EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0573

Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/60/2023/REV/1

IO L, 2024/573, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/573

20.2.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/573 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Feabhra 2024

maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019, seoladh straitéis nua fáis don Aontas a bhfuil sé d’aidhm aici sochaí chothrom agus rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch a bheidh tíosach ar acmhainní. Athdhearbhaítear leis an gcomhaontú uaillmhian an Choimisiúin go mbeidh an Eoraip ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach agus saor ó thruailliú faoi 2050 agus tá sé d’aidhm aige sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ó rioscaí agus ó thionchair a bhaineann leis an gcomhshaol, agus aistriú cuimsitheach, cothrom agus cóir á áirithiú, gan aon duine a fhágáil ar lár. Thairis sin, tá an tAontas tiomanta go n-áiritheofar cur chun feidhme iomlán Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil, arna bhunú le Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus tá sé tiomanta do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghabhann leis.

(2)

Ceimiceáin de dhéantús an duine iad gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar gáis ceaptha teasa an-láidir iad, gáis atá go minic cúpla míle uair níos láidre ná dé-ocsaíd charbóin (CO2). Baineann gáis ceaptha teasa fhluairínithe, mar aon le CO2, meatán agus ocsaíd nítriúil, leis an ngrúpa astaíochtaí gás ceaptha teasa arna gcumhdach ag Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (‘Comhaontú Pháras’) (5). Inniu, is ionann astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe agus 2,5 % d’astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa san Aontas, agus dhúbláil siad ó 1990 go 2014 i gcodarsnacht le hastaíochtaí gás ceaptha teasa eile, atá laghdaithe.

(3)

Glacadh Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) chun an méadú in astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe a aisiompú. Mar a léiríodh i measúnú arna ullmhú ag an gCoimisiún, is é a bhí mar thoradh ar Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 laghdú ó bhliain go bliain ar astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe. Tá soláthar hidreafluaracarbón (HFCanna) laghdaithe 37 % i dtonaí méadracha agus 47 % i dtéarmaí tonaí de choibhéis CO2 ó 2015 go 2019. Is léir go bhfuil athrú freisin maidir le húsáid roghanna malartacha ina bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda níos ísle, lena n-áirítear roghanna malartacha nádúrtha (mar shampla, aer, CO2, amóinia, hidreacarbóin agus uisce), in go leor cineálacha éagsúla trealaimh a d’úsáid gáis ceaptha teasa fhluairínithe go traidisiúnta.

(4)

Is é conclúid Thuarascáil Speisialta 2021 ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go mbeadh gá le laghduithe astaíochtaí de suas le 90 % maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe faoi 2050 go domhanda i gcomparáid le 2015. Mar fhreagairt ar an bpráinn atá le gníomhú ar son na haeráide, mhéadaigh an tAontas a uaillmhian aeráide trí Rialachán (AE) 2021/1119. Bunaítear leis an Rialachán sin sprioc cheangailteach laghdaithe intíre den Aontas do ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a bhaint) de 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990 agus an cuspóir aeráidneodracht a bhaint amach laistigh den Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí. Tá feabhas curtha ag an Aontas freisin ar a rannchuidiú tosaigh arna chinneadh go náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras de laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó 40 % ar a laghad faoi 2030, go 55 % ar a laghad. Mar sin féin, léirítear leis an meastóireacht ar Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 nach mbainfear amach go hiomlán na coigiltis bheartaithe faoi 2030 maidir le hastaíochtaí i gcomhthéacs chuspóirí aeráide an Aontais atá as dáta.

(5)

De bharr méaduithe domhanda in astaíochtaí hidreafluaracarbón, chinn na Páirtithe i bPrótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin 1987 (‘an Prótacal’) in 2016 faoi Leasú Kigali ar an bPrótacal (‘Leasú Kigali’), a formheasadh thar ceann an Aontais le Cinneadh (AE) 2017/1541 ón gComhairle (7), chun céimniú síos hidreafluaracarbón a chur chun feidhme a laghdóidh táirgeacht agus tomhaltas hidreafluaracarbón faoi níos mó ná 80 % sna 30 bliain atá amach romhainn. Tugtar le tuiscint leis sin nach mór do gach Páirtí sceideal laghdaithe tomhaltais agus táirgeachta hidreafluaracarbón a chomhlíonadh chomh maith le córas ceadúnúcháin a sholáthar le haghaidh allmhairiúchán agus onnmhairiúchán agus tuairiscithe maidir le HFCanna. Meastar go ndéanfaidh Leasú Kigali, agus sin amháin, suas le 0,4 °C de théamh breise a shábháil faoi dheireadh an chéid seo.

(6)

Tá sé tábhachtach, leis an Rialachán seo, go n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh an tAontas a oibleagáidí idirnáisiúnta faoi Leasú Kigali go fadtéarmach, go háirithe maidir le tomhaltas agus táirgeacht HFCanna a laghdú, agus ceanglais tuairiscithe agus ceadúnaithe, go háirithe trí chéimniú síos a thabhairt isteach chun táirgeachta agus trí chéimeanna laghdaithe a chur isteach chun HFCanna a chur ar an margadh tar éis 2030.

(7)

Is Substaintí Sárfhluarailcile agus Polafluarailcile (PFAS) iad roinnt gás ceaptha teasa fluairínithe atá faoi réir an Rialacháin seo nó cruthaítear nó meastar go ndíghrádaíonn siad isteach in PFAS. Is ceimiceáin iad PFAS a chuireann in aghaidh díghrádú agus a fhéadfaidh éifeachtaí diúltacha a bheith acu ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol. I gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim, ba cheart do ghnóthais féachaint ar roghanna malartacha a úsáid, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, ar roghanna iad nach bhfuil chomh díobhálach céanna don tsláinte, don chomhshaol agus don aeráid. In 2023, cuireadh togra faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán chun monarú, cur ar an margadh agus úsáid PFAS a shrianadh, lena n-áirítear gáis ceaptha teasa fhluairínithe. Agus srianta PFAS a d’fhéadfadh a bheith ann á meas, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit infhaighteacht na roghanna malartacha sin a chur i gcuntas.

(8)

Chun comhréireacht leis na hoibleagáidí faoin bPrótacal a áirithiú, ba cheart acmhainneacht téimh dhomhanda HFCanna a ríomh i dtéarmaí na hacmhainneachta téimh domhanda 100 bliain atá ag cileagram amháin de ghás i gcomparáid le hacmhainneacht cileagram amháin CO2, bunaithe ar an gCeathrú Tuarascáil Mheasúnachta arna glacadh ag IPCC. I gcás gás ceaptha teasa fluairínithe eile, ba cheart Séú Tuarascáil Mheasúnaithe IPCC a úsáid. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go tapa chun an sprioc faoi Chomhaontú Pháras i dtaobh téamh domhanda 1,5 °C a bhaint amach, tá acmhainneacht téimh dhomhanda 20 bliain na ngás ceaptha teasa ag éirí níos ábhartha. Ina leith sin, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, ba cheart acmhainneacht téimh dhomhanda 20 bliain a sholáthar chun faisnéis níos fearr a chur ar fáil mar gheall ar na tionchair aeráide atá ag na substaintí arna gcumhdach leis an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún daoine a chur ar an eolas i dtaobh acmhainneacht téimh dhomhanda 20 bliain gás ceaptha teasa fluairínithe.

(9)

Is sárú tromchúiseach ar an Rialachán seo scaoileadh substaintí fluairínithe isteach san atmaisféar d’aon ghnó, i gcás ina mbeidh scaoileadh den sórt sin neamhdhleathach, agus ba cheart toirmeasc sainráite a chur air. Ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar oibreoirí trealaimh agus monaróirí trealaimh sceitheadh na substaintí sin a chosc a mhéid agus is féidir, lena n-áirítear trí scrúdú le haghaidh sceite a dhéanamh ar an trealamh is ábhartha. I gcás ina mbeidh gá teicniúil le scaoileadh substaintí fluairínithe, ba cheart d’oibreoirí gach beart atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch a dhéanamh chun cosc a chur ar na substaintí sin a bheith á scaoileadh isteach san atmaisféar, lena n-áirítear trí na gáis a astaítear a aisghabháil.

(10)

Is gás ceaptha teasa an-láidir eile é fluairíd sulfairile is féidir a astú nuair a úsáidtear é i gcás toitriú. Ba cheart d’oibreoirí a úsáideann fluairíd sulfairile i gcás toitriú úsáid bhearta gabhála agus bailithe an gháis sin a dhoiciméadú nó, i gcás nach bhfuil gabháil indéanta go teicniúil nó go heacnamaíoch, ba cheart dóibh na cúiseanna atá leis sin a shonrú.

(11)

Ós rud é gur féidir é a bheith mar thoradh ar an bpróiseas táirgthe i gcás comhdhúile fluairínithe áirithe astaíocht de gháis ceaptha teasa fhluairínithe eile, mar sheachtháirgí, ba cheart astaíochtaí seachtháirgthe den chineál sin a scriosadh nó a aisghabháil lena n-úsáid ina dhiaidh sin mar choinníoll chun gáis ceaptha teasa fhluairínithe a chur ar an margadh. Ba cheart a cheangal ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí bearta maolaithe arna nglacadh chun astaíochtaí trífhluaraimeatáin a chosc le linn an phróisis táirgthe a dhoiciméadú agus fianaise a sholáthar ar scriosadh nó aisghabháil na n-astaíochtaí seachtháirgí sin lena n-úsáid ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis na teicnící is fearr atá ar fáil. Ba cheart dearbhú comhréireachta a sholáthar tráth a chuirfear gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar an margadh.

(12)

Chun astaíochtaí de shubstaintí fluairínithe a chosc, is gá forálacha a leagan síos maidir le substaintí a aisghabháil ó tháirgí agus trealamh agus maidir le sceitheadh substaintí den sórt sin a chosc. Ba cheart cúir ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a chóireáil i gcomhréir le Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ba cheart oibleagáidí aisghabhála a leathnú chuig úinéirí agus conraitheoirí foirgníochta agus cúir áirithe á mbaint ó fhoirgnimh, chun laghduithe astaíochtaí a uasmhéadú. Ós rud é gur cur i bhfeidhm phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh é aisghabháil, athchúrsáil agus mínghlanadh gás ceaptha teasa fluairínithe, tugtar forálacha isteach freisin chun substaintí a aisghabháil i bhfianaise teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 maidir le ‘Straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip’, an 11 Márta 2020 maidir le ‘Plean Gníomhaíochta nua do Gheilleagar Ciorclach – Chun Eoraip níos glaine agus níos iomaíche a bhaint amach’, an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le ‘Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht atá Saor ó Thocsainí’, an 5 Bealtaine 2021 maidir le ‘Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa’ agus an 12 Bealtaine 2021 maidir le ‘Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta AE: ‘I dtreo truailliú nialasach le haghaidh an aeir, an uisce agus na cré’’.

(13)

Braitheann fearais fuaraithe agus reo go mór ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe chun go bhfeidhmeoidh siad go cuí, agus tá siad ar cheann de na catagóirí is ábhartha i mbainistiú dramhaíola trealaimh leictrigh agus leictreonaigh. I gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus chun bainistiú cuí na dramhaíola a áirithiú maidir leis na gáis dhíobhálacha sin, tá sé tábhachtach go gcumhdóidh oibleagáidí a bhaineann leis an bhfreagracht leathnaithe do tháirgeoirí i gcás dramhthrealamh leictreach agus leictreonach bainistiú na ngás ceaptha teasa fluairínithe freisin atá i ndramhthrealamh leictreach agus leictreonach nó a úsáidtear ann. Leagtar amach i dTreoir 2012/19/AE oibleagáidí maoinithe ar tháirgeoirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh. Comhlánaíonn an Rialachán seo an Treoir sin trína cheangal go maoineofar bailiú, cóireáil, aisghabháil, diúscairt atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, athchúrsáil, mínghlanadh nó scriosadh gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo ó na táirgí agus ón trealamh, ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, agus ar dramhthrealamh leictreach agus leictreonach é.

(14)

Tá rátaí sceite an-ard ag trealamh cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin a bhíonn i modh iompair mar gheall ar na creathanna a tharlaíonn le linn iompair. Ba cheart d’oibreoirí fhormhór na modhanna iompair seiceálacha sceite a dhéanamh nó córais aimsithe sceite a shuiteáil agus gáis ceaptha teasa fhluairínithe a aisghabháil i gcás an trealaimh shoghluaiste sin. Amhail oibreoirí trealaimh eile a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart é a bheith de cheangal ar oibreoirí trealaimh cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin ar bord long, gníomhaíochtaí réamhchúraim a dhéanamh chun sceitheadh gás ceaptha teasa fluairínithe a chosc agus, i gcás ina n-aimseofar sceitheadh den sórt sin, ba cheart dóibh é a dheisiú gan moill mhíchuí. I bhfianaise ghné idirnáisiúnta an loingis, tá sé tábhachtach go n-oibreoidh an tAontas agus a Bhallstáit, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, le tríú tíortha chun a áirithiú go gcoiscfear astaíochtaí neamhriachtanacha gás ceaptha teasa fluairínithe san earnáil sin, lena n-áirítear le linn trealamh cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin ar longa a shuiteáil, a chothabháil nó a sheirbhísiú, a dheisiú agus a aisghabháil. Agus cur chun feidhme an Rialacháin seo á athbhreithniú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé raon feidhme na mbeart imshrianta a leathnú go dtí longa.

(15)

Le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus lena ghníomhartha cur chun feidhme, leagtar síos rialacha maidir leis na scileanna agus leis an eolas is gá do dhaoine nádúrtha a dhéanann gníomhaíochtaí cothabhála nó seirbhísithe ar chomhpháirteanna aerárthaí. Chun astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe neamhriachtanacha san earnáil sin a chosc, lena n-áirítear le linn suiteáil, cothabháil nó seirbhísiú, deisiú agus aisghabháil ó threalamh cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin ar aerárthaí, is iomchuí na hinniúlachtaí is gá a chumhdach sa phróiseas rialta chun na sonraíochtaí deimhniúcháin agus sonraíochtaí mionsonraithe eile, modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach a nuashonrú chun an Rialacháin sin a chur i bhfeidhm.

(16)

Chun cur le cuspóirí aeráide an Aontais a chomhlíonadh agus chun úsáid na teicneolaíochta nach bhfuil aon tionchar nó tionchar níos lú aici ar an aeráid a spreagadh, lena ngabhfadh úsáid substaintí atá tocsaineach, inadhainte nó faoi bhrú mór, nó rioscaí ábhartha eile, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun díriú ar an ngá atá le pearsanra oilte ionas go bhfuil líon ard daoine nádúrtha ann atá oilte agus deimhnithe a chuireann gníomhaíochtaí a bhaineann le gáis ceaptha teasa fhluairínithe i gcrích agus le teicneolaíochtaí a thagann in ionad úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe nó a laghdaíonn úsáid na ngás ceaptha teasa fluairínithe. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin bearta in earnáil na dteaschaidéal, i gcás gur gá líon méadaitheach pearsanra ag a bhfuil na scileanna is gá, i measc nithe eile i bhfianaise na gcuspóirí a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 maidir le ‘Plean REPowerEU’, chun teaschaidéil a shuiteáil agus a sheirbhísiú bunaithe ar theicneolaíochtaí nua cuisneáin a bhfuil feidhm ag ceanglais sábháilteachta agus ceanglais theicniúla éagsúla maidir leo. D’fhéadfadh na Ballstáit, mar shampla, an tacaíocht arna soláthar ag na comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a seoladh faoin gClár Oibre Eorpach um Scileanna a úsáid chun líon na ndaoine oilte a mhéadú. Ba cheart a áireamh ar oiliúint faisnéis ar ghnéithe éifeachtúlachta fuinnimh, roghanna malartacha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe agus na rialacháin agus na caighdeáin theicniúla is infheidhme. Ba cheart cláir deimhniúcháin agus oiliúna a bhunaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 517/2014, arbh fhéidir iad a chuimsiú i gcórais gairmoiliúna náisiúnta, a athbhreithniú nó a oiriúnú lena gcuirfear ar a gcumas do theicneoirí teicneolaíochtaí malartacha a láimhseáil go sábháilte. Ba cheart deimhnithe láithreacha a eisíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 517/2014, leanúint de bheith bailí.

(17)

I mBealtaine 2022, thíolaic an Coimisiún Plean REPowerEU. Leis an bPlean REPowerEU, áirítear sprioc chun 10 milliún teaschaidéal hidreaneacha a chur i bhfeidhm faoi 2027 agus chun an ráta úsáide teaschaidéil a dhúbailt faoi 2030, rud a fhágfaidh go gcuirfear 30 milliún teaschaidéal sa bhreis ar a laghad in úsáid faoi 2030. Cé go n-aistreoidh an earnáil teaschaidéil go dtí cuisneáin le hacmhainneacht téimh dhomhanda níos ísle mar thoradh ar na bearta dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, d’fhéadfadh aon mhéadú ar chur in úsáid teaschaidéil mar atá beartaithe ag REPowerEU tionchar a imirt ar infhaighteacht HFCanna ar mhargadh an Aontais, agus beidh sé ag brath go páirteach ar ghlacadh sa mhargadh le teicneolaíocht mhalartach roimh theacht i bhfeidhm na dtoirmeasc ar chur ar an margadh faoi Iarscríbhinn IV agus ar an méid teaschaidéil a úsáidtear a bhfuil gáis acmhainneacht téimh dhomhanda níos airde fós ag teastáil ina leith. Ba cheart don Choimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí margaidh, lena n-áirítear forbairt praghsanna gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus measúnú a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar a laghad an ann do ghanntanas tromchúiseach a d’fhéadfadh baint amach spriocanna imscartha REPowerEU maidir le teaschaidéil a chur i mbaol. Má mheasann an Coimisiún gurb ann do na ganntanais sin, ba cheart dó a bheith in ann méideanna breise cuóta hidreafluaracarbóin a chur ar fáil d’earnáil na dteaschaidéal, sa bhreis ar an gcuóta a leagtar amach faoi Iarscríbhinn VII.

(18)

I gcás ina bhfuil roghanna malartacha oiriúnacha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe sonracha ar fáil, ba cheart toirmeasc a chur ar threalamh nua cuisniúcháin, aerchóiriúcháin agus cosanta ar dhóiteáin, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, agus ar chúir agus aerasóil theicniúla ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, a chur ar an margadh. Faoi réir coinníollacha sonracha, níor cheart feidhm a bheith ag na toirmisc sin maidir le páirteanna is gá chun trealamh atá suiteáilte cheana féin a dheisiú nó a sheirbhísiú chun a áirithiú go leanfaidh an trealamh sin de bheith indeisithe agus inchothabhála ar feadh a shaolré ar fad. I gcás nach bhfuil fáil ar roghanna malartacha nó nach féidir leas a bhaint astu ar chúiseanna teicniúla, sábháilteachta nó eacnamaíocha, ba cheart an Coimisiún a bheith ábalta díolúine a údarú ar feadh uastréimhse ceithre bliana faoina gceadófar na táirgí sin agus an trealamh sin a chur ar an margadh. Ba cheart a bheith in ann an díolúine sin a athnuachan má chinneann an Coimisiún, tar éis measúnú a dhéanamh ar iarraidh nua ar dhíolúine a suíodh, tríd an nós imeachta coiste, nach bhfuil roghanna malartacha ar fáil fós.

(19)

Ba cheart don Choimisiún na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a spreagadh chun caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a fhorbairt agus a nuashonrú chun cur chun feidhme rianúil na srianta ar chur ar an margadh a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar caighdeáin sábháilteachta náisiúnta agus cóid foirgníochta a nuashonrú chun na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta agus Eorpacha a léiriú, lena n-áirítear Coimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IEC) 60335-2-89 agus IEC 60335-2-40.

(20)

Chun análóirí dáileoige méadraithe a mhonarú chun comhábhair chógaisíochta a sheachadadh, úsáidtear cion neamhdhiomaibhseach de HFCanna uile a ídítear san Aontas inniu. Tá roghanna malartacha ar fáil, ina measc análóirí dáileoige méadraithe a úsáideann gáis ceaptha teasa fhluairínithe d’acmhainneacht téimh dhomhanda níos ísle mar thiomántáin atá nuafhorbartha ag an tionscal. Áirítear sa Rialachán seo earnáil na n-análóirí dáileoige méadraithe i gcóras cuótaí hidreafluaracarbón, rud a chruthóidh dreasacht don tionscal a chonair i dtreo roghanna malartacha níos glaine a shaothrú. Chun aistriú rianúil a chumasú, ráthófar leis an sásra cuótaí a shamhlaítear d’earnáil na n-análóirí dáileoige méadraithe cuóta iomlán, cuóta a chomhfhreagraíonn don sciar margaidh is déanaí den earnáil sin, don tréimhse ó 2025 go 2026, agus ní shroichfidh sé ráta laghdaithe iomlán na n-earnálacha eile a chumhdaítear faoin gcóras cuótaí go dtí 2030. Tá HFCanna a úsáidtear mar thiomántáin in análaithe dáileoige méadraithe ríthábhachtach do shláinte othar a bhfuil drochbhail riospráide orthu, amhail asma agus galar scamhóige toirmeascach ainsealach. Is táirgí íocshláinte iad análóirí dáileoige méadraithe atá faoi réir dianmheasúnuithe lena n-áirítear staidéir chliniciúla chun sábháilteacht othar a áirithiú. Le comhar idir an Coimisiún, údaráis inniúla sna Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, ba cheart próiseas formheasta rianúil a éascú d’análóirí dáileog méadraithe a úsáideann gáis ceaptha teasa fhluairínithe d’acmhainneacht téimh dhomhanda íseal agus roghanna malartacha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe, leis sin an t-aistriú go réitigh níos glaine a áirithiú.

(21)

I gcás ina bhfuil roghanna malartacha atá oiriúnach go teicniúil ar fáil agus i gcomhréir le beartas iomaíochta an Aontais, ba cheart cur i bhfeidhm lascthrealamh leictreach nua le gáis ceaptha teasa fhluairínithe ábhartha a thoirmeasc. I gcás gur gá trealamh leictreach láithreach a leathnú, féadfar cill bhreise amháin nó níos mó a chur le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ag a bhfuil an acmhainneacht téimh dhomhanda chéanna atá ag na cealla láithreacha, dá ndéanfaí an trealamh leictreach ina iomláine a ionadú le teicneolaíocht ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda níos ísle.

(22)

Chun teorainn a chur leis an ngá le heicseafluairíd sulfair íon (SF6) a tháirgeadh, ba cheart an toilleadh chun SF6 a mhínghlanadh ó threalamh láithreach a mhéadú. Gan feidhmiú sábháilte na n-eangach leictreach agus na ngléasraí cumhachta a chur i mbaol, ba cheart úsáid SF6 íon i lascthrealamh leictreach a sheachaint i gcás gur féidir an úsáid sin go teicniúil agus i gcás ina bhfuil SF6 mínghlanta nó athchúrsáilte ar fáil.

(23)

Chun tionchar indíreach oibriú an trealaimh agus na dteaschaidéal cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin ar an aeráid a laghdú, ba cheart leanúint de thomhailt fuinnimh uasta an trealaimh sin arna leagan amach sna bearta cur chun feidhme ábhartha a glacadh faoi Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a mheas mar fhoras chun cineálacha trealaimh sonracha a dhíolmhú ón toirmeasc chun gáis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáid.

(24)

Ba cheart coimeádáin nach féidir a athlíonadh a thoirmeasc i gcás gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nuair a fholmhaítear na coimeádáin sin, ó tá méid d’iarsmaí cuisneáin dosheachanta ann, a scaoiltear isteach san atmaisféar ansin. Leis an Rialachán seo, ba cheart toirmeasc a chur ar a n-onnmhairiú, a n-allmhairiú, a gcur ar an margadh, a soláthar ina dhiaidh sin nó a gcur ar fáil ar an margadh, agus a n-úsáid, ach amháin chun úsáidí saotharlainne agus anailíse. Chun a áirithiú go ndéanfar coimeádáin is féidir a athlíonadh i gcás gáis ceaptha teasa fhluairínithe a athlíonadh agus nach ndíchuirfear iad, ba cheart a cheangal ar ghnóthais dearbhú comhréireachta a sholáthar a fholaíonn fianaise ar na socruithe chun coimeádáin is féidir a athlíonadh a chur ar ais chun iad a athlíonadh, agus iad á gcur ar an margadh.

(25)

Tar éis Leasú Kigali, tá toirmeasc ar HFCanna a onnmhairiú ó stáit is páirtithe sa Phrótacal chun stát neamhpháirtí. Is céim thábhachtach é toirmeasc den sórt sin chun HFCanna a chéimniú síos. Mar sin féin, measann roinnt páirtithe sa Phrótacal nach leor an toirmeasc chun dul i ngleic leis na hábhair imní comhshaoil atá nasctha le honnmhairiú HFCanna. Tá roinnt tíortha i mbéal forbartha is páirtithe sa Phrótacal tar éis an fhadhb a tharraingt anuas i dtaobh fearais chuisniúcháin agus aerchóiriúcháin neamhéifeachtúla a onnmhairiú ó pháirtithe eile, agus cuisneáin neamhfhóinteacha agus cuisneáin a bhfuil ardacmhainneacht téimh dhomhanda á n-úsáid acu, chun a margaí, agus mar sin a mhéadú riachtanas seirbhíse. Tá fadhbanna ar leith ag baint le cás den sórt sin i dtíortha i mbéal forbartha ag a bhfuil acmhainní agus cumas teoranta chun srianta agus aisghabhála, agus chun trealaimh úsáidte ag a bhfuil saolré ionchasach gearr agus trealamh nua le linn a úsáide ach ag deireadh a ré. I gcreat iarrachtaí domhanda an Aontais chun an t-athrú aeráide a mhaolú, chun tacú le cuspóirí an Phrótacail a bhaint amach, agus i gcomhréir leis an méid dá bhforáiltear cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), is iomchuí toirmeasc a chur ar onnmhairiú trealaimh úsáidte agus nua áirithe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda acu. Níor cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc onnmhairithe sin ach amháin i gcás ina bhfuil an trealamh faoi réir toirmeasc faoi Iarscríbhinn IV agus ag an am céanna go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 22(3).

(26)

Chun forfheidhmiú na dtoirmeasc a éascú ar tháirgí agus trealamh a chur ar an margadh nó a shrianadh, is táirgí agus trealamh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann a bhfeidhmiú ar na gáis sin, lena n-áirítear nuair a chuirtear ar an margadh iad i gcoimeádáin, tá sé tábhachtach na ceanglais riachtanacha lipéadaithe a leagan síos i gcás na n-earraí sin.

(27)

Nuair a úsáidtear deasflurán mar ainéistéiseach ionanálaithe, scaoiltear an gás ceaptha teasa an-chumhachtach sin. I bhfianaise na roghanna malartacha nach bhfuil chomh láidir céanna a bheith ar fáil, níor cheart úsáid deasfluráin a cheadú ach amháin i gcás nach féidir roghanna malartacha a úsáid ar fhorais leighis. I gcás ina bhfuil feidhm ag an maolú chun a úsáid a cheadú, ba cheart deasflurán a ghabháil, amhail gach gás eile, agus ba cheart don institiúid cúraim sláinte fianaise a choinneáil ar an údar leighis.

(28)

Chun an Prótacal a chur chun feidhme, lena n-áirítear laghdú de réir a chéile ar chainníochtaí HFCanna, ba cheart don Choimisiún leanúint de bheith ag leithdháileadh cuótaí ar tháirgeoirí agus allmhaireoirí aonair chun HFCanna a chur ar an margadh, lena n-áiritheofar nach sárófar an teorainn chainníochtúil fhoriomlán a cheadaítear faoin bPrótacal. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann, ar bhonn eisceachtúil, suas le 4 bliana eisiamh HFCanna ó na ceanglais chuótaí lena n-úsáid i bhfeidhmeanna sonracha nó i gcatagóirí sonracha táirgí nó trealaimh a dhíolmhú. Ba cheart go bhféadfaí an díolúine sin a athnuachan má chinneann an Coimisiún, tar éis measúnú a dhéanamh ar iarraidh nua ar dhíolúine a suíodh, tríd an nós imeachta coiste, nach bhfuil roghanna malartacha ar fáil fós. Chun iontaofacht an laghdaithe de réir a chéile ar chainníochtaí HFCanna a chuirtear ar an margadh a chosaint, ba cheart leanúint de chuntas a thabhairt i leith HFCanna atá i dtrealamh faoin gcóras cuótaí.

(29)

I dtosach, bhí ríomha na luachanna tagartha agus an leithdháileadh cuótaí ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí aonair bunaithe ar chainníochtaí HFCanna a thuairiscigh siad a cuireadh ar an margadh le linn na tréimhse tagartha ó 2009 go 2012. Mar sin féin, ionas nach n-eisiafar gnóthais ó dhul isteach sa mhargadh, ná óna ngníomhaíochtaí a leathnú amach, ba cheart cion níos lú den uaschainníocht fhoriomlán a fhorchoimeád do tháirgeoirí agus d’allmhaireoirí nach bhfuil HFCanna curtha ar an margadh acu cheana do tháirgeoirí agus d’allmhaireoirí a bhfuil luach tagartha acu agus ar mian leo a leithdháileadh cuóta a mhéadú.

(30)

Trí na luachanna tagartha agus an cuóta a athríomh gach 3 bliana ar a laghad, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gceadófar do ghnóthais leanúint dá ngníomhaíochtaí ar bhonn na meánmhéideanna a bheadh curtha ar an margadh acu le blianta beaga anuas, agus gnóthais nach raibh luach tagartha acu roimhe sin á gcur san áireamh freisin.

(31)

Thar ceann an Aontais, tuairiscíonn an Coimisiún go bliantúil chuig an Rúnaíocht Ózóin i dtaobh allmhairiú agus onnmhairiú hidreafluaracarbón a rialaítear faoin bPrótacal. Cé go bhfuil na Ballstáit freagrach as táirgeadh agus scriosadh hidreafluaracarbón a thuairisciú, ba cheart don Choimisiún dréachtsonraí a sholáthar maidir leis na gníomhaíochtaí sin chun ríomh luath thomhaltas an Aontais ag Rúnaíocht an Ózóin a éascú, chomh maith le sonraí maidir le hastaíochtaí HFC-23. In éagmais fógraí lena leathnaítear clásal na heagraíochta réigiúnaí um chomhtháthú eacnamaíochta, ba cheart don Choimisiún leanúint de chleachtas na dtuarascálacha bliantúla sin agus a áirithiú ag an am céanna go gcuirtear dóthain ama ar fáil do na Ballstáit chun athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtsonraí a sholáthraíonn an Coimisiún chun neamhréireachtaí a sheachaint.

