EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024L1203

Treoir (AE) 2024/1203 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Threoracha 2008/99/CE agus 2009/123/CE

PE/82/2023/REV/1

IO L, 2024/1203, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1203/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1203/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1203

30.4.2024

TREOIR (AE) 2024/1203 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Aibreán 2024

maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Threoracha 2008/99/CE agus 2009/123/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá an tAontas tiomanta ardleibhéal cosanta agus feabhsú ar cháilíocht an chomhshaoil a áirithiú. Ba cheart an comhshaol, sa chiall is leithne, a chosaint, mar is léir ó Airteagal 3(3) CAE agus Airteagal 191 CFAE, lena gcumhdaítear na hacmhainní nádúrtha uile lena n-áirítear aer, uisce, ithir, éiceachórais, lena n-áirítear seirbhísí agus feidhmeanna éiceachórais, agus fána agus flóra fiáine, lena n-áirítear gnáthóga, chomh maith le seirbhísí arna soláthar ag acmhainní nádúrtha.

(2)

De bhun Airteagal 191(2) CFAE tá beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol le díriú ar ardleibhéal cosanta, agus éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla an Aontais á gcur san áireamh. Tá an beartas le fothú ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar na prionsabail go bhfuil bearta coisctheacha le glacadh, gur cheart tosaíocht a thabhairt do bhearta chun damáiste don chomhshaol a cheartú ag an bhfoinse agus gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Ós rud é go ndéanann an choireacht chomhshaoil difear do chearta bunúsacha freisin, tá an comhrac i gcoinne na coireachta comhshaoil ar leibhéal an Aontais ríthábhachtach chun a áirithiú go gcosnófar na cearta sin.

(3)

Is ábhar imní leanúnach san Aontas é an méadú ar chionta coiriúla comhshaoil agus ar a n-éifeachtaí, rud a bhaineann an bonn ó éifeachtacht dhlí comhshaoil an Aontais. Thairis sin, tá cionta den sórt sin ag leathnú thar theorainneacha na mBallstát ina ndéantar iad. Is baol don chomhshaol iad cionta den sórt sin agus is gá, dá bhrí sin, freagairt iomchuí agus éifeachtach a thabhairt orthu, rud a éilíonn comhar éifeachtach trasteorann go minic.

(4)

Ní leor na rialacha atá ann cheana maidir le pionóis faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus faoi dhlí earnála comhshaoil an Aontais chun comhlíonadh dhlí an Aontais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil a bhaint amach. Ba cheart an comhlíonadh sin a neartú trí phionóis choiriúla éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a bheith ar fáil a fhreagraíonn do thromchúis na gcionta agus lenar féidir míshástacht shóisialta níos mó a léiriú ná pionóis riaracháin a úsáid. Tá comhlántacht an dlí choiriúil agus riaracháin ríthábhachtach chun iompraíocht neamhdhleathach a dhéanann dochar don chomhshaol a chosc agus a dhíspreagadh.

(5)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na gcionta coiriúla comhshaoil i dTreoir 2008/99/CE agus ba cheart catagóirí breise cionta a chur leis atá bunaithe ar na sáruithe is tromchúisí ar dhlí comhshaoil an Aontais. Ba cheart pionóis a neartú chun feabhas a chur ar a n-éifeacht dhíspreagthach, agus ba cheart feabhas a chur ar a éifeachtaí atá brath, imscrúdú, ionchúiseamh agus breithniú na gcionta coiriúla comhshaoil.

(6)

Ba cheart do na Ballstáit cineálacha áirithe iompraíochta neamhdhleathaí a choiriúlú, foráil a dhéanamh i leith beachtais níos fearr maidir le cionta ábhartha a shainiú agus ba cheart dóibh cineálacha agus leibhéil na bpionós a chomhchuibhiú tuilleadh.

(7)

Mura gcomhlíontar dualgas dlíthiúil chun gníomhú, is féidir an éifeacht dhiúltach chéanna a bheith aige sin ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine agus a bhíonn ag iompraíocht ghníomhach. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhartha agus neamhghníomhartha araon a chumhdach le sainiú cionta coiriúla sa Treoir seo, i gcás inarb infheidhme.

(8)

Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla ina ndlí náisiúnta i leith sáruithe tromchúiseacha ar dhlí an Aontais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil. Faoi chuimsiú an chomhbheartais iascaigh, déantar foráil i ndlí an Aontais do shraith chuimsitheach rialacha i dtaobh rialú agus forfheidhmiú faoi Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009 (4) agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (5) i gcás sáruithe tromchúiseacha, lena n-áirítear sáruithe atá ina gcúis le damáiste don chomhshaol muirí. Faoin tsraith rialacha sin, tá rogha ag na Ballstáit pionóis riaracháin nó pionóis choiriúla a úsáid, nó iad araon a úsáid. I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus an 20 Bealtaine 2020 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol’, ba cheart cion coiriúil a dhéanamh d’iompraíocht neamhdhleathach d’aon ghnó áirithe a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

(9)

Chun go mbeidh an iompraíocht ina cion coiriúil comhshaoil faoin Treoir seo, ba cheart í a bheith neamhdhleathach. Chun go mbeidh iompraíocht neamhdhleathach, ba cheart í a bheith de shárú ar dhlí de chuid an Aontais a chuireann le ceann de chuspóirí bheartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol a shaothrú mar a leagtar amach in Airteagal 191(1) CFAE, gan beann ar bhunús dlí an dlí sin de chuid an Aontais, a d’fhéadfadh a áireamh, mar shampla Airteagal 91, 114, 168 nó 192 CFAE, nó ba cheart í a bheith de shárú ar fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin náisiúnta de chuid Ballstáit, nó cinntí arna ndéanamh ag údarás inniúil Ballstáit, lena dtugtar éifeacht do dhlí sin an Aontais. Ba cheart a shonrú sa Treoir seo cén iompraíocht neamhdhleathach is féidir a bheith ina cion coiriúil agus, i gcás inarb iomchuí, tairseach chainníochtúil nó cháilíochtúil a shocrú a bhfuil gá léi chun go mbeidh iompraíocht den sórt sin ina cion coiriúil. Ba cheart an iompraíocht sin a bheith ina cion coiriúil nuair a dhéantar í d’aon ghnó agus, i gcásanna áirithe, nuair a dhéantar í freisin le faillí thromchúiseach ar a laghad. Go háirithe, ba cheart an iompraíocht neamhdhleathach is cúis le bás daoine nó le gortú tromchúiseach do dhaoine, le damáiste suntasach nó le baol suntasach go ndéanfar damáiste suntasach don chomhshaol nó a mheastar a bheith díobhálach go háirithe don chomhshaol ar bhealach eile, gurb é a bheidh ann cion coiriúil freisin nuair a dhéantar í le faillí thromchúiseach ar a laghad. Féadfaidh na Ballstáit rialacha níos déine a ghlacadh nó a choinneáil i réimse an dlí choiriúil.

(10)

Ba cheart iompraíocht a bheith neamhdhleathach fiú i gcás ina ndéantar í faoi údarú arna eisiúint ag údarás inniúil Ballstáit más rud é go calaoiseach a fuarthas an t-údarú sin nó trí éilliú, sracadh nó comhéigean. Thairis sin, má tá an t-údarú sin aige, níor cheart go gcuirfí bac ar an sealbhóir a bheith faoi dhliteanas coiriúil, i gcás ina bhfuil ceanglais dhlíthiúla shubstainteacha ábhartha á sárú go follasach ag an údarú. Ba cheart ‘de shárú follasach ar cheanglais dhlíthiúla shubstainteacha ábhartha’ a léirmhíniú mar thagairt do shárú soiléir substaintiúil ar cheanglais dhlíthiúla shubstainteacha ábhartha, agus níl sé beartaithe sáruithe ar cheanglais nós imeachta nó mionghnéithe den údarú a áireamh ann. Ní aistrítear leis sin an dualgas chun a áirithiú gur údaruithe dlíthiúla iad a aistriú ó údaráis inniúla go hoibreoirí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil gá le húdarú, ní chuirtear bac ar imeachtaí coiriúla i gcoinne shealbhóir an údaraithe toisc go bhfuil an t-údarú dleathach i gcás nach gcomhlíonann an sealbhóir sin oibleagáidí uile an údaraithe nó oibleagáidí dlíthiúla ábhartha eile nach gcumhdaítear leis an údarú.

(11)

Thairis sin, is gá do na hoibreoirí na bearta is gá a dhéanamh chun na forálacha reachtacha, rialála agus riaracháin is infheidhme maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhlíonadh agus iad i mbun na gníomhaíochta faoi seach, lena n-áirítear trína n-oibleagáidí a chomhlíonadh, mar a leagtar síos i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta is infheidhme, i ndáil le nósanna imeachta chun údaruithe atá ann cheana a leasú nó a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart go gcumhdófaí leis sin freisin oibleagáidí shealbhóir an údaraithe chun an t-údarú sin a thabhairt cothrom le dáta agus a athnuachan.

(12)

Maidir le cionta agus pionóis a shainítear sa Treoir seo, ba cheart a thuiscint leis an téarma ‘daoine dlítheanacha’ nach n-áirítear leis Stáit ná comhlachtaí poiblí a fheidhmíonn údarás Stáit nó eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí. Ós rud é go mbunaítear rialacha íosta leis an Treoir seo, is féidir leis na Ballstáit rialacha níos déine a ghlacadh, lena n-áirítear rialacha maidir le dliteanas coiriúil comhlachtaí poiblí.

(13)

Áirítear i roinnt cionta coiriúla a shainítear sa Treoir seo tairseach cháilíochtúil maidir le hiompraíocht a bheith ina cion coiriúil, eadhon gurb í an iompraíocht sin is cúis le bás duine, nó le gortú tromchúiseach do dhuine, nó le damáiste suntasach do cháilíocht an aeir, an uisce nó na hithreach, nó d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí. Chun an comhshaol a chosaint a mhéid mó is féidir, ba cheart an tairseach cháilíochtúil sin a thuiscint i gciall leathan lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, damáiste suntasach do fána agus flóra, do ghnáthóga, do sheirbhísí a sholáthraíonn acmhainní nádúrtha agus éiceachórais agus d’fheidhmeanna éiceachórais. Ba cheart an téarma ‘éiceachóras’ a thuiscint mar choimpléasc dinimiciúil de phobail plandaí, ainmhithe, fungais agus miocrorgánach agus a dtimpeallacht neamhbheo, agus iad ag idirghníomhú mar aonad feidhmiúil, agus ba cheart cineálacha gnáthóige, gnáthóga speicis agus daonraí speicis a áireamh ann. Ba cheart a áireamh in ‘éiceachóras’ freisin seirbhísí éiceachórais, trína gcuireann éiceachóras go díreach nó go hindíreach le folláine an duine, agus feidhmeanna éiceachórais, a thagraíonn do phróisis nádúrtha in éiceachóras. Is féidir le haonaid níos lú amhail coirceog beach, nead seangán nó stumpa a bheith ina gcuid d’éiceachóras ach níor cheart iad a mheas mar éiceachóras iontu féin chun críocha na Treorach seo.

(14)

Chun críocha na Treorach seo, ba cheart an téarma ‘gortú’ a thuiscint i gciall leathan, is é sin go gcumhdaítear leis aon chineál díobhála coirp do dhuine, lena n-áirítear athrú ar fheidhm choirp nó ar struchtúr ceall, galar sealadach, ainsealach nó marfach, mífheidhmiú an choirp nó meath eile ar an tsláinte fhisiciúil, ach gan an mheabhairshláinte a áireamh.

(15)

Trí chineálacha éagsúla fuinnimh, amhail teas, foinsí fuinnimh theirmigh, torann, lena n-áirítear torann faoi uisce, agus foinsí eile fuinnimh fhuaimiúil, creathanna, réimsí leictreamaighnéadacha, leictreachas nó solas, a thabhairt isteach sa chomhshaol, is féidir damáiste suntasach a dhéanamh do cháilíocht an aeir, an uisce nó na hithreach nó damáiste suntasach a dhéanamh d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí, nó is féidir leo a bheith ina gcúis le bás daoine nó gortú tromchúiseach daoine. Le hionstraimí éagsúla de dhlí comhshaoil an Aontais, rialáiltear tabhairt isteach fuinnimh sa chomhshaol, mar shampla i réimsí chosaint an uisce, na muirthimpeallachta, an rialaithe torainn, an bhainistithe dramhaíola agus na n-astaíochtaí tionsclaíocha. I bhfianaise n-ionstraimí sin, ba cheart tabhairt isteach neamhdhleathach fuinnimh sa chomhshaol a bheith ina chion coiriúil faoin Treoir seo má dhéanann sé, nó más dócha go ndéanfaidh sé, damáiste suntasach don chomhshaol nó do shláinte an duine.

(16)

I gcás ina mbaineann cionta coiriúla a shainítear sa Treoir seo le hiompraíocht amhail cur ar fáil nó cur ar an margadh, díol, tairiscint díola nó trádála, ba cheart iompraíocht a dhéantar trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a áireamh.

