EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2068

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2022/7456

IO L 277, 27.10.2022, p. 149–194 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2068/oj

27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 277/149


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2068 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Deireadh Fómhair 2022

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1)(“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/477 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le bearta a fhéadfaidh an tAontas Eorpach a dhéanamh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais le bearta cosanta (2), agus go háirithe Airteagal 1 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus na bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/1328 (3) d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta (“CRF”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“Daon-Phoblacht na Síne” nó “an tSín”) agus Chónaidhm na Rúise (“an Rúis”) (“na bearta bunaidh”). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, gairfear “an t-imscrúdú bunaidh” anseo feasta dó.

(2)

Is iad na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis an tSín 19,7 % ar allmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, 20,5 % ar na cuideachtaí comhoibríocha neamhshampláilte agus 22,1 % ar gach cuideachta eile, agus téann siad idir 18,7 % agus 34 % i gcás na Rúise le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, agus ráta dleachta 36,1 % ann i gcás gach cuideachta eile.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(3)

Tar éis foilsiú fógra maidir le dul in éag atá le tarlú (4), fuair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

(4)

Ba í Cónaidhm Eorpach an Tionscail Iarainn agus Cruach (“EUROFER”) (“an t-iarratasóir) a chuir isteach an iarraidh ar athbhreithniú an 3 Bealtaine 2021 thar ceann thionscal CRF an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar na forais gur dhócha go gcuirfí tús le dumpáil arís agus go leanfaí nó go gcuirfí tús arís le díobháil do thionscal an Aontais mar thoradh ar dhul in éag na mbeart.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(5)

Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gurbh ann d’fhianaise leordhóthanach chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga an 3 Lúnasa 2021 maidir le hallmhairí CRF chuig an Aontas ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise (“na tíortha lena mbaineann”) iad ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5) (“an Fógra Tionscnaimh”).

1.4.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(6)

Leis an imscrúdú maidir le leanúint den dumpáil nó tús a chur léi arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021 (“tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe”). Leis an imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(7)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, gach táirgeoir aitheanta san Aontas, na táirgeoirí aitheanta i nDaon-Phoblacht na Síne agus sa Rúis agus údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise, allmhaireoirí, úsáideoirí agus trádálaithe aitheanta ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

1.6.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(8)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála. Fuair an Coimisiún barúlacha ó thrí tháirgeoir onnmhairiúcháin sa Rúis, ó rialtas na Rúise, ó allmhaireoir neamhghaolmhar amháin agus ó úsáideoir amháin.

(9)

Ina gcuid barúlacha maidir leis an tionscnamh, mhaígh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis gur theip ar an iarratasóir fianaise leordhóthanach agus iontaofa a chur i láthair gurbh ann do dhóchúlacht go leanfaí den dumpáil dhíobhálach nó go gcuirfí tús léi arís ó allmhairí ón Rúis. Ina theannta sin, mhaígh rialtas na Rúise, táirgeoirí onnmhairiúcháin na Rúise, an t-allmhaireoir neamhghaolmhar agus úsáideoir nach raibh aon nasc cúisíoch ann idir cás díobhála thionscal an Aontais agus allmhairí CRF ón tSín agus ón Rúis. Ba í réasúnaíocht na bpáirtithe difriúla gur thosca eile seachas allmhairí díobhálacha ón Rúis agus ón tSín ba chúis leis an díobháil do thionscal an Aontais, dá mba ann di, de bharr líon diomaibhseach d’allmhairí CRF ó na tíortha lena mbaineann.

(10)

Mar a luadh freisin san Fhógra Tionscnaimh áfach, líomhain an t-iarratasóir ‘gur tharla baint na díobhála mar a suíodh ar dtús í den chuid is mó de bharr bearta a bheith ann, agus gur dócha go gcuirfí tús leis an díobháil arís do thionscal an Aontais mar thoradh ar aon tús a chuirfí arís le hallmhairí substaintiúla ag praghsanna dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann, dá mba rud é go ligfí do na bearta dul in éag’ (6). Ba é cuspóir an imscrúdaithe athbhreithnithe a shuí cé acu ar dócha nó nach dócha de bharr dhul in éag na mbeart go leanfaí den díobháil nó go gcuirfí tús léi arís mar gheall ar allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. Ba leormhaith í an fhaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir ag an gcéim tionscnaimh le taispeáint go gcuirfí tús leis an díobháil de bharr allmhairí dumpáilte arís dá dtosófaí arís ar allmhairí dumpáilte ag méideanna níos airde. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún maíomh na bpáirtithe maidir le cúisíocht.

(11)

Mhaígh rialtas na Rúise nár chuir an t-iarratasóir fianaise leordhóthanach i láthair den dumpáil mhéadaithe, mar a luaitear in Airteagal 5.2 den Chomhaontú Frithdhumpála, agus gnáthluach á ríomh. Thairis sin, d’áitigh sé nach raibh mionsonraí leordhóthanacha san fhaisnéis a soláthraíodh sa leagan oscailte den iarraidh ar athbhreithniú éaga, agus níor léiríodh aon fhigiúr beacht inti a úsáideadh chun an corrlach a ríomh, toisc gur soláthraíodh costais iompair, costais onnmhairiúcháin chomh maith le praghsanna ar mhargadh CRF na Rúise agus na ríomhanna iad féin i ngarbhfhigiúirí. D’iarr rialtas na Rúise ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar na ríomhanna a sholáthraítear san iarraidh agus an fhianaise a sholáthar gurb iontaofa iad na ríomhanna sin. Thairis sin, rinne rialtas na Rúise tagairt d’Airteagal 6.2 den Chomhaontú Frithdhumpála ina luaitear in éagmais deis ar thuiscint réasúnta a fháil ar shubstaint na faisnéise a chuirtear isteach faoi rún, gur chuir an t-iarratasóir cosc ar rialtas na Rúise agus ar tháirgeoirí na Rúise araon, chomh maith le páirtithe leasmhara eile deis a fháil a gcuid leasanna a chosaint ina n-iomláine, agus d’iarr ar an gCoimisiún agus Eurofer sonraí níos mionsonraithe a sholáthar maidir le ríomhanna corrlaigh dumpála.

(12)

Maidir leis an maíomh um leordhóthanacht na fianaise, admhaíodh san iarraidh ar athbhreithniú gur tháinig laghdú géar ar onnmhairí ón Rúis chuig an Aontas den táirge lena mbaineann i gcomparáid le tréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh. Dá bhrí sin, rinneadh measúnú san iarraidh ar an dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís faoi threoir phraghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha seachas an tAontas. Léiríodh san anailís ar an bhfianaise go raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh ar an dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís.

(13)

Léiríodh leis an gcorrlach dumpála san iarraidh iompraíocht praghsála tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Rúise ar mhargaí tríú tíre, agus ní gá gur léiríodh ann méid beacht na dumpála a ríomhadh san imscrúdú. Chuir an t-iarratasóir fianaise leordhóthanach ar fáil áfach san iarraidh ar phraghas onnmhairiúcháin agus ar ghnáthluach ina léirítear an dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís. Sholáthair an t-iarratasóir tuairisc freisin a bhí mionsonraithe a dóthain ar an modheolaíocht a úsáideadh ina ríomh dumpála chun tuiscint réasúnta a cheadú ar shubstaint na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún.

(14)

D’fhonn measúnú a dhéanamh ar ghnáthluach CRF le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Rúise, bhailigh an t-iarratasóir faisnéis a bhí ar fáil go poiblí agus a bhí bunaithe ar shíntiús maidir le praghsanna díolacháin intíre le haghaidh tona amháin CRF ag na príomh-onnmhaireoirí ar a margadh intíre ar feadh na tréimhse tagartha. D’fhíoraigh agus dheimhnigh an Coimisiún an praghas onnmhairiúcháin le bunachar sonraí an Global Trade Atlas [An tAtlas Trádála Domhanda] (“GTA”).

(15)

Toisc go raibh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón Rúis chuig an Aontas diomaibhseach tar éis fhorchur na ndleachtanna frithdhumpála in 2016, bhunaigh an t-iarratasóir an praghas onnmhairiúcháin ar roinnt foinsí faisnéise maidir le praghsanna ar dhíolacháin onnmhairiúcháin CRF na Rúise chuig aon tríú tír in 2020. Suíodh na praghsanna onnmhairiúcháin le haghaidh tona amháin CRF ar bhonn faisnéise margaidh ar phraghsanna onnmhairiúcháin ón Rúis. Fíoraíodh agus deimhníodh an praghas onnmhairiúcháin leis an meánphraghas GTA de chuid trí sprioc onnmhairiúcháin na Rúise.

(16)

Tá comparáid déanta ag an iarratasóir dá bhrí sin, idir an meánphraghas onnmhairiúcháin díreach ón monarcha ar tháirgí cruach CRF ón Rúis agus gnáthluach a bhunaítear ar phraghsanna intíre na Rúise.

(17)

Ina anailís reachtúil, níor thug an Coimisiún san áireamh ach na gnéithe sin dá raibh dóthain fianaise leordhóthanaí agus cruinne ann ina leith.

(18)

Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh Rialtas na Rúise.

(19)

Maidir leis an leagan neamhrúnda den iarraidh atá ar fáil sa chomhad lena hiniúchadh ag páirtithe leasmhara, mheas an Coimisiún go raibh an fhaisnéis fhíor-riachtanach uile ann mar aon leis na hachoimrí neamhrúnda uile ar shonraí rúnda a chuireann ar a gcumas do pháirtithe leasmhara a gcearta cosanta a fheidhmiú i gceart. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

1.7.   Sampláil

(20)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé sampláil ar pháirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.7.1.   Sampláil táirgeoirí ón Aontas

(21)

San Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go raibh sampla de thrí tháirgeoir de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn mhéid táirgeachta agus díolachán an táirge chomhchosúil. Bhí an sampla comhdhéanta de thrí tháirgeoir san Aontas a d’fhreagair do níos mó ná 30 % de tháirgeacht mheasta iomlán an Aontais den táirge comhchosúil san Aontas, agus do níos mó ná 20 % de mhéid díolachán measta iomlán.

(22)

I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil agus deimhníodh an sampla sealadach dá bhrí sin, agus measadh go raibh an sampla ionadaíoch do thionscal an Aontais.

1.7.2.   Sampláil allmhaireoirí

(23)

Chun a chinneadh cé acu a bhí nó nach raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí gá léi, sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra Tionscnaimh a sholáthar.

(24)

Níor fhreagair aon allmhaireoir neamhghaolmhar an fhoirm samplála. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nár ghá sampláil a dhéanamh.

1.7.3.   Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Rúis agus sa tSín a shampláil

(25)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile sa Rúis agus sa tSín an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar údaráis na Síne agus na Rúise táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, más ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu i rannpháirt a ghlacadh san imscrúdú.

(26)

Tráth an tionscnaimh, chuir an Coimisiún cóip ar fáil de na ceistneoirí sa chomhad lena n-iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála.

(27)

Níor sholáthair aon táirgeoir onnmhairiúcháin ón tSín an fhaisnéis a iarradh agus/nó níor aontaigh siad lena gcur san áireamh sa sampla. Chuir an Coimisiún Misean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach ar an eolas maidir lena rún chun fíorais atá ar fáil a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(28)

Dá bhrí sin, toisc nach bhfuarthas aon chomhar ó tháirgeoirí na Síne, rinneadh na cinntí maidir leis na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán, go háirithe trí staidreamh maidir le trádáil um allmhairí agus onnmhairí a úsáid (Eurostat, the Global Trade Atlas (“GTA”) (7) agus ECFE (8)).

(29)

Maidir leis na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis, eadhon Oibreacha Iarainn agus Cruach PJSC Magnitogorsk (MMK) agus a chuideachtaí gaolmhara (Grúpa MMK), Cruach PJSG Novolipetsk (NLMK) agus a chuideachtaí gaolmhara (Grúpa NLMK) agus PJSC Severstal (Severstal) agus a chuideachtaí gaolmhara (Grúpa SEVERSTAL), sholáthair siad an fhaisnéis a iarradh agus d’aontaigh lena gcur san áireamh sa sampla. Chuir na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin sin an Coimisiún ar an eolas an 6 Meán Fómhair 2021 áfach gur chinn siad gan freagraí ar cheistneoir frithdhumpála aonair a chur isteach, ach go gcomhoibreoidís leis an gCoimisiún maidir le gach gné eile den athbhreithniú éaga, amhail barúlacha maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú, an dóchúlacht go leanfaí den díobháil agus de leas an Aontais nó go gcuirfí tús leo arís. Ina dhiaidh sin, an 13 Meán Fómhair 2021, chuir na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis barúlacha isteach maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú éaga, an leanúint líomhnaithe den dumpáil dhíobhálach agus de leas an Aontais, agus an dóchúlacht go gcuirfí tús leo arís. D’iarr siad ar an gCoimisiún fíorúchán roghnaitheach a dhéanamh ar shonraí cuideachta-shonracha ábhartha, amhail táirgeadh, acmhainneacht agus úsáid acmhainneachta arna gcur isteach in éineacht leis na barúlacha.

(30)

I ndiaidh na cumarsáide sin, chuir an Coimisiún na táirgeoirí onnmhairiúcháin réamhluaite ar an eolas an 21 Meán Fómhair agus 19 Samhain 2021 gur mheas sé iad a bheith ina bpáirtithe neamh-chomhoibríocha, agus chuir sé ar an eolas iad faoina rún chun Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus leas a bhaint as na fíorais atá ar fáil lena chinntí san imscrúdú a chinneadh. Chuir an Coimisiún údaráis na Rúise ar an eolas freisin faoina rún chun na fíorais atá ar fáil a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(31)

An 30 Meán Fómhair agus 29 Samhain 2021, fuair an Coimisiún barúlacha ó na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán. D’easaontaigh siad le measúnú an Choimisiúin ar a stádas comhair agus d’athdhearbhaigh a rún chun comhoibriú a dhéanamh faoi ghnéithe eile den athbhreithniú amhail leanúint de dhíobháil nó tús a chur léi arís, an dóchúlacht go ndéanfaí tuilleadh dumpála díobhálaí agus leas an Aontais. D’iarr siad ar an gCoimisiún arís na sonraí maidir le táirgeadh, acmhainneacht agus úsáid acmhainneachta a chuir siad isteach a fhíorú.

(32)

Maidir leis an méid sin, níor chuir táirgeoirí onnmhairiúcháin na Rúise isteach an fhaisnéis riachtanach a iarradh ina bhfreagraí ar an gceistneoir. Mheas an Coimisiún nár sholáthair táirgeoirí onnmhairiúcháin na Rúise ach faisnéis ilroinnte a bhí teoranta do tháirgeadh, acmhainneacht agus méid táirgeachta, gan fianaise thacaíochta a bheith léi. Ina dhiaidh sin, toisc nár sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin faisnéis leordhóthanach agus iontaofa don Choimisiún le teacht ar chinneadh atá cuibheasach cruinn, d’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis a bhí ar fáil ar an gcomhad mar a mhínítear in aithris (30). In aon chás, d’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis a chuir na trí tháirgeoir ón Rúis ar fáil a mhéid atá indéanta ina leith sin.

(33)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (“Rialtas na Síne”) maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(34)

Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig na táirgeoirí sampláilte ón Aontas freisin. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (9) lá an tionscnaimh freisin. Ina theannta sin, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig comhlachas tháirgeoirí an Aontais, EUROFER.

(35)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó thrí tháirgeoir san Aontas a sampláladh agus ó EUROFER.

1.7.4.   Fíorú

(36)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus den díobháil agus nó go dtarlóidís arís agus maidir le leas an Aontais. De bharr ráig phaindéim COVID-19 agus na mbeart a rinneadh dá réir chun déileáil leis an ráig (“Fógra COVID-19”) (10), níorbh fhéidir leis an gCoimisiún, cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh ar áitribh na gcuideachtaí sampláilte. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda ar an bhfaisnéis a sholáthair na cuideachtaí seo a leanas ar fhíschomhdháil:

 

    Táirgeoirí ón Aontas

Voestalpine Stahl GmbH, An Ostair

ThyssenKrupp Steel Europe AG, An Ghearmáin

ArcelorMittal Belgium, An Bheilg

1.8.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(37)

An 19 Lúnasa 2022, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar a bhfuil sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála a choinneáil ar bun maidir le hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Rúis. Tugadh an deis do gach páirtí barúlacha a dhéanamh maidir leis an nochtadh.

(38)

Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha arna ndéanamh ag na páirtithe leasmhara agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarb iomchuí. Ceadaíodh éisteacht do na páirtithe sin a d’iarr a leithéid.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Táirge faoi athbhreithniú

(39)

Is ionann an táirge faoi athbhreithniú agus an ceann san imscrúdú bunaidh eadhon táirgí cothrom-rollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, nó de chruach chóimhiotail eile cé is moite de chruach dhosmálta, de gach leithead, iad fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú, agus gan aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh (fuar-laghdú), atá faoi láthair de réir chóid CN ex 7209 15 00 (Cód TARIC 7209150090), 7209 16 90, 7209 17 90, 7209 18 91, ex 7209 18 99 (Cód TARIC 7209189990), ex 7209 25 00 (Cód TARIC 7209250090), 7209 26 90, 7209 27 90, 7209 28 90, 7211 23 30, ex 7211 23 80 (Cóid TARIC 7211238019, 7211238095 agus 7211238099), ex 7211 29 00 (Cóid TARIC 7211290019 agus 7211290099), 7225 50 80 agus 7226 92 00 (“an táirge faoi athbhreithniú”).

(40)

Tá na cineálacha táirgí a leanas eisiata ón sainmhíniú ar an táirge faoi athbhreithniú:

táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, de gach leithead, iad fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú, agus gan aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh, bídís ina gcornaí nó ná bídís, de gach tiús, leictreach,

táirgí cothrom-rollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, de gach leithead, iad fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú orthu, iad ina gcornaí, ar tiús is lú ná 0,35 mm, ainéalta (ar a dtugtar “plátaí dubha”),

táirgí cothromrollta de chruach chóimhiotail eile, de gach leithead, de chruach shileacain-leictreach, agus

táirgí cothromrollta de chruach chóimhiotail, gan aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh (fuar-laghdú), de chruach ardluais.

(41)

Déantar táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta a tháirgeadh ó chornaí teorollta. Is éard is sainmhíniú ar an bpróiseas fuar-rollta, leathán nó stiall ar a ndearnadh teo-rolladh agus picilt roimhe seo — a chur trí fhuar-rollaí, i.e. faoi bhun theocht bhogtha an mhiotail. Déantar táirgí cruach cothroma de chruach fhuar-rollta a mhonarú chun sonraíochtaí áirithe nó sonraíochtaí dílseánacha úsáideora deiridh a chomhlíonadh. Is féidir iad a sholáthar i gcineálacha éagsúla: i gcornaí (iad bealaithe nó neamhbhealaithe), i bhfaid ghearrtha (leathán) nó i stiallacha cúnga. Is ionchur tionsclaíochta iad na táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta a cheannaíonn úsáideoirí deiridh le haghaidh feidhmeanna éagsúla, go príomha sa mhonaraíocht (tionsclaíocht ghinearálta, pacáistíocht, gluaisteán, etc.), ach san fhoirgníocht freisin.

2.2.   An táirge lena mbaineann

(42)

Is é an táirge a bhaineann leis an imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise.

2.3.   Táirge comhchosúil

(43)

Faoi mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, is amhlaidh a deimhníodh leis an imscrúdú den athbhreithniú éaga sin go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha céanna, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge faoi athbhreithniú a dhíoltar ar mhargadh intíre Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise; agus

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

(44)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Daon-Phoblacht na Síne

3.1.1.   Réamhbharúlacha

(45)

le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, leanadh d’allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta ón tSín, cé go raibh na hallmhairí ar leibhéal ní b’ísle ná mar a bhí i dtréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh (i.e. ón 1 Aibreán 2014 go dtí an 31 Márta 2015). De réir shonraí Eurostat, bhí níos lú ná 1 % de mhargadh an Aontais ag allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta ón tSín i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le 10,3 % (11) den sciar den mhargadh le linn an imscrúdaithe bunaidh. I ndearbhthéarmaí, d’onnmhairigh an tSín timpeall ar 32 000 tona chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ar laghdú suntasach é i gcomparáid le timpeall ar 732 000 tona (12) a d’onnmhairigh sí chuig an Aontas i rith thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh.