(32)

Agus luach margaidh an chuóta leithdháilte á mheas, is iomchuí praghas a éileamh chun é a leithdháileadh. Seachnaítear leis sin ilroinnt bhreise an mhargaidh chun aimhleasa na ngnóthas sin a bhfuil gá acu le HFCanna agus atá ag brath cheana féin ar thrádáil hidreafluaracarbón sa mhargadh atá ag meath. Toimhdeofar go bhfuil gnóthais a chinnfidh gan aon chuóta a éileamh agus a íoc, ar cuóta é a mbeadh teidlíocht acu air sa bhliain nó sna blianta roimh ríomh na luachanna tagartha, tar éis a chinneadh an margadh a fhágáil agus ní bhfaighidh siad luach tagartha nua dá bhrí sin. Ba cheart cuid den ioncam a úsáid chun costais riaracháin a chumhdach.

(33)

Chun solúbthacht an mhargaidh i mbulc- HFCanna a choinneáil, ba cheart a bheith in ann cuótaí a aistriú ó ghnóthais a bhfuil luach tagartha faighte acu chuig táirgeoirí nó allmhaireoirí eile san Aontas nó chuig táirgeoirí nó allmhaireoirí eile a bhfuil ionadaí aonair mar ionadaí acu san Aontas.

(34)

Ba cheart don Choimisiún tairseach lárnach dá ngairtear Tairseach F-gás a bhunú agus a fheidhmiú chun cuóta chun cur ar mhargadh HFCanna a bhainistiú, na gnóthais lena mbaineann a chlárú, agus chun gach substaint agus gach trealamh a chuirtear ar an margadh a thuairisciú, go háirithe i gcás ina réamhluchtaítear an trealamh le HFCanna nár cuireadh ar an margadh roimh luchtú. Chun a áirithiú nach féidir ach le fíorthrádálaithe clárú ar an Tairseach F-gás, ba cheart coinníollacha sonracha a bhunú. Ba cheart gurb ionann clárú bailí sa Tairseach F-gás agus ceadúnas, is ceanglas riachtanach faoin bPrótacal chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil hidreafluaracarbón agus chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chosc ina leith sin.

(35)

Chun rialuithe custaim uathoibríocha a áirithiú i bhfíor-am, ar leibhéal lastais, chomh maith le malartú leictreonach agus stóráil na faisnéise ar gach lastas gás ceaptha teasa fluairínithe agus táirgí agus trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo a thíolactar d’údaráis chustaim i mBallstáit (‘na húdaráis chustaim’), is gá an Tairseach F-gás a idirnascadh le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim (‘Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custaim’) a bhunaítear le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(36)

Chun faireachán ar éifeachtacht an Rialacháin seo a chumasú, ba cheart raon feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe reatha a leathnú chun substaintí fluairínithe eile a chumhdach a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda shuntasach acu nó ar dócha go dtiocfaidís in ionad úsáid na ngás ceaptha teasa fluairínithe. Ar an gcúis chéanna, ba cheart scriosadh gás ceaptha teasa fluairínithe agus allmhairiú na ngás sin isteach san Aontas nuair atá siad i dtáirgí agus i dtrealamh a thuairisciú. Ba cheart tairseacha de minimis a shocrú chun aon ualach riaracháin díréireach a sheachaint, go háirithe do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (14) i gcás nach mbeidh neamhchomhlíonadh an Phrótacail mar thoradh air.

(37)

Chun a áirithiú go bhfuil tuairiscí ar chainníochtaí substaintiúla substaintí cruinn agus go dtugtar cuntas i leith na gcainníochtaí HFCanna atá i dtrealamh réamhluchtaithe faoi chóras cuóta an Aontais, ba cheart fíorú neamhspleách tríú páirtí a éileamh.

(38)

Tá sé ríthábhachtach sonraí comhréireacha d’ardchaighdeán a úsáid chun tuairisciú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe chun cáilíocht an tuairiscithe ar astaíochtaí faoi Chomhaontú Pháras a áirithiú. Bheadh sé i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) go mbunódh na Ballstáit córais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe a thuairisciú. D’fhéadfaí feabhas suntasach a chur ar na córais tuairiscithe astaíochtaí sin trí ghnóthais do bhailiú sonraí ar sceitheadh gás ceaptha teasa fluairínithe ó threalamh faoin Rialachán seo. Ba cheart meastachán níos fearr ar astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe sna fardail náisiúnta de gháis ceaptha teasa a bheith mar thoradh air freisin.

(39)

Chun rialuithe custaim a éascú, tá sé tábhachtach an fhaisnéis atá le cur faoi bhráid na n-údarás custaim a shonrú i gcás ina ndéanfar gáis, táirgí agus trealamh a chumhdaítear leis an Rialachán seo a allmhairiú nó a onnmhairiú, mar aon le cúraimí na n-údarás custaim, agus, i gcás inarb ábhartha, na n-údarás um fhaireachas margaidh, nuair a chuireann siad chun feidhme toirmisc agus srianta ar allmhairí nó onnmhairí na substaintí, na dtáirgí agus an trealaimh sin. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), lena leagtar amach rialacha maidir le faireachas margaidh agus rialú ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais, maidir leis na substaintí, na táirgí agus an trealamh a chumhdaítear leis an Rialachán seo a mhéid nach bhfuil aon fhoráil shonrach ann lena ndéantar rialú ar bhealach níos sonraí ar ghnéithe ar leith den fhaireachas margaidh agus den fhorfheidhmiú. I gcás ina leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha sonracha, mar shampla maidir le rialuithe custaim, beidh forlámhas ag na forálacha níos sonraí sin, rud a chomhlánaíonn na rialacha a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2019/1020. Chun cosaint an chomhshaoil a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach cineál soláthair gás ceaptha teasa fluairínithe atá faoi réir an Rialacháin seo, lena n-áirítear ciandíolacháin dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/1020.

(40)

Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát gach beart riachtanach a dhéanamh, lena n-áirítear coigistiú agus urghabháil, chun cosc a chur ar gháis agus táirgí nó trealamh a chumhdaítear leis an Rialachán seo a thabhairt isteach san Aontas go neamhdhleathach nó a thabhairt amach as an Aontas go neamhdhleathach. I gcás ar bith, ba cheart toirmeasc a chur ar athonnmhairiú gás, táirgí nó trealaimh a allmhairítear go neamhdhleathach a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(41)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na hacmhainní agus an t-eolas iomchuí ag pearsanra na n-oifigí custaim nó ag daoine údaraithe eile i gcomhréir le rialacha náisiúnta a dhéanann rialuithe faoin Rialachán seo, mar shampla trí oiliúint a chuirtear ar fáil dóibh, agus go bhfuil siad feistithe go dóthanach chun aghaidh a thabhairt ar chásanna de thrádáil neamhdhleathach sna ngás agus na dtáirgí agus an trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit na hoifigí custaim nó áiteanna eile a chomhlíonann na coinníollacha sin a ainmniú agus sainordú a thabhairt dóibh, dá bhrí sin, chun rialuithe custaim a dhéanamh ar allmhairí, ar onnmhairí agus i gcásanna idirthurais.

(42)

Tá comhar agus malartú na faisnéise is gá idir údaráis inniúla uile na mBallstát a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Rialacháin seo, eadhon údaráis chustaim, údarás um fhaireachas margaidh, údaráis chomhshaoil agus aon údarás inniúil eile a bhfuil feidhmeanna cigireachta aige, i measc na mBallstát agus leis an gCoimisiún, ríthábhachtach chun dul i ngleic le sáruithe ar an Rialachán seo, go háirithe trádáil neamhdhleathach. De bharr chineál rúnda mhalartú na faisnéise custaim a bhaineann le riosca, ba cheart an Córas Bainistíochta Riosca Custaim a úsáid chun na críche sin.

(43)

Le linn don Choimisiún na cúraimí arna sannadh dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, agus d’fhonn comhar agus malartú faisnéise leordhóthanach a chur chun cinn idir na húdaráis inniúla agus an Coimisiún i gcás seiceálacha comhlíontachta agus trádáil neamhdhleathach i ngáis ceaptha teasa fhluairínithe, ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) arna bunú le Cinneadh 1999/352/CE, ECSC, Euratom ón gCoimisiún (17). Ba cheart rochtain a bheith ag OLAF ar an bhfaisnéis go léir is gá chun comhlíonadh a chúraimí a éascú.

(44)

Amhail ó 2028, ba cheart toirmeasc a chur ar allmhairiú HFCanna, agus ar tháirgí agus trealamh ina bhfuil HFCanna nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, ó Stát nach bhfuil ina pháirtí sa Phrótacal agus ar a n-onnmhairiú chuige. Tá sé beartaithe leis an bPrótacal go mbeidh an toirmeasc sin i bhfeidhm ó 2033 amach, agus is é an cuspóir atá ag a chur i bhfeidhm níos luaithe faoin Rialachán seo ná a áirithiú go dtarlóidh an tairbhe bheartaithe don aeráid a luaithe is féidir mar thoradh ar bhearta domhanda Leasú Kigali maidir le laghdú HFCanna.

(45)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sáruithe a dhéanfaidh gnóthais ar an Rialachán seo faoi réir pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

(46)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialacha a leagan síos maidir le pionóis choiriúla nó pionóis riaracháin, nó iad araon, i leith an tsáraithe chéanna. I gcás ina bhforchuireann na Ballstáit pionóis choiriúla agus riaracháin araon i leith an tsáraithe chéanna, níor cheart go mbeadh sé mar thoradh ar na pionóis sin, go ndéanfaí sárú ar an gceart nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla mar gheall ar an gcion coiriúil céanna (ne bis in idem), de réir mar atá léirmhínithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é.

(47)

Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear údaráis chomhshaoil, údaráis um fhaireachas margaidh agus údaráis chustaim, seiceálacha a dhéanamh, trí bhíthin cur chuige rioscabhunaithe, chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha uile an Rialacháin seo. Is gá cur chuige den sórt sin a ghlacadh chun go ndíreofar ar na gníomhaíochtaí lena ngabhann an riosca is mó maidir le trádáil neamhdhleathach nó maidir le scaoileadh neamhdhleathach de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart d’údaráis inniúla seiceálacha a dhéanamh nuair atá fianaise nó faisnéis ábhartha eile ina seilbh maidir le cásanna ionchasacha neamhchomhlíonta. I gcás inarb ábhartha, agus a mhéid agus is féidir, ba cheart an fhaisnéis sin a chur in iúl do na húdaráis chustaim chun go ndéanfar anailís riosca sula gcuirfear rialuithe i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). I gcásanna ina bhfuil sé deimhnithe ag údaráis inniúla gur rinneadh sárú ar an Rialachán seo, tá sé tábhachtach go gcuirfí in iúl do na húdaráis inniúla atá freagrach as an obair leantach maidir le pionóis a fhorchur, chun a bheith in ann an pionós iomchuí a fhorchur nuair is gá sin.

(48)

Is féidir le sceithirí faisnéis a chur faoi bhráid údaráis inniúla na mBallstát a d’fhéadfadh cuidiú leis na húdaráis inniúla sin sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath agus a chur ar a gcumas pionóis a fhorchur. Ba cheart a áirithiú go mbeidh socruithe leormhaithe i bhfeidhm chun sceithirí a chumasú chun na húdaráis inniúla a chur ar an eolas i dtaobh sáruithe iarbhír nó féideartha ar an Rialachán seo agus na sceithirí a chosaint go héifeachtach ar fhrithbhearta. Chun na críche sin, ba cheart foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) maidir le tuairisciú a dhéanamh ar sháruithe ar an Rialachán seo agus maidir le cosaint daoine ag tuairisciú na sáruithe sin.

(49)

De réir cásdlí socraithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is faoi chúirteanna na mBallstát cosaint bhreithiúnach ar chearta duine faoi dhlí an Aontais a áirithiú. Sa bhreis air sin, ceanglaítear le hAirteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) ar na Ballstáit leigheasanna a chur ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint dlí éifeachtach a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais. Ina leith sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú bhfuil rochtain ag an bpobal, lena n-áirítear daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ar cheartas i gcomhréir leis na hoibleagáidí ar aontaigh na Ballstáit leo faoin gCoinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (20) an 25 Meitheamh 1998 (‘Coinbhinsiún Aarhus’).

(50)

Ba cheart don Choimisiún fóram dá ngairtear Fóram Comhairliúcháin a bhunú. Ba cheart don Fhóram Comhairliúcháin rannpháirtíocht chothrom ionadaithe na mBallstát agus ionadaithe na ngeallsealbhóirí ábhartha a áirithiú, lena n-áirítear eagraíochtaí comhshaoil, ionadaithe an chomhlachais cúraim sláinte agus othar chomh maith le hionadaithe monaróirí, oibreoirí agus daoine deimhnithe. Ba cheart don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach a bheith rannpháirteach san Fhóram Comhairliúcháin, i gcás inarb ábhartha.

(51)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart, de bhun an Rialacháin seo, infheidhmeacht Threoir (AE) 2019/1937 maidir le tuairiscí sáruithe ar an Rialachán seo agus maidir le cosaint na ndaoine ag tuairisciú na sáruithe sin a léiriú i dTreoir (AE) 2019/1937. Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937 a leasú dá réir. Is faoi na Ballstáit atá sé a áirithiú go léireofar an leasú sin ina mbearta trasuite arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir sin, cé nach coinníoll leasú nó oiriúnú na mbeart náisiúnta trasuite náisiúnta maidir le hinfheidhmeacht Threoir (AE) 2019/1937 maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir leis na daoine a thuairiscíonn na sáruithe sin a chosaint.

(52)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

an fhianaise atá le soláthar maidir le scriosadh nó le haisghabháil seachtháirgeadh trífhluaraimeatáin le linn substaintí fluairínithe eile a tháirgeadh;

ceanglais chun seiceálacha sceite;

formáid, bunú agus coimeád na dtaifead;

na ceanglais íosta chun clár deimhniúcháin agus dearbhuithe oiliúna; agus formáid an fhógra maidir le deimhniúchán agus cláir oiliúna;

ceanglais chun na heilimintí atá riachtanach chun na socruithe ceangailteacha a áireamh sa dearbhú comhréireachta lena soláthraítear fianaise gur féidir coimeádáin is féidir a athlíonadh a chur ar ais lena n-athlíonadh;

díolúintí a bhfuil teorainn ama leo i gcás táirgí agus trealamh a thagann faoi thoirmisc lascthrealamh leictreach a chur ar an margadh nó a chur i bhfeidhm;

formáid na lipéad;

díolúintí a bhfuil teorainn ama leo ó thoirmisc chothabhála nó sheirbhísithe ar úsáid HFCanna a bhfuil luachanna áirithe GWP acu i dtrealamh cuisniúcháin, i dtrealamh aerchóiriúcháin agus i dteaschaidéil;

cinneadh na gceart táirgthe le haghaidh táirgeoirí HFCanna;

cinneadh na luachanna tagartha le haghaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí chun HFCanna a chur ar an margadh;

na socruithe mionsonraithe chun an méid atá dlite a íoc;

na socruithe mionsonraithe don dearbhú comhréireachta le haghaidh trealamh réamhluchtaithe agus a bhfíoraithe, agus chun na fíoraitheorí a chreidiúnú;

feidhmiú rianúil na Thairseach F-Gás agus a comhoiriúnacht le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custaim;

díolúintí ó na toirmisc ar tháirgí agus ar threalamh áirithe a onnmhairiú;

údarú trádála le heintitis nach gcumhdaítear leis an bPrótacal; agus

sonraí chun tuairisciú a fhíorú agus iniúchóirí a chreidiúnú agus an fhormáid chun tuarascálacha a chur isteach.

Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

(53)

Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

bunú liosta táirgí agus trealaimh ar ina leith a bhfuil aisghabháil gás ceaptha teasa fluairínithe agus a scrios indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, agus sonraíocht na teicneolaíochta a bheidh le cur i bhfeidhm;

ceanglais lipéadaithe a leagtar amach in Airteagal 12(4) go (14) i gcás inarb iomchuí i bhfianaise na forbartha tráchtála nó teicneolaíochta;

eisiamh ó chuóta-cheanglais HFCanna i gcomhréir le cinntí na bPáirtithe sa Phrótacal;

na méideanna atá dlite don leithdháileadh cuóta agus don sásra leithdháilte le haghaidh an chuóta atá fágtha chun boilsciú a chúiteamh;

Iarscríbhinn VII chun go bhféadfar méid áirithe gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur ar an margadh chomh maith leis an gcuóta faoi Iarscríbhinn VII;

na critéir atá le cur i gcuntas ag na húdaráis inniúla na mBallstát agus seiceálacha á ndéanamh acu;

na ceanglais atá le seiceáil chun faireachán a dhéanamh ar na substaintí agus na táirgí agus an trealamh a stóráiltear go sealadach nó atá faoi nós imeachta custam;

modheolaíochtaí rianaithe i gcomhair gáis ceaptha teasa fhluairínithe a chuirtear ar an margadh;

na rialacha is infheidhme maidir le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta agus maidir le honnmhairiú táirgí agus trealaimh a allmhairítear ó aon Stát nó eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch agus a onnmhairítear chucu;

acmhainneacht téimh dhomhanda na ngás liostaithe a thabhairt cothrom le dáta; agus

liosta na ngás in Iarscríbhinní I, II agus III, i gcás ina bhfuair na painéil mheasúnaithe arna mbunú faoin bPrótacal nó údarás eile a bhfuil stádas coibhéiseach aige go bhfuil tionchar suntasach ag na gáis sin ar an aeráid agus i gcás ina ndéantar na gáis sin a onnmhairiú, a allmhairiú, a tháirgeadh nó a chur ar an margadh i gcainníochtaí suntasacha.

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (22). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(54)

Maidir le cosaint daoine aonair a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit, rialaítear an méid sin le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus cosaint daoine aonair a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún, rialaítear an méid sin le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), go háirithe a mhéid a bhaineann leis na ceanglais a bhaineann le rúndacht agus slándáil próiseála, aistriú sonraí pearsanta ón gCoimisiún go dtí na Ballstáit, dlíthiúlacht na próiseála, agus cearta na ndaoine a bhfuil sonraí ann ina leith chun faisnéis a fháil, chun rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta agus chun a sonraí pearsanta a cheartú.

(55)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé barúlacha foirmiúla an 23 Bealtaine 2022.

(56)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe breise a chosc, lena rannchuideofaí le cuspóirí aeráide an Aontais, agus chun comhlíonadh an Phrótacail maidir le hoibleagáidí a bhaineann le hidreafluaracarbóin a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál trasteorann na faidhbe comhshaoil a dtugtar aghaidh uirthi agus éifeachtaí an Rialacháin seo ar an trádáil laistigh den Aontas agus ar an trádáil sheachtrach, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(57)

Tá roinnt leasuithe le déanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 517/2014. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm agus ba cheart an Rialachán seo a chur ina ionad,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo:

(a)

leagtar síos rialacha maidir le srianadh, úsáid, aisghabháil, athchúrsáil, mínghlanadh, agus scriosadh gás ceaptha teasa fluairínithe agus maidir le bearta coimhdeacha gaolmhara, amhail deimhniú agus oiliúint, lena n-áirítear láimhseáil shábháilte gás ceaptha teasa fluairínithe agus substaintí malartacha nach bhfuil fluairínithe;

(b)

forchuirtear coinníollacha ar tháirgeadh, ar allmhairiú, ar onnmhairiú, ar chur ar an margadh, ar sholáthar agus ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe ina dhiaidh sin agus ar tháirgí agus trealamh ar leith ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin;

(c)

forchuirtear coinníollacha maidir le húsáidí sonracha gás ceaptha teasa fluairínithe;

(d)

bunaítear teorainneacha cainníochtúla chun hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh.

(e)

bunaítear rialacha maidir le tuairisciú.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III, bídís ina n-aonar nó mar mheascáin; agus

(b)

táirgí agus trealamh, agus codanna díobh, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘acmhainneacht téimh dhomhanda’ nó ‘GWP’ an acmhainneacht téite aeráide de ghás ceaptha teasa i gcoibhneas leis an acmhainneacht téite aeráide de dhé-ocsaíd-charbóin (CO2), arna ríomh i dtéarmaí na hacmhainneachta téite domhanda 100 bliain, mura sonraítear a mhalairt, de chileagraim amháin gáis ceaptha teasa i gcoibhneas le cileagram amháin CO2, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II, III agus VI nó, i gcás meascán, arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI;

(2)

ciallaíonn ‘meascán’ substaint atá comhdhéanta de dhá shubstaint nó níos mó, agus ar substaint a liostaítear in Iarscríbhinn I, II nó III é ar a laghad ceann amháin de na substaintí sin;

(3)

ciallaíonn ‘tona de choibhéis CO2’ cainníocht gás ceaptha teasa arna cur in iúl mar thoradh ar mheáchan na ngás ceaptha teasa i dtonaí méadracha agus a n-acmhainn téimh dhomhanda;

(4)

ciallaíonn ‘hidreafluaracarbóin’ nó ‘HFCanna’ na substaintí a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, nó meascáin ina bhfuil aon cheann de na substaintí sin;

(5)

ciallaíonn ‘oibreoir’ an gnóthas a fheidhmíonn cumhacht iarbhír ar fheidhmiú teicniúil táirgí, trealaimh nó saoráidí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, nó an t-úinéir i gcás arna ainmniú ag Ballstát mar úinéir atá freagrach as oibleagáidí an oibreora i gcásanna sonracha;

(6)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ scaoileadh custaim le haghaidh saorchúrsaíocht san Aontas nó soláthar nó cur ar fáil do dhuine eile laistigh den Aontas, den chéad uair, ar íocaíocht nó saor in aisce, nó úsáid substaintí a tháirgtear, nó táirgí nó trealaimh a mhonaraítear, chun úsáide dílse;

(7)

ciallaíonn ‘allmhairiú’ teacht isteach substaintí, táirgí agus trealaimh i gcríoch chustaim an Aontais, a mhéid a chumhdaítear an chríoch le daingniú Phrótacal Montréal 1987 maidir le Substaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin (‘an Prótacal’), agus lena n-áirítear an méid seo a leanas: stóráil shealadach agus na nósanna imeachta custam dá dtagraítear in Airteagail 201 agus 210 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(8)

ciallaíonn ‘onnmhairiú’ dul amach substaintí, táirgí agus trealaimh as críoch chustaim an Aontais, a mhéid a chumhdaítear an chríoch le daingniú an Phrótacail;

(9)

ciallaíonn ‘trealamh atá séalaithe go heirméiteach’ trealamh ina ndéantar na páirteanna go léir ina bhfuil gás ceaptha teasa fluairínithe a dhaingniú le linn an phróisis monaraíochta in áitreabh an mhonaróra trína dtáthú, trína bprásáil nó trí nasc buan comhchosúil, lena n-áirítear comhlaí caidhpeáilte nó poirt sheirbhíse chaidhpeáilte lenar féidir iad a dheisiú nó a dhiúscairt i gceart, agus a bhfuil ráta sceite tástálaithe de níos lú ná 3 ghram in aghaidh na bliana ag na hailt sa chóras séalaithe faoi bhrú arb ionann é agus an ceathrú cuid ar a laghad den uasbhrú incheadaithe;

(10)

ciallaíonn ‘coimeádán’ gabhdán a ceapadh go príomha chun gáis ceaptha teasa fhluairínithe a iompar nó a stóráil;

(11)

ciallaíonn ‘aisghabháil’ bailiú agus stóráil gás ceaptha teasa fluairínithe ó choimeádáin, ó tháirgí agus ó threalamh le linn cothabhála nó seirbhísithe nó roimh dhiúscairt na gcoimeádán, na dtáirgí nó an trealaimh;

(12)

ciallaíonn ‘athchúrsáil’ gás ceaptha teasa aisghafa a athúsáid tar éis próiseas glanta bunúsach, lena n-áirítear scagadh agus triomú;

(13)

ciallaíonn ‘mínghlanadh’ athphróiseáil gáis ceaptha teasa fhluairínithe aisghafa chun feidhmíocht atá coibhéiseach le feidhmíocht substainte íne, agus an úsáid atá beartaithe di á cur san áireamh, i saoráidí mhínghlanta údaraithe a bhfuil an trealamh agus na nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm acu chun mínghlanadh na ngás sin a chumasú agus chun leibhéal na cáilíochta is gá a mheasúnú agus a fhianú;

(14)

ciallaíonn ‘scriosadh’ an próiseas ina dtrasfhoirmítear nó ina ndianscaoiltear go buan, a iomláine is féidir, gach cuid de ghás ceaptha teasa fluairínithe nó cuid de ina substaint nó ina substaintí cobhsaí nach gáis ceaptha teasa fhluairínithe iad;

(15)

ciallaíonn ‘díchoimisiúnú’ táirge nó trealamh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a chur as feidhm nó ó úsáid go buan, lena n-áirítear dúnadh deiridh saoráide;

(16)

ciallaíonn ‘deisiú’ athchóiriú táirgí nó trealaimh a ndearnadh damáiste dóibh nó atá ag sceitheadh, ar táirgí nó trealamh iad ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, agus a bhfuil páirt mar chuid dóibh ina gcoimeádtar na gáis sin nó a ceapadh do na gáis sin a choimeád ann;

(17)

ciallaíonn ‘suiteáil’ an próiseas chun dhá phíosa trealaimh nó níos mó nó dhá phíosa ciorcad nó níos mó ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó atá ceaptha le gáis ceaptha teasa fhluairínithe a choimeád, a nascadh le chéile d'fhonn córas a chur i dtoll chéile sa láthair ina bhfeidhmeofar é, lena n-áirítear an ghníomhaíocht trína ndéantar seoltóirí a iompraíonn gás i gcóras a nascadh le chéile chun ciorcad a chomhlánú gan beann ar an ngá an córas a luchtú tar éis é a chóimeáil;

(18)

ciallaíonn ‘cothabháil nó seirbhísiú’ na gníomhaíochtaí uile, gan aisghabháil i gcomhréir le hAirteagal 8 agus seiceálacha le haghaidh sceite i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 10(1), an chéad fhomhír, pointe (b), a áireamh, ina n-osclaítear na ciorcaid nó fochodanna eile ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó atá ceaptha le gáis ceaptha teasa fhluairínithe a choimeád, ina soláthraítear gáis ceaptha teasa fhluairínithe don chóras, ina mbaintear píosa amháin nó níos mó den chiorcad nó den trealamh amach, ina n-athchóimeáiltear dhá phíosa nó níos mó den chiorcad nó den trealamh, agus ina ndéantar sceitheadh a dheisiú, lena n-áirítear trí ghás ceaptha teasa fluairínithe a chur leis;

(19)

ciallaíonn ‘substaint íon’ substaint nár úsáideadh roimhe sin;

(20)

ciallaíonn ‘do-aistrithe’ nach gnách a bheith ar idirthuras le linn oibríochta agus cumhdaítear leis trealamh aerchóiriúcháin atá inaistrithe ó sheomra go seomra;

(21)

ciallaíonn ‘soghluaiste’ rud gur gnách a bheith ag bogadh le linn oibrithe;

(22)

ciallaíonn ‘cúr aon-chomhábhair’ comhdhéanamh cúir atá i ndáileoir aerasóil aonair i bhfoirm leachtach neamh-imoibrithe nó páirt-imoibrithe agus a leathnaíonn agus a chruann nuair a fhágann sé an dáileoir;

(23)

ciallaíonn ‘trucail chuisniúcháin’ mótarfheithicil a bhfuil mais níos mó ná 3.5 tona aici a cheaptar agus a thógtar go príomha chun earraí a iompar agus atá feistithe le haonad cuisniúcháin;

(24)

ciallaíonn ‘leantóir cuisniúcháin’ feithicil a cheaptar agus a fhoirgnítear le tarraingt ag feithicil bhóthair nó tarracóir, go príomha chun earraí a iompar, agus atá feistithe le haonad cuisniúcháin;

(25)

ciallaíonn ‘feithicil chuisniúcháin saothair éadroim’ mótarfheithicil a bhfuil mais 3,5 tona nó níos lú aici atá deartha agus foirgnithe go príomha chun earraí a iompar agus atá feistithe le haonad cuisniúcháin;

(26)

ciallaíonn ‘córas aimsithe sceite’ fearas calabraithe meicniúil, leictreach nó leictreonach chun sceitheadh gás ceaptha teasa fluairínithe a bhrath agus a thugann foláireamh don oibreoir má bhraitear sceitheadh;

(27)

ciallaíonn ‘gnóthas’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann gníomhaíocht dá dtagraítear sa Rialachán seo;

(28)

ciallaíonn ‘bunábhar’ aon ghás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó II, a chuirtear faoi thrasfhoirmiú ceimiceach i bpróiseas ina dtiontaítear é go hiomlán óna chomhshuíomh bunaidh agus nach mbaineann ach leibhéal fíoríseal astaíochtaí leis;

(29)

ciallaíonn ‘úsáid tráchtála’ úsáid ar mhaithe le táirgí a stóráil, a thaispeáint nó a dháileadh, chun iad a dhíol d’úsáideoirí deiridh, i seirbhísí miondíola agus i seirbhísí bia;

(30)

ciallaíonn ‘trealamh cosanta ar dhóiteáin’ trealamh agus córais a úsáidtear i bhfeidhmeanna cosc nó sochta ar dhóiteáin, agus áirítear ann múchtóirí dóiteáin;

(31)

ciallaíonn ‘timthriall orgánach den chineál Rankine’ timthriall ina bhfuil substaintí in-chomhdhlúthaithe lena dtiontaítear teas ó fhoinse teasa go cumhacht chun leictreachas nó fuinneamh meicniúil a ghiniúint;