(17)

Leis an Treoir seo, tugtar isteach an cion coiriúil táirge a chur ar an margadh, de shárú ar thoirmeasc nó ceanglas eile arb é is aidhm dó an comhshaol a chosaint, ar táirge é arb é an toradh atá ar a úsáid ar scála níos mó ná cainníocht ábhar nó substaintí, fuinneamh nó radaíocht ianúcháin a sceitheadh, a astú nó a thabhairt isteach san aer, san ithir nó san uisce, agus arb é is cúis le damáiste suntasach don chomhshaol nó do shláinte an duine é, nó ar dócha go ndéanfadh sé damáiste suntasach dóibh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart toirmeasc nó ceanglas eile arb é is aidhm dó an comhshaol a chosaint a bheith ina chion nó ina cheanglas a leagtar síos i réimse dhlí an Aontais a bhfuil an cuspóir aige, i measc a chuspóirí sonraithe, nó a bhfuil sé d’aidhm aige, an comhshaol a chosaint, lena n-áirítear cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, sláinte an duine a chosaint, acmhainní nádúrtha a úsáid go stuama agus go réasúnach nó an t-athrú aeráide a chomhrac, nó bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó domhanda. Os a choinne sin, i gcás ina leagtar an toirmeasc sin nó an ceanglas sin síos i réimsí eile de dhlí an Aontais a bhfuil cuspóirí eile acu, mar shampla sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint, níor cheart an iompraíocht a chumhdach faoin gcion coiriúil sin. Chun críche na Treorach seo, tagraíonn ‘úsáid ar scála níos mó’ d’éifeacht chomhcheangailte úsáid an táirge ag roinnt úsáideoirí, gan beann ar a líon, ar choinníoll go bhfuil an iompraíocht ina cúis le damáiste don chomhshaol nó do shláinte an duine, nó gur dócha go ndéanfadh sí damáiste don chomhshaol nó do shláinte an duine.

(18)

Is féidir bailiú, iompar agus cóireáil neamhdhleathach dramhaíola agus easpa maoirseachta ar na hoibríochtaí sin agus ar iarchúram na láithreán diúscartha, lena n-áirítear gníomhaíocht a dhéantar mar dhéileálaí nó mar bhróicéir, a bheith ina gcúis le héifeachtaí millteacha ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine. Is féidir le hiompraíocht neamhdhleathach a bhaineann le dramhaíl dhíobhálach ó tháirgí cógaisíochta, drugaí támhshuanacha, lena n-áirítear comhpháirteanna chun drugaí tamhshuanacha a tháirgeadh, ceimiceáin, dramhaíl ina bhfuil aigéid nó bunanna nó dramhaíl ina bhfuil tocsainí, miotail throma, ola, gréisc, dramhaíl leictreach agus leictreonach, feithiclí a bhfuil a ré caite nó dramhaíl phlaisteach a bheith ina cúis le héifeachtaí den sórt sin. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, a áirithiú gur cion coiriúil é bainistiú neamhdhleathach dramhaíola i gcás ina mbaineann an iompraíocht sin le dramhaíl ghuaiseach i gcainníocht neamhdhiomaibhseach, nó i gcás ina mbaineann sí le dramhaíl eile agus ina bhfuil dramhaíl eile den sórt sin ina cúis le damáiste suntasach don chomhshaol nó do shláinte an duine nó i gcás inar dócha go ndéanfaidh sé damáiste suntasach don chomhshaol nó do shláinte an duine.

(19)

Chun críche an chiona choiriúil a thugtar isteach leis an Treoir seo i ndáil le hathchúrsáil long a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), tá sé le tabhairt faoi deara nach bhfuil feidhm faoi láthair, faoi dhlí an Aontais, ag na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán sin ach amháin maidir le húinéirí long, mar a shainmhínítear sa Rialachán sin.

(20)

Maidir leis an measúnú ar an bhfuil cainníocht táirge ábhartha nó tráchtearra ábhartha atá bainteach leis an dífhoraoisiú nó leis an díghrádú foraoise diomaibhseach dá dtagraítear in Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), d’fhéadfadh na Ballstáit a chur san áireamh, mar shampla, cainníocht an tráchtearra nó táirge ábhartha arna sloinneadh mar ghlanmhais, nó, i gcás inarb infheidhme, de réir toirte nó mar roinnt míreanna, nó i dtaobh an bhfuil scála na gníomhaíochta i gceist diomaibhseach i dtéarmaí cainníochta. Le haghaidh an mheasúnaithe sin, d’fhéadfadh na Ballstáit a chur san áireamh freisin, i gcás inarb ábhartha, na heilimintí eile a liostaítear sa Treoir seo le haghaidh cionta coiriúla áirithe eile, lena n-áirítear stádas caomhnaithe an speicis lena mbaineann nó costas athchóirithe an chomhshaoil.

(21)

Is féidir iarmhairtí tubaisteacha a bheith mar thoradh ar chionta coiriúla a bhaineann le hiompraíocht a dhéantar d’aon ghnó a liostaítear sa Treoir seo, amhail truailliú forleathan, tionóiscí tionsclaíocha a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha acu ar an gcomhshaol nó dóiteáin foraoise ar mhórscála. I gcás ina bhfuil cionta den sórt sin ina gcúis le scrios nó damáiste forleathan agus substaintiúil, atá dochúlaithe nó fadtéarmach, d’éiceachóras a bhfuil méid mór nó luach mór comhshaoil ag baint leis, nó do ghnáthóg laistigh de shuíomh faoi chosaint, nó ina bhfuil siad ina gcúis le damáiste forleathan agus substaintiúil atá dochúlaithe nó fadtéarmach do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, ba cheart cionta den sórt sin, as a n-eascraíonn torthaí turraingeacha den sórt sin, a bheith ina gcionta coiriúla cáilithe agus, dá bhrí sin, ba cheart pionós níos déine a ghearradh ina leith ná na pionóis is infheidhme i gcás cionta coiriúla eile a shainítear sa Treoir seo. Is féidir go gcuimsítear leis na cionta coiriúla cáilithe sin iompraíocht atá inchomparáide le ‘éicidhíothú’, iompraíocht atá cumhdaithe cheana féin ag dlí Ballstát áirithe agus atá á plé i bhfóraim idirnáisiúnta.

(22)

Más rud é nach cion coiriúil atá in iompraíocht faoin Treoir seo, ach amháin má bhaineann sí le cainníocht neamhdhiomaibhseach, atá comhfhreagrach le méid is airde ná an tairseach rialála, an luach rialála nó paraiméadar éigeantach eile, agus measúnú á dhéanamh ar cibé acu an ndeachthas os cionn na tairsí, an luacha nó an pharaiméadair eile sin, ba cheart, inter alia, guais agus tocsaineacht an ábhair nó na substainte a chur san áireamh mar dá ghuaisí nó dá thocsainí atá an t-ábhar nó an tsubstaint, is ea is luaithe a bhaintear amach an tairseach, an luach nó an paraiméadar eile sin agus, i gcás substaintí nó ábhair atá an-ghuaiseach agus tocsaineach, gur féidir le cainníocht an-bheag, fiú, damáiste suntasach a dhéanamh don chomhshaol nó do shláinte an duine.

(23)

Mar gheall ar an dlús atá curtha leis an athrú aeráide, le cailliúint na bithéagsúlachta agus leis an díghrádú comhshaoil, mar aon le samplaí inbhraite de na héifeachtaí tubaisteacha a bhaineann leo, aithníodh an t-aistriú glas mar chuspóir sainitheach ár linne agus mar ábhar cothromais idirghlúine. I gcás ina n-úsáidtear sa Treoir seo, d’fhonn cionta coiriúla a shainiú, téarmaí a shainmhínítear i ndlí comhshaoil an Aontais chun tuairisc a thabhairt ar iompraíocht neamhdhleathach, ba cheart na téarmaí sin a thuiscint de réir bhrí na sainmhínithe comhfhreagracha a leagtar síos i ngníomhartha dlí ábhartha an Aontais a chumhdaítear leis an Treoir seo. Ba cheart a chumhdach leis an Treoir seo freisin aon ghníomh de chuid an Aontais lena leasaítear forálacha nó ceanglais atá ábhartha chun tuairisc a thabhairt ar iompraíocht neamhdhleathach a thagann faoi raon feidhme na gcionta coiriúla a shainítear sa Treoir seo. Agus na gníomhartha leasaitheacha sin de chuid an Aontais á ndréachtú, b’iomchuí tagairt don Treoir seo a chur san áireamh. Mar sin féin, i gcás ina ndéantar cineálacha nua iompraíochta neamhdhleathaí, nach gcumhdaítear fós faoi raon feidhme na gcionta a shainítear sa Threoir seo, a thabhairt isteach i ndlí comhshaoil an Aontais, ba cheart an Treoir seo a leasú chun na cineálacha nua iompraíochta neamhdhleathaí sin a chur san áireamh laistigh dá raon feidhme.

(24)

Gan dochar do chineál dinimiciúil na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh go rialta, agus i gcás inar gá, i dtaobh an gá leasú a dhéanamh ar an tuairisc sa Treoir seo ar iompraíocht a d’fhéadfadh a bheith ina cion coiriúil faoin Treoir seo. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh freisin i dtaobh an gá cionta coiriúla eile a shainiú nuair a dhéantar cineálacha nua iompraíochta neamhdhleathaí nach gcumhdaítear go fóill faoi raon feidhme na Treorach seo a thabhairt isteach i ndlí comhshaoil an Aontais.

(25)

Ba cheart liosta neamh-uileghabhálach a chur ar fáil leis an Treoir seo d’eilimintí is ceart do na húdaráis inniúla a chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha, agus measúnú á dhéanamh acu ar ar baineadh amach na tairseacha cáilíochtúla agus cainníochtúla a úsáidtear chun cionta coiriúla comhshaoil a shainiú. Ba cheart go n-éascódh soláthar liosta den sórt sin cur i bhfeidhm comhleanúnach na Treorach seo agus comhrac níos éifeachtaí i gcoinne na coireachta comhshaoil chomh maith le foráil a dhéanamh maidir le deimhneacht dhlíthiúil. Níor cheart do na heilimintí measúnaithe sin ná dá gcur i bhfeidhm, áfach, ciotaí mhór a dhéanamh chun cionta coiriúla a bhrath, a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a bhreithniú.

(26)

I gcás ina bhforáiltear leis an Treoir seo nach cion coiriúil atá in iompraíocht neamhdhleathach ach amháin i gcás ina ndéantar í, agus go bhfuil ina bhfuil sí ina cúis le bás duine, ba cheart coincheap ‘na hintinne’ a léirmhíniú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) á chur san áireamh. Dá bhrí sin, chun críocha na Treorach seo, d’fhéadfaí a thuiscint gurb ionann an ‘intinn’ sin agus intinn dhíreach a bheith ina chúis le bás duine nó d’fhéadfadh sé freisin staid a chumhdach inar ghníomhaigh an ciontóir, in ainneoin nach raibh sé nó sí ag iarraidh a bheith ina chúis nó ina cúis le bás duine, nó na dóchúlachta go mbeadh sé nó sí ina chúis nó ina cúis leis, nó inar staon sé nó sí ó ghníomhú, go deonach agus de shárú ar oibleagáid ar leith, agus ar an gcaoi sin ina raibh an ciontóir ina chúis nó ina cúis le bás duine. Ba cheart feidhm a bheith ag an tuiscint chéanna maidir le coincheap ‘na hintinne’ i gcás ina bhfuil iompraíocht neamhdhleathach ar a dtugtar tuairisc sa Treoir seo, ar iompraíocht d’aon ghnó é, ina cúis le gortú tromchúiseach d’aon duine, nó le damáiste tromchúiseach dochúlaithe nó fadtéarmach d’éiceachóras a bhfuil méid suntasach nó luach mór comhshaoil ag baint leis, nó do ghnáthóg laistigh de shuíomh faoi chosaint, nó ina bhfuil sí ina cúis le damáiste tromchúiseach dochúlaithe nó fadtéarmach do cháilíocht an aeir, na hithreach, nó an uisce.

(27)

Maidir leis na cionta coiriúla a shainítear sa Treoir seo, ba cheart an coincheap ‘faillí thromchúiseach’ a léirmhíniú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus cásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh. Ní cheanglaítear leis an Treoir seo go dtabharfar isteach sa dlí náisiúnta an coincheap ‘faillí thromchúiseach’ le haghaidh gach comhghné den chion coiriúil, amhail sealbhú, díol nó tairiscint lena díol, lena cur ar an margadh agus eilimintí comhchosúla. Sna cásanna sin, is féidir leis na Ballstáit a chinneadh go bhfuil an coincheap ‘faillí thromchúiseach’ ábhartha do ghnéithe den chion coiriúil amhail an stádas cosanta, ‘cainníocht dhiomaibhseach’, nó ‘an chosúlacht’ go bhféadfadh an iompraíocht damáiste substaintiúil a dhéanamh.

(28)

In imeachtaí agus i dtrialacha coiriúla, ba cheart aird chuí a thabhairt ar rannpháirtíocht na ngrúpaí coiriúla eagraithe atá ag oibriú ar bhealaí a mbíonn tionchar diúltach acu ar an gcomhshaol. Le himeachtaí coiriúla i leith cionta comhshaoil, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an éilliú, ar sciúradh airgid, ar chibearchoireacht agus ar chalaois doiciméad agus – i ndáil le gníomhaíochtaí gnó – intinn an chiontóra brabúis a uasmhéadú nó costais a shábháil. Is minic a bhíonn na cineálacha coireachta sin idirnasctha le cineálacha tromchúiseacha coireachta comhshaoil agus, dá bhrí sin, níor cheart déileáil leo ina n-aonar. Tá seans ann freisin go ndéanfaidh siad damáiste suntasach don chomhshaol agus do shláinte an duine, lena n-áirítear éifeachtaí millteacha ar an dúlra agus ar phobail áitiúla. Ina theannta sin, is ábhar imní ar leith é go ndéantar roinnt cionta coiriúla comhshaoil le caoinfhulaingt nó le tacaíocht ghníomhach ó na riaracháin inniúla nó ó oifigigh atá i mbun a gcuid dualgas poiblí. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé sin a bheith i bhfoirm éillithe fiú. I measc samplaí den iompraíocht sin, tá neamhaird a thabhairt, nó fanacht ina thost maidir le, sárú ar dhlí an chomhshaoil tar éis cigireachtaí, iniúchtaí nó rialuithe a fhágáil ar lár d’aon turas, amhail i dtaobh an bhfuil coinníollacha ceada á n-urramú ag sealbhóir an cheada nó nach bhfuil, ag tacú le rúin nó le vótáil i bhfabhar ceadúnais neamhdhleathacha a dheonú nó tuarascálacha fabhracha falsaithe nó bréagacha a eisiúint.

