EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0660

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/660 ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2022 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh an liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó ata faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh an liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2022/8672

IO L 83, 22.3.2023, p. 47–53 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/660/oj

22.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 83/47


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/660 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Nollaig 2022

lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh an liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó ata faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh an liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a bhunú atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra (1), agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE, agus go háirithe Airteagal 8 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 nósanna imeachta chun an liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (“liosta an Aontais”) a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith le nósanna imeachta lena gceadaítear do na Ballstáit, in imthosca áirithe, bearta eisceachtúla a ghlacadh lena bhforchuirfí toirmisc ar oibriú laistigh dá gcríoch.

(2)

Is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 a fhorlíonadh le rialacha mionsonraithe i dtaca leis na nósanna imeachta sin.

(3)

Is iomchuí go háirithe an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit a shonrú i gcás ina n-iarrfaidh siad ar an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 chun liosta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta trí thoirmeasc nua ar oibriú a fhorchur, trí thoirmeasc atá ann cheana a bhaint nó trí na coinníollacha a ghabhann leis a mhodhnú.

(4)

D’fhonn liosta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta, is gá coinníollacha a leagan síos maidir le feidhmiú chearta cosanta na n-iompróirí atá faoi réir na gcinntí a ghlacann an Coimisiún. Ba cheart na nósanna imeachta maidir le cearta cosanta na n-aeriompróirí a shoiléiriú. Dá bhrí sin, leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha mionsonraithe i dtaca le feidhmiú ceart cosanta aeriompróirí i gcás ina bhfuil an Coimisiún ag breithniú cé acu a ghlacfaidh nó nach nglacfaidh sé cinneadh faoi Airteagal 4(2) nó Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

(5)

I gcomhthéacs liosta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta, ceanglaítear ar an gCoimisiún le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 aird chuí a thabhairt ar an ngá le cinntí a dhéanamh go pras agus, i gcás inarb iomchuí, nós imeachta a sholáthar le haghaidh cásanna práinneacha.

(6)

Ba cheart an Coimisiún faisnéis leordhóthanach a fháil faoi aon toirmeasc ar oibriú arna fhorchur ag na Ballstáit mar bhearta eisceachtúla faoi Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

(7)

Chun oiriúnú a dhéanamh do na modhanna cumarsáide atá ann faoi láthair, is gá níos mó solúbthachta a cheadú maidir leis an gcaoi a scaiptear an fhaisnéis ar sheirbhísí ábhartha an Choimisiúin.

(8)

Ar mhaithe le soiléireacht sna téarmaí a úsáidtear, is gá comhsheasmhacht a áirithiú agus tagairt á déanamh don údarás atá freagrach as an aeriompróir lena mbaineann a fhormhaoirsiú.

(9)

Le Rialachán (AE) 2019/1243 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leasaíodh Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005. Leis an Airteagal sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Chun feidhmiú rianúil a áirithiú i dtaca leis na nósanna imeachta maidir le liosta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta sa chreat dlíthiúil nua, ní mór rialacha áirithe a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha den sórt sin. Ba cheart na gníomhartha sin a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún (3), ar cheart é a aisghairm dá bhrí sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta seo a leanas dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005:

(a)

Liosta an Aontais a bhunú;

(b)

Liosta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta;

(c)

Bearta eisceachtúla arna nglacadh ag Ballstát;

(d)

Feidhmiú chearta cosanta na n-aeriompróirí;

(e)

Liosta an Aontais á fhorfheidhmiú ag na Ballstáit.

Airteagal 2

Iarrataí ó na Ballstáit liosta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta

1.   Ballstát a iarrfaidh ar an gCoimisiún liosta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, déanfaidh sé an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a sholáthar don Choimisiún.

2.   Díreofar an iarraidh a luaitear i mír 1 ar Ardrúnaíocht an Choimisiúin. Ina theannta sin, cuirfear an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I in iúl go comhuaineach do sheirbhísí inniúla an Choimisiúin in Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair.

3.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoin iarraidh a luaitear i mír 1 trína n-ionadaithe ar an gCoiste Aershábháilteachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i rialacha inmheánacha an Choiste. Cuirfidh an Coimisiún Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) ar an eolas freisin.

