Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1336

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1336 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2023 maidir le bearta ceartaitheacha atá le déanamh ag an mBeilg agus ag Lucsamburg maidir le spriocanna feidhmíochta áirithe le haghaidh an tríú tréimhse thagartha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 3852) Is iad na téacsanna Ollainnise agus Fraincise amháin atá barántúil (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/3852

    IO L 166, 30.6.2023, p. 119–138 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1336/oj

    30.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 166/119


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1336 ÓN gCOIMISIÚN

    an 16 Meitheamh 2023

    maidir le bearta ceartaitheacha atá le déanamh ag an mBeilg agus ag Lucsamburg maidir le spriocanna feidhmíochta áirithe le haghaidh an tríú tréimhse thagartha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 3852)

    Is iad na téacsanna Ollainnise agus Fraincise amháin atá barántúil

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair (1) a chruthú (an creat-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), an tríú mír, de,

    Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair (2), agus go háirithe Airteagal 15(5) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    BREITHNITHE GINEARÁLTA

    (1)

    De bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis (‘FABanna’), le haghaidh gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra. Ní mór do na spriocanna feidhmíochta sin a bheith i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais arna nglacadh ag an gCoimisiún le haghaidh na tréimhse tagartha lena mbaineann.

    (2)

    Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 (3) leagadh amach bearta maolaithe eisceachtúla ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (‘TT3’). Ar na bunúis sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 (4) ón gCoimisiún leagadh amach spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (‘TT3’).

    (3)

    Ghlac an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, Lucsamburg agus an Ísiltír i gcomhpháirt ar leibhéal Bhloc Feidhme Aerspáis na hEorpa Láir (‘FABEC’) dréachtphlean feidhmíochta le haghaidh TT3 (‘an dréachtphlean feidhmíochta’) a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin i nDeireadh Fómhair 2021. Tar éis measúnú, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 (5) nach raibh na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge-Lucsamburg (‘limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg’) a bhí sa dréachtphlean feidhmíochta sin i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais agus leag sé amach moltaí chun na spriocanna feidhmíochta áitiúla sin a athbhreithniú. Tá an Eilvéis ina ball freisin de FABEC agus bhí sí mar chuid de dhréachtphlean feidhmíochta FABEC. Mar Thríú Tír faoi réir na scéime feidhmíochta agus muirearaithe de bhun an Chomhaontaithe Aeriompair idir an tAontas agus an Eilvéis, tugadh fógra don Eilvéis ar leithligh, trí Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/780 ón gCoimisiún (6) an 13 Aibreán 2022, maidir le neamhréir spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta áitiúla na Beilge agus Lucsamburg atá i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC.

    (4)

    An 13 Iúil 2022, chuir an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, Lucsamburg agus an Ísiltír dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe FABEC (‘an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe’) le haghaidh TT3 faoi bhráid an Choimisiúin.

    (5)

    An 24 Deireadh Fómhair 2022, thionscain an Coimisiún ina Chinneadh (AE) 2022/2255 (7) an scrúdú mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 15(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 (‘an scrúdú mionsonraithe’) maidir leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta athbhreithnithe arna mbeartú le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg, a áirítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

    (6)

    Chuir an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír an Coimisiún ar an eolas, an 28 Deireadh Fómhair 2022, an 3 Samhain 2022 agus 4 Samhain 2022 faoi seach, gur tharraing siad siar ón dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a bhunaítear i gcomhpháirt ar leibhéal FABEC. Go comhuaineach, chuir na Ballstáit sin dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe aonair le haghaidh TT3 faoi bhráid an Choimisiúin.

    (7)

    Tar éis measúnú nua, shuigh an Coimisiún go raibh na spriocanna feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe faoi seach i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais agus chuir sé an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír ar an eolas faoi sin trí Chinntí (AE) 2023/176 (8), (AE) 2023/177 (9) agus (AE) 2023/179 (10) ón gCoimisiún faoi seach. Chuir an Eilvéis an Coimisiún ar an eolas freisin faoina tarraingt siar ón dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe agus chuir sí dréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe isteach go comhuaineach an 4 Samhain 2022. Shuigh an Coimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá i ndréachtphlean feidhmíochta náisiúnta athbhreithnithe na hEilvéise i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais agus chuir sé an Eilvéis ar an eolas faoi sin le Cinneadh (AE) 2022/178 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022.

    (8)

    Níor thug an Bheilg ná Lucsamburg fógra maidir le haon phlean feidhmíochta náisiúnta ar leithligh. Dá thoradh sin, an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a bunaíodh roimhe sin ar leibhéal FAB, agus faoi réir scrúdú mionsonraithe ón gCoimisiún arna thionscnamh lena Chinneadh (AE) 2022/2255, leanann sé de bheith ina bhunús le haghaidh an mheasúnaithe ar spriocanna feidhmíochta na Beilge agus Lucsamburg.

    (9)

    Dá bhrí sin, níor cheart an Cinneadh seo a bheith dírithe ach ar an mBeilg agus ar Lucsamburg toisc gur tharraing an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír siar ón dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe arna chur isteach ag FABEC agus gur chuir siad pleananna feidhmíochta náisiúnta ar leithligh isteach. Suíodh go raibh na pleananna sin i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais (féach na cinntí ón gCoimisiún dá dtagraítear in aithris (7)).

    (10)

    An 27 Deireadh Fómhair 2022, sheol seirbhísí an Choimisiúin an chéad iarraidh ar fhaisnéis chuig an mBeilg maidir leis na heilimintí a chumhdaítear leis an scrúdú mionsonraithe. Litir sheirbhísí an Choimisiúin chuig an mBeilg an 27 Deireadh Fómhair 2022, seoladh í go comhuaineach freisin chuig Lucsamburg, chun críoch faisnéise amháin. Mar fhreagairt ar an iarraidh sin, chuir údaráis na Beilge faisnéis ar aghaidh chuig seirbhísí an Choimisiúin, an 6 Samhain 2022 agus an 9 Samhain 2022, ar faisnéis í a fuarthas ó sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta (‘ANSPanna’).

    (11)

    An 9 Samhain 2022, reáchtáil seirbhísí an Choimisiúin cruinniú le húdaráis na Beilge.

    (12)

    An 11 Samhain 2022, sheol seirbhísí an Choimisiúin an dara hiarraidh ar fhaisnéis chuig an mBeilg agus fuair siad doiciméid bhreise ó údaráis na Beilge an 28 Samhain 2022. An litir ó sheirbhísí an Choimisiúin chuig an mBeilg an 11 Samhain 2022, seoladh í go comhuaineach freisin chuig Lucsamburg, chun críoch faisnéise amháin.

    (13)

    An 29 Samhain 2022, d’iarr seirbhísí an Choimisiúin faisnéis bhreise ón mBeilg. D’fhreagair údaráis na Beilge an iarraidh sin an 8 Nollaig 2022 agus chomhlánaigh siad freisin na sonraí agus an fhaisnéis a bhí curtha isteach acu an 28 Samhain 2022. An litir ó sheirbhísí an Choimisiúin chuig an mBeilg an 29 Samhain 2022, cuireadh í go comhuaineach freisin chuig Lucsamburg, chun críoch faisnéise amháin.

    (14)

    An 8 Nollaig 2022 agus an 15 Nollaig 2022, bhuail seirbhísí an Choimisiúin le húdaráis na Beilge.

    (15)

    An 20 Nollaig 2022, sheol ranna an Choimisiúin iarraidh chríochnaitheach ar fhaisnéis chuig an mBeilg. An 12 Eanáir 2023, sholáthair údaráis na Beilge faisnéis bhreise mar fhreagairt ar an iarraidh sin. An litir ó sheirbhísí an Choimisiúin chuig an mBeilg an 20 Nollaig 2022, cuireadh í go comhuaineach freisin chuig Lucsamburg, chun críoch faisnéise amháin.

    (16)

    An 3 Feabhra 2023, d’iarr seirbhísí an Choimisiúin ar Lucsamburg aon bharúil nó ráiteas ábhartha a chur isteach, ar barúil nó ráiteas í nó é a bheadh comhlántach leis na hábhair arna soláthar ag an mBeilg mar fhreagairt ar na hiarrataí faisnéise dá dtagraítear in aithrisí (10), (12), (13) agus (15). Níor chuir údaráis Lucsamburg aon fhaisnéis isteach mar fhreagairt ar iarraidh sheirbhísí an Choimisiúin.

    (17)

    An 2 Márta 2023, bhuail seirbhísí an Choimisiúin le húdaráis na Beilge agus Lucsamburg.

    MEASÚNÚ AR NA SPRIOCANNA FEIDHMÍOCHTA ATHBHREITHNITHE LE LINN AN SCRÚDAITHE MHIONSONRAITHE

    Raon feidhme an scrúdaithe mhionsonraithe

    (18)

    An Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta (‘PRB’), a thugann cúnamh don Choimisiún le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, chuir sé tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an measúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe agus maidir leis an scrúdú mionsonraithe ar na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta athbhreithnithe arna mbeartú le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg.

    (19)

    Tugann an Coimisiún faoi deara go leanann na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta, inniúlachta agus comhshaoil a leagtar síos sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe de bheith gan athrú. Níor ardaigh an Coimisiún aon toradh ar na spriocanna feidhmíochta sin ina Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/758 ná ina Chinneadh (AE) 2022/2255. Dá bhrí sin, ní leagtar amach aon bharúil bhreise sa Chinneadh seo maidir leis an measúnú ar spriocanna feidhmíochta sábháilteachta, inniúlachta ná comhshaoil.

    (20)

    Leis an scrúdú mionsonraithe cuireadh é ar a chumas don Choimisiún tuilleadh anailíse a dhéanamh ar na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta arna mbeartú ag an mBeilg agus ag Lucsamburg (mar a chuirtear i láthair sa tábla thíos), i bhfianaise na n-údar amhrais a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2255 maidir lena gcomhsheasmhacht leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais.

    Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge-Lucsamburg

    Luach bonnlíne 2014

    Luach bonnlíne 2019

    2020-2021

    2022

    2023

    2024

    Spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe faoi bhealach maidir leis an gcostas aonaid arna shuí, arna sloinneadh i dtéarmaí réadacha i bpraghsanna 2017 (‘EUR 2017’)

    EUR 81,78

    EUR 83,26

    EUR 189,52

    EUR 104,47

    EUR 94,18

    EUR 89,87

    (21)

    Leis an scrúdú mionsonraithe cumhdaíodh na heilimintí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2022/2255 agus díríodh ar sheirbhísí a bhaineann le haerspás na Beilge. Ar an gcúis sin, bhí iarrataí sheirbhísí an Choimisiúin ar fhaisnéis (féach aithrisí (10) go (15)) dírithe ar údaráis na Beilge, agus is chun críoch faisnéise amháin a fuair údaráis náisiúnta ábhartha Lucsamburg na hiarrataí sin.

    Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317

    (22)

    Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta athbhreithnithe a chuirtear i láthair in aithris (18) leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i gcomhréir leis na critéir mheasúnaithe atá i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 agus torthaí an scrúdaithe mhionsonraithe a leagtar amach in aithrisí (26) go (67) thíos á gcur san áireamh.

    (23)

    Maidir leis na critéir a leagtar síos i bpointí 1.4(a) agus 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gurb amhlaidh leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg a dhéantar an treocht CAAS ar fud an Aontais le linn TT3 agus an treocht CAAS fhadtéarmach ar fud an Aontais le linn TT2 agus TT3 le chéile a thearcfheidhmiú. Go deimhin, leis an treocht CAAS le haghaidh TT3 de + 1,9 % a bhaineann leis an mBeilg agus le Lucsamburg ní chomhlíontar an treocht ar fud an Aontais de + 1,0 % le linn na tréimhse céanna, cé go bhfuil a dtreocht CAAS fhadtéarmach de + 1,1 % i bhfad os cionn leibhéal na treochta comhfhreagraí ar fud an Aontais, is é sin - 1,3 %.

