This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1468
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/1468 of 5 September 2022 amending Implementing Regulation (EU) No 540/2011 as regards the conditions of approval of the active substance penflufen and repealing Implementing Regulation (EU) 2018/185 (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1468 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa maidir le húdarú na substainte gníomhaí peanfluifein agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/185 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1468 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa maidir le húdarú na substainte gníomhaí peanfluifein agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/185 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/6217
IO L 231, 6.9.2022, pp. 101–104
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
6.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 231/101 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1468 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa maidir le húdarú na substainte gníomhaí peanfluifein agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/185
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 21(3), an dara rogha i gcomhar le hAirteagal 6 de, agus Airteagal 78(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1031/2013 ón gCoimisiún (2), formheasadh an tsubstaint ghníomhach peanfluifein agus cuireadh le Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3) í, faoi réir coinníollacha áirithe, lena gceanglaítear, go háirithe, go gcuirfí isteach faisnéis deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/185 ón gCoimisiún (4), leasaíodh coinníollacha formheasa na substainte gníomhaí peanfluifein agus tugadh aghaidh ar chuid den fhaisnéis deimhniúcháin a cheanglaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1031/2013. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1031/2013, déantar foráil freisin maidir le faisnéis bhreise deimhniúcháin a chur isteach a mhéid a bhaineann le hábharthacht na meitibilíte M01 (peanfluifein-3-hiodrocsa-búitil) ó thaobh screamhuisce de má aicmítear peanfluifein mar “charcanaigin de chatagóir 2”, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), laistigh de 6 mhí ón bhfógra faoin gcinneadh maidir leis an aicmiú a bhaineann leis an tsubstaint sin. |
|
(4) |
An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Coiste um Measúnú Riosca de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán tuairim (6) inar tháinig sé ar an gconclúid gur cheart peanfluifein a aicmiú mar “charcanaigin de chatagóir 2”. Tar éis na tuairime sin, agus toisc gur aontaigh na Ballstáit leis an aicmiú sin, cuireadh peanfluifein ar liosta an aicmithe agus an lipéadaithe chomhchuibhithe ar shubstaintí guaiseacha dá bhforáiltear le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (7). |
|
(5) |
An 15 Márta 2019, chuir an t-iarratasóir an Pholainn, an Ballstát is rapóirtéir, ar an eolas nach gcuirfeadh sé isteach an fhaisnéis deimhniúcháin a cheanglaítear, faisnéis nach raibh ábhartha ach maidir leis an úsáid ionadaíoch chun tiúbair prátaí síl a chóireáil roimh an gcur nó lena linn. |
|
(6) |
Toisc nár cuireadh an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6(f) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ar fáil, chuir an Coimisiún na Ballstáit, an tÚdarás agus táirgeoir na substainte gníomhaí peanfluifein ar an eolas go molfar Rialachán chun an formheas a tharraingt siar nó chun na coinníollacha formheasta i leith peanfluifeine a leasú. |
|
(7) |
An 19 Feabhra 2021, tugadh an deis don iarratasóir barúlacha agus aon fhaisnéis ábhartha a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Chuir an t-iarratasóir isteach a bharúlacha, agus dheimhnigh sé nach gcuirfeadh sé isteach an fhaisnéis deimhniúcháin a iarradh. |
|
(8) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil na sonraí atá ar fáil leordhóthanach chun ábharthacht na meitibilíte M01 (peanfluifein-3-hiodrocsa-búitil) a chinneadh, meitibilít a thuartar go bhfuil níos mó ná 0,1 μg/L di ann i ngach cás ábhartha a bhaineann le screamhuisce nuair a chuirtear tiúbair prátaí síl atá cóireáilte le peanfluifein, toisc nár cuireadh an fhaisnéis a cheanglaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1031/2013 ar fáil. |
|
(9) |
Dá bhrí sin is gá agus is iomchuí formheas peanfluifeine a shrianadh agus cóireáil tiúbar prátaí síl a thoirmeasc roimh an gcur nó lena linn, cé gur féidir úsáid peanfluifeine chun síolta gránach a chóireáil a choinneáil ar bun, toisc gur léiríodh úsáidí sábháilte. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(11) |
Ar mhaithe le soiléireacht, agus ós rud é go bhfuil Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/185 iomarcach de dheasca na leasuithe a dhéantar leis an Rialachán seo, is iomchuí freisin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/185 a aisghairm. |
|
(12) |
Ba cheart am a thabhairt do na Ballstáit chun údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí a leasú nó a tharraingt siar, ar táirgí cosanta plandaí iad ina bhfuil peanfluifein nach gcomhlíonann na coinníollacha srianta formheasa. |
|
(13) |
Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil peanfluifein, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse chairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an tréimhse sin dul in éag, ar a dhéanaí, 12 mhí tar éis don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm. |
|
(14) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Aisghairm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/185
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/185.
Airteagal 3
Bearta idirthréimhseacha
I gcás inar gá, déanfaidh na Ballstáit údaruithe atá ann cheana féin a leasú nó a tharraingt siar le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil peanfluifein ina substaint ghníomhach faoin 26 Márta 2023.
Airteagal 4
Tréimhse chairde
Aon tréimhse chairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, beidh sí chomh gearr agus is féidir agus rachaidh sí in éag faoin 26 Meán Fómhair 2023 ar a dhéanaí.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1031/2013 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach peanfluifein, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 283, 25.10.2013, lch. 17).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/185 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa le haghaidh na substainte gníomhaí peanfluifein (IO L 34, 8.2.2018, lch. 13).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(6) Tuairim an 15 Deireadh Fómhair 2018 maidir le 5-fluara-1,3-démheitil-N-[2-4-meitilpeantán-2-il)feinil]-1H-piorasól-4-carbocsaimíd; 2’-[(RS)-1,3-démheitilbúitil]-5-fluara-1,3-démheitilpiorasól-4-carbocsainilíd; peanfluifein (CLH-O-0000001412-86-233/F).
(7) Féach Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1182 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2020 lena leasaítear, chun í a oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Cuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 261, 11.8.2020, lch. 2).
IARSCRÍBHINN
I gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin “Forálacha sonracha” d’iontráil 55, maidir le peanfluifein:
“CUID A
Ní fhéadfar ach úsáidí chun síolta gránach a chóireáil roimh an gcur nó lena linn a údarú, agus beidh na húsáidí sin teoranta d’aon iarratas amháin gach tríú bliain ar an ngort céanna.
CUID B
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le peanfluifein, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.
Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
|
(a) |
cosaint na n-oibreoirí; |
|
(b) |
cosaint na n-éan; |
|
(c) |
cosaint an screamhuisce, nuair a bhaintear úsáid as an tsubstaint i réigiúin ina bhfuil ithir leochaileach agus/nó dálaí aeráide leochaileacha; |
|
(d) |
na hiarmhair in uisce dromchla a thógtar le haghaidh uisce óil, i gceantair nó ó cheantair ina n-úsáidtear táirgí ina bhfuil peanfluifein. |
Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.”