Airteagal 3

Comhairliúchán comhpháirteach leis na húdaráis atá freagrach as an aeriompróir lena mbaineann a fhormhaoirsiú

1.   Aon Bhallstát atá ag smaoineamh ar iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, iarrfaidh sé ar an gCoimisiún, ar an nGníomhaireacht, agus ar na Ballstáit eile páirt a ghlacadh in aon chomhairliúchán leis na húdaráis atá freagrach as an aeriompróir lena mbaineann a fhormhaoirsiú.

2.   Sula nglacfar na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, rachfar i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí agus inar féidir, leis na húdaráis atá freagrach as an aeriompróir lena mbaineann a fhormhaoirsiú. I gcás inar féidir, reáchtálfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit comhairliúcháin chomhpháirteacha.

3.   I gcásanna inar gá mar ábhar práinne, féadfar comhairliúcháin chomhpháirteacha a reáchtáil tar éis ghlacadh na gcinntí dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus in Airteagal 5. Sa chás sin, cuirfidh an Coimisiún in iúl don údarás lena mbaineann go bhfuiltear ar tí cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 4(2) nó Airteagal 5(1).

4.   Féadfar comhairliúcháin chomhpháirteacha a dhéanamh trí chomhfhreagras agus féadfar iad a reáchtáil le linn cuairteanna ar an láthair ionas gur féidir fianaise a bhailiú, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 4

Feidhmiú chearta cosanta na n-aeriompróirí

1.   Sula nglacfaidh an Coimisiún cinneadh faoi Airteagal 4(2) nó Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, nochtfaidh sé don aeriompróir lena mbaineann na fíorais agus na breithnithe riachtanacha atá ina mbonn leis an gcinneadh sin. Tabharfar deis don aeriompróir lena mbaineann barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 10 lá oibre ón dáta nochta. I gcás ina mbaineann an cinneadh le níos mó ná aeriompróir amháin atá deimhnithe sa Stát céanna, maidir le barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 10 lá oibre, measfar gur comhlíonadh an méid sin a luaithe a nochtfaidh an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe riachtanacha arna bhfáil aige do na húdaráis atá freagrach as na haeriompróirí sin a fhormhaoirsiú.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit ar an eolas trína n-ionadaithe ar an gCoiste Aershábháilteachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i rialacha inmheánacha an Choiste. Arna iarraidh sin don aeriompróir lena mbaineann, ceadófar dó a sheasamh a chur i láthair ó bhéal os comhair an Choiste Aershábháilteachta sula nglacfar cinneadh faoi Airteagal 4(2) nó faoi Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005. Le linn an chur i láthair, féadfaidh an t-aeriompróir lena mbaineann cabhair a fháil ó na húdaráis atá freagrach as a fhormhaoirsiú arna iarraidh sin dó.

3.   I gcásanna práinne, ní cheanglófar ar an gCoimisiún an oibleagáid maidir le nochtadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh sula nglacfaidh sé beart sealadach i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

4.   I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún cinneadh faoi Airteagal 4(2) nó Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, cuirfidh sé an méid sin ar a súile láithreach don aeriompróir lena mbaineann agus do na húdaráis atá freagrach as a fhormhaoirsiú.

Airteagal 5

Forfheidhmiú

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon bheart a glacadh chun na cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 4(2) nó faoi Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 a chur chun feidhme.

Airteagal 6

Bearta eisceachtúla arna nglacadh ag Ballstát

1.   I gcás inar chuir Ballstát aeriompróir faoi réir toirmeasc láithreach ar a oibriú ina chríoch mar a cheadaítear le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don Choimisiún, mar aon leis an bhfaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   I gcás ina bhfuil toirmeasc forchurtha ag Ballstát ar oibriú aeriompróra ina chríoch, nó i gcás ina bhfuil toirmeasc ar oibriú an aeriompróra sin ina chríoch coinnithe ar bun ag an mBallstát, mar a cheadaítear le hAirteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don Choimisiún, mar aon leis an bhfaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

3.   Díreofar an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III ar Ardrúnaíocht an Choimisiúin. Ina theannta sin, cuirfear an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II nó III in iúl go comhuaineach do sheirbhísí inniúla an Choimisiúin in Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit eile ar an eolas trína n-ionadaithe ar an gCoiste Aershábháilteachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i rialacha inmheánacha an Choiste.

Airteagal 7

Aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 473/2006

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 473/2006.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 314, 27.12.2005, lch. 15.

(2)  Rialachán (AE) 2019/1243 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena ndéantar roinnt gníomhartha dlí lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a oiriúnú d’Airteagail 290 agus 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 198, 25.7.2019, p. 241).

