EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1252

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1252 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 chun liosta na substaintí atá inbhreithnithe lena n-ionadú a thabhairt cothrom le dáta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/5026

IO L 191, 20.7.2022, p. 41–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1252/oj

20.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 191/41


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1252 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Iúil 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 chun liosta na substaintí atá inbhreithnithe lena n-ionadú a thabhairt cothrom le dáta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 78(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún (2) tá liosta de shubstaintí gníomhacha a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 maidir le substaintí atá inbhreithnithe lena n-ionadú.

(2)

Roinnt de na substaintí sin, níl siad formheasta a thuilleadh, sin nó rinneadh a bhformheas a athnuachan de bhun Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus mar thoradh air sin, liostaítear iad i gCuid E den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3). Níl a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ábhartha a thuilleadh ar mhaithe le soiléireacht agus trédhearcacht, ba cheart iad a scriosadh ón Iarscríbhinn seo.

(3)

Is substaint ghníomhach fhormheasta í cuisileafop-P (athraitheach cuisileafop-P-teafuiril) a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú de bharr a réamhaicmithe chomhchuibhithe mar thocsaineach don atáirgeadh de chuid chatagóir 1B i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Le Rialachán (AE) 2018/1480 ón gCoimisiún (5) tugadh an t-aicmiú seo cothrom le dáta go tocsaineach don atáirgeadh de chuid chatagóir 2. Dá bhrí sin, ní chomhlíonann cuisileafop-P-teafuiril na critéir a thuilleadh le bheith ina substaint atá inbhreithnithe lena hionadú agus ba cheart í a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 a leasú dá réir.

(5)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún an 11 Márta 2015 maidir le cur chun feidhme Airteagal 80(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena mbunaítear liosta de shubstaintí atá inbhreithnithe lena n-ionadú (IO L 67, 12.3.2015, lch. 18).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1480 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán agus lena gceartaítear Rialachán (AE) 2017/776 ón gCoimisiún (IO L 251, 5.10.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

 

aimiotról;

 

défheintrin;

 

brómaidé-ólón;

 

cairbeandaisim;

 

cairbeataimíd;

 

comhdhúile copair (athraithigh hiodrocsaíd chopair, ocsaclóiríd chopair, ocsaíd chopair, meascán Bordeaux agus sulfáit chopair thríbhunata);

 

ciopróconasól;

 

défheanacúm;

 

démheatóáit;

 

déchuat;

 

eapocsaconasól;

 

eisfeanvailéaráit;

 

eataprófos;

 

eatocsasól;

 

famocsadón;

 

feanaimíofos;

 

ocsaíd feanbútaitine;

 

fiprinil;

 

flucuineonasól;

 

glúfosanáit;

 

halocsafop-P;

 

iomasamocs;

 

iomasasulfúrón;

 

iseaprótúrón;

 

isipiorasam;

 

lambda-ciahalaitrin;

 

lionúrón;

 

lúifeanúrón;

 

meiceapróp;

 

meitimil;

 

meatsulfúrón-meitil;

 

molanáit;

 

míoclóbútainil;

 

ocsaidhé-airgíl;

 

ocsáidé-asón;

 

peindémheatailin;

 

próclóras;

 

prófocsaidim;

 

própacanasól;

 

prósulfúrón;

 

cuineocsaifein;

 

cuisileafop-P (athraitheach cuisileafop-P-teafuiril);

 

teiprealocsaidim;

 

tiaclóiprid;

 

trí-asulfúrón;

 

trí-asocsaíd;

 

varfairin.


Top