(32)

ciallaíonn ‘trealamh míleata’ airm, muinisin agus ábhair a bheartaítear go sonrach chun críocha míleata agus atá riachtanach chun leasanna bunriachtanacha na mBallstát a chosaint maidir le slándáil;

(33)

ciallaíonn ‘lascthrealamh leictreach’ gairis lascacháin agus teaglaim de ghairis den sórt sin le trealamh gaolmhar rialúcháin, tomhais, cosanta agus rialála, agus cóimeálacha na bhfearas agus an trealaimh sin lena ngabhann idirnaisc ghaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara, iniaimh ghaolmhara agus struchtúir ghaolmhara tacaíochta, a bheartaítear lena n-úsáid i dtaca le fuinneamh leictreach a ghiniúint, a tharchur, a dháileadh agus a thiontú;

(34)

ciallaíonn ‘córais cuisniúcháin láraithe ilphacáiste’ córais le comhbhrúiteoir amháin nó níos mó a fheidhmítear go comhthreomhar, atá ceangailte le comhdhlúthadán coiteann amháin nó níos mó agus le líon feistí fuaraithe amhail cásanna taispeána, caibinéid agus reoiteoirí, nó le seomraí stórais fuaraithe;

(35)

ciallaíonn ‘príomhchiorcad cuisneáin córas cascáide’ an príomhchiorcad i gcórais mheánteochta indíreacha i gcás ina bhfuil nasc idir dhá chomhcheangal ciorcaid chuisniúcháin ar leith nó níos mó i sraithcheangal ionas go n-ionsúnn an príomhchiorcad an teas comhdhlúthadáin ón gciorcad tánaisteach don mheánteocht;

(36)

ciallaíonn ‘úsáid’, i ndáil le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, a n-úsáid i dtáirgeadh, i gcothabháil nó i seirbhísiú, lena n-áirítear athlíonadh, táirgí agus trealaimh, nó i ngníomhaíochtaí agus próisis eile dá dtagraítear sa Rialachán seo;

(37)

ciallaíonn ‘bunaíocht laistigh den Aontas’, i ndáil le duine nádúrtha, go bhfuil gnáthchónaí ar an duine nádúrtha sin san Aontas agus, i ndáil le duine dlítheanach, go bhfuil buanbhunaíocht gnó dá dtagraítear in Airteagal 5, pointe (32), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ag an duine dlítheanach sin san Aontas;

(38)

ciallaíonn ‘féinchuimsitheacht’ córas iomlán monarchan ar córas é atá i bhfráma nó cásáil oiriúnach atá déanta agus á iompar go hiomlán nó in dhá chuid nó níos mó, ar féidir comhlaí leithlisithe a bheith ann, agus nach bhfuil páirteanna ann ina bhfuil gás nasctha ar an láthair;

(39)

ciallaíonn ‘córas roinnte’ córas ina bhfuil roinnt aonad píopaithe cuisneáin ar aonad ar leithligh ach idirnasctha iad, lena gceanglaítear comhpháirteanna ciorcaid chuisneáin a shuiteáil agus a nascadh ag an bpointe úsáide;

(40)

ciallaíonn ‘aerchóiriú’ an próiseas ina ndéantar aer a chóireáil chun riachtanais spáis chóirithe a chomhlíonadh trína theocht, a bhogthaise, a ghlaineacht nó a dháileadh a rialú;

(41)

ciallaíonn ‘teaschaidéal’ píosa trealaimh atá in ann teas comhthimpeallach nó dramhtheas ón aer, ón uisce nó ó fhoinsí talún a úsáid chun teas nó fuarú a sholáthar agus atá bunaithe ar idirnascadh comhpháirt amháin nó níos mó lena bhfoirmítear ciorcad fuaraithe iata ina scaiptear cuisneán chun teas a eastóscadh agus a scaoileadh;

(42)

ciallaíonn ‘ceanglais sábháilteachta’ ceanglais maidir le sábháilteacht úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe agus cuisneán nádúrtha nó táirgí agus trealaimh ina bhfuil siad nó atá ag brath orthu, toirmeasc a chur ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe áirithe nó a roghanna malartacha a úsáid, lena n-áirítear nuair atá siad i dtáirge nó i dtrealamh ag áit shonrach úsáide atá beartaithe de bharr sonraíochtaí láithreáin agus úsáide a leagtar amach iontu seo a leanas:

(a)

dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta; nó

(b)

gníomh nach bhfuil ceangal de réir dlí ann ina bhfuil doiciméadacht theicniúil nó caighdeáin theicniúla nach mór a chur i bhfeidhm chun sábháilteacht a áirithiú ag an suíomh sonrach sin, ar choinníoll go bhfuil siad i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais nó leis an dlí ábhartha náisiúnta;

(43)

ciallaíonn ‘cuisniúchán’ an próiseas ina gcoinnítear nó ina n-íslítear teocht táirge, substainte, córais nó míre eile;

(44)

ciallaíonn ‘fuaraitheoir’ córas aonair arb é a phríomhfheidhm sreabhán aistrithe teasa a fhuarú (amhail uisce, gliocól, sáile nó CO2) chun críocha cuisniúcháin, próisis, caomhnaithe nó compoird;

(45)

ciallaíonn ‘painéal cúir’ struchtúr déanta de shraitheanna ina bhfuil cúr agus ábhar righin, amhail adhmad nó miotal, fáiscthe le taobh amháin nó leis an dá thaobh;

(46)

ciallaíonn ‘clár lannaithe’ clár cúir atá cumhdaithe ag sraith thanaí d’ábhar neamhrighin, amhail plaisteach.

CAIBIDIL II

Coimeád

Airteagal 4

Astaíochtaí a chosc

1.   Cuirfear toirmeasc ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe a scaoileadh san atmaisféar d’aon turas i gcás nach bhfuil gá leis an scaoileadh go teicniúil don úsáid atá beartaithe dó.

Má tá gá le scaoileadh d’aon ghnó don úsáid atá beartaithe, déanfaidh oibreoirí trealaimh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó saoráidí ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe gach beart atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch chun cosc a chur, a mhéid is féidir, ar a scaoileadh isteach san atmaisféar, lena n-áirítear trí na gáis a astaítear a athghabháil.

2.   I gcás toitriú le fluairíd sulfairile, déanfaidh oibreoirí an úsáid a bhaintear as bearta gabhála agus bailithe a dhoiciméadú nó na cúiseanna a shonrú nach raibh bearta gabhála agus bailithe indéanta go teicniúil ná go heacnamaíoch. Coinneoidh oibreoirí an fhianaise thacaíochta ar feadh 5 bliana agus cuirfidh siad ar fáil í, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.

3.   Oibreoirí agus monaróirí trealaimh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó oibreoirí saoráidí ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe, chomh maith le gnóthais a bhfuil trealamh den sórt sin ina seilbh acu le linn a iompair nó a stórála, glacfaidh siad na réamhchúraimí uile is gá chun scaoileadh neamhbheartaithe na ngás sin a chosc. Déanfaidh siad gach beart atá indéanta ar bhonn teicniúil agus eacnamaíoch chun sceitheadh na ngás a laghdú.

4.   Le linn gáis ceaptha teasa fhluairínithe a tháirgeadh, a stóráil, a iompar agus a aistriú ó choimeádán nó ó chóras amháin go coimeádán nó córas eile, go trealamh nó go saoráid, glacfaidh an gnóthas lena mbaineann na réamhchúraimí go léir is gá chun scaoileadh gás ceaptha teasa fluairínithe a theorannú a mhéid is mó is féidir. Beidh feidhm ag an mír seo freisin i gcás ina dtáirgtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe mar sheachtháirgí.

5.   I gcás ina n-aimseofar sceitheadh gás ceaptha teasa fluairínithe, áiritheoidh oibreoirí agus monaróirí trealaimh agus oibreoirí na saoráidí ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe, agus na gnóthais a bhfuil trealamh den sórt sin ina seilbh acu le linn a iompair nó a stórála, go ndeiseofar an trealamh nó an tsaoráid ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe gan moill mhíchuí.

I gcás ina bhfuil an trealamh faoi réir seiceálacha sceite faoi Airteagal 5(1) agus ina bhfuil sceitheadh sa trealamh deisithe, áiritheoidh oibreoirí an trealaimh go ndéanfaidh duine nádúrtha atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 10 seiceáil ar an trealamh, ar a luaithe tar éis tréimhse oibriúcháin 24 uair an chloig a bheith caite ach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an deisithe chun a fhíorú go raibh an deisiú éifeachtach. I gcás trealamh soghluaiste a liostaítear in Airteagal 5(3), pointí (a), (b) agus (c), féadfar seiceáil sceite a dhéanamh go díreach tar éis deisithe.

6.   Gan dochar d’Airteagal 11(1), an chéad fhomhír, cuirfear toirmeasc ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe a chur ar an margadh, mura gcuirfidh táirgeoirí nó allmhaireoirí fianaise ar fáil d‘údarás inniúil an Bhallstáit tráth a chuirtear na gáis sin ar an margadh, gur scriosadh nó gur aisghabhadh le húsáid arís aon trífhluaraimeatán arna tháirgeadh ina sheachtháirge mar chuid de phróiseas táirgthe na ngás ceaptha teasa fluairínithe, lena n-áirítear le linn tháirgeadh na mbunábhar chun na gáis sin a tháirgeadh, lena n-úsáidtear na teicnící is fearr atá ar fáil.

Chun an fhianaise sin a sholáthar, déanfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí dearbhú comhréireachta a tharraingt suas, a mbeidh doiciméadacht tacaíochta ag gabháil leis:

(a)

tionscnamh na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá le cur ar an margadh a bhunú;

(b)

saoráid táirgthe tionscnaimh na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá le cur ar an margadh a shainaithint, lena n-áirítear sainaithint na saoráidí tionscnaimh sin d’aon substaintí réamhtheachtacha a bhaineann le clóradéfhluaraimeatán (R-22) a ghiniúint mar chuid den phróiseas táirgthe chun na gáis ceaptha teasa fhluairínithe atá le cur ar an margadh a tháirgeadh;

(c)

cruthúnas a thabhairt maidir le hinfhaighteacht agus oibriú na teicneolaíochta laghdaithe ag na saoráidí tionscnaimh atá coibhéiseach le modheolaíocht bhonnlíne AM0001 arna formheas ag UNFCCC chun sruthanna dramhaíola trífhluaraimeatáin a loscadh nó lena gcruthaítear an mhodheolaíocht gabhála agus scriosta lena n-áirithítear go scriostar astaíochtaí trífhluaraimeatáin i gcomhréir leis na ceanglais faoin bPrótacal;

(d)

maidir le haon fhaisnéis bhreise lena n-éascaítear rianú an gháis ceaptha teasa fhluairínithe roimh allmhairiú.

Coinneoidh táirgeoirí agus allmhaireoirí an dearbhú comhréireachta agus an doiciméadacht tacaíochta ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón tráth a chuirtear ar an margadh iad agus cuirfear ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún iad, arna iarraidh sin dóibh.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe mionsonraithe a bhaineann leis an dearbhú comhréireachta agus leis an doiciméadacht tacaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír a chinneadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

7.   Deimhneofar daoine nádúrtha a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), i gcomhréir le hAirteagal 10 agus glacfaidh siad bearta réamhchúraim chun sceitheadh gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a chosc agus, nuair a úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe i lascthrealamh leictreach, in Iarscríbhinn III freisin.

Deimhneofar daoine dlítheanacha a dhéanann an trealamh a liostaítear in Airteagal 5(2), pointí (a) go (e), agus in Airteagal 5(3), pointí (a) agus (b), a shuiteáil, a chothabháil nó a sheirbhísiú, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú, a dheimhniú i gcomhréir le hAirteagal 10 agus glacfaidh siad bearta réamhchúraim chun sceitheadh gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II a chosc.

Beidh fianú oiliúna ar a laghad i gcomhréir le hAirteagal 10(1), an dara fomhír, den Rialachán seo ag daoine nádúrtha a dhéanann cothabháil nó seirbhísiú agus deisiú ar threalamh aerchóiriúcháin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe i mótarfheithiclí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) agus ar threalamh soghluaiste a liostaítear in Airteagal 5(3), pointe (c), den Rialachán seo.

Airteagal 5

Seiceálacha sceite

1.   Oibreoirí agus monaróirí trealaimh ina bhfuil 5 thona de choibhéis CO2 nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó 1 chileagram nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II nach bhfuil i gcúir, áiritheoidh siad go scrúdófar an trealamh le haghaidh sceite.

Ní dhéanfar trealamh atá séalaithe go heirméiteach a sheiceáil le haghaidh sceite ar choinníoll go bhfuil lipéad air mar threalamh atá séalaithe go heirméiteach agus go gcomhlíontar leis ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil níos lú ná 10 dtona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ann: nó

(b)

go bhfuil níos lú ná 2 chileagram de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II.

De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina bhfuil trealamh atá séalaithe go heirméiteach suiteáilte i bhfoirgnimh chónaithe, ní dhéanfar é a sheiceáil le haghaidh sceite i gcás ina bhfuil níos lú ná 3 chileagram de gháis ceaptha teasa fhluairínithe sa trealamh sin ar choinníoll go bhfuil lipéad lena ndeirtear go bhfuil sé séalaithe go heirméiteach.

Ní scrúdófar lascthrealamh leictreach le haghaidh sceite ar choinníoll go gcomhlíontar leis ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil ráta cruthaithe sceite níos lú ná 0,1 % in aghaidh na bliana mar a leagtar amach é i sonraíocht theicniúil an mhonaróra agus a lipéadaítear dá réir sin;

(b)

go bhfuil sé feistithe le feiste faireacháin brú nó dlúis le córas foláirimh uathoibríoch agus é ag feidhmiú;

(c)

go bhfuil níos lú ná 6 chileagram de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ann.

2.   53Beidh feidhm ag mír 1 maidir le hoibreoirí agus monaróirí an trealaimh dho-aistrithe seo a leanas ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II:

(a)

trealamh cuisniúcháin;

(b)

trealamh aerchóiriúcháin;

(c)

teaschaidéil;

(d)

trealamh cosanta ar dhóiteáin;

(e)

timthriallta orgánacha de chineál Rankine;

(f)

lascthrealamh leictreach.

3.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir le hoibreoirí agus monaróirí an trealaimh shoghluaiste seo a leanas ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II:

(a)

aonaid chuisniúcháin i dtrucailí cuisniúcháin agus leantóirí cuisniúcháin;

(b)

aonaid chuisniúcháin d’fheithiclí cuisniúcháin saothair éadroim, coimeádáin idirmhódúla, lena n-áirítear coimeádáin chuisniúcháin, agus vaigíní traenacha;

(c)

trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil i bhfeithiclí tromshaothair, veaineanna, innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a úsáidtear in oibríochtaí talmhaíochta, mianadóireachta agus foirgnithe, traenacha, meitreo, tramanna agus aerárthaí.

A mhéid a bhaineann leis an trealamh dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (e), agus pointí (a) agus (b) den mhír seo, daoine nádúrtha atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 10 a dhéanfaidh na seiceálacha.

4.   A mhéid a bhaineann leis an trealamh soghluaiste dá dtagraítear i mír 3, pointe (c), is daoine nádúrtha a bhfuil fianú oiliúna ar a laghad acu i gcomhréir le hAirteagal 10(1), an dara fomhír, a dhéanfaidh na seiceálacha.

5.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 6 maidir le hoibreoirí trealaimh shoghluaiste faoi mhír 3, pointí (b) agus (c), go dtí an 12 Márta 2027.

6.   Cuirfear na seiceálacha sceite dá dtagraítear i mír 1 i gcrích leis an minicíocht seo a leanas:

(a)

le haghaidh trealaimh ina bhfuil níos lú ná 50 tona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó níos lú ná 10 gcileagram de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II: gach 12 mhí ar a laghad; nó i gcás ina bhfuil córas aimsithe sceite suiteáilte sa trealamh sin, gach 24 mhí ar a laghad;

(b)

i gcás trealamh ina bhfuil 50 tona nó níos mó de choibhéis CO2, ach níos lú ná 500 tona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó 10 gcileagram nó níos mó, ach níos lú ná 100 cileagram de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II: gach 6 mhí ar a laghad nó, i gcás ina bhfuil córas aimsithe sceite suiteáilte sa trealamh sin, gach 12 mhí ar a laghad;

(c)

i gcás trealamh ina bhfuil 500 tona de choibhéis CO2 nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó 100 cileagram nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II: gach 3 mhí ar a laghad nó, i gcás ina bhfuil córas aimsithe sceite suiteáilte sa trealamh sin, gach 6 mhí ar a laghad.

7.   Measfar gur comhlíonadh na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1 maidir le trealamh cosanta ar dhóiteáin dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), ar choinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

go gcomhlíontar leis an gcóras cigireachta atá ann cheana caighdeáin ISO 14520 nó EN 15004; agus

(b)

go ndéantar cigireacht ar an trealamh cosanta ar dhóiteáin chomh minic agus a éilítear faoi mhír 6.

Measfar na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1, maidir le trealamh aerchóiriúcháin soghluaiste agus teaschaidéil, dá dtagraítear i mír 3, pointe (c), a bheith comhlíonta ar choinníoll go mbeidh an trealamh aerchóiriúcháin soghluaiste agus na teaschaidéil faoi réir córas cigireachta rialta lena n-áirítear seiceálacha le haghaidh sceitheadh.

8.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais maidir leis na seiceálacha le haghaidh sceitheadh a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 a shainiú do gach cineál trealaimh dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 agus na páirteanna den trealamh is dóchúla sceite a shainaithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 6

Córais aimsithe sceite

1.   Oibreoirí trealaimh dho-aistrithe a liostaítear in Airteagal 5(2), pointí (a) go (d), ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcainníochtaí 500 tona nó níos mó de choibhéis CO2 nó ina bhfuil 100 cileagram nó níos mó de gháis a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, áiritheoidh siad go bhfuil córas aimsithe sceite ag gabháil leis an trealamh sin, ar córas é a thabharfaidh foláireamh don oibreoir nó do chuideachta a dhéanann seirbhísiú má bhíonn aon sceitheadh ann.

2.   Oibreoirí trealaimh dho-aistrithe a liostaítear in Airteagal 5(2), pointí (e) agus (f), ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcainníochtaí 500 tona nó níos mó de choibhéis CO2 agus a suiteáladh ón 1 Eanáir 2017 ar aghaidh, áiritheoidh siad go bhfuil córas aimsithe sceite ag gabháil leis an trealamh, ar córas é a thabharfaidh foláireamh don oibreoir nó do chuideachta a dhéanann seirbhísiú má bhíonn aon sceitheadh ann.

3.   Oibreoirí trealaimh dho-aistrithe a liostaítear in Airteagal 5(2), pointí (a) go (e), atá faoi réir mhíreanna 1 nó 2 den Airteagal seo, áiritheoidh siad go seiceáiltear córais aimsithe sceite ar a laghad uair gach 12 mhí lena áirithiú go bhfeidhmíonn siad mar is ceart.

4.   Oibreoirí an trealaimh dho-aistrithe a liostaítear in Airteagal 5(2), pointe (f), atá faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh siad go seiceáiltear córais aimsithe sceite ar a laghad uair gach 6 bliana lena áirithiú go bhfeidhmíonn siad mar is ceart.

Airteagal 7

Coimeád taifead

1.   Oibreoirí trealaimh, ar trealamh é lena n-éilítear seiceáil le haghaidh sceitheadh de bhun Airteagal 5(1) bunóidh siad agus coimeádfaidh siad taifid le haghaidh gach píosa trealaimh den sórt sin, ina sonrófar an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

cainníocht agus cineál na ngás atá sa trealamh, agus an chainníocht a cuireadh leis le linn na suiteála á cur in iúl ar leithligh, más infheidhme;

(b)

cainníochtaí na ngás a cuireadh leis le linn na cothabhála nó an tseirbhísithe nó de bharr sceitheadh, lena n-áirítear an dáta ar cuireadh na gáis sin leis;

(c)

cainníocht na ngás a aisghabhadh;

(d)

i gcás inar cuireadh gáis leis, cainníochtaí agus cineál na ngás sin agus cibé acu an ndearnadh na cainníochtaí gás a athchúrsáil nó a mhínghlanadh, agus ainm agus seoladh san Aontas don tsaoráid athchúrsála nó mhínghlanta agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir an deimhnithe;

(e)

céannacht an ghnóthais a shuiteáil, a sheirbhísigh, a chothabháil agus, i gcás inarb infheidhme, a d'aisghabh, a dheisigh, nó a dhíchoimisiúnaigh an trealamh nó a rinne é a sheiceáil le haghaidh sceitheadh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, uimhir a dheimhnithe, agus i gcás inar duine dlítheanach é an gnóthas atá freagrach as na hoibríochtaí sin a dhéanamh, idir shonraí aitheantais an ghnóthais agus sonraí aitheantais an duine nádúrtha a dhéanann na hoibríochtaí;

(f)

dátaí agus torthaí na seiceálacha a rinneadh faoi Airteagal 5(1), chomh maith le dátaí agus torthaí aon deisithe sceite;

(g)

más rud é gur díchoimisiúnaíodh an trealamh, na bearta a rinneadh chun na gáis a aisghabháil agus a dhiúscairt.

2.   Mura stóráiltear na taifid dá dtagraítear i mír 1 i mbunachar sonraí arna bhunú ag údaráis inniúla na mBallstát, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

coimeádfaidh na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 1 na taifid dá dtagraítear sa mhír sin go ceann 5 bliana ar a laghad;

(b)

na gnóthais sin a bhfuil na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), á gcur i gcrích acu thar ceann na n-oibreoirí, coimeádfaidh siad cóipeanna de na taifid dá dtagraítear i mír 1 go ceann 5 bliana ar a laghad.

Cuirfear na taifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.

3.   Chun críocha Airteagal 11(6), gnóthais a sholáthraíonn gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, bunóidh siad taifid ina mbeidh faisnéis ábhartha maidir le ceannaitheoirí na ngás ceaptha teasa fluairínithe sin agus ina n-áireofar na sonraí seo a leanas:

(a)

uimhir dheimhnithe gach ceannaitheora;

(b)

cainníochtaí na ngás faoi seach a ceannaíodh.

Déanfaidh na gnóthais a sholáthraíonn na gáis na taifid a choimeád ar feadh 5 bliana ar a laghad agus cuirfidh siad na taifid sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.

4.   Chun críche Airteagal 11(7), na gnóthais a dhíolann trealamh nach bhfuil séalaithe go heirméiteach agus a luchtaítear le gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, coimeádfaidh siad taifid ar an trealamh arna dhíol agus ar na gnóthais dheimhnithe a dhéanfaidh an tsuiteáil. Déanfaidh na gnóthais atá ag díol an trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 11(7) na taifid a choimeád ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad agus cuirfidh sé na taifid sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.

5.   Gnóthais a dhéanann substaintí a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, agus atá beartaithe le haghaidh úsáidí díolmhaithe dá dtagraítear in Airteagal 16(2), a tháirgeadh, lena n-áirítear mar sheachtháirge, a chur ar an margadh, a sholáthar nó a fháil, coimeádfaidh siad taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad, de réir mar is infheidhme:

(a)

ainm na substainte nó an mheascáin ina bhfuil substaint den sórt sin;

(b)

an chainníocht a táirgeadh, a allmhairíodh, a onnmhairíodh, a mínghlanadh nó a scriosadh le linn na bliana féilire áirithe;

(c)

an chainníocht a soláthraíodh agus a fuarthas le linn na bliana féilire áirithe, in aghaidh an tsoláthraí nó an ghlacadóra aonair;

(d)

ainmneacha agus sonraí teagmhála na soláthróirí nó na nglacadóirí;

(e)

an chainníocht a úsáideadh le linn na bliana féilire áirithe agus lena sonraítear an úsáid iarbhír; agus

(f)

an chainníocht a stóráladh an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig sa bhliain féilire áirithe.

Coimeádfaidh na gnóthais na taifid dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis an táirgthe, an chur ar an margadh, an tsoláthair nó na fála, agus cuirfidh siad ar fáil iad, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún. Áiritheoidh na húdaráis inniúla sin agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise atá sna taifid sin.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, leagan amach na dtaifead dá dtagraítear i míreanna 1, 3, 4 agus 5 a chinneadh agus an bealach ar cheart iad a bhunú agus a choimeád a shonrú. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 8

Aisghabháil agus scriosadh

1.   Oibreoirí trealaimh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nach bhfuil i gcúir, áiritheoidh siad go ndéanfar na substaintí sin a aisghabháil agus, tar éis dhíchoimisiúnú an trealaimh, go ndéanfar iad a athchúrsáil, a mhínghlanadh nó a scriosadh.

Is daoine nádúrtha a bhfuil na deimhnithe ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 10 acu a dhéanfaidh na substaintí sin a aisghabháil.

2.   Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 maidir le hoibreoirí an trealaimh dho-aistrithe seo a leanas:

(a)

ciorcaid fuaraithe trealaimh cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin, agus teaschaidéal;

(b)

trealamh ina bhfuil tuaslagóirí atá bunaithe ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe;

(c)

trealamh cosanta ar dhóiteáin;

(d)

lascthrealamh leictreach.

3.   Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 maidir le hoibreoirí aon cheann de na píosaí trealaimh shoghluaiste seo a leanas:

(a)

ciorcaid fuaraithe na n-aonad cuisniúcháin de thrucailí cuisniúcháin agus leantóirí cuisniúcháin;

(b)

ciorcaid fuaraithe na n-aonad cuisniúcháin d’fheithiclí cuisniúcháin saothair éadroim agus coimeádáin idirmhódúla, lena n-áirítear coimeádáin chuisniúcháin, agus vaigíní traenach;

(c)

ciorcaid fuaraithe trealaimh aerchóiriúcháin agus teaschaidéal i bhfeithiclí tromshaothair, i veaineanna, in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a úsáidtear in oibríochtaí talmhaíochta, mianadóireachta agus tógála, i dtraenacha, i meitreonna, i dtramanna agus in aerárthaí.

4.   D’fhonn gáis ceaptha teasa fhluairínithe a aisghabháil ó threalamh aerchóiriúcháin i mótarfheithiclí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE agus ó threalamh soghluaiste dá dtagraítear i mír 3, pointí (b) agus (c), ní mheasfar go mbeidh na cáilíochtaí cuí ach ag daoine nádúrtha a bhfuil fianú oiliúna ar a laghad acu i gcomhréir le hAirteagal 10(1), an dara fomhír, den Rialachán seo.

5.   Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 maidir le hoibreoirí an trealaimh shoghluaiste faoi mhír 3, pointí (b) agus (c), ón 12 Márta 2027.

6.   Aon ghás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, arna aisghabháil, ní úsáidfear é le trealamh a líonadh nó a athlíonadh mura rud é gur gás athchúrsáilte nó mínghlanta é.

7.   Gnóthas a úsáideann coimeádán ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, socróidh sé, díreach sula ndéanfar é a dhiúscairt, go ndéanfar aon ghás iarmharach a aisghabháil lena áirithiú go ndéanfar iad a athchúrsáil, a mhínghlanadh nó a scriosadh.

8.   Ón 1 Eanáir 2025, áiritheoidh úinéirí foirgneamh agus conraitheoirí, le linn an athchóiriúcháin, go seachnófar, a mhéid is féidir, gníomhaíochtaí athchóiriúcháin nó scartála lena ngabhann baint painéal cúir ina bhfuil cúir ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe iontu a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, trí na cúir nó na gáis atá iontu a láimhseáil ar bhealach a áiritheoidh go scriosfar na gáis sin. I gcás aisghabháil na ngás sin, is daoine nádúrtha a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí acu amháin a dhéanfaidh an aisghabháil.

9.   Ón 1 Eanáir 2025, áiritheoidh úinéirí foirgneamh agus conraitheoirí, le linn an athchóiriúcháin, go seachnófar, a mhéid is féidir, gníomhaíochtaí athchóiriúcháin nó scartála lena ngabhann baint cúr i gcláir lannaithe atá suiteáilte i gcuasa nó i struchtúir thógtha ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe iontu a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, trí na cúir nó na gáis atá iontu a láimhseáil ar bhealach a áiritheoidh go scriosfar na gáis sin. I gcás aisghabháil na ngás sin, is daoine nádúrtha a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí acu amháin a dhéanfaidh an aisghabháil.

I gcás nach bhfuil baint na gcúr dá dtagraítear sa chéad fhomhír indéanta go teicniúil, tarraingeoidh an t-úinéir foirgneamh nó an conraitheoir doiciméadacht lena gcuirtear fianaise ar fáil maidir le hindéantacht na bainte sa chás sonrach. Coimeádfar an doiciméadacht sin ar feadh 5 bliana agus cuirfear ar fáil í, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.

10.   Oibreoirí táirgí agus trealaimh nach liostaítear i mír 2, 3, 8 nó 9 ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, déanfaidh siad socrú maidir le haisghabháil na ngás, murar féidir a shuíomh nach bhfuil sé indéanta go teicniúil nó go bhfuil costais dhíréireacha ag baint leis. Áiritheoidh na hoibreoirí go ndéanfaidh daoine nádúrtha cuícháilithe an aisghabháil, ionas go ndéanfar na gáis a athchúrsáil, a mhínghlanadh nó a scriosadh, nó déanfaidh siad socrú maidir lena scriosadh gan aon aisghabháil roimh ré.

Ní dhéanfaidh ach daoine nádúrtha a bhfuil ar a laghad fianú oiliúna acu i gcomhréir le hAirteagal 10(1), an dara fomhír, den Rialachán seo gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, a aisghabháil ó threalamh aerchóiriúcháin i mótarfheithiclí nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE.

11.   Ní scriosfar gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, ná táirgí ná trealamh ina bhfuil gáis den sórt sin ach amháin trí theicneolaíocht scriosta atá formheasta ag na Páirtithe sa Phrótacal.

Ní dhéanfar gáis ceaptha teasa fhluairínithe eile nach bhfuil an teicneolaíocht scriosta formheasta ina leith a scriosadh, ach amháin trí theicneolaíocht scriosta lena gcomhlíonfar dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta maidir le dramhaíl agus i gcás ina gcomhlíonfar ceanglais bhreise faoin dlí sin.

