Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1572

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1572 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2023 lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a bhaineann le tiúbair Solanum tuberosum L de thionscnamh réigiúin áirithe den Liobáin a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, cé is moite de na tiúbair sin atá beartaithe le haghaidh plandú

    C/2023/4911

    IO L 192, 31.7.2023, p. 12–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1572/oj

    31.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 192/12


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1572 ÓN gCOIMISIÚN

    an 25 Iúil 2023

    lena mbunaítear maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a bhaineann le tiúbair Solanum tuberosum L de thionscnamh réigiúin áirithe den Liobáin a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, cé is moite de na tiúbair sin atá beartaithe le haghaidh plandú

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 40(2) agus Airteagal 41(1) de.

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2) agus go háirithe Airteagal 52 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1614 ón gCoimisiún (3) údaraíodh na Ballstáit le foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar fhorálacha áirithe de Threoir 2000/29/CE ón gComhairle (4) i leith thiúbair Solanum tuberosum L., cé is moite de na tiúbair sin atá beartaithe le haghaidh plandú, de thionscnamh na réigiún Akkar agus Bekaa sa Liobáin (‘na plandaí sonraithe’).

    (2)

    An 12 Eanáir 2023, chuir an Liobáin iarratas isteach ar shíneadh a chur leis an maolú, iarratas a deonaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1614, go dtí am is faide anonn ná an 31 Márta 2023.

    (3)

    Cuireadh Rialachán (AE) 2016/2031 in ionad Threoir 2000/29/CE ón gComhairle, agus cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (5) in ionad Iarscríbhinní I go V a ghabhann leis an Treoir sin.

    (4)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, leagtar amach ceanglais a bhaineann le plandaí áirithe, táirgí planda áirithe nó réada eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais chun críoch an Aontais a chosaint ar rioscaí fíteashláintíochta. Le Pointe 17 (a) agus (b) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin, cuirtear toirmeasc ar thiúbair Solanum tuberosum L. a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, ach amháin más de thionscnamh tríú tíortha nó réigiúin áirithe, nó tíortha arb eol go bhfuil siad saor ó Clavibacter sepedonicus (‘an lotnaid shonraithe’), nó tíortha a chuireann rialacha i bhfeidhm a aithnítear go bhfuil siad coibhéiseach le rialacha an Aontais i gcoinne na lotnaide sin iad.

    (5)

    Chuir an Liobáin faisnéis isteach go raibh na réigiúin Akkar agus Bekaa saor ón lotnaid shonraithe le linn shéasúir fáis 2020, 2021 agus 2022. Leis an bhfaisnéis sin, léirítear go bhfástar na plandaí sonraithe faoi dhálaí leormhaithe fíteashláintíochta chun a áirithiú go gcosnófar críoch an Aontais ar an lotnaid shonraithe. Thairis sin, agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1614 á chur i bhfeidhm, níor aimsíodh aon lotnaid shonraithe ná lotnaidí coraintín eile de chuid an Aontais ar na plandaí sonraithe le linn a dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus ina dhiaidh sin. Ar an gcúis sin, ba cheart an maolú sin a dheonú arís faoi réir ceanglais áirithe chun a áirithiú nach mbeidh aon lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i láthair ar na plandaí sonraithe nuair a thabharfar isteach i gcríoch an Aontais iad.

    (6)

    Ba cheart cead a thabhairt na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais trí phoist ainmnithe rialaithe teorann amháin, chun rialuithe éifeachtacha agus laghdú ar aon riosca fíteashláintíochta a áirithiú.

    (7)

    Ba cheart ceanglais chigireachta a leagan amach chun rialú an riosca fíteashláintíochta a áirithiú. Ba cheart sampláil agus tástáil a dhéanamh ar na plandaí sonraithe ag na poist rialaithe teorann chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais a áirithiú i gcomhréir leis an scéim tástála atá ann cheana agus a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1194 ón gCoimisiún (6), mar comhlíonann an scéim sin na caighdeáin idirnáisiúnta is cothroime le dáta.