(29)

Ba cheart go mbeadh gríosú, agus cabhrú agus neartú le cionta coiriúla inphionóis freisin. Maidir le hiarracht ar chion coiriúil a dhéanamh is cúis, nó ar dóigh di a bheith ina cúis, le bás aon duine nó le gortú tromchúiseach d’aon duine nó atá ina cúis nó ar dóigh di a bheith ina cúis le damáiste substaintiúil don chomhshaol nó a mheastar a bheith thar a bheith díobhálach ar shlí eile, ba cheart í a bheith ina cion coiriúil freisin i gcás ina ndéantar d’aon ghnó é. Déantar coincheap na hiarrachta a léirmhíniú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Maidir leis an gcion coiriúil a shainítear sa Treoir seo i ndáil le tionscadal a fhorfheidhmiú gan toiliú forbartha, ós rud é go bhfuil sé le tuiscint go n-áirítear le forfheidhmiú tionscadail tús cur chun feidhme tionscadail den sórt sin, mar shampla, oibreacha chun an talamh a ullmhú le haghaidh tógála nó idirghabháil eile ar an gcomhshaol, ní liostaítear sa Treoir seo an cion sin i measc cionta coiriúla ar cheart iarracht ina leith a bheith inphionóis mar chion coiriúil.

(30)

Ba cheart pionóis do na cionta coiriúla a shainítear sa Treoir seo a beith éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach. Chuige sin, ba cheart íosleibhéil don uastéarma príosúnachta a shocrú do dhaoine nádúrtha. Maidir leis na huastéarmaí príosúnachta dá bhforáiltear sa Treoir seo le haghaidh na gcionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha, ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis na foirmeacha is tromchúisí de na cionta sin ar a laghad. Áirítear i ndlí coiriúil na mBallstát uile forálacha maidir le dúnmharú, bíodh sé déanta d’aon ghnó nó le faillí thromchúiseach. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann leas a bhaint as na forálacha ginearálta sin, lena n-áirítear forálacha maidir le himthosca géaraitheacha, agus na forálacha sa Treoir seo a bhaineann le cionta coiriúla is cúis le bás duine á dtrasuí acu, cibé acu d’aon ghnó nó le faillí thromchúiseach a dhéantar iad.

(31)

Is minic a mheastar pionóis nó bearta gabhálacha a bheith níos éifeachtaí ná pionóis airgeadais, go háirithe i gcás daoine dlítheanacha. Dá bhrí sin, ba cheart pionóis nó bearta gabhálacha a bheith ar fáil sna himeachtaí ábhartha. D’fhéadfaí a áireamh ar na pionóis nó ar na bearta sin an oibleagáid an comhshaol a athbhunú, eisiamh ó rochtain ar chistiú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais, agus ceadanna agus údaruithe a tharraingt siar. Tá an méid sin gan dochar do rogha na mbreithiúna nó na gcúirteanna in imeachtaí coiriúla chun pionóis gabhálacha iomchuí eile a fhorchur i gcásanna aonair.

(32)

Gan dochar do cheanglais Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), d’fhéadfaí ceanglas chun an comhshaol a athchóiriú i gcás ina mbeadh an damáiste inchúlaithe a áireamh sna pionóis nó sna bearta gabhálacha agus d’fhéadfaí ceanglas a áireamh orthu cúiteamh a sholáthar i gcás go bhfuil an damáiste dochúlaithe nó i gcás nach bhfuil sé d’acmhainn ag an gciontóir an t-athchóiriú sin a dhéanamh.

(33)

A mhéid atá iompraíocht ar cion coiriúil comhshaoil mar a shainítear sa Treoir seo í inchurtha i leith daoine dlítheanacha, ba cheart na daoine dlítheanacha sin a bheith faoi dhliteanas i leith an chiona sin. Chun cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú, na Ballstáit a ndéantar foráil ina ndlí maidir le dliteanas coiriúil daoine dlítheanacha, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéantar foráil ina ndlí maidir le cineálacha éifeachtacha, athchomhairleacha agus comhréireacha agus leibhéil éifeachtacha, athchomhairleacha agus chomhréireacha de phionóis choiriúla mar a leagtar síos sa Treoir seo. Chun cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú, na Ballstáit sin nach ndéantar foráil ina ndlí maidir le dliteanas coiriúil daoine dlítheanacha, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéantar foráil ina ndlí maidir le cineálacha éifeachtacha, athchomhairleacha agus comhréireacha agus leibhéil éifeachtacha, athchomhairleacha agus chomhréireacha de phionóis neamhchoiriúla mar a leagtar síos sa Treoir seo. Ba cheart feidhm a bheith ag na huasleibhéil fíneálacha coiriúla dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcás na gcionta a shainítear inti ar a laghad maidir leis na foirmeacha is tromchúisí de na cionta sin. Ba cheart tromchúis an iompraíocht, mar aon le himthosca aonair, airgeadais agus eile na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann, a chur san áireamh chun a áirithiú go bhfuil an pionós a fhorchuirfear éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an t-uasleibhéal fíneálacha a shocrú mar chéatadán de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh lena mbaineann, nó i méideanna socraithe. Nuair a bheidh an Treoir seo á trasuí, ba cheart do na Ballstáit a chinneadh cé acu den dá rogha sin a úsáidfidh siad.

(34)

I gcás ina roghnóidh na Ballstáit, agus fíneálacha a bheidh le forchur ar dhaoine dlítheanacha á gcinneadh acu, an critéar chun láimhdeachas domhanda iomlán duine dhlítheanaigh a chur chun feidhme, ba cheart dóibh a chinneadh an ríomhfar an láimhdeachas sin bunaithe ar an mbliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion coiriúil, nó ar an mbliain ghnó roimh bhliain an chinnidh an fhíneáil a fhorchur. Ba cheart dóibh breithniú a dhéanamh freisin ar fhoráil a dhéanamh do rialacha i gcásanna nach féidir méid fíneála a chinneadh ar bhonn láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion coiriúil, nó sa bhliain ghnó roimh bhliain an chinnidh an fhíneáil a fhorchur. I gcásanna den sórt sin, ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann critéir eile a chur san áireamh, amhail láimhdeachas domhanda iomlán i mbliain ghnó eile. I gcás ina n-áirítear leis na rialacha sin méideanna socraithe fíneálacha a shocrú, níor cheart gur ghá go sroichfeadh na méideanna sin na huasleibhéil a bhunaítear sa Treoir seo mar an t-íoscheanglas le haghaidh uasleibhéal na bhfíneálacha a shocraítear i méideanna socraithe.

(35)

I gcás ina roghnóidh na Ballstáit uasleibhéal fíneálacha a shocraítear i méideanna socraithe, ba cheart na leibhéil sin a leagan síos sa dlí náisiúnta. Ba cheart feidhm a bheith ag leibhéil is airde na bhfíneálacha sin maidir leis na cineálacha cionta coiriúla is tromchúisí a shainítear sa Treoir seo, cionta a dhéanann daoine dlítheanacha atá láidir ó thaobh airgeadais de. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann modh ríofa na leibhéal is airde de na fíneálacha sin a chinneadh, lena n-áirítear coinníollacha sonracha lena n-aghaidh. Iarrtar ar na Ballstáit athbhreithniú rialta a dhéanamh ar leibhéil na bhfíneálacha a shocraítear i méideanna socraithe ag féachaint do rátaí boilscithe agus luaineachtaí eile sa luach airgeadaíochta, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos ina ndlí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu foráil a dhéanamh i dtaobh uasleibhéal fíneálacha ina n-airgeadra a chomhfhreagraíonn do na leibhéil a chinntear sa Treoir seo in euro ar a dáta theacht i bhfeidhm. Iarrtar ar na Ballstáit sin athbhreithniú rialta a dhéanamh ar leibhéil na bhfíneálacha maidir le forbairt an ráta malairte freisin.

(36)

Tá bunú uasleibhéal na bhfíneálacha gan dochar do rogha na mbreithiúna nó na gcúirteanna in imeachtaí coiriúla chun pionóis iomchuí a fhorchur i gcásanna aonair. Ós rud é nach mbunaítear leis an Treoir seo aon íosleibhéil fíneálacha, ba cheart do na breithiúna nó do na cúirteanna, in aon chás, pionóis iomchuí a fhorchur agus imthosca aonair, airgeadais agus eile an duine dhlítheanaigh lena mbaineann agus tromchúis an iompair á gcur san áireamh.

(37)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó na bearta is infheidhme maidir le daoine dlítheanacha atá faoi dhliteanas i leith cionta coiriúla cáilithe mar a shainítear sa Treoir seo níos déine ná na pionóis nó na bearta is infheidhme i gcás cionta coiriúla eile a shainítear sa Treoir seo. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, foráil a dhéanamh maidir le leibhéal níos airde fíneálacha coiriúla agus neamhchoiriúla ná uasleibhéal na bhfíneálacha a bhunaítear sa Treoir seo nó foráil a dhéanamh maidir le pionóis nó bearta níos déine ar shlí eile, lena n-áirítear pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla, nó meascán díobh sin.

(38)

Ós rud é go gcuirtear daoine dlítheanacha faoi dhliteanas faoin Treoir seo, níor cheart cosc a chur ar imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne daoine nádúrtha a dhéanann, a ghríosaíonn nó atá ina gcúlpháirtithe i ndáil leis na cionta coiriúla a shainítear sa Treoir seo. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha i gcomhair dliteanas coiriúil, ba cheart a thuiscint go n-áirítear comhaltaí bord corparáideach leis na daoine nádúrtha sin.

(39)

Is gá do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar phionóis nó bearta a thabhairt isteach a bheadh ina rogha mhalartach ar phríosúnacht chun rannchuidiú le hathbhunú an chomhshaoil.

(40)

Ba cheart na leibhéil pionóis a fhorchuirtear a chomhfhogasú tuilleadh agus ba cheart éifeachtacht na leibhéal sin a chothú trí imthosca géaraitheacha coiteanna a thabhairt isteach a léiríonn déine an chiona choiriúil a rinneadh. Ba cheart an coincheap maidir le ‘himthosca géaraitheacha’ a thuiscint mar fhíorais lena gcuirtear ar chumas an bhreithimh pianbhreith níos déine a fhógairt i leith an chiona choiriúil chéanna ná an phianbhreith a fhorchuirtear de ghnáth gan na fíorais sin, nó mar an fhéidearthacht roinnt cionta coiriúla a choinneáil go carnach chun leibhéal an phionóis a mhéadú. Dá bhrí sin, níl sé d’oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le himthosca géaraitheacha sonracha i gcás ina ndéantar foráil sa dlí náisiúnta cheana maidir le cionta coiriúla ar leithligh agus ar féidir pionóis níos déine a bheith mar thoradh orthu.

(41)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar foráil maidir le ceann amháin ar a laghad de na himthosca géaraitheacha agus maolaitheacha dá bhforáiltear sa Treoir seo mar imthoisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme ina gcóras dlí. In aon chás, ba cheart go bhfanfadh sé faoi rogha an bhreithimh nó na cúirte cinneadh a dhéanamh i dtaobh an phianbhreith a mhéadú nó a laghdú, agus na himthosca sonracha i ngach cás ar leith á gcur san áireamh.

(42)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo gan dochar do rialacha agus do phrionsabail ghinearálta an dlí náisiúnta choiriúil maidir le pianbhreitheanna ná d’fhorghníomhú pianbhreitheanna i gcomhréir leis na himthosca nithiúla i ngach cás aonair. Ba cheart go bhféadfadh Ballstáit na cineálacha pionóis gabhálacha nó na bearta gabhálacha is iomchuí a chinneadh. Go háirithe, i gcás ina ndéanann an dlí náisiúnta foráil maidir leis an bhféidearthacht oibleagáid a fhorchur chun an comhshaol a athchoiriú laistigh de thréimhse ar leith, ar choinníoll go bhfuil an damáiste inchúlaithe, ní cheanglófar leis an Treoir seo go mbeadh breitheamh ná cúirt freagrach freisin as faireachán a dhéanamh ar fhorghníomhú na hoibleagáide sin. Ar an gcaoi chéanna, más féidir tarraingt siar ceadanna agus údaruithe chun gníomhaíochtaí a shaothrú a raibh an cion coiriúil mar thoradh orthu a fhorchur mar phionós faoin dlí náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh breithiúna nó cúirteanna in ann an pionós sin a fhorchur iad féin nó go gcuirtear údarás inniúil eile ar an eolas agus gur féidir leo gníomhú i gcomhréir le rialacha náisiúnta nós imeachta.

(43)

Níor cheart leis an Treoir seo difear a dhéanamh don dliteanas sibhialta faoin dlí náisiúnta ná don oibleagáid cúiteamh a dhéanamh, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, as díobháil nó damáiste a dhéantar mar thoradh ar chion coiriúil ar leith a shainítear sa Treoir seo.

