Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0042

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/42 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasteorainneacha náisiúnta agus le glan-uasteorainneacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha i gcás Ballstáit áirithe i gcomhair na bliana féilire 2022

C/2021/7854

IO L 9, 14.1.2022, pp. 3–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/42/oj

14.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 9/3


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/42 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Samhain 2021

lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasteorainneacha náisiúnta agus le glan-uasteorainneacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha i gcás Ballstáit áirithe i gcomhair na bliana féilire 2022

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíocht dhíreach le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 6(3) agus Airteagal 7(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, tá ar na Ballstáit méid na n-íocaíochtaí díreacha atá le deonú d’fheirmeoir i leith bliain féilire ar leith, de bhun Theideal III, Caibidil 1, den Rialachán sin, a laghdú faoi 5 % ar a laghad i gcás an chuid den tsuim atá os cionn EUR 150 000. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán sin, táthar le toradh measta an laghdaithe sin a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise do bhearta faoi fhorbairt tuaithe.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 11(6), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 1 Lúnasa 2021 maidir lena gcinneadh faoin laghdú ar mhéid na n-íocaíochtaí díreacha agus leis an toradh measta ar an laghdú i leith na bliana féilire 2022. Leis na fógraí a thug an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus an Fhionlainn luadh meastachán os cionn nialais.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1), an seachtú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug an Bheilg, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Laitvia agus an Ísiltír fógra don Choimisiún faoin 1 Lúnasa 2021 maidir lena gcinneadh céatadán áirithe dá n-uasteorainn náisiúnta bhliantúil d’íocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2023 a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) sa bhliain féilire 2022.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 14(2), an seachtú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 thug an Chróit, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Pholainn agus an Phortaingéil fógra don Choimisiún faoin 1 Lúnasa 2021 maidir lena gcinneadh céatadán áirithe dá leithdháiltí CETFT 2023 a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2022.

(5)

Dá bharr sin, ní mór Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a oiriúnú ionas go léireofar le huasteorainneacha náisiúnta agus glan-uasteorainneacha bliantúla le haghaidh íocaíochtaí díreacha na cinntí a dhéanfaidh an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus an Fhionlainn.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a leasú dá réir.

(7)

Ós rud é go ndéanann na leasuithe a dhéantar leis an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 le haghaidh na bliana 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 608.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid a leanas in ionad an cholúin don bhliain féilire 2022:

“Bliain féilire

2022

an Bheilg

471 996

an Bhulgáir

797 255

an tSeicia

848 107

an Danmhairg

783 029

an Ghearmáin

4 522 439

an Eastóin

193 576

Éire

1 186 282

an Ghréig

1 796 193

an Spáinn

4 797 439

an Fhrainc

6 726 426

an Chróit

403 228

an Iodáil

3 628 529

an Chipir

47 648

an Laitvia

319 140

an Liotuáin

578 515

Lucsamburg

33 432

an Ungáir

1 305 715

Málta

5 244

an Ísiltír

609 775

an Ostair

677 582

an Pholainn

3 391 233

an Phortaingéil

685 528

an Rómáin

1 919 363

an tSlóivéin

131 530

an tSlóvaic

396 034

an Fhionlainn

517 532

an tSualainn

685 904 ”

(2)

in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid a leanas in ionad an cholúin don bhliain féilire 2022:

“Bliain féilire

2022

an Bheilg

472,0

an Bhulgáir

799,0

an tSeicia

847,1

an Danmhairg

782,3

an Ghearmáin

4 522,4

an Eastóin

193,6

Éire

1 186,3

an Ghréig

1 980,2

an Spáinn

4 856,0

an Fhrainc

6 726,4

an Chróit

403,2

an Iodáil

3 623,1

an Chipir

47 6

an Laitvia

318,9

an Liotuáin

578,5

Lucsamburg

33 4

an Ungáir

1 275,5

Málta

5,2

an Ísiltír

609,7

an Ostair

677,6

an Pholainn

3 376,7

an Phortaingéil

685,6

an Rómáin

1 919,4

an tSlóivéin

131,5

an tSlóvaic

394,5

an Fhionlainn

517,5

an tSualainn

685,9”


Top