Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023Q0721(01)

    RIALACHA NÓS IMEACHTA CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

    IO L 184, 21.7.2023, p. 83–108 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 14/08/2024; Arna ionadú ag 32024Q02142

    ELI: http://data.europa.eu/eli/proc_rules/2023/721/oj

    21.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 184/83


    RIALACHA NÓS IMEACHTA CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

    RÉAMHRÁ

    An 5 Iúil 2023 ghlac Coiste Eorpach na Réigiún na Rialacha Nós Imeachta seo a leanas ar bhonn an dara mír d’Airteagal 306 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    TEIDEAL I

    COMHALTAÍ AGUS COMHLACHTAÍ AN CHOISTE

    CAIBIDIL 1

    COMHLACHTAÍ

    Riail 1 – Comhlachtaí an Choiste

    Is iad an Tionól Iomlánach, an tUachtarán, an Biúró, Comhdháil na nUachtarán agus na coimisiúin comhlachtaí an Choiste.

    Riail 2 – Éagsúlacht inscne

    1.

    Ba cheart éagsúlacht inscne Choiste Eorpach na Réigiún a léiriú, a mhéid is féidir, i gcomhdhéanamh a chomhlachtaí.

    2.

    Glacfaidh an Biúró plean gníomhaíochta inscne a bheidh dírithe ar ghné na hinscne a ionchorprú i ngníomhaíochtaí uile an Choiste. Déanfar faireachán ar an bplean gníomhaíochta inscne ar bhonn bliantúil agus déanfar athbhreithniú air uair sna cúig bliana ar a laghad.

    CAIBIDIL 2

    COMHALTAÍ AN CHOISTE

    Riail 3 – Stádas na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha

    De bhun Airteagal 300 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bheidh sna comhaltaí agus sna comhaltaí malartacha. Beidh sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil acu nó beidh siad freagrach go polaitiúil do thionól tofa. Ní fhéadfaidh siad a bheith faoi cheangal ag aon teagaisc shainordaitheacha agus beidh siad, chun leas ginearálta an Aontais, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

    Riail 4 – Téarma oifige

    1.

    Tosóidh téarma oifige comhalta nó comhalta mhalartaigh ar an dáta a ngabhfaidh éifeacht lena cheapachán nó lena ceapachán ag an gComhairle.

    2.

    Déanfar téarma oifige comhalta nó comhalta mhalartaigh a fhoirceannadh trí éirí as oifig, ag deireadh an tsainordaithe thoghchánaigh ar ceapadh é nó í ar a bhonn, nó ar fháil bháis dó nó di.

    3.

    Ní mór do chomhalta nó comhalta malartach atá ag éirí as oifig fógra i scríbhinn a thabhairt d’Uachtarán an Choiste maidir lena rún, ag sonrú an dáta a ngabhfaidh éifeacht lena éirí nó lena héirí as oifig. Cuirfidh an tUachtarán an Chomhairle ar an eolas, agus deimhneoidh sí an folúntas agus cuirfidh sí chun feidhme an nós imeachta chun comhalta nua a cheapadh.

    4.

    Maidir le comhalta nó comhalta malartach a dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige nó lena téarma oifige sa Choiste toisc an sainordú toghchánach, ar ceapadh é nó í ar a bhonn, a bheith dulta in éag, tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn láithreach d’Uachtarán an Choiste.

    5.

    Sna cásanna dá dtagraítear i Riail 4(2), ceapfaidh an Chomhairle duine ina ionad nó ina hionad ar feadh a bhfuil fágtha den téarma.

    Riail 5 – Pribhléidí agus díolúintí

    I dtaca le comhaltaí agus a gcuid comhaltaí malartacha atá sainordaithe go cuí, beidh pribhléidí agus díolúintí acu i gcomhréir leis an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh.

    Riail 6 – Freastal na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha

    1.

    Féadfaidh comhalta malartach ón toscaireacht náisiúnta suí thar ceann aon chomhalta a bhfuil bac air nó uirthi páirt a ghlacadh i Seisiún Iomlánach; ina theannta sin, féadfar ionadaíocht a dhéanamh thar a cheann nó thar a ceann ar feadh tréimhse atá teoranta do laethanta ar leith den Seisiún Iomlánach. Déanfaidh na comhaltaí uile mar aon lena gcomhaltaí malartacha atá sainordaithe go cuí liosta na rannpháirtithe a shíniú.

    2.

    Féadfaidh comhalta eile nó comhalta malartach ón toscaireacht náisiúnta nó ó ghrúpa polaitiúil lena mbaineann suí thar ceann aon chomhalta a bhfuil bac air nó uirthi páirt a ghlacadh i gcruinniú coimisiúin nó in aon chruinniú eile arna fhormheas ag an mBiúró. Déanfaidh na comhaltaí uile mar aon lena gcomhaltaí malartacha atá sainordaithe go cuí liosta na rannpháirtithe a shíniú.

    3.

    Féadfaidh comhalta nó comhalta malartach atá ceaptha ar liosta na n-ionadaithe do chomhaltaí meithle, arna bunú ar bhonn Riail 37 nó Riail 61 de na Rialacha Nós Imeachta, suí thar ceann aon chomhalta den mheitheal sin a bhaineann leis an ngrúpa polaitiúil céanna.

    4.

    Ní fhéadfaidh comhalta malartach nó comhalta atá ag gníomhú mar chomhalta malartach suí thar ceann níos mó ná comhalta amháin. Feidhmeoidh siad na cumhachtaí céanna mar chomhalta ag an gcruinniú ábhartha. Ní mór fógra a thabhairt don Ardrúnaíocht i gcomhréir le ceanglais fógartha maidir le tarmligean na gceart vótála, fógra nach mór a chur chuici tráth nach déanaí ná an lá roimh an gcruinniú.

    5.

    Ag Seisiún Iomlánach, ní aisíocfar ach speansais an chomhalta nó an chomhalta mhalartaigh amháin. Leagfaidh an Biúró amach na forálacha mionsonraithe sna socruithe cur chun feidhme maidir le speansais taistil agus chothaithe.

    6.

    Féadfaidh comhalta malartach a cheapfar mar rapóirtéir an dréacht-tuairim a bhfuil sé nó sí freagrach aisti a thíolacadh ag an Seisiún Iomlánach sin a bhfuil an dréacht-tuairim ar a chlár oibre. Féadfaidh an comhalta a chearta vótála nó a cearta vótála a tharmligean chuig an gcomhalta malartach sin le linn don dréacht-tuairim i gceist a bheith á plé. Ní mór fógra i scríbhinn a chur chuig an Ardrúnaí maidir le tarmligean na gceart vótála roimh an gcruinniú ábhartha.

    7.

    Gan dochar do Riail 24(1), scoirfidh aon tarmligean d’éifeacht a bheith leis ón uair nach mbeidh an comhalta, nach féidir leis nó léi freastal, ina chomhalta nó ina comhalta de Choiste na Réigiún níos mó.

    Riail 7 – Tarmligean na gceart vótála

    Ach amháin mar a fhoráiltear i Riail 6 agus i Riail 32, ní fhéadfar an ceart vótála a tharmligean.

    Riail 8 – Toscaireachtaí náisiúnta agus grúpaí polaitiúla

    Cuideoidh na toscaireachtaí náisiúnta agus na grúpaí polaitiúla le heagrú obair an Choiste ar bhealach cothrom.

    Riail 9 – Toscaireachtaí náisiúnta

    1.

    Cuirfidh na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha ó gach Ballstát toscaireacht náisiúnta ar bun. Glacfaidh gach toscaireacht a cuid rialacha inmheánacha féin agus toghfaidh sí cathaoirleach. Cuirfear Uachtarán an Choiste ar an eolas go hoifigiúil faoi ainm an duine a toghadh.

    2.

    Déanfaidh an tArdrúnaí socruithe, laistigh de riarachán an Choiste, le go bhfaighidh toscaireachtaí náisiúnta cúnamh. Trí na socruithe sin, féadfaidh gach comhalta aonair eolas agus cúnamh a fháil freisin ina theanga oifigiúil nó ina teanga oifigiúil. Beidh na socruithe mar chuid de sheirbhís shonrach ar a mbeidh oifigigh Choiste na Réigiún nó seirbhísigh eile dá chuid agus áiritheofar leo go mbeidh na toscaireachtaí náisiúnta in ann úsáid iomchuí a bhaint as saoráidí an Choiste. Go sonrach, cuirfidh an tArdrúnaí na modhanna iomchuí ar fáil do na toscaireachtaí náisiúnta chun cruinnithe a thionól díreach roimh na Seisiúin Iomlánacha nó ina ndiaidh.

    3.

    Beidh comhordaitheoirí náisiúnta nach bhfuil ar fhoireann na hArdrúnaíochta de chúnamh freisin ag na toscaireachtaí náisiúnta. Cuideoidh siad leis na comhaltaí a gcuid cúraimí mar chomhaltaí den Choiste a chomhlíonadh go héifeachtúil.

    Riail 10 – Grúpaí polaitiúla agus comhaltaí nach bhfuil páirteach i ngrúpa

    1.

    Féadfaidh comhaltaí agus comhaltaí malartacha grúpaí a chur ar bun ar léiriú iad ar a gcuid cleamhnachtaí polaitiúla. Leagfar síos na critéir le haghaidh comhaltais i rialacha inmheánacha gach grúpa pholaitiúil.

    2.

    Teastóidh ocht gcomhalta dhéag nó ocht gcomhalta dhéag mhalartacha ar a laghad, a mbeidh a leath díobh sin ar a laghad ina gcomhaltaí, a dhéanann ionadaíocht thar ceann aon chúigiú ar a laghad de na Ballstáit, chun grúpa polaitiúil a chur ar bun. Ní féidir le comhalta nó comhalta malartach a bheith páirteach i níos mó ná grúpa polaitiúil amháin. Déanfar grúpa polaitiúil a dhíscaoileadh má thiteann an comhaltas faoi bhun an lín is gá.

    3.

    Tabharfar fógra i ráiteas d’Uachtarán an Choiste nuair a chuirfear grúpa polaitiúil ar bun, nuair a dhíscaoilfear é nó nuair a dhéanfar aon athrú eile air. Sa ráiteas lena dtugtar fógra faoi ghrúpa polaitiúil a chur ar bun, sonrófar ainm an ghrúpa pholaitiúil, a chuid comhaltaí agus a bhiúró.

    4.

    Beidh rúnaíocht ina mbeidh baill foirne ó phearsanra na hArdrúnaíochta de chúnamh ag gach grúpa polaitiúil. Féadfaidh na grúpaí polaitiúla tograí a chur faoi bhráid an údaráis ceapacháin chun na baill foirne sin a roghnú, a cheapadh agus chun ardú céime agus fadú conartha a thabhairt dóibh. Déanfaidh an t-údarás ceapacháin a chinneadh tar éis dó dul i gcomhairle le cathaoirleach an ghrúpa pholaitiúil lena mbaineann.

    5.

    Tabharfaidh an tArdrúnaí a ndóthain acmhainní do na grúpaí polaitiúla agus dá gcomhlachtaí le haghaidh cruinnithe, gníomhaíochtaí agus foilseachán agus le haghaidh obair a gcuid rúnaíochtaí. Déanfar na hacmhainní do gach grúpa polaitiúil a chur in áirithe sa bhuiséad. Bainfidh na grúpaí polaitiúla agus a gcuid rúnaíochtaí úsáid iomchuí as saoráidí an Choiste.

    6.

    Féadfaidh na grúpaí polaitiúla agus a mbiúrónna teacht le chéile díreach roimh na Seisiúin Iomlánacha nó lena linn. Féadfaidh siad cruinnithe urghnácha a thionól dhá uair sa bhliain. Ní bheidh comhaltaí malartacha atá ag freastal ar na cruinnithe sin i dteideal speansais taistil agus chothaithe ach amháin más ionadaithe iad thar ceann comhalta as a ngrúpa polaitiúil féin.

    7.

    Tabharfar tacaíocht riaracháin do chomhaltaí nach bhfuil páirteach i ngrúpa. Leagfaidh an Biúró síos na socruithe mionsonraithe ar thogra ón Ardrúnaí.

    Riail 11 – Grúpaí idir-réigiúnacha

    Féadfaidh comhaltaí agus comhaltaí malartacha grúpaí idir-réigiúnacha a chur ar bun. Cuirfidh siad Uachtarán an Choiste ar an eolas faoi sin. Cuirfear grúpa idir-réigiúnach ar bun go cuí le cinneadh ón mBiúró.

    TEIDEAL II

    EAGRÚ AGUS NÓS IMEACHTA AN CHOISTE

    CAIBIDIL 1

    TIONÓL TOSAIGH AGUS DUL I mBUN OIFIGE AN CHOISTE

    Riail 12 – Tionól an chéad chruinnithe

    Tar éis gach athnuachana cúig bliana, is é an tUachtarán atá ag dul as oifig, nó ina éagmais sin, an chéad Leas-Uachtarán atá ag dul as oifig, nó ina éagmais sin, an Leas-Uachtarán is sine atá ag dul as oifig, nó ina éagmais sin, an comhalta is sine, a thionólfaidh an Coiste agus tiocfaidh siad le chéile tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis don Chomhairle a chuid comhaltaí a cheapadh.

    Glacfaidh an comhalta atá ag gníomhú mar Uachtarán eatramhach faoin gcéad mhír den Riail seo ról mar ionadaí don Choiste le linn na tréimhse seo, leanfaidh sé air nó sí uirthi ag plé le gnó reatha agus déanfaidh sé nó sí cathaoirleacht ar an gcéad chruinniú ina cháil nó ina cáil mar Uachtarán eatramhach.

    Eisean nó ise, maille leis na ceithre chomhalta is óige dá bhfuil i láthair agus Ardrúnaí an Choiste, a dhéanfaidh suas an Biúró eatramhach.

    Riail 13 – Dul i mbun oifige an Choiste agus fíorú na ndintiúr

    1.

