Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1141

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1141 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais shonracha sláinteachais maidir le feoil, táirgí iascaigh, táirgí déiríochta agus uibheacha áirithe

C/2023/8519

IO L, 2024/1141, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1141/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1141/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1141

19.4.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1141 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Nollaig 2023

lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais shonracha sláinteachais maidir le feoil, táirgí iascaigh, táirgí déiríochta agus uibheacha áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (1), agus go háirithe Airteagal 10(1), an dara fomhír, pointí (a), (c), (d), (e) agus (f) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 leagtar síos rialacha sonracha maidir le sláinteachas bia de bhunadh ainmhíoch le haghaidh oibreoirí gnólachtaí bia. Go háirithe, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, leagtar síos ceanglais maidir le roinnt táirgí de bhunadh ainmhíoch, agus in Iarscríbhinn III de leagtar síos ceanglais shonracha. I Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, leagtar síos ceanglais maidir le marc aitheantais a chur ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch. I gCuid B de Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, tagraítear don Chomhphobal Eorpach, in ionad an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart giorrúcháin an mhairc aitheantais a thagraíonn don ‘Aontas Eorpach’ a chur in ionad tagairtí don ‘Chomhphobal Eorpach’. Mar sin féin, bíonn ualach substaintiúil riaracháin i gceist le hathsholáthar den sórt sin. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse ar lena linn a bhféadfar na táirgí ar a bhfuil marc aitheantais leis an ngiorrúchán le haghaidh an Chomhphobail Eorpaigh roimh dheireadh na hidirthréimhse fanacht ar an margadh.

(2)

Ina theannta sin, tá gá le soiléiriú ar an nasc idir foirm an mhairc aitheantais a cheanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, agus na ceanglais maidir le marc aitheantais speisialta a leagtar síos chun galair áirithe ainmhithe a rialú i Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Ba cheart Cuid B de Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú chun a shoiléiriú cén fhoirm ba cheart a chur i bhfeidhm in imthosca sonracha.

(3)

Ceanglaítear le hIarscríbhinn II freisin ar oibreoirí gnólachtaí bia a oibríonn seamlais faisnéis faoin mbiashlabhra a iarraidh, a fháil agus a sheiceáil agus gníomh a dhéanamh ina leith, de réir mar is iomchuí, maidir le gach ainmhí, seachas géim fiáin, a sheoltar, nó a bhfuil sé beartaithe é a sheoladh, chuig an seamlas. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais chéanna maidir le hoibreoirí gnólachtaí bia a oibríonn i mbunaíochtaí láimhseála géim i gcás ina seoltar an géim saothraithe a mharaítear ag an áit tionscnaimh chuig an mbunaíocht láimhseála géim.

(4)

Tá méadú tagtha ar an úsáid a bhaintear as seamlais shoghluaiste chun saincheisteanna leasa ainmhithe a d’fhéadfadh a bheith ann le linn an iompair a sheachaint, mar shampla, de bharr amanna fada iompair i gcás ainmhithe a thógtar i gceantair iargúlta. Tá seamlais shoghluaiste faoi réir formheasa mar aon le haon seamlas eile i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 i ngach Ballstát ina n-oibríonn siad. Mar sin féin, is gá a shoiléiriú conas ba cheart an formheas sin a chur i bhfeidhm i gcás meascán de shaoráidí soghluaiste agus buana an tseamlais. Tá formheas na seamlas bunaithe go príomha ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le tógáil, leagan amach agus trealamh na seamlas sin dá bhforáiltear i gCaibidil II de Ranna I agus II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.

(5)

Le hAirteagal 43(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún (3), ceadaítear, in imthosca eisceachtúla, go bhféadfar ainmhithe beo a aistriú chuig seamlas eile. Ní dhéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht sin le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004. Ar mhaithe le comhsheasmhacht reachtaíocht an Aontais, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a ailíniú ina leith sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627. Dá bhrí sin, ba cheart Caibidil IV de Roinn I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú dá réir.

(6)

Le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, ceadaítear stiúdadh agus fuiliú líon teoranta crúbach áirithe a dhéanamh ar an bhfeirm faoi réir ceanglais shonracha lena n-áirítear nach féidir na hainmhithe a iompar chuig an seamlas chun aon riosca don láimhseálaí a sheachaint agus chun aon ghortú do na hainmhithe le linn a n-iompair a chosc. Leis an gceanglas sin, déantar an fhéidearthacht sin stiúdadh agus fuiliú a dhéanamh ar an bhfeirm d’ainmhithe a tógadh go forleathan den chuid is mó agus níl formhór na n-ainmhithe a láimhseálann feirmeoirí go minic san áireamh ann, agus dá bhrí sin iompraítear go héasca gan riosca iad. Ar bhonn na taithí atá faighte ag oibreoirí gnólachtaí bia agus údaráis inniúla, agus an t-éileamh atá ag méadú maidir le haon saincheist leasa ainmhithe a chosc le linn an iompair á chur san áireamh, is iomchuí an fhéidearthacht sin a leathnú chun stiúdadh agus fuiliú crúbach a dhéanamh ar an bhfeirm a chumhdach i gcomhréir le ceanglais shonracha maidir le hainmhithe den speiceas caorach agus den speiceas gabhair agus crúbaigh eile a thógtar faoi aon riocht tithíochta.