    (24)

    Maidir leis na critéir a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, shuigh an Coimisiún go bhfuil an luach bonnlíne le haghaidh CAAS de EUR 83,26 a bhaineann leis an mBeilg agus le Lucsamburg in EUR2017 13,2 % níos airde ná an meánluach bonnlíne de EUR2017 73,53 a bhaineann leis an ngrúpa comparáide ábhartha.

    (25)

    Mar chuid den scrúdú mionsonraithe, thug an Coimisiún bunús breise lena mheasúnú ar spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta na Beilge-Lucsamburg ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 trí anailís a dhéanamh ar na heilimintí seo a leanas:

    na costais arna suí le haghaidh an limistéir muirearaithe, arna miondealú de réir an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta (‘ANSP’);

    an chastacht a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar sa limistéar muirearaithe;

    na socruithe soláthair seirbhíse trasteorann le tíortha comharsanacha, agus a dtionchar airgeadais agus oibríochtúil; agus

    leithdháileadh na gcostas idir seirbhísí faoi bhealach agus críochfoirt.

    Torthaí maidir leis na costais arna suí le haghaidh an limistéir muirearaithe, arna miondealú de réir ANSP

    (26)

    Tugann an Coimisiún faoi deara gurb é a thagann as an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe costas aonaid arna shuí (‘CAAS’) de EUR 89,87 (in EUR 2017) le haghaidh na bliana 2024 le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg, mar a chuirtear i láthair in aithris (18). Is é sin an leibhéal is airde CAAS le haghaidh 2024 de na limistéir mhuirearaithe faoi bhealach uile a chuimsítear i raon feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe.

    (27)

    Is amhlaidh atá trí ANSP, is é sin skeyes, Lárionad Rialaithe Limistéar Uachtarach Maastricht (‘MUAC’) agus Riarachán Aerloingseoireachta Lucsamburg (‘ANA Lucsamburg’), ag fónamh don limistéar muirearaithe faoi scrúdú. Ina theannta sin, tabhaítear costais arna suí i leith údaráis mhaoirseachta náisiúnta (‘NSAnna’) na Beilge agus Lucsamburg faoi seach.

    (28)

    Leis an tábla thíos cuirtear i láthair conas atá bonn costais an limistéir muirearaithe roinnte in aghaidh an eintitis agus conas a tháinig éabhlóid ar na costais faoi seach de chuid na n-eintiteas sin le himeacht ama.

    Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge-Lucsamburg

    Luach bonnlíne 2014

    (EUR 2017)

    Luach bonnlíne 2019

    (EUR 2017)

    Costais arna suí 2024

    (EUR 2017)

    Athrú  (11) in aghaidh na bliana idir 2014 agus 2024

    Athrú  (12) in aghaidh na bliana idir 2019 agus 2024

    skeyes

    EUR 114 M

    EUR 131 M

    EUR 135 M

    +1,8  %

    +0,7  %

    MUAC

    EUR 54 M

    EUR 61 M

    EUR 75 M

    +3,7  %

    +5,5  %

    ANA Lucsamburg

    EUR 6 M

    EUR 6 M

    EUR 6 M

    +0,7  %

    -0,9  %

    NSAnna de chuid na Beilge agus Lucsamburg  (13)

    EUR 13 M

    EUR 13 M

    EUR 12 M

    -0,5  %

    -1,9  %

    Iomlán

    EUR 187 M

    EUR 211 M

    EUR 228 M

    +2,2  %

    +2,0  %

    (29)

    I leith na gcostas arna suí le haghaidh 2024, tugann an Coimisiún faoi deara go dtabhaíonn skeyes 59 % de na costais arna suí de chuid an limistéir muirearaithe, cé go bhfuil MUAC ina chúis le 33 % den bhonn costais. Seasann an sciar comhcheangailte de ANA Lucsamburg agus de na NSAnna de chuid na Beilge agus Lucsamburg do 8 % de na costais arna suí.

    (30)

    Aithníonn an Coimisiún gurb amhlaidh leis an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a dhéantar laghdú EUR 19,3 M (in EUR 2017) ar na costais iomlána arna suí le haghaidh an limistéir muirearaithe le haghaidh na bliana 2024 i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta. Tugann an Coimisiún faoi deara go rannchuidíonn skeyes go mór leis an laghdú sin le laghdú costais EUR 16 M (in EUR 2017). De réir na Beilge, bhain skeyes an laghdú costais sin amach tríd an méid seo a leanas:

    feabhsuithe táirgiúlachta (- EUR 5,5 M in EUR 2017);

    an t-athbhreithniú ar a phlean infheistíochta agus costais oibríochtúla eile (- EUR 4,2 M in EUR 2017); agus

    laghdú costais eisceachtúil arna chistiú tríd an mbarrachas a thagann as an difríocht idir na costais arna suí agus a leagtar síos sa dréachtphlean feidhmíochta le haghaidh na bliana 2021 agus na costais iarbhír a taifeadadh le haghaidh na bliana sin (- EUR 6,5 M in EUR 2017).

    (31)

    Ar an taobh eile, tugann an Coimisiún faoi deara gur lean costais MUAC arna leithdháileadh ar an limistéar muirearaithe de bheith gan athrú nach mór sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, ós rud é nár cuireadh i bhfeidhm ach mionlaghdú costais cothrom le EUR 0,3 M (in EUR 2017).

    (32)

    Bunaithe ar an meastóireacht arna déanamh ag PRB, tugann an Coimisiún faoi deara gur mhéadaigh skeyes agus MUAC araon a gcostais go substaintiúil i dtéarmaí réadacha le linn TT2 agus gur lean na costais sin de bheith ag méadú le linn TT3, agus iad tiomnaithe den chuid is mó le costais foirne níos airde agus costais oibriúcháin eile. In 2024, tá costais foirne skeyes beartaithe a bheith 6,9 % níos airde ná a leibhéal 2019, rud atá cothrom le difríocht EUR 6,5 M (in EUR 2017). Le haghaidh MUAC, tá an méadú ar chostais foirne arna dtabhú sa limistéar muirearaithe, i gcomparáid leis an staid in 2019, níos suntasaí fós, ós rud é go bhfuil sé beartaithe go mbeidh na costais sin 30 % níos airde in 2024 ná mar a bhí in 2019, ar méadú EUR 15,0 M (in EUR 2017) é sin..

    (33)

    Na costais arna suí agus a leagtar síos i leith ANA Lucsamburg agus na NSAnna de chuid na Beilge agus Lucsamburg, níl siad ina gcúis le haon údar imní.

    Barúlacha sonracha maidir le skeyes

    (34)

    I leith skeyes, ag a bhfuil an cion is mó de na costais arna suí sa limistéar muirearaithe, fuair an Coimisiún anailís tagarmharcála bhreise ó PRB. Leis an anailís sin léirítear gur tháinig meath ar fheidhmíocht chostéifeachtúlachta choibhneasta skeyes i gcomparáid le LVNL (14), ag a bhfuil timpeallacht oibríochtúil an-chosúil agus a áirítear sa ghrúpa comparáide céanna chun measúnú a dhéanamh ar spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta (15). I ndeireadh TT2, bhí costas aonaid skeyes le haghaidh 2019 2,2 % níos airde ná costas aonaid LVNL (16). Faoi dheireadh TT3, in 2024, tar éis chostas aonaid skeyes a choigeartú le haghaidh an laghdaithe aonuaire EUR 6,5 M (in EUR 2017) dá dtagraítear in aithris (30), tá coinne leis go mbeidh costas aonaid skeyes 9,4 % níos airde ná costas aonaid LVNL.

    (35)

    Ar bhonn mheastóireacht PRB, is é is príomhchúis leis an difríocht sin sa chostéifeachtúlacht idir skeyes agus LVNL na costais foirne. Bunaithe ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, tá sé beartaithe ag skeyes 23 % níos mó ná LVNL a chaitheamh in 2024 ar chostais foirne in aghaidh an aonaid seirbhíse faoi bhealach. Arna sloinneadh i dtéarmaí airgeadaíochta agus arna coigeartú do bhonn costais bliantúil skeyes, is é a bheadh sa bhearna sin formhuirear EUR 18,7 M (in EUR 2017) ar úsáideoirí aerspáis le haghaidh na bliana sin.

    (36)

    Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil tionchar suntasach ag costais a dhíorthaíonn ó scéim luathscoir ar a dtugtar ‘córas infhaighteachta feidhmiúil DISPO’ (‘scéim DISPO’ nó ‘DISPO’) ar chostéifeachtúlacht skeyes, ar scéim é lena gceadaítear, i gcomhréir le dlí na Beilge (17), do rialtóirí aerthráchta (‘ATCOnna’) a oibríonn in skeyes tarraingt siar ó dhualgas 5 bliana roimh a ndáta scoir dlíthiúil. Le linn na 5 bliana sin, faigheann siad liúntas atá cothrom le idir 75 % agus 85 % dá dtuarastal deiridh. De réir na faisnéise a sholáthraítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, cuirtear ATCOnna in DISPO ag aois 56 faoi láthair agus tá an teorainn aoise sin le hardú chuig 57 ó 2025 ar aghaidh.

    (37)

    Tugann an Coimisiún faoi deara go ndéanann skeyes costais scéim DISPO a sheasamh go hiomlán, a chuireann na costais sin ar aghaidh chuig úsáideoirí aerspáis trína bhoinn costais faoi bhealach agus críochfoirt. Bunaithe ar na sonraí costais stairiúla agus na meastacháin costais todhchaí mhionsonraithe le haghaidh TT3 arna soláthar ag an mBeilg, tá na costais faoi bhealach a thagann as DISPO cothrom le EUR 29 M san iomlán (in EUR 2017) le linn TT3 agus tháinig méadú faoi dhó orthu nach mór i gcomparáid le TT2. I leith na bliana 2024, thuairiscigh an Bheilg go bhfuil na costais arna suí faoi bhealach a thagann as scéim DISPO cothrom le EUR 8,7 M (in EUR 2017).

    (38)

    Aithníonn an Coimisiún go gcruthaítear costas méadaitheach DISPO le himeacht ama leis an líon níos airde ATCOnna a thairbhíonn den scéim sin. Go deimhin, cé gur thuairiscigh an Bheilg 43 FTE san iomlán le haghaidh skeyes faoi DISPO in 2022, tá coinne leis go sroichfidh an líon sin 71 FTE in 2024. Tá coinne ag an mBeilg leis go dtiocfaidh méadú céimneach seasta ar an líon FTEnna faoi DISPO, fiú tar éis TT3, go dtí 2030 ar a laghad.

    (39)

    Tugann an Coimisiún faoi deara le linn a socrúcháin faoi scéim DISPO go leanann na ATCOnna lena mbaineann de bheith ar fáil do skeyes agus gur féidir go ndéanfaidh skeyes iad a athghairm chun seirbhíse tráth ar bith, agus luach saothair iomlán ann, chun cúraimí seachas cúraimí ATCO oibríochtúil a dhéanamh. Mar sin féin, le faisnéis arna soláthar ag an mBeilg léirítear nach ndearna skeyes ach líon an-teoranta ATCOnna a chuirtear faoi DISPO a athghairm iarbhír. Ó 2015, athghaireadh 17 ATCO, cuid díobh roinnt uaireanta le haghaidh feidhmeanna éagsúla. Ag féachaint do na meastacháin arna soláthar ag PRB, leis na ATCOnna athghairthe sin soláthraíodh rannchuidiú de thart ar 4 FTE in 2022 le gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar seirbhíse faoi bhealach. Ní sheasann na 4 FTE sin ach d’aon deichiú den chomhthiomsú iomlán FTEnna a d’fhéadfadh a bheith ar fáil faoi DISPO. Léirítear leis sin go mbaineann skeyes úsáid an-teoranta as an bhfoireann atá ar fáil faoi DISPO.

