Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2019

Rialachán (AE, Euratom) 2024/2019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

PE/85/2023/REV/2

IO L, 2024/2019, 12.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2019/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2019/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2019

12.8.2024

RIALACHÁN (AE, EURATOM) 2024/2019 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Aibreán 2024

lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 256(3) agus Airteagal 281, an dara mír, de,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a(1) de,

Ag féachaint don iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), chuir an Chúirt Bhreithiúnais tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin an 14 Nollaig 2017 maidir le hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leithdháileadh na dlínse i dtaca le réamhrialuithe a thabhairt faoi Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Sa tuarascáil sin, bhí an Chúirt Bhreithiúnais den tuairim nach raibh aon ghá, ag an am sin, athruithe a mholadh maidir leis an mbealach ina ndéileáiltear le hiarrataí ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE. Mar sin féin, sa tuarascáil chéanna sin, chuir sí in iúl nach bhféadfaí a chur as an áireamh go n-aistreofaí ina dhiaidh sin an dlínse chuig an gCúirt Ghinearálta i dtaca le réamhrialuithe a thabhairt in ábhair shonracha áirithe dá bhfágfadh líon agus castacht na n-iarrataí ar réamhrialú a chuirtear faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais gur ghá sin ar mhaithe le riar cuí an cheartais. Thairis sin, tá an t-aistriú sin i gcomhréir lena raibh ar intinn ag údair Chonradh Nice, a rinne iarracht éifeachtúlacht chóras breithiúnach an Aontais a neartú trí fhoráil a dhéanamh go bhféadfadh an Chúirt Ghinearálta a bheith rannpháirteach i láimhseáil na n-iarrataí sin.

(2)

De réir staidrimh na Cúirte Breithiúnais, tá méadú ag teacht ar líon na gcásanna réamhrialaithe atá ar feitheamh agus ar an meán-am a thógann sé déileáil leis na cásanna sin araon. Ós rud é gur gá déileáil go mear le hiarrataí ar réamhrialú chun a chur ar a gcumas do na cúirteanna náisiúnta an ceart chun leighis éifeachtaigh a ráthú, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an staid reatha. Ní hamháin gurb é an líon mór iarrataí ar réamhrialú a thugtar os comhair na Cúirte Breithiúnais gach bliain is cúis leis an staid sin, ach tá líon méadaitheach na gceisteanna, atá thar a bheith casta agus de chineál atá go háirithe íogair, a chuirtear faoi bhráid na Cúirte sin, ina chúis leis freisin. Chun ligean don Chúirt Bhreithiúnais leanúint dá misean a chomhlíonadh maidir le dlí an Aontais a choimirciú agus a neartú, agus chun a áirithiú go bhfuil breitheanna na Cúirte Breithiúnais ar an gcáilíocht is airde, is gá, ar mhaithe le riar cuí an cheartais, leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 256(3), an chéad fhomhír, CFAE agus an dlínse a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta chun ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialaithe de bhun Airteagal 267 CFAE a éisteacht agus a chinneadh, in ábhair shonracha a leagtar síos i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Reacht’).

(3)

Le haistriú cuid den dlínse i dtaca le réamhrialuithe a thabhairt chuig an gCúirt Ghinearálta, ba cheart an Chúirt Bhreithiúnais a bheith in ann níos mó ama agus acmhainní a chaitheamh ar scrúdú a dhéanamh ar na hiarrataí is casta agus is íogaire ar réamhrialú agus, sa chreat sin, feabhas a chur ar an idirphlé leis na cúirteanna náisiúnta, inter alia trí úsáid níos mó a bhaint as an sásra dá bhforáiltear in Airteagal 101 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, rud a fhágann gur féidir léi soiléiriú a iarraidh ar chúirt nó binse a rinne an tarchur laistigh de theorainn ama arna forordú ag an gCúirt Bhreithiúnais, i dteannta na ráiteas cáis nó na mbarúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh ag daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht.

(4)

Sa chomhthéacs sin, agus ós rud é go n-éilítear ar an gCúirt Bhreithiúnais, i gcásanna réamhrialaithe, ar bhonn méadaitheach, rialú a thabhairt ar ábhair de chineál bunreachtúil nó a bhaineann le cearta an duine agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), ba cheart trédhearcacht agus oscailteacht an phróisis bhreithiúnaigh a neartú. Chuige sin, agus gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ba cheart an Reacht a leasú chun a fhoráil gur cheart na ráitis cáis nó na barúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh ag duine leasmhar dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis dheireadh an cháis, mura rud é go ndéanann an duine sin agóidí in aghaidh fhoilsiú aighneachtaí i scríbhinn an duine sin féin, agus sa chás sin luafar ar an suíomh gréasáin chéanna go ndearnadh an agóid sin. Leis an bhfoilseachán sin, méadófar an chuntasacht agus cothófar muinín san Aontas agus i ndlí an Aontais.

