EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0953

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/953 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann leis na rialacha lena rialaítear an taraif-chuóta chun púdar bainne a onnmhairiú chuig an bPoblacht Dhoiminiceach

C/2023/3064

IO L 128, 15.5.2023, p. 81–83 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/953/oj

15.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 128/81


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/953 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Bealtaine 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann leis na rialacha lena rialaítear an taraif-chuóta chun púdar bainne a onnmhairiú chuig an bPoblacht Dhoiminiceach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 187 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na rialacha maidir le bainistíocht na dtaraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí maidir le táirgí talmhaíochta a bhainistítear le córas ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus déantar foráil ann maidir le rialacha sonracha i ndáil le riar na gcuótaí sin.

(2)

Ón 1 Iúil 2023, de réir an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Stáit CARIFORUM agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit (3), féadfaidh an Phoblacht Dhoiminiceach púdar bainne a allmhairiú ón Aontas ag dleacht nialasach ar chainníocht neamhtheoranta. Mar thoradh air sin agus ar mhaithe leis an tsoiléire, na forálacha maidir leis an taraif-chuóta ar onnmhairithe púdair bainne ón Aontas chuig an bPoblacht Dhoiminiceach, ba cheart iad a bhaint ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 agus feidhm aige ón gcéad tréimhse iarratais eile ar cheadúnas.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a leasú dá réir.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 mar a leanas:

(1)

scriostar Airteagail 55, 56 agus 57;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinní I agus XIII, Páirt B — Earnáil: Bainne i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón gcéad tréimhse iarratais ar cheadúnas le haghaidh na tréimhse taraif-chuóta dar tús an 1 Iúil 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas bainistíochta na dtaraif-chuótaí le ceadúnais (IO L 185, 12.6.2020, lch. 24).

(3)  Cinneadh 2008/805/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Stáit CARIFORUM, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 289, 30.10.2008, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I agus XIII, Páirt B – Earnáil: Bainne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, scriostar an ró seo a leanas:

‘Cuóta púdair arna oscailt ag an bPoblacht Dhoiminiceach

Bainne agus táirgí bainne

Onnmhairiúchán

AE: scrúdú comhuaineach

Níl

 

Níl’

(2)

scriostar an tábla seo a leanas in Iarscríbhinn XIII, Páirt B – Earnáil: Bainne:

‘Sraithuimhir

Ní bhaineann le hábhar

Comhaontú idirnáisiúnta nó gníomh eile

An Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Stáit Cariforum, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile

Tréimhse taraif-chuótaí

Ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh

Fothréimhsí taraif-chuótaí

Níl

Iarratas ar cheadúnas

I gcomhréir le hAirteagail 6, 7 agus 8 den Rialachán seo

Tuairisc ar an táirge

Púdair bainne, bídís milsithe nó ná bídís

Ceann scríbe

An Phoblacht Dhoiminiceach

Cruthúnas ar thionscnamh tráth a dhéantar an t-iarratas ar cheadúnas. Más ann dó, an bhfuil an comhlacht údaraithe chun é a eisiúint

Níl

Cruthúnas ar thionscnamh le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht

Tá, i gcomhréir le hAirteagal 55(4) den Rialachán seo

Cainníocht i gcileagraim

22 400 000 kg

Cóid AC

0402 10 , 0402 21 agus 0402 29

 

 

Cruthúnas ar thrádáil

I gcomhréir le hAirteagal 8(2)(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 25 thona

Urrús i gcomhair ceadúnas onnmhairiúcháin

EUR 3 in aghaidh 100 kg

Iontrálacha sonracha atá le déanamh ar an iarratas ar cheadúnas agus ar an gceadúnas

I gcomhréir le hAirteagal 56(3) den Rialachán seo

Tréimhse bailíochta ceadúnais

I gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo

Inaistritheacht ceadúnais

Níl

Cainníocht tagartha

Níl

Oibreoir cláraithe i mbunachar sonraí LORI

Níl

Coinníollacha sonracha

I gcomhréir le hAirteagail 55, 56 agus 57 den Rialachán seo’


Top