Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0791

Rialachán (AE) 2024/791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht sonraí a fheabhsú, deireadh a chur leis na bacainní atá ar theacht chun cinn teilitéipeanna comhdhlúite, na ceanglais trádála a bharrfheabhsú agus toirmeasc a chur ar íocaíocht a fháil i leith sreabhadh orduithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/63/2023/REV/1

IO L, 2024/791, 8.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/791/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/791/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/791

8.3.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/791 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Feabhra 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht sonraí a fheabhsú, deireadh a chur leis na bacainní atá ar theacht chun cinn teilitéipeanna comhdhlúite, na ceanglais trádála a bharrfheabhsú agus toirmeasc a chur ar íocaíocht a fháil i leith sreabhadh orduithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I dteachtaireacht uaidh an 24 Meán Fómhair 2020 dar teideal A Capital Markets Union for people and businesses – new action plan [Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí – plean gníomhaíochta nua] (‘Plean Gníomhaíochta CMU’), d’fhógair an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige togra reachtach a chur síos chun sruth sonraí beo leictreonach leanúnach a chruthú a raibh sé mar aidhm leis léargas cuimsitheach a thabhairt ar phraghsanna agus ar mhéid an chothromais agus na n-ionstraimí airgeadais atá cosúil le cothromas a thrádáiltear ar fud an Aontais agus ar fud ionaid trádála (‘teilitéip chomhdhlúite’). I gconclúidí uaithi an 2 Nollaig 2020 maidir le Plean Gníomhaíochta CMU ón gCoimisiún, mhol an Chomhairle don Coimisiún chun tuilleadh gníomhaíocht infheistíochta a spreagadh laistigh den Aontas trí fheabhas a chur ar infhaighteacht agus trédhearcacht sonraí trí mheasúnú breise a dhéanamh ar conas dul i ngleic leis na bacainní roimh theilitéip chomhdhlúite a bhunú san Aontas.

(2)

I dteachtaireacht uaidh an 19 Eanáir 2021 dar teideal The European economic and financial system: fostering openness, strength and resilience [Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú], dheimhnigh an Coimisiún go raibh sé beartaithe aige creat trédhearcachta na margaí urrús a fheabhsú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú tuilleadh, mar chuid den athbhreithniú ar Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Mar chuid de na hiarrachtaí chun ról idirnáisiúnta an euro a láidriú, d’fhógair an Coimisiún freisin go n-áireofaí le hathchóiriú den sórt sin teilitéip chomhdhlúite a dhearadh agus a chur chun feidhme, go háirithe le haghaidh eisiúintí bannaí corparáide, chun trádáil thánaisteach in ionstraimí fiachais atá ainmnithe in euro a mhéadú.

(3)

Le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, soláthraítear creat reachtach le haghaidh soláthraithe teilitéipe comhdhlúite (CTPanna), i gcás ionstraimí cothromais agus ionstraimí neamhchothromais araon. Tá na CTPanna sin freagrach faoi láthair as tuarascálacha trádála le haghaidh ionstraimí airgeadais a bhailiú ó ionaid trádála agus ó shocruithe formheasta maidir le foilsiú (APAnna) agus as a gcomhdhlúthú i sruth sonraí beo leictreonach leanúnach, lena soláthraítear sonraí faoi phraghsanna agus méideanna in aghaidh na hionstraime airgeadais. Ba é an smaoineamh a bhí taobh thiar de CTPanna a thabhairt isteach go gcuirfí sonraí ó ionaid trádála agus ó APAnna ar fáil don phobal ar bhealach comhdhlúite, lena n-áirítear margaí trádála uile an Aontais, trí chlibeanna sonraí, formáidí agus comhéadain úsáideora chomhionanna a úsáid.

(4)

Go dtí seo, áfach, ní dhearna aon eintiteas faoi mhaoirseacht iarratas ar údarú chun gníomhú mar CTP. I dtuarascáil uaidh an 5 Nollaig 2019 maidir leis an bhforbairt ar phraghsanna ar shonraí réamhthrádála agus iarthrádála agus ar an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh ionstraimí cothromais, shainaithin an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) trí phríomhbhacainn a chuir cosc ar eintitis faoi mhaoirseacht iarratas a dhéanamh ar údarú mar CTP: ar an gcéad dul síos, tá easpa soiléireachta ann faoin gcaoi a bhfuil CTP le sonraí a fháil ó na hionaid forghníomhaithe éagsúla nó ó na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí lena mbaineann; ar an dara dul síos, tá easpa cáilíochta ann ó thaobh an comhchuibhiú a dhéantar ar na sonraí a thuairiscíonn na hionaid forghníomhaithe sin chun comhdhlúthú atá costéifeachtach a dhéanamh; agus ar an tríú dul síos, tá easpa dreasachtaí tráchtála ann chun iarratas a dhéanamh ar údarú mar CTP. Dá bhrí sin, is gá deireadh a chur leis na bacainní sin. Chun na bacainní sin a bhaint, ar an gcéad dul síos, ní mór do gach ionad trádála agus APA (‘rannchuiditheoirí sonraí’) sonraí a tharchur chuig CTPanna, agus, ar an dara dul síos, cáilíocht na sonraí a fheabhsú trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar na tuarascálacha sonraí atá le cur faoi bhráid lárionaid sonraí na CTPanna ag rannchuiditheoirí sonraí.

(5)

Le hAirteagal 1(7) de Threoir 2014/65/AE, maidir le córais agus saoráidí ina bhfuil iliomad leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtithe in ionstraimí airgeadais in ann idirghníomhú (‘córais iltaobhacha’), ceanglaítear orthu oibriú i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann le margaí rialáilte, saoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna), nó saoráidí trádála eagraithe (OTFanna). Mar gheall ar chuimsiú an cheanglais sin faoi raon feidhme Threoir 2014/65/AE, is féidir an ceanglas sin a léirmhíniú ar bhealaí difriúla, rud a fhágann nach bhfuil cothrom iomaíochta ann idir na córais iltaobhacha a údaraítear mar mhargadh rialáilte, MTF nó OTF agus córais iltaobhacha nach n-údaraítear amhlaidh. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an cheanglais sin a áirithiú, ba cheart é a aistriú ó Threoir 2014/65/AE go Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

(6)

Is éard atá sa trádáil anaithnid trádáil a dhéantar gan trédhearcacht réamhthrádála, ina n-úsáidtear an tarscaoileadh a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (‘tarscaoileadh praghais tagartha’) agus an tarscaoileadh a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (b)(i), den Rialachán sin (‘tarscaoileadh trádála idirbheartaithe’). Caidhpeáiltear úsáid an dá tharscaoileadh leis an gcaidhpeáil dhúbailte méid, ar sásra é lena dteorannaítear an leibhéal trádála anaithnide do sciar áirithe den trádáil iomlán in ionstraim chothromais. Ar an gcéad dul síos, níor cheart an leibhéal trádála anaithnide a dhéantar in ionstraim chothromais ar ionad aonair a bheith níos mó ná 4 % de mhéid iomlán na trádála a dhéantar san ionstraim sin san Aontas. Nuair a sháraítear an tairseach sin, cuirtear trádáil anaithnid san ionstraim sin ar an ionad sin ar fionraí. Ar an dara dul síos, níor cheart an méid trádála anaithnide a dhéantar in ionstraim chothromais san Aontas a bheith níos mó ná 8 % de mhéid iomlán na trádála san ionstraim sin san Aontas. Nuair a sháraítear an dara tairseach sin, cuirtear an trádáil anaithnid uile faoin dá tharscaoileadh san ionstraim sin ar an ionad sin ar fionraí. Fágann an chéad tairseach, eadhon an tairseach ionadsonrach, gur féidir leanúint de na tarscaoiltí sin a úsáid ar ionaid eile nár cuireadh an trádáil san ionstraim chothromais sin ar fionraí orthu go fóill, go dtí go ndéanfar an dara tairseach, eadhon an tairseach uile-Aontais, a shárú. Fágann sé sin go bhfuil sé níos casta faireachán a dhéanamh ar na leibhéil trádála anaithnide agus an fhionraí a fhorfheidhmiú. Chun an chaidhpeáil dhúbailte méid a shimpliú agus a héifeachtacht á coinneáil, ba cheart don chaidhpeáil aonair méide nua a bheith ag brath ar thairseach uile-Aontais amháin arna socrú ag 7 %, ar tairseach í nár cheart feidhm a bheith aici ach amháin maidir le trádáil faoin tarscaoileadh praghais tagartha agus ní maidir le trádáil faoin tarscaoileadh trádála idirbheartaithe. Ba cheart do ÚEUM measúnú tráthrialta a dhéanamh ar an tairseach caidhpeála méid, agus cúinsí cobhsaíochta airgeadais, dea-chleachtais idirnáisiúnta, iomaíochas ghnólachtaí an Aontais, tábhacht an tionchair ar an margadh agus éifeachtúlacht praghasmhúnlaithe á gcur san áireamh, agus ba cheart dó tuarascáil, ina mbeidh moltaí uaidh, a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ar an mbonn sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún an tairseach caidhpeála méid a choigeartú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Ba cheart do ÚEUM measúnú a dhéanamh freisin ar oiriúnacht na caidhpeála méid agus ar an ngá í a bhaint nó í a leathnú chuig córais trádála nó ionaid forghníomhaithe eile a dhíorthaíonn a bpraghsanna ó phraghas tagartha.

(7)

Leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu i leith ionstraimí neamhchothromais, gan beann ar an gcóras trádála. Bhí buntáistí na gceanglas sin soiléir d’oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta den sórt sin a oibríonn leabhar orduithe teorann lárnaí nó córas trádála do cheantáil thréimhsiúil, i gcás ina bhfuil tairiscintí agus ofrálacha anaithnid, daingean agus fíor-iltaobhach. Le córais trádála eile, go háirithe córais trádála ó bhéal agus córais iarrtha luachana, cuirtear luachaintí saincheaptha ar fáil d’iarrthóirí, ar luachaintí iad ar beag luach faisnéise a bhaineann leo do rannpháirtithe eile sa mhargadh. Chun an t-ualach rialála a fhorchuirtear ar oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta den sórt sin a laghdú agus chun na tarscaoiltí is infheidhme a shimpliú, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas luachaintí daingne nó táscacha a fhoilsiú ach amháin maidir le leabhar orduithe teorann lárnaí agus córais trádála do cheantáil thréimhsiúil. Chun an trédhearcacht réamhthrádála a theorannú do leabhair orduithe teorann lárnaí agus do chórais trádála do cheantáil thréimhsiúil, ba cheart na ceanglais is infheidhme maidir le tarscaoiltí dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a leasú. Ba cheart deireadh a chur leis an tarscaoileadh atá ar fáil os cionn méid a bhaineann go sonrach leis an ionstraim airgeadais do chórais iarrtha luachana agus do chórais trádála ó bhéal.

(8)

Faoi láthair, tagann díorthaigh faoi raon feidhme an chórais trédhearcachta neamhchothromais, lena gcomhcheanglaítear cineálacha éagsúla ionstraimí airgeadais le hurrúis (bannaí) den chuid is mó ar thaobh amháin agus le conarthaí (díorthaigh) den chuid is mó ar an taobh eile. Braitheann trédhearcacht le haghaidh ionstraimí neamhchothromais, agus le haghaidh ionstraimí cothromais, ar choincheap ‘na trádála ar ionad trádála’. Maidir le díorthaigh áirithe, is léir go bhfuil fadhbanna ag baint leis an gcoincheap sin mar gheall ar an easpa idirmhalartachta a bhaineann leo agus mar gheall ar an easpa sonraí tagartha sainaitheanta iomchuí. Ar an gcúis sin, níor cheart raon feidhme trédhearcachta díorthach a bheith ag brath ar choincheap ‘na trádála ar ionad trádála’, ach, ina ionad sin, ar shaintréithe réamhshainithe na ndíorthach. Ba cheart na díorthaigh a bheith faoi réir na gceanglas trédhearcachta, is cuma má dhéantar iad a thrádáil ar ionad nó as ionad. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais trédhearcachta maidir le díorthaigh atá caighdeánaithe go leordhóthanach chun go mbeidh na sonraí a fhoilsítear i ndáil leo fóinteach do rannpháirtithe sa mhargadh lasmuigh de na páirtithe conarthacha. Ciallaíonn sé sin gur cheart gach díorthach arna thrádáil ar mhalartán a bheith faoi réir na gceanglas trédhearcachta i gcónaí. Ba cheart díorthaigh eile a bheith faoi réir na gceanglas trédhearcachta i gcás ina dtagann siad faoi raon feidhme na hoibleagáide imréitigh faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (‘oibleagáid imréitigh’), ar réamhriachtanas é méid áirithe caighdeánaithe a bheith ann ina leith, agus ina ndéantar imréiteach lárnach orthu. Áirithítear leis sin nach mbeidh idirbhearta a mheastar a bheith mí-oiriúnach don oibleagáid imréitigh, amhail idirbhearta inghrúpa, faoi réir na gceanglas trédhearcachta. Go háirithe, níor cheart ach do dhíorthaigh ráta úis a bhfuil an meascán airgeadraí agus aibíochtaí is caighdeánaithe agus is leachtaí acu teacht faoi raon feidhme na gceanglas trédhearcachta. Ina theannta sin, léirigh teagmhais mhargaidh a tharla le déanaí go bhféadfadh easpa trédhearcachta i mbabhtálacha mainneachtana creidmheasa áirithe a thagraíonn do bhainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo nó a thagraíonn d’innéacs ina gcuimsítear bainc den sórt sin a bheith ina gcúis le hamhantraíocht a spreagadh faoi acmhainneacht creidmheasa banc den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart babhtálacha mainneachtana creidmheasa den sórt sin a bheith faoi réir na gceanglas trédhearcachta freisin i gcás ina ndéantar iad a imréiteach go lárnach fiú i gcás nach bhfuil siad faoi réir na hoibleagáide imréitigh. Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún leasú a dhéanamh ar na coinníollacha lena gcinntear na díorthaigh atá le bheith faoi réir na gceanglas trédhearcachta i gcás ina n-éilítear amhlaidh de bharr forbairtí sa mhargadh.

(9)

Le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ceanglaítear ar ionaid trádála faisnéis a bhaineann le hidirbhearta in ionstraimí neamhchothromais, lena n-áirítear praghas agus méid, a chur ar fáil don phobal. In Airteagal 11 den Rialachán sin, sonraítear na cásanna inar féidir le húdaráis inniúla foilsiú iarchurtha na mionsonraí sin a údarú. Ceadaítear foilsiú iarchurtha den sórt sin i gcás ina bhfuil idirbheart níos mó ná an tairseach mhéide le haghaidh idirbhearta atá ar scála mór, i gcás ina bhfuil sé in ionstraim nach bhfuil aon mhargadh leachtach ann chuici, i gcás ina bhfuil baint ag soláthróirí leachtachta leis an idirbheart nó ina bhfuil sé níos mó ná an mhéid atá sonrach don tairseach ionstraime airgeadais. Tá sé de rogha ag údaráis inniúla fad na n-iarchur agus mionsonraí na n-idirbheart atá le hiarchur a chinneadh. Mar gheall ar an rogha sin, tá cleachtais dhifriúla in úsáid sna Ballstáit agus tá córas trédhearcachta iarthrádála neamhéifeachtach casta ann. Chun trédhearcacht maidir le gach cineál infheisteora a áirithiú, is gá an córas iarchurtha a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, chun deireadh a chur leis an rogha ar an leibhéal náisiúnta agus chun comhdhlúthú sonraí a éascú. Is iomchuí, dá bhrí sin, na ceanglais trédhearcachta iarthrádála a dhaingniú trí dheireadh a chur leis an rogha atá ag na húdaráis inniúla.

(10)

Chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta a áirithiú, ba cheart praghas agus méid na n-idirbheart a dhéantar maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltais astaíochtaí a chur ar fáil don phobal chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil. Chun nach nochtfar soláthraithe leachtachta in idirbhearta den sórt sin do riosca míchuí, ba cheart a bheith in ann foilsiú mionsonraí áirithe de na hidirbhearta a iarchur. Ba cheart catagóirí na n-idirbheart a gceadaítear iarchur ina leith a chinneadh agus méid na n-idirbheart agus leachtacht na n-ionstraimí airgeadais lena mbaineann á gcur san áireamh. Ba cheart mionsonraí beachta an chórais iarchurtha a chinneadh trí bhíthin caighdeáin theicniúla rialála, ar cheart athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh orthu, chun an fad iarchurtha is infheidhme a laghdú de réir a chéile. Chun críche córas trédhearcachta níos cobhsaí a bheith ann, is gá leachtacht le haghaidh bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltas astaíochtaí, nó aicmí díobh, a chinneadh ar bhonn seasta. Ba cheart a shonrú sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚEUM cé na méideanna eisiúna a chomhfhreagraíonn do mhargadh leachtach nó neamhleachtach i mbannaí, nó aicmí díobh, go dtí a n-aibíocht, cén mhéid idirbhirt i mbanna leachtach nó i mbanna neamhleachtach ónar féidir iarchur a chur i bhfeidhm, agus cén fad iarchurtha den sórt sin i gcomhréir leis an Rialachán seo. Chun leibhéal iomchuí trédhearcachta a bheith ann le haghaidh bannaí faoi chumhdach, is iomchuí méid eisiúna bannaí den sórt sin a chinneadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún (8). Maidir le táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltais astaíochtaí, ba cheart do ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na hionstraimí nó na haicmí ag a bhfuil margadh leachtach nó neamhleachtach a chinneadh. Ba cheart do ÚEUM na catagóirí is infheidhme agus an fad iarchurtha a bhunú. Is iomchuí do ÚEUM cinneadh margaí leachtacha agus neamhleachtacha i mbannaí, lamháltais astaíochtaí agus táirgí airgeadais struchtúraithe a chur i bhfeidhm maidir leis an tarscaoileadh trédhearcachta réamhthrádála freisin. Níl sé iomchuí go mbeadh an cinneadh sin ag brath ar mheasúnuithe tráthrialta. Ba cheart an chumhacht a bheith ag údaráis inniúla síneadh a chur le tréimhse foilsithe iarchurtha mhionsonraí na n-idirbheart arna bhforghníomhú i ndáil leis na hionstraimí fiachais cheannasaigh arna n-eisiúint ag a mBallstát féin faoi seach. Is iomchuí go mbeadh síneadh den sórt sin infheidhme ar fud an Aontais. Maidir le hidirbhearta in ionstraimí fiachais cheannasaigh nach n-eisíonn na Ballstáit, ba cheart do ÚEUM cinntí maidir le síntí den sórt sin a dhéanamh.

(11)

Ba cheart córas iarchurtha atá ar leithligh ó na córais sin le haghaidh ionstraimí neamhchothromais eile a bheith mar thoradh ar ilchineálacht díorthach. Cé gur cheart an fad iarchurtha a chinneadh trí bhíthin caighdeáin theicniúla rialála ar bhonn mhéid an idirbhirt agus leachtacht na haicme díorthach, ba cheart do ÚEUM a chinneadh cé na hionstraimí nó na haicmí atá leachtach, cé acu atá neamhleachtach, agus cén mhéid idirbhirt ar féidir foilsiú shonraí an idirbhirt a iarchur os a cionn. Is iomchuí do ÚEUM cinneadh margaí leachtacha agus neamhleachtacha a chur i bhfeidhm maidir leis na tarscaoiltí trédhearcachta réamhthrádála freisin.

(12)

Le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ceanglaítear ar oibreoirí margaidh agus ar ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu faisnéis réamhthrádála agus iarthrádála faoi idirbhearta in ionstraimí airgeadais a chur ar fáil don phobal ar bhonn réasúnach tráchtála agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an bhfaisnéis sin a áirithiú. Níor baineadh amach cuspóirí an Airteagail sin leis, áfach. Leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn ionaid trádála, APAnna agus inmheánaitheoirí córasacha ar bhonn réasúnach tráchtála, ní chuirtear ar a gcumas do na húsáideoirí beartais sonraí ná an chaoi a socraítear an praghas ar na sonraí a thuiscint. An 18 Lúnasa 2021, d’eisigh ÚEUM treoirlínte maidir leis an gcaoi ar cheart coincheap‘an bhoinn réasúnaigh tráchtála’ a chur i bhfeidhm. Ba cheart na treoirlínte sin a thiontú ina n-oibleagáidí dlíthiúla agus iad a neartú chun a áirithiú nach féidir le hionaid trádála, APAnna, CTPanna agus inmheánaitheoirí córasacha muirear a ghearradh as sonraí de réir an luacha a léiríonn na sonraí d’úsáideoirí aonair. Mar thoradh ar an ardleibhéal mionsonraí is gá chun coincheap ‘an bhoinn réasúnaigh tráchtála’ a shonrú agus an tsolúbthacht is gá chun na rialacha is infheidhme a leasú bunaithe ar an timpeallacht sonraí atá ag athrú go tapa, ba cheart a thabhairt de chumhacht do ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonraítear an chaoi ar cheart coincheap ‘an bhoinn réasúnaigh tráchtála’ a chur i bhfeidhm agus ar an gcaoi sin, lena ndaingnítear cur i bhfeidhm comhsheasmhach comhchuibhithe Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Ina theannta sin, ba cheart do ÚEUM faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí i mbeartais sonraí agus i socrú praghsanna sa mhargadh. Ba cheart do ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn a mheasúnaithe.

