Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0785

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/785 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025)2350)

C/2025/2350

IO L, 2025/785, 16.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/785/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/785/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/785

16.4.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/785 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Aibreán 2025

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025)2350)

(Is é an téacs Rómáinise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag a bhíonn ar ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

(2)

I gcás ráig d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag in ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(4)

Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme 2025/638 ón gCoimisiún (4) ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos ann bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin mar fhreagairt ar an ráig a deimhníodh an 5 Márta 2025 i gcontae Bihor. Go sonrach, déantar foráil le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 maidir leis na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise atá le bunú ag an mBallstát sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, tar éis na ráige den ghalar sin.

(5)

Ina theannta sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 bunaítear na limistéir i gcríoch na Rómáine nach mór feidhm a bheith ag bearta breise, amhail na bearta is infheidhme maidir le criosanna srianta breise, dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, a chur i bhfeidhm, agus na háiteanna ina bhfuil gluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair lasmuigh d’imlíne sheachtrach na limistéar sin le toirmeasc, ar feadh tréimhse áirithe ama, tar éis dhul in éag na ndátaí le haghaidh na mbeart dá bhforáiltear sna criosanna cosanta agus faireachais.

(6)

Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 ann, chuir an Rómáin an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil an galar sin á scaipeadh i gcontae Arad tar éis di faireachas galair a dhéanamh sa limistéar sin, ach go bhfuil an staid eipidéimeolaíoch sa chuid eile den tír fós éiginnte agus nach leor fós na sonraí faireachais galair atá ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar an staid eipidéimeolaíoch maidir le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag.

(7)

I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche fabhraí i gcontae Arad, agus chun aon ualach breise a chosc mar gheall ar shrianta neamhriachtanacha ar ghluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair, ón limistéar sin go dtí an chuid eile den Rómáin, is gá an contae sin a bhaint de na limistéir sa Rómáin inar cheart feidhm a bheith ag bearta breise, amhail na bearta is infheidhme maidir le criosanna srianta breise, dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus na háiteanna ónar cheart gluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair lasmuigh d’imlíne sheachtrach na limistéar sin a thoirmeasc, ar feadh tréimhse áirithe ama, tar éis dhul in éag na ndátaí le haghaidh na mbeart a bhfuil feidhm acu sna criosanna cosanta agus faireachais uile, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2025/638.

(8)

Ina theannta sin, i bhfianaise na heaspa sonraí faireachais galair leordhóthanacha, na héiginnteachta leanúnaí agus an ama mheasta is gá chun measúnú a dhéanamh ar an staid eipidéimeolaíoch sa chuid eile den Rómáin, is gá síneadh a chur leis an toirmeasc ar ghluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair ó chríoch iomlán na Rómáine go Ballstáit eile, go dtí an 30 Meán Fómhair 2025.

(9)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag agus an ghá atá le cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ó na bunaíochtaí atá buailte leis sa Rómáin go codanna eile den Bhallstáit sin nó go Ballstáit eile, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 mar a leanas:

1.

in Airteagal 1, mír (c), cuirtear ‘30 Meán Fómhair 2025’ in ionad an dáta ‘9 Meitheamh 2025’;

2.

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 ón gCoimisiún an 25 Márta 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/525 (IO L, 2025/638, 28.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/638/oj).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN II

Tír

Limistéar riaracháin

Limistéir dá dtagraítear in Airteagal 2

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

An Rómáin

Contae Bihor

Críoch iomlán chontae Bihor

11.4.2025 - 10.5.2025


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/785/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top