Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1569

    Rialachán (AE) 2023/1569 ón gComhairle an 28 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2309 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

    ST/11362/2023/INIT

    IO L 192, 31.7.2023, p. 1–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1569/oj

    31.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 192/1


    RIALACHÁN (AE) 2023/1569 ÓN gCOMHAIRLE

    an 28 Iúil 2023

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2309 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

    Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/1574 ón gComhairle an 28 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (CBES) 2022/2319 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (1),

    Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 25 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/2309 (2) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí.

    (2)

    Le Rialachán (AE) 2022/2309, tugtar éifeacht do Chinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle (3) agus déantar foráil maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine áirithe arna n-ainmniú ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó ag coiste ábhartha smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a reo, ar daoine iad a ghabhann d’fhoréigean droinge, gníomhaíochtaí coiriúla nó sáruithe ar chearta an duine nó as tacú leo, nó as gníomhaíocht eile a dhéanamh a dhéanann dochar do shíocháin, cobhsaíocht agus slándáil Háítí agus an réigiúin.

    (3)

    Le Cinneadh (CBES) 2023/1574, bunaítear critéir chomhlántacha ar ar a mbonn is féidir leis an Aontas srian taistil, reo sócmhainní agus toirmisc a chur i bhfeidhm go neamhspleách chun acmhainní a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí (‘bearta comhlántacha’).

    (4)

    Bunaítear freisin le Cinneadh (CBES) 2023/1574 go bhfuilfeidhm le bheith ag an díolúine dhaonnúil ó na bearta reo sócmhainní de bhun Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis na bearta comhlántacha.

    (5)

    Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun éifeacht a thabhairt do Chinneadh (CBES) 2023/1574, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha na bearta sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna Ballstáit uile.

    (6)

    Ba cheart don Chomhairle an chumhacht a fheidhmiú chun na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309 a bhunú agus a leasú chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an bpróiseas maidir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhunú, a leasú agus athbhreithniú a dhéanamh air.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2022/2309 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) 2022/2309 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

    ‘Airteagal 2

    Toirmeascfar an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    cúnamh teicniúil a sholáthar a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata agus le hairm agus ábhar gaolmhar de gach cineál a sholáthar, a mhonarú, a chothabháil agus a úsáid, lena n-áirítear airm agus armlón, feithiclí agus trealamh míleata, trealamh paraimíleata, agus páirteanna spártha lena n-aghaidh, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia;

    (b)

    maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, lena n-áirítear go háirithe deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, chomh maith le hárachas agus athárachas, le haghaidh aon díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú arm agus ábhar gaolmhar, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar a sholáthar, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia.’

    ;

    (2)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

    ‘Airteagal 3

    1.   Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia iad agus atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú an duine, an eintitis nó an chomhlachta sin, go díreach nó go hindíreach, déanfar iad a reo.

    2.   Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis, nó do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia, ná ní chuirfear chun tairbhe dóibh iad.’

    ;

    (3)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 4a

    1.   Áireofar in Iarscríbhinn Ia na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí arna n-ainmniú ag an gComhairle:

    (a)

    atá freagrach as gníomhaíochtaí nó atá comhpháirteach i ngníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Háítí i mbaol, nó a bhí páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    (i)

    dul i mbun gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigin, go díreach nó go hindíreach, nó tacú le gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigean a bhfuil baint acu le grúpaí armtha agus líonraí coiriúla a chuireann foréigean chun cinn, lena n-áirítear earcú le forneart leanaí ag grúpaí agus líonraí den sórt sin, fuadach, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, agus dúnbhásuithe agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe;

    (ii)

    tacú le gáinneáil aindleathach agus atreorú arm agus ábhar gaolmhar, nó sreabha aindleathacha airgeadais a bhaineann leis an méid sin;

    (iii)

    ag gníomhú ar son nó thar ceann duine nó eintiteas arna ainmniú i dtaca leis an ngníomhaíocht a thuairiscítear i bpointí (i) agus (ii) nó faoi stiúir an duine nó an eintitis sin, nó tacaíocht nó maoiniú a thabhairt dóibh ar shlí eile, lena n-áirítear trí úsáid dhíreach nó indíreach a bhaint as fáltais ó choireacht eagraithe, lena n-áirítear fáltais ó tháirgeadh aindleathach drugaí agus ó gháinneáil aindleathach drugaí agus a réamhtheachtaithe de thionscnamh Háítí nó a dhéanann idirthuras trí Háítí, an gháinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach ó Háítí, nó smuigleáil agus gáinneáil arm chuig Háítí nó ó Háítí;

    (iv)

    ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm, nó mar dhaoine a rinne soláthar go díreach nó go hindíreach do ghrúpaí armtha nó líonraí coiriúla i Háítí nó a rinne díol leo nó aistriú dóibh, nó mar dhaoine a fuair airm nó aon ábhar gaolmhar, nó aon chomhairle theicniúil, oiliúint nó cúnamh, lena n-áirítear maoiniú agus cúnamh airgeadais, a bhaineann le gníomhaíochtaí foréigneacha grúpaí armtha nó líonraí coiriúla i Háítí;

    (v)

    gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh ar gníomhartha iad lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, lena n-áirítear iad siúd lena mbaineann marú seachbhreithiúnach, lena n-áirítear mná agus leanaí, agus gníomhartha foréigin, fuadach, fuadach forfheidhmithe, nó fuadach le haghaidh fuascailte i Háítí;

    (vi)

    gníomhartha a bhaineann le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear éigniú agus sclábhaíocht ghnéasach, a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh i Háítí;

    (vii)

    bac a chur ar chabhair dhaonnúil a thabhairt do Háítí, nó ar chabhair dhaonnúil a rochtain nó a dháileadh i Háítí;

    (viii)

    ionsaí a dhéanamh ar phearsanra nó ar áitribh thoscaireachtaí an Aontais agus mhisin agus oibríochtaí taidhleoireachta na mBallstát i Háítí, nó tacaíocht a thabhairt d’ionsaithe den sórt sin;

    (b)

    a dhéanann dochar don daonlathas nó don smacht reachta i Háítí trí mhí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí nó onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil; nó

    (c)

    atá bainteach le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí arna n-ainmniú faoi phointí (a) agus (b);

    2.   Áireofar in Iarscríbhinn Ia na forais chun na daoine agus na heintitis dá dtagraítear inti a liostú.

    3.   Áireofar in Iarscríbhinn Ia freisin, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nó na heintitis lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le heintitis, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; uimhir chlárúcháin agus áit ghnó’.

    (4)

    in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

    ‘(f)

    gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn I agus ag an gComhairle a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn Ia.’;

    (5)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

    ‘Airteagal 6

    1.   De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

    (a)

    go bhfuil gá leo chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

    (b)

    gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

    (c)

    gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin,

    i gcás ina mbaineann an t-údarú le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I agus ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann don Choiste Smachtbhannaí faoin gcinneadh sin agus faoin rún atá aige údarú a dheonú, agus in éagmais cinneadh diúltach ón gCoiste Smachtbhannaí laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra sin a fháil.’

    2.   De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann riachtanach do speansais urghnácha, ar choinníoll:

    (a)

    i gcás ina mbaineann an t-údarú le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I, gur thug údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann fógra faoin gcinneadh sin don Choiste Smachtbhannaí agus go ndearna an Coiste sin an cinneadh a fhormheas; agus

    (b)

    i gcás ina mbaineann an t-údarú le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, go mbeidh fógra tugtha ag an mBallstát lena mbaineann do na Ballstáit eile agus don Choimisiún faoi na forais ar a measann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú a dheonú.

    3.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’

    ;

    (6)

    cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 6a

    1.   Gan dochar d’Airteagal 5, de mhaolú ar Airteagal 3(1) agus (2) agus, maidir le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun cúnamh daonnúil a sheachadadh go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha dhaonna.

    2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonófar faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

    Airteagal 6b

    1.   De mhaolú ar Airteagal 3, agus maidir le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go ndéanfar na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann a íoc isteach i gcuntas nó ó chuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta a bhfuil díolúintí acu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé beartaithe na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

    2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’

    ;

    (7)

    in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   De mhaolú ar Airteagal 3(1), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir na nithe seo a leanas:

    (i)

    i gcás duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I, cinneadh breithiúnach, riaracháin nó eadrána arna bhunú roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 4 a áireamh in Iarscríbhinn I, nó lian breithiúnach, riaracháin nó eadrána a tugadh roimh an dáta sin;

    (ii)

    i gcás duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i Airteagal 4a a áireamh in Iarscríbhinn Ia, nó cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

    (b)

    ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

    (c)

    ní chun leas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia é an cinneadh nó an lian;

    (d)

    níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh nó an lian a aithint; agus

    (e)

    i gcás duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I, thug Ballstát an chinnidh nó an liain fógra don Choiste Smachtbhannaí maidir leis an gcinneadh nó maidir leis an lian.’

    ;

    (8)

    leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1

    ‘1.   De mhaolú ar Airteagal 3(1), agus ar choinníoll gur íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó arb oibleagáid í a tháinig chun cinn dóibh, roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn I, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:

    (a)

    go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia; agus,

    (b)

    nach sárú ar Airteagal 3(2) í an íocaíocht sin.’

