Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0182

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/182 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, rialuithe sonracha maidir le bagáiste pearsanta paisinéirí agus maidir le coinsíneachtaí beaga earraí a sheoltar chuig daoine nádúrtha, earraí nach bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/8349

IO L 26, 30.1.2023, pp. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/182/oj

30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 26/5


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/182 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Samhain 2022

lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, rialuithe sonracha maidir le bagáiste pearsanta paisinéirí agus maidir le coinsíneachtaí beaga earraí a sheoltar chuig daoine nádúrtha, earraí nach bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 48 (d) agus (e), Airteagal 53(1)(d)(ii) agus Airteagal 77(1)(k) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna leaganacha Fionlainnise agus Ollainnise d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 ón gCoimisiún (2), tá earráid sa fhrása tosaigh de phointí 2 agus 3 lena n-athraítear brí na bhforálacha.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Fionlainnise agus Ollainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Béarla.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, rialuithe sonracha maidir le bagáiste pearsanta paisinéirí agus maidir le coinsíneachtaí beaga earraí a sheoltar chuig daoine nádúrtha, earraí nach bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (IO L 321, 12.12.2019, lch. 45).


Top