Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1221

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1221 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó

    C/2022/4937

    IO L 188, 15.7.2022, p. 114–141 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1221/oj

    15.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 188/114


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1221 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Iúil 2022

    lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 7 de,

    Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    1.   NÓS IMEACHTA

    1.1.   Tionscnamh

    (1)

    An 17 Samhain 2021, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí rothar bóthair alúmanaim (“ARW”) áirithe de thionscnamh Mharacó (“an tír lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (“an Fógra Tionscnaimh”).

    (2)

    Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a chuir Comhlachas Mhonaróirí Rothar na hEorpa (“an gearánach” nó “EUWA”) isteach an 4 Deireadh Fómhair 2021. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. An fhianaise a bhí sa ghearán maidir leis an dumpáil agus leis an díobháil ábhartha ba thoradh uirthi, ba leor an fhianaise í chun an t-imscrúdú a thionscnamh.

    1.2.   Clárú

    (3)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/934 ón gCoimisiún (3), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe (“an Rialachán maidir le clárú”).

    1.3.   Páirtithe leasmhara agus iarraidh ar anaithnideacht

    (4)

    San Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún in iúl go sonrach don ghearánaí, do tháirgeoirí aitheanta de chuid an Aontais agus d’údaráis Mharacó, agus d’allmhaireoirí, úsáideoirí agus comhlachais arb eol iad a bheith bainteach, gur tionscnaíodh an t-imscrúdú, agus d’iarr sé orthu a bheith páirteach ann.

    (5)

    D’iarr na gearánaigh agus dhá úsáideoir chomhoibríocha go gcoimeádfaí a n-ainm faoi rún ar eagla go bhféadfadh custaiméirí frithbhearta a dhéanamh orthu. Bhí an Coimisiún den tuairim gurbh amhlaidh go raibh riosca tromchúiseach ann go ndéanfaí frithbhearta agus ghlac sé nár cheart ainmneacha na ngearánach agus an dá úsáideoir chomhoibríocha a nochtadh. Chun go mbeadh an anaithnideacht éifeachtúil, coimeádadh ainmneacha na dtáirgeoirí eile de chuid an Aontais faoi rún freisin ionas nach mbeifí ainmneacha na ngearánach a dhéanamh amach.

    1.4.   Barúlacha maidir leis an Tionscnamh

    (6)

    Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh.

    (7)

    D’iarr ceithre pháirtí éisteacht le seirbhísí an Choimisiúin, rud a tugadh dóibh: Comhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na hEorpa (“ACEA”), EUWA, Dika Morocco Africa S.A.R.L (“Dika”) agus Hands 8 S.A. (“Hands”).

    (8)

    Mhaígh Dika agus údaráis Mharacó go raibh na figiúirí a tuairiscíodh sa ghearán as dáta toisc go raibh bearta 8 mí nach mór idir a thréimhse imscrúdúcháin agus dáta tionscnaimh an imscrúdaithe. Ina theannta sin, an tréimhse imscrúdúcháin a roghnaigh an gearánach, tháinig sí le chéile go beacht le buaicphointe phaindéim COVID-19. Thairis sin, an tréimhse faoi bhreathnú a bhí ag an gearánach, bhí sé bliain níos faide ná mar a bheadh an tréimhse a bhreathnódh an Coimisiún uirthi de ghnáth, mar a shonraítear sa Treoir ábhartha (4). Mheas Dika go bhféadfaí a mheas gur cinneadh éagóir agus claonta a bhí sa chinneadh sin, agus nach féidir fianaise prima facie maidir le dumpáil, díobháil ná cúisíocht mar a cheanglaítear faoi Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán a bheith i gceist le figiúirí as dáta.

    (9)

    Luaigh an Coimisiún ar dtús go dtugtar le fios go sainráite sa Treoir a luaigh Dika, nach bhfuil sé ceaptha ach amháin chun treoir ghinearálta chur ar fáil agus nach doiciméad é atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus nach éigeantach iad na hábhair atá ann (5). Thairis sin, níl aon foráil sonrach in Airteagal 5 den bhun-Rialachán maidir leis an mbearna ama idir an gearán agus na sonraí a cuireadh ar fáil. In aon chás, bhí deireadh le tréimhse imscrúdúcháin an ghearáin an 31 Márta 2021 agus taisceadh an gearán an 4 Deireadh Fómhair 2021. Thairis sin, chuir an gearánach sonraí díobhála breise isteach go dtí an 30 Meitheamh 2021 (6). Dá bhrí sin, bhí na sonraí a sholáthair an gearánach cothrom le dáta agus chomh gar agus ab fhéidir don dáta a taisceadh an gearán. Maidir leis an maíomh faoin tréimhse faoi bhreathnú agus faoin tréimhse imscrúdúcháin, bíonn sé de nós ag an gCoimisiún tréimhse imscrúdúcháin bliana amháin a roghnú mar aon le 3 bliana féilire roimhe seo chun gur féidir scrúdú a dhéanamh ar na treochtaí atá ábhartha le haghaidh mheasúnú na díobhála a chumhdaítear. Cé gur sholáthair an gearánach faisnéis le haghaidh bliain bhreise amháin, ní chiallaíonn sé sin gur baineadh úsáid as sonraí as dáta a d’fhágadh go mbeadh an measúnú éagóir nó claonta. Os a choinne sin, sholáthair sé an fhaisnéis a bhí ar fáil le haghaidh na tréimhse is deireanaí, is é sin go dtí an 31 Márta 2021. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

    (10)

    Mhaígh Dika nach raibh fianaise ar fáil sa ghearán a thabharfadh údar le gnáthluach ríofa a úsáid mar a iarrtar le hAirteagal 5(2) den bhun-Rialachán. Thairis sin, mhaígh an páirtí go raibh ríomh an ghnáthluacha ríofa lochtach. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún teacht ar an gconclúid nár leor an fhianaise maidir le dumpáil sa ghearán agus ba cheart é a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 5 den bhun-Rialachán.

    (11)

    Shonraigh Dika nár úsáid an gearánach praghas díola intíre ARW i Maracó, cé go mbeadh na praghsanna sin ar eolas aige ó tharla go n-onnmhairíonn tionscal an Aontais ARW chuig Maracó é féin. Sa bhreis air sin, líomhain Dika gur úsáid an gearánach cuntais airgeadais na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ó 2018 agus 2019 chun teacht ar an gconclúid nach raibh aon díolacháin ann sa ghnáthchúrsa trádála, cé gur bhain na cuntais sin le tréimhse a bhí roimh an tréimhse imscrúdúcháin a roghnaíodh sa ghearán.

    (12)

    Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Is é EUWA an gearánach san imscrúdú seo agus ní a gcomhaltaí aonair. Ó tharla nach táirgeoir ná onnmhaireoir é an gearánach, ní raibh aon rochtain aige ar na sonraí sin. Sa bhreis air sin, meastar de ghnáth gur sonraí faoi rún gnó iad sonraisc. Dá bhrí sin, bhí ar an ngearánach brath ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí maidir le praghsanna díola intíre i Maracó, rud nach raibh ar fáil tráth an ghearánaigh. Maidir le húsáid na gcuntais airgeadais ó 2018 agus 2019 le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid Mharacó, ní raibh ach na cuntais sin ar fáil don ghearánach tráth a taisceadh an gearán. Dá bhrí sin, ní raibh an gearánach in ann ach conclúid a dhéanamh gur ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil go réasúnta, nach raibh na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta de chuid Mharacó i mbun díolacháin intíre le linn an ghnáthchúrsa trádála. Dá bhrí sin, bhí údar leis an ngnáthluach a ríomh Dá réir sin, diúltaíodh don mhaíomh.

    (13)

    Rinne Dika argóintí freisin maidir le lochtanna bunúsacha líomhnaithe i leith ríomh an ghnáthluacha. Baineann na hargóintí sin maidir le rogha mhéid an rotha, úsáid na bpraghsanna le haghaidh uingí alúmanaim ar bhonn allmhairí ón tSín, úsáid struchtúr costais an táirgeora de chuid an Aontais, tosca costais áirithe a chur as an áireamh sa ríomh, agus ráta brabúis 6 % a chur leis.

    (14)

    Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis na hargóintí sin. Na tátail a rinne an gearánach chun an gnáthluach a ríomh, bhí siad bunaithe ar thaithí mhargaidh agus ar eolas an ghearánaigh agus ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí freisin. Cé nach n-aontaíonn an páirtí leasmhar leis na tátail sin, ní chiallaíonn sé sin nach tátail bhailí iad chun an gnáthluach a ríomh sa ghearán. Ba leor an fhianaise a chuir treise leis na figiúirí ar ar bunaíodh an gnáthluach, rud a deimhníodh le hanailís an Choimisiúin ar an bhfianaise sin. Fiú agus coigeartuithe áirithe á ndéanamh mar a mhol an páirtí leasmhar, rud a rinne an Coimisiún agus an gearán á mheas aige, ba leor fós an fhianaise maidir le dumpáil.

    (15)

    Mhaígh Dika agus údaráis Mharacó nár chuir an gearánach san áireamh ina anailís díobhála go bhfuil an margadh deighilte idir Monaróirí Buntrealaimh (“OEM”) agus margaí iardhíola (“AM”), agus tá rothaí de chineálacha éagsúla i ngach margadh, i.e. deighleoga íseal-leibhéil agus ardleibhéil.

    (16)

    Thug an Coimisiún faoi deara gur cé go bhfuil cainéil dáileacháin díola éagsúla ag rothaí alúmanaim OEM agus AM, is ionann na saintréithe fisiceacha agus teicniúla atá acu agus tá siad inmhalartaithe. Dá bhrí sin ba cheart a mheas gur cainéil díola éagsúla iad OEM agus AM seachas deighleoga éagsúla.

    (17)

    A mhéid a bhaineann leis an dá chainéal díola, mheas an gearánach go bhfuil seans maith ann gur chuig cliaint OEM amháin a sheachadtar beagnach na hallmhairí go léir ó Mharacó. Deimhníodh é sin leis an anailís a rinne an Coimisiún ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil dó. Ba amhlaidh an cás freisin maidir le táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais a dhíol beagnach go heisiach le cliaint OEM (thart ar 99,6 %).

    (18)

    Maidir leis na cineálacha éagsúla rothaí, thug an Coimisiún faoi deara gur cé nach raibh anailís díobhála iomlán sa ghearán de réir chineálacha éagsúla ARW, tugadh ríomhanna sladghearrtha agus tearcdhíola le haghaidh deich gcineál rothaí ionadaíocha.

    (19)

    Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

    (20)

    Mhaígh Dika, Hands agus údaráis Mharacó nach féidir le héabhlóid na n-allmhairí ó Mharacó a bheith ina cúis díobhála ná ina bagairt díobhála do thionscal an Aontais, toisc nach raibh ach 2,8 % de mhargadh an Aontais acu le linn na tréimhse ón 1 Aibreán 2020 go dtí an 31 Márta 2021, agus ní raibh siad ina gcúis le hísliú praghsanna ná le srianadh praghsanna.

    (21)

    Léirigh anailís shonrach díobhála an ghearáin gur leor an fhianaise a chuir i bhfios go raibh níos mó allmhairí ó Mharacó ag teacht ar an bhfód ar mhargadh an Aontais (i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta), ar phraghsanna a ghearr faoi phraghsanna thionscal an Aontais féin agus a dhíol fúthu go suntasach freisin. Is cosúil gur bhain díobháil ábhartha do staid thionscal an Aontais i ngeall air sin, mar a léiríonn, mar shampla, an t-ísliú ar a dhíolacháin agus ar a sciar den mhargadh, meath ar thorthaí airgeadais nó leibhéal na bpraghsanna a ghearr tionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

    (22)

    Maidir le táscairí díobhála áirithe a bhí sa ghearán, amhail acmhainneacht táirgeachta, praghsanna an Aontais agus tomhaltas an Aontais, mhaígh Dika nár thacaigh na táscairí sin leis an gcinneadh go ndearnadh díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Thairis sin, ní rogha ag táirgeoir ARW an lánúsáid acmhainneachta, mar gheall ar na samhlacha slabhra soláthair “díreach-in-am” a chuireann monaróirí gluaisteán san Aontas Eorpach chun feidhme, rud a éilíonn go bhfuil táirgeoirí ARW solúbtha agus go bhfuil acmhainneachtaí ar fáil acu chun freastal ar riachtanais an nóiméid deiridh.

    (23)

    Toradh maidir le díobháil ábhartha, rud is gá chun imscrúdú a thionscnamh, meabhraíonn an Coimisiún go gceanglaítear leis an méid sin scrúdú a dhéanamh, inter alia, ar na fachtóirí ábhartha a shonraítear sa bhun-Rialachán. Mar sin féin, le hAirteagal 5 den bhun-Rialachán, ní cheanglaítear go sonrach go léireodh na fachtóirí díobhála uile a liostaítear in Airteagal 3(5) meathlú le go ndéanfaí díobháil ábhartha a chruthú go leordhóthanach chun imscrúdú a thionscnamh. Go deimhin sonraítear i bhfoclaíocht Airteagal 5(2) den bhun-Rialachán go gcuimseoidh an gearán fianaise faoi na hathruithe ar mhéid na n-allmhairí a líomhnaítear gur dumpáladh iad, éifeacht na n-allmhairí sin ar phraghsanna an táirge chomhchosúil ar mhargadh an Aontais agus tionchar iarmhartach na n-allmhairí ar thionscal an Aontais, faoi mar atá léirithe ag tosca ábhartha (ach ní acu uile, murar gá sin). Bhí an fhaisnéis sin sa ghearán, rud a léirigh go raibh díobháil ann. Dá réir sin, mheas an Coimisiún gur leor an fhianaise maidir le dumpáil a bhí sa ghearán agus dhiúltaigh sé don mhaíomh.

