Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R3118

Rialachán (AE) 2024/3118 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis in earnáil na talmhaíochta

C/2024/8789

IO L, 2024/3118, 13.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3118/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3118/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3118

13.12.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/3118 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Nollaig 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis in earnáil na talmhaíochta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le catagóirí áirithe de státchabhair chothrománach (1), agus go háirithe Airteagal 2(1) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I bhfianaise na taithí a fuarthas agus Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 (2) ón gCoimisiún á chur i bhfeidhm, is iomchuí an uasteorainn maidir le cabhair de minimis a mhéadú go dtí EUR 50 000, cabhair is féidir le gnóthas aonair a fháil in aghaidh an Bhallstáit thar aon tréimhse 3 bliana. Cuirtear san áireamh leis an uasteorainn athbhreithnithe sin roinnt tosca lena n-áirítear an taithí a fuarthas, an boilsciú sonrach in earnáil na talmhaíochta a tharla ó leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 in 2019 (3) agus na forbairtí measta le linn thréimhse bhailíochta Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013. Tá gá leis an uasteorainn sin chun a áirithiú go bhféadfar a mheas maidir le haon bheart a thagann faoi Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ach ndéanann sé difear don trádáil idir na Ballstáit nó nach ndéanann sé an iomaíocht a shaobhadh ná nach baol é go saobhfaí an iomaíocht.

(2)

Agus an oibleagáid maidir le faisnéis faoi chabhair de minimis a deonaíodh a chlárú i gclár lárnach ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais á cur san áireamh, is iomchuí an chaidhp náisiúnta a ríomh mar 2 % de mheán na dtrí luach aschuir bhliantúil is airde in aghaidh an Bhallstáit. Is iomchuí freisin ríomh na caidhpe náisiúnta a oiriúnú chun blianta níos déanaí a chur san áireamh, i gcomhréir le tréimhse bhailíochta Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart an tréimhse a úsáidtear chun meánluachanna an aschuir bhliantúil talmhaíochta is airde a ríomh a shocrú ó 2012 go 2023.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart na critéir chun an choibhéis deontais chomhláin le haghaidh iasachtaí agus ráthaíochtaí a ríomh a choigeartú de réir na n-uasteorainneacha de minimis méadaithe.

(4)

Chun ailíniú le Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún (4), ba cheart an tréimhse atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-uasteorainneacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 a athrú ó 3 bliana fhioscacha go 3 bliana. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an tréimhse sin ar bhonn rollach. I gcás gach deontais nua de chabhair de minimis, ní mór méid iomlán na cabhrach de minimis a deonaíodh le 3 bliana anuas a chur san áireamh.

(5)

Tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha státchabhrach agus go bhfuil siad i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ba cheart do na Ballstáit cur i gcrích an chúraim seo a éascú trí na huirlisí riachtanacha a bheith i bhfeidhm lena áirithiú nach sáróidh méid iomlán na cabhrach de minimis a dheonaítear do ghnóthas aonair faoin riail de minimis chomh maith le méid carnach na cabhrach de minimis a dheonaítear in aghaidh an Bhallstáit (‘caidhp náisiúnta’) na huasteorainneacha foriomlána incheadaithe. Ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar an gcabhair a dheonaítear lena áirithiú nach sáraítear na huasteorainneacha sin agus go gcomhlíontar na rialacha maidir le carnadh. Chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh agus chun ailíniú le Rialachán (AE) 2023/2831, ba cheart do na Ballstáit faisnéis iomlán a sholáthar maidir le cabhair de minimis a dheonaítear i gclár lárnach ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, ón 1 Eanáir 2027 ar a dhéanaí, agus ba cheart dóibh a sheiceáil nach sáraítear an uasteorainn de minimis ná an chaidhp náisiúnta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 le haon deonú nua cabhrach. Cuideoidh an clár lárnach leis an ualach riaracháin ar ghnóthais a laghdú. Ní bheidh ceangal ar ghnóthais a thuilleadh aon chabhair de minimis eile a fhaightear a rianú agus a dhearbhú, chomh fada is atá sonraí sa chlár lárnach ar feadh tréimhse 3 bliana. Chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013, ba cheart rialú ar chomhlíonadh na n-uasteorainneacha a leagtar síos a bheith bunaithe i bprionsabal ar an bhfaisnéis a áireofar sa chlár lárnach.

