe (52) |
|
Airteagal 3(1b) |
Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointe (55) |
|
Airteagal 3(1c) |
Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointe (56) |
|
Airteagal 3(1d) |
Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointe (57) |
|
Airteagal 3(1e) |
--- |
|
Airteagal 3(2) |
Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointe (25) |
|
Airteagal 3(2a) |
Airteagal 11(1) |
|
Airteagal 3(2b) |
Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointe (24) |
|
Airteagal 3(2c) |
Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointe (2) agus Airteagal 3, an dara fomhír |
|
Airteagal 3(11) |
Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointe (12) |
|
Airteagal 3(12) |
--- |
|
Airteagal 4(1), an chéad fomhír |
Airteagal 43(5) |
|
Airteagal 4(1), an dara fomhír |
Airteagal 43(5) |
|
Airteagal 4(1), an tríú fomhír |
Airteagal 43(5) |
|
Airteagal 4(1a), an chéad fhomhír |
Airteagal 34(1), an chéad fomhír |
|
Airteagal 4(1a), an dara fomhír |
Airteagal 34(2), an dara habairt |
|
Airteagal 4(1a), an tríú fomhír |
Airteagal 34(2), an chéad abairt |
|
Airteagal 4(1a), an ceathrú fomhír, pointe (a) |
Airteagal 34(1), an dara fomhír |
|
Airteagal 4(1a), an ceathrú fomhír, pointe (b), an chéad abairt |
--- |
|
Airteagal 4(1a), an ceathrú fomhír pointe (b), an dara habairt |
Airteagal 34(4) |
|
Airteagal 4(1a), an cúigiú fomhír |
Airteagal 56(1), pointe (b) |
|
Airteagal 4(1a), an séú fomhír |
Airteagal 56(7), pointe (b) |
|
Airteagal 4(1b) |
Airteagal 34(3) |
|
Airteagal 4(1c) |
Airteagal 55(1), pointe (e) |
|
Airteagal 4(2) |
Airteagal 10(3) |
|
Airteagal 5(1), an chéad abairt |
Airteagal 51(1) |
|
Airteagal 5(1), pointe (a) |
Airteagal 51(2), pointe (a) |
|
Airteagal 5(1), pointe (b) |
Airteagal 29 (15) agus (16) |
|
Airteagal 5(1), pointe (c) |
Airteagal 51(2), pointe (b) |
|
Airteagal 5(1), pointe (d) |
Airteagal 51(2), pointe (c) |
|
Airteagal 5(2), an chéad fomhír |
Airteagal 54(1), an chéad fomhír |
|
Airteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a) |
Airteagal 54(1), an dara fomhír, pointe (a) |
|
Airteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (b) |
Airteagal 54(1), an dara fomhír, pointe (b) |
|
Airteagal 5(2), an tríú fomhír |
Airteagal 54(1), an tríú fomhír |
|
Airteagal 5(3) |
Airteagal 54(2) |
|
Airteagal 5(4) |
Airteagal 56(7), pointe (a) |
|
Airteagal 5(5) |
--- |
|
Airteagal 6(1), an chuid réamhráiteach |
Airteagal 52(1) |
|
Airteagal 6(1), pointe (a) |
--- |
|
Airteagal 6(1), pointe (b) |
--- |
|
Airteagal 6(1), pointe (c) |
--- |
|
Airteagal 6(1), pointe (d) |
--- |
|
Airteagal 6(1), pointe (e)(i) |
--- |
|
Airteagal 6(1), pointe (e)(ii) |
--- |
|
Airteagal 6(1), pointe (e)(iii) |
--- |
|
Airteagal 6(1), pointe (e)(iv) |
--- |
|
Airteagal 6(1), pointe (e)(v) |
--- |
|
Airteagal 6(1), pointe (f) |
Airteagal 52(1), pointe (a) |
|
Airteagal 6(1), pointe (g)(i) |
Airteagal 52(1), pointe (b)(i) |
|
Airteagal 6(1), pointe (g)(ii) |
Airteagal 52(1), pointe (b)(ii) |
|
Airteagal 6(1), pointe (g)(iii) |
Airteagal 52(1), pointe (b)(iii) |