(7)

An 19 Eanáir 2023 d’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia Tuairim Eolaíoch maidir le Sábháilteacht Mhicribhitheolaíoch Feola Aibithe (4) (‘an Tuairim ó EFSA’). Sa tuairim ó EFSA, léirítear nach bhfuil riosca níos airde ann don tsláinte phoiblí i gcás feoil aibithe ná i gcás feoil úr má chomhlíontar ceanglais áirithe. Agus an méadú atá ag teacht ar thomhaltas feola aibithe á chur san áireamh, is iomchuí ceanglais shonracha a leagan síos a mholtar sa Tuairim ó EFSA i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, go háirithe a mhéid a bhaineann le feoil tirim-aibithe ó bhó-ainmhithe. Cuirtear feoil den sórt sin ar an margadh mar fheoil úr nó, e.g. trí shaothráin aibithe a chur le feoil úr le linn an tirim-aibithe, mar ullmhóid feola. Dá bhrí sin, ba cheart Ranna I agus V d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú dá réir.

(8)

Le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, i gCaibidil VII de Roinn I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, déantar foráil maidir le dálaí iompair malartacha i gcás conablach, leathchonablach, ceathrúchonablaigh nó leathchonablaigh ainmhithe den speiceas caorach, ainmhithe den speiceas gabhair, bó-ainmhithe agus ainmhithe den speiceas mucúil a ghearrtar i dtrí ghearradh le haghaidh mórdhíola. Tá na dálaí iompair sin bunaithe ar rialú theocht dromchla na feola in ionad a lár-theochta agus ní mór dóibh ceanglais shonracha a chomhlíonadh.

(9)

Ar bhonn na taithí atá faighte ag oibreoirí gnólachtaí bia agus údaráis inniúla, is iomchuí na ceanglais shonracha sin a leagtar síos i gCaibidil VII de Roinn I de Roinn I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú, go háirithe chun go bhféadfar an fheoil ó fhuarstóras agus ó líon teoranta seamlas a bhailiú, an iompar a dhéanamh san urrann chéanna ina gcomhlíonann cineálacha difriúla feola ceanglais teochta deiridh na feola sin, agus chun dálaí breise teochta agus ama a sholáthar maidir le conablaigh, leathchonablaigh, ceathrúchonablaigh nó leathchonablaigh ainmhithe den speiceas caorach, ainmhithe den speiceas gabhair agus bó-ainmhithe a gearradh i dtrí ghearradh le haghaidh mórdhíola le linn uastréimhse iompair de 30 uair an chloig a iompar.

(10)

Chuir na húdaráis inniúla torthaí éagsúla in iúl maidir le teocht an dromchla a thomhas nuair a úsáidtear modhanna éagsúla. Dá bhrí sin, is iomchuí modh tagartha bunaithe ar an taithí a fuair oibreoirí gnólachtaí bia agus ar fhorbairtí teicneolaíocha, agus an fhéidearthacht a choinneáil modhanna malartacha a úsáid an tráth céanna.

(11)

Le Roinn III d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, ceanglaítear go ndéanfar raitítigh agus crúbaigh fheirmshaothraithe a mharaítear ar an bhfeirm a iompar chuig an seamlas le haghaidh tuilleadh láimhseála. Ós rud é go bhfuil saoráidí iomchuí ag bunaíochtaí láimhseála géim chun géim saothraithe den sórt sin a mharaítear ar an bhfeirm a láimhseáil ar bhonn sláinteach, ba cheart iad a údarú freisin raitítigh fheirmshaothraithe agus crúbacha feirmshaothraithe a láimhseáil.

(12)

Le pointe (3)(i) de Roinn III d’Iarscríbhinn III, ceanglaítear freisin ar an oibreoir gnólachta bia a thóg na hainmhithe dearbhú dá chuid a bheith ag gabháil chomh fada leis an seamlas le raitítigh fheirmshaothraithe agus crúbacha feirmshaothraithe a mharaítear ar an bhfeirm. Tá an fhaisnéis a sholáthraítear ar an dearbhú sin cosúil leis an bhfaisnéis faoin mbiashlabhra. Chun an t-ualach riaracháin a bhaineann le dúbailt na faisnéise sin a laghdú, ba cheart an ceanglas sin maidir le dearbhú a scriosadh. Ba cheart tagairtí d’fhaisnéis faoin mbiashlabhra a chur in ionad tagairtí do phointe 3(i).

(13)

Maidir le géim saothraithe a mharaítear ag an ngabháltas bunáitíochta, ní mór deimhniú a bheith ag gabháil leis lena bhfíoraítear go comhlíontar na ceanglais a leagtar amach i Roinn III, pointe 3 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, agus úsáid á baint as an deimhniú sláinte caighdeánach a leagtar amach i gCaibidil 3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (5). Chun aon débhríocht a sheachaint idir an ceanglas dlíthiúil a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus an deimhniú sláinte caighdeánach a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, ba cheart foclaíocht an deimhnithe sláinte i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus i Rialachán cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2020/2235 a bheith go hiomlán comhsheasmhach.