(46)

Le linn an imscrúdaithe bunaidh, shuigh an Coimisiún gur dumpáladh onnmhairí den táirge lena mbaineann ón tSín ag leibhéal suntasach ar mhargadh an Aontais. Bhí corrlaigh dhumpála onnmhaireoirí comhoibríocha na Síne idir 52,7 % agus 59,2 %. De bharr chur i bhfeidhm riail na dleachta is lú, socraíodh na dleachtanna frithdhumpála a forchuireadh ar allmhairí na Síne ag leibhéal i bhfad níos ísle, idir 19,7 % agus 22,1 %.

(47)

Mar a luadh in aithris (27), níor chomhoibrigh aon cheann de na honnmhaireoirí/táirgeoirí ón tSín san imscrúdú. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhoibriú, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí i dtaca le Daon-Phoblacht na Síne. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin.

(48)

Dá dheasca sin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den bhun-Rialachán, bhí na cinntí i ndáil leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil nó go gcuirfí tús léi arís maidir le Daon-Phoblacht na Síne bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe an fhaisnéis san iarraidh ar an athbhreithniú éaga agus sna haighneachtaí ó na páirtithe leasmhara, i gcomhar le foinsí eile faisnéise, amhail staidreamh maidir le trádáil i ndáil le hallmhairí agus le honnmhairí (Eurostat, GTA), sonraí staidrimh ó shuíomhanna gréasáin údarás cánach agus custaim na Síne (13), agus ECFE (14)), agus soláthraithe neamhspleácha sonraí airgeadais, amhail Global Financials arna fhoilsiú ag Dunn & Bradstreet (15).

3.1.2.   Dumpáil

3.1.2.1.   An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le haghaidh allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

(49)

Ós rud é go raibh fianaise leordhóthanach ar fáil nuair a tionscnaíodh an t-imscrúdú agus go bhféadfaí a thaispeáint, maidir le Daon-Phoblacht na Síne, gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(50)

D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé go mba ghá dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2. den Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá ó dháta fhoilsiú an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, trí bhíthin Note Verbale dár dáta an 13 Meán Fómhair 2021 chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh gurbh ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne.

(51)

I bpointe 5.3.2. den Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, i bhfianaise na fianaise a bhí ar fáil, gurbh í an Bhrasaíl an tríú tír ionadaíoch fhéideartha don tSín sa chás seo, de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chun críche an gnáthluach a chinneadh bunaithe ar phraghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Luaigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a)(a), den bhun-Rialachán.

(52)

An 24 Samhain 2020, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (“an Chéad Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear chun cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta a tháirgeadh. Ina theannta sin, bunaithe ar na critéir a threoraíonn an rogha praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún tíortha ionadaíocha féideartha, eadhon an Bhrasaíl, Meicsiceo, an Rúis agus an Tuirc. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis an gCéad Nóta.

(53)

An 17 Márta 2022, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas leis an dara nóta (“an Dara Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, agus gurbh í an Bhrasaíl an tír ionadaíoch. Ní bhfuarthas aon bharúil.

3.1.2.2.   Gnáthluach

(54)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’.

(55)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “i gcás ina gcinntear […] nach bhfuil sé iomchuí praghsanna intíre agus costais a úsáid sa tír is onnmhaireoir i ngeall go bhfuil saobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), déanfar an gnáthluach a thógáil go heisiach ar bhonn costas táirgthe agus díolachán ina léirítear praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa”, agus “áireofar leis méid neamhshaofa agus réasúnach de chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus i gcomhair brabús” (“costais SGA” a thugtar anseo feasta ar “costais díola, ghinearálta agus riaracháin”).

(56)

Mar a mhínítear tuilleadh sna foranna a leanas, bhain an Coimisiún de thátal as an imscrúdú reatha, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil, agus ag féachaint don easpa comhair ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.1.3.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(57)

In imscrúduithe a rinneadh le déanaí a bhain leis an earnáil cruach i nDaon-Phoblacht na Síne (16), shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(58)

Sna himscrúduithe sin, shuigh an Coimisiún gurbh ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtas sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (17). Go háirithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur san earnáil cruach, arb í an príomh-amhábhar í chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh, ní hamháin go bhfuil cuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne uirthi de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán (18), ach ina theannta sin, go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán (19). Shuigh an Coimisiún thairis sin go bhfuil éifeachtaí saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais, agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála i nDaon-Phoblacht na Síne, fágann sé go mbíonn acmhainní á gcomhchruinniú in earnálacha atá ainmnithe ag Rialtas na Síne mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (20). Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád sócmhainneach agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh i nDaon-Phoblacht na Síne (21). Ar an gcaoi chéanna, shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (22), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le rochtain ar ghníomhaithe corparáideacha caipiteal i nDaon-Phoblacht na Síne (23).

(59)

Mar a rinneadh in imscrúduithe roimhe seo maidir leis an earnáil cruach i nDaon-Phoblacht na Síne, d’fhéach an Coimisiún san imscrúdú reatha lena fháil amach cé acu a bhí nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise a bhí san iarraidh, chomh maith le Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála (24) (“Tuarascáil”), a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substainteacha rialtais i ngeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin an staid shonrach margaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú. Chuir an Coimisiún leis na heilimintí fianaiseacha sin lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne, mar a fuarthas amach freisin in imscrúduithe a rinne sé roimhe seo i ndáil leis sin.

(60)

Rinneadh an líomhain san iarraidh go mbíonn tionchar forleathan ag idirghabhálacha uilechuimsitheacha Rialtas na Síne nó údarás poiblí eile ar leibhéil éagsúla an rialtais agus go ndéanann siad difear do gheilleagar na Síne ina iomláine, agus nach féidir leas a bhaint as praghsanna agus costais intíre thionscal cruach na Síne san imscrúdú seo i bhfianaise an mhéid sin. Chun tacú lena sheasamh, rinneadh tagairt san iarraidh d’imscrúduithe an Choimisiúin le déanaí ar earnáil cruach na Síne (25) nó do chonclúidí Fhóram Domhanda an G20 maidir le Ró-Acmhainn sa Tionscal Cruach (26).

(61)

Go sonrach, tugadh le fios san iarraidh ar chúlra an teagaisc maidir le “geilleagar sóisialach an mhargaidh” atá daingnithe i mBunreacht Dhaon-Phoblacht na Síne, uileláithreacht Pháirtí Cumannach na Síne (“CCP”) agus tionchar an rialtais ar an ngeilleagar trí mheán thionscnaimh pleanála straitéiseacha – amhail an 13ú agus an 14ú Plean 5 Bliana - tagann idirghabhálachas Rialtas na Síne i bhfoirmeacha éagsúla, eadhon idirghabhálacha riaracháin, airgeadais agus rialála.

(62)

Soláthraíodh samplaí san iarraidh de ghnéithe lena léirítear gurb ann do shaobhadh, mar a liostaítear sa chéad dais go dtí an séú dais d’Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Go háirithe, agus tagairt á déanamh d’imscrúduithe an Choimisiúin roimhe seo san earnáil cruach, don Tuarascáil, do thuarascálacha ó údaráis tríú tíortha (USTR) agus ó institiúidí eile (IMF), d’áitigh an t-iarratasóir:

Gur fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, rialú nó maoirseacht nó treoraíocht beartais údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne a fhreastalaíonn den chuid is mó ar mhargadh CRF, i bhfianaise go háirithe tionchar Pháirtí Cumannach na Síne ar chuideachtaí príobháideacha agus ar chuideachtaí faoi úinéireacht an stáit araon trí mheán ainmniúcháin Pháirtí Cumannach na Síne i gcuideachtaí, agus i bhfianaise idirmheascadh córasach na n-oifigí Stáit agus oifigí Pháirtí Cumannach na Síne. D’áitigh an t-iarratasóir sa bhreis air sin cé go gcuimsíonn an earnáil cruach timpeall ar leath de chuideachtaí faoi úinéireacht an stáit agus cuideachtaí príobháideacha i dtéarmaí táirgeadh agus acmhainneacht táirgeachta, go bhfuil ceithre cinn de na cúig tháirgeoir cruach is mó ina bhfiontair faoi úinéireacht an stáit, lena n-áirítear Baowu, an dara táirgeoir amhchruach is mó ar domhan atá go hiomlán faoi úinéireacht an stáit agus atá ailínithe go dlúth le beartas cruach Rialtas na Síne. Thug an t-iarratasóir le fios ina leith sin go bhfuil Rialtas na Síne tar éis an plean a shaothrú chun 70 % den táirgeadh iarainn agus cruach a chomhdhlúthú i ndeich gcuideachta churaidh faoi 2025, straitéis a dhéanann difear don tionscal CRF freisin, e.g. trí éadáil Baowu ar an táirgeoir CRF Maanshan Iron & Steel in 2019;

Cuireann láithreacht an stáit i ngnólachtaí ar chumas don stát cur isteach ar phraghsanna nó costais, go háirithe trí rialú rialaitheach agus bainistíochta a fheidhmiú ar fhiontair faoi úinéireacht an Stáit, agus freisin trí ról méadaitheach Pháirtí Cumannach na Síne sna cuideachtaí atá faoi úinéireacht an stáit agus cuideachtaí príobháideacha araon, ar tathantaíodh orthu le bliana beaga anuas cinntí móra a fhágáil faoi Pháirtí Cumannach na Síne. Rinne an t-iarratasóir tagairt bhreise d’fhorluití pearsanta idir comhlachas CISA faoi rialú an stáit agus an táirgeoir cruach príobháideach is mó, grúpa Shagang, chomh maith le láithreacht an Stáit i gcuideachtaí earnála réamhtheachtacha dá socraítear spriocanna óna dtiocfaidh costais ísle as an ngnáth don tionscal cruach.

Beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar bhealach eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir, i bhfianaise go háirithe an chórais pleanála lena dtreoraítear acmhainní chuig tionscail roghnaithe, amhail an earnáil cruach. Léirigh an t-iarratasóir é sin trí bhíthin an 14ú dréacht-Phlean 5 Bliana don earnáil cruach a lua, ina n-athdhearbhaítear a tábhacht do gheilleagar na Síne, chomh maith le tagairt a dhéanamh do dhoiciméid phleanála agus straitéiseacha eile ina dtuartar an tacaíocht don earnáil cruach, amhail Made in China 2025 [An tSín Tír a Dhéanta 2025] Rinne an t-iarratasóir tagairt bhreise do bheartais phoiblí eile a dhéanann difear d’fhórsaí an mhargaidh shaoir, amhail tionchar á fheidhmiú ag Rialtas na Síne ar phraghsanna amhábhar trí bhearta iomadúla, amhail cuótaí d’onnmhairí, ceanglais cheadúnúcháin onnmhairí, dleachtanna onnmhairiúcháin nó lacáistí CBL, trí dhifreáil na bpraghsanna fuinnimh. Ina theannta sin, tuairiscítear san iarraidh na dreasachtaí a chuireann údaráis na Síne ar fáil do tháirgeoirí cruach a ghlacann rannpháirt sa Tionscnamh Creasa agus Bóthair, atá dírithe ar láithreacht cuideachtaí Síneacha ar mhargaí eachtracha a chothú;

Tagann marthain go leor “cuideachtaí zombaí” mar thoradh ar easpa, cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú uireasach na ndlíthe féimheachta, corparáideacha nó maoine, rud a rannchuireann le dianseasmhacht acmhainneachtaí neamhúsáidte, ar fadhb í a bhraitear go mór san earnáil cruach agus a fhágann iarmhairtí i margaí airgeadais agus iasachtaíochta na Síne. Thug an t-iarratasóir le fios freisin i bhfianaise easpa na húinéireachta príobháidí talún sa tSín, go ndéanann stát na Síne idirghabháil i dtalamhúsáid na hearnála cruach, mar a fuair an Coimisiún amach freisin in imscrúduithe roimhe seo (27);

Tá saobhadh ar na costais phá, a mhéid is nach ann d’aon saormhargáil, agus go bhfuil an t-aon cheardchumann a bhfuil aitheantas aige, ACFTU, faoi réir cheannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne. Thug an t-iarratasóir le fios freisin nár dhaingnigh an tSín go fóill roinnt coinbhinsiún bunúsach de chuid EIS agus go dtéann an córas clárúcháin teaghlaigh i bhfeidhm ar lucht saothair na Síne;

Is iad na hinstitiúidí a chuireann chun feidhme cuspóirí an bheartais phoiblí, nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an stát ar bhealach eile, a dheonaíonn an rochtain ar airgeadas, de bharr láithreacht cheannasach na mbanc atá faoi úinéireacht an Stáit agus na mbanc rialaithe ina bhfeidhmíonn an Stát agus Páirtí Cumannach na Síne tionchar ar chinntí pearsanra agus gnó agus a ailíníonn iad féin le cuspóirí beartais tionsclaíocha na tíre. De réir na hiarrata, tairbhíonn táirgeoirí CRF na Síne go rímhór den iasachtaíocht fhabhrach ó na bainc sin. Thug an t-iarratasóir le fios nach mór do bhainc phríobháideacha freisin an beartas náisiúnta a thabhairt san áireamh agus iad i mbun a gcuid gnó. Cosúil leis an saobhadh san earnáil bhaincéireachta, cuirtear síos san iarraidh ar ról ceannasach na ngníomhaithe ag a bhfuil baint leis an rialtas ar mhargadh na mbannaí, agus ar ról saofa na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa faoi úinéireacht an Stáit nó na ngníomhaireachtaí príobháideacha atá faoi thionchar láidir an Stáit, rud a chuireann ar a gcumas dóibh maoiniú a thabhairt ag rátaí níos fabhraí do thionscail dá dtugtar spreagadh ná mar a bheadh ar fáil ar mhargaí airgeadais a oibríonn de réir phrionsabail an mhargaidh.

(63)

Mar a tugadh le fios in aithris (50), níor thug Rialtas na Síne barúil ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad faoi láthair, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir, maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás atá i gceist.

(64)

Go sonrach, is ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne in earnáil an táirge faoi athbhreithniú, i.e. an earnáil cruach. Is leis an Stát iad go leor de na táirgeoirí CRF is mó, amhail, mar shampla, Hebei Iron and Steel, Handan Iron and Steel, Baoshan Iron and Steel, Shanghai Meishan Iron and Steel, BX Steel Posco Cold Rolled Sheet, WISCO International Economic and Trading, Maanshan Iron and Steel, Tianjin Rolling One Steel nó Inner Mongolia Baotu Steel Union. Tá Baosteel, fiontar mór Síneach eile a mhonaraíonn cruach, ina chuid de China Baowu Steel Group Co. Ltd. (Baosteel Group and Wuhan Iron & Steel roimhe seo), an táirgeoir cruach is mó ar domhan (28) atá faoi úinéireacht 100 % ag SASAC lárnach (29). Cé go meastar go bhfuil an deighilt ainmniúil beagnach cothrom idir an líon fiontar faoi úinéireacht an Stáit agus an líon cuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach, as na cúig tháirgeoir cruach ón tSín a aicmítear sna deich dtáirgeoir cruach is mó ar domhan, is fiontair faoi úinéireacht an Stáit iad ceithre cinn díobh (30). An tráth céanna, cé nár bhain ach thart ar 36 % d’aschur iomlán an tionscail in 2016 leis na deich dtáirgeoir is mó, leag Rialtas na Síne an sprioc amach sa bhliain chéanna chun idir 60 % agus 70 % den táirgeadh cruach a chomhdhlúthú i thart ar dheich bhfiontar mhóra nó mar sin faoi 2025 (31). Chuir Rialtas na Síne an rún sin in iúl arís i mí Aibreáin 2019, agus d’fhógair eisiúint treoirlínte maidir le comhdhlúthú an tionscail cruach (32). D’fhéadfadh a bheith i gceist leis an gcomhdhlúthú sin cumaisc éigeantacha de chuideachtaí príobháideacha brabúsacha agus cuideachtaí atá ag tearcfheidhmiú faoi úinéireacht an Stáit (33). Ó tharla nach bhfuarthas aon chomhoibriú ó onnmhaireoirí an táirge faoi athbhreithniú sa tSín, níorbh fhéidir cóimheas cruinn na dtáirgeoirí cruach comhréidh fuar-rollta príobháideacha agus faoi úinéireacht an Stáit a dhearbhú. Cé nach bhféadfadh faisnéis shonrach a bheith ar fáil le haghaidh na hearnála CRF áfach, is ionann an earnáil agus fo-earnáil de thionscal na cruach, agus dá bhrí sin meastar na torthaí maidir leis an earnáil cruach a bheith táscach freisin don táirge faoi athbhreithniú.

(65)

Deimhnítear sna doiciméid bheartais is déanaí leis an tSín maidir leis an earnáil cruach an tábhacht leanúnach a chuireann Rialtas na Síne san earnáil, lena n-áirítear an rún chun idirghabháil a dhéanamh san earnáil d’fhonn í a mhúnlú i gcomhréir le beartais an rialtais. Léirítear an méid sin le dréacht-Tuairim Threorach na hAireachta Tionsclaíochta agus Faisnéise Teicneolaíochta maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Cruach a Chothú ina n-éilítear comhdhlúthú breise an bhoinn thionsclaíoch agus feabhsú suntasach sa leibhéal nuachóiriúcháin den slabhra tionsclaíoch (34) nó leis an 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal Amhábhar a Fhorbairt ar dá réir a dhéanfaidh an earnáil ‘cloí le comhcheangal na ceannaireachta margaidh agus chur chun cinn an rialtais’ agus a dhéanfaidh sí ‘grúpa cuideachtaí forásacha a shaothrú ag a bhfuil ceannaireacht éiceolaíochta agus croí-iomaíochas’ (35). Is féidir samplaí comhchosúla de rún údaráis na Síne chun na forbairtí san earnáil a mhaoirsiú agus a threorú a fheiceáil ar an leibhéal cúigeach, amhail in Shandong nach amháin go dtuartar ann ‘éiceolaíocht thionscal cruach a thógáil […], páirceanna monaraíochta a bhunú, an slabhra tionsclaíoch a leathnú agus braislí tionsclaíocha a chruthú’ ach go bhfuil mian ann ‘go soláthródh an tionscal cruach eiseamláir do chlaochlú agus d’uasghrádú […] inár gcúige agus fiú sa tír ina hiomláine’ (36).

(66)

Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht an Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán, de bharr na heaspa comhair ó thaobh na dtáirgeoirí CRF, níorbh fhéidir a shuí gurb ann do cheangail phearsanta idir táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus Páirtí Cumannach na Síne. I bhfianaise go bhfuil CRF ina fho-earnáil den earnáil cruach, áfach, tá an fhaisnéis atá ar fáil i ndáil le táirgeoirí cruach ábhartha do CRF freisin. Le sampla a thabhairt, fónann Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Baowu i gcomhthráth mar Rúnaí Choiste an Pháirtí, agus fónann an Bainisteoir Ginearálta mar Leas-Rúnaí Choiste an Pháirtí (37). Mar an gcéanna, tá Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Baosteel i seilbh an phoist mar rúnaí Choiste an Pháirtí, agus tá an Bainisteoir Feidhmiúcháin ina Leasú-Rúnaí ar Choiste an Pháirtí (38). Go ginearálta, i bhfianaise infheidhmeacht ghinearálta na reachtaíochta maidir le láithreacht Pháirtí Cumannach na Síne i gcuideachtaí, ní féidir glacadh leis go mbeadh cumas Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus costais trí láithreacht an Stáit i ngnólachtaí difriúil i gcomparáid leis an earnáil cruach i gcoitinne.