12.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí liosta táirgí agus trealaimh a bhunú lena mbreithneofar an bhfuil aisghabháil gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, nó scriosadh táirgí agus trealaimh ina bhfuil gáis den sórt sin gan na gáis sin a aisghabháil roimh ré, indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, agus sonrófar, más iomchuí sin, an teicneolaíocht a bheidh le cur i bhfeidhm.

13.   Déanfaidh na Ballstáit aisghabháil, athchúrsáil, mínghlanadh agus scriosadh na ngás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a chur chun cinn.

Airteagal 9

Scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora

Gan dochar do na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora atá ann cheana, áiritheoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2027, go n-áireofar sna hoibleagáidí maoinithe do dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 13 de Threoir 2012/19/AE go maoineofar aisghabháil, agus athchúrsáil, mínghlanadh nó scriosadh, gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo agus a thagann ó tháirgí agus trealamh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, ar trealamh leictreach agus leictreonach é de réir bhrí Threoir 2012/19/AE agus ar cuireadh ar an margadh é amhail ón 11 Márta 2024.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí a dhéantar.

Airteagal 10

Deimhniúchán agus oiliúint

1.   Deimhneofar daoine nádúrtha chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe de réir bhrí Airteagal 4(7), Airteagal 5(1) agus Airteagal 8(2), lena gcumhdaítear na gáis ceaptha teasa fhluairínithe a shonraítear sna hAirteagail sin nó ina gcuimsítear roghanna malartacha ábhartha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe, lena n-áirítear cuisneáin nádúrtha:

(a)

an trealamh a liostaítear in Airteagal 5(2), pointí (a) go (f), agus in Airteagal 5(3), pointí (a) agus (b), a shuiteáil, a chothabháil nó a sheirbhísiú, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú;

(b)

seiceálacha le haghaidh sceitheadh ar an trealamh dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointí (a) go (e), agus in Airteagal 5(3), pointí (a) agus (b);

(c)

aisghabháil ó threalamh a liostaítear in Airteagal 8(2), agus in Airteagal 8(3), pointe (a).

Beidh fianú oiliúna ar a laghad ag daoine nádúrtha chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe de réir bhrí Airteagal 4(7), Airteagal 5(1) agus Airteagal 8(3) lena gcumhdaítear na gáis ceaptha teasa fhluairínithe a shonraítear sna hAirteagail sin agus roghanna malartacha ábhartha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe, lena n-áirítear cuisneáin nádúrtha, i gcás inarb ábhartha:

(a)

trealamh aerchóiriúcháin i mótarfheithiclí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/40/CE a chothabháil nó a sheirbhísiú, nó a dheisiú, agus gáis ceaptha teasa fhluairínithe a aisghabháil ón trealamh sin;

(b)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe a aisghabháil ó threalamh a liostaítear in Airteagal 8(3), pointí (b) agus (c), agus in Airteagal 8(10), an dara fhomhír;

(c)

an trealamh a liostaítear in Airteagal 5(3), pointe (c), a chothabháil nó a sheirbhísiú, a dheisiú agus a sheiceáil le haghaidh sceitheadh.

2.   Deimhneofar daoine dlítheanacha de réir bhrí Airteagal 4(7), lena gcumhdaítear na gáis ceaptha teasa fhluairínithe a shonraítear san Airteagal sin, chun an trealamh a liostaítear in Airteagal 5(2), pointí (a) go (e), agus in Airteagal 5(3), pointí (a) agus (b), a shuiteáil, a chothabháil nó a sheirbhísiú, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú, ar trealamh é ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe agus roghanna malartacha ábhartha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe, lena n-áirítear cuisneáin nádúrtha, i gcás inarb ábhartha.

3.   Laistigh de 1 bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8, déanfaidh na Ballstáit cláir dheimhniúcháin a bhunú nó a oiriúnú, lena n-áirítear próisis mheastóireachta, agus áiritheoidh siad go mbeidh oiliúint ar scileanna praiticiúla agus ar eolas teoiriciúil ar fáil do dhaoine nádúrtha a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh fáil ar chláir oiliúna chun fianuithe oiliúna a bhaint amach i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír.

4.   Laistigh de 1 bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8, déanfaidh na Ballstáit cláir dheimhniúcháin a bhunú nó a oiriúnú do dhaoine dlítheanacha dá dtagraítear i mír 2.

5.   Cumhdófar an méid seo a leanas leis na cláir dheimhniúcháin agus leis an oiliúint ar scileanna praiticiúla agus eolas teoiriciúil dá bhforáiltear i mír 3:

(a)

na rialacháin agus na caighdeáin theicniúla is infheidhme;

(b)

astaíochtaí a chosc;

(c)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, a aisghabháil;

(d)

trealamh den chineál agus den toirt a chumhdaítear faoin deimhniú a láimhsiú go sábháilte;

(e)

trealamh ina bhfuil gáis inadhainte nó thocsaineacha, nó a oibríonn faoi ardbhrú, a láimhsiú go sábháilte nó a bhfuil rioscaí ábhartha eile ag baint leis;

(f)

na bearta chun éifeachtúlacht fuinnimh trealaimh a fheabhsú nó a chothabháil le linn suiteála, nó cothabhála nó seirbhísithe.

6.   Na cláir dheimhniúcháin agus an oiliúint ar scileanna praiticiúla agus eolas teoiriciúil dá bhforáiltear i mír 3 agus a bhaineann le haerárthaí, léireofar iad sa phróiseas chun nuashonrú a dhéanamh ar na sonraíochtaí deimhniúcháin agus sonraíochtaí mionsonraithe eile, modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach arna eisiúint ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa de bhun Airteagal 76(3) agus Airteagal 115 de Rialachán (AE) 2018/1139.

7.   Deimhnithe faoi na cláir dheimhniúcháin dá dtagraítear i mír 3, beidh siad faoi réir an choinníll go bhfuil próiseas meastóireachta dá dtagraítear sa mhír sin curtha i gcrích go rathúil ag an iarratasóir.

8.   Faoin 12 Márta 2026, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na híoscheanglais do chláir dheimhniúcháin agus d’fhianuithe oiliúna dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 a bhunú le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1. Leis na ceanglais íosta sin, sonrófar, do gach cineál trealaimh dá dtagraítear i mír 1, na scileanna praiticiúla agus an t-eolas teoiriciúil a theastaíonn, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, idir gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh le cumhdach, socruithe an deimhnithe nó an fhianaithe, mar aon leis na coinníollacha chun aitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe agus d’fhianuithe oiliúna. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na híoscheanglais sin a oiriúnú, i gcás inar gá. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

9.   Beidh na deimhnithe agus na fianuithe oiliúna a eisíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 bailí i gcónaí, i gcomhréir leis na coinníollacha faoinar eisíodh an chéad lá iad. Faoin 12 Márta 2027, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar dhaoine nádúrtha deimhnithe páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna athnuachana nó próiseas meastóireachta dá dtagraítear i mír 3 a chur i gcrích gach 7 mbliana ar a laghad. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh daoine nádúrtha a bhfuil deimhniú nó fianú oiliúna acu faoi Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 rannpháirteach sna cúrsaí oiliúna athnuachana sin nó go gcuirfidh siad próisis mheastóireachta den sórt sin i gcrích den chéad uair tráth nach déanaí ná an 12 Márta 2029.

10.   Laistigh de 1 bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme faoi mhír 8 tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir lena gcláir dheimhniúcháin agus oiliúna.

Aithneoidh na Ballstáit deimhnithe agus fianuithe oiliúna arna n-eisiúint i mBallstát eile i gcomhréir leis an Airteagal seo. Ní chuirfidh siad srian leis an tsaoirse maidir le seirbhísí a chur ar fáil nó leis an tsaoirse bhunaíochta de bhrí gur eisíodh deimhniú i mBallstát eile.

11.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leagan amach an fhógra dá dtagraítear i mír 10 a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

12.   Ní dhéanfaidh gnóthas gníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 nó 2 a shannadh do ghnóthas eile, ach amháin tar éis dó a fhíorú go bhfuil na deimhnithe is gá ag an ngnóthas eile sin maidir leis na gníomhaíochtaí is gá dá dtagraítear i mír 1 nó 2, faoi seach.

13.   I gcás ina gcuirfeadh na hoibleagáidí faoin Airteagal seo maidir le deimhniú agus oiliúint a chur ar fáil ualach díréireach ar Bhallstát i ngeall ar dhaonra beag a bheith sa Bhallstát sin agus i ngeall ar an easpa éilimh a bheadh ar an deimhniú sin agus ar an oiliúint sin dá bharr, féadfar na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh trí aitheantas a thabhairt do dheimhnithe a eisítear i mBallstáit eile.

Na Ballstáit a chuirfidh an chéad fhomhír i bhfeidhm, cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina dhiaidh sin.

14.   Ní chuirfidh aon ní san Airteagal seo cosc ar na Ballstáit tuilleadh cláir dheimhniúcháin agus oiliúna a chur ar bun i dtaca le trealamh agus gníomhaíochtaí eile seachas an trealamh agus na gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL III

Srianta agus rialú úsáide

Airteagal 11

Srianta maidir le cur ar an margadh den chéad uair agus díolachán

1.   Cuirfear toirmeasc ar tháirgí agus trealamh, lena n-áirítear páirteanna díobh, a liostaítear in Iarscríbhinn IV, a chur ar an margadh, le díolúine do threalamh míleata, ón dáta arna shonrú san Iarscríbhinn sin, agus i gcás inarb infheidhme, déanfar idirdhealú de réir chineál nó de réir acmhainneacht téimh dhomhanda an gháis atá ann.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ceadaítear páirteanna de tháirgí agus de threalamh is gá chun trealamh atá ann cheana a liostaítear in Iarscríbhinn IV a dheisiú agus a sheirbhísiú a chur ar an margadh ar choinníoll nach mbeidh an méid seo a leanas mar thoradh ar an deisiú nó ar an seirbhísiú:

(a)

méadú ar acmhainneacht an táirge nó an trealaimh;

(b)

méadú ar an méid gáis ceaptha teasa fhluairínithe atá sa táirge nó sa trealamh; nó

(c)

athrú ar chineál an gháis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáidtear as a n-eascródh méadú ar acmhainneacht téimh dhomhanda an gháis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáidtear.

Táirgí agus trealamh, lena n-áirítear páirteanna díobh, a chuirtear ar an margadh go neamhdhleathach tar éis an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní dhéanfar iad a úsáid, a sholáthar nó a chur ar fáil do dhaoine eile san Aontas ina dhiaidh sin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce, nó ní dhéanfar iad a onnmhairiú. Ceadaítear táirgí agus trealamh den sórt sin a athonnmhairiú i gcás ina suitear neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo ina leith sula scaoiltear earraí i saorchúrsaíocht chun críche allmhairithe, i gcomhréir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 23(12). Ní fhéadfar táirgí agus trealamh den sórt sin a stóráil nó a iompar ach amháin lena ndiúscairt ina dhiaidh sin agus leis an ngás a aisghabháil roimh an diúscairt de bhun Airteagal 8 nó lena n-athonnmhairiú.

Ceadaítear athonnmhairiú táirgí agus trealaimh a shuitear neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo ina leith sula scaoiltear i saorchúrsaíocht iad. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 22(3).

Aon bhliain amháin tar éis na ndátaí aonair a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ní cheadófar táirgí nó trealamh a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sholáthar nó a chur ar fáil do dhuine eile san Aontas ina dhiaidh sin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce, ach amháin má chuirtear fianaise ar fáil gur cuireadh an táirge nó an trealamh ar an margadh go dleathach roimh an dáta sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír, maidir le trealamh a bhfuil sé bunaithe ina leith, de bhun ceanglais éicidhearthóireachta a glacadh faoi Threoir 2009/125/CE, go mbeadh na hastaíochtaí coibhéiseacha CO2 ina shaolré níos ísle ná na hastaíochtaí sin a bheadh mar thoradh ar threalamh coibhéiseach a chomhlíonann na ceanglais éicidhearthóireachta ábhartha sin.

3.   I dteannta na dtoirmeasc maidir le cur ar an margadh a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV, cuirfear toirmeasc ar choimeádáin nach féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, bíodh siad folamh nó lán, go páirteach nó go hiomlán, a allmhairiú, a úsáid nó a onnmhairiú, agus cuirfear toirmeasc ar aon soláthar coimeádán den sórt sin ina dhiaidh sin nó ar choimeádáin den sórt sin a chur ar fáil do dhuine eile laistigh den Aontas, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce. Ní fhéadfar na coimeádáin sin a stóráil nó a iompar ach amháin chun iad a dhiúscairt ina dhiaidh sin. Níl feidhm ag an mír seo maidir le coimeádáin a úsáidtear chun críocha úsáidí saotharlainne nó anailíseacha gás ceaptha teasa fluairínithe.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le coimeádáin nach féidir a athlíonadh, eadhon na coimeádáin seo a leanas:

(a)

coimeádáin nach féidir a athlíonadh gan iad a oiriúnú chun na críche sin; agus

(b)

coimeádáin a d’fhéadfaí a athlíonadh ach a allmhairítear nó a chuirtear ar an margadh gan foráil a bheith déanta go gcuirfear ar ais iad lena n-athlíonadh.

4.   Gnóthais a chuireann coimeádáin is féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar an margadh, soláthróidh siad dearbhú comhréireachta ina mbeidh fianaise lena ndeimhnítear go bhfuil socruithe ceangailteacha i bhfeidhm chun na coimeádáin sin a thabhairt ar ais chun críche athlíonta, go háirithe na gníomhaithe ábhartha, a ngealltanais éigeantacha agus na socruithe lóistíochta ábhartha a shainaithint. Beidh na socruithe sin ina gceangal ar dháileoirí na gcoimeádán is féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe chuig an úsáideoir deiridh.

Coinneoidh na gnóthais dá dtagraítear sa chéad fhomhír an dearbhú comhréireachta ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón tráth a chuirtear na coimeádáin is féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar an margadh den chéad uair agus cuirfear an dearbhú sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún. Coinneoidh soláthróirí na gcoimeádán is féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe d’úsáideoirí deiridh fianaise ar chomhlíonadh na socruithe ceangailteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón tráth a sholáthraítear iad don úsáideoir deiridh agus cuirfear an fhianaise sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais a chinneadh maidir leis na heilimintí atá riachtanach do na socruithe ceangailteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a áireamh sa dearbhú comhréireachta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

5.   Tar éis iarraidh ar tugadh bunús leis a fháil ó údarás inniúil Ballstáit, agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, díolúine ar feadh suas go dtí 4 bliana a údarú ionas gur ceadmhach táirgí agus trealamh a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chur ar an margadh, nó, de mhaolú ar Airteagal 13(9), lascthrealamh leictreach nua nó leathnaithe a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear páirteanna díobh, ar táirgí agus trealamh iad ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, más rud é go léirítear:

(a)

i gcás táirge sonrach nó píosa trealaimh sonrach, nó i gcás catagóir sonrach táirgí nó trealaimh, nach bhfuil roghanna malartacha ar fáil, nó nach féidir úsáid a bhaint astu ar chúiseanna teicniúla nó sábháilteachta; nó

(b)

go mbeadh costas díréireach ag baint le húsáid roghanna malartacha atá indéanta go teicniúil agus atá sábháilte.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

6.   Daoine nádúrtha a bhfuil deimhniú acu a éilítear faoi Airteagal 10(1), an chéad fhomhír, pointe (a), nó gnóthais a fhostaíonn daoine nádúrtha a bhfuil deimhniú acu a éilítear faoi Airteagal 10(1), an chéad fhomhír, pointe (a), nó fianú oiliúna a éilítear faoi Airteagal 10(1), an dara fomhír, ní cheadófar ach do na gnóthais sin amháin gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II a cheannach chun an trealamh ina bhfuil na gáis sin, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, a shuiteáil, a chothabháil nó a sheirbhísiú, nó a dheisiú, ar trealamh é dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointí (a) go (f), agus Airteagal 5(3), pointí (a) agus (b), agus a chumhdaítear faoi Airteagal 10(1), an dara fomhír. Déanfaidh díoltóirí na gáis sin a dhíol nó a thairiscint lena ndíol, go díreach nó go hindíreach, go heisiach leis na gnóthais dá dtagraítear sa mhír seo.

Leis an mír seo, ní dhéanfar gnóthais neamhdheimhnithe nach ndéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chosc ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, a bhailiú, a iompar nó a sheachadadh.

7.   Trealamh nach bhfuil séalaithe go heirméiteach, a luchtaítear le gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, ní fhéadfar é a dhíol ach le húsáideoir deiridh i gcás ina gcuirfear fianaise ar fáil gurb é gnóthas atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 10 a chuirfidh an tsuiteáil i gcrích.

8.   Ní cheadófar ach do ghnóthais a bhfuil bunaíocht laistigh den Aontas acu, nó a bhfuil ionadaí aonair ceaptha acu a bhfuil bunaíocht laistigh den Aontas acu agus a ghlacann freagracht iomlán as comhlíonadh an Rialacháin seo, bulcgháis ceaptha teasa fhluairínithe a chur ar an margadh agus a sholáthar ina dhiaidh sin. Féadfaidh an t-ionadaí aonair a bheith mar an t-ionadaí ceaptha de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

Airteagal 12

Lipéadú agus faisnéis faoin táirge agus faoin trealamh

1.   Na táirgí agus an trealamh seo a leanas ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, ní dhéanfar iad a chur ar an margadh, a sholáthar ina dhiaidh sin nó a chur ar fáil d’aon duine eile, ach amháin má bhíonn lipéad mar a leanas orthu:

(a)

trealamh cuisniúcháin;

(b)

trealamh aerchóiriúcháin;

(c)

teaschaidéil;

(d)

trealamh cosanta ar dhóiteáin;

(e)

lascthrealamh leictreach;

(f)

dáileoir aerasól ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena n-áirítear análóirí dáileoige méadraithe;

(g)

coimeádáin uile gás ceaptha teasa fluairínithe;

(h)

tuaslagóirí atá bunaithe ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe; nó

(i)

timthriallta orgánacha de chineál Rankine.

2.   Déanfar táirgí nó trealamh atá faoi réir díolúine dá dtagraítear in Airteagal 11(5), chomh maith le táirgí nó trealamh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, agus atá faoi réir díolúine dá dtagraítear in Airteagal 16(4), a lipéadú dá réir, ag sonrú dháta deiridh na díolúine, agus áireofar tagairt iontu nach bhféadfar na táirgí nó an trealamh sin a úsáid ach amháin don chuspóir dár tugadh díolúine faoin Airteagal sin.

3.   Léireofar an fhaisnéis seo a leanas ar an lipéad a éilítear de bhun mhír 1:

(a)

léiriú go bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe sa táirge nó sa trealamh, nó go bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin;

(b)

ainm na ngás ceaptha teasa fluairínithe de réir an chórais ainmniúcháin thionsclaíoch a nglactar leis nó, mura mbeidh an córas sin ar fáil, an t-ainm ceimiceach;

(c)

ón 1 Eanáir 2017 ar aghaidh, cainníocht na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá sa táirge nó sa trealamh nó cainníocht na ngás ceaptha teasa fluairínithe dár ceapadh an trealamh, de réir meáchain agus choibhéis CO2, agus acmhainneacht téimh dhomhanda na ngás sin.

Beidh an t-eolas seo a leanas ar an lipéad, i gcás inarb infheidhme:

(a)

tagairt á rá go bhfuil na gáis ceaptha teasa fhluairínithe i dtrealamh atá séalaithe go heirméiteach;

(b)

tagairt á rá go bhfuil lascthrealamh leictreach ann ag a bhfuil ráta sceite tástálaithe níos lú na 0,1 % in aghaidh na bliana, mar a leagtar amach i sonraíocht theicniúil an mhonaróra.

I gcás ina ndearnadh táirgí nó trealamh a iarfheistiú agus inar athraíodh na gáis ceaptha teasa fhluairínithe, déanfar na táirgí nó an trealamh sin a athlipéadú le faisnéis nuashonraithe dá dtagraítear sa mhír seo.

4.   Beidh an lipéad a éilítear de bhun mhír 1 inléite go soiléir agus doscriosta agus cuirfear é:

(a)

cóngarach do na poirt seirbhíse le haghaidh luchtú nó aisghabháil an gháis ceaptha teasa fhluairínithe; nó

(b)

ar an bpáirt sin den táirge nó den trealamh ina bhfuil an gás ceaptha teasa fluairínithe.

Beidh an lipéad scríofa i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-earra le cur ar an margadh, le cur ar fáil nó le soláthar.

5.   Ní dhéanfar cúir nó polóil réamhchumaiscthe ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a chur ar an margadh, a chur ar fáil ná a sholáthar mura sainaithnítear na gáis ceaptha teasa fhluairínithe le lipéad ina n-úsáidtear an córas ainmniúcháin thionsclaíoch a nglactar leis, nó, mura mbeidh an córas sin ar fáil, an t-ainm ceimiceach. Léireofar go soiléir ar an lipéad go bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe sa chúr nó sa pholól réamhchumaiscthe. I gcás painéil chúir agus cláir lannaithe, beidh an fhaisnéis sin scríofa go soiléir doscriosta ar na cláir chúir nó ar na cláir lannaithe.

6.   I gcás inarb ábhartha, déanfar coimeádáin athlíonta ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a athlipéadú le faisnéis nuashonraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3.

7.   Déanfar coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe atá mínghlanta nó athchúrsáilte agus a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a lipéadú le léiriú gur substaint mhínghlanta nó athchúrsáilte atá ann. I gcás mínghlanadh, áireofar faisnéis ar an mbaiscuimhir agus ainm agus seoladh na saoráide mínghlanta san Aontas.

8.   Coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a chuirtear ar an margadh, a chuirtear ar fáil nó a sholáthraítear lena scriosadh, déanfar iad a lipéadú le léiriú á rá gur le haghaidh scriosadh amháin atá ábhair an choimeádáin.

9.   Coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus atá beartaithe lena n-onnmhairiú go díreach, déanfar iad a lipéadú le léiriú á rá gur le haghaidh onnmhairiú díreach amháin atá ábhair an choimeádáin.

10.   Coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a chuirtear ar an margadh, a chuirtear ar fáil nó a sholáthraítear lena n-úsáid i dtrealamh míleata, déanfar iad a lipéadú le léiriú á rá gur chun na críche sin amháin atá ábhair an choimeádáin le húsáid.

11.   Coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II agus a chuirtear ar an margadh, a chuirtear ar fáil nó a sholáthraítear i gcomhair eitseáil ábhair leathsheoltóra nó glanadh coimeádán deasctha gaile ceimicí laistigh den earnáil monaraithe leathsheoltóirí, déanfar iad a lipéadú le léiriú á rá gur chun na críche sin amháin atá ábhair an choimeádáin le húsáid.

12.   Coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a chuirtear ar an margadh, a chuirtear ar fáil nó a sholáthraítear lena n-úsáid mar bhunábhar, déanfar iad a lipéadú le léiriú á rá gur mar bhunábhar amháin atá ábhair an choimeádáin le húsáid.

13.   Coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, agus a chuirtear ar an margadh, a chuirtear ar fáil nó a sholáthraítear chun análóirí dáileoige méadraithe a tháirgeadh chun comhábhair chógaisíochta a sholáthar, déanfar iad a lipéadú le léiriú á rá gur chun na críche sin amháin atá ábhair an choimeádáin le húsáid.

14.   I gcás coimeádáin ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, áireofar ar an lipéad dá dtagraítear i míreanna 8 go 12 an léiriú ‘díolmhaithe ón gcuóta faoi Rialachán (AE) 2024/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’.

In éagmais na gceanglas lipéadaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus i míreanna 8 go 12, beidh na hidreafluaracarbóin faoi réir na gceanglas cuóta de bhun Airteagal 16(1).

15.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí 2(b), 4, 5(c), 7(b), (c) agus (d), 8(b) go (e), 9(b) go (f), 11(c), 16, 17(a), (b) agus (c), agus 19(a) agus (b) d’Iarscríbhinn IV, déanfar an táirge nó an trealamh a lipéadú le léiriú á rá nach n-úsáidfear é ach amháin i gcás ina éilítear amhlaidh leis na ceanglais sábháilteachta nó na caighdeáin sábháilteachta náisiúnta, de réir mar is infheidhme. Sonrófar na ceanglais nó caighdeáin sin ar an lipéad. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí 19 agus 21 d’Iarscríbhinn IV, déanfar an táirge nó an trealamh a lipéadú le léiriú á rá nach bhfuil an táirge nó an trealamh le húsáid ach amháin i gcás ina éilítear amhlaidh leis an bhfeidhm leighis arna sonrú ar an lipéad.

16.   Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 3 agus 5 sna lámhleabhair treoracha a ghabhann leis na táirgí agus leis an trealamh lena mbaineann.

I gcás táirgí agus trealamh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II, agus ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 150 nó níos mó, beidh an fhaisnéis sin sna tuairiscí a úsáidtear le haghaidh fógraíochta.

17.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid na lipéad dá tagraítear i mír 1 agus i míreanna 4 go 15 den Airteagal seo a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

18.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun leasú a dhéanamh ar na ceanglais lipéadaithe a leagtar amach i míreanna 4 go 15 den Airteagal seo, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise forbairt tráchtála nó teicneolaíocha.

Airteagal 13

Úsáid a rialú

1.   Cuirfear toirmeasc ar úsáid SF6 i dteilgean dísle agus in athchúrsáil cóimhiotal teilgin dísle maignéisiam.

2.   Cuirfear toirmeasc ar úsáid SF6 chun boinn feithiclí a líonadh.

3.   Cuirfear toirmeasc ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe, a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó acu, chun trealamh cuisniúcháin, ag a bhfuil méid luchta arb ionann é agus 40 tona de choibhéis CO2 nó níos mó, a sheirbhísiú nó a chothabháil. Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, cuirfear toirmeasc ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe, a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó acu, chun aon trealamh cuisniúcháin a chothabháil nó a sheirbhísiú.

Ní bheidh feidhm ag na toirmisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le trealamh míleata nó maidir le trealamh atá beartaithe le feidhmeanna arna gceapadh chun táirgí a fhuarú chuig teocht faoi – 50 °C.

Ní bheidh feidhm ag na toirmisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis na catagóirí gás ceaptha teasa fluairínithe seo a leanas go dtí an 1 Eanáir 2030:

(a)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe mhínghlanta a liostaítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll go ndearnadh na coimeádáin ina bhfuil na gáis sin a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12(7);

(b)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe athchúrsáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó acu agus a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll gur aisghabhadh ón trealamh sin iad; ní úsáidfidh ach an gnóthas a rinne gáis athchúrsáilte den sórt sin a aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú nó an gnóthas dá ndearnadh an aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú iad.

Ní bheidh feidhm ag na toirmisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le trealamh cuisniúcháin ar deonaíodh díolúine ina thaobh i gcomhréir le hAirteagal 11(5).

4.   Ón 1 Eanáir 2026, cuirfear toirmeasc ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó, chun trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil a chothabháil nó a sheirbhísiú.

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis na catagóirí gás ceaptha teasa fluairínithe seo a leanas go dtí an 1 Eanáir 2032:

(a)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe mhínghlanta a liostaítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó agus a úsáidtear i gcomhair trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll go ndearnadh na coimeádáin ina bhfuil na gáis sin a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12(7);

(b)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe athchúrsáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 2 500 nó níos mó agus a úsáidtear i gcomhair trealamh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll gur aisghabhadh na gáis sin ón trealamh sin; ní úsáidfidh ach an gnóthas a rinne gáis athchúrsáilte den sórt sin a aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú nó an gnóthas dá ndearnadh an aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú iad.

5.   Ón 1 Eanáir 2032 ar aghaidh, cuirfear toirmeasc ar úsáid gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 750 nó níos mó, le haghaidh trealamh cuisniúcháin do-aistrithe, cé is moite d’fhuaraitheoirí, a chothabháil agus a sheirbhísiú.

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le trealamh míleata nó maidir le trealamh atá beartaithe le feidhmeanna arna gceapadh chun táirgí a fhuarú chuig teocht faoi – 50 °C nó trealamh atá beartaithe le feidhmeanna arna gceapadh chun gléasraí cumhachta núicléiche a fhuarú.

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis na catagóirí gás ceaptha teasa fluairínithe seo a leanas:

(a)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe mhínghlanta a liostaítear in Iarscríbhinn I, ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 750 nó níos mó agus a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin do-aistrithe atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, cé is moite d’fhuaraitheoirí, ar choinníoll go ndearnadh na coimeádáin ina bhfuil na gáis sin a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 12(7);

(b)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe athchúrsáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I, a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda de 750 nó níos mó acu agus a úsáidtear i gcomhair trealamh cuisniúcháin do-aistrithe atá ann cheana, cé is moite d’fhuaraitheoirí, a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll gur aisghabhadh na gáis sin ón trealamh sin; ní úsáidfidh ach an gnóthas a rinne gáis athchúrsáilte den sórt sin a aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú, nó an gnóthas dá ndearnadh an aisghabháil mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú iad.

6.   Tar éis iarraidh a bhfuil bunús léi a fháil ó údarás inniúil de chuid Ballstáit agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar infhaighteacht na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá mínghlanta agus athchúrsáilte a thagann faoi raon feidhme mhír 4 agus mhír 5. I gcás ina léirítear le measúnú ón gCoimisiún ganntanas fíoraithe gáis ceaptha teasa fhluairínithe mhínghlanta agus athchúrsáilte, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, díolúine ó na toirmisc a leagtar amach i mír 4 nó 5 a údarú, suas le 4 bliana, a mhéid is gá chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas arna shainaithint.

7.   Ón 1 Eanáir 2035, cuirfear toirmeasc ar SF6 a úsáid chun lascthrealamh leictreach a chothabháil nó a sheirbhísiú ach amháin i gcás ina bhfuil sí mínghlanta nó athchúrsáilte, seachas má chruthaítear, maidir le SF6 mínghlanta nó athchúrsáilte:

(a)

nach féidir iad a úsáid ar fhorais theicniúla; nó

(b)

nach bhfuil siad ar fáil i gcás éigeandáil deisithe.

I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an t-úsáideoir fianaise ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún ina leagfar amach an bonn cirt atá lena úsáid.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le trealamh míleata.