(14)

In Iarscríbhinn III, Roinn VIII, Caibidil VII, pointí 1 agus 2 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, déantar foráil go gcoinneofar táirgí iascaigh úra agus táirgí iascaigh neamhphróiseáilte díreoite ag teocht atá gar do theocht an oighir agus é ag leá agus go gcoinneofar táirgí iascaigh reoite ag teocht nach mó ná - 18 °C i ngach cuid de na táirgí. Uaireanta ní mór d’earnáil an iascaigh meaisíní a úsáid lena slistear táirgí iascaigh neamhphróiseáilte úra díreoite nó táirgí iascaigh próiseáilte agus lenar féidir na slisní a chur le chéile arís trí úsáid a bhaint as bileoga idirdhuillithe a chuirtear orthu go huathoibríoch. Sa chás sin, cuirtear na táirgí iascaigh sin i seomra fuar chun a dteocht tosaigh a laghdú nó, i gcás táirgí atá reoite cheana féin, a dteochta a mhéadú go teocht atá níos airde ná -18 °C chun gur féidir an gearradh nó an slisniú a dhéanamh. Dá bhrí sin, is iomchuí a údarú, i gcás inar gá le haghaidh na teochta a éilítear ar bhonn teicneolaíoch, go mbeidh teocht na dtáirgí iascaigh a chuirtear faoi réir an chleachtais sin difriúil ó na teochtaí a éilítear i bpointí 1 agus 2 de Chaibidil VII de Roinn VIII d’Iarscríbhinn III ar feadh tréimhse theoranta ama. Mar sin féin, níor cheart stóráil agus iompar ag an teocht sin a cheadú.

(15)

I gCuid I de Chaibidil I de Roinn IX d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, leagtar síos na ceanglais sláinte maidir le táirgeadh bainne amh agus grutha bhuí i dtréada ainmhithe feirmshaothraithe óna mbailítear an bainne d’fhonn iad a chur ar an margadh. Le pointe 3 de Chuid I, déantar foráil go ndéanfar cóireáil teasa ar bhainne amh ó bhuabhaill, caoirigh nó gabhair nach dtagann ó thréada atá saor ó bhruisealóis agus eitinn, cóireáil teasa amhail cóireáil chun frithghníomh diúltach ar thástáil fosfatáise alcailí a léiriú Mar sin féin, ní modh oiriúnach é an tástáil fosfatáise alcailí chun fíorú a dhéanamh maidir le cóireáil teasa ar bhainne amh ó speicis nach bó-ainmhithe iad nó bainne amh a scartar i gcodáin dhifriúla sula ndéanfar cóireáil teasa air i monarchana próiseála nua-aimseartha. Dá bhrí sin, maidir le roghanna malartacha atá bunaithe ar prionsabail na hanailíse guaise agus na bpointí rialúcháin criticiúla (AGPRC) a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ba cheart iad a thairiscint d’oibreoirí gnólachtaí bia chun éifeachtacht na cóireála teasa a chuirtear i bhfeidhm a léiriú.

(16)

I gCuid II de Chaibidil II de Roinn IX d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, leagtar síos na ceanglais maidir le cóireáil teasa le haghaidh táirgí bainne amh, gruth buí, déiríochta nó táirgí bunaithe ar ghruth buí. I bpointe 1(a) den Chuid II sin, foráiltear nach mór do tháirgí paistéartha frithghníomh diúltach ar thástáil fosfatáise alcailí a léiriú díreach tar éis na cóireála sin, i gcás inarb infheidhme. Ós rud é nach bhfuil an tástáil fosfatáise alcailí oiriúnach chun fíorú a dhéanamh maidir le cóireáil teasa ar bhainne amh ó speicis nach bó-ainmhithe iad nó bainne amh a scartar i gcodáin dhifriúla sula ndéanfar cóireáil teasa orthu, ba cheart roghanna malartacha atá bunaithe ar phrionsabail AGPRC a thairiscint d’oibreoirí gnólachtaí bia chun éifeachtacht an phaistéartha a léiriú.

(17)

I gCaibidil I de Roinn X d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, leagtar síos rialacha sláinteachais maidir le huibheacha a tháirgeadh agus foráiltear go háirithe nach mór uibheacha a choinneáil saor ó bholadh coimhthíoch ós rud é go bhféadfadh boladh den chineál sin athrú ar na huibheacha a thabhairt le fios, rud a d’fhágfadh go mbeidís mí-oiriúnach lena gcaitheamh go díreach ag an tomhaltóir deiridh, go dtí go ndíolfar leis an tomhaltóir iad. Mar sin féin, i gcás inar chuir oibreoir gnólachta bia boladh coimhthíoch ar uibheacha d’aon ghnó chun blasanna áirithe chur orthu, ní chiallaíonn sin go mbaineann riosca don tomhaltóir leis na huibheacha de bharr láithreacht bolaidh den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart a údarú go gcuirfí uibheacha ar cuireadh boladh orthu d’aon ghnó ar an margadh, ar choinníoll nach bhfuil sé beartaithe le cleachtas den sórt sin aon bholadh eachtrach a bhí ar na huibheacha cheana a cheilt.

(18)

Is iomchuí go leor ama a thabhairt d’oibreoirí gnólachtaí bia chun oiriúnú do na ceanglais nua maidir le tirim-aibiú mairteola nó chun sábháilteacht na gcur chuige malartach a léiriú chun shástacht na n-údarás inniúil. Dá bhrí sin, maidir leis na ceanglais nua sin a leagtar síos i gCaibidil VII de Roinn I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, arna leasú leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith acu 6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(19)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Féadfar leanúint de ghiorrúcháin an Chomhphobail Eorpaigh a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Roinn I, Cuid B, pointe 8 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a áireamh sa mharc aitheantais ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch mar a bhí roimh na leasuithe a rinneadh leis an Rialachán seo, go dtí an 31 Nollaig 2028, agus féadfar na táirgí de bhunadh ainmhíoch a bhfuil na marcanna aitheantais sin orthu agus a cuireadh i bhfeidhm roimh an dáta sin fanacht ar an margadh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (3)(a)(iv)(1) den Iarscríbhinn ón 9 Samhain 2024

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 139, 30.4.2004, lch. 55.