(13)

Chun an próiseas praghasmhúnlaithe a threisiú agus chun cothrom iomaíochta idir na hionaid trádála agus na hinmheánaitheoirí córasacha a choinneáil ar bun, ceanglaítear ar inmheánaitheoirí córasacha le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 na luachaintí uile in ionstraimí cothromais a chur ar fáil don phobal, i gcás ina ndéileálann na hinmheánaitheoirí córasacha sin i méideanna suas le méid chaighdeánach an mhargaidh. Tá sé de shaoirse ag na hinmheánaitheoirí córasacha na méideanna ag a luann siad a chinneadh, ar choinníoll go luann siad ag íosmhéid 10 % de mhéid chaighdeánach an mhargaidh. Mar gheall ar an bhféidearthacht sin, áfach, soláthraíonn inmheánaitheoirí córasacha leibhéal an-íseal trédhearcachta reámhthrádála in ionstraimí cothromais agus chuir an fhéidearthacht isteach ar chothrom iomaíochta a bhaint amach. Is gá, dá bhrí sin, a cheangal ar inmheánaitheoirí córasacha luachaintí daingne a phoibliú ar bhonn íosmhéid luachana a bheidh le cinneadh trí bhíthin caighdeáin theicniúla rialála. Agus na caighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, is iomchuí do ÚEUM na cuspóirí seo a leanas a bhreithniú: trédhearcacht réamhthrádála ionstraimí cothromais a mhéadú ar mhaithe le hinfheisteoirí deiridh; cothrom iomaíochta a choinneáil idir ionaid trádála agus inmheánaitheoirí córasacha; rogha leordhóthanach roghanna trádála a sholáthar d’infheisteoirí deiridh; agus a áirithiú go leanfaidh an tírdhreach trádála san Aontas de bheith tarraingteach agus iomaíoch sa bhaile agus go hidirnáisiúnta araon. D’fhonn iomaíochas inmheánaitheoirí córasacha a mhéadú, ba cheart cead a bheith acu orduithe d’aon mhéid a mheaitseáil ag lárphointe.

(14)

Le hAirteagail 18 agus 19 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 leagtar síos ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh inmheánaitheoirí córasacha i leith ionstraimí neamhchothromais agus luachaintí daingne nó táscacha á gcur ar fáil dá gcliaint. Tá na luachaintí sin curtha in oiriúint do chliaint aonair agus is beag luach faisnéise a bhaineann leo do chliaint eile. Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais sin a bhaint. Mar sin féin, d’fhéadfadh inmheánaitheoirí córasacha ceanglais trédhearcachta réamhthrádála a chomhlíonadh ar bhonn deonach, mar shampla chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais a gcliant miondíola.

(15)

Faoin gcreat dlíthiúil reatha, i gcás inarb inmheánaitheoir córasach ceann amháin den dá pháirtí in idirbheart, ceanglaítear ar an inmheánaitheoir córasach an trádáil a thuairisciú do APA, cé nach gceanglaítear ar a chontrapháirtí déanamh amhlaidh. Mar thoradh air sin, roghnaigh go leor gnólachtaí infheistíochta stádas inmheánaitheora chórasaigh a bheith acu, go háirithe chun trádálacha a thuairisciú dá gcliaint gan bheith ag déileáil ar a gcuntas féin ar bhonn córasach, rud a chuir ceanglais dhíréireacha ar ghnólachtaí infheistíochta den sórt sin. Dá bhrí sin, is iomchuí stádas eintitis foilsitheoireachta ainmnithe a thabhairt isteach lena gceadófaí do ghnólacht infheistíochta a bheith freagrach as idirbheart a chur ar fáil don phobal trí APA gan gá a bheith le stádas inmheánaitheora chórasaigh a roghnú. Ina theannta sin, ba cheart d’údaráis inniúla stádas eintitis foilsitheoireachta ainmnithe a dheonú do ghnólachtaí infheistíochta le haghaidh aicmí sonracha d’ionstraimí airgeadais, i gcomhréir leis an iarraidh ó na gnólachtaí infheistíochta sin agus ba cheart dóibh iarrataí den sórt sin a chur in iúl do ÚEUM. Ba cheart do ÚEUM clár poiblí d’eintitis foilsitheoireachta ainmnithe den sórt sin a choinneáil de réir aicme ionstraime airgeadais ionas gur féidir le rannpháirtithe sa mhargadh iad a shainaithint.

(16)

Teastaíonn croí-shonraí margaidh ó rannpháirtithe sa mhargadh chun cinntí infheistíochta feasacha a dhéanamh. Faoi láthair, chun sonraí maidir le hionstraimí airgeadais áirithe a fhoinsiú go díreach ó rannchuiditheoirí sonraí, éilítear go ndéanfadh CTPanna comhaontuithe ceadúnúcháin ar leithligh leis na rannchuiditheoirí sonraí sin uile. Tá an próiseas sin ina ualach trom, tá sé costasach agus tógann sé go leor ama. Tá sé ar cheann de na bacainní atá ar theacht chun cinn CTPanna in aon aicme sócmhainní. Ba cheart deireadh a chur leis an mbacainn sin chun é a chur ar a gcumas do CTPanna na sonraí a fháil agus fadhbanna ceadúnúcháin a shárú. Ba cheart a cheangal ar rannchuiditheoirí sonraí a sonraí a chur faoi bhráid CTPanna agus formáid chomhchuibhithe lena gcomhlíontar caighdeáin lena n-áirithítear sonraí ardcháilíochta a úsáid le linn déanamh amhlaidh. Maidir le rannchuiditheoirí sonraí, ba cheart dóibh sonraí rialála a chur ar fáil freisin chun infheisteoirí a choinneáil ar an eolas faoi stádas an chórais meaitseáilte orduithe, mar shampla i gcás éaradh margaidh, agus faoi stádas na hionstraime airgeadais, mar shampla i gcás fionraí nó stadanna trádála. Níor cheart ach do CTPanna atá roghnaithe agus atá údaraithe ag ÚEUM a bheith in ann sonraí a bhailiú ó rannchuiditheoirí sonraí i gcomhréir leis an riail rannchuidithe shainordaithigh. Chun go mbeidh na sonraí úsáideach d’infheisteoirí, ba cheart a cheangal ar rannchuiditheoirí sonraí sonraí a tharchur chuig an CTP a ghaire agus is féidir go teicniúil don fhíor-am.

(17)

Le Teidil II agus III de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ceanglaítear ar ionaid trádála, APAnna, gnólachtaí infheistíochta agus inmheánaitheoirí córasacha sonraí réamhthrádála maidir le hionstraimí airgeadais a chur ar fáil don phobal, lena n-áirítear praghsanna tairgthe agus tairisceana agus sonraí iarthrádála maidir le hidirbhearta, lena n-áirítear an praghas agus an méid ag ar tugadh idirbheart in ionstraim shonrach chun críche. Níl sé d’oibleagáid ar rannpháirtithe sa mhargadh na croí-shonraí margaidh a sholáthraíonn an CTP a úsáid. Ba cheart an ceanglas atá ar ionaid trádála, APAnna, gnólachtaí infheistíochta agus inmheánaitheoirí córasacha sonraí réamhthrádála agus iarthrádála a chur ar fáil don phobal a bheith infheidhme fós chun é a chur ar a gcumas do na rannpháirtithe sa mhargadh rochtain a fháil ar shonraí den sórt sin. Mar sin féin, chun ualach míchuí ar rannchuiditheoirí sonraí a sheachaint, is iomchuí ailíniú a dhéanamh, a mhéid is féidir, idir an ceanglas go ndéanfadh rannchuiditheoirí sonraí sonraí a chur ar fáil don phobal agus an gceanglas maidir le sonraí a chur chuig an CTP.

(18)

Is éard atá i margaí beaga rialáilte agus margaí fáis FBManna ionaid trádála ina ligtear isteach scaireanna ó eisitheoirí dá bhfuil an trádáil sa mhargadh tánaisteach níos beagleachtaí de ghnáth ná an trádáil scaireanna a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargaí móra rialáilte. Chun an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag an teilitéip chomhdhlúite ar ionaid trádála bheaga a sheachaint, cé go bhféadfadh éifeachtaí dearfacha a bheith ag a gcuimsiú sa teilitéip chomhdhlúite ar a n-inmharthanacht agus ar leachtacht na n-urrús arna dtrádáil ar na hionaid sin, ba cheart sásra um rogha a bheith páirteach a bhunú. Ba cheart feidhm a bheith ag an sásra um rogha a bheith páirteach maidir le gnólachtaí infheistíochta a bhfuil margaí fáis FBManna á n-oibriú acu agus maidir le hoibreoirí margaidh arb ionann méid trádála bliantúil a scaireanna agus 1 % nó níos lú de mhéid trádála bliantúil na scaireanna san Aontas. Ba cheart dhá choinníoll mhalartacha an tairseach 1 % a chomhlánú: níl an gnólacht infheistíochta nó an t-oibreoir margaidh ina chuid de ghrúpa ina bhfuil gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh, nó a bhfuil dlúthnaisc aige le gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh, ar gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh é a sháraíonn an tairseach 1 %, é sin nó tá comhchruinniú na trádála an-ard san ionad atá á oibriú ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an oibreoir margaidh sin, is é sin go ndéantar 85 % de mhéid trádála bliantúil iomlán na scaireanna a thrádáil san ionad trádála inar ligeadh isteach chun a dtrádála ar dtús iad. Ní chomhlíonann ach líon beag ionad trádála na critéir sin, agus dá bhrí sin ní bheadh sé de cheangal ach ar chéatadán beag den trádáil san Aontas sonraí a tharchur chuig an CTP. Mar sin féin, bheadh an deis ag na gnólachtaí infheistíochta agus na hoibreoirí margaidh a chomhlíonann na critéir sin rogha a dhéanamh a bheith páirteach agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt do CTP agus do ÚEUM faoi aon chinneadh déanamh amhlaidh. Bheadh cinneadh den sórt sin neamh-inchúlghairthe agus bheadh na sonraí go léir – le haghaidh scaireanna agus cistí arna dtrádáil ar an malartán I(ETFanna) araon – mar chuid den teilitéip chomhdhlúite ina dhiaidh sin.

(19)

Mar gheall ar cháilíocht éagsúil na sonraí, is deacair do rannpháirtithe sa mhargadh sonraí den sórt sin a chur i gcomparáid le chéile, rud a fhágann nach bhfuil mórán breisluacha ar chomhdhlúthú na sonraí. Tá sé ríthábhachtach le haghaidh fheidhmiú cuí an chórais trédhearcachta a leagtar síos i dTeidil II agus III de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus le haghaidh an chomhdhlúthúcháin sonraí a dhéanann CTPanna gur ar ardcháilíocht atá na sonraí a tharchuirtear chuig na CTPanna. Is iomchuí, dá bhrí sin, a éileamh go gcomhlíonfaidh na sonraí sin caighdeáin lena n-áirithítear sonraí ardcháilíochta ó thaobh bunábhair agus formáide araon de. Ba cheart é a bheith indéanta bunábhar agus formáid na sonraí a athrú laistigh de thréimhse ghairid chun freastal ar chleachtais agus ar léargas margaidh a bhíonn ag athrú. Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais maidir le cáilíocht agus bunábhar sonraí a shonrú, i gcás inar gá, trí bhíthin caighdeáin theicniúla rialála agus ba cheart a chur san áireamh leo caighdeáin agus cleachtais tionscail atá i réim, forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta arna gcomhaontú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta chomh maith le comhairle ó shainghrúpa geallsealbhóirí tiomnaithe arna bhunú ag an gCoimisiún agus a mbeidh sé de chúram air comhairle a chur ar fáil maidir le cáilíocht agus bunábhar sonraí agus maidir le cáilíocht an phrótacail tarchurtha. Ba cheart dlúthbhaint a bheith ag ÚEUM le hobair an tsainghrúpa geallsealbhóirí.

(20)

Chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar theagmhais intuairiscithe, comhchuibhítear le Treoir 2014/65/AE sioncronú clog gnó le haghaidh ionaid trádála agus a gcomhaltaí. Chun a áirithiú, i gcomhthéacs comhdhlúthú sonraí, gur féidir stampaí ama a thuairiscíonn eintitis éagsúla a chur i gcomparáid ar bhealach fóinteach, is iomchuí na ceanglais maidir le comhchuibhiú a dhéanamh ar shioncronú clog gnó a leathnú chuig eintitis foilsitheoireachta ainmnithe, inmheánaitheoirí córasacha, APAnna agus CTPanna. Mar gheall ar an leibhéal saineolais theicniúil is gá chun sonrú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le clog gnó sioncronaithe a chur i bhfeidhm, ba cheart a thabhairt de chumhacht do ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonraítear an leibhéal cruinnis lenar cheart na cloig ghnó a shionchronú.

(21)

Ceanglaítear le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 go ndéanfar formhór na trádála scaireanna ar ionaid trádála nó ar inmheánaitheoirí córasacha (‘oibleagáid trádála scaireanna’). Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le trádálacha i scaireanna atá neamhchórasach, ad hoc, mírialta nó annamh. Níl sé soiléir go leor faoi láthair cé na cásanna ina bhfuil feidhm ag an díolúine sin. Dá bhrí sin, shoiléirigh ÚEUM a raon feidhme trí idirdhealú a dhéanamh idir scaireanna ar bhonn a nUimhreach Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta (ISIN). De réir an idirdhealaithe sin, níl ach scaireanna ag a bhfuil ISIN ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus arna dtrádáil ar ionad trádála faoi réir na hoibleagáide trádála scaireanna. Leis an gcur chuige sin, soláthraítear soiléireacht le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag trádáil i scaireanna. Ba cheart, dá bhrí sin, cleachtas reatha ÚEUM a ionchorprú i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, agus an díolúine le haghaidh trádálacha i scaireanna atá neamhchórasach, ad hoc, mírialta nó annamh á baint san am céanna.

(22)

Is próiseas an-uathoibrithe é cheana an tuairisciú i margaí airgeadais – go háirithe tuairisciú idirbheart – agus tá na sonraí sách caighdeánaithe. Réitíodh roinnt neamhréireachtaí idir creataí cheana féin i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus i gclár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT). Ba cheart cumhacht ÚEUM a ailíniú chun ceangal a chur ar ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt agus comhsheasmhacht níos fearr a áirithiú i dtuairisciú idirbheart idir creataí na Rialachán sin agus creat Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Leis sin, feabhsófar cáilíocht na sonraí idirbheart agus seachnófar costais bhreise nach gá le haghaidh an tionscail. Thairis sin, leis an tuairisciú idirbheart, ba cheart go mbeifí in ann sonraí idirbheart a mhalartú go forleathan i measc údaráis inniúla, chun léiriú leordhóthanach a thabhairt ar na riachtanais mhaoirseachta atá acu agus atá ag forbairt chun faireachán a dhéanamh ar na forbairtí margaidh is déanaí agus ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo.

(23)

Faoi láthair, ceanglaítear ar ghnólachtaí infheistíochta a n-idirbhearta a thuairisciú dá n-údarás inniúil in aon ionstraim airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála nó i gcás ina dtrádáiltear an luach foluiteach ar ionad trádála nó inarb innéacs nó bascaed é atá comhdhéanta d’ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála, is cuma an ar ionad nó as ionad a dhéantar an t-idirbheart. Is léir go bhfuil fadhbanna ag baint le coincheap ‘na trádála ar ionad trádála’ i gcás díorthaigh thar an gcuntar chun críoch tuairiscithe idirbheart, ar an gcúis chéanna go bhfuil fadhbanna ag baint leis chun críocha na gceanglas trédhearcachta. Dá bhrí sin, soiléirítear leis an raon feidhme nua gur gá idirbhearta i ndíorthaigh thar an gcuntar a fhorghníomhaítear ar ionad a thuairisciú, agus nach gá na hidirbhearta sin i ndíorthaigh thar an gcuntar a fhorghníomhaítear as ionad a thuairisciú ach amháin má tá siad faoi réir ceanglais trédhearcachta nó má thrádáiltear an luach foluiteach ar ionad trádála nó más innéacs nó bascaed é atá comhdhéanta d’ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála.

(24)

Ba cheart a bheith sé d’oibleagáid ar ionaid trádála sonraí tagartha sainaitheanta a sholáthar do ÚEUM chun críoch trédhearcachta, lena n-áirítear aitheantóirí díorthach thar an gcuntar. Tá an t-aitheantóir a úsáidtear faoi láthair le haghaidh díorthach, eadhon ISIN, anásta agus neamhéifeachtach maidir leis an trédhearcacht phoiblí, agus ba cheart an cás sin a leigheas trí shonraí tagartha sainaitheanta bunaithe ar aitheantóir uathúil táirge arna chomhaontú go domhanda a úsáid, amhail Aitheantóir Uathúil Táirge (UPI) ISO 4914. Forbraíodh an UPI mar uirlis aitheantais le haghaidh táirgí díorthach thar an gcuntar, agus é mar aidhm trédhearcacht agus comhiomlánú sonraí a mhéadú ar fud na margaí domhanda díorthach thar an gcuntar. D’fhéadfadh sé, áfach, nach leor an t-aitheantóir uathúil sin agus gur gá é a chomhlánú le sonraí aitheantais breise. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na sonraí tagartha sainaitheanta atá le húsáid maidir le díorthaigh thar an gcuntar a shonrú, lena n-áirítear aitheantóir uathúil agus aon sonraí tagartha sainaitheanta ábhartha eile. Maidir leis an aitheantóir atá le húsáid chun idirbhearta a thuairisciú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ba cheart don Choimisiún na haitheantóirí is iomchuí de dhíorthaigh thar an gcuntar a shonrú, a d’fhéadfadh a bheith éagsúil leis an aitheantóir arna gcinneadh le haghaidh ceanglais trédhearcachta, agus cuspóirí éagsúla na gceanglas sin á gcur san áireamh, go háirithe maidir le maoirseacht ar dhrochúsáid mhargaidh ag údaráis inniúla.

(25)

Áirithítear leis an iomaíocht idir CTPanna go soláthraítear an teilitéip chomhdhlúite ar an mbealach is éifeachtúla agus faoi na coinníollacha is fearr le haghaidh úsáideoirí. Go dtí seo, áfach, ní dhearna aon eintiteas iarratas ar ghníomhú mar CTP. Dá bhrí sin, is iomchuí ÚEUM a chumhachtú chun nós imeachta roghnúcháin iomaíoch a eagrú go tréimhsiúil chun eintiteas aonair a roghnú atá in ann an teilitéip chomhdhlúite a sholáthar le haghaidh gach aicme sócmhainní sonraithe ar feadh tréimhse theoranta ama. Ar an gcéad dul síos, ba cheart do ÚEUM tús a chur leis an nós imeachta roghnúcháin maidir leis an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh bannaí. Laistigh de 6 mhí ó thionscnamh an nós imeachta roghnúcháin sin, ba cheart do ÚEUM tús a chur leis an nós imeachta roghnúcháin maidir le CTP le haghaidh scaireanna agus ETFanna. Ar deireadh, ba cheart do ÚEUM tús a chur leis an nós imeachta roghnúcháin maidir leis an CTP do dhíorthaigh thar an gcuntar laistigh de 3 mhí ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe lena sonraítear an t-aitheantóir iomchuí do dhíorthaigh thar an gcuntar chun críoch trédhearcachta agus tráth nach luaithe ná 6 mhí ó thionscnamh an nós imeachta roghnúcháin maidir le CTP le haghaidh scaireanna agus ETFanna.

(26)

Is é is cuspóir don nós imeachta roghnúcháin an ceart a bhronnadh teilitéip chomhdhlúite a oibriú ar feadh tréimhse 5 bliana. Tá an nós imeachta roghnúcháin faoi réir na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ba cheart do ÚEUM, i gcás gach aicme, iarrthóir a roghnú ar bhonn a chumais theicniúil teilitéip chomhdhlúite a oibriú, lena n-áirítear a chumas leanúnachas agus athléimneacht gnó a áirithiú, chomh maith lena chumas teicneolaíochtaí comhéadain nua-aimseartha a úsáid, eagrú a phróiseas bainistíochta agus cinnteoireachta, na modhanna atá aige chun cáilíocht sonraí a áirithiú, na costais is gá chun teilitéip chomhdhlúite a fhorbairt agus a oibriú, simplíocht na gceadúnas nach mór d’úsáideoirí dul isteach iontu chun na croí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála a fháil, lena n-áirítear líon na gcineálacha ceadúnúcháin le haghaidh cásanna úsáide nó úsáideoirí éagsúla, leibhéal na dtáillí a ghearrtar ar úsáideoirí agus a phróisis chun tomhaltas fuinnimh a mhaolú. Go sonrach i gcás CTP le haghaidh bannaí, agus CTP á roghnú aige, ba cheart do ÚEUM a chur san áireamh go bhfuil socruithe cothroma agus cothromasacha ann maidir le hathdháileadh ioncaim. Is iomchuí go dtabharfaí aitheantas le socruithe den sórt sin don ról atá ag ionaid trádála bheaga maidir leis an deis a thabhairt do ghnóthais fiachas a eisiúint chun a ngníomhaíochtaí a mhaoiniú. I gcás scaireanna agus ETFanna, ba cheart do CTPanna an tairiscint agus an ofráil is fearr san Eoraip a thaispeáint, gan cód aitheantóra margaidh an ionaid a scaipeadh. Faoin 30 Meitheamh 2026, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an leibhéal sin faisnéise réamhthrádála ar mhaithe le feidhmiú agus iomaíochas mhargaí an Aontais agus ba cheart i gcás inarb iomchuí, togra reachtach maidir le dearadh na teilitéipe comhdhlúite a bheith ag gabháil leis an measúnú sin.