    (40)

    Níor bheartaigh an Bheilg aon bheart maolaithe sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe chun tionchar airgeadais méadaitheach sin scéim DISPO a theorannú ar bhonn costais TT3.

    Barúlacha sonracha maidir le MUAC

    (41)

    Rinne an Coimisiún scrúdú breise ar conas a rinne na Ballstáit a bhaineann le Comhaontú MUAC (18), is é sin an Bheilg, an Ghearmáin, Lucsamburg agus an Ísiltír (‘Stáit MUAC’) a gcostais iomlána arna suí agus arna dtabhú ag MUAC a leithdháileadh ar a limistéir mhuirearaithe faoi seach.

    (42)

    Ina leith sin, tugann an Coimisiún faoi deara go ndéantar na costais arna suí de chuid MUAC a dháileadh idir Stáit MUAC ar bhonn critéar aonair amháin, is é sin an líon ATCOnna cáilithe i seirbhís nó a bheartaítear a bheith i seirbhís sna trí ghrúpa earnála (19) de chuid MUAC an 1 Eanáir gach bliain. Tugann an Coimisiún faoi deara thairis sin go ndéantar 92 % de chostais ghrúpa earnáil na Bruiséile (‘earnáil na Bruiséile’) a leithdháileadh ar limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg. Tá an dá ghrúpa eile de chuid earnáil MUAC, is é sin ‘grúpa earnáil DECO’ agus ‘grúpa earnáil Hannover’, suite lasmuigh de raon feidhme geografach limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg agus dá réir sin ní ghineann siad costais a leithdháiltear ar an limistéar muirearaithe sin.

    (43)

    Tuigeann an Coimisiún gur leagadh amach an mhodheolaíocht leithdháilte costas i gComhaontú MUAC agus gurb é atá mar bhonn taca fúithi an toimhde go léirítear leis an líon ATCOnna i ngach earnáil an t-ualach oibre chun na seirbhísí a sholáthar agus dá réir sin costais na seirbhísí agus castacht gach earnála.

    (44)

    Mar sin féin, tugann an Coimisiún faoi deara gur léirigh an Bheilg a húdair imní le blianta beaga anuas maidir le héifeachtaí na modheolaíochta leithdháilte costas sin ar a limistéar muirearaithe. Go háirithe, áitíonn an Bheilg go bhfuil a ranníocaíocht le costais iomlána MUAC, arna ríomh ar bhonn an lín ATCOnna arna leithdháileadh ar earnáil na Bruiséile, ard go díréireach agus é a á chur san áireamh go ndéanann earnáil na Bruiséile líon níos ísle d’aonaid seirbhíse agus ioncam gaolmhar níos ísle a ghiniúint go comparáideach ná an dá earnáil eile de chuid MUAC. Thairis sin, cuireann an Bheilg in iúl gurb amhlaidh le castacht níos airde a haerspáis, as a dtagann ualach oibre breise le haghaidh ATCOnna, a mhínítear an costas níos airde in aghaidh an aonaid seirbhíse a bhaineann le hearnáil na Bruiséile de chuid MUAC i gcomparáid leis an dá earnáil MUAC eile.

    (45)

    Bunaithe ar mheastóireacht PRB, tugann an Coimisiún faoi deara gurb amhlaidh a tháinig méadú le himeacht ama ar an sciar de chostais iomlána MUAC a leithdháiltear ar an mBeilg agus ar Lucsamburg, ós rud é gur tháinig méadú ar an líon ATCOnna a sannadh d’earnáil na Bruiséile. Dá réir sin, cé gur rannchuidigh an Bheilg agus Lucsamburg le 32 % de chostais MUAC in 2014, d’ardaigh an sciar sin chuig 34 % in TT3. Is measa fós éifeacht an athraithe sin ar bhonn costais limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg de dheasca an mhéadaithe fhoriomláin ar chostais iomlána MUAC. Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil na costais arna suí de chuid MUAC le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg socraithe ag 39 % níos airde i dtéarmaí réadacha le haghaidh 2024 ná in 2014 (20), cé go dtuartar nach mbeidh na haonaid seirbhíse le haghaidh an limistéir muirearaithe in 2024 ach 11 % os cionn a leibhéil 2014.

    (46)

    Tugann an Coimisiún faoi deara an ráiteas arna dhéanamh ag an mBeilg le linn an scrúdaithe mhionsonraithe lena léirítear go bhfuil an mhodheolaíocht chun cistiú a dhéanamh ar chostais MUAC a bunaíodh in 1986 ‘bunaithe ar chóras gnóthaithe costais’ agus ‘nach leanann sí an rialú eacnamaíoch arna forchur leis an scéim feidhmíochta’. De réir na mbarúlacha gaolmhara arna n-ardú ag PRB, tairbhíonn MUAC de facto, de chóras gnóthaithe costais iomláin mar a thugtar air. Dá réir sin, d’ainneoin gur soláthraí seirbhíse aerloingseoireachta é a thagann faoi raon feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, ní iompraíonn MUAC na rioscaí airgeadais ná ní chuireann sé i bhfeidhm na dreasachtaí airgeadais a dhíorthaíonn ón sásra comhroinnte riosca tráchta a leagtar amach in Airteagal 27 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, an sásra comhroinnte riosca costais a leagtar amach in Airteagal 28 den Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/317 sin ná na dreasachtaí chun spriocanna acmhainneachta a leagtar amach in Airteagal 11(3) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin a bhaint amach.

    (47)

    Tugann an Coimisiún faoi deara gurb amhlaidh leis an bhfaisnéis a fuarthas den chéad uair le linn an scrúdaithe mhionsonraithe ar chur chun feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe i leith MUAC a ardaítear údair imní ó thaobh comhlíontacht leis na ceanglais dlí ábhartha. Tá an chonclúid sin gan dochar d’aon imeacht um shárú, a fhéadfaidh an Coimisiún a dhéanamh i leith an ábhair sin.

    Costais a bhaineann leis na hinfheistíochtaí TT2 a cuireadh ar athló nó a cealaíodh

    (48)

    Tugann an Coimisiún faoi deara gurb amhlaidh, le linn TT2, a chuir skeyes agus MUAC roinnt infheistíochtaí beartaithe i sócmhainní seasta ar athló nó a chealaigh siad iad, ar infheistíochtaí iad a bhí mar chuid de phlean feidhmíochta TT2. Muirearaíodh na hinfheistíochtaí sin go páirteach ar úsáideoirí aerspáis mar chuid den bhonn costais le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg d’ainneoin nár críochnaíodh na hinfheistíochtaí sin agus dá réir sin nár soláthraíodh na tairbhí oibríochtúla lena raibh coinne leo. De réir na ríomhanna arna ndéanamh ag PRB, lenar gineadh, i dtéarmaí ainmniúla agus le haghaidh TT2 ina iomláine, gnóthachan EUR 7,8 M i leith skeyes agus gnóthachan EUR 2,1 M i leith MUAC. Léiríonn an Bheilg nach bhfuil sé beartaithe aici aon mhéid a mhuirearaítear in TT2 a aisíoc le húsáideoirí aerspáis le haghaidh na n-infheistíochtaí atá beartaithe agus nach bhfuil críochnaithe i sócmhainní seasta ós rud é go measann sí nach bhfuil aon cheanglas dlí ann déanamh amhlaidh i leith TT2.

    (49)

    I gcás ina dtugtar cuid de na hinfheistíochtaí TT2 sin chun críche ag céim níos déanaí, i gcomhréir le hAirteagal 22(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, ba cheart do NSAnna de chuid na Beilge agus Lucsamburg a áirithiú maidir le haon mhéid gaolmhar, a gnóthaíodh cheana in TT2, nach muirearaítear iad an dara huair ar úsáideoirí aerspáis in TT3 ná i dtréimhsí tagartha ina dhiaidh sin.

    Torthaí maidir leis an gcastacht a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar sa limistéar muirearaithe, agus a héabhlóid le himeacht ama

    (50)

    D’áitigh an Bheilg agus Lucsamburg gur príomhthoisc í castacht an aerspáis i dtaca le diall a spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta beartaithe ó na treochtaí CAAS ar fud an Aontais. Míníonn an Bheilg agus Lucsamburg go háirithe go méadaítear ualach oibre coibhneasta ATCOnna le castacht aerspás na Beilge-Lucsamburg agus dá réir sin go bhfuil drochéifeacht aige sin ar tháirgiúlacht ATCO agus ar an mbonn costais faoi bhealach.

    (51)

    Ag féachaint do na torthaí arna ndéanamh ag PRB, aithníonn an Coimisiún go bhfuil an t-aerspás i limistéar muirearaithe na Beilge agus Lucsamburg an-chasta de dheasca an lín ard eitiltí agus an mheascáin de ruthaig eitiltí. Dá réir sin, tá dálaí oibríochta casta roimh skeyes agus MUAC.

    (52)

    Mar sin féin, tugann an Coimisiún faoi deara nár sholáthair an Bheilg ná Lucsamburg aon fhianaise lena léirítear gur éirigh na hoibríochtaí níos casta in TT3 ná in TT2, ná go méadódh an chastacht a thuilleadh sna míonna a bhí fágtha de TT3.

    (53)

    Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, a ndearadh PRB tuilleadh anailíse uirthi, lean an chastacht de bheith sách cobhsaí le linn TT2 i leith skeyes agus MUAC araon. A mhéid a bhaineann le 2020 agus 2021, ní féidir teacht ar aon chonclúid thábhachtach maidir le castacht oibríochtaí de dheasca na leibhéal tráchta atá íseal go heisceachtúil, a tháinig as paindéim COVID-19. A mhéid a bhaineann leis an gcuid eile de TT3, níl aon fhianaise ann chun glacadh leis go n-athródh an chastacht go suntasach leis an staid a breathnaíodh le linn TT2.

    (54)

    Ós rud é go raibh castacht sách ard na n-oibríochtaí i limistéar muirearaithe na Beilge agus Lucsamburg seasmhach le himeacht ama faoi ghnáthdhálaí tráchta, mar a mhínítear in aithrisí (52) agus (53), measann an Coimisiún nach féidir an chastacht sin a agairt mar réasúnú le haghaidh na méaduithe costais in TT3. Dá réir sin, déantar na torthaí in aithris (23) maidir leis na critéir mheasúnaithe a leagtar amach i bpointí 1.4(a) agus (b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a choinneáil ar bun.

    (55)

    Thairis sin, meabhraíonn an Coimisiún gur cuireadh castacht na n-oibríochtaí san áireamh cheana agus na grúpaí comparáide de ANSPanna á sainmhíniú, a úsáidtear chun críoch an chritéir measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Faoi láthair cuimsítear le grúpaí comparáide socraithe ANSPanna ag a bhfuil dálaí oibríochtúla agus eacnamaíocha comhchosúla agus cuimsítear le grúpa comparáide na Beilge agus Lucsamburg an Ostair, an Eilvéis agus an Ísiltír, a bhfuil timpeallacht oibríochtúil sách casta rompu uile. Dá réir sin, déantar an toradh in aithris (24) maidir leis an gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a choinneáil ar bun.