(2)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 ón gCoimisiún maidir le rialuithe oifigiúla (IO L 131, 17.5.2019, lch. 51).

(4)   EFSA Journal [Iris EPSA] 2023;21(1):7745.

(5)   IO L 442, 30.12.2020, lch. 1.

(6)  Rialachán (CE) Uimh 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 mar a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn II, i Roinn I, leasaítear Cuid B mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8:

‘8.

Nuair a chuirtear an marc ar tháirge i mbunaíocht atá lonnaithe laistigh den Aontas, ní mór cruth ubhchruthach a bheith air agus giorrúchán an Aontais Eorpaigh (‘AE’) a áireamh ann i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais mar a leanas: EC, EU, EL, UE, EE, AE, ES, EÚ.;

Níor cheart na giorrúcháin sin a áireamh ar mharcanna a chuir bunaíochtaí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas ar tháirgí a allmhairítear isteach san Aontas.’

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘8a.

Féadfar na ceanglais maidir le marc aitheantais speisialta a chur in ionad na gceanglas maidir le foirm an mhairc aitheantais sa Chuid B seo i gcomhréir le hAirteagal 65(1), pointe (h) de Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus na rialacha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 67, pointe (a), Airteagal 71(3) nó (4), nó Airteagal 259(1) nó (2) den Rialachán sin.

(*1)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) ( IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).’;"

(2)

In Iarscríbhinn II, leasaítear Roinn III mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

‘Ní mór d’oibreoirí gnólachtaí bia a oibríonn seamlais nó bunaíochtaí láimhseála géim faisnéis faoin mbiashlabhra mar a leagtar amach sa Roinn seo a iarraidh, a fháil agus a sheiceáil agus gníomh a dhéanamh ina leith, de réir mar is iomchuí, maidir le gach ainmhí, seachas géim fiáin, a sheoltar, nó a bhfuil sé beartaithe é a sheoladh, chuig an seamlas nó chuig an mbunaíocht láimhseála géim.’;

(b)

I bpointí 1, 2, 4, 5, 6 agus 7, cuirtear na focail ‘seamlas nó bunaíocht láimhseála géim’ in ionad an fhocail ‘seamlas’.

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

Leasaítear Roinn I mar a leanas:

(i)

i gCaibidil II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

‘Ní mór d’oibreoirí gnólachtaí bia a áirithiú, maidir le tógáil, leagan amach agus trealamh na seamlas ina maraítear crúbacha intíre, go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i bpointí 1 go 9 seo a leanas. Ní mór do sheamlais pháirteacha shoghluaiste oibriú i gcomhar le saoráidí maraithe buana comhlántacha chun go mbeidh siad ina seamlas iomlán a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bpointí 1 go 9 a leanas. Féadfaidh seamlais pháirteacha shoghluaiste oibriú le roinnt saoráidí maraithe comhlántacha, rud a chuimseoidh roinnt seamlas, dá bhrí sin.’;

(ii)

i gCaibidil IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

‘1.

Tar éis dóibh an seamlas a shroicheadh, níor cheart moill mhíchuí a chur le marú na n-ainmhithe. Mar sin féin, ní mór tréimhse sosa a thabhairt d’ainmhithe roimh iad a mharú, i gcás inar gá déanamh amhlaidh ar chúiseanna leasa. Maidir le hainmhithe a thabharfar i láthair lena marú i seamlas, marófar iad sa seamlas agus ní fhéadfar gluaiseachtaí díreacha chuig seamlas eile a cheadú ach amháin i gcásanna eisceachtúla i gcomhréir le hAirteagal 43(6), an dara fomhír de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627.’;

(iii)

leasaítear Caibidil VIa mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

‘Caibidil VIa:

MARÚ BÓ-AINMHITHE CLÓIS AR LÁTHAIR AN GHABHÁLTAIS BUNÁITÍOCHTA CÉ IS MOITE DE BHÍOSÚIN, AGUS AINMHITHE DEN SPEICEAS CAORACH, AINMHITHE DEN SPEICEAS GABHAIR AGUS AINMHITHE DEN SPEICEAS MUCÚIL AGUS DLÚTHCHRÚBAIGH CHLÓIS SEACHAS I gCÁS MARÚ ÉIGEANDÁLA’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

‘Féadfar suas le trí bhó-ainmhí clóis, seachas bíosúin, suas le trí each-ainmhí clóis, suas le sé ainmhí den chineál mucúil nó suas le naoi n-ainmhí den speiceas caorach nó den speiceas gabhair a mharú an tráth céanna ar láthair an ghabháltais bunáitíochta, nuair a údaraíonn an t-údarás inniúil sin i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:’;

(3)

scriostar pointe (a);

(iv)

leasaítear Caibidil VII mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas tar éis phointe 2:

‘ 2a.

Chun críocha an phointe sin, ciallaíonn ‘tirim-aibiú’ feoil úr a stóráil i ndálaí aeróbacha conablach ar crochadh nó gearrthacha feola úire díphacáilte nó pacáilte i málaí atá tréscaoilteach le galuisce i seomra nó caibinéad cuisnithe agus a fhágtar lena haibiú ar feadh roinnt seachtainí faoi dhálaí timpeallachta rialaithe teochta, bogthaise coibhneasta agus aershreibhe.