(5)

Tar éis athchóiriú a dhéanamh ar chreat breithiúnach an Aontais a d’eascair as Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422, tá an Chúirt Ghinearálta ábalta déileáil faoi láthair leis an méadú ar an ualach oibre a thiocfaidh as an aistriú dlínse i dtaca le réamhrialaithe a thabhairt in ábhair shonracha. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil dlúthbhaint ag ualach oibre na Cúirte Ginearálta le forbairtí i ngníomhaíocht an Aontais, ba cheart a bheith aireach chun a áirithiú go mbeidh ar chumas na Cúirte Ginearálta i gcónaí a cuid cumhachtaí athbhreithnithe a fheidhmiú go hiomlán i ndáil le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

(6)

Ar chúiseanna a bhaineann leis an deimhneacht dhlíthiúil, tá sé fíor-riachtanach na hábhair ina dtugtar dlínse don Chúirt Ghinearálta i dtaca le réamhrialuithe a thabhairt a shainiú go soiléir agus iad a bheith indeighilte a ndóthain ó ábhair eile. Thairis sin, tá sé tábhachtach freisin gurb iad sin na hábhair as ar eascair corpas substaintiúil cásdlí de chuid na Cúirte Breithiúnais, corpas lenar féidir treoir a thabhairt don Chúirt Ghinearálta i bhfeidhmiú a dlínse i dtaca le réamhrialuithe a thabhairt.

(7)

Ina theannta sin, ba cheart na hábhair shonracha a chinneadh agus aird á tabhairt ar an ngá atá ann an Chúirt Bhreithiúnais a shaoradh ó scrúdú a dhéanamh ar líon sách ard cásanna réamhrialaithe ionas go mbeidh fíorthionchar aici ar a hualach oibre.

(8)

Is ar bhonn na gcritéar sin ba cheart na hábhair shonracha ina dtugtar dlínse réamhrialuithe a thabhairt don Chúirt Ghinearálta a chinneadh. Ag féachaint d’fhorbairt chineál dhlí an Aontais, ba cheart an cinneadh sin a dhéanamh trí bheith ag brath ar an ngnáthbhealach ina dtagraítear do na hábhair shonracha sin. Chun a áirithiú gur féidir leanúint den chinneadh sin a dhéanamh amach anseo, leis an deimhneacht dhlíthiúil is gá, d’ainneoin fhorbairtí dhlí an Aontais maidir leis na hábhair shonracha sin, tá sé tábhachtach na réimsí a chumhdaítear go hiondúil leis na hábhair shonracha sin a chur san áireamh tráth ghlacadh an Rialacháin seo.

(9)

An comhchóras cánach breisluacha, dleachtanna máil, an Cód Custaim agus rangú earraí de réir taraife faoin Ainmníocht Chomhcheangailte, comhlíonann siad na critéir atá le meas mar ábhair shonracha de réir bhrí Airteagal 256(3), an chéad fhomhír, CFAE. Cumhdaítear leis na hábhair sin, tráth a ghlacfar an Rialachán seo, réimsí amhail cinneadh an bhoinn cánach chun measúnú a dhéanamh ar cháin bhreisluacha nó na coinníollacha maidir le díolúine ó íocaíocht na cánach sin; léiriú ar na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus ar an gcreat a bhaineann le dleachtanna ar alcól, ar dheochanna alcólacha, ar thobac, ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas; na heilimintí ar ar a mbonn a dhéantar dleachtanna ar allmhairí nó ar onnmhairí a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs na trádála in earraí, amhail an chomhtharaif chustaim, tionscnamh agus luach custaim earraí; nósanna imeachta um allmhairiú agus um onnmhairiú, lena n-áirítear tabhú, cinneadh agus múchadh fiachais custaim; socruithe sonracha custaim; an córas faoisimh ó dhleachtanna custaim, chomh maith le léiriú ar cheannteidil shonracha taraife agus ar na critéir maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (5).