(3)  IO L 84, 23.3.2006, lch. 8.


IARSCRÍBHINN I

Faisnéis atá le soláthar ag Ballstát a bhfuil iarraidh á déanamh aige faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005

Ballstát a iarrann go dtabharfaí liosta an Aontais cothrom le dáta faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, déanfaidh sé an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don Choimisiún:

1.

Maidir leis an mBallstát a bhfuil an iarraidh á déanamh aige:

(a)

ainm agus feidhm an teagmhálaí oifigiúil;

(b)

seoladh ríomhphoist nó uimhir theileafóin an teagmhálaí oifigiúil.

2.

Maidir leis an iompróir/na hiompróirí agus leis an aerárthach:

(a)

sainaithint an iompróra/na n-iompróirí lena mbaineann, lena n-áirítear ainm an eintitis dhlítheanaigh (a léirítear ar an Teastas Aeroibreora (“AOC”) nó a choibhéis), an t-ainm trádála (más éagsúil le hainm an eintitis dhlítheanaigh), uimhir AOC (más ann di), sainitheoir na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (“ICAO”) (más eol) agus na sonraí teagmhála iomlána;

(b)

ainm/ainmneacha agus sonraí teagmhála iomlána an údaráis nó na n-údarás a bhfuil freagracht orthu as formhaoirseacht rialála an aeriompróra/na n-aeriompróirí lena mbaineann;

(c)

mionsonraí maidir le cineál/cineálacha an aerárthaigh, an Stát cláraithe/na Stáit chláraithe, an chláruimhir/na cláruimhreacha agus, má tá siad ar fáil, sraithuimhreacha tógála an aerárthaigh lena mbaineann.

3.

Maidir leis an gcinneadh a iarradh:

(a)

an cineál cinnidh a iarradh: sonraigh cé acu a fhorchuireann sé toirmeasc ar oibriú, a dhéanann sé toirmeasc ar oibriú a bhaint nó a mhodhnaíonn sé na coinníollacha a bhaineann le toirmeasc ar oibriú;

(b)

raon feidhme an chinnidh a iarradh: sonraigh an t-iompróir sonrach/na hiompróirí sonracha nó na hiompróirí uile atá faoi réir údarás formhaoirseachta ar leith, chomh maith le haerárthach sonrach nó cineál sonrach/cineálacha sonracha aerárthaigh.

4.

Maidir leis an iarraidh ar thoirmeasc ar oibriú a fhorchur:

(a)

tuairisc mhionsonraithe ar an ábhar imní ó thaobh na sábháilteachta de (e.g. torthaí cigireachta) as ar eascair an iarraidh ar thoirmeasc iomlán nó ar thoirmeasc páirteach (a bhaineann, in ord, le gach ceann de na critéir chomhchoiteanna ábhartha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005);

(b)

tuairisc leathan ar an gcoinníoll/na coinníollacha molta lena gceadaítear an toirmeasc atá beartaithe a chur ar ceal/a tharscaoileadh lena úsáid mar bhunús le plean gníomhaíochta ceartaithí a ullmhú i gcomhairle leis an údarás nó leis na húdaráis a bhfuil freagracht orthu as formhaoirseacht rialála an aeriompróra/na n-aeriompróirí lena mbaineann.

5.

Maidir leis an iarraidh chun deireadh a chur le toirmeasc ar oibriú nó chun na coinníollacha atá i gceangal leis a mhodhnú:

(a)

dáta agus mionsonraí an phlean gníomhaíochta ceartaithí a comhaontaíodh, más infheidhme;

(b)

fianaise gur comhlíonadh ina dhiaidh sin an plean gníomhaíochta ceartaithí a comhaontaíodh, más infheidhme;

(c)

formhuiniú sainráite i scríbhinn ón údarás nó ó na húdaráis a bhfuil freagracht orthu as formhaoirseacht rialála an aeriompróra/na n-aeriompróirí lena mbaineann gur cuireadh an plean gníomhaíochta ceartaithí chun feidhme.

6.

Maidir le poiblíocht:

 

faisnéis faoi cé acu a chuir nó nár chuir an Ballstát a iarraidh ar fáil go poiblí.


IARSCRÍBHINN II

Fógra ó Bhallstát maidir le bearta eisceachtúla arna nglacadh faoi Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 chun cosc ar oibriú a fhorchur ina chríoch

Ballstát a thuairisceoidh gur cuireadh aeriompróir faoi réir toirmeasc ar a oibriú ina chríoch i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don Choimisiún:

1.