    (24)

    D’áitigh Dika agus Hands nach féidir le forchur na mbeart frithdhumpála a bheith chun leas an Aontais.

    (25)

    Maidir le leas an Aontais, ní critéar ábhartha é chun measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil údar maith le himeacht frithdhumpála a thionscnamh faoi Airteagal 5 den bhun-Rialachán mar gheall ar ghearán. Dá bhrí sin, níor breithníodh na barúlacha sin maidir le maímh a bhaineann le tionscnamh na n-imeachtaí.

    (26)

    Mhaígh Dika, Hands agus údaráis Mharacó nár mheas an gearánach toscairí eile amhail an easpa iomaíochta a líomhnaítear idir ARW an Aontais agus ARW Mharacó mar gheall ar dheighilt an mhargaidh. allmhairí ó thríú tíortha iarmhairtí ó phaindéim COVID-19.

    (27)

    Deimhníodh le hanailís an Choimisiúin ar an ngéarán nach raibh bunús leis na heilimintí a luadh, sin nó bhí siad mícheart ó thaobh fíoras de, nó nár leor iad chun amhras a chaitheamh ar an gconclúid go raibh fianaise leordhóthanach sa ghéarán a léirigh ar an iomlán go raibh allmhairí an táirge lena mbaineann ag teacht isteach san Aontas ar phraghsanna dumpáilte agus gur cosúil go raibh díobháil ábhartha á déanamh do tháirgeoirí an Aontais dá bharr. Suíodh na gnéithe sin ar bhonn na fianaise ab fhearr a bhí ar fáil don ghearánach an tráth sin, agus bhí siad ionadaíoch agus iontaofa go leor. Thairis sin, maidir leis na maíomh eile arna gcur chun cinn ag Dika, údaráis Mharacó agus ACEA, rinneadh grinnscrúdú orthu le linn an imscrúdaithe, agus pléitear a thuilleadh iad thíos.

    (28)

    Ar bhonn an mhéid thuas, dheimhnigh an Coimisiún gur leor an fhianaise a chuir an gearánach ar fáil faoi dhumpáil, díobháil agus nasc cúisíochta sa chaoi gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5(2) den bhun-Rialachán.

    1.5.   Sampláil

    (29)

    San Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go bhféadfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

    1.5.1.   Sampláil na dtáirgeoirí de chuid an Aontais

    (30)

    Ina Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún sampla cinntitheach de thrí thairgeoir de chuid an Aontais. De bhun Airteagal 17 den bhun-Rialachán, an critéar a úsáideadh le haghaidh roghnú an tsampla, ba iad na cainníochtaí ionadaíocha is mó de tháirgeacht an táirge chomhchosúil san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, i.e. 1 Deireadh Fómhair 2020-30 Meán Fómhair 2021. Bhí trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla sealadach sin, agus iad lonnaithe i dtrí Bhallstát éagsúla. Bhí beagnach 20 % de chainníocht táirgeachta iomlán den táirge comhchosúil san Aontas i gceist leis an sampla, agus áirithíonn sé raon maith geografach. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt maidir leis an sampla sealadach agus ní bhfuair sé aon bharúil uathu.

    1.5.2.   Sampláil na n-allmhaireoirí

    (31)

    Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar.

    (32)

    Níor sholáthair aon cheann de na hallmhaireoirí neamhghaolmhara amháin an fhaisnéis a iarradh ná níor thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla.

    1.5.3.   Sampláil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin i Maracó

    (33)

    Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, más amhlaidh atá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin i Maracó an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Misean Ríocht Mharacó táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

    (34)

    Níor sholáthair ach dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann, a dhéanann beagnach na hallmhairí ARW go léir ó Mharacó, an fhaisnéis a iarradh. Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, nach raibh gá le sampláil.

    1.6.   Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin

    (35)

    Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig trí tháirgeoir de chuid an Aontais, chuig an ngearánach, chuig dhá úsáideoir aitheanta, agus chuig dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (7) an lá a tionscnaíodh iad.

    (36)

    Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dumpáil, leis an díobháil agus maidir le leas an Aontais. I bhfianaise ráig phaindéim COVID-19 agus na mbeart gaibhniúcháin arna gcur i bhfeidhm ag tíortha éagsúla, níor fhéad an Coimisiún na cuairteanna fíorúcháin go léir a dhéanamh de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán.

    Rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán ag áitribh dhá tháirgeoirí shampláilte de chuid an Aontais, aon úsáideoir amháin (8), agus ag áitreabh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin seo a leanas i Maracó: HANDS 8 S.A. (“Hands”)

    DIKA MOROCCO AFRIKA S.A.R.L (“Dika”)

    (37)

    Sa bhreis air sin, i gcomhréir lena bhFógra faoi iarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (9), rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda i ndáil le cuideachta ghaolmhar Dika CITIC Dicastal Co., Ltd (“CITIC”) agus táirgeoir amháin de chuid an Aontais.

    1.7.   An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

    (38)

    Cumhdaigh an t-imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 30 Meán Fómhair 2021 (“an tréimhse imscrúdúcháin”). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an díobháil, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

    2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

    2.1.   An táirge lena mbaineann

    (39)

    Is éard atá sa táirge lena mbaineann rothaí bóthair alúmanaim de chuid mótarfheithiclí faoi cheannteidil HS 8701 go 8705, bíodh siad lena n-oiriúintí nó ná bíodh, agus bíodh boinn feistithe orthu nó ná bíodh, de thionscnamh Mharacó, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 8708 70 10 agus ex 8708 70 50 (cóid TARIC: 8708701015, 8708701050, 8708705015 agus 8708705050) (“an táirge lena mbaineann”).

    (40)

    Go hiondúil díoltar rothaí bóthair alúmanaim san Aontas trí dhá chainéal dáileacháin díola: chuig OEM, ar monaróirí gluaisteán iad go príomha, agus chuig an margadh iardhíola, a bhfuil dáileoirí, miondíoltóirí, siopaí deisithe etc. i gceist leis. Díoladh an táirge lena mbaineann ó Mharacó trí chainéal OEM amháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Sa chainéal dáileachán OEM, eagraíonn monaróirí gluaisteán nósanna imeachta tairisceana le haghaidh ARW agus is minic a bhíonn baint acu leis an bpróiseas chun roth nua a fhorbairt, rud a bhaineann lena mbranda. Is féidir le táirgeoirí de chuid an Aontais agus táirgeoirí de chuid Mharacó araon dul san iomaíocht le haghaidh na dtairiscintí céanna.

    2.2.   An táirge comhchosúil

    (41)

    Léirigh an t-imscrúdú gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla mar aon leis na úsáidí bunúsacha céanna atá ag na táirgí seo a leanas:

    an táirge i dtrácht,

    an táirge a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargaí intíre Mharacó, agus

    an táirge a dhéanann tionscal an Aontais a tháirgeadh agus a dhíol san Aontas.

    (42)

    Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

    3.   DUMPÁIL

    3.1.   Maracó

    3.1.1.   Comhoibriú na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin

    (43)

    Mar a leagtar amach in aithris (34) thuas, tháinig dhá tháirgeoir onnmhairiúchán ó Mharacó, Dika agus Hands, chun cinn agus thug siad freagraí ar an gceistneoir. Tá cuideachta ghaolmhar ag Dika, CITIC, ar táirgeoir ARW Síneach é. Ceannaíonn CITIC ARW ó Dika agus díolann sé é leis an Aontas, le Maracó agus le tríú tíortha. Le linn na cros-seiceálacha cianda le CITIC, aimsíodh roinnt earráidí a chaith amhras ar iontaofacht na liostuithe díolachán AE agus intíre. Bhain na hearráidí go príomha leis na difríochtaí idir na praghsanna a taifeadadh sna liostuithe díolachán, na praghsanna ar na sonraisc agus na méideanna iarbhír a íocadh.

    (44)

    An 1 Aibreán 2022, le linn an fhíorúcháin ar an láthair ag Dika, tar éis na cros-seiceálacha cianda le CITIC a thabhairt i gcrích, sholáthair an chuideachta leagan athbhreithnithe de na liostuithe díolachán, lena n-áirítear míniú ar na neamhréireachtaí a aimsíodh. An tráth sin, níor fágadh aon deis na liostuithe díolachán athbhreithnithe a fhíorú ná a chros-seiceáil. Sa bhreis air sin, léirigh réamhsheiceáil ar na sonraí nua a cuireadh isteach nár réitigh na hathbhreithnithe a rinne an chuideachta na neamhréireachtaí uile a luadh le linn na cros-seiceálacha cianda, agus go raibh an líon iomlán athbhreithnithe i bhfad ní b’airde ná mar a raibh coinne leis ar bhonn na cros-seiceálacha cianda. I ngeall ar chineál agus líon na mbotún, a raibh cuid acu fós ann tar éis an athbhreithnithe, ní raibh an Coimisiún in ann brath ar iontaofacht na liostuithe díolachán. Dá bhrí sin, an fhaisnéis ba ghá le corrlach dumpála a shocrú le haghaidh na cuideachta, ní raibh an Coimisiún in ann í a fhíorú.

    (45)

    I gcomhréir le hAirteagal 18(4) den bhun-Rialachán, le litir an 5 Bealtaine 2022, cuireadh in iúl do Dika agus a chuideachta ghaolmhar go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún neamhaird a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil agus tugadh deis dóibh mínithe breise a thabhairt (“litir Airteagal 18”).

    (46)

    Thug an chuideachta freagra ar an litir ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2022. Sa fhreagra uaidh, mhínigh an chuideachta gur thaifead sé a dhíolacháin sna liostaithe díolachán i gcomhréir lena phrionsabail chuntasaíochta. Dá bhrí sin, mhaígh an chuideachta gur, i gcontrárthacht leis na ráitis a rinneadh le linn na cros-seiceálacha cianda agus na cuairte fíorúcháin ar an láthair, ba iomlán agus ba chruinn iad na liostuithe díolachán bunaidh, d’fhéadfaí iad a réiteach le córas cuntasaíochta SAP na cuideachta, ní raibh aon earráid iontu agus ní raibh aon athbhreithniú ag teastáil ina leith. Mar a tharlaíonn sé, na hathbhreithnithe a rinne an chuideachta tar éis na seiceálacha cros-seiceálacha, líomhnaíodh nár cuireadh iad ar fáil don Choimisiún ach amháin chun comhoibriú iomlán CITIC leis an imscrúdú a léiriú. Dá bhrí sin, shonraigh an chuideachta gur cheart don Choimisiún an leagan bunaidh neamh-athbhreithnithe de na liostuithe díolachán a úsáid. De rogha air sin, shonraigh an chuideachta go bhféadfadh an Coimisiún na liostuithe díolachán athbhreithnithe arna soláthar leis an litir a úsáid, ó tharla gur líomhnaíodh nach raibh na heasnaimh chomh mór sin go gcruthódh siad deacracht mhíchuí ó thaobh toradh réasúnta cruinn a shuí. Bhí na liostuithe díolachán sin cosúil leis na liostuithe a soláthraíodh le linn an fhíorúcháin ar an láthair, ach bhí sonraí a bhí in easnamh roimhe seo curtha leo, ceartaíodh roinnt earráidí a bhí iontu agus soláthraíodh mínithe breise ina leith. Mar sin féin, bhí roinnt earráidí fós ann, i gcás roinnt idirbheart, níor soláthraíodh fós an méid iarbhír a fuarthas agus ní raibh sé d’acmhainn ag an gCoimisiún na liostuithe díolachán athbhreithnithe arna soláthar le freagra na cuideachta ar litir Airteagal 18 a chros-seiceáil ná a fhíorú. Shonraigh an chuideachta freisin gur i gcás ina n-éileodh an gCoimisiún go gcuirfí Airteagal 18 den bhun-Rialachán i bhfeidhm, ba cheart dó ráitis airgeadais CITIC a úsáid mar fíorais pháirteacha atá ar fáil.

    (47)

    Níor aontaigh an Coimisiún leis na hargóintí a thug an chuideachta ina freagra ar a litir Airteagal 18. Ba shoiléir sa cheistneoir frithdhumpála le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúchán gur iarradh na liostuithe díolachán a chur ar fáil de réir idirbhearta ar leith. Léiríonn teimpléid na dtáblaí a soláthraíodh leis an gceistneoir go bhfuil sé lánsoiléir go n-iarrtar na sonraí faoi mar a taifeadadh ar an sonrasc iad (cainníocht sonrasc, luach sonrasc, nótaí creidmheasa gaolmhara etc.). D’admháil an chuideachta féin nár chomhlán siad na liostuithe díolachán de réir na sonrasc. Os a choinne sin, chomhlán siad é ar bhonn a gcuid nósanna imeachta cuntasaíochta féin. Sa bhreis air sin, mhaígh an chuideachta go ndéantar aon difríocht idir an luach sonraisc agus an praghas iarbhír a fuarthas a thaifead go hiondúil mar lascaine, lacáiste, nóta creidmheasa nó ar bhealach eile sna liostuithe díolacháin. Mar sin féin, suíodh nach raibh na difríochtaí sin léirithe go córasach i liostuithe díolacháin na cuideachta.