(10)

Cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás ina gcuirtear moill ar sheirbhísí iompair nó ina gcuirtear ar ceal iad nó i gcás nach gceadaítear do phaisinéirí bordáil, comhlíonann siad na critéir chun go measfar gur ábhair shonracha iad de réir bhrí Airteagal 256(3), an chéad fhomhír, CFAE, agus go gcumhdaítear leis réimsí a bheidh, tráth a ghlactar an Rialachán seo, á rialú le Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004 (6), (AE) Uimh. 1177/2010 (7), (AE) Uimh. 181/2011 (8) agus (AE) 2021/782 (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Comhlíontar na critéir chéanna freisin i ndáil leis an gcóras um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil, tráth a ghlactar an Rialachán seo arna rialú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus leis na gníomhartha arna nglacadh ar bhonn na Treorach sin.

(11)

Ag féachaint don chritéar substainteach is infheidhme i leith leithdháileadh na dlínse idir an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta chun réamhrialuithe a thabhairt, is den tábhacht é, ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil agus le luas, nach faoi na cúirteanna ná na binsí a dhéanann an tarchur atá sé cinneadh a dhéanamh ar an gceist maidir le cé acu cúirt a bhfuil dlínse aici chun iarraidh ar réamhrialú a éisteacht agus a chinneadh. Ba cheart, dá bhrí sin, gach iarraidh ar réamhrialú a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, ar cheart di a chinneadh, i gcomhréir le rialacha mionsonraithe a leagtar amach ina Rialacha Nós Imeachta, an dtagann an iarraidh go heisiach faoi ábhair shainithe sonrach amháin a leagtar síos sa Reacht nó faoi roinnt díobh, agus, dá réir sin, an bhfuil an iarraidh sin le tarchur chuig an gCúirt Ghinearálta.

(12)

Ba cheart don Chúirt Bhreithiúnais leanúint de bhreith a thabhairt ar iarrataí ar réamhrialú, ar iarrataí iad, cé go bhfuil siad nasctha leis na hábhair shonracha ar ina leith a thugtar dlínse don Chúirt Ghinearálta réamhrialuithe a thabhairt leis an Rialachán seo, a bhaineann le hábhair eile freisin, ós rud é nach bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 256(3), CFAE go bhféadfaí dlínse a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta i dtaca le réamhrialuithe a thabhairt in ábhair seachas na hábhair shonracha.

(13)

An ceart chun éisteacht chóir phoiblí a fháil laistigh de thréimhse réasúnach ama ó bhinse neamhspleách neamhchlaonta arna bhunú roimh ré le dlí, is ceart bunúsach é agus ráthaítear é le hAirteagal 47, an dara mír, den Chairt. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú go soiléir sa Reacht féin go gcoinneoidh an Chúirt Bhreithiúnais dlínse i gcás ina n-ardaíonn an iarraidh ar réamhrialú ceisteanna neamhspleácha maidir le léiriú ar an dlí príomha, ar an dlí idirnáisiúnta poiblí, ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais nó na Cairte, ag féachaint dá gcineál cothrománach, fiú i gcás ina dtagann creat dlíthiúil an cháis sna príomhimeachtaí faoi cheann amháin nó níos mó de na hábhair shonracha ar ina leith a thugtar dlínse don Chúirt Ghinearálta réamhrialuithe a thabhairt leis an Rialachán seo.

(14)

Tar éis réamhanailís a dhéanamh, agus tar éis Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais agus an Chéad Abhcóide Ghinearálta a éisteacht, ba cheart d’Uachtarán na Cúirte Breithiúnais a chur in iúl don Chlárlann cibé ar cheart an iarraidh ar réamhrialú a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta nó ar cheart í a tharchur, le haghaidh tuilleadh anailíse, chuig an gcruinniú ginearálta ina mbíonn Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta uile na Cúirte Breithiúnais rannpháirteach. Ar mhaithe le riar cuí agus tapa an cheartais, ba cheart an próiseas chun measúnú a dhéanamh ar cheart an iarraidh a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta a chur i gcrích laistigh de thréimhse ama nach dtéann thar a bhfuil fíor-riachtanach, agus cineál, fad agus castacht an cháis á gcur san áireamh.

(15)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht níos fearr in imeachtaí breithiúnacha, ba cheart don Chúirt Bhreithiúnais nó don Chúirt Ghinearálta cúiseanna a thabhairt go hachomair, ina rialú maidir le hiarraidh ar réamhrialú, i dtaobh cén fáth a bhfuil sé inniúil ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialaithe a éisteacht agus a chinneadh. Ina theannta sin, ba cheart don Chúirt Bhreithiúnais liosta samplaí lena léirítear cur i bhfeidhm Airteagal 50b den Reacht a fhoilsiú, arna chur isteach leis an Rialachán leasaitheach seo, agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

(16)

Déanfaidh an Chúirt Ghinearálta cinneadh maidir le saincheisteanna dlínse nó inghlacthachta a ardaítear go sainráite nó go hintuigthe leis an iarraidh ar réamhrialú a aistrítear chuici.