(67)

Tá fiontair faoi úinéireacht phoiblí agus fiontair faoi úinéireacht phríobháideach araon san earnáil CRF faoi réir mhaoirseacht agus threoraíocht beartais. Léirítear sna samplaí a leanas an treocht thuas maidir le leibhéal méadaitheach idirghabhála ó Rialtas na Síne san earnáil CRF freisin. Déanann roinnt táirgeoirí CRF Gníomhaíochtaí neartaithe páirtí a chur i dtábhacht go sainráite ar a suíomh gréasáin, bíonn comhaltaí den pháirtí ar fhoireann bainistíochta na cuideachta, agus cuireann siad a gceangal le Páirtí Cumannach na Síne i dtábhacht. Mar shampla, tugann Baowu le fios go bhfuil 301 Choiste Páirtí laistigh den ghrúpa, agus an líon comhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne i measc bhaill foirne Baowu ag 84 571 (39). Thairis sin, tugann an grúpa le fios an méid a leanas maidir le neartú an Pháirtí san fhiontar: “Ceannaireacht an pháirtí a neartú agus an rialachas corparáideach a fheabhsú, an córas fiontraíochta nua-aimseartha a fheabhsú. Cuireann Baowu na Síne chun feidhme ina n-iomláine ceanglais “Tuairimí maidir le Ceannaireacht an Pháirtí a Neartú le Feabhsú an Rialachais Chorparáidigh ag Fiontair Lárnacha”, […] Ba é an córas cinnteoireachta leasaithe agus feabhsaithe le haghaidh ábhair mhóra a chuir feabhas breise ar údarás cinnteoireachta choiste an pháirtí, an bhoird stiúrthóirí, na mbainisteoirí agus chomhlachtaí rialachais eile, ábhair chinnteoireachta agus na bhfoirmeacha arna n-údarú ag an mbord stiúrthóirí […]. […] Cloíonn Baowu le pleanáil chomhuaineach, agus cuireann chun feidhme í, do neartú an pháirtí agus d’athchóiriú an fhiontair, bunú comhuaineach d’eagraíochtaí agus institiúidí oibre an pháirtí, leithdháileadh comhuaineach de cheannairí eagrúcháin an pháirtí agus de bhaill foirne ghnóthaí an pháirtí.” (40)

(68)

Thairis sin, tá beartais i bhfeidhm san earnáil CRF lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena ndéantar tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán. Bíodh is gur tionscal speisialaithe é CRF agus nárbh fhéidir doiciméid bheartais shonracha ina raibh treoraíocht shonrach maidir le forbairt an tionscail CRF a shainaithint le fírinne san imscrúdú, tairbhíonn an tionscal CRF de threoraíocht agus d’idirghabháil rialtais san earnáil cruach, i bhfianaise go n-ionadaíonn CRF do cheann amháin dá fho-earnálacha.

(69)

Measann Rialtas na Síne gur príomhthionscal é an tionscal cruach (41). Deimhnítear é sin sna pleananna, treoracha agus doiciméid iomadúla eile ina ndírítear ar an gcruach, a eisítear ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach amhail “Steel Industry Adjustment and Upgrading plan for 2016-2020”, a bheidh bailí le linn chuid shuntasach de thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Luaitear sa Phlean sin gurb “earnáil bhunúsach thábhachtach de gheilleagar na Síne, cloch choirnéil náisiúnta” é an tionscal cruach” (42). Cumhdaítear leis na príomhthascanna agus na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean seo gach gné d’fhorbairt an tionscail (43). Beartaíodh sa 13ú Plean 5 Bliana maidir leis an bhForbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta (44), is infheidhme le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, go dtabharfaí tacaíocht d’fhiontair a tháirgeann cineálacha táirge cruach ardleibhéil (45). Díríodh ann freisin ar cháilíocht, marthanacht agus iontaofacht táirge a bhaint amach trí thacú le cuideachtaí a mbíonn teicneolaíochtaí in úsáid acu a bhaineann le táirgeadh glan cruach, beacht-rollú, agus feabhas ar cháilíocht (46). Mar an gcéanna, de réir an 14ú Plean 5 Bliana a glacadh i mí an Mhárta 2021, chuir rialtas na Síne an tionscal cruach in áirithe lena chlaochlú agus lena uasghrádú, chomh maith lena bharrfheabhsú agus lena choigeartú ar bhonn struchtúrach (47).

(70)

In Catalóg chun Athstruchtúrú an Tionscail a Threorú (Leagan 2019) (48) (“an Chatalóg”), liostaítear cruach mar thionscal atá á spreagadh. Amhábhar tábhachtach eile chun CRF a tháirgeadh is ea an t-amhiarann. Cumhdaíodh an t-amhiarann faoin bPlean Náisiúnta um Acmhainní Mianraí 2016-2020 le linn cuid mhaith de thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Beartaíodh sa phlean, i measc nithe eile, chun “comhchruinniú fiontar a áirithiú agus mianaigh mhóra agus mheánmhéide a fhorbairt a bheidh iomaíoch ar an margadh”, “treoraíocht a áirithiú ionas go mbeifear in ann iad a threorú i dtreo grúpaí mianaigh mhóra”, “an t-ualach ar fhiontair amhiarainn a laghdú, iomaíochas na bhfiontar amhiarainn intíre a ardú”, “forbairt mhianaigh 1 000 méadar ar doimhneacht agus mianaigh amhiarainn ar scála beag de ghrád íseal a rialú go leormhaith”.

(71)

Luaitear an t-amhiarann freisin sa 13ú Plean 5 Bliana maidir le Cruach 2016-2020, a bhí i bhfeidhm le linn cuid mhaith de thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. An plean a bheartaítear don amhiarann: “tacaíocht a choinneáil ar bun d’oibreacha taiscéalaíochta i bpríomhlimistéir mianraí intíre, […], tacaíocht a thabhairt do roinnt fiontar amhiarainn intíre atá ann agus atá rí-iomaíoch, a bhuí le forbairt níos leithne agus níos déine, […], agus ról na mbonn acmhainní mianraí intíre a neartú ó thaobh shlándáil (soláthairtí de)”.

(72)

Aicmítear an t-amhiarann mar Thionscal Straitéiseach atá ag Teacht Chun Cinn (“SEI”) agus dá bhrí sin tá sé cumhdaithe leis an 13ú Plean 5 Bliana maidir le SEInna. Liostaítear amhiarann agus fearó-chóimhiotail sa Chatalóg freisin. Luaitear fearó-chóimhiotail arís in 2018 MIIT Guiding Catalogue for Industry Development and Transfer. Leis na samplaí thuas maidir leis an earnáil cruach i gcoitinne agus gnó an amhiarainn go háirithe, agus an dara ceann ina amhábhar tábhachtach chun CRF a tháirgeadh, léirítear an tábhacht a chuireann rialtas na Síne sna hearnálacha sin. Mar sin, is é rialtas na Síne freisin a threoraíonn forbairt bhreise na hearnála CRF i gcomhréir le réimse leathan uirlisí beartais agus treoracha agus a rialaíonn beagnach gach aon ghné d’fhorbairt agus d’fheidhmiú na hearnála. Dá réir sin, tairbhíonn an tionscal CRF de threoraíocht agus idirghabháil rialtasach maidir leis na príomh-amhábhair chun CRF a mhonarú, eadhon an t-iarann.

(73)

Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí maidir le tacú le tionscail spreagtha a chomhlíonadh, lena n-áirítear na príomh-amhábhair a tháirgeadh a úsáidtear i monaraíocht CRF. Cuireann bearta den sórt sin cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac.

(74)

Leis an imscrúdú reatha, níor nochtadh aon fhianaise ar chur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó ar fhorfheidhmiú easnamhach na ndlíthe féimheachta agus maoine de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán san earnáil CRF, rud dá dtagraítear thuas in aithris (55), ar cur i bhfeidhm nó forfheidhmiú é nach ndéanfadh difear do mhonaróirí an táirge faoi athbhreithniú.

(75)

Maidir leis an earnáil CRF, déanann saobhadh ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, difear di freisin, rud dá dtagraítear thuas in aithris (55) freisin. Déanann an saobhadh sin difear don earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi athbhreithniú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach araon (le linn rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna i nDaon-Phoblacht na Síne) (49).

(76)

Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú reatha lenar léiríodh nach ndéanann an idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais aon difear don earnáil CRF de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (55) freisin. Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstainteach an rialtais sa chóras airgeadais.

(77)

Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún gur gá roinnt ionchur chun CRF a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí CRF na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha.

(78)

Dá bhrí sin, ní hamháin nach iomchuí na praghsanna díola intíre de CRF le húsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil. Go deimhin, tá idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh an chaipitil, na talún, an lucht saothair, an fhuinnimh agus na n-amhábhar le fáil ar fud Dhaon-Phoblacht na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbíonn ionchur, a táirgeadh i nDaon-Phoblacht na Síne trí raon tosca táirgeachta a chur le chéile, neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh an scéal maidir leis an ionchur don ionchur agus mar sin de.

(79)

Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina choinne sin.

(80)

Mar achoimre, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha a liostaítear iontu. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a tuairiscíodh sa roinn a leanas.

3.1.4.   Tír ionadaíoch

3.1.4.1.   Barúlacha ginearálta

(81)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil leis an tSín ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (50);

Táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin (51);

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch.

I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha féideartha amháin i ndáil le tír ionadaíoch, ba cheart tús áite a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(82)

Mar a mhínítear in aithrisí (52) agus (53), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh. Tugtar tuairisc leis na nótaí sin ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha. Ní bhfuair na páirtithe aon bharúil maidir leis na gnéithe sin agus maidir leis na foinsí ábhartha mar atá leagtha síos sa dá nóta thuasluaite. Sa dara Nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé ar intinn aige an Bhrasaíl a bhreithniú mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás reatha dá mba rud é go ndeimhneofaí gurbh ann do shaobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

3.1.4.2.   Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne

(83)

Sa Chéad Nóta maidir le fachtóirí táirgthe, shainaithin an Coimisiún an Bhrasaíl, Meicsiceo, an Rúis agus an Tuirc mar thíortha lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche atá comhchosúil le Daon-Phoblacht na Síne de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda iad go léir mar thíortha “ard-mheánioncaim” ar bhonn ollioncaim náisiúnta, i gcás inarbh eol gur tharla táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú.

(84)

Mhol an t-iarratasóir an Bhrasaíl ina iarraidh mar thír a bhfuiltear á mhaíomh gur tír ionadaíoch iomchuí í, óir ba sa Bhrasaíl a bhí roinnt táirgeoirí cruach comhtháite lonnaithe agus ba shampla cruthanta í de mhargadh iomaíoch intíre le haghaidh na bpríomhtháirgí cruach, lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú. Thug an t-iarratasóir le fios ina iarraidh freisin go ndéantar na hionchuir a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge faoi imscrúdú sa Bhrasaíl a allmhairiú go coitianta ó ilfhoinsí tionscnaimh, agus ó fhoinsí neamhshaofa den chuid is mó.

(85)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis na tíortha a sainaithníodh sa nóta sin.

3.1.4.3.   Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

(86)

Sa Chéad Nóta thug an Coimisiún le fios i gcás na dtíortha a sainaithníodh mar thíortha ina bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh, i.e. an Bhrasaíl, Meicsiceo, an Rúis agus an Tuirc, b’éigean infhaighteacht na sonraí poiblí a fhíorú, go háirithe maidir leis na sonraí airgeadais poiblí ó tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú.

(87)

A mhéid a bhaineann le Meicsiceo, shainaithin an Coimisiún dhá chuideachta a sainaithníodh sa Chéad Nóta mar tháirgeoirí. Bhí ceann amháin den dá chuideachta sin neamhbhrabúsach ó 2016 i leith áfach, agus 2020 san áireamh. I gcás na cuideachta eile, chonacthas nach raibh a ráitis airgeadais don bhliain 2020 comhsheasmhach lena ráitis airgeadais don bhliain roimhe sin (2019): mar shampla, fuarthas amach go raibh na glandíolacháin 7 n-uaire níos ísle in 2020 ná mar a bhí in 2019. Níor aimsíodh aon fhaisnéis a bheadh mar bhunús le difríocht den sórt sin sna glandíolacháin (a rachadh i bhfeidhm ar na glanbhrabúis freisin) idir na blianta 2020 agus 2019. Dá bhrí sin, measadh nach iarrthóirí oiriúnacha a bhí sa dá chuideachta chun na forchostais monaraíochta, SG&A agus brabús a chinneadh. In éagmais faisnéis eile ar taifead atá ar fáil don Choimisiún maidir le láithreacht cuideachtaí eile a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú i Meicsiceo a bhfuil sonraí airgeadais ar fáil go héasca ina leith, ba é conclúid an Choimisiúin nach bhféadfaí Meicsiceo a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí a thuilleadh.

(88)

A mhéid a bhaineann leis an Rúis, shainaithin an Coimisiún dhá chuideachta a sainaithníodh sa Chéad Nóta mar tháirgeoirí, agus ag a raibh sonraí airgeadais ar fáil go poiblí. Bhí an dá chuideachta brabúsach in 2020 agus sna blianta roimhe sin. Mar a luaitear in aithris (91) áfach, shainaithin an Coimisiún roinnt fadhbanna leis na sonraí a bhí ar fáil le haghaidh na Rúise, toisc nár allmhairigh sí roinnt amhábhair thábhachtacha, amhail gás nádúrtha leachtaithe, a úsáidtear chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh. Thairis sin, dealraíodh gurbh ann do shaobhadh ar phraghsanna gáis sa Rúis. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh an Rúis ina tír oiriúnach lena meas mar thír ionadaíoch iomchuí le haghaidh an imscrúdaithe seo.

(89)

A mhéid a bhaineann leis an Tuirc, shainaithin an Coimisiún dhá chuideachta sa Chéad Nóta mar tháirgeoirí. I gcás ceann amháin díobh áfach, ní raibh aon ráiteas airgeadais le déanaí ar fáil go héasca. Maidir leis an gcuideachta eile, d’ainneoin go raibh sí brabúsach in 2020 agus sna blianta roimhe sin, mheas an Coimisiún nach raibh leibhéal chostais díolacháin agus ghinearálta (“SG&A”) na cuideachta seo réasúnach toisc go raibh a SG&A arna shloinneadh mar chéatadán dá costas monaraíochta íseal (níos lú ná 2 % in 2020) nó diúltach fiú. Ba é conclúid an Choimisiúin dá bhrí sin nárbh fhéidir leis sonraí na gcuideachtaí sin a úsáid mar mhéid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh SG&A chun an gnáthluach neamhshaofa a shuí. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach bhféadfaí an Tuirc a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí le haghaidh an imscrúdaithe seo.

(90)

Ar deireadh, maidir leis an mBrasaíl, shainaithin an Coimisiún cúig chuideachta a tháirgeann CRF sa Chéad Nóta. Bhí costais díolacháin agus ghinearálta dhiúltacha (“SG&A”) ag dhá cheann de na cúig chuideachta sin áfach, arna sloinneadh mar chéatadán dá gcostas monaraíochta, dá bhrí sin níorbh fhéidir a sonraí a úsáid chun críche gnáthluach neamhshaofa a shuí. Bhí sonraí airgeadais poiblí le déanaí ag na trí chuideachta Bhrasaíleacha eile inar léiríodh brabúis agus méid réasúnach le haghaidh SG&A don bhliain 2020.

(91)

Rinne an Coimisiún anailís freisin ar allmhairí na bpríomhthosca táirgeachta isteach sa Bhrasaíl, Meicsiceo, an Rúis agus an Tuirc. Léiríodh san anailís ar shonraí allmhairiúcháin nár allmhairigh an Rúis roinnt tosca tábhachtacha táirgeachta. Thairis sin, dealraíodh gurbh ann do shaobhadh ar phraghsanna gáis sa Rúis. Ina theannta sin, léiríodh san anailís ar shonraí allmhairiúcháin nár allmhairigh an Tuirc gás nádúrtha leachtaithe (HS 2711 11 gás nádúrtha, leachtaithe) agus nár allmhairigh sí ach cainníocht theoranta ocsaigine (HS 2804 40 ocsaigin). Dá bhrí sin, níorbh fhéidir an Rúis ná an Tuirc a mheas mar thír ionadaíoch oiriúnach.

(92)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an Dara Nóta go raibh sé beartaithe aige an Bhrasaíl a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus trí chuideachta Bhrasaíleacha (ArcelorMittal Brazil, CSN, agus Usiminas), i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a fhoinsiú chun gnáthluach a ríomh.

(93)

Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Brasaíle mar thír ionadaíoch agus ar oiriúnacht na dtrí chuideachta (ArcelorMittal Brazil, CSN, agus Usiminas) mar tháirgeoirí sa tír ionadaíoch. Ní bhfuarthas aon bharúil, tar éis an Dara Nóta.

3.1.4.4.   Leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil

(94)

Tar éis a shuí gurb í an Bhrasaíl an t-aon tír ionadaíoch iomchuí amháin, bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a) an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

3.1.4.5.   Conclúid

(95)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Bhrasaíl na critéir go léir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán, le go measfar í ina tír ionadaíoch iomchuí.

3.1.5.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí

(96)

Sa Chéad Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin.

(97)

Ina dhiaidh sin, sa Dara Nóta, luaigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé GTA chun an costas neamhshaofa a dhéanamh amach maidir le formhór na dtosca táirgeachta, go sonrach na hamhábhair. Ina theannta sin, mhaígh an Coimisiún go mbainfeadh sé úsáid as na foinsí a leanas chun costais neamhshaofa fuinnimh a fháil amach: praghas an leictreachais arna mhuirearú ag ceann de na soláthróirí leictreachais is mó sa Bhrasaíl, an chuideachta EDP Brasil (52), cé go mbainfeadh sé úsáid as na sonraí - mar a mhínítear sa bhreis in aithris (109) - le haghaidh phraghas an gháis nádúrtha sa Bhrasaíl. Thairis sin, mhaígh an Coimisiún i gcás costais neamhshaofa an tsaothair a shuí go mbainfeadh sé úsáid as staitisticí EIS chun na tuarastail sa Bhrasaíl a chinneadh. Soláthraíonn staitisticí EIS (53) faisnéis ar phá míosúil fostaithe (54) agus ar mheánuaireanta seachtainiúla a oibríodh sa Bhrasaíl, in earnáil na monaraíochta (55), in 2020.

(98)

Sa Dara Nóta, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas freisin i bhfianaise na heaspa comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne go ngrúpálfadh sé le chéile meáchan diomaibhseach roinnt de na hamhábhair sa chostas iomlán táirgeachta faoi “thomhaltáin”, ar bhonn na faisnéise a chuir an t-iarratasóir isteach san iarraidh. Sa bhreis air sin, chuir an Coimisiún ar an eolas iad go gcuirfeadh sé an céatadán i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir ina iarraidh chun na tomhaltáin a chinneadh agus na tagarmharcanna neamhshaofa bunaithe sa tír ionadaíoch iomchuí á n-úsáid.

(99)

Ní bhfuarthas aon bharúil.

3.1.6.   Costais neamhshaofa agus tagarmharcanna

3.1.6.1.   Tosca táirgeachta

(100)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléirithe a sholáthar maidir leis na tosca ábhartha táirgeachta a úsáidtear le haghaidh na bpróiseas táirgthe ag tosú ó tháirgí teorollta leathchríochnaithe agus nuashonrú a chur isteach maidir le leibhéal na gcostas iompair lena gcumhdaítear tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe iomlán. Chuir an t-iarratasóir an fhaisnéis a iarradh isteach an 17 Feabhra 2022.