    (48)

    Mar a luaitear thuas in aithris (44), níorbh fhéidir na liostuithe díolacháin athbhreithnithe a chros-seiceáil nó a fhíorú ar bhealach tráthúil. Mar a mhínítear don chuideachta sa litir a seoladh roimh na cros-seiceálacha cianda agus roimh an litir fíorúcháin a seoladh an 11 Márta 2022 agus i gcomhréir leis an bhFógra ar iarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais, (10) ba é cuspóir na cros-seiceálacha cianda dearbhuithe a fháil maidir leis an bhfaisnéis a sholáthair an chuideachta ina freagra ar an gceistneoir. Ní bhfuarthas na dearbhuithe sin le linn na cros-seiceálacha cianda maidir leis na liostuithe díolacháin. Cros-seiceáil chianda bhreise le CITIC, mar a mhol an chuideachta ina fhreagra ar litir Airteagal 18, níor cheart é sin a úsáid mar bhealach chun an easpa tráthúlachta nó na hearráidí a suíodh le linn na cros-seiceálacha cianda a tharla le linn na teorainneacha ama socraithe a leigheas.

    (49)

    Sa bhreis air sin, roinnt athruithe a pléadh le linn na cros-seiceálacha cianda, níor cuireadh san áireamh iad sna táblaí athbhreithnithe. Ina freagra ar litir Airteagal 18, sholáthair an chuideachta liostú díolachán athbhreithnithe nua ina ndearnadh athruithe breise nach bhféadfaí a chros-seiceáil nó a fhíorú ach oiread. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nár sholáthair an chuideachta an fhaisnéis a iarraidh le linn teorainneacha ama an imscrúdaithe. An rogha mhalartach a mhol an chuideachta, chuid ráitis airgeadais CITIC a úsáid mar fhíorais pháirteacha atá ar fáil, ní raibh sí inghlactha. Úsáid na ráiteas airgeadais, ní rud é sin a chuirfeadh ar a chumas don Choimisiún an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a shuí de réir an leibhéil mhionsonraithe agus an chruinnis a cheanglaítear leis an mbun-Rialachán, toisc nach ligfidís anailís a dhéanamh ar bhonn táirge ná idirbhirt.

    (50)

    Ó tharla nár sholáthair Dika agus a chuideachta ghaolmhar CITIC an fhaisnéis a chuirfeadh ar a chumas don Choimisiún teacht ar thoradh réasúnta cruinn, sin agus nár cuireadh isteach an fhaisnéis infhíoraithe a d’fhéadfadh an toradh sin a chumasú, chinn an Coimisiún neamhaird a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuir an chuideachta isteach i ndáil leis na liostuithe díolacháin AE agus intíre. Ós rud e go bhfuil an fhaisnéis sin ríthábhachtach ó thaobh gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin a chinneadh, ní raibh sé d’acmhainn ag an gCoimisiún corrlach dumpála aonair a ríomh le haghaidh na cuideachta.

    (51)

    Dá réir sin, rinne an Coimisiún neamhaird go sealadach ar an bhfaisnéis a sholáthair an táirgeoir onnmhairiúcháin sin agus dheimhnigh sé úsáid na bhfíoras atá ar fáil i ndáil leis an táirgeoir onnmhairiúcháin sin ar bhonn Airteagal 18(1) den bhun-Rialachán.

    3.1.2.   Gnáthluach

    (52)

    Mar gheall ar chur i bhfeidhm Airteagal 18(1) den bhun-Rialachán mar a shonraítear i Roinn 3.1.1 thuas, níor bhain an tuairisc ar ríomh an chorrlaigh dumpála thíos ach amháin leis an táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid Mharacó a bhí fágtha, is é sin Hands.

    (53)

    in Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán, sonraítear go mbeidh an gnáthluach bunaithe de ghnáth ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir. Mar sin féin, chinn an Coimisiún nach raibh aon díolacháin intíre ag an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch. An líon beag de dhíolacháin ARW le custaiméirí i Maracó le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rinneadh iad le monaróir gluaisteán amháin atá suite i gcrios eacnamaíoch atá saor ó dhleacht (“zone d’accélération industrielle”, ar a dtugadh “zone franche” nó “zone franche d’exportation” roimhe seo), atá cosúil leis an crios eacnamaíoch ina raibh an táirgeoir comhoibríoch lonnaithe. Cheannaigh an monaróir gluaisteán sin ARW lena úsáid chun gluaisteán a chóimeáil. Ina dhiaidh sin, ba é an gluaisteán seachas an ARW a seoladh ón limistéar saor ó dhleacht lena dhíol go hintíre, sin nó lena n-onnmhairiú. Is dóichí nach é an margadh intíre ceann scríbe deiridh an ghluaisteáin áfach. Léirigh staidéar in 2020 go bhfuil an margadh onnmhairiúcháin i ndán do 90 % de na gluaisteáin a mhonaraítear i Maracó (11), rud a bhí comhthacaithe freisin le faisnéis ó mhonaróirí gluaisteán de chuid Mharacó (12). Sa bhreis air sin, faoi Dhlí 19-94 lena rialaítear criosanna saorthrádála, ní mór do chuideachtaí atá lonnaithe sna criosanna sin ar a laghad 70 % de láimhdeachas a fháil ó onnmhairí (13).

    (54)

    Mar a mhínítear thuas, an ARW a dhíol an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch leis an gcustaiméir sin in Maracó, ba dhíol é ó chrios eacnamaíoch amháin go crios eacnamaíoch eile. Tá na cuideachtaí atá lonnaithe sna criosanna sin i Maracó díolmhaithe ó na dleachtanna agus rialacháin chustaim a mbíonn feidhm acu de ghnáth ar chríoch Mharacó, agus meastar gur onnmhairí iad na hearraí a thagann isteach sa chrios eacnamaíoch (14). Ós rud é go dtáirgtear an ARW i gcrios eacnamaíoch, agus go ndéantar é a dhíol agus a sheoladh ina dhiaidh sin chuig crios eacnamaíoch eile, níor tháinig an ARW isteach ar chríoch Mharacó riamh agus dá bhrí sin ní fhéadfaí a mheas gur díol intíre a bhí i gceist.

    (55)

    In aon chás, fiú má measadh gur díolacháin intíre iad na díolacháin leis an gcrios eacnamaíoch saor ó dhleacht i Maracó, ní raibh siad ionadaíoch agus ní dhearnadh iad le linn an ghnáthchúrsa trádála mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán.

    (56)

    I ndáil leis sin, rinne an Coimisiún scrúdú ar dtús féachaint an raibh méid iomlán na ndíolachán intíre don táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch go hiomlán ionadaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Is díolacháin ionadaíocha iad na díolacháin intíre más comhionann é méid iomlán na ndíolachán den táirge comhchosúil le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre agus ar a laghad 5 % de mhéid iomlán na ndíolachán onnmhairiúcháin a bhí aige den táirge lena mbaineann leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an mbonn sin, na díolacháin a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch i Maracó, ní díolacháin ionadaíocha a bhí iontu.

    (57)

    Ina dhiaidh sin, shainigh an Coimisiún cion na ndíolachán brabúsach le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh baile le haghaidh gach cineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdaithe chun cinneadh a dhéanamh cé acu na fíor-dhíolacháin bhaile a úsáid nó gan iad a úsáid chun gnáthluach gach cineáil táirge a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) den bhun-Rialachán. Léirigh an anailís ar dhíolacháin intíre nach raibh brabús ag baint le haon cheann de na díolacháin intíre agus dá bhrí sin ní dhearnadh iad linn an ghnáthchúrsa trádála.

    (58)

    Ó tharla nach raibh aon díolachán den táirge comhchosúil le linn an ghnáthchúrsa trádála ar an margadh intíre, ríomh an Coimisiún an gnáthluach i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus (6) den bhun-Rialachán.

    (59)

    In Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán, sonraítear nuair nach ann d’aon díolachán intíre le linn an ghnáthchúrsa trádála, déanfar gnáthluach an táirge chomhchosúil a ríomh ar bhonn an chostais táirgthe sa tír thionscnamh agus beidh méid réasúnta le haghaidh costais díola, riaracháin agus ghinearálta (“costais SGA”) agus le haghaidh brabúis curtha leis. Luaitear go soiléir in Airteagal 2(6) den bhun-Rialachán go mbeidh an brabús bunaithe ar shonraí iarbhír a bhaineann le táirgeadh agus le díolachán an táirge chomhchosúil, le linn an ghnáthchúrsa trádála, ag an onnmhaireoir nó ag an táirgeoir faoi imscrúdú. Mar sin féin, ó tharla nach ndearna Hands aon díolachán an táirge chomhchosúil sa ghnáthchúrsa trádála, mar a mhínítear thuas, foráiltear le hAirteagal 2(6) den bhun-Rialachán maidir le trí mhodh mhalartacha:

    (a)

    meán ualaithe na méideanna iarbhír a chinntear d’onnmhaireoirí nó táirgeoirí eile faoi réir imscrúdú i leith táirgeadh agus díolacháin an táirge chomhchosúil i margadh intíre na tíre tionscnaimh;

    (b)

    na méideanna iarbhír is infheidhme maidir le táirgeadh agus díolacháin na dtáirgí den chatagóir ginearálta céanna, le linn an ghnáthchúrsa trádála, i gcás an onnmhaireora nó an táirgeora i dtrácht, ar mhargadh intíre na tíre tionscnaimh;

    (c)

    aon mhodh réasúnta eile, ar choinníoll nach mbeidh an méid don bhrabús a shuífear leis an modh sin níos mó ná an brabús a dhéanfaidh onnmhaireoirí nó táirgeoirí eile de ghnáth ar dhíolacháin táirgí den chatagóir ghinearálta céanna ar mhargadh intíre na tíre tionscnaimh.

    (60)

    Maidir le hAirteagal 2(6), pointe (a), ní raibh ach aon táirgeoir onnmhairiúcháin ARW amháin eile in Maracó, Dika. Dhíol Dika a ARW go léir i Maracó freisin le monaróirí a bhí lonnaithe i gcriosanna eacnamaíocha. Mar a mhínítear thuas in aithrisí (53) agus (54), níor measadh gur díolacháin intíre a bhí sna díolacháin sin. Sa bhreis air sin, an meán dá dtagraítear in Airteagal 2(6), pointe (a), ní mór gur meán ualaithe de ar a laghad dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin atá ann (15). Dá bhrí sin, níorbh fhéidir sonraí Dika a úsáid, fiú dá measfaí go raibh a dhíolacháin iontaofa. Da bhrí sin, níorbh fhéidir Airteagal 2(6), pointe (a), a chur i bhfeidhm.

    (61)

    Ceanglaítear le hAirteagal 2(6), pointe (b), táirgeadh agus díolacháin na dtáirgí den chatagóir ghinearálta chéanna, le linn an ghnáthchúrsa trádála, i gcás an onnmhaireora nó an táirgeora i dtrácht, ar an margadh intíre. Níor tháirg Hands ach ARW amháin áfach, agus ní dhearnadh aon cheann dá gcuid díolachán le linn na gnáthchúrsa trádála. Da bhrí sin, níorbh fhéidir Airteagal 2(6), pointe (b), a chur i bhfeidhm ach oiread.

    (62)

    Tagraíonn Airteagal 2(6), pointe (c), do “aon mhodh réasúnta eile” chun costais SGA agus brabús a shuí. In éagmais aon táirgeoir eile ARW i Maracó, mheas an Coimisiún go raibh sé réasúnta na costais SGA agus brabús arna suí le haghaidh táirgeoirí ARW sa Bhrasaíl a chur i bhfeidhm. Moladh an Bhrasaíl mar thír ionadaíoch iomchuí san iarraidh ar athbhreithniú a bhí mar bhonn leis an imscrúdú athbhreithniúcháin éaga maidir le ARW ón tSín atá ar siúl faoi láthair (16). Ba é 11,49 % na meánchostais SGA ualaithe a suíodh, agus ba é 4,89 % an meánbhrabús ualaithe

    (63)

    Le hAirteagal 2(6), pointe (c), tá sé d’oibleagáid freisin uasteorainn a chur leis an mbrabús a úsáidtear faoin modheolaíocht seo chun a áirithiú nach mó an brabús a úsáidtear ná an brabús a bhaineann onnmhaireoirí nó táirgeoirí eile amach de ghnáth ó dhíolacháin táirgí den chatagóir ghinearálta chéanna ar margadh intíre na tíre tionscnaimh. Ní raibh aon táirgeoirí ARW eile de chuid Mharacó seachas Dika agus Hands, nárbh fhéidir a mbrabús a úsáid toisc nach raibh aon díolachán acu ar mhargadh intíre Mharacó. Sa bhreis air sin, ní raibh aon faisnéis ar fáil don Choimisiún maidir leis an mbrabús a fhaigheann táirgeoirí nó onnmhaireoirí féideartha i mbun páirteanna alúmanaim gluaisteán nó aon táirge alúmanaim a bhaineann leis an tionscal gluaisteán i Maracó.

