Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0490

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/490 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise ar an iompar ilmhódach ar fud an Aontais

C/2023/8105

IO L, 2024/490, 13.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/490/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/490/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/490

13.2.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/490 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Samhain 2023

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise ar an iompar ilmhódach ar fud an Aontais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa Teachtaireacht maidir leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste ón gCoimisiún (2), sainaithníodh imscaradh na gCóras Cliste Iompair (‘ITS’) mar ghníomhaíocht lárnach chun an tsoghluaisteacht ilmhódach uathoibrithe nasctha a bhaint amach, agus dá bhrí sin chun rannchuidiú le claochlú an chórais iompair Eorpaigh d’fhonn cuspóir na soghluaisteachta éifeachtúla, sábháilte, inbhuanaithe, cliste, athléimní a bhaint amach. Fógraíodh sa straitéis athbhreithniú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún (3) chun inrochtaineacht éigeantach ar thacair sonraí dinimiciúla a áireamh, rud a bhfuil gá leis chun cuspóirí beartais na straitéise sin a bhaint amach, chomh maith le measúnú ar an ngá atá le gníomhaíocht rialála maidir le cearta agus dualgais soláthraithe seirbhísí digiteacha ilmhódacha.

(2)

Sa Chomhaontú Glas don Eoraip (4) cuirtear i dtábhacht an fás atá ag teacht ar ról na soghluaisteachta ilmhódaí uathoibrithe nasctha, mar aon le córais bhainistíochta tráchta cliste atá indéanta de bhua an digitithe, agus leis an gcuspóir tacaíocht a thabhairt do sheirbhísí iompair agus soghluaisteachta atá nua agus inbhuanaithe agus a fhéadfaidh an brú tráchta agus an truailliú a laghdú, sna limistéir uirbeacha go háirithe. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926, tacaítear leis an aistriú i dtreo modhanna iompair níos inbhuanaithe, lena n-áirítear úsáid modhanna gníomhacha, mar shampla siúl agus rothaíocht. Trí shainordú a thabhairt go mbeidh rochtain ar fáil ar thacair sonraí dinimiciúla agus ar thacair sonraí statacha, stairiúla agus breathnaithe nua, mar a mholtar leis na leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926, féadfaidh seirbhísí faisnéise iompair ilmhódaigh feabhas a chur ar an bhfaisnéis agus ar an tseirbhís do phaisinéirí, chun borradh a chur faoin tsoghluaisteacht ilmhódach agus chun astaíochtaí a laghdú, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip.

(3)

Tugtar tuairisc sa straitéis Eorpach maidir le sonraí (5) ar an gcaoi a bhfuil sé ríthábhachtach tuilleadh sonraí a chur ar fáil chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, aeráide agus chomhshaoil. Leagtar béim sa straitéis ar na buntáistí a bhainfidh le nuálaíocht shonraíbhunaithe do shaoránaigh agus moltar spásanna coiteanna idir-inoibritheacha sonraí a chruthú ar fud an Aontais in earnálacha straitéiseacha, lena n-áirítear spás coiteann Eorpach le haghaidh sonraí soghluaisteachta. I ndáil leis sin, rannchuidíonn Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 le hinrochtaineacht mhéadaithe agus comhroinnt sonraí maidir le faisnéis taistil ilmhódaigh. Trí shainordú a thabhairt go mbeidh rochtain ar thacair sonraí dinimiciúla mar a moladh leis na leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926, déanfar tuilleadh sonraí a chur ar fáil agus a chomhroinnt, i gcomhréir le cuspóirí na straitéise Eorpaí maidir le sonraí.

(4)

Chun a bheith comhsheasmhach agus chun forluí le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/670 ón gCoimisiún (6) a sheachaint, ba cheart cineálacha sonraí sonracha maidir le páirceáil a chur le raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 agus ba cheart cineálacha sonraí maidir le stáisiúin athbhreoslaithe agus luchtaithe a bhaint de raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926. Sonraí maidir le páirceáil, mar shampla, suíomh agus infhaighteacht áiteanna páirceála, cá háit agus conas íoc as páirceáil, agus faisnéis faoi tharaifí páirceála, meastar go bhfuil siad tábhachtach chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar sheirbhísí iontaofa faisnéise taistil, agus ba cheart do shealbhóirí sonraí, mar shampla, údaráis iompair, oibreoirí iompair, bainisteoirí bonneagair, soláthraithe seirbhísí iompair ar éileamh nó oibreoirí páirceála, rochtain a chur ar fáil ar na sonraí sin.

(5)

Ba cheart comhleanúnachas le rialacha maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí a áirithiú, mar shampla, na rialacha a bunaíodh le Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004 (7), (AE) Uimh. 1177/2010 (8), (AE) Uimh. 181/2011 (9) agus (AE) 2021/782 (10).

(6)

Leis na bearta dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926, ba cheart, i gcás inarb iomchuí, an Gníomh um Shonraí (11) atá le teacht a chur san áireamh.

(7)

Is iad na sonraí an bunús comhthéacsúil atá fós le giniúint na seirbhísí faisnéise iompair ilmhódaigh. De réir mar a chuirtear dlús le cur in úsáid CCI ar fud an Aontais, bíonn gá le tacaíocht leanúnach i bhfoirm rochtain mhéadaithe rianúil ar chineálacha sonraí atá ann cheana agus ar chineálacha sonraí nua atá ábhartha do sholáthar seirbhísí faisnéise iompair ilmhódaigh. Dá bhrí sin, tá tábhacht le sonraí taistil agus tráchta stairiúla, go háirithe chun meánmhoilleanna a ríomh, agus sonraí breathnaithe maidir le moilleanna agus cealuithe, chomh maith le faisnéis faoi pháirceáil, agus ba cheart iad a bheith inrochtana chun seirbhísí faisnéise taistil ilmhódaigh a fheabhsú agus chun taisteal paisinéirí a éascú. Maidir leis na sonraí taistil agus tráchta stairiúla agus breathnaithe, níor cheart ach sonraí atá ábhartha chun feabhas a chur ar sheirbhísí faisnéise iompair ilmhódaigh a chomhroinnt. Le sonraí breathnaithe maidir le moilleanna agus cealuithe, sonraí atá nasctha le rialacha maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí, féadfar soláthraithe seirbhíse paisinéirí a chur ar an eolas faoina gcearta chun cúitimh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do shealbhóirí sonraí an chúis le moilleanna nó cealuithe a chomhroinnt freisin chun measúnú a dhéanamh ar an gceart chun cúitimh. Ós rud é go bhfuil an cuspóir chun sonraí breathnaithe a chomhroinnt nasctha le cearta na bpaisinéirí chun cúitimh i gcás moille nó cealaithe, níor cheart ach sonraí maidir leis an am teachta nó an t-am imeachta, nó an dá rud, agus, nuair is féidir, na cúiseanna le moilleanna nó cealuithe, a chur ar fáil tríd an bpointe rochtana náisiúnta mar a shonraítear in Airteagal 3, agus níor cheart aon sonraí oibríochtúla arna mbailiú le linn an turais a chur ar fáil. Ba cheart do shealbhóirí sonraí na sonraí a stóráil ar feadh tréimhse ama oiriúnach a chomhfhreagraíonn do chearta paisinéirí a leagtar amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais dá dtagraítear in aithris (5).