(6)

Féadfaidh gach Ballstát clár lárnach náisiúnta a chur ar bun. Féadfar leanúint de chláir lárnacha náisiúnta atá ann cheana agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 a úsáid. Bunóidh an Coimisiún clár lárnach ar leibhéal an Aontais a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.

(7)

Ós rud é gur fadhb d’fhormhór na FBManna iad an t-ualach riaracháin agus bacainní rialála agus go bhfuil sé mar aidhm ag an gCoimisiún laghdú 25 % a dhéanamh ar an ualach a eascraíonn as ceanglais tuairiscithe (5), ba cheart aon chlár lárnach a bhunú ar bhealach a laghdódh an t-ualach riaracháin. Féadfar dea-chleachtais riaracháin, amhail iad siúd a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), a úsáid mar thagairt chun an clár lárnach ar leibhéal an Aontais agus na cláir lárnacha náisiúnta a bhunú agus a oibriú.

(8)

Ar an gcaoi chéanna, measann an Coimisiún go méadaítear an t-ualach riaracháin leis an bhfaireachán ar an gcaidhp earnála, go háirithe i gcás FBManna. Dá bhrí sin, chun an t-ualach riaracháin a eascraíonn as na ceanglais tuairiscithe a laghdú, is iomchuí don Choimisiún gan faireachán ar an gcaidhp earnála a cheangal a thuilleadh.

(9)

Is é is aidhm do rialacha trédhearcachta comhlíonadh níos fearr, cuntasacht níos fearr, athbhreithniú piaraí agus, ar deireadh, caiteachas poiblí níos éifeachtaí a áirithiú. Ainm tairbhí na cabhrach a fhoilsiú i gclár lárnach, déantar é sin ar mhaithe le leas dlisteanach na trédhearcachta trí fhaisnéis a sholáthar don phobal maidir le húsáid chistí na mBallstát. Ní chuireann sé isteach go míchuí ar cheart na dtairbhithe maidir lena sonraí pearsanta a chosaint fad is a chomhlíonann an foilsiú i gclár lárnach na sonraí pearsanta rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí (7). Ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit iontrálacha sonracha a anaithnidiú i gcás inar gá chun rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh.

(10)

Ní chuimsítear leis an Rialachán seo gach cás nach bhféadfaidh aon éifeacht a bheith ag beart ar thrádáil idir na Ballstáit agus nach bhféadfaidh sé iomaíocht a shaobhadh ná bagairt a dhéanamh ar an iomaíocht a shaobhadh. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina soláthraíonn tairbhí earraí nó seirbhísí do limistéar teoranta (mar shampla i réigiún oileánach nó i réigiún forimeallach) laistigh de Bhallstát agus nach dócha go meallfadh an tairbhí sin custaiméirí ó Bhallstáit eile, agus nach bhféadfaí a thuar go mbeadh mórán tionchair ag an mbeart ar choinníollacha na n-infheistíochtaí nó na bunaíochta trasteorann. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar bhearta den chineál sin ar bhonn cás ar chás.

(11)

I bhfianaise an ghá mhéadaithe atá le cabhair de minimis a úsáid agus ós rud é go bhfuil srian míchuí ar na huasteorainneacha atá ann faoi láthair, is gá Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 a leasú agus síneadh a chur lena thréimhse bhailíochta go dtí an 31 Nollaig 2032.

(12)

Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(1), pointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fho-nóta:

‘(*)

Ós rud é, i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhaontú um Tharraingt Siar, IO L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign) agus go háirithe Airteagal 10 de Chreat Windsor agus Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87), leanfaidh forálacha áirithe de dhlí an Aontais a bhaineann le Státchabhair i leith bearta a dhéanann difear don trádáil idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, chun críocha an Rialacháin seo, tuigfear go n-áirítear an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann in aon tagairt do na Ballstáit.’;

(2)

in Airteagal 2, scriostar míreanna 3 agus 4;

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

Cabhair de minimis

1.   Measfar nach gcomhlíonann bearta cabhrach na critéir uile in Airteagal 107(1) den Chonradh agus, dá bhrí sin, beidh siad díolmhaithe ón gceanglas fógra in Airteagal 108(3) den Chonradh, má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   Méid iomlán na cabhrach de minimis a dheonófar in aghaidh an Bhallstáit do ghnóthas aonair, ní bheidh sé níos airde ná EUR 50 000 thar aon tréimhse 3 bliana.