    (8)

    Níor cheart na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais ach amháin má tá siad lipéadaithe go hiomchuí, go háirithe chun a léiriú go bhfuil siad de thionscnamh na Liobáine agus nach bhfuil na plandaí sonraithe beartaithe le haghaidh plandú. Is gá é sin a dhéanamh chun plandú na bplandaí sonraithe a chosc agus chun a áirithiú gur féidir iad a shainaithint agus a rianú.

    (9)

    De bharr shrianta phaindéim COVID-19 agus coinbhleachtaí foréigneacha inmheánacha, ní raibh na hacmhainní ar fad ag an Liobáin chun measúnú iomlán a dhéanamh ar stádas lotnaidí na réigiún Akkar agus Bekaa, agus dá bhrí sin tá níos mó ama de dhíth uirthi chun an measúnú sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, ós rud é go dtugtar aghaidh leis an Rialachán seo ar riosca fíteashláintíochta ar leith, ar riosca é nach bhfuil measúnú iomlán déanta air go fóill, is de chineál sealadach a bheidh a cheanglais de bhun Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

    (10)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘plandaí sonraithe’ tiúbair Solanum tuberosum L. atá de thionscnamh na réigiún Akkar nó Bekaa sa Liobáin, cé is moite de na tiúbair sin atá beartaithe le haghaidh plandú;

    (2)

    ciallaíonn ‘lotnaid shonraithe’Clavibacter sepedonicus (Spieckermann & Kotthoff 1914) Nouioui et al. 2018;

    (3)

    ciallaíonn ‘limistéir saor ó lotnaidí’ na limistéir sin de Akkar nó Bekaa sa Liobáin a bhfuil sé dearbhaithe go hoifigiúil go bhfuil siad saor ón lotnaid shonraithe ag eagraíocht cosanta plandaí na Liobáine, i gcomhréir le Caighdeán Idirnáisiúnta Uimh. 4 maidir le Bearta Fíteashláintíochta i ndáil leis na ceanglais maidir le limistéir saor ó lotnaidí a bhunú (7) agus ar chuir an Liobáin in iúl don Choimisiún iad go bliantúil.

    Airteagal 2

    Maolú ar an toirmeasc ar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

    De mhaolú ar phointe 17, (a) agus (b), d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, ceadófar na plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais faoi réir chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 3 go 7 den Rialachán seo agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis.

    Airteagal 3

    Deimhniú Fíteashláintíochta

    Beidh deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leis na plandaí sonraithe lena n-áireofar, faoin gceannteideal ‘Dearbhú breise’, na gnéithe seo a leanas:

    (a)

    an ráiteas ‘I gcomhréir le ceanglais an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2 2023/1572 ón gCoimisiún’;

    (b)

    uimhir na luchtóige/uimhreacha na luchtóg a chomhfhreagraíonn do gach luchtóg shonrach onnmhairithe;

    (c)

    ainm an limistéir tionscnaimh saor ó lotnaidí; agus

    (d)

    ainm agus cláruimhir an táirgeora chláraithe nó na dtáirgeoirí cláraithe dá dtagraítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn.

    Airteagal 4

    Ceanglais maidir le plandaí sonraithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

    Comhlíonfaidh na plandaí sonraithe na ceanglais seo a leanas:

    (a)

    cuireadh i láthair iad lena dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais mar luchtóga arb é atá i ngach luchtóg plandaí sonraithe arna dtáirgeadh ag táirgeoir aonair agus arna saothrú i limistéar amháin saor ó lotnaidí;

    (b)

    níl méid nach mó ná 1 % d’ithir agus de dhamhna fáis de réir a glánmheáchain i ngach luchtóg de na plandaí sonraithe; agus

    (c)

    aistrítear i málaí, i bpacáistí nó i gcoimeádáin eile iad, ar nithe iad a ndéantar gach ceann acu a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 6.

    Airteagal 5

    Cigireachtaí, sampláil agus tástáil a dhéanann na Ballstáit

    1.   Ag na poist rialaithe teorann nó ag pointí rialaithe eile, beidh na plandaí sonraithe faoi réir na seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha a leagtar amach i míreanna 2 go 4 den Airteagal seo.

