EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022H0561

Moladh (AE) 2022/561 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 maidir le faireachán a dhéanamh ar láithreacht na ngliocalcalóideach i bprátaí agus i dtáirgí a dhíorthaítear ó phrátaí

C/2022/2080

IO L 108, 7.4.2022, p. 66–67 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/561/oj

7.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 108/66


MOLADH (AE) 2022/561 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Aibreán 2022

maidir le faireachán a dhéanamh ar láithreacht na ngliocalcalóideach i bprátaí agus i dtáirgí a dhíorthaítear ó phrátaí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ghlac Painéal an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra (Contam) measúnú riosca in 2020 ar ghliocalcalóidigh i mbeatha agus i mbia, go háirithe i bprátaí agus i dtáirgí a dhíorthaítear ó phrátaí (1).

(2)

I ndaoine, áirítear siomptóim ghastraistéigeacha amhail masmas, urlacan agus buinneach ar ghéaréifeachtaí tocsaineacha na ngliocalcalóideach prátaí (α-solainín agus α-cacoinín). Maidir leis na héifeachtaí sin, shainaithin Painéal Contam an leibhéal is ísle ar braitheadh éifeacht dhíobhálach aige (LOAEL), leibhéal arb é 1 mg de chion iomlán na ngliocalcalóideach prátaí/kg de mheáchan coirp (bw) in aghaidh an lae mar phointe tagartha don tréithriú riosca tar éis géarnochta. Léiríonn corrlach nochta (MOE) níos airde ná 10 nach bhfuil aon ábhar imní sláinte ann. Leis an MOE 10 sin, cuirtear san áireamh eachtarshuíomh ó LOAEL go dtí dáileog gan éifeacht dhíobhálach bhraite (NOAEL) (fachtóir 3) agus an inathraitheacht idirdhealaitheach i dtocsainidinimic (fachtóir 3,2). Ós rud é go raibh MOE níos ísle ná 10 mar thoradh ar mheastacháin ghéarnochta i gcásanna nochta áirithe, léirítear go bhfuil údar imní sláinte ann.

(3)

Mhol Painéal Contam gur cheart níos mó sonraí minicíochta a bhailiú ar ghliocalcalóidigh agus ar a n-aigliocóin sna cineálacha prátaí atá ar fáil ar an margadh, i gcineálacha prátaí nua a eascraíonn as turgnaimh phórúcháin agus i dtáirgí prátaí próiseáilte, lena n-áirítear bianna do naíonáin.

(4)

Is féidir le dea-chleachtais talmhaíochta, dálaí maithe stórála agus iompair agus dea-chleachtais mhonaraíochta laghdú a dhéanamh ar ghliocalcalóidigh i bprátaí agus i dtáirgí próiseáilte prátaí. Ní mór tuilleadh faisnéise a bhailiú, áfach, maidir leis na tosca as a n-eascraíonn leibhéil sách ard gliocalcalóideach i bprátaí agus i dtáirgí prátaí próiseáilte chun go mbeifear in ann na bearta atá le glacadh a shainaithint chun láithreacht na ngliocalcalóideach sna hearraí bia sin a sheachaint nó a laghdú. Más féidir, is iomchuí anailís a dhéanamh ar na táirgí díghrádúcháin β- agus γ- solainín agus cacoinín agus ar an aigliocón solainidín, i dtáirgí prátaí próiseáilte go háirithe, ós rud é go mbíonn an tocsaineacht chéanna ag na comhdhúile sin agus atá ag α-solainín agus α-cacoinín.

(5)

Ní mór torthaí an fhaireacháin ar ghliocalcalóidigh a bheith iontaofa agus inchomparáide. Dá bhrí sin, is iomchuí treoracha a thabhairt maidir lena n-eastóscadh chomh maith leis na ceanglais maidir le hanailís a dhéanamh orthu. Ós rud é go bhfuil láithreacht níos airde gliocalcalóideach i bprátaí neamhscafa ná mar atá i bprátaí scafa, agus láithreacht níos airde i bprátaí beaga ná mar atá i bprátaí móra, tá sé tábhachtach faisnéis ar na fachtóirí sin a chur ar fáil agus sonraí minicíochta á dtuairisciú.