8.   Cuirfear toirmeasc ar úsáid deasfluráin mar ainéistéiseach ionanálaithe amhail ón 1 Eanáir 2026, seachas i gcás ina bhfuil fíorghá le húsáid den sórt sin agus nach féidir aon ainéistéiseach eile a úsáid ar fhorais leighis. Coinneoidh an institiúid cúraim sláinte fianaise maidir leis an mbonn cirt leighis, agus cuirfidh sé ar fáil í, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.

9.   Cuirfear toirmeasc ar an lascthrealamh leictreach seo a leanas, a bhaineann úsáid as gáis ceaptha teasa fhluairínithe i meán inslithe nó gearrtha, nó a mbraitheann a fheidhmiú ar na gáis sin, a chur i bhfeidhm:

(a)

ón 1 Eanáir 2026, lascthrealamh leictreach meánvoltais le haghaidh dáileadh príomhúil agus tánaisteach suas le 24 kV agus an voltas sin san áireamh;

(b)

ón 1 Eanáir 2030, lascthrealamh leictreach meánvoltais le haghaidh dáileadh príomhúil agus tánaisteach ó níos mó ná 24 kV suas go dtí 52 kV agus an voltas sin san áireamh;

(c)

ón 1 Eanáir 2028, lascthrealamh leictreach ardvoltais ó 52 kV suas go 145 kV agus an voltas sin san áireamh agus suas go dtí sruth gearrchiorcaid 50 kA agus an sruth sin san áireamh, ar 1 nó níos mó a acmhainneacht téimh dhomhanda;

(d)

ón 1 Eanáir 2032, lascthrealamh leictreach ardvoltais níos mó ná 145 kV nó níos mó ná sruth gearrchiorcaid 50 kA, ar 1 nó níos mó a acmhainneacht téimh dhomhanda.

10.   Ní mheasfar gur cur i bhfeidhm chun críocha an Airteagail seo é gabháil as feidhm lascthrealaimh leictrigh atá ag feidhmiú laistigh den Aontas agus cur i bhfeidhm an lascthrealaimh leictrigh sin ina dhiaidh sin ag láthair eile san Aontas.

11.   De mhaolú ar mhír 9, maidir le lascthrealamh leictreach a bhaineann úsáid as meán inslithe nó gearrtha arb ísle ná 1 000 a acmhainneacht téimh dhomhanda, nó a mbraitheann a fheidhmiú ar na meáin sin, ceadaítear é a chur i bhfeidhm, más rud é, tar éis nós imeachta soláthair ina gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí teicniúla an trealaimh atá ag teastáil le haghaidh na húsáide sonraí lena mbaineann, go bhfuil feidhm ag ceann amháin de na cásanna seo a leanas:

(a)

le linn an chéad 2 bhliain tar éis na ndátaí ábhartha dá dtagraítear i mír 9, pointí (a) agus (b), ní bhfuarthas aon tairiscint ar threalamh ó mhonaróir amháin lascthrealaimh leictrigh ina bhfuil meán inslithe nó gearrtha nach n-úsáideann gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó ní bhfuarthas ach tairiscintí den sórt sin;

(b)

le linn an chéad 2 bhliain tar éis na ndátaí ábhartha dá dtagraítear i mír 9, pointí (c) agus (d), ní bhfuarthas aon tairiscint ar threalamh ó mhonaróir amháin lascthrealaimh leictrigh ina bhfuil meán inslithe nó gearrtha a bhfuil a acmhainneacht téimh dhomhanda níos lú ná 1 acu nó ní bhfuarthas ach tairiscintí den sórt sin;

(c)

tar éis na tréimhse 2 bhliain dá dtagraítear i bpointe (a), ní bhfuarthas aon tairiscint ar threalamh ó mhonaróir amháin lascthrealaimh leictrigh ina bhfuil meán inslithe nó gearrtha nach n-úsáideann gáis ceaptha teasa fhluairínithe; nó

(d)

tar éis na tréimhse 2 bhliain dá dtagraítear i bpointe (b), ní bhfuarthas aon tairiscint ar threalamh ó mhonaróir amháin lascthrealaimh leictrigh ina bhfuil meán inslithe nó gearrtha ar 1 nó níos lú a acmhainneacht téimh dhomhanda.

12.   De mhaolú ar mhír 11, ceadaítear cur i bhfeidhm lascthrealaimh leictrigh ina bhfuil meán inslithe nó gearrtha ar 1 000 nó níos mó a acmhainneacht téimh dhomhanda, más rud é, tar éis nós imeachta soláthair ina gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí teicniúla an trealaimh is gá le haghaidh na húsáide sonraí lena mbaineann, nach bhfuarthas aon tairiscint ar lascthrealamh leictreach ina bhfuil meán inslithe nó gearrtha ar 1 000 nó níos lú a acmhainneacht téimh dhomhanda.

13.   Ní bheidh feidhm ag mír 9 maidir le lascthrealamh leictreach a bhfuil sé cruthaithe ina leith de bhun ceanglais éicidhearthóireachta a glacadh faoi Threoir 2009/125/CE go mbeadh a astaíochtaí coibhéiseacha CO2 ar feadh a shaolré níos ísle ná an trealamh coibhéiseach a chomhlíonann na ceanglais ábhartha éicidhearthóireachta agus a comhlíonfadh na teorainneacha maidir le acmhainneacht téimh dhomhanda i mír 9.

14.   Ní bheidh feidhm ag mír 9 i gcás inar féidir leis an oibreoir fianaise a sholáthar gur cuireadh isteach an t-ordú don lascthrealamh leictreach roimh an 11 Márta 2024.

15.   Ní bheidh feidhm ag mír 9 i gcás nach bhfuil na feistí atá ann cheana chun lascthrealamh leictreach lena n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe a bhfuil a acmhainneacht téimh dhomhanda níos ísle acu ná na gáis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáidtear sa lascthrealamh leictreach atá ann cheana comhoiriúnach leis an lascthrealamh leictreach atá ann cheana, agus i gcás ina mbeadh gá an lascthrealamh leictreach iomlán atá ann cheana a athsholáthar chun na feistí sin a úsáid.

16.   I gcás ina bhfuil feidhm ag maolú a liostaítear i mír 10, 11, 12, 13, 14 nó 15, coimeádfaidh an t-oibreoir doiciméadacht lena mbunaítear an fhianaise maidir leis an maolú ar feadh 5 bliana ar a laghad agus cuirfidh an t-oibreoir ar fáil í, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann agus don Choimisiún.

17.   Tabharfaidh an t-oibreoir fógra don údarás inniúil sa Bhallstát i gcás ina gcuirtear an lascthrealamh leictreach i bhfeidhm agus maolú a liostaítear i mír 11, 12, 14 nó 15 á chur i bhfeidhm.

18.   Féadfar páirteanna trealaimh a shuiteáil chun lascthrealamh leictreach atá ann cheana a dheisiú nó a sheirbhísiú ar choinníoll nach dtiocfaidh aon athrú ar an gcineál gáis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáidtear as a dtiocfaidh méadú ar acmhainneacht téimh dhomhanda an gháis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáidtear ná méadú ar an méid gás fluairínithe atá sa trealamh.

19.   Cuirfear toirmeasc ar chur i bhfeidhm aon trealaimh nó ar úsáid aon táirge a liostaítear i bpointí 2(b), 4, 5(c), 7(b), (c) agus (d), 8(b) go (e), 9(b) go (f), 11(c), 17(c) agus 19(b) d’Iarscríbhinn IV, tar éis an dáta toirmisc faoi seach a shonraítear sna pointí sin ach amháin más féidir leis an oibreoir fianaise a chur ar fáil:

(a)

nach gceadaíonn na ceanglais sábháilteachta ábhartha ag an suíomh áirithe trealamh a shuiteáil ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe faoi bhun an luacha acmhainneachta téimh dhomhanda atá sonraithe sna toirmisc faoi seach; nó

(b)

gur cuireadh an trealamh ar an margadh roimh an dáta ábhartha toirmisc a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

20.   Coinneoidh an t-oibreoir doiciméadacht lena mbunaítear an fhianaise dá dtagraítear i mír 19 ar feadh 5 bliana ar a laghad agus cuirfidh sé ar fáil í, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.

CAIBIDIL IV

Sceideal táirgthe agus laghdú ar chainníocht na hidreafluaracarbón arna gcur ar an margadh

Airteagal 14

Hidreafluaracarbóin a tháirgeadh

1.   Chun críocha an Airteagail seo, Airteagal 15 agus Iarscríbhinn V, is ionann táirgeadh hidreafluaracarbón agus an méid hidreafluaracarbón a tháirgtear lúide an méid a scriostar leis an teicneolaíocht arna formheas ag na Páirtithe sa Phrótacal, agus lúide an méid a úsáidtear ina iomláine mar bhunábhar i monaraíocht ceimiceán eile, ach lena n-áirítear hidreafluaracarbóin a ghintear mar sheachtháirge, mura rud é nach n-aisghabháladh an seachtháirge sin nó mura scriosadh an seachtháirge sin mar chuid den phróiseas táirgthe ag an táirgeoir nó i ndiaidh an phróisis sin nó má thugtar é do ghnóthas eile lena scriosadh. Ní chuirfear aon mhéid hidreafluaracarbón mínghlanta san áireamh agus táirgeadh hidreafluaracarbón á ríomh.

2.   Ceadófar táirgeadh hidreafluaracarbón sa mhéid is gur leithdháil an Coimisiún cearta táirgthe ar tháirgeoirí i gcomhréir leis an Airteagal seo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, roimh an 1 Eanáir 2025, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cearta táirgthe a leithdháileadh ar bhonn Iarscríbhinn V le haghaidh táirgeoirí a tháirg hidreafluaracarbóin in 2022, bunaithe ar shonraí a thuairiscítear faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, arna iarraidh sin d’údarás inniúil de chuid Ballstáit, na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 a leasú d’fhonn cearta táirgthe breise a leithdháileadh ar na táirgeoirí dá dtagraítear i mír 3 nó d’aon ghnóthas eile atá bunaithe san Aontas, ach amháin má sháraítear teorannacha táirgthe an Bhallstáit faoin bPrótacal. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

5.   In éagmais gníomh cur chun feidhme a bheith éifeachtach roimh an 1 Eanáir 2025, féadfaidh táirgeoirí leanúint de hidreafluaracarbóin a tháirgeadh gan cearta táirgthe a bheith leithdháilte. Cuirfear na hidreafluaracarbóin a tháirgtear le linn na tréimhse sin san áireamh mar chuid de leithdháileadh na gceart táirgthe a luaithe a eiseofar iad i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3.

6.   3 bliana tar éis ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin a athbhreithniú agus, más gá, a leasú, agus na hathruithe ar na cearta táirgthe de bhun Airteagal 15 le linn na 3 bliana roimhe sin á gcur san áireamh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 15

Cearta táirgthe a aistriú agus a údarú le haghaidh cuíchóiriú tionsclaíoch

1.   Chun críche cuíchóirithe thionsclaíoch laistigh de Bhallstát, féadfaidh táirgeoirí a gcearta táirgthe, go hiomlán nó go páirteach, a aistriú chuig aon ghnóthas eile sa Bhallstát sin, ar choinníoll go n-urramaítear leibhéil ríofa táirgeachta na bPáirtithe sa Phrótacal. Formheasfaidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ábhartha na haistrithe agus déanfar iad tríd an Tairseach F-gás.

2.   Chun críche cuíchóirithe thionsclaíoch idir Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhaontú le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil táirgeacht ábhartha de chuid táirgeora suite, agus le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil leibhéil bharrachais ríofa táirgeachta faoin bPrótacal ar fáil, a údarú tríd an Tairseach F-gás don táirgeoir sin a chearta táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 14(3) a shárú de mhéid sonraithe, agus na coinníollacha a leagtar amach sa Phrótacal á gcur san áireamh.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhaontú le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil táirgeacht ábhartha de chuid táirgeora suite, agus le húdarás inniúil an Pháirtí is tríú tír lena mbaineann araon, a údarú do tháirgeoir na cearta táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 14 a chur le chéile leis na leibhéil ríofa táirgeachta a cheadaítear do tháirgeoir i bPáirtí is tríú tír faoin bPrótacal agus faoi dhlí náisiúnta an táirgeora sin chun críche cuíchóirithe thionsclaíoch le Páirtí is tríú tír, ar choinníoll nach é an toradh atá ar an gcomhtháirgeadh ag an dá tháirgeoir go sárófaí leibhéil ríofa táirgeachta an dá Pháirtí sa Phrótacal agus ar choinníoll go n-urramaítear aon dlí náisiúnta ábhartha.

Airteagal 16

Laghdú ar chainníocht na hidreafluaracarbón arna gcur ar an margadh

1.   Ní cheadófar hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh ach amháin a mhéid is gur leithdháil an Coimisiún cuóta ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí mar a leagtar amach in Airteagal 17.

Ní sháróidh táirgeoirí agus allmhaireoirí a chuireann hidreafluaracarbóin ar an margadh an cuóta atá ar fáil dóibh tráth a gcuirtear ar an margadh iad.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hidreafluaracarbóin:

(a)

a allmhairítear isteach san Aontas lena scriosadh;

(b)

a úsáideann táirgeoir mar bhunábhar nó a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach chuig gnóthais lena n-úsáid mar bhunábhar;

(c)

a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach chuig gnóthais, le honnmhairiú amach as an Aontas, nach bhfuil i dtáirgí nó i dtrealamh, i gcás nach gcuirfear na hidreafluaracarbóin sin ar fáil ina dhiaidh sin d’aon duine eile laistigh den Aontas, roimh an onnmhairiú;

(d)

a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach le húsáid i dtrealamh míleata;

(e)

a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach chuig gnóthas atá á n-úsáid le heitseáil ábhair leathsheoltóra nó le glanadh coimeádán deasctha gaile ceimicí laistigh den earnáil monaraithe leathsheoltóirí.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun mír 2 a leasú agus chun eisiamh ón gceanglas cuóta a leagtar síos i mír 1 a thabhairt maidir le hidreafluaracarbóin i gcomhréir le cinntí na bPáirtithe sa Phrótacal.

4.   Tar éis iarraidh a dtugtar bunús léi, ó údarás inniúil de chuid Ballstáit agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, agus i bhfianaise aon sonraí a chuirfidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ar fáil, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, díolúine ar feadh suas go 4 bliana a údarú chun eisiamh ón gceanglas cuóta a leagtar síos i mír 1 a thabhairt maidir le hidreafluaracarbóin a úsáidfear i bhfeidhmeanna sonracha, nó i gcatagóirí sonracha táirgí nó trealaimh, i gcás ina léirítear san iarraidh:

(a)

nach bhfuil roghanna eile ar fáil ar na feidhmeanna, ar na táirgí nó ar an trealamh áirithe sin nó nach féidir iad a úsáid ar chúiseanna teicniúla nó sábháilteachta nó mar gheall ar rioscaí do shláinte an phobail; agus

(b)

nach féidir soláthar leordhóthanach hidreafluaracarbón a áirithiú gan costais dhíréireacha a thabhú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

5.   Measfar go gcuirtear astaíochtaí hidreafluaracarbón le linn táirgeadh ar an margadh an bhliain a tharlaíonn siad.

6.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo agus ag Airteagail 17, 20 go 29 agus 31 maidir le hidreafluaracarbóin atá i bpolóil réamhchumaiscthe freisin.

Airteagal 17

Luachanna tagartha agus leithdháiltí cuóta a chinneadh chun hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh

1.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2024 agus ar a laghad gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cinnfidh an Coimisiún luachanna tagartha le haghaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí i gcomhréir le hIarscríbhinn VII maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh.

Cinnfidh an Coimisiún na luachanna tagartha sin le haghaidh na dtáirgeoirí agus na n-allmhaireoirí uile a chuir hidreafluaracarbóin ar an margadh le linn na 3 bliana roimhe sin, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena gcinntear luachanna tagartha le haghaidh na dtáirgeoirí agus na n-allmhaireoirí uile. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

2.   Féadfaidh táirgeoir nó allmhaireoir fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chomharbas buan nó faoi shealbhú na coda dá ghnó atá ábhartha don Airteagal seo, a bhfuil athrú ar shannadh a luachanna tagartha agus luachanna tagartha a chomharba dhlíthiúil mar thoradh air.

Féadfaidh an Coimisiún doiciméadacht ábhartha a iarraidh chun na críche sin. Cuirfear na luachanna tagartha coigeartaithe ar fáil ar an Tairseach F-gás.

3.   Faoin 1 Meitheamh 2024 agus faoin 1 Aibreán 2027 agus gach 3 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, féadfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí dearbhú a dhéanamh maidir le cuóta a fháil ón gcúlchiste dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII tríd an Tairseach F-gás.

4.   Faoin 31 Nollaig 2024, agus gach bliain ina dhiaidh sin, leithdháilfidh an Coimisiún cuóta do gach táirgeoir agus allmhaireoir chun hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh, de bhun Iarscríbhinn VIII. Tabharfar fógra faoi chuóta do tháirgeoirí agus d’allmhaireoirí tríd an Tairseach F-gás.

5.   Beidh na leithdháiltí cuóta faoi réir íocaíocht an mhéid atá dlite arb ionann é agus trí euro in aghaidh gach tona de choibhéis CO2 den chuóta atá le leithdháileadh. Tabharfar fógra tríd an Tairseach F-gás do tháirgeoirí agus d’allmhaireoirí agus faoin mhéid iomlán atá dlite i gcomhair a leithdháilte cuóta uasta ríofa le haghaidh na bliana féilire dár gcionn, agus faoin spriocdháta chun an íocaíocht a chur i gcrích. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe mionsonraithe le haghaidh íocaíocht an mhéid dhlite a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Féadfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí gan íoc ach as cuid den leithdháileadh cuóta uasta ríofa a thairgtear dóibh. Sa chás sin, leithdháilfear do na táirgeoirí agus do na hallmhaireoirí sin an cuóta atá comhfhreagrach leis an íocaíocht a dhéantar faoin spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Go dtí an 31 Nollaig 2027, athdháilfidh an Coimisiún an cuóta nach ndearnadh íocaíocht ina leith faoin spriocdháta socraithe, saor in aisce, do na táirgeoirí agus do na hallmhaireoirí sin amháin a d’íoc an méid iomlán atá dlite i gcomhair a leithdháilte cuóta uasta ríofa dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus a rinne dearbhú dá dtagraítear i mír 3. Déanfar an t-athdháileadh sin ar bhonn sciar gach tairgeora nó gach allmhaireora den tsuim de na cuótaí uasta ríofa uile a thairgeadh do na táirgeoirí agus do na hallmhaireoirí sin, agus a íocadh ina n-iomlán acu. Ón 1 Eanáir 2028, cuirfear ar ceal an cuóta nach mbeidh íocaíocht déanta ina leith faoin spriocdháta socraithe.

Údarófar don Choimisiún gan an chainníocht uasta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII a leithdháileadh ina hiomlán agus gan cuóta breise a leithdháileadh, mar theagmhas le haghaidh fadhbanna cur chun feidhme le linn na tréimhse leithdháilte.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun mír 5 den Airteagal seo a leasú maidir leis na méideanna atá dlite don leithdháileadh cuótaí agus maidir leis an sásra chun an cuóta atá fágtha a leithdháileadh, chun boilsciú a chúiteamh.

7.   Gach bliain, nó níos minice tar éis iarraidh a bhfuil bunús léi ó údarás inniúil de chuid Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, measúnú ar thionchar an chórais um laghdú céimnitheach an chuóta a leagtar síos in Iarscríbhinn VII ar mhargadh teaschaidéil an Aontais agus aird á tabhairt ar thosca ábhartha, go háirithe forbairt praghsanna gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear i Roinn I d’Iarscríbhinn I ráta fáis na dteaschaidéal a bhfuil na gáis sin fós ag teastáil ina leith, glacadh teicneolaíochta malartaí sa mhargadh agus staid na sprice maidir le ráta úsáide teaschaidéil dá bhforáiltear faoi Phlean REPowerEU. Déanfaidh an Coimisiún na conclúidí ó na measúnuithe sin a áireamh sa Tuarascáil Bhliantúil ábhartha ar Ghníomhaíochtaí maidir le Gníomhú ar son na hAeráide.

I gcás ina léireofar sa mheasúnú géarghanntanas gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I chun teaschaidéil a úsáid a d’fhéadfadh baint amach spriocanna imscartha teaschaidéal REPowerEU a chur i mbaol, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn VII a leasú chun go bhféadfar cainníocht gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur ar an margadh, de bhreis ar na cuótaí faoi Iarscríbhinn VII, suas le 4 410 247 tona de choibhéis CO2, in aghaidh na bliana, don tréimhse 2025-2026 agus suas le 1 425 536 tona de choibhéis CO2, in aghaidh na bliana, don tréimhse 2027-2029 faoi seach.

I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír den Airteagal seo, dáilfear an cuóta breise ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí a thuairiscigh faoi Airteagal 26, an bhliain roimhe sin, maidir le húsáid teaschaidéil mar cheann de na príomhchatagóirí cur i bhfeidhm ina n-úsáidtear an tsubstaint, tar éis dóibh iarraidh a chur isteach tríd an Tairseach F-gás.

8.   Is é a bheidh san ioncam a ghinfear ón méid leithdháilte cuóta ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26). Leithdháilfear an t-ioncam sin do chlár LIFE agus do Cheannteideal 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Riarachán Poiblí Eorpach), chun na costais a chumhdach a bhaineann leis an bhfoireann sheachtrach atá ag obair ar bhainistiú an leithdháilte cuóta, na seirbhísí TF, agus na seirbhísí ceadúnaithe chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus chun comhlíonadh an Phrótacail a áirithiú. An t-ioncam a úsáidfear chun na costais sin a chumhdach, ní rachaidh sé thar an uasmhéid bliantúil EUR 3 mhilliún. Aon ioncam atá fágtha tar éis na costais sin a chumhdach, cuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais iad.

Airteagal 18

Coinníollacha le haghaidh clárú agus leithdháiltí cuóta a fháil

1.   Ní leithdháilfear cuóta ach amháin ar tháirgeoirí nó ar allmhaireoirí a bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas, nó a rinne ionadaí aonair a cheapadh a bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas a ghlacann an fhreagracht iomlán as an Rialachán seo agus ceanglais Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a chomhlíonadh. Féadfaidh an t-ionadaí aonair a bheith mar an gcéanna leis an ionadaí ceaptha de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

2.   Táirgeoirí agus allmhaireoirí a bhfuil taithí acu ar ghníomhaíochtaí trádála ceimiceán nó ar threalamh cuisniúcháin, aerchóiriúcháin, trealamh cosanta ar dhóiteáin nó teaschaidéil a sheirbhísiú le haghaidh 3 bliana as a chéile roimh an tréimhse leithdháilte cuóta, ní fhéadfaidh ach na hallmhaireoirí agus na táirgeoirí sin dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 17(3) a chur isteach nó leithdháileadh cuóta a fháil ar an mbonn sin, de bhun Airteagal 17(4). Cuirfidh na táirgeoirí agus na hallmhaireoirí fianaise dá réir sin faoi bhráid an Choimisiúin, arna iarraidh sin.

3.   Chun táirgeoirí agus allmhaireoirí a chlárú sa Tairseach F-gás, cuirfidh siad seoladh fisiciúil ar fáil ina bhfuil an gnóthas suite agus óna ndéanann sé a ghnó. Ní dhéanfar ach gnóthas amháin a chlárú faoin seoladh fisiciúil céanna.

Chun dearbhú cuóta a chur isteach de bhun Airteagal 17(3) agus d’fhonn leithdháileadh cuóta a fháil de bhun Airteagal 17(4), agus d’fhonn luachanna tagartha a chinneadh de bhun Airteagal 17(1) chomh maith, measfar mar aon ghnóthas amháin na gnóthais uile a bhfuil an t-úinéir tairbhiúil céanna acu. Beidh an gnóthas aonair sin, arb é an gnóthas a chláraítear sa Tairseach F-gás sa chéad áit é, mura sonraíonn an t-úinéir tairbhiúil a mhalairt, agus an gnóthas sin amháin, i dteideal luach tagartha de bhun Airteagal 17(1) agus i dteideal leithdháileadh cuóta de bhun Airteagal 17(4).

Airteagal 19

Táirgí nó trealaimh arna réamhluchtú le hidreafluaracarbóin

1.   Trealamh cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin, teaschaidéil agus análóirí dáileoige méadraithe arna réamhluchtú le substaintí a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, ní chuirfear ar an margadh iad ach amháin má chuirtear na substaintí sin ar réamhluchtaíodh na táirgí nó an trealamh leo san áireamh laistigh den chóras cuótaí dá dtagraítear sa Chaibidil seo.

Beidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach sa chéad fhomhír maidir le hanálóirí dáileoige méadraithe den sórt sin ón 1 Eanáir 2025.

2.   Agus táirgí nó trealamh réamhluchtaithe dá dtagraítear i mír 1 á gcur ar an margadh, áiritheoidh monaróirí agus allmhaireoirí táirgí nó trealaimh go ndéanfar comhlíonadh le mír 1 a dhoiciméadú go hiomlán agus déanfaidh siad dearbhú comhréireachta a tharraingt suas ina leith sin.

Trí dhearbhú comhlíonta a tharraingt suas, gabhfaidh monaróirí agus allmhaireoirí táirgí nó trealaimh freagracht orthu féin maidir leis an mír seo agus le mír 1 a chomhlíonadh.

Coimeádfaidh monaróirí agus allmhaireoirí táirgí nó trealaimh an doiciméadacht agus an dearbhú comhréireachta ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón tráth a chuirtear na táirgí nó an trealamh sin ar an margadh agus cuirfidh siad ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún iad.

3.   I gcás nár cuireadh hidreafluaracarbóin atá sna táirgí nó sa trealamh dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh roimh luchtú na dtáirgí nó an trealaimh, áiritheoidh allmhaireoirí na dtáirgí nó an trealaimh sin, faoin 30 Aibreán 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, go ndearbhófar cruinneas na doiciméadachta agus an dearbhaithe comhréireachta agus fírinneacht a dtuarascála de bhun Airteagal 26(7), don bhliain féilire roimhe sin, ar leibhéal réasúnta cinnteachta ag iniúchóir neamhspleách a chláraítear sa Tairseach F-gás.

Beidh an t-iniúchóir neamhspleách sin:

(a)

creidiúnaithe de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27); nó

(b)

creidiúnaithe chun ráitis airgeadais a fhíorú i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe mionsonraithe a bhaineann leis an dearbhú comhréireachta dá dtagraítear i mír 2, leis an bhfíorú ag an iniúchóir neamhspleách agus le creidiúnú iniúchóirí a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

5.   Déanfaidh allmhaireoir táirgí nó trealaimh dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas, ionadaí aonair a cheapadh a bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas agus a ghlacann an fhreagracht iomlán maidir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh. Féadfaidh an t-ionadaí aonair a bheith mar an gcéanna leis an ionadaí ceaptha de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

6.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gnóthais a chuir níos lú ná 10 dtona de choibhéis CO2 de hidreafluaracarbóin ar an margadh, in aghaidh na bliana, arna choinneáil sna táirgí nó sa trealamh dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 20

Tairseach F-gás

1.   Cuirfidh an Coimisiún córas leictreonach ar bun chun an córas cuóta a bhainistiú, ceanglais ceadúnaithe allmhairithe agus onnmhairithe, agus oibleagáidí tuairiscithe maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe (‘an Tairseach F-gás’), agus áiritheoidh sé oibriú an chórais sin.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún idirnascadh na Tairsí F-gás le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custaim trí Chóras Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim (CSW-CERTEX AE) arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit idirnascadh a dtimpeallachtaí ionaid ilfhreastail maidir le custaim le CSW-CERTEX AE d’fhonn faisnéis a mhalartú leis an Tairseach F-gás.

4.   Beidh clárú bailí ag gnóthais sa Tairseach F-gás sula ndéanfaidh siad aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

allmhairiú nó onnmhairiú gás ceaptha teasa fluairínithe, agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, seachas i gcás stóráil shealadach mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (17), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(b)

dearbhú a chur isteach de bhun Airteagal 17(3);

(c)

leithdháileadh cuóta a fháil maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 17(4), nó aistriú cuóta a dhéanamh nó a fháil i gcomhréir le hAirteagal 21(1), nó údarú chun cuóta a úsáid a fháil nó a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 21(2), nó an t-údarú sin chun cuóta a úsáid a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 21(3);

(d)

hidreafluaracarbóin a sholáthar, nó a fháil, chun na gcríoch a liostaítear in Airteagal 16(2), pointí (a) go (e);

(e)

na gníomhaíochtaí eile ar fad a dhéanamh ar gá iad a thuairisciú faoi Airteagal 26;

(f)

cearta táirgthe a fháil de bhun Airteagal 14 agus aistriú agus údarú ceart táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 15 a dhéanamh nó a fháil;

(g)

tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 19(3) agus in Airteagal 26(8) a fhíorú.

Ní bheidh an clárú bailí sa Tairseach F-gás go dtí go bhfíoróidh an Coimisiún é agus beidh sé bailí chomh fada agus nach gcuirfidh an Coimisiún ar fionraí é nó nach gcúlghairfidh sé é nó nach dtarraingeoidh an gnóthas siar é.

5.   Is é atá i gclárú bailí sa Tairseach F-gás tráth an allmhairithe nó an onnmhairithe ceadúnas a cheanglaítear faoi Airteagal 22.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, a mhéid is gá, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha clárúcháin a shoiléiriú sa Tairseach F-gás chun feidhmiú rianúil na Tairsí F-gás agus comhoiriúnacht le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custaim a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

7.   Beidh rochtain ag údaráis inniúla, lena n-áirítear údaráis chustaim an Bhallstáit, ar an Tairseach F-gás chun cur chun feidhme na gceanglas agus na rialuithe ábhartha a chumasú. Áiritheofar go mbeidh rochtain ag údaráis chustaim ar an Tairseach F-gás trí Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custaim.

Áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún rúndacht na sonraí a áirítear sa Tairseach F-gás.

Tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an leithdháileadh a thabhairt chun críche do bhliain áirithe, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas ar fáil go poiblí:

(a)

liosta de shealbhóirí cuóta;

(b)

liosta de na gnóthais atá faoi réir na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 26.