(8)

Maidir le sonraí taistil agus tráchta statacha, stairiúla, breathnaithe agus dinimiciúla a mhalartú, ba cheart do shealbhóirí sonraí na sonraí sin a chur ar fáil tríd an bpointe rochtana náisiúnta mar a shonraítear in Airteagal 3 trí úsáid a bhaint as na caighdeáin agus na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5. Is féidir é sin a dhéanamh in aon chaighdeán eile freisin, nuair is féidir le sealbhóirí sonraí a chruthú go bhfuil sé go hiomlán i gcomhréir leis na caighdeáin tagartha, agus ar choinníoll go gcuirtear an fhaisnéis ar fad a iarrtar ar fáil. Chun comhoiriúnacht a chruthú, is féidir le sealbhóirí sonraí tiontairí nó bailíochtóirí a úsáid.

(9)

Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) lena leagtar amach rialacha íosta maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid ar fud an Aontais, tá sí gan dochar don Rialachán Tarmligthe seo.

(10)

Tá sé tábhachtach borradh a chur faoin iompar ilmhódach chun cuspóir aeráide foriomlán an Aontais a bhaint amach. Mar gheall ar an inrochtaineacht mhíshásúil atá ann faoi láthair ar shonraí dinimiciúla ilmhódacha, meastar, dá bhrí sin, go bhfuil inrochtaineacht ar thacair sonraí dinimiciúla riachtanach chun tacú le forbairt leanúnach seirbhísí faisnéise iompair ilmhódaigh ar fud an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, í a dhéanamh éigeantach.

(11)

Aon phróiseáil a bhaineann le sonraí pearsanta a sholáthar agus a athúsáid, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus na mBallstát maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachas, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), arna trasuí leis an dlí náisiúnta. Ní gá sonraí pearsanta a roinnt trí phointí rochtana náisiúnta chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart do shealbhóirí sonraí bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar aon sonraí pearsanta a anaithnidiú sula gcuirfear ar fáil iad trí phointí rochtana náisiúnta.

(12)

Ba cheart do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí CCI comhoibriú chun teacht ar chomhaontú maidir le sainmhínithe comhchoiteanna ar cháilíocht sonraí d’fhonn táscairí coiteanna cáilíochta sonraí a úsáid ar fud shlabhra luacha na sonraí taistil agus tráchta, mar shampla, iomláine, cruinneas agus cothrom le dáta na sonraí, mar aon le seiceálacha cáilíochta a chuirtear i bhfeidhm, go háirithe i gcás seirbhísí trasteorann. Ba cheart iad a spreagadh freisin chun oibriú tuilleadh chun modhanna gaolmhara a bhunú chun cáilíocht a thomhas agus chun faireachán a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla sonraí. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun a gcuid eolais, taithí agus dea-chleachtas i réimse na cáilíochta sonraí a roinnt le chéile sna tionscadail chomhordúcháin atá ann agus a bheidh ann amach anseo.

(13)

Ba cheart seirbhísí faisnéise taistil ilmhódaigh a bheith cruinn chun an fhaisnéis is fearr is féidir a sholáthar d’úsáideoirí deiridh i dtéarmaí iontaofachta agus tráthúlachta. Chun cáilíocht na sonraí a fheabhsú, ba cheart úsáideoirí sonraí agus sealbhóirí sonraí a spreagadh chun comhoibriú lena áirithiú go bhfuil na sonraí chomh cruinn agus is féidir, mar shampla trí aon mhíchruinneas a thuairisciú don sealbhóir sonraí, as a dtagann na sonraí.

(14)

Chun go mbeifear in ann pointí rochtana náisiúnta a úsáid go rathúil agus go costéifeachtach agus ionas gur féidir le húsáideoirí sonraí na tacair sonraí a aimsiú agus a úsáid a bhfuil rochtain orthu trí na pointí rochtana náisiúnta mar a shonraítear in Airteagal 3, ba cheart do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí CCI oibriú i gcomhar le chéile chun teacht ar chomhaontú maidir le ceanglais meiteashonraí, agus scéimre meiteashonraí napDCAT-AP agus leaganacha ina dhiaidh sin á gcur san áireamh.

(15)

Ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar a chéile chun an cur chuige atá acu i leith an mheasúnaithe ar chomhlíontacht sna tionscadail chomhordúcháin atá ar bun faoi láthair agus atá le teacht, tionscadail a rannchuidíonn le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 a chur chun feidhme.

(16)

Chun go mbeifear in ann an t-ullmhúchán is gá a dhéanamh chun go mbeidh na tacair sonraí dinimiciúla taistil agus tráchta uile a leagtar amach sa Rialachán seo inrochtana sna formáidí is gá trí na pointí rochtana náisiúnta mar a shonraítear in Airteagal 3, ba cheart an t-amchlár chun na sonraí sin a sholáthar a thabhairt cothrom le dáta. Thairis sin, ba cheart an creat ama a leagan síos freisin chun tacair sonraí statacha, stairiúla agus bhreathnaithe nua maidir le taisteal agus trácht a sholáthar.

(17)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus thug sé tuairim uaidh an 25 Iúil 2023.

(18)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Bunaítear leis an Rialachán seo na sonraíochtaí is gá chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí faisnéise taistil ilmhódaigh ar fud an Aontais cruinn agus ar fáil thar theorainneacha d’úsáideoirí deiridh.’

