Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2349

    Cinneadh (AE) 2022/2349 ón gComhairle an 21 Samhain 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh ar choinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga, cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta

    ST/14173/2022/INIT

    IO L 311, 2.12.2022, p. 138–141 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2349/oj

    2.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 311/138


    CINNEADH (AE) 2022/2349 ÓN gCOMHAIRLE

    an 21 Samhain 2022

    lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh ar choinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga, cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

    Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    In 2021, bhunaigh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa Coiste um an Intleacht Shaorga le haghaidh na tréimhse 2022-2024, agus é de chúram air próiseas caibidlíochta idirnáisiúnta a bhunú chun creat dlíthiúil a fhorbairt maidir leis an intleacht shaorga a fhorbairt, a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, bunaithe ar chaighdeáin Chomhairle na hEorpa maidir le cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta, agus é fabhrach don nuálaíocht.

    (2)

    An 30 Meitheamh 2022, thug Coiste Airí Chomhairle na hEorpa treoir don Choiste um an Intleacht Shaorga dul ar aghaidh go pras le hionstraim de chineál idirdhisciplíneach a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí de a dhréachtú, coinbhinsiún nó creat-choinbhinsiún, ar an intleacht shaorga, bunaithe ar chaighdeáin Chomhairle na hEorpa maidir le cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta, í i gcomhréir lena théarmaí tagartha, í dírithe ar chomhphrionsabail ghinearálta, í fabhrach don nuálaíocht, agus í oscailte do rannpháirtíocht Stát nach Ballstáit iad, agus creataí dlíthiúla idirnáisiúnta ábhartha eile atá ann cheana nó iad siúd atá á bhforbairt á gcur san áireamh.

    (3)

    Ina dhiaidh sin, mhol Cathaoirleach an Choiste um an Intleacht Shaorga an chéad dréacht de choinbhinsiún nó chreat-choinbhinsiún de chuid An Chomhairle Eorpach maidir leis an intleacht shaorga, cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta (“an coinbhinsiún”). Áirítear an méid seo a leanas sa chéad dréacht: forálacha maidir le cuspóir agus sprioc, raon feidhme, sainmhínithe, prionsabail bhunúsacha lena n-áirítear coimircí nós imeachta agus cearta is infheidhme maidir le gach córas intleachta saorga gan beann ar a leibhéal riosca, bearta breise le haghaidh córais intleachta saorga san earnáil phoiblí agus le haghaidh córais intleachta saorga a bhfuil leibhéil riosca atá “do-ghlactha” agus “suntasach” ag baint leo, sásra leantach agus comhair, forálacha críochnaitheacha, lena n-áirítear an fhéidearthacht go n-aontóidh an tAontas do choinbhinsiún den sórt sin, agus aguisín, atá á fhorbairt, maidir le modheolaíocht le haghaidh measúnú riosca agus tionchair ar chórais intleachta saorga.

    (4)

    Ghlac an tAontas comhrialacha ar a mbeidh tionchar ag na gnéithe atáthar a bhreithniú i ndáil leis an gcoinbhinsiúin. Áirítear leis na gnéithe sin go háirithe sraith chuimsitheach rialacha i réimse an mhargaidh aonair le haghaidh táirgí (1) agus seirbhísí (2) ar féidir córais intleachta saorga a úsáid ina leith, chomh maith le reachtaíocht thánaisteach de chuid an Aontais (3) lena gcuirtear chun feidhme Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (4), i bhfianaise gur dóigh go ndéanfaidh forbairt agus úsáid córas intleachta saorga áirithe dochar do na cearta sin in imthosca áirithe.

    (5)

    Thairis sin, an 21 Aibreán 2021, thíolaic an Coimisiún togra reachtach le haghaidh rialachán lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga, rialachán ar a bhfuil caibidlíocht á déanamh faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Tá forluí mór idir an coinbhinsiún agus an togra reachtach ó thaobh a raoin feidhme de, ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an dá ionstraim rialacha a leagan síos is infheidhme maidir le córais intleachta saorga a sholáthraíonn nó a úsáideann eintitis phoiblí nó phríobháideacha a dhearadh, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

    (6)

    Dá bhrí sin, féadfaidh tabhairt i gcrích an choinbhinsiúin difear a dhéanamh do chomhrialacha an Aontais atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo nó féadfaidh sé athrú a dhéanamh ar a raon feidhme de réir bhrí Airteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    (7)

    Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn an coinbhinsiúin a thabhairt i gcrích a mhéid a bhaineann le hábhar a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais, chun sláine dhlí an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go leanfaidh rialacha an dlí idirnáisiúnta agus dhlí an Aontais de bheith comhsheasmhach.