8.   Aon iarraidh ó tháirgeoirí agus ó allmhaireoirí chun an fhaisnéis a thaifead siad sa Tairseach F-gás maidir le haistrithe cuóta dá dtagraítear in Airteagal 21(1), údaruithe chun cuóta a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 21(2) nó tarmligean údaruithe dá dtagraítear in Airteagal 21(3) a cheartú, déanfar é a chur in iúl, le toiliú na ngnóthas uile a bhaineann leis an idirbheart, don Choimisiún gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí faoin 31 Márta den bhliain ina dhiaidh sin inar taifeadadh aistriú an chuóta nó an t-údarú chun an cuóta a úsáid, nó tarmligean an údaraithe, de réir mar is iomchuí. Tabharfar bunús leis an iarraidh le fianaise lena suífear go mbaineann sí le hearráid chléireachais.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, iarrataí chun sonraí a bhfuil tionchar diúltach acu ar theidlíochtaí táirgeoirí agus allmhaireoirí eile nach mbaineann leis an idirbheart foluiteach a cheartú, diúltófar dóibh.

Airteagal 21

Cuóta a aistriú agus údarú chun cuóta a úsáid chun hidreafluaracarbóin i dtrealamh allmhairithe a chur ar an margadh

1.   Féadfaidh aon táirgeoir nó aon allmhaireoir ar cinneadh luach tagartha ar a shon de bhun Airteagal 17(1) a leithdháileadh cuóta a aistriú sa Tairseach F-gás ar bhonn Airteagal 17(4), faoi mar a bhaineann sé le gach cainníocht nó le haon chainníocht chuig táirgeoir nó allmhaireoir eile san Aontas nó chuig táirgeoir nó allmhaireoir eile a ndéanann ionadaí aonair dá dtagraítear in Airteagal 18(1) ionadaíocht thar a cheann san Aontas.

Ní dhéanfar cuóta a aistrítear faoin gcéad fhomhír a aistriú an dara huair.

2.   Aon tairgeoir nó aon allmhaireoir ar cinneadh luach tagartha ar a shon de bhun Airteagal 17(1), féadfaidh sé a údarú sa Tairseach F-gás do ghnóthas san Aontas nó do ghnóthas a ndéanann ionadaí aonair dá dtagraítear in Airteagal 19(5) ionadaíocht thar a cheann san Aontas, a chuóta iomlán nó cuid de a úsáid chun trealamh réamhluchtaithe dá dtagraítear in Airteagal 19 a allmhairiú.

Measfar gur chuir an táirgeoir nó an t-allmhaireoir údaraithe na cainníochtaí hidreafluaracarbón faoi seach ar an margadh tráth an údaraithe.

3.   Féadfaidh aon ghnóthas a fhaigheann údaruithe an t-údarú sin chun cuóta a úsáid a fuarthas i gcomhréir le mír 2 a tharmligean sa Tairseach F-gás chuig gnóthas d’fhonn trealamh réamhluchtaithe dá dtagraítear in Airteagal 19 a allmhairiú. Ní dhéanfar údarú tarmligthe a tharmligean don dara huair.

4.   Ní bheidh aistrithe cuóta, údaruithe chun cuóta a úsáid agus tarmligean údaruithe a dhéantar tríd an Tairseach F-gás bailí ach amháin má ghlacann an gnóthas leis tríd an Tairseach F-gás.

CAIBIDIL V

Trádáil

Airteagal 22

Allmhairí agus onnmhairí

1.   Allmhairiú agus onnmhairiú gás ceaptha teasa fluairínithe agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, beidh sé faoi réir ceadúnas bailí arna chur faoi bhráid údaráis chustaim arna eisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20(4) agus (5), ach amháin i gcás stóráil shealadach.

Níl feidhm ag an mír seo maidir le táirgí agus trealamh ar sealúchas pearsanta iad.

2.   Measfar gáis ceaptha teasa fhluairínithe a allmhairítear isteach san Aontas mar gháis íona.

3.   Ón 12 Márta 2025, cuirfear toirmeasc ar onnmhairiú cúr, aerasóil theicniúla, trealaimh cuisniúcháin dho-aistrithe, trealaimh aerchóiriúcháin dho-aistrithe agus teaschaidéal do-aistrithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 1 000 nó níos mó a GWP nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú.

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach sa chéad fhomhír maidir le trealamh míleata ná maidir le táirgí agus trealamh is féidir a chur ar an margadh san Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcásanna de chineál eisceachtúil, tar éis iarraidh a bhfuil bunús léi a fháil ó údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, onnmhairiú na dtáirgí agus an trealaimh dá dtagraítear i mír 3 a údarú, i gcás ina léirítear, i bhfianaise luach eacnamaíoch agus shaolré ionchasach atá fágtha ag an earra shonraigh, go gcuirfeadh toirmeasc ar onnmhairiú ualach díréireach ar an onnmhaireoir. Ní cheadófar onnmhairí den sórt sin ach amháin má bhíonn siad i gcomhréir le dlí náisiúnta na tíre cinn scríbe.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

5.   Déanfaidh gnóthais a bhfuil bunaíocht acu laistigh den Aontas gach beart is gá chun a áirithiú nach sáróidh onnmhairiú trealaimh cuisniúcháin agus trealaimh aerchóiriúcháin agus teaschaidéil na srianta ar allmhairí a bhfuil fógra tugtha ina leith faoin bPrótacal ag an stát allmhairiúcháin.

Airteagal 23

Rialuithe trádála

1.   Déanfaidh údaráis custam agus údaráis um fhaireachas margaidh na toirmisc agus na srianta eile a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hallmhairí agus onnmhairí a fhorfheidhmiú.

2.   Chun críocha scaoileadh i saorchúrsaíocht, is é an t-allmhaireoir a luaitear sa dearbhú custam a bheidh sa ghnóthas a shealbhaíonn cuóta nó údaruithe chun cuóta a úsáid mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo, agus a chláraítear sa Tairseach F-gás de bhun Airteagal 20.

Chun críche allmhairithe seachas scaoileadh i saorchúrsaíocht, is é an dearbhóir a luaitear sa dearbhú custam a bheidh sa ghnóthas a chláraítear sa Tairseach F-gás de bhun Airteagal 20 a bheidh ina dhearbhóir a léirítear sa dearbhú custam ar sealbhóir an údaraithe é le haghaidh nós imeachta speisialta nach nós imeachta idirthurais é, ach amháin má aistrítear cearta agus oibleagáidí de bhun Airteagal 218 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 chun ligean do dhuine eile a bheith ina dhearbhóir. I gcás nós imeachta idirthurais, is é an gnóthas a shealbhaíonn cuóta nó údaruithe chun cuóta a úsáid mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo a bheidh sa sealbhóir nós imeachta.

Chun críocha onnmhairithe, is é an t-onnmhaireoir a luaitear sa dearbhú custam a bheidh sa ghnóthas a chláraítear sa Tairseach F-gás de bhun Airteagal 20.

3.   I gcásanna ina n-allmhairítear gáis ceaptha teasa fhluairínithe agus táirgí agus trealamh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, is é an t-allmhaireoir, nó, i gcás nach bhfuil an t-allmhaireoir ar fáil, an dearbhóir, a luaitear sa dearbhú custam nó sa dearbhú stórais shealadaigh, agus i gcásanna onnmhairithe, is é an t-onnmhaireoir a luaitear sa dearbhú custam, a chuirfidh an fhaisnéis seo a leanas ar fáil d’údaráis chustaim, i gcás inarb ábhartha, sa dearbhú custam:

(a)

uimhir aitheantais chláraithe na Tairsí F-gas;

(b)

an uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI);

(c)

glanmhais na mbulcghás agus na ngás atá i dtáirgí agus i dtrealamh, agus i gcodanna díobh;

(d)

an cód tráchtearra faoina aicmítear na hearraí;

(e)

na tonaí de choibhéis CO2 de bhulcgháis agus de gháis atá i dtáirgí agus i dtrealamh, agus i gcodanna díobh.

4.   Déanfaidh údaráis custam a fhíorú go háirithe, i gcásanna scaoileadh i saorchúrsaíocht, an bhfuil cuóta nó údaruithe chun cuóta a úsáid ag an allmhaireoir a luaitear sa dearbhú custam, mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo sula scaoiltear na hearraí i saorchúrsaíocht. Áiritheoidh údaráis custam i gcásanna allmhairithe go bhfuil an t-allmhaireoir a luaitear sa dearbhú custam, nó i gcás nach bhfuil sé ar fáil, go bhfuil an dearbhóir, agus i gcásanna onnmhairithe, go bhfuil an t-onnmhaireoir a luaitear sa dearbhú custam, cláraithe sa Tairseach F-gás de bhun Airteagal 20.

5.   I gcás inarb ábhartha, cuirfidh údaráis chustaim faisnéis maidir le himréiteach custaim na n-earraí in iúl don Tairseach F-gás trí Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custaim.

6.   Allmhaireoirí gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, i gcoimeádáin is féidir a athlíonadh, cuirfidh siad ar fáil d’údaráis chustaim an tráth a chuirtear isteach an dearbhú custaim a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht, dearbhú comhréireachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 11(4), lena n-áirítear fianaise lena ndeimhnítear na socruithe atá i bhfeidhm maidir le filleadh an choimeádáin chun é a athlíonadh.

7.   Cuirfidh allmhaireoirí gás ceaptha teasa fluairínithe ar fáil d’údaráis chustaim an tráth a chuirtear isteach an dearbhú custam a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(6).

8.   Cuirfear an dearbhú comhréireachta agus an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 19(2) ar fáil d’údaráis chustaim an tráth a chuirtear isteach an dearbhú custam a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht.

9.   Déanfaidh údaráis chustaim comhlíonadh na rialacha maidir le hallmhairithe agus onnmhairithe a leagtar amach sa Rialachán seo a fhíorú, agus na rialuithe bunaithe ar anailís riosca á ndéanamh acu i gcomhthéacs an Chórais Bainistíochta Riosca Custam agus i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Cuirfear i gcuntas leis an anailís riosca sin, go háirithe, aon fhaisnéis atá ar fáil faoin dóchúlacht gurb ann do thrádáil neamhdhleathach i ngáis ceaptha teasa fhluairínithe agus stair chomhlíontachta an ghnóthais lena mbaineann.

10.   Bunaithe ar anailís riosca, agus rialuithe custam fisiciúla á ndéanamh acu ar na substaintí, na táirgí agus an trealamh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh na húdaráis chustaim, go háirithe, na nithe seo a leanas a fhíorú maidir le hallmhairithe agus onnmhairithe:

(a)

go gcomhfhreagraíonn na hearraí a chuirtear i láthair do na hearraí sin ar a dtugtar tuairisc sa cheadúnú agus sa dearbhú custam;

(b)

nach dtagann an táirge nó an trealamh a chuirtear i láthair faoi na toirmisc dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus (3);

(c)

go ndéantar na hearraí a lipéadú go cuí i gcomhréir le hAirteagal 12 sula scaoiltear na hearraí sin i saorchúrsaíocht.

Déanfaidh an t-allmhaireoir nó i gcás nach bhfuil an t-allmhaireoir ar fáil, an dearbhóir, nó an t-onnmhaireoir, de réir mar is iomchuí, an ceadúnas ar fáil d’údaráis chustaim le linn na rialuithe i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

11.   Déanfaidh údaráis chustaim nó údaráis um fhaireachas margaidh na bearta uile is gá chun cosc a chur ar iarrachtaí na substaintí, na táirgí agus an trealamh a chumhdaítear faoin Rialachán seo a allmhairiú nó a onnmhairiú, ar substaintí nó táirgí iad a raibh cosc cheana orthu a bheith ag dul isteach sa chríoch nó ag imeacht aisti.

12.   Déanfaidh údaráis chustaim coimeádáin nach féidir a athlíonadh a choigistiú nó a urghabháil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 11(3), an dara fomhír, pointe (a), den Rialachán seo, ar coimeádáin iad a thoirmeasctar leis an Rialachán seo lena ndiúscairt trí scriosadh i gcomhréir le hAirteagail 197 agus 198 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 nó cuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas chun a áirithiú go ndéanfar coimeádáin den sórt sin a choigistiú agus a urghabháil, lena ndiúscairt trí scriosadh. Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh freisin coimeádáin den sórt sin a tharraingt siar nó a aisghairm ón margadh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/1020.

I gcásanna eile, nach dtagraítear dóibh sa chéad fhomhír, ina ndéantar allmhairiú, soláthar ina dhiaidh sin, nó onnmhairiú neamhdhleathach de shárú ar an Rialachán seo, go háirithe i gcás ina gcuirtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, ar an margadh ar an mórchóir nó i dtáirgí agus i dtrealamh de shárú ar an gcuóta agus ar na ceanglais údarúcháin a leagtar amach sa Rialachán seo, féadfaidh údaráis chustaim nó údaráis um fhaireachas margaidh bearta malartacha a dhéanamh. Féadfar ceantáil a áireamh ar na bearta sin ar choinníoll go mbeidh an cur ar an margadh ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Cuirfear toirmeasc ar onnmhairiú gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, Roinn 1, ar suíodh neamhchomhlíonadh ina leith tar éis iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht.

13.   Ainmneoidh nó formheasfaidh Ballstáit oifigí custam nó áiteanna eile agus sonróidh siad an bealach chuig na hoifigí nó na háiteanna sin, i gcomhréir le hAirteagail 135 agus 267 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, chun na gás ceaptha teasa fluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, agus na táirgí agus an trealamh a liostaítear in Airteagal 19 den Rialachán seo a chur faoi bhráid na n-údarás custaim, ar theacht isteach dóibh i gcríoch chustaim an Aontais, nó ar imeacht aisti dóibh. Is pearsanra oifige custaim nó daoine údaraithe eile a dhéanfaidh rialuithe i gcomhréir le rialacha náisiúnta, ar pearsanra nó daoine iad a bheidh eolach faoi chúrsaí a bhaineann le cosc a chur ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a mbeidh rochtain acu ar threalamh oiriúnach chun na rialuithe fisiceacha ábhartha a dhéanamh bunaithe ar anailís riosca.

Ní údarófar ach na hoifigí custaim nó na háiteanna eile ainmnithe nó formheasta dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun tús nó deireadh a chur le nós imeachta idirthurais na ngás agus na dtáirgí nó an trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 24

Bearta chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil neamhdhleathach

1.   Ar bhonn faireachán rialta ar thrádáil gás ceaptha teasa fluairínithe agus measúnú ar na rioscaí féideartha maidir le trádáil neamhdhleathach a bhaineann le gluaiseachtaí gás ceaptha teasa fluairínithe agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir a shonrú a bheidh le cur san áireamh ag údaráis inniúla na mBallstát agus seiceálacha á ndéanamh acu, i gcomhréir le hAirteagal 29, chun a shuí an bhfuil a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh ag gnóthais;

(b)

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais a shonrú a bheidh le seiceáil agus faireachán á dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 23, ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe, agus ar tháirgí agus ar threalamh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, a chuirtear faoi stóráil shealadach nó faoi nós imeachta custam, lena n-áirítear nós imeachta stórasaithe custam nó an nós imeachta saorchreasa, nó atá ar idirthuras trí chríoch chustam an Aontais;

(c)

an Rialachán seo a leasú trí mhodheolaíochtaí rianaithe a chur leis i gcomhair gáis ceaptha teasa fhluairínithe a chuirtear ar an margadh chun faireachán a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 22, ar allmhairí agus onnmhairí gás ceaptha teasa fluairínithe, agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, a chuirtear faoi stóráil shealadach nó faoi nós imeachta custam.

2.   Agus gníomh tarmligthe á ghlacadh aige faoi mhír 1, cuirfidh an Coimisiún san áireamh sochair chomhshaoil agus tionchair shocheacnamaíocha na modheolaíochta atá le bunú faoi phointí (a), (b) agus (c) den mhír sin.

Airteagal 25

Trádáil le Stáit nó le heagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíoch agus críocha nach gcumhdaítear leis an bPrótacal

1.   Allmhairiú agus onnmhairiú hidreafluaracarbón agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil hidreafluaracarbóin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, ó aon Stát nó chuige nó aon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch nár chomhaontaigh chun bheith faoi cheangal ag forálacha an Phrótacail is infheidhme maidir leis na gáis sin, cuirfear toirmeasc orthu sin ón 1 Eanáir 2028.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha is infheidhme maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht agus maidir le hallmhairiú táirgí agus trealaimh a onnmhairítear ó aon Stát nó aon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch nó a allmhairítear chuig aon stát nó aon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch de réir bhrí mhír 1, ar táirgí agus trealamh iad a táirgeadh trí úsáid a bhaint as hidreafluaracarbóin ach nach bhfuil aon gháis iontu is féidir a shainaithint mar hidreafluaracarbóin, chomh maith leis na rialacha maidir le sainaithint táirgí agus trealaimh den sórt sin, a bhunú. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, déanfaidh an Coimisiún na cinntí ábhartha a rinne na Páirtithe sa Phrótacal agus, a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le sainaithint táirgí agus trealaimh den sórt sin, aon chomhairle thréimhsiúil theicniúil a tugadh do na Páirtithe sa Phrótacal a chur san áireamh.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar trádáil le haon Stát nó eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch de réir bhrí mhír 1, ar trádáil í i hidreafluaracarbóin. agus i dtáirgí agus trealamh ina bhfuil hidreafluaracarbóin nó a bhfuil a fheidhmíocht ag brath ar na gáis sin nó a tháirgtear trí úsáid a bhaint as gás amháin nó níos mó den sórt sin, a údarú ag an gCoimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a mhéid a chinntear ag cruinniú de na Páirtithe sa Phrótacal de bhun Airteagal 4(8) den Phrótacal go bhfuil an Prótacal ina iomláine comhlíonta ag an Stát nó ag an eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch agus go bhfuil sonraí curtha isteach aige chuige sin, de réir mar a shonraítear in Airteagal 7 den Phrótacal. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

4.   Faoi réir aon chinnidh arna ghlacadh ag na Páirtithe sa Phrótacal, dá dtagraítear i mír 2, beidh feidhm ag mír 1 maidir le haon chríoch nach gcumhdaítear leis an bPrótacal ar an gcaoi chéanna a bhfuil feidhm aici maidir le haon Stát nó le haon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch de réir bhrí mhír 1.

5.   Más rud é go bhfuil an Prótacal á chomhlíonadh ina iomláine ag údaráis críche nach gcumhdaítear leis an bPrótacal agus más rud é go bhfuil sonraí chuige sin curtha isteach acu, de réir mar a shonraítear in Airteagal 7 den Phrótacal, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nach mbeidh feidhm ag forálacha uile mhír 1 den Airteagal seo nó ag cuid díobh maidir leis an gcríoch sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

CAIBIDIL VI

Sonraí astaíochtaí a thuairisciú agus a bhailiú

Airteagal 26

Tuairisciú ag gnóthais

1.   Faoin 31 Márta 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach táirgeoir, allmhaireoir agus onnmhaireoir a tháirg, a d’allmhairigh nó a d’onnmhairigh hidreafluaracarbóin nó cainníochtaí a sháraíonn tona méadrach amháin nó 100 tona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe eile le linn na bliana féilire roimhe sin na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le gach gnóthas a fhaigheann cuóta de bhun Airteagal 21(1).

Faoin 31 Márta 2024 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach táirgeoir nó allmhaireoir ar leithdháileadh cuóta orthu de bhun Airteagal 17(4), nó ar aistríodh cuóta chucu de bhun Airteagal 21(1), ach nár chuir aon chainníochtaí hidreafluaracarbón ar an margadh le linn na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún trí ‘thuarascáil nialais’ a chur isteach.

2.   Faoin 31 Márta 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a scrios hidreafluaracarbóin nó cainníochtaí de gháis ceaptha teasa fhluairínithe eile a sháraíonn tona méadrach amháin nó 100 tona de choibhéis CO2 le linn na bliana féilire roimhe sin na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.

3.   Faoin 31 Márta 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a d’úsáid 1 000 tona de choibhéis CO2 nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I mar bhunábhar le linn na bliana féilire roimhe sin na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.

4.   Faoin 31 Márta 2025, agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a chuir 10 tona de choibhéis CO2 nó níos mó de hidreafluaracarbóin, nó 100 tona de choibhéis CO2 nó níos mó de gháis ceaptha teasa fhluairínithe eile, i dtáirgí nó i dtrealamh, ar an margadh le linn na bliana féilire roimhe sin na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.

5.   Faoin 31 Márta 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a fuair aon chainníochtaí hidreafluaracarbón dá dtagraítear in Airteagal 16(2) na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.

Faoin 31 Márta 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach táirgeoir nó allmhaireoir a chuir hidreafluaracarbóin ar an margadh chun análóirí dáileoige méadraithe a tháirgeadh chun comhábhair chógaisíochta a sholáthar na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX. Déanfaidh monaróirí na n-análóirí dáileoige méadraithe sin na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir leis na hidreafluaracarbóin a fuarthas.

6.   Faoin 31 Márta 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a mhínghlan cainníochtaí a sháraíonn 1 tona méadrach nó 100 tona de choibhéis CO2 de gháis ceaptha teasa fhluairínithe na sonraí a thuairisciú don Choimisiún a shonraítear in Iarscríbhinn IX maidir le gach ceann de na substaintí sin don bhliain féilire sin.

7.   Faoin 30 Aibreán 2025, agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach allmhaireoir trealaimh a chuir trealamh réamhluchtaithe dá dtagraítear in Airteagal 19 ar an margadh ina raibh 1 000 tona ar a laghad de choibhéis CO2 de hidreafluaracarbóin, agus i gcás nár cuireadh na hidreafluaracarbóin sin ar an margadh roimh luchtú an trealaimh, tuarascáil fíoraithe a eisíodh de bhun Airteagal 19(3) a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

8.   Faoin 30 Aibreán 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a thuairiscíonn, faoi mhír 1, 1 000 tona de choibhéis CO2 nó níos mó de hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh le linn na bliana féilire roimhe sin, ina theannta sin, a áirithiú go ndéanfar fírinneacht a thuarascála a chinntiú, ar leibhéal réasúnta cinnteachta, ag iniúchóir neamhspleách. Beidh an t-iniúchóir cláraithe sa Tairseach F-gás agus beidh an t-iniúchóir creidiúnaithe:

(a)

de bhun Treoir 2003/87/CE; nó

(b)

chun ráitis airgeadais a fhíorú i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann.

Déanfar na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 16(2), pointe (c), a fhíorú gan beann ar na cainníochtaí atá i gceist.

Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ghnóthas a áirithiú go ndeimhneoidh iniúchóir neamhspleách fírinneacht a thuarascála ar leibhéal réasúnta cinnteachta, gan beann ar na cainníochtaí atá i gceist, i gcás inar gá sin chun a dheimhniú go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag an ngnóthas sin.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraí an fhíoraithe tuarascálacha agus creidiúnú na n-iniúchóirí a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

9.   Déanfar an tuairisciú agus an fíorú uile dá dtagraítear san Airteagal seo tríd an Tairseach F-gás.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid ina gcuirfear isteach na tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal seo a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 27

Sonraí astaíochtaí a bhailiú

Cuirfidh na Ballstáit córais tuairiscithe ar bun maidir leis na hearnálacha ábhartha dá dtagraítear sa Rialachán seo, arb é is aidhm dóibh sonraí astaíochtaí a fháil.

Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, taifeadadh na faisnéise a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 7 a éascú trí chóras leictreonach láraithe.

Féadfaidh an Coimisiún treoir a chur ar fáil maidir le dearadh an chórais láraithe leictreonaigh ag na Ballstáit.

CAIBIDIL VII

Forfheidhmiú

Airteagal 28

Comhar agus faisnéis a mhalartú

1.   I gcás ina gceanglaítear é chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, rachaidh údaráis inniúla gach Ballstáit, lena n-áirítear údaráis chustaim, údaráis um fhaireachas margaidh, údaráis chomhshaoil agus aon údarás inniúil eile a bhfuil feidhmeanna cigireachta acu, i gcomhar le chéile, le húdaráis inniúla Ballstát eile, leis an gCoimisiún agus, más gá, le húdaráis riaracháin tríú tíortha.

I gcás ina bhfuil gá le comhar le húdaráis chustaim chun cur chun feidhme cuí an Chórais Bainistíochta Riosca Custam a áirithiú, cuirfidh na húdaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis go léir is gá ar fáil do na húdaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

2.   I gcás ina mbraitheann na húdaráis chustaim, na húdaráis um fhaireachas margaidh nó aon údarás inniúil eile de chuid Ballstáit sárú ar an Rialachán seo, tabharfaidh an t-údarás inniúil sin fógra don údarás comhshaoil nó, murar ábhartha é, d’aon údarás eile atá freagrach as forfheidhmiú na bpionós i gcomhréir le hAirteagal 31.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a n-údaráis inniúla in ann rochtain a bheith acu go héifeachtúil ar aon fhaisnéis is gá le haghaidh fhorfheidhmiú an Rialacháin seo, agus gur féidir leo an fhaisnéis sin a mhalartú eatarthu go héifeachtúil. Áireofar i bhfaisnéis den sórt sin sonraí a bhaineann le custam, faisnéis faoi úinéireacht agus stádas airgeadais, aon sárú ar dhlí an chomhshaoil, chomh maith le sonraí a thaifeadtar sa Tairseach F-gás.

Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil freisin d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún nuair is gá leis chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú. Tabharfaidh údaráis inniúla fógra don Choimisiún láithreach faoi sháruithe ar Airteagal 16(1).

4.   Déanfaidh údaráis inniúla údaráis inniúla na mBallstát eile a chur ar an eolas nuair a bhraitheann siad sárú ar an Rialachán seo ar féidir tionchar a bheith aige ar níos mó ná Ballstát amháin. Déanfaidh údaráis inniúla, go háirithe, údaráis inniúla na mBallstát eile a chur ar an eolas nuair a bhraitheann siad táirge ábhartha ar an margadh nach gcomhlíonann an Rialachán seo, chun gur féidir é a urghabháil, a choigistiú, a aistarraingt nó a aisghairm ón margadh lena dhiúscairt.

Úsáidfear an Córas Bainistíochta Riosca Custam chun faisnéis chustaim a bhaineann le riosca a mhalartú.

Déanfaidh údaráis chustaim aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le sáruithe an Rialacháin seo a mhalartú freisin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (28) agus déanfaidh siad cúnamh a iarraidh ar Bhallstáit eile agus ar an gCoimisiún i gcás inar gá.

Airteagal 29

Oibleagáid chun seiceálacha a dhéanamh

1.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát seiceálacha chun a shuí an gcomhlíonann gnóthais a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.

2.   Déanfar na seiceálacha de réir cur chuige atá rioscabhunaithe, ina gcuirtear san áireamh, go háirithe, stair chomhlíontachta na ngnóthas, an riosca neamhchomhlíontachta a bhaineann le táirge áirithe maidir leis an Rialachán seo, agus aon fhaisnéis ábhartha eile a fhaightear ón gCoimisiún, ó údaráis chustaim, ó údaráis um fhaireachas margaidh, ó údaráis chomhshaoil agus ó údaráis eile a bhfuil feidhmeanna cigireachta na mBallstát acu, nó ó údaráis inniúla tríú tíortha.

Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát seiceálacha freisin nuair atá siad i seilbh fianaise nó faisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear fianaise agus faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní a bhfuil bunús leo, arna gcur ar fáil ag tríú páirtithe nó ag an gCoimisiún, lena mbaineann neamhchomhlíonadh féideartha an Rialacháin seo.

3.   Áireofar an méid seo a leanas ar na seiceálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2:

(a)

cuairteanna ar an láthair i mbunaíochtaí chomh minic agus is iomchuí agus fíorú ar dhoiciméadacht agus ar threalamh ábhartha; agus

(b)

seiceálacha ar ardáin ar líne de bhun na míre seo.

Gan dochar do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (29) i gcás ina gceadaítear le hardán ar líne, a thagann faoi raon feidhme Chaibidil III, Roinn 4, den Rialachán sin, lena gceadaítear cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le gnóthais a thairgeann gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó táirgí agus trealamh ina bhfuil gáis den sórt sin, fíoróidh údaráis inniúla na mBallstát an gcomhlíonann an gnóthas, na gáis ceaptha teasa fhluairínithe, na táirgí nó an trealamh a thairgtear na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2022/2065 a chur ar an eolas agus oibreoidh siad i gcomhar leo chun comhlíonadh an Rialacháin sin a áirithiú.

Déanfar seiceálacha gan rabhadh roimh ré a thabhairt don ghnóthas, ach amháin i gcás inar gá fógra roimh ré a thabhairt d’fhonn éifeachtacht na seiceálacha a áirithiú. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh gnóthais gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun na húdaráis sin a chumasú chun na seiceálacha dá bhforáiltear san Airteagal seo a dhéanamh.

4.   Coimeádfaidh údaráis inniúla na mBallstát taifid ar na seiceálacha, lena léireofar iontu, go háirithe, cineál agus torthaí na seiceálacha, agus taifid ar na bearta a rinneadh i gcás neamhchomhlíontachta. Coimeádfar taifid ar na seiceálacha uile ar feadh 5 bliana ar a laghad.

5.   Ar iarraidh a fháil ó Bhallstát eile, féadfaidh Ballstát seiceálacha nó imscrúduithe foirmiúla eile a dhéanamh ar ghnóthais a bhfuil amhras ann fúthu go bhfuil siad ag gabháil do ghluaiseacht neamhdhleathach gás, táirgí nó trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus ar gnóthais iad a oibríonn ar chríoch an Bhallstáit sin. Cuirfear an Ballstát iarrthach ar an eolas faoi thoradh na seiceála nó an imscrúdaithe.

6.   Le linn na cúraimí a shanntar dó faoin Rialachán seo a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis uile is gá a iarraidh ar údaráis inniúla na mBallstát agus ar ghnóthais. Nuair atá faisnéis á hiarraidh ar ghnóthas aige, déanfaidh an Coimisiún, an tráth céanna, cóip den iarraidh a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit ar laistigh dá chríoch atá ceanncheathrú an ghnóthais suite.

