EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2430

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2430 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/15575/2022/INIT

IO L 318I, 12.12.2022, p. 20–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2430/oj

12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 318/20


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2430 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

Tá tacaíocht mhíleata á tabhairt ag an Iaráin do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar cogadh gan chúis, gan údar é. I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart ceathrar daoine aonair agus ceithre eintiteas a raibh baint acu le forbairt agus seachadadh Aerárthaí Gan Foireann chuig an Rúis a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintiteas seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

Daoine

 

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar Chúiseanna

Dáta an liostaithe

“1268.

Yousef ABOUTALEBI

یوسف ابوطالبی

Dáta breithe: 29.5.1983

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Post: Stiúrthóir Bainistíochta Oje Parvaz Mado Nafar Company (Mado)

Is é Yousef Aboutalebi stiúrthóir bainistíochta Oje Parvaz Mado Nafar Company (Mado) atá liostaithe ag an Aontas, cuideachta atá lonnaithe san Iaráin atá speisialaithe i monaraíocht comhpháirteanna Aerárthaí Gan Foireann agus in earraí tráchtála a allmhairiú agus a onnmhairiú.

Tá Mado cleamhnaithe le Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC). Trí Mado, fuair Aboutalebi innill Aerárthaí Gan Foireann atá ceaptha d’úsáid mhíleata ag IRGC agus ag eintitis atá nasctha le IRGC.

Fuarthas innill a mhonaraigh Mado in Aerárthaí Gan Foireann Shahed-136 de chuid na hIaráine a d’úsáid Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá Yousef Aboutalebi ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

12.12.2022

1269.

Ali Reza BALALI

علیرضا بلالی

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Céim: Briogáidire Ghinearál

Post: Oifigeach

agus comhairleoir cheannaire Islamic Revolutionary Guard Corps Aerospace Force (IRGC AF), Amir Ali Hajizadeh

Is oifigeach den Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) é an Briogáidire-Ghinearál Ali Reza Balali agus is comhairleoir é d’Amir Ali Hajizadeh atá liostaithe ag an Aontas agus atá ina cheannaire ar Aerospace Force IRGC (IRGC AF).

Rinne Balali imeacht a eagrú agus a chur chun cinn chun Aerárthaí míleata Gan Foireann a thaispeáint agus chun traenáil a sholáthar ina leith in Kashan na hIaráine i mí Lúnasa 2022, ar tugadh cuireadh d’fhórsaí na Rúise chuige agus ar ghlac siad páirt ann. Agus é sin á dhéanamh aige, thacaigh sé le fórsaí na Rúise Aerárthaí Gan Foireann de chuid na hIaráine a úsáid i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá an Briogáidire-Ghinearál Ali Reza Balali ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

12.12.2022

1270.

Abdollah MEHRABI

عبدلله مهرابی

Dáta breithe: 22.12.1961

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Céim: Briogáidire-Ghinearál

Post: Ceann foirne Islamic Revolutionary Guard Corps Aerospace Force (IRGC AF) Research and Self-Sufficiency Jihad Organization

Is é an Briogáidire-Ghinearál Abdollah Mehrabi ceann Islamic Revolutionary Guard Corps Aerospace Force (IRGC AF) Research and Self-Sufficiency Jihad Organization agus tá sé ina iar-chomhúinéir de Oje Parvaz Mado Nafar Company (Mado) atá liostaithe ag an Aontas Eorpach.

Fuair Mehrabi innill Aerárthaí Gan Foireann ó Mado lena n-úsáid ag IRGC AF Research and Self-Sufficiency Jihad Organization. Fuarthas innill a mhonaraigh Mado in Aerárthaí Gan Foireann Shahed-136 de chuid na hIaráine a d’úsáid Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá an Briogáidire-Ghinearál Abdollah Mehrabi ag tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

12.12.2022

1271.

Hamid VAHEDI

حمید واحدی

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Céim: Briogáidire-Ghinearál

Post: Ardcheannasaí Iranian Air Force

Is é an Briogáidire-Ghinearál Hamid Vahedi Ardcheannasaí ar Iranian Air Force (Aerfhórsa na hIaráine).

Sa phost sin, tá baint aige le próiseas cinnteoireachta maidir le clár Aerárthaí Gan Foireann na hIaráine, onnmhairí Aerárthaí Gan Foireann agus comhar cosanta le Cónaidhm na Rúise sa réimse sin, rud a d’fhág go bhfuil Aerárthaí Gan Foireann de chuid na hIaráine á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá an Briogáidire-Ghinearál Hamid Vahedi ag tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

12.12.2022”

Eintitis

 

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar Chúiseanna

Dáta an liostaithe

“122.