;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2010/40/AE agus in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.

Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin, maidir le taisteal ilmhódach agus faisnéis tráchta:

(1)

ciallaíonn ‘faisnéis taistil ilmhódaigh’ faisnéis a dhíorthaítear ó aon sonraí statacha, stairiúla, breathnaithe nó dinimiciúla taistil agus tráchta, nó ó aon mheascán díobh sin, d’úsáideoirí deiridh, a chuirtear ar fáil trí aon mhodh cumarsáide, lena gcumhdaítear dhá mhodh iompair ar a laghad agus lenar féidir comparáid a dhéanamh idir modhanna iompair;

(2)

ciallaíonn ‘seirbhís faisnéise taistil’ seirbhís CCI, lena n-áirítear léarscáileanna digiteacha, lena soláthraítear d’úsáideoirí sonraí, agus d’úsáideoirí deiridh, faisnéis taistil agus faisnéis tráchta maidir le modh iompair amháin ar a laghad;

(3)

ciallaíonn ‘sonraí dinimiciúla taistil agus tráchta’ sonraí a bhaineann le modhanna éagsúla iompair a athraíonn go minic, nó sonraí maidir le teagmhais nó imthosca gan choinne, mar a liostaítear san Iarscríbhinn;

(4)

ciallaíonn ‘sonraí statacha taistil agus tráchta’ sonraí a bhaineann le modhanna éagsúla iompair nach athraíonn go minic, nó sonraí maidir le hathruithe atá pleanáilte, mar a liostaítear san Iarscríbhinn;

(5)

ciallaíonn ‘sonraí stairiúla taistil agus tráchta’ sonraí a bhaineann le saintréithe tráchta, a úsáidtear chun meánmhoilleanna a ríomh, ag brath ar an uair, ar an lá agus ar an séasúr, rud atá bunaithe ar thomhais roimhe sin, lena n-áirítear ráta brú tráchta, meánluasanna, agus meánamanna taistil;

(6)

ciallaíonn ‘sonraí breathnaithe’ sonraí oibríochtúla a bhaineann le taisteal agus le trácht, mar shampla, fad moilleanna agus cealuithe agus an chúis atá leo, ar sonraí iad a eascraíonn as oibríochtaí seirbhíse agus a bhailítear lena linn;

(7)

ciallaíonn ‘úsáideoir sonraí’ aon eintiteas poiblí nó príobháideach, mar shampla, údaráis iompair, oibreoirí iompair, soláthraithe seirbhíse faisnéise taistil, táirgeoirí léarscáileanna digiteacha, soláthraithe seirbhísí iompair ar éileamh agus bainisteoirí bonneagair, nó aon eintiteas eile a úsáideann na sonraí a liostaítear san Iarscríbhinn chun faisnéis taistil ilmhódaigh a chruthú, nó i gcás ina bhforáiltear dó leis na téarmaí agus na coinníollacha arna gcinneadh ag an sealbhóir sonraí, agus úsáid á baint as na sonraí chun críoch eile;

(8)

ciallaíonn ‘údarás iompair’ aon údarás poiblí atá freagrach as bainistiú tráchta nó as gréasán iompair áirithe nó seirbhís iompair áirithe, nó iad araon, a phleanáil, a rialú nó a bhainistiú agus a thagann faoina dhlínse chríche;

(9)

ciallaíonn ‘oibreoir iompair’ aon eintiteas poiblí nó príobháideach atá freagrach as cothabháil agus bainistiú na seirbhíse iompair;

(10)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse iompair ar éileamh’ aon soláthraí seirbhíse poiblí nó príobháideach iompair ar éileamh d’úsáideoirí deiridh;

(11)

ciallaíonn ‘sealbhóir sonraí’ aon duine dlítheanach, eintiteas poiblí nó príobháideach, mar shampla, údaráis iompair, oibreoirí iompair, bainisteoirí bonneagair nó soláthraithe seirbhísí iompair ar éileamh, a bhfuil sé de cheart aige rochtain a dheonú ar na sonraí atá faoina rialú nó iad a roinnt, ar sonraí iad a liostaítear san Iarscríbhinn, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme;

(12)

ciallaíonn ‘seirbhís iompair ar éileamh’ seirbhís a éilíonn idirghníomhaíocht idir an soláthraí seirbhíse iompair ar éileamh agus an t-úsáideoir deiridh roimh an seachadadh;

(13)

ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí faisnéise taistil;

(14)

ciallaíonn ‘meiteashonraí’ tuairisc struchtúrtha ar inneachar na sonraí lena n-éascaítear aimsiú agus úsáid na sonraí;

(15)

ciallaíonn ‘toradh ródúcháin’ an clár taistil i bhformáid dhigiteach mheaisín-inléite a eascraíonn as iarraidh ar thuras ó úsáideoirí deiridh maidir le tagairt don phointe aistrithe nó do na pointí aistrithe arna n-úsáid;

(16)

ciallaíonn ‘pointe aistrithe’ an stáisiún, an stad nó an suíomh ag a nasctar torthaí ródúcháin de chuid dhá sheirbhís faisnéise taistil chun turas a chruthú;

(17)

ciallaíonn ‘pointe rochtana’ comhéadan digiteach ina dtugtar rochtain ar shonraí a liostaítear san Iarscríbhinn, mar aon leis na meiteashonraí comhfhreagracha, d’úsáideoirí sonraí lena n-athúsáid, nó i gcás ina gcuirtear foinsí agus meiteashonraí na sonraí sin ar fáil lena n-athúsáid d’úsáideoirí sonraí;

(18)

ciallaíonn ‘nuashonrú sonraí’ aon mhodhnú ar na sonraí atá ann cheana, lena n-áirítear eilimintí nua nó breise a scriosadh nó a chur isteach;

(19)

ciallaíonn ‘seirbhís fionnachtana’ seirbhís lena gceadaítear cuardach a dhéanamh ar na sonraí iarrtha trí úsáid a bhaint as inneachar na meiteashonraí comhfhreagracha agus inneachar den sórt sin a thaispeáint;

(20)

ciallaíonn ‘inrochtaineacht na sonraí’ an fhéidearthacht na sonraí a iarraidh agus a fháil tráth ar bith i bhformáid dhigiteach mheaisín-inléite;