(101)

I bhfianaise na faisnéise uile ar bhonn na hiarrata agus na faisnéise a chuir an t-iarratasóir isteach ina dhiaidh sin, sainaithníodh na tosca táirgeachta a leanas agus a gcuid foinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta táirgí cothroma fuar-rollta áirithe

Toisc tháirgeachta

Cód an tráchtearra

Luach neamhshaofa in CNY

Aonad tomhais

Amhábhair

Dolaimít

251810 , 251820 agus 251830

169,9

Tona

Aolchloch

252100

160,8

Tona

Aol beo

252210

852,8

Tona

Amhiarainn agus tiúcháin díobh

260111 agus 260112

1 206,8

Tona

Táirgí feiriúla

720310 agus 720390

453 671

Tona

Antraicít agus gual biotúmanach

270111 agus 270112

662

Tona

Cóc agus leathchóc an ghuail

270400

2 027,6

Tona

Ocsaigin

280440

8 796,3

Méadar ciúbach

Fearó-mhangainéis

720211 agus 720219

9 388,2

Tona

Fearó-chróimiam

720241 agus 720249

9 470,6

Tona

Táirgí leath-chríochnaithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail

7207

4 256,3

Tona

Táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail

72081000 ,

72082500 ,

72082610 ,

72082690 ,

72082710 ,

72082790 ,

72083610 ,

72083690 ,

72083700 ,

72083810 ,

72083890 ,

72083910 ,

72083990 ,

72084000 ,

72085100 ,

72085200 ,

72085300 ,

72085400 ,

72089000 ,

72111300 ,

72111400 ,

72111900

4 637,9

Tona

Táirgí cothromrollta de chruach neamh-chóimhiotail eile, ar leithead 600 mm nó níos mó

72253000 , 72254010 , 72254090

8 539,6

Tona

Táirgí cothromrollta de chruach neamh-chóimhiotail eile, ar leithead atá níos lú ná 600 mm

72269100

9 081,8

Tona

Seachtháirge: Dramhaíl

Dramh agus iarmhar, d’iarann nó de chruach

720430 agus 720449

2 383,3

Tona

Fuíoll deile, scamhacháin, sliseoga, fuíollábhar meilte, minsáibh, mionrabh, scotháin agus stampáin, d’iarann nó de chruach

720441

3 269,1

Tona

Lucht saothair

Lucht saothair

 

24,8

in aghaidh na daonuaire

Fuinneamh

Leictreachas

 

547,7

KWH

Gás nádúrtha

271111 agus 271112

1 638

Tona

3.1.6.2.   Amhábhair

(102)

Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil ina iarraidh, is ann do dhá phríomhphróiseas táirgthe chun táirgí cothroma áirithe de chruach fhuar-rollta a tháirgeadh:

An chéad phróiseas táirgthe, ag tosú ó amhábhair agus ag baint úsáid as foirnéis ocsaigin soinneáin (FOS): Sa phróiseas táirgthe seo, is í an chéad chéim “Lánchrua cothrom fuar-rollta” (“LC CRF”) a tháirgeadh ó amhábhair (amhiarann agus gual cóic go príomha), i.e. an táirge a fhaightear go díreach tar éis an t-ábhar teorollta a chur tríd an muileann fuar-rollta le haghaidh laghdú tiúis. Is é an dara céim an t-ainéaladh, atéamh LC CRF chun airíonna na cruach a athbhunú.

An dara próiseas táirgthe, ag tosú leis na táirgí leathchríochnaithe, i.e. na táirgí cothroma de chruach theorollta: Tosaíonn táirgeadh CRF leis na cornaí ceannaithe (“cornaí picilte”), arb iad a bheidh ann formhór mór sciar costais na n-ionchur.

(103)

D’fhonn praghas neamhshaofa na n-amhábhar (i gcás an chéad phróiseas táirgthe), agus na dtáirgí cruach comhréidh teorollta (i gcás an dara próiseas táirgthe) arna seachadadh ag geata táirgeora tíre ionadaíche a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairithe ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír seachas Daon-Phoblacht na Síne ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (56) Chinn an Coimisiún na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithris (80) nach iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann lena léirítear nach ndéanann an saobhadh céanna difear comhionann do tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndéanann an saobhadh céanna difear do phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós.

(104)

B’ionann roinnt tosca táirgeachta agus sciar diomaibhseach de chostais iomlána na n-amhábhar i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ós rud é nach raibh aon tionchar suntasach ag an luach a úsáidtear dóibh siúd ar na ríomhanna maidir le corrlach dumpála, gan beann ar an bhfoinse a úsáideadh, chinn an Coimisiún na costais sin a áireamh le tomhaltáin. Mar a míníodh in aithris (98), chuir an Coimisiún an céatadán a chuir an t-iarratasóir ar fáil i bhfeidhm ina iarraidh chun méid na dtomhaltán a chinneadh agus na tagarmharcanna neamhshaofa bunaithe á n-úsáid sa tír ionadaíoch iomchuí.

(105)

Maidir le dleachtanna allmhairiúcháin, thug an Coimisiún dá aire gur allmhairigh an Bhrasaíl a hamhábhair is ábhartha (amhiarann ó bhreis agus 5 thír agus gual agus cóc ó bhreis is 10 dtír). I bhfianaise, in athbhreithniú éaga, nach gá an corrlach dumpála beacht a ríomh, ach an dóchúlacht a shuí go leanfaí den dumpáil nó go gcuirfí tús leis an dumpáil arís, ríomh an Coimisiún dleachtanna allmhairithe i leith gach amhábhair ar bhonn na méideanna ionadaíocha d’allmhairí ó líon teoranta tíortha, arb ionann iad agus 80 % ar a laghad d’allmhairí iomlána na n-amhábhar ábhartha (amhiarann, gual agus cóc).

(106)

Maidir le costais iompair, in éagmais aon chomhair, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir nuashonrú a chur faoina bhráid maidir le leibhéal na gcostas iompair intíre lena gcumhdaítear tréimhse iomlán thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. An 4 Feabhra agus an 17 Feabhra 2022 faoi seach, chuir an t-iarratasóir an fhaisnéis a d’iarr an Coimisiún faoina bhráid. Shloinn an Coimisiún an costas iompair intíre arna thabhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chun amhábhair den sórt sin a sholáthar mar chéatadán de chostas iarbhír na n-amhábhar den sórt sin, agus chuir sé an céatadán céanna i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na n-amhábhar céanna chun an costas iompair neamhshaofa a fháil. Mheas an Coimisiún go bhféadfaí, i gcomhthéacs an imscrúdaithe sin, an cóimheas idir amhábhar an táirgeora onnmhairiúcháin agus na costais iompair thuairiscithe a úsáid go réasúnta mar tháscaire chun meastachán a dhéanamh ar chostais neamhshaofa na n-amhábhar nuair a sheachadtar chuig monarcha na cuideachta iad.

3.1.6.3.   Lucht saothair

(107)

D’úsáid an Coimisiún staitisticí EIS chun an pá sa Bhrasaíl a chinneadh. Soláthraíonn staitisticí EIS (57) faisnéis ar phá míosúil fostaithe (58) agus ar na meánuaireanta a oibríodh sa Bhrasaíl, in earnáil na monaraíochta (59), in 2020.

3.1.6.4.   Leictreachas

(108)

D’úsáid an Coimisiún taraif an phraghais leictreachais a thuairiscigh ceann de na mórsholáthróirí leictreachais sa Bhrasaíl, an chuideachta EDP Brasil (60) chun an costas leictreachais neamhshaofa a shuí.

3.1.6.5.   Gás nádúrtha

(109)

Bhí praghas an gháis nádúrtha sa Bhrasaíl bunaithe ar shonraí lena gcuirtear ar fáil praghsanna allmhairithe dleachtíoctha ar ghás allmhairithe trí bhíthin na méideanna allmhairithe agus na luachanna a bhaintear de GTA a chur le chéile le sonraí taraife a fuarthas ó MacMap (61).

3.1.6.6.   Forchostais mhonaraíochta, costais SGA, brabúis agus dímheas

(110)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “ní mór méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus i gcomhair brabús a bheith san áireamh sa ghnáthluach comhdhéanta”. Ina theannta sin, ní mór luach ar fhorchostais mhonaraíochta a bhunú chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

(111)

D’úsáid an Coimisiún sonraí airgeadais thrí chuideachta Bhrasaíleacha (ArcelorMittal Brazil, CSN, agus Usiminas), ar táirgeoirí sa tír ionadaíoch iad, dá dtagraítear in aithris (90).

(112)

Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a bhunú agus mar gheall ar chomhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín a bheith in easnamh, d’úsáid an Coimisiún fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, bunaithe ar shonraí a sholáthair an t-iarratasóir ina iarraidh, shuigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta leis na costais iomlána mhonaraíochta agus saothair. Cuireadh an céatadán sin chun feidhme ansin maidir le luach neamhshaofa chostas na monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil.

3.1.7.   Ríomh an ghnáthluacha

(113)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(114)

Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú ar úsáid gach toisce (ábhair agus lucht saothair) chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh.

(115)

Nuair a suíodh costas neamhshaofa na monaraíochta, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus an brabús leis mar a shonraítear in aithris (112). Socraíodh na forchostais mhonaraíochta bunaithe ar shonraí a chuir an t-iarratasóir ar fáil. Cinneadh costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabús bunaithe ar shonraí airgeadais thrí chuideachta Bhrasaíleacha (ArcelorMittal Brazil, CSN, agus Usiminas), mar a chuirtear in iúl in aithris (111). Chuir an Coimisiún na míreanna seo a leanas leis an gcostas neamhshaofa monaraíochta:

Na forchostais mhonaraíochta, arbh ionann iad ina n-iomláine agus 10 % de chostais dhíreacha na monaraíochta ag tosú ón gcéad phróiseas táirgeachta, agus 2 % de chostais dhíreacha na monaraíochta ag tosú ón dara próiseas monaraíochta;

Costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus costais eile, arbh ionann iad agus 18,5 % de Chostais na nEarraí a Díoladh de chuid na dtrí chuideachta Bhrasaíleacha thuasluaite agus;

Na brabúis, arbh ionann iad agus 14,7 % de chostais na n-earraí a díoladh mar a bhain na trí chuideachta Bhrasaíleacha thuasluaite amach, cuireadh i bhfeidhm iad ar chostais iomlána neamhshaofa na monaraíochta.

(116)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a chomhdhéanamh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Bhí raon an ghnáthluacha chomhdhéanta idir EUR 1 200 – 1 400/tona, nó idir EUR 1 500 – 1 700/tona, ag brath ar an bpróiseas táirgthe (féach aithris (102) maidir leis sin) le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.1.8.   An praghas onnmhairiúcháin

(117)

In éagmais comhair ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar shonraí 14(6) (62) ag leibhéal CAL.

3.1.9.   Comparáid

(118)

Chuir an Coimisiún an gnáthluach comhdhéanta a shuitear i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin mar a shuitear thuas.

(119)

I gcás ina raibh údar leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, choigeartaigh an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin le haghaidh difríochtaí lena ndéantar difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Rinneadh coigeartuithe, bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil, le haghaidh lasta mara agus intíre agus le haghaidh muirir dhíluchtaithe, arbh ionann iad agus EUR 140.44/tona, ar an bpraghas onnmhairithe chun é a thabhairt chuig an bpraghas díreach ón monarcha.

3.1.10.   Leanúnachas na dumpála

(120)

Ar an mbonn sin, shuigh an Coimisiún go raibh an praghas onnmhairithe 29,7 % níos ísle ná an gnáthluach ar an gcéad phróiseas táirgthe ag tosú le hamhábhair, mar a míníodh in aithris (102), agus 8,83 % níos ísle maidir leis an dara próiseas táirgthe ag tosú le táirgí leath chríochnaithe.

(121)

De bharr go raibh méid na n-allmhairí a bhí i gceist an-teoranta, áfach, arbh é níos lú ná 0,5 % d’allmhairí an Aontais Eorpaigh san iomlán é agus sciar níos lú ná 1 % de mhargadh an Aontais, measadh nárbh ionadaíoch iad na praghsanna. Ar an gcúis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach dtugtar, leis na méideanna ísle sin, bonn leordhóthanach chun teacht ar chonclúid maidir le leanúnachas na dumpála. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún imscrúdú ar an dóchúlacht go gcuirfí túis leis an dumpáil arís.

3.1.11.   An dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís

(122)

Le haghaidh na hanailíse ar an dóchúlacht go gcuirfear tús leis an dumpáil arís, rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: onnmhairí chuig tríú tíortha, an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

3.1.11.1.   An chomparáid idir praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas

(123)

Rinne an Coimisiún anailís ar phatrún praghsanna na n-onnmhairí Síneacha chuig tríú tíortha le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, cheadaigh sé an fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí amhail na staitisticí onnmhairithe ón tSín dá dtuairiscítear sa Global Trade Atlas (GTA) [Atlas Trádála Domhanda] agus bhain sé na cainníochtaí agus na luachanna i leith cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta faoi na cóid HS 7209 15 90, 7209 16 90, 7209 17 90, 7209 18 90, 7209 25 00, 7209 26 00, 7209 27 00, 7209 28 00, 7211 23 00, 7211 29 00, 7225 50 00 agus 7226 92 00 le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. 3 253 368 tona a bhí sna cainníochtaí onnmhairithe (i dtonaí) chuig gach tír (an tAontas Eorpach san áireamh), ar onnmhairíodh 31 602 tona nó timpeall is 1 % díobh chuig an Aontas.

(124)

Tuairiscíodh sna staitisticí onnmhairithe ón tSín a cuireadh ar fáil in GTA gurbh ionann meánphraghas onnmhairithe CAL ón tSín chuig tíortha eile agus EUR 629/tona, a coigeartaíodh chuig praghas díreach ón monarcha (tar éis coigeartuithe le haghaidh lasta mara agus intíre, agus muirir dhíluchtaithe) arbh ionann é agus EUR 585/tona. Bhí an dara praghas sin faoi bhun an phraghais onnmhairithe fiú chuig an Aontas i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(125)

Dá bhrí sin, measadh gur dócha, dá ndéanfaí na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair a aisghairm, go dtosódh táirgeoirí ón tSín a onnmhairíonn ar dhíol leis an Aontas ar leibhéil a bheadh níos ísle ná an gnáthluach a fuarthas.

3.1.11.2.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín

(126)

De réir iarraidh an iarratasóra, tá níos mó ná 50 táirgeoir onnmhairiúcháin den táirge faoi athbhreithniú sa tSín. De réir staitisticí onnmhairiúcháin ón tSín dá dtuairiscítear sa GTA, bhí na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín ag onnmhairiú chuig an gcuid eile den domhan freisin..

(127)

In éagmais comhair ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín laistigh den tSín í féin, bhunaigh an Coimisiún a chuid torthaí maidir le hacmhainneacht na dtáirgeoirí eile onnmhairiúcháin ar na fíorais a bhí ar fáil, agus bhraith sé ar an bhfaisnéis atá san iarraidh ar athbhreithniú éaga agus ar fhoinsí eile a bhí ar fáil, amhail Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún (63), doiciméad de chuid ECFE maidir leis na forbairtí is déanaí (64) i ndáil le hacmhainneachtaí déanta cruach in 2021, arna fhoilsiú i mí Mheán Fómhair 2021 agus ar shonraí de chuid World Steel Association [an Comhlachas Cruach Dhomhanda] maidir leis an mbliain 2021 (65).

(128)

Ar an gcéad dul síos, rinneadh meastachán san fhaisnéis a bhí san iarraidh ar athbhreithniú éaga gurbh ionann acmhainneacht iomlán na Síne agus 120 milliún tona, cé go ndearnadh meastachán gurbh ionann táirgeadh agus tomhaltas Síneach agus 100 milliún tona in 2020. Ar an mbonn sin, rinneadh meastachán gurbh ionann an acmhainneacht bhreise sa tSín agus 20 milliún tona in 2020, atá táscach maidir le hacmhainneacht bhreise i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus a sháraíonn go suntasach tomhaltas iomlán an Aontais ar an saormhargadh (timpeall is 9,7 milliún tona) i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an dara dul síos, rinneadh foráil i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 gurbh in éagmais “an méadú eisceachtúil ar an tomhaltas sa tSín” (féach aithris (36) de Rialachán (AE) 2021/1029), luadh i dTuarascáil Aireachta 2020 Fóram Domhanda maidir le Ró-acmhainn sa Tionscal Cruach (“GFSEC”), bunaithe ar shonraí suas go dtí 2019 “is í an impleacht láithreach ar an ionchas éilimh go bhfuil an bhearna dhomhanda idir acmhainneacht agus éileamh, ar táscaire é de rioscaí ró-sholáthair don mhargadh cruach, chun méadú go suntasach chuig 606 mmt in 2020 ar a laghad’. Thug sé ar aird freisin “is féidir suaitheadh teacht mar thoradh ar an gcúlú sa ró-acmhainn, is féidir leis praghsanna cruach i bhfad níos ísle a ghiniúint agus díobháil a dhéanamh d’inbhuanaitheacht eacnamaíoch an tionscail cruach”. Ar an tríú dul síos, deimhníodh an staid sin leis an doiciméad de chuid ECFE, dar teideal “an fhorbairt is déanaí in acmhainneachtaí déanta cruach in 2021”. Tagraíodh sa doiciméad sin ní hamháin do “roinnt infheistíochtaí nua i ndáil le bearta na Síne chun gléasraí cruach atá beag agus atá as dáta a ionadú, go háirithe i limistéir oirthearacha agus dheisceartacha cois cósta na Síne” ach freisin don fhíoras go bhfuair rialtas na Síne “cásanna inar mhéadaigh roinnt muilte cruach a n-acmhainneacht táirgeachta de réir chreat na scéime babhtála acmhainneachta”. Thairis sin, tagraíodh sa doiciméad de chuid ECFE d’infheistíochtaí chuideachtaí cruach ón tSín i dtíortha san Áise Theas, amhail na hOileáin Fhilipíneacha agus an Indinéis. Ar deireadh, fiú má bhaineann sonraí na bliana 2021 den World Steel Association [an Comhlachas Cruach Dhomhanda] le hamhchruach amháin, d’fhéadfaí iad a mheas de bheith táscach maidir leis an táirge lena mbaineann toisc gurb é táirgeadh cruach fuar-rollta an dara próiseas táirgthe cruach, tar éis tháirgeadh cruach teorollta. Maidir leis sin, léiríodh le sonraí 2021 i ndáil le táirgeadh amhchruach go raibh an tSín freagrach as 52,9 % de tháirgeadh domhanda na cruach, atá ina chomhartha den acmhainneacht táirgeachta ollmhór den táirge lena mbaineann i nDaon-Phoblacht na Síne le linn 2021.

(129)

Ina theannta sin, tá roinnt príomh-mhargaí amhail Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an India á gcosaint le bearta frithdhumpála ar an táirge faoi athbhreithniú, lena laghdaítear rochtain na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín.

(130)

Ar an mbonn sin, is dóchúil go ndíreoidh táirgeoirí ón tSín a n-acmhainní breise chuig margadh an Aontais i gcainníochtaí móra ag praghsanna dumpáilte má théann na bearta in éag.

3.1.11.3.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(131)

Tá margadh an Aontais ar cheann de na margaí is mó ar domhan d’allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta.

(132)

Mhaígh an t-iarratasóir ina iarraidh nach mbeadh bearta coimirce cruach an Aontais amháin, a bhfuil feidhm acu maidir leis an táirge atá faoi athbhreithniú, leordhóthanach chun margadh an Aontais a chosaint in aghaidh allmhairí i gcainníochtaí suntasacha ag praghsanna dumpáilte. Toisc nach bhfuair an tSín aon chuóta tír-shonrach maidir leis an táirge atá faoi athbhreithniú, tá rochtain ag táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín ar líon mór méideanna cuóta iarmharach a bhféadfaidís a gcuid onnmhairí a dhíriú fúthu chuig margadh an Aontais dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag. Dá thoradh sin, dá ndéanfaí bearta frithdhumpála a aisghairm, is dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar mhéideanna onnmhairiúcháin ón tSín laistigh den chuóta iarmharach agus ar an gcaoi sin margadh an Aontais a phlúchadh sula mbeadh feidhm ag aon dleacht lasmuigh den chuóta faoin mbeart coimirce.

(133)

Luaigh an t-allmhaireoir Duferco S.A. (66) gur chuir na húdaráis Shíneacha an lacáiste 13 % de cháin bhreisluacha ar onnmhairí cruach ar ceal, lena n-áirítear ar allmhairí an táirge atá faoi athbhreithniú d’fhonn an táirgeadh cruach sa tSín a shrianadh (chun aghaidh a thabhairt ar a cuid astaíochtaí carbóin), agus an soláthar intíre Síneach á áirithiú ag an am céanna. Chuir Duferco S.A. in iúl, dá bharr, go bhfuil coinne leis go dtiocfaidh méadú ar phraghsanna allmhairí Síneacha, agus ar an gcaoi sin an bonn a bhaint de tharraingteacht mhargadh an Aontais. Ní raibh an Coimisiún in ann an méid sin a bhí á mhaíomh a dhearbhú áfach, toisc go mbraitheann éabhlóid méideanna agus praghsanna ar roinnt mhaith eilimintí eile chomh maith, amhail, go háirithe, an ró-acmhainneacht atá ann faoi láthair agus tarraingteacht mhargadh an Aontais i gcomparáid le tríú tíortha eile.

3.1.11.4.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go gcuirfí tús leo arís

(134)

Tá margadh an Aontais an-tarraingteach toisc go bhfuil sé ar cheann de na margaí is mó ar domhan. Thairis sin, mar a leagtar síos i dtábla 7 d’aithris (202), b’ionann meánphraghsanna díolacháin aonaid ualaithe de na táirgeoirí sampláilte ón Aontas chuig custaiméirí neamhghaolmhara ar an saormhargadh san Aontas agus EUR 622/tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, praghas atá os cionn an mheánphraghais onnmhairithe ón tSín arna choigeartú chuig praghas díreach ón monarcha arb ionann é agus EUR 585/tona (féach aithris (124)). Dá réir sin, is é is dócha, má théann na bearta frithdhumpála in éag, go n-úsáidfidh táirgeoirí ón tSín a gcuid acmhainneachta breise agus, ina theannta sin, roinnt dá gcuid díolachán onnmhairiúcháin a bhfuil níos lú brabúis ag baint leo a atreorú ó thríú tíortha chuig an Aontas Eorpach.

