Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025Q00810

Leasuithe ar Rialacha Cleachtais maidir le cur i bhfeidhm Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta [2025/810]

IO L, 2025/810, 28.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/proc_rules/2025/810/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/proc_rules/2025/810/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/810

28.4.2025

LEASUITHE AR RIALACHA CLEACHTAIS MAIDIR LE CUR I BHFEIDHM RIALACHA NÓS IMEACHTA NA CÚIRTE GINEARÁLTA [2025/810]

Déanann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA,

ag féachaint d’Airteagal 243 dá Rialacha Nós Imeachta;

ag féachaint do na Rialacha Cleachtais maidir le cur i bhfeidhm Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta;

de bhrí, le linn athchóiriú ar na Rialacha Cleachtais maidir le cur i bhfeidhm na Rialacha Nós Imeachta, gur chinn an Chúirt Ghinearálta gan tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta a dhréachtú i dtarchuir chun réamhrialú agus an cur chuige atá i bhfeidhm sa Chúirt Bhreithiúnais ar dá réir nach ndréachtaítear an tuarascáil sin a thuilleadh in aon chás os a comhair a leanúint, i gcomhréir leis an leasú ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh trí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 741/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Lúnasa 2012 lena leasaítear an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis (IO 2012 L 228, lch. 1);

de bhrí, i gcaingne díreacha, gurb ionann an tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta agus uirlis bainistíochta an chomhaid atá ceaptha chun achoimre ar an gcás a éascú trí athleagan a chur ar fáil de shaincheisteanna agus argóintí na bpáirtithe;

de bhrí, áfach, go bhfuil tionchar airgeadais i gceist leis an doiciméad sin a dhréachtú ar bhonn ginearálaithe, agus go gcruthaítear costais shuntasacha aistriúcháin, mar aon le tionchar ar an nós imeachta, go háirithe maidir le fad an nós imeachta, ós rud é gur gá é a chur i gcrích, a aistriú agus a sheirbheáil, i bprionsabal, trí seachtaine roimh an éisteacht;

de bhrí, d’fhonn seoladh tapa agus spriocdhírithe na n-imeachtaí a éascú ar bhealach atá ar aon dul le bainistiú réamhghníomhach na gcásanna, is iomchuí foráil a dhéanamh nach ndréachtófar tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta ach amháin i gcás ina measann an Chúirt Ghinearálta nó an Breitheamh is Rapóirtéir gurb iomchuí sin ar mhaithe le riar cuí an cheartais;

de bhrí gurb iad na tuarascálacha le haghaidh na héisteachta arna ndréachtú i gcomhéisteacht an t-aon bhealach chun gur féidir a bheith ar an eolas faoi shaincheisteanna agus argóintí na bpáirtithe go léir sna cásanna ina dtionóltar éisteacht den sórt sin;

de bhrí, i gcleachtas, gur féidir go bhfuil sé iomchuí tuarascáil le haghaidh na héisteachta a dhréachtú i gcomhéisteachtaí áirithe, ach nach bhforáiltear dó sin go sainráite le foclaíocht reatha na forála sin;

de bhrí, i gcomhéisteachtaí, go ndréachtaítear an tuarascáil le haghaidh na héisteachta i ngach cás i dteanga an chais sin agus go bhfuil an tuarascáil sin teoranta d’inneachar an cháis sin, cé gur féidir nach ionann teanga an chais sna cásanna is ábhar do chomhéisteacht;

de bhrí, ar mhaithe le riar cuí an cheartais, gurb iomchuí mar sin foráil a dhéanamh go ndréachtófar tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta ar leithligh le haghaidh gach ceann de na cásanna lena mbaineann an chomhéisteacht nó go carnach le haghaidh na gcásanna sin go léir, ach amháin má chinneann an Chúirt Ghinearálta nó an Breitheamh is Rapóirtéir a mhalairt agus go seirbheálann sé í ar na páirtithe go léir ar tugadh fógra dóibh chun teacht i láthair ag an éisteacht sin i dteangacha na gcásanna go léir lena mbaineann;

NA LEASUITHE SEO AR RIALACHA CLEACHTAIS MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM RIALACHA NÓS IMEACHTA NA CÚIRTE GINEARÁLTA A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear míreanna 210 agus 211 de na Rialacha Cleachtais maidir le cur i bhfeidhm Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta (1), mar seo a leanas:

‘210.

I gcás ina measann an Chúirt Ghinearálta nó an Breitheamh is Rapóirtéir gurb iomchuí sin ar mhaithe le riar cuí an cheartais, dréachtóidh an Breitheamh is Rapóirtéir tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta a úsáidfear chun an éisteacht a ullmhú. Déanfaidh an Chúirt Ghinearálta gach iarracht chun go bhfaighidh ionadaithe na bpáirtithe an tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta trí seachtaine roimh an éisteacht.

211.

I gcás ina gcinneann an Chúirt Ghinearálta comhéisteacht a eagrú le haghaidh roinnt cásanna de bhun Airteagal 106a de na Rialacha Nós Imeachta, déanfar an tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta a dhréachtú ar leithligh le haghaidh gach ceann de na cásanna lena mbaineann nó go comhtháite le haghaidh na gcásanna sin go léir, ach amháin má chinneann an Chúirt Ghinearálta nó an Breitheamh is Rapóirtéir a mhalairt. Déanfar na tuarascálacha nó an tuarascáil sin a sheirbheáil ar na páirtithe go léir dá dtugtar fógra chun freastal ar an éisteacht sin i dteangacha na gcásanna go léir lena mbaineann.’.

Airteagal 2

Foilseofar na leasuithe seo ar na Rialacha Cleachtais maidir le cur i bhfeidhm Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tiocfaidh siad i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2025.

Arna ndéanamh i Lucsamburg, an 9 Aibreán 2025.

Cláraitheoir

V. DI BUCCI

Uachtarán

M. VAN DER WOUDE


(1)   IO L 2024/2097 an 12.8.2024, arna cheartú le IO L 2024/90651 an 24.10.2024.


ELI: http://data.europa.eu/eli/proc_rules/2025/810/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top