(27)

Ba cheart d’iarratasóir roghnaithe, gan moill mhíchuí, iarratas ar údarú a chur faoi bhráid ÚEUM. Laistigh de 20 lá oibre ó iarratas den sórt sin, ba cheart do ÚEUM measúnú a dhéanamh an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine agus ba cheart dó fógra a thabhairt don iarratasóir dá réir sin. Laistigh de 3 mhí ó iarratas comhlánaithe a fháil, ba cheart do ÚEUM cinneadh réasúnaithe a ghlacadh lena ndeonaítear nó lena ndiúltaítear údarú. Ba cheart do ÚEUM an cinneadh réasúnaithe sin a bhunú ar a mheasúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratasóir in ann, laistigh de thréimhse réasúnach ama, teilitéip chomhdhlúite a oibriú i gcomhréir leis na ceanglais uile. Ba cheart, i gcinneadh réasúnaithe ÚEUM na coinníollacha is infheidhme maidir le hoibriú na teilitéipe comhdhlúite ag an iarratasóir, go háirithe leibhéal na dtáillí a ghearrtar ar úsáideoirí, a shonrú. Chun a áirithiú go gcuirfear tús ordúil leis an oibríocht, ba cheart do ÚEUM a bheith in ann, tar éis dheonú an údarúcháin, tréimhse réasúnta ama a thabhairt don iarratasóir forbairt na teilitéipe comhdhlúite a thabhairt chun críche.

(28)

De réir na sonraí a thíolactar sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh an Rialacháin seo, is dócha go mbeidh an ghiniúint ioncaim a mheastar a bheidh ann le haghaidh na teilitéipe comhdhlúite ag brath ar shaintréithe beachta na teilitéipe comhdhlúite. Níor cheart cosc a chur ar CTPanna corrlach réasúnta a dhéanamh chun samhail ghnó inmharthana a choinneáil. Ba cheart rochtain, saor in aisce, ar na croí-shonraí margaidh agus ar na sonraí rialála a bheith ag an lucht acadúil agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a úsáideann na sonraí chun críocha taighde, ag údaráis inniúla a úsáideann na sonraí chun inniúlachtaí rialála agus maoirseachta a fhorghníomhú, agus ag infheisteoirí miondíola. Ba cheart do CTP a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí miondíola agus go gcuirfear in iúl i bhformáid sholáimhsithe agus atá inléite ag an duine í.

(29)

Tá ról lárnach ag ionaid trádála a éascaíonn trádáil scaireanna trí leabhar orduithe réamhthrádála trédhearcach sa phróiseas praghasmhúnlaithe. Is fíor sin go háirithe i gcás margaí beaga rialáilte agus margaí fáis FBManna, eadhon iad siúd arb ionann méid trádála bliantúil a scaireanna agus 1 % nó níos lú de mhéid trádála bliantúil na scaireanna san Aontas (‘ionaid trádála bheaga’), arb iad an príomhionad leachtachta de ghnáth iad le haghaidh na n-urrús arna dtairiscint lena dtrádáil acu. Dá bhrí sin, na sonraí a chuireann ionaid trádála bheaga leis an teilitéip chomhdhlúite, tá ról níos cinntithí acu maidir le praghasmhúnlú na scaireanna a ligeann ionaid trádála bheaga isteach chun a dtrádála. D’ainneoin go bhféadfadh rannchuiditheoirí sonraí áirithe gan rannchuidiú leis an teilitéip chomhdhlúite, is iomchuí cóir fhabhrach a dheonú do na rannchuiditheoirí sonraí sin a chinneann roghnú a bheith páirteach sa teilitéip chomhdhlúite maidir le hathdháileadh ioncam arna nginiúint leis an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh scaireanna agus ETFanna, chun cabhrú le hionaid trádála bheaga na scaireanna áitiúla sin a ligeann siad isteach a choinneáil ar bun agus éiceachóras saibhir bríomhar a chosaint i gcomhréir le cuspóirí Aontas na Margaí Caipitil.

(30)

Ba cheart do CTP le haghaidh scaireanna agus ETFanna cuid dá ioncam a ghintear leis an teilitéip chomhdhlúite a athdháileadh ar ionaid trádála áirithe i gcomhréir le scéim athdháilte bunaithe ar thrí chritéar. Ba cheart ualú na gcritéar sin a shonrú trí bhíthin caighdeáin theicniúla rialála. Chun ionaid trádála bheaga a dhreasú chun roghnú páirt a ghlacadh i rannchuidiú éigeantach sonraí le CTP le haghaidh scaireanna agus ETFanna, ba cheart feidhm a bheith ag an ualú is airde maidir leis an méid trádála bliantúil iomlán atá ag ionaid trádála bheaga. Leis an dara hualú is airde, ba cheart luach saothair a thabhairt do rannchuiditheoirí sonraí a lig isteach scaireanna nó EFTanna ar dtús chun a dtrádála an 27 Márta 2019 nó ina dhiaidh sin. I bhfianaise líon teoranta na liostuithe ar ionaid trádála bheaga, ba cheart do CTP an t-ualú ábhartha a chur i bhfeidhm maidir le méid trádála bliantúil iomlán ionad den sórt sin, ach i gcás ionaid eile, ba cheart do CTP é a chur i bhfeidhm maidir leis an méid trádála a bhaineann leis na scaireanna agus ETFanna a ligeadh isteach ar dtús chun a dtrádála an 27 Márta 2019 nó ina dhiaidh sin. Leis an ualú is ísle de na trí chritéar, ba cheart luach saothair a thabhairt ar an trádáil arna tabhairt i gcrích ar chóras trádála lena soláthraítear trédhearcacht réamhthrádála agus a d’eascair as orduithe nach raibh faoi réir tarscaoileadh ó thrédhearcacht réamhthrádála.

(31)

Braitheann éifeachtacht teilitéipe comhdhlúite ar cháilíocht na sonraí a tharchuireann rannchuiditheoirí sonraí chuici. D’fhonn ardleibhéal cáilíochta sonraí a áirithiú, ba cheart do ÚEUM coinníollacha a bhunú, ar coinníollacha iad faoina gceadaítear don CTP athdháileadh ioncaim a chur ar fionraí go sealadach i gcás ina gcruthóidh an CTP go bhfuil sárú tromchúiseach agus arís agus arís eile déanta ag rannchuiditheoir sonraí ar na ceanglais sonraí a bhunaítear sa Rialachán seo. I gcás ina bhfaighfear amach gur chomhlíon an rannchuiditheoir sonraí na ceanglais sonraí sin, ba cheart don rannchuiditheoir sonraí an sciar den ioncam a raibh sé ina theideal, móide ús, a fháil.

(32)

Chun iontaoibh leantach rannpháirtithe sa mhargadh sa teilitéip chomhdhlúite a chosaint, ba cheart do CTPanna sraith tuarascálacha a fhoilsiú ar chomhlíontacht lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, eadhon maidir le staitisticí feidhmiúlachta agus tuarascálacha teagmhais a bhaineann le cáilíocht sonraí agus córais sonraí. Mar gheall ar a theicniúla atá cineál na dtuarascálacha sin, ba cheart ábhar, uainiú, formáid agus téarmaíocht na hoibleagáide tuairiscithe a shonrú trí bhíthin caighdeáin theicniúla rialála.

(33)

Maidir leis an gceanglas gur gá tuarascálacha trádála a chur ar fáil saor in aisce tar éis 15 nóiméad, tá feidhm ag an gceanglas sin faoi láthair maidir leis na hionaid trádála, APAnna agus CTPanna uile. I gcás CTPanna, tá an ceanglas sin ina bhac ar inmharthanacht tráchtála CTP a d’fhéadfadh a bheith ann, ós rud é go bhféadfadh sé gurbh fhearr le cliaint ionchasacha áirithe fanacht ar na croí-shonraí margaidh a bhíonn ar fáil saor in aisce seachas a bheith ina n-úsáideoirí ar an teilitéip chomhdhlúite. Is fíor sin go háirithe i gcás bannaí agus díorthaigh thar an gcuntar nach dtrádáiltear go minic de ghnáth agus ar ina leith is minic a choinnigh na sonraí an chuid is mó dá luach tar éis 15 nóiméad. Dá bhrí sin, cé gur cheart an ceanglas maidir le tuarascálacha trádála a sholáthar saor in aisce tar éis 15 nóiméad a choimeád i gcás ionaid trádála agus APAnna, ba cheart an ceanglas a thréigean i gcás CTPanna chun a n-inmharthanacht tráchtála a áirithiú.

(34)

Le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, éilítear go ndéanfaí díorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a thrádáil ar ionaid trádála (‘oibleagáid trádála díorthach’). Le Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a laghdú. I bhfianaise an dlúthnasc atá ann idir an oibleagáid imréitigh agus an oibleagáid trádála díorthach, chun comhleanúnachas dlíthiúil níos fearr a áirithiú, agus chun an creat dlíthiúil a shimpliú, is gá agus is iomchuí an oibleagáid trádála díorthach a athailíniú leis an oibleagáid imréitigh le haghaidh díorthach. Gan an t-ailíniú sin, ní ghabhfaí contrapháirtithe beaga áirithe airgeadais ná contrapháirtithe neamhairgeadais leis an oibleagáid imréitigh a thuilleadh ach leanfaí dá ngabháil leis an oibleagáid trádála díorthach.

(35)

Is uirlis riachtanach bainistithe riosca maidir le díorthaigh thar an gcuntar iad seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála. Braitheann seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála ar idirbhearta teicniúla atá réamhshocraithe, nach múnlaíonn praghsanna, atá neodrach ó thaobh riosca margaidh de agus lena mbaintear amach laghdú ar an riosca i ngach ceann de na punanna. Is ionann seirbhísí comhbhrú punainne, atá díolmhaithe faoi láthair ón oibleagáid orduithe a fhorghníomhú ar théarmaí is fabhraí don chliant mar a leagtar síos in Airteagal 27 de Threoir 2014/65/AE (‘dea-fhorghníomhú’) agus ceanglais trédhearcachta, agus fothacar de sheirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála. I bhfianaise a theicniúla atá siad agus nach múnlaíonn siad praghsanna, níor cheart na hidirbhearta ar dhíorthaigh thar an gcuntar a mhúnlaítear agus a bhunaítear mar thoradh ar sheirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála a bheith faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach. Agus é á chur san áireamh nach gceadaíonn soláthraithe seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála d’iliomad leasanna ceannaigh ná díola triú páirtithe in ionstraimí airgeadais idirghníomhú, níor cheart a mheas go bhfuil córas iltaobhach á oibriú acu. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart iad a dhíolmhú ó cheanglais maidir le trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála, agus dea-fhorghníomhú a fhíorú. Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún a shonrú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, cad is seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála ann chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus cad iad na mionsonraí atá le taifeadadh ó na hidirbhearta.

(36)

Le hAirteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déantar foráil maidir le sásra chun an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí go sealadach i gcás nach gcomhlíontar a thuilleadh na critéir ar cuireadh aicmí sonracha díorthach thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide imréitigh ar a mbonn, nó i gcás ina meastar go bhfuil gá le fionraí den sórt sin chun bagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas a sheachaint. Mar gheall ar fhionraí den sórt sin, áfach, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na contrapháirtithe in ann a n-oibleagáid trádála díorthach a chomhlíonadh toisc gur réamhriachtanas é an oibleagáid imréitigh don oibleagáid trádála díorthach. Dá bhrí sin, is gá a leagan síos, i gcás ina mbeadh athrú ábharach ann ar na critéir le haghaidh na hoibleagáide trádála díorthach mar thoradh ar an oibleagáid imréitigh díorthach a chur ar fionraí, ba cheart a bheith in ann an oibleagáid trádála díorthach a chur ar fionraí ag an am céanna le haghaidh na n-aicmí céanna díorthach thar an gcuntar atá faoi réir chur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh. Ba cheart freisin do ÚEUM a bheith in ann freisin a iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid trádála díorthach a chur ar fionraí, i gcás ina bhfuil gá le fionraí den sórt sin chun éifeachtaí díobhálacha ar leachtacht nó bagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais a sheachaint nó chun aghaidh a thabhairt orthu, agus chun feidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas a áirithiú.

(37)

Is gá sásra fionraíochta ad hoc a bheith ann chun a áirithiú gur féidir leis an gCoimisiún freagairt go pras d’athruithe móra ar na coinníollacha margaidh a d’fhéadfadh tionchar ábharach a bheith acu ar thrádáil díorthach agus ar chontrapháirtithe a bhfuil baint acu le trádáil den sórt sin. I gcás inarb ann d’athruithe den sórt sin ar choinníollacha margaidh, agus arna iarraidh sin d’údarás inniúil an Bhallstáit, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an oibleagáid trádála díorthach a chur ar fionraí, agus é sin a dhéanamh go neamhspleách ar an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí. I gcás ina ndéanann raon feidhme na hoibleagáide trádála díorthach dochar míchuí do ghníomhaíochtaí gnólachta infheistíochta de chuid LLE le contrapháirtí nach contrapháirtí de chuid LEE é agus i gcás ina ngníomhaíonn an gnólacht infheistíochta sin mar chruthaitheoir margaidh i gcatagóir na ndíorthach atá faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach, ba cheart a bheith in ann an oibleagáid trádála díorthach a chur ar fionraí ar an gcaoi sin. Tá fadhb na n-oibleagáidí forluiteacha trádála díorthach thar a bheith géar i gcás trádáil le contrapháirtithe laistigh de dhlínse tríú tír a chuireann a hoibleagáidí trádála díorthach féin i bhfeidhm. Chabhródh an fhionraí sin freisin le contrapháirtithe airgeadais de chuid LEE a bheith iomaíoch i gcónaí ar na margaí domhanda. Nuair atá cinneadh á dhéanamh ag an gCoimisiún i dtaobh an oibleagáid trádála díorthach a chur ar fionraí, ba cheart dó tionchar na fionraí sin ar an oibleagáid imréitigh a chur san áireamh.

(38)

D’fhéadfadh forálacha maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach le haghaidh díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán laghdú a dhéanamh ar a tharraingtí atá sé infheistíocht a dhéanamh i dtáirgí nua toisc go bhféadfadh sé go mbeadh iomaitheoirí in ann rochtain a fháil gan an infheistíocht tosaigh a dhéanamh. Ar an gcaoi sin, leis an gcóras rochtana neamh-idirdhealaithí le haghaidh díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, a leagtar síos in Airteagail 35 agus 36 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, d’fhéadfadh sé go dteorannófaí infheistíocht i dtáirgí den sórt sin, trí dheireadh a chur leis na dreasachtaí le haghaidh margaí rialáilte chun díorthaigh nua arna dtrádáil ar mhalartán a chruthú. Dá bhrí sin, ba cheart a leagan síos nach bhfuil feidhm le bheith ag an gcóras sin maidir leis an gcontrapháirtí lárnach (CCP), nó maidir leis an ionad trádála lena mbaineann i leith díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, agus ar an gcaoi sin, cothófar an nuálaíocht agus forbairt díorthach arna dtrádáil ar mhalartán san Aontas.

(39)

Ba cheart do na hidirghabhálaithe airgeadais féachaint leis an bpraghas is fearr is féidir a bhaint amach agus an dóchúlacht forghníomhaithe is mó is féidir a bhaint amach le haghaidh na dtrádálacha a fhorghníomhaíonn siad thar ceann a gcliant. Chuige sin, ba cheart do na hidirghabhálaithe airgeadais an t-ionad trádála nó an contrapháirtí a fhorghníomhaíonn trádálacha a gcliant a roghnú ar bhonn dea-fhorghníomhú a bhaint amach dá gcliaint. Ba cheart é a bheith ar neamhréir le prionsabal an dea-fhorghníomhaithe go bhfaigheadh idirghabhálaí airgeadais, agus é ag gníomhú thar ceann a chliant miondíola nó cliaint a roghnaigh a bheith páirteach sa chóras um chliaint ghairmiúla dá dtagraítear i dTreoir 2014/65/AE, táille, coimisiún nó sochair neamhairgeadaíochta ó aon tríú páirtí as orduithe a fhorghníomhú ó na cliaint sin ar ionad forghníomhaithe ar leith nó as orduithe ó na cliaint sin a chur ar aghaidh chuig aon tríú páirtí lena bhforghníomhú ar ionad forghníomhaithe ar leith. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar ghnólachtaí infheistíochta íocaíocht den sórt sin a ghlacadh. Tá gá leis an toirmeasc sin i bhfianaise na gcleachtas éagsúil atá ag údaráis inniúla ar fud an Aontais maidir le cur i bhfeidhm agus maoirseacht na gceanglas um dhea-fhorghníomhú mar a leagtar síos in Airteagal 27 de Threoir 2014/65/AE. Ba cheart do Bhallstát ina ndearna gnólachtaí infheistíochta gníomhaíocht den sórt sin roimh an 28 Márta 2024 a bheith in ann gnólachtaí infheistíochta faoina dhlínse a dhíolmhú ón toirmeasc sin go dtí an 30 Meitheamh 2026, i gcás ina soláthraíonn na gnólachtaí infheistíochta sin seirbhísí den sórt sin do chliaint a bhfuil sainchónaí orthu nó atá bunaithe sa Bhallstát sin.

(40)

Chun an tsolúbthacht is gá a áirithiú chun oiriúnú d’fhorbairtí sna margaí airgeadais, agus chun gnéithe teicniúla áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a shonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an tairseach caidhpeála méid a choigeartú; leasú a dhéanamh ar na coinníollacha chun a chinneadh cé acu de na díorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir ceanglais trédhearcachta; sonrú a dhéanamh ar na sonraí tagartha sainaitheanta atá le húsáid maidir le díorthaigh thar an gcuntar; sonrú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus ar mhionsonraí na n-idirbheart atá le taifeadadh ag gnólachtaí infheistíochta agus ag oibreoirí margaidh ar soláthraithe seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála iad; agus leathnú a dhéanamh ar an oibleagáid idirbhearta a thuairisciú do BCIManna agus do chuideachtaí bainistíochta a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta agus a fhorghníomhaíonn idirbhearta in ionstraimí airgeadais. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(41)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le cur ar fionraí na hoibleagáide trádála díorthach le haghaidh díorthaigh thar an gcuntar, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(42)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas: saintréithe leabhar orduithe teorann lárnaí agus córas trádála do cheantáil thréimhsiúil; saintréithe beachta an chórais iarchurtha le haghaidh idirbhearta neamhchothromais; faisnéis a sholáthar ar bhonn réasúnach tráchtála; an tairseach do chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh inmheánaitheoirí córasacha agus an t-íosmhéid luachana le haghaidh inmheánaitheoirí córasacha; cáilíocht an phrótacail tarchurtha, bearta chun aghaidh a thabhairt ar chaighdeáin tuairiscithe agus forfheidhmiúcháin earráideacha i ndáil le cáilíocht sonraí, lena n-áirítear socruithe maidir le comhar idir rannchuiditheoirí sonraí agus an CTP, agus, i gcás inar gá, cáilíocht agus bunábhar na sonraí le haghaidh oibriú na dteilitéipeanna comhdhlúite; an leibhéal cruinnis ag a bhfuil cloig ghnó le sioncrónú ag ionaid trádála, inmheánaitheoirí córasacha, eintitis foilsitheoireachta ainmnithe, APAnna agus CTPanna; na coinníollacha faoina ndéanfar idirbhearta sonracha a nascadh agus na modhanna chun orduithe comhiomlánaithe a shainaithint a mbeidh forghníomhú idirbhirt mar thoradh orthu; an dáta faoina bhfuil idirbhearta agus sonraí tagartha le tuairisciú; an fhaisnéis atá le soláthar ag iarratasóirí ar údarú mar CTP; an t-ualú a shanntar do na critéir chun an scéim athdháilte ioncaim a chur i bhfeidhm, an modh chun méid an ioncaim atá le hathdháileadh ar rannchuiditheoirí sonraí faoin scéim sin a ríomh, agus na critéir faoinar féidir leis an CTP rannpháirtíocht rannchuiditheoirí sonraí sa scéim sin a chur ar fionraí go sealadach; agus ábhar, uainiú, formáid agus téarmaíocht oibleagáid tuairiscithe CTPanna. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(43)

Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh maidir le hábhar agus formáid an fhógra atá le cur faoi bhráid na n-údarás inniúil ag gnólachtaí a chomhlíonann an sainmhíniú ar inmheánaitheoir córasach; agus na foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha maidir le faisnéis a sholáthar, agus na fógraí a mhéid a bhaineann le hiarratasóirí ar údarú mar CTP. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(44)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon teacht chun cinn teilitéipe comhdhlúite a éascú do gach aicme sócmhainní agus gnéithe áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a leasú chun an trédhearcacht ar mhargaí in ionstraimí airgeadais a fheabhsú, agus chun an cothrom iomaíochta idir margaí rialáilte agus inmheánaitheoirí córasacha a fheabhsú tuilleadh, chomh maith le hiomaíochas idirnáisiúnta mhargaí caipitil an Aontais a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(45)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus an ceart chun cosaint tomhaltóirí a fháil.

(46)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Tá feidhm ag Teideal V den Rialachán seo freisin maidir leis na contrapháirtithe airgeadais agus na contrapháirtithe neamhairgeadais uile atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘5b.   Oibreoidh na córais iltaobhacha uile i gcomhréir le forálacha Theideal II de Threoir 2014/65/AE maidir le MTFanna nó OTFanna, nó i gcomhréir le forálacha Theideal III den Treoir sin maidir le margaí rialáilte.

Oibreoidh inmheánaitheoirí córasacha i gcomhréir le Teideal III den Rialachán seo.