    Torthaí maidir leis na socruithe soláthair seirbhíse trasteorann le tíortha comharsanacha, agus a dtionchar airgeadais agus oibríochtúil

    (56)

    Sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, míníonn an Bheilg agus Lucsamburg go n-áirítear in earnáil na Bruiséile de chuid MUAC soláthar seirbhísí trasteorann in aerspás na Fraince agus na Gearmáine. Sonraíonn an Bheilg agus Lucsamburg, ina theannta sin, go ndéantar na haonaid seirbhíse faoi bhealach le haghaidh na n-eitiltí a rialaíonn MUAC sna limistéir thrasteorann sin a thaifeadadh i limistéir mhuirearaithe na mBallstát sin, cé go ndéantar na costais le haghaidh na seirbhísí soláthraithe sin a mhuirearú ar na húsáideoirí a eitlíonn i limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg. Cuireann an Bheilg agus Lucsamburg in iúl gurb é a thagann as an staid sin costas aonaid méadaithe arna shuí ina limistéar muirearaithe.

    (57)

    Le linn an scrúdaithe mhionsonraithe, rinne an Coimisiún anailís ar na socruithe soláthair seirbhíse trasteorann a bhaineann le limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg. Shuigh an Coimisiún go soláthraíonn MUAC seirbhísí i dtrí limistéar thrasteorann atá lonnaithe sa Fhrainc agus sa Ghearmáin, a bhfuil tábhacht leo ó thaobh an ualaigh oibre agus ar lena aghaidh nach bhfaigheann MUAC aon chúiteamh airgeadais ó na Ballstáit a bhfuil an soláthar seirbhíse tarmligthe acu. Is féidir an bharúil chéanna a thabhairt maidir le dhá limistéar thrasteorann atá lonnaithe in aerspás na hÍsiltíre ina bhfuil soláthar seirbhísí tarmligthe chuig skeyes.

    (58)

    Bunaithe ar thuilleadh anailíse arna déanamh ag PRB, measann an Coimisiún gur sheas na seirbhísí arna soláthar ag MUAC agus skeyes sna limistéir thrasteorann dá dtagraítear in aithris (57) do chostas iomlán de thart ar EUR 12,2 M (in EUR 2017) in 2019, a seasann sciar MUAC de do EUR 6,8 M (in EUR 2017) agus sciar skeyes de do EUR 5,4 M (in EUR 2017).

    (59)

    Tugann an Coimisiún faoi deara, áfach, nár thuairiscigh an Bheilg aon athrú i soláthar seirbhísí arna dhéanamh ag skeyes agus MUAC i limistéir thrasteorann le linn TT2 ná TT3. Níor leathnaigh na gníomhaíochtaí sin ó thaobh raon feidhme ná níor gineadh ualach oibre breise leo le haghaidh na ANSPanna le linn TT2 agus TT3. Dá réir sin, ós rud é gur lean na costais ghaolmhara de bheith cobhsaí go comhréireach mar sciar de bhonn costais iomlán limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg, na seirbhísí arna soláthar ag skeyes agus MUAC i limistéir thrasteorann níl tionchar suntasach acu ar ríomh na dtreochtaí costéifeachtúlachta. Dá réir sin, déantar na torthaí in aithris (23) maidir leis na critéir mheasúnaithe a leagtar amach i bpointí 1.4(a) agus (b) d’Iarscríbhinn IV a choinneáil ar bun.

    (60)

    Ar deireadh, cé gurb amhlaidh a thugtar leis na socruithe soláthair seirbhíse trasteorann scrúdaithe tairbhí suntasacha trí chastacht oibríochtaí a laghdú agus éifeachtúlacht na seirbhísí a fheabhsú, is é atá i gceist leis an bprionsabal ‘íoc mar a úsáidtear’ a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 550/2004 gur ‘cheart d’úsáideoirí aerspáis íoc as na costais a ghineann siad ag an bpointe úsáide, nó chomh gar agus is féidir dó sin’ (21). Dá réir sin, le hAirteagal 21(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ceanglaítear go mbeidh limistéir mhuirearaithe ‘i gcomhréir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta’ agus sonraítear gur ‘féidir a áireamh leo seirbhísí arna soláthar ag soláthraí seirbhíse aerloingseoireachta a bhunaítear i mBallstát eile i ndáil le haerspás trasteorann’. Le hAirteagal 22(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin sonraítear a thuilleadh maidir leis an mbonn costais le haghaidh limistéar muirearaithe ‘gurb é a bheidh ann na costais arna suí a bhaineann le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta sa limistéar muirearaithe lena mbaineann’.

    (61)

    I bhfianaise ar luadh in aithris (60), measann an Coimisiún gurb amhlaidh maidir leis na socruithe airgeadais atá i bhfeidhm maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta sna limistéir thrasteorann dá dtagraítear in aithris (57), nach bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais dlí atá mar bhonn taca faoin scéim feidhmíochta agus muirearaithe. Tá an chonclúid sin gan dochar d’aon imeacht um shárú, a fhéadfaidh an Coimisiún a dhéanamh i leith an ábhair sin.

    (62)

    I bhfianaise nach bhfuil maoiniú na seirbhísí dá bhforáiltear i limistéir thrasteorann i gcomhréir leis na forálacha dlí dá dtagraítear in aithris (60), ní féidir é a úsáid chun údar a thabhairt le haon choigeartú ar an luach bonnlíne le haghaidh 2019 chun críoch an chritéir measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Thairis sin, ag féachaint do na torthaí arna ndéanamh ag PRB, fiú dá mbeadh an luach bonnlíne le haghaidh 2019 de limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg coigeartaithe le haghaidh seirbhísí arna soláthar i limistéir thrasteorann, thiocfadh difríocht de + 5.9 % as sin fós féin le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg i gcomparáid le meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide. Dá réir sin, déantar an toradh in aithris (24) maidir leis an gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a choinneáil ar bun.

    Torthaí maidir le leithdháileadh na gcostas idir seirbhísí faoi bhealach agus críochfoirt

    (63)

    Thug an Bheilg modheolaíocht leithdháilte costais athbhreithnithe isteach in TT3 chun costais arna suí a chionroinnt idir seirbhísí faoi bhealach agus críochfoirt le haghaidh TT3. Baineann na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm le leithdháileadh chostais na seirbhísí rialaithe ascnaimh ‘costais ascnaimh’) arna dtabhú ag skeyes agus leithdháileadh na gcostas arna dtabhú ag NSA na Beilge. Tugann an Coimisiún faoi deara gur chinn an Bheilg a gcostais ascnaimh a leithdháileadh go hiomlán nach mór ar sheirbhísí faoi bhealach as a dtagann costais bhreise arna suí a aistriú chuig limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg in TT3.

    (64)

    Tugann an Coimisiún faoi deara gur choigeartaigh an Bheilg agus Lucsamburg na luachanna bonnlíne le haghaidh 2014 agus 2019 sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe chun na hathruithe i leithdháileadh na gcostas idir seirbhísí faoi bhealach agus críochfoirt a chur san áireamh. Dá bhrí sin, níl tionchar díreach ag na hathruithe sin ar an measúnú ar na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

    (65)

    Mar sin féin, ag féachaint don mheastóireacht arna déanamh ag PRB, tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna an Bheilg méadú EUR 14,3 M (in EUR 2017) ar luach bonnlíne 2019 le haghaidh an limistéir muirearaithe faoi bhealach cé go ndearna sé laghdú EUR 4,4 M (in EUR 2017) an tráth céanna ar an luach bonnlíne le haghaidh a limistéir muirearaithe críochfoirt, lena n-áirítear aerfort na Bruiséile (EBBR). Tá an Coimisiún feasach go dtabhaíonn skeyes costais freisin i ndáil le seirbhísí ascnaimh arna soláthar ag aerfoirt réigiúnacha, atá lasmuigh de raon feidhme an phlean feidhmíochta in TT3. Mar sin féin, measann an Coimisiún gur mhainnigh ar an mBeilg míniú agus údar leordhóthanach a thabhairt ar an neamhréireacht mhór idir na coigeartuithe arna gcur i bhfeidhm maidir leis na luachanna bonnlíne faoi bhealach agus críochfoirt, ós rud é gur cosúil go bhfuil na costais ascnaimh arna n-athdháileadh a bhaineann le haerfoirt réigiúnacha lasmuigh de raon feidhme an phlean feidhmíochta díréireach.

    (66)

    Thairis sin, suíonn an Coimisiún gurb amhlaidh, trína chostais ascnaimh a áireamh go hiomlán nach mór sa bhonn costais faoi bhealach, nár leithdháil an Bheilg na costais sin ar bhealach comhréireach idir seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí críochfoirt ar bhonn modheolaíocht thrédhearcach. Measann an Coimisiún gurb amhlaidh le leithdháileadh den sórt sin ar chostais ascnaimh a mhainnítear na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 15(2), pointe (e), de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 agus in Airteagal 22(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a chomhlíonadh.

    (67)

    Dá bhrí sin, i bhfianaise na mbarúlacha in aithrisí (63) go (66), tá an Cinneadh seo gan dochar d’aon imeacht um shárú, a fhéadfaidh an Coimisiún a dhéanamh i leith na n-athruithe ar an modheolaíocht leithdháilte costais arna cur i bhfeidhm in TT3 ag an mBeilg.

    Conclúid maidir leis an measúnú ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar amach i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317

    (68)

    I bhfianaise na mbarúlacha roimhe seo, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach ndéantar leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg aon cheann de na critéir mheasúnaithe a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a chomhlíonadh.

    Measúnú ar na bearta arna n-agairt ag an mBeilg agus ag Lucsamburg chun údar a thabhairt leis na dialltaí a breathnaíodh ó na treochtaí costéifeachtúlachta ar fud an Aontais

    (69)

    Thairis sin, de bhun phointe 1.4(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na dialltaí ó na critéir a leagtar amach i bpointí 1.4(a), 1.4(b) agus 1.4(c) den Iarscríbhinn sin riachtanach agus comhréireach chun gur féidir na spriocanna feidhmíochta a bhaint amach sa phríomhréimse feidhmíochta acmhainneachta nó chun bearta athstruchtúraithe de réir bhrí Airteagal 2(18) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a chur chun feidhme. Go háirithe, d’fhíoraigh an Coimisiún cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh is ann do na dialltaí a breathnaíodh ón treocht CAAS ar fud an Aontais agus ón treocht CAAS fhadtéarmach ar fud an Aontais go heisiach de bharr costais bhreise arna suí le haghaidh bearta a bhaineann le hacmhainneacht.

    (70)

    Ag féachaint do na ríomhanna arna ndéanamh ag PRB, tugann an Coimisiún faoi deara gurb amhlaidh atá an difríocht mheasta idir na costais faoi bhealach arna suí in TT3 a bhaineann le limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg le haghaidh na bliana 2024 agus na costais arna suí agus a cheanglófaí chun an treocht CAAS ar fud an Aontais in TT3 a chomhlíonadh cothrom le thart ar EUR 8,2 M in EUR2017, cé go mbreathnaítear difríocht chomhfhreagrach de thart ar EUR 43,7 M in EUR2017 i leith na treochta CAAS fadtéarmaí ar fud an Aontais.

    (71)

    Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil seacht mbeart sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach (‘bearta a bhaineann le hacmhainneacht’), a measann an Bheilg agus Lucsamburg go bhfuil gá leo chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach agus lena dtabharfaí údar de réir na Beilge agus Lucsamburg le dialltaí a spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ó na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ar fud an Aontais.

    (72)

    Tar éis na dtorthaí a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2255 i leith na mbeart sin a bhaineann le hacmhainneacht, rinne an Coimisiún tuilleadh anailíse ar na bearta sin.