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach

    ‘1a.   I gcás duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I, tabharfaidh an Ballstát ábhartha fógra don Choiste Smachtbhannaí maidir leis an rún údarú a dheonú 10 lá oibre roimh ré.’

    ;

    (9)

    in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:

    (a)

    ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

    (b)

    íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 4 a áireamh in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia; nó

    (c)

    íocaíochtaí atá dlite do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann,

    ar choinníoll go ndéantar aon ús, tuilleamh agus íocaíocht eile den sórt sin a reo i gcomhréir le hAirteagal 3.’

    ;

    (10)

    leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2

    ‘2.   Daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

    (a)

    tuairisceoidh siad roimh an 9 Eanáir 2023, nó laistigh de 6 seachtaine ón dáta a liostaítear in Iarscríbhinn I, cibé acu is déanaí, cistí nó sócmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Bhallstáit ar leis iad, atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na sócmhainní eacnamaíocha sin lonnaithe;

    (aa)

    tuairisceoidh siad roimh an 9 Meán Fómhair 2023 nó laistigh de 6 seachtaine ó dháta an liostaithe in Iarscríbhinn I, cibé acu is déanaí, cistí nó sócmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Bhallstáit ar leis iad, atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na sócmhainní eacnamaíocha sin lonnaithe; agus

    (b)

    rachaidh siad i gcomhar leis an údarás inniúil chun aon fhaisnéis den chineál sin a fhíorú.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas laistigh de 2 sheachtain faoin bhfaisnéis a fhaightear de bhun mhír 2, pointí (a) agus (aa).’

    ;

    (c)

    cuirtear isteach an mír seo a leanas:

    ‘5a.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid i mír 2, pointe (aa), go dtí an 2 Meán Fómhair 2023 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha atá lonnaithe i mBallstát a raibh oibleagáid tuairiscithe chomhchosúil leagtha síos aige faoin dlí náisiúnta roimh an 1 Lúnasa 2023.’

    ;

    (11)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(1), pointe (a):

    ‘(a)

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia;’;

    (12)

    in Airteagal 14(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    cistí arna reo faoi Airteagal 3(1) agus údaruithe arna ndeonú faoi Airteagail 6, 6a, 6b, 7 agus 8;’;

    (13)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

    ‘Airteagal 16

    1.   I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle Slándála nó an Coiste Smachtbhannaí duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostú agus ráiteas faoi na cúiseanna leis an ainmniú a sholáthar, áireoidh an Chomhairle an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin in Iarscríbhinn I.

    1a.   Déanfaidh an Chomhairle liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a bhunú agus a leasú.

    1b.   Cuirfidh an Chomhairle a cinneadh in iúl do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a, lena n-áirítear na forais leis an liostú, go díreach, más eol an seoladh, nó murab eol an seoladh, trí fhógra a fhoilsiú, lena dtabharfar deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a chur isteach.

    2.   I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach nó i gcás ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil i láthair, déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar a cinneadh agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht ar an eolas faoi dá réir.

    3.   I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle Slándála nó an Coiste Smachtbhannaí duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a dhíliostú, nó sonraí aitheantais duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear a leasú, leasóidh an Chomhairle Iarscríbhinn I dá réir.

    Déanfar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a athbhreithniú go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad.’

    ;

    (14)

    in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

    ‘1.   Déanfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a thabhairt i gcrích. Airítear an méid seo a leanas ar na cúraimí sin:

    (a)

    a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinní I agus Ia a ullmhú agus a dhéanamh;

    (b)

    a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinní I agus Ia a ullmhú;

    (c)

    a mhéid a bhaineann leis an gCoimisiún:

    (i)

    inneachar Iarscríbhinní I agus Ia a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, iad ar fáil go poiblí;

    (ii)

    próiseáil faisnéise faoi thionchar na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo amhail fiúntas na gcistí reoite agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.

    2.   Ní fhéadfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí sonraí ábhartha a phróiseáil, nuair is infheidhme, ar sonraí iad a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla na ndaoine nó le bearta slándála i ndáil leis na daoine sin, ach a mhéid is gá an phróiseáil sin a dhéanamh chun Iarscríbhinní I agus Ia a ullmhú.’

    ;

    (15)

    cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn Ia.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Iúil 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    P. NAVARRO RÍOS


    (1)  Féach leathanach 21. den Iris Oifigiúil.

    (2)  Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (IO L 307, 28.11.2022, lch. 17).

    (3)  Cinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (IO L 307, 28.11.2022, lch. 135).


    IARSCRÍBHINN

    ‘IARSCRÍBHINN Ia

    Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4a

    ’.

    Top