Gan dochar d’Airteagail 23 agus 28, na gnólachtaí infheistíochta uile a thugann idirbhearta in ionstraimí airgeadais i gcrích nach dtugtar i gcrích ar chórais iltaobhacha nó ar inmheánaitheoirí córasacha, comhlíonfaidh siad Airteagail 20 agus 21.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6, 7 agus 8:

‘6.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 8, 8a, 8b, 10 agus 21 maidir le margaí rialáilte, oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta i leith idirbheart arna dhéanamh ag comhalta den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC), i gcás inar thug an comhalta sin fógra roimh ré dá chontrapháirtí go bhfuil an t-idirbheart díolmhaithe, agus i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

tá an comhalta de CEBC ina chomhalta den Eurochóras agus ag gníomhú dó faoi Chaibidil IV de Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, cé is moite d’Airteagal 24 den Reacht sin;

(b)

ní comhalta den Eurochóras é an comhalta de CEBC agus déantar an t-idirbheart i bhfeidhmiú beartais airgeadaíochta nó beartais malairte eachtraí, lena n-áirítear oibríochtaí a dhéantar chun cúltacaí eachtracha oifigiúla a shealbhú nó a bhainistiú, ar beartais iad a bhfuil sé de chumhacht dhlíthiúil ag an gcomhalta sin de CEBC iad a shaothrú; nó

(c)

déantar an t-idirbheart i bhfeidhmiú beartais cobhsaíochta airgeadais a bhfuil sé de chumhacht dhlíthiúil ag an gcomhalta sin de CEBC é a shaothrú.

7.   Ní bheidh feidhm ag mír 6 maidir le hidirbhearta arna ndéanamh ag comhalta de CEBC nach bhfuil ina chomhalta den Eurochóras, i bhfeidhmiú a oibríochtaí infheistíochta.

8.   Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar na hoibríochtaí beartais airgeadaíochta, malairte eachtraí agus cobhsaíochta airgeadais agus na cineálacha idirbheart a bhfuil feidhm ag míreanna 6 agus 7 maidir leo a mhéid a bhaineann le comhaltaí CEBC nach comhaltaí den Eurochóras iad.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Márta 2026.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’

;

(2)

in Airteagal 2, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(8a)

ciallaíonn ‘margadh fáis FBManna’ margadh fáis FBManna mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (12) de Threoir 2014/65/AE;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (11):

‘(11)

ciallaíonn ‘córas iltaobhach’ aon chóras nó saoráid ina bhfuil iliomad leasanna trádála ceannaigh agus díola tríú páirtithe in ionstraimí airgeadais in ann idirghníomhú;’;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(16a)

ciallaíonn ‘eintiteas foilsitheoireachta ainmnithe’ gnólacht infheistíochta atá freagrach as idirbhearta a phoibliú trí APA i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus Airteagal 21(1);’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (17):

‘(17)

ciallaíonn ‘margadh leachtach’:

(a)

chun críoch Airteagail 9, 11 agus 11a:

(i)

maidir le bannaí, margadh ina bhfuil ceannaitheoirí agus díoltóirí atá réidh agus toilteanach ar bhonn leanúnach, i gcás ina ndéantar measúnú ar an margadh de réir mhéid eisiúna an bhanna;

(ii)

maidir le hionstraim airgeadais nó aicme d’ionstraim airgeadais seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (i), margadh ina bhfuil ceannaitheoirí agus díoltóirí atá réidh agus toilteanach ar bhonn leanúnach, i gcás ina ndéantar measúnú ar an margadh i gcomhréir leis na critéir seo a leanas, agus struchtúir shonracha mhargaidh na hionstraime airgeadais ar leith nó na haicme áirithe d’ionstraim airgeadais á gcur san áireamh:

meánmhinicíocht agus meánmhéid na n-idirbheart trasna réimse dálaí ar an margadh, ag féachaint do chineál agus saolré na dtáirgí laistigh den aicme d’ionstraim airgeadais;

líon agus cineál na rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear an coibhneas idir na rannpháirtithe sa mhargadh agus na hionstraimí airgeadais a thrádáiltear maidir le táirge ar leith,

meánmhéid na raonta difríochta, nuair is ann dóibh,

méid na heisiúna, i gcás inarb iomchuí;

(b)

chun críoch Airteagail 4, 5 agus 14, margadh i gcomhair ionstraime airgeadais a thrádáiltear ar bhonn laethúil i gcás ina ndéantar measúnú ar an margadh de réir na gcritéar seo a leanas:

(i)

caipitliú margaidh na hionstraime airgeadais sin;

(ii)

meánlíon laethúil na n-idirbheart san ionstraim airgeadais sin;

(iii)

meánláimhdeachas laethúil na hionstraime airgeadais sin;’;

(e)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(32a)

ciallaíonn ‘díorthach thar an gcuntar’ díorthach thar an gcuntar mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;’;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (35):

‘(35)

ciallaíonn ‘soláthraí teilitéipe comhdhlúite’ nó ‘CTP’ duine a údaraítear i gcomhréir le Teideal IVa, Caibidil 1 den Rialachán seo chun seirbhís lena mbailítear sonraí ó ionaid trádála agus APAnna a sholáthar, agus chun na sonraí sin a chomhdhlúthú ina sruth sonraí beo leictreonach leanúnach lena soláthraítear croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála;’;

(g)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(36b)

ciallaíonn ‘croí-shonraí margaidh’:

(a)

gach ceann de na sonraí seo a leanas maidir le scair ar leith nó ETF ag aon stampa ama ar leith:

(i)

i gcás leabhair orduithe leanúnacha, an scothphraghas Eorpach tairgthe agus tairisceana agus an méid comhfhreagrach;

(ii)

i gcás córais trádála do cheantáil, an praghas is oiriúnaí don algartam trádála agus an méid a d’fhéadfadh rannpháirtithe sa chóras sin a fhorghníomhú ar an bpraghas sin;

(iii)

an praghas idirbhirt agus an méid a forghníomhaíodh ar an bpraghas sin;

(iv)

i gcás idirbheart, cineál an chórais trádála agus na tarscaoiltí agus na hiarchuir is infheidhme;

(v)

ach amháin i gcás na faisnéise dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii), an cód aitheantóra margaidh lena sainaithnítear go huathúil an t-ionad trádála agus, i gcás ionad forghníomhaithe eile, an cód aitheantóra lena sainaithnítear cineál an ionaid forghníomhaithe;

(vi)

an t-aitheantóir ionstraime caighdeánaithe a bhfuil feidhm aige ar fud na n-ionad forghníomhaithe;

(vii)

an fhaisnéis stampa ama maidir leis an méid seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

forghníomhú an idirbhirt agus aon leasú air,

iontráil na dtairiscintí agus na dtairiscintí is fearr sa leabhar orduithe,

na praghsanna nó na méideanna a shonrú i gcóras trádála do cheantáil,

go bhfoilseoidh na hionaid trádála na gnéithe a liostaítear sa chéad fhleasc, sa dara fleasc agus sa tríú fleasc,

croí-shonraí margaidh a scaipeadh;

(b)

gach ceann de na sonraí seo a leanas maidir le banna ar leith nó díorthach thar an gcuntar ag aon stampa ama ar leith:

(i)

praghas an idirbhirt agus cainníocht nó méid an idirbhirt a forghníomhaíodh ag an bpraghas sin;

(ii)

an cód aitheantóra margaidh lena sainaithnítear go huathúil an t-ionad trádála agus, i gcás ionad forghníomhaithe eile, an cód aitheantóra lena sainaithnítear cineál an ionaid forghníomhaithe;

(iii)

i gcás bannaí, an t-aitheantóir ionstraime caighdeánaithe a bhfuil feidhm aige ar fud na n-ionad fhorghníomhaithe;

(iv)

maidir le díorthaigh thar an gcuntar, na sonraí tagartha sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 27(1), an dara fomhír;

(v)

an fhaisnéis stampa ama maidir leis an méid seo a leanas:

forghníomhú an idirbhirt agus aon leasú air,

foilsiú an idirbhirt ag na hionaid trádála,

scaipeadh croí-shonraí margaidh;

(vi)

cineál an chórais trádála agus na tarscaoiltí agus na hiarchuir is infheidhme;

(36c)

ciallaíonn ‘sonraí rialála’ sonraí a bhaineann le stádas na gcóras a mheaitseálann orduithe in ionstraimí airgeadais agus sonraí a bhaineann le stádas trádála ionstraimí airgeadais aonair;’;

(3)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b), pointe (i):

‘(i)

a dhéantar laistigh de raon ualaithe na méideanna reatha a léirítear sa leabhar orduithe nó luachaintí ó chruthaitheoirí margaidh an ionaid trádála a bhfuil an córas sin á oibriú aige;’;

(b)

i mír 6, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

na mionsonraí maidir le sonraí réamhthrádála, raon na bpraghsanna tairgthe agus tairisceana nó na luachaintí ó chruthaitheoirí ainmnithe margaidh, agus leibhéal an leasa trádála ar na praghsanna sin, nach mór a phoibliú le haghaidh gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 3(1), agus an calabrú is gá le haghaidh cineálacha éagsúla córas trádála dá dtagraítear in Airteagal 3(2) á gcur san áireamh;’;

(4)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:

Caidhpeáil méid ’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   An úsáid a bhaineann ionaid trádála as an tarscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), cuirfidh siad an úsáid sin ar fionraí i gcás ina mbeidh céatadán an mhéid a thrádáiltear san Aontas in ionstraim airgeadais faoin tarscaoileadh sin níos mó ná 7 % den mhéid iomlán a thrádáiltear san ionstraim airgeadais sin san Aontas. Déanfaidh na hionaid trádála a gcinneadh chun úsáid faoin tarscaoileadh sin a chur ar fionraí bunaithe ar na sonraí a fhoilsíonn ÚEUM i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo agus déanfaidh siad cinneadh den sórt sin laistigh de dhá lá oibre ó fhoilsiú na sonraí agus mairfidh an fhionraí 3 mhí.’

;

(c)

scriostar míreanna 2 agus 3;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Laistigh de sheacht lá oibre ó dheireadh mhí an Mhárta, mhí an Mheithimh, mhí Mheán Fómhair de gach bliain féilire, foilseoidh ÚEUM an méid iomlán trádála san Aontas in aghaidh na hionstraime airgeadais sa 12 mhí roimhe sin, céatadáin na trádála i ngach ionstraim airgeadais a rinneadh ar fud an Aontais faoin tarscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun na céatadáin trádála sin a dhíorthú i ngach ionstraim airgeadais.’

;

(e)

scriostar míreanna 5 agus 6;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 7, 8 agus 9:

‘7.   Chun bonn iontaofa a áirithiú chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil a dhéantar faoin tarscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), agus chun a chinneadh ar sáraíodh an teorainn dá dtagraítear i mír 1, beidh córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag oibreoirí ionad trádála chun go mbeifear in ann na trádálacha uile a rinneadh ar a n-ionad faoin tarscaoileadh sin a shainaithint.

8.   Tosóidh an tréimhse chun na sonraí trádála ag ÚEUM a fhoilsiú, agus dá mbeidh faireachán le déanamh ar thrádáil in ionstraim airgeadais faoin tarscaoileadh sin, an 29 Meán Fómhair 2025.

9.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an modh a shonrú, lena n-áirítear idirbhearta a chlárú faoi bhratach, trína ndéanfaidh sé na sonraí idirbhirt a thiomsú, a ríomh agus a fhoilsiú, mar atá leagtha amach i mír 4, chun tomhas cruinn a chur ar fáil ar mhéid iomlán na trádála in aghaidh na hionstraime airgeadais agus ar na céatadáin trádála a úsáidfidh an tarscaoileadh sin ar fud an Aontais.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Márta 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

10.   Faoin 29 Meán Fómhair 2027, agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar measúnú ar thairseach na caidhpeála méid a leagtar síos i mír 1, agus aird á tabhairt ar an gcobhsaíocht airgeadais, ar na dea-chleachtais idirnáisiúnta, ar iomaíochas ghnólachtaí an Aontais, ar thábhacht an tionchair ar an margadh agus ar éifeachtúlacht an mhúnlaithe praghsanna.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a leasú trí thairseach na caidhpeála méid a shocraítear i mír 1 den Airteagal seo a choigeartú. Chun críocha na fomhíre seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tuarascáil ó ÚEUM dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, na forbairtí idirnáisiúnta agus na caighdeáin a chomhaontaítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.’

;

(5)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:

Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionaid trádála i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltas astaíochtaí ’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Agus leabhar orduithe teorann lárnaí nó córas trádála do cheantáil thréimhsiúil á chur i bhfeidhm acu, poibleoidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu praghsanna reatha tairgthe agus tairisceana agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a fhógrófar trína gcórais maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltais astaíochtaí. Déanfaidh na hoibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta sin an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.

2.   Déanfar na ceanglais trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 a chalabrú le haghaidh cineálacha éagsúla córas trádála.’

;

(c)

scriostar míreanna 3 agus 4;

(6)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 8a

Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionaid trádála i leith díorthach

1.   Agus leabhar orduithe teorann lárnaí nó córas trádála do cheantáil thréimhsiúil á chur i bhfeidhm acu, poibleoidh oibreoirí margaidh a bhfuil margadh rialáilte á oibriú acu praghsanna reatha tairgthe agus tairisceana agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a fhógrófar trína gcórais i leith díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán. Déanfaidh na hoibreoirí margaidh sin an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.

2.   Agus leabhar orduithe teorann lárnaí nó córas trádála do cheantáil thréimhsiúil á chur i bhfeidhm acu, poibleoidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil OTF nó MTF á oibriú acu praghsanna reatha tairgthe agus tairisceana agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a fhógrófar trína gcórais maidir le díorthaigh thar an gcuntar atá ainmnithe in euro, yen na Seapáine, dollar Mheiriceá nó puint steirling agus go bhfuil an méid seo a leanas i gceist:

(a)

tá siad faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déantar iad a imréiteach go lárnach, agus, i ndáil le díorthaigh ráta úis, tá aibíocht de 1, 2, 3, 5, 7, 10, 12, 15, 20, 25 nó 30 bliain acu a comhaontaíodh de réir conartha;

(b)

is babhtálacha mainneachtana creidmheasa aonainm iad a thagraíonn do bhanc domhanda a bhfuil tábhacht chórasach leis agus a imréitítear go lárnach; nó

(c)

is babhtálacha mainneachtana creidmheasa iad a thagraíonn d’innéacs ina gcuimsítear bainc dhomhanda a bhfuil tábhacht chórasach leo agus a imréitítear go lárnach.

Déanfaidh na hoibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta sin an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.

3.   Déanfar na ceanglais trédhearcachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chalabrú le haghaidh cineálacha éagsúla córas trádála.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun mír 2, an chéad fhomhír, den Airteagal seo, a leasú a mhéid a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar faoi réir na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos san fhomhír sin i bhfianaise forbairtí sa mhargadh.

Airteagal 8b

Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionaid trádála i leith orduithe pacáiste

1.   Agus leabhar orduithe teorann lárnaí nó córas trádála do cheantáil thréimhsiúil á chur i bhfeidhm acu, poibleoidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu praghsanna reatha tairgthe agus tairisceana agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a fhógrófar trína gcórais maidir le horduithe pacáiste atá comhdhéanta de bhannaí, de tháirgí airgeadais struchtúraithe, de lamháltais astaíochtaí nó de dhíorthaigh. Déanfaidh na hoibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta sin an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.

2.   Déanfar na ceanglais trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 a chalabrú le haghaidh cineálacha éagsúla córas trádála.’

;

(7)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:

Tarscaoiltí le haghaidh bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí, díorthach agus orduithe pacáiste ’;

(b)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Maidir leis an oibleagáid atá ar oibreoirí margaidh agus ar ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1), Airteagal 8a(1) agus (2) agus Airteagal 8b(1) a phoibliú, beidh údaráis inniúla in ann í a tharscaoileadh maidir leis an méid seo a leanas:’;

(ii)

scriostar pointe (b);

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

díorthaigh thar an gcuntar nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide trádála dá dtagraítear in Airteagal 28 agus nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith, agus ionstraimí airgeadais eile nach bhfuil margadh leachtach ann dóibh;’;

(iv)

i bpointe (e), scriostar pointe (iii);

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2a:

‘2a.   Beidh údaráis inniúla in ann an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 8b(1) a tharscaoileadh le haghaidh gach comhchoda aonair d’ordú pacáiste.’

;

(d)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Féadfaidh na húdaráis inniúla, dá ndeoin féin nó ar iarraidh ó údaráis inniúla eile nó ÚEUM, tarscaoileadh a bheidh deonaithe de bhun mhír 1 a tharraingt siar má fheictear dóibh go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid ar shlí a imeoidh óna chuspóir bunaidh nó má mheasann siad go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid chun teacht timpeall ar na ceanglais a bhunaítear san Airteagal seo.’;

(e)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás ina dtitfidh leachtacht aicme na hionstraime airgeadais faoi thairseach shonraithe, féadfaidh an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na hionaid trádála ar a ndéanfar aicme banna, táirge airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh a thrádáil, na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 8 a fhionraí ar bhonn sealadach. Socrófar an tairseach shonraithe sin ar bhonn critéar oibiachtúil a bheidh sonrach do mhargadh na hionstraime airgeadais lena mbaineann. Foilseofar fógra faoi fhionraí shealadach den sórt sin ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha agus tabharfar fógra do ÚEUM ina leith. Foilseoidh ÚEUM an fhionraí shealadach sin ar a láithreán gréasáin.’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Sula ndéanfar na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 8 a chur ar fionraí, nó fionraí shealadach na n-oibleagáidí sin a athnuachan, cuirfidh an t-údarás inniúil ábhartha a mbeidh ar intinn aige in iúl do ÚEUM agus míneoidh sé na cúiseanna leis. Cuirfidh ÚEUM a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta i dtaobh an mbeidh bonn cirt leis an bhfionraí shealadach a fhionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír den mhír seo.’;

(f)

leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i)

leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

raon na bpraghsanna tairgthe agus tairisceana agus leibhéal an leasa trádála ar na praghsanna sin, nach mór a phoibliú le haghaidh gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 8(1), Airteagal 8a(1) agus (2) agus Airteagal 8b(1), agus an calabrú is gá maidir le cineálacha éagsúla córas trádála dá dtagraítear in Airteagal 8(2), in Airteagal 8a(3) agus in Airteagal 8b(2) á chur san áireamh;’;

scriostar pointe (d);

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(f)

saintréithe na leabhar orduithe teorann lárnaí agus na gcóras trádála do cheantáil thréimhsiúil;’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara agus an tríú fomhír:

‘Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Márta 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

Ceanglais trédhearcachta iarthrádála le haghaidh ionaid trádála i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthach

1.   Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, poibleoidh siad praghas, méid agus tráth na n-idirbheart a fhorghníomhaítear maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear ar ionad trádála. Beidh feidhm ag na ceanglais sin freisin maidir le hidirbhearta a fhorghníomhaítear maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán agus maidir le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2). Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad mionsonraí gach idirbhirt den sórt sin a phoibliú chomh gar d’fhíor-am agus is féidir go teicniúil.

2.   Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, tabharfaidh siad rochtain, ar théarmaí réasúnacha tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar a socruithe chun an fhaisnéis de bhun mhír 1 den Airteagal seo a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil oibleagáid orthu, de bhun Airteagal 21, mionsonraí a n-idirbheart i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a fhoilsiú.

3.   Cuirfear faisnéis a bhaineann le hidirbheart pacáiste ar fáil i leith gach comhpháirt chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, ag féachaint don ghá atá ann praghsanna a leithdháileadh ar ionstraimí airgeadais áirithe, agus beidh bratach ar áireamh inti lena shainaithint gur cuid de phacáiste í an chomhpháirt.

I gcás ina mbeidh comhpháirt den idirbheart pacáiste incháilithe le foilsiú a iarchur de bhun Airteagal 11 nó Airteagal 11a, cuirfear faisnéis maidir leis an gcomhpháirt ar fáil tar éis don tréimhse iarchurtha le haghaidh an idirbhirt dul i léig.’

;

(9)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:

Foilseachán iarchurtha i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe nó lamháltas astaíochtaí ’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Féadfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu foilsiú mhionsonraí na n-idirbheart a dhéantar maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear ar ionad trádála a iarchur, lena n-áirítear an praghas agus an méid, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, nochtfaidh siad go soiléir na socruithe le haghaidh foilsiú iarchurtha do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na socruithe sin agus déanfaidh sé, gach 2 bhliain, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear iad sa chleachtas.

1a.   Déanfar na socruithe maidir le foilsiú iarchurtha i leith bannaí, nó i leith aicmí bannaí, a eagrú trí chúig chatagóir a úsáid:

(a)

catagóir 1: idirbhearta meánmhéide in ionstraim airgeadais a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(b)

catagóir 2: idirbhearta meánmhéide in ionstraim airgeadais nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(c)

catagóir 3: idirbhearta mórmhéide in ionstraim airgeadais a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(d)

catagóir 4: idirbhearta mórmhéide in ionstraim airgeadais nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(e)

catagóir 5: idirbhearta de mhéid an-mhór.

Nuair a rachaidh an tréimhse iarchuir in éag, foilseofar mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair a fhoilsiú.

1b.   Eagrófar na socruithe maidir le foilsiú iarchurtha i leith táirgí airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí, nó i leith haicmí díobh, a thrádáiltear ar ionad trádála, de bhun na gcaighdeán teicniúil rialála dá dtagraítear i mír 4, pointe (g).

Nuair a rachaidh an tréimhse iarchurtha in éag, foilseofar mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4:

‘2.   I gcás ina dtitfidh leachtacht aicme na hionstraime airgeadais faoi thairseach a chinnfear i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 9(5), pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na hionaid trádála ar a ndéantar aicme banna, táirge airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí a thrádáil, na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10 a fhionraí ar bhonn sealadach. Bunófar an tairseach sin ar bhonn critéar oibiachtúil a bheidh sonrach do mhargadh na hionstraime airgeadais lena mbaineann.