    Ag an gcéad chruinniú, cuirfidh an tUachtarán eatramhach an Coiste ar an eolas faoin teachtaireacht ón gComhairle maidir le ceapadh a chuid comhaltaí agus tuairisceoidh sé nó sí faoi aon ghníomhaíocht ar thug sé nó sí fúithi chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Choiste agus chun plé le gnó reatha. Má iarrtar a leithéid air nó uirthi, féadfaidh an tUachtarán eatramhach a chinneadh ceapadh agus dintiúir na gcomhaltaí a fhíorú, agus ina dhiaidh sin dearbhóidh sé nó sí go bhfuil an Coiste dulta i mbun oifige don téarma nua.

    2.

    Fanfaidh an Biúró eatramhach i mbun oifige go dtí go ndearbhófar torthaí thoghcháin chomhaltaí an Bhiúró.

    CAIBIDIL 2

    AN TIONÓL IOMLÁNACH

    Riail 14 – Cúraimí an Tionóil Iomlánaigh

    Tiocfaidh an Coiste le chéile mar Thionól Iomlánach. Is iad na príomhchúraimí a bheidh air:

    (a)

    tuairimí, tuarascálacha agus rúin a ghlacadh;

    (b)

    dréachtmheastacháin ar chaiteachas agus ioncam an Choiste a ghlacadh;

    (c)

    tosaíochtaí polaitiúla an Choiste a ghlacadh;

    (d)

    an tUachtarán, an chéad Leas-Uachtarán agus comhaltaí eile an Bhiúró a thoghadh;

    (e)

    coimisiúin a chur ar bun;

    (f)

    Rialacha Nós Imeachta an Choiste a ghlacadh agus a athbhreithniú;

    (g)

    cóid iompair do na comhaltaí a ghlacadh agus a athbhreithniú;

    (h)

    tar éis dó a fhíorú go bhfuil córam ann de réir na chéad abairte de Riail 22(1) de na Rialacha Nós Imeachta, cinneadh a dhéanamh, trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh, maidir le togra ó Uachtarán an Choiste, nó ón gcoimisiún inniúil ag gníomhú dó i gcomhréir le Riail 57 agus le Riail 58, chun caingean nó iarratas ar idiragairt a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Nuair a ghlacfar an cinneadh sin, tionscnóidh an tUachtarán an chaingean thar ceann an Choiste.

    Riail 15 – An Tionól Iomlánach a thionól

    1.

    Tionólfaidh Uachtarán an Choiste an Tionól Iomlánach uair amháin gach trí mhí ar a laghad. Socróidh an Biúró dátaí na Seisiún Iomlánach sa chéad leath den bhliain roimhe sin. Féadfaidh Seisiún Iomlánach teacht le chéile ar feadh lá amháin nó níos mó.

    2.

    Arna iarraidh sin i scríbhinn d’aon cheathrú ar a laghad de na comhaltaí, beidh an tUachtarán faoi cheangal Seisiún Iomlánach urghnách a thionól, a bheidh ar siúl tráth nach luaithe ná seachtain amháin agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dháta na hiarrata. Luafar an t-ábhar atá le plé ag an Seisiún Iomlánach urghnách san iarraidh i scríbhinn. Ní fhéadfar plé le haon ábhar eile.

    Riail 16 – Clár Oibre an tSeisiúin Iomlánaigh

    1.

    Ullmhóidh an Biúró an réamhdhréacht den chlár oibre ina mbeidh liosta sealadach de na dréacht-tuairimí, na dréacht-tuarascálacha agus na dréachtrúin a bheidh á bplé ag an Seisiún Iomlánach tar éis an chéad Seisiúin Iomlánaigh eile maille leis na doiciméid eile go léir a éilíonn cinneadh.

    2.

    Déanfar an dréachtchlár oibre mar aon leis na doiciméid go léir a éilíonn cinneadh atá liostaithe ann a chur ar fáil go leictreonach do na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha i ngach teanga oifigiúil faoi seach aon lá oibre is fiche ar a laghad roimh thús an tSeisiúin Iomlánaigh.

    3.

    Is faoin Uachtarán atá sé an dréachtchlár oibre a ullmhú, tar éis dul i gcomhairle le Comhdháil na nUachtarán.

    4.

    I gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe nach féidir an sprioc-am dá dtagraítear i mír 2 a bhaint amach, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh go n-áireofar ar an dréachtchlár oibre doiciméad a éilíonn cinneadh ar choinníoll go mbeidh an doiciméad ábhartha faighte ag na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha ina dteanga oifigiúil tráth nach déanaí ná seachtain amháin roimh thús an tSeisiúin Iomlánaigh. Cuirfidh an tUachtarán in iúl ar leathanach clúdaigh an doiciméid a éilíonn cinneadh an chúis leis an nós imeachta seo a chur i bhfeidhm.

    5.

    Ní mór leasuithe i scríbhinn ar an dréachtchlár oibre a chur faoi bhráid an Ardrúnaí tráth nach déanaí ná trí lá oibre roimh thús an tSeisiúin Iomlánaigh.

    6.

    Cuirfidh an Biúró bailchríoch ar an dréachtchlár oibre ag an gcruinniú díreach roimh thús an tSeisiúin Iomlánaigh. Féadfaidh an Biúró a chinneadh ag an gcruinniú sin, trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, ábhair phráinneacha nó thráthúla, nach féidir a bplé a chur ar athló go dtí an chéad Seisiún Iomlánach eile, a áireamh ar an gclár oibre.

    7.

    Ar thogra ón Uachtarán, ó ghrúpa polaitiúil nó ó 32 chomhalta, féadfaidh an Biúró nó an Tionól Iomlánach, roimh vótáil ar na leasuithe dóibh, a chinneadh plé ar dhoiciméad a chur ar athló le haghaidh cinneadh ag Seisiún Iomlánach amach anseo.

    Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo i gcásanna ina bhfuil sprioc-am socraithe ag an gComhairle, an Coimisiún nó Parlaimint na hEorpa a fhágann nach féidir glacadh doiciméid le haghaidh cinneadh a chur ar athló.

    Na leasuithe uile lena mbaineann arna gcur síos go cuí, beidh siad ag gabháil le doiciméad le haghaidh cinneadh a chuirfear ar athló go dtí seisiún den Tionól Iomlánach amach anseo. Tar éis an vóta a chur ar atráth, socrófar sprioc-am nua chun leasuithe a chur síos.

    Riail 17 – Tús an tSeisiúin Iomlánaigh

    Cuirfidh an tUachtarán tús leis an Seisiún Iomlánach agus iarrfaidh sé nó sí go nglacfar an leagan deiridh den dréachtchlár oibre.

    Riail 18 – Cead isteach don phobal, aíonna agus aoichainteoirí

    1.

    Beidh na Seisiúin Iomlánacha oscailte don phobal, mura gcinnfidh an Tionól Iomlánach a mhalairt i ndáil leis an gcruinniú iomlán nó le mír ar leith ar an gclár oibre.

    2.

    Féadfaidh ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún freastal ar Sheisiúin Iomlánacha. Féadfar a iarraidh orthu labhairt lena linn.

    3.

    Féadfaidh an tUachtarán cuireadh a thabhairt d’aíonna oirirce eile labhairt leis an Tionól Iomlánach freisin, ag gníomhú dó nó di ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh ón mBiúró.

    Riail 19 – Caighdeáin iompair agus am labhartha

    1.

    Gan dochar don tsaoirse cainte, léireoidh iompar na gcomhaltaí urraim fhrithpháirteach, bunaithe ar na luachanna agus na prionsabail a leagtar síos sna téacsanna bunúsacha ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, tabharfaidh siad urraim do dhínit an Choiste agus ní bhainfidh a n-iompar an bonn de sheoladh réidh obair chomhlachtaí an Choiste nó ní chuirfidh sé isteach ar an suaimhneas in aon cheann d’áitribh an Choiste.

    2.

    Déanfaidh an Tionól Iomlánach, ag tús a chruinnithe agus ag gníomhú dó ar thogra ón mBiúró, am labhartha a leagan síos do gach mír ar an gclár oibre. Le linn Seisiún Iomlánach, déanfaidh an tUachtarán socrú, ag gníomhú dó nó di ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin do chomhalta, le go bhféadfar cinneadh a dhéanamh maidir le teorainn a chur leis an am labhartha.

    3.

    Féadfaidh an tUachtarán, nuair a bheidh díospóireachtaí ann ar shaincheisteanna ginearálta nó sonracha, a mholadh don Tionól Iomlánach gur cheart an t-am labhartha a roinnt ar na grúpaí polaitiúla agus na toscaireachtaí náisiúnta.

    4.

    Mar riail ghinearálta, ní fhéadfar labhairt ach ar feadh nóiméad amháin i gcás tráchtanna ar mhiontuairiscí, pointí oird agus tráchtanna ar leasuithe ar an leagan deiridh den dréachtchlár oibre nó ar an gclár oibre.

    5.

    Má théann na cainteoirí thar an am labhartha atá tugtha dóibh, féadfaidh an tUachtarán a gcead labhartha a tharraingt siar.

    6.

    Má iarrann aon chomhalta go dtabharfar an díospóireacht chun deiridh, cuirfidh an tUachtarán an iarraidh sin ar vóta.

    Riail 20 – Cainteoirí ag an Tionól Iomlánach

    1.

    Cuirfear ainmneacha na gcomhaltaí atá ag iarraidh labhairt ar liosta san ord ina bhfaighfear a gcuid iarrataí. Iarrfaidh an tUachtarán ar chomhaltaí labhairt de réir ord an liosta sin agus aird á tabhairt aige nó aici, a mhéid is féidir, ar éagsúlacht na gcainteoirí.

    2.

    Féadfar tosaíocht a thabhairt, áfach, do rapóirtéir an choimisiúin lena mbaineann agus d’ionadaithe na ngrúpaí polaitiúla agus na dtoscaireachtaí náisiúnta ar mian leo labhairt thar ceann a ngrúpaí nó a dtoscaireachtaí.

    3.

    Faoi dhó, ar a mhéad, a fhéadfaidh duine labhairt ar an ábhar céanna, ach amháin má fhaigheann sé nó sí cead chuige sin ón Uachtarán. Beidh cead cainte ag cathaoirleach agus rapóirtéir an choimisiúin lena mbaineann, áfach, arna iarraidh sin dóibh ar feadh tréimhse a chinnfidh an tUachtarán.

    Riail 21 – Pointí oird

    1.

    Beidh cead cainte ag comhalta chun pointe oird a ardú nó chun aire an Uachtaráin a dhíriú ar aon mhainneachtain na Rialacha Nós Imeachta a urramú. Ní mór baint a bheith ag an bpointe oird leis an gclár oibre nó leis an ábhar atá faoi chaibidil.

    2.

    Beidh tosaíocht ag iarraidh ar phointe oird a ardú ar gach iarraidh eile chun labhairt.

    3.

    Glacfaidh an tUachtarán cinneadh maidir le pointí oird láithreach i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta agus fógróidh sé nó sí a rialú láithreach tar éis na Rialacha Nós Imeachta a agairt. Ní dhéanfar aon vótáil ar rialú an Uachtaráin.

    Riail 22 – Córam

    1.

    Beidh córam ann ag Seisiún Iomlánach má tá tromlach na gcomhaltaí i láthair. Fíorófar an córam arna iarraidh sin do chomhalta má tá sé chomhalta dhéag ar a laghad i bhfabhar na hiarrata. Mura n-iarrfar fíorú córaim, beidh gach vóta bailí beag beann ar líon na gcomhaltaí i láthair. Féadfaidh an tUachtarán cur isteach ar an Seisiún Iomlánach ar feadh deich nóiméad ar a mhéad roimh dhul ar aghaidh le fíorú an chóraim. Measfar comhaltaí a d’iarr fíorú an chóraim, ach nach bhfuil i láthair a thuilleadh i seomra an tSeisiúin Iomlánaigh, a bheith i láthair chun críocha chomhaireamh an tinrimh. Má tá níos lú ná sé chomhalta dhéag i láthair, féadfaidh an tUachtarán a rialú nach ann don chóram.

    2.

    Má shuitear nach bhfuil aon chóram ann, cuirfear gach mír ar an gclár oibre nach mór vótáil a dhéanamh uirthi ar athló go dtí lá an chéad chruinnithe eile, nuair a fhéadfaidh an Tionól Iomlánach vótáil go bailí ar na míreanna sin beag beann ar an líon comhaltaí a bheidh i láthair. Beidh gach cinneadh nó vótáil a rinneadh ag an gcruinniú roimh fhíorú an chóraim bailí fós.

    Riail 23 – Vótáil

    1.

    Déanfaidh an Tionól Iomlánach a chuid cinntí trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh, mura bhforáiltear a mhalairt sna rialacha seo.

    2.

    Is iad na foirmeacha bailí vótála ‘ar son’, ‘in aghaidh’ agus ‘staonadh’. Agus an tromlach á ríomh, ní chuirfear san áireamh ach vótaí a chaithfear ar son nó in aghaidh an téacs nó an togra. I gcás comhionannas vótaí, measfar gur diúltaíodh don téacs nó don togra.

    3.

    Is ceart pearsanta a bheidh sa cheart vótála. Ní vótálfaidh comhaltaí ach amháin ina gcáil aonair phearsanta.

    4.

    Má dhéantar toradh an chomhairimh a chonspóid, féadfaidh an tUachtarán nó comhalta vótáil eile a iarraidh, ar choinníoll go mbeidh sé chomhalta dhéag ar a laghad i bhfabhar na hiarrata.

    5.

    Ar thogra ón Uachtarán, ó ghrúpa polaitiúil nó ó 32 chomhalta, arna chur isteach sula nglacfar an leagan deiridh den chlár oibre, féadfaidh an Tionól Iomlánach a chinneadh vótáil ar ghlaoch rolla i gcás mír amháin nó níos mó ar an gclár oibre, rud a thaifeadfar i miontuairiscí an tSeisiúin Iomlánaigh. Mura gcinnfidh an Tionól Iomlánach a mhalairt a dhéanamh, ní úsáidfear an vótáil ar ghlaoch rolla i gcás leasuithe.

    6.

    Ar thogra ón Uachtarán, ó ghrúpa polaitiúil nó ó 32 chomhalta, féadfar cinneadh a dhéanamh vótáil trí bhallóid rúnda má bhaineann an cinneadh le daoine.