(21)

ciallaíonn ‘gréasán cuimsitheach tras-Eorpach iompair’ an bonneagar iompair agus na bearta dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(22)

ciallaíonn ‘tráthúlacht sonraí’ infhaighteacht sonraí cothrom le dáta a chuirtear ar fáil d’úsáideoirí sonraí agus d’úsáideoirí deiridh luath go leor roimh ré le go mbeidh siad úsáideach;

(23)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse faisnéise taistil’ aon soláthraí poiblí nó príobháideach a bhfuil faisnéis taistil agus tráchta amháin ar a laghad aige, d’úsáideoirí sonraí agus d’úsáideoirí deiridh, seachas díreach tiontaire faisnéise;

(24)

ciallaíonn ‘seirbhís a nascadh’ nascadh seirbhísí faisnéise taistil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta atá idirnasctha trí chomhéadain theicniúla chun torthaí ródúcháin nó comhéadain feidhmchláir eile (APIanna) a sholáthar bunaithe ar shonraí statacha, stairiúla, breathnaithe agus/nó dinimiciúla maidir le taisteal agus trácht;

(25)

ciallaíonn ‘nód rochtana’ suíomh réamhshainithe ina bhféadfaidh paisinéirí dul ar bord nó imeacht as iompar sceidealta nó iompar ar éileamh.’;

(3)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Bunóidh gach Ballstát pointe rochtana náisiúnta. Beidh an pointe rochtana náisiúnta ina phointe rochtana aonair d’úsáideoirí sonraí ar na sonraí taistil agus tráchta statacha, stairiúla, breathnaithe agus dinimiciúla ó mhodhanna éagsúla iompair, lena n-áirítear nuashonruithe sonraí, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn, arna soláthar ag na sealbhóirí sonraí laistigh de chríoch Ballstáit ar leith.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   Cuirfidh pointí rochtana náisiúnta seirbhísí fionnachtana ar fáil d’úsáideoirí sonraí.

4.   Tiocfaidh na Ballstáit ar chomhaontú, i gcomhar le páirtithe leasmhara CCI ábhartha, maidir leis na ceanglais meiteashonraí. Áiritheoidh na sealbhóirí sonraí go soláthróidh siad na meiteashonraí ar bhonn na gceanglas sin.’

;

(c)

cuirtear mír 6 seo a leanas isteach:

‘6.   Is féidir le haon eintiteas a sholáthraíonn sonraí tríd an bpointe rochtana náisiúnta é sin a dhéanamh trí ionadaí i gcomhréir leis na comhaontuithe is infheidhme, lena n-áirítear trí bhunachar sonraí nó comhbhailitheoir tríú páirtí. Ní bhainfidh sé sin na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 3 go 8 den sealbhóir bunaidh sonraí.’

;

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 4, 5 agus 6:

‘Airteagal 4

Inrochtaineacht, malartú agus athúsáid sonraí taistil agus tráchta statacha, stairiúla agus breathnaithe

1.   Soláthróidh na sealbhóirí sonraí, tríd an bpointe rochtana náisiúnta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3, rochtain ar na sonraí taistil agus tráchta statacha, stairiúla agus breathnaithe a liostaítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn, ar na córacha agus modhanna éagsúla iompair trí úsáid a bhaint as na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás iompar de bhóthar, an fhormáid chaighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962;

(b)

i gcás modhanna iompair eile, ceann de na caighdeáin agus de na sonraíochtaí teicniúla seo a leanas, nó aon fhormáid dhigiteach mheaisín-inléite is féidir a chruthú go hiomlán go bhfuil sé comhoiriúnach agus idir-inoibritheach leis na caighdeáin agus leis na sonraíochtaí teicniúla sin, lena n-áirítear trí thiontairí agus bailíochtóirí uathoibríocha, mar shampla:

(i)

NeTEx CEN/TS 16614 agus leaganacha ina dhiaidh sin;

(ii)

na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 454/2011;

(iii)

na doiciméid theicniúla arna bhfoilsiú faoi údarás Chomhdháil Seirbhísí Paisinéirí IATA;

(iv)

Tras-samhail EN 12896 i gcás nach bhfuil aon phrótacal malairte tagartha ann;

(c)

maidir leis an líonra spásúil, na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7 de Threoir 2007/2/CE.

2.   Déanfar na sonraí taistil agus tráchta statacha, stairiúla agus breathnaithe a liostaítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn, a bhfuil NeTEx agus DATEX II infheidhme maidir leo, a léiriú trí phróifílí íosta de chuid an Aontais nó trí phróifílí náisiúnta íosta.

3.   Soláthróidh na sealbhóirí sonraí sonraí taistil agus tráchta statacha, stairiúla agus breathnaithe tríd an bpointe rochtana náisiúnta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3 sna formáidí is gá i gcomhréir leis an amchlár seo a leanas:

(a)

i gcás na sonraí taistil agus tráchta a leagtar amach i bpointe 1.1 den Iarscríbhinn, cé is moite de phointe 1.1(d)(ix), le haghaidh ghréasán cuimsitheach TEN-T, faoin 1 Nollaig 2019;

(b)

i gcás na sonraí taistil agus tráchta a leagtar amach i bpointe 1.2 den Iarscríbhinn, cé is moite de phointe 1.2(a)(i) agus (iii), agus pointe 1.2(c)(ii), le haghaidh ghréasán cuimsitheach TEN-T, faoin 1 Nollaig 2020;

(c)

i gcás na sonraí taistil agus tráchta a leagtar amach i bpointe 1.3 den Iarscríbhinn, cé is moite de phointe 1.3(c)(ii), le haghaidh ghréasán cuimsitheach TEN-T, faoin 1 Nollaig 2021;

(d)

i gcás na sonraí taistil agus tráchta a leagtar amach i bpointí 1.1, 1.2 agus 1.3 den Iarscríbhinn, cé is moite de phointe 1.1(d)(ix), pointí 1.2(a)(i), (iii) agus (vii), pointe 1.2(c)(ii), pointe 1.3(c)(iii), chomh maith le pointe 1.2(c)(i), agus pointí 1.3(a)(ii) agus (iii) maidir le hiompar ar éileamh, i gcás na gcodanna eile de ghréasán iompair an Aontais, faoin 1 Nollaig 2023;

(e)

i gcás na sonraí taistil agus tráchta a leagtar amach i bpointe 1.1(d)(ix), pointí 1.2(a)(i), (iii) agus (vii), pointe 1.2(c)(ii), pointe 1.3(c)(iii), pointe 1.2(c)(i), agus pointí 1.3(a)(ii) agus (iii) den Iarscríbhinn maidir le hiompar ar éileamh, i gcás ghréasán iompair iomlán an Aontais, faoin 1 Nollaig 2024;

(f)

i gcás na sonraí taistil agus tráchta a leagtar amach i bpointe 1.4 den Iarscríbhinn, i gcás ghréasán iompair iomlán an Aontais, faoin 1 Nollaig 2025.