Sula ndéanfar í a chur ar an margadh nó a reo, ní mór feoil bó-ainmhithe a ndéanfar tirim-aibiú uirthi a stóráil ag teocht dromchla de – 0,5 go 3,0 °C, agus lena ngabhann bogthaise choibhneasta de 85 % ar a mhéad agus aershreabh de 0,2 go 0,5 m/s i seomra nó caibinéad tiomnaithe ar feadh 35 lá ar a mhéad dar tús dheireadh na tréimhse cobhsaíochta nuair a mharófar í. Mar sin féin, féadfaidh oibreoirí gnólachtaí bia teaglaim eile de theocht dromchla, bogthaise choibhneasta, aershreabh agus am a chur i bhfeidhm nó tirim-aibiú a dhéanamh ar fheoil de speicis eile, má léiríonn siad chun shástacht an údaráis inniúil go soláthraítear ráthaíochtaí coibhéiseacha maidir le sábháilteacht na feola.

Ina theannta sin, cuirfear na bearta sonracha seo a leanas i bhfeidhm:

(i)

cuirfear tús leis an tirim-aibiú díreach tar éis na tréimhse cobhsaíochta nuair a mharófar iad agus nuair a dhéanfar iad a ghearradh agus/nó a iompar chuig bunaíocht a dhéanann an tirim-aibiú, ar bhealach a bhfuil moill mhíchuí i gceist leis;

(ii)

ní dhéanfar an fheoil a luchtú isteach sa seomra ná sa chaibinéad go dtí go socrófar an teocht agus an bhogthaise choibhneasta dá dtagraítear sa dara fomhír;

(iii)

beidh an fheoil ar crochadh ón gcnámh nó, má tá seilf in úsáid, ní mór polladh leordhóthanach a áirithiú chun aershreabh a éascú trí chasadh rialta agus úsáid á bhaint as modhanna sláinteacha;

(iv)

féadfar aershreabh níos airde a chur i bhfeidhm ag tús an phróisis tirim-aibithe chun luathfhorbairt screibe a éascú agus chun an ghníomhaíocht uisce dromchla a laghdú;

(v)

ní mór teirmiméadair, tóireadóirí bogthaise coibhneasta agus trealamh eile a úsáid chun faireachán cruinn a dhéanamh ar dhálaí seomra nó caibinéid agus chun rialú a éascú ina leith;

(vi)

ní mór aer a fhágann an galaitheoir, a thagann isteach sa ghalaitheoir arís agus a thagann i dteagmháil leis an mairteoil a scagadh nó ní mór cóireáil UV a dhéanamh air;

(vii)

nuair a dhéantar an screab a bhearradh, déanfar an bearradh sin ar bhealach sláinteach.’;

2)

i bpointe 3(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad (iv) go (viii):

‘(iv)

i gcás an fheithicil ina n-iompraítear na conablaigh, na leathchonablaigh, na ceathrúchonablaigh nó leathchonabliagh a gearradh i dtrí ghearradh le haghaidh mórdhíola, bailíonn sí feoil ó thrí sheamlas ar a mhéad nó ó fhuarstóras amháin a bhailíonn an fheoil go díreach ó sheamlais, in aghaidh an iompair; beidh feidhm ag na ceanglais uile a leagtar síos i bpointe b) sin maidir le hualaí conablaigh, leathchonablaigh, ceathrúchonablaigh nó leathchonablaigh a gearradh i dtrí ghearradh le haghaidh mórdhíola agus a sheoltar ón seamlas agus ón bhfuarstóras a bhailíonn feoil ón seamlas thuasluaite;

(v)

maidir le conablaigh, leathchonablaigh, ceathrúchonablaigh, nó leathchonablaigh a gearradh i dtrí ghearradh le haghaidh mórdhíola, ní mór lár-theocht de 15 °C a bheith acu ag tús an iompair má tá siad le hiompar san urrann chéanna ina n-iompraítear feoil a chomhlíonann an ceanglas teochta a leagtar amach i bpointe 1 maidir le scairteach agus 7 °C i gcás feoil eile;

(vi)

tá dearbhú ón oibreoir gnólachta bia ag gabháil leis an gcoinsíneacht; ní mór na nithe seo a leanas a lua sa dearbhú sin: fad an fhuaraithe roimh an chéad luchtú, an t-am ar cuireadh tús leis na conablaigh, na leathchonablaigh, na ceathrúchonablaigh, nó na leathchonablaigh a gearradh i dtrí ghearradh le haghaidh mórdhíola a luchtú, an teocht dromchla ag an am sin, an aertheocht iompair uasta a bhféadfar na conablaigh, na leathchonablaigh, na ceathrúchonablaigh, nó na leathchonablaigh a gearradh i dtrí ghearradh le haghaidh mórdhíola a chur fúthu, an t-am uasta iompair a cheadaítear, dáta an údaraithe agus ainm an údaráis inniúil a údaraíonn an t-iompar i gcomhréir le pointe (ii);

(vii)

ní mór don oibreoir gnólachta bia is ceann scríbe fógra a thabhairt don údarás inniúil sula bhfaigheann sé den chéad uair riamh conablaigh, leathchonablaigh, ceathrúchonablaigh, nó leathchonablaigh a gearradh i dtrí ghearradh le haghaidh mórdhíola agus nach sroicheann an teocht dá dtagraítear i bpointe 1 roimh thús an iompair;