(135)

Ar bhonn na mbreithnithe thuas, thángthas ar an gconclúid gur dócha go gcuirfear tús leis an dumpáil arís dá ligfí do na bearta dul in éag.

3.2.   An Rúis

3.2.1.   Réamhbharúlacha

(136)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, leanadh d’allmhairiú an táirge faoi athbhreithniú ón Rúis, cé go raibh na hallmhairí ar leibhéal cuid mhaith ní b’ísle ná mar a bhí i dtréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh (i.e. ón 1 Aibreán 2014 go dtí an 31 Márta 2015). De réir staidreamh Comext (Eurostat), bhí níos lú ná 3 000 tona i gceist le hallmhairí CRF ón Rúis i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcomparáid le timpeall is 700 000 tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh. Bhí beagnach 0 % de mhargadh iomlán an Aontais agus de shaormhargadh an Aontais i gceist le hallmhairí CRF ón Rúis i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcomparáid le sciar 9,8 % den mhargadh sa chéad tréimhse imscrúdúcháin.

(137)

Mar a míníodh in aithris (29), tháinig trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis chun tosaigh ag tionscnamh an imscrúdaithe agus chuir in iúl go raibh siad toilteanach comhoibriú. Chuir siad in iúl don Choimisiún níos déanaí, áfach, nach raibh sé i gceist acu ceistneoir na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a fhreagairt.

(138)

Dá dheasca sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir le leanúnachas na dumpála agus maidir leis an dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil.

3.2.2.   Leanúint de dhumpáil allmhairí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

3.2.2.1.   Gnáthluach

(139)

Mar a luaitear in aithris (138) thuas, de bharr an neamh-chomhoibrithe ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa Rúis, d’úsáid an Coimisiún fíorais atá ar fáil chun an gnáthluach a shuíomh. Chun na críche sin, bhain an Coimisiún úsáid as sonraí a chuir an t-iarratasóir ar fáil le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar bhonn tagairtí praghsanna intíre de chuid MEPS International (67) le haghaidh na Rúise - CRF - réigiún an Volga. Ar an mbonn sin, ba é an gnáthluach EUR 702,97/tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.2.2.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(140)

Mar gheall ar an neamh-chomhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis, bhí ar an gCoimisiún na fíorais a bhí ar fáil a úsáid chun an praghas onnmhairiúcháin a shuí.

(141)

Cinneadh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn shonraí CAL Eurostat. Dá réir sin ba é an praghas onnmhairiúcháin EUR 755,65/tona.

3.2.2.3.   Comparáid

(142)

Rinne an Coimisiún comparáid idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha. Rinneadh coigeartuithe, bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil, le haghaidh lasta mara agus intíre, agus le haghaidh muirir dhíluchtaithe, arbh ionann iad agus EUR 127,84/tona ar an bpraghas onnmhairiúcháin chun é a thabhairt chuig leibhéal díreach ón monarcha. Ar an mbonn sin, ba é an praghas onnmhairithe coigeartaithe díreach ón monarcha EUR 627,81/tona.

3.2.2.4.   Leanúnachas na dumpála

(143)

Léiríodh sa chomparáid thuas go raibh na praghsanna onnmhairithe go dtí an tAontas, curtha in iúl mar chéatadán den luach CAL, 10 % níos ísle ná an gnáthluach bunaithe.

(144)

Cionn is go raibh méid na n-allmhairí i gceist an-teoranta áfach, arbh ionann iad agus níos lú ná 1 % d’iomlán na n-allmhairí isteach go dtí an tAontas agus gar le 0 % de sciar mhargadh an Aontais, rinne an Coimisiún imscrúdú freisin ar dhealraitheacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís.

3.2.3.   An dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís dá ndéanfaí bearta a aisghairm

(145)

Rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís, dá rachadh na bearta as feidhm. Maidir leis sin, rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: onnmhairí go dtí tríú tíortha, an acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa Rúis chomh maith le tarraingteacht mhargadh an Aontais.

3.2.3.1.   Onnmhairí chuig tríú tíortha

(a)    Gnáthluach

(146)

Rinneadh an gnáthluach a chomhdhéanamh mar a mhínítear i Roinn 3.2.2.1 thuas.

(b)    An praghas onnmhairiúcháin

(147)

Suíodh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn phraghsanna onnmhairithe an táirge faoi athbhreithniú go dtí tríú tíortha eile. Maidir leis seo, de bharr na heaspa comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin, d’úsáid an Coimisiún an bunachar sonraí GTA. Ba é meánphraghas onnmhairithe CAL go dtí tríú tíortha EUR 536/tona i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Laghdaíodh an praghas onnmhairithe CAL go dtí tríú tíortha go leibhéal díreach ón monarcha trí na costais lasta agus árachais agus an costas iompair intíre sa Rúis a bhaint, arbh ionann sin agus EUR 127,84/tona mar a luadh in aithris (141). Ar an mbonn sin, ba é an praghas coigeartaithe díreach ón monarcha go dtí tríú tíortha EUR 408,72/tona.

(c)    Comparáid praghais

(148)

Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach a suíodh i Roinn 3.2.2.1 agus an meánphraghas onnmhairithe go dtí tríú tíortha ar bhonn díreach ón monarcha.

(149)

Léiríodh sa chomparáid thuas go raibh onnmhairí Rúiseacha an táirge faoi athbhreithniú go dtí tríú tíortha, curtha in iúl mar chéatadán den luach CAL, 55 % níos ísle ná an gnáthluach suite.

(150)

Ina n-aighneacht le haghaidh tionscnaimh, mhaígh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis nach bhfuil praghsanna onnmhairithe go dtí tríú tíortha níos ionadaíche ná na praghsanna onnmhairithe go dtí an tAontas mar comhdhéantar na honnmhairí sin, chun na Tuirce go príomha, de chineálacha níos saoire de CRF, rud a mhíneodh a bpraghsanna níos ísle. Thug siad le fios go bhfuil praghsanna arda onnmhairí Rúiseacha a thuairiscigh Eurostat ionadaíoch agus nach mór iad a úsáid sa mheasúnú.

(151)

I dtaca leis seo, thug an Coimisiún dá aire nár cuireadh aon fhianaise ar fáil chun bunús a thabhairt le líomhaintí difríochtaí sna cineálacha táirgí. Déanta na fírinne, theip ar na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis freagra ceistneora a sholáthar chun ligean don Choimisiún a mheasúnú a dhéanamh ar na cineálacha táirgí a onnmhairítear go dtí an tAontas. Dá réir sin, mar a míníodh in aithris (138), bhunaigh an Coimisiún a mheasúnú ar fhíorais a bhí ar fáil. D’úsáid sé an bunachar sonraí GTA chun an praghas onnmhairithe Rúiseach go dtí tríú tíortha a shuí mar an fhoinse is iomchuí. In aon chás, fiú má úsáideadh na praghsanna onnmhairithe Rúiseacha mar a mhol na trí onnmhaireoir Rúiseacha, shuigh an Coimisiún i Roinn 3.2.2.4 thuas go raibh na praghsanna onnmhairithe Rúiseacha chuig an Aontas a fuarthas ó Eurostat, arna sloinneadh mar chéatadán den luach CAL, 10 % níos ísle ná an gnáthluach suite. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

3.2.3.2.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa Rúis

(152)

Mar gheall nach bhfuarthas ach comhoibriú teoranta ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis, suíodh an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa Rúis ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil agus go háirithe ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir a bhain le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(153)

De réir na faisnéise a chuir an t-iarratasóir ar fáil, chuaigh acmhainneacht táirgeachta iomlán an táirge faoi athbhreithniú sa Rúis thar 12 000 000 tona i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mheas an t-iarratasóir go bhfuil acmhainneacht bhreise de thart ar 2 mhilliún tona ag na táirgeoirí Rúiseacha nach féidir leis an margadh intíre a ghlacadh. Ina theannta sin, d’áitigh an t-iarratasóir doiciméad gur ardaigh na táirgeoirí Rúiseacha an acmhainneacht táirgeachta le haghaidh cruach fuar-rollta le 1 150 000 tona a bheag nó a mhór idir 2016 agus 2021.

(154)

Chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis i gcoinne an mheastacháin ar an acmhainneacht bhreise sa Rúis mar a sholáthair an t-iarratasóir. Ina n-aighneacht ar thionscnamh, chuir siad sonraí ar fáil faoi acmhainneacht táirgeachta fhoriomlán an tionscail CRF sa Rúis, an méid táirgeachta uile agus an ráta úsáide acmhainne. Mhaígh siad go raibh in 2020, acmhainn bhreise de [1,8 – 2,3] milliún tona ag tionscal CRF na Rúise nárbh ionann é sin agus [4 - 8] % de thomhaltas foriomlán an Aontais (32,4 milliún tona). Dúirt siad freisin agus fás measta tomhaltais agus táirgthe CRF sa Rúis agus san Aontas Eacnamaíoch Eoráiseach (EAEU) a ghlacadh san áireamh, go réamh-mheastar go mbeidh laghdú níos mó ar acmhainneacht shaor thionscal CRFS na Rúise.

(155)

Maidir leis seo, mar a míníodh in aithris (32), níor sheol na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis freagraí ceistneora agus mheas an Coimisiún nár sheol siad ach faisnéis ilroinnte faoi tháirgeadh, acmhainneacht agus méid táirgeachta gan fianaise thacúil agus nárbh fhéidir leis an gCoimisiún í a fhíorú. Dá dheasca sin, cionn is nár chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin faisnéis leordhóthanach agus iontaofa a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht táirgeachta agus méideanna táirgeachta, d’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis a bhí ar fáil ar an gcomhad.

(156)

Thairis sin, níor chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis na sonraí ar acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta ar fáil ach i leagan íogair gan achoimre neamh-rúnda. Mar a luadh san Fhógra Tionscnaimh, má theipeann ar pháirtí a chuireann faisnéis rúnda ar fáil cúis mhaith a thaispeáint le haghaidh iarraidh ar chóireáil rúnda nó mura dtugann siad achoimre neamh-rúnda de san fhormáid agus sa cháilíocht a iarrtar, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar fhaisnéis den sórt sin ach amháin más féidir a léiriú go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart. Cionn is nár cuireadh an fhaisnéis faoi tháirgeadh, acmhainneacht agus úsáid acmhainneachta ar fáil ach i leagan íogair agus mar sin de, agus dá réir nárbh fhéidir í a chur faoi réir barúlacha ó pháirtithe leasmhara eile, níorbh fhéidir é a léiriú go sásúil go bhfuil an fhaisnéis ceart.

(157)

In aon chás, níor imigh na sonraí i gceist a chuir na táirgeoirí onnmhairithe ón Rúis ar fáil agus an ceann a chuir an t-iarratasóir ar fáil go mór óna chéile. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach dtiocfadh conclúid dhifriúil ar mheasúnú bunaithe ar na sonraí a chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis ar fáil. Mar thoradh air sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh.

(158)

I ndiaidh nochta, thug rialtas na Rúise chomh maith leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin dúshlán ar thorthaí an Choimisiúin nár chomhoibrigh na táirgeoirí onnmhairithe go hiomlán leis an imscrúdú agus nár cuireadh leagan oscailte bríoch faoi bhráid an Choimisiúin (mar a míníodh in aithris (156)). Dá réir sin, mhaígh na táirgeoirí onnmhairiúcháin gur bhain an Coimisiún mí-úsáid as a gcumhachtaí lánroghnacha i ndáil leis sin.

(159)

Ar dtús, chonacthas don Choimisiún nár chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin an fhaisnéis i dtaca le hacmhainneacht in aghaidh na cuideachta ar fáil i bhfoirm innéacsaithe nár lig do na páirtithe barúil a thabhairt ar an acmhainneacht bheacht a suiteáladh (níor cuireadh aon raonta ar fáil). Níor cuireadh sonraí táirgeachta ná sonraí úsáide acmhainneachta ar fáil sa leagan oscailte. Dá dheasca sin, chuir an Coimisiún a thoradh in iúl arís nárbh fhéidir leis na páirtithe leasmhara eile leagan oscailte na faisnéise faoi tháirgeadh, acmhainneacht agus úsáid acmhainneachta a scrúdú. Ar an dara dul síos, níor cuireadh an fhaisnéis seo ar fáil mar chuid de fhreagraí ceistneora agus níorbh fhéidir í a chros-seiceáil le codanna eile an cheistneora agus leis na doiciméid thíos faoi nach mór do chuideachtaí a chur ar fáil mar fhianaise ag tacú leis an bhfaisnéis a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin sa fhreagra ceistneora. Ar deireadh, mar a míníodh in aithris (157) thuas, shuigh an Coimisiún, fiú má glacadh an fhaisnéis a cuireadh ar fáil san áireamh, nach mbeadh athrú ar a dtorthaí maidir le hacmhainneacht bhreise. Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin.

(160)

Is ionann acmhainneacht bhreise an táirge faoi athbhreithniú sa Rúis agus beagnach 21 % de thomhaltas iomlán an Aontais ar an saormhargadh, i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe nuair a bhunaítear é ar an iarratas agus 20 % má glacadh aighneacht na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis san áireamh.

(161)

Bunaithe ar a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh go bhfuil acmhainneachtaí breise suntasacha ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis, a d’fhéadfaidís a úsáid chun WPT a tháirgeadh le honnmhairiú chuig an Aontas dá ligfí do na bearta dul in éag.

3.2.3.3.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(162)

Shuigh an Coimisiún gur onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis an táirge faoi athbhreithniú chuig tríú margaí ar phraghsanna a bhí thart ar 14 % ní b’ísle agus iad i gcomparáid le meánphraghsanna díola tháirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais. Agus an leibhéal praghsanna sin á chur san áireamh, d’fhéadfadh onnmhairiú chuig an Aontas a bheith i bhfad níos tarraingtí d’onnmhaireoirí na Rúise ná onnmhairiú chuig gach tír eile.

(163)

Tá margadh an Aontais tarraingteach freisin i bhfianaise a neasachta geografaí agus a mhéide, le tomhaltas iomlán 33 579 173 tona, lena n-áirítear tomhaltas 9 677 020 tona ar an saormhargadh i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(164)

Ba é méid na n-onnmhairí chuig tríú tíortha 580 000 tona i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, arbh ionann sin agus 6 % de shaorthomhaltas mhargadh an Aontais. Is ionann seo agus méid breise CRF a d’fhéadfaí a atreorú chuig margadh an Aontais mar gheall ar a tharraingteacht má théann na bearta in éag.

(165)

I ndiaidh nochta, rinne na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus rialtas na Rúise an argóint nach raibh margadh an Aontais tarraingteach do na táirgeoirí onnmhairiúcháin a thuilleadh de dheasca na smachtbhannaí, agus sa tréimhse roimh na smachtbhannaí fiú, “tá scrios déanta ar shreabhadh trádála, bonneagar agus slabhraí soláthair cheana féin” agus go nglacfadh sé blianta sula n-athchóireofaí iad.

(166)

Cé go dtéitear i ngleic leis an maíomh i dtaca le smachtbhannaí in aithrisí (167) agus (172) thíos, bhreathnaigh an Coimisiún nár cuireadh aon fhianaise ar fáil i leith an mhaímh go nglacfadh sé blianta chun onnmhairí chuig an Aontas a aischur. An tráth céanna, i bhfianaise na bpraghsanna níos ísle suntasacha ag a mbíonn na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis ag onnmhairiú go leanúnach chuig an gcuid eile den domhan, na neasachta geografaí agus méide mhargadh an Aontais chomh maith le méid suntasach na n-onnmhairí chuig tríú tíortha a d’fhéadfaí a atreorú chuig an Aontas, chuir an Coimisiún a dtorthaí in iúl arís go bhfuil margadh an Aontais tarraingteach do na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis.

(167)

Ní chuireann teagmhais a thit amach le déanaí amhras an gconclúid sin. Thug an Coimisiún faoi deara maidir leis seo i diaidh thionscnamh an imscrúdaithe, de bharr fogha míleata Chónaidhm na Rúise in aghaidh na hÚcráine, gur chuir an tAontas pacáistí smachtbhannaí de réir a chéile in aghaidh na Rúise a raibh tionchar orthu freisin ar tháirgí cruach agus/nó ar na cuideachtaí cruach a tháirgeann agus a onnmhairíonn an táirge faoi athbhreithniú i ndiaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tá toirmeasc allmhairithe CRF mar chuid den phacáiste smachtbhannaí is déanaí a chumhdaíonn an táirge faoi athbhreithniú. Tháinig an toirmeasc seo i bhfeidhm an 16 Márta 2022 (68). I bhfianaise go bhfuil nasc idir na smachtbhannaí seo agus an fogha míleata agus an staid gheopholaitiúil fholuiteach, tá a raon feidhme, modhnúchán, agus/nó ré neamh-intuartha. Thairis sin, tá saolré 5 bliana ag bearta frithdhumpála. I bhfianaise na neamhchinnteachtaí thuasluaite agus an fíoras go bhféadfadh an Coimisiún raon agus ré beacht na smachtbhannaí a leasú in aon am, shuigh an Coimisiún nach féidir leo tionchar a bheith acu ar a chonclúidí san imeacht seo.

3.2.3.4.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís

(168)

Shuigh an Coimisiún go ndíolann táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis chuig tríú tíortha ar phraghsanna níos ísle ná an gnáthluach.

(169)

Mar a míníodh in aithris (161), bhí an acmhainneacht bhreise sa Rúis suntasach i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, arbh ionann í agus beagnach 21 % de thomhaltas iomlán an Aontais ar an saormhargadh i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus tháinig méadú uirthi idir 2016 agus 2021.

(170)

Ar deireadh, i bhfianaise tharraingteacht mhargadh an Aontais i dtéarmaí méide agus praghsanna mar a léirítear thuas, is dócha go ndéanfaí onnmhairí agus acmhainneacht bhreise na Rúise a (a)treorú ar an Aontas, dá ligfí do na bearta dul in éag.

(171)

Tar éis an nochta, rinne rialtas na Rúise an argóint nach bhfuil dealraitheacht ann go gcuirfear tús leis an dumpáil arís cionn is gur bheag allmhairí a tháinig isteach, agus de dheasca na smachtbhannaí, chuir na monaróirí Rúiseacha stop iomlán le honnmhairí chuig an Aontas ar feadh thréimhse ama fada agus éiginnte.

(172)

Maidir le honnmhairí chuig an Aontas, mheabhraigh an Coimisiún gur shuigh sé gur dhócha go dtarlódh an dumpáil arís bunaithe ar na gnéithe ar a dtugtar tuairisc thuas nach n-áiríonn leibhéal na n-onnmhairí chuig an Aontas atá ann faoi láthair, a mheastar de bheith ina theagmhas sealadach ar féidir leis athrú i dtráth ar bith. Maidir leis na smachtbhannaí atá i bhfeidhm, mar a míníodh in aithris (167), cionn is go bhfuil a raon feidhme, modhnúchán agus/nó ré neamh-intuartha agus gur féidir leo a leasú tráth ar bith, shuigh an Coimisiún nach féidir tionchar a bheith acu ar a gconclúidí san imeacht seo. Dá bhrí sin, i gcás na dteagmhas a thit amach le déanaí a dhéanann difear sealadach d’allmhairí ón Rúis isteach chuig an Aontas, ní féidir leo na torthaí a fuarthas maidir le tús a chur leis an dumpáil arís sa chás seo a athrú, agus diúltaíodh do na maímh sin.

(173)

Dá dheasca sin, mheas an Coimisiún sa deireadh gur dhócha go gcuirfí tús leis an dumpáil arís, mura gcuirfí síneadh leis na bearta.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(174)

Rinne 21 tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is ionann na táirgeoirí sin agus an “tionscal an Aontais” de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(175)

Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ag thart ar 30,5 milliún tona. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, amhail sonraí a sholáthair an t-iarratasóir. Mar a léirítear in aithris (21), roghnaíodh sampla de thrí tháirgeoir ón Aontas a d’fhreagair do níos mó ná 30 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil.