(17)

Foráiltear le hAirteagal 54, an dara mír, den Reacht, i gcás ina gcinnfidh an Chúirt Ghinearálta nach bhfuil dlínse aici caingean a éisteacht ná a chinneadh, go ndéanfaidh sí an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid chéanna má chinneann an Chúirt Ghinearálta, agus iarraidh ar réamhrialú a chuirtear faoina bráid á scrúdú aici, nach gcomhlíonann an iarraidh na critéir a leagtar síos in Airteagal 50b, an chéad mhír, den Reacht, arna chur isteach leis an Rialachán leasaitheach seo.

(18)

Thairis sin, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta, de bhun Airteagal 256(3), an dara fomhír, CFAE, cás a thagann faoina dlínse ach a n-éilítear breith ar phrionsabal leis agus ar dóigh dó difear a dhéanamh d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Aontais a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais.

(19)

Chun na ráthaíochtaí céanna arna soláthar ag an gCúirt Bhreithiúnais a sholáthar do na cúirteanna náisiúnta agus do na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, ba cheart don Chúirt Ghinearálta rialacha nós imeachta a ghlacadh atá coibhéiseach leis na rialacha sin arna gcur i bhfeidhm ag an gCúirt Bhreithiúnais agus í ag déileáil le hiarrataí ar réamhrialú, go háirithe maidir le hAbhcóide Ginearálta a ainmniú. Ba cheart do Breithiúna na Cúirte Ginearálta a thoghadh as a líon féin na Comhaltaí a fheidhmeoidh dualgais an Abhcóide Ghinearálta ar feadh tréimhse inathnuaite 3 bliana. Sa tréimhse ina bhfeidhmíonn na Comhaltaí sin dualgais an Abhcóide Ghinearálta, níor cheart dóibh suí mar Bhreithiúna i gcásanna atá faoi rialú ag Airteagal 267 CFAE. Thairis sin, chun a neamhspleáchas a áirithiú, ba cheart an tAbhcóide Ginearálta atá ainmnithe chun déileáil le hiarraidh ar réamhrialú a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de dhlísheomra seachas an dlísheomra ar sannadh an iarraidh sin dó.

(20)

Ag féachaint do ghnéithe sonracha na n-imeachtaí réamhrialaithe i gcomparáid le caingne díreacha a bhfuil dlínse ag an gCúirt Ghinearálta ina leith, is iomchuí iarrataí ar réamhrialú a shannadh do dhlísheomraí de chuid na Cúirte Ginearálta arna n-ainmniú chun na críche sin.

(21)

Ina theannta sin, chun comhchuibheas na réamhrialuithe a thugann an Chúirt Ghinearálta a choimeád go háirithe, agus ar mhaithe le riar cuí an cheartais, ba cheart foráil a dhéanamh do dhlísheomra den Chúirt Ghinearálta de mhéid idirmheánach idir dlísheomraí cúigear Breithiúna agus an Mór-Dhlísheomra. I bhfianaise na bhfreagrachtaí méadaithe atá ar an gCúirt Ghinearálta, a thugtar isteach mar thoradh ar an Rialachán seo, ba cheart Ballstát nó institiúid de chuid an Aontais is páirtí sna himeachtaí a bheith in ann a iarraidh go dtionólfaí dlísheomra den mhéid idirmheánach sin i gcásanna ina dtugtar imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta de bhun Airteagal 267 CFAE.

(22)

De réir staidrimh na Cúirte Breithiúnais, is ann do líon ard achomharc a thugtar i gcoinne bhreitheanna na Cúirte Ginearálta. D’fhonn éifeachtúlacht na n-imeachtaí achomhairc a choinneáil ar bun agus d’fhonn ligean don Chúirt Bhreithiúnais díriú ar na hachomhairc ina n-ardaítear ceisteanna tábhachtacha dlí, ba cheart an sásra lena gcinntear an gceadaítear dul ar aghaidh le hachomharc a leathnú, agus ba cheart a áirithiú ag an am céanna go gcomhlíonfar na ceanglais a bhaineann le cosaint éifeachtach bhreithiúnach.

