Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0793

Cinneadh (AE) 2025/793 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Ríocht Haisimíteach na hIordáine

PE/2/2025/REV/1

IO L, 2025/793, 22.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/793/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 22/04/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/793/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/793

22.4.2025

CINNEADH (AE) 2025/793 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Aibreán 2025

lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Ríocht Haisimíteach na hIordáine

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá forbairt á déanamh i rith an ama i dtaca leis an gcaidreamh idir an tAontas agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine (an Iordáin) faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE). An 24 Samhain 1997, shínigh an Iordáin an Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, (2) (‘an Comhaontú Comhlachais’), a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2002. Faoin gComhaontú Comhlachais, bhunaigh an tAontas agus an Iordáin Limistéar Saorthrádála de réir a chéile le linn idirthréimhse 12 bhliain. Ina theannta sin, tháinig Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine maidir le bearta léirscaoilte cómhalartacha agus lena leasaítear Comhaontú Comhlachais CE–an Iordáin mar aon le hIarscríbhinní I, II, III agus IV agus Prótacail 1 agus 2 a ghabhann leis an gComhaontú sin (3) a ionadú i bhfeidhm in 2007. In 2010, thángthas ar chomhaontú idir an tAontas agus an Iordáin maidir le comhpháirtíocht Ardstádais, comhpháirtíocht arb é atá i gceist leis réimsí comhair a leathnú. I mí na Nollag 2009, cuireadh inisealacha le prótacal idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine lena mbunaítear sásra um réiteach díospóidí faoi fhorálacha trádála an Chomhaontaithe Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine den pháirt eile (4), agus tháinig an Prótacal sin i bhfeidhm an 1 Iúil 2011. Rinneadh an t-idirphlé polaitiúil déthaobhach agus an comhar eacnamaíoch a fhorbairt tuilleadh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Comhlachais agus Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine arna nglacadh le haghaidh 2022-2027.

(2)

Ó 2011 i leith, thug an Iordáin faoi líon áirithe athchóirithe polaitiúla chun an daonlathas parlaiminteach agus an smacht reachta a neartú. Bunaíodh Cúirt Bhunreachta agus Coimisiún Toghchán Neamhspleách agus rith Parlaimint na hIordáine líon áirithe dlíthe tábhachtacha, lena n-áirítear an tAcht Toghcháin agus an tAcht um Páirtithe Polaitiúla, chomh maith le dlíthe maidir le dílárú agus bardasachtaí. Ina theannta sin, glacadh feabhsuithe reachtacha a mhéid a bhaineann le neamhspleáchas na mbreithiúna agus cearta na mban.

(3)

Is mór a d’fhulaing geilleagar na hIordáine mar gheall ar choinbhleachtaí fada sa réigiún, go háirithe sa tír chomharsanach, an tSiria, agus le déanaí freisin in Iosrael-Gaza agus i limistéar na Mara Rua. Ó thús an chogaidh sa tSiria, tá tionchar ag rabharta mór dídeanaithe ón tSiria ar gheilleagar na hIordáine, rud a chuir brú méadaithe ar staid fhioscach, seirbhísí poiblí agus bonneagar na hIordáine. I dteannta na héagobhsaíochta réigiúnaí, maidir leis na dúshláin mhaicreacnamaíocha agus fhioscacha a bhain le paindéim COVID-19 in 2020-2021, forbairtí praghsanna tráchtearraí tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin in 2022, neamhchosaint ard ar luaineachtaí trádála agus an méadú ar chostais iasachtaíochta le haghaidh margaí atá ag teacht chun cinn ar fud an domhain, lean siad de bheith ag cur isteach ar gheilleagar na hIordáine. Mar thoradh air sin, tháinig crapadh eacnamaíoch ar an Iordáin in 2020, agus tháinig téarnamh eacnamaíoch mall ina dhiaidh sin, de réir mar a tháinig méadú suntasach ar an dífhostaíocht in 2020 agus de réir mar a d’fhan sí ard, agus tháinig riachtanais nua maoinithe fhioscaigh agus sheachtraigh chun cinn.