    7.

    Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh ag am ar bith go ndéanfar vótáil go leictreonach.

    Beidh rochtain ag an bpobal ar thaifeadadh thoradh uimhriúil na vótála leictreonaí tar éis an tSeisiúin Iomlánaigh.

    Riail 24 – Leasuithe a chur síos

    1.

    Is comhaltaí agus comhaltaí malartacha atá sainordaithe go cuí – agus, i gcás a thuairime nó a tuairime féin, aon chomhalta malartach nach bhfuil sainordaithe agus a ceapadh mar rapóirtéir – agus iad sin amháin a fhéadfaidh leasuithe ar dhoiciméid a éilíonn cinneadh a chur síos, i gcomhréir le rialacha maidir le leasuithe a chur síos.

    Féadfaidh comhalta nó comhalta malartach an chomhalta sin agus é nó í sainordaithe go cuí an ceart maidir le leasuithe a chur síos ag Seisiún Iomlánach a fheidhmiú. Má tharmligeann comhalta cuid de Sheisiún Iomlánach nó Seisiún Iomlánach ina iomláine chuig comhalta malartach, ní fhéadfaidh ach duine amháin acu leasuithe a chur síos. Má chuireann an comhalta aon leasuithe ar aon chuid den Seisiún Iomlánach síos, ní fhéadfaidh an comhalta malartach a leithéid chéanna a dhéanamh ina dhiaidh sin. Ar an gcaoi chéanna, má dhéantar aon chuid den Seisiún Iomlánach a tharmligean chuig comhalta malartach agus má chuireann sé nó sí aon leasuithe ar thuairim síos – sula mbeidh aon leasuithe curtha síos ag an gcomhalta – ní fhéadfaidh an comhalta sin aon leasuithe ar an Seisiún Iomlánach a chur síos. Beidh leasuithe arna gcur síos ag comhalta nó comhalta malartach a chaillfidh an oifig sin ina dhiaidh sin, nó roimh dheonú nó tarraingt siar tarmligin, bailí fós.

    2.

    Gan dochar d’fhorálacha Riail 28, má tá leasuithe le déanamh ar dhoiciméid a éilíonn cinneadh, ní mór do ghrúpa polaitiúil, nó ar a laghad sé chomhalta nó sé chomhalta mhalartacha atá sainordaithe go cuí, iad a chur isteach agus ní mór a n-ainmneacha a bheith ar na leasuithe sin. Féadfaidh toscaireachtaí náisiúnta a bhfuil níos lú ná sé chomhalta iontu leasuithe a chur isteach, ar choinníoll gurb iad comhaltaí uile na toscaireachta a bheidh á gcur isteach agus go mbeidh ainmneacha comhaltaí uile na toscaireachta nó a gcuid comhaltaí malartacha arna gceapadh go cuí ar na leasuithe sin.

    3.

    Ní mór iad a chur isteach roimh 3 p.m. ar an aonú lá oibre dhéag roimh an gcéad lá den Seisiún Iomlánach. Ní mór a bheith in ann teacht ar leasuithe go leictreonach chomh luath agus atá siad aistrithe, ach tráth nach déanaí ná ceithre lá oibre roimh an Seisiún Iomlánach.

    Aistreofar na leasuithe mar ábhar tosaíochta agus cuirfear iad chuig an rapóirtéir chun go mbeidh sé nó sí in ann leasuithe an rapóirtéara a chur faoi bhráid na hArdrúnaíochta trí lá oibre ar a laghad roimh thús an tSeisiúin Iomlánaigh. Ní mór baint a bheith ag leasuithe sin an rapóirtéara le leasú amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 1 agus a aithneoidh an rapóirtéir. Beidh teacht ar leasuithe an rapóirtéara ar an lá roimh an gcéad lá den Seisiún Iomlánach.

    Féadfaidh an tUachtarán an sprioc-am le haghaidh cur isteach leasuithe a laghdú go híostréimhse trí lá oibre i gcásanna ina bhfuil feidhm ag Riail 16(4). Ní bheidh feidhm ag an sprioc-am i gcás leasuithe ar ábhair phráinneacha de bhun Riail 16(6).

    4.

    Dáilfear na leasuithe go léir ar na comhaltaí roimh thús an tSeisiúin Iomlánaigh.

    Riail 25 – Nós Imeachta chun plé le leasuithe

    1.

    Beidh feidhm ag an nós imeachta vótála seo a leanas:

    (a)

    Ar an gcéad dul síos, an vótáil ar aon leasuithe a rinneadh ar an dréacht-doiciméad. Tabharfar tosaíocht do leasuithe seachas don téacs lena mbaineann siad.

    (b)

    Ar an dara dul síos, an vótáil ar an téacs sin ina iomláine, bíodh sé leasaithe nó ná bíodh.

    2.

    Prionsabail lena rialaítear an vótáil:

    (a)

    Leasuithe comhréitigh a cuireadh i láthair le linn an chruinnithe.

    Más rud é gur cuireadh síos leasú amháin nó níos mó mar chuid de théacs, féadfaidh an tUachtarán, an rapóirtéir nó údair na leasuithe sin, i gcásanna eisceachtúla, leasuithe comhréitigh a mholadh. Tabharfar tosaíocht do na leasuithe comhréitigh sin sa vótáil.

    Má dhéanann an rapóirtéir nó aon duine d’údair an leasaithe tosaigh agóid i gcoinne an leasaithe comhréitigh atá molta, ní dhéanfar vótáil air.

    (b)

    Vótáil Chomhpháirteach.

    Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh, sula nglacfar leasú ar leith nó sula ndiúltófar dó, go ndéanfar vótáil chomhchoiteann ar roinnt leasuithe eile a bhfuil ábhar comhchosúil iontu nó a bhfuil cuspóirí comhchosúla leo (vótáil chomhpháirteach). Féadfaidh na leasuithe sin a bheith bainteach le codanna éagsúla den téacs bunaidh.

    (c)

    Blocvótáil.

    Féadfaidh rapóirtéirí liosta leasuithe arna gcur síos ar a ndréacht-tuairim a tharraingt suas, a mholfaidh siad lena nglacadh (moladh vótála). Más rud é go ndearna an rapóirtéir moladh vótála, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh gur cheart vótáil le chéile (blocvótáil) ar leasuithe áirithe a chumhdaítear leis an moladh. Féadfaidh aon chomhalta, áfach, agóid a dhéanamh i gcoinne an mholta vótála, ag sonrú dó nó di cé na leasuithe ar ceart vótáil ar leithligh orthu.

    (d)

    Vótáil Dheighilte.

    I gcás ina bhfuil dhá fhoráil nó níos mó, nó dhá thagairt nó níos mó do dhá phointe nó níos mó, sa téacs a bhfuiltear chun vótáil air, nó gur féidir an téacs a roinnt ina dhá chuid nó níos mó toisc go bhfuil brí shainiúil agus/nó luach normatach ag na codanna sin, féadfaidh an rapóirtéir, grúpa polaitiúil, toscaireacht náisiúnta nó duine ar bith de na comhaltaí a chuir isteach an leasú, vótáil dheighilte a iarraidh.

    Ba cheart an iarraidh a dhéanamh ar a laghad uair an chloig roimh thús an tSeisiúin Iomlánaigh, mura socróidh an tUachtarán sprioc-am eile. Déanfaidh an tUachtarán cinneadh faoin iarraidh.

    Ní bheidh vótáil dheighilte inghlactha i gcás leasú comhréitigh nó leasú rapóirtéara.

    3.

    Vótáil ar na leasuithe:

    Leanfaidh an vótáil ar na leasuithe ord na bpointí sa téacs agus an t-ord tosaíochta seo a leanas:

    leasuithe comhréitigh, mura rud é go bhfuil duine d’údair na leasuithe bunaidh ina gcoinne;

    leasuithe rapóirtéara;

    leasuithe eile.

    A luaithe a ghlacfar iad, cuirfear leasuithe rapóirtéara agus leasuithe comhréitigh in ionad na leasuithe as ar díorthaíodh iad.

    I gcás dhá leasú nó níos mó atá comhionann le chéile a bheith curtha síos ag údair éagsúla, déanfar vótáil orthu mar aon leasú amháin.

    Ní dhéanfar vótáil ar aon leasuithe ar de chineál teanga iad.

    4.

    Má dhéantar dhá leasú nó níos mó atá éagsúil go hiomlán le chéile a chur síos ar an gcuid chéanna de théacs, beidh tosaíocht ag an leasú is mó a imíonn ón téacs bunaidh agus déanfar vótáil ar an leasú sin ar dtús.

    5.

    Fógróidh an tUachtarán sula ndéanfar an vótáil i dtaobh cé acu a chuirfeadh nó nach gcuirfeadh glacadh leasaithe ceann amháin nó níos mó de na leasuithe eile ar neamhní, toisc go bhfuil na leasuithe éagsúil go hiomlán le chéile nuair a thagraíonn siad don sliocht céanna, nó toisc iad a bheith ag teacht salach ar a chéile. Measfar gur cuireadh leasú ar neamhní má tá sé ar neamhréir le vótáil roimhe sin ar an tuairim chéanna. Má chuireann údair leasaithe i gcoinne chinneadh an Uachtaráin ina leith sin, cinnfidh an Tionól Iomlánach cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear an leasú atá faoi dhíospóid chun vótála.

    6.

    Mura bhfaigheann an téacs ina iomláine tromlach na vótaí arna gcaitheamh sa vótáil deiridh, cinnfidh an Tionól Iomlánach ansin cé acu a chuirfear an dréacht-tuairim ar ais chuig an gcoimisiún inniúil nó a n-éireofar as í a ullmhú. Measfar tuairim a bheith dulta in éag mura féidir tuilleadh plé a dhéanamh uirthi de réir an fhéilire idirinstitiúidigh. Cuirfidh Uachtarán an Choiste an institiúid ónar tháinig an iarraidh ar an eolas faoin méid sin.

    Má chuirtear an dréacht-tuairim ar ais chuig an gcoimisiún inniúil, ní mór don choimisiún ceann de na trí rogha seo a chinneadh:

    an dréacht-tuairim a chur isteach arís le haghaidh díospóireachta agus le glacadh, arna modhnú de réir na leasuithe sa Seisiún Iomlánach;

    rapóirtéir nua a cheapadh agus ar an gcaoi sin próiseas dréachtaithe na tuairime a lainseáil an athuair;

    éirí as an tuairim a ullmhú.

    Riail 26 – Comhleanúnachas an téacs chríochnaithigh

    Má chuirtear comhleanúnachas an téacs chríochnaithigh i gcontúirt de thoradh leasuithe nár dearbhaíodh neamhbhailí i gcomhréir le Riail 25(5) a ghlacadh, nó de thoradh leasú a glacadh a éilíonn codanna ábhartha eile den téacs a leasú dá réir, déanfaidh an t-údarás riaracháin – tar éis dó dul i gcomhairle leis na grúpaí polaitiúla, an rapóirtéir agus údar na leasuithe ábhartha – modhnuithe a thabhairt isteach chun an téacs críochnaitheach a dhéanamh comhleanúnach arís. Níor cheart méid na n-athruithe ar an téacs a dhul thar an méid is lú is gá chun é a dhéanamh comhleanúnach arís. Cuirfear na comhaltaí ar an eolas faoi aon athruithe a thabharfar isteach.

    Riail 27 – Tuairimí práinneacha

    I gcásanna práinneacha nuair nach féidir sprioc-am arna shocrú ag an gComhairle, an Coimisiún nó Parlaimint na hEorpa a chomhlíonadh faoin ngnáthnós imeachta, agus gur ghlac an coimisiún ábhartha a dhréacht-tuairim d’aon toil, déanfaidh an tUachtarán an dréacht-tuairim sin a tharchur chuig an gComhairle, an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa mar eolas. Cuirfear an dréacht-tuairim faoi bhráid an chéad Seisiúin Iomlánaigh eile lena glacadh gan leasú. Ní mór práinn na tuairime a dhearbhú sna doiciméid go léir a bhaineann leis an tuairim sin.

    Riail 28 – Nósanna imeachta simplithe

    Déanfar dréacht-tuairimí nó dréacht-tuarascálacha arna nglacadh d’aon toil ag coimisiún a chur faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh lena nglacadh gan athrú ach amháin má dhéanann ar a laghad 32 chomhalta nó 32 chomhalta mhalartacha atá sainordaithe go cuí nó grúpa polaitiúil leasú a chur síos i gcomhréir leis an gcéad abairt de Riail 24(3). Sa chás sin, is é an Tionól Iomlánach a phléifidh leis an leasú. Is é an rapóirtéir a thíolacfaidh an dréacht-tuairim nó an dréacht-tuarascáil ag an Seisiún Iomlánach agus féadfaidh sí a bheith ina hábhar díospóireachta. Cuirfear í ar aghaidh chuig na comhaltaí maille leis an dréachtchlár oibre.

    Riail 29 – Clabhsúr a chur ar an Seisiún Iomlánach

    Sula gcuirfear clabhsúr ar an Seisiún Iomlánach, fógróidh an tUachtarán an t-am agus an áit don chéad Seisiún Iomlánach eile maille le haon mhíreanna eile atá ar an gclár oibre cheana féin.

    Riail 30 – Siombailí

    1.

    Aithníonn an Coiste na siombailí seo a leanas de chuid an Aontais agus glacann sé iad:

    (a)

    an bhratach ar a dtaispeántar ciorcal de dhá cheann déag de réaltaí órga ar chúlra gorm;

    (b)

    an roscamhrán ‘Óid don Aoibhneas’ as Naoú Siansa Ludwig van Beethoven;

    (c)

    an mana ‘Aontaithe san éagsúlacht’.

    2.

    Ceiliúrfaidh an Coiste Lá na hEorpa ar an 9 Bealtaine agus spreagfaidh sé na comhaltaí le déanamh amhlaidh.

    3.

    Beidh an bhratach ar foluain i bhfoirgnimh an Choiste agus tráth ócáidí oifigiúla.

    4.