3.   Méid carnach na cabhrach de minimis a dheonófar in aghaidh an Bhallstáit do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta thar aon tréimhse 3 bliana, ní bheidh sé níos airde ná an chaidhp náisiúnta a leagtar amach san Iarscríbhinn.

4.   Measfar go bhfuil an chabhair de minimis deonaithe an tráth a thugtar an ceart dlíthiúil don ghnóthas, de réir an chórais dhlíthiúil náisiúnta is infheidhme, an chabhair a fháil gan beann ar an dáta a íocfar an chabhair de minimis leis an ngnóthas.

5.   Beidh feidhm ag an gcaidhp de minimis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 gan beann ar fhoirm na cabhrach de minimis nó ar an gcuspóir atá á shaothrú agus gan beann ar an gcabhair a dheonaíonn an Ballstát a bheith á maoiniú go hiomlán nó go páirteach ag acmhainní de thionscnamh an Aontais.

6.   Chun críocha na huasteorann de minimis agus an chaidhp náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, is i bhfoirm deontas airgid a shloinnfear an chabhair. Is figiúirí comhlána a bheidh sna figiúirí ar fad a úsáidfear, is é sin, sula ndéanfar aon cháin nó muirear eile a asbhaint. I gcás ina ndeonaítear cabhair i bhfoirm nach deontas í, beidh méid na cabhrach comhionann le coibhéis deontais chomhláin na cabhrach.

7.   An chabhair is iníoctha i dtráthchodanna éagsúla, déanfar í a lascainiú go dtí a luach tráth ar deonaíodh í. Is é an ráta úis a úsáidfear chun críoch lascainithe an ráta lascaine is infheidhme tráth a dheonaítear an chabhair.

8.   I gcás ina sárófaí an uasteorainn de minimis nó an chaidhp náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 trí chabhair nua de minimis a dheonú, ní fhéadfaidh aon chuid den chabhair nua sin tairbhe a bhaint as an Rialachán seo.

9.   I gcás cumasc agus éadálacha, déanfar an chabhair de minimis ar fad a deonaíodh roimhe sin d’aon cheann de na gnóthais atá i mbun cumaisc a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an sáraíonn aon chabhair nua de minimis a dheonaítear don ghnóthas nua nó don ghnóthas atá ag fáil éadála an uasteorainn de minimis nó an chaidhp náisiúnta ábhartha. An chabhair de minimis a dheonófar go dleathach roimh an gcumasc nó roimh an éadáil, leanfaidh sí de bheith dleathach.

10.   Má scoiltear aon ghnóthas amháin ina dhá ghnóthas nó níos mó, déanfar an chabhair de minimis a deonaíodh roimh an scoilt a leithdháileadh ar an ngnóthas a bhain tairbhe aisti, arb é, i bprionsabal, an gnóthas atá ag glacadh air féin na gníomhaíochtaí ar ina leith a caitheadh an chabhair de minimis. Murar féidir leithdháileadh den sórt sin a dhéanamh, leithdháilfear an chabhair de minimis go comhréireach ar bhonn an luacha de réir na leabhar atá ar chaipiteal cothromais na ngnóthas nua ar dháta éifeachtach na deighilte.’

;

(4)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3, pointe (b):

‘(b)

má tá an iasacht urraithe le comhthaobhacht a chumhdaíonn 50 % ar a laghad den iasacht agus gur fiú EUR 250 000 thar thréimhse 5 bliana nó EUR 125 000 thar thréimhse 10 mbliana an iasacht; más fiú níos lú ná an méid sin an iasacht agus/nó má bhronntar í ar feadh tréimhse níos giorra ná 5 nó 10 mbliana faoi seach, ríomhfar coibhéis deontais chomhláin na hiasachta sin mar chion comhfhreagrach den uasteorainn de minimis a leagtar síos in Airteagal 3(2); nó’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6, pointe (b):

‘(b)

mura sáraíonn an ráthaíocht 80 % den iasacht fholuiteach agus más é EUR 375 000 an méid a ráthaítear agus más tréimhse 5 bliana fad na ráthaíochta, é sin nó más é EUR 187 500 an méid a ráthaítear agus más é tréimhse 10 mbliana fad na ráthaíochta; má tá méid na ráthaíochta níos lú ná na méideanna sin agus/nó má mhaireann an ráthaíocht ar feadh tréimhse níos lú ná 5 nó 10 mbliana faoi seach, déanfar coibhéis deontais chomhláin na ráthaíochta sin a ríomh mar chion comhfhreagrach de na huasteorainneacha de minimis a leagtar síos in Airteagal 3(2); nó’;