(4)

Leis an gcogadh in Iosrael-Gaza a thosaigh i mí Dheireadh Fómhair 2023, tá riosca an-mhór ar an taobh thíos ann don ionchas eacnamaíoch, go háirithe mar gheall ar an leibhéal méadaithe éiginnteachta sa réigiún agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar earnáil thábhachtach na turasóireachta agus ar mheon na dtomhaltóirí. Le hionsaithe leanúnacha Houthi ar shoithí lasta agus fuinnimh sa Mhuir Rua, cuirtear bac ar thrácht soithí chuig an Áise, rud a bhfuil tionchar aige ar onnmhairí na hIordáine, go háirithe ar onnmhairí mianraí agus ceimiceán, agus ar allmhairí na hIordáine. I mí Eanáir 2024, tháinig údaráis na hIordáine agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) ar chomhaontú maidir le clár nua coigeartaithe eacnamaíoch a fhaigheann tacaíocht ó Shaoráid Fhadaithe Chistiúcháin (EFF) 4 bliana dar luach USD 1 200 milliún, a tháinig i gcomharba ar EFF 4 bliana dar luach USD 1 700 milliún ó 2020-2023, lena n-áirítear iasacht faoin Ionstraim Mhearmhaoiniúcháin. D’fhormheas Bord Feidhmiúcháin CAI an EFF 4 bliana nua i mí Eanáir 2024. Rinneadh an chéad mhisean athbhreithnithe i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine 2024 agus foilsíodh an tuarascáil mhisin i mí Iúil 2024.

(5)

I mí Eanáir 2020, ghlac an tAontas an tríú clár de chúnamh macrairgeadais (5) (Cúnamh Macrairgeadais-III) dar luach EUR 500 milliún i bhfoirm iasachtaí, mar fhreagra ar iarraidh a fuarthas ón Iordáin i mí Iúil 2019 agus tar éis an dara clár de chúnamh macrairgeadais dar luach EUR 200 milliún a thabhairt i gcrích in 2019. Beart leantach ba ea Cúnamh Macrairgeadais-II (6) ar Chúnamh Macrairgeadais-I (7) dar luach EUR 180 milliún a cuireadh chun feidhme in 2015. I mí na Bealtaine 2020, cuireadh EUR 200 milliún le Cúnamh Macrairgeadais-III de bhun Chinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) mar fhreagairt ar iarmhairtí socheacnamaíocha phaindéim COVID-19. Scaoileadh an chéad tráthchuid de Chúnamh Macrairgeadais-III an 25 Deireadh Fómhair 2020, scaoileadh an dara tráthchuid an 20 Iúil 2021 agus scaoileadh an tríú tráthchuid an 3 Bealtaine 2023, tar éis chur chun feidhme na mbeart beartais a comhaontaíodh. Rinneadh an cúnamh a eisíoc go hiomlán le linn 2020-2023.

(6)

I gCúnamh Macrairgeadais-III, bhí ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún inar gheall an Coimisiún, i bhfianaise na ndúshlán fioscach agus na n-imthosca urghnácha a bhí os comhair na hIordáine, togra nua a thíolacadh, más iomchuí, chun cúnamh macrairgeadais a leathnú agus a mhéadú chun an Iordáin a chumhdach, ar choinníoll gur comhlíonadh na gnáthcheanglais don chineál sin cúnaimh, lena n-áirítear a chineál eisceachtúil, réamhchoinníollacha polaitiúla, comhlántacht, coinníollacht agus smacht airgeadais, agus measúnú nuashonraithe ón gCoimisiún ar riachtanais maoinithe sheachtraigh na hIordáine.

(7)

Sa chomhthéacs dúshlánach sin, chuir an tAontas agus an comhphobal idirnáisiúnta a ngealltanas in iúl chun tacú leis an Iordáin roinnt uaireanta, go háirithe le linn Chomhdhálacha bliantúla na Bruiséile maidir le Tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin, agus ag an gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Iordáin i mí an Mheithimh 2022.