(176)

Óir tá tionscal an Aontais comhtháite go hingearach den chuid is mó, agus meastar táirgí cruach comhréidh fuar-rollta mar phríomhábhar do tháirgeadh táirgí breisluacha iartheachtacha éagsúla, rinneadh anailís ar leithligh ar an tomhaltas faoi chuing agus saormhargaidh.

(177)

Is ábhartha é an t-idirdhealú idir margadh faoi chuing agus saormhargadh a mhéid a bhaineann leis an anailís díobhála toisc nach nochtar táirgí, a bhfuil sé beartaithe úsáid faoi chuing a bhaint astu, d’iomaíocht dhíreach ó allmhairí, agus socraítear praghsanna an aistrithe laistigh de na grúpaí i gcomhréir le beartais praghais éagsúla agus is amhlaidh dá bhrí sin nach iontaofa iad. I gcodarsnacht leis sin, tá an táirgeacht atá dírithe ar an saormhargadh in iomaíocht dhíreach le hallmhairí an táirge lena mbaineann, agus díoltar ar phraghsanna an tsaormhargaidh í.

(178)

Chun léargas atá chomh hiomlán agus is féidir a sholáthar ar thionscal an Aontais, agus cosúil leis an méid a rinneadh san imscrúdú bunaidh, fuair an Coimisiún sonraí le haghaidh na gníomhaíochta iomláine maidir le táirgí cruach comhréidh fuar-rollta agus chinn sé cé acu a bhí nó nach raibh an táirgeacht dírithe ar úsáid faoi chuing nó ar an saormhargadh. Chinn an Coimisiún go raibh 78 % de tháirgeacht iomlán na dtáirgeoirí ón Aontas dírithe ar úsáid faoi chuing.

(179)

Scrúdaigh an Coimisiún táscairí eacnamaíocha áirithe a bhaineann le tionscal an Aontais ar bhonn sonraí le haghaidh an tsaormhargaidh amháin. Is iad seo na táscairí: méid na ndíolachán agus praghsanna díola ar mhargadh an Aontais; sciar den mhargadh; méid onnmhairiúcháin agus praghsanna agus brabúsacht. I gcás táscairí eile, amhail táirgeacht, acmhainneacht, táirgiúlacht, fostaíocht agus pá, baineann na figiúirí a thugtar thíos leis an ngníomhaíocht iomlán agus níor measadh dá bhrí sin go raibh údar le haon leithlisiú ar fhigiúirí.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(180)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn (a) sonraí a sholáthair EUROFER maidir le díolacháin thionscal an Aontais den táirge comhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas, mar atá cros-seiceáilte leis na méideanna díolachán a thuairiscigh na táirgeoirí sampláilte ón Aontas; agus (b) allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó gach tríú tír mar a tuairiscíodh in Eurostat.

(181)

Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar a leanas:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

39 389 717

38 484 642

31 808 880

33 579 173

Innéacs

(2018 = 100)

100

98

81

85

Margadh faoi chuing

28 207 944

28 129 434

22 651 025

23 902 153

Innéacs

(2018 = 100)

100

100

80

85

An saormhargadh

11 181 772

10 355 209

9 157 856

9 677 020

Innéacs

(2018 = 100)

100

93

82

87

Foinse: Sonraí a chuir Eurofer ar fáil agus a cros-seiceáladh le freagraí ceistneora na dtáirgeoirí a sampláladh; Eurostat.

(182)

Tá méadú tagtha ar thomhaltas saormhargaidh i gcomparáid leis na 7 122 682 tona a úsáideadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh (1 Aibreán 2014 go dtí 31 Márta 2015). Le linn na tréimhse faoi bhreathnú áfach, tháinig laghdú thart ar 15 % ar thomhaltas faoi chuing an Aontais, agus tháinig laghdú thart ar 13 % ar thomhaltas ar shaormhargadh an Aontais. Idir na blianta 2018 go dtí 2019 d’fhan an tomhaltas ar an margadh faoi chuing go seasmhach agus tháinig laghdú 7 % ar an tomhaltas ar an saormhargadh. Bhí an príomhlaghdú ann idir na blianta 2019 agus 2020 nuair a tháinig laghdú suntasach ar shaorthomhaltas agus tomhaltas faoi chuing araon le 11 % agus 20 % faoi seach. Thosaigh an laghdú seo i bhfás eacnamaíoch in 2019 de bharr mhoilliú foriomlán i bhfás an Aontais, ach rinneadh níos measa é de bharr mhoilliú foriomlán ar an ngeilleagar a raibh paindéim COVID-19 mar chúis leis. Bhí tionchar ag an moilliú i bhfás eacnamaíoch go ginearálta, agus san earnáil monaraíochta go sonrach, ar an éileamh foriomlán le haghaidh cruach. Bhí tionchar ar leith aige sin ar an tionscal gluaisteán, arb ionann é agus páirt shuntasach d’úsáideoirí CRF. Ó 2020 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe bhí méadú 5 % ar thomhaltas faoi chuing agus saor-thomhaltas araon cé nár tháinig sé ar ais chuig na leibhéil 2018 áfach.

4.3.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus ón gcuid eile den domhan

4.3.1.   Méid agus sciar margaidh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ón gcuid eile den domhan

(183)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn comparáide idir méideanna na n-allmhairí agus tomhaltas saormhargaidh an Aontais mar a léirítear i dTábla 2 thuas.

(184)

Tháinig forbairt ar allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann agus ón gcuid eile den domhan mar a leanas:

Tábla 3

Méid na n-allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

14 367

4 286

1 435

9 713

Innéacs

(2018 = 100)

100

30

10

68

Sciar den mhargadh

0,1  %

0,0  %

0,0  %

0,1  %

Méid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne

2 305

1 275

423

7 065

Innéacs

(2018 = 100)

100

55

18

307

Sciar den mhargadh atá ag Daon-Phoblacht na Síne

0,0  %

0,0  %

0,0  %

0,1  %

Méid na n-allmhairí ón Rúis

12 062

3 011

1 012

2 648

Innéacs

(2018 = 100)

100

25

8

22

Sciar den mhargadh atá ag an Rúis

0,0  %

0,0  %

0,0  %

0,0  %

Méid na n-allmhairí ón gcuid eile den domhan

2 279 706

2 113 190

1 876 491

2 154 420

Innéacs

(2018 = 100)

100

93

82

95

Sciar den mhargadh atá ag an gcuid eile den domhan

20,39  %

20,41  %

20,49  %

22,26  %

Foinse: Eurostat

(185)

Cé gurbh ionann allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sciar margaidh 20 % agus 1,4 milliún tona i dtréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh, d’imigh siad, ar bhonn na faisnéise ó Eurostat, beagnach go hiomlán ó mhargadh an Aontais. Déanta na fírinne, lean allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar aghaidh ag laghdú ó 14 367 go dtí 9 713 tona le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Cé gur mhéadaigh méideanna allmhairí ón dá thír lena mbaineann arís beagán idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcomhréir le méideanna tomhaltais ag méadú sa tráth céanna, níorbh ionann iad agus sciar margaidh 0,1 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(186)

Tháinig laghdú ar an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha seachas na tíortha lena mbaineann le 5 % (ó 2,28 go dtí 2,15 milliún tona) le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Leanann sé sin an treocht anuas chéanna de chuid an tomhaltais ar shaormhargadh an Aontais mar a luadh i dTábla 2, ach ar ghéire níos lú. Ina theannta sin, choinnigh tríú tíortha (agus mhéadaigh siad le beagnach 2 phointe céatadáin fiú) a sciar den mhargadh sa saormhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus chaill tionscal an Aontais beagnach 2 % den sciar margaidh. Bhí soláthar CRF ar an saormhargadh ilroinnte áfach, agus gan sciar den mhargadh de níos mó na 4 % a bheith ag aon cheann de na tríú tíortha eile i margadh an Aontais (69).

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(187)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(188)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar tháscairí maicreacnamaíocha bunaithe ar shonraí a bhí sa fhreagra ceistneora a chur Eurofer faoi bhráid an Choimisiúin lena mbaineann díolacháin thionscal an Aontais le haghaidh an táirge chomhchosúil, arna cros-seiceáil leis na sonraí a chuir táirgeoirí ón Aontas a táirgeoirí sampláilte ón Aontas ar fáil. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ceistneora ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Fuarthas amach go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(189)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: an táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta, an úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, an scair den mhargadh, an fás, an fhostaíocht, an táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin.

(190)

Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: na meánphraghsanna aonaid, an costas aonaid, na costais saothair, na fardail, an bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus cumas chun caipiteal a chruinniú.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(191)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 4

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

An méid táirgeachta (tonaí)

36 298 267

35 686 689

29 229 520

30 520 404

Innéacs

(2018 = 100)

100

98

81

84

An acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

45 912 036

45 976 102

48 542 510

44 909 450

Innéacs

(2018 = 100)

100

100

106

98

Úsáid acmhainneachta (%)

79

78

60

68

Innéacs

(2018 = 100)

100

98

76

86

Foinse: Eurofer, táirgeoirí sampláilte ón Aontas

(192)

Tháinig laghdú suntasach ar mhéideanna táirgeachta ó thús na tréimhse faoi bhreathnú. Leanann an laghdú treocht agus méid atá comhchosúil go mór leis an treocht a breathnaíodh le haghaidh laghdú thomhaltas iomlán an Aontais. Tháinig laghdú 16 % ar mhéideanna táirgeachta le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(193)

Tháinig laghdú beag ar acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tá sí ar leibhéal i bhfad níos ísle ná le linn an imscrúdú bunaidh. Tá sé seo go páirteach mar gheall go raibh an Ríocht Aontaithe mar bhallstát an Aontais fós le linn an imscrúdaithe bunaidh, agus níor glacadh a n-acmhainneacht táirgeachta san áireamh san imscrúdú athbhreithnithe atá ann faoi láthair. Ina theannta sin, ghlac tionscal an Aontais céimeanna chun a n-acmhainneacht a oiriúnú agus a chuíchóiriú i gcomhréir le tomhaltas margaidh. Tháinig méadú ar rátaí úsáide acmhainneachta ar dtús dá bhrí sin i gcomparáid leis an imscrúdú bunaidh. Ó mhoilliú i bhfás an Aontais in 2019 agus go háirithe ó thús na paindéime COVID-19 i leith, áfach, tháinig laghdú suntasach orthu arís sa tréimhse faoi bhreathnú, ach tháinig athléimneacht orthu giota beag i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (ina raibh an laghdú ar bheagnach 20 pointe céatadáin níos ísle in 2020 i gcomparáid le 2018, bhí sé ar - 11 phointe céatadáin i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le 2018).

4.4.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(194)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

Tábla 5

Méid na ndíolachán (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

An méid iomlán díolachán ar mhargadh an Aontais – saor agus faoi chuing

37 095 644

36 367 167

29 930 954

31 415 040

Innéacs

(2018 = 100)

100

98

81

85

Díolacháin agus úsáid ar an margadh faoi chuing

28 207 944

28 129 434

22 651 025

23 902 153

Innéacs

(2018 = 100)

100

100

80

85

Díolacháin ar an saormhargadh

8 887 699

8 237 733

7 279 930

7 512 887

Innéacs

(2018 = 100)

100

93

82

85

An sciar den mhargadh ag díolacháin an mhargaidh shaoir

79  %

80  %

79  %

78  %

Foinse: Eurofer, táirgeoirí sampláilte ón Aontas

(195)

Lean díolacháin iomlána san Aontas treocht anuas le linn na tréimhse faoi bhreathnú, le laghdú foriomlán de 15 %. Breathnaítear ar an treocht chéanna le méid comhchosúil le haghaidh na saormhargaí agus na margaí faoi chuing, i gcomhréir leis an laghdú i dtomhaltas a léirítear i dTábla 2.

(196)

D’fhan sciar margaidh de chuid thionscal an Aontais ar an saormhargadh go seasmhach a bheag nó a mhór le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ach chuaigh sé síos le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe le beagnach 2 %. Tagann seo le méadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag tríú tíortha i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mar a léirítear i dTábla 3.

4.4.2.3.   Fás

(197)

I gcomhthéacs tomhaltas a bheith ag dul i laghad, ní hamháin gur chaill tionscal an Aontais méideanna díolacháin substaintiúla san Aontais, ach chaill an tionscal sciar den mhargadh freisin. Dá dheasca sin, níorbh ann d’aon fhás ar thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.4.2.4.   An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

(198)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 6

Fostaíocht agus táirgiúlacht

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Líon na bhfostaithe

9 634

9 137

9 773

9 321

Innéacs

(2018 = 100)

100

95

101

97

Táirgiúlacht (tona/fostaí)

3 768

3 906

2 991

3 274

Innéacs

(2018 = 100)

100

104

79

87

Foinse: Eurofer, táirgeoirí sampláilte ón Aontas

(199)

Níor éirigh leis an Aontas an líon fostaithe i mbun táirgthe an táirge faoi athbhreithniú, a coinneáil ar bun idir 2018 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, a chuaigh i laghad idir 2018 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe le 3 %.

(200)

Lean táirgiúlacht lucht saothair thionscal an Aontais, arna tomhas de réir an aschuir (tonaí) in aghaidh an fhostaí, treocht chéanna anuas le linn na tréimhse faoi bhreathnú (-13 %). Mínítear an laghdú ar an táirgiúlacht leis an laghdú níos airde ar an méid táirgeachta, atá nasctha fós le laghdú díolachán agus éilimh ar tháirgí thionscal an Aontais ar na margaí intíre agus onnmhairiúcháin araon, i gcomparáid leis an laghdú níos lú ar líon na bhfostaithe.

4.4.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil roimhe seo

(201)

Bhí gach aon chorrlach dumpála a suíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i bhfad os cionn an leibhéil de minimis. An tráth céanna, bhí leibhéal na n-allmhairí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe an-teoranta, agus b’ionann iad agus díreach 0,1 % de thomhaltas an Aontais. Lig na bearta frithdhumpála a forchuireadh i ndiaidh an imscrúdaithe bunaidh do thionscal an Aontais téarnamh ó dhumpáil roimhe, mar a léiríonn na sonraí le haghaidh 2018 agus mar a dheimhníonn ráitis ón iarratasóir san iarraidh athbhreithnithe.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.4.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(202)

Tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 7

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tona)

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

An meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an saormhargadh

654

613

553

622

Innéacs

(2018 = 100)

100

94

85

95

Costas aonaid na táirgeachta

592

617

573

643

Innéacs

(2018 = 100)

100

104

97

109

Foinse: Táirgeoirí sampláilte ón Aontas

(203)

Tháinig laghdú foriomlán 5 % ar phraghsanna díolachán ar mhargadh an Aontais chuig páirtithe neamhghaolmhara (an saormhargadh) le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Léiríonn anailís mhionsonraithe gur tháinig laghdú 15 % ar phraghsanna díolachán idir 2018 agus 2020, ach tháinig méadú 12 % orthu arís le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Sa tréimhse céanna bhí an costas táirgthe ag athrú ach bhí sé beagnach 10 % níos airde i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ná mar a bhí sé in 2018. Seachas 2018, bhí meánchostas táirgthe níos airde ná an meánphraghas díolachán i ngach aon bhliain. Cé gur tháinig méadú suntasach ar phraghsanna díolachán idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, níorbh fhéidir le tionscal an Aontais an praghas díolachán a mhéadú go dtí an leibhéal leordhóthanach chun costas na táirgeachta a chumhdach.

4.4.3.2.   Costais saothair

(204)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 8

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

91 664

97 412

93 113

97 981

Innéacs

(2018 = 100)

100

106

102

107

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontas

(205)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú bhí meánchostais saothair luaineach ach taispeánadh méadú foriomlán 7 % iontu. Cé go ndeachaigh líon na bhfostaithe síos, chuaigh na costais saothair fhoriomlána síos freisin ach ar chéim níos lú.

4.4.3.3.   Fardail

(206)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 9

Fardail

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonaí)

488 722

429 657

284 572

262 487

Innéacs

(2018 = 100)

100

88

58

54

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

4

4

3

2

Innéacs

(2018 = 100)

100

88

65

55

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontas

(207)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú leanúnach ar stoc thionscal an Aontais. Leanann aon athrú i stocaí CRF na treochtaí céanna leis na cinn le haghaidh táirgthe de ghnáth, ar ar tháinig laghdú le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a léirítear i dTábla 4 (70). Le linn na tréimhse faoi bhreathnú áfach, tharla gníomhaíochtaí athstruchtúraithe áirithe i gcuideachta amháin a sampláladh, lenar bhain díchumascadh páirteach lena n-áirítear na stoic. Ina theannta sin, bhí fadhbanna ag ceann amháin de na cuideachtaí a sampláladh le píosaí trealaimh le linn tráth áirithe, arbh éigean díolacháin níos mó a dhéanamh ón stoc dá bharr ná mar a raibh coinne leis. Mar a suíodh san imscrúdú bunaidh freisin áfach, ní mheastar stoic mar tháscaire díobhála tábhachtach le haghaidh an tionscail seo cionn is go dtáirgeann an tAontas an chuid is mó de chineálacha an táirge chomhchosúil seo bunaithe ar orduithe sonracha na n-úsáideoirí (71).

4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(208)

Tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí de chuid na dtáirgeoirí sampláilte ón Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 10

Brabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

16,1

-2,8

-14,7

-3,1

Innéacs

(2018 = 100)

100

-17

-92

-20

An sreabhadh airgid (EUR)

1 197 337 649

1 024 735 660

744 992 480

822 335 704

Innéacs

(2018 = 100)

100

86

62

69

Infheistíochtaí (EUR)

65 866 851

75 059 376

61 159 498

72 616 722

Innéacs

(2018 = 100)

100

114

93

110

Toradh ar infheistíochtaí (%)

5

0

-3  %

-1

Innéacs

(2018 = 100)

100

-8

-69

-12

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontas

(209)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte ón Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin díolacháin an táirge chomhchosúil i gcás custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(210)

De bharr fhorchuir na mbearta frithdhumpála, d’fhéadfadh le tionscal an Aontais a bhrabúsacht a fheabhsú ó thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus chuaigh sé thar an spriocbhrabús a sonraíodh san imscrúdú sin (72). I ndiaidh na buaice in 2018 áfach, bhí an costas táirgthe in aghaidh an aonaid níos airde ná an meánphraghas díolacháin de bharr laghdú thomhaltas an Aontais ar an saormhargadh le chéile le praghsanna díola ar a raibh laghdú sna blianta ina dhiaidh sin, mar a léirítear i dTábla 7 thuas. Níor lig an laghdú i dtomhaltas CRF an Aontais do thionscal an Aontais praghsanna díolachán a shocrú ar leibhéal lena gcumhdófaí, ar a laghad, an costas táirgthe.

(211)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. D’fhorbair an treocht i sreabhadh airgid glan go mór i gcomhréir le brabúsacht, a bhí ar a bhuaic in 2018 sula ndeachaigh sé síos go substaintiúil in 2019 agus 2020, agus tháinig athléimneacht air giota beag le linn na tréimhse imscrúdúcháin ach thíos faoi na leibhéil 2018 agus 2019 fós.

(212)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Cé gur tháinig méadú foriomlán ar infheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, le linn 2020 agus thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe d’fhan siad thíos faoi leibhéal 2019. Tháinig forbairt dhiúltach ar an toradh ar infheistíocht agus lean sé an treocht chéanna leis an mbrabúsacht.

4.5.   Conclúid faoi dhíobháil

(213)

Léirigh gach táscaire maicreacnamaíoch treocht dhiúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú amhail táirgeacht, úsáid acmhainneachta, méid díolachán ar mhargadh an Aontais (an margadh faoi chuing agus an saormhargadh araon), sciar den mhargadh, fostaíocht agus táirgiúlacht. Mar an gcéanna, léirigh an chuid is mó de tháscairí micreacnamaíocha treocht dhiúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú amhail praghsanna díola ar shaormhargadh an Aontais, costais tháirgthe, brabúsacht, stoic dheiridh, sreabhadh airgid agus toradh ar infheistíochtaí. Níor léirigh ach infheistíochtaí treocht dhearfach.

(214)

Cé gur éirigh le tionscal an Aontais praghsanna a mhéadú i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí corrlach brabúis diúltach –3,1 % ag tionscal an Aontais i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig meath ar an sreabhadh airgid, ar an toradh ar infheistíochtaí freisin, rud a d’fhág gur dheacair do thionscal an Aontais caipiteal a chruinniú agus fás.