(6)

Chun comhairle a thabhairt maidir le cén uair a bheadh sé oiriúnach na fachtóirí a aithint as a n-eascraíonn leibhéil sách ard gliocalcalóideach, is iomchuí luach táscach a bhunú do phrátaí. Is iomchuí freisin tuilleadh faisnéise a fháil maidir le héifeachtaí na próiseála ar an leibhéal gliocalcalóideach.

(7)

Dá bhrí sin, is iomchuí a mholadh go ndéanfaí monatóireacht ar ghliocalcalóidigh i bprátaí agus i dtáirgí prátaí agus na fachtóirí a mbeadh a leibhéil arda mar thoradh orthu a shainaithint, agus tuilleadh faisnéise a bhailiú maidir le héifeachtaí na próiseála ar an leibhéal gliocalcalóideach,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

(1)

Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil baint ghníomhach ag oibreoirí gnó bia leo faireachán a dhéanamh ar ghliocalcalóidigh α-solainín agus α-cacoinín i bprátaí agus i dtáirgí prátaí. Más féidir, ba cheart anailís a dhéanamh freisin ar na táirgí díghrádúcháin β- agus γ- solainín agus cacoinín agus ar an aigliocón solainidín, go háirithe i dtáirgí prátaí próiseáilte.

(2)

Chun díghrádú einsímeach α-cacoinín a chosc, go háirithe agus anailís á déanamh ar phrátaí amha (neamhscafa/scafa), ba cheart tuaslagán 1 % d’aigéad formach i meatánól a chur leis na prátaí i gcóimheas 1:2 (toirt:meáchan) nuair a dhéantar iad a chumasc agus a homaiginiú roimh an eastóscadh agus glanadh. Is iad na modhanna anailíse atá molta crómatagrafaíocht leachta le brath eagair fótaidhé-óidí ultraivialait (LC-UV-DAD) nó speictriméadracht crómatagrafaíochta leachta (LC-MS). Is féidir modhanna anailíse eile a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfuil fianaise ar fáil a léiríonn go ngineann siad torthaí iontaofa le haghaidh gliocalcalóidigh aonair. B’fhearr go mbeadh an teorainn cainníochtaithe (LOQ) chun gach gliocalcalóideach a chinneadh timpeall 1 mg/kg agus gan bheith níos airde ná 5 mg/kg.

(3)

Ba cheart do na Ballstáit, le rannpháirtíocht ghníomhach na n-oibreoirí gnó bia, imscrúduithe a dhéanamh chun na fachtóirí a shainaithint as a n-eascraíonn leibhéil os cionn an leibhéil tháscaigh de 100 mg/kg mar shuim α-solainín agus α-cacoinín i bprátaí agus i dtáirgí prátaí próiseáilte.

(4)

Ba cheart do na Ballstáit agus d’oibreoirí gnó bia, faoin 30 Meitheamh gach bliain, na sonraí le haghaidh na bliana roimhe sin a sholáthar do EFSA lena dtiomsú i mbunachar sonraí amháin i gcomhréir le ceanglais Threoir EFSA maidir le Tuairisciú Caighdeánach ar Shamplaí (SSD) le haghaidh Bia agus Beatha agus le ceanglais tuairiscithe shonracha bhreise ó EFSA (2). I gcás prátaí agus táirgí prátaí próiseáilte, tá sé tábhachtach go dtuairisceofaí an cineál prátaí agus méid na bprátaí (meánmheáchan na bprátaí, go háirithe i gcás prátaí neamhscafa), cé acu an prátaí luatha nó prátaí stórála iad (i.e. prátaí aibí agus/nó prátaí a stóráiltear thar thréimhse ama níos faide), an áit samplála (táirgeoir, mórdhíol, miondíol) agus cé acu a scamhadh na prátaí nó nár scamhadh (3).

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)  Painéal Contam an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (Painéal maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia), 2020. Tuairim Eolaíoch – Measúnú riosca ar ghliocalcalóidigh i mbeatha agus i mbia, go háirithe i bprátaí agus i dtáirgí a dhíorthaítear ó phrátaí. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(8):6222, 190 lgh. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.6222

(2)  https://www.efsa.europa.eu/en/call/call-continuous-collection-chemical-contaminants-occurrence-data-0

(3)  Ba cheart tástálacha ar an éifeacht a bhíonn ag an scamhadh ar a bhfuil i ngliocalcalóidigh a dhéanamh le scamhaire (prátaí).


Top