Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1570

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1570 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2023 lena gceartaítear an leagan Ungáirise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha a mhéid a bhaineann le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/3235

IO L 192, 31.7.2023, p. 9–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1570/oj

31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 192/9


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1570 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Bealtaine 2023

lena gceartaítear an leagan Ungáirise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha a mhéid a bhaineann le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 42(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Ungáirise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (2), tá earráid i gCuid I, Caibidil 1, Roinn 3, pointe 1, abairt tosaigh, d’Iarscríbhinn IV lena n-athraítear brí na forála.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Ungáirise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, maidir le cláir dhíothaithe agus maidir le stádas saor ó ghalair do ghalair áirithe atá liostaithe agus do ghalair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).


Top