    (64)

    Mheas an Coimisiún go raibh ARW sa chatagóir ghinearálta chéanna agus táirgí alúmanaim eile amhail easbhrúnna alúmanaim nó próifílí alúmanaim. Úsáideann na táirgí den chineál sin an príomh-amhábhar céanna (alúmanam), a bhfuil an phríomhchuid de chostais táirgthe na dtáirgí sin i gceist leis. Sa bhreis air sin, is éard atá i gceist leis na próisis táirgthe éagsúla, an t-alúmanam a leá nó a théamh chun é a mhúnlú san fhoirm atá ag teastáil. Bhí 4,16 % i gceist leis an meánbhrabús ualaithe a bhain na seacht dtáirgeoir ó Mharacó a tháirgeann táirgí alúmanaim amach, táirgeoirí a raibh sonraí airgeadais le haghaidh 2020 ar fáil ina leith. Úsáideadh an céatadán sin mar uasteorainn don bhrabús le haghaidh tháirgeoirí ARW na Brasaíle.

    (65)

    Ríomhadh an gnáthluach ansin trí chostais SGA agus brabús na Brasaíle dá dtagraítear in aithris (62) a chur le costais táirgthe Hands, ach uasteorainn 4,16 % curtha leo.

    3.1.3.   An praghas onnmhairiúcháin

    (66)

    D’onnmhairigh an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch chuig an Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha, sin nó trí chuideachta ghaolmhar a bhí ag feidhmiú mar allmhaireoir.

    (67)

    Maidir le díolacháin a dhéantar go díreach le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas iarbhír a íocadh nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán.

    (68)

    I gcás na ndíolachán a onnmhairíodh chuig an Aontas trí chuideachta ghaolmhar bhí ag gníomhú mar allmhaireoir, is ar bhonn an phraghais ar ar athdhíoladh an táirge allmhairithe den chéad uair le custaiméirí neamhspleácha san Aontas a suíodh an praghas onnmhairiúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Sa chás sin, rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas maidir le gach costas a tabhaíodh idir allmhairiú agus athdhíol, lena n-áirítear costais SGA, agus brabúis a fabhraíodh. Bunaidh na brabúis ar na cinn a bhain allmhaireoirí neamhghaolmhara amach de ghnáth, ó tharla gur measadh nach iontaofa é brabús iarbhír an allmhaireora ghaolmhara mar gheall ar an gcaidreamh idir an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch agus an t-allmhaireoir gaolmhar. Ós rud é nár chomhoibrigh aon onnmhaireoir neamhghaolmhar leis an gCoimisiún san imscrúdú seo, d’úsáid an Coimisiún an brabús a suíodh san imscrúdú athbhreithniúcháin éaga is deireanaí a rinneadh maidir le ARW ón tSín (17).

    3.1.4.   Comparáid

    (69)

    Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus na praghsanna onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha.

    (70)

    I gcás ina raibh údar leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, choigeartaigh an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin de réir na ndifríochtaí a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den Bhunrialachán. Rinneadh coigeartuithe ar iompar, árachas, láimhseáil agus luchtú, speansais phacála, costais chreidmheasa, lacáistí agus liúntais eile.

    3.1.5.   Corrlach dumpála

    (71)

    Maidir leis an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe ar chineál comhfhreagrach an táirge lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán.

    (72)

    I gcás gach táirgeora onnmhairiúcháin eile sa tSín, shuigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Is ionann an leibhéal comhair agus cainníocht onnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas arna shloinneadh ina chion de mhéid iomlán na n-allmhairí ón tír lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, a suíodh ar bhonn bhunachar sonraí Eurostat Comext.

    (73)

    Mar a mhínítear i Roinn 3.1.1 thuas, ní raibh ach aon táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch de chuid Mharacó ann. Ós rud é gur lú 50 % d’allmhairí iomlán ARW an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin onnmhairí ARW na cuideachta sin, measadh o raibh leibhéal an chomhair íseal sa chás seo. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún go raibh sé iomchuí an corrlach dumpála iarmharach a shuí ar leibhéal an chorrlaigh dumpála is airde a fuarthas le haghaidh cineálacha táirgí arna ndíol i gcainníochtaí ionadaíocha ag an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch. Díolacháin onnmhairiúcháin na gcineálacha táirgí sin, bhí thart ar 50 % de mhéid iomlán na n-allmhairí a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch leis an Aontais i gceist leo.

    (74)

    Is mar seo a leanas atá na corrlaigh shealadacha dumpála, arna sloinneadh mar chéatadán den phraghas CAL ag teorainn an Aontais, an dleacht neamhíoctha:

    Cuideachta

    Corrlach dumpála sealadach

    HANDS 8 S.A.

    8,0  %

    Gach cuideachta eile

    16,5  %

    4.   DÍOBHÁIL

    4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

    (75)

    Rinne thart ar 30 táirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Is iad “tionscal an Aontais” iad de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

    (76)

    Measadh go raibh thart ar 64,3 milliún ítim i gceist le táirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir leis an tionscal de chuid an Aontais, amhail an freagra ar an gceistneoir maicreacnamaíoch a sholáthair an gearánach. Mar a léirítear in aithris (30), is éard a bhí i gceist leis na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, 20 % de chainníocht táirgeachta iomlán tháirgeoirí aitheanta an Aontais a dhéanann an táirge comhchosúil.

    4.2.   Tomhaltas an Aontais

    (77)

    Rinneadh tomhaltas an Aontais a fhorbairt mar seo a leanas:

    Tábla 1

    Tomhaltas an Aontais (ítimí)

     

    2018

    2019

    2020

    Tréimhse an imscrúdaithe

    Tomhaltas iomlán (de réir 000 ítim)

    77 873

    73 797

    59 530

    64 311

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    95

    76

    83

    Foinse: Bunachar sonraí Eurostat Comext, EUWA agus na freagraí fíoraithe ar an gceistneoir

    (78)

    Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn dhíolacháin iomlán thionscal an Aontais san Aontas, móide allmhairí ó thríú tíortha isteach san Aontas. Fuarthas díolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais ón ngearán, agus rinneadh iad a choigeartú ar bhonn na sonraí a soláthraíodh sna freagraí ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin. I gcás allmhairí, bhraith an Coimisiún ar bhunachar sonraí Eurostat Comext. Mar sin féin, ó tharla nach soláthraíonn bunachar Sonraí Eurostat Comext ach meáchan na n-allmhairí seachas líon na n-ítimí ARW a allmhairíodh, ba ghá an meáchan a thiontú ina n-ítimí. Sa ghearán, bhain an gearánach feidhm as an gcóimheas comhshó a úsáideadh sa imscrúdú deireanach ar an táirge céanna (18) (i.e. 10,9 kg in aghaidh na hítime). Fíoraíodh bailíocht an chóimheasa comhshó sin ar bhonn na bhfreagraí a thug táirgeoirí Mharacó agus táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar an gceistneoir. Léirigh an t-imscrúdú gur 11,3 kg atá sa mheánmheáchan ualaithe in aghaidh na hítime is infheidhme faoi láthair toisc go bhfuil treocht an mhargaidh ag dul i dtreo trastomhas rotha níos mó, rud a fhágann go bhfuil méadú ar an meáchan in aghaidh an rotha. Dá bhrí sin, úsáideadh an cóimheas sin nuair a bhí tomhaltas an Aontais in aghaidh na hítime á shuí.

    (79)

    Mar a mhínítear in aithris (16) thuas, tá margadh an Aontais roinnte go míchothrom idir dhá chainéal dáileacháin, i.e. OEM agus AM. Baineann formhór na ndíolachán le cainéal OEM a bhfuil 90 % den sciar den mhargadh aige. Dá bhrí sin, an cainéal AM a bhfuil thart ar 10 % de na díolacháin aige, níl tionchar mór aige ar an measúnú foriomlán ar mhargadh an Aontais. Tá a thionchar teoranta thairis sin toisc go raibh táirgeoirí Mharacó ag díol trí chainéal OEM amháin, rud ab amhlaidh freisin i gcás na dtrí thairgeoir shampláilte de chuid an Aontais. Dhíol na táirgeoirí sin beagnach go heisiach trí chainéal OEM (thart ar 99,6 % dá gcuid díolachán). Dá thoradh sin, ní raibh aon tionchar aige sin ar anailís ar chomparáid praghsanna sa chás i dtrácht, rud a dhéantar ar leibhéal maicreacnamaíoch ar bhonn na sonraí a sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Dá réir sin, chinn an Coimisiún go sealadach gan an tomhaltas a roinnt idir an dhá chainéal díolacháin chun críoch an imscrúdaithe seo.

    (80)

    Tháinig laghdú 5 % ar thomhaltas aon Aontais idir 2018 agus 2019 agus tháinig laghdú 19 % air idir 2019 agus 2020. In 2020, bhí laghdú 4,2 milliún feithicil i gceist le táirgeacht an tionscail gluaisteán i ngeall ar phaindéim COVID-19, agus dá bhrí sin bhí tionchar díreach ar sholáthróirí réamhtheachtach toisc go raibh laghdú 14 mhilliún ar dhíolacháin ARW in 2020 i gcomparáid le 2019. Ba mhór an t-ísliú sa táirgeacht sa dara ráithe de 2020, ach théarnaigh an margadh sna míonna ina dhiaidh sin. D’aisghabháil an margadh 5 mhilliún roth ó 59 in 2020 go dtí 64 mhilliún le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Níor shroich an tomhaltas leibhéal 2019 áfach mar gheall ar an nganntanas leathsheoltóirí a úsáideann déantóirí gluaisteán.

    4.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

    4.3.1.   Cainníocht agus sciar den mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

    (81)

    Shuigh an Coimisiún cainníocht na n-allmhairí ar bhonn bhunachar sonraí Eurostat Comext. Suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ar bhonn an sciar de thomhaltas iomlán an Aontais a léirigh na hallmhairí sin.

    (82)

    Seo a leanas mar a bhí forbairt na n-allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann:

    Tábla 2

    Cainníocht na n-allmhairí (ítimí) agus an sciar den mhargadh

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    Cainníocht na n-allmhairí ó Mharacó (de réir 000 ítim)

    0

    15,7

    1 038

    2 516

    Innéacs (2019 = 100)

    -

    100

    6 611

    16 025

    An sciar den mhargadh (%)

    -

    0,0

    1,7

    3,9

    Innéacs (2019 = 100)

    -

    100

    8 196

    18 389

    Foinse: Bunachar sonraí Eurostat Comext

    (83)

    Cé gur onnmhairigh Maracó cúpla míle ítim in 2019, cuireadh dlús leis na honnmhairí in 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ó 1 mhilliún go dtí 2,5 milliún ítim. Cuireadh in iúl sa Rialachán maidir gur sna míonna tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin, bhí an fás fós ag an ráta céanna agus a bhí sa tréimhse imscrúdúcháin. Mar a mhínítear in aithris (79) thuas, bhain na díolacháin sin le cainéal díolachán OEM amháin.

    4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann: sladghearradh praghais agus srianadh praghsanna

    (84)

    Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn bhunachar sonraí Eurostat Comext. Bunaíodh gearradh praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha agus ó tháirgeoirí comhoibríocha an Aontais.

    (85)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas na n-allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann:

    Tábla 3

    Meánphraghsanna onnmhairiúcháin ó Mharacó

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    De réir EUR/ítim

    -

    39,2

    42,6

    44,7

    Innéacs (2019 = 100)

    -

    100

    109

    114

    Foinse: Bunachar Sonraí Eurostat Comext

    (86)

    Tháinig méadú thart ar EUR 2 ar an meánphraghas allmhairiúcháin in aghaidh na hítime ó Mharacó idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Mar sin féin, tá cuid den phraghas díola innéacsaithe leis an bpraghas alúmanaim ar Mhalartán Miotail Londan (“LME”) ar tháinig méadú suntasach air, is é sin 25 %, le linn na tréimhse sin.

    (87)

    Rinne an Coimisiún amach an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdaithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid:

    (88)

    na meánphraghsanna díolachán ualaithe in aghaidh chineál táirge na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, praghsanna a gearradh go díreach ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú de réir an leibhéil díreach ón monarcha; agus

    (89)

    meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha in aghaidh chineál táirge na n-allmhairí ó Hands amháin chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna suí ar bhonn costais, árachais agus last-táille (CAL), mar aon le coigeartuithe iomchuí de bharr dleachtanna custaim agus chostais iar-allmhairiúcháin.

    (90)

    Rinneadh an chomparáid praghsanna ar bhonn cineál ar chineál maidir le hidirbhearta ar an leibhéal trádála céanna, arna gcoigeartú go cuí i gcás inar gá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léirigh sé go raibh meánchorrlach sladghearrtha ualaigh 26,9 % ag na hallmhairí ar mhargadh an Aontais.