(44)

Níor cheart é a bheith indéanta sonraí pearsanta daoine ciontaithe atá luaite i gcinntí breithiúnacha a fhoilsiú ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo tar éis measúnú cás ar chás, agus leas an phobail á chur i gcomparáid leis na cearta maidir le meas ar an saol príobháideach agus le cosaint shonraí pearsanta an duine chiontaithe dá bhforáiltear in Airteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), faoi seach. Níor cheart, dá bhrí sin, gurbh fhéidir na sonraí pearsanta sin a fhoilsiú ach amháin i gcásanna cionta coiriúla tromchúiseacha agus ina bhfuil gá le héifeachtaí láidre athchomhairleacha. D’fhéadfaí a chur san áireamh sa mheasúnú cás ar chás gnéithe amhail tromchúis an damáiste a rinneadh don chomhshaol, an díobháil a bhain do dhaoine nádúrtha, nó iad araon, an ndearnadh an cion coiriúil arís agus arís eile san earnáil chomhshaoil chéanna, agus an ndearna cuideachta mhór atá gníomhach i roinnt Ballstát an cion coiriúil, nó an ndearnadh an cion chun tairbhe di, nó an ndearnadh gníomhaí tábhachtach margaidh in earnáil shonrach chomhshaoil é. Ba cheart go gcomhlíonfadh aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs na Treorach seo reachtaíocht is infheidhme an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir le cosaint sonraí, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa (9) agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Áirítear leis an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí sin oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le coimircí iomchuí do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí nuair a fhoilseofar an cinneadh breithiúnach ar fad nó cuid de a bhaineann leis an gcion coiriúil a dhéantar agus leis na pionóis nó na bearta a fhorchuirtear. Ina theannta sin, ba cheart foilsiú an chinnidh lena bhforchuirtear na pionóis nó na bearta ar dhuine dlítheanach a chur i bhfeidhm gan dochar do na rialacha náisiúnta lena rialaítear anaithnidiú cinntí breithiúnacha nó fad an fhoilsithe.

(45)

Leis an oibleagáid dá bhforáiltear sa Treoir seo chun socrú a dhéanamh i dtaobh pionóis choiriúla níor cheart na Ballstáit a dhíolmhú ón oibleagáid chun socrú a dhéanamh i dtaobh pionóis riaracháin agus bearta eile sa dlí náisiúnta i gcás sáruithe ar dhlí chomhshaoil an Aontais.

(46)

Ba cheart do na Ballstáit raon feidhme fhorfheidhmiú an dlí riaracháin agus choiriúil a shainiú go soiléir maidir le cionta comhshaoil i gcomhréir lena ndlí náisiúnta. Agus an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo á chur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, le pionóis choiriúla agus pionóis riaracháin a fhorchur, go n-urramaítear prionsabail na Cairte, lena n-áirítear toirmeasc na nósanna imeachta nach n-urramaíonn prionsabal ne bis in idem.

(47)

Thairis sin, ba cheart raon pionós coiriúil agus neamhchoiriúil agus bearta eile, lena n-áirítear modhanna coisctheach, a bheith ar fáil d’údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin sna Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha éagsúla iompraíochta coiriúla ar bhealach saincheaptha, tráthúil, comhréireach agus éifeachtach.

(48)

I gcás ina bhfuil cionta coiriúla de chineál leanúnach, ba cheart deireadh a chur leo a luaithe is féidir. Moltar do na Ballstáit na húdaráis inniúla a chumasú chun a ordú go scoirfear láithreach den iompraíocht neamhdhleathach nó chun an iompraíocht sin a chosc.

(49)

I gcás ina bhfuil gnóthachain airgeadais déanta ag ciontóirí, ba cheart na gnóthachain sin a choigistiú. Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun gur féidir fáltais agus ionstraimeachtaí calctha agus coigistithe a bhainistiú go hiomchuí, i gcomhréir lena gcineál. Ba cheart do na Ballstáit machnamh a dhéanamh a bhearta a ghlacadh lena gceadaítear maoin choigistithe a úsáid, i gcás inar féidir, chun athchóiriú an chomhshaoil nó feabhsúchán aon damáiste a rinneadh a mhaoiniú, nó chun cúiteamh a sholáthar i leith an damáiste don chomhshaol, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(50)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na tréimhsí teorann is gá chun coireacht chomhshaoil a chomhrac go héifeachtach, gan dochar do rialacha náisiúnta nach leagann síos tréimhsí teorann d’imscrúdú, d’ionchúiseamh agus d’fhorfheidhmiú. Mar riail ghinearálta, ritheann tréimhse teorann ón am a rinneadh an cion coiriúil. Mar sin féin, toisc go mbunaítear rialacha íosta leis an Treoir seo, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go dtosóidh an tréimhse teorann níos déanaí, eadhon ón am a braitheadh an cion coiriúil nó a fuarthas amach faoi, ar choinníoll go ndéantar an t-am braite sin a chinneadh go soiléir i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Faoin Treoir seo, tá cead ag na Ballstáit tréimhsí teorann a bhunú atá níos giorra ná na tréimhsí teorann a leagtar síos sa Treoir seo, ar choinníoll, ina gcórais dlí, gur féidir tréimhsí teorann níos giorra den sórt sin a bhriseadh nó a chur ar fionraí i gcás gníomhartha sonraithe, ar gníomhartha iad arbh fhéidir a shainiú de réir an dlí náisiúnta.

(51)

I bhfianaise, go háirithe, soghluaisteacht ciontóirí, mar aon le cineál trasteorann na gcionta coiriúla a shainítear sa Treoir seo agus an fhéidearthacht imscrúduithe trasteorann a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit dlínse a bhunú chun na cionta sin a chomhrac go héifeachtach. Ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar le Eurojust, go háirithe ar bhonn Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), i gcásanna ina bhféadfadh coinbhleachtaí dlínse teacht chun cinn. Ba cheart do Bhallstát faoi leith dlínse a bhunú ar chionta coiriúla a dhéantar ar bord loinge nó aerárthaigh atá cláraithe sa Bhallstát sin, nó a bhfuil a bhratach ar foluain uirthi, agus caighdeáin ghaolmhara faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta lena mbaineann á gcur san áireamh. Níor cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit faoin Treoir seo an dlínse sin a bhunú den chéad uair ar chionta coiriúla nach féidir, mar gheall ar a gcineál, iad a dhéanamh ar bord loinge nó aerárthaigh.

(52)

Ba cheart do na Ballstáit dlínse a bhunú ar chionta coiriúla a shainítear sa Treoir seo i gcás ina dtarlaíonn an damáiste atá ar cheann de chomhábhair an chiona choiriúil ar a gcríoch. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus le prionsabal an chríochachais, féadfaidh Ballstát dlínse a bhunú ar chionta coiriúla atá déanta go hiomlán nó go páirteach ar a chríoch.

(53)

Chun forfheidhmiú rathúil an dlí choiriúil comhshaoil a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha a chur ar fáil d’údaráis inniúla le haghaidh cionta coiriúla comhshaoil amhail na cinn atá ar fáil faoina ndlí náisiúnta chun an choireacht eagraithe nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chomhrac, má tá agus a mhéid atá úsáid na n-uirlisí sin iomchuí agus comhréireach le cineál agus tromchúis na gcionta coiriúla a dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta. Féadfar a bheith san áireamh leis na huirlisí sin idircheapadh cumarsáide, faireachas ceilte lena n-áirítear faireachas leictreonach, seachadtaí rialaithe, faireachán ar chuntais bhainc agus uirlisí imscrúdaithe airgeadais eile. Ba cheart na huirlisí sin a úsáid i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus lánurraim á tabhairt don Chairt. Tá sé ríthábhachtach go n-urramófar an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint.

(54)

Déanann cionta coiriúla comhshaoil damáiste don dúlra agus don tsochaí. Déanann daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí comhshaoil an Aontais seirbhís chun leas an phobail agus bíonn ról lárnach acu le linn na sáruithe sin a nochtadh agus a chosc, agus ar an gcaoi sin an comhshaol agus leas na sochaí a chosaint. Is minic gur daoine aonair a bhíonn i dteagmháil le heagraíocht i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí oibre is túisce a bhíonn ar an eolas faoi bhagairtí nó faoi dhochar do leas an phobail agus don chomhshaol. Tugtar ‘sceithirí’ ar dhaoine a thuairiscíonn neamhrialtachtaí. Is minic a chuirtear sceithirí féideartha óna gcuid ábhar imní nó óna gcuid amhrais a thuairisciú mar gheall ar eagla roimh fhrithbheart. Baineann na daoine tuairiscithe sin tairbhe as cosaint chothrom éifeachtach faoi Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), lena n-áirítear Treoracha 2008/99/CE agus Treoir 2009/123/CE (13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoina raon feidhme. Tar éis an Treoir seo a chur in ionad Threoir 2008/99/CE agus Threoir 2009/123/CE, ba cheart do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí comhshaoil an Aontais, de bhua na Treorach seo, leanúint de thairbhe a bhaint as an gcosaint sin ó na Ballstáit atá faoi cheangal aici.

(55)

D’fhéadfadh faisnéis luachmhar a bheith ag daoine eile freisin maidir le cionta coiriúla comhshaoil féideartha, cé is moite díobh siúd a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais faoi Threoir (AE) 2019/1937. D’fhéadfaidís a bheith ina ndaoine den phobal lena mbaineann nó ina ndaoine den tsochaí ina hiomláine agus páirt ghníomhach á glacadh acu i gcosaint an chomhshaoil. Ba cheart an tacaíocht agus an cúnamh is gá i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla a chur ar fáil do dhaoine den sórt sin a thuairiscíonn cionta coiriúla comhshaoil chomh maith le daoine a oibríonn i gcomhar maidir le forfheidhmiú na gcionta sin, ionas nach mbeidh siad faoi mhíbhuntáiste mar thoradh ar a gcomhair ach go bhfaighidh siad tacaíocht agus cúnamh. Ba cheart na bearta tacaíochta agus cúnaimh is gá a bheith ar fáil do na daoine sin i gcomhréir lena gcearta nós imeachta sa dlí náisiúnta agus ba cheart a áireamh iontu ar a laghad gach beart tacaíochta agus cúnaimh atá ar fáil do dhaoine a bhfuil cearta nós imeachta comhfhreagracha acu in imeachtaí coiriúla a bhaineann le cionta coiriúla eile. Ba cheart na daoine sin, i gcomhréir lena gcearta nós imeachta sa dlí náisiúnta, a chosaint freisin ar ghéarleanúint mar thoradh ar chionta coiriúla comhshaoil a thuairisciú nó ar a gcomhar sna himeachtaí coiriúla. Níl ábhar na mbeart tacaíochta agus cúnaimh is gá á bhunú sa Treoir seo agus ba cheart do na Ballstáit é a chinneadh. Ní cheanglaítear ar na Ballstáit na bearta tacaíochta agus cúnaimh a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil amhras fúthu nó atá cúisithe i gcomhthéacs na n-imeachtaí coiriúla lena mbaineann.

(56)

Ba cheart do na Ballstát measúnú a dhéanamh ar an ngá le cur ar chumas daoine cionta comhshaoil a thuairisciú go hanaithnid, i gcás nach bhfuil an fhéidearthacht sin ann cheana.

(57)

Ós rud é nach féidir leis an gcomhshaol ionadaíocht a dhéanamh air féin mar íospartach in imeachtaí coiriúla, chun iad a fhorfheidhmiú go héifeachtach, ba cheart an deis a bheith ag daoine den phobal lena mbaineann gníomhú thar ceann an chomhshaoil mar leas poiblí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus faoi réir na rialacha nós imeachta ábhartha.

(58)

Leis an Treoir seo, ní chuirtear de cheangal ar na Ballstáit cearta nua nós imeachta a thabhairt isteach do dhaoine den phobal lena mbaineann. Mar sin féin, nuair is ann do na cearta nós imeachta sin do dhaoine den phobal lena mbaineann i mBallstát i gcásanna coibhéiseacha a bhaineann le cionta coiriúla seachas iad siúd dá bhforáiltear de bhun na Treorach seo, amhail an ceart a bheith rannpháirteach sna himeachtaí mar pháirtí sibhialta, ba cheart na cearta nós imeachta sin a dheonú freisin do chomhaltaí an phobail lena mbaineann sna himeachtaí a bhaineann leis na cionta coiriúla comhshaoil a shainítear sa Treoir seo. Tá cearta daoine den phobal lena mbaineann gan dochar do chearta íospartach mar a leagtar amach i dTreoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Ba cheart go bhfanfadh ‘daoine den phobal lena mbaineann’ agus ‘íospartaigh’ ina dhá gcoincheap ar leith agus níor cheart go gceanglófaí ar na Ballstáit cearta íospartach a chur i bhfeidhm maidir le daoine den phobal lena mbaineann. Leis an Treoir seo, ní cheanglaítear ar na Ballstáit na cearta nós imeachta in imeachtaí coiriúla a dheonaíonn siad do chatagóirí daoine seachas daoine den phobal lena mbaineann a dheonú don phobal lena mbaineann.

(59)

Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh, amhail feachtais faisnéise agus múscailte feasachta dírithe ar na geallsealbhóirí ábhartha ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon, mar aon le cláir taighde agus oideachais a bhfuil sé mar aidhm leo cionta coiriúla comhshaoil foriomlána a laghdú agus baol na coireachta comhshaoil a laghdú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit gníomhú i gcomhar le geallsealbhóirí den sórt sin. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfaí a chur san áireamh sna bearta a bhfuil sé mar aidhm leo cosc cionta coiriúla comhshaol a fheabhsú, scéimeanna um chomhlíonadh agus díchill chuí a chur chun cinn, lena dtugtar spreagadh d’oibreoirí oifigigh um chomhlionadh a bheith acu chun cabhrú le comhlíonadh dhlí comhshaol an Aontais a áirithiú, agus an trédhearcacht a chur chun cinn chun go neartófar an dlí coiriúil comhshaoil a chomhlionadh. Ina theannta sin, d’fhéadfaí a chur san áireamh sna pionóis gabhálacha arna bhforchur ar dhaoine dlítheanacha faoin Treoir seo oibleagáid ar chuideachtaí scéimeanna díchill chuí a shuiteáil chun comhlíonadh caighdeán comhshaoil a fheabhsú, rud a rannchuidíonn freisin le cionta coiriúla comhshaoil breise a chosc. Thairis sin, d’fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chiste a bhunú chun tacú le bearta coisctheacha a thacaíonn i leith cionta coiriúla comhshaoil agus a n-iarmhairtí millteacha.