(8)

Ó bhí tús ghéarchéim na Siria ann in 2011, tá thart ar EUR 3 500 milliún curtha ar fáil don Iordáin ag an Aontas faoi ionstraimí éagsúla, lena n-áirítear EUR 1 080 milliún faoi na trí oibríocht cúnaimh macrairgeadais thuasluaite, chun cuidiú leis an Iordáin an chobhsaíocht eacnamaíoch a chaomhnú, an t-athchóiriú polaitiúil agus eacnamaíoch a chothabháil agus aghaidh a thabhairt ar a riachtanais ghaolmhara dhaonnúla, forbartha agus slándála. Ina theannta sin, tá thart ar EUR 1 100 milliún leithdháilte mar iasachtaí tionscadail ar an Iordáin ag an mBanc Eorpach Infheistíochta ó bhí 2011 ann.

(9)

I gcás na tréimhse 2021-2024, b’ionann leithdháileadh táscach déthaobhach an Aontais (deontais) ar an Iordáin faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda (ICFCI-GE) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus EUR 364 mhilliún, agus comhlánaíodh é le tacaíocht ón Aontas chun cabhrú leis an Iordáin aghaidh a thabhairt ar thionchar na géarchéime sa tSiria (EUR 214 mhilliún ó 2021 go 2023), sa bhreis ar chúnamh ó chláir réigiúnacha agus théamacha eile. Le linn na tréimhse 2014-2020, b’ionann an tacaíocht ón Aontas don Iordáin, tacaíocht a soláthraíodh tríd an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht den chuid is mó, agus EUR 765 mhilliún. Le linn na tréimhse céanna, bhain an Iordáin tairbhe freisin as EUR 126 mhilliún breise a cuireadh ar fáil trí Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, lenar giaráladh thart ar EUR 580 milliún in infheistíochtaí.

(10)

I mí Dheireadh Fómhair 2023, i bhfianaise na staide eacnamaíche agus an ionchais eacnamaíoch atá fós deacair, d’iarr an Iordáin cúnamh macrairgeadais breise ar an Aontas.

(11)

Ós rud é gur tír í an Iordáin a chumhdaítear faoi BCE, meastar go bhfuil sí incháilithe chun cúnamh macrairgeadais a fháil ón Aontas.

(12)

Is é ba cheart a bheith i gcúnamh macrairgeadais an Aontais ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú na n-íocaíochtaí, agus é d’aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha maoinithe sheachtraigh na hIordáine, agus ba cheart í a úsáid mar bhonn le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí i bhfeidhm bearta láidre práinneacha maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, bearta a bheadh ceaptha chun staid na hIordáine i dtaca le comhardú na n-íocaíochtaí a fheabhsú sa ghearrthéarma.

(13)

Ós rud é go bhfuil bearna mhaoinithe iarmharach fós ann maidir le comhardú na n-íocaíochtaí san Iordáin, ar mó í ná na hacmhainní atá á soláthar ag CAI agus ag institiúidí iltaobhacha eile, meastar, sna himthosca eisceachtúla reatha, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na hIordáine ar an Aontas tacaíocht a thabhairt do chobhsú eacnamaíoch na hIordáine cúnamh macrairgeadais a bheith á sholáthar ag an Aontas, i gcomhar le clár CAI. Le cúnamh macrairgeadais an Aontais, thacófaí le cobhsú eacnamaíoch agus clár um athchóiriú struchtúrach na hIordáine, agus na acmhainní a cuireadh ar fáil faoi shocrú airgeadais CAI á bhforlíonadh.

(14)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag cúnamh macrairgeadais an Aontais staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú san Iordáin, rud a thacódh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre.

(15)

Meastar go mbeidh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ag teacht le cur chun feidhme oibríochtaí tacaíochta buiséid faoi ICFCI-GE.