    (91)

    Sa bhreis air sin, shuigh an Coimisiún go raibh ann do shochtadh praghsanna. Go deimhin, mar a léirítear i dTábla 7, bhí tionscal an Aontais ag díol de réir costais táirgthe in 2020 agus faoi bhun costais táirgthe sa tréimhse imscrúdúcháin. Sin na blianta a tháinig na hallmhairí dumpáilte go mór ar an bhfód agus nuair a chaill tionscal an Aontais cuid dá sciar den mhargadh. Ar an gcaoi sin, ní raibh tionscal an Aontais in ann a bpraghsanna díola a mhéadú mar gheall ar praghsanna allmhairiúcháin ísle na n-allmhairí dumpáilte, rud a d’fhág go raibh caillteanais acu le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

    4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

    4.4.1.   Barúlacha ginearálta

    (92)

    I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, chuimsigh an scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (93)

    Mar a luaitear in aithris (30), baineadh úsáid as sampláil chun a dheimhniú ar bhain aon díobháil do thionscal an Aontais.

    (94)

    Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún measúnú ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sa fhreagra ar an gceistneoir maicreacnamaíoch. Na sonraí a bhaineann leis na táirgeoirí uile de chuid an Aontais. Rinne an Coimisiún measúnú ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar an gceistneoir. Bhain na sonraí leis na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Suíodh go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

    (95)

    Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, cainníocht na ndíolachán, an sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh tar éis dumpáil a tharla cheana.

    (96)

    Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna na n-ítimí, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a thiomsú.

    4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

    4.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

    (97)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 4

    Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    Cainníocht táirgeachta (de réir 000 ítim)

    59 182

    57 097

    44 718

    48 752

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    96

    76

    82

    Acmhainneacht táirgeachta (de réir 000 ítim)

    62 614

    62 475

    61 619

    61 294

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    100

    98

    98

    Úsáid acmhainneachta (%)

    95

    91

    73

    80

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    97

    77

    84

    Foinse: EUWA agus táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

    (98)

    Ar an iomlán, tháinig laghdú ar chainníocht táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú beag 4 % uirthi le linn 2018 agus 2019. Le paindéim COVID-19, tháinig laghdú 12,3 milliún ítim uirthi in 2020 agus théarnaigh sí faoi 4 mhilliún ítim sa tréimhse imscrúdúcháin.

    (99)

    Cé gur tháinig laghdú 2 % ar acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais, lean an acmhainneacht úsáidte an treocht dhiúltach chéanna a bhí ag an táirgeacht agus ba é 15 % an laghdú a tháinig air le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    4.4.2.2.   Cainníocht na ndíolachán agus an sciar den mhargadh

    (100)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar chainníocht díolachán thionscal an Aontais agus ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 5

    Cainníocht na ndíolachán agus an sciar den mhargadh

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    Cainníocht na ndíolachán ar mhargadh an Aontais (de réir 000 ítim)

    57 501

    55 502

    43 110

    45 391

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    97

    75

    79

    An sciar den mhargadh (%)

    73,8

    75,2

    72,4

    70,6

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    102

    98

    96

    Foinse: EUWA agus táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

    (101)

    Tháinig laghdú 21 % ar chainníocht dhíolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 3 % uirthi idir 2018 agus 2019 agus tháinig ísliú 12 mhilliún ítim uirthi in 2020. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, théarnaigh na díolacháin faoi 2,2 milliún ítim.

    (102)

    Tháinig méadú beag ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais idir 2018-2019, tháinig laghdú air in 2020, agus laghdaigh sé fós sa tréimhse imscrúdúcháin.

    4.4.2.3.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

    (103)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 6

    Fostaíocht agus táirgiúlacht

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    Líon na bhfostaithe

    17 816

    17 866

    16 963

    16 790

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    100

    95

    94

    Táirgiúlacht (ítim/fostaí)

    3 322

    3 196

    2 636

    2 904

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    96

    79

    87

    Foinse: EUWA agus táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

    (104)

    Cé gur tháinig méadú 6 % ar an líon fostaithe le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 13 % ar tháirgiúlacht. Is é an laghdú ar chainníocht na táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú is cúis leis an meath ar tháirgiúlacht den chuid is mó. Léiríonn an meath ar tháirgiúlacht go bhfuil costais saothair in aghaidh na hítime ARW a tháirgtear ag dul i méid.

    4.4.2.4.   Fás

    (105)

    Mar a mhínítear i Ranna 4.4.2.1 go 4.4.2.3 a luaitear thuas, tháinig laghdú 18 % agus 16 % faoi seach ar chainníocht na táirgeachta agus ar úsáid acmhainneachta ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, as ar eascair costais sheasta níos airde in aghaidh an aonaid táirgthe agus táirgiúlacht níos ísle. Tháinig méadú 1,7 €/ítim (+ 3,4 %) ar chostais iomlána an tionscail le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, tháinig laghdú 3,3 €/ítim (– 6,1 %) ar meánphraghas díola an Aontais.

    (106)

    Thairis sin, tháinig laghdú 21 % ar an gcainníocht díolachán ar mhargadh an Aontais agus laghdú 5 % ar an sciar den mhargadh idir 2018 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Ar an gcaoi sin, tháinig meath ar fheidhmíocht airgeadais thionscal an Aontais. Mar a mhínítear i Roinn 4.4.3.1 thíos, bhí costas níos airde táirgthe i ndán dó agus ní raibh sé in ann a phraghsanna díolachán a choigeartú dá réir.

    (107)

    Dá bhrí sin, tá peirspictíochtaí fáis thionscal an Aontais i mbaol.

    4.4.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla cheana

    (108)

    Bhí gach corrlach dumpála i bhfad níos airde ná an leibhéal de minimis. Ba shubstaintiúil an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar an tionscal de chuid an Aontais, i bhfianaise chainníocht agus phraghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann.

    (109)

    Tá ARW faoi réir bearta frithdhumpála in aghaidh na Síne a forchuireadh in 2010 (19). San athbhreithniú éaga deireanach (20), ba é conclúid an Choimisiún nach raibh díobháil ábhartha á déanamh do thionscal an Aontais a thuilleadh agus ar an gcaoi sin gur théarnaigh sé ón dumpáil a rinneadh roimhe sin. Deimhnítear é sin in 2018 agus 2019 nuair a tháinig feabhas suntasach ar staid airgeadais thionscal an Aontais, sin sular thosaigh na hallmhairí ó Mharacó ag teacht agus sular tháinig méadú suntasach orthu ina dhiaidh sin,

    (110)

    Dá réir sin, dheimhnigh an Coimisiún gur théarnaigh tionscal an Aontais ón dumpáil a rinneadh roimhe sin mar gheall ar allmhairí ón tSín sular tháinig na hallmhairí dumpáilte ó Mharacó isteach i margadh an Aontais.

    4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

    4.4.3.1.   Praghsanna agus tosca a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

    (111)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar na meánphraghsanna díola ualaithe in aghaidh na hítime ag na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 7

    Praghsanna díola san Aontas

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    Meánphraghas díola in aghaidh na hítime i margadh an Aontais (EUR/ítim)

    53,9

    52,3

    49,3

    50,6

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    97

    92

    94

    Costas táirgthe in aghaidh na hítime (EUR/ítim)

    49,9

    48,2

    49,3

    51,6

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    97

    99

    104

    Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

    (112)

    Tháinig laghdú 6 % ar meánphraghsanna díola thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú cé gur tháinig méadú 4 % ar an meánchostas táirgthe idir 2018 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Ní raibh tionscal an Aontais in ann praghsanna díola a mhéadú chun costas méadaithe an táirgthe a chumhdach.

    (113)

    Díolacháin an táirge chomhchosúil a rinne tionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais, bhí siad bunaithe ar conarthaí ilbhliantúla le custaiméirí na monaróirí gluaisteán a shocraigh na cainníochtaí agus na praghsanna. Eagraíonn na monaróirí gluaisteán dianiomaíocht idir na soláthróirí trí bhíthin tairiscintí, agus roghnaíonn siad an dá sholáthróir a tháirgeann na coinníollacha is fearr tar éis roinnt babhtaí iomaíochta ar lena linn nach mór do tháirgeoirí an Aontais iad féin a ailíniú le táirgeoirí Mharacó, i measc táirgeoirí eile, a thairgeann praghsanna ísle. Dá thoradh sin, ní raibh tionscal an Aontais in ann an méadú ar chostais táirgthe a chur ar aghaidh. Cé go bhfuil corrlach íosta ag tionscal an Aontais chun praghsanna díolacháin a mhéadú i gcomhthéacs praghsanna amhábhar a mhéadú le linn chur i bhfeidhm an chonartha bhliantúil, ba cheart, i bprionsabal, a bheith in ann a phraghsanna díolacháin a mhéadú nuair a dhéanann sé na conarthaí a chaibidliú don bhliain dar gcionn. Mar sin féin, níor éirigh le tionscal an Aontais é sin a dhéanamh le linn na tréimhse a measadh de bharr brú praghsanna ó allmhairí. Mar thoradh air sin, tháinig laghdú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, mar a mhínítear i Roinn 4.4.3.4 thíos.

    4.4.3.2.   Costais saothair

    (114)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 8

    Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

    35 216

    35 700

    33 084

    35 951

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    101

    94

    102

    Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

    (115)

    Tháinig méadú beag 2 % ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí de chuid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú beag air in 2019 agus tháinig laghdú 6 % air in 2020, go príomha mar gheall ar an múchadh táirgeachta i ngeall ar phaindéim COVID-19.

    4.4.3.3.   Fardail

    (116)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 9

    Fardail

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    Stoic dheiridh (de réir 000 ítim)

    556

    439

    492

    776

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    79

    88

    140

    Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht (%)

    0,9

    0,8

    1,1

    1,6

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    89

    122

    177

    Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

    (117)

    Tháinig méadú is mó ná 40 % ar fhardail le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 21 % orthu in 2019, laghdú 12 % in 2020 agus théarnaigh siad faoi + 57 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Mar a mhínítear in aithris (113), tá creatchonarthaí bliantúla idir táirgeoirí agus custaiméirí lena socraítear na cainníochtaí agus na praghsanna ina saintréithe ag tionscal ARW san Aontas. Cuirtear na creatchonarthaí i bhfeidhm trí orduithe ceannaigh de réir riachtanais an chustaiméara. Mar thoradh air sin, is féidir le tionscal an Aontais a tháirgeadh agus a fhardail a phleanáil. Dá bhrí sin, ní príomhtháscaire iad fardail chun feidhmíocht thionscal an Aontais a mheasúnú.

    4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a thiomsú

    (118)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar bhrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar thoradh ar infheistíochtaí na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 10

    Brabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

    7,5

    8,2

    0,4

    –1,6

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    109

    5

    –21

    Sreabhadh airgid (de réir 000 EUR)

    81 153

    82 495

    31 805

    22 956

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    102

    39

    28

    Infheistíochtaí (de réir 000 EUR)

    37 788

    30 757

    19 848

    21 845

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    81

    53

    58

    Toradh ar infheistíochtaí

    12,0

    9,1

    0,3

    –0,5

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    76

    3

    –4

    Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

    (119)

    Shuigh an Coimisiún brabúsacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais trí ghlanbhrabús réamhchánach ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

    (120)

    Tháinig méadú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais idir 2018 agus 2019 ó 7,5 % go dtí 8,2 % ach ansin tháinig laghdú géar air idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin nuair a tuairiscíodh caillteanais (– 1,6 %). Ní raibh tionscal an Aontais in ann praghsanna díola a mhéadú chun costas méadaithe an táirgthe a chumhdach, agus dá bhrí sin bhí caillteanais aige.

    (121)

    Is ionann an glansreabhadh airgid agus an cumas atá ag táirgeoirí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tháinig laghdú anuas ar threocht an ghlansreafa airgid agus tháinig laghdú mór 72 % uirthi le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, bhí deacrachtaí ag tionscal an Aontais a chuid gníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú, ar léiriú breise é ar a staid airgeadais atá imithe in olcas.

    (122)

    Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Lean sé treocht dhiúltach cosúil le brabúsacht agus sreabhadh airgid glan. Laghdaigh an toradh ar infheistíocht go suntasach idir 2018 agus an tréimhse imscrúdúcháin, agus bhí sé diúltach sa tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, ní raibh tionscal an Aontais in ann dóthain brabúis a ghiniúint chun a chuid infheistíochtaí a chumhdach. Go deimhin, choinnigh tionscal an Aontais a infheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, mar gheall den chuid is mó ar an ngá ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh agus ní raibh sé in ann toradh a fháil ar na hinfheistíochtaí sin. Léirigh forbairt dhiúltach an toraidh ar infheistíocht le linn na tréimhse a measadh tuilleadh gur chuaigh staid airgeadais fhoriomlán thionscal an Aontais in olcas ar bhealach suntasach.