    Beart 1

    (73)

    Is é atá sa chéad bheart a bhaineann le hacmhainneacht (‘Beart 1’) ATCOnna a bheith á n-earcú ag skeyes agus oiliúint a bheith á cur aige orthu chun leibhéil foirne ATCO leordhóthanacha a choinneáil ar bun in TT3 agus sa cheathrú tréimhse thagartha (‘TT4’). Míníonn an Bheilg agus Lucsamburg go bhfuil Beart 1 fíor-riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an lucht saothair ATCO atá ag dul in aois agus dá dheasca sin ar an líon ard díobh a bhfuil coinne leis go rachaidh siad ar scor le linn TT3 agus TT4. Díorthaíonn an scor sin go háirithe ó chur i bhfeidhm scéim DISPO dá dtagraítear in aithris (36).

    (74)

    Chuir an Bheilg i dtábhacht a thuilleadh, le linn an scrúdaithe mhionsonraithe, go dtiocfadh laghdú 15 % ar an líon ATCOnna in oibríochtaí ag skeyes faoi dheireadh TT3 gan na gníomhaíochtaí oiliúna agus earcaíochta dá bhforáiltear faoi Bheart 1. De réir na Beilge, thiocfadh laghdú suntasach ar an acmhainneacht as sin.

    (75)

    I bhfianaise na faisnéise arna soláthar ag an mBeilg, comhaontaíonn an Coimisiún gur gá do skeyes oiliúint a chur ar ATCOnna agus iad a earcú chun leibhéil foirne ATCO a choinneáil ar bun agus a fheabhsú agus chun a áirithiú go mbeidh an líon ATCOnna leordhóthanach i bhfianaise na héabhlóide tráchta atá tuartha amach anseo. Mar sin féin, tugann an Coimisiún faoi deara freisin gurb é is cúis, den chuid is mó, leis an ngá le hoiliúint chomh fairsing sin a chur ar ATCOnna nua an luathscor a dhíorthaíonn as scéim DISPO.

    (76)

    Mhéadaigh costais iomlána Bheart 1 sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe agus tá siad cothrom le thart ar EUR 27 M (in EUR 2017) le linn TT3. I gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta, tá costais Bheart 1, i dtéarmaí ainmniúla, 22,4 % níos airde le haghaidh 2022, 49,0 % níos airde le haghaidh 2023 agus 36,8 % níos airde le haghaidh 2024.

    (77)

    Áitíonn an Bheilg go dtugtar údar le costais mhéadaithe Bheart 1 leis an tionchar atá ag boilsciú níos airde agus le meastachán níos cruinne ar chostais iarbhír earcaíochtaí nua, de bharr téarnamh tráchta níos gasta agus an ráta teipe de chuid mic léinn ATCO a bheith níos airde ná mar a bhí coinne leis sna timthriallta oiliúna a críochnaíodh cheana le linn TT3. Go sonrach, míníonn an Bheilg gur thug skeyes a phlean gnó cothrom le dáta sular cuireadh isteach an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe agus go bhfuil sé beartaithe anois aige ATCOnna breise a earcú ag a uasacmhainneacht oiliúna le linn na mblianta 2022 go 2024.

    (78)

    Tugann an Coimisiún faoi deara, go comhthreomhar, faoin dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe go bhfuil an líon ATCOnna a bheartaítear a bheith in oibríochtaí in 2024 6 % níos ísle ná sa dréachtphlean feidhmíochta. Glacann an Coimisiún leis go dtagann an staid sin as ráta teipe na mac léinn ATCO faoi oiliúint ag skeyes a bheith níos airde ná mar a réamh-mheasadh, rud a luaitear in aithris (77).

    (79)

    Tugann an Coimisiún faoi deara, go bhfuil na méaduithe costais maidir le Beart 1, dá dtagraítear in aithris (76), i bhfad níos airde ná na hathruithe ar an innéacs boilscithe a léirítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe. Tugann an Coimisiún faoi deara go raibh na costais a cuireadh i láthair i dtús sa dréachtphlean feidhmíochta maidir le Beart 1 teoranta d’oiliúint a chur ar rialtóirí chun críoch na seirbhísí faoi bhealach arna soláthar ag skeyes i raon feidhme limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg. Mar sin féin, bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas ón mBeilg le linn an scrúdaithe mhionsonraithe, leis na costais mhéadaithe ar Bheart 1 a áirítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe cumhdaítear freisin oiliúint a bheith á cur ar rialtóirí ag skeyes le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt. Costais a bhaineann leis an limistéar muirearaithe críochfoirt, níor cheart iad a áireamh i mBeart 1.

    (80)

    Dá réir sin, measann an Coimisiún nár mhínigh an Bheilg go leordhóthanach, d’ainneoin gur iarradh uirthi déanamh amhlaidh, conas a rinneadh na gníomhaíochtaí oiliúna ATCO beartaithe agus an glacadh isteach beartaithe de mhic léinn ATCO i leith seirbhísí faoi bhealach a oiriúnú idir an dréachtphlean feidhmíochta agus an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe. Ina theannta sin, níor thug an Bheilg bunús, i leith seirbhísí faoi bhealach, leis na costais mheasta arna dtabhú ag skeyes in aghaidh an mhic léinn ATCO ná níor sholáthair sí mínithe ar ard-inathraitheacht na gcostas sin ó bhliain go chéile. I bhfianaise na gcomaoineacha sin, ní raibh an Coimisiún in ann a chainníochtú conas a bhí an méadú pleanáilte ar an líon mac léinn ATCO ag skeyes, a luaitear in aithris (77), ina rannchuidiú leis an athrú ar chostais Bheart 1 a bhreathnaítear in aithris (76) maidir le seirbhísí faoi bhealach.

    (81)

    Fiú ag glacadh leis gurb amhlaidh a bheadh costais oiliúna níos airde tabhaithe ag skeyes i leith seirbhísí faoi bhealach agus de bharr líon méadaithe de mhic léinn ATCO ó 2022 go 2024, measann an Coimisiún go maolaítear na costais oiliúna níos airde sin go méid suntasach ar a laghad leis na costais foirne laghdaithe a dhíorthaíonn ón líon níos ísle ATCOnna beartaithe in oibríochtaí le linn na tréimhse céanna, mar a bhreathnaítear in aithris (78).

    (82)

    Tugann an Coimisiún faoi deara go dtagann na costais arna dtabhú le haghaidh Bheart 1 de facto go méid suntasach as scéim DISPO a roghnaigh an Bheilg féin a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm maidir leis na ATCOnna a oibríonn ag skeyes. Is léir gurb é a thagann as scéim DISPO, le linn TT3, líon ard ATCOnna a bheith ag dul ar scor, ar ualach airgeadais agus oibríochtúil suntasach ar skeyes é ATCOnna nua a bheith á gcur ina n-ionad go comhuaineach. Mar sin féin, ag féachaint don mheastóireacht arna déanamh ag PRB agus don ghá dianriachtanach go n-áiritheodh skeyes soláthar slán agus leanúnach na hacmhainneachta a cheanglaítear in TT3, measann an Coimisiún, ar an iomlán, go bhfuil gá le Beart 1 chun na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla a bhaint amach. Mar sin féin, measann an Coimisiún gur mhainnigh ar an mBeilg údar a thabhairt leis gurb amhlaidh atá údar leis an méadú suntasach ar na costais a chuirtear i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh Bheart 1, i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta, agus atá an méadú sin comhréireach, seachas a mhéid a bhaineann le héifeacht an tuair boilscithe níos airde ar na costais sin. Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann leis na costais bhreise a mheastar a bheith riachtanach agus comhréireach chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gurb iad na costais atá le cur san áireamh i leith Bheart 1 na cinn sin a chuirtear i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta, arna dtiontú i dtéarmaí réadacha.

    Beart 2

    (83)

    Is é atá sa dara beart a bhaineann le hacmhainneacht (‘Beart 2’) córas bainistíochta aerspáis aonair, comhtháite agus comhchuibhithe a bheith á chur in ionad a chórais bainistíochta aerthráchta (‘BAT’) ag skeyes, rud atá le forbairt le MUAC agus Cosaint na Beilge mar chuid den tionscadal ‘Seirbhísí Aerthráchta Comhroinnte Córas 3’ (‘tionscadal SAS 3’). Mar sin féin, níl sé pleanáilte go dtiocfaidh an córas BAT nua sin de chuid skeyes i bhfeidhm ach tar éis dheireadh TT3, agus is féidir nach dtiocfaidh sé i bhfeidhm roimh 2030, agus dá réir sin níl ach gníomhaíochtaí ullmhúcháin pleanáilte le haghaidh TT3.

    (84)

    Le Beart 2 áirítear freisin uasghrádú meán-saolré an chórais BAT atá ag skeyes faoi láthair, rud ba cheart teacht chun bheith oibríochtúil le linn céim idirthréimhseach roimh rolladh amach an chórais BAT nua a dhíorthaíonn ó thionscadal SAS 3. Shoiléirigh an Bheilg, le linn an scrúdaithe mhionsonraithe, go n-áirítear leis an uasghrádú meán-saolré uasghrádú teicniúil agus uasghrádú feidhmiúil, agus tá coinne leis go gcumasófar acmhainneacht bhreise leis sin in TT4.

    (85)

    Íslíodh costais iomlána Bheart 2 sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe agus tá siad cothrom le EUR 7,4 M (in EUR 2017) le linn TT3. I gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta, tá costais Bheart 2, i dtéarmaí ainmniúla, 1,9 % níos ísle le haghaidh 2022, 9,5 % níos ísle le haghaidh 2023 agus 11,9 % níos ísle le haghaidh 2024. Shoiléirigh an Bheilg go léirítear leis na hathruithe sin ar bhealach níos fearr luach iarbhír an chonartha arna shíniú ag skeyes i Nollaig 2021 le haghaidh an uasghrádaithe meán-saolré ar an gcóras BAT atá aige faoi láthair.

    (86)

    Shoiléirigh an Bheilg gurb amhlaidh le linn an scrúdaithe mhionsonraithe nach dtabhófar aon chostas dímheasa in TT3 maidir leis an gcóras BAT nua a eascraíonn as tionscadal SAS 3. Mar sin féin, is léir ón bhfaisnéis arna soláthar ag an mBeilg go bhfuil sé pleanáilte costas caipitil ar ‘chóras BAT nua’ a mhuirearú cheana in TT3, d’ainneoin nach dtarlódh cur in úsáid an chórais sin ach roinnt blianta tar éis dheireadh TT3.

    (87)

    Measann an Coimisiún go bhfuil údar dá réir sin le huasghrádú pleanáilte agus athsholáthar iardain an chórais BAT atá ag skeyes faoi láthair, agus sin ó thaobh oibríochtúil, agus gur féidir a mheas go bhfuil gá leo chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach.

    (88)

    Mar sin féin, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil údair amhrais thromchúiseacha ann maidir le cur chun feidhme tráthúil Bheart 2. Go deimhin, le linn an scrúdaithe mhionsonraithe, chuir tríú páirtithe an Coimisiún ar an eolas go raibh skeyes ag smaoineamh ar tharraingt siar ó thionscadal SAS 3, rud atá mar bhonn taca faoi fhorbairt phleanáilte an chórais BAT nua. Níor chuir údaráis na Beilge in aghaidh na faisnéise sin, ach chuir siad i dtábhacht go raibh pléití fós ar bun idir na páirtithe rannpháirteacha maidir le todhchaí an tionscadail. I bhfianaise na mbarúlacha sin, measann an Coimisiún nár sholáthair an Bheilg dearbhú leordhóthanach maidir le cur chun feidhme thionscadal SAS 3 ná aon réiteach malartach a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás nach dtagann ann don tionscadal.

    (89)

    Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara gurb é atá i gcostais Bheart 2 sciar mór de chostais oibriúcháin eile, go háirithe costais tionscadail a bhaineann le hullmhú uasghrádú meán-saolré an chórais BAT atá ann cheana agus i ndáil leis an gcóras nua. Measann an Coimisiún go mbaineann na costais oibriúcháin sin le gnáthfheidhmiú ANSP agus, contrátha leis na córais BAT féin agus lena gcomhpháirteanna, nach féidir a mheas gur tabhaíodh go díreach iad chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach.