(16)

Ba cheart méid chúnamh macrairgeadais an Aontais a chinneadh ar bhonn measúnú cainníochtúil iomlán ar na riachtanais maoinithe sheachtraigh atá fós ag an Iordáin, agus ba cheart a chur san áireamh, agus an méid sin á chinneadh, inniúlacht na hIordáine a hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, a úsáid chun í féin a mhaoiniú. Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais a bheith ina chomhlánú ar na cláir agus na hacmhainní atá á soláthar ag CAI agus ag an mBanc Domhanda. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, ba cheart a chur san áireamh, freisin, na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo ó dheontóirí déthaobhacha agus iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, maille leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoinithe sheachtraigh eile an Aontais san Iordáin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine san Iordáin.

(17)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil cúnamh macrairgeadais an Aontais i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí, leis na bearta a ghlactar i leith na réimsí sin, agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(18)

Le cúnamh macrairgeadais an Aontais, ba cheart tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Iordáin. Ba cheart don Choimisiúin agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile agus an cúnamh macrairgeadais á chur i bhfeidhm chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

(19)

Le cúnamh macrairgeadais an Aontais, ba cheart tacú leis an ngealltanas atá tugtha ag an Iordáin luachanna atá i gcoiteann aici leis an Aontas a urramú, amhail an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, urraim do chearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, agus leis an ngealltanas atá tugtha aici maidir le prionsabail na trádála oscailte cothroime atá bunaithe ar rialacha a urramú.

(20)

Ba cheart a leagan síos mar réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a thabhairt nach mór don Iordáin sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, agus an smacht reachta a urramú, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine. Ina theannta sin, leis na cuspóirí sonracha atá le cúnamh macra-airgeadais an Aontais, ba cheart éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí san Iordáin a neartú agus athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn a bhfuil sé d’aidhm acu tacú le fás inbhuanaithe cuimsitheach, cruthú fostaíochta agus comhdhlúthú fioscach. Ba cheart don Choimisiún agus do SEGS faireachán a dhéanamh go rialta ar chomhlíonadh an réamhchoinníll sin agus ar bhaint amach na gcuspóirí sonracha sin araon.

(21)

Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil leasanna airgeadais an Aontais atá nasctha le cúnamh macrairgeadais an Aontais, ba cheart don Iordáin na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus neamhrialtachtaí eile i dtaca leis an gcúnamh sin a chosc agus a chomhrac. Ina theannta sin, ba cheart forálacha a bheith i gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na hIordáine lena n-údaraítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/966 ón gComhairle (11), agus lena n-údaraítear an Coimisiún agus an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh agus lena n-údaraítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a hinniúlachtaí a fheidhmiú maidir le cúnamh macrairgeadais an Aontais a sholáthar le linn thréimhse infhaighteachta an chúnaimh sin agus ina dhiaidh sin.

(22)

Ní dochar scaoileadh chúnamh macrairgeadais an Aontais do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina gcáil mar údarás buiséadach.

(23)

Ba cheart méideanna an tsoláthair a theastaíonn maidir le cúnamh macrairgeadais an Aontais a bheith comhsheasmhach leis na leithreasuithe buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

(24)

Is é an Coimisiún ar cheart dó cúnamh macrairgeadais an Aontais a bhainistiú. Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi fhorbairtí a bhaineann leis an gcúnamh sin agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.

(25)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(26)

Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais a bheith faoi réir coinníollacha beartais eacnamaíoch agus coinníollacha airgeadais, atá le leagan amach i meabhrán tuisceana (MT). Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún coinníollacha den sórt sin a chaibidliú le húdaráis na hIordáine faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoi Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta comhairliúcháin, mar riail ghinearálta, i ngach cás seachas na cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d’fhéadfadh a bheith ag cúnamh os cionn EUR 90 milliún, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a úsáid le haghaidh oibríochtaí os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid chúnamh macrairgeadais an Aontais don Iordáin, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin sin maidir le glacadh an MT, agus maidir le haon chás ina ndéanfaí an cúnamh sin a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Cuirfidh an tAontas cúnamh macrairgeadais dar luach EUR 500 milliún ar a mhéid ar fáil don Iordáin (‘cúnamh macra-airgeadais an Aontais’), d’fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch na hIordáine agus le clár substainteach um athchóiriú. Le cúnamh macrairgeadais an Aontais, rannchuideofar le riachtanais na hIordáine maidir le comhardú na n-íocaíochtaí, mar a aithníodh iad i gclár CAI, a chumhdach.