4.   APIanna lena dtugtar rochtain ar shonraí taistil agus tráchta statacha, stairiúla agus breathnaithe a liostaítear san Iarscríbhinn tríd an bpointe rochtana náisiúnta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 3, beidh rochtain ag úsáideoirí sonraí orthu, faoi réir clárúcháin i gcás inarb ábhartha.

5.   Comhoibreoidh úsáideoirí sonraí agus sealbhóirí sonraí chun a áirithiú go ndéanfar aon mhíchruinneas a bhaineann leis na sonraí taistil agus tráchta statacha, stairiúla agus breathnaithe a chur in iúl gan mhoill don sealbhóir sonraí as a dtagann na sonraí.

6.   Ní áireofar sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679 sna sonraí a sholáthróidh sealbhóirí sonraí tríd an bpointe rochtana náisiúnta.

Airteagal 5

Inrochtaineacht, malartú agus athúsáid sonraí taistil agus tráchta dinimiciúla

1.   Soláthróidh na sealbhóirí sonraí, tríd an bpointe rochtana náisiúnta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 3, rochtain ar na sonraí taistil agus tráchta dinimiciúla a liostaítear i bpointe 2.1 agus 2.2 den Iarscríbhinn, ar na modhanna agus córacha éagsúla iompair trí úsáid a bhaint as na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás iompar de bhóthar, na formáidí dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962;

(b)

i gcás modhanna iompair eile, ceachtar de na caighdeáin agus de na sonraíochtaí teicniúla seo a leanas, nó aon fhormáid dhigiteach mheaisín-inléite is féidir a chruthú go hiomlán go bhfuil sé comhoiriúnach agus idir-inoibritheach leis na caighdeáin agus leis na sonraíochtaí teicniúla sin, lena n-áirítear trí thiontairí agus bailíochtóirí uathoibríocha, mar shampla:

(i)

SIRI CEN/TS 15531 agus leaganacha ina dhiaidh sin;

(ii)

na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 454/2011.

2.   Déanfar na sonraí taistil agus tráchta dinimiciúla a liostaítear i bpointí 2.1 agus 2.2 den Iarscríbhinn, a bhfuil SIRI agus DATEX II infheidhme maidir leo, a léiriú trí phróifílí íosta de chuid an Aontais nó trí phróifílí náisiúnta íosta.

3.   Soláthróidh na sealbhóirí sonraí sonraí taistil agus tráchta dinimiciúla tríd an bpointe rochtana náisiúnta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3 sna formáidí is gá i gcomhréir leis an amchlár seo a leanas:

(a)

i gcás na sonraí taistil agus tráchta a leagtar amach i bpointe 2.1 den Iarscríbhinn, le haghaidh ghréasán cuimsitheach TEN-T, faoin 1 Nollaig 2025;

(b)

i gcás na sonraí taistil agus tráchta a leagtar amach i bpointe 2.2 den Iarscríbhinn, le haghaidh ghréasán cuimsitheach TEN-T, faoin 1 Nollaig 2026;

(c)

i gcás na sonraí taistil agus tráchta a leagtar amach i bpointí 2.1 agus 2.2 den Iarscríbhinn le haghaidh na gcodanna eile de ghréasán iompair an Aontais, faoin 1 Nollaig 2028.

4.   Féadfaidh gach Ballstát a chinneadh go soláthróidh sealbhóirí sonraí na sonraí taistil agus tráchta dinimiciúla maidir leis na modhanna iompair éagsúla a liostaítear i bpointe 2.3 den Iarscríbhinn, laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, tríd an bpointe rochtana náisiúnta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3. Sa chás sin, bainfidh sealbhóirí sonraí úsáid as SIRI CEN/TS 15531 agus leaganacha ina dhiaidh sin, nó aon fhormáid dhigiteach mheaisín-inléite is féidir a chruthú go hiomlán go bhfuil sé comhoiriúnach agus idir-inoibritheach leis na caighdeáin agus leis na sonraíochtaí teicniúla sin, lena n-áirítear trí thiontairí agus bailíochtóirí uathoibríocha, mar shampla.

5.   APIanna lena dtugtar rochtain ar shonraí taistil agus tráchta dinimiciúla a liostaítear san Iarscríbhinn tríd an bpointe rochtana náisiúnta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 3, beidh rochtain ag úsáideoirí sonraí orthu, i gcás inarb ábhartha, faoi réir clárúcháin.

6.   Comhoibreoidh úsáideoirí sonraí agus sealbhóirí sonraí chun a áirithiú go ndéanfar aon mhíchruinneas a bhaineann leis na sonraí taistil agus tráchta dinimiciúla a chur in iúl gan mhoill don sealbhóir sonraí as a dtagann na sonraí.

7.   Ní áireofar sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679 sna sonraí a sholáthróidh sealbhóirí sonraí tríd an bpointe rochtana náisiúnta.

Airteagal 6

Nuashonruithe sonraí

1.   Beidh seirbhísí faisnéise taistil bunaithe ar na sonraí taistil agus tráchta statacha, stairiúla, breathnaithe agus dinimiciúla is déanaí a bhfuil rochtain orthu.