(215)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go dtí 2018 gur ndearna tionscal an Aontais téarnamh ó dhíobháil ábhartha a bhí ann roimhe de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán a raibh allmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Rúis mar chúis air. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú áfach, tháinig meath ar phictiúr na díobhála agus bhí tionscal an Aontais ar ais i gcás eacnamaíoch leochaileach agus díobhálach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(216)

Tar éis an nochta, d’easaontaigh rialtas na Rúise le conclúid an Choimisiúin maidir le cás thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. De réir rialtas na Rúise, tháinig feabhas ar an gcás le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid leis an mbliain roimhe, seachas le haghaidh an chostais táirgthe in aghaidh aonaid.

(217)

Cé go bhfuil sé ceart gur tháinig feabhas ar chuid de na táscairí díobhála giota beag idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe áfach, rud a léirítear freisin san anailís thuas (mar shampla in aithris (193) nó (211)), léirigh na táscairí meath linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ní raibh an feabhas a luadh i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe leordhóthanach áfach chun tionscal an Aontais a thógáil ón gcás eacnamaíoch leochaileach a bhí roimhe ó 2018. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

(218)

De bharr leibhéil dhiomaibhseacha na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh fhéidir le hallmhairí ón tSín agus ón Rúis a bheith ina gcúis leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(219)

Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún tuilleadh scrúdaithe ar an dóchúlacht go gcuirfí tús leis an díobháil arís arbh iad allmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Rúis ba chúis leis an díobháil i dtosach báire, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm.

5.   AN DÓCHÚLACHT GO gCUIRFÍ TÚS LE DÍOBHÁIL ARÍS

(220)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (215) go raibh tionscal an Aontais i gcás eacnamaíoch leochaileach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (218) freisin nárbh fhéidir le hallmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Rúis a bheith mar an chúis ar an díobháil do thionscal an Aontais a breathnaíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe de bharr a méid an-teoranta. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar cibé acu a bheadh nó nach mbeadh dóchúlacht ann go gcuirfí tús leis an díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Rúis ba chúis léi dá ligfí do na bearta ina haghaidh dul in éag.

(221)

Maidir leis seo, rinne an Coimisiún scrúdú ar an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sna tíortha lena mbaineann, ar an ngaol idir praghsanna onnmhairithe chuig tríú tíortha agus an leibhéal praghais san Aontas agus an tionchar d’allmhairí féideartha agus leibhéil phraghais atá ar allmhairí den sórt sin ó na tíortha seo ar chás thionscal an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag.

5.1.   Acmhainneacht bhreise sa tSín agus sa Rúis agus tarraingteacht mhargadh an Aontais

(222)

Mar a thuairiscítear cheana féin rannta 3.1.11.2 agus 3.2.3.2, tá acmhainneachtaí breise suntasacha ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne agus sa Rúis, lena sáraítear le chéile na méideanna táirgeachta reatha agus an t-éileamh inmheánach sna tíortha sin go substaintiúil. D’fhéadfaí na hacmhainneachtaí sin a úsáid chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh lena onnmhairiú chuig margadh an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag. Tá na cainníochtaí a d’fhéadfadh táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín agus ón Rúis a onnmhairiú suntasach i gcomparáid le méid mhargadh an Aontais. Leoga, is ionann na hacmhainneachtaí breise agus níos mó ná dhá oiread thomhaltas iomlán an Aontais ar an saormhargadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(223)

Mar a thuairiscítear i rannta 3.1.11.1 agus 3.2.3.1, d’onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín agus ón Rúis chuig a bpríomh-thríú margaí ar phraghsanna a bhí thíos faoin ngnáthluach a suíodh, a bhí, anuas air sin, níos ísle ná meánphraghsanna (sprice) díola tháirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, agus leibhéal praghsanna na n-onnmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Rúis chuig tríú margaí eile á gcur san áireamh, d’fhéadfadh onnmhairiú chuig an Aontas a bheith i bhfad níos tarraingtí d’onnmhaireoirí na dtíortha sin. Dá dheasca sin, is féidir a bheith ag súil leis go réasúnta, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm, go dtosódh táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín agus ón Rúis ar mhéideanna arda an táirge faoi athbhreithniú a onnmhairiú chuig an Aontas arís. Treisítear an t-ionchas sin a thuilleadh le hinfhaighteacht na hacmhainneachta breise substaintiúla sa tSín agus sa Rúis. Mar a luadh in aithris (167), cé go bhfuil toirmeasc allmhairithe i bhfeidhm ar tháirgí cruach áirithe a onnmhairítear ón Rúis lena n-áirítear CRF (73), is dócha go mbeidh an beart seo sealadach agus níl aon bhealach ann chun a ré a thuar i ndáil le ré shíneadh na mbeart atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin ní dhéanann sé difear do na conclúidí maidir le tarraingteacht mhargadh an Aontais.

(224)

Mhaígh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis, go ndearna an t-iarratasóir rómheastachán ina iarraidh tarraingteacht mhargadh an Aontais i dtaca leis an Rúis. De réir na gcuideachtaí ón Rúis, dá ndéanfaidís méadú ar a n-onnmhairí chuig tríú tíortha, bheadh onnmhairí den sórt sin ag dul chuig comhpháirtithe trádála tosaíochta na Rúise in ionad dul chuig an Aontais. Mar a léirigh an t-iarratasóir áfach, níl aon fháth ann gur cheart acmhainneacht bhreise na Rúise a úsáid chun onnmhairí chuig comhpháirtithe trádála tosaíochta na Rúise a mhéadú. Leoga, baineann onnmhairí den sórt sin buntáiste as dleacht 0 %, mar sin d’fhéadfaidís a onnmhairiú saor ó dhleacht cheana féin. I gcodarsnacht leis sin, tá onnmhairí chuig an Aontais faoi réir dleachtanna faoi láthair agus ní bheadh sladghearradh praghais ann de thoradh comparáid a dhéanamh ar phraghsanna na Rúise agus na Síne chuig tríú tíortha móide dleacht frithdhumpála an Aontais ach bheadh sé ann i gcás bhaint na dleachta frithdhumpála. Mar sin de, níl sé áititheach an argóint a dhéanamh go méadófaí onnmhairí chuig comhpháirtithe trádála den sórt sin cionn is nár léirigh siad aon athrú a d’fhéadfadh titim amach anois go ceann i bhfad lena méadófaí onnmhairí ón Rúis chuig tíortha den sórt sin. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin ó na honnmhaireoirí Rúiseacha dá bhrí sin.

(225)

Tar éis an nochta, mhaígh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis agus rialtas na Rúise nach mbeadh aon dealraitheacht ann go gcuirfí túis leis an dumpáil dhíobhálach arís ón Rúis. I dtuairim na bpáirtithe sin, “Cruthaíonn dlí agus cleachtas an Aontais gur ionstraim beartas fhadtéarmach iad smachtbhannaí an Aontais”, agus “Níl saolré réamhbhunaithe agus bearta frithdhumpála an Aontais” (74). Mhaígh na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis nach bhfuil aon chomhartha ann go ndéanfaí na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise a mhaolú ná a bhaint. Dá ndéanfaí na smachtbhannaí a bhaint fiú áfach, níl margadh an Aontais tarraingteach d’onnmhaireoirí na Rúise “de bharr rioscaí arda go gcuirfí géarshrianta trádála i bhfeidhm”.

(226)

Mar a leagtar amach in aithrisí (165) agus (166), níor cuireadh aon fhianaise ar fáil chun an fáth gur lú an tarraingteacht a bheadh i margadh an Aontais d’onnmhaireoirí ón Rúis i gcás gan smachtbhannaí ann. Ina theannta sin, míníonn aithrisí (172), (223) agus (248) sa rialachán seo an fáth ar shuigh an Coimisiún nach féidir leis na smachtbhannaí tionchar a bheith acu ar na conclúidí san imeacht seo. Dá dheasca sin, diúltaíodh do na maímh sin.

5.2.   Éifeacht ar chás tionsclaíoch an Aontais

(227)

Lena shuí conas a dhéanfadh na hallmhairí ón tSín agus ón Rúis difear do thionscal an Aontais dá ndéanfaí na bearta a fhoirceannadh, rinne an Coimisiún anailís ionchasach agus anailís praghais chomparáidigh gan bearta frithdhumpála a bheith ann.

(228)

De bharr na heaspa comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sna tíortha i gceist, agus i bhfianaise na gcainníochtaí an-íseal arna n-allmhairiú san Aontas ó na tíortha sin, níorbh fhéidir aon phraghas allmhairiúcháin iontaofa a shuíomh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin níorbh fhéidir ríomh fónta ar sladghearradh praghais a dhéanamh ar an mbonn sin. Faoi na himthosca sin, chun an praghas dóchúil ar a ndíolfadh táirgeoirí ón tSín agus ón Rúis agus iad ag onnmhairiú chuig margadh an Aontais, rinne an Coimisiún comparáid praghais idir meánphraghas samplach tháirgeoirí an Aontais (díreach ón monarcha) agus meánphraghas ualaithe comhfhreagrach an táirge faoi athbhreithniú le linn onnmhairithe chuig tríú tíortha (75) ón tSín agus ón Rúis.

(229)

Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas na dtáirgeoirí sampláilte ón Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léirigh sé difríocht phraghais de bheagnach 13 % i gcás na Rúise. Dá bhrí sin, shuigh an Coimisiún go ndéanfadh praghsanna na Rúise sladghearradh ar phraghsanna an Aontais ar leibhéal comhchosúil i margadh an Aontais, dá ligfí do na bearta dul in éag.

(230)

Suíodh sa chomparáid chéanna le haghaidh na Síne nach raibh praghsanna onnmhairiúcháin ón tSín chuig tríú tíortha níos ísle ná praghsanna an Aontais. Léirigh anailís bhreise áfach, go raibh na praghsanna sin fós faoi bhun spriocphraghas an Aontais. Agus an spriocbhrabús céanna á úsáid mar a úsáideadh san imscrúdú bunaidh (9,9 %) (76) suíodh go raibh allmhairí ón tSín ag leibhéal na bpraghsanna onnmhairithe chuig tríú tíortha 10 % níos ísle ná spriocphraghas an Aontais. Ba dhócha dá bhrí sin go ndéanfadh onnmhairí ón tSín díobháil mura ndéanfaí na bearta a choinneáil ar bun.

5.3.   Conclúid

(231)

I bhfianaise an mhéid thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh go bhfuil gach dóchúlacht ann go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Rúis ar phraghsanna díobhálacha in éagmais na mbeart, rud ar dhóichí go gcuirfí tús leis an díobháil ábhartha arís dá thoradh.

6.   LEAS AN AONTAIS

(232)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún cé acu a bheadh sé nó nach mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Rinneadh cinneadh maidir le leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus úsáideoirí.

6.1.   Leas thionscal an Aontais

(233)

Tá tionscal an Aontais lonnaithe in 14 Bhallstát (an Ghearmáin, Poblacht na Slóvaice, an Iodáil, an tSlóivéin, Lucsamburg, an Ghréig, an Bheilg, an Ísiltír, an Ostair, an Fhionlainn, an tSualainn, an Phortaingéil, an Ungáir agus an Spáinn). Fostaíonn sé breis agus 9 000 fostaí i ndáil leis an táirge faoi athbhreithniú.

(234)

Cé gur chuir na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm bac ar allmhairí dumpáilte ón Rúis agus ón tSín teacht isteach i margadh an Aontais den chuid is mó, bhí tionscal an Aontais i staid eacnamaíoch leochaileach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mar a dheimhnítear le treochtaí diúltacha na dtáscairí díobhála.

(235)

Ar bhonn an mhéid thuas, shuigh an Coimisiún go bhfuil dóchúlacht láidir ann go gcuirfí tús leis an díobháil arís arbh iad allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ba chionsiocair léi dá rachadh na bearta in éag. D’fhágfadh sé sin go rachadh staid eacnamaíoch thionscal an Aontais, atá an-leochaileach cheana féin, in olcas a thuilleadh de bharr insreabhadh allmhairí dumpáilte, agus go mbeadh a inmharthanacht faoi bhagairt.

(236)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin go mbeadh sé chun leas thionscal an Aontais na bearta frithdhumpála in aghaidh na Rúise agus na Síne a choinneáil ar bun.

6.2.   Leas úsáideoirí agus allmhaireoirí neamhghaolmhara

(237)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na húsáideoirí aitheanta agus na hallmhaireoirí neamhghaolmhara uile. Níor tháinig aon úsáideoir ná allmhaireoir neamhghaolmhar ar ais chun dul i gcomhar leis an imscrúdú seo trí fhreagra ceistneora a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(238)

Chuir allmhaireoir neamhghaolmhar amháin, Duferco S.A, agus úsáideoir amháin, ATS S.A., aighneacht ar fáil maidir leis an tionscnamh. Dar le Duferco S.A, tá méadú suntasach tagtha ar phraghsanna cruach, rud a cruthaíonn ganntanais sa slabhra soláthair. Léirigh rialtas na Rúise úsáideoirí agus tomhaltóirí an Aontais ag fulaingt ó mhéadú géar ar phraghsanna CRF. Déanann ATS S.A. agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis tagairt d’ardú praghais sa chéad leath de 2021, agus mhaígh siad go ndearna sé díobháil d’úsáideoirí agus tomhaltóirí CRF. Ina theannta sin, mhaígh na páirtithe gurb ionann na bearta coimirce ar allmhairí táirgí cruach agus ionstraim cosanta trádála aonair a chuireann le fás praghais agus míchothromaíocht i ndáil le soláthar-éileamh (77).

(239)

Maidir leis seo, tá réasúnú agus cuspóir difriúil ag bearta coimirce ná mar atá ag bearta frithdhumpála. Mar a míníodh in aithris (132) thuas, níl na bearta coimirce leordhóthanach chun margadh an Aontais a chosaint in aghaidh allmhairí i gcáilíochtaí leordhóthanacha ar phraghsanna dumpáilte. Ina theannta sin, téann na sonraí a sholáthair Duferco S.A chun tacú lena ráiteas siar go dtí Aibreán agus Iúil 2021, agus cumhdaíonn sé treochtaí a breathnaíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar a léirigh an anailís in roinn 4.4.2, ní raibh úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais ach ag 68 % le linn na tréimhse céanna, agus bhí a bpraghsanna díolachán ar leibhéal réasúnta íseal. Léirigh sé seo go raibh go leor spáis ann le haghaidh táirgeadh méadaithe ar phraghsanna iomaíocha.

(240)

Níor sholáthair ATS S.A. ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis aon fhianaise le substaint a chur leis na ráitis a rinneadh ina n-aighneachtaí. Mar a léiríodh san anailís i roinn 4.4.3, ní raibh na sonraí le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, a bhfuil an chéad leath den bhliain 2021 mar chuid de, ag teacht leis na ráitis a rinne ATS S.A.. I bhfíoras, ní raibh praghsanna an Aontais ar leibhéal mí-normalach ard. Bhí siad thíos faoi chostas aonaid agus thíos faoi phraghsanna onnmhairithe de chuid tríú tíortha eile lena n-áirítear an tSín, chomh maith le spriocphraghas an Aontais.

(241)

Cionn is nár sholáthair aon pháirtí leasmhar a luaitear in aithris (238), ná aon úsáideoir ná allmhaireoir neamhghaolmhar eile freagra ceistneora ná aon fhaisnéis eile seachas na haighneachtaí thuasluaite, bhí faisnéis neamh-leordhóthanach ag an gCoimisiún chun teacht chuig an gconclúid go ndéanfaí díobháil do leas na n-úsáideoirí nó na n-allmhairí dá leanfadh na bearta ar aghaidh.

6.3.   An chonclúid ar leas an Aontais

(242)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta atá ann cheana in aghaidh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú, ar de thionscnamh na Rúise nó na Síne iad, a choinneáil ar bun.

7.   MAÍMH LE hAGHAIDH BEARTA A CHUR AR FIONRAÍ/A FHOIRCEANNADH

(243)

Mhaígh trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis agus úsáideoir amháin (ATS S.A.) gur cheart na bearta atá ann faoi láthair a chur ar fionraí. Ina theannta sin, roimh thionscnamh an imscrúdaithe athbhreithnithe éaga fiú, rinne allmhaireoir neamh-ghaolmhar eile atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe (Stemcor London Limited) maíomh cosúil leis sin.

(244)

Rinneadh tagairt sna hargóintí a sholáthair na páirtithe éagsúla ar mhéadú ard praghais líomhnaithe le déanaí san Aontas ó dheireadh 2020, na hallmhairí laga CRF ó na tíortha lena mbaineann agus míchothrom líomhnaithe i ndáil le soláthar-éileamh. Bhain an fhianaise agus na sonraí a sholáthraíodh chun tacú leis na hargóintí sin, cé go raibh sí teoranta, beagnach go hiomlán le tréimhse ama a chumhdaigh tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Níor chuir aon pháirtí aon sonraí ar fáil a bhaineann leis an tréimhse i ndiaidh na dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ná sonraí réamhaisnéise todhchaí chun tacú lena n-argóintí, seachas praghsanna díolacháin an Aontais sa tríú ceathrú de 2021 agus trácht ar threocht anuas mheasartha ag deireadh 2021. Mhaígh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis go mbeadh “réamhaisnéis anailíseach ar fhorbairtí margaí sa todhchaí in 2022 -2023 éiginnte agus go dtabharfaidh sí aghaidh ar líon mór cásanna éagsúla, frithráiteacha fiú. Ní féidir leis na táscairí eacnamaíocha is casta fiú léargas a thabhairt ar fhorbairtí amach anseo.” Dé bhrí sin, ag an staid seo, tá sé deacair aon chonclúid a tharraingt ar an mbonn seo a mhéid a bhaineann le hathrú sealadach i gcoinníollacha margaidh a bheith ann.

(245)

Mheabhraigh an Coimisiún maidir leis sin go bhforáiltear le hAirteagal 14(4) den bhun-Rialachán go bhféadfaí bearta frithdhumpála a chur ar fionraí i gcás ina mbeadh athrú sealadach tagtha ar dhálaí an mhargaidh sa mhéid nár dhócha go dtosófaí ar dhíobháil arís de thoradh na fionraí, agus i gcás gur chun leasa an Aontais é amhlaidh a dhéanamh.

(246)

Maidir leis an dara gné, agus mar a leagadh amach sna ranna ar dhíobháil, go gcuirfí tús le díobháil arís agus leas an Aontais thuas (aithris (174) agus tuilleadh), thug an Coimisiún faoi deara go raibh tionscal an Aontais i gcás leochaileach fós le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (RIP) agus go raibh, in aon chás, dóchúlacht láidir ann go gcuirfí tús leis an díobháil arís ar allmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Rúis ar phraghsanna díobhálacha ba chionsiocair léi dá ligfí do na bearta dul in éag. Ina theannta sin, níor shuigh an Coimisiún aon chúis láidir a mhéid a bhaineann le leas an Aontais in aghaidh na bearta a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, ar bhonn na faisnéise ar fáil san imscrúdú seo, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún an chonclúid a dhéanamh ag an staid seo go mbeadh sé neamhdhóchúil go dtarlódh díobháil arís de thoradh chur ar fionraí, agus go mbeadh sé chun leasa an Aontais na bearta a chur ar fionraí de bhun Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán. Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. Choinnigh an Coimisiún a cheart chun scrúdú breise a dhéanamh ar an ngá le bearta a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 14(4) den bhun-Rialachán amach anseo.

(247)

Ina theannta sin, mhaígh an NLMK Group, an Severstal Group agus an MMK Group de dheasca gur chuir smachtbhannaí stop iomlán ar sholáthar CRF ón Rúis chuig an Aontas, nach raibh aon bhunús dlí ann chun na bearta a choinneáil ar bun cibé acu mar thoradh an athbhreithnithe éaga leanúnaigh nó le linn thréimhse reachtúil chur i bhfeidhm na mbeart. D’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin go raibh an bunathrú ar shreabhadh trádála a tháinig ar an bhfód de dheasca na smachtbhannaí sin de chineál buan. De réir na hargóinte sin, ní bheadh bearta ag teacht lena gcuspóir chun tionscal agus margadh an Aontais a chosaint ó chleachtais thrádála éagóracha ó onnmhaireoirí iasachta agus, dá bhrí sin ní bheadh gá leo faoi Airteagal 11(1) den bhun-Rialachán.