    Seinnfear an roscamhrán ag oscailt gach seisiúin tionscnaimh ag tús téarma oifige agus in ómós seisiúin chomórtha eile, e.g. nuair atáthar ag cur fáilte roimh chinn stáit nó rialtais nó roimh chomhaltaí nua tar éis méadú.

    CAIBIDIL 3

    AN BIÚRÓ AGUS AN tUACHTARÁN

    Riail 31 – Comhdhéanamh an Bhiúró

    Beidh an Biúró comhdhéanta díobh seo a leanas:

    (a)

    an tUachtarán;

    (b)

    an chéad Leas-Uachtarán;

    (c)

    Leas-Uachtarán amháin in aghaidh an Bhallstáit;

    (d)

    sé chomhalta is fiche eile;

    (e)

    cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla.

    Déanfar na suíocháin ar an mBiúró (seachas suíocháin an Uachtaráin, an chéad Leas-Uachtaráin agus chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla) a roinnt ar na toscaireachtaí náisiúnta mar seo a leanas:

    3 shuíochán: an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Pholainn, an Spáinn;

    2 shuíochán: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ghréig, an Ísiltír, an Liotuáin, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSualainn, an Ungáir, Éire;

    1 shuíochán: an Chipir, an Eastóin, an tSlóivéin, Laitvia, Lucsamburg, Málta.

    Riail 32 – Comhaltaí ionaid ag cruinnithe an Bhiúró

    1.

    Ceapfaidh na toscaireachtaí náisiúnta comhalta nó comhalta malartach ón toscaireacht mar ionadaí do gach duine dá gcomhaltaí sa Bhiúró, seachas don Uachtarán agus don chéad Leas-Uachtarán.

    2.

    I gcás gach cathaoirligh ar ghrúpa polaitiúil, ainmneoidh an grúpa polaitiúil i gceist duine dá chomhaltaí nó dá chomhaltaí malartacha mar ionadaí.

    3.

    Beidh ionadaí i dteideal páirt a ghlacadh i gcruinnithe agus beidh cearta labhartha agus vótála aige nó aici nuair a bheidh ionad an chomhalta den Bhiúró i dtrácht á ghabháil aige nó aici, agus sa chás sin amháin. Maidir le tarmligean na vótála, arna thabhairt ag an gcomhalta a bhfuil cosc air nó uirthi páirt a ghlacadh i gcruinniú an Bhiúró, ní mór fógra a thabhairt ina leith don Ardrúnaí roimh an gcruinniú ábhartha i gcomhréir leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt atá riachtanach.

    Riail 33 – Rialacha toghcháin

    1.

    Toghfaidh an Tionól Iomlánach an Biúró ar feadh téarma dhá bhliain go leith.

    2.

    Reáchtálfar an toghchán faoi chathaoirleacht an Uachtaráin eatramhaigh i gcomhréir le Riail 12 agus le Riail 13. Ní mór gach iarrthóireacht a chur isteach i scríbhinn chuig an Ardrúnaí ar a laghad uair an chloig sula dtosóidh an Seisiún Iomlánach. Ní reáchtálfar na toghcháin ach amháin tar éis fíorú a dhéanamh ar an gcóram láithreachta dá dtagraítear sa chéad abairt de Riail 22(1).

    Riail 34 – Toghadh an Uachtaráin agus an chéad Leas-Uachtaráin

    1.

    Roimh na toghcháin, féadfaidh iarrthóirí do phoist an Uachtaráin agus an chéad Leas-Uachtaráin ráiteas gearr a thabhairt os comhair an Tionóil Iomlánaigh. Beidh am labhartha gach iarrthóra ar comhfhad agus is é an tUachtarán eatramhach a chinnfidh an teorainn ama sin.

    2.

    Reáchtálfar toghadh an Uachtaráin ar leithligh ó thoghadh an chéad Leas-Uachtaráin. Toghfar iad trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh.

    3.

    Is iad na foirmeacha bailí vótála ‘ar son’ agus ‘staonadh’. Agus an tromlach á ríomh, ní chuirfear san áireamh ach vótaí a chaithfear ar son na n-iarrthóirí.

    4.

    Mura bhfaighidh aon iarrthóir tromlach sa chéad bhallóid, reáchtálfar an dara ballóid ina measfar an t-iarrthóir a gheobhaidh an méid is mó vótaí a bheith tofa. I gcás comhionannas vótaí, déanfar cinneadh trí chrannchur.

    Riail 35 – Toghadh chomhaltaí agus chomhaltaí ionaid an Bhiúró

    1.

    Féadfar liosta comhpháirteach a tharraingt suas de na hiarrthóirí as na toscaireachtaí náisiúnta sin nach n-ainmneoidh ach iarrthóir amháin do gach ceann de na suíocháin a leithdháilfear orthu sa Bhiúró. Féadfar an liosta sin a ghlacadh in aon bhallóid amháin má fhaigheann sé tromlach na vótaí arna gcaitheamh.

    I gcásanna nach nglactar liosta comhpháirteach iarrthóirí, nó ina sáraíonn líon na n-iarrthóirí líon na suíochán a leithdháilfear ar thoscaireacht náisiúnta sa Bhiúró, cinnfear gach ceann de na suíocháin sin i mballóidí ar leithligh; sa chás sin, beidh feidhm ag na forálacha maidir le toghadh an Uachtaráin agus an chéad Leas-Uachtaráin i gcomhréir le Riail 33 agus le Riail 34(2) go (4).

    2.

    Beidh feidhm ag na rialacha céanna maidir le toghadh comhaltaí ionaid, a fhéadfar a thoghadh ag an am céanna is a thoghfar comhaltaí an Bhiúró.

    3.

    Is comhaltaí ex officio den Bhiúró iad cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla a thoghtar laistigh de gach grúpa.

    Riail 36 – Fo-thoghcháin le haghaidh suíocháin fholmha sa Bhiúró

    I gcás foirceannadh comhaltais Coiste nó scor comhalta ón mBiúró, cuirfear duine in ionad chomhalta an Bhiúró nó in áit a ionadaí nó a hionadaí don tréimhse atá fágtha dá théarma oifige nó dá téarma oifige i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialacha 31 go 35. Reáchtálfar an fo-thoghchán le haghaidh suíochán folamh sa Bhiúró nó suíochán folamh comhalta mhalartaigh ag Seisiún Iomlánach faoi chathaoirleacht an Uachtaráin nó a ionadaí nó a hionadaí i gcomhréir le Riail 39(3).

    Riail 37 – Cúraimí an Bhiúró

    Beidh na cúraimí seo a leanas ar an mBiúró:

    (a)

    Tosaíochtaí polaitiúla an Tionóil Iomlánaigh a ullmhú agus a chur faoina bhráid ag tús a théarma, agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtosaíochtaí sin; ag deireadh a théarma, tuarascáil ar chur chun feidhme na dtosaíochtaí a chur faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh;

    (b)

    Obair an Tionóil Iomlánaigh agus na gcoimisiún a eagrú agus a chomhordú;

    (c)

    Cód iompair a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh;

    (d)

    Freagracht fhoriomlán as gnóthaí airgeadais, eagrúcháin agus riaracháin a bhaineann le comhaltaí agus comhaltaí malartacha, eagrú inmheánach an Choiste, a Ardrúnaíochta, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus a chomhlachtaí;

    (e)

    Féadfaidh an Biúró:

    meithleacha comhdhéanta de chomhaltaí de chuid an Bhiúró nó an Choiste a bhunú chun comhairle a chur air i réimsí sonracha; féadfar suas le trí chomhalta dhéag a bheith ar na meithleacha sin;

    cuireadh a thabhairt do chomhaltaí eile an Choiste, de bhua a gcuid saineolais nó a sainordaithe, agus daoine nach mbaineann leis an gCoiste, freastal ar a chuid cruinnithe;

    (f)

    Faireachán a dhéanamh ar an obair leantach maidir le tuairimí, tuarascálacha agus rúin agus maidir le measúnú tionchair bliantúil an Choiste, agus comhairle a chur ar an Uachtarán maidir le cur chun feidhme na dtorthaí;

    (g)

    Rannpháirtíocht an Ardrúnaí agus na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile a liostaítear i Riail 71;

    (h)

    Na dréachtmheastacháin ar chaiteachas agus ioncam a chur faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh i gcomhréir le Riail 73;

    (i)

    Údarú cruinnithe in áiteanna eile seachas an gnáthionad oibre;

    (j)

    Forálacha a tharraingt suas maidir le comhaltas agus modhanna oibre meithleacha, comhchoistí le tíortha iarrthacha agus comhlachtaí polaitiúla eile, ina mbíonn comhaltaí den Choiste rannpháirteach.

    Cuirfear na comhchoistí comhairliúcháin ar bun le hionadaithe áitiúla agus réigiúnacha na dtíortha iarrthacha ar bhonn na bhforálacha atá leagtha síos sa chomhaontú cobhsaíochta agus comhlachais.

    Is iad na rialtais a cheapfaidh go foirmiúil comhaltaí na gcomhchoistí comhairliúcháin ó thíortha iarrthacha chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann a gcuid údarás áitiúil agus réigiúnach. Déanfar na cinntí laistigh de na comhchoistí comhairliúcháin i gcomhpháirt leis na hionadaithe comhpháirtíochta, faoi chomh-chathaoirleacht Choiste na Réigiún agus na tíre iarrthaí.

    Ba cheart do na comhchoistí comhairliúcháin tuarascáil agus moltaí, a dhíríonn ar réimsí atá ábhartha do na húdaráis áitiúla i bpróiseas an mhéadaithe, a ghlacadh. Is féidir tuarascálacha a chur chuig an gcomhairle comhlachais freisin.

    (k)

    Tar éis a fhíorú go bhfuil córam ann de réir na chéad abairte de Riail 38(2), cinneadh a dhéanamh caingean nó iarratas ar idiragairt a dhéanamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nuair nach féidir leis an Tionól Iomlánach cinneadh a dhéanamh laistigh den sprioc-am, trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh, ar thogra ó Uachtarán an Choiste nó ón gcoimisiúin inniúil ag gníomhú dó i gcomhréir le Riail 57 agus le Riail 58. Nuair a ghlacfar an cinneadh sin, tabharfaidh an tUachtarán an chaingean thar ceann an Choiste agus iarrfaidh sé nó sí ar an Tionól Iomlánach ag an gcéad seisiún eile cinneadh a dhéanamh cé acu atá sé chun an chaingean a choimeád nó nach bhfuil. Más rud é, tar éis a fhíorú gurb ann don chóram dá dtagraítear sa chéad abairt de Riail 22(1), go ndéanfaidh an Tionól Iomlánach cinneadh tríd an tromlach a cheanglaítear i Riail 14(h) gan an chaingean a thabhairt, déanfaidh an tUachtarán an chaingean a tharraingt siar.

    Riail 38 – Tionól an Bhiúró, córam agus cinneadh

    1.

    Is é an tUachtarán a thionólfaidh an Biúró, agus a shocróidh dáta an chruinnithe agus an clár oibre le comhaontú an chéad Leas-Uachtaráin. Tiocfaidh an Biúró i gceann a chéile ar a laghad uair amháin gach trí mhí, nó laistigh de 14 lá tar éis iarraidh i scríbhinn a fháil ó aon cheathrú de na comhaltaí ar a laghad.

    2.

    Beidh córam ann ag cruinniú den Bhiúró má tá ar a laghad leath na gcomhaltaí i láthair. Fíorófar an córam arna iarraidh sin do chomhalta má tá sé chomhalta ar a laghad i bhfabhar na hiarrata. Mura n-iarrfar fíorú córaim, beidh gach vóta bailí beag beann ar líon na gcomhaltaí i láthair. Má shuitear nach ann don chóram, féadfaidh an Biúró leanúint dá phléití ach ní tharlóidh an vótáil go dtí an chéad chruinniú eile.

    3.

    Déanfaidh an Biúró a chinneadh trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sna rialacha sin. Beidh feidhm ag Riail 23(2) agus (6).

    4.

    Gan dochar do Riail 40(4)(b), agus é nó í ag ullmhú do chinntí an Bhiúró, féadfaidh an tUachtarán a iarraidh ar an Ardrúnaí plédhoiciméid agus moltaí le haghaidh cinnidh a tharraingt suas maidir le gach mír atá le plé; beidh na doiciméid agus na moltaí sin i gceangal leis an dréachtchlár oibre.

    5.

    Ní mór na doiciméid a chur ar fáil go leictreonach do na comhaltaí deich lá ar a laghad roimh thús an chruinnithe.

    Ní mór an tArdrúnaí leasuithe ar dhoiciméid an Bhiúró a fháil dhá lá oibre ar a laghad roimh thús chruinniú an Bhiúró, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, agus beidh teacht orthu go leictreonach chomh luath agus a aistreofar iad. Aon uair is féidir, áireofar sna doiciméid a ullmhaítear don Bhiúró roghanna éagsúla don Bhiúró a mbeidh cead roghnachais aige orthu agus beidh siad inleasaithe chomh luath agus a fhoilsítear iad.

    6.

    I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an tUachtarán dul ar iontaoibh nós imeachta i scríbhinn chun cinneadh a ghlacadh, seachas cinneadh a bhaineann le daoine aonair. Cuirfidh an tUachtarán an cinneadh atá beartaithe chuig na comhaltaí agus iarrfaidh sé nó sí orthu é a chur ar an eolas i scríbhinn, laistigh de thrí lá oibre, faoi aon agóidí a d’fhéadfadh a bheith acu. Measfar an cinneadh a bheith glactha mura bhfaighfear agóidí ó shé chomhalta ar a laghad.

    Riail 39 – An tUachtarán

    1.

    Stiúrfaidh an tUachtarán obair an Choiste.

    2.

    Is é an tUachtarán ionadaí an Choiste agus féadfaidh sé nó sí na cumhachtaí sin a tharmligean.

    3.

    Má tá an tUachtarán as láthair, déanfaidh an chéad Leas-Uachtarán ionadaíocht thar a cheann nó a ceann; má tá an chéad Leas-Uachtarán as láthair, déanfaidh duine eile de na Leas-Uachtaráin ionadaíocht thar a cheann nó a ceann.

    4.