(23)

Ba cheart an sásra lena gcinntear an gceadaítear dul ar aghaidh le achomharc a leathnú chuig achomhairc arb é is ábhar dóibh breith ón gCúirt Ghinearálta maidir le cinneadh ó bhord achomhairc neamhspleách de chuid comhlachta, oifige, nó gníomhaireachta de chuid an Aontais, ag a raibh, an 1 Bealtaine 2019, an bord achomhairc neamhspleách sin ach nach dtagraítear fós dó in Airteagal 58a den Reacht. Baineann na hachomhairc sin le cásanna a breithníodh cheana féin faoi dhó, ag bord achomhairc neamhspleách ar dtús, agus ag an gCúirt Ghinearálta ina dhiaidh sin, agus é mar thoradh air sin go bhfuil an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil ráthaithe go hiomlán.

(24)

Ba cheart an sásra lena gcinntear an gceadaítear dul ar aghaidh le hachomharc a leathnú freisin chuig díospóidí a bhaineann le feidhmíocht conarthaí ina bhfuil clásal eadrána, de réir bhrí Airteagal 272 CFAE, ar minice ná a mhalairt nach gceanglaítear ar an gCúirt Ghinearálta leo ach an dlí náisiúnta dá dtagraítear sa chlásal eadrána a chur i bhfeidhm maidir le substaint na díospóide. I gcás ina gceanglaítear ar an gCúirt Ghinearálta dlí an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le substaint na díospóide, ba cheart achomhairc a thugtar i gcoinne bhreitheanna na Cúirte Ginearálta i ndáil le díospóidí den sórt sin a bheith in ann dul ar aghaidh i gcás ina n-ardaíonn siad saincheisteanna atá suntasach i ndáil le haontacht, comhchuibheas nó forbairt dhlí an Aontais.

(25)

Le hAirteagal 23 den Reacht, tugtar teidlíocht do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhanc Ceannais Eorpach ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais i gcás ina bhfuil an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid glactha acu. Mar sin féin, ina cleachtas dlínse, cheadaigh an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin do Pharlaimint na hEorpa agus don Bhanc Ceannais Eorpach páirt a ghlacadh i nósanna imeachta a bhaineann le hiarrataí eile ar réamhrialú i gcás ina raibh leas sonrach acu sna saincheisteanna a d’ardaigh an chúirt náisiúnta.

(26)

Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 23 den Reacht a leasú chun a fhoráil go dtabharfar fógra do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhanc Ceannais Eorpach faoi bhreitheanna uile chúirt nó bhinse Ballstáit a tharchuireann cás chuig an gCúirt Bhreithiúnais, ionas gur féidir leo a mheas an bhfuil leas sonrach acu agus cinneadh a dhéanamh an mian leo a gceart a fheidhmiú chun ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh. Ba cheart go mbeadh an leasú sin gan dochar don cheart atá ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh i gcás inar ghlac siad an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid.

(27)

Tá athrú suntasach ar chreat breithiúnach an Aontais i gceist leis an Rialachán seo agus dá bhrí sin ba cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Chuige sin, ba cheart don Chúirt Bhreithiúnais tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, ar bhonn tráthúil, maidir le dlínse chun réamhrialú in ábhair shonracha a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta agus maidir leis an sásra lena gcinntear an gceadaítear dul ar aghaidh le hachomharc a leathnú. Ba cheart don Chúirt Bhreithiúnais, go háirithe, faisnéis a sholáthar a lamhálann do mheasúnú a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach na cuspóirí sonraithe, ag féachaint don luas lenar déileáladh le cásanna agus d’éifeachtúlacht an scrúdaithe a rinneadh ar na hachomhairc agus ar na hiarrataí ba chasta nó b’íogaire ar réamhrialú.

(28)

D’fhorbair Parlaimint na hEorpa agus an Chúirt Bhreithiúnais idirphlé cuiditheach maidir le feidhmiú chóras breithiúnach an Aontais, rud a raibh tairbhe ar leith ag baint leis i gcomhthéacs an athchóirithe reatha. Ba cheart an t-idirphlé sin, a bhféadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe chuige nuair is iomchuí, a shaothrú ar bhealach struchtúrtha agus ar bhonn bliantúil, agus urraim chuí á tabhairt do ról agus d’inniúlachtaí gach institiúide, chun plé a dhéanamh ar chur chun feidhme athchóiriú an Reachta a thugtar isteach leis an Rialachán seo agus chun machnamh a dhéanamh ar fheabhsuithe breise.