(60)

De dheasca easpa acmhainní agus cumhachtaí forfheidhmiúcháin d’údaráis náisiúnta a dhéanann cionta coiriúla comhshaoil a bhrath, a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a bhreithniú, cruthaítear bacainní chun na cionta sin a chosc agus pianbhreith a ghearradh. Go háirithe, is féidir leis an nganntanas acmhainní bac a chur ar na húdaráis aon ghníomh a dhéanamh nó teorainn a chur lena ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin, lena gceadaítear do chiontóirí dliteanas a sheachaint nó go ngearrfaí pianbhreith orthu nach bhfreagraíonn do thromchúis an chiona choiriúil. Dá bhrí sin, ba cheart critéir íosta maidir le hacmhainní agus le cumhachtaí forfheidhmiúcháin a bhunú.

(61)

Braitheann feidhmiú éifeachtach an tslabhra forfheidhmiúcháin ar raon sainscileanna. Ós rud é go n-éilíonn castacht na ndúshlán a bhaineann le cionta coiriúla comhshaoil agus nádúr teicniúil na gcionta sin cur chuige ildisciplíneach, is gá ardleibhéal eolais ar an dlí agus saineolas teicniúil, tacaíocht airgeadais, chomh maith le hardleibhéal oiliúna agus speisialtóireachta a bheith ag na húdaráis inniúla ábhartha. Ba cheart do na Ballstáit oiliúint a chur ar fáil a bheadh oiriúnach d’fheidhm na ndaoine sin atá i gceannas ar an gcoireacht chomhshaoil a bhrath, a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a bhreithniú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit, agus a dtraidisiúin bhunreachtúla agus struchtúr a gcóras dlí á gcur san áireamh, mar aon le himthosca eile, lena n-áirítear méid an Bhallstáit lena mbaineann, measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le leibhéal speisialtóireachta na n-údarás sin i réimse na gcionta coiriúla comhshaoil a mhéadú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás inar Ballstát beag é an Ballstát lena mbaineann agus nach bhfuil ach líon teoranta údarás inniúil aige, d’fhéadfaí a chinneadh sa mheasúnú, i bhfianaise an lín theoranta sin, nach bhfuil speisialtóireacht indéanta nó inmholta. Go háirithe, ar mhaithe le gairmiúlacht agus le héifeachtacht an tslabhra forfheidhmithe a uasmhéadú, ba cheart do na Ballstáit a bhreithniú freisin aonaid imscrúdaithe speisialaithe, ionchúisitheoirí agus breithiúna a shannadh chun déileáil le cásanna coiriúla comhshaoil. D’fhéadfadh cúirteanna coiriúla ginearálta foráil a dhéanamh maidir le dlísheomraí speisialaithe breithiúna. Ba cheart saineolas teicniúil a chur ar fáil do na húdaráis forfheidhmithe ábhartha go léir.

(62)

Chun córas forfheidhmiúcháin éifeachtach comhtháite comhleanúnach a áirithiú lena n-áirítear bearta riaracháin, bearta dlí shibhialta agus bearta dlí choiriúil, ba cheart do na Ballstáit comhar agus cumarsáid inmheánach a eagrú idir a n-údaráis inniúla uile a bhfuil baint acu le forfheidhmiú riaracháin agus coiriúil, lena n-áirítear na húdaráis uile a fheidhmíonn feidhmeanna coisctheacha, pionóis agus ceartaitheacha.

(63)

I gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar le chéile freisin trí ghníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe trí Eurojust agus Europol, chomh maith le comhlachtaí an Aontais, lena n-áirítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, ina réimsí inniúlachta faoi seach. Gan dochar do na rialacha maidir le comhar trasteorann agus cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in ábhair choiriúla, ba cheart comhar den sórt sin a sholáthar chun gníomhaíocht éifeachtach i gcoinne na gcionta coiriúla a shainítear sa Treoir seo a áirithiú, agus chun cúnamh teicniúil agus oibríochtúil arna sholáthar a áireamh, i gcás inarb iomchuí, ag Eurojust do na húdaráis náisiúnta inniúla de réir mar is gá do na húdaráis sin a n-imscrúduithe a chomhordú. D’fhéadfadh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, cúnamh a thabhairt. Níor cheart go mbeadh rannpháirtíocht an Choimisiúin i gceist leis an gcúnamh sin in imeachtaí imscrúdaithe nó ionchúisimh cásanna coiriúla aonair arna seoladh ag na húdaráis náisiúnta inniúla agus níor cheart a thuiscint go n-áirítear leis sin tacaíocht airgeadais ná aon ghealltanas buiséadach eile ón gCoimisiún.

(64)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaí faisnéis faoi dhaoine a chiontaítear sna cionta a shainítear sa Treoir seo a mhalartú idir na húdaráis náisiúnta inniúla i gcomhréir le Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle (15).

(65)

Chun cur chuige comhleanúnach a áirithiú chun coireacht comhshaoil a chomhrac, ba cheart do na Ballstáit straitéis náisiúnta a ghlacadh, a fhoilsiú agus a chur chun feidhme maidir le cionta coiriúla comhshaoil a chomhrac agus athbhreithniú a dhéanamh uirthi go tráthrialta, straitéis lena mbunófar na cuspóirí, na tosaíochtaí agus na bearta agus na hacmhainní comhfhreagracha is gá. Ba cheart don straitéis náisiúnta aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar chuspóirí agus ar thosaíochtaí an bheartais náisiúnta i réimse na coireachta comhshaoil, ar na modhanna comhordúcháin agus comhair idir na húdaráis inniúla, ar na nósanna imeachta agus na sásraí chun faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar na torthaí a bhaintear amach, agus ar chúnamh na líonraí Eorpacha a oibríonn ar ábhair a bhaineann go díreach le cionta coiriúla comhshaoil agus sáruithe gaolmhara a chomhrac. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit an fhormáid iomchuí a chinneadh don straitéis sin lena bhféadfaí a dtraidisiúin bhunreachtúla a chur san áireamh i dtéarmaí scaradh na gcumhachtaí agus na n-inniúlachtaí, agus d’fhéadfaidís a bheith earnálach nó ina gcuid de dhoiciméad straitéiseach níos leithne. Gan beann ar cibé acu a dhéanann na Ballstáit foráil maidir le straitéis amháin nó níos mó a ghlacadh, ba cheart críoch an Bhallstáit ina hiomláine a chuimsiú in inneachar foriomlán na straitéisí.

(66)

Chun dul i ngleic go héifeachtach leis na cionta coiriúla comhshaoil a shainítear sa Treoir seo, is gá d’údaráis inniúla sna Ballstáit sonraí staidrimh cruinne, comhsheasmhacha agus inchomparáide a bhailiú maidir leis na cionta sin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil córas leordhóthanach i bhfeidhm chun sonraí staidrimh atá ann cheana maidir leis na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a thaifeadadh, a tháirgeadh agus a tharchur. Ba cheart do na Ballstáit na sonraí staidrimh sin a úsáid chun freastal ar phleanáil straitéiseach agus oibríochtúil na ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin, chun anailís a dhéanamh ar scála agus ar threochtaí na gcionta coiriúla comhshaoil, agus chun faisnéis a chur ar fáil do shaoránaigh freisin. Ba cheart do na Ballstáit sonraí staidrimh ábhartha maidir le himeachtaí coireachta comhshaoil a tharchur chuig an gCoimisiún, ar sonraí iad a bhaintear as sonraí atá ann cheana ar leibhéal láraithe nó díláraithe laistigh den Bhallstát go léir. Ba cheart don Choimisiún torthaí a mheasúnaithe a mheasúnú agus a fhoilsiú i dtuarascáil go rialta bunaithe ar na sonraí staidrimh arna dtarchur ag na Ballstáit.

(67)

Ba cheart na sonraí staidrimh a tharchuirtear faoin Treoir seo maidir le cionta coiriúla comhshaoil a bheith inchomparáide idir na Ballstáit agus a bhaint ar bhonn íoschaighdeán comhchoiteann. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an fhormáid chaighdeánach chun tarchur sonraí staidrimh a shuí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(68)

Ba cheart an fhormáid chaighdeánach chun sonraí staidrimh a tharchur chuig an gCoimisiún maidir le cineálacha agus leibhéil pionós, lena n-áirítear faisnéis faoi na catagóirí cionta gaolmhara, i gcomhréir leis an Treoir seo a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta coiste dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(69)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(70)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(71)

Is é is aidhm don Treoir seo forálacha Threoir 2008/99/CE a leasú agus a leathnú. I bhfianaise a shuntasaí atá na leasuithe atá le déanamh ó thaobh a lín agus a gcineáil araon, is iomchuí, ar mhaithe le breis soiléireachta, an Treoir seo a chur in ionad Threoir 2008/99/CE ina hiomláine i ndáil leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Treoir seo.

(72)

Rinneadh Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) a fhorlíonadh le Treoir 2009/123/CE le forálacha maidir le cionta coiriúla agus le pionóis do sceitheadh substaintí truaillitheacha ó longa. Ba cheart na cionta agus na pionóis sin a theacht faoi raon feidhme na Treorach seo. Dá bhrí sin, i gcás na mBallstát atá faoi cheangal ag an Treoir seo, ba cheart Treoir 2009/123/CE a ionadú. Ba cheart an t-ionadú sin a bheith gan dochar d’oibleagáid na mBallstát sin maidir leis an dáta chun an Treoir sin a thrasuí sa dlí náisiúnta. Dá réir sin, maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, ba cheart tagairtí do na forálacha sin de Threoir 2005/35/CE ar cuireadh leo nó ar glacadh a n-ionad le Treoir 2009/123/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal ag an Treoir seo, leanúint de bheith faoi cheangal ag Treoir 2005/35/CE arna leasú le Treoir 2009/123/CE.

(73)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon sainmhínithe comhchoiteanna ar chionta coiriúla comhshaoil a sholáthar agus fáil a bheith ar phionóis choiriúla atá éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach i leith cionta tromchúiseach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr, inter alia, an damáiste trasteorann is féidir a dhéanamh don chomhshaol de bharr na hiompraíochta neamhdhleathaí lena mbaineann agus de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na freagartha is gá, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(74)

Ní dochar na hoibleagáidí faoin Treoir seo do dhlí an Aontais maidir le cearta nós imeachta in imeachtaí coiriúla agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar cearta nós imeachta daoine faoi amhras nó daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla a urramú go hiomlán.

(75)

Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, sa Chairt, lena n-áirítear sonraí pearsanta a chosaint, saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a dhéanamh, an ceart chun réiteach éifeachtach agus chun triail chóir a fháil, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosanta, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, agus an ceart gan duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla mar gheall ar an gcion céanna. Leis an Treoir seo, féachtar lena áirithiú go n-urramófar na cearta agus na prionsabail sin go hiomlán agus ní foláir í a chur chun feidhme dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú chun an comhshaol a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí, agus maidir le bearta chun an choireacht chomhshaoil a chosc agus a chomhrac agus chun dlí comhshaoil an Aontais a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Na téarmaí a úsáidtear sa Treoir seo chun tuairisc a thabhairt ar iompraíocht a liostaítear in Airteagal 3(2), déanfar iad a fhorléiriú, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na sainmhínithe dá bhforáiltear i ndlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a).

2.   Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘duine dlítheanach’ aon eintiteas dlítheanach a bhfuil an stádas sin aige faoin dlí náisiúnta is infheidhme, cé is moite de na Stáit nó de na comhlachtaí poiblí a fheidhmíonn údarás an Stáit agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí;

(b)

ciallaíonn ‘gnáthóg laistigh de shuíomh faoi chosaint’ aon ghnáthóg speicis a bhfuil limistéar speisialta faoi chosaint aicmithe lena haghaidh de bhun Airteagal 4(1) nó (2) de Threoir 2009/147/CE, nó aon ghnáthóg nádúrtha nó aon ghnáthóg speicis a bhfuil suíomh ainmnithe lena haghaidh mar limistéar caomhnaithe speisialta i gcomhréir le Airteagal 4(4) de Threoir 92/43/CEE nó a bhfuil ceantar liostaithe ina leith mar cheantar a bhfuil tábhacht Chomhphobail leis i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir 92/43/CEE;

(c)

ciallaíonn ‘éiceachóras’ coimpléasc dinimiciúil de phobail plandaí, ainmhithe, fungais agus miocrorgánach agus a dtimpeallacht neamhbheo, agus iad ag idirghníomhú mar aonad feidhmiúil, agus áirítear leis cineálacha gnáthóige, gnáthóga speiceas agus pobail speiceas.

Airteagal 3

Cionta coiriúla

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an iompraíocht a liostaítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo ina cion coiriúil, i gcás ina ndéantar d’aon ghnó í, agus gur cion coiriúil í an iompraíocht sin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i gcás ina ndéantar í le faillí thromchúiseach ar a laghad, i gcás ina bhfuil an iompraíocht sin neamhdhleathach.

Chun críoch na Treorach seo, beidh iompraíocht neamhdhleathach i gcás ina bhfuil sí contrártha do na nithe seo a leanas:

(a)

dlí an Aontais a chuireann le saothrú ceann de chuspóirí bheartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol mar a leagtar amach in Airteagal 191(1) CFAE; nó

(b)

foráil reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin de chuid Ballstát, nó cinneadh a rinne údarás inniúil Ballstáit, lena dtugtar éifeacht do dhlí an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a).

