This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0655
Commission Implementing Decision (EU) 2023/655 of 10 March 2023 fixing the definitive allocation of Union aid to Member States for school fruit and vegetables and for school milk for the period from 1 August 2023 to 31 July 2024 and amending Implementing Decision (EU) 2022/493 (notified under document C(2023) 1532)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/655 ón gCoimisiún an 10. Márta 2023 lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1532)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/655 ón gCoimisiún an 10. Márta 2023 lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1532)
C/2023/1532
IO L 81, 21.3.2023, pp. 37–41
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
07/10/2024
|
21.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 81/37 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/655 ÓN gCOIMISIÚN
an 10. Márta 2023
lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1532)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 lena gcinntear bearta i dtaca le cabhracha agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 5(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún (2), na Ballstáit ar mian leo a bheith páirteach i scéim cabhrach an Aontais chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachas (an scéim scoile), tá siad lena n-iarraidh ar chabhair ón Aontas a bhaineann leis an gcéad scoilbhliain eile a chur faoi bhráid an Choimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain agus, más infheidhme, nuashonróidh siad an iarraidh ar chabhair ón Aontas a bhaineann leis an scoilbhliain reatha. |
|
(2) |
Chun cur chun feidhme éifeachtach na scéime scoile a áirithiú, ba cheart leithdháileadh na cabhrach ón Aontas i measc na mBallstát atá rannpháirteach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna a shocrú ar bhonn na méideanna a léirítear san iarraidh ar chabhair ón Aontas ó na Ballstáit sin agus na haistrithe idir leithdháiltí táscacha na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 23a(4), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) á gcur san áireamh. |
|
(3) |
Thug na Ballstáit uile fógra don Choimisiún maidir lena n-iarraidh ar chabhair ón Aontas le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024, fógra lenar sonraíodh an méid cabhrach a iarradh le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna nó le haghaidh bainne do scoileanna, nó le haghaidh an dá chuid den scéim. I gcás na Beilge, na Fraince, na hÍsiltíre agus na Sualainne, cuireadh na haistrithe idir na leithdháiltí táscacha san áireamh sna méideanna a iarradh. |
|
(4) |
Chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht iomlán na gcistí atá ar fáil, ba cheart an chabhair a fhágtar gan iarraidh a ath-leithdháileadh ar na Ballstáit atá páirteach sa scéim scoile agus a léiríonn, ina n-iarraidh ar chabhair ón Aontas, a dtoilteanas méid is mó ná an leithdháileadh táscach atá acu a úsáid, i gcás ina bhfuil acmhainní breise ar fáil. |
|
(5) |
San iarraidh ón tSualainn ar chabhair ón Aontas le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024, lorgaíodh méid is lú ná an leithdháileadh táscach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna. Chuir na Ballstáit seo a leanas a dtoilteanas in iúl méid is mó ná an leithdháileadh táscach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna a úsáid: an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Spáinn, an Chróit, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic. Níor lorg aon Bhallstát méid is lú ná an leithdháileadh táscach le haghaidh bainne do scoileanna. |
|
(6) |
Ar bhonn na faisnéise atá curtha in iúl ag na Ballstáit, ba cheart leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024 a shocrú. |
|
(7) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 ón gCoimisiún (4) socraíodh leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna i measc na mBallstát ar mian leo a bheith páirteach sa scéim scoile le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1187 ón gCoimisiún (5) leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 a mhéid a bhaineann le leithdháileadh cinntitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 chun na dara hiarrataí eisceachtúla ar chabhair ón Aontas arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/861 ón gCoimisiún (6) le haghaidh na tréimhse céanna sin a chur san áireamh. |
|
(8) |
Sna fógraí a cuireadh isteach faoin 31 Eanáir 2023 de bhun Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, rinne roinnt Ballstát nuashonrú ar a n-iarraidh ar chabhair ón Aontas a bhaineann leis an scoilbhliain 2022/2023. Chuir an Ghearmáin, an Spáinn, an Ísiltír, an Ostair agus an Fhionlainn aistrithe in iúl idir leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna. Lorg an Ghearmáin agus an Ísiltír méid is lú ná an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna. Chuir na Ballstáit seo a leanas a dtoilteanas in iúl méid is mó ná an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus/nó le haghaidh bainne do scoileanna a úsáid: an tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an tSlóvaic agus an tSualainn. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach in Iarscríbhinn I leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna i measc na mBallstát atá páirteach sa scéim scoile le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024.