    2.   Déanfar amharc-chigireachtaí, sampláil agus tástáil arb é is aidhm dóibh an lotnaid a bhrath agus a shainaithint ar thiúbair shiomptómacha agus aisiomptómacha na bplandaí sonraithe, i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1194.

    Is é a bheidh i sampla 200 tiúbar de na plandaí sonraithe ar a laghad.

    I gcás ina bhfuil níos mó ná 25 thona i luchtóg, tógfar sampla amháin le haghaidh gach 25 thona agus sampla amháin le haghaidh na coda eile den luchtóg atá fágtha.

    3.   Agus na hamharc-chigireachtaí, an tsampláil agus an tástáil dá dtagraítear i mír 2 á ndéanamh, agus ar feitheamh thorthaí na dtástálacha sin, maidir le luchtóga uile na coinsíneachta lena mbaineann, agus na coinsíneachtaí eile uile ina bhfuil luchtóg de thionscnamh an limistéir chéanna atá saor ó lotnaidí agus atá faoi rialú údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, beidh siad faoi mhaoirseacht oifigiúil go fóill agus ní aistreofar ná ní úsáidfear iad.

    4.   I gcás ina ndeimhneofar láithreacht na lotnaide sonraithe tar éis an tástáil a chur i gcrích, dá dtagraítear i mír 2, coinneofar agus caomhnófar go hiomchuí aon sampla de phlandaí sonraithe agus ábhar atá fágtha mar thoradh ar na tástálacha, agus ní thabharfar an luchtóg lena mbaineann isteach i gcríoch an Aontais. Déanfar na luchtóga uile atá fágtha dá dtagraítear i mír 3 a shampláil agus a thástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1194.

    Airteagal 6

    Lipéadú le haghaidh tabhairt isteach i gcríoch an Aontais

    1.   Ní thabharfar na plandaí sonraithe isteach i gcríoch an Aontais ach amháin i gcás ina mbeidh lipéad orthu atá scríofa i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais agus ina bhfuil na gnéithe seo a leanas:

    (a)

    an tásc: ‘Áit tionscnaimh: An Liobáin’;

    (b)

    ainm an limistéir saor ó lotnaidí;

    (c)

    uimhir aitheantais an táirgeora;

    (d)

    uimhir na luchtóige;

    (e)

    an tásc ‘níltear le plandú’.

    2.   Beidh an lipéad dá dtagraítear i mír 1 eisithe ag eagraíocht cosanta plandaí na Liobáine nó ag oibreoir gairmiúil atá faoi mhaoirseacht oifigiúil na heagraíochta sin.

    Airteagal 7

    Diúscairt dramhaíola

    Maidir le dramhaíl de bharr na plandaí sonraithe a phacáistiú nó a phróiseáil i gcríoch an Aontais, déanfaidh na hoibreoirí gairmiúla í a dhiúscairt sa chaoi nach féidir an lotnaid shonraithe í féin a bhunú ná a leathadh i gcríoch an Aontais.

    Airteagal 8

    Teacht i bhfeidhm agus tréimhse cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige go dtí an 31 Lúnasa 2026.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

    (2)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1614 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2019 lena n-údaraítear na Ballstáit le foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar fhorálacha áirithe de Threoir 2000/29/CE ón gComhairle i leith prátaí, cé is moite de na prátaí sin atá beartaithe le haghaidh plandú, de thionscnamh na réigiún Akkar agus Bekaa sa Liobáin (IO L 250, 30.9.2019, lch. 85).

    (4)  Treoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánaigh atá dochrach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne leathadh na n-orgánach sin laistigh den Chomhphobal (IO L 169, 10.7.2000, lch. 1).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1194 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2022 lena mbunaítear bearta chun Clavibacter sepedonicus (Spieckermann & Kotthoff 1914) Nouioui et al. 2018 a dhíothú agus chun leathadh Clavibacter sepedonicus a chosc (IO L 185, 12.7.2022, lch. 47).

    (7)  Gluais de Théarmaí Fíteashláintíochta — Caighdeán Tagartha CIBF Uimh. 4 ‘Ceanglais maidir le limistéir saor ó lotnaidí a bhunú’ le Rúnaíocht an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí, an Róimh 2017.