(viii)

ní mór an fheoil a iompar i gcomhréir leis na paraiméadair seo a leanas:

I gcás tréimhse iompair uasta (*2) 6 uair an chloig:

Speiceas

Teocht dromchla (1)

Tréimhse uasta chun fuarú go dtí an teocht dromchla (2)

Aertheocht iompair uasta (3)

Meánáireamh laethúil uasta coilíneachtaí aeróbacha conablaigh (4)

Ainmhithe den speiceas caorach agus den speiceas gabhair

7 °C

8 n-uair an chloig

6 C

log10 3,5 cfu/cm2

Bó-ainmhithe

20 uair an chloig

log10 3,5 cfu/cm2

Ainmhithe den speiceas mucúil

16 uair an chloig

log10 4 cfu/cm2

Féadfar an t-am uasta iompair a fhadú go 30 uair má shroichtear lár-theocht faoi bhun 15 °C roimh thús an iompair.

I gcás tréimhse iompair uasta (*3) 60 uair an chloig:

Speiceas

Teocht dromchla (5)

Tréimhse uasta chun fuarú go dtí an teocht dromchla (6)

Lár-theocht (7)

Aertheocht iompair uasta (8)

Meánáireamh laethúil uasta coilíneachtaí aeróbacha conablaigh (9)

Ainmhithe den speiceas caorach agus den speiceas gabhair

4 °C

12 uair an chloig

15 °C

3 °C

log10 3 cfu/cm2

Bó-ainmhithe

24 uair an chloig

(ix)

maidir le modhanna chun teocht an dromchla a thomhas, déanfar iad a bhailíochtú agus úsáidfear an modh seo a leanas mar mhodh tagartha:

úsáidfear teirmiméadar atá calabraithe i gcomhréir leis an leagan is déanaí de ISO 13485;

cuirfear an braiteoir isteach go hingearach sa chuid is tibhe de ag doimhneacht 0,5 go 1 cm den chuid sheachtrach de cheachtar díobh seo a leanas:

(a)

an ghualainn; nó

(b)

cos bó-ainmhithe, ainmhithe den speiceas caorach agus den speiceas gabhair nó den liamhás, nó dromchla inmheánach an liamháis sa chuid láir uachtaraí i gcás ainmhithe den speiceas mucúil;

déanfar cúig thomhas teochta mar seo a leanas:

Image 1

ní mór ar a laghad ceann amháin de na cúig thomhas a bheith faoi bhun na gceanglas teochta dromchla a leagtar síos i bpointe (viii).

(*2)  An tréimhse uasta a cheadaítear ó thús luchtú na feola isteach san fheithicil go dtí cur i gcrích an tseachadta deiridh. Féadfar luchtú na feola isteach san fheithicil a chur siar thar an tréimhse uasta a cheadaítear chun an fheoil a fhuarú go dtí a teocht dromchla shonraithe. Má tharlaíonn sé sin, ní mór an tréimhse iompair uasta a cheadaítear a ghiorrú faoin tréimhse ama chéanna faoinar cuireadh an luchtú siar. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe teorainn a chur leis an líon pointí seachadta."

(*3)  An tréimhse uasta a cheadaítear ó thús luchtú na feola isteach san fheithicil go dtí cur i gcrích an tseachadta deiridh. Féadfar luchtú na feola isteach san fheithicil a chur siar thar an tréimhse uasta a cheadaítear chun an fheoil a fhuarú go dtí a teocht dromchla shonraithe. Má tharlaíonn sé sin, ní mór an tréimhse iompair uasta a cheadaítear a ghiorrú faoin tréimhse ama chéanna faoinar cuireadh an luchtú siar. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe teorainn a chur leis an líon pointí seachadta.’ "

(b)

i Roinn II, i gCaibidil II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

Ní mór d’oibreoirí gnólachtaí bia a áirithiú, maidir le tógáil, leagan amach agus trealamh na seamlas ina maraítear éanlaith chlóis nó giorriaigh, go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i bpointí 1 go 7 seo a leanas. Ní mór do sheamlais pháirteacha shoghluaiste oibriú i gcomhar le saoráidí maraithe buana comhlántacha chun go mbeidh siad ina seamlas iomlán a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bpointí 1 go 7 a leanas. Féadfaidh seamlais pháirteacha shoghluaiste oibriú le roinnt saoráidí maraithe comhlántacha, rud a chuimseoidh roinnt seamlas, dá bhrí sin.’;

(c)

leasaítear Roinn III mar a leanas:

(1)

Leasaítear pointe 3 mar a leanas:

(i)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

‘(h)

go n-iompraítear ainmhithe maraithe fuilithe chuig an seamlas nó chuig bunaíocht láimhseála géim, de réir mar is iomchuí. ar bhealach sláinteach agus gan moill mhíchuí. Má mhaireann an taisteal breis agus 2 uair an chloig, ní mór an t-ainmhí a chuisniú; i gcás ina mbíonn dálaí aeráide oiriúnacha ann, ní bheidh gá leis an bhfuarú gníomhach. Féadfar dí-inniú a dhéanamh ar an toirt, faoi mhaoirseacht an tréidlia oifigiúil;’;

(ii)