Design and Manufacturing of Aircraft Engines (DAMA)

طراحی و ساخت موتور هواپیما

Seoladh: Shishesh Mina Street, Karaj Special Road, Tehran, Iran

Cláruimhir: 14005160213

Príomhionad gnó: Iran

Cuideachta Iaránach is ea Design and Manufacturing of Aircraft Engines (DAMA).

Tá baint ag DAMA le taighde, forbairt agus táirgeadh an chláir maidir le hAerárthaí Gan Foireann Shahed-171 de chuid na hIaráine, ar leis Islamic Revolutionary Guard Corps Aerospace Force (IRGC AF) é. Is cuideachta chaoch é DAMA a rinne gníomhaíochtaí soláthair ceilte do Aircraft Manufacturing Industries de chuid na hIaráine (HESA), ar eintiteas é atá cleamhnaithe le hAireacht Cosanta na hIaráine agus le Armed Forces Logistics (MODAFL).

Dhíol an Iaráin roinnt cineálacha Aerárthaí Gan Foireann le Cónaidhm na Rúise, lena n-áirítear Shahed 171 , a d’fhorbair DAMA. D’úsáid Cónaidhm na Rúise Aerárthaí Gan Foireann Shahed-171 sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá DAMA ag tacú le gníomhaíochtaí ábhartha lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

12.12.2022

123.

Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organization (IRGC SSJO)

سازمان جهاد خودکفایی و تحقیقات سپاه

Seoladh: Teheran and Isfahan, Iran

An cineál eintitis: Conraitheoir míleata

Áit chláraithe: Tehran, Iran

Dáta clárúcháin: 1993

Príomhionad gnó: Iran

Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Is aonad taighde agus forbartha é Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organization (IRGC SSJO) a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn geo-radar, córais chumarsáide, armra, feithiclí comhraic agus trealamh leictreonach cibearchogaíochta.

Mar chuid de Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), bhí IRGC SSJO rannpháirteach i ngníomhaíochtaí taighde, forbartha agus soláthair a bhaineann le forbairt Aerárthaí Gan Foireann de chuid na hIaráine, agus tá cuid de na hAerárthaí Gan Foireann sin á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá IRGC SSJO ag tacú le gníomhaíochtaí ábhartha lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

12.12.2022

124.

Oje Parvaz Mado Nafar Company (Mado)

شرکت اوژه پرواز مادو نفر (مادو)

ar a dtugtar freisin Owj Parvaz Mado Nafar Company LLC

Seoladh: Qom, No. 1106, 11 Hemmat Corner, Hemmat Square, Hemmat Boulevard, Shokuhieh Industrial Town, Qom Province, 3718116354, Iran

Is cuideachta é Oje Parvaz Mado Nafar Company (Mado) atá lonnaithe san Iaráin atá speisialaithe i monaraíocht comhpháirteanna Aerárthaí Gan Foireann.

Tháirg Mado innill Aerárthaí Gan Foireann d’eintitis a bhfuil baint acu le Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), lena n-áirítear innill a úsáidtear in Aerárthaí Gan Foireann Shahed-136. Tá Aerárthaí Gan Foireann Shahed-136 á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, faoin ainm Geran-2.

Dá bhrí sin, tá Mado freagrach as tacú le gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

12.12.2022

125.

Paravar Pars Company

شرکت پراور پارس

ar a dtugtar freisin Paravar Pars Aerospace Research and Engineering Services; Paravar Pars Aerospace Research Institute; Paravar Pars Engineering and Services Aerospace Research Company; Paravar Pars; ParavarPars; Pravarpars Engineering Research and Design Company

Príomhionad gnó: 13 km of Shahid Babaei Highway, after Imam Hossein University, next to Telo Road, Tehran, Iran

Rphost: info@paravar-pars.com

Tá dlúthbhaint ag Paravar Pars Company le hOllscoil Imam Hossein, atá faoi rialú Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC).

Thairg Paravar Pars Company Aerárthaí Gan Foireann do IRGC Aerospace Force (IRGC AF) agus tá tástálacha déanta aige ar Aerárthaí Gan Foireann do Chabhlach IRGC. Go sonrach, bhí baint ag Paravar Pars Company le taighde, forbairt agus táirgeadh Shahed-171 de chuid na hIaráine, Aerárthach Gan Foireann arna fhorbairt ag IRGCAF. Tá Aerárthaí Gan Foireann Shahed-171 arna dtairgeadh san Iaráin á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na Úcráine.

Dá bhrí sin, tá Paravar Pars Company freagrach as tacú le gníomhaíochtaí ábhartha lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

12.12.2022”.


Top