Beidh iompraíocht den sórt sin neamhdhleathach fiú i gcás ina ndéantar í faoi údarú arna eisiúint ag údarás inniúil Ballstáit, más rud é go bhfuarthas an t-údarú sin go calaoiseach nó trí éilliú, sracadh nó comhéigean, nó má sháraíonn údarú den sórt sin ceanglais dhlíthiúla shubstainteacha ábhartha go follasach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an iompraíocht seo a leanas ina cion coiriúil i gcás ina bhfuil sí neamhdhleathach agus ina ndéantar d’aon ghnó í:

(a)

cainníocht ábhar nó substaintí, fuinneamh nó radaíocht ianúcháin a sceitheadh, a astú nó a thabhairt isteach san aer, san ithir nó san uisce arb é is cúis le nó ar dócha go mbeidh sé ina chúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach aon duine, nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí;

(b)

táirge a chur ar an margadh, de shárú ar thoirmeasc nó ar cheanglas eile arb é is aidhm dó an comhshaol a chosaint, arb é an toradh a bhíonn ar a úsáid ar scála níos mó eadhon úsáid an táirge ag roinnt úsáideoirí, gan beann ar a líon, cainníocht ábhar nó substaintí, fuinneamh nó radaíocht ianúcháin a scaoileadh, a astú nó a thabhairt isteach san aer, san ithir nó san uisce, agus arb é is cúis le nó ar dócha go mbeidh sé ina chúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach aon duine, nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí;

(c)

substaintí a mhonarú, a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh, a onnmhairiú nó a úsáid, cibé acu leo féin, i meascáin nó in earraí, lena n-áirítear a n-ionchorprú in earraí, i gcás ina bhfuil an iompraíocht sin ina cúis, nó inar dócha go mbeidh sí ina cúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach aon duine, le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí agus:

(i)

go bhfuil an iompraíocht sin srianta de bhun Theideal VIII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an Rialachán sin;

(ii)

go dtoirmisctear an iompraíocht sin de bhun Theideal VII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(iii)

nach bhfuil an iompraíocht sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(iv)

nach bhfuil an iompraíocht sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20);

(v)

nach bhfuil an iompraíocht sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21); nó

(vi)

go dtoirmisctear an iompraíocht sin de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

(d)

mearcair, comhdhúile mearcair agus meascáin mearcair, agus táirgí ar cuireadh mearcair leo a mhonarú, a úsáid, a stóráil, a allmhairiú nó a onnmhairiú i gcás nach gcomhlíonann an iompraíocht sin na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), agus i gcás ina bhfuil sí ina cúis le nó ar dócha go mbeidh sí ina cúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach aon duine, nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, nó d’ainmhithe nó do phlandaí;

(e)

tionscadail a fhorghníomhú de réir bhrí Airteagal 1(2)(a), dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2), de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), i gcás ina ndéantar an iompraíocht sin gan toiliú forbartha agus go bhfuil sí ina cúis le nó ar dócha go mbeidh sí ina cúis le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, nó na hithreach, nó do cháilíocht nó stádas an uisce, nó damáiste substaintiúil d’éiceachóras, nó d’ainmhithe nó do phlandaí;

(f)

bailiú, iompar, aisghabháil nó cóireáil dramhaíola, maoirseacht ar na hoibríochtaí sin agus iarchúram na láithreán diúscartha, lena n-áirítear gníomh a ghlactar mar dhéileálaí nó mar bhróicéir, i gcás ina mbaineann an iompraíocht sin leis an méid seo a leanas:

(i)

dramhaíl ghuaiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2008/98/CE, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) í, agus go mbaineann cainníocht neamhdhiomaibhseach leis an dramhaíl sin; nó

(ii)

dramhaíl seachas an dramhaíl sin dá dtagraítear i bpointe (i) agus arb í is cúis le nó ar dócha gurb í is cúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach aon duine, le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí;

(g)

loingsiú dramhaíola, de réir bhrí Airteagal 2, pointe (26) de Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) agus i gcás ina bhfuil cainníocht neamhdhiomaibhseach i gceist leis an iompraíocht sin, bíodh sin déanta in aon loingsiú amháin nó i níos mó ná loingsiú amháin a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad nasctha le chéile;

(h)

athchúrsáil long a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, i gcás nach bhfuil an iompraíocht sin i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a), den Rialachán sin;

(i)

sceitheadh substaintí truaillitheacha ó longa de shubstaintí truaillitheacha a thagann faoi raon feidhme Airteagal 3 de Threoir 2005/35/CE isteach in aon limistéar dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin, ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an sceitheadh sin ó longa na coinníollacha le haghaidh eisceachtaí a leagtar amach in Airteagal 5 den Treoir sin, arb é is cúis le nó ar dóchúil gurb é is cúis le meath ar cháilíocht an uisce nó le damáiste don chomhshaol muirí;

(j)

oibriú nó dúnadh suiteála ina ndéantar gníomhaíocht chontúirteach nó ina stóráiltear nó in n-úsáidtear substaintí contúirteacha nó meascáin chontúirteacha, i gcás ina dtagann an iompraíocht sin agus an ghníomhaíocht chontúirteach, an tsubstaint chontúirteach nó an meascán contúirteach sin faoi raon feidhme Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) nó ó Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), agus nuair a bhíonn an iompraíocht sin ina cúis le nó ar dócha gurb í is cúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach aon duine nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí;

(k)

foirgníocht, oibriú agus díchóimeáil suiteála, i gcás ina dtagann an iompraíocht sin agus suiteáil den sórt sin faoi raon feidhme Threoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), agus arb í an iompraíocht sin is cúis le nó ar dóchúil gurb í is cúis le bás nó gortú tromchúiseach aon duine nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí;

(l)

ábhar radaighníomhach nó substaintí radaighníomhacha a mhonarú, a tháirgeadh, a phróiseáil, a láimhseáil, a úsáid, a choinneáil, a stóráil, a iompar, a allmhairiú, a onnmhairiú nó a dhiúscairt, i gcás ina dtagann an iompraíocht sin agus ábhar agus substaint den sórt sin faoi raon feidhme Threoracha 2013/59/Euratom (30), 2014/87/Euratom (31), Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle (32), agus arb í an iompraíocht sin is cúis le nó ar dócha gurb í is cúis le bás daoine nó le gortú tromchúiseach aon duine nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí;

(m)

astarraingt uisce dromchla nó screamhuisce de réir bhrí Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), i gcás ina bhfuil an iompraíocht sin ina cúis le nó ar dócha go mbeidh sí ina cúis le damáiste substaintiúil do stádas éiceolaíoch nó d’acmhainneacht éiceolaíoch dobharlach uisce dromchla nó do stádas cainníochtúil dobharlach screamhuisce;

(n)

eiseamal nó eiseamail de speicis fána nó flóra fiáine a liostaítear in Iarscríbhinn IV a mharú, a scriosadh, a ghabháil, a shealbhú, a dhíol nó a thairiscint lena ndíol, nó in Iarscríbhinn V nuair atá speicis san Iarscríbhinn sin faoi réir na mbeart céanna agus na bearta arna nglacadh do speicis in Iarscríbhinn IV, a ghabhann le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (34) agus eiseamal nó eiseamail de na speicis dá dtagraítear in Airteagal 1 de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35), ach amháin i gcás ina mbaineann an iompraíocht sin le cainníocht dhiomaibhseach na n-eiseamal sin;

(o)

trádáil eiseamail nó eiseamal, nó codanna díobh nó díorthach díobh, de speicis fána nó flóra fiáine, a liostaítear in Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle (36), agus allmhairiú eiseamail nó eiseamal, nó codanna díobh nó díorthach díobh, de na speicis sin a liostaítear in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an Rialachán sin, ach amháin i gcás ina mbaineann an iompraíocht sin le cainníocht dhiomaibhseach na n-eiseamal sin;

(p)

tráchtearraí ábhartha nó táirgí ábhartha a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais, de shárú ar an toirmeasc a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/1115, ach amháin i gcás ina mbaineann an iompraíocht sin le cainníocht dhiomaibhseach;

(q)

aon iompraíocht arb é is cúis le meath ar ghnáthóg laistigh de shuíomh faoi chosaint, nó a chuireann isteach ar speiceas ainmhíoch a liostaítear in Iarscríbhinn II, pointe (a), a ghabhann le Treoir 92/43/CEE laistigh de shuíomh cosanta, de réir bhrí Airteagal 6(2) den Treoir sin, i gcás ina bhfuil an meath nó an suaitheadh sin suntasach;

(r)

speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, a chur ar an margadh, a choinneáil, a phórú, a iompar, a úsáid, a mhalartú, ligean dó atáirgeadh, a fhás nó a shaothrú, a scaoileadh amach sa chomhshaol, nó a leathadh, i gcás ina sáraíonn an iompraíocht sin an méid seo a leanas:

(i)

srianta a leagtar amach in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) agus gurb é is cúis le nó ar dóchúil gurb é is cúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach duine, nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí; nó

(ii)

coinníoll de chead a eisítear faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 nó d’údarú a thugtar faoi Airteagal 9 den Rialachán sin agus arb é is cúis le nó ar dóchúil gurb é is cúis le bás duine nó le gortú tromchúiseach duine, nó le damáiste substaintiúil do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce, nó le damáiste substaintiúil d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí;

(s)

substaintí ídithe ózóin, cibé acu ina n-aonar nó i meascáin, a tháirgeadh, a chur ar an margadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, a úsáid, nó a scaoileadh, ar substaintí iad dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/590 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), nó táirgí agus trealamh, agus codanna díobh, ina bhfuil substaintí ídithe ózóin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin dá dtagraítear in Airteagal 2(b) den Rialachán sin, a tháirgeadh, a chur ar an margadh, a allmhairiú, a onnmhairiú nó a úsáid;

(t)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe, cibé acu ina n-aonar nó i meascáin, a tháirgeadh, a chur ar an margadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, a úsáid, nó a scaoileadh, ar gáis iad dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39) nó táirgí agus trealamh, agus codanna díobh, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), den Rialachán sin a tháirgeadh, a chur ar an margadh, a allmhairiú, a onnmhairiú nó a úsáid, nó na táirgí agus an trealamh sin a chur i bhfeidhm.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go measfar gur cionta coiriúla cáilithe iad cionta coiriúla a bhaineann leis an iompraíocht a liostaítear i mír 2 má tá iompraíocht den sórt sin ina cúis leis an méid seo a leanas:

(a)

scrios ar nó damáiste forleathan agus substaintiúil atá dochúlaithe nó fadtéarmach, d’éiceachóras ar suntasach a mhéid nó a luach comhshaoil nó do ghnáthóg laistigh de shuíomh faoi chosaint, nó

(b)

damáiste forleathan agus substaintiúil atá dochúlaithe nó fadtéarmach, do cháilíocht an aeir, na hithreach nó an uisce.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit gur cion coiriúil í an iompraíocht a liostaítear i mír 2, pointí (a) go (d), pointí (f) agus (g), pointí (i) go (q), pointe (r)(ii), agus pointí (s) agus (t), i gcás ina bhfuil an iompraíocht sin neamhdhleathach agus ina ndéantar í le faillí thromchúiseach ar a laghad.

5.   I dteannta na gcionta coiriúla a bhaineann leis an iompraíocht a liostaítear i mír 2, féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, foráil a dhéanamh maidir le cionta coiriúla breise chun an comhshaol a chosaint.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus measúnú á dhéanamh acu an bhfuil an damáiste nó an damáiste is dócha a dhéanfar substaintiúil, a mhéid a bhaineann le hiompraíocht a liostaítear i mír 2, pointí (a) go (e), pointe (f)(ii), pointí (j) go (m) agus pointe (r), go ndéanfar ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha:

(a)

bail bhonnlíne na timpeallachta dá ndéantar difear;

(b)

an bhfuil an damáiste fadtéarmach, meántéarmach nó gearrthéarmach;

(c)

méid an damáiste;

(d)

inchúlaitheacht an damáiste.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus measúnú á dhéanamh acu an dócha go ndéanfaidh iompraíocht a liostaítear i mír 2, pointí (a), go (e), pointe (f)(ii), pointí (i) go (m) agus pointe (r), damáiste do cháilíocht an aeir, nó na hithreach, nó do cháilíocht nó stádas an uisce, nó d’éiceachóras, d’ainmhithe nó do phlandaí, go ndéanfar ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha:

(a)

baineann an iompraíocht le gníomhaíocht a mheastar a bheith contúirteach nó dainséarach don chomhshaol nó do shláinte an duine, agus ar gníomhaíocht í a dteastaíonn údarú ina leith nach bhfuarthas nó nár comhlíonadh;

(b)

a mhéid a sháraítear tairseach rialála, luach nó paraiméadar éigeantach eile a leagtar amach i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointí (a) agus (b), nó in údarú arna eisiúint le haghaidh na gníomhaíochta ábhartha;

(c)

an bhfuil an t-ábhar nó an tsubstaint aicmithe mar ábhar contúirteach nó guaiseach nó liostaithe ar bhealach eile mar ábhar nó substaint atá díobhálach don chomhshaol nó do shláinte an duine.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus measúnú á dhéanamh acu an bhfuil an chainníocht diomaibhseach nó neamhdhiomaibhseach chun críocha mhír 2, pointe (f)(i), agus pointí (g), (n), (o) agus (p), go ndéanfar ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha:

(a)

líon na míreanna lena mbaineann;

(b)

a mhéid a sháraítear tairseach rialála, luach nó paraiméadar éigeantach eile a leagtar amach i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointí (a) agus (b);

(c)

stádas caomhnaithe an speicis fána nó flóra lena mbaineann;

(d)

an costas a bhaineann leis an gcomhshaol a athchóiriú, i gcás inar féidir an costas sin a mheas.

Airteagal 4

Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil gríosú, agus cabhrú agus neartú a dhéanamh chun cion coiriúil a chumhdaítear le hAirteagal 3(2) agus (3) a dhéanamh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil iarracht a dhéanamh cion coiriúil a dhéanamh a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), pointí (a) go (d), pointí (f) agus (g), pointí (i) go (m) agus pointí (o), (p), (r), (s) agus (t).