    Tá an tUachtarán freagrach as slándáil agus dosháraitheacht áitreabh an Choiste.

    Riail 40 – An Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Riaracháin

    1.

    I gcomhréir le Riail 37, cuirfidh an Biúró Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Riaracháin (CFAA) ar bun, ar coimisiún comhairleach é, faoi chathaoirleacht an Bhiúró.

    2.

    Socróidh an cathaoirleach dátaí an chruinnithe agus a gcláir oibre ag gníomhú dó nó di le comhaontú an chéad leaschathaoirligh.

    3.

    Féadfaidh CFAA rapóirtéir a cheapadh as measc a chomhaltaí chun cabhrú le CFAA a chuid tuarascálacha a ullmhú don Bhiúró maidir leis na dualgais a shanntar dó. Tuairisceoidh an comhalta do CFAA agus don Bhiúró, más gá agus i gcomhaontú leis an gcathaoirleach, faoi chuimsiú a shainchúraimí nó a sainchúraimí. Féadfaidh an comhalta sin a thuarascáil nó a tuarascáil a chur faoi bhráid CFAA trí aighneacht i scríbhinn nó trí aighneacht ó bhéal.

    4.

    Beidh na cúraimí seo a leanas ar CFAA:

    (a)

    I gcomhréir le Riail 73, comhairle a thabhairt faoin réamhdhréacht de na meastacháin ar chaiteachas agus ioncam an Choiste arna chur isteach ag an Ardrúnaí, agus é a ghlacadh.

    (b)

    Dréachtfhorálacha cur chun feidhme agus dréachtchinntí an Bhiúró i réimsí an airgeadais, an eagrúcháin agus an riaracháin a tharraingt suas, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le comhaltaí agus comhaltaí malartacha.

    Cuirfear na doiciméid sin maille le hachoimre ar chinntí CFAA chuig comhaltaí an Bhiúró i gcomhréir le Riail 38(4) agus Riail 38(5).

    (c)

    Comhairle a thabhairt faoi ábhair thábhachtacha a d’fhéadfadh bainistiú fónta leithreasuithe a chur i gcontúirt nó baint amach na gcuspóirí socraithe a chosc, go háirithe i dtaca le húsáid leithreasuithe a thuar, go háirithe trí mheasúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid reatha, aistriú leithreasuithe, nósanna imeachta a bhaineann leis na pleananna bunaíochta, leithreasuithe riaracháin agus oibríochtaí maidir le tionscadail a bhaineann le foirgnimh.

    5.

    I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an tUachtarán dul ar iontaoibh nós imeachta i scríbhinn chun cinneadh a ghlacadh. Cuirfidh an tUachtarán an cinneadh atá beartaithe chuig na comhaltaí agus iarrfaidh sé nó sí orthu é nó í a chur ar an eolas i scríbhinn, laistigh de chúig lá oibre, faoi aon agóidí a d’fhéadfadh a bheith acu. Measfar an cinneadh a bheith glactha ach amháin má fhaightear agóidí ó thrí chomhalta ar a laghad.

    6.

    Déanfaidh cathaoirleach CFAA ionadaíocht don Choiste maidir le húdaráis bhuiséid an Aontais.

    Tuairimí, tuarascálacha agus rúin – Nós imeachta sa Bhiúró

    Riail 41 – Tuairimí – Bunúis dlí

    Glacfaidh an Coiste a chuid tuairimí de bhun Airteagal 307 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

    (a)

    nuair a théann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún i gcomhairle leis sna cásanna dá bhforáiltear sna Conarthaí agus i ngach cás eile, go háirithe sna cásanna a bhaineann le comhar trasteorann, ina measann ceann amháin de na hinstitiúidí sin gurb iomchuí déanamh amhlaidh;

    (b)

    ar a thionscnamh féin nuair a mheasann sé gurb iomchuí déanamh amhlaidh, i gceann amháin nó ceann eile den dá mhodh thíos:

    i)

    bunaithe ar Theachtaireacht, Tuarascáil nó Togra reachtach ó institiúid eile de chuid an Aontais Eorpaigh arna cur nó arna chur chuig an gCoiste mar eolas, nó bunaithe ar iarraidh ón mBallstát a bhfuil Uachtaránacht reatha na Comhairle aige nó a mbeidh an chéad Uachtaránacht eile aige;

    ii)

    go hiomlán ar a thionscnamh féin agus, de bhun Riail 14, ar bhonn thosaíochtaí polaitiúla an Choiste i ngach cás eile;

    (c)

    nuair a mheasann sé, i gcás ina dtéitear i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoi Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go bhfuil leasanna sonracha réigiúnacha i gceist.

    Riail 42 – Tuairimí – Ainmniú an choimisiúin

    1.

    Déanfaidh an tUachtarán doiciméid a fuarthas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle Eorpach, ón gComhairle nó ón gCoimisiún a shannadh don choimisiún atá freagrach agus cuirfear an Biúró ar an eolas faoin méid sin ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige.

    2.

    Má thagann ábhar tuairime faoi réimse inniúlachta níos mó ná coimisiún amháin, déanfaidh an tUachtarán, tar éis dó nó di dul i gcomhairle le cathaoirligh na gcoimisiún lena mbaineann, treoirchoimisiún freagrach a ainmniú. Áiritheoidh an tArdrúnaí, sula rachaidh an tUachtarán i gcomhairle leis na cathaoirligh, go ndéanfar anailís chríochnúil ar na cúiseanna oibiachtúla atá leis go mbaineann an doiciméad i gceist le hinniúlachtaí níos mó ná aon choimisiúin amháin. Más amhlaidh nach féidir freagracht as an ábhar a dheighilt idir roinnt coimisiúin éagsúla, féadfaidh an tUachtarán a mholadh go mbunófar meitheal shealadach ina mbeidh líon comhionann ionadaithe as na coimisiúin lena mbaineann. Féadfaidh an mheitheal sin rapóirtéir amháin a ainmniú chun tuairim nó rún amháin a dhréachtú le cur faoi bhráid an tSeisiúin Iomlánaigh.

    3.

    Mura n-aontaíonn coimisiún le cinneadh ón Uachtarán arna dhéanamh faoi Riail 42(1) agus (2), féadfaidh sé iarratas a chur isteach trína chathaoirleach le haghaidh cinneadh ón mBiúró.

    Riail 43 – Ceapadh rapóirtéara ghinearálta

    1.

    Mura féidir leis an gcoimisiún lena mbaineann, dréacht-tuairim a tharraingt suas faoin sprioc-am is gá, féadfaidh an Biúró a mholadh go gceapfaidh an Tionól Iomlánach rapóirtéir ginearálta, a chuirfidh dréacht-tuairim díreach faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh.

    2.

    I gcás nach bhfágfaidh an sprioc-am a dhóthain ama ag an Tionól Iomlánach chun rapóirtéir ginearálta a cheapadh, féadfaidh an tUachtarán rapóirtéir ginearálta a cheapadh; sa chás sin, cuirfear an Tionól Iomlánach ar an eolas ina thaobh ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige.

    3.

    Beidh an rapóirtéir ginearálta páirteach sa choimisiún lena mbaineann.

    4.

    Sa dá chás, tiocfaidh an coimisiún lena mbaineann i gceann a chéile, i gcás inar féidir, chun díospóireacht ghinearálta a dhéanamh ar an ábhar.

    Riail 44 – Tuairimí féintionscnaimh

    1.

    Féadfaidh ceithre chomhalta den Bhiúró, coimisiún trína chathaoirleach nó 32 chomhalta den Choiste iarratais ar thuairimí féintionscnaimh faoi Riail 41(b)(ii) a chur faoi bhráid an Bhiúró. Ní mór na hiarratais sin, maille le cúiseanna, agus in éineacht leis na plédhoiciméid eile uile i gcomhréir le Riail 38(4), a chur isteach, aon uair is féidir, sula nglacfar an clár oibre bliantúil.

    2.

    Déanfaidh na coimisiúin cinneadh maidir le hiarratais ar thuairimí féintionscnaimh faoi Riail 41(b)(ii) trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh. Déanfaidh an Biúró cinneadh maidir le hiarratais ar thuairimí féintionscnaimh faoi Riail 41(b)(ii) trí thromlach de na vótaí arna gcaitheamh. Déanfar na tuairimí a tharchur chuig na coimisiúin ábhartha i gcomhréir le Riail 42. Cuirfidh an tUachtarán an Tionól Iomlánach ar an eolas faoi gach cinneadh ón mBiúró lena ndéantar na tuairimí féintionscnaimh sin a fhormheas agus a leithdháileadh.

    Riail 45 – Rúin a chur síos

    1.

    Ní chuirfear rúin ar an gclár oibre ach amháin más rud é go dtagraíonn siad do ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh, go bpléann siad le hábhair is mórúdair imní ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus go mbaineann siad le saincheisteanna na huaire.

    2.

    Féadfaidh 32 chomhalta ar a laghad nó grúpa polaitiúil dréachtrúin nó iarratais ar dhréachtú rúin a chur faoi bhráid an Choiste. Cuirfear faoi bhráid an Bhiúró i scríbhinn na dréachtaí nó na hiarratais uile agus tabharfar le fios iontu ainmneacha na gcomhaltaí nó an ghrúpa pholaitiúil atá ag tacú leo. Ní mór an tArdrúnaí iad a fháil tráth nach déanaí ná cúig lá oibre roimh thús chruinniú an Bhiúró. Cuirfear ar fáil do na comhaltaí iad sna teangacha go léir tráth nach déanaí ná trí lá roimh chruinniú an Bhiúró. Féadfar dréachtleasuithe a chur isteach go leictreonach ón tráth a bheidh an dréachtrún ar fáil. I gcás cinneadh dearfach a fháil ón mBiúró, cuirfear na dréachtleasuithe isteach gan cheist mar leasuithe. I gcás cinneadh diúltach a fháil ón mBiúró, bainfear na dréachtleasuithe as an gcóras gan cheist.

    3.

    Má chinneann an Biúró go bhfuil an Coiste le dréachtrún nó iarratas ar dhréachtú rúin a phlé, féadfaidh sé:

    a)

    an dréachtrún a chur ar an réamhdhréacht de chlár oibre an tSeisiúin Iomlánaigh i gcomhréir le Riail 16(1);

    b)

    i gcomhréir leis an dara habairt de Riail 16(6), dréachtrún a chur ar an gclár oibre don chéad Seisiún Iomlánach eile. Pléifear leis na dréachtrúin sin ar an dara lá den seisiún.

    4.

    Maidir le dréachtrúin a thagraíonn do theagmhas nárbh fhéidir a thuar a tharla tar éis dul in éag don sprioc-am a leagtar síos i Riail 45(2) (rúin phráinneacha) agus a chomhlíonann forálacha Riail 45(1), féadfar iad a chur isteach ag tús chruinniú an Bhiúró. Má chinneann an Biúró go mbaineann an togra le príomhchúraimí an Choiste, pléifear leis an togra faoi Riail 45(3)(b). Féadfaidh aon chomhalta leasuithe ar rúin phráinneacha a chur síos le linn an tSeisiúin Iomlánaigh.

    CAIBIDIL 4

    COMHDHÁIL NA nUACHTARÁN

    Riail 46 – Comhdhéanamh

    Beidh Comhdháil na nUachtarán comhdhéanta den Uachtarán, an chéad Leas-Uachtarán agus cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla. Féadfaidh comhalta eile as a ngrúpa ionadaíocht a dhéanamh thar ceann chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla.

    Riail 47 – Cumhachtaí

    Pléifidh Comhdháil na nUachtarán aon cheist a chuirfidh an tUachtarán faoina bráid d’fhonn ullmhú faoi choinne na tóra ar chomhdhearcadh polaitiúil faoi chinntí atá le glacadh ag comhlachtaí eile an Choistí agus d’fhonn an tóir sin a éascú.

    Ba cheart don Uachtarán, sa teachtaireacht uaidh nó uaithi chuig an mBiúró, tuairisc a thabhairt ar na pléití a tharla ag cruinniú Chomhdháil na nUachtarán.

    CAIBIDIL 5

    NA COIMISIÚIN

    Riail 48 – Comhdhéanamh agus cumhachtaí

    1.

    Ag tús gach téarma cúig bliana, cuirfidh an Tionól Iomlánach coimisiúin ar bun lena obair a ullmhú. Déanfaidh sé cinneadh maidir lena gcomhdhéanamh agus a gcumhachtaí ar thogra ón mBiúró.

    2.

    Léireoidh comhdhéanamh na gcoimisiún comhdhéanamh náisiúnta an Choiste.

    3.

    Ní mór do chomhaltaí an Choiste a bheith páirteach i gcoimisiún amháin ar a laghad ach ní féidir leo a bheith páirteach i níos mó ná dhá choimisiún. Féadfaidh an Biúró eisceachtaí a dhéanamh do na comhaltaí a bhaineann le toscaireachtaí náisiúnta ar lú líon a gcomhaltaí ná líon na gcoimisiún.

    Riail 49 – Cathaoirligh agus leaschathaoirligh

    1.

    Toghfaidh gach coimisiún a chathaoirleach, a chéad leaschathaoirleach agus dhá leaschathaoirleach eile, ar a mhéad, as measc a chomhaltaí. Toghfar iad ar feadh téarma dhá bhliain go leith.

    2.

    I gcás an líon iarrthóirí a bheith cothrom leis an líon suíochán atá le líonadh, féadfar na hiarrthóirí a thoghadh d’aon gháir. Murab amhlaidh an cás, nó má iarrann an séú cuid de chomhaltaí an choimisiúin amhlaidh, beidh an toghchán i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Riail 34(2) go (4) maidir le toghadh Uachtarán an Choiste agus an chéad Leas-Uachtaráin.

    3.

    Má chuireann cathaoirleach nó leaschathaoirleach coimisiúin deireadh lena chomhaltas nó lena comhaltas sa Choiste nó má éiríonn sé nó sí as post cathaoirligh nó leaschathaoirligh coimisiúin, líonfar an folúntas i gcomhréir le forálacha na Rialach seo.

    Riail 50 – Cúraimí na gcoimisiún

    1.