(29)

Tá comhairliúchán leis an bpobal agus le geallsealbhóirí ina chuid lárnach de chinnteoireacht fheasach agus d’fheabhsú cháilíocht na reachtóireachta. Sula nglacfaidh siad iarraidh nó togra chun forálacha Phrótacal Uimh. 3 ar an Reacht a leasú de bhun Airteagal 281 CFAE, ba cheart don Chúirt Bhreithiúnais nó don Choimisiún comhairliúcháin phoiblí a sheoladh ar bhealach oscailte agus trédhearcach, lena n-áiritheofar go gceadófar an rannpháirtíocht is leithne is féidir le módúlachtaí agus teorainneacha ama na gcomhairliúchán poiblí sin. Ba cheart torthaí na gcomhairliúchán poiblí agus na gcomhairliúchán le geallsealbhóirí a chur in iúl gan mhoill, de réir mar a bheidh, don Choimisiún nó don Chúirt Bhreithiúnais, agus do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, agus ba cheart iad a phoibliú.

(30)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Reacht’) mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre agus an dara mír:

‘Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nuair a chinnfidh cúirt nó binse de chuid Ballstáit ar a himeachtaí a fhionraí agus cás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais, cuirfidh an chúirt nó an binse lena mbaineann an cinneadh sin in iúl don Chúirt. Ansin cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte an cinneadh in iúl do na páirtithe, do na Ballstáit, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus don Bhanc Ceannais Eorpach agus chomh maith leis sin don institiúid, don chomhlacht, don oifig nó don ghníomhaireacht de chuid an Aontais a ghlac an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid.

Laistigh de 2 mhí tar éis ó cuireadh sin iúl, beidh na páirtithe, na Ballstáit, an Coimisiún agus, i gcás ina measann siad go bhfuil leas sonrach acu sna saincheisteanna a ardaítear leis an iarraidh ar réamhrialú, beidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Banc Ceannais Eorpach i dteideal ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. I gcás inarb iomchuí, beidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht a ghlac an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid i dteideal freisin ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘Déanfar ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh ag duine leasmhar de bhun an Airteagail seo a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis dhúnadh an cháis, mura rud é go ndéanann an duine sin agóidí in aghaidh fhoilsiú aighneachtaí i scríbhinn an duine sin.’

;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 49a

Tabharfaidh Abhcóide Ginearálta amháin nó níos mó cúnamh don Chúirt Ghinearálta agus í ag déileáil le hiarrataí ar réamhrialú a tharchuirtear chuici i gcomhréir le hAirteagal 50b.

Toghfaidh Breithiúna na Cúirte Ginearálta as a líon féin, i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, na Comhaltaí a fheidhmeoidh dualgais an Abhcóide Ghinearálta. Sa tréimhse ina bhfeidhmíonn na Comhaltaí sin dualgais an Abhcóide Ghinearálta, ní shuífidh siad mar Bhreithiúna in iarrataí ar réamhrialú.

Le haghaidh gach iarraidh ar réamhrialú, roghnófar an tAbhcóide Ginearálta as measc na mBreithiúna a thoghfar chun an dualgas sin a fheidhmiú a bhaineann le dlísheomra seachas an dlísheomra ar sannadh an iarraidh i dtrácht dó.

Beidh na Breithiúna a thoghfar chun na dualgais dá dtagraítear sa dara mír a chomhlíonadh tofa ar feadh téarma 3 bliana. Féadfar iad a atoghadh aon uair amháin.’

;

(3)

leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara agus an tríú mír:

‘Féadfaidh an Chúirt Ghinearálta suí i Mór-Dhlísheomra freisin, i ndlísheomra de mhéid idirmheánach atá idir dlísheomraí de chúigear Breithiúna agus an Mór-Dhlísheomra, nó i ndlísheomra atá comhdhéanta de Bhreitheamh aonair.

Leagfar síos sna Rialacha Nós Imeachta comhdhéanamh na ndlísheomraí agus na himthosca agus na coinníollacha ina suífidh an Chúirt Ghinearálta ina foirmíochtaí éagsúla.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘Suífidh an Chúirt Ghinearálta, ina dtugtar imeachtaí os a comhair faoi Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i ndlísheomra de mhéid idirmheánach i gcás ina n-iarrann Ballstát nó institiúid de chuid an Aontais atá ina páirtí sna himeachtaí amhlaidh.’