(5)

Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   I gcás ina bhfuil gnóthas gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta agus go bhfuil sé gníomhach freisin i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha atá faoi chuimsiú raon feidhme Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún (*1), nó go ndéanann sé gníomhaíochtaí eile atá faoi chuimsiú raon feidhme an Rialacháin sin, is féidir an chabhair de minimis a dheonaítear do ghníomhaíochtaí in earnáil na táirgeachta talmhaíochta i gcomhréir leis an Rialachán seo a charnadh leis an gcabhair de minimis a dheonaítear maidir leis an earnáil, na hearnálacha nó na gníomhaíochtaí sin go dtí an uasteorainn ábhartha a leagtar síos in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2023/2831, ar choinníoll go n-áirithíonn an Ballstát lena mbaineann, ar bhealaí cuí, nach mbainfear leas as an gcabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2831 chun cabhrú le táirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta.

2.   I gcás ina bhfuil gnóthas gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta agus in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe araon, féadfar an chabhair de minimis a dheonaítear do ghníomhaíochtaí in earnáil na táirgeachta talmhaíochta i gcomhréir leis an Rialachán seo a charnadh le cabhair de minimis do ghníomhaíochtaí san earnáil sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 go dtí an uasteorainn is airde a leagtar síos i gceachtar de sa Rialacháin sin, ar choinníoll go n-áirithíonn an Ballstát lena mbaineann, ar bhealaí cuí, nach mbainfear leas as an gcabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 chun cabhrú le táirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta.

(*1)  Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis (IO L, 2023/2831, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2831/oj).’;"

(b)

cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

‘2a   Is féidir cabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo a charnadh le cabhair de minimis a dheonaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2832 ón gCoimisiún (*2).

(*2)  Rialachán (AE) 2023/2832 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, IO L, 2023/2832, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2832/oj).’;"

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Faireachán agus tuairisciú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, go gclárófar an fhaisnéis maidir leis an gcabhair de minimis a dheonaítear i gclár lárnach ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Cuimseoidh an fhaisnéis sa chlár lárnach céannacht an tairbhí, méid na cabhrach, dáta an deonaithe, an t-údarás deonúcháin, an ionstraim chabhrach, agus an earnáil lena mbaineann ar bhonn aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas (‘aicmiú NACE’). Cuirfear an clár lárnach ar bun ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar an bhfaisnéis agus, an tráth céanna, a áiritheoidh go gcomhlíonfar rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear trí iontrálacha sonracha a anaithnidiú i gcás inar gá.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a liostaítear i mír 1 a chlárú sa chlár lárnach maidir leis an gcabhair de minimis a dheonaíonn aon údarás laistigh den Bhallstát lena mbaineann laistigh de 20 lá oibre tar éis dheonú na cabhrach. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun cruinneas na sonraí atá sa chlár lárnach a áirithiú.

3.   Coinneoidh na Ballstáit taifid ar an bhfaisnéis chláraithe maidir le cabhair de minimis go ceann 10 mbliana ón dáta a deonaíodh an chabhair.

4.   Ní dheonóidh Ballstát an chabhair de minimis nua i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin tar éis a sheiceáil dó nach méadóidh an chabhair de minimis nua méid iomlán na cabhrach de minimis arna deonú don ghnóthas lena mbaineann go leibhéal atá os cionn na n-uasteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) agus (3) agus go gcomhlíontar na coinníollacha uile sa Rialachán seo.

5.   Déanfaidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as clár lárnach ar an leibhéal náisiúnta sonraí comhiomlánaithe maidir le cabhair de minimis a deonaíodh don bhliain roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain. Áireofar sna sonraí comhiomlánaithe líon na dtairbhithe, méid foriomlán na cabhrach de minimis a deonaíodh agus méid foriomlán na cabhrach de minimis a deonaíodh in aghaidh na hearnála (trí ‘aicmiú NACE’ a úsáid). Is le haghaidh cabhair de minimis a dheonaítear ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2027 a bheidh na chéad sonraí a chuirtear isteach. Féadfaidh na Ballstáit tuairisciú chuig an gCoimisiún ar thréimhsí níos luaithe i gcás ina bhfuil na sonraí comhiomlánaithe ar fáil.