    (90)

    Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann leis na costais bhreise a mheastar a bheith riachtanach agus comhréireach chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart na costais atá le cur san áireamh i leith Bheart 2 a bheith teoranta do na costais dímheasa agus do chostas an chaipitil arna thabhú le haghaidh an uasghrádaithe meán-saolré ar chóras BAT skeyes.

    Beart 3

    (91)

    An tríú beart a bhaineann le hacmhainneacht (‘Beart 3’), baineann sé leis an leasú ar na Coinníollacha Fostaíochta Ginearálta atá infheidhme maidir le ATCOnna a oibríonn ag MUAC (‘pacáiste GCE’) tar éis comhaontú comhchoiteann arna thabhairt i gcrích in 2019 roimh ráig phaindéim COVID-19. Is é atá i mBeart 3 méadú 10,75 % ar luach saothair ATCOnna a oibríonn ag MUAC, mar mhalairt ar eagraíocht oibre níos solúbtha.

    (92)

    Bunaithe ar an bhfaisnéis atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, leis na forálacha solúbthachta a thugtar isteach mar chuid de Bheart 3 áirítear méadú ar an am oibre bliantúil le haghaidh foireann ATCO nua-earcaithe, rialacha nua maidir le heagrú sealanna, an fhéidearthacht laethanta oibre breise a chonrú ó ATCOnna, pleanáil saoire agus ama oibre bhliantúil níos solúbtha, chomh maith leis an bhféidearthacht síneadh féideartha leis an aois scoir chuig 60 bliain d’aois a chomhaontú le ATCOnna atá fostaithe cheana.

    (93)

    Tugann an Coimisiún faoi deara gurb é is cuspóir do Bheart 3, go bunúsach, infhaighteacht ATCOnna agus solúbthacht an uainchláir a mhéadú chun freastal ar an éileamh tráchta. Chuir an Bheilg i dtábhacht go raibh coinne leis go ndéanfar le Beart 3, sna dálaí tráchta a bhí ann roimh COVID, moilleanna ar bhainistíocht na sreibhe aerthráchta a laghdú, agus dá réir sin na costais a thagann as sin a sheachaint le haghaidh úsáideoirí aerspáis. Shoiléirigh an Bheilg a thuilleadh gur measadh Beart 3 i dtosach chun a cheadú do MUAC sealanna breise a chur ar bun le haghaidh ATCOnna, agus gnóthachan 1 050 seal bhreise ann in 2019 agus 3 150 seal bhreise ann in 2024.

    (94)

    Ina anailís a sholáthair sé don Choimisiún, tháinig PRB ar an gconclúid gurb amhlaidh le Beart 3 a chuirtear é ar a chumas do MUAC acmhainneacht bhreise a thairiscint d’úsáideoirí aerspáis le linn na mblianta féilire 2023 agus 2024, agus dá réir sin a rannchuidítear le spriocanna acmhainneachta a bhaint amach in TT3 in imthosca ina bhfuil méideanna tráchta inchomparáide lena leibhéal roimh an bpaindéim.

    (95)

    Mhéadaigh costais iomlána Bhearta 3 sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe agus tá siad cothrom le thart ar EUR 13,2 M (in EUR 2017) le linn TT3. I gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta, tá costais Bheart 3, i dtéarmaí ainmniúla, 7,4 % níos airde le haghaidh 2022, 9,0 % níos airde le haghaidh 2023 agus 9,2 % níos airde le haghaidh 2024. De réir na faisnéise arna soláthar ag an mBeilg le linn an scrúdaithe mhionsonraithe, is é is cúis leis na méaduithe costais sin an boilsciú atá níos airde ná mar a bhí coinne leis, as a dtagann innéacsú ar thuarastail ATCOnna a oibríonn ag MUAC.

    (96)

    Léirigh an Bheilg, tráth a formheasa, gur measadh go raibh costais Bheart 3 coibhéiseach le ATCOnna breise a fhostú chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais foirne ATCO a bhí ar MUAC. Mar sin féin, níor tacaíodh leis an maíomh sin le haon fhigiúr ná fianaise ar thionchar foriomlán Bheart 3 ar bhonn costais TT3. Dá réir sin, ní raibh an Coimisiún in ann a fhíorú go mbeadh costas Bheart 3 in TT3 coibhéiseach leis an gcostas a thabhódh MUAC as ATCOnna breise a fhostú chun na tairbhí acmhainneachta céanna a sholáthar.

    (97)

    Tugann an Coimisiún faoi deara gur shuigh PRB go bhfuil údar leis na costais arna gcur i láthair ag an mBeilg agus ag Lucsamburg faoi Bheart 3 agus go bhfuil siad ar cóimhéid leis na tairbhí a thagann as sin le haghaidh úsáideoirí aerspáis, lena n-áirítear seachaint moilleanna ATFM agus na ndrochthionchar airgeadais agus oibríochtúil a thagann as sin le haghaidh úsáideoirí aerspáis lena n-áirítear paisinéirí agus an comhshaol.

    (98)

    Go háirithe, cuireann PRB in iúl go bhfuil fianaise ann gurb amhlaidh le pacáiste GCE a chuimsítear faoi Bheart 3 a cuireadh é ar a chumas do MUAC feidhmíocht acmhainneachta a bhí feabhsaithe go suntasach a sholáthar ina chéad bhliain den chur chun feidhme, is é sin 2019, lenar seachnaíodh EUR 30 M mheasta de chostais indíreacha ó mhoilleanna BAT le haghaidh úsáideoirí aerspáis. Tugann PRB faoi deara thairis sin gur cruthaíodh, in 2020 agus 2021, leis an mórshleabhcadh tráchta de dheasca phaindéim COVID-19 imthosca eisceachtúla inarb amhlaidh nach raibh gá leis na forálacha solúbthachta breise a cuireadh ar bun faoi Bheart 3. Mar sin féin, measann PRB gur mhaolaigh MUAC tionchar Bheart 3 go leordhóthanach i leith 2020 agus 2021, ós rud é go sonraítear leis an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe go ndearnadh ‘cuid de na sealanna barrachais ó 2020 agus ón gcéad ráithe de 2021’ a chur siar lena n-úsáid sa chuid eile de TT3 gan aon chostas breise. Tagann PRB ar an gconclúid go bhfuil údar, ar an bhforiomlán, le Beart 3 ar chúiseanna acmhainneachta in TT3, ós rud é go bhfuil sé fabhrach d’infhaighteacht fheabhsaithe ar acmhainní agus uasmhéadú ar an acmhainneacht arna cur ar fáil tráthanna ardéilimh tráchta.

    (99)

    Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil gá le Beart 3 chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach agus go bhfuil a chostais comhréireach i bhfianaise a dtionchair oibríochtúil thairbhiúil ar sholáthar acmhainneachta.

    Beart 4

    (100)

    Is é atá sa cheathrú beart a bhaineann le hacmhainneacht (‘Beart 4’) próiseas anailíse iar-oibríochtaí feabhsaithe a bheidh le cur i bhfeidhm ag MUAC agus tacaíocht á fáil ó uirlisí ábhartha agus ‘saoráidí faisnéise gnó’. Léirigh an Bheilg agus Lucsamburg gurb é is cuspóir do Bheart 4, dá ngairtear sa phlean feidhmíochta athbhreithnithe an ‘tionscadal PABI’, tuilleadh optamaithe ar phleanáil oibríochtaí laethúla MUAC a chumasú.

    (101)

    Bunaithe ar an bhfaisnéis atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, le Beart 4 ba cheart rannchuidiú le freastal ar éileamh tráchta amach anseo agus srianta oibríochtúla nach gá a sheachaint le haghaidh úsáideoirí aerspáis (dá ngairtear ‘ró-rialáil’), as a dtagann moilleanna ATFM. Tugann an Coimisiún faoi deara gur léirigh an Bheilg go dtiocfadh Beart 4 chun bheith oibríochtúil in 2022, cé nár dheimhnigh an Bheilg an fhaisnéis sin go sainráite le linn an scrúdaithe mhionsonraithe.

    (102)

    Ag féachaint don mheastóireacht arna déanamh ag PRB, comhaontaíonn an Coimisiún gurb amhlaidh leis na cumais anailísíochta oibríochtúla a chuirtear i láthair faoi Bheart 4 a rannchuidítear leis an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d’fhonn an acmhainneacht a chuirtear ar fáil d’úsáideoirí aerspáis, tráth ardéilimh tráchta go háirithe, a uasmhéadú.

    (103)

    Tá costais iomlána Bheart 4 cothrom le thart ar EUR 0,9 M (in EUR 2017) le linn TT3 agus tá siad gan athrú ón dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021. Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearnadh PRB athbhreithniú ar chostais Bheart 4 agus go measann sé go bhfuil údar leo.

    (104)

    Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil gá le Beart 4 chun tacú le baint amach leanúnach spriocanna acmhainneachta agus measann sé go bhfuil costais Bheart 4 comhréireach i bhfianaise na ngnóthachan struchtúrtha, oibríochtúil a mheastar a sholáthrófar leo.

    Beart 5

    (105)

    Baineann an cúigiú beart a bhaineann le hacmhainneacht (‘Beart 5’) le hoiliúint ab initio a chur ar ATCOnna nua le haghaidh earnáil na Bruiséile de chuid MUAC. De réir an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, rinneadh na gníomhaíochtaí oiliúna ATCO a chuimsítear faoi Bheart 5 a sheachfhoinsiú chuig eagraíocht oiliúna sheachtrach bunaithe sa Fhrainc.

    (106)

    Míníonn an Bheilg go bhfuil gá le hearcú ATCO leanúnach agus oiliúint ab initio ó MUAC chun srianta acmhainneachta a sheachaint in TT3 agus i dtréimhsí tagartha amach anseo. I bhfianaise na faisnéise arna soláthar ag an mBeilg, comhaontaíonn an Coimisiún gur gá do MUAC oiliúint a chur ar ATCOnna nua chun leibhéil foirne ATCO a choinneáil ar bun agus a fheabhsú agus chun a áirithiú go mbeidh an líon ATCOnna leordhóthanach i bhfianaise na héabhlóide tráchta atá tuartha amach anseo.

    (107)

    Tá costais iomlána Bheart 5 cothrom le thart ar EUR 14,2 M (in EUR 2017) le linn TT3. Le linn an scrúdaithe mhionsonraithe, sholáthair an Bheilg miondealú ar chostais Bheart 5 faoi thrí chatagóir, is é sin na costais foirne ar mhic léinn ATCO, costais le haghaidh píolótaí ionsamhlóra agus na costais arna muirearú ag an eagraíocht oiliúna. Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna PRB athbhreithniú ar chostais Bheart 5 agus go measann sé go bhfuil údar leo.

    (108)

    Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil gá le Beart 5 chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach agus go bhfuil a chostais comhréireach i bhfianaise a dtionchair oibríochtúil ar sholáthar acmhainneachta.

    Beart 6

    (109)

    Is é atá sa séú beart a bhaineann le hacmhainneacht (‘Beart 6’) ATCOnna breise a fhostú le haghaidh earnáil na Bruiséile de chuid MUAC chun freastal ar an éileamh tráchta in TT3 agus sna blianta ina dhiaidh sin.

    (110)

    De réir na faisnéise atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, tá sé pleanáilte go n-ardóidh an líon ATCOnna sin go substaintiúil ó 106 chuig 119 ATCO le linn TT3. Léirigh an Bheilg go gcumasóidh an fhoireann ATCO bhreise amanna oscailte earnála méadaithe agus solúbthacht oibríochtúil mhéadaithe. I bhfianaise na faisnéise arna soláthar ag an mBeilg, comhaontaíonn an Coimisiún gur gá do MUAC ATCOnna breise a earcú chun tacú le spriocanna acmhainneachta a bhaint amach.