;

(4)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 50b

Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta iarrataí ar réamhrialú faoi Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a éisteacht agus a chinneadh, a thagann go heisiach faoi cheann amháin nó níos mó de na hábhair shonracha seo a leanas:

(a)

an comhchóras cánach breisluacha;

(b)

dleachtanna máil;

(c)

an Cód Custaim;

(d)

rangú earraí de réir taraife faoin Ainmníocht Chomhcheangailte;

(e)

cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás ina ndiúltaítear cead bordála dóibh nó moill ar sheirbhísí iompair nó cealú seirbhísí iompair;

(f)

an córas um lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil.

D’ainneoin na chéad mhíre, coinneoidh an Chúirt Bhreithiúnais dlínse chun iarrataí ar réamhrialú a éisteacht agus a chinneadh, ar iarrataí iad lena n-ardaítear ceisteanna neamhspleácha maidir leis an léiriú ar an dlí príomhúil, ar an dlí idirnáisiúnta poiblí, ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais nó na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Tionscnófar os comhair na Cúirte Breithiúnais gach iarraidh ar réamhrialú a tharchuirtear de bhun Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tar éis di a fhíorú, chomh tapa agus is féidir agus i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe atá leagtha amach ina Rialacha Nós Imeachta, go dtagann an iarraidh ar réamhrialú faoi raon feidhme eisiach ceann amháin nó níos mó de na hábhair dá dtagraíonn an chéad mhír den Airteagal seo, aistreoidh an Chúirt Bhreithiúnais an iarraidh sin chuig an gCúirt Ghinearálta.

Na hiarrataí ar réamhrialú a éisteann agus a chinneann an Chúirt Ghinearálta faoi Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfar iad a shannadh do dhlísheomraí arna gceapadh chun na críche sin i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar amach ina Rialacha Nós Imeachta.’

;

(5)

in Airteagal 54, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Má chinneann an Chúirt Ghinearálta nach bhfuil dlínse aici caingean nó iarraidh ar réamhrialú a bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais ina leith a éisteacht ná a chinneadh, déanfaidh sí an chaingean nó an iarraidh sin a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais. Ar an gcaoi chéanna, má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais go dtagann caingean nó iarraidh ar réamhrialú faoi dhlínse na Cúirte Ginearálta, déanfaidh sí an chaingean nó an iarraidh sin a tharchur chuig an gCúirt Ghinearálta, agus leis sin ní fhéadfaidh an Chúirt sin dlínse a dhiúltú.’

;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 58a:

‘Airteagal 58a

Achomharc arna dhéanamh i gcoinne breithe de chuid na Cúirte Ginearálta a bhaineann le cinneadh a rinne bord achomhairc neamhspleách de chuid ceann amháin de chomhlachtaí, d’oifigí agus de ghníomhaireachtaí an Aontais seo a leanas, ní rachaidh sé ar aghaidh mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais i dtús báire gur cheart ligean dó dul ar aghaidh:

(a)

Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh;

(b)

an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí;

(c)

an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán;

(d)

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh;

(e)

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh;

(f)

an Bord Réitigh Aonair;

(g)

an tÚdarás Baincéireachta Eorpach;

(h)

an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí;

(i)

an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde;

(j)

Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm freisin ag an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad mhír maidir le hachomhairc a dhéantar i gcoinne na mbreitheanna seo a leanas:

(a)

breitheanna na Cúirte Ginearálta a bhaineann le cinneadh ó bhord achomhairc neamhspleách, a cuireadh ar bun tar éis an 1 Bealtaine 2019 laistigh d’aon chomhlacht, d’aon oifig nó d’aon ghníomhaireacht eile de chuid an Aontais, a gcaithfear an t-ábhar a bheith tugtha os a chomhair sular féidir caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta;

(b)

breitheanna na Cúirte Ginearálta a bhaineann le comhlíonadh conartha ina bhfuil clásal eadrána, de réir bhrí Airteagal 272 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Ligfear d’achomharc dul ar aghaidh, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar amach sna Rialacha Nós Imeachta, i gcás ina n-ardófar saincheist mar chuid den achomharc sin atá suntasach i ndáil le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais.

An cinneadh a dhéanfar maidir le ligean d’achomharc dul ar aghaidh nó gan dul ar aghaidh, is cinneadh cuí-réasúnaithe a bheidh ann, agus déanfar é a fhoilsiú.’

;

(7)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach i dTeideal V den Reacht:

‘Airteagal 62d

Sula dtíolacfaidh siad iarraidh nó togra chun an Reacht seo a leasú, glacfaidh an Chúirt Bhreithiúnais nó an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, comhairle go forleathan.’.