|
Airteagal 6(1), pointe (g)(iv) |
Airteagal 52(1), pointe (b)(iv) |
|
Airteagal 6(1), pointe (g)(v) |
Airteagal 52(1), pointe (b)(v) |
|
Airteagal 6(1), pointe (g)(vi) |
Airteagal 52(1), pointe (b)(vi) |
|
Airteagal 6(1), pointe (h) |
Airteagal 52(1), pointe (c) |
|
Airteagal 6(1), pointe (i)(i) |
Airteagal 52(1), pointe (d)(i) |
|
Airteagal 6(1), pointe (i)(ii) |
Airteagal 52(1), pointe (d)(ii) |
|
Airteagal 6(1), pointe (i)(iii) |
Airteagal 52(1), pointe (d)(iii) |
|
Airteagal 6(1), pointe (i)(iv) |
Airteagal 52(1), pointe (d)(iv) |
|
Airteagal 6(1), pointe (i)(v) |
Airteagal 52(1), pointe (d)(v) |
|
Airteagal 6(1), pointe (i)(vi) |
Airteagal 52(1), pointe (d)(vi) |
|
Airteagal 6(1a), an chuid réamhráiteach |
Airteagal 52(2), an chuid réamhráiteach |
|
Airteagal 6(1a), pointe (a) |
Airteagal 52(2), pointe (a) |
|
Airteagal 6(1a), pointe (b) |
Airteagal 52(2), pointe (b) |
|
Airteagal 6(1a), pointe (c) |
Airteagal 52(2), pointe (c) |
|
Airteagal 6(1a), pointe (d) |
Airteagal 52(2), pointe (d) |
|
Airteagal 6(1b) |
Airteagal 52(3) |
|
Airteagal 6(1c) |
Airteagal 52(4) |
|
Airteagal 6(4), an chuid réamhráiteach |
Airteagal 52(5), an chuid réamhráiteach |
|
Airteagal 6(4), pointe (a) |
Airteagal 52(5), pointe (a) |
|
Airteagal 6(4), pointe (b) |
Airteagal 52(5), pointe (b) |
|
Airteagal 6(6) |
Airteagal 46(4) |
|
Airteagal 6(7) |
--- |
|
Airteagal 6(10) |
Airteagal 52(6) |
|
Airteagal 6(11) |
--- |
|
Airteagal 6a(1), an chuid réamhráiteach |
Airteagal 53(1) |
|
Airteagal 6a(1), pointe (a), an chéad abairt |
Airteagal 53(2), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 6a(1), pointe (a), an dara habairt |
Airteagal 53(2), an dara fomhír, pointí (a) agus (b) |
|
Airteagal 6a(1), pointe (b) |
Airteagal 53(3) |
|
Airteagal 6a(2), an chéad fomhír |
Airteagal 53(5), an chéad fomhír |
|
Airteagal 6a(2), an dara fomhír |
Airteagal 53(5), an dara fomhír |
|
Airteagal 6a(2), an dara fomhír, pointe (a) |
Airteagal 53(5), an dara fomhír, pointe (a) |
|
Airteagal 6a(2), pointe (b) |
Airteagal 53(5), an dara fomhír, pointe (b) |
|
Airteagal 6a(3) |
Airteagal 53(6) |
|
Airteagal 6a(4) |
Airteagal 53(7) |
|
Airteagal 6a(5) |
Airteagal 53(8) |
|
Airteagal 6a(6) |
Airteagal 53(19) |
|
Airteagal 6a(7) |
Airteagal 53(10) |
|
Airteagal 6a(8) |
Airteagal 53(12) |
|
Airteagal 6a(9) |
Airteagal 56(7), pointe (a) |
|
Airteagal 6b |
Airteagal 41 |
|
Airteagal 7(1), an chéad fomhír |
Airteagal 48(1) agus (4) |
|
Airteagal 7(1), an dara fomhír |
Airteagal 48(5), pointí (a), (b) agus (c) Airteagal 48(6) |
|
Airteagal 7(2) |
Airteagail 44 go 47 |
|
Airteagal 7(3) |
Airteagal 48(5), pointe (b) agus Airteagal 48(1) |
|
Airteagal 7(4) |
Airteagal 48(7) |
|
Airteagal 8(1) |
--- |
|
Airteagal 8(2) |
Airteagal 12(1) |
|
Airteagal 8(3) |
Airteagal 12(5) |
|
Airteagal 8a |
Airteagal 12(1) agus (6), agus Airteagal 55(1), pointe (f) |
|
Airteagal 9(1) |
Airteagal 4(1) agus Airteagail 5, 6, 7, 9, 10 agus 11 |
|
Airteagal 9(2), pointe (a) |
Airteagal 36(3) |
|
Airteagal 9(2), pointe (b) |
--- |
|
Airteagal 9(3) |
--- |