2.   Is i bhfoirm iasachtaí a sholáthrófar méid iomlán chúnamh macrairgeadais an Aontais don Iordáin.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus na cistí sin a thabhairt ar iasacht don Iordáin.

4.   Bainisteoidh an Coimisiún scaoileadh chúnamh macrairgeadais an Aontais ar bhealach atá comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí arna dtabhairt i gcrích idir CAI agus an Iordáin, agus le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na n-athchóirithe eacnamaíocha a leagtar amach sa Chomhaontú Comhlachais.

5.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoi fhorbairtí maidir le cúnamh macrairgeadais an Aontais, lena n-áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha.

6.   Cuirfear cúnamh macrairgeadais an Aontais ar fáil ar feadh tréimhse 2 bhliain go leith, tréimhse a thosóidh an chéad lá tar éis dháta theacht i bhfeidhm an mheabhráin tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

7.   Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais á eisíoc, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoiniúcháin na hIordáine i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), méid an chúnaimh a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

Airteagal 2

1.   Beidh sé ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a dheonú don Iordáin nach mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, agus an smacht reachta a urramú, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine.

2.   Déanfaidh an Coimisiún agus SEGS faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 le linn shaolré chúnamh macrairgeadais an Aontais.

3.   Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (13).

Airteagal 3

1.   I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar le húdaráis na hIordáine coinníollacha dea-shainithe airgeadais agus coinníollacha dea-shainithe beartais eacnamaíoch, lena ndírítear ar athchóirithe struchtúracha agus airgeadas poiblí fónta, a mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais faoina réir. Leagfar amach na coinníollacha sin i meabhrán tuisceana (MT) ina mbeidh creat ama chun iad a chomhlíonadh. Beidh na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus na coinníollacha airgeadais sin comsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(4), lena n-áirítear an coigeartú maicreacnamaíoch agus na cláir um athchóiriú struchtúrach arna gcur chun feidhme ag an Iordáin le tacaíocht ó CAI.

2.   Leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féachfar, go háirithe, le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí san Iordáin a fheabhsú, lena n-áirítear i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a úsáid. Nuair a bheidh bearta beartais á gceapadh, tabharfar aird chuí freisin ar an dul chun cinn maidir le hoscailt fhrithpháirteach an mhargaidh, ar fhorbairt trádála riailbhunaithe agus cothroime, agus ar thosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán go rialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Iordáin maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.   I gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na hIordáine (‘an comhaontú iasachta’), leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann le cúnamh macrairgeadais an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 223 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

4.   Fíoróidh an Coimisiún go tráthrialta go bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, a chomhlíonadh, lena n-áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil beartais eacnamaíocha na hIordáine i gcomhréir leis na cuspóirí atá le cúnamh macrairgeadais an Aontais. Á dhéanamh sin dó, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

Airteagal 4

1.   Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún cúnamh macrairgeadais an Aontais ar fáil ina dtrí thráthchuid. Leagfar síos méid gach ceann de na tráthchodanna sin sa MT.

2.   Na méideanna de chúnamh macrairgeadais an Aontais, déanfar soláthar ina leith, i gcás inar gá, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/947.

3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le scaoileadh na dtráthchodanna faoi réir gach ceann de na coinníollacha uile seo a leanas a bheith comhlíonta:

(a)

an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(1);

(b)

teist shásúil leanúnach maidir le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí i bhfeidhm bearta láidre maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, clár beartais a fhaigheann tacaíocht ó shocrú creidmheasa CAI nach socrú réamhchúraim é; agus

(c)

na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus na coinníollacha airgeadais arna gcomhaontú sa MT a chur chun feidhme go sásúil.