2.   I gcás ina dtarlóidh athruithe ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na sealbhóirí sonraí na sonraí ábhartha taistil agus tráchta statacha, stairiúla, breathnaithe agus dinimiciúla a liostaítear san Iarscríbhinn a thabhairt cothrom le dáta agus cuirfidh siad ar fáil iad tríd an bpointe rochtana náisiúnta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 3 laistigh de thréimhse lenar féidir úsáid iontaofa éifeachtach a bhaint as na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 8. I gcás ina bhfuiltear ar an eolas faoi na hathruithe roimh ré, cuirfidh na sealbhóirí sonraí na nuashonruithe sin ar fáil d’úsáideoirí sonraí roimh ré. Déanfaidh siad aon mhíchruinneas a aimseoidh siad ina gcuid sonraí nó a chuirfidh úsáideoir sonraí nó úsáideoir deiridh in iúl dóibh a réiteach go tráthúil.’;

(5)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Arna iarraidh sin, soláthróidh soláthraithe seirbhíse faisnéise taistil do sholáthraí seirbhíse faisnéise taistil eile torthaí ródúcháin bunaithe ar fhaisnéis statach, stairiúil, bhreathnaithe agus dhinimiciúil maidir le taisteal agus trácht.’

;

(6)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 go mír 4:

‘1.   Beidh na sonraí taistil agus tráchta a liostaítear san Iarscríbhinn agus na meiteashonraí comhfhreagracha, lena n-áirítear faisnéis maidir lena gcáilíocht, inrochtana lena malartú agus lena n-athúsáid laistigh den Aontas ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, tríd an bpointe rochtana náisiúnta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 3 agus laistigh d’achar ama lenar féidir na sonraí a athúsáid ar bhealach iontaofa agus éifeachtach. Beidh na sonraí sin cruinn agus cothrom le dáta agus bunaithe ar íoscheanglais maidir le cáilíocht sonraí. Chuige sin, tiocfaidh na Ballstáit, i gcomhar le páirtithe leasmhara CCI ábhartha, ar chomhaontú maidir leis na híoscheanglais sin i dtaca le cáilíocht sonraí.

2.   Déanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a athúsáid ar bhealach neodrach, gan idirdhealú ná claontacht, i leith shealbhóir na sonraí. Na critéir a úsáidtear chun roghanna taistil de mhodhanna éagsúla iompair nó meascáin díobh sin a rangú, nó iad araon, beidh siad trédhearcach agus ní bhunófar iad ar aon toisc a bhaineann go díreach nó go hindíreach le céannacht an úsáideora sonraí nó an úsáideora deiridh nó, más ann dó, leis an mbreithniú tráchtála a bhaineann le hathúsáid na sonraí agus cuirfear i bhfeidhm iad ar bhonn neamh-idirdhealaitheach maidir le gach úsáideoir sonraí nó úsáideoir deiridh atá rannpháirteach. Ní chuirfear an t-úsáideoir deiridh ar míthreoir le cur i láthair an chúrsa taistil.

3.   Agus na sonraí taistil agus tráchta statacha, stairiúla, breathnaithe agus dinimiciúla á n-athúsáid, léireofar foinse na sonraí sin, má éilíonn sealbhóir na sonraí amhlaidh. Sonrófar freisin eatramh ina dtabharfar cothrom le dáta na sonraí statacha, stairiúla, breathnaithe agus, i gcás inar féidir, na sonraí dinimiciúla.

4.   Féadfar na téarmaí agus na coinníollacha maidir le húsáid na sonraí tráchta agus taistil arna soláthar tríd an bpointe rochtana náisiúnta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 3 a chinneadh trí chomhaontú ceadúnais. Ní chuirfidh na coinníollacha sin srian gan ghá ar dheiseanna athúsáide ná ní úsáidfear iad chun srian a chur ar iomaíocht. Déanfaidh comhaontuithe ceadúnais, cibé uair a úsáidfear iad, a laghad srianta is féidir a fhorchur ar an athúsáid. Beidh aon chúiteamh airgeadais réasúnta agus comhréireach leis na costais dhlisteanacha a eascróidh as na sonraí ábhartha taistil agus tráchta a sholáthar agus a scaipeadh.’

;

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Measúnú ar chomhlíonadh

1.   Déanfaidh na Ballstáit measúnú an gcomhlíonann sealbhóirí sonraí agus soláthraithe seirbhísí faisnéise taistil na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 3 go 8.

2.   Chun an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát na doiciméid seo a leanas a iarraidh ar na sealbhóirí sonraí agus ar na soláthraithe seirbhíse faisnéise taistil:

(a)

tuairisc ar na sonraí taistil agus tráchta a bhfuil rochtain orthu tríd an bpointe rochtana náisiúnta, an fhaisnéis maidir lena gcáilíocht agus coinníollacha athúsáide na sonraí sin;

(b)

tuairisc ar na seirbhísí faisnéise taistil atá ar fáil, lena n-áirítear naisc le seirbhísí eile i gcás inarb infheidhme;

(c)

dearbhú fianaisebhunaithe maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 3 go hAirteagal 8;

(d)

an ceadúnas nó na comhaontuithe conarthacha le soláthraithe seirbhíse faisnéise taistil.

3.   Déanfaidh na Ballstáit cruinneas na ndearbhuithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), a sheiceáil go randamach.’;

(8)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don Choimisiún mar chuid de na tuarascálacha ar dhul chun cinn dá bhforáiltear in Airteagal 17(3) de Threoir 2010/40/AE:

(a)

an dul chun cinn a rinneadh maidir le hinrochtaineacht agus malartú na gcineálacha sonraí taistil agus tráchta a leagtar amach san Iarscríbhinn;

(b)

raon feidhme geografach na sonraí a leagtar amach san Iarscríbhinn a bhfuil rochtain orthu tríd an bpointe rochtana náisiúnta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 3, agus a gcáilíocht, lena n-áirítear na critéir a úsáidtear chun an cháilíocht sin a shainiú agus na modhanna a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh uirthi;

(c)

seirbhísí faisnéise taistil a nascadh;

(d)

torthaí an mheasúnaithe ar chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 9, mír 1;

(e)

i gcás inarb ábhartha, tuairisc ar athruithe ar an bpointe rochtana náisiúnta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 3.’

;

(9)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 207, 6.8.2010, lch. 1.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘ Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future ’ [An Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste — iompar Eorpach a sheoladh ar bhealach a leasa don todhchaí] (COM/2020/789 final an 9.12.2020).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2017 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise ar an iompar ilmhódach ar fud an Aontais (IO L 272, 21.10.2017, lch. 1).

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final an 11.12.2019).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘Straitéis Eorpach maidir le Sonraí’ (COM (2020) 66 final an 19.2.2020).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/670 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama ar fud an Aontais Eorpaigh (IO L122, 25.4.2022, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 172, 17.5.2021, lch. 1).