|
Airteagal 9(4) |
Airteagal 37(2) |
|
Airteagal 9(5) |
--- |
|
Airteagal 10 |
Airteagal 6(4), an chéad fhomhír, Airteagal 9(6), Airteagal 10(3) agus Airteagal 11(2), |
|
Airteagal 11(1) |
Airteagal 5(4) |
|
Airteagal 11(2) |
--- |
|
Airteagal 11(3) |
Airteagal 5(7) |
|
Airteagal 12(1) |
Airteagal 57(1) |
|
Airteagal 12(2) |
Airteagal 51(2), pointí (a) agus (b) |
|
Airteagal 12(3a), an chéad fhomhír |
Airteagal 56(1), pointe (a) |
|
Airteagal 12(3a), an dara fomhír |
Airteagal 56(4) |
|
Airteagal 12(3a), an tríú fomhír |
Airteagal 56(3), pointe (a) |
|
Airteagal 12(3b) |
Airteagal 56(5) agus (6) |
|
Airteagal 12(3c) |
--- |
|
Airteagal 12(3d) |
Airteagal 56(7) |
|
Airteagal 12(4) |
Airteagal 56(8) |
|
Airteagal 12(6) |
Airteagal 56(8) |
|
Airteagal 13, an chéad fhomhír |
Airteagal 55(1) |
|
Airteagal 13, an dara fomhír |
--- |
|
Airteagal 14 |
Airteagal 42(1) |
|
Airteagal 15 |
--- |
|
Airteagal 16(1) |
--- |
|
Airteagal 16(2) |
--- |
|
Airteagal 18 |
Airteagal 4(2), (3) agus (4) |
|
Airteagal 19(1) |
--- |
|
Airteagal 19(2) |
--- |
|
Airteagal 20 |
--- |
|
Airteagal 20a(1) |
--- |
|
Airteagal 20a(2) |
--- |
|
Airteagal 20a(3) |
--- |
|
Airteagal 21(1) |
Airteagal 65(1) |
|
Airteagal 21(2), an chéad fomhír |
Airteagal 65(2) |
|
Airteagal 21(2), an dara fomhír |
--- |
|
Airteagal 21a(1) |
Airteagal 64(1) |
|
Airteagal 21a(2) |
Airteagal 64(2) |
|
Airteagal 21a(3) |
Airteagal 64(3) |
|
Airteagal 21a(4) |
Airteagal 64(4) |
|
Airteagal 21a(5) |
Airteagal 64(5) |
|
Airteagal 21a(6) |
Airteagal 64(6) |
|
Airteagal 22(1) |
--- |
|
Airteagal 22(2) |
--- |
|
Airteagal 22(3) |
--- |
|
Airteagal 22(3a), an chéad fhomhír |
--- |
|
Airteagal 22(3a), an dara fomhír, pointe (a) |
--- |
|
Airteagal 22(3a), an dara fomhír, pointe (b) |
--- |
|
Airteagal 22(3a), an dara fomhír, pointe (c) |
--- |
|
Airteagal 22(3a), an dara fomhír, pointe (d) |
--- |
|
Airteagal 22(3a), an dara fomhír, pointe (e) |
--- |
|
Airteagal 22(3a), an dara fomhír, pointe (f) |
--- |
|
Airteagal 22(4) |
--- |
|
Airteagal 22(5) |
--- |
|
Airteagal 23 |
--- |
|
Airteagal 24 |
Airteagal 71, an chéad fhomhír |
|
Airteagal 25 |
Airteagal 71, an ceathrú fomhír |
|
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn I |
|
Iarscríbhinn II, pointe 1, an chéad fhleasc |
Airteagal 10 agus Iarscríbhinn IV |
|
Iarscríbhinn II, pointe 1, an dara fleasc |
Airteagail 5 agus 6, Airteagal 11(1), pointe (h), agus Airteagal 48(1) |
|
Iarscríbhinn II, pointe 1, an tríú fleasc |
Airteagal 5(1) |
|
Iarscríbhinn II, pointe 2 |
Airteagal 11 agus Iarscríbhinn IV |
|
Iarscríbhinn II, pointe 3(a) |
Airteagal 6 agus Iarscríbhinn II |
|
Iarscríbhinn II, pointe 3(b) |
--- |
|
Iarscríbhinn II, pointe 3(c) |
Airteagal 3, pointe (47), Airteagal 9 agus Iarscríbhinn III |
|
Iarscríbhinn II, pointe 3(d) |
Airteagal 3, pointe (41), Airteagal 9 agus Iarscríbhinn II |
|
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn XII |
|
Iarscríbhinn IV |
Iarscríbhinn XI |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/40/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)