7.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun go ndéanfar malartú faisnéise agus comhar leormhaith idir údaráis inniúla na mBallstát agus idir na húdaráis inniúla sin agus an Coimisiún a chur chun cinn. Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun rúndacht na faisnéise arna fáil faoin Airteagal seo a chosaint.

Airteagal 30

Sáruithe a thuairisciú agus cosaint daoine a dhéanann na sáruithe sin a thuairisciú

Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus na daoine a thuairiscíonn na sáruithe sin a chosaint.

CAIBIDIL VIII

Pionóis, fóram comhairliúcháin, nós imeachta coiste agus an tarmligean a fheidhmiú

Airteagal 31

Pionóis

1.   Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin chun feidhme. Roimh an 1 Eanáir 2026, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus cinnfear iad ag tabhairt aird chuí ar na nithe seo a leanas leo, de réir mar is infheidhme:

(a)

cineál agus tromchúis an tsáraithe;

(b)

an daonra daoine nó an timpeallacht a ndéanann an sárú difear dóibh, agus an gá atá le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol á chur san áireamh;

(c)

aon sárú roimhe sin ar an Rialachán seo ag an ngnóthas a mheastar a bheith freagrach as;

(d)

staid airgeadais an ghnóthais a mheastar a bheith freagrach as.

3.   Áireofar an méid seo a leanas ar na pionóis:

(a)

pionóis airgeadais riaracháin i gcomhréir le mír 4; féadfaidh na Ballstáit, áfach, nó de rogha air sin, pionóis choiriúla a úsáid freisin, ar choinníoll go bhfuil siad chomh héifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach céanna leis na pionóis airgeadais riaracháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo;

(b)

earraí a fuarthas go neamhdhleathach a choigistiú nó a urghabháil, nó a tharraingt siar ón margadh nó a bhaint de, nó seilbh a bheith á glacadh orthu ag údaráis inniúla na mBallstát;

(c)

toirmeasc sealadach ar na gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó na táirgí agus an trealamh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath orthu a úsáid, a tháirgeadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, nó a chur ar an margadh, i gcás sárú tromchúiseach nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile.

4.   Beidh pionóis airgeadais riaracháin dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), comhréireach leis an damáiste don chomhshaol, i gcás inarb infheidhme, agus bainfear go héifeachtach de na daoine atá freagrach as na tairbhí eacnamaíocha a eascraíonn as a sáruithe. Tiocfaidh méadú de réir a chéile ar leibhéal na bpionós airgeadais riaracháin i gcás sáruithe a dhéantar arís agus arís eile.

I gcás gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó táirgí agus trealamh ina bhfuil na gáis sin, nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, a thairgeadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur ar an margadh nó a úsáid go neamhdhleathach, is cúig oiread ar a laghad de luach margaidh na ngás nó na dtáirgí agus an trealaimh lena mbaineann a bheidh in uasmhéid an phionóis airgeadais riaracháin. I gcás ina ndéantar sáruithe den sórt sin arís agus arís eile laistigh de thréimhse 5 bliana, ocht n-uaire ar a laghad luach margaidh na ngás nó na dtáirgí agus an trealaimh lena mbaineann a bheidh in uasmhéid an phionóis airgeadais riaracháin.

5.   De bhreis ar na pionóis dá dtagraítear i mír 1, i gcás gnóthais a sháraigh a gcuóta maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh, a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 17(4), nó a aistríodh dóibh i gcomhréir le hAirteagal 21(1), ní leithdháilfear ach leithdháileadh cuóta laghdaithe dóibh le haghaidh tréimhse leithdháilte tar éis an sárú sin a bhrath.

200 % den mhéid a sáraíodh an cuóta a bheidh i méid an laghdaithe. Má tá méid an laghdaithe níos airde ná an méid a leithdháilfear i gcomhréir le hAirteagal 17(4) mar chuóta le haghaidh tréimhse leithdháilte tar éis an sárú a bhrath, ní leithdháilfear aon chuóta don tréimhse leithdháilte sin agus laghdófar an cuóta do na tréimhsí leithdháilte ina dhiaidh sin amhlaidh go dtí go n-asbhainfear an méid iomlán. Déanfar na laghduithe a thaifeadadh sa Tairseach F-gás.

Airteagal 32

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(12), Airteagal 12(18), Airteagal 16(3), Airteagal 17(6), Airteagal 24(1), Airteagal 25(2), Airteagal 35(1) agus Airteagal 35(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 11 Márta 2024.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(12), Airteagal 12(18), Airteagal 16(3), Airteagal 17(6), Airteagal 24(1), Airteagal 25(2), Airteagal 35(1) agus Airteagal 35(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(12), Airteagal 12(18), Airteagal 16(3), Airteagal 17(6), Airteagal 24(1), Airteagal 25(2), Airteagal 35(1) agus Airteagal 35(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 33

Fóram Comhairliúcháin

Bunóidh an Coimisiún Fóram Comhairliúcháin chun comhairle agus saineolas a chur ar fáil maidir le chur chun feidhme an Rialacháin seo. Is é an Coimisiún a bhunóidh rialacha nós imeachta an Fhóraim Comhairliúcháin agus foilseofar iad. Beidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach rannpháirteach san Fhóram Comhairliúcháin i gcás inarb ábhartha.

Airteagal 34

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste um gháis ceaptha teasa fhluairínithe cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL IX

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 35

Athbhreithniú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinní I, II, III agus VI a leasú a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht téimh dhomhanda na ngás arna liostú iontu, i gcás inar gá i bhfianaise Tuarascálacha Measúnaithe nua arna nglacadh ag IPCC nó tuarascálacha nua ó Phainéal Measúnaithe Eolaíoch (PME) an Phrótacail.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun na liostaí gás in Iarscríbhinní I, II agus III a leasú, i gcás inar chinn PME nó údarás eile go bhfuil tionchar suntasach ag na gáis sin ar an aeráid agus i gcás ina ndéantar gáis den sórt sin a onnmhairiú, a allmhairiú, a tháirgeadh nó a chur ar an margadh i gcainníochtaí suntasacha.

3.   Faoin 1 Iúil 2027, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh measúnú ar cé acu an bhfuil roghanna malartacha ann atá cost-éifeachtach, indéanta go teicniúil, tíosach ar fhuinneamh agus iontaofa, a fhágann gur féidir gáis ceaptha teasa fhluairínithe a ionadú i dtrealamh cuisniúcháin soghluaiste agus i dtrealamh aerchóiriúcháin shoghluaiste agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé togra reachtach ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chun an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a leasú.

4.   Faoin 1 Iúil 2028, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar thionchar an Rialacháin seo ar earnáil na sláinte, go háirithe infhaighteacht análóirí dáileoige méadraithe chun comhábhair chógaisíochta a sheachadadh, chomh maith leis an tionchar ar threalamh fuaraithe a úsáidtear i gcomhar le ceallraí ar an margadh.

5.   Faoin 1 Eanáir 2030, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le héifeachtaí an Rialacháin seo.

Beidh meastóireacht ar an méid seo a leanas sa tuarascáil:

(a)

cé acu an bhfuil roghanna malartacha ann atá cost-éifeachtach, indéanta go teicniúil, tíosach ar fhuinneamh, ar fáil go leordhóthanach agus iontaofa, a fhágann gur féidir gáis ceaptha teasa fhluairínithe a ionadú sna táirgí agus sa trealamh a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chumhdaítear le toirmisc nach raibh infheidhme fós tráth na meastóireachta, go háirithe táirgí agus trealamh atá faoi réir toirmeasc iomlán ar ghás ceaptha teasa fluairínithe, lena n-áirítear aerchóiritheoirí ‘roinnte’ agus teaschaidéil;

(b)

forbairtí idirnáisiúnta atá ábhartha d’earnáil na loingseoireachta agus leathnú féideartha raon feidhme na gceanglas coimeádta chuig gáis ceaptha teasa fhluairínithe atá i dtrealamh cuisniúcháin agus aerchóiriúcháin long;

(c)

an leathnú féideartha ar raon feidhme an toirmisc onnmhairiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3), agus aird á tabhairt, inter alia, ar infhaighteacht mhéadaithe táirgí agus trealaimh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda íseal acu nó roghanna malartacha agus forbairtí nádúrtha faoin bPrótacal;

(d)

áireamh féideartha hidreafluaracarbón sa cheanglas cuóta a leagtar síos in Airteagal 16(1), chun críoch a liostaítear in Airteagal 16(2), go háirithe hidreafluaracarbóin a sholáthraíonn táirgeoir nó allmhaireoir go díreach do ghnóthas a úsáideann iad chun ábhar leathsheoltóra a eitseáil nó chun cuasáin deascaidh gaile ceimiceán a ghlanadh laistigh den earnáil mhonaraithe leathsheoltóirí;

(e)

an riosca go dtiocfaidh laghdú iomarcach ar an iomaíocht sa mhargadh i ngeall ar thoirmisc agus eisceachtaí gaolmhara faoi Airteagal 13(9), go háirithe na cinn maidir le lascthrealamh leictreach ardvoltais a bhfuil níos mó ná 145 kV nó níos mó ná 50 kA sruth gearrchiorcad ag gabháil leis.

Cuirfidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach, a bhféadfadh leasuithe ar Iarscríbhinn IV a bheith ann, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, roimh an 1 Eanáir 2040, athbhreithniú ar na riachtanais le haghaidh hidreafluaracarbón sna hearnálacha ina n-úsáidtear fós iad agus ar chéimniú amach cuótaí HFC a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don bhliain 2050, go háirithe, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí teicneolaíochta, infhaighteacht roghanna malartacha ar hidreafluaracarbóin le haghaidh na bhfeidhmeanna ábhartha agus spriocanna aeráide an Aontais. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ag gabháil leis an athbhreithniú.

7.   Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide, arna bhunú faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), ar a thionscnamh féin, comhairle eolaíoch a sholáthar agus tuarascálacha a eisiúint maidir le comhleanúnachas an Rialacháin seo le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais faoi Chomhaontú Pháras.

Airteagal 36

Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937

I gCuid I, Roinn E, pointe 2, den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(vi)

Rialachán (AE) 2024/ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (IO L, 2024/573, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj)’.

Airteagal 37

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014.

2.   Leanfaidh Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 de réir mar is infheidhme an 10 Márta 2024, d’fheidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2024.

3.   Leanfaidh Airteagal 14(2), an dara fomhír, agus Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 de réir mar is infheidhme an 10 Márta 2024, d’fheidhm a bheith aige maidir leis an tréimhse thuairiscithe ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

4.   An cuóta a leithdháiltear i gcomhréir le hAirteagal 16(5) de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014, leanfaidh sé de bheith bailí chun an Rialachán seo a chomhlíonadh. Beidh feidhm ag an díolúine maidir le hidreafluaracarbóin dá dtagraítear in Airteagal 15(2), an dara fomhír, pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 go dtí an 31 Nollaig 2024.

5.   Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn X.

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 12 agus ag Airteagal 17(5) ón 1 Eanáir 2025.

Beidh feidhm ag Airteagal 20(2), Airteagal 20(3) agus Airteagal 23(5) ón 3 Márta 2025 lena scaoileadh i saorchúrsaíocht dá dtagraítear in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus maidir le gach nós imeachta allmhairithe eile agus le haghaidh onnmhairithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 7 Feabhra 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 365, 23.9.2022, lch. 44.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Eanáir 2024.

(3)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(4)  Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030).(IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).

(5)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195).

(7)  Cinneadh (AE) 2017/1541 ón gComhairle an 17 Iúil 2017 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Leasú Kigali ar Phrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin, (IO L 236, 14.9.2017, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán, (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(9)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).

(10)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

(11)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 286, 31.10.2009, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1).

(14)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36 ).

(15)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(17)  Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 20).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custam an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(19)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(20)   IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(22)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(23)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(24)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(25)  Treoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir leis na hastaíochtaí ó chórais aerchóirithe i mótarfheithiclí agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle (IO L 161, 14.6.2006, lch. 12).

(26)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(27)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(28)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus leis an gcomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí i bhfeidhm i gceart maidir le hábhair chustaim agus thalmhaíochta (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(29)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(30)  Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).

(31)  Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

GÁIS CEAPTHA TEASA FHLUAIRÍNITHE DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2, POINTE (A) (1) – HIDREAFLUARACARBÓIN, SÁRFHLUARACARBÓIN AGUS COMHDHÚILE FLUAIRÍNITHE EILE

Substaint

Acmhainneacht téimh dhomhanda (2)

Acmhainneacht téimh dhomhanda 20 bliain (3) chun críocha faisnéise amháin

Ainm tionsclaíoch

Ainm ceimiceach

(Gnáthainm)

Foirmle cheimiceach

Roinn 1: Hidreafluaracarbóin (HFCanna)

HFC-23

trífhluaraimeatán (fluarafoirm)

CHF3

14 800

12 400

HFC-32

défhluaraimeatán

CH2F2

675

2 690

HFC-41

Fluaraimeatán (fluairíd mheitile)

CH3F

92

485

HFC-125

peinteafluaireatán

CHF2CF3

3 500

6 740

HFC-134

1,1,2,2-teitreafluaireatán

CHF2CHF2

1 100

3 900

HFC-134a

1,1,1,2-teitreafluaireatán

CH2FCF3

1 430

4 140

HFC-143

1,1,2-trífhluaireatán

CH2FCHF2

353

1 300

HFC-143a

1,1,1-trífhluaireatán

CH3CF3

4 470

7 840

HFC-152

1,2-défhluaireatán

CH2FCH2F

53

77,6

HFC-152a

1,1-défhluaireatán

CH3CHF2

124

591

HFC-161

Fluaireatán (fluairíd eitile)

CH3CH2F

12

17,4

HFC-227ea

1,1,1,2,3,3,3-heipteafluarapropán

CF3CHFCF3

3 220

5 850

HFC-236cb

1,1,1,2,2,3-heicseafluaraprópán

CH2FCF2CF3

1 340

3 750

HFC-236ea

1,1,1,2,3,3-heicseafluaraprópán

CHF2CHFCF3

1 370

4 420

HFC-236fa

1,1,1,3,3,3-heicseafluaraprópán

CF3CH2CF3

9 810

7 450

HFC-245ca

1,1,2,2,3-peinteafluaraprópán

CH2FCF2CHF2

693

2 680

HFC-245fa

1,1,1,3,3-peinteafluaraprópán

CHF2CH2CF3

1 030

3 170

HFC-365mfc

1,1,1,3,3-peinteafluarabútán

CF3CH2CF2CH3

794

2 920

HFC-43-10mee

1,1,1,2,2,3,4,5,5,5 deacafluaraipeantán

CF3CHFCHFCF2CF3

1 640

3 960


Substaint

Acmhainneacht téimh dhomhanda 100 (4)

Acmhainneacht téimh dhomhanda 20 (4)

Ainm tionsclaíoch

Ainm ceimiceach (Gnáthainm)

Foirmle cheimiceach

Roinn 2: Sárfhluaracarbóin (PFCanna)

PFC-14

teitreafluaraimeatán

(sárfluaraimeatán, teitreafluairíd charbóin)

CF4

7 380

5 300

PFC-116

heicseafluaireatán (sárfhluaireatán)

C2F6

12 400

8 940

PFC-218

ochtafluaraprópán

(sárfhluaraprópán)

C3F8

9 290

6 770

PFC-3-1-10 (R-31-10)

deacafluarabútán

(sárfhluarabútán)

C4F10

10 000

7 300

PFC-4-1-12 (R-41-12)

dóideacafluaraipeantán

(sárfhluarapeantán)

C5F12

9 220

6 680

PFC-5-1-14 (R-51-14)

teitrideacafluaraiheacsán

(sárfhluaraiheacsán)

CF3CF2CF2CF2CF2CF3

8 620

6 260

PFC-c-318

ochtafhluaraicioglabútán

(sárfhluaraicioglabútán)

c-C4F8

10 200

7 400

PFC-9-1-18 (R-91-18)

sárfhluaraideacailin

C10F18

7 480

5 480

PFC-4-1-14 (R-41-14)

sárfhluara-2-meitilpeantán

CF3CFCF3CF2CF2CF3

(i-C6F14)

7 370  (5)

 (*1)

Roinn 3: Comhdhúile (sár)fluairínithe eile agus nítrílí fluairínithe eile

 

heicseafluairíd sulfair

SF6

24 300

18 200

 

Heipteafluariseabútarainítríl (2,3,3,3-teitreafluara-2-(trífhluaraimeitil)-própán-nítríl)

Iso-C3F7CN

2 750

4 580


(1)  De réir Airteagal 2, pointe (a), meastar gur gáis ceaptha teasa fhluairínithe atá cumhdaithe leis an Rialachán seo iad meascáin ina bhfuil na substaintí atá liostaithe san Iarscríbhinn seo.

(2)  Ar bhonn an Séú Tuarascáil Mheasúnaithe arna glacadh ag an bPainéal Idir Rialtasach ar an Athrú Aeráide, mura léirítear a mhalairt.

(3)  Droste et al. (2019). Trends and Emissions of Six Perfluorocarbons in the Northern and Southern Hemisphere. Atmospheric Chemistry and Physics. [Treochtaí agus Astaíochtaí Sé Shárfhluaracarbón sa Leathsféar Thuaidh agus sa Leathsféar Theas. Ceimic agus Fisic Atmaisféarach]. https://acp.copernicus.org/preprints/acp-2019-873/acp-2019-873.pdf

(4)  Ar bhonn an Séú Tuarascáil Mheasúnaithe arna glacadh ag an bPainéal Idir Rialtasach ar an Athrú Aeráide, mura léirítear a mhalairt.

(5)  Droste et al. (2019). Trends and Emissions of Six Perfluorocarbons in the Northern and Southern Hemisphere. Atmospheric Chemistry and Physics. [Treochtaí agus Astaíochtaí Sé Shárfhluaracarbón sa Leathsféar Thuaidh agus sa Leathsféar Theas. Ceimic agus Fisic Atmaisféarach]. https://acp.copernicus.org/preprints/acp-2019-873/acp-2019-873.pdf

(*1)  Níl an acmhainneacht téimh dhomhanda ar fáil go fóill.


IARSCRÍBHINN II

Gáis ceaptha teasa fhluairínithe dá dtagraítear in airteagal 2, pointe (a) (1) – hidrea(clóra)fluaracarbóin neamhsháithithe, substaintí fluairínithe a úsáidtear mar ainéistéitic ionanálaithe agus substaintí fluairínithe eile

Substaint

Acmhainneacht téimh dhomhanda (2)

Acmhainneacht téimh dhomhanda 20 bliain (2) chun críocha faisnéise amháin

Gnáthainm/ainm tionsclaíoch

Foirmle cheimiceach

Roinn 1: Hidrea(clóra)fluaracharbóin neamhsháithithe

HCFC-1224yd

CF3CF=CHCl

0,06  (3)

 (*1)

Trans–1,2 -défhluaireitiléin (HFC-1132) agus isiméirí

CHF=CHF

>1

 (*1)

1,1-défhluaireitiléin (HFC-1132 a)

CH2=CF2

0,052

0,189

1,1,1,2,3,4,5,5,5 (nó 1,1,1,3,4,4,5,5,5)-naonafluara-4 (nó 2)-(trífhluaraimeitil)peint-2-éin

CF3CF=CFCFCF3CF3

CF3CF3C=CF2CF3

1 Fn  (4)

 (*1)

HFC-1234yf

CF3CF = CH2

0,501

1,81

HFC-1234ze agus isiméirí

CHF = CHCF3

1,37

4,94

HFC-1336mzz(E)

(E)-CF3CH = CHCF3

17,9

64,3

HFC-1336mzz(Z)

(Z)-CF3CH = CHCF3

2,08

7,48

HCFC-1233zd agus isiméirí

CF3CH = CHCl

3,88

14

HCFC-1233xf

CF3CF = CH2

1 Fn  (4)

 (*1)

Roinn 2: substaintí fluairínithe a úsáidtear mar ainéistéisigh ionanálaithe

HFE-347mmz1 (séiveaflurán) agus isiméirí

(CF3)2CHOCH2F

195

702

HCFE-235ca2 (eanflurán) agus isiméirí

CHF2OCF2CHFCl

654

2 320

HCFE-235da2 (iseaflurán) agus isiméirí

CHF2OCHClCF3

539

1 930

HFE-236ea2 (deasflurán) agus isiméirí

CHF2OCHFCF3

2 590

7 020

Roinn 3: substaintí fluairínithe eile

trífhluairíd nítrigine

NF3

17 400

13 400

fluairíd sulfúirile

SO2F2

4 630

7 510


(1)  De réir Airteagal 2, pointe (a), meastar gur gáis ceaptha teasa fhluairínithe atá cumhdaithe leis an Rialachán seo iad meascáin ina bhfuil na substaintí atá liostaithe san Iarscríbhinn seo.

(2)  Ar bhonn an Séú Tuarascáil Mheasúnaithe arna glacadh ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, mura léirítear a mhalairt.

(3)  Tokuhashi, K., T. Uchimaru, K. Takizawa, & S. Kondo (2018): Rate Constants for the Reactions of OH Radical with the (E)/(Z) Isomers of CF3CF=CHCl and CHF2CF=CHCl [Rátathairisigh mhicreascópacha le haghaidh Imoibrithe Fhréamh OH le hIsiméirí (E)/(Z) CF3CF=CHCl agus CHF2CF=CHCl]. The Journal of Physical Chemistry A 122:3120–3127.

(*1)  Níl an acmhainneacht téimh dhomhanda ar fáil go fóill.

(4)  Luach réamhshocraithe, níl an acmhainneacht téimh dhomhanda ar fáil go fóill.


IARSCRÍBHINN III

Gáis ceaptha teasa fhluairínithe dá dtagraítear in airteagal 2, Pointe (A) (1) – Éitir fhluairínithe, céatóin agus alcóil agus comhdhúile fluairínithe eile

Substaint

Acmhainneacht téimh dhomhanda (2)

Acmhainneacht téimh dhomhanda 20 bliain (2) chun críocha faisnéise amháin

Gnáthainm/ ainm tionsclaíoch

Foirmle cheimiceach

Roinn 1: Éitir fhluairínithe, céatóin agus alcóil

HFE-125

CHF2OCF3

14 300

13 500

HFE-134 (HG-00)

CHF2OCHF2

6 630

12 700

HFE-143a

CH3OCF3

616

2 170

HFE-245cb2

CH3OCF2CF3

747

2 630

HFE-245fa2

CHF2OCH2CF3

878

3 060

HFE-254cb2

CH3OCF2CHF2

328

1 180

HFE-347 mcc3 (HFE-7000)

CH3OCF2CF2CF3

576

2 020

HFE-347pcf2

CHF2CF2OCH2CF3

980

3 370

HFE-356pcc3

CH3OCF2CF2CHF2

277

995

HFE-449s1 (HFE-7100)

C4F9OCH3

460

1 620

HFE-569sf2 (HFE-7200)

C4F9OC2H5

60,7

219

HFE-7300

(CF3)2CFCFOC2H5CF2CF2CF3

405

1 420

n-HFE-7100

CF3CF2CF2CF2OCH3

544

1 920

i-HFE-7100

(CF3)2CFCF2OCH3

437

1 540

i-HFE-7200

(CF3)2CFCF2OCH2CH3

34,3

124

HFE-43-10pcccl24 (Η-Galden 1040x) HG-11

CHF2OCF2OC2F4OCHF2

3 220

8 720

HFE-236cal2 (HG-10)

CHF2OCF2OCHF2

6 060

11 700

HFE-338pccl3 (HG-01)

CHF2OCF2CF2OCHF2

3 320

9 180

HFE-347mmyl

(CF3)2CFOCH3

392

1 400

2,2,3,3,3-peinteafluaraprópán-1-ól

CF3CF2CH2OH

34,3

123

1,1,1,3,3,3-heicseafluaraprópán-2-ól

(CF3)2CHOH

206

742

HFE-227ea

CF3CHFOCF3

7 520

9 800

HFE-236fa

CF3CH2OCF3

1 100

3 670

HFE-245fal

CHF2CH2OCF3

934

3 170

HFE 263mf

CF3CH2OCH3

2,06

7,43

HFE-329 mcc2

CHF2CF2OCF2CF3

3 770

7 550

HFE-338 mcf2

CF3CH2OCF2CF3

1 040

3 460

HFE-338mmzl

(CF3)2CHOCHF2

3 040

6 500

HFE-347 mcf2

CHF2CH2OCF2CF3

963

3 270

HFE-356 mec3

CH3OCF2CHFCF3

264

949

HFE-356mmz1

(CF3)2CHOCH3

8,13

29,3

HFE-356pcf2

CHF2CH2OCF2CHF2

831

2 870

HFE-356pcf3

CHF2OCH2CF2CHF2

484

1 730

HFE 365 mcf3

CF3CF2CH2OCH3

1,6

5,77

HFE-374pc2

CHF2CF2OCH2CH3

12,5

45

2,2,3,3,4,4,5,5- ochtafluaraicioglapeantán-1-ól

- (CF2)4CH (OH)-

13,6

49,1

1,1,1,3,4,4,4-heipteafluara-3-(trífhluarameitil)bútain-2-ón

CF3C(O)CF(CF3)2

0,29  (3)

 (*1)

sárfhluarapolaimeitiliseapróipil-éitear (PFPMIE)

CF3OCF(CF3)CF2OCF2OCF3

10 300

7 750

sárfhluara(2-meitil-3-peantanón) ((1,1,1,2,2,4,5,5,5-nonafhluara-4-(trífhluaraimeitiol)pentan-3-one)

CF3CF2C(O)CF(CF3)2

0,114

0,441

Roinn 2: Comhdhúile fluairínithe eile

trífhluaraimeitiolsulfairpeinteafluairíd

SF5CF3

18 500

13 900

sárfhluaraicioglabútán

c-C3F6

9 200  (4)

6 850  (4)

sárfhluaraitríbhúitiolaimín (PFTBA, FC43)

C12F27N

8 490

6 340

sárfhluara-N-meitiolmorfóilín

C5F11NO

8 800  (5)

 (*1)

Sárfhluaraitríphróipiolaimín

C9F21N

9 030

6 750


(1)  De réir Airteagal 2, pointe (a), meastar gur gáis ceaptha teasa fhluairínithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo iad meascáin ina bhfuil na substaintí atá liostaithe san Iarscríbhinn seo.

(2)  De réir Airteagal 2, pointe (a), meastar gur gáis ceaptha teasa fhluairínithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo iad meascáin ina bhfuil na substaintí atá liostaithe san Iarscríbhinn seo.

(3)  Ren et al. (2019). Atmospheric Fate and Impact of Perfluorinated Butanone and Pentanone. [Cinniúint Atmaisféair agus an Tionchar atá ag Bútánón agus Pentanón Sárfhluairinithe] Environ. Sci. Technol. 2019, 53, 15, 8862–8871

(*1)  Níl sé ar fáil go fóill.

(4)  WMO et al. (2018). Scientific Assessment of Ozone Depletion.

(5)  Sainchomhad clárúcháin REACH. https://echa.europa.eu/registration-dossier/-/registered-dossier/10075/5/1


IARSCRÍBHINN IV

Toirmisc maidir le cur ar an margadh dá dtagraítear in airteagal 11(1)

Táirgí agus trealamh

Dáta an toirmisc

(1)

Coimeádáin nach féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar coimeádáin iad atá folamh, líonta go páirteach nó go hiomlán, a úsáidtear chun trealamh cuisniúcháin, aerchóiriúcháin nó teaschaidéil, córais chosanta ar dhóiteáin nó lascthrealamh leictreach a sheirbhísiú, a chothabháil nó a líonadh, nó a mbaintear feidhm astu mar thuaslagóirí.

4 Iúil 2007

 

 

TREALAMH CUISNIÚCHÁIN DO-AISTRITHE

(2)

Cuisneoirí agus reoiteoirí tí:

(a)

ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda;

1 Eanáir 2015

(b)

ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh.

1 Eanáir 2026

(3)

Cuisneoirí agus reoiteoirí le haghaidh úsáid tráchtála (trealamh féinchuimsitheach):

(a)

ina bhfuil HFCanna ar 2 500 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda;

1 Eanáir 2020

(b)

ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda;

1 Eanáir 2022

(c)

ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe eile ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda.

1 Eanáir 2025

(4)

Aon trealamh cuisniúcháin féinchuimsitheach, seachas fuaraitheoirí, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh.

1 Eanáir 2025

(5)

Trealamh cuisniúcháin, seachas fuaraitheoirí agus trealamh a chumhdaítear i bpointí (4) agus (6), ina bhfuil na nithe seo a leanas, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar an méid seo a leanas:

(a)

HFCanna ar 2 500 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda seachas trealamh a bhfuil sé beartaithe é a úsáid chun táirgí a fhuarú go teochtaí faoi bhun – 50 °C;

1 Eanáir 2020

(b)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 2 500 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, seachas trealamh a bhfuil sé beartaithe é a úsáid chun táirgí a fhuarú go teochtaí faoi bhun – 50 °C;

1 Eanáir 2025

(c)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh.

1 Eanáir 2030

(6)

Córais cuisniúcháin láraithe ilphacáiste le haghaidh úsáid tráchtála a bhfuil toilleadh ainmniúil 40 kW nó níos mó acu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin i gcás príomhchiorcad cuisneáin córas cascáide ina bhféadfar gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 1 500 nó níos lú a n-acmhainneacht téimh dhomhanda a úsáid.

1 Eanáir 2022

FUARAITHEOIRÍ DO-AISTRITHE

(7)

Fuaraitheoirí a bhfuil na gáis seo a leanas iontu, nó a bhraitheann ar na gáis seo a leanas lena bhfeidhmiú:

(a)

HFCanna ar 2 500 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda seachas trealamh a bhfuil sé beartaithe é a úsáid chun táirgí a fhuarú go teochtaí faoi bhun – 50 °C;

1 Eanáir 2020

(b)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda le haghaidh fuaraitheoirí suas go dtí toilleadh ainmniúil 12 kW agus an toilleadh sin san áireamh, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2027

(c)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe le haghaidh fuaraitheoirí a bhfuil toilleadh ainmniúil 12 kW acu agus an toilleadh sin san áireamh, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2032

(d)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 750 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda le haghaidh fuaraitheoirí níos mó ná 12 kW, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh.