    IARSCRÍBHINN

    Ceanglais a mhéid a bhaineann le plandaí sonraithe atá le comhlíonadh sa Liobáin dá dtagraítear in Airteagal 2

    1.   Limistéir tháirgthe

    Táirgeadh na plandaí sonraithe i limistéir saor ó lotnaidí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointe 2.

    2.   Suirbhéanna na limistéar saor ó lotnaidí

    Rinne eagraíocht cosanta plandaí na Liobáine suirbhéanna bliantúla córasacha agus ionadaíocha ar na limistéir saor ó lotnaidí sin chun an lotnaid shonraithe a bhrath le linn na 3 bliana ar fad roimh an táirgeadh agus lena linn.

    Bhí na suirbhéanna ar siúl i láithreáin táirgthe na bplandaí sonraithe atá lonnaithe sna limistéir saor ó lotnaidí, agus ar phlandaí sonraithe arna saothrú sna limistéir sin.

    Bhí an méid seo a leanas sna suirbhéanna:

    (a)

    amharc-chigireachtaí ar na láithreáin táirgthe le linn an tséasúir fáis;

    (b)

    scrúdú amhairc ar na plandaí sonraithe saothraithe chun siomptóim na lotnaide sonraithe a bhrath ar thiúbair ghearrtha;

    (c)

    tástáil saotharlainne maidir le plandaí siomptómacha agus aisiomptómacha i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1194.

    Sna suirbhéanna, níor aimsíodh aon lotnaid shonraithe ná aon fhianaise eile a d’fhéadfadh a léiriú nach bhfuil an limistéar saor ón lotnaid.

    Chuir eagraíocht cosanta plandaí na Liobáine torthaí na suirbhéanna ón mbliain féilire roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 31 Márta gach bliain.

    3.   Táirgeoirí

    Is iad na táirgeoirí atá cláraithe le heagraíocht cosanta plandaí na Liobáine a d’fhás na plandaí sonraithe.

    4.   Táirgeadh ó phlandaí sonraithe deimhnithe le haghaidh plandú

    Fásadh plandaí sonraithe ó phlandaí le haghaidh plandú a dheimhnítear san Aontas agus a allmhairítear ón Aontas isteach sa Liobáin nó a bhfuil sé deimhnithe ag eagraíocht cosanta plandaí na Liobáine go bhfuil siad saor ó lotnaidí coraintín de chuid an Aontais.

    5.   Láithreáin táirgthe

    Fásadh na plandaí sonraithe ar láithreáin táirgthe nár fásadh aon phlanda sonraithe iontu le linn na 3 bliana roimhe sin, cé is moite de na plandaí sin dá dtagraítear i bpointe (4).

    6.   Láimhseáil

    Láimhseáladh na plandaí sonraithe agus úsáid á baint as innealra nach n-úsáidtear ach chun plandaí sonraithe a láimhseáil agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (1) go (5) nó, i gcás inar úsáideadh chun críoch eile é, innealra a bhí glanta agus díghalraithe ar bhealach iomchuí sular láimhseáladh na plandaí sonraithe.

    7.   Stóráil

    Stóráladh na plandaí sonraithe i saoráidí stórála nach n-úsáidtear ach chun plandaí sonraithe a stóráil agus chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (1) go (6) nó, i gcás inar úsáideadh iad chun críoch eile, innealra a bhí faoi réir bearta sláinteachais iomchuí sular úsáideadh iad chun na plandaí sonraithe a stóráil.

    8.   Tástálacha roimh phacáistiú agus onnmhairiú

    Chomh gar agus is féidir d’am an onnmhairithe, agus láithreach roimh an bpacáistiú, rinneadh tástálacha ar thiúbair de na plandaí sonraithe, lena n-áirítear tiúbair aisiomptómacha, tástálacha arbh é ab aidhm dóibh láithreacht na lotnaide sonraí a bhrath agus a shainaithint, i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1194, agus fuarthas amach go bhfuil siad saor ón lotnaid shonraithe.

    9.   Pacáistíocht

    Tá an t-ábhar pacáistíochta a úsáidtear le haghaidh na bplandaí sonraithe nua nó glanta agus díghalraithe.


    Top