Foilseofar fionraí shealadach den sórt sin ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha agus tabharfar fógra do ÚEUM ina leith. Foilseoidh ÚEUM an fhionraí shealadach sin ar a láithreán gréasáin.

Féadfaidh ÚEUM, i gcás éigeandála, amhail éifeacht dhíobhálach shuntasach ar leachtacht aicme bannaí, táirge airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear san Aontas, síneadh a chur leis na huastréimhsí iarchurtha a shocraítear i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 4, pointí (f) agus (g). Sula ndéanfar cinneadh maidir le síneadh den sórt sin, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le haon údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionad trádála amháin nó níos mó ar a dtrádáiltear an aicme sin banna, táirge airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí. Foilseofar síneadh den sórt sin ar láithreán gréasáin ÚEUM.

Beidh an fhionraí shealadach dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó an síneadh dá dtagraítear sa tríú fomhír bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná 3 mhí ó dháta a fhoilsithe nó a fhoilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha nó ÚEUM, faoi seach. Féadfar fionraí nó síneadh den sórt sin a athnuachan go ceann tréimhsí breise nach faide ná 3 mhí sa turas má leanann na forais leis an bhfionraí shealadach de bheith infheidhmithe.

Sula ndéanfar fionraí shealadach na n-oibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhionraí nó a athnuachan, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a mbeidh ar intinn aige a chur in iúl do ÚEUM agus cuirfidh sé míniú ar fáil. Cuirfidh ÚEUM a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta i dtaobh an mbeidh bonn cirt leis an bhfionraí shealadach a fhionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an gceathrú fomhír.

3.   Chomh maith leis an bhfoilsiú iarchurtha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh údarás inniúil Ballstáit an méid seo a leanas a cheadú, i ndáil le hionstraimí fiachais cheannasaigh arna n-eisiúint ag an mBallstát sin, nó aicmí díobh:

(a)

foilsiú méid idirbhirt aonair a fhágáil ar lár ar feadh tréimhse fhadaithe nach faide ná sé mhí; nó

(b)

mionsonraí roinnt idirbheart a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán ar feadh tréimhse fhadaithe nach faide ná 6 mhí.

Maidir le hidirbhearta in ionstraimí fiachais cheannasaigh nach n-eisíonn Ballstát, is é ÚEUM a dhéanfaidh cinntí i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin liosta na n-iarchur a cheadaítear de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na gcinntí a dhéantar de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír agus déanfaidh sé, gach 2 bhliain, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear iad sa chleachtas.

Nuair a rachaidh an tréimhse iarchurtha in éag, foilseofar mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair.

4.   Déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú ar bhealach lena bhféadfar an fhaisnéis a éilítear de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 27g a fhoilsiú:

(a)

mionsonraí na n-idirbheart atá le cur ar fáil don phobal le haghaidh gach aicme ionstraime airgeadais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh, lena n-áirítear aitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 10(1) agus Airteagal 21(1), a dhéanann idirdhealú eatarthu siúd a chinntear trí bhíthin fachtóirí a bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin a chinntear trí bhíthin fachtóirí eile;

(b)

an teorainn ama a mheastar a chomhlíonann an oibleagáid maidir le foilsiú chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, lena n-áirítear nuair a dhéantar trádálacha lasmuigh de ghnáthuaireanta trádála;

(c)

a bhfuil margadh leachtach ann ina leith do tháirgí airgeadais struchtúraithe nó lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear ar ionad trádála, nó aicmí díobh;

(d)

cad is margadh leachtach agus neamhleachtach ann le haghaidh bannaí, nó aicmí díobh, arna sloinneadh mar thairseacha arna gcinneadh de réir mhéid eisiúna na mbannaí sin;

(e)

i gcás banna leachtach nó neamhleachtach, nó i gcás aicme díobh, cad is idirbheart meánmhéide, mórmhéide agus de mhéid an-mhór ann, dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo, ar bhonn anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil agus na critéir in Airteagal 2(1), pointe (17)(a), agus critéir ábhartha eile i gcás inarb infheidhme á gcur san áireamh;

(f)

maidir le bannaí, nó aicmí díobh, na hiarchuir praghsanna agus méideanna is infheidhme maidir le gach ceann de na cúig chatagóir a leagtar amach i mír 1a, agus na huastréimhsí seo a leanas á gcur i bhfeidhm:

(i)

i gcás idirbhearta i gcatagóir 1: iarchur praghais agus méid nach faide ná 15 nóiméad;

(ii)

i gcás idirbhearta i gcatagóir 2: iarchur praghais agus méid nach faide ná deireadh an lae trádála;

(iii)

i gcás idirbhearta i gcatagóir 3: iarchur praghais nach mó ná deireadh an chéad lae trádála tar éis dháta an idirbhirt agus iarchur méid nach faide ná seachtain amháin tar éis dháta an idirbhirt;

(iv)

i gcás idirbhearta i gcatagóir 4: iarchur praghais nach mó ná deireadh an dara lá trádála tar éis an dháta an idirbhirt agus iarchur méid nach faide ná dhá sheachtain tar éis dháta an idirbhirt;

(v)

i gcás idirbhearta i gcatagóir 5: iarchur praghais agus iarchur méid nach faide ná 4 seachtaine tar éis dháta an idirbhirt;

(g)

na socruithe maidir le foilsiú iarchurtha i leith táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltais astaíochtaí, nó i leith aicmí díobh, ar bhonn anailíse cainníochtúla agus cáilíochtúla agus na critéir in Airteagal 2(1), pointe (17)(a), agus critéir ábhartha eile i gcás inarb infheidhme á gcur san áireamh;

(h)

i leith ionstraimí fiachais cheannasaigh, nó aicmí díobh, na critéir atá le cur i bhfeidhm agus méid nó cineál idirbhirt in ionstraimí den sórt sin ar féidir cinntí a ghlacadh ina leith de bhun mhír 3 á gcinneadh.

I gcás gach ceann de na catagóirí a leagtar amach i mír 1a, déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (f), den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun an tréimhse iarchurtha is infheidhme a athchalabrú d’fhonn í a laghdú de réir a chéile i gcás inarb iomchuí. Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis do na tréimhsí iarchurtha laghdaithe teacht chun bheith infheidhme, déanfaidh ÚEUM anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an laghdaithe. I gcás ina mbeidh siad ar fáil, bainfidh ÚEUM úsáid as na sonraí trédhearcachta iarthrádála arna scaipeadh ag an CTP chun na críche sin. Más léir éifeachtaí díobhálacha ar na hionstraimí airgeadais, déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (f), den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta chun an tréimhse iarchurtha a mhéadú siar go dtí an leibhéal roimhe sin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’

;

(10)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 11a

Foilsiú iarchurtha i leith díorthach

1.   Féadfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu foilsiú mionsonraí idirbheart a dhéantar maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán agus maidir le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a iarchur, lena n-áirítear an praghas agus an méid, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, nochtfaidh siad go soiléir na socruithe le haghaidh foilsiú iarchurtha do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na socruithe sin agus déanfaidh sé, gach 2 bhliain, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear iad sa chleachtas.

Eagrófar na socruithe maidir le foilsiú iarchurtha i ndáil le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán nó díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), nó aicmí díobh, trí úsáid a bhaint as cúig chatagóir:

(a)

catagóir 1: idirbhearta meánmhéide in ionstraim airgeadais a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(b)

catagóir 2: idirbhearta meánmhéide in ionstraim airgeadais nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(c)

catagóir 3: idirbhearta mórmhéide in ionstraim airgeadais a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(d)

catagóir 4: idirbhearta mórmhéide in ionstraim airgeadais nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(e)

catagóir 5: idirbhearta de mhéid an-mhór.

Nuair a rachaidh an tréimhse iarchurtha in éag, foilseofar mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair.

2.   I gcás ina dtitfidh leachtacht aicme na hionstraime airgeadais faoi thairseach a chinnfear i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 9(5), pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na hionaid trádála ina dtrádáiltear aicme díorthach arna thrádáil ar an malartán nó aicme díorthach thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), féadfaidh sé na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10 a fhionraí ar bhonn sealadach. Bunófar an tairseach sin ar bhonn critéir oibiachtúla a bheidh sonrach do mhargadh na hionstraime airgeadais lena mbaineann.

Foilseofar fionraí shealadach den sórt sin ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha agus tabharfar fógra do ÚEUM ina leith. Foilseoidh ÚEUM an fhionraí shealadach sin ar a láithreán gréasáin.

Féadfaidh ÚEUM, i gcás éigeandála, amhail éifeacht dhíobhálach shuntasach ar leachtacht aicme díorthaigh arna thrádáil ar mhalartán nó díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a thrádáiltear san Aontas, síneadh a chur leis na huastréimhsí iarchurtha a shocraítear i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 3, pointe (e), den Airteagal seo. Sula ndéanfar cinneadh maidir le síneadh den sórt sin, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le haon údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionad trádála amháin nó níos mó ina ndéantar an aicme sin díorthaigh arna thrádáil ar an malartán nó díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a thrádáil. Foilseofar síneadh den sórt sin ar láithreán gréasáin ÚEUM.

Beidh an fhionraí shealadach dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó an síneadh dá dtagraítear sa tríú fomhír bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná 3 mhí ó dháta a foilsithe nó a fhoilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha nó ÚEUM, faoi seach. Féadfar fionraí nó síneadh den sórt sin a athnuachan go ceann tréimhsí breise nach faide ná 3 mhí sa turas má leanann na forais leis an bhfionraí shealadach de bheith infheidhmithe.

Sula ndéanfar an fhionraí shealadach na n-oibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhionraí nó a athnuachan, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a mbeidh ar intinn aige a chur in iúl do ÚEUM agus cuirfidh sé míniú ar fáil. Cuirfidh ÚEUM a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta i dtaobh an mbeidh bonn cirt leis an bhfionraí shealadach a fhionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an gceathrú fomhír.

3.   Déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú ar bhealach lena bhféadfar an fhaisnéis a éilítear de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 27g a fhoilsiú:

(a)

mionsonraí na n-idirbheart atá le cur ar fáil don phobal le haghaidh gach aicme díorthaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh, lena n-áirítear aitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 10(1) agus Airteagal 21(1), a dhéanann idirdhealú eatarthu siúd a chinntear trí bhíthin fachtóirí a bhaineann go príomha le luacháil na ndíorthach agus na cinn sin a chinntear trí bhíthin fachtóirí eile;

(b)

an teorainn ama a mheastar a chomhlíonann an oibleagáid maidir le foilsiú chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, lena n-áirítear nuair a dhéantar trádálacha lasmuigh de ghnáthuaireanta trádála;

(c)

díorthaigh, nó aicmí díobh, a bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

(d)

i gcás díorthach leachtach nó neamhleachtach, nó i gcás aicme de, cad is idirbheart meánmhéide, mórmhéide agus de mhéid an-mhór ann, dá dtagraítear i mír 1, an triú fomhír, den Airteagal seo ar bhonn anailíse cainníochtúla agus cáilíochtúla agus na critéir in Airteagal 2(1), pointe (17)(a), agus critéir ábhartha eile i gcás inarb infheidhme á gcur san áireamh;

(e)

na hiarchuir praghsanna agus méideanna is infheidhme maidir le gach ceann de na cúig chatagóir a leagtar amach i mír 1, an tríú fomhír, den Airteagal seo, ar bhonn anailíse cainníochtúla agus cáilíochtúla agus na critéir in Airteagal 2(1), pointe (17)(a), méid an idirbhirt agus critéir ábhartha eile i gcás inarb infheidhme á gcur san áireamh.

I gcás gach ceann de na catagóirí a leagtar amach i mír 1, an tríú fomhír, den Airteagal seo, déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun an tréimhse iarchurtha is infheidhme a athchalabrú agus é mar aidhm í a laghdú de réir a chéile i gcás inarb iomchuí. Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis do na tréimhsí iarchurtha laghdaithe teacht chun bheith infheidhme, déanfaidh ÚEUM anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an laghdaithe. I gcás ina mbeidh fáil orthu, úsáidfidh ÚEUM na sonraí trédhearcachta iarthrádála arna scaipeadh ag an CTP chun na críche sin. Más léir éifeachtaí díobhálacha ar na hionstraimí airgeadais, déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta chun an tréimhse iarchurtha a mhéadú siar go dtí an leibhéal roimhe sin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Meán Fómhair 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír i gcomhar leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2) agus leasóidh sé iad chun aon athruithe substaintiúla i gcalabrú na n-iarchur praghsanna agus méideanna a chur san áireamh de bhun na chéad fhomhíre, pointe (e), agus an dara fomhír den mhír seo.’

;

(11)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Cuirfidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu an fhaisnéis arna foilsiú i gcomhréir le hAirteagail 3, 4 agus le hAirteagail 6 go 11 ar fáil don phobal trí shonraí trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála a thairiscint ar leithligh.’

;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

‘Airteagal 13

Oibleagáid chun sonraí réamhthrádála agus iarthrádála a chur ar fáil ar bhonn réasúnach tráchtála

1.   Déanfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála, APAnna, CTPanna agus inmheánaitheoirí córasacha á n-oibriú acu an fhaisnéis arna foilsiú i gcomhréir le hAirteagail 3, 4, 6 go 11a, 14, 20, 21, 27g agus 27h a chur ar fáil don phobal ar bhonn réasúnach tráchtála, lena n-áirítear téarmaí conarthacha neamhchlaonta agus cothroma.

Áiritheoidh na hoibreoirí margaidh agus na gnólachtaí infheistíochta sin, APAnna, CTPanna agus inmheánaitheoirí córasacha rochtain neamh-idirdhealaitheach ar fhaisnéis den sórt sin. Déanfar beartais sonraí na n-oibreoirí margaidh agus na ngnólachtaí infheistíochta, na APAnna, na CTPanna agus inmheánaitheoirí córasacha sin a chur ar fáil don phobal saor in aisce ar bhealach is féidir a rochtain agus a thuiscint go héasca.

2.   Déanfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála, APAnna agus inmheánaitheoirí córasacha á n-oibriú acu an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil don phobal saor in aisce 15 nóiméad tar éis a foilsithe i bhformáid atá meaisín-inléite agus inúsáidte do gach úsáideoir, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola.

3.   Áireofar ar an mbonn réasúnach tráchtála leibhéal na dtáillí agus téarmaí conarthacha eile. Cinnfear leibhéal na dtáillí de réir an chostais a bhaineann leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a tháirgeadh agus a scaipeadh agus le corrlach réasúnta.

4.   Arna iarraidh sin, cuirfidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála, APAnna, CTPanna agus inmheánaitheoirí córasacha á n-oibriú acu faisnéis ar fáil dá n-údarás inniúil maidir leis na costais iarbhír a bhaineann leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a tháirgeadh agus a scaipeadh, lena n-áirítear corrlach réasúnta.

5.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an méid a leanas:

(a)

cad is téarmaí conarthacha neamhchlaonta agus cothroma ann dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír;

(b)

cad is rochtain neamh-idirdhealaitheach ar fhaisnéis ann dá dtagraítear i mír 1,an dara fomhír;

(c)

ábhar, formáid agus téarmaíocht aonfhoirmeach na mbeartas sonraí atá le cur ar fáil don phobal de bhun mhír 1, an dara fomhír;

(d)

rochtain ar shonraí, agus ábhar agus formáid na faisnéise atá le cur ar fáil don phobal de bhun mhír 1;

(e)

na gnéithe atá le cur san áireamh i ríomh an chostais agus an chorrlaigh réasúnta dá dtagraítear i mír 3;

(f)

ábhar, formáid agus téarmaíocht aonfhoirmeach na faisnéise atá le soláthar do na húdaráis inniúla de bhun mhír 4.

Gach 2 bhliain, déanfaidh ÚEUM faireachán agus measúnú ar na forbairtí ar chostas na sonraí agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn a mheasúnaithe.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’

;

(13)

leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo agus ag Airteagail 15, 16 agus 17 maidir le hinmheánaitheoirí córasacha nuair a dhéileálann siad i méideanna suas go dtí an tairseach a chinntear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 7, pointe (b), den Airteagal seo, agus an tairseach sin san áireamh.

3.   Cinnfear íosmhéid luachana na n-inmheánaitheoirí córasacha sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 7, pointe (c). I gcás scair, admháil taisclainne, ETF, deimhniú áirithe nó ionstraim airgeadais eile dá samhail a thrádáiltear ar ionad trádála, áireofar ar gach luachan praghas daingean tairgthe agus tairisceana ar mhéid a d’fhéadfadh a bheith suas go dtí an tairseach sin, agus an tairseach dá dtagraítear i mír 2 san áireamh. Léireoidh an praghas dálaí an mhargaidh san am i gceist don scair sin, don admháil taisclainne sin, do ETF sin, don deimhniú sin nó d’ionstraim airgeadais eile dá samhail.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   Chun luacháil éifeachtúil scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a áirithiú agus an deis is fearr is féidir a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta an margadh is fearr is féidir a bhaint amach dá gcliaint, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

socruithe i dtaca le foilsiú na luachana daingne dá dtagraítear i mír 1;

(b)

cinntiú na tairsí dá dtagraítear i mír 2, lena gcuirfear san áireamh na cleachtais idirnáisiúnta is fearr, iomaíochas ghnólachtaí an Aontais, tábhacht an tionchair ar an margadh agus éifeachtúlacht múnlaithe praghsanna agus nach mbeidh sé sin faoi bhun dhá oiread mhéid chaighdeánach an mhargaidh;

(c)

cinntiú an t-íosmhéid luachanna luaite dá dtagraítear i mír 3 a chinneadh, ar méid é nach sáróidh 90 % den tairseach dá dtagraítear i mír 2 agus nach mbeidh faoi bhun mhéid caighdeánach an mhargaidh;

(d)

cinntiú i dtaobh an léiríonn na praghsanna dálaí an mhargaidh dá dtagraítear i mír 3; agus

(e)

méid chaighdeánach an mhargaidh dá dtagraítear i mír 4.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Márta 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’

;

(14)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Déanfaidh na hinmheánaitheoirí córasacha rialacha trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus critéir oibiachtúla maidir le horduithe a fhorghníomhú go héifeachtúil a leagan síos agus a chur chun feidhme. Beidh socruithe i bhfeidhm acu chun a gcuid oibríochtaí teicniúla a bhainistiú go fónta, lena n-áirítear socruithe éifeachtacha teagmhais a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol nach bhfeidhmeodh na córais mar ba cheart.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun ábhar agus formáid an fhógra dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, a chinneadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Márta 2025.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’

;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

Oibleagáidí údarás inniúil

Seiceálfaidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonann inmheánaitheoirí córasacha na coinníollacha maidir le horduithe a fhorghníomhú a leagtar síos in Airteagal 15(1) agus na coinníollacha maidir le feabhas a chur ar phraghsanna a leagtar síos in Airteagal 15(2).’;

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17a:

‘Airteagal 17a

Méideanna na dticeanna

1.   Luachaintí ó inmheánaitheoirí córasacha, feabhsuithe praghais ar na luachaintí sin agus praghsanna forghníomhúcháin, comhlíonfaidh siad na méideanna ticeanna a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 49 de Threoir 2014/65/AE.

2.   Ní dhéanfaidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 15(2) den Rialachán seo agus in Airteagal 49 de Threoir 2014/65/AE cosc a chur ar inmheánaitheoirí córasacha orduithe a mheaitseáil ag lárphointe laistigh de na praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha.’

;

(17)

scriostar Airteagail 18 agus 19;

(18)

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1a.   Cuirfear gach idirbheart aonair ar fáil uair amháin go poiblí trí APA aonair.’

;

(b)

i mír 3, an chéad fhomhír, scriostar pointe (c);

(19)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:

Nochtadh iarthrádála arna dhéanamh ag gnólachtaí infheistíochta maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh ’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Gnólachtaí infheistíochta, a thabharfaidh i gcrích, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son a gcuid cliant, idirbhearta maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus, lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear ar ionad trádála nó le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), déanfaidh siad méid agus praghas na n-idirbheart sin agus an tráth a tugadh i gcrích iad a chur ar fáil go poiblí. Déanfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí trí APA.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   Comhlíonfaidh an fhaisnéis a chuirtear ar fáil don phobal i gcomhréir le mír 1 agus leis na teorainneacha ama a bhfoilsítear í laistigh díobh de réir na ceanglais arna nglacadh de bhun Airteagal 10, lena n-áirítear na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 11(4), pointí (a) agus (b), agus Airteagal 11a(3), pointí (a) agus (b).

4.   Maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear ar ionad trádála, féadfaidh gnólachtaí infheistíochta foilsiú an phraghais nó an mhéid a chur siar ar na coinníollacha céanna a leagtar síos in Airteagal 11.

4a.   Maidir le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), féadfaidh gnólachtaí infheistíochta foilsiú an phraghais nó an mhéid a iarchur ar na coinníollacha céanna a leagtar síos in Airteagal 11a.’

;

(d)

i mír 5, leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar bhealach a chumasóidh foilsiú na faisnéise a éilítear de bhun Airteagal 27g chun an méid seo a leanas a shonrú:’;

(ii)

scriostar pointe (c);

(20)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 21a

Eintitis foilsitheoireachta ainmnithe

1.   Déanfaidh údaráis inniúla stádas an eintitis foilsitheoireachta ainmnithe le haghaidh aicmí sonracha d’ionstraimí airgeadais a dheonú do ghnólachtaí infheistíochta, arna iarraidh sin do na gnólachtaí infheistíochta sin. Cuirfidh an t-údarás inniúil iarrataí den sórt sin in iúl do ÚEUM.