    I gcomhréir leis na cumhachtaí a shann an Tionól Iomlánach dóibh ar bhonn Riail 48, déanfaidh na coimisiúin díospóireacht faoi bheartais an Aontais. Déanfaidh siad go háirithe dréachtleaganacha de thuairimí, tuarascálacha agus rúin a tharraingt suas lena nglacadh sa Tionól Iomlánach.

    2.

    Déanfaidh na coimisiúin cinneadh maidir leis na tuairimí a ullmhú faoi:

    Riail 41(a);

    Riail 41(b)(i);

    Riail 41(c).

    3.

    Tarraingeoidh siad suas a gcláir oibre bhliantúla i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Choiste agus seolfaidh siad chuig an mBiúró iad le go mbeidh sé ar an eolas fúthu.

    Riail 51 – Tionól agus cláir oibre na gcoimisiún

    1.

    Socróidh cathaoirleach gach coimisiúin dátaí na gcruinnithe agus a gcláir oibre ag gníomhú dó nó di le comhaontú an chéad leaschathaoirligh.

    2.

    Is cathaoirleach coimisiúin a thionólfaidh coimisiún. Ní mór na comhaltaí an fógra comórtha do ghnáthchruinniú maille leis an gclár oibre a fháil tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine roimh dháta an chruinnithe.

    3.

    Arna iarraidh sin i scríbhinn d’aon cheathrú ar a laghad dá chomhaltaí, beidh an cathaoirleach faoi cheangal cruinniú coimisiúin urghnách a thionól, tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine tar éis chur isteach na hiarrata. Is iad na comhaltaí a chuirfidh isteach iarraidh ar chruinniú den sórt sin a shocróidh an clár oibre do chruinniú urghnách. Cuirfear í ar aghaidh chuig na comhaltaí maille leis an bhfógra comórtha.

    4.

    Déanfar na dréacht-tuairimí uile, agus plédhoiciméid eile is gá a aistriú, a chur chuig rúnaíocht an choimisiúin i gceist tráth nach déanaí ná cúig seachtaine roimh an dáta a bheidh socraithe don chruinniú. Cuirfear ar fáil go leictreonach iad do na comhaltaí ceithre lá oibre dhéag ar a laghad roimh dháta an chruinnithe. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an cathaoirleach na teorainneacha ama thuas a leasú.

    5.

    Is tríd an ríomhphost i gcomhréir leis an bhformáid chaighdeánach arna glacadh ag an mBiúró a chuirfear doiciméid faoi bhráid na rúnaíochta. Ní rachaidh na moltaí polaitiúla atá sa doiciméad thar 10 leathanach (15 000 carachtar) ar an iomlán le lamháltas nach mó ná 10 % ar chúiseanna teanga. Féadfaidh cathaoirleach an choimisiúin maoluithe a dheonú i gcásanna eisceachtúla, áfach, ina mbeidh údar maith le tuilleadh staidéir a dhéanamh ar an ábhar.

    Riail 52 – Freastal an phobail agus cead isteach dóibh

    1.

    Síneoidh gach comhalta agus comhalta malartach a ghlacfaidh páirt sa chruinniú liosta na rannpháirtithe le haghaidh gach lae cruinnithe.

    2.

    Beidh imeachtaí na gcoimisiún oscailte don phobal, mura gcinnfidh coimisiún a mhalairt i ndáil leis an gcruinniú iomlán nó mír ar leith ar an gclár oibre.

    3.

    Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, chomh maith le cuairteoirí eile, páirt a ghlacadh i gcruinnithe na gcoimisiún agus freagra a thabhairt ar na ceisteanna ó chomhaltaí.

    Riail 53 – Teorainneacha ama le tuairimí a tharraingt suas

    1.

    Tíolacfaidh na coimisiúin a gcuid dréacht-tuairimí laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha amach san fhéilire idirinstitiúideach. Ní bheidh gá le níos mó ná dhá chruinniú chun dréacht-tuairim a phlé, gan an chéad chruinniú ina n-eagrófar an obair a chur san áireamh.

    2.

    I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an Biúró tuilleadh cruinnithe a údarú chun dréacht-tuairim a phlé, nó féadfaidh sé an teorainn ama faoina ndéanfar an dréacht a thíolacadh a fhadú.

    Riail 54 – Ábhar na dtuairimí

    1.

    Is é a leagfar amach i dtuairim ón gCoiste barúlacha agus moltaí an Choiste maidir leis an gceist atá á breithniú.

    2.

    Sna tuairimí ón gCoiste ar thograí le haghaidh gníomhartha dlí i réimsí nach dtagann faoi réimse inniúlachta eisiach an Aontais, cuirfear in iúl barúil faoin gcaoi a gcomhlíonann an togra prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

    Féadfar sna tuairimí eile ón gCoiste tagairt a dhéanamh do chur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta aon uair is iomchuí.

    3.

    Díreofar sna tuairimí sin freisin, aon uair is féidir, ar an tionchar a mheastar a bheidh ann don riarachán agus don airgeadas réigiúnach agus áitiúil.

    4.

    Ba cheart moltaí le haghaidh leasuithe ar théacs an Choimisiúin Eorpaigh a áireamh sna tuairimí ón gCoiste maidir le gníomhartha reachtacha.

    5.

    Más gá, déanfar ráiteas míniúcháin a tharraingt suas faoi fhreagracht an rapóirtéara agus ní dhéanfar vótáil air. Ní mór dó, áfach, a bheith i gcomhréir le téacs na tuairime a ndearnadh vótáil air.

    6.

    I gcás dréacht-tuairim ina moltar gníomhaíocht nua de chuid an Choiste a bhfuil impleachtaí airgeadais léi, ní mór iarscríbhinn ina bhfuil meastachán ar chostais na gníomhaíochta sin a bheith ag gabháil leis an tuairim.

    Riail 55 – Obair leantach ar thuairimí, tuarascálacha agus rúin ón gCoiste

    Le linn na tréimhse tar éis tuairim, tuarascáil nó rún a ghlacadh, déanfaidh an rapóirtéir agus/nó cathaoirleach an choimisiúin a ceapadh chun an dréacht den doiciméad i gceist a tharraingt suas, le cúnamh ón Ardrúnaíocht, faireachán ar dhul chun cinn an nós imeachta is bunús le comhairliúchán an Choiste, mar aon le gach gníomhaíocht is iomchuí a dhéanamh le seasaimh an Choiste a chur chun cinn mar a glacadh iad sa tuairim, agus aird chuí á tabhairt ar an bhféilire institiúideach.

    Riail 56 – Tuairimí athbhreithnithe

    1.

    Má mheasann an coimisiún gur gá sin, féadfaidh sé dréacht-tuairim athbhreithnithe a tharraingt suas ar an ábhar céanna agus, más féidir, an rapóirtéir céanna ina bun, chun dul chun cinn idirinstitiúideach sa nós imeachta reachtach lena mbaineann a chur san áireamh agus freagairt dó.

    2.

    Tiocfaidh an coimisiún i gceann a chéile, nuair is féidir, chun díospóireacht a dhéanamh agus an dréacht-tuairim a ghlacadh, agus cuirfear ar aghaidh chuig an gcéad Seisiún Iomlánach eile í.

    3.

    I gcás nach bhfágfaidh an dul chun cinn sa nós imeachta is bunús le comhairliúchán an Choiste a dhóthain ama ag an gcoimisiún chun dréacht-tuairim athbhreithnithe a ghlacadh, cuirfidh cathaoirleach an choimisiúin sin Uachtarán an Choiste ar an eolas ina thaobh láithreach le gur féidir an nós imeachta chun rapóirtéir ginearálta a cheapadh faoi Riail 43 a agairt.

    Riail 57 – Caingean um shárú phrionsabal na coimhdeachta

    1.

    Féadfaidh Uachtarán an Choiste nó an coimisiún atá freagrach as an dréacht-tuairim a tharraingt suas togra a dhéanamh chun caingean nó iarratas ar idiragairt a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás sárú phrionsabal na coimhdeachta trí ghníomh reachtach dá bhforáiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nach mór dul i gcomhairle leis an gCoiste ina leith.

    2.

    Déanfaidh an coimisiún a chinneadh trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh, tar éis dó a fhíorú go bhfuil an córam dá dtagraítear i Riail 63(1) ann. Cuirfear an togra ón gcoimisiún chuig an Tionól Iomlánach le haghaidh cinneadh ina leith i gcomhréir le Riail 14(h) nó chuig an mBiúró sna cásanna dá dtagraítear i Riail 37(k). Luafaidh an coimisiún na cúiseanna atá lena thogra i dtuarascáil mhionsonraithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na cúiseanna atá le práinn an chinnidh ar bhonn Riail 37(k).

    Riail 58 – Mainneachtain comhairliúchán éigeantach a dhéanamh leis an gCoiste

    1.

    Más rud é nach ndeachthas i gcomhairle leis an gCoiste i gcásanna dá bhforáiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh Uachtarán an Choiste nó coimisiún togra a chur faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh, i gcomhréir le Riail 14(h), nó an Bhiúró sna cásanna dá dtagraítear i Riail 37(k), chun caingean nó iarratas ar idiragairt a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

    2.

    Déanfaidh an coimisiún a chinneadh trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh, tar éis dó a fhíorú roimh ré go bhfuil an córam dá dtagraítear i Riail 63(1) ann. Luafaidh an coimisiún na cúiseanna atá lena thogra i dtuarascáil mhionsonraithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na cúiseanna atá le práinn an chinnidh ar bhonn Riail 37(k).

    Riail 59 – Tuarascáil ar thionchar na dtuairimí

    Uair sa bhliain ar a laghad, cuirfidh an Ardrúnaíocht tuarascáil faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh maidir le tionchar na dtuairimí ón gCoiste ar bhonn, inter alia, ionchur arna sheoladh ag gach coimisiún inniúil chuige chun na críche sin agus ar bhonn faisnéis arna bailiú ó na hinstitiúidí lena mbaineann.

    Riail 60 – Rapóirtéirí

    1.

    Déanfaidh gach coimisiún, ag gníomhú dó ar thogra óna chathaoirleach, rapóirtéir nó, i gcásanna cuí-réasúnaithe, dhá rapóirtéir a cheapadh as measc a chomhaltaí nó a chomhaltaí malartacha atá sainordaithe go cuí chun dréacht-tuairim a tharraingt suas.

    2.

    Agus rapóirtéirí á gceapadh acu, áiritheoidh gach coimisiún go leithdháilfear tuairimí ar bhealach cóir agus cothrom.

    3.

    I gcásanna práinneacha, féadfaidh cathaoirleach an choimisiúin nós imeachta i scríbhinn a chur i bhfeidhm chun rapóirtéir a cheapadh. Iarrfaidh an cathaoirleach ar chomhaltaí an choimisiúin aon agóidí i gcoinne cheapadh an rapóirtéara mholta a chur isteach i scríbhinn laistigh de thrí lá oibre. I gcás agóide, is iad an cathaoirleach agus an chéad leaschathaoirleach a dhéanfaidh cinneadh trí chomhaontú frithpháirteach.

    4.

    Má cheaptar cathaoirleach coimisiúin nó leaschathaoirleach de chuid an choimisiúin sin ina rapóirtéir, déanfaidh sé nó sí, agus plé á dhéanamh ar an dréacht-tuairim, cathaoirleacht an chruinnithe a thabhairt uaidh nó uaithi do leaschathaoirleach eile nó don chomhalta is sine atá i láthair.

    5.

    Má scoireann rapóirtéir de bheith ag gníomhú mar chomhalta nó comhalta malartach den Choiste, déanfar rapóirtéir nua ón ngrúpa polaitiúil céanna a cheapadh laistigh den choimisiún tríd an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 3 a leanúint, más gá.

    Riail 61 – Meithleacha na gcoimisiún

    1.

    I gcásanna cuí-réasúnaithe féadfaidh na coimisiúin meithleacha a bhunú, le formheas ón mBiúró. Féadfaidh comhaltaí na meithleacha teacht freisin ó choimisiúin eile.

    2.

    Mura féidir le comhalta meithle freastal ar chruinniú is féidir comhalta nó comhalta malartach ón ngrúpa polaitiúil céanna, agus atá ar liosta na n-ionadaithe don mheitheal, a chur ina ionad nó ina hionad. I gcás nach mbeidh ionadaí ar fáil ón liosta sin, is féidir aon chomhalta nó comhalta malartach ón ngrúpa polaitiúil céanna a chur in ionad an chomhalta sin.

    3.

    Is féidir le gach meitheal cathaoirleach agus leaschathaoirleach a cheapadh as measc a cuid comhaltaí.

    4.

    Is féidir le meithleacha conclúidí a ghlacadh chun tuairisc a chur chuig a gcoimisiún.

    Riail 62 – Saineolaithe na rapóirtéirí

    1.

    Féadfaidh gach rapóirtéir seirbhísí saineolaí a iarraidh.

    2.

    Beidh saineolaithe na rapóirtéirí agus na saineolaithe sin a fuair cuireadh ón gcoimisiún i dteideal speansais taistil agus chothaithe.

    3.

    Ní dhéanann saineolaithe ionadaíocht thar ceann an Choiste, ná ní labhraíonn siad thar a cheann.

    Riail 63 – Córam

    1.

    Beidh córam ann ag cruinniú coimisiúin má tá leath na gcomhaltaí ar a laghad i láthair.

    2.

    Fíorófar an córam arna iarraidh sin do chomhalta má tá deich gcomhalta ar a laghad i bhfabhar na hiarrata. Mura n-iarrfar fíorú córaim, beidh gach vóta bailí beag beann ar líon na gcomhaltaí i láthair. Féadfaidh an cathaoirleach cur isteach ar chruinniú an choimisiúin ar feadh deich nóiméad ar a mhéad roimh dhul ar aghaidh le fíorú an chóraim. Measfar comhaltaí a d’iarr fíorú an chóraim, ach nach bhfuil i láthair a thuilleadh i seomra an choimisiúin, a bheith i láthair chun críocha chomhaireamh an tinrimh. I gcás líon níos lú ná deich gcomhalta a bheith i láthair, féadfaidh an cathaoirleach a rialú nach ann don chóram.

    3.