    (123)

    Bhí tionchar ag an staid airgeadais meathlaithe ar chumas tháirgeoirí an Aontais caipiteal a thiomsú. Léirigh an laghdú suntasach ar bhrabúsacht agus ar ghlansreabhadh an airgid thirim go bhfuil ábhair mhóra imní ann a mhéid a bhaineann le staid leachtachta thionscal an Aontais agus maidir lena chumas caipiteal a thiomsú chun a ghníomhaíocht oibriúcháin agus infheistíochtaí riachtanacha a mhaoiniú.

    4.4.4.   Conclúid faoi dhíobháil

    (124)

    Tháinig meath ginearálta ar tháscairí eacnamaíocha ar an macraileibhéal agus ar an micrileibhéal araon le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (125)

    Cé gur fhan acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais cobhsaí, tháinig laghdú 16 % ar úsáid acmhainneachta idir 2018 agus an tréimhse imscrúdúcháin, rud a d’fhág gur airde an costas seasta in aghaidh an tona ARW. De réir na treochta céanna, meastar gur bhfuil meath ar chainníocht díola agus sciar den mhargadh de chuid thionscal an Aontais sa tréimhse faoi bhreathnú.

    (126)

    Chuaigh staid airgeadais thionscal an Aontais in olcas go príomha mar gheall ar chostas méadaithe an táirgthe, rud nach bhféadfaí a chumhdach le méadú comhfhreagrach ar a bpraghsanna díola.

    (127)

    Tháinig laghdú 6 % ar meánphraghsanna díola thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, cé gur tháinig méadú 9 % ar an meánchostas táirgthe sa tréimhse chéanna. D’fhág an brú praghsanna ó na hallmhairí dumpáilte ar phraghsanna ísle go raibh caillteanais ann ó 2020 i leith, agus bhí sé níos measa le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Cé gur tháinig laghdú 42 % ar ghlaninfheistíochtaí, bhí toradh diúltach ar infheistíochtaí ann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí treocht an tsreafa airgid diúltach freisin, rud a chuir isteach ar chumas thionscal an Aontais a chuid oibríochtaí féin a fhéinmhaoiniú. Tháinig laghdú 6 % ar an líon fostaithe le linn na tréimhse céanna; tháinig laghdú 13 % ar an táirgiúlacht, áfach, rud a d’fhág gur airde an costas saothair in aghaidh an tona ARW.

    (128)

    Mar a leagtar amach thuas, tháinig meath suntasach ar tháscairí eacnamaíocha amhail brabúsacht, sreabhadh airgid agus toradh ar infheistíocht le linn na tréimhse atá san áireamh. D’imir sé sin tionchar diúltach ar chumas thionscal an Aontais oibríochtaí féinmhaoinithe a dhéanamh, na hinfheistíochtaí riachtanacha a dhéanamh agus caipiteal a thiomsú, rud a chuir bac ar an bhfás agus fiú bagairt ar a mharthanas.

    (129)

    Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

    5.   CÚISÍOCHT

    (130)

    I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an staid lena fháil amach an ndearnadh díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an cheist arbh fhéidir go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais de dheasca fachtóirí aitheanta eile san am céanna. D’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh aon díobháil fhéideartha, arbh fhachtóirí eile ba chúis léi seachas na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann, i leith na n-allmhairí dumpáilte. Seo a leanas na fachtóirí sin: allmhairí ó thríú tíortha eile, paindéim COVID-19, éabhlóid chostas an táirgthe, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais agus éifeacht na gconarthaí ilbhliantúla.

    5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

    5.1.1.   Cainníocht agus sciar den mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

    (131)

    Scrúdaigh an Coimisiún éabhlóid chainníocht na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus a dtionchar ar thionscal an Aontais mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(2) den bhun-Rialachán.

    (132)

    Lean cainníochtaí na n-allmhairí ón tír lena mbaineann de bheith ag méadú le linn na tréimhse faoi bhreathnú, cainníochtaí ó 16 376 ítim in 2019 go dtí 1 mhilliún ítim in 2020 agus 2,5 milliún ítim sa tréimhse imscrúdúcháin. Lean an méadú suntasach sin le linn phaindéim COVID-19 fiú.

    (133)

    Tháinig méadú ó 0,0 % in 2018 go 3,9 % sa tréimhse imscrúdúcháin ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ó Mharacó. Dá bhrí sin, tá méadú suntasach tagtha ar allmhairí dumpáilte de réir bhrí Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán.

    5.1.2.   Praghas na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus éifeachtaí praghais

    (134)

    Tháinig méadú 14 % ar meánphraghas allmhairiúcháin na n-allmhairí ó Mharacó idir 2019 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach bhfuil sa mhéid sin ach léiriú páirteach ar mhéadú ar phraghas alúmanaim LME thar an tréimhse chéanna, arb é príomh-amhábhar ARW é. Mar a mhínítear in aithris (90), ba é 8,0 % an méid a ghearr na hallmhairí ó Mharacó faoi phraghsanna thionscal an Aontais. In aon chás, bhrúigh na cainníochtaí móra na n-allmhairí ar phraghsanna ísle praghsanna thionscal an Aontais freisin, toisc go raibh orthu a bpraghsanna a ísliú chun go mbeidís fós iomaíoch, mar a mhínítear in (113), go dtí an pointe nár chumhdaigh na praghsanna na costais táirgthe a thuilleadh.

    5.1.3.   Nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ó Mharacó agus an díobháil ábhartha a rinneadh do thionscal an Aontais

    (135)

    Bhí tionchar diúltach ar staid airgeadais thionscal an Aontais ag cainníochtaí méadaithe na n-allmhairí ó Mharacó mar aon lena meánphraghsanna díola ísle. Thairis sin, brúdh anuas na praghsanna margaidh foriomlána mar gheall ar rannpháirtíochta tháirgeoirí Mharacó sna tairiscintí a d’eagraigh na monaróirí gluaisteán. Ní raibh tionscal an Aontais in ann a bpraghsanna díolacháin a mhéadú d’fhonn costas méadaitheach na n-amhábhar a chur ar aghaidh chuig custaiméirí toisc go raibh iomaíocht éagórach ó allmhairí an táirge lena mbaineann os a chomhair. Ba é straitéis thionscal an Aontais cainníochta táirgeachta agus an sciar an mhargaidh a choinneáil chun na costais sheasta arda a chumhdach chun dochair dá bhrabúsacht. Dá bhrí sin, chuir na hallmhairí ar phraghas íseal ó Mharacó cosc ar mhéaduithe praghsanna i dtionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán agus dá bhrí sin ba chúis le srianadh praghsanna.

    (136)

    I bhfianaise na mbreithnithe thuas, shuigh an Coimisiún go sealadach go raibh na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann ina gcúis leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais, de réir bhrí Airteagal 3(6) den bhun-Rialachán.

    5.2.   Tionchair fachtóirí eile

    5.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

    (137)

    Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar chainníocht na n-allmhairí ó thríú tíortha eile le linn a tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 11

    Allmhairí ó thríú tíortha

    Tír

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    An Tuirc

    Cainníocht (de réir 000 ítim)

    7 983

    7 632

    7 010

    8 364

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    96

    88

    105

     

    An sciar den mhargadh (%)

    10,3

    10,3

    11,8

    13,0

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    101

    115

    126

     

    Meánphraghas (EUR/ítim)

    53,6

    51,9

    49,7

    51,1

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    97

    93

    95

    An tSín

    Cainníocht (de réir 000 ítim)

    3 734

    3 493

    2 230

    2 205

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    94

    60

    59

     

    An sciar den mhargadh (%)

    4,8

    4,7

    3,7

    3,4

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    98

    77

    71

     

    Meánphraghas (EUR/ítim)

    50,1

    50,3

    49,3

    53,9

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    100

    98

    108

    An Téalainn

    Cainníocht (de réir 000 ítim)

    2 228

    1 911

    1 527

    1 487

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    86

    69

    67

     

    An sciar den mhargadh (%)

    2,9

    2,6

    2,6

    2,3

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    90

    90

    79

     

    Meánphraghas (EUR/ítim)

    52,3

    50,8

    49,0

    50,3

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    97

    94

    96

    An Chóiré Theas

    Cainníocht (de réir 000 ítim)

    1 813

    1 577

    1 460

    1 065

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    87

    81

    59

     

    An sciar den mhargadh (%)

    2,3

    2,1

    2,5

    1,7

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    91

    109

    74

     

    Meánphraghas (EUR/ítim)

    52,2

    52,9

    50,9

    53,5

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    101

    97

    102

    Tríú tíortha eile

    Cainníocht (de réir 000 ítim)

    4 612

    3 663

    3 151

    3 279

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    79

    68

    71

     

    An sciar den mhargadh (%)

    5,9

    5,0

    5,3

    5,1

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    85

    90

    86

     

    Meánphraghas (EUR/ítim)

    69,1

    74,9

    71,1

    75,9

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    108

    103

    110

    Iomlán na dtríú tíortha seachas Meicsiceo

    Cainníocht (de réir 000 ítim)

    20 372

    18 278

    15 380

    16 402

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    90

    75

    81

     

    An sciar den mhargadh (%)

    26,2

    24,8

    25,8

    25,5

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    95

    98

    97

     

    Meánphraghas (EUR/ítim)

    56,2

    56,1

    54,1

    56,5

     

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    100

    96

    101

    Foinse: Bunachar sonraí Eurostat Comext

    (138)

    26,2 % a bhí sa sciar den mhargadh a bhí ag cainníochtaí allmhairiúcháin ó thríú tíortha in 2018 agus 25,5 % a bhí ann sa tréimhse imscrúdúcháin. Tháinig laghdú 19 % ar chainníocht na n-allmhairí sin le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus lean a sciar den mhargadh an treocht chéanna go páirteach agus 3 % an laghdú a bhí air. Tháinig méadú 1 % ar mheánphraghas allmhairiúcháin na n-allmhairí sin agus bhí sé ní b’airde i gcomparáid le meánphraghas thionscal an Aontais (+ 12 %) agus i bhfad ní b’airde i gcomparáid leis an meánphraghas allmhairiúcháin ón tír lena mbaineann (+ 26 %). Ba é an Tuirc an t-aon tír amháin a mhéadaigh a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, is é sin ó 10,3 % go dtí 13,0 %. Mar sin féin, bhí meánphraghsanna na Tuirce beagán níos airde i gcomparáid le praghsanna thionscal an Aontais (+ 1,0 %) agus i bhfad níos airde i gcomparáid le praghsanna allmhairiúcháin ón tír lena mbaineann (+ 14 %).

    (139)

    Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach nár chuir allmhairí ó thríú tíortha eile leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

    5.2.2.   Paindéim COVID-19

    (140)

    In 2020, bhí laghdú 4,2 milliún feithicil i gceist le táirgeacht an tionscail gluaisteán i ngeall ar phaindéim COVID-19, agus dá bhrí sin bhí tionchar díreach ar sholáthróirí réamhtheachtach. Dá réir sin, bhí laghdú 14 mhilliún ar dhíolacháin ARW in 2020 i gcomparáid le 2019. Ba mhór an t-ísliú sa táirgeacht sa dara ráithe de 2020, ach théarnaigh an margadh sna míonna ina dhiaidh sin. D’aisghabháil an margadh 5 mhilliún roth ó 60 in 2020 go dtí 65 mhilliún le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Níor shroich an tomhaltas leibhéal 2019 áfach mar gheall ar an nganntanas leathsheoltóirí a úsáideann déantóirí gluaisteán. Ní chun tairbhe do thionscal an Aontais a chuaigh an méadú ar éileamh sa tréimhse imscrúdúcháin, ach d’allmhairí Mharacó go príomha (2,6 milliún allmhairí sa tréimhse imscrúdúcháin agus 4 % den sciar den mhargadh). I dteannta forghabháil ar chainníochtaí díola, chuir allmhairí ó Mharacó brú anuas ar phraghsanna agus chuir siad cosc ar tháirgeoirí de chuid an Aontais an méadú a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí, rud a d’fhág go raibh láimhdeachas i bhfad níos lú ann agus níos mó caillteanas fós i gcomparáid le 2020.

    (141)

    I ndáil leis sin, go deimhin, bhí tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar thionscal an Aontais, go háirithe in 2020 nuair a bhí ar láithreáin táirgthe thionscal an Aontais dúnadh ar bhonn sealadach. Mar sin féin, nuair a théarnaigh an margadh tar éis COVID, níor thairbhigh tionscal an Aontais de de bharr na n-allmhairí méadaithe ón tír lena mbaineann ar phraghsanna dumpáilte.

    (142)

    Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach nár laghdaigh paindéim COVID-19 an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais.

