Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1671

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1671 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena leagtar síos na socruithe chun faireachán a dhéanamh ar na méideanna allmhairí dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392

C/2024/3875

IO L, 2024/1671, 6.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1671/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 05/06/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1671/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1671

6.6.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1671 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Meitheamh 2024

lena leagtar síos na socruithe chun faireachán a dhéanamh ar na méideanna allmhairí dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 4(7) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Choimircí agus um Chomhrialacha d’onnmhairí i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I ngeall ar chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar in aghaidh na hÚcráine ó bhí an 24 Feabhra 2022 ann, agus chun tacú le geilleagar na hÚcráine, le Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), thug an tAontas Eorpach isteach bearta um léirscaoileadh trádála lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (an ‘Comhaontú Comhlachais (4)). Rinneadh na bearta um léirscaoileadh trádála sin a athnuachan le Rialachán (AE) 2023/1077 (5) agus le Rialachán 2024/1392. Go háirithe, in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2024/1392 (‘an Rialachán’) foráiltear, inter alia, maidir le fionraí na dtaraif-chuótaí arna leagan síos faoi Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais. Foráiltear leis freisin go gceadófar allmhairiú na dtáirgí arna gcumhdach leis na cuótaí sin isteach san Aontas ón Úcráin gan aon dleacht chustaim orthu.

(2)

Deimhníodh tacaíocht an Aontais don Úcráin le síneadh a chur leis na beart um léirscaoileadh trádála go ceann bliana eile. An tráth céanna, tá staid an-fhorbhásach i margaí an Aontais maidir le héanlaith chlóis, uibheacha, siúcra, coirce, arbhar Indiach, piocuaran agus mil (‘na táirgí’) a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do tháirgeoirí talmhaíochta an Aontais dá dtiocfadh méadú ar allmhairí ón Úcráin.

(3)

Dá réir sin, tugadh isteach le hAirteagal 4(7) den Rialachán coimirce uathoibríoch maidir leis na táirgí sin, lena bhforáiltear maidir le hathbhunú an taraif-chuóta a cuireadh ar fionraí le hAirteagal 1(1), pointe (b), den Rialachán má sháraítear méideanna áirithe allmhairí.

(4)

Chun faireachán a dhéanamh ar na méideanna allmhairí sin, le hAirteagal 4(7) den Rialachán, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na socruithe is gá.

(5)

Chun gur féidir faireachán iomchuí, tráthúil, inrochtana agus trédhearcach a dhéanamh ar mhéideanna allmhairí d’oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart don Choimisiún allmhairí na dtáirgí sin a chur faoi réir na foirmiúlachta custaim a leagtar amach in Airteagal 49 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (6). Go háirithe, bheadh sé éigeantach uimhir ordaithe a dhearbhú.

(6)

Chun críoch trédhearcachta, leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme seo meáin uimhríochtúla ábhartha na méideanna allmhairí dá dtagraítear in Airteagal 4(7) den Rialachán.

(7)

Glacadh an Rialachán Cur Chun Feidhme seo i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Rialachán,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh allmhairiú na dtáirgí de thionscnamh na hÚcráine a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo faoi réir na foirmiúlachta custaim a leagtar amach in Airteagal 49 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

Airteagal 2

Liostaítear meáin uimhríochtúla ábhartha na méideanna allmhairí dá dtagraítear in Airteagal 4(7) den Rialachán san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go dtí an 5 Meitheamh 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meitheamh 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/1392, 29.5.2024.

(2)   IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(3)  Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 152, 3.6.2022, lch. 103).

(4)   IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.

(5)  Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 144, 5.6.2023, lch. 1).

(6)   IO L 343, 24.12.2015, lch. 558.


IARSCRÍBHINN

Tuairisc

Sraithuimhir

Na cóid earraí

Taraif-chuótaí arna mbunú faoi Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais, i dtonaí

Meán uimhríochtúil na méideanna allmhairí arna dtaifeadadh sa tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2021, in 2022 agus in 2023, i dtonaí

5 /12 de mheán uimhríochtúil na méideanna allmhairí arna dtaifeadadh sa tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2021, in 2022 agus in 2023, i dtonaí

Éanlaith chlóis

09.6740

0207 11 30

0207 11 90

0207 12

0207 13 10

0207 13 20

0207 13 30

0207 13 50

0207 13 60

0207 13 70

0207 13 99

0207 14 10

0207 14 20

0207 14 30

0207 14 50

0207 14 60

0207 14 70

0207 14 99

0207 24

0207 25

0207 26 10

0207 26 20

0207 26 30

0207 26 50

0207 26 60

0207 26 70

0207 26 80

0207 26 99

0207 27 10

0207 27 20

0207 27 30

0207 27 50

0207 27 60

0207 27 70

0207 27 80

0207 27 99

0207 41 30

0207 41 80

0207 42

0207 44 10

0207 44 21

0207 44 31

0207 44 41

0207 44 51

0207 44 61

0207 44 71

0207 44 81

0207 44 99

0207 45 10

0207 45 21

0207 45 31

0207 45 41

0207 45 51

0207 45 61

0207 45 81

0207 45 99

0207 51 10

0207 51 90

0207 52 90

0207 54 10

0207 54 21

0207 54 31

0207 54 41

0207 54 51

0207 54 61

0207 54 71

0207 54 81

0207 54 99

0207 55 10

0207 55 21

0207 55 31

0207 55 41

0207 55 51

0207 55 61

0207 55 81

0207 55 99

0207 60 05

0207 60 10

ex 0207 60 21

0207602110

0207 60 31

0207 60 41

0207 60 51

0207 60 61

0207 60 81

0207 60 99

0210 99 39

1602 31

1602 32

1602 39 21

2 tharaif-chuóta: 70 000 +20 000

137 042,80

57 101,17

Uibheacha agus albaiminí

09.6741

0407 21 00

0407 29 10

0407 90 10

0408 11 80

0408 19 81

0408 19 89

0408 91 80

0408 99 80

3502 11 90

3502 19 90

3502 20 91

3502 20 99

2 tharaif-chuóta: 3 000 tona i gcoibhéis uibheacha sa bhlaosc agus 3 000 tona i nglanmheáchan

23 188,96

9 662,07

Siúcra

09.6742

1701 12

1701 91

1701 99

1702 20 10

1702 90 30

1702 90 50

1702 90 71

1702 90 75

1702 90 79

1702 90 80

1702 90 95

20 070

262 652,68

109 438,62

Mil

096743

0409

6 000

44 417,56

18 507,32

Arbhar Indiach

09.6744

1005 90

1102 20 10

1102 20 90

1103 13 10

1103 13 90

1103 20 40

1104 23 40

1104 23 98

650 000

11 155 449,04

4 648 103,77

Coirce

09.6745

1004

4 000

2 440,56

1 016,90

Piocuaran, millíní, gráinní etc.

09.6746

ex 1103 19 20

1103192010

1103 19 90

1103 20 90

1104 19 10

1104 19 50

1104 19 61

1104 19 69

1104 29 04

1104 29 05

1104 29 08

ex 1104 29 17

1104291790

ex 1104 29 30

1104293090

1104 29 51

1104 29 59

1104 29 81

1104 29 89

1104 30

7 800

20 648,24

8 603,43


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1671/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top