    Má shuitear nach bhfuil an córam ann, féadfaidh an coimisiún tabhairt faoi na míreanna atá fágtha ar an gclár oibre nach gá vótáil a dhéanamh orthu, agus an plé agus an vótáil ar na míreanna ar an gclár oibre a cuireadh ar fionraí a chur siar go dtí an chéad chruinniú eile. Beidh gach cinneadh nó vótáil a rinneadh ag an gcruinniú roimh fhíorú an chóraim bailí fós.

    Riail 64 – Leasuithe

    1.

    Ní mór leasuithe a chur isteach roimh 3 p.m. ar an naoú lá oibre roimh dháta an chruinnithe. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an cathaoirleach na sprioc-amanna thuas a leasú.

    Is iad comhaltaí an choimisiúin sin nó comhaltaí nó comhaltaí malartacha atá sainordaithe go cuí faoi na coinníollacha a leagtar amach i Riail 6(2), nó i gcás a dtuairime féin, aon chomhalta malartach neamh-shainordaithe a ceapadh mar rapóirtéir, nó grúpa polaitiúil, is iad, agus iadsan amháin, a fhéadfaidh leasuithe ón gcoimisiún a chur síos.

    Is comhalta den choimisiún sin nó comhalta nó comhalta malartach eile atá sainordaithe go cuí, agus iadsan amháin, a fhéadfaidh an ceart a fheidhmiú maidir le leasuithe a chur síos. Má tharmligeann comhalta cuid de chruinniú coimisiúin nó cruinniú coimisiúin ina iomláine chuig comhalta malartach, ní féidir ach le duine amháin acu leasuithe a chur síos. Má chuireann an comhalta aon leasuithe ar aon chuid den chruinniú coimisiúin síos, ní fhéadfaidh an comhalta malartach an rud céanna a dhéanamh ina dhiaidh sin. Ar an gcaoi chéanna, má dhéantar aon chuid den chruinniú coimisiúin a tharmligean chuig comhalta malartach agus má chuireann sé nó sí aon leasuithe ar thuairim síos – sula mbeidh aon leasuithe curtha síos ag an gcomhalta – ní féidir leis an gcomhalta sin aon leasuithe ar an gcruinniú coimisiúin a chur síos. Beidh leasuithe arna gcur síos ag comhalta nó comhalta malartach a chaillfidh an oifig sin ina dhiaidh sin, nó roimh dheonú nó tarraingt siar tarmligin, bailí fós.

    Aistreofar na leasuithe mar ábhar tosaíochta agus cuirfear iad chuig an rapóirtéir chun go mbeidh sé nó sí in ann leasuithe an rapóirtéara a chur faoi bhráid na hArdrúnaíochta i bhfoirm leictreonach tráth nach déanaí ná trí lá oibre roimh dháta an chruinnithe. Ní mór baint a bheith ag leasuithe an rapóirtéara le leasú amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 1. Beifear in ann teacht ar leasuithe sin an rapóirtéara go leictreonach chomh luath agus a bheidh siad aistrithe agus ní mór iad a dháileadh i scríbhinn ag tús an chruinnithe ar a dhéanaí.

    Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Riail 25(1) go (6).

    2.

    Déanfar an vótáil ar na leasuithe in ord na bpointí sa dréacht-tuairim atá faoi chaibidil.

    3.

    Is ar an téacs ina iomláine a dhéanfar an vótáil chríochnaitheach, bíodh sé leasaithe nó ná bíodh. Mura bhfaighidh tuairim tromlach na vótaí arna gcaitheamh, cinnfidh an coimisiún:

    an dréacht-tuairim a chur isteach arís le haghaidh díospóireachta agus a glactha, mar atá sí modhnaithe ag na leasuithe a glacadh sa choimisiún, ag féachaint d’fhorálacha Riail 53;

    rapóirtéir nua a cheapadh agus, ar an gcaoi sin, an próiseas dréachtaithe tuairime a lainseáil an athuair; nó,

    an tuairim a thabhairt suas.

    4.

    A luaithe agus a ghlacfaidh coimisiún dréacht-tuairim, cuirfidh cathaoirleach an choimisiúin ar aghaidh chuig Uachtarán an Choiste í.

    Riail 65 – Cinneadh gan tuairim a tharraingt suas

    1.

    I gcás ina measfaidh an coimisiún atá freagrach nach bhfuil aon leas réigiúnach nó áitiúil ag comhairliúchán dá dtagraítear i Riail 41(a), nó nach bhfuil aon tábhacht pholaitiúil leis, féadfaidh sé a chinneadh gan tuairim a tharraingt suas. Cuirfidh an tArdrúnaí na hinstitiúidí Eorpacha ábhartha ar an eolas faoin gcinneadh sin.

    2.

    I gcás ina measfaidh an coimisiún atá freagrach go bhfuil comhairliúchán dá dtagraítear i Riail 41(a) tábhachtach ach, ar chúiseanna a bhaineann le tosaíocht agus/nó toisc gur glacadh tuairimí ábhartha cheana le déanaí, nach bhfuil gá le tuairim nua, féadfaidh an coimisiún atá freagrach a chinneadh gan tuairim a eisiúint. Sa chás sin, féadfaidh an Coiste freagra a thabhairt ar institiúidí an Aontais Eorpaigh trí bhíthin tréigean a bhfuil údar leis.

    Riail 66 – Nós imeachta i scríbhinn

    1.

    In imthosca eisceachtúla, féadfaidh cathaoirleach an choimisiúin dul ar iontaoibh nós imeachta i scríbhinn chun cinneadh a ghlacadh maidir le hoibriú an choimisiúin.

    2.

    Cuirfidh an cathaoirleach an togra le haghaidh cinnidh chuig na comhaltaí agus iarrfaidh sé nó sí orthu aon agóidí a chur chuige nó chuici i scríbhinn laistigh de thrí lá oibre.

    3.

    Measfar an cinneadh a bheith glactha mura bhfaighfear agóidí ó shé chomhalta ar a laghad.

    Riail 67 – Forálacha is infheidhme maidir leis na coimisiúin

     

    Beidh feidhm ag Riail 12 – Tionól an chéad chruinnithe,

     

    Riail 13(2) – Dul i mbun oifige an Choiste agus fíorú na ndintiúr,

     

    Riail 16(7) – Clár Oibre an tSeisiúin Iomlánaigh,

     

    Riail 18 – Cead isteach don phobal, aíonna agus aoichainteoirí,

     

    Riail 21 – Pointí oird,

     

    Riail 23 – Vótáil, agus

     

    Riail 26 – Comhleanúnachas an téacs chríochnaithigh

    mutatis mutandis maidir leis na coimisiúin.

    CAIBIDIL 6

    RIAR AN CHOISTE

    Riail 68 – Ardrúnaíocht

    1.

    Beidh Ardrúnaíocht de chúnamh ag an gCoiste.

    2.

    Beidh Ardrúnaí i gceannas ar an Ardrúnaíocht.

    3.

    Déanfaidh an Biúró, ag gníomhú dó ar thogra ón Ardrúnaí, an Ardrúnaíocht a eagrú sa chaoi is gur féidir a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Coiste agus a chomhlachtaí ar bhealach éifeachtúil agus go gcuideoidh sí le comhaltaí an Choiste chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Déanfar na seirbhísí a bheidh le soláthar ag an Ardrúnaíocht do na comhaltaí, na toscaireachtaí náisiúnta, na grúpaí polaitiúla agus na comhaltaí neamhcheangailte a chinneadh sa phróiseas sin.

    4.

    Déanfaidh an Ardrúnaíocht miontuairiscí chruinnithe chomhlachtaí an Choiste a tharraingt suas.

    Riail 69 – Ardrúnaí

    1.

    Is ar an Ardrúnaí a bheidh an fhreagracht riarthach as na cinntí arna nglacadh ag an mBiúró nó ag an Uachtarán de bhun na Rialacha Nós Imeachta seo agus na bhforálacha dlíthiúla is infheidhme a chur chun feidhme. Freastalóidh an tArdrúnaí ar chruinnithe an Bhiúró i gcáil chomhairleach agus coimeádfaidh sé nó sí miontuairiscí na gcruinnithe sin. Cabhróidh an tArdrúnaí leis an Uachtarán d’fhonn slándáil agus dosháraitheacht áitreabh an Choiste a áirithiú.

    2.

    Comhlíonfaidh an tArdrúnaí a chuid nó a cuid dualgas faoi stiúradh an Uachtaráin, a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Bhiúró. Tabharfaidh an tArdrúnaí gealltanas sollúnta os comhair an Bhiúró go gcomhlíonfaidh sé nó sí a chuid nó a cuid dualgas go coinsiasach agus go hiomlán neamhchlaon. Ní fhéadfaidh sé nó sí ionadaíocht pholaitiúil a dhéanamh thar ceann an Choiste gan údarú a fháil roimh ré ón Uachtarán. Gach bliain, cuirfidh an tArdrúnaí an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ar fáil ina leagfar amach comhlíonadh a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí mar oifigeach údarúcháin trí tharmligean agus cuirfidh sé nó sí achoimre den tuarascáil sin ar fáil le go bhféadfar í a phlé más gá.

    Riail 70 – Ardrúnaí a cheapadh

    1.

    Ceapfaidh an Biúró an tArdrúnaí ar bhonn cinneadh arna ghlacadh trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, agus ar bhonn fíorú córaim a bheith ann i gcomhréir leis an gcéad abairt de Riail 38(2).

    2.

    Ceapfar an tArdrúnaí ar feadh cúig bliana. Is é an Biúró a leagfaidh síos forálacha mionsonraithe an chonartha fostaíochta, de bhun fhorálacha Airteagal 2 agus forálacha gaolmhara de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh.

    Ní fhéadfar téarma oifige an Ardrúnaí a athnuachan ach uair amháin ar feadh uastréimhse cúig bliana.

    I gcás ina mbeidh an tArdrúnaí as láthair nó ina mbeidh bac éigin ann, is Stiúrthóir arna ainmniú nó arna hainmniú ag an mBiúró a fheidhmeoidh feidhmeanna an Ardrúnaí.

    3.

    I gcás an Ardrúnaí, is é an Biúró a fheidhmeoidh na cumhachtaí arna dtabhairt le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh don údarás atá freagrach as conarthaí a thabhairt i gcrích.

    Riail 71 – Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais

    1.

    Déanfar na cumhachtaí arna dtabhairt le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh don údarás ceapacháin a fheidhmiú mar seo a leanas:

    i gcás oifigigh i ngrád 5 go grád 12 de ghrúpa feidhme AD agus i gcás oifigigh i ngrúpaí feidhme AST agus AST-SC, is é an tArdrúnaí a fheidhmeoidh iad;

    i gcás oifigigh eile, is é an Biúró, ag gníomhú dó ar thogra ón Ardrúnaí, a fheidhmeoidh iad.

    2.

    Déanfar na cumhachtaí arna dtabhairt le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh don údarás atá inniúil ar chonarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích a fheidhmiú mar seo a leanas:

    i gcás baill foirne shealadacha i ngrád 5 go grád 12 de ghrúpa feidhme AD agus i gcás baill foirne shealadacha i ngrúpaí feidhme AST agus AST-SC, is é an tArdrúnaí a fheidhmeoidh iad;

    i gcás baill foirne shealadacha eile, is é an Biúró, ag gníomhú dó ar thogra ón Ardrúnaí, a fheidhmeoidh iad;

    maidir le baill foirne shealadacha in oifig phríobháideach an Uachtaráin nó an chéad Leas-Uachtaráin:

    i gcás grád 5 go grád 12 de ghrúpa feidhme AD agus i gcás grúpaí feidhme AST agus AST-SC, is é an tArdrúnaí, ag gníomhú dó nó di ar thogra ón Uachtarán, a fheidhmeoidh iad;

    i gcás gráid eile i ngrúpa feidhme AD, is é an Biúró, ag gníomhú dó ar thogra ón Uachtarán, a fheidhmeoidh iad.

    Déanfar baill foirne shealadacha atá fostaithe in oifig phríobháideach an Uachtaráin nó an chéad Leas-Uachtaráin a cheapadh go dtí deireadh théarma oifige an Uachtaráin nó an chéad Leas-Uachtaráin:

    i gcás baill foirne ar conradh, comhairleoirí speisialta agus foireann áitiúil, is é an tArdrúnaí i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha amach i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach a cheapfaidh iad.

    3.

    Féadfaidh an Biúró agus an tArdrúnaí na cumhachtaí arna dtabhairt dóibh leis an Riail seo a tharmligean. Sna cinntí maidir le tarmligean sonrófar an raon feidhme a bheidh ag na cumhachtaí arna dtarmligean, laistigh dá dteorainneacha agus dá dtréimhse bhailíochta, agus luafar freisin cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar iad a fho-tharmligean.

    Riail 72 – Cruinnithe i seomra iata

    Tiocfaidh an Biúró i gceann a chéile i seomra iata nuair a bheidh na cinntí a bhaineann leo siúd dá dtagraítear i Riail 70 agus Riail 71 á ndéanamh aige.

    Riail 73 – Buiséad

    1.

    Déanfaidh an Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Riaracháin an réamhdhréacht de na meastacháin ar chaiteachas agus ioncam an Choiste don bhliain airgeadais dár gcionn a chur faoi bhráid an Bhiúró. Cuirfidh an Biúró an dréacht sin faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh lena ghlacadh.

    Déanfaidh an tUachtarán, tar éis dó nó di dul i gcomhairle le Comhdháil na nUachtarán, na treoirlínte straitéiseacha ginearálta a chur chuig an mBiúró lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin um Ghnóthaí Airgeadais agus Riaracháin chun an buiséad don bhliain n+2 a leagan amach.

    2.

    Glacfaidh an Tionól Iomlánach na meastacháin ar chaiteachas agus ioncam an Choiste agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig an gCoimisiún, an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa iad in am agus i dtráth lena áirithiú go ndéanfar na sprioc-amanna atá leagtha síos sna forálacha airgeadais a chomhlíonadh.

    3.