Ní dhéanfar an dara tráthchuid a scaoileadh, i bprionsabal, tráth is luaithe ná 3 mhí tar éis an chéad tráthchuid a scaoileadh. Ní dhéanfar an tríú tráthchuid a scaoileadh, i bprionsabal, tráth is luaithe ná 3 mhí tar éis an dara tráthchuid a scaoileadh.

4.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cúiseanna a bhí aige le fionraí nó cealú den sórt sin.

5.   Is le Banc Ceannais na hIordáine a eisíocfar cúnamh macrairgeadais an Aontais. Faoi réir na bhforálacha comhaontaithe a leagtar amach sa MT, lena n-áirítear deimhniú na riachtanas maoinithe bhuiséadaigh atá fós ann, féadfaidh Banc Ceannais na hIordáine cistí an Aontais a aistriú chuig Aireacht Airgeadais na hIordáine ina cháil mar an tairbhí deireanach.

Airteagal 5

1.   Chun cúnamh macrairgeadais an Aontais i bhfoirm iasachtaí a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 223 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

2.   Déanfaidh an Coimisiún comhaontú iasachta leis an Iordáin maidir leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 1. Leagfar síos sa chomhaontú iasachta tréimhse infhaighteachta agus téarmaí mionsonraithe chúnamh macrairgeadais an Aontais, lena n-áirítear i ndáil leis na córais rialaithe inmheánaigh. Deonófar na hiasachtaí ar théarmaí a chuirfidh ar a cumas don Iordáin na hiasachtaí a aisíoc thar thréimhse fhada, lena n-áirítear tréimhse chairde fhéideartha. 35 bliana a bheidh i ré uasta na n-iasachtaí.

3.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí i dtaca leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 6

1.   Cuirfear cúnamh macrairgeadais Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

2.   Is faoi bhainistiú díreach a dhéanfar cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur chun feidhme.

3.   Sula gcuirfear cúnamh macrairgeadais an Aontais chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún measúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar a fhónta atá socruithe airgeadais na hIordáine, nósanna imeachta riaracháin, agus sásraí rialaithe inmheánaigh agus sheachtraigh is ábhartha maidir leis an gcúnamh.

Airteagal 7

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

scrúdú ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur chun feidhme;

(b)

measúnú ar staid eacnamaíoch agus ionchais na hIordáine, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus na coinníollacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chur chun feidhme;

(c)

an chomhbhaint a shonrú idir na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus na coinníollacha airgeadais a leagtar amach sa MT, feidhmíocht leanúnach eacnamaíoch agus fhioscach na hIordáine, agus cinntí an Choimisiúin maidir le tráthchodanna chúnamh macrairgeadais an Aontais a scaoileadh.

2.   Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dhul in éag na tréimhse infhaighteachta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht chúnamh macrairgeadais an Aontais agus ar a mhéid a rannchuidigh leis na cuspóirí a bhí leis an gcúnamh sin a bhaint amach.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Aibreán 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 1 Aibreán 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2025.

(2)   IO L 129, 15.5.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2002/357(1)/oj.

(3)   IO L 41, 13.2.2006, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2006/67/oj.

(4)   IO L 177, 6.7.2011, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2011/398/oj.

(5)  Cinneadh (AE) 2020/33 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2020 maidir le cúnamh macra-airgeadais breise a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine (IO L 14, 17.1.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/33/oj).

(6)  Cinneadh (AE) 2016/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le cúnamh macrairgeadais breise a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine (IO L 352, 23.12.2016, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2016/2371/oj).

(7)  Cinneadh Uimh. 1351/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine (IO L 341, 18.12.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/1351/oj).

(8)  Cinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do chomhpháirtithe um méadú agus do chomhpháirtithe comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 (IO L 165, 27.5.2020, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/701/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj).

(11)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2185/oj).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(13)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/427/oj).

(14)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/793/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top