Airteagal 5

Pionóis do dhaoine nádúrtha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur i leith cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go bhféadfar uastéarma príosúnachta 10 mbliana ar a laghad a fhorchur i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), pointí (a) go (d), agus pointí (f), (j), (k), (l) agus (r), más iad is cúis le bás aon duine;

(b)

go bhféadfar uastéarma príosúnachta 8 mbliana ar a laghad a fhorchur i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(3);

(c)

go bhféadfar uastéarma príosúnachta 5 bliana ar a laghad a fhorchur i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(4), i gcás ina dtagraíonn an mhír sin d’Airteagal 3(2), pointí (a) go (d), agus pointí (f), (j), (k) agus pointe (l), más iad is cúis le bás aon duine;

(d)

go bhféadfar uastéarma príosúnachta 5 bliana ar a laghad a fhorchur i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), pointí (a) go (l), agus pointí (p), (s) agus (t);

(e)

go bhféadfar uastéarma príosúnachta 3 bliana ar a laghad a fhorchur i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), pointí (m), (n), (o), (q) agus (r).

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh daoine nádúrtha a bhfuil na cionta coiriúla a thagann faoi Airteagail 3 agus 4 déanta acu a bheith faoi réir pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla gabhálacha, lena bhféadfaí an méid seo a leanas a áireamh:

(a)

oibleagáid chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

an comhshaol a athchóiriú laistigh de thréimhse áirithe, má tá an damáiste inchúlaithe, nó

(ii)

cúiteamh a íoc as an damáiste don chomhshaol, má tá an damáiste dochúlaithe nó mura bhfuil an ciontóir in ann an t-athchóiriú sin a dhéanamh;

(b)

fíneálacha atá comhréireach le tromchúis na hiompraíochta agus le himthosca aonair agus airgeadais agus le himthosca eile an duine nádúrtha lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, ar fíneálacha iad a chinntear agus aird chuí á tabhairt ar thromchúis agus fad an damáiste a rinneadh don chomhshaol agus ar na sochair airgeadais a gineadh ón gcion;

(c)

eisiamh ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais, lamháltais agus ceadúnais;

(d)

dícháiliú ó phost ceannaireachta den chineál a úsáidtear chun an cion a dhéanamh a bheith acu, laistigh de dhuine dlítheanach;

(e)

maidir le ceadanna agus údaruithe chun gníomhaíochtaí a shaothrú, na ceadanna agus na húdaruithe sin a tharraingt siar i gcás ina raibh an cion coiriúil ábhartha mar thoradh orthu;

(f)

cosc sealadach ar sheasamh i dtoghchán d’oifig phoiblí;

(g)

i gcás ina bhfuil leas an phobail ann, tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh, foilsiú an chinnidh bhreithiúnaigh ina iomláine, nó cuid de, ar cinneadh é a bhaineann leis an gcion coiriúil a rinneadh agus na pionóis nó na bearta a forchuireadh, a bhféadfadh sonraí pearsanta daoine ciontaithe a bheith ar áireamh ann i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo amháin.

Airteagal 6

Dliteanas daoine dlítheanacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i leith cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 i gcás ina ndearna aon duine ag a bhfuil post ceannaireachta laistigh den duine dlítheanach lena mbaineann, ag gníomhú don duine sin ina aonar nó mar chuid d’orgán de chuid an duine dhlítheanaigh sin na cionta sin chun tairbhe na ndaoine dlítheanacha sin, bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a)

cumhacht chun ionadaíocht a dhéanamh don duine dlítheanach;

(b)

údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh; nó

(c)

údarás chun smacht a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur féidir daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás gur cumasaíodh le heaspa maoirseachta nó rialaithe ag duine dá dtagraítear i mír 1, do dhuine faoina údarás do dhéanamh ciona choiriúil dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 chun tairbhe an duine dhlítheanaigh.

3.   Ní choiscfear, le dliteanas daoine dlítheanacha faoi mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, imeachtaí coiriúla i gcoinne daoine nádúrtha a dhéanann, nó a ghríosaíonn na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 nó atá ina gcúlpháirtithe sna cionta sin.

Airteagal 7

Pionóis do dhaoine dlítheanacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur ar dhuine dlítheanach a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6(1) nó (2).

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go n-áireofar fíneálacha sna pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla a fhorchuirtear ar dhaoine dlítheanacha a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6(1) nó (2) i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar an méid seo a leanas a áireamh sna pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó sna bearta coiriúla nó neamhchoiriúla a fhorchuirtear ar na daoine dlítheanacha sin:

(a)

oibleagáid chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

an comhshaol a athchóiriú laistigh de thréimhse áirithe, má tá an damáiste inchúlaithe; nó

(ii)

cúiteamh a íoc as an damáiste don chomhshaol, má tá an damáiste dochúlaithe nó mura bhfuil an ciontóir in ann an t-athchóiriú sin a dhéanamh;

(b)

eisiamh ó theidlíocht i leith sochair phoiblí nó cúnamh poiblí;

(c)

eisiamh ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais, lamháltais agus ceadúnais;

(d)

dícháiliú sealadach nó buan ó ghníomhaíochtaí gnó a chleachtadh;

(e)

ceadanna agus údaruithe chun gníomhaíochtaí a shaothrú a raibh an cion coiriúil ábhartha mar thoradh orthu a tharraingt siar;

(f)

cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;

(g)

foirceannadh breithiúnach;

(h)

bunaíochtaí a dhúnadh a úsáidtear chun an cion a dhéanamh;

(i)

oibleagáid chun scéimeanna díchill chuí a bhunú chun comhlíonadh caighdeán comhshaoil a fheabhsú;

(j)

i gcás ina bhfuil leas an phobail ann, foilsiú an chinnidh bhreithiúnaigh ina iomláine, nó cuid de, ar cinneadh é a bhaineann leis an gcion coiriúil a rinneadh agus na pionóis nó na bearta a forchuireadh, gan dochar do rialacha maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla a fhorchur, ar a laghad, ar dhaoine dlítheanacha a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6(1) i leith na gcionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), agus beidh méid na bhfíneálacha sin comhréireach le tromchúis na hiompraíochta agus le himthosca aonair agus airgeadais agus le himthosca eile an duine dhlítheanaigh lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach lú uasleibhéal na bhfíneálacha sin ná an méid seo a leanas:

(a)

i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), pointí (a) go (l), agus pointí (p), (s) agus (t):

(i)

5 % de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh, sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion, nó sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh chun an fhíneáil a ghearradh, nó

(ii)

méid a chomhfhreagraíonn do EUR 40 000 000;

(b)

i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), pointí (m), (n), (o), (q) agus pointe (r):

(i)

3 % de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh, sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion, nó sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh chun an fhíneáil a ghearradh, nó

(ii)

méid a chomhfhreagraíonn do EUR 24 000 000;

Féadfaidh na Ballstáit rialacha a bhunú le haghaidh cásanna nach féidir méid na fíneála a chinneadh ar bhonn láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion, nó sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh chun an fhíneáil a fhorchur.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta coiriúla nó neamhchoiriúla níos déine ná na pionóis nó na bearta is infheidhme maidir leis na cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2) a fhorchur ar dhaoine dlítheanacha a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6 i leith na gcionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(3).

Airteagal 8

Imthosca géaraitheacha

A mhéid nach bhfuil na himthosca seo a leanas mar chuid de na gnéithe a chomhdhéanann na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i ndáil leis na cionta coiriúla ábhartha dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4, go bhféadfar ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a mheas mar imthoisc ghéaraitheach:

(a)

rinneadh éiceachóras a scriosadh nó rinneadh damáiste substaintiúil dochúlaithe nó fadtéarmach dó de thoradh an chiona;

(b)

rinneadh an cion faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle (40);

(c)

bhain an ciontóir úsáid as doiciméid bhréagacha nó doiciméid bhrionnaithe agus an cion á dhéanamh aige nó aici;

(d)

rinne oifigeach poiblí an cion agus a chuid nó a cuid dualgas á gcomhlíonadh aige nó aici;

(e)

ciontaíodh an ciontóir roimhe sin le breithiúnas críochnaitheach ar chionta den chineál céanna leo siúd dá dtagraítear in Airteagal 3 nó 4.

(f)

gineadh sochair shuntasacha airgeadais nó measadh go nginfí sochair shuntasacha airgeadais, mar gheall ar an gcion, nó seachnaíodh leis costais shuntasacha, go díreach nó go hindíreach, a mhéid is féidir na sochair nó na speansais sin a chinneadh;

(g)

scrios an ciontóir fianaise, nó rinne sé nó sí imeaglú ar fhinnéithe nó ar ghearánaigh;

(h)

rinneadh an cion laistigh de limistéar a aicmítear mar limistéar faoi chosaint speisialta de bhun Airteagal 4(1) nó (2) de Threoir 2009/147/CE, nó laistigh de shuíomh atá ainmnithe mar limistéar caomhnaithe speisialta i gcomhréir le Airteagal 4(4) de Threoir 92/43/CEE nó laistigh de shuíomh a liostaítear mar cheantar a bhfuil tábhacht Chomhphobail leis i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir 92/43/CEE.

Ní bheidh feidhm ag an imthoisc ghéaraitheach dá dtagraítear i bpointe (a) den Airteagal seo maidir leis an gcion coiriúil a chumhdaítear le hAirteagal 3(3).

Airteagal 9

Imthosca maolaitheacha

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i ndáil leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4, go bhféadfar ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a mheas mar imthosca mhaolaitheach:

(a)

déanann an ciontóir an comhshaol a athchóiriú go dtí an bhail a bhí air roimhe sin, i gcás nach oibleagáid faoi Threoir 2004/35/CE é an t-athchóiriú sin, nó, sula gcuirtear tús le himscrúdú coiriúil, déanann sé bearta chun tionchar agus méid an damáiste a íoslaghdú nó déanann sé an damáiste a leigheas;

(b)

soláthraíonn an ciontóir faisnéis do na húdaráis riaracháin nó bhreithiúnacha nach mbeidís in ann a fháil ar shlí eile, lena gcuidítear leo an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

ciontóirí eile a shainaithint nó a thabhairt faoi réim an cheartais;

(ii)

fianaise a fháil.

Airteagal 10

Reo agus coigistiú

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun go bhféadfar ionstraimeachtaí agus fáltais ó na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 a rianú, a shainaithint, a reo agus a choigistiú.

Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) ina ceangal orthu na bearta dá dtagraítear sa chéad mhír i gcomhréir leis an Treoir sin.

Airteagal 11

Tréimhsí teorann

1.   Maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse teorann chun go bhféadfar na cionta sin a imscrúdú, a ionchúiseamh, a chur chun trialach agus breithniú a dhéanamh orthu ar feadh tréimhse leordhóthanach ama ón tráth a dhéantar na cionta coiriúla sin, ionas go rachfar i ngleic go héifeachtach leis na cionta coiriúla sin.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse teorann lena bhféadfar pionóis arna bhforchur tar éis ciontú críochnaitheach i gcionta coiriúil dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 a fhorfheidhmiú ar feadh tréimhse leordhóthanach ama tar éis an chiontaithe sin.

2.   Is mar a leanas a bheidh an tréimhse teorann dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír:

(a)

10 mbliana ar a laghad ón tráth a dhéantar cion coiriúil is inphionóis le uastéarma príosúnachta 10 mbliana ar a laghad;

(b)

5 bliana ar a laghad ón tráth a dhéantar cion coiriúil is inphionóis le uastéarma príosúnachta 5 bliana ar a laghad;

(c)

3 bliana ar a laghad ón tráth a dhéantar cion coiriúil is inphionóis le uastéarma príosúnachta 3 bliana ar a laghad.

3.   Is mar seo a leanas a bheidh an tréimhse teorann dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír:

(a)

10 mbliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh sna cásanna seo a leanas:

(i)

pionós príosúnachta ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana; nó de rogha air sin

(ii)

pionós príosúnachta le haghaidh cion coiriúil is inphionóis le huastéarma príosúnachta 10 mbliana ar a laghad;

(b)

5 bliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh sna cásanna seo a leanas:

(i)

pionós príosúnachta ar feadh tréimhse is faide ná 1 bhliain amháin; nó de rogha air sin

(ii)

pionós príosúnachta le haghaidh cion coiriúil is inphionóis le huastéarma príosúnachta 5 bliana ar a laghad; agus

(c)

3 bliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe deiridh sna cásanna seo a leanas:

(i)

pionós príosúnachta ar feadh tréimhse suas le 1 bhliain amháin ó dháta an chiontaithe chríochnaithigh, nó de rogha air sin

(ii)

pionós príosúnachta le haghaidh cion coiriúil is inphionóis le huastéarma príosúnachta 3 bliana ar a laghad.

4.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na Ballstáit tréimhse teorann a bhunú atá níos giorra ná 10 mbliana, ach nach giorra ná 5 bliana, ar choinníoll go bhféadfar an tréimhse teorann sin a bhriseadh nó a chur ar fionraí i gcás gníomhartha sonraithe.

Airteagal 12

Dlínse

1.   Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a dhlínse féin a bhunú ar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 sna cásanna seo a leanas:

(a)

rinneadh an cion ina iomláine nó go páirteach laistigh dá chríoch;

(b)

rinneadh an cion ar bord loinge nó ar bord aerárthaigh a cláraíodh sa Bhallstát lena mbaineann nó ar a raibh a bhratach ar foluain;

(c)

rinneadh an damáiste, ar ceann de na gnéithe a chomhdhéanann an cion é, ar a chríoch; nó

(d)

is náisiúnach dá chuid é nó í an ciontóir.

2.   Cuirfidh Ballstát an Coimisiún ar an eolas i gcás ina gcinneann sé a dhlínse a leathnú chuig ceann amháin nó níos mó de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 a rinneadh lasmuigh dá chríoch, sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá gnáthchónaí ar an gciontóir ina chríoch;

(b)

rinneadh an cion chun tairbhe duine dhlítheanaigh atá bunaithe ina chríoch;

(c)

rinneadh an cion i gcoinne duine dá chuid náisiúnach nó gnáthchónaitheoirí; nó

(d)

cruthaíodh leis an gcion riosca tromchúiseach don chomhshaol ar a chríoch.