    5.2.3.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais

    (143)

    Seo a leanas mar a forbraíodh chainníocht na n-onnmhairí ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 12

    Feidhmíocht onnmhairiúcháin tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

     

    2018

    2019

    2020

    An tréimhse imscrúdúcháin

    Cainníocht onnmhairiúcháin (de réir 000 ítim)

    3 454

    2 892

    2 138

    2 719

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    84

    62

    79

    Meánphraghas (EUR/ítim)

    67,3

    68,7

    60,6

    66,5

    Innéacs (2018 = 100)

    100

    102

    90

    99

    Foinse: EUWA i gcás chainníocht na n-allmhairí agus na freagraí fíoraithe ar an gceistneoir i gcás an mheánphraghais

    (144)

    Bhí 5,6 % den mhéid iomlán táirgeachta a bhí ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gceist le díolacháin onnmhairiúcháin le custaiméirí neamhghaolmhar. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, luainigh cainníochtaí na n-allmhairí — tháinig laghdú 38 % orthu i dtús idir 2018 agus 2020 agus mhéadaigh siad ansin le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an iomlán, tháinig laghdú 21 % ar dhíolacháin onnmhairiúcháin le linn na tréimhse sin. Bhí an praghas onnmhairiúcháin in aghaidh na hítime i bhfad ní b’airde i gcomparáid le praghsanna an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (145)

    Sa tréimhse imscrúdúcháin, dhíol tionscal an Aontais níos mó ná 95 % dá tháirgeacht ar mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, cé go bhféadfadh an meath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin a bheith ina chúis leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach, i bhfianaise an sciar ard de dhíolacháin an Aontais i gcomparáid le díolacháin onnmhairiúcháin, níor mhaolaigh an éabhlóid sin an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

    5.2.4.   Éifeacht na gconarthaí ilbhliantúla agus éabhlóid an chostais táirgthe

    (146)

    Díolacháin an táirge chomhchosúil a rinne tionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais, bhí siad bunaithe ar conarthaí ilbhliantúla le custaiméirí na monaróirí gluaisteán a shocraíonn na praghsanna fad a bheidh cineál áirithe gluaisteáin á tháirgeadh. Tá corrlach íosta ag tionscal an Aontais chun praghsanna díolacháin a mhéadú i gcomhthéacs praghsanna amhábhar a mhéadú le linn chur i bhfeidhm an chonartha bhliantúil. I bprionsabal, ba cheart do thionscal an Aontais a bheith in ann a phraghsanna díola a mhéadú áfach nuair a dhéanann sé na conarthaí a chaibidliú don bhliain dar gcionn. Mar a mhínítear i Roinn 4.4.3.1 thuas, cé gur tháinig méadú 9 % ar mheánchostas táirgthe thionscal an Aontais idir 2018 agus an tréimhse imscrúdúcháin, d’fhan meánphraghas díola thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais cobhsaí.

    (147)

    Mar a léirítear i dTábla 7 thuas, in ainneoin na gconarthaí bliantúla, níor dheacair do thionscal an Aontais díol ar phraghsanna a chumhdaigh a chostas táirgthe in 2018 agus 2019 nuair nárbh ann do na hallmhairí ó Mharacó. Mar sin féin, nuair a thosaigh na hallmhairí ag teacht isteach in 2020, agus nuair a tháinig méadú suntasach orthu sa tréimhse imscrúdúcháin, i ngeall ar an mbrú a chuir siad ar phraghsanna, ní raibh tionscal an Aontais in ann a bpraghsanna díola a choigeartú a thuilleadh sna conarthaí bliantúla ba dheireanaí ionas go gcumhdófaí na costais táirgthe a bhí ag dul i méid. Dá thoradh sin, níor ghnóthaigh tionscal an Aontais ach brabúis an-íseal in 2020, agus bhí caillteanais acu le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

    (148)

    Dá bhrí sin, an t-aga moille idir an méadú ar chostas na n-amhábhar agus an méadú ar na praghsanna díola mar gheall ar na conarthaí bliantúla, ní cosúil go gcuirfeadh sé cosc ar thionscal an Aontais a phraghsanna díola a chur in oiriúint do chostas méadaitheach an táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar thoradh air sin, chinn an Coimisiún go sealadach nach ndearnadh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a rinneadh a mhaolú trí na praghsanna díolacháin a shocrú i gconarthaí bliantúla.

    5.2.5.   Tomhaltas

    (149)

    Mhaígh úsáideoirí go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais mar gheall ar chúngú mhargadh ARW an Aontais.

    (150)

    Mar a luaitear in aithris (139), tháinig laghdú 13 mhilliún tona ar thomhaltas an Aontais, is é sin 17 %, le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Léirigh figiúirí díolacháin an Aontais treocht thomhaltas an Aontais. Mar sin féin, nuair a théarnaigh an tomhaltas sa tréimhse imscrúdúcháin agus nuair a mhéadaigh sé 8 % i gcomparáid le 2020, ní raibh tionscal an Aontais in ann tairbhe a bhaint as mar gheall ar an hallmhairí ó Mharacó. Go deimhin, tháinig laghdú 2,9 pointe céatadáin ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais, ó 71,7 % in 2020 go dtí 68,8 % sa tréimhse imscrúdúcháin, agus mhéadaigh an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ó Mharacó 129 %, ó 1,7 % in 2020 go dtí 3,9 % sa tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, ba é an srianadh praghsanna a chuir na hallmhairí dumpáilte ar phraghas íseal i bhfeidhm seachas caillteanas cainníochtaí mar gheall ar laghdú ar thomhaltas a bhí mar chúis le díobháil do thionscal an Aontais.

    (151)

    Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún go sealadach nach bhféadfaí cúngú 17 % ar éileamh an mhargaidh a mheas mar chúis díobhála chun an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a rinneadh a mhaolú.

    5.3.   An chonclúid maidir le cúisíocht

    (152)

    Tharla meath staid airgeadais thionscal an Aontais san am céanna leis an méadú ar chainníochtaí allmhairí ARW ón tír lena mbaineann, iad déanta ar phraghsanna dumpáilte.

    (153)

    Rinne an Coimisiún idirdhealú idir éifeachtaí na bhfachtóirí aitheanta uile ar staid thionscal an Aontais agus éifeachtaí díobhála na n-allmhairí dumpáilte agus rinne sé iad a scaradh. Breithníodh éifeacht na n-allmhairí ó thríú tíortha eile, paindéim COVID-19, an laghdú ar an éileamh, éabhlóid an chostais táirgthe, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, agus éifeacht na gconarthaí ilbhliantúla.

    (154)

    Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de bharr na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann agus maidir leis na tosca eile, a breithníodh leo féin nó le chéile, nár mhaolaigh siad an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha.

    6.   LEIBHÉAL NA mBEART

    (155)

    Chun leibhéal na mbeart a dhéanamh amach, scrúdaigh an Coimisiún ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte.

    6.1.   Corrlach díobhála

    (156)

    Thiocfadh deireadh leis an díobháil dá bhféadfadh tionscal an Aontais spriocbhrabús a fháil trí dhíol ar spriocphraghas de bhrí Airteagal 7(2c) agus (2d) den bhun-Rialachán.

    (157)

    I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, chun an spriocbhrabús a dhéanamh amach, chuir an Coimisiún na fachtóirí seo a leanas san áireamh: leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ón tír lena mbaineann, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chumhdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a mbeadh coinne leis faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Níor cheart don chorrlach brabúis sin a bheith níos ísle ná 6 %.

    (158)

    Mar chéad chéim, bhunaigh an Coimisiún bunbhrabús lena gcumhdaítear na costais iomlána faoi na gnáthdhálaí iomaíochta. Ghlac an Coimisiún an brabús a ghnóthaigh táirgeoirí samplacha an Aontais sular tháinig dlús le hallmhairí éagóracha ó Mharacó agus sular thosaigh na hallmhairí sin ag déanamh díobhála do thionscal an Aontais. Socraíodh an corrlach brabúis sin ar 7,9 %, leibhéal a chomhfhreagraíonn do mheán an bhrabúis a ghnóthaigh tionscal an Aontais sna blianta 2018-2019.

    (159)

    Sholáthair tionscal an Aontais fianaise lena léiriú go mbeadh an leibhéal infheistíochtaí, taighde agus forbartha (T&F) agus an nuálaíocht le linn na tréimhse faoi bhreathnú ní b’airde faoi ghnáthchoinníollacha iomaíochta. Go deimhin, bhí údar maith le maímh thionscal an Aontais. Chun é sin a léiriú sa spriocbhrabús, ríomh an Coimisiún an difríocht idir na costais a bhaineann le hinfheistíochtaí, T&F agus nuálaíochta (“costais IRI”) faoi ghnáthdhálaí iomaíochta arna soláthar ag tionscal an Aontais agus arna bhfíorú ag an gCoimisiún ar thaobh amháin, agus costais IRI iarbhír le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar an taobh eile. 0,4 % a bhí sa difríocht sin, arna sloinneadh mar chéatadán den láimhdeachais.

    (160)

    An céatadán 0,4 % sin, cuireadh leis an mbunbrabús arna lua in aithris (158) é, is é sin 7,9 %, rud a d’fhág gur 8,3 % a bhís sa spriocbhrabús.

    (161)

    I gcomhréir le hAirteagal 7(2d) den bhun-Rialachán, mar chéim chríochnaitheach, rinne an Coimisiún measúnú ar na costais amach anseo a eascraíonn as Comhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil, agus prótacail fúthu, ar páirtí iontu an tAontas, agus na Coinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, go dtabhóidh an tionscal de chuid an Aontais le linn na tréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2). Ar bhonn na bhfianaise a bhí ar fáil, shuigh an Coimisiún costas breise 0,5 EUR/ítim. Cuireadh an costas breise sin leis an bpraghas neamhdhíobhálach a luaitear san aithris thuas.

    (162)

    Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún meánphraghas neamhdhíobhálach ualaithe 55,9 EUR/ítim le haghaidh an táirge chomhchosúil de chuid thionscal an Aontais tríd an gcorrlach brabúis thuasluaite a chur le costas táirgthe na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus ansin na coigeartuithe faoi Airteagal 7(2d) a chur leis ar bhonn cineál ar chineál.

    (163)

    Rinne an Coimisiún amach ansin leibhéal an chorrlaigh díobhála trí chomparáid a dhéanamh idir an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe atá ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, mar atá déanta amach i leith ríomhanna sladghearrtha praghais, agus meánphraghas ualaithe neamhdhíobhalach an táirge chomhchosúil arna dhíol ag táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Rinneadh aon difríocht a d’eascair as an gcomparáid sin a shloinneadh mar chéatadán den mheánluach allmhairiúcháin ualaithe maidir le CAL.

    (164)

    Sainítear an leibhéal díothaithe díobhála le haghaidh “gach cuideachta eile” ar an mbealach céanna agus a shainítear an corrlach dumpála le haghaidh na gcuideachtaí sin (féach aithris (73)).

    Tír

    Cuideachta

    Corrlach dumpála (%)

    Corrlach díobhála (%)

    Maracó

    Hands

    8,0

    44,0

     

    Gach cuideachta eile

    16,5

    51,6

    7.   LEAS AN AONTAIS

    7.1.   Leas thionscal an Aontais

    (165)

    Beidh tionchar dearfach ag bearta frithdhumpála ar tháirgeoirí an Aontais, ós rud é go gcuirfidh bearta ar chumas thionscal an Aontais a phraghsanna díolacháin a oiriúnú chun costas méadaithe na táirgeachta a chumhdach. Dá bhrí sin, d‘fhillfeadh tionscal an Aontais ar staid inbhuanaithe, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh sé infheistíochtaí a dhéanamh amach anseo, go háirithe chun ceanglais chomhshaoil agus shóisialta a chomhlíonadh.

    (166)

    In éagmais beart, leanfaidh tionscal an Aontais de bheith thíos le díobháil ábhartha agus agus meastar go rachaidh a staid airgeadais in olcas, go háirithe ó thaobh brabúsachta, toradh ar infheistíochtaí agus sreabhadh airgid de, go háirithe ó tharla gur lean an méadú ar allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann tar éis na tréimhse imscrúdúcháin, rud a chuir a inmharthanacht i mbaol.

    7.2.   Leas na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí neamhghaolmhara

    (167)

    Tráth an tionscnaimh, chuathas i dteagmháil le hallmhaireoirí. Níor chomhoibrigh aon cheann acu leis an imscrúdú seo áfach.

    (168)

    Maidir leis na húsáideoirí, chomhoibrigh dhá mhonaróir gluaisteán agus a gcomhlachas, i.e. na monaróirí gluaisteán (“ACEA”).

    (169)

    Is custaiméirí thionscal ARW an Aontais iad na monaróirí gluaisteán. Is ó thionscal an Aontais cheana féin a fhaigheann siad thart ar 70 % dá riachtanais ARW. Maidir le hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann, bhí sciar margaidh 3,9 % acu ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, bhí sciar margaigh 25,5 % ag allmhairí ó thríú tíortha eile, agus bhí praghsanna níos airde acu ná mar bhí ag tionscal an Aontais. Dá réir sin, tá foinsí eile soláthair ag monaróirí gluaisteán sa bhreis ar thionscal an Aontais agus ar Mharacó. Deimhníodh é sin ós rud é go raibh thart ar 30 % den mhéid iomlán ARW a cheannaigh an dá úsáideoir le linn na tréimhse imscrúdúcháin a bhí sna ceannacháin ARW ó Mharacó. Thairis sin, ar bhonn shonraí an dá úsáideoir a thug freagraí ar an gceistneoir, bhain ARW le thart ar 0,5 % dá gcostas táirgthe. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach nach bhfuil tionchar mór ag na beart ar ARW i gcás na monaróirí gluaisteán.