(11)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An Gníomh um Shonraí) (COM(2022)68 final).

(12)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56)

(13)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(14)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(15)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

CATAGÓIRÍ SONRAÍ

(dá dtagraítear in Airteagail 2, 3, 4, 5, 6, 8 agus 10)

Modhanna iompair agus córacha iompair a dheighilt agus seirbhísí a cuireadh san áireamh, mar shampla

Iompar sceidealta, mar shampla:

Aer, iarnród lena n-áirítear iarnród ardluais, iarnród traidisiúnta, iarnród éadrom, cábla-bhealaí, cóiste fadraoin, muiriompar lena n-áirítear bád farantóireachta, uiscebhealaí intíre, meitreo, tram, bus, bus tralaí.

Iompar ar éileamh, mar shampla:

Bus tointeála, bád farantóireachta tointeála, seirbhísí ar ghlaoch, tacsaí, roinnt carranna, carr-roinnt, fruiliú carranna, comhroinnt aistir, roinnt rothar, fruiliú rothar, rothar ar cíos, roinnt scútar leictreach.

Iompar pearsanta, mar shampla:

Carr, gluaisrothar, rothar, scútar, siúl.

1.   CINEÁLACHA NA SONRAÍ TAISTIL AGUS TRÁCHTA STATACHA, STAIRIÚLA AGUS BREATHNAITHE

1.1.   Leibhéal seirbhíse 1

(a)

cuardach suímh (tionscnamh/ceann scríbe):

(i)

seoltaí (uimhir foirgnimh, ainm sráide, cód poist);

(ii)

áiteanna topagrafacha (cathair, baile, sráidbhaile, bruachbhaile, aonad riaracháin);

(iii)

láithreacha inspéise (a bhaineann le faisnéis iompair) a bhféadfadh daoine a bheith ag iarraidh taisteal chucu;

(b)

plean turais: féilire oibríochtúil, cineálacha lá mapála go dátaí féilire

(c)

cuardach suímh (nóid rochtana) — le haghaidh iompar sceidealta agus iompar ar éileamh nuair is ábhartha:

(i)

nóid rochtana shainaitheanta;

(ii)

céimseata/léarscáiliú na nód rochtana;

(d)

plean turais a ríomh — le haghaidh iompar sceidealta agus iompar ar éileamh nuair is ábhartha:

(i)

áiteanna ar féidir aistrithe a dhéanamh iontu;

(ii)

amanna aistrithe réamhshocraithe ag pointí aistrithe;

(iii)

toipeolaíocht líonra agus bealaí/línte (toipeolaíocht);

(iv)

oibreoirí iompair;

(v)

cláir ama;

(vi)

aistrithe pleanáilte idir seirbhísí sceidealaithe ráthaithe;

(vii)

uaireanta oibriúcháin;

(viii)

áiseanna nód rochtana (lena n-áirítear faisnéis ardáin, deasc chabhrach/pointí faisnéise, bothanna ticéad, ardaitheoirí/staighre, suíomhanna na mbealaí isteach agus na mbealaí amach);

(ix)

feithiclí, lena n-áirítear a n-inrochtaineacht (mar shampla, urlár íseal, inrochtaineacht do chathaoireacha rotha, inrochtaineacht do phramanna) agus inrochtaineacht seirbhísí ar bord (mar shampla, leithris);

(x)

inrochtaineacht nód rochtana, agus conairí laistigh de phointí aistrithe (mar shampla, ardaitheoirí, staighrí beo a bheith ann);

(xi)

seirbhísí cúnaimh a bheith ann (mar shampla, cúnamh ar an láthair a bheith ann);

(e)

ríomh pleananna turas:

(i)

gréasán bóithre (lena n-áirítear lánaí leithscartha le haghaidh busanna/tacsaithe);

(ii)

líonra rothar (raonta rothair, lánaí rothar, lánaí bus agus rothair, ar bhóithre atá roinnte le feithiclí, ar chosáin atá roinnte le coisithe);

(iii)

líonra coisithe agus saoráidí inrochtaineachta.

1.2.   Leibhéal seirbhíse 2

(a)

cuardach suímh — le haghaidh iompair ar éileamh agus iompar pearsanta:

(i)

suíomh na n-áiteanna páirceála (ar an tsráid agus eas-sráid), lena n-áirítear áiteanna páirceála inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

(ii)

Stadanna Páirceála agus Taistil;

(iii)

Stadanna Páirceála agus Tiomána;

(iv)

stáisiúin roinnte rothar;

(v)

stáisiúin roinnte carranna;

(vi)

páirceáil shábháilte le haghaidh rothar (cosúil le gharáiste rothar faoi ghlas);

(vii)

criosanna páirceála scútar;

(b)

seirbhís faisnéise:

(i)

cá háit agus conas ticéid le haghaidh iompar sceidealta a cheannach, lena n-áirítear bealaí miondíola, modhanna próiseála, modhanna íocaíochta;

(ii)

cá háit agus conas is féidir íoc as páirceáil, lena n-áirítear bealaí miondíola, modhanna próiseála, modhanna íocaíochta;

(c)

faisnéis chúnta — le haghaidh iompar sceidealta agus iompar ar éileamh nuair is ábhartha:

(i)

buntáillí caighdeánacha coiteanna:

—

sonraí líonra táillí (limistéir/stadanna agus céimeanna táillí);

—

struchtúir chaighdeánacha táillí (ó phointe go pointe lena n-áirítear táillí laethúla agus seachtainiúla, táillí criosacha, táillí comhréidhe);

(ii)

áiseanna feithicle, lena n-áirítear aicmí iompair, Wi-Fi ar bord, spás agus coinníollacha rochtana do rothair.