Scriostar pointe (i);

agus,

(iii)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

‘(j)

an deimhniú sláinte a leagtar amach i gCaibidil 3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, deimhniú a eisíonn agus a shíníonn an tréidlia oifigiúil, lena ndeimhnítear toradh fabhrach a bheith ar an gcigireacht réamhbháis, an marú agus an fuiliú a bheith déanta i gceart, mar aon le dáta agus le ham an mharaithe, is deimhniú é nach mór a bheith ag gabháil leis an ainmhí maraithe chuig an seamlas nó chuig bunaíocht láimhseála géim, de réir mar is iomchuí, nó a sheoladh roimh ré in aon fhormáid.’;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3a:

‘3a

De mhaolú ar phointe 3(j), féadfaidh an t-údarás inniúil a údarú go n-áireofar fianú an mharaithe agus an fhuilithe chirt agus dáta agus am an mharaithe i bhfaisnéis faoin mbiashlabhra i gcomhréir le Roinn III d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:

(a)

níl an gabháltas lonnaithe i gcrios srianta a shainmhínítear in Airteagal 4(41) de Rialachán (AE) 2016/429;

(b)

thaispeáin an t-oibreoir gnólachta bia an leibhéal iomchuí inniúlachta in ainmhithe a mharú gan pian, anacair ná fulaingt inseachanta a chur ar na hainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 agus gan dochar d’Airteagal 12 den Rialachán sin.’;

(d)

cuirtear an pointe seo a leanas le Roinn V, i gCaibidil III:

‘6.

Comhlíonfaidh ullmhóidí feola a ndéanfar tirim-aibiú orthu na ceanglais a leagtar síos i Roinn I, Caibidil VII, pointe 2a d’Iarscríbhinn III seo.’;

(e)

cuirtear an pointe seo a leanas le Roinn VIII, i gCaibidil VII:

‘4.

Nuair nach mór táirgí iascaigh, táirgí iascaigh neamhphróiseáilte díreoite, nó táirgí iascaigh próiseáilte a bheith ag teocht atá níos ísle ná teocht an oighir agus é ag leá chun gur féidir meaisíní lena slistear nó lena ngearrtar táirgí iascaigh a úsáid, féadfar iad a choinneáil ag an teocht sin a éilítear ar bhonn teicneolaíoch ar feadh tréimhse ama chomh gearr agus is féidir agus nach faide ná 96 uair an chloig in aon chás. Ní cheadófar stóráil agus iompar ag an teocht sin.

Nuair nach mór táirgí iascaigh reoite a bheith ag teocht atá níos airde ná -18 °C chun gur féidir meaisíní lena slistear nó lena ngearrtar táirgí iascaigh a úsáid, féadfar iad a choinneáil ag an teocht sin a éilítear ar bhonn teicneolaíoch ar feadh tréimhse ama chomh gearr agus is féidir agus nach faide ná 96 uair an chloig in aon chás. Ní cheadófar stóráil agus iompar ag an teocht sin.’;

(f)

leasaítear Roinn IX mar a leanas:

(i)

i gCaibidil I, i gCuid I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

‘3.

Mar sin féin, féadfar bainne amh nó gruth buí ó ainmhithe nach gcomhlíonann ceanglais phointe 2 a úsáid leis an údarú ón údarás inniúil:

(a)

i gcás ba, buabhaill, caoraigh nó gabhair nó baineannaigh ó speicis eile nach léiríonn frithghníomh deimhneach ar thástálacha le haghaidh eitinne nó bruisealóise, ná aon siomptóim de na galair sin, agus i gcás caoraigh nó gabhair a vacsaíníodh in aghaidh bruisealóise mar chuid de chlár díothaithe formheasta agus nach léiríonn aon siomptóim den ghalar sin, tar éis cóireáil teasa a dhéanamh orthu chun a léiriú, i gcás inarb infheidhme, frithghníomh diúltach ar thástáil fosfatáise alcailí. Nuair nach bhfuil an tástáil fosfatáise alcailí oiriúnach chun éifeachtacht na cóireála teasa a cuireadh i bhfeidhm a léiriú, amhail cásanna ina dtáirgtear bainne amh ó speicis nach bó-ainmhithe iad nó a scartar i gcodáin dhifriúla sula ndéanfar cóireáil teasa orthu, féadfaidh oibreoirí gnólachtaí bia na dearbhuithe is gá a sholáthar don údarás inniúil agus taifid ghaolmhara a choinneáil mar chuid dá nósanna imeachta atá bunaithe ar prionsabail na hanailíse guaise agus na bpointí rialúcháin criticiúla (AGPRC) i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ;

(b)

i gcás caoirigh nó gabhair nach léiríonn frithghníomh deimhneach ar thástálacha le haghaidh bruisealóise, nó a vacsaíníodh in aghaidh bruisealóise mar chuid de chlár díothaithe formheasta, agus nach bhfuil aon siomptóm a ghabhann leis an ngalar sin orthu, chun cáis a bhfuil tréimhse aibiúcháin 2 mhí ar a laghad aici a mhonarú.’;

(ii)

i gCaibidil II, i gCuid II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(a):

‘(a)

Baintear paistéaradh amach trí chóireáil lena mbaineann an méid seo a leanas:

(i)

teocht ard ar feadh tréimhse ghearr: ag 72 °C ar a laghad ar feadh 15 shoicind;

(ii)

ag teocht íseal ar feadh tréimhse fhada: ag 63 °C ar a laghad ar feadh 30 nóiméad; nó

(iii)

aon mheascán eile de dhálaí ama agus teochta chun éifeacht choibhéiseach a bhaint amach.