2.   I gcás nach bhfuil ach páirtí amháin in idirbheart ina eintiteas foilsitheoireachta ainmnithe de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh an páirtí sin freagrach as idirbhearta a phoibliú trí APA i gcomhréir le hAirteagal 20(1) nó Airteagal 21(1).

3.   I gcás nach eintitis foilsitheoireachta ainmnithe iad ceachtar de na páirtithe in idirbheart, nó an dá pháirtí in idirbheart, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, is é an t-eintiteas a dhíolann an ionstraim airgeadais lena mbaineann, agus an t-eintiteas sin amháin, a bheidh freagrach as an idirbheart a phoibliú trí APA i gcomhréir le hAirteagal 20(1) nó Airteagal 21(1).

4.   Déanfaidh ÚEUM faoin 29 Meán Fómhair 2024 clár de na heintitis foilsitheoireachta ainmnithe uile a bhunú agus tabharfaidh sé cothrom le dáta é go tráthrialta, agus sonrófar ann a gcéannacht agus aicmí na n-ionstraimí airgeadais ar eintitis foilsitheoireachta ainmnithe iad ina leith. Foilseoidh ÚEUM an clár sin ar a láithreán gréasáin.’

;

(21)

in Airteagal 22(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Chun ríomhanna a dhéanamh leis na ceanglais a chinneadh maidir leis an trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála agus na córais oibleagáide trádála dá dtagraítear in Airteagail 3 go 11a, 14 go 21 agus 32 atá infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais, agus chun tuarascálacha a ullmhú don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4(4), Airteagal 7(1), Airteagal 9(2), Airteagal 11(3) agus Airteagal 11a(1), féadfaidh ÚEUM agus údaráis inniúla faisnéis a éileamh ón méid seo a leanas:’;

(22)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 22a

Sonraí a tharchur chuig an CTP

1.   Déanfaidh ionaid trádála agus APAnna (‘rannchuiditheoirí sonraí’), maidir le scaireanna, ETFanna agus bannaí a thrádáiltear ar ionad trádála, agus maidir le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), na sonraí rialála agus na sonraí a cheanglaítear de bhun Airteagal 3(1) a tharchur chuig lárionad sonraí an CTP, chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, gan dochar d’Airteagal 4, agus de bhun Airteagal 6(1), Airteagal 10(1) agus Airteagail 20 agus 21, agus, i gcás ina nglacfar caighdeáin theicniúla rialála de bhun Airteagal 22b(3), pointe (d), i gcomhréir leis na ceanglais a shonraítear ann. Déanfar na sonraí sin a tharchur i bhformáid chomhchuibhithe, trí phrótacal tarchurtha d’ardchaighdeán.

2.   Gnólacht infheistíochta a bhfuil margadh fáis FBManna á oibriú aige, nó oibreoir margaidh arb ionann méid bliantúil a scaireanna agus 1 % nó níos lú de mhéid trádála bliantúil na scaireanna san Aontas, ní cheanglófar air a chuid sonraí a tharchur chuig CTP i gcás:

(a)

nach bhfuil an gnólacht infheistíochta ná an t-oibreoir margaidh sin ina chuid de ghrúpa ina bhfuil gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh, nó ag a bhfuil dlúthnaisc le gnólacht infheistíochta nó le hoibreoir margaidh, arb ionann méid bliantúil a scaireanna agus níos mó ná 1 % de mhéid trádála bliantúil na scaireanna san Aontas; nó

(b)

inarb ionann an margadh rialáilte nó an margadh fáis FBManna atá á oibriú ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an oibreoir margaidh sin agus níos mó ná 85 % de mhéid trádála bliantúil na scaireanna a ligeadh isteach chun a dtrádála ar an margadh rialáilte sin nó ar an margadh fáis FBManna sin ar dtús.

3.   D’ainneoin mhír 2, féadfaidh gnólacht infheistíochta a bhfuil margadh fáis FBManna á oibriú aige, nó oibreoir margaidh, a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin, a chinneadh sonraí a tharchur chuig an CTP i gcomhréir le mír 1, ar choinníoll go dtugann sé fógra do ÚEUM agus don CTP dá réir. Tosóidh gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh den sórt sin ar shonraí a tharchur chuig an CTP laistigh de 30 lá oibre ó dháta an fhógra chuig ÚEUM.

4.   Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin agus coinneoidh sé cothrom le dáta liosta de na gnólachtaí infheistíochta a bhfuil margaí fáis FBManna á n-oibriú acu agus d’oibreoirí margaidh a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 2, ag léiriú cé acu díobh a chinn mír 3 a chur i bhfeidhm.

5.   Roghnóidh gach CTP, as measc na gcineálacha prótacal tarchurtha a thairgeann na rannchuiditheoirí sonraí d’úsáideoirí eile, cén prótacal tarchuir a úsáidfear chun na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a tharchur go díreach chuig lárionad sonraí an CTP.

6.   Ní bhfaighidh rannchuiditheoirí sonraí aon luach saothair as na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur ná as an bprótacal tarchurtha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, seachas an t-ioncam a gheofar de bhun Airteagal 27h(5), (6) agus (7).

7.   Cuirfidh rannchuiditheoirí sonraí, i gcás inarb infheidhme, na hiarchuir a leagtar síos in Airteagail 7, 11 agus 11a, Airteagal 20(2) agus Airteagal 21(4) i bhfeidhm maidir leis na sonraí atá le tarchur chuig an CTP.

8.   I gcás ina measfaidh an CTP nach leor cáilíocht na sonraí, tabharfaidh sé fógra dá réir d’údarás inniúil an rannchuiditheora sonraí. Déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta is gá i gcomhréir le hAirteagal 38g den Rialachán seo agus le hAirteagail 69 agus 70 de Threoir 2014/65/AE.

Airteagal 22b

Cáilíocht sonraí

1.   Na sonraí a tharchuirfear chuig an CTP de bhun Airteagal 22a(1) agus na sonraí a scaipfidh an CTP de bhun Airteagal 27h(1), pointe (d), comhlíonfaidh siad na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 4(6), pointe (a), Airteagal 7(2), pointe (a), Airteagal 11(4), pointe (a), agus Airteagal 11a(3), pointe (a), mura bhforáiltear a mhalairt sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 3, pointí (b) agus (d), den Airteagal seo.

2.   Bunóidh an Coimisiún sainghrúpa geallsealbhóirí faoin 29 Meitheamh 2024 chun comhairle a sholáthar maidir le cáilíocht agus substaint na sonraí agus maidir le cáilíocht an phrótacail tarchurtha dá dtagraítear in Airteagal 22a(1). Oibreoidh an sainghrúpa geallsealbhóirí agus ÚEUM i ndlúthchomhar le chéile. Déanfaidh an sainghrúpa geallsealbhóirí a chomhairle chur ar fáil don phobal.

Beidh an sainghrúpa geallsealbhóirí comhdhéanta de chomhaltaí a mbeidh raon leathan saineolais, scileanna, eolais agus taithí acu chun comhairle leordhóthanach a thabhairt.

Roghnófar comhaltaí an tsainghrúpa geallsealbhóirí tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Agus comhaltaí an tsainghrúpa geallsealbhóirí á roghnú aige, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh siad ina léiriú ar éagsúlacht na rannpháirtithe sa mhargadh ar fud an Aontais.

Toghfaidh an sainghrúpa geallsealbhóirí Cathaoirleach as measc a chomhaltaí, ar feadh téarma 2 bhliain. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar Chathaoirleach an tsainghrúpa geallsealbhóirí ráiteas a dhéanamh os a comhair agus freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfidh a feisirí air aon uair a iarrfar sin.

3.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun cáilíocht an phrótacail tarchurtha a shonrú, bearta chun aghaidh a thabhairt ar chaighdeáin tuairiscithe agus forfheidhmiúcháin earráideacha i ndáil le cáilíocht sonraí, lena n-áirítear socruithe maidir le comhar idir rannchuiditheoirí sonraí agus an CTP, agus, i gcás inar gá, cáilíocht agus substaint na sonraí le haghaidh oibriú na dteilitéipeanna comhdhlúite.

Sonrófar gach ceann de na nithe seo a leanas go háirithe leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin:

(a)

na híoscheanglais maidir le cáilíocht na bprótacal tarchurtha dá dtagraítear in Airteagal 22a(1);

(b)

cur i láthair na gcroí-shonraí margaidh atá le scaipeadh ag an CTP, i gcomhréir le caighdeáin agus cleachtais tionscail atá i réim;

(c)

cad is tarchur sonraí “chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil” ann.

(d)

i gcás inar gá, na sonraí is gá a tharchur chuig an CTP chun go mbeidh siad oibríochtúil, agus comhairle an tsainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun mhír 2 á cur san áireamh, lena n-áirítear substaint agus formáid na sonraí sin, i gcomhréir le caighdeáin agus cleachtais an tionscail atá i réim.

Chun críoch na chéad fhomhíre den mhír seo, cuirfidh ÚEUM san áireamh an chomhairle ón sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun mhír 2 den Airteagal seo, forbairtí idirnáisiúnta, agus caighdeáin a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta. Áiritheoidh ÚEUM go gcuirfear san áireamh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála na ceanglais trédhearcachta a leagtar síos in Airteagail 3, 6, 8, 8a, 8b, 10, 11, 11a, 14, 20, 21 agus 27g.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 22c

Sioncrónú clog gnó

1.   Déanfaidh ionaid trádála agus a gcomhaltaí, a rannpháirtithe nó a n-úsáideoirí, inmheánaitheoirí córasacha, eintitis fhoilsitheoireachta ainmnithe, APAnna agus CTPanna na cloig ghnó a úsáideann siad a shioncronú chun dáta agus am aon teagmhais intuairiscithe a thaifeadadh.

2.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta chun an leibhéal cruinnis ar a bhfuil na cloig le sioncrónú a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’

;

(23)

in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Áiritheoidh gnólacht infheistíochta go ndéanfar na trádálacha a ghabhann sé de láimh i scaireanna a bhfuil Uimhir Aitheantais Idirnáisiúnta Urrús (ISIN) an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) acu, agus a thrádáiltear ar ionad trádála, ar mhargadh rialáilte, ar MTF, ar inmheánaitheoir córasach nó ar ionad trádála tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach i gcomhréir le hAirteagal 25(4), pointe (a), de Threoir 2014/65/AE, de réir mar is iomchuí, mura rud é:

(a)

go ndéantar na scaireanna sin a thrádáil ar ionad tríú tír san airgeadra áitiúil nó in airgeadra nach airgeadra LEE é; nó

(b)

go ndéantar na trádálacha sin idir contrapháirtithe incháilithe, idir contrapháirtithe gairmiúla nó idir contrapháirtithe incháilithe agus contrapháirtithe gairmiúla, agus nach gcuireann siad leis an bpróiseas praghas-aimsithe.’

;

(24)

leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Coimeádfaidh oibreoir ionaid trádála faoi réir an údaráis inniúil, ar feadh 5 bliana ar a laghad, na sonraí ábhartha a bhaineann le gach ordú in ionstraimí airgeadais a fhógrófar trína chórais i bhformáid mheaisín-inléite agus trí úsáid a bhaint as teimpléad coiteann. Is é a bheidh sna taifid na sonraí ábhartha ina gcuimsítear saintréithe an ordaithe, lena n-áirítear na sonraí sin a nascfaidh ordú leis na hidirbhearta forghníomhaithe a eascraíonn as an ordú sin agus a dtuairisceofar na sonraí ina leith i gcomhréir le hAirteagal 26(1) agus (3). Comhlíonfaidh ÚEUM ról éascaithe agus comhordaithe i ndáil le rochtain a bheith ag údaráis inniúla ar fhaisnéis de bhun na míre seo.’

;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar mionsonraí agus formáidí na sonraí ordaithe ábhartha is gá a choimeád de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus nach dtagraítear dóibh in Airteagal 26.’;

(25)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír agus an tríú fomhír:

‘Bunóidh na húdaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 85 de Threoir 2014/65/AE, na socruithe is gá d’fhonn a áirithiú go bhfaighidh na húdaráis inniúla seo a leanas an fhaisnéis sin freisin:

(a)

údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta do na hionstraimí airgeadais sin;

(b)

na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ghnólachtaí infheistíochta tarchuir;

(c)

na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na brainsí a bhí mar chuid den idirbheart; agus

(d)

an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hionaid trádála a úsáidtear.

Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír aon fhaisnéis arna tuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil gan mhoill mhíchuí do ÚEUM.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar ionad trádála nó a ndearnadh iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála, gan beann ar cibé acu a dhéantar idirbhearta den sórt sin ar an ionad trádála nó nach ndéantar, cé is moite d’idirbhearta i ndíorthaigh thar an gcuntar seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid maidir leo ach amháin má dhéantar iad ar ionad trádála;

(b)

ionstraimí airgeadais inarb é an luach foluiteach ionstraim airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála, gan beann ar cibé acu a dhéantar idirbhearta den sórt sin ar an ionad trádála nó nach ndéantar;

(c)

ionstraimí airgeadais inarb é an luach foluiteach innéacs nó bascaed atá comhdhéanta d’ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála, gan beann ar cibé acu a dhéantar idirbhearta den sórt sin ar an ionad trádála nó nach ndéantar;

(d)

díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), gan beann ar cibé acu a dhéantar idirbhearta den sórt sin ar an ionad trádála nó nach ndéantar.

3.   Áireofar sna tuarascálacha, go háirithe, mionsonraí ainmneacha agus líon na n-ionstraimí airgeadais a ceannaíodh nó a díoladh, an chainníocht, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, na dátaí éifeachtacha, praghsanna na n-idirbheart, ainmniú chun na páirtithe a shainaithint ar fhorghníomhaigh an gnólacht infheistíochta an t-idirbheart sin ar a son, ainmniú chun na daoine agus na halgartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bhí freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt a shainaithint, ainmniú chun an t-eintiteas atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe a shainaithint agus modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint. Áireofar sna tuarascálacha ar idirbheart a dhéanfar ag an ionad trádála cód aitheantais idirbhirt arna ghiniúint agus arna scaipeadh ag an ionad trádála ar chomhaltaí ceannaigh agus comhaltaí díola an ionaid trádála araon.

I gcás idirbhearta nach gcuirfear i gcrích ar ionad trádála, beidh ar áireamh sna tuarascálacha freisin ainmniú lena sainaithnítear na cineálacha idirbheart i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 20(3), pointe (a), agus Airteagal 21(5), pointe (a), den Rialachán seo. I gcás díorthaigh tráchtearraí, cuirfear in iúl sna tuarascálacha cibé an laghdóidh an t-idirbheart riosca ar shlí intomhaiste go hoibiachtúil i gcomhréir le hAirteagal 57 de Threoir 2014/65/AE.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Tuairisceoidh oibreoir ionaid trádála mionsonraí idirbheart in ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar a ardán a bhforghníomhóidh aon chomhalta, rannpháirtí nó úsáideoir nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo i gcomhréir le míreanna 1 agus 3 iad trína gcórais.’

;

(d)

i mír 8, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach roimh an gcéad fhomhír:

‘Déanfaidh gnólacht infheistíochta idirbhearta a fhorghníomhaítear go hiomlán nó go páirteach trína bhrainse a thuairisciú d’údarás inniúil Bhallstát baile an ghnólachta infheistíochta. Cuirfidh brainse gnólachta tríú tír a thuarascálacha idirbhirt faoi bhráid an údaráis inniúil a d’údaraigh an brainse. I gcás ina bhfuil brainsí curtha ar bun ag gnólacht tríú tír i níos mó ná Ballstát amháin, cinnfidh na brainsí sin an t-údarás inniúil a gheobhaidh na tuarascálacha idirbhirt uile.’;

(e)

leasaítear mír 9 mar a leanas:

(i)

leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

tagairtí na n-ionstraimí airgeadais a cheannófar nó a dhíolfar, cainníocht, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, na dátaí éifeachtacha, praghsanna na n-idirbheart, faisnéis agus mionsonraí maidir le céannacht an chliaint, ainmniú chun na páirtithe a shainaithint a mbeidh an gnólacht infheistíochta tar éis an t-idirbheart sin a fhorghníomhú ar a son, ainmniú chun na daoine agus na halgartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bheidh freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt a shainaithint, ainmniú chun an t-eintiteas atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe a shainaithint, an modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint, an chaoi inar forghníomhaíodh an t-idirbheart, na réimsí sonraí a bheidh riachtanach chun na tuarascálacha idirbhirt a phróiseáil agus chun anailís a dhéanamh orthu i gcomhréir le mír 3;’;

scriostar pointe (d);

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

catagóirí ábhartha na n-innéacsanna a bheidh le tuairisciú i gcomhréir le mír 2, pointe (c);’;

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(j)

na coinníollacha chun idirbhearta sonracha a nascadh agus na modhanna chun orduithe comhiomlánaithe a shainaithint a mbeidh forghníomhú idirbhirt mar thoradh orthu; agus

(k)

an dáta a bhfuil na hidirbhearta le tuairisciú faoi.’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara agus an tríú fomhír:

‘Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt ag ÚEUM, cuirfidh sé san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus comhsheasmhacht na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála sin leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) 2015/2365.’;

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Meán Fómhair 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;

(f)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘11.   Faoin 29 Márta 2028, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin lena ndéantar measúnú ar an bhféidearthacht a bhaineann le comhtháthú níos mó a dhéanamh i dtuairisciú idirbheart agus cuíchóiriú sreafaí sonraí de bhun an Airteagail seo chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

ceanglais dhúblacha nó neamhréireacha a laghdú maidir leis an tuairisciú ar shonraí idirbheart, agus go háirithe ceanglais dhúblacha nó neamhréireacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) 2015/2365 agus i ngníomhartha dlí ábhartha eile an Aontais;

(b)

feabhas a chur ar an gcaighdeánú sonraí agus ar chomhroinnt agus ar úsáid éifeachtúil sonraí a thuairiscíonn aon údarás inniúil ábhartha ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.

Agus an tuarascáil á hullmhú, oibreoidh ÚEUM, i gcás inarb ábhartha, i ndlúthchomhar le comhlachtaí eile an Chórais Eorpaigh um Maoirseacht Airgeadais agus leis an mBanc Ceannais Eorpach.’

;

(26)

leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

‘Maidir le hionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar ionad trádála nó i gcás ina bhfuil trádáil na hionstraime eisithe formheasta ag an eisitheoir nó i gcás ina bhfuil iarraidh ar ligean isteach chun a dtrádála déanta, cuirfidh ionaid trádála sonraí tagartha sainaitheanta ar fáil do ÚEUM chun críocha tuairisciú idirbheart de bhun Airteagal 26 agus chun críche na gceanglas trédhearcachta faoi Airteagail 3, 6, 8, 8a, 8b, 10, 14, 20 agus 21.

Maidir le díorthaigh thar an gcuntar, beidh sonraí tagartha sainaitheanta bunaithe ar aitheantóir táirge uathúil arna chomhaontú go domhanda agus ar aon sonraí tagartha sainaitheanta ábhartha eile.

Maidir le díorthaigh thar an gcuntar nach gcumhdaítear leis an gcéad fhomhír den mhír seo agus a thagann faoi raon feidhme Airteagal 26(2), déanfaidh gach eintiteas foilsitheoireachta ainmnithe na sonraí tagartha sainaitheanta a sholáthar do ÚEUM.’;

(b)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(c)

an dáta a bhfuil na sonraí tagartha le tuairisciú faoi.’;

(ii)

cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas tar éis na chéad fhomhíre:

‘Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á ndréachtú ag ÚEUM, cuirfidh sé san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus comhsheasmhacht na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála sin leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) 2015/2365.’;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘5.   Faoin 29 Meitheamh 2024, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar na sonraí tagartha sainaitheanta a úsáidfear maidir le díorthaigh thar an gcuntar chun críocha na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 8a(2) agus in Airteagail 10 agus 21.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sonraí tagartha sainaitheanta a shonrú atá le húsáid maidir le díorthaigh thar an gcuntar chun críocha Airteagal 26.’

;

(27)

leasaítear Airteagal 27d mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:

Nósanna imeachta chun iarratais ar údarú le haghaidh ARManna agus APAnna a dheonú agus a dhiúltú ’;

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:

‘1.   An APA nó ARM atá ina iarratasóir, cuirfidh sé iarratas isteach ina mbeidh an fhaisnéis go léir atá riachtanach chun go mbeidh ÚEUM nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta, in ann a dhearbhú go bhfuil na socruithe go léir atá riachtanach curtha i bhfeidhm ag an APA nó an ARM, tráth an údaraithe tosaigh, chun a oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun an Teidil seo, lena n-áirítear clár oibríochtaí ina leagtar amach, inter alia, na cineálacha seirbhísí atá beartaithe agus an struchtúr eagraíochtúil.

2.   Laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an t-iarratas ar údarú a fháil, déanfaidh ÚEUM nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, measúnú i dtaobh cibé an bhfuil an t-iarratas ar údarú iomlán.

Mura bhfuil an t-iarratas iomlán, leagfaidh ÚEUM nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta, spriocdháta síos faoina mbeidh ar an APA nó an ARM faisnéis bhreise a sholáthar.

Tar éis dó a mheas go bhfuil iarratas iomlán, tabharfaidh ÚEUM nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta, fógra don APA nó don ARM dá réir.