1.3.   Leibhéal seirbhíse 3

(a)

caighdeán coiteann mionsonraithe agus ceist speisialta maidir le táillí — i gcás iompair sceidealta agus iompair ar éileamh nuair is ábhartha:

(i)

aicmí paisinéirí (aicmí paisinéirí, mar shampla, daoine fásta, leanaí, sinsir, mic léinn, pearsanra míleata/seansaighdiúirí, paisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus coinníollacha cáilitheacha, agus aicmí taistil);

(ii)

táirgí táillí coiteanna (cearta rochtana, mar shampla, crios/pointe go pointe lena n-áirítear ticéid laethúla agus seachtainiúla/ticéid shingile/ticéid fillte, incháilitheacht rochtana, bunchoinníollacha úsáide, mar shampla, tréimhse bhailíochta/oibreoir/am taistil/aistriú, praghsanna caighdeánacha táillí pointe go pointe le haghaidh péirí éagsúla pointe go pointe lena n-áirítear táillí laethúla agus seachtainiúla/táillí criosacha/praghsanna táillí comhréidhe);

(iii)

táirgí táille speisialta (tairiscintí le coinníollacha speisialta breise, mar shampla táillí bolscaireachta, táillí grúpa, pasanna séasúir, táirgí comhiomlánaithe a chuireann táirgí éagsúla le chéile, agus táirgí breiseáin, mar shampla, páirceáil agus taisteal, íostréimhse fanachta);

(iv)

bunchoinníollacha tráchtála, mar shampla, aisíoc/athsholáthar/athrú/aistriú;

(v)

bunchoinníollacha áirithinte, mar shampla, tréimhsí ceannaigh, tréimhsí bailíochta, táillí ag a bhfuil srianta maidir le ródú/seicheamh criosanna, íostréimhse fanachta;

(b)

seirbhís faisnéise — le haghaidh iompair ar éileamh: conas seirbhísí iompair a fhreagraíonn don éileamh a chur in áirithe, lena n-áirítear bealaí miondíola, modhanna próiseála, modhanna íocaíochta;

(c)

pleananna turais:

(i)

tréithe mionsonraithe líonra timthrialla (cáilíocht dromchla, rothaíocht taobh le taobh, dromchla comhroinnte, ar an mbóthar/eisbhóthar, bealach radhairc, ‘siúl amháin’, srianta casta nó rochtana, e.g. in aghaidh sreabhadh tráchta);

(ii)

paraiméadair is gá chun fachtóir comhshaoil a ríomh, mar shampla, astaíochtaí gás ceaptha teasa de réir cineáil feithicle nó míle paisinéirí nó in aghaidh an fhaid shiúil;

(iii)

paraiméadair is gá chun ídiú breosla na ngnáthbhreoslaí agus na mbreoslaí malartacha a ríomh;

(d)

ríomh pleananna turas: na hamanna taistil measta de réir an chineáil lae agus an bhanda ama de réir modh iompair/meascán de mhodhanna iompair.

1.4.   Leibhéal seirbhíse 4

(a)

sonraí taistil agus tráchta stairiúla maidir le moilleanna — d’iompar sceidealta agus d’iompar ar éileamh nuair is ábhartha;

(b)

sonraí breathnaithe maidir le moilleanna agus am caite — i gcás iompar sceidealaithe:

(i)

fad moilleanna 60 nóiméad ar a laghad le haghaidh seirbhísí iarnróid do phaisinéirí agus, nuair is féidir, an chúis atá leis na moilleanna sin (i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/782);

(ii)

fad moilleanna imeachta a mhair níos mó ná 90 nóiméad le haghaidh seirbhísí mara agus uiscebhealaí intíre do phaisinéirí agus, nuair is féidir, an chúis atá leis na moilleanna sin (i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010);

(iii)

fad moilleanna imeachta ó chríochfort a mhair níos mó ná 120 nóiméad le haghaidh seirbhísí gnáthbhus agus cóiste intíre do phaisinéirí a raibh achar sceidealta de 250 km nó níos mó agus, nuair is féidir, an chúis atá leis na moilleanna sin (i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 181/2011);

(iv)

fad na moilleanna eitilte 120 nóiméad ar a laghad agus, nuair is féidir, an chúis atá leis na moilleanna; agus moilleanna eitilte teacht i dtír 180 nóiméad ar a laghad (i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004);

(c)

sonraí breathnaithe maidir le cealuithe — le haghaidh iompar sceidealaithe:

(i)

cealuithe na seirbhísí iarnróid do phaisinéirí agus, nuair is féidir an chúis atá leis na cealuithe sin;

(ii)

cealuithe na seirbhísí mara agus uiscebhealaí intíre do phaisinéirí agus, nuair is féidir an chúis atá leis na cealuithe sin;

(iii)

cealuithe na seirbhísí gnáthbhus agus cóiste a bhfuil fad sceidealta 250 km nó níos mó acu agus, nuair is féidir an chúis atá leis na cealuithe sin;

(iv)

cealuithe eitiltí agus, nuair is féidir an chúis atá leis na cealuithe sin;

(d)

faisnéis faoi tharaifí páirceála.

2.   CINEÁLACHA NA SONRAÍ TAISTIL AGUS TRÁCHTA DINIMICIÚLA

2.1.   Leibhéal seirbhíse 1

amanna dul thart, pleananna turais agus faisnéis chúnta:

(i)

cur isteach, mar shampla, dúnadh agus/nó atreorú an líonra, agus nuair is féidir, an chúis atá leis sin;

(ii)

faisnéis maidir le stádas fíor-ama, mar shampla, amanna measta imeachta agus teachta na seirbhísí, moilleanna, cealuithe, faireachán ar naisc ráthaithe;

(iii)

stádas ghnéithe na nód rochtana (lena n-áirítear faisnéis ardáin dhinimiciúil, ardaitheoirí/staighrí beo oibríochtúla, bealaí isteach dúnta agus suíomhanna bealaí amach) — le haghaidh iompar sceidealaithe.

2.2.   Leibhéal seirbhíse 2

(a)

seirbhís faisnéise ar tharaifí páirceála — le haghaidh iompair ar éileamh agus iompar pearsanta;

(b)

seiceáil infhaighteachta agus suíomh — le haghaidh iompair ar éileamh agus iompar pearsanta nuair is ábhartha:

(i)

infhaighteacht agus suíomh maidir le roinnt carranna, infhaighteacht agus suíomh maidir le roinnt rothar, infhaighteacht agus suíomh maidir le roinnt scútar, agus infhaighteacht agus suíomh maidir le roinnt feithiclí eile;

(ii)

spásanna páirceála ar fáil (ar an tsráid agus eas-sráid).

2.3.   Leibhéal seirbhíse 3

faisnéis áitíochta na feithicle — le haghaidh iompar sceidealta agus iompar ar éileamh nuair is ábhartha.

’

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/490/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top