Maidir leis an mBallstát a bhfuil an tuairisc á tabhairt aige

(a)

Ainm agus feidhm an teagmhálaí oifigiúil;

(b)

Seoladh ríomhphoist nó uimhir theileafóin an teagmhálaí oifigiúil.

2.

Maidir leis an iompróir/na hiompróirí agus leis an aerárthach

(a)

Sainaithint an iompróra/na n-iompróirí lena mbaineann, lena n-áirítear ainm an eintitis dhlítheanaigh (a léirítear ar AOC nó a choibhéis), an t-ainm trádála (más éagsúil le hainm an eintitis dhlítheanaigh), uimhir AOC (más ann di), sainitheoir ICAO (más eol) agus na sonraí teagmhála iomlána;

(b)

Ainm/ainmneacha agus sonraí teagmhála iomlána an údaráis nó na n-údarás a bhfuil freagracht orthu as formhaoirseacht rialála an aeriompróra/na n-aeriompróirí lena mbaineann;

(c)

Mionsonraí maidir le cineál/cineálacha an aerárthaigh, an Stát cláraithe/na Stáit chláraithe, an chláruimhir/na cláruimhreacha agus, má tá siad ar fáil, sraithuimhreacha tógála an aerárthaigh lena mbaineann.

3.

Maidir leis an gcinneadh

(a)

Dáta, am agus fad an chinnidh;

(b)

Tuairisc ar an gcinneadh maidir le húdarú oibríochta nó cead teicniúil a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, nó srianta a fhorchur ina leith;

(c)

Raon feidhme an chinnidh: sonraigh an t-iompróir sonrach, na hiompróirí sonracha nó na hiompróirí uile atá faoi réir údarás formhaoirseachta ar leith, chomh maith le haerárthach sonrach nó cineál sonrach/cineálacha sonracha aerárthaigh;

(d)

Tuairisc ar an gcoinníoll/na coinníollacha lena gceadaítear diúltú, cur ar fionraí, cúlghairm nó srianta ar an údarú oibríochta nó cead teicniúil, arna dhéanamh ag an mBallstát, a chur ar ceal nó a tharscaoileadh.

4.

Maidir leis an ábhar imní ó thaobh na sábháilteachta de

Tuairisc mhionsonraithe ar an ábhar imní ó thaobh na sábháilteachta de (e.g. torthaí cigireachta) as ar eascair an cinneadh maidir le toirmeasc iomlán nó páirteach (a bhaineann, in ord, le gach ceann de na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005).

5.

Maidir le poiblíocht

Faisnéis faoi cé acu a chuir nó nár chuir an Ballstát a thoirmeasc ar fáil go poiblí.


IARSCRÍBHINN III

Fógra ó Bhallstát maidir le bearta eisceachtúla arna ndéanamh mar a cheadaítear le hAirteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 chun toirmeasc ar oibriú a choimeád ar bun nó a fhorchur ina chríoch i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an gCoimisiún gan bearta comhchosúla a áireamh i liosta an Aontais

Ballstát a thuairisceoidh go bhfuil toirmeasc forchurtha aige ar oibriú aeriompróra ina chríoch, nó go bhfuil toirmeasc ar oibriú aeriompróra ina chríoch coinnithe ar bun aige, i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don Choimisiún:

1.

Maidir leis an mBallstát a bhfuil an tuairisc á tabhairt aige

(a)

Ainm agus feidhm an teagmhálaí oifigiúil;

(b)

Seoladh ríomhphoist nó uimhir theileafóin an teagmhálaí oifigiúil.

2.

Maidir leis an iompróir/na hiompróirí agus leis an aerárthach

Sainaithint an iompróra/na n-iompróirí lena mbaineann, lena n-áirítear ainm an eintitis dhlítheanaigh (a léirítear ar AOC nó a choibhéis), an t-ainm trádála (más éagsúil le hainm an eintitis dhlítheanaigh), uimhir AOC (más ann di), sainitheoir ICAO (más eol).

3.

Maidir leis an tagairt don chinneadh ón gCoimisiún

(a)

Dáta doiciméad ábhartha de chuid an Choimisiúin agus tagairt dóibh;

(b)

Dáta an chinnidh ón gCoimisiún nó ón gCoiste Aershábháilteachta.


Top