Airteagal 2
Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 346, 20.12.2013, lch. 12.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 maidir le rialacha i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair ón Aontas chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais (IO L 5, 10.1.2017, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 ón gCoimisiún an 21 Márta 2022 lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/462 (IO L 100, 28.3.2022, lch. 55).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1187 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 a mhéid a bhaineann le leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 (IO L 184, 11.7.2022, lch. 56).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/861 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2022 lena leagtar síos rialacha eisceachtúla maidir leis na dara hiarrataí ó Bhallstáit ar chabhair ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna agus lena maolaítear ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 a mhéid a bhaineann le hath-leithdháileadh na cabhrach ón Aontas, le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 (IO L 151, 2.6.2022, lch. 42).
IARSCRÍBHINN I
Scoilbhliain 2023/2024
|
Ballstát |
Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna in EUR |
Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna in EUR |
|
an Bheilg |
3 815 785 |
1 433 417 |
|
an Bhulgáir |
2 185 256 |
1 800 090 |
|
an tSeicia |
3 473 993 |
3 048 057 |
|
an Danmhairg |
1 739 147 |
1 632 431 |
|
an Ghearmáin |
21 196 752 |
8 910 720 |
|
an Eastóin |
412 360 |
754 955 |
|
Éire |
1 966 159 |
826 537 |
|
an Ghréig |
3 149 503 |
1 464 086 |
|
an Spáinn |
13 922 472 |
6 023 462 |
|
an Fhrainc |
18 176 401 |
14 523 309 |
|
an Chróit |
1 322 043 |
610 533 |
|
an Iodáil |
15 293 816 |
6 910 347 |
|
an Chipir |
300 828 |
252 652 |
|
an Laitvia |
671 180 |
868 581 |
|
an Liotuáin |
923 603 |
1 236 781 |
|
Lucsamburg |
297 570 |
193 000 |
|
an Ungáir |
2 994 731 |
2 970 122 |
|
Málta |
290 000 |
193 000 |
|
an Ísiltír |
5 722 702 |
1 632 699 |
|
an Ostair |
2 414 539 |
1 015 027 |
|
an Pholainn |
12 565 488 |
12 791 591 |
|
an Phortaingéil |
2 804 412 |
1 301 261 |
|
an Rómáin |
6 178 236 |
11 303 390 |
|
an tSlóivéin |
689 729 |
305 638 |
|
an tSlóvaic |
1 915 162 |
1 659 402 |
|
an Fhionlainn |
1 672 943 |
2 731 455 |
|
an tSualainn |
0 |
8 316 782 |
|
Iomlán |
126 094 810 |
94 709 325 |
IARSCRÍBHINN II
“IARSCRÍBHINN I
Scoilbhliain 2022/2023
|
Ballstát |
Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna in EUR |
Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna in EUR |
|
an Bheilg |
3 405 460 |
1 613 199 |
|
an Bhulgáir |
2 145 826 |
1 030 342 |
|
an tSeicia |
3 515 512 |
2 000 127 |
|
an Danmhairg |
1 855 060 |
1 578 658 |
|
an Ghearmáin |
20 867 400 |
9 614 058 |
|
an Eastóin |
520 903 |
779 265 |
|
Éire |
1 811 303 |
1 033 661 |
|
an Ghréig |
3 221 670 |
1 550 685 |
|
an Spáinn |
13 442 293 |
6 152 902 |
|
an Fhrainc |
16 271 478 |
16 146 588 |
|
an Chróit |
1 390 541 |
800 354 |
|
an Iodáil |
17 117 780 |
8 003 535 |
|
an Chipir |
390 044 |
400 177 |
|
an Laitvia |
658 180 |
748 041 |
|
an Liotuáin |
966 451 |
1 135 641 |
|
Lucsamburg |
295 111 |
205 725 |
|
an Ungáir |
3 122 448 |
1 945 693 |
|
Málta |
293 504 |
201 724 |
|
an Ísiltír |
6 006 511 |
642 270 |
|
an Ostair |
2 401 768 |
944 680 |
|
an Pholainn |
12 494 071 |
10 739 507 |
|
an Phortaingéil |
3 283 397 |
2 220 981 |
|
an Rómáin |
6 900 318 |
10 455 944 |
|
an tSlóivéin |
570 823 |
311 770 |
|
an tSlóvaic |
1 872 965 |
1 070 557 |
|
an Fhionlainn |
1 799 047 |
3 624 689 |
|
an tSualainn |
0 |
9 233 498 |
|
Iomlán |
126 619 864 |
94 184 271 |