I gcás ina dtagann cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 faoi dhlínse níos mó ná Ballstát amháin, oibreoidh na Ballstáit sin i gcomhar le chéile lena chinneadh cén Ballstát a sheolfaidh na himeachtaí coiriúla. Déanfar an t-ábhar a chur faoi bhráid Eurojust, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Chinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle (42).

3.   I gcásanna dá dtagraítear i mír 1, pointí (c) agus (d), déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach mbeidh feidhmiú a ndlínse faoi réir an choinníll nach féidir ionchúiseamh a thionscnamh ach amháin tar éis séanadh ón Stát ina ndearnadh an cion coiriúil.

Airteagal 13

Uirlisí imscrúdaitheacha

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha comhréireacha ar fáil chun na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 a imscrúdú nó a ionchúiseamh. I gcás inarb iomchuí, áireofar sna huirlisí sin uirlisí imscrúdaitheacha speisialta, amhail na huirlisí sin a úsáidtear le linn coireacht eagraithe a chomhrac nó i gcásanna eile coireachta tromchúisí.

Airteagal 14

Cosaint daoine a thuairiscíonn cionta coiriúla comhshaoil nó a chabhraíonn lena n-imscrúdú

Gan dochar do Threoir (AE) 2019/1937, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag aon duine a thuairiscíonn cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 den Treoir seo, a sholáthraíonn fianaise nó a oibríonn i gcomhar leis na húdaráis inniúla ar bhealach eile, ar bhearta tacaíochta agus cúnaimh i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 15

Faisnéis a fhoilsiú chun leas an phobail agus rochtain ar cheartas don phobal lena mbaineann

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cearta iomchuí nós imeachta ag daoine a ndéanann na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 den Treoir seo difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh siad difear dóibh agus daoine a bhfuil leas leordhóthanach acu nó a chloíonn le dochar do cheart, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann ceanglais faoin dlí náisiúnta, in imeachtaí a bhaineann leis na cionta sin, i gcás inarb ann do na cearta nós imeachta sin don phobal lena mbaineann sa Bhallstát in imeachtaí a bhaineann le cionta coiriúla eile, mar shampla mar pháirtí sibhialta. Sna cásanna sin, áiritheoidh na Ballstáit freisin, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, go roinnfear an fhaisnéis maidir le dul chun cinn na n-imeachtaí leis an bpobal lena mbaineann, i gcás ina ndéantar sin in imeachtaí a bhaineann le cionta coiriúla eile.

Airteagal 16

Cosc

Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, amhail feachtais faisnéise agus múscailte feasachta lena ndíreofar ar gheallsealbhóirí ábhartha ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach, mar aon le cláir taighde agus oideachais, a bhfuil sé mar aidhm leo cionta coiriúla comhshaoil agus baol na coireachta comhshaoil a laghdú. I gcás inarb iomchuí, gníomhóidh na Ballstáit i gcomhar leis na geallsealbhóirí sin.

Airteagal 17

Acmhainní

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh líon leordhóthanach ball foirne cáilithe agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha ag údaráis náisiúnta a dhéanann cionta coiriúla comhshaoil a bhrath, a imscrúdú, a ionchúiseamh nó breithniú a dhéanamh orthu chun a bhfeidhmeanna a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo a fheidhmiú go héifeachtach. Déanfaidh na Ballstáit, agus traidisiúin bhunreachtúla agus struchtúr a gcóras dlí á gcur san áireamh, mar aon le himthosca náisiúnta eile, measúnú ar an ngá atá le leibhéal speisialtóireachta na n-údarás sin i réimse an dlí choiriúil comhshaoil a mhéadú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 18

Oiliúint

Gan dochar don neamhspleáchas breithiúnach agus d’éagsúlachtaí in eagrú na mbreithiúna ar fud an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear oiliúint rialta speisialaithe ar fáil do na breithiúna, na hionchúisitheoirí, na póilíní, don fhoireann bhreithiúnach agus d’fhoireann na n-údarás inniúil a bhfuil baint aici le himeachtaí coiriúla agus le himscrúduithe maidir le cuspóirí na Treorach seo agus is iomchuí d’fheidhmeanna na mbreithiúna, na n-ionchúisitheoirí, na bpóilíní, na foirne breithiúnaí agus fhoireann na n-údarás inniúil sin.

Airteagal 19

Comhordú agus comhar idir údaráis inniúla laistigh de Bhallstát

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun sásraí iomchuí a bhunú le haghaidh comhordú agus comhair ar an leibhéal straitéiseach agus ar an leibhéal oibríochtúil i measc a n-údarás inniúil uile a bhfuil baint acu le cionta coiriúla comhshaoil a chosc agus a chomhrac. Beidh na sásraí sin dírithe ar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

tosaíochtaí comhchoiteanna agus tuiscint ar an ngaol idir forfheidhmiú coiriúil agus forfheidhmiú riaracháin a áirithiú;

(b)

malartú faisnéise chun críocha straitéiseacha agus oibríochtúla, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta is infheidhme;

(c)

comhairliúchán in imscrúduithe aonair, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta is infheidhme;

(d)

dea-chleachtais a mhalartú;

(e)

cúnamh a thabhairt do líonraí Eorpacha cleachtóirí a oibríonn ar ábhair a bhaineann le cionta coiriúla comhshaoil agus sáruithe gaolmhara a chomhrac.

Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis na sásraí dá dtagraítear sa chéad mhír: comhlachtaí comhordúcháin speisialaithe, meabhráin tuisceana idir údaráis inniúla, líonraí forfheidhmithe náisiúnta agus gníomhaíochtaí oiliúna comhpháirteacha.

Airteagal 20

Comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún, agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais

I gcás ina meastar gur de chineál trasteorann iad cionta coiriúla comhshaoil, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann breithniú ar an bhfaisnéis a bhaineann leis na cionta sin a tharchur chuig comhlachtaí inniúla iomchuí.

Gan dochar do na rialacha maidir leis an gcomhar trasteorann agus cúnamh frithpháirteach dlí in ábhair choiriúla, oibreoidh na Ballstáit, Eurojust, Europol, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus an Coimisiún, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, i gcomhar le chéile sa chomhrac i gcoinne na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4. Chuige sin, soláthróidh Eurojust, i gcás inarb iomchuí, an cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a theastaíonn ó na húdaráis náisiúnta inniúla chun comhordú a n-imscrúduithe a éascú. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, cúnamh a thabhairt.

Airteagal 21

Straitéis náisiúnta

1.   Déanfaidh na Ballstáit straitéis náisiúnta maidir le comhrac cionta coiriúla comhshaoil a bhunú agus a fhoilsiú faoin 21 Bealtaine 2027.

Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a straitéis náisiúnta a chur chun feidhme gan moill mhíchuí. Tabharfar aghaidh sa straitéis náisiúnta ar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

cuspóirí agus tosaíochtaí an bheartais náisiúnta i réimse na gcionta coiriúla comhshaoil, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann, agus socruithe chun meastóireacht rialta a dhéanamh ar an bhfuil siad á mbaint amach;

(b)

róil agus freagrachtaí na n-údarás inniúil uile a bhfuil baint acu le cionta coiriúla comhshaoil a chomhrac, lena n-áirítear maidir le comhordú agus comhar idir na húdaráis náisiúnta inniúla chomh maith le comhlachtaí inniúla an Aontais agus maidir le cúnamh a thabhairt do líonraí Eorpacha atá ag obair ar ábhair a bhaineann go díreach leis na cionta sin a chomhrac, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann;

(c)

an chaoi a dtacófar le speisialtóireacht gairmithe forfheidhmithe, meastachán ar na hacmhainní a leithdháilfear chun coireacht comhshaoil a chomhrac agus meastóireacht ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo ina leith sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar a straitéis náisiúnta a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, ar tréimhsí nach faide ná 5 bliana iad, ar bhonn cur chuige bunaithe ar anailís riosca, chun forbairtí agus treochtaí ábhartha agus bagairtí gaolmhara maidir le coireacht chomhshaoil a chur san áireamh.

Airteagal 22

Sonraí staidrimh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh córas i bhfeidhm chun sonraí staidrimh anaithnidithe a thaifeadadh, a léiriú agus a sholáthar maidir leis na céimeanna tuairiscithe, imscrúdaithe agus breithiúnacha i ndáil leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht a mbeart chun cionta coiriúla comhshaoil a chomhrac.

2.   Áireofar sna sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, ar a laghad, sonraí atá ann cheana maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

líon na gcionta coiriúla arna gclárú agus arna mbreithniú ag na Ballstáit;

(b)

líon na gcásanna cúirte arna gcaitheamh amach, lena n-áirítear ar fhorais dhul in éag na tréimhse teorann don chion coiriúil lena mbaineann;

(c)

líon na ndaoine nádúrtha:

(i)

a ionchúisítear,

(ii)

a chiontaítear;

(d)

líon na ndaoine dlítheanacha:

(i)

a ionchúisítear,

(ii)

a chiontaítear nó a ngearrtar fíneáil orthu;

(e)

cineálacha agus leibhéil na bpionós arna bhforchur.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar athbhreithniú comhdhlúite ar a staidrimh gach 3 bliana ar a laghad.

4.   Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil san fhormáid chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 23.

5.   Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil, gach 3 bliana ar a laghad, bunaithe ar na sonraí staidrimh arna dtarchur ag na Ballstáit. Foilseofar an tuarascáil den chéad uair 3 bliana tar éis an fhormáid chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 23 a bhunú.

Airteagal 23

Cumhachtaí cur chun feidhme

1.   Faoin 21 Bealtaine 2027, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid chaighdeánach, atá inrochtana go héasca agus inchomparáide, do tharchur na sonraí staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 22(4). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

2.   Is é a bheidh san fhormáid chaighdeánach do tharchur na sonraí staidrimh na gnéithe seo a leanas:

(a)

aicmiú cionta coiriúla comhshaoil;

(b)

aonaid chomhairimh;

(c)

formáid tuairiscithe.

Áiritheofar comhthuiscint ar na gnéithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 24

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 25

Meastóireacht, tuairisciú agus athbhreithniú

1.   Faoin 21 Bealtaine 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú.

2.   Faoin 21 Bealtaine 2031, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar na Treorach seo ina dtabharfar aghaidh ar an ngá atá le liosta na gcionta coiriúla comhshaoil dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 a thabhairt cothrom le dáta agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú, lena n-áirítear achoimre ar chur chun feidhme na Treorach seo agus ar na gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagail 16 go 21 agus sonraí staidrimh, agus aird ar leith á tabhairt ar an gcomhar trasteorann. I gcás inar gá, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún breithniú rialta i dtaobh an gá na cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2) a leasú.

Airteagal 26

Treoir a chur in ionad Threoir 2008/99/CE

Cuirtear an Treoir seo in ionad Threoir 2008/99/CE maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát sin maidir leis an dáta chun an Treoir sin a thrasuí sa dlí náisiúnta. Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí do Threoir 2008/99/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal na Treorach seo, leanfaidh siad de bheith faoi cheangal Threoir 2008/99/CE.

Airteagal 27

Treoir a chur in ionad Threoir 2009/123/CE

Cuirfear an Treoir seo in ionad Threoir 2009/123/CE maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát sin maidir leis an dáta chun an Treoir sin a thrasuí.

Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí do na forálacha sin de Threoir 2005/35/CE a cuireadh isteach le Treoir 2009/123/CE nó ar cuireadh Treoir 2009/123/CE ina n-ionad a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal na Treorach seo, leanfaidh siad de bheith faoi cheangal Threoir 2005/35/CE arna leasú le Treoir 2009/123/CE.

Airteagal 28

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 21 Bealtaine 2026. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos na modhanna chun an tagairt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 30

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 11 Aibreán 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 290, 29.7.2022, lch. 143.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Márta 2024.

(3)  Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999, (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (IO L 330, 10.12.2013, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 206).

(8)  Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.04.2004, lch. 56).

(9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).

(12)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(13)  Treoir 2009/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leasaítear Treoir 2005/35/CE maidir le truailliú ó longa agus maidir le pionóis ar sháruithe a thabhairt isteach (IO L 280, 27.10.2009, lch. 52).

(14)  Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle, (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).

(15)  Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit (IO L 93, 7.4.2009, lch. 23).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(17)  Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le truailliú ó longa agus pionóis, lena n-áirítear pionóis choiriúla, a thabhairt isteach do chionta an truaillithe (IO L 255, 30.9.2005, lch. 11).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).

(23)  Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (IO L 137, 24.5.2017, lch. 1).

(24)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

(25)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(26)  Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le loingsithe dramhaíola agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 agus (AE) 2020/1056 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L, 2024/1157, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1157/oj).

(27)  Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí lena bhfuil baint ag substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).

(28)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(29)  Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE (IO L 178, 28.6.2013, lch. 66).

(30)  Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos na caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a éiríonn as nochtadh don radaíocht ianaíoch, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1).

(31)  Treoir 2014/87/Euratom ón gComhairle an 8 Iúil 2014 lena leasaítear Treoir 2009/71/Euratom lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 219, 25.7.2014, lch. 42).

(32)  Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos na ceanglais maidir le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce a ceapadh lena chaitheamh ag an duine (IO L 296, 7.11.2013, lch. 12).

(33)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(34)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(35)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(36)  Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (IO L 61, 3.3.1997, lch. 1).

(37)  Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).

(38)  Rialachán (AE) 2024/590 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 (IO L, 2024/590, 20.02.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/590/oj).

(39)  Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 2024 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (IO L, 2024/573, 20.02.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/oj).

(40)  Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).

(41)  Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127, 29.4.2014, lch. 39).

(42)  Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinbhleachtaí i bhfeidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 42).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1203/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top