1 Eanáir 2027

TREALAMH AERCHÓIRIÚCHÁIN DO-AISTRITHE AGUS TEASCHAIDÉIL DHO-AISTRITHE

(8)

Trealamh aerchóiriúcháin féinchuimsitheach agus teaschaidéil, seachas fuaraitheoirí, amhail iad seo a leanas:

(a)

trealamh aerchóiriúcháin seomra plugála atá inchorraithe ó sheomra go seomra ag an úsáideoir deiridh ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda;

1 Eanáir 2020

(b)

trealamh aerchóiriúcháin seomra plugála, trealamh aerchóiriúcháin monabloc, trealamh aerchóiriúcháin féinchuimsitheach agus teaschaidéil féinchuimsitheach eile, ag a bhfuil uastoilleadh ainmniúil suas le 12 kW, agus an toilleadh sin san áireamh, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda 150 nó níos mó, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta a chomhlíonadh. Má fhágann na ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin, nach bhféadfaí roghanna malartacha ar gáis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáid, ar nó níos lú ná 150 a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, is é 750 an teorainn ar acmhainneacht téimh dhomhanda;

1 Eanáir 2027

(c)

trealamh aerchóiriúcháin seomra plugála, trealamh aerchóiriúcháin monabloc, agus trealamh aerchóiriúcháin féinchuimsitheach eile agus teaschaidéil féinchuimsitheach eile, ag a bhfuil uastoilleadh ainmniúil suas le 12 kW, agus an toilleadh sin san áireamh, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta a chomhlíonadh. Má fhágann na ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin nach bhféadfaí roghanna malartacha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáid, is é 750 teorainn na hacmhainneachta téimh dhomhanda;

1 Eanáir 2032

 

(d)

trealamh aerchóiriúcháin monabloc agus aerchóiriúcháin féinchuimsitheach eile agus teaschaidéil, a bhfuil uastoilleadh ainmniúil acu is mó ná 12 kW ach nach mó ná 50 kW agus ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta a chomhlíonadh. Má fhágann na ceanglais sábháilteachta ar shuíomh na suiteála nach bhféadfaí roghanna malartacha ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos lú a n-acmhainneacht téimh dhomhanda a úsáid, is é 750 teorainn na hacmhainneachta téimh dhomhanda;

1 Eanáir 2027

(e)

aon trealamh aerchóiriúcháin féinchuimsitheach agus teaschaidéil eile ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta a chomhlíonadh. I gcás ina bhfágfadh na ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin nach bhféadfaí gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos lú a n-acmhainneacht téimh dhomhanda a úsáid, is é 750 teorainn na hacmhainneachta téimh dhomhanda.

1 Eanáir 2030

(9)

Trealamh roinnte aerchóiriúcháin agus teaschaidéil (1):

(a)

Córais aonair roinnte ina bhfuil níos lú ná 3 kg de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ar 750 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú;

1 Eanáir 2025

(b)

Córais roinnte aer go huisce a bhfuil toilleadh ainmniúil suas le 12 kW agus an toilleadh sin san áireamh acu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2027

(c)

Córais roinnte aer go haer a bhfuil toilleadh ainmniúil suas le 12 kW agus an toilleadh sin san áireamh acu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2029

(d)

Córais roinnte a bhfuil toilleadh ainmniúil suas le 12 kW agus an toilleadh sin san áireamh acu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2035

 

(e)

Córais roinnte a bhfuil toilleadh ainmniúil 12 kW nó níos mó acu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 750 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2029

(f)

Córais roinnte a bhfuil toilleadh ainmniúil 12 kW nó níos mó acu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh.

1 Eanáir 2033

TÁIRGÍ AGUS TREALAMH EILE

(10)

Córais galaithe dhírigh neamhghaibhnithe a bhfuil HCFanna agus PFCanna ina gcuisneáin iontu.

 

4 Iúil 2007

(11)

Trealamh cosanta ar dhóiteáin:

(a)

a bhfuil PFCanna ann;

4 Iúil 2007

(b)

a bhfuil HFC-23 ann;

1 Eanáir 2016

(c)

a bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe eile a liostaítear in Iarscríbhinn I ann nó a bhraitheann orthu, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh.

1 Eanáir 2025

(12)

Fuinneoga tí ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2007

(13)

Fuinneoga eile ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2008

(14)

Coisbheart ina bhfuil gáis teasa fhuairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2006

(15)

Boinn ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2007

(16)

Cúir aon-chomhábhair, ach amháin má cheanglaítear orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a chomhlíonadh, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh domhanda.

4 Iúil 2008

(17)

Cúir:

(a)

Polaistiréin easbhrúite (XPS) ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh domhanda, ach amháin má cheanglaítear orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2020

(b)

Cúir seachas polaistiréin easbhrúite (XPS) ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, ach amháin má cheanglaítear orthu caighdeáin sábháilteachta náisiúnta a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2023

(c)

Cúir ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta a chomhlíonadh.

1 Eanáir 2033

(18)

Gineadóirí aerasóil a chuirtear ar an margadh don ghnáthphobal lena ndíol chun críoch siamsaíochta agus maisithe, mar a liostaítear i bpointe 40 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus adharca fógra, ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda.

4 Iúil 2009

(19)

Aerasóil theicniúla:

(a)

ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda ach amháin má cheanglaítear orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a chomhlíonadh nó má úsáidtear iad le haghaidh feidhmeanna leighis;

1 Eanáir 2018

(b)

ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta a chomhlíonadh nó má úsáidtear iad le haghaidh feidhmeanna leighis.

1 Eanáir 2030

(20)

Táirgí cúraim phearsanta (e.g. mús, uachtair, cúir, leachtanna nó spraeanna) ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe.

1 Eanáir 2025

(21)

Trealamh a úsáidtear chun an chraiceann a fhuarú ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a acmhainneacht téimh dhomhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin má úsáidtear é le haghaidh feidhmeanna leighis.

1 Eanáir 2025

Tá feidhm ag pointe 1 maidir le coimeádáin nach féidir a athlíonadh, eadhon na coimeádáin seo a leanas:

(a)

coimeádáin nach féidir a athlíonadh gan iad a oiriúnú chun na críche sin; agus

(b)

coimeádáin a d’fhéadfaí a athlíonadh ach a allmhairítear nó a chuirtear ar an margadh gan foráil a bheith déanta go gcuirfear ar ais iad lena n-athlíonadh.


(1)  Chun críche an Rialacháin seo, measfar trealamh teaschaidéil duchtanna dúbailte sheasta agus trealamh aerchóiriúcháin a bheith roinnte (catagóir uimhir 9) agus beidh siad faoi réir na gceanglas céanna.


IARSCRÍBHINN V

Cearta táirgthe maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh

Déantar na cearta táirgthe maidir le hidreafluaracarbóin, arna sloinneadh i dtonaí de choibhéisí CO2, dá dtagraítear in Airteagal 14(3) do gach táirgeoir a ríomh mar seo a leanas:

(a)

le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2028, 60 % de mheán bliantúil a táirgthe in 2011-2013;

(b)

le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2029 go dtí an 31 Nollaig 2033, 30 % de mheán bliantúil a táirgthe in 2011-2013;

(c)

le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2034 go dtí an 31 Nollaig 2035, 20 % de mheán bliantúil a táirgthe in 2011-2013;

(d)

le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2036 agus ina diaidh, 15 % de mheán bliantúil a táirgthe in 2011-2013.


IARSCRÍBHINN VI

An modh chun an acmhainneacht téimh dhomhanda dá dtagraítear in airteagal 3, Pointe (1), de mheascán a ríomh

Ríomhtar acmhainneacht téimh dhomhanda meascáin mar mheán ualaithe, díorthaithe ó shuim fachtóirí meáchain na substaintí aonair iolraithe faoina n-acmhainneacht téimh dhomhanda, mura léirítear a mhalairt, lena n-áirítear substaintí nach gáis ceaptha teasa fhluairínithe iad.

Σ (Substaint X % x acmhainneacht téimh dhomhanda) + (Substaint Y % x acmhainneacht téimh dhomhanda) + … (Substaint N % x acmhainneacht téimh dhomhanda), i gcás inarb ionann % agus an t-ionchur de réir meáchain le lamháltas meáchain +/– 1 %.

Mar shampla: an fhoirmle a chur i bhfeidhm maidir le meascán gás arb é atá ann 60 % éitear démheitile, 10 % HFC-152a agus 30 % iseabútán:

 

Σ (60 % x 1) + (10 % x 124) + (30 % x 0)

 

An acmhainneachta téimh dhomhanda iomlán = 13,0

Úsáidtear acmhainneacht téimh dhomhanda na substaintí neamhfhluairínithe seo a leanas chun acmhainneacht téimh dhomhanda meascán a ríomh. Maidir le substaintí eile nach liostaítear san Iarscríbhinn seo baineann réamh-luach de 0 leo. Níl ach comhpháirteanna inghlactha a chomhlíonann an fheidhm chéanna a bheag nó a mhór ábhartha chun an acmhainneacht téimh dhomhanda a ríomh.

Substaint

Acmhainneacht téimh dhomhanda 100 (1)

Gnáthainm

Ainm tionsclaíoch

Foirmle Cheimiceach

meatán

 

CH4

27,9

ocsaíd nítriúil

 

N2O

273

éitear démheitile

 

CH3OCH3

1  (2)

clóiríd mheitiléine

 

CH2Cl2

11,2

clóiríd mheitile

 

CH3Cl

5,54

clóraform

 

CHC13

20,6

eatán

R-170

CH3CH3

0,437

própán

R-290

CH3CH2CH3

0,02

bútán

R-600

CH3CH2CH2CH3

0,006

iseabútán

R-600a

CH(CH3)2CH3

0  (3)

peantán

R-601

CH3CH2CH2CH2CH3

0  (3)

iseapeantán

R-601a

(CH3)2CHCH2CH3

0  (3)

eatocsaeatán (éitear démeitile)

R-610

CH3CH2OCH2CH3

4  (2)

formáit mheitile

R-611

HCOOCH3

11  (4)

hidrigin

R-702

H2

6  (2)

amóinia

R-717

NH3

0

eitiléin

R-1150

C2H4

4  (2)

próipéin

R-1270

C3H6

0  (3)

cioglapeantán

 

C5H10

0  (3)


(1)  Ar bhonn an Séú Tuarascáil Mheasúnaithe arna glacadh ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, mura léirítear a mhalairt.

(2)  Ar bhonn an Cheathrú Tuarascáil Mheasúnaithe arna glacadh ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide.

(3)  WMO et al. (2018). Measúnú Eolaíoch ar Ídiú Ózóin, ina dtugtar luach mar <<1.

(4)  WMO et al. (2018). Measúnú Eolaíoch ar Ídiú Ózóin.


IARSCRÍBHINN VII

Na huaschainníochtaí agus luachanna tagartha agus cuóta a ríomh maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh, dá dtagraítear in airteagal 17

(1)   

Socraítear uasmhéid na hidreafluaracarbón a cheadaítear a chur ar mhargadh an Aontais i mbliain ar leith mar seo a leanas:

Blianta

Uaschainníocht i dtonaí de choibhéis CO2

2025 – 2026

42 874 410

2027 – 2029

21 665 691

2030 – 2032

9 132 097

2033 – 2035

8 445 713

2036 – 2038

6 782 265

2039 – 2041

6 136 732

2042 – 2044

5 491 199

2045 – 2047

4 845 666

2048 – 2049

4 200 133

2050 ar aghaidh

0

(2)   

Socraítear bunluach 2015 le haghaidh na huaschainníochta mar seo a leanas: 176 700 479 tonaí de choibhéis CO2.

(3)   

Déanfar luachanna tagartha agus cuóta maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh, dá dtagraítear in Airteagail 16 agus 17, a ríomh mar chainníochtaí comhiomlánaithe na hidreafluaracarbón go léir, arna sloinneadh i dtona(í) de choibhéis CO2 arna slánú go dtí an tona is gaire.

(4)   

Gheobhaidh gach táirgeoir agus allmhaireoir na luachanna tagartha dá dtagraítear in Airteagal 17(1), arna ríomh mar seo a leanas:

(a)

luach tagartha maidir le hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh bunaithe ar mheán bliantúil na gcainníochtaí hidreafluaracarbón a cuireadh ar an margadh go dleathach ón 1 Eanáir 2015 mar a thuairiscítear faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 agus faoi Airteagal 26 den Rialachán seo le haghaidh na mblianta atá ar fáil, agus aistrithe a bhfuarthas á dtabhairt san áireamh gan cainníochtaí hidreafluaracarbón le haghaidh na n-úsáidí dá dtagraítear in Airteagal 26(5) den Rialachán seo le linn na tréimhse céanna a áireamh, ar bhonn na sonraí atá ar fáil;

(b)

thairis sin, le haghaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí a thuairiscigh hidreafluaracarbóin a cuireadh ar an margadh le haghaidh na húsáide dá dtagraítear in Airteagal 26(5), an dara fomhír, den Rialachán seo, luach tagartha bunaithe ar mheán bliantúil chainníochtaí na hidreafluaracarbón le haghaidh na húsáide sin a cuireadh ar an margadh go dleathach ón 1 Eanáir 2020 mar a thuairiscítear faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 agus Airteagal 26 den Rialachán seo le haghaidh na mblianta atá ar fáil, ar bhonn na sonraí atá ar fáil.


IARSCRÍBHINN VIII

An sásra leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 17

(1)   

Cinneadh maidir leis an gcainníocht atá le leithdháileadh ar ghnóthais ar socraíodh luachanna tagartha ina leith faoi Airteagal 17(1).

Gheobhaidh gach gnóthas ar socraíodh luachanna tagartha ina leith cuóta, arna ríomh mar a leanas:

(a)

cuóta atá comhfhreagrach do 89 % den luach tagartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, pointe 4(a), arna iolrú faoin uaschainníocht le haghaidh na bliana a leithdháiltear an cuóta ina leith, arna roinnt ar an mbunluach de 176 700 479 dtonaí de choibhéis CO2 (1). agus

(b)

i gcás inarb ábhartha, cuóta atá comhfhreagrach don luach tagartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, pointe 4(b). Ó 2027 ar aghaidh, faightear cuóta den sórt sin tríd an luach tagartha a iolrú faoi fhactóir de 0,85. Ó 2030 ar aghaidh, tá an cuóta sin comhfhreagrach don luach tagartha arna iolrú faoin uaschainníocht le haghaidh na bliana a leithdháileadh an cuóta ina leith, arna roinnt ar an uaschainníocht le haghaidh 2025.

I gcás ina sárófar an uaschainníocht, tar éis méid iomlán an chuóta dá dtagraítear sa dara fomhír a leithdháileadh, déanfar gach cuóta a laghdú go comhréireach.

(2)   

Cinneadh maidir leis an gcuóta atá le leithdháileadh ar ghnóthais a chuir isteach dearbhú de bhun Airteagal 17(3).

Déantar suim iomlán an chuóta a leithdháiltear faoi phointe 1 a bhaint ón uaschainníocht le haghaidh na bliana áirithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII chun méid an chúlchiste a chinneadh atá le leithdháileadh ar ghnóthais a chuir isteach dearbhú faoi Airteagal 17(3).

Faigheann gach gnóthas leithdháileadh atá comhfhreagrach do sciar pro rata den chúlchiste.

Ríomhtar an sciar pro rata trí 100 a roinnt ar líon na ngnóthas a chuir dearbhú isteach.

(3)   

Cuirtear pionóis a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 31 san áireamh sna ríomhanna dá dtagraítear thuas.


(1)  Is í an uimhir sin an uaschainníocht a socraíodh le haghaidh 2015 ag tús an chéimnithe síos, agus tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas á cur san áireamh.


IARSCRÍBHINN IX

Sonraí atá le tuairisciú de bhun Airteagal 26

(1)   

Tuairisceoidh gach táirgeoir dá dtagraítear in Airteagal 26(1), an chéad fhomhír, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an chainníocht iomlán maidir le gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III a tháirg sé san Aontas, lena n-áirítear seachtháirgeadh, agus idirdhealú a dhéanamh idir na méideanna a aisghabháladh agus nár aisghabháladh, agus cainníochtaí a scriosadh a shainaithint, ón táirgeadh nó ón seachtháirgeadh sin, de mhéideanna nár aisghabháladh, nó i gcás inar aisghabháladh iad, na cainníochtaí a scriosadh sular cuireadh ar an margadh iad, i saoráidí an táirgeora nó a tugadh ar láimh do ghnóthais eile lena scriosadh, chomh maith leis an ngnóthas a rinne an scriosadh:

(b)

na príomhchatagóirí úsáide ina n-úsáidtear an tsubstaint;

(c)

na cainníochtaí maidir le gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III a chuir sé ar an margadh san Aontas, lena sonrófar an méid seo a leanas ar leithligh:

(i)

na cainníochtaí a cuireadh ar an margadh le haghaidh úsáidí mar bhunábhar, lena n-áirítear, le haghaidh HFC-23 amháin, má aisghabháladh roimh ré nó murar aisghabháladh roimh ré iad;

(ii)

onnmhairí díreacha;

(iii)

análóirí dáileoige méadraithe a tháirgeadh chun comhábhair chógaisíochta a sheachadadh;

(iv)

úsáid i dtrealamh míleata;

(v)

úsáid in eitseáil ábhair leathsheoltóra nó i nglanadh ghuasáin dheascaidh gaile ceimicí laistigh den earnáil mhonaraithe leathsheoltóirí;

(vi)

na méideanna hidreafluaracarbón a tháirgtear le haghaidh úsáidí laistigh den Aontas atá díolmhaithe faoin bPrótacal;

(d)

aon stoic arna sealbhú ag tús agus ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, lena sonraítear ar cuireadh ar an margadh cheana iad nó nár cuireadh.

(2)   

Déanfaidh gach allmhaireoir dá dtagraítear in Airteagal 26(1), an chéad fhomhír, tuairisc a thabhairt ar an méid seo a leanas:

(a)

an chainníocht iomlán maidir le gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III a d’allmhairigh sé isteach san Aontas, lena sainítear na príomhchatagóirí úsáide ina n-úsáidtear an tsubstaint, agus an méid seo a leanas á shonrú ar leithligh:

(i)

na méideanna a allmhairíodh, nár scaoileadh i saorchúrsaíocht, agus a ath-onnmhairíodh i dtáirgí nó trealamh ag an ngnóthas a thug an tuairisc;

(ii)

cainníochtaí atá le scriosadh, lena sainaithnítear an gnóthas a dhéanann an scriosadh;

(iii)

úsáidí mar bhunábhar, lena sonraítear ar bhonn leithligh na méideanna hidreafluaracarbón a allmhairítear le haghaidh úsáide mar bhunábhar, agus lena sainaithnítear an gnóthas a úsáideann an bunábhar;

(iv)

onnmhairiú díreach, lena sainaithnítear an gnóthas onnmhairithe;

(v)

análóirí dáileoige méadraithe a tháirgtear chun comhábhair chógaisíochta a sheachadadh, lena sainaithnítear an táirgeoir;

(vi)

úsáid i dtrealamh míleata; an gnóthas a fhaigheann na cainníochtaí le haghaidh na húsáide sin a shainaithint;

(vii)

úsáid in eitseáil ábhair leathsheoltóra nó i nglanadh ghuasáin dheascaidh gaile ceimicí laistigh den earnáil mhonaraithe leathsheoltóirí, lena sainaithnítear an monaróir leathsheoltóra is faighteoir;

(viii)

méideanna na hidreafluaracarbón atá i bpolóil réamhchumaiscthe;

(ix)

na méideanna hidreafluaracarbón a aisghabháladh, a athchúrsáladh nó a mínghlanadh;

(x)

na méideanna hidreafluaracarbón a allmhairíodh le haghaidh úsáidí atá díolmhaithe faoin bPrótacal;

Déanfar na cainníochtaí hidreafluaracarbón a thuairisciú ar bhonn leithligh le haghaidh gach tíre tionscnaimh.

(b)

aon stoic arna sealbhú ag tús agus ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, lena sonraítear ar cuireadh ar an margadh cheana iad nó nár cuireadh.

(3)   

Déanfaidh gach onnmhaireoir dá dtagraítear in Airteagal 26(1), an chéad fhomhír, tuairisc a thabhairt ar na cainníochtaí de gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III a d’onnmhairigh sé ón Aontas, lena sonraítear cibé acu óna tháirgeadh nó óna allmhairiú féin é nó a cheannaigh sé é ó ghnóthais eile laistigh den Aontas, lena n-áirítear méideanna na hidreafluaracarbón atá i bpolóil réamhchumaiscthe.

(4)   

Déanfaidh gach gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 26(2) tuairisc a thabhairt ar an méid seo a leanas:

(a)

na cainníochtaí de gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III a scriosadh, lena n-áirítear, ar bhonn leithligh, cainníochtaí na substaintí sin atá i dtáirgí nó i dtrealamh;

(b)

aon stoic a shealbhaítear ag tús agus ag deireadh na tréimhse tuairiscithe de gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II atá le scriosadh, lena n-áirítear, ar bhonn leithligh, cainníochtaí na substaintí sin atá i dtáirgí nó i dtrealamh;

(c)

an teicneolaíocht a úsáideadh le haghaidh scriosadh na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III.

(5)   

Déanfaidh gach gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 26(3) tuairisc a thabhairt ar na cainníochtaí de gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinn I a úsáidtear mar bhunábhar.

(6)   

Déanfaidh gach gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 26(4) tuairisc a thabhairt maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

catagóirí na dtáirgí nó an trealaimh ina bhfuil na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III;

(b)

an líon aonad maidir le táirgí agus trealamh, nó mais maidir le táirgí neamh-inchomhairthe amhail cúir;

(c)

aon chainníocht de gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III atá sna táirgí nó sa trealamh;

(d)

méid na hidreafluaracarbón atá luchtaithe sa trealamh a onnmhairítear, a scaoileadh i saorchúrsaíocht, a ndearnadh na hidreafluaracarbóin a onnmhairiú ón Aontas ina leith roimhe sin agus a bhí faoi réir theorainneacha cuóta maidir lena gcur ar mhargadh an Aontais. I gcásanna den sórt sin, sonrófar sa tuairisc an gnóthas onnmhairiúcháin freisin agus bliain an onnmhairithe chomh maith leis an ngnóthas a chuir na hidreafluaracarbóin ar mhargadh an Aontais den chéad uair agus an bhliain a cuireadh ar an margadh iad.

(7)   

Déanfaidh gach gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 26(5) tuairisc a thabhairt maidir leis na cainníochtaí de gach substaint a fuarthas ó thairgeoirí agus allmhaireoirí le haghaidh a scriosta, úsáidí mar bhunábhar, onnmhairiú díreach, análóirí dáileoige méadraithe chun comhábhair chógaisíochta a sheachadadh, úsáid i dtrealamh míleata agus úsáid in eitseáil ábhair leathsheoltóra nó i nglanadh ghuasáin dheascaidh gaile ceimicí laistigh den earnáil mhonaraithe leathsheoltóirí.

Tabharfaidh monaróir análóirí dáileoige méadraithe chun comhábhair chógaisíochta a sheachadadh tuairisc maidir le cineál na hidreafluaracarbón a úsáidtear agus na cainníochtaí a úsáidtear.

(8)   

Tabharfaidh gach gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 26(6) tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a)

na cainníochtaí de gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III atá mínghlanta aige;

(b)

aon stoic arna sealbhú ag tús agus ag deireadh na tréimhse tuairiscithe maidir le gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III atá le mínghlanadh.


IARSCRÍBHINN X

Tábla Comhghaoil

Rialachán (AE) Uimh. 517/2014

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (a)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 3, pointe (4)

Airteagal 2, pointí (3) agus (4)

Airteagal 2, pointe (5)

Airteagal 3, pointe (2)

Airteagal 2, pointe (6)

Airteagal 3, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (7)

Airteagal 3, pointe (3)

Airteagal 2, pointe (8)

Airteagal 3, pointe (5)

Airteagal 2, pointe (9)

Airteagal 3, pointe (36)

Airteagal 2, pointe (10)

Airteagal 3, pointe (6)

Airteagal 2, pointe (11)

Airteagal 3, pointe (9)

Airteagal 2, pointe (12)

Airteagal 3, pointe (10)

Airteagal 2, pointe (13)

Airteagal 11(3), an dara fomhír, agus Iarscríbhinn IV, pointe 1

Airteagal 2, pointe (14)

Airteagal 3, pointe (11)

Airteagal 2, pointe (15)

Airteagal 3, pointe (12)

Airteagal 2, pointe (16)

Airteagal 3, pointe (13)

Airteagal 2, pointe (17)

Airteagal 3, pointe (14)

Airteagal 2, pointe (18)

Airteagal 3, pointe (15)

Airteagal 2, pointe (19)

Airteagal 3, pointe (16)

Airteagal 2, pointe (20)

Airteagal 3, pointe (17)

Airteagal 2, pointe (21)

Airteagal 3, pointe (18)

Airteagal 2, pointe (22)

Airteagal 3, pointe (19)

Airteagal 2, pointe (23)

Airteagal 3, pointe (20)

Airteagal 2, pointe (24)

Airteagal 3, pointe (21)

Airteagal 2, pointe (25)

Airteagal 3, pointe (22)

Airteagal 2, pointe (26)

Airteagal 3, pointe (23)

Airteagal 2, pointe (27)

Airteagal 3, pointe (24)

Airteagal 2, pointe (28)

Airteagal 2, pointe (29)

Airteagal 3, pointe (26)

Airteagal 2, pointe (30)

Airteagal 3, pointe (27)

Airteagal 2, pointe (31)

Airteagal 3, pointe (28)

Airteagal 2, pointe (32)

Airteagal 3, pointe (29)

Airteagal 2, pointe (33)

Airteagal 3, pointe (30)

Airteagal 2, pointe (34)

Airteagal 3, pointe (31)

Airteagal 2, pointe (35)

Airteagal 3, pointe (32)

Airteagal 2, pointe (36)

Airteagal 2, pointe (33)

Airteagal 2, pointe (37)

Airteagal 3, pointe (34)

Airteagal 2, pointe (38)

Airteagal 3, pointe (35)

Airteagal 2, pointe (39)

Airteagal 3(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 3(3)

Airteagal 4(5)

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(7)

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7(1)

Airteagal 4(4)

Airteagal 7(2)

Airteagal 4(6)

Airteagal 8(1), an chéad fhomhír

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(1), an dara fomhír

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(7)

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(10)

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10(1), an dara fomhír

Airteagal 10(1), an chéad fhomhír agus Airteagal 10(3)

Airteagal 10(2)

Airteagal 10(1), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 10(3)

Airteagal 10(5)

Airteagal 10(4)

Airteagal 10(7)

Airteagal 10(5)

Airteagal 10(6)

Airteagal 10(2) agus Airteagal 10(4)

Airteagal 10(7)

Airteagal 10(9)

Airteagal 10(8)

Airteagal 10(9)

Airteagal 10(10)

Airteagal 10(10)

Airteagal 10(11)

Airteagal 10(12)

Airteagal 10(12)

Airteagal 10(8)

Airteagal 10(13)

Airteagal 10(11)

Airteagal 10(14)

Airteagal 10(13)

Airteagal 10(15)

Airteagal 10(4)

Airteagal 11(1)

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 11(5)

Airteagal 11(4)

Airteagal 11(6)

Airteagal 11(5)

Airteagal 11(7)

Airteagal 11(6)

Airteagal 12(1) go (12)

Airteagal 12(1) go (13)

Airteagal 12(13)

Airteagal 12(16)

Airteagal 12(14)

Airteagal 12(17)

Airteagal 12(15)

Airteagal 12(18)

Airteagal 13(1), an chéad fomhír

Airteagal 13(1)

Airteagal 13(1), an dara fomhír

Airteagal 13(2)

Airteagal 13(2)

Airteagal 13(3)

Airteagal 14(1)

Airteagal 19(1)

Airteagal 14(2), an chéad fhomhír

Airteagal 19(2), an chéad fhomhír

Airteagal 14(2), an dara fomhír

Airteagal 19(3)

Airteagal 14(2), an tríú fomhír

Airteagal 19(2), an tríú fomhír

Airteagal 14(3)

Airteagal 19(2), an dara fomhír

Airteagal 14(4)

Airteagal 19(4)

Airteagal 15(1), an chéad fhomhír

Airteagal 15(1), an dara fomhír

Airteagal 16(1), an chéad fhomhír

Airteagal 15(2)

Airteagal 16(2)

Airteagal 15(3)

Airteagal 16(6)

Airteagal 15(4)

Airteagal 16(4)

Airteagal 16(1)

Airteagal 16(2)

Airteagal 17(3)

Airteagal 16(3)

Airteagal 17(1)

Airteagal 16(4)

Airteagal 17(3)

Airteagal 16(5)

Airteagal 17(4)

Airteagal 17(1), an chéad fhomhír

Airteagal 20(1)

Airteagal 17(1), an dara fomhír

Airteagal 20(4)

Airteagal 17(1), an triú fomhír

Airteagal 17(2)

Airteagal 20(6)

Airteagal 17(3)

Airteagal 17(4)

Airteagal 20(7)

Airteagal 18(1)

Airteagal 21(1), an chéad fhomhír

Airteagal 18(2), an chéad fhomhír

Airteagal 21(2)

Airteagal 18(2), an dara fomhír

Airteagal 18(2), an tríú fomhír

Airteagal 21(3)

Airteagal 19(1), an chéad fhomhír

Airteagal 26(1), an chéad fhomhír

Airteagal 19(2)

Airteagal 26(2)

Airteagal 19(3)

Airteagal 26(3)

Airteagal 19(4)

Airteagal 26(4)

Airteagal 19(5)

Airteagal 26(7)

Airteagal 19(6)

Airteagal 26(8)

Airteagal 19(7)

Airteagal 26(9), an dara fomhír

Airteagal 19(8)

Airteagal 20(7), an dara fomhír

Airteagal 20

Airteagal 27

Airteagal 21(1)

Airteagal 35(1)

Airteagal 21(2) go (6)

Airteagal 22

Airteagal 32

Airteagal 23

Airteagal 33

Airteagal 24

Airteagal 34

Airteagal 25

Airteagal 31

Airteagal 26

Airteagal 37

Airteagal 27

Airteagal 38

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn IX


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top