6.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann ar fáil don Choimisiún, laistigh de 20 lá oibre nó laistigh de thréimhse is faide a leagfar amach san iarratas, gach faisnéis is gá, dar leis an gCoimisiún, chun measúnú a dhéanamh an bhfuil coinníollacha an Rialacháin seo comhlíonta, go háirithe maidir le méid iomlán na cabhrach de minimis atá faighte ag aon ghnóthas de réir bhrí an Rialacháin seo nó de réir brí rialachán de minimis eile.’

;

(7)

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:

‘3a   Aon chabhair de minimis aonair a dheonaítear idir an 1 Eanáir 2014 agus an 20 Nollaig 2024 i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo a bhí infheidhme tráth deonaithe na cabhrach, measfar nach gcomhlíonann sí na critéir ar fad in Airteagal 107(1) den Chonradh agus beidh sí, dá bhrí sin, díolmhaithe ón gceanglas in Airteagal 108(3) den Chonradh fógra a thabhairt.’

;

(b)

cuirtear an mhír 5 seo a leanas leis:

‘5.   Go dtí go mbeidh an clár lárnach curtha ar bun agus go gcumhdóidh sé tréimhse 3 bliana, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát cabhair de minimis a dheonú do ghnóthas i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an Ballstát sin an gnóthas ar an eolas, i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach, faoi mhéid na cabhrach arna shloinneadh mar choibhéis deontais chomhláin agus a chineál de minimis, ag tagairt go díreach don Rialachán seo. I gcás ina ndeonaítear cabhair de minimis i gcomhréir leis an Rialachán seo do ghnóthais éagsúla ar bhonn scéime agus má dheonaítear méideanna éagsúla cabhrach aonair do na gnóthais sin faoin scéim sin, is féidir don Bhallstát lena mbaineann roghnú a oibleagáid a chomhlíonadh trí bhíthin méid a chur in iúl do na gnóthais a chomhfhreagraíonn don uasmhéid cabhrach atá le deonú faoin scéim sin. I gcásanna den sórt sin, úsáidfear an tsuim sheasta lena chinneadh an gcomhlíontar an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2). Sula ndeonóidh an Ballstát an chabhair, gheobhaidh sé dearbhú ón ngnóthas lena mbaineann, i scríbhinn nó go leictreonach, faoi aon chabhair de minimis eile atá faighte a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo nó ag rialacháin de minimis eile maidir leis thar aon thréimhse 3 bliana.’

(8)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara míre:

‘Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2032.’;

(9)

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I;

(10)

Scriostar Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 248, 24.9.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1588/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis san earnáil talmhaíochta (IO L 352, 24.12.2013, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1408/oj).

(3)  Le Rialachán (AE) 2019/316 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis san earnáil talmhaíochta (IO L 51I, 22.2.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/316/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis (IO L, 2023/2831, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2831/oj).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Pacáiste Faoisimh do FBManna (COM(2023) 535 final an 12 Meán Fómhair 2023).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1724/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj); Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


IARSCRÍBHINN

Uasmhéideanna carnacha cabhrach de minimis a dheonaítear in aghaidh an Bhallstáit do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(3)

An Ballstát

Uasmhéideanna na cabhrach de minimis  (*1)

(i milliúin EUR)

an Bheilg

226,23

an Bhulgáir

113,84

an tSeicia

141,28

an Danmhairg

260,65

an Ghearmáin

1 415,42

an Eastóin

26,97

Éire

227,86

an Ghréig

264,88

an Spáinn

1 220,06

an Fhrainc

1 820,07

an Chróit

59,25

an Iodáil

1 375,67

an Chipir

16,45

an Laitvia

38,45

an Liotuáin

81,70

Lucsamburg

11,28

an Ungáir

199,62

Málta

2,70

an Ísiltír

680,95

an Ostair

195,56

an Pholainn

682,85

an Phortaingéil

214,27

an Rómáin

447,18

an tSlóivéin

30,11

an tSlóvaic

56,89

an Fhionlainn

99,45

an tSualainn

148,40

An Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann

59,96


(*1)  Ríomhfar na huasmhéideanna mar 2 % de mheán na dtrí luach is airde de tháirgeadh talmhaíochta bliantúil gach Ballstáit sa tréimhse 2012-2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3118/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top