    (170)

    Mhaígh ACEA gur fhreastal allmhairí ó Mharacó ar riachtanais straitéiseacha mhonaróirí gluaisteán an Aontais rud nach féidir le táirgeoirí ARW an Aontais a shásamh ós rud é go roghnaíonn siad d’aon ghnó gan a n-acmhainneachtaí táirgeachta a mhéadú. Dá bhrí sin, níl aon rogha ag monaróirí gluaisteán ach a soláthar a éagsúlú, lena n-áirítear brath ar fhoinsí éagsúla allmhairí.

    (171)

    Mar a mhínítear in aithris (40), is soláthróir le haghaidh na monaróirí gluaisteán é tionscal ARW an Aontais agus go mbraitheann a gcuid gníomhaíochta ar na tairiscintí a dheonaíonn na cuideachtaí móra sin. Ainmniú na soláthróirí ARW agus, ar an gcaoi sin, seachadtaí iarbhír na rothaí, sin rud a tharlaíonn blianta roimh tháirgeadh na ngluaisteán, rud a thugann am do thionscal ARW a aschur tionsclaíoch a choigeartú. Más gá, d’fhéadfadh tionscal ARW an Aontais a acmhainneacht a mhéadú ar fhógra réasúnta gearr, toisc nach mbaineann an infheistíocht a iarradh leis na foirnéisí ná leis na bothanna péintéireachta, ach le meaisíní teilgin ar féidir iad a shuiteáil go héasca. Dá bhrí sin, más rud é nach ndearna táirgeoirí ARW an Aontais infheistíocht in acmhainneacht táirgeachta bhreise, easpa conarthaí leordhóthanacha amach anseo ó na monaróirí gluaisteán ba chúis leis sin. Dá bhrí sin, ní raibh dreasacht leordhóthanach ag tionscal an Aontais infheistíocht a dhéanamh in acmhainneacht bhreise in éagmais méadú intuartha ar an éileamh ar a tháirgeacht. Sa bhreis air sin, 64,31 milliún ítim a bhí i dtomhaltas an Aontais sa tréimhse imscrúdúcháin. 61,29 milliún ítim a bhí in acmhainneach iomlán an Aontais, 48,75 milliún ítim a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais sa tréimhse imscrúdúcháin, agus 2,71 milliún ítim a bhí in onnmhairí an Aontais. Dá réir sin, tá acmhainneacht táirgeachta leordhóthanach ag tionscal an Aontais cheana féin chun éileamh iomlán ARW an Aontais a chumhdach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

    (172)

    Mhaígh ACEA nár chomhlíon tionscal ARW an Aontais riachtanais na hacmhainneacht breise a shocraigh na monaróirí gluaisteán (thuairiscigh tionscal an Aontais ardleibhéal úsáide acmhainneachtaí os cionn 95 %) agus go raibh oibleagáid ar mhonaróirí gluaisteán a bhfoinsiú a éagsúlú, go háirithe ó Mharacó.

    (173)

    Luaigh an Coimisiún nár soláthraíodh aon fhianaise a léirigh gur chaill tionscal ARW an Aontais tairiscintí mar gheall ar fhadhb lena acmhainneacht táirgeachta, sin nó nár sholáthair tionscal ARW an Aontais ARW de réir orduithe tráchtála na monaróirí gluaisteán. Sa bhreis air sin, ba é 80 % an acmhainneacht úsáide a suíodh le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

    (174)

    Mháigh ACEA gur chuir éifeachtaí phaindéim COVID-19 isteach ar na slabhraí soláthair agus bhí monaróirí gluaisteán buailte go hiomlán ag paindéim COVID-19 agus caillteanas 4,2 milliún feithicle acu, a raibh 22,9 % de tháirgeacht an Aontais in 2019 i gceist leo. Brúdh síos brabúsacht na monaróirí gluaisteán. Bhí tionchar aige sin ar sholáthróirí mótarfheithiclí ar an mbealach céanna.

    (175)

    Luaigh an Coimisiún gur thuairiscigh formhór na monaróirí gluaisteán brabúis le haghaidh na bliana airgeadais 2021, a sháraigh an gnáthchéatadán a tuairiscíodh le linn na mblianta roimhe sin (21).

    (176)

    Níl aon fhaisnéis eile ar comhad a léiríonn go mbeadh tionchar diúltach suntasach ag bearta ar na húsáideoirí ar mó é ná an tionchar dearfach na mbeart ar thionscal an Aontais.

    7.3.   Conclúid maidir le leas an Aontais

    (177)

    Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach nach bhfuil údar láidir ann le ceapadh nach é leas an Aontais é bearta sealadacha a fhorchur ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim de thionscnamh Mharacó le linn na céime seo den imscrúdú.

    8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA SEALADACHA

    (178)

    Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht, le leibhéal na mbeart agus le leas an Aontais, ba cheart bearta sealadacha a fhorchur ionas nach ndéanfaidh na hallmhairí dumpáilte tuilleadh díobhála do thionscal de chuid an Aontais.

    (179)

    I bhfianaise an mhéid thuas ba cheart na rátaí dleachta frithdhumpála sealadacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, agus an dleacht chustaim neamhíoctha, a bheith mar a leanas:

    Tír

    Cuideachta

    Dleacht frithdhumpála shealadach

    Maracó

    HANDS 8 S.A.

    8,0  %

    Gach tír eile

    16,5  %

    (180)

    Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú é ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis an gcuideachta sin. Tá an ráta dleachta sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag an eintiteas dlítheanach ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis a bhaineann leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair.

    (181)

    Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith ag dleacht frithdhumpála gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú sin, ach, chomh maith leis sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

    (182)

    Chun na rioscaí imchéimniúcháin a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán sin. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

    (183)

    Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

    (184)

    Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

    (185)

    Is minic a shloinntear staitisticí faoi rothaí bóthair alúmanaim de réir líon na n-ítimí. Mar sin féin, ní shainmhínítear aon aonad forlíontach den chineál sin le haghaidh rothaí bóthair alúmanaim san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (22) maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh gur gá ní hamháin an meáchan i gcileagraim nó i dtonaí a chur isteach sa dearbhú um scaoileadh chun saorchúrsaíochta, ach an líon ítimí le haghaidh allmhairí an táirge lena mbaineann freisin.

    9.   CLÁRÚ

    (186)

    Mar a luaitear in aithris (3), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. Rinneadh an clárú chun go mbeadh an deis ann dleachtanna a bhailiú go cúlghabhálach faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán.

    (187)

    I bhfianaise na dtorthaí ag an gcéim shealadach, ba cheart deireadh a chur le clárú na n-allmhairí.

    (188)

    Ní dhearnadh aon chinneadh maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le bearta frithdhumpála ag an gcéim seo den nós imeachta.

    10.   FÁISNÉIS AG AN gCÉIM SHEALADACH

    (189)

    I gcomhréir le Airteagal 19a den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha. Cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i gcoitinne freisin trí shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. Tugadh 3 lá oibre do na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna a nochtadh go sonrach dóibh. Ní bhfuarthas aon bharúil. Barúlacha a thugtar tar éis an réamhnochta maidir le gnéithe eile den imscrúdú, nach bhfuil bainteach le cruinneas na ríomhanna, déanfar iad a mheas ag céim chinntitheach an imscrúdaithe.

    11.   FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

    (190)

    Ar mhaithe leis an dea-riarachán, iarrfaidh an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach i scríbhinn agus/nó éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún laistigh de sprioc-am seasta. Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh.

    (191)

    Is torthaí sealadacha iad na torthaí maidir le forchur dleachtanna sealadacha, agus féadfar iad a leasú ag céim chinntitheach an imscrúdaithe,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim faoi cheannteidil 8701 go 8705, bíodh siad lena n-oiriúintí nó ná bíodh, agus bíodh boinn feistithe orthu nó ná bíodh, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 8708 70 10 agus ex 8708 70 50 (cóid TARIC: 8708701015, 8708701050, 8708705015 agus 8708705050) agus ar de thionscnamh Mharacó iad.

    2.   Rátaí na dleachta frithdhumpála sealadaí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc, atá ar an táirge a shonraítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar seo a leanas a bheidh siad:

    Tír

    Cuideachta

    Dleacht frithdhumpála shealadach

    Cód breise TARIC

    Maracó

    HANDS 8 S.A.

    8,0  %

    C873

    Gach tír eile

    16,5  %

    C999

    3.   Beidh cur i bhfeidhm an dleachtráta aonair a sonraíodh le haghaidh na cuideachta a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i Maracó. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo”. Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

    4.   Beidh scaoileadh an táirge, dá dtagraítear i mír 1, chun saorchúrsaíochta san Aontas faoi réir taisce ráthaíochta atá coibhéiseach le méid na dleachta sealadaí a sholáthar.

    5.   I gcás ina gcuirfear dearbhú um scaoileadh chun saorchúrsaíochta i isteach i ndáil leis an táirge dá dtagraítear i mír 1, cuirfear líon na dtáirgí allmhairithe isteach i réimse ábhartha an dearbhaithe sin, gan dochar don aonad forlíontach atá sainithe san Ainmníocht Chomhcheangailte.

    6.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

    Airteagal 2

    1.   Cuirfidh páirtithe leasmhara a mbarúlacha faoin Rialachán seo i scríbhinn faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 15 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    2.   Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    3.   Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Scrúdóidh an tOifigeach Éisteachta iarrataí a chuirfear isteach lasmuigh den teorainn ama sin agus féadfaidh an t-oifigeach sin cinneadh a dhéanamh cibé acu a ghlacfar nó nach nglacfar leis na hiarrataí sin, más iomchuí.

    Airteagal 3

    1.   Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/934.

    2.   Maidir le sonraí arna mbailiú i ndáil le táirgí a tháinig isteach san Aontas Eorpach lena dtomhailt tráth nach faide ná 90 lá roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar iad a choimeád go dtí an tráth a thiocfaidh bearta cinntitheacha féideartha i bhfeidhm, nó go bhfoirceannfar na himeachtaí seo.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh Airteagal 1 i bhfeidhm ar feadh tréimhse 6 mhí.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

    (2)  Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí rothar bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó (IO C 464, 17.11.2021, lch. 19).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/934 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2022 lena gcuirtear allmhairí de rothaí bóthair alúmanaim áirithe faoi réir clárú (IO L 162, 17.6.2022, lch. 27).

    (4)  An Coimisiún, How to Make an Anti-Dumping Complaint, A Guide, [Treoir maidir le Conas Gearán Frithdhumpála a Dhéanamh], lgh. 7-8, ach freisin lch. 13, lch. 27, lch. 29, lch. 52, lch. 59 agus lch. 67, atá ar fáil ag: https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2006/december/tradoc_112295.pdf

    (5)  Idem, lch. 3.

    (6)  Féach mír 108 den ghearán agus Iarscríbhinn D2 a ghabhann leis.

    (7)  https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2563.

    (8)  Mar a mhínítear in aithris (5) thuas, ní thugtar ainmneacha na dtáirgeoirí de chuid an Aontais agus an dá úsáideoir ar chúiseanna rúndachta.

    (9)  IO C 86, 16.3.2020, lch. 6.

    (10)  IO C 86, 16.3.2020, lch. 6.

    (11)  Henri-Louis Vedie, “L’automobile: une filière marocaine stratégique, leader du secteur en Afrique”, An tIonad Beartais le haghaidh an Deiscirt Nua, Páipéar Beartais 20/34, Samhain 2020 (le fáil ar https://www.policycenter.ma/sites/default/files/2021-01/PP%20-%2020-34%20%28Henri-louis%20Vedie%29_0.pdf).

    (12)  Mar shampla, d’onnmhairigh Group Renault breis agus 95 % dá chuid táirgeachta ag a shuíomh in Tangier (féach https://www.tac.ma/news/english-1m-vehicles-exported-from-tangermed/).

    (13)  Féach “LA LOI N° 19-94 RELATIVE AUX ZONES FRANCHES D’EXPORTATION”, Bulletin Officiel, 1995-02-15, uimh. 4294, lgh. 117-121.

    (14)  Féach “LA LOI N° 19-94 RELATIVE AUX ZONES FRANCHES D’EXPORTATION”, Bulletin Officiel, 1995-02-15, uimh. 4294, lgh. 117-121, arna leasú ina dhiaidh sin le dlí 14.21 chun an téarma “zone franche” a athrú go “zone d’accélération industrielle”. Féach freisin “Code des douanes et impôts indirects relevant de l’administration des douanes et impôts indirects approuvé par le dahir portant loi n° 1-77-339 du 25 chaoual 1397 (9 octobre 1977), tel qu’il a été modifié et complete”.

    (15)  CE — Dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí línéadaigh leapa de chineál cadáis de thionscnamh na hIndia (WT/DS141/R, 30.10.2000, míreanna 74 go 77).

    (16)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C 29, 20.1.2022, lch. 34).

    (17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/109 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 18, 24.1.2017, lch. 1.)

    (18)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/109.

    (19)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 964/2010 ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2010 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 282, 28.10.2010, lch. 1).

    (20)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/109, aithris (169).

    (21)  Nóta le haghaidh an chomhaid ar thuarascálacha bliantúla le haghaidh 2021 arna bhfoilsiú ag monaróirí gluaisteán áirithe.

    (22)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


    Top