3.   Déanfaidh ÚEUM nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta, faoi cheann 6 mhí ón uair a fhaightear iarratas iomlán, meastóireacht ar chomhlíontacht an APA nó an ARM leis an Teideal seo. Glacfaidh sé cinneadh réasúnaithe údarú a dheonú nó a dhiúltú, agus cuirfidh sé an APA nó ARM is iarratasóir ar an eolas dá réir sin laistigh de chúig lá tar éis é a ghlacadh.’

;

(c)

i mír 4, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

an fhaisnéis atá le háireamh sna fógraí dá dtagraítear in Airteagal 27f(2) a mhéid a bhaineann le APAnna agus ARManna.’;

(d)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta maidir leis an bhfaisnéis atá le tabhairt de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus an fhaisnéis atá le háireamh sna fógraí dá dtagraítear in Airteagal 27f(2) maidir le APAnna agus ARManna a chinneadh.’;

(28)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 27da

Nós imeachta chun CTP aonair a roghnú le haghaidh gach aicme sócmhainní

1.   I gcás gach ceann de na haicmí sócmhainní seo a leanas, eagróidh ÚEUM nós imeachta roghnúcháin ar leithligh chun CTP aonair a cheapadh ar feadh tréimhse 5 bliana:

(a)

bannaí;

(b)

scaireanna agus ETFanna; agus

(c)

díorthaigh thar an gcuntar nó fo-aicmí ábhartha díorthach thar an gcuntar.

Tionscnóidh ÚEUM an chéad nós imeachta roghnúcháin de bhun na chéad fhomhíre, pointe (a), faoin 29 Nollaig 2024.

Tionscnóidh ÚEUM an chéad nós imeachta roghnúcháin de bhun na chéad fhomhíre, pointe (b), laistigh de 6 mhí tar éis an nós imeachta roghnúcháin a thionscnamh de bhun na chéad fhomhíre, pointe (a).

Tionscnóidh ÚEUM an chéad nós imeachta roghnúcháin de bhun na chéad fhomhíre, pointe (c), den mhír seo laistigh de 3 mhí ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 27(5) agus tráth nach luaithe ná 6 mhí ó thionscnamh an nós imeachta roghnúcháin a leagtar síos sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo.

Tionscnóidh ÚEUM nósanna imeachta roghnúcháin ina dhiaidh sin de bhun na chéad fhomhíre in am ionas go mbeifear in ann leanúint de sholáthar na teilitéipe comhdhlúite gan cur isteach air.

2.   Le haghaidh gach ceann de na haicmí sócmhainní dá dtagraítear i mír 1, roghnóidh ÚEUM an t-iarratasóir atá oiriúnach chun an teilitéip chomhdhlúite a oibriú ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

(a)

cumas teicniúil an iarratasóra teilitéip chomhdhlúite athléimneach a sholáthar ar fud an Aontais;

(b)

cumas an iarratasóra na ceanglais eagraíochtúla a leagtar síos in Airteagal 27h a chomhlíonadh;

(c)

cumas an iarratasóra sonraí an méid seo a leanas a fháil, a chomhdhlúthú agus a scaipeadh, de réir mar is infheidhme:

(i)

i gcás scaireanna agus EFTanna, sonraí réamhthrádála agus iarthrádála;

(ii)

i gcás bannaí, sonraí iarthrádála;

(iii)

i gcás díorthaigh thar an gcuntar, sonraí iarthrádála;

(d)

leordhóthanacht struchtúr rialachais an iarratasóra;

(e)

an luas ar ar féidir leis an iarratasóir croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála a scaipeadh;

(f)

oiriúnacht mhodhanna agus shocruithe an iarratasóra chun cáilíocht sonraí a áirithiú;

(g)

an caiteachas iomlán a theastaíonn ón iarratasóir chun an teilitéip chomhdhlúite a fhorbairt agus na costais a bhaineann leis an teilitéip chomhdhlúite a oibriú ar bhonn leanúnach;

(h)

leibhéal na dtáillí a bheartaíonn an t-iarratasóir a ghearradh ar chineálacha éagsúla úsáideoirí na teilitéipe comhdhlúite, simplíocht a tháillí agus a shamhlacha ceadúnaithe, agus comhlíonadh Airteagal 13;

(i)

maidir leis an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh bannaí, socruithe a bheith ann maidir le hathdháileadh ioncaim i gcomhréir le hAirteagal 27h(5);

(j)

an úsáid a bhaineann an t-iarratasóir as teicneolaíochtaí comhéadain nua-aimseartha le haghaidh scaipeadh croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála agus le haghaidh nascachta;

(k)

oiriúnacht na socruithe a chuir an t-iarratasóir i bhfeidhm chun taifid a choimeád i gcomhréir le hAirteagal 27 ha(3);

(l)

cumas an iarratasóra athléimneacht agus leanúnachas gnó a áirithiú, agus na socruithe a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir iad a chur i bhfeidhm chun éarthaí agus cibir-riosca a mhaolú agus aghaidh a thabhairt orthu;

(m)

na socruithe a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir iad a chur i bhfeidhm chun an tomhaltas fuinnimh a ghintear trí bhailiú, próiseáil agus stóráil sonraí a mhaolú;

(n)

i gcás ina gcuireann comhiarratasóirí iarratas isteach, an gá atá ann, ó thaobh na hacmhainneachta teicniúla agus lóistíochta de, go ndéanfadh gach iarratasóir iarratas go comhpháirteach.

3.   Soláthróidh an t-iarratasóir an fhaisnéis go léir is gá chun a chur ar chumas ÚEUM a dheimhniú go bhfuil na socruithe go léir is gá curtha i bhfeidhm ag an iarratasóir, tráth a rinneadh an t-iarratas, chun na critéir a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo agus na ceanglais eagraíochtúla a leagtar síos in Airteagal 27h a chomhlíonadh.

4.   Laistigh de 6 mhí ó gach nós imeachta roghnúcháin dá dtagraítear i mír 1 a thionscnamh, glacfaidh ÚEUM cinneadh réasúnaithe lena roghnófar an t-iarratasóir a bheidh oiriúnach chun an teilitéip chomhdhlúite a oibriú agus ina n-iarrfar air iarratas ar údarú a chur isteach gan moill mhíchuí.

5.   I gcás nár roghnaíodh aon iarratasóir de bhun an Airteagail seo nó nár údaraíodh aon iarratasóir de bhun Airteagal 27db, tionscnóidh ÚEUM nós imeachta roghnúcháin nua laistigh de 6 mhí ó dheireadh an nós imeachta roghnúcháin nó údarúcháin nár éirigh leis.

Airteagal 27db

Nósanna imeachta chun iarratais ar údarú le haghaidh CTPanna a dheonú agus a dhiúltú

1.   Soláthróidh an t-iarratasóir ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 27da(4) an fhaisnéis uile is gá chun a chur ar chumas ÚEUM a dheimhniú go bhfuil na socruithe uile is gá curtha i bhfeidhm ag an iarratasóir, tráth an iarratais ar údarú, chun na critéir a leagtar síos in Airteagal 27da(2) a chomhlíonadh.

2.   Laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an t-iarratas ar údarú a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú ar cibé an bhfuil an t-iarratas iomlán.

Mura bhfuil an t-iarratas ar údarú iomlán ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar faoi.

Tar éis do ÚEUM a mheasúnú go bhfuil an t-iarratas ar údarú iomlán, tabharfaidh sé fógra don iarratasóir dá réir.

3.   Laistigh de 3 mhí tar éis dó iarratas iomlán ar údarú a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú ar chomhlíonadh an Teidil seo ag an iarratasóir. Glacfaidh sé cinneadh réasúnaithe lena ndeonaítear nó lena ndiúltaítear údarú, agus cuirfidh sé an t-iarratasóir ar an eolas dá réir sin laistigh de chúig lá oibre tar éis dháta glactha an chinnidh réasúnaithe sin. Sonrófar i gcinneadh lena ndeonaítear údarú na coinníollacha faoina bhfuil an t-iarratasóir le hoibriú.

4.   Tar éis údarú a fháil de bhun mhír 3, féadfaidh ÚEUM idirthréimhse a dheonú don iarratasóir atá údaraithe mar CTP chun na socruithe oibríochtúla agus teicniúla is gá a chur i bhfeidhm.

5.   Comhlíonfaidh an CTP i gcónaí na ceanglais eagraíochtúla a leagtar síos in Airteagal 27h agus na coinníollacha a leagtar síos sa chinneadh réasúnaithe lena n-údaraítear an CTP dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Aon CTP nach bhfuil in ann na ceanglais agus na coinníollacha sin a chomhlíonadh a thuilleadh, cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.

6.   Ní bheidh feidhm ag tarraingt siar an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 27e go dtí go ndéanfar CTP nua a roghnú agus a údarú don aicme sócmhainní lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagail 27da agus 27db.

7.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena gcinnfear an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis atá le soláthar de bhun mhír 1;

(b)

an fhaisnéis atá le háireamh sna fógraí dá dtagraítear in Airteagal 27f(2) a mhéid a bhaineann le CTPanna.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus an fhaisnéis atá le háireamh sna fógraí dá dtagraítear in Airteagal 27f(2) maidir le CTPanna a chinneadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’

;

(29)

in Airteagal 27e, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3.   Soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí óna bhfuil an t-údarú le tarraingt siar, áiritheoidh sé ionadú ordúil, lena n-áirítear aistriú sonraí chuig soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí eile, fógra cuí a thabhairt chuig a chliaint agus atreorú sreafaí tuairiscithe chuig soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí eile roimh an tarraingt siar.’

;

(30)

in Airteagal 27f, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Déanfaidh ÚEUM nó, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta, údarú a dhiúltú nó a tharraingt siar mura deimhin leis go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar an duine nó na daoine a stiúrann gnó an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí le fírinne, nó má bhíonn foras soiléir inléirithe lena chreidiúint, mar thoradh ar na hathruithe arna moladh ar chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, go ndéanfaí bainistíocht fhónta stuama an ghnó agus aird leormhaith ar leas na gcliant agus sláine an mhargaidh a chur i mbaol.’

;

(31)

leasaítear Airteagal 27g mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘4a.   Beidh ceanglais oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha agus atá nochta go poiblí ag APA maidir le rochtain ar a sheirbhísí ag gnóthais atá faoi réir na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 20(1) agus Airteagal 21(1).

Nochtfaidh APA go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí tuairiscithe sonraí dá bhforáiltear de bhun an Rialacháin seo. Nochtfaidh sé ar bhonn leithligh na praghsanna agus na táillí ar gach seirbhís a chuirtear ar fáil, lena n-airítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint astu. Ceadóidh sé d’eintitis tuairiscithe seirbhísí sonracha a rochtain ar bhonn leithligh.

4b.   Déanfaidh APA taifeadtaí a bhaineann lena ghnó a choimeád faoi réir don údarás inniúil ábhartha nó ÚEUM ar feadh 5 bliana ar a laghad’;

(b)

scriostar mír 7;

(32)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27h:

‘Airteagal 27h

Ceanglais eagraíochtúla maidir le CTPanna

1.   Déanfaidh CTP na nithe seo a leanas, i gcomhréir leis na coinníollacha maidir le húdarú dá dtagraítear in Airteagal 27db:

(a)

na sonraí go léir arna dtarchur ag rannchuiditheoirí sonraí i ndáil leis an aicme sócmhainní a bhfuil sé údaraithe ina leith a bhailiú;

(b)

táillí a bhailiú ó úsáideoirí, agus rochtain, saor in aisce, ar an teilitéip chomhdhlúite á soláthar d’infheisteoirí miondíola, d’acadóirí, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d’údaráis inniúla;

(c)

i gcás na teilitéipe comhdhlúite le haghaidh scaireanna agus ETFanna, cuid dá ioncam a athdháileadh i gcomhréir le mír 6;

(d)

croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála a scaipeadh ar úsáideoirí mar shruth sonraí beo leictreonach leanúnach ar théarmaí neamh-idirdhealaitheacha chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil;

(e)

a áirithiú go bhfuil na croí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála inrochtana go héasca, inléite ag meaisín agus inúsáidte do gach úsáideoir, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola;

(f)

córais a bheith i bhfeidhm aige lenar féidir iomláine na sonraí arna dtarchur ag rannchuiditheoirí sonraí a sheiceáil go héifeachtach, earráidí soiléire a shainaithint, agus a iarraidh go gcuirfí isteach arís na sonraí;

(g)

i gcás ina bhfuil CTP á rialú ag grúpa oibreoirí eacnamaíocha, córas comhlíontachta a bheith i bhfeidhm aige chun a áirithiú nach mbeidh saobhadh ar an iomaíocht mar thoradh ar oibriú na teilitéipe comhdhlúite.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), ní dhéanfaidh CTP le haghaidh scaireanna agus ETFanna an cód aitheantóra margaidh a fhoilsiú agus an scothphraghas Eorpach tairisceana agus ofrála á scaipeadh aige don phobal chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil.

2.   Déanfaidh CTP caighdeáin ar leibhéal na seirbhíse a ghlacadh, a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta lena gcumhdófar gach ceann díobh seo a leanas:

(a)

fardal rannchuiditheoirí sonraí óna bhfaightear sonraí margaidh;

(b)

modhanna agus luas seachadta croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála d’úsáideoirí;

(c)

bearta a dhéantar chun leanúnachas oibríochtúil a áirithiú maidir le croí-shonraí margaidh comhdhlúite agus sonraí rialála a sholáthar.

3.   Beidh socruithe fónta slándála i bhfeidhm ag CTP, socruithe a cheaptar chun slándáil an mhodha aistrithe sonraí idir na rannchuiditheoirí sonraí agus an CTP agus idir an CTP agus na húsáideoirí a áirithiú agus chun an riosca a bhaineann le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú. Déanfaidh an CTP acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus beidh saoráidí cúltaca aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i rith an ama.

4.   Maidir le gach ceann de na haicmí sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 27da(1), foilseoidh CTP liosta de na hionstraimí airgeadais a chumhdaítear leis an teilitéip chomhdhlúite, lena léireofar a sonraí tagartha sainaitheanta.

Tabharfaidh an CTP rochtain, saor in aisce, ar a liosta, agus áiritheoidh sé go ndéanfar an liosta a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, chun léargas cuimsitheach a thabhairt ar na hionstraimí airgeadais go léir a chumhdaítear leis an teilitéip chomhdhlúite.

5.   Féadfaidh CTP le haghaidh ionstraimí airgeadais seachas scaireanna agus ETFanna cuid den ioncam a ghintear leis an teilitéip chomhdhlúite a athdháileadh ar rannchuiditheoirí sonraí.

6.   Déanfaidh CTP le haghaidh scaireanna agus ETFanna cuid den ioncam a ghintear leis an teilitéip chomhdhlúite a athdháileadh, mar a léirítear sa chinneadh réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 27db(3), ar rannchuiditheoirí sonraí a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas (‘an scéim athdháilte ioncaim’):

(a)

is margadh beag rialáilte nó margadh fáis FBManna é an rannchuiditheoir sonraí arb ionann a mhéid bliantúil trádála scaireanna agus 1 % nó níos lú de mhéid trádála bliantúil na scaireanna san Aontas (‘ionad trádála beag’);

(b)

is ionad trádála é an rannchuiditheoir sonraí a sholáthair ligean isteach tosaigh do thrádáil scaireanna nó ETFanna an 27 Márta 2019 nó ina dhiaidh sin;

(c)

déanann ionad trádála na sonraí a tharchur agus baineann siad le hidirbhearta i scaireanna agus ETFanna atá tugtha i gcrích ar chóras trádála lena soláthraítear trédhearcacht réamhthrádála, i gcás nár tháinig na hidirbhearta sin as orduithe a bhí faoi réir tarscaoileadh ó thrédhearcacht réamhthrádála de bhun Airteagal 4(1), pointe (c).

7.   Chun críocha na scéime athdháilte ioncaim, cuirfidh an CTP an méid trádála seo a leanas san áireamh (‘an méid trádála ábhartha’):

(a)

chun críocha mhír 6, pointe (a), an méid trádála bliantúil iomlán arna ghiniúint ag an ionad trádála sin;

(b)

chun críocha mhír 6, pointe (b):

(i)

i gcás ionaid trádála bheaga, a méid trádála bliantúil iomlán;

(ii)

i gcás ionaid trádála seachas ionaid trádála bheaga, an méid trádála a bhaineann leis na scaireanna agus leis na ETFanna dá dtagraítear sa phointe sin;

(c)

chun críocha mhír 6, pointe (c), an méid a bhaineann leis na scaireanna agus le ETFanna dá dtagraítear sa phointe sin.

Déanfaidh an CTP méid an ioncaim a bheidh le hathdháileadh ar rannchuiditheoirí sonraí faoin scéim athdháilte ioncaim a chinneadh tríd an méid trádála ábhartha a iolrú faoin ualú a shanntar do gach critéar a leagtar síos i mír 6, mar a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 8.

Má chomhlíonann ionaid trádála níos mó ná ceann amháin de na critéir a leagtar síos i mír 6, cuirfear go carnach na méideanna a eascraíonn as an ríomh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.

8.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena ndéanfar na nithe seo a leanas:

(a)

an t-ualú a shanntar do gach critéar a leagtar síos i mír 6 a shonrú;

(b)

sonrú breise a dhéanamh ar an modh chun méid an ioncaim a bheidh le hathdháileadh ar rannchuiditheoirí sonraí dá dtagraítear i mír 7, an dara fomhír, a ríomh;

(c)

na critéir a shonrú faoina bhféadfaidh an CTP, i gcás ina gcruthóidh an CTP gur sháraigh rannchuiditheoir sonraí go tromchúiseach agus arís agus arís eile na ceanglais sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22a, Airteagal 22b agus Airteagal 22c, rannpháirtíocht an rannchuiditheora sonraí sin sa scéim athdháilte ioncaim a chur ar fionraí go sealadach, agus na coinníollacha a shonrú nach mór an CTP an méid seo a leanas a dhéanamh fúthu:

(i)

athdháileadh ioncaim a atosú; agus

(ii)

i gcás nár sáraíodh na ceanglais sin, an t-ioncam a coinníodh móide ús a sholáthar don rannchuiditheoir sonraí sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), den mhír seo, beidh ualú níos airde ag an gcritéar a leagtar síos i mír 6, pointe (a), ná an critéar a leagtar síos i bpointe (b) den mhír sin, agus beidh ualú níos airde ag an gcritéar a leagtar síos i bpointe (b) den mhír sin ná an critéar a leagtar síos i bpointe (c) den mhír sin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Nollaig 2024.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’

;

(33)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 27ha

Oibleagáidí tuairiscithe le haghaidh CTPanna

1.   Gach bliain, foilseoidh CTP staidreamh feidhmíochta agus tuarascálacha teagmhais a bhaineann le cáilíocht sonraí agus córais sonraí ar a láithreán gréasáin. Beidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar na staitisticí feidhmíochta sin agus ar na tuarascálacha teagmhais sin.

2.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ábhar, uainiú, formáid agus téarmaíocht na hoibleagáide tuairiscithe a leagtar síos i mír 1 a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Meán Fómhair 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   Déanfaidh CTP taifeadtaí a bhaineann lena ghnó a choimeád faoi réir an údaráis inniúil ábhartha nó ÚEUM ar feadh 5 bliana ar a laghad.’

;

(34)

in Airteagal 27i, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘4a.   Beidh ceanglais oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha agus atá nochta go poiblí ag ARM maidir le rochtain ar a sheirbhísí ag gnóthais atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 26.

Nochtfaidh ARM go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí tuairiscithe sonraí dá bhforáiltear de bhun an Rialacháin seo. Nochtfaidh sé ar bhonn leithligh na praghsanna agus táillí ar gach seirbhís a chuirtear ar fáil, lena n-airítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint astu. Ceadóidh sé d’eintitis tuairiscithe seirbhísí sonracha a rochtain ar bhonn leithligh. Beidh na praghsanna agus na táillí a ghearrfaidh ARM bainteach leis an gcostas.

4b.   Déanfaidh ARM taifeadtaí a bhaineann lena ghnó a choimeád faoi réir an údaráis inniúil ábhartha nó ÚEUM ar feadh 5 bliana ar a laghad.’

;

(35)

leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 idirbhearta a thabhairt i gcrích le contrapháirtithe airgeadais eile den sórt sin nó le contrapháirtithe neamhairgeadais eile den sórt sin i ndíorthaigh a bhaineann le haicme díorthaigh a dearbhaíodh a bheith faoi réir na hoibleagáide trádála i gcomhréir le hAirteagal 32 agus atá liostaithe sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 34, agus orthu seo amháin:’;

(b)

i mír 2, scriostar an chéad fhomhír;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   Idirbhearta i ndíorthaigh atá díolmhaithe ón oibleagáid imréitigh nó nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní bheidh siad faoi réir na hoibleagáide trádála.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4, an tríú fomhír, pointe (b):

‘(b)

tá rialacha soiléire agus trédhearcacha ag ionaid trádála ionas gur féidir díorthaigh a thrádáil ar bhealach cothrom, ordúil agus éifeachtúil, agus ionas gur féidir iad a chaibidliú gan bhac;’;

(36)

leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:

Seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála ’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ní bheidh feidhm ag na ceanglais trédhearcachta a leagtar síos in Airteagail 8a, 10 agus 21 den Rialachán seo, ag an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28 den Rialachán seo ná ag an oibleagáid orduithe a fhorghníomhú ar théarmaí is fabhraí don chliant a leagtar síos in Airteagal 27 de Threoir 2014/65/AE maidir le hidirbhearta i ndíorthaigh thar an gcuntar a fhoirmítear agus a bhunaítear mar thoradh ar sheirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála.’