Airteagal 2

1.   Is í an Chúirt Bhreithiúnais a dhéileálfaidh le hiarrataí ar réamhrialú a dhéantar faoi Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais ar an gcéad lá den mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Achomhairc i gcoinne bhreitheanna na Cúirte Ginearálta a bhaineann le cinneadh ó bhord achomhairc de chuid cheann de chomhlachtaí, d’oifigí nó de ghníomhaireachtaí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 58a, an chéad mhír, pointí (e) go (j), den Reacht, agus in aghaidh breitheanna dá dtagraítear in Airteagal 58a, an dara mír, pointe (b) den Reacht, a bhfuiltear os comhair na Cúirte Breithiúnais ina leith ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ní chumhdaítear iad leis an sásra lena gcinntear an gceadaítear dul ar aghaidh le hachomharc.

Airteagal 3

1.   Faoin 2 Meán Fómhair 2025, poibleoidh an Chúirt Bhreithiúnais agus tabharfaidh sí cothrom le dáta go tréimhsiúil liosta samplaí de chur i bhfeidhm Airteagal 50b den Reacht.

2.   Faoin 2 Meán Fómhair 2028, cuirfidh an Chúirt Bhreithiúnais tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme athchóiriú an Reachta a thugtar isteach leis an Rialachán seo.

Sa tuarascáil sin, leagfaidh an Chúirt amach an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

líon na n-iarrataí ar réamhrialú a fuarthas faoi Airteagal 267 CFAE;

(b)

líon na n-iarrataí ar réamhrialú i ngach ceann de na hábhair shonracha a luaitear in Airteagal 50b, an chéad mhír, den Reacht;

(c)

líon na n-iarrataí ar réamhrialú arna scrúdú ag an gCúirt Ghinearálta agus na hábhair shonracha dá dtagraítear in Airteagal 50b, an chéad mhír, den Reacht lena mbaineann siad, agus, i gcás inarb iomchuí, líon na gcásanna arna dtarchur ag an gCúirt Ghinearálta chuig an gCúirt Bhreithiúnais chomh maith le líon na mbreitheanna ón gCúirt Ghinearálta a bhí faoi réir an nós imeachta um athbhreithniú a leagtar síos in Airteagal 62 den Reacht;

(d)

líon agus cineál na n-iarrataí ar réamhrialú nár tarchuireadh chuig an gCúirt Ghinearálta d’ainneoin gur laistigh de cheann amháin nó níos mó de na hábhair shonracha dá dtagraítear in Airteagal 50b, an chéad mhír, den Reacht a tháinig creat dlíthiúil an cháis sna príomhimeachtaí;

(e)

an meánfhad ama a chaitear ag déileáil le hiarrataí ar réamhrialú faoi Airteagal 50b den Reacht sa Chúirt Bhreithiúnais agus sa Chúirt Ghinearálta araon, ar an nós imeachta fíorúcháin a leagtar síos in Airteagal 50b, an tríú mír, den Reacht, agus ar an nós imeachta athbhreithniúcháin a leagtar síos in Airteagal 62 den Reacht;

(f)

líon agus cineál na gcásanna a bhí faoi réir an tsásra lena gcinntear an gceadaítear dul ar aghaidh le hachomharc;

(g)

faisnéis lenar féidir measúnú a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo, ag féachaint don luas lenar déileáladh le cásanna agus d’éifeachtúlacht an scrúdaithe a rinneadh ar na hachomhairc agus ar na hiarrataí ba chasta nó b’íogaire ar réamhrialú, go háirithe trí mhalartuithe méadaithe leis na cúirteanna nó na binsí a dhéanann an tarchur faoi Airteagal 101 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais;

(h)

faisnéis maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 23, an cúigiú mír, den Reacht, go háirithe maidir leis na haighneachtaí i scríbhinn a foilsíodh agus na hagóidí a rinneadh.

Beidh iarraidh ar ghníomh reachtach chun an Reacht a leasú ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, go háirithe d’fhonn leasú a dhéanamh ar liosta na n-ábhar sonrach a leagtar síos in Airteagal 50b, an chéad mhír, den Reacht.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Aibreán 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. DE BUE


(1)  Tuairim an 14 Márta 2023 (COM(2023)0135).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Márta 2024.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (IO L 341, 24.12.2015, lch. 14).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(5)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 172, 17.5.2021, lch. 1).

(10)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2019/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top