Leis an gcóireáil dá dtagraítear in (i), (ii) agus (iii), áireofar go léireoidh na táirgí frithghníomh diúltach ar thástáil fosfatáise alcailí díreach tar éis na cóireála sin, i gcás inarb infheidhme. Nuair nach bhfuil an tástáil fosfatáise alcailí oiriúnach chun éifeachtacht an phaistéartha a léiriú, amhail cásanna ina ndíorthaítear táirgí ó speicis nach bó-ainmhithe iad nó a scartar i gcodáin dhifriúla sula ndéanfar iad a phaistéaradh, féadfaidh oibreoirí gnólachtaí bia na dearbhuithe is gá a sholáthar don údarás inniúil agus taifid ghaolmhara a choinneáil mar chuid dá nósanna imeachta atá bunaithe ar prionsabail na hanailíse guaise agus na bpointí rialúcháin criticiúla (AGPRC) i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004.’;

(g)

i Roinn X, i gCaibidil I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

‘1.

Ag áitreabh an táirgeora, agus go dtí go ndíolfar leis an tomhaltóir iad, ní mór uibheacha a choinneáil glan, tirim, saor ó bholadh coimhthíoch neamhbheartaithe, faoi chosaint éifeachtach ar thurraingí agus in áit nach mbeidh an ghrian ag soilsiú go díreach orthu. Ní ceadmhach aon bholadh coimhthíoch a chuirtear ar uibheacha d’aon ghnó a chur orthu ar mhaithe le boladh a bhí ann cheana a cheilt.’.

(*1)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) ( IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).’;

(*2)  An tréimhse uasta a cheadaítear ó thús luchtú na feola isteach san fheithicil go dtí cur i gcrích an tseachadta deiridh. Féadfar luchtú na feola isteach san fheithicil a chur siar thar an tréimhse uasta a cheadaítear chun an fheoil a fhuarú go dtí a teocht dromchla shonraithe. Má tharlaíonn sé sin, ní mór an tréimhse iompair uasta a cheadaítear a ghiorrú faoin tréimhse ama chéanna faoinar cuireadh an luchtú siar. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe teorainn a chur leis an líon pointí seachadta.

(*3)  An tréimhse uasta a cheadaítear ó thús luchtú na feola isteach san fheithicil go dtí cur i gcrích an tseachadta deiridh. Féadfar luchtú na feola isteach san fheithicil a chur siar thar an tréimhse uasta a cheadaítear chun an fheoil a fhuarú go dtí a teocht dromchla shonraithe. Má tharlaíonn sé sin, ní mór an tréimhse iompair uasta a cheadaítear a ghiorrú faoin tréimhse ama chéanna faoinar cuireadh an luchtú siar. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe teorainn a chur leis an líon pointí seachadta.’ ’


(1)  An teocht dromchla uasta a cheadaítear tráth an luchtaithe agus ina dhiaidh sin, a thomhaistear ag an gcuid is tibhe de na conablaigh, na leathchonablaigh, na ceathrúchonablaigh, nó na leathchonablaigh a gearradh i dtrí ghearradh le haghaidh mórdhíola.

(2)  An tréimhse uasta a cheadaítear ó thráth an mharaithe go dtí go sroichtear an teocht dromchla uasta a cheadaítear tráth an luchtaithe.

(3)  An aertheocht uasta a gceadaítear an fheoil a chur fúithi ón tráth a chuirtear tús le luchtú agus ó thús deireadh an iompair.

(4)  Meánáireamh laethúil uasta coilíneachtaí aeróbacha conablaigh an tseamlais trí úsáid a bhaint as ionú rollach 10 seachtaine, a cheadaítear le haghaidh conablaigh de na speicis ábhartha, arna mheasúnú ag an oibreoir chun shástacht an údaráis inniúil, de réir na nósanna imeachta samplála agus tástála a leagtar amach i bpointí 2.1.1 agus 2.1.2 de Chaibidil 2 agus pointe 3.2 de Chaibidil 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia (IO L 338, 22.12.2005, lch. 1).

(5)  An teocht dromchla uasta a cheadaítear tráth an luchtaithe agus ina dhiaidh sin, a thomhaistear ag an gcuid is tibhe de na conablaigh, na leathchonablaigh, na ceathrúchonablaigh, nó na leathchonablaigh a gearradh i dtrí ghearradh le haghaidh mórdhíola.

(6)  An tréimhse uasta a cheadaítear ó thráth an mharaithe go dtí go sroichtear an teocht dromchla uasta a cheadaítear tráth an luchtaithe.

(7)  Lár-theocht uasta na feola a cheadaítear tráth an luchtaithe agus ina dhiaidh sin.

(8)  An aertheocht uasta a gceadaítear an fheoil a chur fúithi ón tráth a chuirtear tús le luchtú agus ó thús deireadh an iompair.

(9)  Meánáireamh laethúil uasta coilíneachtaí aeróbacha conablaigh an tseamlais trí úsáid a bhaint as ionú rollach 10 seachtaine, a cheadaítear le haghaidh conablaigh de na speicis ábhartha, arna mheasúnú ag an oibreoir chun shástacht an údaráis inniúil, de réir na nósanna imeachta samplála agus tástála a leagtar amach i bpointí 2.1.1 agus 2.1.2 de Chaibidil 2 agus pointe 3.2 de Chaibidil 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1141/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top