    (111)

    Tá costais iomlána Bheart 6 cothrom le thart ar EUR 4,4 M (in EUR 2017) le linn TT3. Baineann na costais sin le luach saothair na ATCOnna breise a thagann i seirbhís le linn TT3. Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna PRB athbhreithniú ar chostais Bheart 6 agus go measann sé go bhfuil údar leo.

    (112)

    Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil gá le Beart 6 chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach agus go bhfuil a chostais comhréireach i bhfianaise a dtionchair oibríochtúil ar sholáthar acmhainneachta.

    Beart 7

    (113)

    Leis an seachtú beart a bhaineann le hacmhainneacht (‘Beart 7’) cumhdaítear forbairt córais pleanála lucht saothair nua ó MUAC chun tacú le chur chun feidhme ceanglas oibríochtúil nua. Le Beart 7 áirítear forbairt creata nua le haghaidh pleanáil lucht saothair, uirlis uainchláir nuachóirithe agus uirlisí pleanála lucht saothair eile is gá chun ceanglais oibríochtúla nua a chur chun feidhme.

    (114)

    Ag féachaint don mheastóireacht arna déanamh ag PRB, comhaontaíonn an Coimisiún go mbeidh na gnóthachain éifeachtúlachta a chumasaítear leis an gcóras pleanála lucht saothair nua ina rannchuidiú le feidhmíocht oibríochtúil fheabhsaithe agus le soláthar níos éifeachtúla ar sheirbhísí.

    (115)

    Tá costais iomlána Bheart 7 cothrom le thart ar EUR 0,8 M (in EUR 2017) le linn TT3. Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna PRB athbhreithniú ar chostais Bheart 7 agus go measann sé go bhfuil údar leo.

    (116)

    Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil gá le Beart 7 chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach agus go bhfuil a chostais comhréireach i bhfianaise a dtionchair oibríochtúil ar an soláthar acmhainneachta.

    Tionchar comhcheangailte na mbeart a bhaineann le hacmhainneacht arna gcur i láthair ag an mBeilg agus ag Lucsamburg

    (117)

    Rinne an Coimisiún tuilleadh anailíse ar na seacht mbeart a bhaineann le hacmhainneacht arna gcur i láthair ag an mBeilg agus ag Lucsamburg i leith a dtionchair fhoriomláin agus chun meastóireacht a dhéanamh ar cé acu is gá nó nach gá na bearta sin uile a chur chun feidhme go comhuaineach chun na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla a bhaint amach.

    (118)

    Ina leith sin, tugann an Coimisiún torthaí PRB faoi deara ar dá réir is amhlaidh atá na seacht mbeart sin a bhaineann le hacmhainneacht, a mheastar le chéile, iomchuí agus atá údar leo i bhfianaise a dtionchair oibríochtúil fhoriomláin a bhfuil coinne leis agus an tionchair chomhcheangailte ar sholáthar acmhainneachta a thagann as sin. De réir anailís PRB, le cur chun feidhme comhcheangailte na mbeart sin cuirtear é ar a gcumas do skeyes agus MUAC bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar na leibhéil tráchta thuartha tráthanna éilimh buaicthráchta, agus solúbthacht agus athléimneacht an tsoláthair seirbhíse á neartú i gcás imthosca gan choinne nó luaineacha. Deimhníonn PRB a thuilleadh gurb amhlaidh nach é a thagann as cur chun feidhme na mbeart sin a bhaineann le hacmhainneacht agus a dhéantar le chéile ró-acmhainneacht i leith na seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraítear in aerspás na Beilge agus Lucsamburg sna míonna atá fágtha de TT3 (22). Ar deireadh, cuireann PRB in iúl gurb amhlaidh atá na bearta a chuirtear i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe i ndáil le hoiliúint a chur ar rialtóirí aerthráchta breise agus iad a fhostú comhlántach leis na bearta eagraíochtúla agus teicniúla lena gcumasaítear soláthar acmhainneachta feabhsaithe.

    Conclúidí maidir leis na bearta arna n-agairt ag an mBeilg agus ag Lucsamburg chun údar a thabhairt leis na dialltaí a breathnaíodh ó na treochtaí costéifeachtúlachta ar fud an Aontais

    (119)

    I leith na gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tagann an Coimisiún ar an gconclúid ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (71) go (118) go bhfuil na costais arna gcur i láthair ag an mBeilg agus ag Lucsamburg le haghaidh Bhearta 1 agus 2 riachtanach agus comhréireach go páirteach chun spriocanna feidhmíochta acmhainneachta a bhaint amach, cé gurb amhlaidh i leith Bhearta 3 go 7 atá na costais a chuirtear i láthair riachtanach agus comhréireach go hiomlán chun an spriocanna sin a bhaint amach.

    (120)

    Leis an tábla thíos léirítear an ranníocaíocht a thagann as na bearta a bhaineann le hacmhainneacht leis na bearnaí leis na treochtaí CAAS ar fud na Aontais a bhreathnaítear in aithris (70) maidir leis an mbliain ábhartha, is é sin 2024.

    Bearta a bhaineann le hacmhainneacht arna gcur i láthair ag an mBeilg agus ag Lucsamburg

    Ranníocaíocht leis an mbearna leis na treochtaí CAAS ar fud an Aontais le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg, arna sloinneadh in EUR 2017, agus na costais á gcur san áireamh, ar costais iad a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach agus comhréireach chun spriocanna acmhainneachta a bhaint amach

    Beart 1

    EUR 7,7 M (23)

    Beart 2

    EUR 0,3 M (24)

    Beart 3

    EUR 4,4 M

    Beart 4

    EUR 0,3 M

    Beart 5

    EUR 4,7 M

    Beart 6

    EUR 1,5 M

    Beart 7

    EUR 0,3 M

    Iomlán

    EUR 19,2 M

    (121)

    Mar a chuirtear i láthair sa tábla a leagtar amach in aithris (120), leis na bearta a bhaineann le hacmhainneacht tugtar údar le barrachas EUR 19,2 M (in EUR 2017) in aghaidh na dtreochtaí CAAS ar fud an Aontais. Tá an barrachas sin níos mó ná an diall lena bhfuil coinne ón treocht CAAS ar fud an Aontais in TT3, rud atá cothrom le EUR 8,2 M (in EUR 2017), ach tá sé níos lú ná an diall measta EUR 43,7 M (in EUR 2017) ón treocht CAAS fhadtéarmach ar fud an Aontais. Dá réir sin, tá bearna nach bhfuil údar léi ag an mBeilg agus ag Lucsamburg fós, rud atá cothrom le EUR 24,5 M (in EUR 2017) in aghaidh na treochta CAAS fadtéarmaí ar fud an Aontais.

    (122)

    Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 i leith na Beilge ná Lucsamburg.

    (123)

    Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara nár chuir an Bheilg ná Lucsamburg i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe aon bheart athstruchtúraithe lena dtabharfaí údar le diall ón treocht CAAS ar fud an Aontais ná ón treocht CAAS fhadtéarmach ar fud an Aontais de bhun na gcritéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(ii) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

    Conclúid maidir leis an measúnú ar na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe

    (124)

    I bhfianaise an mheasúnaithe a leagtar amach in aithrisí (22) go (123), tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais.

    TORTHAÍ ÓN ATHBHREITHNIÚ AR NA SPRIOCANNA FEIDHMÍOCHTA ATHBHREITHNITHE ARNA DHÉANAMH I gCOMHRÉIR LE POINTE 2 D’IARSCRÍBHINN IV A GHABHANN LE RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2019/317

    Spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta críochfoirt athbhreithnithe – pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317

    (125)

    I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728, d’ardaigh an Coimisiún údair imní maidir leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta críochfoirt arna mbeartú ag an mBeilg sa dréachtphlean feidhmíochta. Níl feidhm ag na spriocanna costéifeachtúlachta sin ach i leith na seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a sholáthraítear in aerfort na Bruiséile. Mheas an Coimisiún sa Chinneadh Cur Chun Feidhme sin gur cheart don Bheilg tuilleadh údair a thabhairt leis na spriocanna sin nó iad a laghdú.

    (126)

    Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta críochfoirt feabhsaithe le haghaidh na Beilge sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe i leith na mblianta féilire 2022 go 2024, lena n-áirítear laghdú ar na costais arna suí i dtéarmaí réadacha le haghaidh na mblianta féilire sin. Tugann an Coimisiún faoi deara go leanann an treocht CAAS chríochfoirt de + 4,5 % le linn TT3 de bheith níos airde mar sin féin ná an treocht CAAS faoi bhealach de + 1,9 % le linn RP3 agus de bheith níos airde ná an treocht CAAS chríochfoirt iarbhír de + 0,5 % a breathnaíodh le linn TT2. Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara go leanann an CAAS le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt ag aerfort na Bruiséile de bheith níos airde, le corrlach suntasach measta de 55 %, ná an CAAS críochfoirt airmheánach dá ghrúpa comparáide ábhartha aerfort.

    (127)

    I bhfianaise an mheasúnaithe a leagtar amach in aithrisí (125) agus (126), tagann an Coimisiún ar an gconclúid go leanann na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta críochfoirt athbhreithnithe arna mbeartú ag an mBeilg de bheith ina gcúis imní. Dá bhrí sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún a thuairim, mar a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728, gur cheart don Bheilg údair leordhóthanacha a sholáthar leis na spriocanna sin nó iad a laghdú.

    Scéimeanna dreasachta chun spriocanna feidhmíochta acmhainneachta a bhaint amach – pointe 2.1(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317

    (128)

    I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an Bheilg agus Lucsamburg lena scéimeanna dreasachta a athbhreithniú chun spriocanna acmhainneachta críochfoirt agus faoi bhealach a bhaint amach ar bhealach a fhágann go socraítear an míbhuntáiste airgeadais uasta a eascraíonn as na scéimeanna dreasachta sin ar leibhéal ag a bhfuil tionchar ábhartha ar an ioncam faoi riosca. Tugann an Coimisiún faoi deara nach ndearna an Bheilg ná Lucsamburg aon athrú ar na scéimeanna dreasachta sin sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

    (129)

    Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go leanann na scéimeanna dreasachta arna leagan amach ag an mBeilg agus ag Lucsamburg sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe de bheith ina gcúis imní. Dá bhrí sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún a thuairim gur cheart don Bheilg agus do Lucsamburg athbhreithniú a dhéanamh ar na scéimeanna dreasachta chun spriocanna acmhainneachta críochfoirt agus faoi bhealach a bhaint amach ionas go mbeidh na míbhuntáistí airgeadais uasta a eascraíonn as na scéimeanna dreasachta sin socraithe ar leibhéal ag a bhfuil tionchar ábhartha ar an ioncam faoi riosca, mar a cheanglaítear le hAirteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I dtuairim an Choimisiúin is é ba cheart teacht as an scéim dreasachta athbhreithnithe míbhuntáiste airgeadais uasta atá cothrom le 1 % de na costais arna suí nó atá níos airde ná sin.

    CONCLÚIDÍ

    (130)

    I bhfianaise a bhfuil thuas, ba cheart don Bheilg agus do Lucsamburg bearta ceartaitheacha a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 11(3), pointe (c), an tríú mír, de Rialachán (AE) Uimh. 549/2004. Leis na bearta ceartaitheacha sin ba cheart é a chur ar a gcumas don Bheilg agus do Lucsamburg comhsheasmhacht a bhaint amach leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ar fud an Aontais le haghaidh TT3 lena gcomhfhreagraítear, ar bhonn mheasúnú an Choimisiúin a leagtar amach sa Chinneadh seo, do laghdú EUR 24,5 M ar na costais arna suí le haghaidh limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge agus Lucsamburg, arna shloinneadh i dtéarmaí réadacha i bpraghsanna 2017.

