This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1101
Commission Regulation (EU) 2023/1101 of 6 June 2023 refusing to authorise a health claim made on foods and referring to children’s development and health (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2023/1101 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2023 lena ndiúltaítear maíomh i dtaca le sláinte a dhéantar i leith bianna a údarú agus lena dtagraítear d’fhorbairt agus sláinte leanaí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2023/1101 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2023 lena ndiúltaítear maíomh i dtaca le sláinte a dhéantar i leith bianna a údarú agus lena dtagraítear d’fhorbairt agus sláinte leanaí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/3544
IO L 147, 7.6.2023, p. 2–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 147/2 |
RIALACHÁN (AE) 2023/1101 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Meitheamh 2023
lena ndiúltaítear maíomh i dtaca le sláinte a dhéantar i leith bianna a údarú agus lena dtagraítear d’fhorbairt agus sláinte leanaí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 i dtaca le maímh maidir le cothú agus maidir le sláinte a dhéantar i leith bianna (1), agus go háirithe Airteagal 17(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, tá toirmeasc ann ar mhaímh shláinte a dhéantar i leith bianna ach amháin má tá siad údaraithe ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Rialachán sin agus más rud é go n-áirítear iad i liosta an Aontais de mhaímh cheadaithe. |
(2) |
Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 freisin go bhféadfaidh oibreoirí gnólachtaí bia iarratais ar údarú i leith maímh shláinte a chur faoi bhráid údarás inniúil náisiúnta de chuid Ballstáit. Cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta iarratais bhailí chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’). |
(3) |
Tar éis don Údarás iarratas a fháil, cuirfidh sé na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas gan mhoill, agus tabharfaidh sé tuairim ar an maíomh sláinte lena mbaineann. |
(4) |
Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaca le húdarú a thabhairt don mhaíomh sláinte agus an tuairim ón Údarás á cur san áireamh aige. |
(5) |
Tar éis iarratas a fháil ó Cyprus International Institute for Environmental and Public Health, Ollscoil Teicneolaíochta na Cipire, a cuireadh isteach de bhun Airteagal 14(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, bhí de cheangal ar an Údarás tuairim a thabhairt maidir leis an mbunús eolaíoch atá le maíomh sláinte a bhaineann le bianna orgánacha agus an méid a rannchuidíonn siad le cealla coirp agus móilíní (lipidí agus ADN) a chosaint ar dhamáiste ocsaídiúcháin, agus ar leanaí sláintiúla idir 3 bliana agus 15 bliana d’aois iad an spriocdhaonra atá acu (Ceist Uimh. EFSA-Q-2021-00055). Is mar a leanas a bhí an fhoclaíocht sa mhaíomh a mhol an t-iarratasóir: ‘Rannchuidíonn bia orgánach (leibhéil níos ísle d’iarmhair lotnaidicídí ná na cinn i ngnáthbhia) le cealla coirp agus móilíní (lipidí agus ADN) a chosaint ar dhamáiste ocsaídiúcháin’. |
(6) |
An 20 Deireadh Fómhair 2021, fuair an Coimisiún agus na Ballstáit an tuairim eolaíoch ón Údarás (2) maidir leis an maíomh sin. Thug an tÚdarás dá aire, sa tuairim sin, nár sonraíodh leibhéal na n-iarmhar lotnaidicídí is gá chun bianna a saintréithriú mar bhianna ‘orgánacha’ san iarratas ná sna staidéir dhaonna a cuireadh isteach chun bunús a thabhairt leis an maíomh sláinte, agus tháinig sé ar an gconclúid, ar bhonn na sonraí a tíolacadh, nach bhfuil saintréithe leordhóthanacha ag an mbia/ag an gcomhábhar ‘bianna orgánacha’, arb é is ábhar don mhaíomh sláinte, agus, dá bhrí sin, nach féidir ceangal cúise agus éifeachta a bhunú idir bianna orgánacha a ithe agus cealla coirp agus móilíní (lipidí agus ADN) a chosaint ar dhamáiste ocsaídiúcháin. Dá réir sin, ós rud é nach gcomhlíonann an maíomh sin ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 lena áireamh i liosta an Aontais de mhaímh shláinte cheadaithe, níor cheart é a údarú. |
(7) |
Ar fhoilsiú na Tuairime sin, ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil de bhun Airteagal 16(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006. |
(8) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ní dhéanfar an maíomh sláinte a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a áireamh i liosta an Aontais de mhaímh shláinte cheadaithe dá bhforáiltear in Airteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meitheamh 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 404, 30.12.2006, lch. 9.
(2) Iris EFSA, 2021;19(10):6847.
IARSCRÍBHINN
Maíomh sláinte a diúltaíodh
Iarratas — Forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 |
Cothaitheach, substaint, bia nó catagóir bia |
An Maíomh |
Tagairt na tuairime ó EFSA |
Airteagal 14(1), pointe (b), maíomh sláinte lena dtagraítear d’fhorbairt agus sláinte leanaí |
Bianna orgánacha |
Rannchuidíonn bia orgánach (leibhéil níos ísle d’iarmhair lotnaidicídí ná na cinn i ngnáthbhia) le cealla coirp agus móilíní (lipidí agus ADN) a chosaint ar dhamáiste ocsaídiúcháin |
Q-2021-00055 |