(248)

Thug an Coimisiún faoi deara maidir leis seo i ndiaidh thús an imscrúdaithe, de bharr fogha míleata ó Chónaidhm na Rúise in aghaidh na hÚcráine, gur chuir an Aontas pacáistí smachtbhannaí de réir a chéile in aghaidh na Rúise a rinne difear freisin do tháirgí cruach agus/nó ar na cuideachtaí cruach a tháirgeann agus a onnmhairíonn an táirge faoi athbhreithniú i ndiaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. I gcoinne phointe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin áfach, ní féidir smaoineamh ar an gcás atá ann faoi láthair mar de chineál buan. Leoga, mar a leagtar amach in aithrisí (167) agus (172) shuigh an Coimisiún nach féidir leis na smachtbhannaí sin tionchar a bheith acu ar na conclúidí san imeacht seo. Go háirithe, shuigh an Coimisiún gurb in ainneoin na smachtbhannaí atá ann faoi láthair, a bhí gá le bearta fós de réir bhrí Airteagal 11(1) agus (2) den bhun-Rialachán.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(249)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar tháinig an Coimisiún maidir le tús a chur leis an dumpáil arís, go gcuirfí tús leis an díobháil arís agus le leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála maidir le CRF ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad, a choinneáil ar bun.

(250)

Teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán sin. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(251)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(252)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(253)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, is infheidhme go heisiach iad maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann é arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach sa chuid oibriúcháin den Rialachán seo, lena n-áirítear eintitis atá gaolmhar leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(254)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (78). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(255)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (79), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(256)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 (80), d’fhorchuir an Coimisiún beart cosanta i leith táirgí áirithe cruach go ceann tréimhse 3 bliana. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029, cuireadh síneadh leis an mbeart cosanta go dtí an 30 Meitheamh 2024. Is é an táirge faoi athbhreithniú ceann de na catagóirí táirgí a chumhdaítear leis an mbeart cosanta. Dá dheasca sin, ón uair a shárófaí na cuótaí taraife a leagtar amach faoin mbeart cosanta, bheadh an dleacht taraife os cionn an chuóta agus an dleacht frithdhumpála araon iníoctha ar na hallmhairí céanna. Toisc go bhféadfadh carnadh den sórt sin de bhearta frithdhumpála le bearta cosanta a bheith ina chúis le héifeacht ar thrádáil ar mó é ná mar atá inmhianaithe, chinn an Coimisiún cur i bhfeidhm comhthráthach na dleachta frithdhumpála leis an dleacht taraife os cionn an chuóta thuas don táirge faoi athbhreithniú a chosc ar feadh fhad fhorchur na dleachta cosanta.

(257)

Ciallaíonn sé sin, i gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 infheidhme maidir leis an táirge faoi athbhreithniú agus inar mó í ná leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála de bhun an Rialacháin seo, ní bhaileofar ach an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159. Le linn thréimhse chur i bhfeidhm comhthráthach na ndleachtanna cosanta agus frithdhumpála, cuirfear bailiú na ndleachtanna a forchuireadh de bhun an Rialacháin seo ar fionraí. I gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 infheidhme maidir leis an táirge faoi athbhreithniú agus ina mbeidh sí socraithe ag leibhéal níos ísle ná leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála sa Rialachán seo, baileofar an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 sa bhreis ar an difríocht idir an dleacht sin agus an leibhéal is airde de leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála a forchuireadh de bhun an Rialacháin seo. Cuirfear an chuid de mhéid na ndleachtanna frithdhumpála nár bailíodh í ar fionraí.

(258)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, nó de chruach chóimhiotail eile cé is moite de chruach dhosmálta, de gach leithead, iad fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú orthu, agus gan aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú), atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7209 15 00 (Cód TARIC 7209150090), 7209 16 90, 7209 17 90, 7209 18 91, ex 7209 18 99 (Cód TARIC 7209189990), ex 7209 25 00 (Cód TARIC 7209250090), 7209 26 90, 7209 27 90, 7209 28 90, 7211 23 30, ex 7211 23 80 (Cóid TARIC 7211238019, 7211238095 agus 7211238099), ex 7211 29 00 (Cóid TARIC 7211290019 agus 7211290099), 7225 50 80 agus 7226 92 00 agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise iad.

Tá na táirgí seo a leanas eisiata ón sainmhíniú ar an táirge lena mbaineann:

táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, de gach leithead, iad fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú, agus gan aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh, bídís ina gcornaí nó ná bídís, de gach tiús, leictreach,

táirgí cothrom-rollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, de gach leithead, iad fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú orthu, iad ina gcornaí, ar tiús is lú ná 0,35 mm, ainéalta (ar a dtugtar “plátaí dubha”),

táirgí cothromrollta de chruach chóimhiotail eile, de gach leithead, de chruach shileacain-leictreach, agus

táirgí cothromrollta de chruach chóimhiotail, gan aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh (fuar-laghdú), de chruach ardluais.

2.   Is mar a leanas a bheidh rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a shonraítear i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála (%)

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Angang Steel Company Limited, Anshan

19,7

C097

 

Tianjin Angang Tiantie Cold Rolled Sheets Co. Ltd., Tianjin

19,7

C098

 

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn

20,5

 

 

Gach cuideachta eile

22,1

C999

An Rúis

Magnitogorsk Iron & Steel Works OJSC, Magnitogorsk

18,7

C099

 

PAO Severstal, Cherepovets

34

C100

 

Gach cuideachta eile

36,1

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid) den (táirge faoi athbhreithniú), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.” Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   D’fhéadfadh sé go ndéanfaí Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir meánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ní dhearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a onnmhairiú le linn na tréimhse idir 1 Aibreán 2014 go dtí 31 Márta 2015 (an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh);

(b)

níl sé gaolmhar le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus

(c)

tá onnmhairiú iarbhír déanta aige ar an táirge faoi athbhreithniú nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, na dleachtanna custaim atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim, beidh feidhm ag na dleachtanna sin.

Airteagal 2

1.   I gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 infheidhme maidir le táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, nó de chruach chóimhiotail eile cé is moite de chruach dhosmálta, de gach leithead, iad fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú orthu, agus an aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh (fuar-laghdú) agus inar mó í ná leibhéal na dleachta frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal 1(2), ní bhaileofar ach an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159.

2.   Le linn thréimhse chur i bhfeidhm mhír 1, cuirfear bailiú na ndleachtanna arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo ar fionraí.

3.   I gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 infheidhme maidir le táirgí cothromrollta iarainn nó cruach neamh-chóimhiotail, nó cruach cóimhiotail eile ach cé is moite de chruach dhosmálta, ar gach leithead, fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú orthu, agus gan aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh (fuar-laghdú), agus ina mbeidh sí socraithe ag leibhéal níos ísle ná leibhéal na dleachta frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal 1(2), baileofar an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 sa bhreis ar an difríocht idir an dleacht sin agus an leibhéal is airde de leibhéal na dleachta frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal 1(2).

4.   An chuid de mhéid na dleachta frithdhumpála nár bailíodh de bhun mhír 3, cuirfear ar fionraí í.

5.   Beidh na tréimhsí fionraíochta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 teoranta ó thaobh ama do thréimhse chur i bhfeidhm na dleachta taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  IO L 83, 27.3.2015, lch. 11.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1328 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2016 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cruach cothroime fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise (IO L 210, 4.8.2016, lch. 1).

(4)  IO C 389, 16.11.2020, lch. 4.

(5)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise iad (IO C 311, 3.8.2021, lch. 6).

(6)  IO C 311, 3.8.2021, lch. 8, mír 4.2.

(7)  https://www.gtis.com/gta/.

(8)  https://qdd.oecd.org/subject.aspx?Subject=ExportRestrictions_IndustrialRawMaterials.

(9)  https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2538.

(10)  Fógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (2020/C 86/06) (IO C 86, 16.3.2020, Lch. 6).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/181 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2016 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise (IO L 37, 12.02.2016, Lch. 17), aithris 113.

(12)  Féach an fonóta roimhe.

(13)  https://www.gtis.com/gta/

(14)  https://qdd.oecd.org/subject.aspx?Subject=ExportRestrictions_IndustrialRawMaterials.

(15)  https://ec.altares.eu/.

(16)  Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 36, 17.2.2022, lch. 1); Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí túr gaoithe cruach áirithe ar scála fóntais de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 450, 16.12.2021, lch. 59); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí píopaí táite agus feadán táite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 132, 19.4.2021, lch. 145) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 an 7 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 110, 8.4.2020, lch. 3).

(17)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún aithrisí 67-74, Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 149-150, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508, aithrisí 158-159.

(18)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 aithrisí 115-118 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 aithrisí 122-127.

(19)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 aithrisí 119-122 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 aithrisí 128-132: Cé go bhféadfaí an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomh-phearsanra bainistíochta i bhfiontair atá faoi úinéireacht an Stáit a cheapadh agus a chur as a bpoist, dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, a mheas mar rud a léiríonn na cearta úinéireachta a chomhfhreagraíonn dó sin, léiríonn cealla de Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir chinn atá faoi úinéireacht an stáit agus chinn phríobháideacha araon, modh tábhachtach eile trína féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta Dhaon-Phoblacht na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. Ní léir gur leanadh an ceanglas sin i gcónaí roimhe seo nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na maímh atá aige go bhfuil smacht aige ar chinntí gnó i bhfiontair atá faoi úinéireacht an stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don “tírghrá” agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí faoi seach. Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear táirgeoirí táirgí SSCR agus soláthróirí a gcuid ionchur.

(20)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 aithrisí 123-129 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún aithrisí 133-138.

(21)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 aithrisí 130-133 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 aithrisí 139-142.

(22)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 aithrisí 134-135 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 aithrisí 143-144.

(23)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún aithrisí 136-145 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún aithrisí 145-154.

(24)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2017) 483 final/2, 20. 12. 2017, le fáil ag: https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156474.pdf

(25)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar chineálacha áirithe táirgí cothroma teorollta d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotal nó de chruach chóimhiotal eile, ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma teorollta d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile, ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 92, 6.4.2017, lch. 68), agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma teorollta d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile, ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 146, 9.6.2017, lch. 17) agus; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/688 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach a bhfuil bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 116, 3.5.2019, lch. 39).

(26)  An Fóram Domhanda maidir le ró-acmhainneachta sa tionscal cruach, Tuarascáil Aireachta, 20 Meán Fómhair 2018.

(27)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/688, aithris 86.

(28)  Féach ag: https://worldsteel.org/steel-topics/statistics/top-producers/ (arna rochtain an 4 Lúnasa 2022)

(29)  Féach mar shampla ag: www.fitchratings.com/research/corporate-finance/china-baowu-steel-group-corporation-limited-05-03-2021 (arna rochtain an 4 Lúnasa 2022).

(30)  Tuarascáil – Caibidil 14, Lch. 358: 51 % de chuideachtaí príobháideacha agus 49 % d’fhiontair faoi úinéireacht Stáit i dtéarmaí táirgthe, agus 44 % d’fhiontair faoi úinéireacht Stáit agus 56 % de chuideachtaí príobháideacha i dtéarmaí acmhainneachta.

(31)  Le fáil ag: www.gov.cn/zhengce/content/2016-02/04/content_5039353.htm); https://policycn.com/policy_ticker/higher-expectations-for-large-scale-steel-enterprise/?iframe=1&secret=c8uthafuthefra4e, agus www.xinhuanet.com/english/2019-04/23/c_138001574.htm (arna rochtain an 4 Lúnasa 2022).

(32)  Le fáil ag http://www.jjckb.cn/2019-04/23/c_137999653.htm (arna rochtain an 4 Lúnasa 2022).

(33)  Faoi mar a tharla i gcás an chumaisc idir Rizhao, cuideachta phríobháideach, agus Shandong Iron and Steel, cuideachta faoi úinéireacht an Stáit, in 2009. Féach an tuarascáil ar chruach Bhéising, Lch. 58, agus an leas tromlaigh de Ghrúpa Cruach Baowu na Síne a fuair Cruach Magang i mí an Mheithimh 2019, féach https://www.ft.com/content/a7c93fae-85bc-11e9-a028-86cea8523dc2 (arna rochtain an 4 Lúnasa 2022).

(34)  Féach: https://www.miit.gov.cn/gzcy/yjzj/art/2020/art_af1bef04b9624997956b2bff6cdb7383.html (arna rochtain an 13 Eanáir 2022).

(35)  Féach Roinn IV, Foroinn 3 den Phlean, atá le fáil ag: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2021/art_2960538d19e34c66a5eb8d01b74cbb20.html (arna rochtain an 13 Eanáir 2022).

(36)  Féach an 14ú Plean 5 Bliana maidir le forbairt an Tionscail Cruach, Réamhrá.

(37)  Féach suíomh gréasáin an ghrúpa, le fáil ag: http://www.baowugroup.com/about/board_of_directors (arna rochtain an 28 Márta 2022).

(38)  Féach suíomh gréasáin na cuideachta, le fáil ag: https://www.baosteel.com/about/manager (arna rochtain an 28 Márta 2022).

(39)  Féach suíomh gréasáin an ghrúpa, le fáil ag: http://www.baowugroup.com/party_building/overview (arna rochtain an 28 Márta 2022).

(40)  Ibidem

(41)  Tuarascáil, Cuid III, Caibidil 14, Lgh. 346 ff.

(42)  Réamhrá le The Plan for Adjusting and Upgrading the Steel Industry.

(43)  Tuarascáil, Caibidil 14, Lch. 347.

(44)  An 13ú Plean 5 Bliana maidir leis an bhForbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta (2016-2020)], le fáil ag: https://en.ndrc.gov.cn/policies/202105/P020210527785800103339.pdf (arna rochtain an 4 Lúnasa 2022).

(45)  Tuarascáil – Caibidil 14, Lch. 349.

(46)  Tuarascáil – Caibidil 14, Lch. 352.

(47)  Féach 14 ú Plean 5 Bliana Dhaon-Phoblacht na Sine maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta agus Cuspóirí Fadraoin do 2035, Cuid III, Airteagal VIII, le fáil ag:

https://cset.georgetown.edu/publication/china-14th-five-year-plan/ (arna rochtain an 4 Lúnasa 2022).

(48)  Guiding Catalogue for Industry Restructuring (Leagan 2019), arna formheas ag Foraithne an Choimisiúin Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne Uimh. 29 an 27 Lúnasa 2019; le fáil ag:

http://www.gov.cn/xinwen/2019-11/06/5449193/files/26c9d25f713f4ed5b8dc51ae40ef37af.pdf (arna rochtain an 27 Meitheamh 2022).

(49)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 134-135 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508, aithrisí 143-144.

(50)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Meánioncam Uachtarach, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

(51)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar táirgeadh táirge san aicme agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna den táirge faoi athbhreithniú a bhreithniú.

(52)  https://www.edp.com.br/distribuicao-es/saiba-mais/informativos/tarifas-aplicadas-a-clientes-atendidos-em-alta-e-media-tensao-(grupo-a), agus https://www.edp.com.br/distribuicao-es/saiba-mais/informativos/bandeira-tarifaria

(53)  https://ilostat.ilo.org/

(54)  https://ilostat.ilo.org/data/ https://www.ilo.org/shinyapps/bulkexplorer36/?lang=en&segment=indicator&id=EAR_4MTH_SEX_ECO_CUR_NB_A.

(55)  https://www.ilo.org/shinyapps/bulkexplorer38/?lang=en&segment=indicator&id=HOW_TEMP_SEX_ECO_NB_A

(56)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, Lch. 33). Meastar in Airteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh agus, in aon chás, gur sonraí diomaibhseacha a bhí sna sonraí allmhairiúcháin sin.

(57)  https://ilostat.ilo.org/

(58)  https://ilostat.ilo.org/data/ , https://www.ilo.org/shinyapps/bulkexplorer36/?lang=en&segment=indicator&id=EAR_4MTH_SEX_ECO_CUR_NB_A.

(59)  https://www.ilo.org/shinyapps/bulkexplorer38/?lang=en&segment=indicator&id=HOW_TEMP_SEX_ECO_NB_A

(60)  https://www.edp.com.br/distribuicao-es/saiba-mais/informativos/tarifas-aplicadas-a-clientes-atendidos-em-alta-e-media-tensao-(grupo-a), agus https://www.edp.com.br/distribuicao-es/saiba-mais/informativos/bandeira-tarifaria

(61)  www.macmap.org

(62)  Le bunachar sonraí 14(6), cuirtear sonraí ar fáil maidir le hallmhairí táirgí atá faoi réir cláraithe nó bearta frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais, ó na tíortha lena mbaineann an nós imeachta agus ó thríú tíortha eile, ag leibhéal na gcód TARIC 10 ndigit.

(63)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún chun fad a chur leis an mbeart coimirce maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 225 I, 25.6.2021, Lch. 1).

(64)  https://www.oecd.org/industry/ind/latest-developments-in-steelmaking-capacity-2021.pdf

(65)  https://worldsteel.org/steel-topics/statistics/world-steel-in-figures-2022/

(66)  Tionscnamh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí cruach comhréidh fuar-rollta áirithe ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise iad, aighneacht ar son Duferco S.A., 27.8.2021, roinn 4.1. An tSín, leathanaigh 6-7.

(67)  Praghsanna, Innéacs & Réamhaisnéisí Domhanda Cruach | MEPS International

(68)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1) arna leasú le Rialachán (AE) 2022/428 (IO L 87I, 15.3.2022, lch. 13). Déan tagairt do https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02014R0833-20220413 le haghaidh an leagain chomhdhlúite de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, a bhfuil gach leasú a bhaineann leis an bpacáiste smachtbhannaí ann.

(69)  Bhí an India, an Tuirc, an Úcráin agus Poblacht na Cóiré ar na tíortha amháin le sciar de mhargadh os cionn 3 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus ní raibh ach ag an Téaváin agus an Ríocht Aontaithe sciar de mhargadh níos mó ná 2 %.

(70)  Deimhníodh é seo freisin san imscrúdú bunaidh, féach aithris (136) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/181.

(71)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/181, aithris 136.

(72)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1328.

(73)  Féach Rialachán (AE) 2022/428 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine.

(74)  De réir na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis, aon bheart frithdhumpála “déanfar é a fhoirceannadh cionn is nach ann do na coinníollacha thíos faoina chur i bhfeidhm a thuilleadh” agus go n-úsáideann an Coimisiún bearta frithdhumpála “mar uirlis chosanta trádála fhadtéarmach”.

(75)  Suíodh an praghas seo ar bhonn CAL, mar a tuairiscíodh in GTA (https://www.gtis.com/gta/), le coigeartuithe iomchuí le haghaidh costais iarallmhairiúcháin.

(76)  Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2016/1328, aithris 156.

(77)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/978 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 chun fad a chur leis an mbeart coimirce maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach, IO L 167, 24.06.2022, Lch. 58.

(78)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, an Bheilg.

(79)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, Lch. 1).

(80)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce chinntitheacha in aghaidh allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, Lch. 27).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid na Síne nár sampláladh

Tír

Ainm

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Hesteel Co., Ltd Tangshan Branch, Tangshan

C103

Daon-Phoblacht na Síne

Handan Iron & Steel Group Han-Bao Co., Ltd, Handan

C104

Daon-Phoblacht na Síne

Baoshan Iron & Steel Co., Ltd, Shanghai

C105

Daon-Phoblacht na Síne

Shanghai Meishan Iron & Steel Co., Ltd, Nanjing

C106

Daon-Phoblacht na Síne

BX Steel POSCO Cold Rolled Sheet Co., Ltd, Benxi

C107

Daon-Phoblacht na Síne

Bengang Steel Plates Co., Ltd, Benxi

C108

Daon-Phoblacht na Síne

WISCO International Economic & Trading Co. Ltd, Wuhan

C109

Daon-Phoblacht na Síne

Maanshan Iron & Steel Co., Ltd, Maanshan

C110

Daon-Phoblacht na Síne

Tianjin Rolling-one Steel Co., Ltd, Tianjin

C111

Daon-Phoblacht na Síne

Zhangjiagang Yangtze River Cold Rolled Sheet Co., Ltd, Zhangjiagang

C112

Daon-Phoblacht na Síne

Inner Mongolia Baotou Steel Union Co., Ltd, Cathair Batou

C113


Top