    Tar éis d’Uachtarán an Choiste dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Riaracháin, forghníomhóidh sé nó sí, nó cuirfidh sé nó sí faoi deara a fhorghníomhú, an ráiteas ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir leis na rialacha inmheánacha airgeadais arna nglacadh ag an mBiúró. Cuirfidh sé nó sí na feidhmeanna sin i gcrích i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

    4.

    De bhun an Rialacháin Airgeadais agus na rialacha airgeadais inmheánacha, déanfar cumhachtaí cur chun feidhme buiséid an Uachtaráin a tharmligean chuig an Ardrúnaí agus gníomhóidh sé nó sí mar oifigeach údarúcháin trí tharmligean ón uair a cheapfar é nó í.

    TEIDEAL III

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL 1

    COMHAR, SEOLADH AR AGHAIDH AGUS FOILSIÚ

    Riail 74 – Comhaontuithe comhair

    Ag gníomhú dó ar thogra ón Ardrúnaí, féadfaidh an Biúró comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích lena ndírítear ar fheidhmiú chumhachtaí an Choiste maidir le cur i bhfeidhm na gConarthaí a éascú nó chun a chomhar polaitiúil a fheabhsú.

    Riail 75 – Tuairimí agus rúin a sheoladh ar aghaidh agus a fhoilsiú

    1.

    Déanfar tuairimí an Choiste, maille le haon teachtaireacht a bhaineann le húsáid nós imeachta simplithe faoi Riail 28 nó maidir le cinneadh gan tuairim a tharraingt suas faoi Riail 65, a dhíriú chuig an gComhairle, an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa. Mar a tharlaíonn i gcás rún, cuirfear iad ar aghaidh chuig an Uachtarán.

    2.

    Déanfar tuairimí agus rúin an Choiste a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    CAIBIDIL 2

    OSCAILTEACHT DON PHOBAL, TRÉDHEARCACHT AGUS DEARBHÚ MAIDIR LE LEASANNA AIRGEADAIS NA gCOMHALTAÍ

    Riail 76 – Rochtain phoiblí ar dhoiciméid

    1.

    Aon saoránach den Aontas nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ina chónaí nó ina cónaí nó bunaithe i mBallstát, tá ceart rochtana ar dhoiciméid Choiste na Réigiún aige nó aici i gcomhréir le hAirteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis na prionsabail, coinníollacha agus srianta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus leis na socruithe atá leagtha síos ag Biúró an Choiste. A mhéid is féidir, déanfar rochtain ar dhoiciméid an Choiste a dheonú do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile ar an tslí chéanna.

    2.

    Bunóidh an Coiste clár de dhoiciméid an Choiste. Glacfaidh an Biúró na rialacha inmheánacha lena rialaítear an rochtain agus tarraingeoidh sé suas liosta de na doiciméid a bhfuil rochtain dhíreach orthu.

    Riail 77 – Dearbhú maidir le leasanna airgeadais na gcomhaltaí agus Cód Iompair maidir le leasanna airgeadais agus coinbhleachtaí leasa

    Tar éis dóibh dul i mbun a gcuid dualgas ag an gCoiste, comhlánfaidh na comhaltaí dearbhú maidir le leasanna airgeadais, i gcomhréir leis an tsamhail arna glacadh ag an mBiúró, dearbhú a choimeádfaidh siad cothrom le dáta agus a mbeidh rochtain ag an bpobal air. Agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, urramóidh siad an Cód Iompair maidir le leasanna airgeadais agus coinbhleachtaí leasa.

    CAIBIDIL 3

    ÚSÁID TEANGACHA

    Riail 78 – Socruithe ateangaireachta

    A mhéid is féidir, déanfar na prionsabail seo a leanas maidir le socruithe ateangaireachta a urramú.

    (a)

    Beidh fáil ar dhíospóireachtaí an Choiste sna teangacha oifigiúla mura gcinnfidh an Biúró a mhalairt.

    (b)

    Beidh sé de cheart ag na comhaltaí uile labhairt os comhair an tSeisiúin Iomlánaigh i cibé teanga oifigiúil is rogha leo. Déanfar ráitis a thugtar in aon cheann de na teangacha oifigiúla a aistriú ó bhéal go dtí na teangacha oifigiúla eile agus go dtí aon teanga eile a mheasann an Biúró a bheith riachtanach. Beidh feidhm aige sin freisin maidir le teangacha dá ndearnadh foráil ina leith i gcomhaontuithe riaracháin idir an Coiste agus Ballstáit éagsúla.

    (c)

    I gcruinnithe an Bhiúró, na gcoimisiún agus na meithleacha, beidh an ateangaireacht ar fáil ó na teangacha a bheidh in úsáid ag na comhaltaí a mbeidh a láithreacht ag an gcruinniú deimhnithe acu agus go dtí na teangacha sin.

    CAIBIDIL 4

    BREATHNÓIRÍ

    Riail 79 – Breathnóirí

    1.

    I gcás Conradh ar aontachas Stáit don Aontas Eorpach a bheith sínithe, féadfaidh an tUachtarán, tar éis comhaontú an Bhiúró a fháil, a iarraidh ar rialtas an Stáit aontachais líon áirithe breathnóirí a cheapadh, atá comhionann le líon na suíochán sa Choiste a leithdháilfear ar an Stát sin.

    2.

    Beidh na breathnóirí sin rannpháirteach go hiomlán nó i bpáirt in imeachtaí an Choiste fad a bheidh teacht i bhfeidhm an Chonartha Aontachais ar feitheamh, agus beidh ceart labhartha acu i gcomhlachtaí an Choiste.

    Ní bheidh ceart acu chun vóta a chaitheamh ná chun seasamh lena dtoghadh chuig poist sa Choiste. Ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil ag a rannpháirtíocht ar imeachtaí an Choiste.

    3.

    Déanfar an chóir a chuirfear orthu a asamhlú leis an gcóir a chuirtear ar chomhalta maidir le húsáid shaoráidí an Choiste agus maidir le haisíoc speansas arna dtabhú ina gcuid gníomhaíochtaí mar bhreathnóirí, laistigh de theorainneacha na n-acmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an líne bhuiséid chomhfhreagrach chun na críche sin.

    CAIBIDIL 5

    FORÁLACHA EAGRÚCHÁIN

    Riail 80 – Cruinnithe a reáchtáil

    1.

    Déanfar cruinnithe reachtúla na gcomhlachtaí agus na struchtúr seo a leanas a reáchtáil ar an láthair:

    (a)

    an Tionól Iomlánach;

    (b)

    an Biúró;

    (c)

    Comhdháil na nUachtarán;

    (d)

    na coimisiúin;

    (e)

    an Coimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Riaracháin;

    (f)

    an coimisiún ad hoc maidir leis an athbhreithniú ar na Rialacha Nós Imeachta;

    (g)

    na comhchoistí comhairliúcháin, na meithleacha agus comhlachtaí polaitiúla eile arna mbunú ag an mBiúró de bhun Riail 37(e) agus (j) agus a bhíonn ag déileáil le tríú tíortha;

    (h)

    na grúpaí polaitíochta.

    2.

    Ar choinníoll go mbeidh na hacmhainní buiséadacha agus teicniúla ar fáil ina chomhair, féadfaidh uachtaráin nó cathaoirligh na gcomhlachtaí agus na struchtúr thuasluaite cead a thabhairt do rapóirtéir páirt fhíorúil a ghlacadh ar bhonn eisceachtúil i gcruinniú i gcás nach acmhainn dó nó di freastal ar an gcruinniú ar an láthair ach é ar a chumas nó a cumas páirt a ghlacadh ann go cianda agus i gcás nach bhféadfaí amlíne na tuairime lena mbaineann a athrú i ngeall ar shrianta ama a eascraíonn as an bpróiseas reachtach.

    3.

    Féadfar cruinnithe eile a thionól ar bhonn hibrideach nó cianda i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna Rialacha Nós Imeachta maidir lena gcomóradh. Cuirfear san áireamh ceisteanna buiséadacha, comhshaoil nó eagrúcháin agus rachfar i gcomhairle leis an gCoimisiún um Ghnóthaí Airgeadais agus Riaracháin i gcás inarb ábhartha.

    CAIBIDIL 6

    IMTHOSCA EISCEACHTÚLA

    Riail 81 – Bearta urghnácha

    1.

    Más rud é, de thoradh imthosca eisceachtúla nach féidir a thuar, go bhfuil bac ar Choiste na Réigiún a dhualgais a chomhlíonadh agus a shainchumais a fheidhmiú faoi na Conarthaí, féadfar maolú sealadach ó roinnt de rialacha an Choiste a chur i bhfeidhm le go bhféadfaidh an Coiste leanúint de na dualgais sin a chomhlíonadh agus na sainchumais sin a fheidhmiú.

    Measfar go bhfuil na himthosca sin ann i gcás ina gcinnfidh an tUachtarán, bunaithe ar fhianaise iontaofa arna soláthar ag an Ardrúnaí, go bhfuil sé nó go mbeidh sé, ar chúiseanna slándála nó sábháilteachta, nó de bhrí nach bhfuil nó nach mbeidh fáil ar mhodhanna teicniúla áirithe, dodhéanta nó contúirteach ag an gCoiste tionól nó feidhmiú i gcomhréir leis na gnáthrialacha agus na gnáthnósanna imeachta.

    2.

    I gcás ina bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 comhlíonta, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh, le comhaontú Chomhdháil na nUachtarán agus tar éis dul i gcomhairle, i gcás inar féidir, le cathaoirligh na gcomhlachtaí ábhartha, ceann amháin nó níos mó de na bearta urghnácha a leanas a chur i bhfeidhm:

    (a)

    Seisiún Iomlánach, cruinniú comhlachta eile den Choiste nó aon ghníomhaíocht eile atá beartaithe a thionól nó a dhéanamh a chur ar ceal nó ar athló;

    (b)

    Seisiún Iomlánach, cruinniú comhlachta eile den Choiste nó aon ghníomhaíocht eile a thionól nó a reáchtáil de réir an chórais cianfhreastail a leagtar síos i Riail 82;

    (c)

    bearta eile a chur i bhfeidhm de réir mar is iomchuí agus is gá, agus na himthosca sonracha agus eisceachtúla á gcur san áireamh.

    3.

    Aon bhearta urghnácha a ghlacfar i gcomhréir le mír 2, beidh teorainn ama leo, ar feadh tréimhse in-athnuaite go ceann ceithre mhí ar a mhéad, agus beidh teorainn lena raon feidhme a mhéid is gá sin chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca sonracha agus eisceachtúla.

    Tiocfaidh an cinneadh lena nglacfar na bearta urghnácha i bhfeidhm tráth a fhoilsithe ar shuíomh gréasáin an Choiste nó, mura féidir é a fhoilsiú ansin, trí na modhanna is fearr atá ar fáil, agus tabharfar na cúiseanna leis sin le fios. Cuirfear na comhaltaí uile ar an eolas faoin gcinneadh gan mhoill.

    Déanfaidh an tUachtarán aon bhearta arna nglacadh faoin Riail seo a chúlghairm a luaithe a bheidh deireadh leis na himthosca eisceachtúla dá dtagraítear i mír 1 arbh iad ba chúis lena nglacadh.

    Riail 82 – Córas cianfhreastail

    1.

    I gcás ina gcinnfidh an tUachtarán i gcomhréir le Riail 80(2)(b) an córas cianfhreastail a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coiste a chuid imeachtaí a sheoladh go cianda, inter alia, trí chead a thabhairt dá chomhaltaí cearta áirithe atá acu a fheidhmiú go leictreonach.

    2.

    Áiritheofar a mhéid is féidir leis an gcóras cianfhreastail go mbeidh na comhaltaí in ann a ndualgais a chomhlíonadh, lena n-áirítear, go háirithe:

    an ceart labhairt agus éisteacht sna Seisiúin Iomlánacha agus i gcruinnithe comhlachtaí eile den Choiste, i gcomhréir freisin le forálacha Riail 78;

    an ceart a vótaí a chaitheamh ina n-aonar agus a fhíorú gur cuireadh a vótaí san áireamh.

    3.

    Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh ag an Uachtarán, cinnfidh sé nó sí an maidir leis na Seisiúin Iomlánacha amháin a bheidh feidhm ag an gcóras sin nó an mbeidh feidhm aige maidir le cruinnithe eile de chomhlachtaí an Choiste agus le haon ghníomhaíocht eile den Choiste.

    4.

    Maidir le cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann le fíorú córaim agus vótáil i gcomhlachtaí an Choiste, measfar go bhfuil comhaltaí atá ag cianfhreastal ar chruinniú ag freastal ar láthair an chruinnithe freisin.

    Cinnfidh an tUachtarán, i gcás inar gá, conas agus a mhéid a fhéadfaidh na comhaltaí rochtain a fháil ar an seomra cruinnithe agus an córas cianfhreastail i bhfeidhm, agus go háirithe an líon uasta comhaltaí a fhéadfaidh a bheith i láthair go fisiciúil.

    CAIBIDIL 7

    RIALACHA NÓS IMEACHTA

    Riail 83 – Na Rialacha Nós Imeachta a athbhreithniú

    1.

    Is é an Tionól Iomlánach a chinnfidh trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh más gá leasú a dhéanamh ar na Rialacha Nós Imeachta seo, i bpáirt nó ina n-iomláine. Gach leath-théarma de thréimhse oifige an Choiste, tabharfaidh an Biúró moladh don Tionól Iomlánach maidir lena inmholta atá sé na Rialacha Nós Imeachta a athbhreithniú.

    2.

    Ceapfaidh sé coimisiún ad hoc le tuarascáil agus dréacht-téacs a tharraingt suas mar bhunús le rialacha nua a ghlacadh trí thromlach a chomhaltaí. Tiocfaidh na rialacha nua i bhfeidhm an lá tar éis lá a bhfoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Riail 84 – Treoracha an Bhiúró

    Féadfaidh an Biúró treoracha a thabhairt lena gcinntítear an nós imeachta chun forálacha na Rialacha Nós Imeachta seo a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na Rialacha sin.

    Riail 85 – Teacht i bhfeidhm na Rialacha Nós Imeachta

    Tiocfaidh na Rialacha Nós Imeachta i bhfeidhm an lá tar éis lá a bhfoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).


    Top