    (8)

    Leis an gcoinbhinsiún, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí ardchaighdeáin idirnáisiúnta a leagan síos maidir le rialáil na hintleachta saorga a mbíonn tionchar aici ar chearta an duine, ar fheidhmiú an daonlathais agus ar urramú an smachta reachta, go sonrach i bhfianaise na hoibre atá déanta cheana ag An Chomhairle Eorpach sa réimse sin.

    (9)

    Ba cheart nár dhochar an Cinneadh seo do rannpháirtíocht na mBallstát sa chaibidlíocht ar an gchoinbhinsiúin ná d’aon chinneadh a dhéanfaidh Bhallstát ina dhiaidh sin maidir leis an gcoinbhinsiún a thabhairt chun críche, a shíniú nó a dhaingniú nó maidir le rannpháirtíocht na mBallstát i gcaibidlíocht maidir leis an Aontas d’aontú don choinbhinsiún.

    (10)

    Fanfaidh an tslándáil náisiúnta ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Agus an coinbhinsiún á chur chun feidhme, is faoi na Ballstáit atá sé, i gcomhréir le hAirteagal 216(2) CFAE, a leasanna bunúsacha slándála a shainiú agus bearta iomchuí a ghlacadh chun a slándáil inmheánach agus sheachtrach a áirithiú gan dlí an Aontais a dhéanamh neamh-infheidhme nó gan na Ballstáit a dhíolmhú ón oibleagáid atá orthu dlí an Aontais a chomhlíonadh.

    (11)

    Tá na Ballstáit uile ina gComhaltaí de Chomhairle na hEorpa freisin. I bhfianaise na staide speisialta sin, na Ballstáit sin a bheidh i láthair ag an gcaibidlíocht ar an gcoinbhinsiún, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis dá dtagraítear in Airteagal 4(3) CAE, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu, ba cheart dóibh tacú le hidirbheartaí an Aontais agus na cúraimí a eascraíonn as na Conarthaí á gcomhlíonadh aige.

    (12)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus thug sé tuairim uaidh an 13 Deireadh Fómhair 2022 (6),

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Leis seo údaraítear don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais, ar choinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga, cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta.

    2.   Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo agus a fhéadfar a athbhreithniú agus a fhorbairt a thuilleadh de réir mar is iomchuí ag brath ar éabhlóid na caibidlíochta.

    Airteagal 2

    Seolfar an chaibidlíocht dá dtagraítear in Airteagal 1 i gcomhairle leis an Meitheal um Theileachumarsáid agus um an tSochaí Faisnéise, a ainmnítear leis seo mar choiste speisialta de réir bhrí Airteagal 218(4) CFAE

    Tuairisceoidh an Coimisiún go rialta don choiste speisialta dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi na céimeanna a glacadh de bhun an Chinnidh seo agus rachaidh sé i gcomhairle leis go rialta.

    Arna iarraidh sin don Chomhairle, tuairisceoidh an Coimisiún don Chomhairle maidir le seoladh agus toradh na caibidlíochta, lena n-áirítear i scríbhinn.

    A mhéid a thagann ábhar na gcaibidlíochta, i bpáirt, faoi inniúlachtaí an Aontais agus, i bpáirt, faoi inniúlacht a Bhallstát, comhoibreoidh an Coimisiún agus na Ballstát i ndlúthchomhar le chéile le linn an phróisis caibidlíochta, d’fhonn aontacht a áirithiú maidir le hionadaíocht sheachtrach an Aontais.

    Airteagal 3

    Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Samhain 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. NEKULA


    (1)  Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 chun dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha a chomhfhogasú (IO L 210, 7.8.1985, lch. 29); Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4), Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24); Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán, (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62); Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1); Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóithre lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh.458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lch. 1).

    (2)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir um thrádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1); Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36); Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

    (3)  Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 maidir le cóir chomhionann a chur chun feidhme idir daoine gan spleáchas ar a mbunús cine ná a mbunús eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22); Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16); Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002. lch. 37); Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1); Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle, (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

    (4)  Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, (IO C 326, 26.10.2012, lch. 391).

    (5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (6)  Tuairim 20/2022 ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir leis an Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh le haghaidh coinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga, le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).


    Top