    (131)

    Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil sé beartaithe ag an mBeilg athbhreithniú ar chomhlíontacht a dhéanamh ar fheidhmíocht skeyes agus MUAC, inar iarr sé ar sheirbhísí an Choimisiúin a bheith páirteach mar bhreathnóirí. Tuigeann an Coimisiún go dtacófar leis an athbhreithniú ar chomhlíontacht le hullmhú dréachtphlean feidhmíochta chríochnaithigh ón mBeilg, ar cheart na bearta ceartaitheacha a chur san áireamh leis. I gcás ina gcuirfear fianaise nua ar fáil leis an athbhreithniú sin ar chomhlíontacht, beartaíonn an Coimisiún an fhianaise nua sin a chur san áireamh.

    (132)

    Bearta ceartaitheacha áirithe atá le déanamh ag an mBeilg agus ag Lucsamburg i gcomhréir leis an gCinneadh seo, d’fhéadfadh sé, de dheasca a gcineáil, nach mbeadh a n-éifeachtaí iomlána leo in TT3. Mar sin féin, ba cheart don Bheilg agus do Lucsamburg tosú ar iad a chur chun feidhme in TT3, ar bhonn gealltanais cheangailteacha atá le leagan amach mar chuid dá ndréachtphleananna feidhmíochta críochnaitheacha, fiú má ghintear feabhsuithe costéifeachtúlachta leis na bearta sin sa chéad tréimhse thagartha eile.

    (133)

    Ba cheart na bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm mar chuid de na dréachtphleananna feidhmíochta críochnaitheacha atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí ó dháta glactha an Chinnidh seo, i gcomhréir le hAirteagal 15(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Na dréachtphleananna feidhmíochta críochnaitheacha sin, ba cheart don Bheilg agus do Lucsamburg iad a ghlacadh, ar an leibhéal náisiúnta, go haonarach, ós rud é nár leanadh de ghníomhaíochtaí chun spriocanna feidhmíochta a leagan síos ar leibhéal FABEC de thoradh tharraingt siar na Fraince, na Gearmáine agus na hÍsiltíre ó dhréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe FABEC, mar a mhínítear in aithris (6).

    (134)

    I bhfianaise na dtorthaí a leagtar amach sa Chinneadh seo, ba cheart don Bheilg agus do Lucsamburg, go háirithe, aghaidh iomchuí a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:

    (a)

    Cur i bhfeidhm mícheart na bhforálacha dlíthiúla faoi seach lena rialaítear comhroinnt riosca tráchta, comhroinnt riosca costais agus scéimeanna dreasachta i leith MUAC, dá dtagraítear in aithrisí (46) agus (47);

    (b)

    Fíorú iarrtha ag na NSAnna nach ndéantar na costais a mhuirearaítear in TT2 le haghaidh na n-infheistíochtaí a cealaíodh agus ar ar cuireadh moill i sócmhainní seasta a mhuirearú faoi dhó ar úsáideoirí aerspáis i gcás ina dtagann ann do na hinfheistíochtaí sin ag tráth níos déanaí, dá dtagraítear in aithrisí (48) agus (49);

    (c)

    Socruithe maoiniúcháin míchearta le haghaidh na gcostas arna dtabhú le haghaidh seirbhísí arna soláthar i limistéir thrasteorann, dá dtagraítear in aithrisí (56) go (62);

    (d)

    Leithdháileadh mícheart na gcostas ascnaimh idir seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt agus faoi bhealach i leith skeyes, dá dtagraítear in aithrisí (63) go (67);

    (e)

    Easpa údair leordhóthanacha le spriocanna costéifeachtúlachta críochfoirt iomarcacha na Beilge, dá dtagraítear in aithrisí (125), (126) agus (127);

    (f)

    Leibhéal mícheart de na míbhuntáistí airgeadais uasta i scéimeanna dreasachta na Beilge agus Lucsamburg lena dtacaítear leis na spriocanna acmhainneachta críochfoirt agus faoi bhealach a bhaint amach, dá dtagraítear in aithrisí (128) agus (129).

    (135)

    Níor thug an Coiste um Aerspás Aonair tuairim uaidh. Measadh go raibh gá le gníomh cur chun feidhme agus chuir an cathaoirleach an dréachtphlean cur chun feidhme faoi bhráid an choiste achomhairc lena phlé a thuilleadh. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    (1)   Déanfaidh an Bheilg agus Lucsamburg bearta ceartaitheacha a shainmhíniú agus a chur in iúl don Choimisiún, ar bearta iad arna ndearadh chun comhsheasmhacht spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta náisiúnta leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ar fud an Aontais a bhaint amach le haghaidh an tríú tréimhse thagartha laistigh de 3 mhí ó dháta glactha an Cinnidh seo.

    (2)   Tosóidh an Bheilg agus Lucsamburg ar na bearta ceartaitheacha sin a chur i bhfeidhm i leith skeyes agus Lárionad Rialaithe Limistéar Uachtarach Maastricht (‘MUAC’) in TT3. Is é a thiocfaidh as na bearta sin laghdú ar na costais arna suí le haghaidh limistéar muirearaithe faoi bhealach na Beilge agus Lucsamburg atá cothrom le méid as a dtagann comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta náisiúnta leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ar fud an Aontais. Déanfaidh an Bheilg agus Lucsamburg an méid sin a chinneadh ar bhealach níos beaichte ar bhonn thorthaí an athbhreithnithe ar chomhlíontacht dá dtagraítear in aithris (131) den Chinneadh seo agus arna n-athbhreithniú ag an gCoimisiún mar chuid dá mheasúnú faoi Airteagal 15(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún, agus an fhianaise a thagann ón athbhreithniú sin ar chomhlíontacht á cur san áireamh. Is é a thiocfaidh as na bearta ceartaitheacha laghdú ar chostais oibriúcháin skeyes agus MUAC araon.

    (3)   Agus na bearta ceartaitheacha á sainmhíniú, féadfaidh an Bheilg agus Lucsamburg na bearta breise beartaithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a chur san áireamh freisin.

    (4)   Áireoidh an Bheilg agus Lucsamburg faisnéis ina bpleananna feidhmíochta faoi seach lena léirítear go gcuirfidh skeyes agus MUAC na bearta ceartaitheacha chun feidhme go héifeachtach.

    Airteagal 2

    Is ar Ríocht na Beilge agus Ard-Diúcacht Lucsamburg atá an Cinneadh seo dírithe.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Meitheamh 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Adina-Ioana VĂLEAN

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

    (2)  IO L 56, 25.2.2019, lch. 1.

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (2020–2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).

    (4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i leith an tríú tréimhse thagartha (2020–2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 maidir le neamhréir spriocanna feidhmíochta áirithe atá sna dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta agus bloic feidhme aerspáis arna gcur isteach ag an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don tríú tréimhse thagartha agus lena leagtar amach moltaí maidir leis na spriocanna sin a athbhreithniú (IO L 135, 12.5.2022, lch. 4).

    (6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/780 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 maidir le neamhréireacht spriocanna feidhmíochta áirithe a áirítear sa dréachtphlean feidhmíochta bloic feidhme aerspáis a chuir an Eilvéis isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh i leith an tríú tréimhse thagartha agus lena leagtar amach moltaí chun na spriocanna sin a athbhreithniú (IO L 139, 18.5.2022, lch. 218).

    (7)  Cinneadh (AE) 2022/2255 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2022 maidir le tús a chur le mionscrúdú ar spriocanna feidhmíochta áirithe atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh an tríú tréimhse thagartha a chuir an Bheilg, an Ghearmáin an Fhrainc, Lucsamburg agus an Ísiltír isteach ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 17.11.2022, lch. 71).

    (8)  Cinneadh (AE) 2023/176 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Fhrainc isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh i leith an tríú tréimhse thagartha, (IO L 25, 27.1.2023, lch. 70).

    (9)  Cinneadh (AE) 2023/177 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Ghearmáin isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh i leith an tríú tréimhse thagartha (IO L 25, 27.1.2023, lch. 79).

    (10)  Cinneadh (AE) 2023/179 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Ísiltír isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh i leith an tríú tréimhse thagartha (IO L 25, 27.1.2023, lch. 95).

    (11)  An ráta fáis iolraithe bliantúil (CAGR).

    (12)  An ráta fáis iolraithe bliantúil (CAGR).

    (13)  Na costais arna dtabhú ag an mBeilg agus ag Lucsamburg i leith Choinbhinsiún Idirnáisiúnta Eurocontrol an 13 Nollaig, 1960 maidir le comhoibriú um shábháilteacht na haerloingseoireachta (arna leasú go deireanach) áirítear i gcostais NSA iad.

    (14)  ‘Rialú Aerthráchta na hÍsiltíre’ (LVNL).

    (15)  Mar a leagtar amach in Airteagal 6 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún.

    (16)  Le costais aonaid skeyes agus LVNL eisiatar na haonaid seirbhíse atá inchurtha i leith MUAC laistigh dá limistéir mhuirearaithe faoi seach. Leis na costais aonaid le haghaidh skeyes agus LVNL cumhdaítear na seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach uile, lena n-áirítear seirbhísí meitéareolaíocha (MET) atá soláthraithe san Ísiltír ag soláthraí MET ar leithligh ó LVNL.

    (17)  Foraithne Ríoga an 23 Aibreán 2017.

    (18)  Comhaontú a bhaineann le Soláthar agus Oibriú Seirbhísí agus Saoráidí Aerthráchta ag Eurocontrol ag Lárionad Rialaithe Limistéar Maastricht, arna shíniú an 25 Samhain 1986.

    (19)  Tá oibríochtaí MUAC roinnte i dtrí ghrúpa earnála, is é sin ‘grúpa earnáil na Bruiséile’, ‘grúpa earnáil DECO’ agus ‘grúpa earnáil Hannover’.

    (20)  Arna ríomh ar bhonn an luacha bonnlíne le haghaidh 2014.

    (21)  Aithris 22 de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (IO L 96, 31.3.2004, lch. 10).

    (22)  Bunaithe ar na toimhdí tráchta atá i réamhaisnéis tráchta bonnlíne STATFOR Eurocontrol ó Dheireadh Fómhair 2021.

    (23)  An méid lena léirítear an sciar de chostais Bheart 1 a shuigh an Coimisiún a bheith riachtanach agus comhréireach chun na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla a bhaint amach, i gcomhréir leis na torthaí a leagtar amach in aithris (82).

    (24)  An méid lena léirítear an sciar de chostais Bheart 2 a shuigh an Coimisiún a bheith riachtanach agus comhréireach chun na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla a bhaint amach, i gcomhréir leis na torthaí a leagtar amach in aithris (90).


    IARSCRÍBHINN

    BEARTA BREISE BEARTAITHE

    Féadfaidh an Bheilg agus Lucsamburg na bearta seo a leanas a dhéanamh chun go leigheasfar neamhréir na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta le haghaidh limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ar fud an Aontais:

    (1)

    córas infhaighteachta feidhmiúil DISPO a chuirtear i bhfeidhm sa Bheilg a leasú, d’fhonn a thionchar ar bhonn costais limistéar muirearaithe na Beilge-Lucsamburg a laghdú;

    (2)

    an toradh ar chothromas de chuid skeyes a tharscaoileadh, rud a phleanáiltear a mhuirearú mar chuid den chostas caipitil;

    (3)

    aisíocaíocht a dhéanamh le húsáideoirí aerspáis, trí laghdú costais eisceachtúil, ar aon bharrachas ón mbliain 2022 a thagann as an sásra comhroinnte riosca tráchta nó as an difríocht idir na costais arna suí agus na costais iarbhír.


    Top