;

(c)

scriostar mír 2;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   Gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh ar soláthraithe seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála iad, coimeádfaidh siad taifid iomlána agus chruinne ar na hidirbhearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus nach bhfuil taifeadta ná tuairiscithe cheana féin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Cuirfidh na gnólachtaí infheistíochta agus na hoibreoirí margaidh sin na taifid sin ar fáil go pras don údarás inniúil ábhartha nó do ÚEUM arna iarraidh sin dóibh.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 50, tríd an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála chun críocha mhír 1;

(b)

na hidirbhearta atá le taifeadadh de bhun mhír 3.’

;

(37)

leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

ní mór an aicme díorthaigh de bhun mhír 1, pointe (a), den Airteagal seo nó fothacar ábhartha di a thrádáil ar ionad trádála amháin ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 28(1); agus’;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Sainaithneoidh ÚEUM agus cuirfidh sé in iúl don Choimisiún, ar a thionscnamh féin, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i mír 2 agus i ndiaidh comhairliúchán poiblí a sheoladh, na haicmí díorthaigh nó na conarthaí díorthaigh aonair ba cheart a bheith faoi réir na hoibleagáide chun trádáil a dhéanamh ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1) den Rialachán, ach nach mbeidh údarú faighte ag aon CCP fós ina leith de bhua Airteagal 14 nó Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.’;

(c)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘4a.   I gcás ina measfaidh ÚEUM go bhfuil fionraí na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ina athrú ábharach ar na critéir chun go ngabhfaidh éifeacht leis na critéir le haghaidh na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, féadfaidh ÚEUM a iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) den Rialachán seo a chur ar fionraí i leith na n-aicmí céanna díorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hiarrata an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí.

4b.   Féadfaidh ÚEUM a iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) a chur ar fionraí i gcás aicmí sonracha díorthaigh thar an gcuntar nó i gcás cineál sonrach contrapháirtí, i gcás ina bhfuil gá le fionraí den sórt sin chun éifeachtaí díobhálacha ar leachtacht nó bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais a sheachaint nó chun aghaidh a thabhairt orthu, agus chun feidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas a áirithiú agus i gcás ina bhfuil an fhionraí sin comhréireach leis na haidhmeanna sin.

4c.   Ní dhéanfar na hiarrataí dá dtagraítear i míreanna 4a agus 4b a phoibliú.

4d.   Tar éis na hiarrataí dá dtagraítear i míreanna 4a agus 4b a fháil, déanfaidh an Coimisiún ceann amháin de na nithe seo a leanas gan moill mhíchuí agus ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise arna soláthar ag ÚEUM:

(a)

trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an oibleagáid trádála a chur ar fionraí i gcás aicmí díorthaigh thar an gcuntar nó i gcás cineálacha contrapháirtithe;

(b)

an iarraidh ar fhionraí a dhiúltú.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún ÚEUM ar an eolas faoi na cúiseanna ar dhiúltaigh sé don iarraidh ar fhionraí. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin diúltú sin láithreach agus cuirfidh sé na cúiseanna a soláthraíodh do ÚEUM ar aghaidh chucu. Ní dhéanfar an fhaisnéis a sholáthrófar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an diúltú agus na cúiseanna leis an diúltú sin a phoibliú.

Beidh an fhionraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), bailí ar feadh tústréimhse nach faide ná 3 mhí ó dháta foilsithe an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa phointe sin.

I gcás ina leanfaidh na forais maidir leis an bhfionraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), d’fheidhm a bheith acu, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, síneadh a chur leis an bhfionraí sin ar feadh tréimhsí breise nach faide ná trí mhí, agus nach mó ná 12 mhí tréimhse iomlán na fionraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), agus sa cheathrú fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51.’

;

(38)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 32a

Fionraí neamhspleách ar an oibleagáid trádála

1.   Arna iarraidh sin d’údarás inniúil Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28 (‘an oibleagáid trádála díorthach’) a chur ar fionraí maidir le contrapháirtithe airgeadais áirithe, i gcás inarb iomchuí tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM. Léireoidh an t-údarás inniúil na fáthanna a measann sé go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le fionraí. Léireoidh an t-údarás inniúil, go háirithe, go bhfuil na nithe seo a leanas i gceist le contrapháirtí airgeadais faoina dhlínse:

(a)

gníomhaíonn sé go tráthrialta mar chruthaitheoir margaidh i ndíorthach thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach agus faigheann sé iarrataí go tráthrialta ar luachan le haghaidh na ndíorthach atá faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach ó chontrapháirtí neamh-LEE nach bhfuil aon chomhaltas gníomhach aige ar ionad trádála LEE a thairgeann trádáil sa díorthach thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach; nó

(b)

gníomhaíonn sé go tráthrialta mar chruthaitheoir margaidh i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa atá faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach agus:

(i)

tá sé ar intinn aige babhtálacha mainneachtana creidmheasa a thrádáil faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach ar a chuntas féin ar ionad trádála nach mbeidh oscailte ach do chontrapháirtithe ar comhaltaí imréitigh CCP iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (14), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (ionad ‘déileálaí le déileálaí’);

(ii)

tá sé ar intinn aige babhtálacha mainneachtana creidmheasa faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach a thrádáil ar a chuntas féin le contrapháirtí ar cruthaitheoir margaidh é agus nach bhfuil aon chomhaltas gníomhach aige ar ionad LEE déileálaí le déileálaí a thairgeann trádáil i ndíorthaigh thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach; agus

(iii)

imréitíonn sé na babhtálacha mainneachtana creidmheasa sin i CCP atá údaraithe nó aitheanta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51.

2.   Agus measúnú á dhéanamh ar cibé acu ba cheart an oibleagáid trádála díorthach a chur ar fionraí de bhun mhír 1 nó nár cheart, déanfaidh an Coimisiún machnamh ar cibé acu ba cheart í a chur ar fionraí i gcás margaí áirithe nó nár cheart, agus cuirfidh sé san áireamh cé acu a bheadh iarmhairt shaobhach ag fionraí na hoibleagáide trádála den sórt sin ar an oibleagáid imréitigh faoi Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó nach mbeadh.

Rachaidh an Coimisiún i dteagmháil freisin le húdaráis inniúla eile Ballstát chun a mheas an bhfuil contrapháirtithe airgeadais i mBallstáit seachas an Ballstát a dhéanann an iarraidh de bhun mhír 1 (‘an Ballstát iarrthach’) i staid atá cosúil leis an staid sa Bhallstát iarrthach.

Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit seachas an Ballstát iarrthach, tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, a iarraidh go gcuirfí contrapháirtithe airgeadais atá i staid cosúil leis an staid sa Bhallstát iarrthach leis an ngníomh cur chun feidhme. Léireoidh údarás inniúil an Bhallstáit a dhéanann an iarraidh sin an fáth a measann sé go bhfuil na coinníollacha maidir le fionraí á gcomhlíonadh.

3.   I gcás ina gcuirfear an oibleagáid trádála díorthach ar fionraí de bhun mhír 1 nó mhír 2 i ndáil le contrapháirtí airgeadais, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid trádála díorthach maidir lena chontrapháirtí, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), nó i mír 1, pointe (b)(ii).

4.   Leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, gabhfaidh an fhianaise a thíolacann an t-údarás inniúil a iarrann an fhionraí.

5.   Cuirfear an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 in iúl do ÚEUM agus foilseofar é sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 34.

6.   Athbhreithneoidh an Coimisiún cibé acu a leanann na forais le haghaidh na fionraí ar oibleagáid trádála díorthach d’fheidhm a bheith acu nó nach leanann.’

;

(39)

leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a)

i mír 1, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Gan dochar d’Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, glacfaidh CCP le hionstraimí airgeadais a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le ceanglais chomhthaobhachta agus táillí a bhaineann le rochtain, gan beann ar an ionad trádála ar a bhforghníomhófar an t-idirbheart.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sa chéad fhomhír maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán.

Áiritheoidh an CCP go háirithe go mbeidh an ceart ag ionad trádála ar láimhseáil neamh-idirdhealaitheach ar chonarthaí arna dtrádáil ar an ionad trádála sin sna téarmaí seo a leanas:’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Tabharfaidh an CCP freagra i scríbhinn don ionad trádála laistigh de 3 mhí tar éis dó an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a fháil, ag ceadú na rochtana, ar choinníoll gur dheonaigh an t-údarás inniúil ábhartha rochtain de bhun mhír 4, nó ag diúltú na rochtana. Féadfaidh an CCP iarratas ar rochtain a dhiúltú faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 6, pointe (a). I gcás ina ndiúltóidh CCP rochtain a thabhairt, tabharfaidh sé na cúiseanna iomlána leis sin ina fhreagra agus cuirfidh sé a údarás inniúil ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh. I gcás ina mbeidh an t-ionad trádála bunaithe i mBallstát eile seachas Ballstát an CCP, cuirfidh an CCP an freagra sin i scríbhinn ar aghaidh chuig údarás inniúil an ionaid trádála freisin. Tabharfaidh an CCP rochtain laistigh de 3 mhí tar éis dó freagra deimhneach a thabhairt ar an iarratas ar rochtain.’

;

(c)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Déanfaidh údarás inniúil an CCP nó údarás inniúil an ionaid trádála rochtain ar ionad trádála a dheonú ar CCP ar choinníoll nach mbeadh rochtain den sórt sin ina bagairt ar fheidhmiú rianúil agus eagraithe na margaí, go háirithe mar gheall ar ilroinnt leachtachta, nó nach mbeadh tionchar dochrach aici ar an riosca sistéamach.’;

(ii)

scriostar an dara agus an tríú fomhír;

(40)

leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Gan dochar d’Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, soláthróidh ionad trádála fothaí trádála ar bhonn neamh-idirdhealaitheach trédhearcach arna iarraidh sin, lena n-áirítear fothaí maidir le táillí a bhaineann le rochtain, d’aon CPL atá údaraithe nó aitheanta de bhun an Rialacháin sin, CPL ar mian leis idirbhearta in ionstraimí airgeadais a tugadh i gcrích ar an ionad trádála sin a imréiteach. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir leo seo a leanas:

(a)

aon chonradh díorthach atá faoi réir na n-oibleagáidí rochtana a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 cheana féin;

(b)

díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Tabharfaidh an t-ionad trádála freagra i scríbhinn don CCP laistigh de 3 mhí tar éis dó an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a fháil, ag ceadú na rochtana, ar choinníoll gur dheonaigh an t-údarás inniúil ábhartha rochtain de bhun mhír 4, nó ag diúltú na rochtana. Féadfaidh an t-ionad trádála iarratas ar rochtain a dhiúltú faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 6, pointe (a). I gcás ina ndiúltóidh an t-ionad trádála rochtain a thabhairt, tabharfaidh sé na cúiseanna iomlána leis sin ina fhreagra agus cuirfidh sé a údarás inniúil ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh. I gcás ina mbeidh an CCP bunaithe i mBallstát eile seachas Ballstát an ionaid trádála, cuirfidh an t-ionad trádála an freagra sin i scríbhinn chuig údarás inniúil an CCP freisin. Ceadóidh an t-ionad trádála rochtain laistigh de 3 mhí tar éis dó freagra deimhneach a thabhairt ar an iarratas ar rochtain.’

;

(c)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Ní dhéanfaidh údarás inniúil an ionaid trádála nó údarás inniúil an CCP rochtain ar ionad trádála a dheonú ar CCP ach amháin sa chás nach mbeadh an rochtain sin ina bagairt ar fheidhmiú réidh agus eagraithe na margaí, go háirithe mar gheall ar ilroinnt leachtachta, agus ar choinníoll go bhfuil sásraí leormhaithe i bhfeidhm ag an ionad trádála chun ilroinnt den sórt sin a chosc, nó sa chás nach mbeadh tionchar dochrach aici ar an riosca sistéamach.’;

(ii)

scriostar an dara agus an tríú fomhír;

(d)

scriostar mír 5;

(e)

i mír 6, an chéad fhomhír, scriostar pointe (d).

(41)

in Airteagal 38, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ní fhéadfaidh ionad trádála atá bunaithe i dtríú tír rochtain a iarraidh ar CPP atá bunaithe san Aontas ach amháin má tá cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 28(4) a bhaineann leis an tríú tír sin.

Féadfaidh CCP atá bunaithe i dtríú tír rochtain a iarraidh ar ionad trádála san Aontas faoi réir an CCP sin a bheith aitheanta de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Ní cheadófar do CCPanna ná d’ionaid trádála atá bunaithe i dtríú tíortha úsáid a bhaint as na cearta rochtana dá dtagraítear in Airteagail 35 agus 36 ach amháin maidir leis na hionstraimí airgeadais a chumhdaítear leis na hAirteagail sin agus ar choinníoll go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, lena gcinntear go meastar go ndéanann an creat dlíthiúil agus maoirseachta sa tríú tír sin foráil maidir le córas coibhéiseach éifeachtach faoina gceadaítear do CCPanna agus ionaid trádála atá údaraithe faoi chórais eachtracha rochtain a bheith acu ar CCPanna agus ar ionaid trádála atá bunaithe sa tríú tír sin.’

;

(42)

in Airteagal 38g(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘I gcás ina bhfaigheann ÚEUM amach nár chomhlíon duine a liostaítear in Airteagal 38b(1), pointe (a), aon cheann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 20 go 22c, ná i dTeideal IVa, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:’;

(43)

in Airteagal 38h(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás ina bhfaigheann ÚEUM amach, i gcomhréir le hAirteagal 38k(5), nár chomhlíon duine a liostaítear in Airteagal 38b(1), pointe (a), aon cheann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 22 go 22c, ná i dTeideal IVa, d’aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.’;

(44)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 39a

Toirmeasc ar íocaíocht a fháil i leith sreabhadh ordaithe

1.   Gnólachtaí infheistíochta atá ag gníomhú thar ceann cliaint miondíola, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1), pointe (11) de Threoir 2014/65/AE, nó cliaint ghairmiúla dá dtagraítear i Roinn II d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, ní bhfaighidh siad aon táille, coimisiún ná sochar neamhairgeadaíochta ó aon tríú páirtí as orduithe a fhorghníomhú ó na cliaint sin ar ionad forghníomhaithe ar leith nó as orduithe de chuid na gcliant sin a chur ar aghaidh chuig aon tríú páirtí lena bhforghníomhú ar ionad forghníomhaithe ar leith (‘íocaíocht i leith sreabhadh ordaithe’).

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le lacáistí nó lascainí ar tháillí idirbhirt na n-ionad forghníomhaithe, i gcás ina gceadaítear é faoi struchtúr taraife formheasta poiblí ionaid trádála san Aontas nó faoi struchtúr taraife ionaid trádála tríú tír, i gcás nach dtéann siad chun tairbhe ach don chliant. Ní bheidh sochar airgeadaíochta don ghnólacht infheistíochta mar thoradh ar lascainí nó lacáistí den sórt sin.

2.   Maidir le Ballstát ina bhfuil, roimh an 28 Márta 2024, gnólachtaí infheistíochta, ag gníomhú dóibh thar ceann cliant, a fhaigheann táille, coimisiún nó sochar neamhairgeadaíochta ó aon tríú páirtí as orduithe a fhorghníomhú ó na cliaint sin ar ionad forghníomhaithe ar leith nó as orduithe ó na cliaint sin a chur ar aghaidh chuig aon tríú páirtí lena bhforghníomhú ar ionad forghníomhaithe ar leith, féadfaidh sé gnólachtaí infheistíochta faoina dhlínse a dhíolmhú ón toirmeasc a leagtar síos i mír 1 go dtí an 30 Meitheamh 2026 i gcás ina soláthraíonn na gnólachtaí infheistíochta sin seirbhísí infheistíochta do chliaint a bhfuil sainchónaí orthu nó atá bunaithe sa Bhallstát sin.

Chun an díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm, tabharfaidh Ballstát a chomhlíonann an coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír fógra do ÚEUM faoin 29 Meán Fómhair 2024 chuige sin. Coinneoidh ÚEUM liosta de na Ballstáit a úsáideann an díolúine sin. Cuirfear an liosta ar fáil don phobal agus tabharfar cothrom le dáta é go tráthrialta.’

;

(45)

leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha a tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) agus (3), Airteagal 5(10), Airteagal 8a(4), Airteagal 17(3), Airteagal 27(4) agus (5), Airteagal 31(4), Airteagal 38k(10), Airteagal 38n(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10), (14b) agus (15), a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 2 Iúil 2014.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) agus (3), Airteagal 5(10), Airteagal 8a(4), Airteagal 17(3), Airteagal 27(4) agus (5), Airteagal 31(4), Airteagal 38k(10), Airteagal 38n(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10), (14b) agus (15) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) nó (3), Airteagal 5(10), Airteagal 8a(4), Airteagal 17(3), Airteagal 27(4) nó (5), Airteagal 31(4), Airteagal 38k(10) Airteagal 38n(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) nó Airteagal 52(10), (14b) nó (15), i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’

;

(46)

leasaítear Airteagal 52 mar a leanas:

(a)

scriostar míreanna 11, 12 agus 13;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 14:

‘14.   Faoin 30 Meitheamh 2026, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), measúnú ar éileamh an mhargaidh ar an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh scaireanna agus ETFanna, ar thionchar na teilitéipe comhdhlúite sin ar fheidhmiú, ar tharraingteacht agus iomaíochas idirnáisiúnta mhargaí agus ghnólachtaí an Aontais, agus ar cibé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an teilitéip chomhdhlúite an aidhm atá aici neamhshiméadrachtaí faisnéise idir rannpháirtithe sa mhargadh a laghdú agus suíomh níos tarraingtí a dhéanamh den Aontas chun infheistíocht a dhéanamh. Tuairisceoidh ÚEUM don Choimisiún maidir lena iomchuí atá sé gnéithe breise a chur leis an teilitéip chomhdhlúite, amhail an cód aitheantóra margaidh le haghaidh sonraí réamhthrádála a scaipeadh. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

14a.   3 bliana tar éis teilitéip chomhdhlúite a bheith údaraithe den chéad uair, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM agus leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na haicmí sócmhainní a chumhdaítear leis an teilitéip chomhdhlúite;

(b)

tráthúlacht agus cáilíocht na sonraí arna dtarchur chuig an CTP;

(c)

tráthúlacht scaipeadh, agus cháilíocht, na gcroí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála;

(d)

ról na gcroí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála maidir leis an easnamh cur chun feidhme a laghdú;

(e)

líon úsáideoirí na teilitéipe comhdhlúite de réir aicme sócmhainní;

(f)

an tionchar atá ag croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála ar neamhshiméadrachtaí faisnéise idir rannpháirtithe difriúla sna margaí caipitil a réiteach;

(g)

oiriúnacht na bprótacal tarchurtha a úsáidtear chun sonraí a tharchur chuig an CTP;

(h)

oiriúnacht agus feidhmiú na scéime athdháilte ioncaim, go háirithe maidir le rannchuiditheoirí sonraí ar ionaid trádála bheaga iad;

(i)

éifeachtaí na gcroí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála ar infheistíochtaí in FBManna.

14b.   Faoin 29 Márta 2025, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ÚEUM, measúnú ar an bhféidearthacht ceanglais Airteagal 26 den Rialachán seo a leathnú chuig bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIManna) mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE iad agus go cuideachtaí bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b) de Threoir 2009/65/CE, a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta agus a dhéanann idirbhearta in ionstraimí airgeadais a fhorghníomhú. Go háirithe, áireoidh an Coimisiún sa mheasúnú sin anailís costais agus tairbhe agus meastóireacht ar raon feidhme leathnaithe den sórt sin.

Ar bhonn an mheasúnaithe sin agus spriocanna aontas na margaí caipitil á gcur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a leasú trí cheanglais Airteagal 26 a leathnú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.

14c.   Faoin 29 Márta 2028, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar measúnú ar oiriúnacht na caidhpeála méid a shocraítear in Airteagal 5(1) agus ar an ngá atá ann í a bhaint nó a leathnú chuig córais trádála eile nó chuig ionaid forghníomhaithe eile a dhíorthaíonn a bpraghsanna ó phraghas tagartha, agus dea-chleachtais idirnáisiúnta, iomaíochas mhargaí airgeadais an Aontais, agus éifeachtaí na caidhpeála méid sin ar thrádáil chóir ordúil ar mhargaí, agus ar éifeachtúlacht praghasmhúnlaithe á gcur san áireamh.’

;

(c)

leasaítear mír 15 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trí bhearta a shonrú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:’;

(ii)

scriostar pointí (a) go (d);

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

a áirithiú go soláthrófar croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála ar bhonn réasúnach tráchtála agus go gcomhlíonann siad riachtanais úsáideoirí na sonraí sin ar fud an Aontais;’;

(iv)

scriostar pointe (f);

(v)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) agus (h):

‘(g)

na socruithe is infheidhme a shonrú i gcás nach gcomhlíonann an CTP na critéir roghnúcháin a thuilleadh;

(h)

na socruithe a shonrú faoina bhféadfaidh CTP leanúint de theilitéip chomhdhlúite a oibriú ar choinníoll nach n-údarófar aon eintiteas nua tríd an nós imeachta roghnúcháin.’;

(47)

leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 2;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   Forálacha na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 de réir mar is infheidhme roimh an 28 Márta 2024, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu go dtí dáta chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 de réir mar is infheidhme ón dáta sin.’

.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 28 Feabhra 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MICHEL


(1)   IO C 286, 27.7.2022, lch. 17.

(2)   IO C 290, 29.7.2022, lch. 68.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Feabhra 2024.

(4)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh institiúidí creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála (IO L 141, 28.5.2019, lch. 42).

(12)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/791/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top